Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás Ó Míocháin: Filíocht

Title
Tomás Ó Míocháin: Filíocht
Author(s)
Ó Míocháin, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1780
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, l988)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



1. A SHAOITHIBH AGUS A CHAIRDIBH IONÚIN.



Is é fáth ár dtionóil anseo le fonn agus fíormhian ár dteanga mhilis
mháthardha .i. an Ghaeilge ghléarfhoclach d'athnua agus do leasú;
óir san am seo ina bhfuil príomhcheannaibh prionsúil agus fostaibh
fíoruaisle ár dtíre ag saothrú ár saorgacht go fíordhílis i mórdháil
na hÉireann i mBéal Átha Cliath, is cuí agus is dlitheach dhúinne,
an beagán atá re léamh agus litir-ealaí in ár measc, cúnamh re chéile
go dúthrachtach, dilchroíoch chum na léirtheangan líonfhoclach
seo d'fhuascladh as anbhá agus do niamhghlanadh ó dhaorfhiailibh;
de bhrí nach bhfuil ilbhéarla san mbith is oirirce ná teanga dúchais
ár sean do chleachtaí go coiteann san oileán seo le naoimh agus
diagairibh in am díchreidmheach do theagasc agus do shocrú i staid
ghlórmhair an Chreidimh Chríostúil - Ar an módh gcéanna ba
docht agus fós ba náireach gan bé spré tá gan múchadh den teangain
tsuairc réamhráite d'athbheo i gcontae chaointhorrach an Chláir;
de bhrí go raibh saorchlannaibh sárghníomhach Thuadhmhumhain,
aimsir imchian roimhe seo, iomráiteach trí a ngaois, a n-ollúntacht,
a ngéarthuigsin agus a bhfoghlaim san bpríomhtheangain gcéanna -
Dá réir sin, ar n-oscladh ár suadhthionóil is riachtanach dúinn suim
reachtaibh do chur in eagar le rialú na raon is mian linn do leanúin -



Ar dtúis: Gan aon do ghlacadh san suadh-dháil seo ach fear
fíoreolach san nGaeilge, ach amháin dream do bheith tuigseach in
ealaíonaibh nó in ilbhéarlaibh eile le'r mian an Ghaeilge d'fhoghlaim
agus do leanúin, óir do gheabhaid sin a dteagasc inti ó am go ham
más infhoghlamtha iad.



An dara riail: Gan teanga ar bith do labhairt san suadh-dháil ach
an Ghaeilge go héirí don Chúirt, amháin muna mbeadh riachtanas
cruafhocal do mhíniú d'aineolach san dteangain.



An tríú reacht: Gan aon neach do tharcaisniú trí bharr uaisle
foghlama ná fíoreolais do bheith ag neach eile air, i bpéin peannaide
don chiontach agus a ruaigeadh go heasonórach as an gcomhluadar.



An ceathrú reacht: Cead labhartha ag gach n-aon san dtionól de
réir a chéime, gan toirmeasc ó neach eile go beith dá chomhrá
críochnaithe.


L. 34


An cúigiú reacht: Gach aon ó am go ham le a gcasfar seanstair suite
nó seandán sníofa a chumhdach agus a thabhairt go nuig an dtionól
chum a athnua; fós aon neach le a gceapfar dán nó amhrán, gan
cead bheith aige a chraobhscaoileadh go teacht do ar dtúis do
láthair na suadh-dhála agus a dheantús d'fhoilsiú; ansin má cítear
go mbeadh a shaothar dea-chumtha bhéarfar scríofa do chantaire
na Cúirte é chum a fhorleathnú.



An séú reacht: A bheith ceangailte go cinnte ar gach aon den dáil
le a gcasfar séideánach seasc, saobheolach, agus millteoir dáin agus
amhráin do mheallas an chomhchoitinne i mbréagriocht file
foghlamtha fíorghrinn, foilsiú do dhéanamh air, ionas go dtabharfaoi
faoi dhlí na n-ollún é go fíoréasca.



An seachtú reacht: Caithfidh gach n-aon le'r mian bheith san
dtionól réamhlabhairt le duine éigin de na suadhaibh d'fhoilseos a
intinn i lántionól na héigse; agus más iontofa do, glaofar isteach
é an lá tionóil is neasa dhó.



An t-ochtú riail: Gan síoraíocht do bheith ag aon don tionól ar
leabhar ná lámhscríbhinn do chruinneofar chum úsáid coiteann na
suadh, ach a mbeith i gcumhdach ag fíorneach tofa don Dáil is
áititheoir san mbaile faoi chomhair na droinge thiocfas in ár ndiaidh
le a leanfar go soiléir suim na reacht do cheapamar.



An naoú reacht: Caithfidh gach cúram diongbhála is dlitheach do
gach ardchéimeach d'fhaicsin lárchríochnaithe faoi mar atá -
breitheamh reacht, cumhdaitheoir nó anamthreoraí, feidhm-ollamh,
Dáil-scríbhneoir agus comhairleach a bheith ainmnithe go h-idirdhealfa,
ionas go mba léir do gach céimeach díobh a ngnó féin
go cinnte.


L. 35


B 1782ls 18D



2. DO CHUALA TUAIRISC.



(Tomás Ó Míocháin cecinit .i. príomhspealadóir chuain ghaothchuisnigh,
bhorbthonnaigh Malbay).
(Fonn: Nead na cuaiche)




Do chuala tuairisc gailtine ag dáimh is ag cléir,
Do bhí gan suairceas aigne dá crá faoi phéin,
Is bocht le lua 's is anacrach ná fuair i gcríochaibh Banba
Spealadóir ba taitneamhach dá páircín féir.



Is dubhach an scéal don ghailtean deas is áille scéimh
Nár shiúl go bearrtha barramhail cois trá Malbay,
Áit a bhfaigheadh sí spealadóir lúbach, láidir, acmhainneach,
Lúfar, lánghlic, meanmnach gan cháim sa tsaol.



Níl le fáil go dearfa san Spáinn mhín aird,
San bhFrainc, i meon na hAlban, ná i gclár chríoch Néill,
Áit is líofa spealadóir, teannairí agus sleánadóir,
Gréasaí grinn is eangadóir ná trá Malbay.



Insim féin gan bhladaireacht le fáith-fíor scéal,
Do mhná na dtrinsibh seasca glaise tá síoch saor,
Ó Chill Caoi cois farraige is as sin go Dubhaich an achrainn,
Gurb ann do gheobhaid siad spealadóir is lánbhríoch géag.



Gach bláthnaid leabhairshnoite is cáidh caoin méin
Nach bhfuil a fásach aibithe is a gairdín réidh,
Go Salmon Hall má thagann sí do gheobhaidh sí sáith de spealadóir
Do bhearrfas bláth a paiste suilt go breá cruinn léir.



A bhfuil sa ród de ghailteana idir bhord Laoi is Léin,
Is fós ó Charraig Fhearghusa go feoir linn Léin,
Dá mbeidís mar a n-abraim do gheobhadh gach aon díobh spealadóir
Do stróicfeadh crainn is achrainn le seol croí is faobhar.



Níl móinéar fairsing fliuch le fáil faoin ghréin
Nach faigheadh lucht a chabhartha cois trá Malbay,
Ar dtúis go fíormhaith spealadóir, píceadóir is racadóir
Nó fúigfeadh fuíoll ná easpa ar bith ar stáicín féir.


L. 36


Tá cáil ins na speala acu bheith cnáimhrighin géar,
Is ní iarraid clár ná gainimh mhion ach bláthliag réidh;
Gach paddock, mong is avenue dá mbearraid siúd go leadartha
Ní fhásann caonach garbh air go lá buí an tSléibhe.



Is grian oinigh charthannach 's is barr bhinn-bhéas
Gach gliaire glan calma cois trá an chaoin Quay,
Bheirid go fial chum bleachta dhil an gheancach riabhach
's an seascaire,
An mhantach liath gan spreachadh ar bith is an báibín glé.




B 1784c 18D
3. MAITIAS DE BÚRC.



(Maitias de Búrc .l. príomhdhochtúir prionsabálta leighis an dá
chóige Mumhan go comhleathan ag tagairt cúise agus cruacháis
ceannaithe agus peidléirí brasara na tíre leis an Athair Tadhg
Mac Coinn faoi bheith ceansa le lucht iompair ribíní agus gréithre
geanúla eile d'fhónas do ghailteanaibh paráiste na Cill'
Fhiachrach agus pobail an Chorrbhaile).




Faoi mar chuala ag bagairt go cruaidh tú oíche Dé Domhnaigh
Ar ghailteanaibh suairc do chuireas i mbuaic a mbaithis pindowdles
Is go bhfuairis pay ó gach peidléir dá bhfuil san iarthar,
Is fós ó bhéithe, dream do shéid le fada mé im iarsma,
Dá bhrí sin, a shagairt tá fíorghlic feasach i ndiagacht 's i
ndaonnacht,
Ceadaigh go humhal dom labhairt san gcúis do chealg peidléirí,
Is i gcead dod haibíd tabhair gan faillí aire dom ghlórtha
Ag labhairt ar bhrata d'oireas gan easpa go ghailteanaibh óga;
Ar dtúis gan cheilt bíonn Cardinelle go cluthair maisiúil,
Bíonn cótaí serge is gúnaí cadáis brufar barramhail,
Is fashion sa dúiche hata agus húda síoda is cambric,
Láimhní sleamhaine, caidhpe cumtha, beannaibh is borders,
I sriantaibh eich do bhíos dá reic amuigh ar an aonach
Ag tarraingt custaim is gnáthach cnota fite 'na n-éadan.
De réir an reacht seo gach bean deas tá ag iarraidh céile
Ní foláir di ribín nó cnota beag breacbhuí, gorm nó craorac


L. 37


(Bíd gadhair con-iall go hamplach dian dá n-alpadh is dá réabadh)
I mbróig mhín chumtha fónann búcla copair nó péatair.
Is dearbh gan bhréig le linn na nGael nárbh fhaisean an sórt seo
Is ná bíodh Tea gach maidin ar bhéile ag caile na gcomharsan
Ná ar staig stúmpa stays ná lutestring, wire ná lása,
Mask ná húda, crape ná búcla, habit ná straw-hat;
Ná ar chríonscruit cóbaigh de shliocht Órla bratachaibh uaisle,
Wig ná doeskin, ceastar ná clóca, ruffa ná buatais.
Ós fann ár nGaeil is Gallaibh i réim, i rachmas is i dtiarnas,
Ná bactar don daorfhuil bratacha daora a chaitheamh is d'iarraidh.
Is deimhin nach daorthreabhadh paidir ná cré do bheathaíos ceannaithe,
Ach tairbhe i ngréithribh, reacaireacht béil is a bhfeabhas chum margaidh.
Dá gcuirfeá béithe ó cheannach gréithre faoi chuing rialach
Do bheadh peidléirí ag iompar déarca, pota agus piarda;
Mo chomhairle, dá réir sin, glac go réidh iad, is é is fearr duit,
Ná bíodh peidléirí id chluasa ag béicigh 's na mná ag eascaine;
Má tá an tréad seo buartha scléipeach, cainteach, sparainneach,
Scoir ded phlé leo, ná tuill éitheach, bruíon ná achrann.
Ceadaigh, más méin leo, a gcuid den tsaol ach cíos na heagailse
Do chur in éadach, faiseanna daora, i bhfíon 's i mbeathuisce.
Tá an chúis tagartha, déan a n-abraim is bead ró-umhal duit;
Déanfad leigheas duit má bhíonn treighid ort, cnaip nó an gúta;
Muna ndéanair mo chomhairle beidh tú i bpónta is mise scaoilte;
Tá na fees ólta is mé ar an mbóthar, is déan do dhícheall.



B 1766-69ls 18D

4. DO THADHG GAELACH.



(Do Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin ar dtréigean baoise an tsaoil
agus ar iompó go deighbheathach ina oilithreach dó).




Is lúfar, lánghlic, léadmhar
Is is súgach, sáitheach, séadmhar
An t-ubhar-bhuinne ard, Tadhg Gaelach


L. 38


Gan chlaonadh gan cheo;
Cnú de bhláith Mhiléisius
Do ghlúna ón ráib Mac Féiniuis,
Ba chlúmhail cáidh san Éigipt
I léann is i scóip;
Craoibh cheart, chrathach, chnuamhais,
Saoi suilt seascair, suaimhneach,
Saoi gail, searc is snuaghean
Na stuaimbhruinneal óg,
Is i ndíogras reacht na n-uasal
Is i laoithibh sean na suadhaibh,
San tslí níl fear dá thuairisc
Ón gCluain ghlais go Bóinn.



Do shiúil a thásc ag cléire,
Ag oird an fháin is ag éigse,
Ag búir, ag baird, ag béithibh,
Is ag cléithchip gach cóig',
Gur údar ard in Éabhra
I Laidin lán is i nGréigis
An búidhbhil' álainn aonda
De shaorshliocht na leon,
Sníomhann is ceapann duanta
Le gaois is gradam uaime
I nGaeilge chothrom, chuanchoipeach,
Chruaidh, chliste, chóir;
Is is binn do spriogann buanphoirt
Ar phíb nó cruit an tsuaircis,
Le a shíneann othair uaibhreach
Chum suaimhnis is só.



Níl cúirt, caisleán ná caorchnoc,
Níl túr ná trá ar Téitis
Rúta, ráth ná réidhshlios
Fá naomhneamh na n-eol,
Níl comhar ná cairdeas craobhach
Idir ghlúinibh ghrámhar Ghaeil ghlais,
Ná prionsaibh arda an tsaogail
Nach léir as a bheol;
Flít na mara rua ghoirt


L. 39


Fioghar is grean na bhfuarshreabh,
Suíomh na mbailte móra
Is na cuantaibh 'na gcomhair;
Is is fíor gur feas dó uaisle,
Na ríthibh reachtmhar mhórga,
Is an tí dar dleathach dual do
An bhuan-tslat 's a choróin.



Níl poncaibh ársa ilbhéarla
Dar túismíodh tráth in Aethens,
Ná i múraibh mbána Séasair
Le Gael mac Eathóir,
Níl rún ná rás ag réalta,
Níl smúit ná scáil ar spéartha,
Le scrúdadh is áireamh éagna
Nach léir a fheasach dó;
Do chím gur cealg chruaidh leis
An rí-ghas ceart do ruagadh
Le críon-Whigs chlamhach, chluanmhar',
Dhuaiseacha, dhearóil;
Is daoirsigh Danar uaibhreach
Go fíonmhar fleadhach fuadrach
I ndíleas Airt is Iughaine,
Thuathail is Eoghain.



Is dubhach bheidh dáimh is éigse
Gan subhachas dáin ná dréachta
Má dhiúlta' an bláthfhear béasach
Do chéimeannaibh spóirt;
Níor lúide a fháilte ón Aonmhac
Ó is cnú neamhársa an féinneach
Oird is crábhrat caonda
Do thréigean go fóill,
Míleadh meara mórghail
Do chaointreabh Eacha aontsúileach,
Ba saoire ag scaipeadh cruachaibh
Le bua - oineach beo,
Mo dhíth gan mé gan uamhain
De shíor re hais mo chuagain,
Níor bhaol dom bearta buanghalair
Buaireamh ná bróin.


L. 40


An comhcheangal
Is feidhm don tsaoréigse is is clú don dáimh
An gleidhre glé Gaelach gan gluair gan ghráin,
Meidhir na mbé mbéasach is na Muses mbán,
Tadhg glan, tréan, tréitheach Ó Súilleabháin.



B 1784c 18D
5. TÁID ÉANLAIBH GAN BHINNEAS.
(Fonn: A Úirmhic na Cruinne)



Táid éanlaibh gan bhinneas, éigsibh gan mire,
Is gléphoic gan fuinneamh fíochmhar chum spóirt;
Níl scéimhdhreach ar dhuine ach taodach le tinneas,
Tréimhse le tuirse d'oíche is de ló.
Tá Téitis 'na Tuile chaorthonnach chuisnigh
Ag scéithchain tar sliosaibh ailltreacha mór,
Is is baolach trí bhriseadh dréimribh a dhlithibh
Gur séideadh i bhfeirg Rí-fhlaith na gcumhacht.



Is fánach 's is frithir fáidh glic is file,
Níl cláirseach ná cruite ag comhsheinm cheoil,
Bárcaibh breacbhruiteach bearnaithe briste
Ar bántonna buile ag sníomhghearradh seoil;
Is cráite mé im chime ag álbhach na roide
Ag sárleagadh sliochta na saoithibh ba mhór,
Is le cárta an té is cliste ar chlár ghoineas cluiche
Caitear le caime cinnte as a choróin.



Táid tréadaibh na Tulaí taobhthanaí truisleach,
Ag tréigean a gcruite le mí anois nó dhó,
Féarghoirt gan ghlaise faoi lochaibh uisce
Is sléitibh 'na roide chiardhubh 's 'na ndóib;
Gaothaibh go gonta dá séideadh le stoirm,
Géarshneachta is sioc dá síorchur tar cóir;
Phoebus faoi uimhir daolscamall druidte
Is na spéarthaibh ag sileadh daorthuile deor.



Níl réilteanna seanga le saorfhir dá snamadh,
Ná cléire ag ceangal síthe go sóch,
An tAonmhac is an tAthair tréanbhuilleach tarsna,


L. 41


Caomh agus caraid coíthíoch go leor;
Créimeadh agus cealg, bréaga agus bladar
An saogal gan seasamh caoimhris 'na chóip,
Ach éitheach dá spalpadh, scléip agus fealladh,
Is laochra dá leagadh líonmhar le póit.



A shárMhic na n-aspal tráitear leat t'fhearg,
Tarrthaigh go tapa sinn ó dhúbrón,
Grása dhúinn tabhair láithreach chum leasa,
Bás ceart is beatha, síthe agus só.
Cidh táimid re tamall táite san pheaca,
Tríd pháis is tríd pheannaid dírigh ár dtreoir;
Dáiligh an dara Chaos seo a scaipeadh
Is le gairdeachas gradaim guímid led ghlóir.



An Ceangal
Táid crannaibh cluthar crathach-mhullach is caisleánaibh
Dá dtreascradh le danardhacht an daorghála;
In ár n-aice má tá airgnibh lae an bhrátha
Tabhair sealbh dhúinn i bParthas, a Shaoi neamhdha.



6. FEARTLAOI SHEÁIN DE hÓRA.



Adeirim gur dianchrá is iargcás deirgchith deor
d'éis d'fheicsint na bhfial-ndámh mianbhreá filithe ar feodh,
Deireadh na bhfian-mbard gciantásc druidte faoi fhód,
An soilbhfhear séanrách, grian-tSeán oinigh de hÓr'.



7. DO CHÁIT NÍ MHIC DÓNAILL.



Is tláith dealbh dítheach do bhíodar ár gcléire
Ár saoithibh, ár mbéithibh, ár laochra is ár leoin,
Gan áthas gan aoibhneas gan rince gan pléireacht
Gan fíonta gan féasta gan séadaibh gan só,


L. 42


Ó chuaidh an ghas neamh-aosmhar gan chruas gan chréacht gan chlaonadh
Ar cuaird go cathair aolda na saorbhárc is na seol,
Gur ghluais tar sreabh an péarla is an stuaire mhaiseach mhéarghlan
Go cuan an fhearainn fhéarmhair dá nglaotar Dún Mór.



Fáilte agus míle don chaoinghailtean chaomhghlain
Gan chinseal gan éalaing gan mhéala gan bhrón,
d'ardfhuil na ríthe do bhí i bhflaitheas Éireann
Is ba líofa mear léadmhar i scléipibh na dtreon,
Tuathal Teachtmhar tréitheach, Conn na gCath is Feidhlim,
Lugh na n-eachaibh ngléasta is na ndaorbhrata sróill,
Is gach buanfhlaith beacht den tsaorcheap do ghluais ó mhear
Milésius,
An curadh ghlac ceannas Éireamhóin éachtach na nós.



Is barrchasta cíortha 's is slim crathach péarlach
A dlaoithe go craobhach ag téarnamh go feor,
Go fáinneach, go frinseach, go soilseach, go slaodmhar,
Go haoibhinn, go haerach ar néamhdhath an óir.
Is í Caití mhúinte bhéasach de threibh Uí Dhónaill éachtaigh
Rug barra clú ó bhéithibh i gcéill is i gcló,
Is deas 's is dlúth a déid mhion is is maiseach modhúil a héadan
Is 'na leacain lonradh an ghlé-lile ag plé leis an rós.



Is breá beacht a braoithe is is cruinn ceart a claonrosca
Righin mheara réilteacha réidh ghlas gan smól,
Do lánghoin re saigheada na mílte den daonfhuil
Le croíghean is géarsearc don bhé mhiocair mhodhúil;
Is seang singil néata a com mar chriostal aolda
Is tá lúth is laige in éineacht ina glé croibhín chóir,
Tá greann is milisbhréithribh, tá lonradh is luisne caoraibh
I siúntaibh suilt a béilín, is mar Gréagmhil a póg.



Mac Dáire agus Naoise ba grinn galach gaosmhar
Is fíor dá mba léir dóibh an spéirbhruinneall óg
Bláthnaid go ndíolfaidís choíche agus Deirdre
Re hintinn bheith taobh leis an réaltan gan cheo.


L. 43


Tá cíocha cruinne caomha is a píb mar choipe géise,
A fíoghar is a cruth mar Chéarnait bhí ag Séarlas mar stór
Is 'bé saoi 'nar bheart mac Dé dhó an fhaoileann deas mar chéile
Beidh saolmhar socair séanmhar i séan is i só.



Trácht feasta is cuí dhom ar phríomhnead na daonnacht'
Tá fíor fleách féastach is déirceach go leor,
Máthair na mínchnise chaoin bhrad an chraobh léi
I dtíos glan, i bhféile is i réiteach na slógh;
Is fiúntach rafar saorga, is clúmhail ceart a gaolta,
Brews is fairsing', éagmais ar léirscaipeadh an óil,
Is troop ní bhfuil dá dtréithe ó Dhúrlas go Cinn Léime
I gcúrsaibh suilt is saothair is i gcéimeannaibh spóirt.



An Ceangal
Is í an ghailtean bheag mhín aoibhinn gan chealg gan cheo,
Is gasta do ghníos síoda do cheapadh faoi ór,
Is do tharraingeas cruinn fíorchoin ar bhratachaibh sróill,
Beannaphoic ghroí, míolta agus bárcaibh na seol.
Is leabharghlan fíoghar, suíomh agus seasamh na hóigh',
Go blasta beacht bríoch binnghuthach barramhail beo,
Go ceannasach caoin croímhear is go carthannach cóir,
Geanamhail, grinn, gnaoi ghreanta i bpearsain 's i gcló.



B 17766-69ls 18D
8. DO MISS HARTE.



Tá caoinbhean tsuairc i bhfíor gan ghruaim
Go síoch sultbhuan im chóngar,
Go binn tais buach gan chinnteacht cruais
Gan phoimp gan mhórgacht mórtais;
Is cíortha a gruaig 'na dlaoithibh dual
Go craoibheach cuachach cóirneach,
Ag tíocht anuas i bhfí neamhchruaidh
Is i bhfíordhath uaibhreach órga.


L. 44


A braoithibh beacht mar ghearradh pinn,
A cíocha cailce cearta cruinn,
A mínchrobh geal is a haolchorp seang
Is a gnaoi ghlan gheanmhar gheanmnaí,
Dá mbeinn im fhear mar phearsa Naois
Ba gaoiseach, galach gaisce is gníomh
Do rachainn im réim le cumann mo chléibh
Go fearantas aerach Bhreogain.



Tá an lí ar luas sa chaor ina gruaibh
I gcoimheascar luaimneach lónrach,
A píb, a snua, mar chruinnchóip cuain
Is is snoite stuama a srón deas;
Is binn blasbhuan gan bhaois gan bhuairt
Gan chríon gan chluain i gcló cheart
A gríosghob suairc gan teimheal gan truaill
Nach cinnte cruaidh ar chomharsain.



Is cumtha toise a roisc ghlais righin
I nglónra suilt is i ndrioch an ghrinn,
A lonradh dil ó Chupid ghlic
Mar chiumhais an chúilín chluthair chaoin;
Is brúite mé gan bhruith gan bhrí,
Is is crúite cuisle choirp mo chroí
Ó bharra na saighead do chealg mé faon
Le taitneamh don réaltann ealais.



Ní hionadh mhór mé tinn gan luaid
As lí mar luaithreadh lóchrainn
Le croíghean cruaidh don mhnaoi seo 'luaim
Do shíolraigh ó uaisle leogan.
Is aoibhne an chuach ná an mhínchnis bhuair
Is do dhíth-chuir slua na Drólainn'
Is ná Syren snúiúil na Craoibhe Rua
Do bhíog go Cruachain treonaibh.



Tá péarla aici i dtaisce shíor
Seod gan snas go seascair saor
Gan chlaonadh i dtreasaibh Venus mhear
Is nár aontaigh fear do theacht 'na gaobhar;


L. 45


Mo léan, mo shlad, mo chreach gan sinn
Ina caomhnadh seal ar leaba chaol,
Go gairm an tSléibh' níor bhaol dom éag,
Cé caite mé, créachtach crólag.



Níl taoiseach buach i bhFiodh Inis mhóir
Nár dhíol dó an chuach mar nuachar
An fhaoileann uasal, aoibhinn, fhuarchnis,
Intinn uanmhar eolach;
Níor chuí re lua le Eve Uí Ruairc
Do mhill is do bhuair na cóigibh
Is d'ísligh cluas na nGael go buan
Ag caoineadh cuaird na coróineach.



Is líofa lingid troisc os toinn,
Míolta is poic i gcluichibh cruinn,
I gcaoimhneas poirt ag rince ar chnoic
Le greasacht gutha glain a cinn;
Ní fíor go gcuireann daille daor
Go gnaíúil glic ar bhrait gan teimheall,
Marcaigh is faolchoin, ealtaibh is éanlaith,
Barcaibh, mionéisc is rónta.



Ní baol duit guais ón bhfíorfhlaith thuas
Ach tíocht go luath dom fhóirthint,
Is a liacht gealbhuach ón bpríomhchrothnú
Do shíor atruach dom shórtsa;
Féach grinnbhean tsuairc na hInse fuair
Mar leigheas an buachaill toghdha,
Is na míltibh cuach ná scríobhaim im dhuan
Do ríomh le suadhaibh eolais.



Is í Betty an tsuilt de bhrugh cheart fhíor
Na Hartes is glaine i gcluiche guím,
Do ghlúna as fuil na mBrúnachaibh
Trí phlúr na mbruinneall oinigh Bríd'
Tá fiúntach, fuinteach, fliuch de shíor
Roimh trúibh an turais is ursaibh críoch
Is ag scaipeadh na séad is ag freastal na bhfaon:
A samhail ní léir san gcóige.


L. 46


An Ceangal
Is i mBéal Átha Sionainn ghlé, bhláith, ghrian gan cheo
Tá an bhé dheas mhín mhná is fíor bhreá ciabh is cló,
Do léirchuir saighead grá im chlí, d'fhág pian dom bhreo,
Is ná leigheasfaid fírleá ach síocháin fhial na hóighe.



B 1780c 18D

9. A BHRÁTHAIR, A SHÉAMAIS.



(Ag labhairt ar bhua, ar mhaitheas is ar mhórchumhachta an
Bhulcain mheidhrigh mheisciúil bhuanspóirt agus an bhalsaim
shuthain dá ngoirtear Beathuisce na nGael nó Whiskey, ar an bhfonn
shuaircghearr "Oró bog liom í, druid liom í, an cailín donn deas.")




A bhráthair, a Shéamais, ó tharla mé taobh leat
Nach nár mar do staonais ó dheilbh an ghrinn,
Is gan trácht ar shuim éigin de cháil is de thréithibh
An bheathuisce Ghaelaigh seo 'thaisteal an saol.



Is ó leóil a pheidléirí d'ól bhur gcuid mionearraí,
An eol díbh spioraid ar bith, brandy nó beoir
Is bríomhaire blasta is is saoire re scaipeadh
Ná whiskey, an fear garbh do leigheasfadh na treoin.



Ná tráchtaidís choíche lucht lámhaithe an Bhíobla
Ar láidreacht an fhíona d'fhag Nóah gan chéill,
Is go mbáfaí, adeir Peter, an Ark is a raibh inti
Le scála den díle do thig as a ndéis.



Féach Diarmaid an taoiseach ba gliaghlaine gníomhartha
Le fiach an toirc draíochta mar leagadh go faon,
Is go dtógfadh lán píopa den mhóruisce bhríomhar
D'ainneoin mhic Uí Bhaoiscinn 'na bheathaidh an laoch.



Féach Cú Chulainn donngheal d'éis clú-ghaisce d'fhoghlaim
Re draoi-chleasaibh a mharthain mar loiteadh go claon,
Is crúsca beag cabharthach de Bhulcan na nUltach
Go dtógfadh an crobhaire ba chosantach céim.


L. 47


Féach Séarlas Rí Sacsan do daoradh le cleasaibh
An mheirligh tá ag Bradshaw dá ghreadadh le súist,
Is plaosc den mhil bheatha de shaorfadh ón bhfeart é
Gan buíochas do Waller, do Harvey ná Cooke.



Is Goll an ceap cúla chaith bliain ins an tsúsa
D'éis Deirg na lúthchleas do chosnamh don Fhéinn
A chréachtaibh dá n-ionladh san saorbhalsam subhchais
'Na dhéidh go mbeadh comhneartmhar cosantach claon.



Ba chuimhneach libh Caesar chuir críochaibh fé dhaorsmacht
Do claíodh i measc faolchon le Brutus an fhill,
Is dá bhfoilcfeadh a chaomhchorp san shochairsprid naofa
Ná goinfeadh an saol é le dagger ná saighead.



Is an prionsa thug iarracht ar Sheoirse do dhianscrios
Lé tóir obann triathaibh ó Albain ard,
Leathphiúnta den ghriansprid dá ndiúgfadh mo ghliaire
Ná coiscfeadh an Fhiann é gan dul go Whitehall.



An tan thogair fir Éireann d'éis Hannraoi dá ndaorlot
Ó Briain nó Ó Néill do bheith acu mar rí
Ag tionóil Loch Eirne do chuaidh den dís réiteach
Cheal whiskey do théifeadh is do bhogfadh a gcroí.



Cé leigheasann an beathuisce géarloit is galair
Le beagán do bhlaiseadh go hannamh den mheidhir,
Má chuireann tú challenge ó oíche go maidin air,
Sin tusa treascartha, a Chathail mhic Thaidhg.



Cidh molaid na húdair seantobar na Muses
Chum intleacht gach dúradáin d'oscailt go fial,
Dob fhearra dhuit pionta den whiskey tá i Newport
Ná an méid uisce diúgadh as Helicon riamh.



Dob eol do gach n-aon agaibh Cearbhallán céimeach,
An cruitire tréitheach is an cumadóir ceoil,
Tiúin leis níorbh fhéidir do cheapadh ná véarsa
Go bhfaigheadh buidéal réitigh den Bhulcan re n-ól.


L. 48


Is de bhuaibh an bheathuisce má thugair blaiseadh dhe
d'eoin ná cleachtann ach meacan mar bhia,
Osclóidh a aigne, glaofaidh ar channa dhe,
Is cuirfidh an cnagaire in ainm an diabhail.



Níl maolgharsún maoiteach bheir raol óna mhuintir
Le méin bheith i gcuibhreann na bhfearaibh gan spéis,
Gan caorthann an phíopa agus daorfhloscadh díle
Dá shéideadh chum ríle go dtarraingeann scléip.



Do gheibh Counsellor O'Daly roinnt fís ós na maolraigh
De bhíthin na caorspride lasas gach gleo,
Nuair buailtear na Baywigs le gruagaigh Chnoic Réithe
Ní mór na cáipséisí do ghearradh dá dtóin.



Aon mhargadh ar aon chor do cheangal ní féidir
Ar fhairsinge an aonaigh ná ag baile le Conn,
A phlucaibh go dtéitear le stuif an stilléaraí
Ní ghlacfadh sé éirnis i seanaphoc gabhair.



An sagart is an bráthair cé cuirid slua Sátan
Le deisréad dearnan ar teicheadh gan mhoill,
d'éis comhraic Bhulcáin dóibh is minic dá mbá iad
I dtobar na ngrása go danartha doimhin.



Go Turlach na rásaibh nuair théid na gealbhábaibh
Ag fógairt pléaráca ar lucht corn is ceoil,
Tar éis diúgadh an bhiotáille i bhfíorchúinne an bhoth rachmaill
Bíd Búrcaigh is Blácaigh ag greadadh a gcuid róin.



An té chífeadh tráthnóna ríl aonaigh na gcomharsan,
Ar bhruíon briste Bóinne ní thabharfadh nead creabhair,
Seach greasadh bhreá ghlórmhar na mbacadh is na ngeocach
Is whiskey le fóirse dá mbaint as a meabhair.



Cidh taoim seal go fíorlag dom chloí aige piantaibh,
Is gur mór leis an lia ptisan is painéad,
Trí bhraon den mhil dhiaga dá bhfaighinn ó Sheán Phiarais
Ba dhóigh liom tar Sliabh Mis go rachainn de léim.


L. 49


Féach Monnsuil rua an phónaire chuir roimhe dul gan chóiste,
Gan pingin ina phóca go cathair na ndúl,
Gur dalladh an gósta cheal dram ar an mbóthar
Is nach feasach do an t-eolas ar ais go Tíormhúdh.



A Phóil is a Mhaoilre do scóladh re dríodar
Na camóige duibhe sin, Mhic Mhurchadha an tsléibhe,
Brostaigh don Inse ag ól smior na sláníce
Do thógfas bhur gcroí is bhur misneach go héag.



B 1784c 18D

10. IS SUBHACH LINN AN SCÉAL.



(Ar bhFeicsin Forógra Shéoin Lloyd re Leigheas an Ghúta, mar
aon le Cruinnchuntas Cogaidh, sa Tuairisceoir Muimhneach).



(Fonn: Charlie Over the Water)




Is subhach linn an scéal do léitear le fírinn'
Ag éigse is ag saoithe Inis Fáile,
An gúta mar traochadh go déanach i Luimneach
Le féine fliuch fíoroinigh fáilteach;
Gidh 'r dlúththuigseach gaoiseach in údair a sinsear
Gach sciúirse de chraoibh Aesculapius,
Dá gcóngas re chéile níor ghéill riamh an righneach
Gur séideadh a chroí istigh le Seágan.



Is lonrach, is laochta, is éachtmhar 's is aoibhinn
An saothar seo scríofa le háthas,
Rúncheist nárbh fhéidir sa Ghréig ghil do scaoileadh,
San Éigipt ná i gcríoch na hIodáile,
Mar scrúdadh go suíte le poncaibh glanintleacht
In úr-Inis naofa na n-ardfhlaith,
Re clumhailchiste céille gan chlaonadh gan chuimse
Is le dréachtach d'fhuil dílis na dáimhe.


L. 50


Cúnaídh liom, a éigse na hÉireann gan chinnteacht
Go léannta is go líofa mear lánghlic
I dtiúntorann dréachtaibh an méid sin go maímid
In éineacht le gníomh eile is breá libh,
Go bhfuil lúthloingeas Laoisigh i gcomhar leis an Ríogain
Is go fiúireanta flít nirt na Spáinne
Ag múchleadairt meirleach le piléaraibh ar toinnmhuir
Is ag séideadh geataí Gibearaltair.



Ar an nDúileamh ndil éimse is go caonda ar an Naomhsprid
Ár ngeibheann do scaoileadh gan chairde,
Ár n-oird is ár gcléire do réiteach ó dhaoirse
Mar saoradh mic Iosraeil ó Pharoah;
Is an prionsa den tsaorcheap 'nar dhúchas an ríshlat,
Is an fionnbhile fíordhlitheach fánach,
Do thuirling i réimfhlaitheas raonmhar a shinsir
In Éirinn faoi shaoire na Cásca.



Ar thionscnadh ar méin linn bíodh téadaibh na gcaoinchruit
Is gléirstoic dá síorsheinm láithreach;
A Úna, glac géagleabhair Maonas ag rince
Is a Mheidhb, ceangail caoimhreas le Rághnall;
Scuabfaimid caorthaibh is púdar i nglinntibh
Is diúgfaimid fíontaibh le gairdeas,
Faoi bhua bheith go saolmhar ag Séarlas, ár Stiobhart,
Mar aon len ár bpríomhluibheach, Seágan.



An Ceangal
Níorbh eol dúinn fear i measc na lia-laoch scóip
Do leonfadh galar breac na bpiardaí póit
I gcomhrac fras is i dtreasaibh dianchlaíomh dóid
Go Seón Lloyd mear do leag an fiagaí fóis.



Is dóigh gurb ait le sleachtaibh grian-Ghaeil mhóir
An tóir seo ag teacht faoi bhrataibh gliadhghrinn sróill
Do sheolfas spaid gach spairt is cliabh cruinn geois
A fódaibh Airt is Chais is fial-Choinn chóir.


L. 51


11. CHUM SEÁIN SHULTMHAIR, SHOINEANTA UÍ MHAOLDOMHNAIGH.



A fhir charthanach cháidh cháilghlan is a chara gan chiach
Is gasta glic, grách, gairdeach gan ghangaid gan ghliadh,
Aithris gan spás, áilim, go cneasta don triar
Gur tarcaisneach tláith táir liom mar d'athraigh a mian.



Mian na bhflaith gan mheath 's na bhfíoréigse
Gliadhthaibh glana sean is sníomh véarsa
Riail is reacht re scannadh laoithibh léannta
Gan biatas breac, gan bheart ná bruíon scéithean.



Scéimh gan scanall ar sheanchas saoithibh suilt,
Le faobhar feasa gan lannaibh do líomh chum loit,
Ar réimibh rachmaill nó i reachtaibh na ríthibh oill'
Ba ghlé mar ghaisce ná gearradh agus gríoscadh goib.



Goib na mbard mbearrtha is na mbacacaibh siúil
Goin is gláimh áir agus aithris neamhchlúmhail
Scoirse, a Sheáin, láithreach im ainm go humhal,
Is i gcúrsa grá cairdeasa ceangail an triúr.



Cibé den triúr thionscain ré gráin an gliadh,
Go caonda ciúin umhlach gan cairde cian
Nó ar Ché na long bprionsach i ndáil na dtriath
Faoi ré na Samhan scrúdfad an cás go dian.



Ós dian is is docht liom toisc mo ghrinnéigse,
Iarraim ort, a los na naoi mbéithe,
Bheith srianda socair sochma síthbhéasach,
Is gan ach iarmhar bocht den scoth i gcrích Fheidhlim.


L. 52


12. TAOIM TABHARTHA, TEILGTHE, TRÁITE, TINN.



Taoim tabhartha, teilgthe, tráite, tinn,
Gan mheabhair, gan mhisneach, gan bhláth, gan bhrí;
Mo lom is mo mhealladh le Bláthnaid chaoin
Is nach trua ag sileadh goirt-déar mé.
Ní cóngas don chúileann ghil gheanmhail óg
Mé stiúraigh chum lionn dubh, is m'aigne bhreoigh,
Is a liacht fear cáidh ba ghroí glan tásc
Do gheabhadh sise as bláth a scéimhe.



Is í is mómhaile deise gean gáire is gnaoi,
Glan-togha gach a bhfeicim de bhábaibh ghrinn,
A feabhas dá gceilfinn ba náir mo ghníomh,
An chiúin-cheart gheanmhail déidgheal;
Tá fionn-lí ag súgraíocht re lasaibh an róis
I ngnúis chruinn mo mhuirnín is soineanta cló
Mo theighid is mo chás is iad a saigheada grá
d'fhúig mise mar táim go créachtach.



A réaltan mhiochair na gclaonrosc righin
Is glé ná an bhruinneal le'r léanadh Naois
Ná haontaigh mise dul d'éag gan mhoill
Ach luigh is cneasaigh mo ghéarlot.
Dlúthaigh go subhach linn, a chara is a stór,
Is ár n-aois go bás gan chíos gan chás
Críochnaíom i bpáirt a chéile.



13. IS TRÉITHLAG ATAOIM.



Is tréithlag ataoim, léirchaite i ngaoi,
Traochta i bhfíor lionn dubh,
Is créachnaithe tinn féithibh mo chroí
Ó saorchaitheamh saigheada Chupid,
Le géarshearc don mhnaoi mhéirleabhair chaoin
Béalmhilis, mhín, mhúinte,
Do dealbhadh i bhfíor dhaonna go cruinn
Chum léin loime is díth dúinne.


L. 53


Is slaodach is is slim dréimreach a dlaoi
Léirchasta i bhfí búclach,
d'aoldathaigh díbh scéimhdhreach an fhlís
Tug Medea don laoch lonrach;
Is aolta gan teimheal a déid mhion 's a píb,
Péarla na gcíoch gcumtha,
Is le réghuth a cinn éisc mhuir go mbíd,
Is tréanphoc gan scíth ag damhsa.



Tá néamhchruth an róis trí lilí gan cheo
Go follas i ngleo concais;
Ina leacain ghlain óig is bálsam a beoil
Mar ghréigmhil nó beoir údair;
Is maiseach 's is modhúil a mala i gcaolchló
Is a friotal phuith róchumhra,
Is a gheabhadh a póg is dearbh go deo
Nárbh eagal dó reo úire.



Is claonmhar 's is cruinn a réaltrosca righin
Mar phéarlaibh gan teimheal triúchaibh,
Le géarchaitheamh saighead do léirchuir i gcill
Céadta do bhí lúfar;
A caolcorp i gcaoi gné sneachta ar chraoibh
Is is caomh deas a mínchlúid bheag,
Le ngéintear go grinn cléirtheagasc binn
Is dá sléachtaid glanríthe is diúcaibh.



A bhé chailce chaoin den daonfhuil ó taoir
Ná haontaighse m'fhíordhiúltadh,
Is gléir-dearc go cruinn Venus mar mhnaoi
Ag béal dubh creatbhuí tútach,
Is néamhchruthach Traoi nár ghéill don chathrí
Faonmhar tar éis díth cúigibh,
Ná déanse mar í is léirchneasaigh sinn,
Nó is baol duitse an fíorDhúileamh.



An Ceangal
Taoim cealgach go ceasnaitheach ar díth suaimhnis
Ó d'amharcas an ainnir mhiochair ghnaoi-shuaimhneach
Rug barra glaine ó dhearbhfuil na bhfíoruasal
Is maise is cruth ó ghailteanaibh na mín-Thuadhmhumhan.


L. 54


B 1781lsc 18D
14. IS IOMDHA AIRD DEN MUMHAIN.



Is iomdha aird den Mhumhain
Ina siúlaid aicme bhreoite as
Go Cill Mhichíl mhiorúilteach
Mar a bhfaigheann an trú bocht fóirthint;
I ndíol mo thurais tar dúthracht
Bun os cionn ris na slóite,
Do chailleas leath mo lúth
Is mo chos bhí súgach leonadh.



Dia bheatha grásta an Úrmhic
Do thurnas curaidh treona,
Is ní rail ó ... na lionnta
Ba chiontach le mé 'leonadh,
Ná páirt le cailín fionn deas
Ag ramsach, ag briseadh nósaibh,
Ná sá i mbruíon ná i gclampar,
Ach dealramh tola an Chomhachtaigh.



Is mithid domhsa tionscal
Ar uirlis do bheathódh mé,
... croise snuaghlan
Is ... maith clóca,
Taca a chur faoim ghlúin dheas
Gléas iompair ina dtógfainn
Is dom cheartsa cíos na Samhna seo
Tar dúbhacaigh Fódhla.



Is dom pháirtse fearúil lúfar
An lúbaire crógach
I gceannas ard na Mumhan
Tar lucht siúil agus geocaigh;
I gcistin táir mar scuaille
Ní shúlfam ná i bpóirsí,
I mbun halla sáfam chucu
Ag súthadh punch is beorach.


L. 55


Is in áras fairsing súgach
Cuirfeam fúinn um thráthnóna,
Is léifeam stair ar Fhionn dóibh
Is nuacht bailte móra,
Géaga chlanna Niúil dhil
Is ciúinghais chlann Fódhla,
Is ós bacaigh ghrinn mar siúd sinn
Gheobham plúr agus rósta.



Lucht doichill ghnáth is diúbhalta
Gheobham ar diar bocht nach fóireann,
Do shínfeadh déirc bheag sprionlaithe
Chugainn go saobhnósach
Gheobhaid fiche stiall de reamhar-chleith
Is gheobham dúthracht ina dheoidh sin,
Is is fearr a riar mar siúd iad
Ná le hurnaithe glórmhar.



I gcomhar na sagart bhfiúntach
Beam dlúth ar gach pósadh,
Go ceolmhar fléach súgach
Ag ciúinbhlaiseadh róstaibh,
Gan bhrón ag mealladh cúileann
Is ag diúgadh na beorach,
Is ag strócadh poic lucht siúil
Bhíos ag múchadh na ndoirsibh.



Beam saor le saoithibh clúmhail
Atá umhal do lucht bóthair,
Is a n-acmhainn tabharfaid dúinne
Go rúnmhar, dea-nósmhar
Ná trácht ar chlanna ... linn,
Ná ar an mbrúisc de shliocht ...
... discharge gacha ... dóibh sin
... greadadh agus scóladh.



Racham go Baile Mhuirne
San tsamhradh le Devotion
Is gheabham feidhre gailtean lonrach ann
Le dúil ins an hautboy


L. 56


Is meidhreach leanfaid siúd sinn
Go dlúth ins na bóithribh,
Is caithfimid go súgach
An cúrsa seo rómhainn.



Is mo shlán, a dhonais, fútsa,
Cidh dlúth fada im dheoidh tú,
Do ghlanais leat san tsamhradh
Agus cuntas an fhómhair;
Ní bheir níos sia im chúrsa
Fan an lúib toir nó i bpóirsibh:
Atá ferule feasta im chumhdach -
Sin rúnchara an eolais.




B 1781c 18D
15. DEARBHAITHE DHOMINIC DE BÚRC.



(Dearbhaithe Dhominic de Búrc i mnaoi
Shiomóin Mhic Fhearghais mac Ceorais)




Dar Droichead na Crannaí, dar Rúraí na gainmhe,
Dar ar hoileadh de leanaí do Riocard Laighléis,
Dar ar ceileadh de dhráití le Feidhlim na gcártaí,
Dar Pádraig Ó hAilpín is dar ar bhailigh sé 'dhéirc,
Dar iallaibh na mangaí bhí ag Brian bocht Mac Amhlaoibh,
Dar ar diúgadh de channaí le Pilib Suipéal,
Is millteach an mhailís do Shiomón Mac Fhearghais
A thaibhreamh gur chneasaíos le Muirinn Ní Aodha.



Dar patrún Chill Bríde, dar rás Bhaile Uí Chaoilte,
Dar mála na píbe bhí ag Bachall Ó Béic,
Dar Randal Ó Gríofa bhí i gCoilleán Uí Shíoda,
Dar Pádraig Ó Finíolla do cheapas an bréid,
Dar spagán Joe Wheeler in ar ghnáthach leithphíosa,
Dar fámairí gaoithe is dar freangaigh Malbay,
In airde ar do mhnaoise níor tharla mé sínte
Is nach nár duit, a Shiomóin, mé 'tharraingt fá scléip.


L. 57


Dar an gcriathar, dar an gcáithigh bhí ag Céarnait Ní Chearna,
Dar Cian Ó Coileáin do bhí i bhfad i nDún Néill,
Dar tiarach na lárach tá ag Diarmaid Ó Freaghla,
Dar trian na seascán atá ag Breasal Builtéar,
Dar giall an scadáin bhric do pianadh sa tsáile,
Le Vinegar Arthur an Cork Alley lane
Cois spiara ná stáca ná ag riascach na ráibe
Níor iarras-sa fábhar ar Mhuirinn Ní Aodha.



Dar Highfield Dhroim Ólainn, dar sinsear Sheoin Colpoys,
Dar líoga na Boirne, dar duille na gcraobh,
Dar fuíoll na luideoga do dhíolaid fíodóirí,
Dar Caoilte Mac Códa ar ar baisteadh Bod Gé,
Dar saoithibh na comhairle chuir aimhleas roimh Sheoirse,
Dar intleacht Bob Lotan ná teipeann ón bplé,
Ar bhinse ná ar bhóthar, a Shiomóin na ndrólann,
Níor shíneas led stórach is níor bhlaiseas a béal.



Dar brí na mileoige bhí ag Maoilín Ó Mórdha,
Dar beinn na braitleoige bhí ar Chathal Ó Céibh,
Dar ar íocas de choróinibh le grinnbhean an ósta,
Dar bríste is dar bróga shean-Dhominic Paor,
Dar íochtar an chlóca a mbíodh ríoball go leor air
Ag Muircheartach Ó Tórpa ná cleachtadh círéip,
Níor chuí 'gus níor chóir dhuit, a Shiomóin Mhic Ceorais,
A smaoineamh gur phógas-sa cumann do chléibh'!



Dar srianta Sheoin Chartres, dar sciath Chonaill Chearnaigh,
Dar Diarmaid is Gráinne bhí á buaireamh Sheoin Sé,
Dar Mheidhbh Ní Mhic Rághnaill bhí bliain i mBéal Átha,
Dar Niall Ó Milleáin ná dúirt paidir ná cré,
Dar cliabhrach an rácaim tá ar iasacht ag Máire,
Dar ar stialladh de chártaibh ag Culligan Rake,
Led mhnaoi ní rabhas páirteach, a Shiomóin na n-árann,
Cidh cíortha mé cáiblithe ó phosta go poiléar.


L. 58



16. MIONNA MHURAINN UÍ AODHA.



(Mionna Mhurainn Uí Aodha ag bréagnú a fir pósta .i. Siomón
Mac Fheargais Mac Ceodhrais agus ag deimhniú dearbhaithe
Dhominic de Búrc re fíorghlanadh neamhchiontach)




Mo bhreo 'gus mo chumha-chreach mar pósadh ar dtús mé
Le gósta glas giúnnach nár aibigh i gcéill,
Lómach gan lúthchleas gan sórt ar bith subhachais,
Le ar leonadh mo chlú mhaith is ar leagadh mo scéimh.
Cá bhfuil spórt ins an dúiche idir ógaibh na dtriúcha,
I measc stócach na sleamhainchleath is bacach billéad,
Ach móidibh an Bhúrcaigh i mórghlanadh a chúise
Nár grógadh faoi shúsa leis Murainn Ní Aodha.



Cidh feoite mé súite d'éis deolchreimeadh cúigir
Go deorach san gcúinne lé hanacra plé,
I gcóngar na cúlach an chófra ná an chrúthaigh
Gan ordaithe an bhrútaigh dob eagal dom téacht.
An borreaspag Brúnach inár mbóthar dá siúlfadh
Níor dhóigh go bhfaigheadh rumpa ná carbad gé,
Is a chomharsain na muirne, nó an brón libh mo chúrsa
Bheith beochaite brúite ag an seanachoc maol?



Níl meonreacht ná múineadh, níl córtas ná cumhracht
I nglórthaibh an tsúmaire chruinnigh an t-éad,
Is gurb eolach don dúiche nach cóbach ná cúilspreas
An srólmharcach súgach sin Dominic saor,
Ach beobhile lúbach de threoncheap na mBúrcach
Ba chróga is ba lúfar in ursanaibh éacht,
Is tá spórtmhar i gcúrsaibh an óil is an fhiúntais
Is ag pógadh na gcúileann ó Bhiorra go Léim.



Ní hóinmhid bhocht shúldubh gan cóta gan clúdamh
Do róchleacht an Búrcach is baramhail méin,
Ach beobhruinneal ghnúisgheal faoi shróill is faoi phumpaibh
Gan dearóile gan diúltadh ach cead sodair go haer;


L. 59


Dar Dónall Ó Dubhda chuir furthóg ar Mhúnsail,
Dar an gcróchar do lúbadh faoi Shisile Paor,
Aisteoireacht ná luthchleas i seomra ná i gcúilteach
Is dóchas nár shamhlaigh le liobar mar mé.



Dar seolchrannaibh srúille, dár stól Thaidhg an tuirne,
Dar bónaire Thír Mhúghadh is dar meacain an tsléibh',
Dar móinbhogach Dhúire, dar tóin eireamh Hewlett,
Dar córaid Sheóin Lucas do cailleadh ceal féir,
Dar scornan na sleamhainchon bhí ag Gearóid na ramharbhroc,
Dar toirneach na n-ard do bhí ag Gearalt na gcaor,
Le foirneart an Bhúrcaigh i meontreas na húime
Níor stróiceadh dom rúscadhsa cnaiste ná téad.



Dar Pól Ó Fionnúcain fuair purgóid mhealmúta,
Dar pónta Chluain Rámhad 'gus faide Dhroim Cléibh,
Dar bileog an chuntair tá ag Mathúin na n-únsaibh,
Dar donóg an dlútha do dhealbh mo bhréid;
Dar dronnóg an drúsa ba chláirseoir do Hewson,
Dar smólchneas na húime tá ag Ruairí Ó Néill,
Lóta ná crústa 'chuid Ceoiraisín chiontaigh
Níor tógadh 'na dhúbladh le Dominic saor.



Dar Breogán Ó Dúrta do bheo-loit an gúta,
Dar clóca Thomáis Cooper ná taisceann an réal,
Dar Gordal na gcúlphoc nár ól riamh leathphionta,
Dar Tiobóid an trompa dob fhearra guth béil;
Dar pionóg an phúdair tá ag Tadhg Óg mac Cúda,
Dar cronóg an phlúir bhí ag Peadar Laighléis,
I bpóirse ná i bponcaibh níor phógas-sa an Búrcach
Cidh scóladh go dlúth mé le reacaireacht scéil.



Dar an gcronnóig a diúgthar le geocaigh Chill Mhuirne,
Dar an seanóir gan siúl tá ag leathanloch Léin,
Dar an gcocól breacghlúineach tug callóid ar dtúis dom,
Dar Róis na leathchrúibe bhris easna i mo scéith;
Dar an roithleoig a brúitear le Runolt i leannta,
Dar Criostóir an chrúca do mharbh mo chéis,
Im chóngar ná im chlúidse níor chónaigh an Búrcach
An neomat is lú ar bith ó thosach mo shaoil.


L. 60


Dar lómthaig na lúibchleas ba seolta seanuirlis,
Dar modóg an fhonsa bhí ag Cathal Cúipéir,
Dar Eoin is dar Úna 'na mbróg nár chuir búcla,
Dar Mór Ní Churrú do ghoid cearca Sheóin Grace;
Dar fuinneog na cúirte tá ag Rí Seoirse i Londain,
Dar Feargas Ó Fiúra do bhearras na gé',
Le Ceoras an amhrais ní gheabhad go lá an chuntais
Ar chomhairle ná ar chiúinteagasc cara ná cléir.



An Ceangal
Mangaire magaidh ná baineadh ná maor cuaille
Le Dominic rabhairneach seasamhach saor suaimhneach,
Ach beirtear go tapa ar bhod barraigh na mbréag mbuartha,
Is ón gcloigeann de stractar treasleathar a mhaoilchluasa.




B 1784c 18D
17. PÁDRAIG Ó BROGA.
(Ag tagradh do Phádraig ghrinn Ó Broga)




Ag seo gearán claoite cráite fíorbhocht follas
Ón bhfear cáidh dá ngoirthear Pádraig grinn Ó Broga,
Ag triall gan spás anois chum bráthar d'Ord San Proinsias,
Fear cráifeach fialmhar fáidhghlic an tAthair Maitias,
De réir mar d'ordaigh anois domhsa a chur in eagar,
Is in uaim chórach a bhinnghlórthaibh is a chaointeagasc,
Ag nochtadh a chúise go fíoruamhal don chaoindiagaire,
Go bhfuil gan siúl, gan rian, gan lúth, fé iomad piantaibh;
Go bhfuil lot nimhneach is othras íogmhar ar a lorgain,
d'fhúig é sínte gan meabhair, cuimhne, ná lúth oibre,
Le naoi dtráthaibh gan bia do bhearnadh is ar díth codlata
Ag uaill ghártha go fíorchráite gan puinn soilbhis.
Is dócht an sceól i measc na gcomharsan fear dá thréithe
Do bheith leointe crutach crólag colnachréachtach;
Ba fíoreolach ins na hoghamaibh an tsaoi bhéasach
Is i ngréagchódaibh na liaibh leonta is na bhfíoréagnach,
Do ghníodh fónamh, leigheas is fóirthin don droing daonna.
Ba chliste cróga i dtreasaibh spóirt is fiaidh an féinneach
Ag leagadh róinte, brocaibh boirneach, míolta is méithphoic;
Ba fada fós a phoc liathróide i measc na dtréanfhear,


L. 61


Is ba fial sóch i dtigh an óil é gan dúil scléipe;
De bhrí go dearfa go bhfuil treascartha le suim laethaibh
Go ró-easpaitheach i ndaorarraingeacha faoi dhlí péine,
Tá súil aige anois air go gcabharfaidh an caoinchléireach
Is go rachadh go tapaidh dhó ag cnuasach carthannacht na bhfíréanaibh,
Gion go n-abarthar go bhfuil go ceannasach in Inis Éilge,
Is go neamheaspathach uimhir eagailse dá dhlúthghaolta,
Is ortsa, a Shaoi de threibh Chaisinn atá sé ag éighmhe,
Ag iarraidh dín is foscadh chruinn faoi bhrat do scéithe,
Mar ataoir eolach ins na cóigibh ar feadh Éireann,
Is go speisialta ins an rian di 'ghreamaigh Éibhear,
Is go gcreidfear uait gach ní is dual a rá san méid sin,
An tan do luafair méid a chruatain is laighead a chéime,
Is nach le meirfean, lámhach ná spadbhruíon do thit in iarsma,
Ná le marcaíocht i gcarr cailín, ar stuirinn nó ar dhiallait,
Ná le healaí ard ná aistí bhrisfeadh nósaibh,
Ach le ceartghníomh i gcás leatroim de thoil an Chumhachtaigh.
I ngach tigh Aifrinn ina labharfair go binnghlórach
Ag iarraidh carthannacht is caomhnadh cneasaithe don tsaoi leointe,
Do gheobhair gan dearmad ó gach sealgaire nó fíor-sportsman
Atá go hacmhainneach i bhfáltas airgid trí chaoinchoróinibh,
Is ó gach nduine de réir a ghustail agus a dhaonnacht.
Glac go suairc é, geal is rua, is ná bí ag éileamh,
An tan do rachair ag iarraidh carthannacht lucht an Iarthair
Mara bhfuil arbhar ins an earrach anois le riar duit
Glac nótaibh le foighe fómhair d'fháil sa bhliain seo,
Cruithneacht, eorna nó pís clógheal, mion nó riabhach,
Ós fíor nar chaint go mbíonn an tsaint i ndiaidh na mbráthar,
Is gur mór an stainnc leo lá dá n-aimsir do dhul i bhfásach,
Cuir id phóca in do thrioblóid chum t'úsáide
Trian a mbaileoir in do shiúlóid de chuid Phádraig;
Ar túis tosnaigh ins an bpobal so an treas lá Mhárta,
Is léigh do phetition ann go doilbh is go dólásach
Is gheobhair, mo lámh duit, cúnamh carnaithe agus comhairibh,
Ó Labhrás, an fear fíorfáilteach ciallmhar, córach;
Buail leat síos chum Droim Dhíograis nó an Eireabaill
Is gheobhair do chíos ann gan stró bruíne, mar táid soilbhir;
Glaoidh ar Thomás ghalach ghníomhard de threibh Eoghain,


L. 62


Is do cnuasóidh cíos duit go ródhíreach cois na feorann,
Tá dís farairí ins an bhealach i gCill Michíl romhat,
Donncha is Aindrias, cliar neamhchlaon ná rachaidh ó dhíol uait,
Tá fear fialmhar ag Crois an Iarthair de threibh Fhearghais,
Gheobhair do riar uaidh mar is mian leat gan dháil faillí;
Má ghabhair chum Taidhg, fear teagaisc is leighis i bpobal Bhéal
Átha,
Gheobhair go deimhneach olann is saill mhairt, beathuisce is pláta,
Má ghabhair ó thuaidh chum Tadhg an tsuaircis tá in Uíbh Breacáin,
Do gheobhaidh tú mórchuid is é is mó is guais duit laghad do sparáin,
Gach n-aon thabharfas cabhair ná carthannacht anois do Phádraig
Stiúraigh sailm cheart i gcomhair a dtairfe chum an Airdmhic,
Is beidh gan faillí a phaidrín is a ghnáthghuí leis an gcléireach,
Má bhíonn ceart díreach do, agus dílis mar Receiver;
Ag seo labhartha is cúrsa trom an donáin bhoicht,
De réir mar mheabhraigh is é ar a dhrom go teilgtráite,
Scríofa uaimse cidh táim suaite, an chéad lá Mhárta,
Seacht gcéad déag ní áireamh bréige cúig is seascad,
Aois an Aonmhic do scrios saor sinn ó phríomhpheaca.



B 1766-69ls 18D
18. TÁ CAILÍN DEAS TAIS MÍONLA ÓG DOM CHRÁ.



Tá cailín deas tais míonla óg dom chrá
Cé haistíoch an ghaigíocht dom shórt a rá
Gur chaith sí go fras saigheada i meon mo láir
Do mhairbh claoite lagbhríoch mé i mbrón dubh báis.



Is casta a dlaoifholt crathach síos go feor léi ag fás,
Is is tearc a braoithe cama caoile i gcló gan cháim,
A dearca righine mallachlaona is lonrach scáil,
Is a tana-chaorghob blasta binn tais modhmhach gan phlás.



Is fada a píb mar eala ar linn nó ar bhord na trá,
Is cailce a cíocha ganna chruinne nár chomhadaigh lámha;


L. 63


A seanga caolchorp snasta, míngheal óg nach ard,
Is tamall síos mar mheasaimid tá seod is fearr.



Tá an sneachta ag tíocht is dath na gcaor i gcoimhlinn bháis
Ina leacain ghrís ná glacann teimheall tar meon go brách,
As sin síos dá gcanfainn díbh gan fóith gan fán
Ó bhaitheas cinn go barra troighe 'na lóchrann bhán.



Ar bhrataibh síoda is gasta fhífeadh leoin is báirc,
Seannaigh, faoilchoin, tairbh, míolta is róinte ar snámh,
Eachraíbh ar aiste suíte i gcóir chum ráis,
Is cranna bhíos go talamh líonta de shórt gach bláth.



Mo scalladh croí gan mise is í ar bhord Challáin
Gan neach sa tsaol do theacht dár ngaor ó nóin go lá,
Go sealbhaínnse an chathair faoi na tórthaibh bláth,
Dá gcaillimis an t-anam tríd, a stóir's a ghrá.



Dearbhaím nárbh fhada linn cé mór le rá
Dá dtagadh an oidhe ar fad san oíche i gcóir mo ghrá,
Gan leaba ach taoibh re cearca fraoigh ar móin go sámh,
Is geallaim díbh ná glacfainn smaointe bróin go brách.



Ní cheilimid a gairm díbh, cé bhreoidh mé tráth,
Casna caoin de shleachtaibh saoithe treoin nár tláith,
Na farairí ba mhaith i dtíos an pór ór fhás:
Sin teastas cruinn re n-aithris díbh gan gó ar mo ghrá.



B 1784c 18D

19. DO SHEÓN LLÚID.



(Tomás Ó Míocháin cecinit iar bhfáil na hiargcaoineadh réamhráite
óna charaid cumainn, .i. Seón suairc, searcmhianach Llúid)




Dá mblaisfinn, a Sheáin, gaise na ndáimh
Is dearbh gur lánacmhainneach
Do cheapfainn id pháirt marbhna cáis
Do ghailtean den ard Teamharfhuil.
Ár ngolaibh níor thrua, cia loiteadh i dTuadhmhumhain
Iomad den chuain cheanamhail,
Gur fochadh san uaigh sochar na slua,
An bhrollach gheal bhuach bheannaithe.


L. 64


Cá bhfuil aoibhneas fleá ná saoirse ag dáimh
I ndioghail a ndán ndealfa,
Ná dioghail le fáil d'fhíorbhochtáin
Re scaoileadh a ngnáthanacra.
Na dallaibh gach lá is deargbhochtáin
A sealbh an aráin aibithe,
Ó bhradaigh an bás an charthannach bhreá
B'fhairsinge mám freastaile.



Níorbh fhollas gur fhás posta dob fhearr
Foscadh don tláith-thaistealach
Ná an ghormrosc bhláith bharramhail mhná
Foilceadh as meán mealashruth,
Ó ghráidh an chaoin chráifeach Críost,
Bráithre is príomheaglais,
Sáimhe is síth ag Máire bíodh,
I bpáirt le naoimh fhlaithis ghil.



An Ceangal
Is deimhin gur caoir nimhe trí chríoch Fódhla ar fad
Soitheach na saoirghníomh riaraíodh leon is lag
Is criostal na gcruinnchíoch d'fhíorchraoibh mhóir na bhflaith
I reilig ghil Mhichíl faoi dhídean fód is leac.




U 0201
20. CÁINEADH DHONNCHA UÍ MHATHÚNA.



(Donncha Ó Mathúna an Chairn cecinit i gcoinne Sheóin Llóid agus
Thomáis Uí Mhíocháin i dtaobh saothair do rinneadar ag
moladh Mháire bhreá Ní Mhac Dónaill, bean
Mhuircheartaigh Uí Mhathúna)




Mórshaothar breallach do shailigh an páipéar glan,
Gan uaim gan aiste gan aiteas ach ráifléis leamh;
I mbuaic Phegasus is eagal gur baol do neach
Gach tuata marcaigh do chleachtadh bheith clé ar each.




L. 65


21. FREAGRA AR DHONNCHA.



U 0239
(Seón Llóid agus Tomás Ó Míocháin)



Is é tuigtear le dream peannghlic na Gaeilge cheart
Gur trudaire fann, sreangbhriosc, gan bhrí gna bhlas,
Gan cuisle re greann, rann suilt, ná caoimhreas ceacht
Chuir a luidirne cam ramhar uaidh gan sníomh gan snas.



Ní breitheamh ar aiste véarsa ná laoithibh léinn
Seargnach searbh, seasc, nach suíte a gcéill
Do chleachtadh an t-each ar gceapadh dríodair dréacht,
Pegasus bacach, mairceach, claoite, caoch.




L. 67


23. LEABHAR EOIN.



(Tomás Ó Míocháin agus Seón Lloyd do Dhonncha Ó Mathúna,
Donncha an Chairn)



Nach doilbh an dáil i bhfearann an Chláir
Tá inniu ar bheagán binntsuadhaibh,
Dalta na mbáb d'aibigh i ndán
Is an seancha sámh, suaimhneach,
Cantaire cáidh, greannmhar, grách
Charn gan ghráin shíl Ghuaire
Do bheith treascartha ó láimh leasaire mhná
Nó deamhan den ál fhíoruaibhreach.



Níl siabhra baineann ó chiarchnoc Guilinn
San rian go motharaibh mín Ruafhinn,
Nó geasaire fir de chlann mhic Lir
Ó Chaiseal go lic chruinn Cruachna,
Nach fogas dóibh aoir loiscithe croí,
Mallachtaibh nimhe is créacht uaimse,
Mara ligid gan spás deireadh na mbard
Soilbhir, sách, síoch, uathu.



A churaíbh den chléir chumannaigh chaomh,
Do theagascas tréad troimthuathaibh
Fairídh gach buíon seascartha sí
Is feasach in bhur slí saorchuardaigh;
Is aitim ó chroí fear ar bith dhíbh
Do dhearcfaidh seandraoi gléir Tuamhan:
Tugaídh le fonn ollamh Leath Mhogha
Ó mharcra lom na léanruathar.



Dún sí Crocháin, cathair na haonmhná,
Is as san go Trá na Toinn' Móire,
Bíodh fé choimeád Thaidhg Mhic Gormáin,
Fear neamhthláth i ngníomh fuadaigh;
Lios ramhar Bhoráin is Tearmann tSeanáin
Bíodh fá Labhrás stéad mhórdha,
Is fá Chambers seasmhach ó thaobh sruth Bhaisceannach
Maolchnoc M'sheachlainn is Bruíon Chluana.


L. 68


Cathair Uí Mhurchú is barrchnoc Dhún Chlúmhail
Inar mhinic go súch na slíshluaite,
Fá Aindrias fágaim, fear ar an mbearnain,
Do throidfeas i gcás mo chaoimhchúraim;
A Shéamais fhinn óig ná tuill callóid,
Macha na nGeasróg cruinn cuardaigh,
Lios Chill Cliatháin, Craig na sciathán,
Cathair Uí Ógáin is na trí bhuaile.



Bíodh coimeád Stuifinn ar Sheán Mac Cruitín,
Ós dearbh linn go mba fíordhual dó
Gan file Craig Liath do ligean gan fiach
Le duine ná diabhal daorghuaiseach;
'Uí Eithir na n-éachta is nár má léigir
Le deamhan aerga ó ghleann Ruachta,
Breitheamh na Bréintre, foras na héigse,
Is eochair na Gaeilge ghrinn uaimse.



Ná tugtar milleán do Sheán Mac Cárthaigh
Sagart ársa ar díth luadair,
Do bhéarfadh gusta gaoithe é d'ainneoin a dhíchill
Go Cnoc Fírinne nó go Sliabh Luachra;
Leasaibh is caisleáin Chlanna Choileáin
Ba chalma lámh re linn cruatain,
Bíodh fá choimeád an dá Mhicheál
Is Sheáin Uí Ógáin fhíorluaimnigh.



A Aindrias scríbhneoir, ná tuill easonóir,
Is ceangail ann seanóir Dhroim Ghuaire
Ar a Phegasus caoch go dtugtar é saor
Ó mhoghsaine dhaor na mbuíon ngruagach;
Ná hiarraidh stioróip, mata ná saoisteog
Ar feadh cúig ló is trí huaire,
Ach coinneal gheal bheith ar lasadh ina ghlaic
Is a aghaidh ó dheas ar Dhún Ghuaire.



Ceangail mo sciathdhíon faoina scroigín
Le snaimeannaibh snáithín scéimh-uaithne,
Tá beannaithe ó altóir is ó dhisréad fritheoil
Shéamais Baróid chaoin stuama.


L. 69


...
...
...
...



Nascaim ar Thomás ghrinn Mac Giolla Seanáin
Gan réal páidhe ná cléirdhualgas,
Paidiribh Dháith rí, sailm nó ráflaíocht
Is beatha na n-ardnaoimh gcaomh uasal
Do rá go craífeach gan fuíoll áireamh
Ar feadh naoi dtráthaibh 'na maolchluasaibh,
Dá thabhairt ina rith, ina chiall, is 'na chruth
As Pé Loch Goir inar scinn uainne.



In Inis Diomáin ag rá na n-óráid
Dá dtigfeadh gleorán ná gaoth guardail,
A Sheáin Uí Bhraonáin, bí ar do choimeád,
Is glac an gearrán ar ghreim chluaise;
Buíon Chnoic Meá má chír in aon aird
Ag teacht ag tarrtháil an chríonchuaille
Ar Bráthair Ó Loinsigh glaoigh gan mhoill
Is geallaim go bhfaighir do shaoirfhuascladh.



A Dhochtúir Lochlainn, glacsa Donncha
Tar éis gach dochair is daorbhualadh,
Is tom an laoch i bhfothrogán ghéar,
Nó i seanábhach séimh slímchuachach;
Fiche piollaire is cúpla glistire
Tabhair don ghinnéalach ghrinndhuanach,
Is beidh chomh folláin le fíorbhradán,
Cé fada tá 'na chíor thuathail.



An Ceangal



A Chairn chirt chaoin chroíghlan bhí calma i ngliadh,
Sin agat gan mhaíomh díonleabhar beannaithe ón gcliar,
Do chasas do chruinnchuimhne, do mheabhair is do chiall
Is ghlanfas tú as bruidhean Dhoinn ghil na n-eachra ndian.



Is deimhin gur saighead sí-fhir nó seascaire ria
Tug fá deara do shlím-chríonduine leanbaí liath
A chasadh re baoislaothibh is le rannaibh gan riail,
In ionad paidrín Íosa do ghlacadh le mian.


L. 70


Ós feasach nach fíorchuibhe dhom do leamhas do riar,
Dearbhaim dhaoibh fuíollach na seanchaibh sian
Má leagtar tú arís síos leis an ngalar seo id dhiaidh
Gan barra mo phinn choíche do chasadh id liaghas.




B 1760c 18L
24. FÁILTE ROIMH PHÁDRAIG Ó CONAILL.



(Tomás Ó Míocháin .i. príomhrialaitheoir nó Surveyor chuain
chaorthonnach cholgach chúráin Mhalbay in iarthar chontae an
Chláir; agus cléireach Cúirte na caoinchontae céanna, ag fáiltiú
roimh Phádraig Ó Conaill ar iltheastas príomhursa na suadhéigse
.i. Seán Ó Tuama).




Fáilte is céad cléibhe gan chime gan chreach
Roimh Phádraig shéimh bhéasach Ó Conaill iar dteacht
Ó Mháig na saoréigse tar Sionainn na sreabh
Go trácht Mhalbay chaorthonnach choipitheach ait.



Aiteas is só is ceolta dá spreagadh go fras
Beathuisce ar bord, beoir bhlasta is beatha re ceas,
Fairsinge is scóip, cóir chluthar teannadh agus teas
Feadh mhairfidh uainn gheobhaidh is deonach gan tarraingt ó dheas.



Aneas ó théarnaigh an laoch ba churanta beart
Gheobhaidh rath is réim, saorshult is cuideachta cheart,
Ní bhainfidh gaoth tréanas dó, tuire ná tart
Is gan chead don déirc tréigfidh an bosca is an sac.



Sac nó géarmhála ní fhágfar aige 'na ghlaic
Is a mhuirear beidh sámh sáitheach gan mheirbhe re n'ais
An donas faoi Mháirt Cásca mura dteichfidh ón bhfear
Beidh ceangailte a chnámh in árainn go daingean faoi ghlas.



Glasaibh ní baol don laoch is sultmhaire pas
Trí theastas na n-éigse ngléir gheobhaidh urraim is meas
Is gach teachtaire saor mar é do riochfas tar lear
Go caladh Mhalbay na séad, na longa is na mbrat.


L. 71


Bratachaibh glé gheobhaidh sé má leanann mo reacht
Is is danartha daor mar scéal don Mhangaire bheacht;
An ainnise ar théid nó i ngéibheann ceangail faoi ghad
Nár smachtaigh ón té bhí faon is a cheathrar lag.



Is lag gan réim sliocht Éibhir, Ír is Airt
D'fhúig dealbh tréith an éigse chaoin gan dreacht
Tar lear dá léimfeadh Séarlas groí na dtreas
Bheadh Gallaibh go faon is Gaeil arís 'na gceart.



Ceart ná cóir is dóigh ná faigheam i bhfad,
Tré bheartaibh nóis éagóra ár sinsir seal,
Tá fala, forneart, fórsa is déanamh creach
Ag fealladh fós ar mhórthreibh Mílidh mear.



Mear meanmnach is fearra dhúinn bheith síoch re searc,
Is carthannach don anbhainn gan bhrí gan bhail;
Níl tairbhe i ngearradh goib ná i gcaoi na ndearc
Go scaipithear ár ndeacaraibh le Rí na bhFeart.



An Ceangal



Fáilte is fiche gan chaime gan chruas gan chlaon
Roimh Phádraig churata Ó Conaill go cuan Mhalbay;
Gheobhaidh lámhach is imirt, glanchuideachta, duan is dréacht
Is Bláthnaid mhiochair dheas shoineanta shuaimhneach shéimh.



Go suaimhneach séimh saorga is go soirbh súgail
Beidh uaisle glé an Ché leis, is scoith ár gCúirte,
Idir thuaith is chléir, éigse agus ollaimh údair,
Go buan dár léirchaomhnadh go cothrom cúntach.




25. SAORCHEAD DO PHÁDRAIG Ó CONAILL.



(Contae Luimnigh, mar aon le mórchuaird inse fearannghlas ábhalmhóir
Éireann. Ag seo saorchead sona le síothoilteacht do Phádraig
uasal Ó Conaill chum siúil is síorimtheachta ar feadh poibleacha
prionsabálta príomhchreidimh in Éirinn i measc Eaglais, uaisle is
ardfhlatha, triaithe, taoiseacha is tánaistí, éigse eagnacha is ollúin,


L. 72


mar aon ris gach Críostaí carthannach coinsiasach ó shin amach,
re'r toil, ar ghrá Dé, féachaint le súile na truamhéile air féin is ar
a cheathrar díleachtaí re cúnamh clúdaithe do dháil dóibh, dá
gcaomhnadh ar ghalar ghríobhdha ghrodgháifeach na gaoithe gailge
goimhiúla garbhfhaobhair an Gheimhridh. Bhéarfaidh a bhuí sin
mar is dual re Dia mór na n-uilechomhacht mar aon ris an gcúirt
ainglí. Tabhartha faoim láimh an treas lá de Shamhain, 1760).




A Phádraig, gabhaidh mo leathanphas saor go suairc
I ngach áit a ngabhair i mbailte poirt Éireann uais,
Go brách dod chabhair, dod chasnadh, is dod chaomhnadh buan,
Gan bhá, gan bhascadh, gan mhairg, gan bhaol, gan bhuairt.



Buairt ná aithis ná tagradh aon don fhear,
Ba mhór a chaithis faoi rachmas an tsaogail seal,
Níor chruaidh a ghreamanna, is feasach nár dhaor a bhreath,
Gur bhuail an ainnise dearbhthoil Dé 'na theach.



Teach flatha nó taoisigh dhíobh 'na stadfair ar cuaird,
Go ceanamhail bíodh gach saoi le taise is le trua,
Chum fairsinge bídh is dí agus leaba chun suain
Dom gharbhfhear Ghaelach ghrian, gan ghangaid, gan ghruaim.



Gruaim ná doicheall ná cluintear le héigse an ghrinn
Ag stuaire an bhrollaigh ghil mhogallaigh, mhaorga, mhín,
Go buacach, bronnaitheach, ullamh, glan, éasca bíodh,
Nó is buan ár ngotha dá gcoscairt go daor sa dlí.


L. 76


B 1784c 18D
30. IS CLAOITE MÉ I gCREATHAIBH.



Is claoite mé i gcreathaibh gan tapa gan treoir,
Dom chaitheamh mar lóchrann lasta le pian,
Le fíorghean is taitneamh do ghailtean bhig óig
Is ní caille dhubh chrón mar Chaitlín Triall.
Ní iarrfainn lem chailín seascaí ná stór,
Iarmhais ná eallaigh cnoic, earraí ná ór,
Le mian bheith dá taithí idir bhraitlíní teo,
Is ag staraíocht lem stór gan mhairg gan chiach.



Is ní cheilfead mo theastas, a shearc is a stór,
Gur chleachtas-sa ceolta, aiteas is rian,
Is cé bhíonn gacha maidin an ainnise im thóin
Ach fágaim ar neoin fá dheireadh é san sliabh.


L. 77


Do chaithfinnse pingin i gcuideachtain spóirt,
d'ólfainn ina coinne sin scilling is coróin,
Dom Wig is dom Beaver ní baol bean an óil,
Ní rithim scór le seachtain ná bliain.



Is minic mé in aice na bhflaithibh is mó
Idir Chorcaigh na seol agus Gaillimh na n-iasc,
Is nuair ná bíonn gá acu ná spleáchas lem ghnó
Ní mór go bhfaighinn póg ná beannacha Dia;
Do chuirfinnse seanchas Bhanba i gcló,
Is chumfainn go taitneamhach aiste agus sceol,
Ba bhinne mo véarsa ná téadaibh an cheoil
Gur chailleas le Róis mo mhisneach 's mo chiall.



Is a ghrá ghil's a thaisce ná fuiling mé i mbrón,
Gur fear mé in am spóirt ar faiche is ar fiach,
Lá earraigh le laige níor scoireadh riamh fós
I dtosach caoilfhóid mo sheisreach fhial;
Bíonn mo chuid prataí gan balaithe seaca ná reo,
Is gan gádh ag mo chuid braiche le giosta na hóip,
Is annamh ceal féir ar mo lao ná 'r mo bhó,
Mo chapall ní stróiceann giorta ná srian.



A ghrá ghil mar chéile ná héimhighse góbhail
Le soilbhfhear sóch gan chealg ina chliabh;
Is fearr ná maor teallaigh de chlannaibh mhic Lóip
Le daichead bearóg ar phaiste de shliabh.
Níl baol ar ár mbeatha an fad mhairfeam go deo,
Ach an saol seo do mhealladh is do scaipeadh le spóirt,
Gan éitheach, gan achrann, spairn ná gleo,
Mar bhíonn ag Móir is ag Murchadh an Diabhail.


L. 78



31. MOLADH NA VOLUNTEERS.



(Tomás Ó Míocháin cecinit ar bhfuascailt na nÉireannach ó
dhaorchuing na Sagsan le saorarm gáirmhianach na Banban, dá
ngoirtear Volunteers).



(Fonn: Stáca an Mhargaidh)




A ghasra ghrámhar, gháireach, ghreannmhar,
Chairdeach, cheanamhail, d'fhás na seancha,
An chóip cheoil ná cleachtadh an Cíos,
Ná tagraidh trácht i mbád na mbealach
Ar stáca an mhargaidh stráic gan tairfe
Is fóisc stródh gan faice ar a ndroim,
Ach seinnídh go fial i riail na ranna suilt
Mear-Volunteers geal-iath na Banba,
Fianna, fearamhail, gliadhghlan, gaisceamhail,
Diana, dearfa, ciallda, calma,
Treoin, taisc is taca don tír.



Ar Ghrattan ba náir gan trácht go taitneamhach -
Cáidfhear ceanamhail, cáilmhar, ceannasach,
Seol scóip is taitneamh gan tim;
Is ba dheacair dá bhfágfainn bláth-Bhurgh beachtaithe,
Ráib le'r tagradh cás na Banba,
I nglór beoil ba bheannaithe binn.
Leigeam go dian ina ndiaidh gan dearmad
Yelverton fial ag fiach na bhfeallachon,
Sciath gheal-tseasamhach, iadhain acmhainneach,
Rialach, rabairneach, triathach, teangachlis,
Lann áir is luiseag na nGael.



Cidh fada atá cáin is carnadh ar eaglais,
Dáimh gan freastala fleadha ná fearanntais,
Béim bróin is leagadh ár laoich,
Beid feasta go sáthach, sámh, gan eagla,
Saighin 'na sraitheanna, acht lán is lascaine,
Réim só agus aigne ghrinn.
Guíom an Dia re liaghas ár n-anama
d'fhulaing a phianadh ar chliath na peannaide


L. 79


Ó stiall na nglasa seo i mbliana chealg sinn,
Iarmhar achtanna fiar na Breataine
Bhreoigh sármhic Chairbre is Choinn.



Re meanmna ó tharla an lá ag Catholics
Trácht na farraige is dáil gan eagla,
Cóireáil agus ceannas 'na ríocht,
Gach canna criadhmheánach tráfam ó dheargphunch,
Sláinte mharthanach bhláth na n-armaibh,
Barrleoin i dtreasaibh na gclaíomh;
Cuirfimid sianteach Bhriain trí lasra
Is brisfimid spiara Uillim Uí Shlatara
A Chiain Uí Challanáin, riar an beathuisce,
A chliamhain croith feasta dhíot srian na hainnise:
Glaoidh ceol is greadfaimid ríl.




32. AR N-ÉIRÍ DO FENCIBLES.



(Ar n-éirí do Fencibles in aghaidh Volunteers)



(Fonn: Leaba chlúimh is córdaí)




Tá néalaibh cumha le seal dom bhuairt
Do léan mo lúth do leag mo luail,
Is faoiseamh liom a chanadh in uaim
Na bearta duairc do bhreoigh mé;
d'éis ár gcúnamh marashlua
Is ár ngéilleamh umhal do Bhreatain Mhóir
Go faon mar d'iompaigh an meangach truaill
Ag brath ar uain phionsóireacht'.



An té do stiúras teas is fuacht,
Réalta rúin is reannaibh luais,
Go saora fionnfhir fhearainn Thuadhmhumhan
Is crannaibh cruais Chláir Fódhla.
Is in éiric siúil na searbhchuan
Do réidhigh an cúinse theastaigh uainn
Laoch ná long, thoir, theas ná thuaidh
Ná raibh ag cuallacht Sheoirse.


L. 80


Mo léan, mo liú, mo chnead, monuar
Go faon in úir 'na gceapaibh buan
Do ghéagaibh clúmhail crathach cnuais
Na ndragan n-uasal n-órdhearc;
Tréanfhir túis na Teamhar mhóir,
Laochra luath na Cleithe Rua,
Féine Mumhan na n-eachaibh luath
Is gach flaith de mhórfhuil Bhreogain.



Sna laethaibh siúd ba fleách, suairc,
Saorga, súgach, searcach, snuadhúil
Gaeil i gclúid is i gceannas tuath
Gan Gallaghuais dá mbeo-lot.
Ach cléir is uird i gceallaibh duail,
Éigse an iúil i rachmall mhóir,
Aos gach ciúil ag spreagadh duan
Go seascair suaimhneach seolta.



Nach daor an chúis i mbailtibh Thuadhmhumhan
Éarla d'úircheap d'eascair suas
De chaorthaibh cumhra Chais gan chuan
Is de mhodhúilbhua na Bóirmhe,
Go faon mar chúb ón mbrataigh mbuain
Is ón gcéim glan, glonnrach, gradam fuair
Ina mhaor gan chlú, gan mheas, gan uaill,
Ar scata truaill pionsóirí.



Gach aon dá samhail do ghlac a dhuais
Is d'aontaigh comhar na gceatharn rua
I mbéal na n-amhas go raibh a gcluas
Sul bhreacfaidh gruaig na heornan.
Ach séidtear dúinn an barra buabhaill,
Is téam i liúireach catha crua,
Go ndéanfam brúscar bhealaigh mhóir
Den arm nua seo Sheoirse.



Féach, cá bhfuil dúiche ó neamh anuas
Is féile rúta is cruithneacht cruach
Ná Éire úr na mart neamhthrua
Is na n-eachaibh n-uaibhreach n-óga,


L. 81


Cider, lionnta is bleachtas buaibh,
Créithre cumhra meala-chnuais,
Éadach clúid is leathar buan
Gan téacht tar bruach na bóchna.



A Ghaelaibh ionraic armbhuach
Géill ná cumha ná raidídh uaibh,
Craobha, cúla, cnoic ná cuain
Do chealgchuain na Coróineach,
Go saor do Stiubhart, cé fada ar cuaird,
Ag gléasadh a mhionn is a bhachall bhua,
Gan spéis i Londain tagann suas
I ngradam mhór is i nglóire.



33. A UAISLE INIS ÉILGE.



(Fonn: Do dhéanfainnse bróg is céachta ar an gcóir)



A uaisle Inis Éilge de chnuascheap na nGael
Tá luascaithe i mbuaireamh is suaite ag an saol
Do chaill le camdlí is le hachtannaibh daor'
Gach paiste dár shealbhaigh bhur sinsear,
Músclaidh go lúthchleasach feasta chum éacht,
Is lúbaidh go hurlainn bhur lanna go léir
I gcoinne gach dream d'fhág sibhse go fann
Le fada gan sealbh gan saoirse.



Níl suairceas i scéal, i nduanta ná i ndréacht,
Ná greann ar chomhluadar na n-uasal tá faon,
Cia bíonn giolla an óir do shíolraigh ó Mhóir
Ina pheata ar gach baiste agus pósadh.
Féach Bráthair Ó Laoghaire, cidh claon linn a rá
Mar chruann an coiléar leis an té bhíonn ar fán;
Do bheirim do siúd breis tairbhe an oird,
Is cead raide don aicme atá scólta.


L. 82


Do bheirim an chraobh do Washington saor,
Is do Jones atá ar farraige ag greadadh na bpiléar,
Is iad súd an bhuíon do throideann go binn
Ag seasamh i ngradam 's i nglóire;
Is tríothu so is fleet mara Laoisigh do shiúil
Pé lonradh beag lagsaine gheallaid na búir,
Ní bhfaigheadh sibh cead léasa ar bhothán na ngé
Nó gur leathain an eagla ar Sheoirse.



Nach léir díbh an tan bhí clann Iácob na ngníomh
I bhfad aige Pharoah faoi cháin is faoi chíos,
Re urnaithe shíor is clúchleasaigh claímh
Go dtánadar slán as an Éigipt.
An sómpla glacaidh le meanmain ard
Ós dócha ná maireann lucht fearaibh is fearr
Le faobhar agus fíoch gan staonadh gan scíth,
Lomchartaídh bhur námhaid tar Téitis.



34. AR DHOILIGHSHÍON NA MÍOSA JANUARY 1784



(Fonn: Seán Ó Duibhir an Ghleanna)



Ní tóir ná troid na n-arm,
Gleo ná gréasachta catha,
Toirneach dhaor ná lasair
Lánmhear na bpiléar
Do leoin, mo léan, is do lagaigh
Treona tréan 'na dtreasaibh,
Óghaibh faon 'na dtreabha
Is ársaibh na dtréad;
Ach fornimh ghéar an tseaca
I gcomhar le fraoch an tsneachta
d'fheoidh go léir is d'athraigh
Fás agus féar;
Do scól, do chlaon, is do chealg
Cló agus scéimh na bpeacach,
Bólacht méithe beatha
Is bánstoc an tsaoil.


L. 83


Tá móide cinnte is fearg,
Forneart, fíoch is fealladh,
Borrmheas, bruíon is beartaibh,
Cáin bhradach chlaon;
Comhrac, cíoradh is caismirt
Chomharsan chaoin is charad,
Róbhriseadh Aoine is reachta
Is ráitibh mhic Dé;
Póit 'na díle daite,
Mórtas, maíomh is mealladh,
Re pósadh síor 'na sleachtaibh
Saorghrod na ngaol;
Tré mhórthoil Rí na bhFlaitheas
Fós gan scíth ag fearadh
Brón go daor ar chlannaibh
Ádhaimh agus Éabh.



A Chomhachtaigh fhéil na n-aingeal
Sheolas réalta is reanna,
Is do dheoin ár saoradh i bpeannaid
Páise na gcréacht,
Fóir gach féine flatha
Breodh le géibheann Galla,
Foirne faobhrach feasach
Fearga na nGael;
A stóir ghil, aontaigh feasta
An ceo goirt géar seo 'scaipeadh,
Is lonradh gréine 'lasadh
I ndáil leis an spéir;
Is i ndeoidh gach péine ar talamh
Ród dhúinn réidh go cathair
Ghlórmhar, ghléigeal, ghreanta,
Ghardach na naomh.


L. 84


B 1776 18D
35. AR dTRÉIGEAN BHOSTON D'ARM SHASANA, 1776.



(Fonn: Washington's Frolic nó an seanfhonn úd An Fear Buile
gan Bhríste)



A ghéaga cumainn na nGael gcumais
De shaorcheap mhuireannach Míleadh,
Tá tréithlag tuirseach ag plé le bruscar,
Gan réim faoi urchall cíosa,
Sin scéalta sonais do théarnaigh chugainn
I gcéin tar dromaibh na díleann,
Go bhfuil meirligh mustair go déanach gonta
Ina mbéile fiolair is faoileann.



Is fonn 's is aiteas liom Howe is na Sasanaigh
Tabhartha, treascartha choíche,
Is an crobhaire, Washington, cabharthach, calma,
I gceann is i gceannas a ríochta;
Sin amhais ag screadaigh gan chúil, gan charaid,
Gan trúip ná barcaibh ar taoide,
Faoi Shamhain go dearfa búir na Breatain'
I bponc faoi thearmainn Laoisigh.



d'éis an chluiche seo Éire léigfear
Dá céile dlitheach ceart díleas,
An féine fuinneamhach faobhrach fulangach
Séarlas soineanta Stíobhart;
Beidh réim ag filí, is go saol an iolair
Cead féir is uisce ag Gaelaibh,
Is na géaga ag filleadh re héigean duille
Is na héisc ag lingeadh as a líontaibh.



Go saor im fhochair le méin dom fhoclaibh
Ag déanamh an ghortha seo ' mhaíochan,
An té gan dochma nach ngléasfaidh portaibh
Go séidtear gothaibh a phíbe;
Taoscam srothaibh de dhaorphunch thorainn,
Is réabfam cornaibh fíon breac;
A Thraolaigh brostaigh leat Méabh Ní Chrotaigh
Agus claon do chosa chum rince.


L. 85


U 0330
36. FREAGRA SHÉAMAIS UÍ DHÁLAIGH.



D'fhág na flaithibh is na fáidhibh feasach'
Bhí tráth i bhfearann Loirc líonmhar,
Le fáil a marbhna i bpár 's go beachtaithe
Sárcheart, tarranta, scríofa,
Ar dháil an chatha seo ar chairde Chalbhin
Tharla i mBoston i gcoimheascar,
Gan spás go gcasfadh go bláth i mbailte poirt
Cáidhshliocht calma Gaeil ghlais.



Gach fánach mhaireas d'fhuil Chártha Chaisil
Is a mbráithre cartadh thar taoide,
Ó táid ag tarraingt is ag trácht abhaile
Tar clár an chaise go buíonmhar,
Le gairdeas glacaidh do láimh bhur n-airm
Go gardach gaisceamhail gníomhach,
Is ná fágaidh baitheas ar bhráid ag bathlach
Ná cnámh gan gearradh sa choimheascar.



Faoi Cháisc beidh scaipeadh agus rás ar Ghallaibh
Gan sámhbhrog seascair ná síol stoc,
Is in áit na namhad beidh táinte, geallaim,
De shárfhuil mhaithchine Mhíleadh;
Tá an cairde fada is sinn cráite in easpa
Gan fáil ar fhairsinge dí againn,
Go trácht tar caladh don mháil gan ainm,
Is a shláinte tabharaídh timpeall.



B 1781 18D
U 0239



37. AR GHÉILLEADH CHORNWALLIS AG YORKTOWN 1781.



(Fonn: "Níl 'na lá, tá 'na mhaidin")



A ghéagaibh gníomha Choinn is Eoghain
Chím faoi cheo gan treoir gan tapa,
An daor nó an díth libh suim an sceoil
Mar cloíodh sa ghleo seo slógh na Breatan.


L. 86


Ba gheal an lá in Inis Fáil
Dá mbeadh bráithre Dé 'na gcealla,
Éigse is dáimh saor ó cháin,
Gaill ar lár is Gaeil 'na mbailtibh.



Cé docht bhur gcéim ag plé le cíos,
Gan réim ag ríomh le maoraibh measta,
Is feas i ngaobhar dhaoibh séan is síth,
Saorgacht, saoirse féir is fearainn.



Gach gliaire Gaelach bríomhar buan
Is gach groífhear suairc gan séad gan taisce,
Faigheadh a chlaíomh go líofa luath:
Seo an chaoi is an uair chum caortha cogaidh.



A laochra tréan de phréamhshliocht Niúil
Tá i bpéin ag tnúth gan réim bhur n-athar,
Ná tugaidh béim ná céim ar gcúl
Go ndéantar amhais an Bhéarla 'threascairt.



Táid thiar dá séideadh ag Wayne is ag Green,
Thoir dá snoí ag Hyder Ali;
Ní díon do Chlinton cnoc ná coill,
Bhí ruathar poill is péiste ar Arnold.



I mbarcaibh ghliadh sa ghrianoileán
Sin cíortha cáite eastát na Sacsan,
Washington gan chiach gan chás
Is an diabhal go brách ar Chornwallis.



Cé tréan ar toinn mar maítear leo:
Hood faoi sheol ag fóirthin Rodney,
Beid réabtha síos gan laoch gan lón
Re grásta an Treoin ba cróga i gcuradh.



Gach gléghas grinn le'r bhinn mo sceol
Suíodh im chomhair ag glaoch na meadar;
Déanam ríl ghrod foinn is ceoil,
Bíom ag ól go tíocht don mhaidin.


L. 87


B 1784c 18D

38. DON DOCHTÚIR Ó hALLURÁIN.



(Tomás Ó Míocháin go déanach cecinit do Dhochtúir Fíorealaíonta
Ó hAllmhuráin).




Do charas féin go feas
seabhac is airde mórmheas,
easna cnuais de cheap Choinn,
ollamh oirdhearc gan eascaoin.



Is caoin is is cneasta ceannas caomh, ionraic,
fíonmhar, fleagach, feasach, fíorchlúmhail
an tsaoi ghlic ghasta i reacht na bpríomhúdar,
craobh de cheap ghlain cheart Uí Allmhuráin.



Ó hAllmhuráin fial re fios,
cá bhfuil dochtúir is mó leigheas,
ná fós sua, sáir ná saoi
is fearr eagna is ealaí?



Níl ealaí ait dár chleacht na gaois-Ghréagaigh,
gan speadaíocht snais nach feas don tsaoi ghléigeal;
staraí ceart is seannach síorbhéasach,
fear fíor fras, is gas re grinntréithe.



Barr ar thréithibh an leá,
trí thuile tnútha is tírghrá
Fiaile nua do scrios le peann
as seantseanchas na hÉireann.



In Éireann Airt níor bhfeas dúinn binndréachtach
re caomhnadh starthaibh sean na nGael ngaosmhar,
go téacht don ghais do thacht ár ndaoirchléirigh,
is gur séanmhar mhairfidh an searcach saor léannta.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services