Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ancient Music of Ireland

Title
Ancient Music of Ireland
Author(s)
George Petrie,
Compiler/Editor
Petrie, George
Composition Date
1855
Publisher
(B.Á.C.: Society for the Preservation of The Melodies of Ireland, 1855)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ni ólfa mé ní's mó ar na bóithre seo Shligigh,
Agus tógfa mé mo seólta fa bhórd na caille glaise;
Olfa mé mo dhóithin dia domhnaigh is biad ar mire,
Mar shúil is go bh-fhaghainn-si póigín óm' stóirín bláthna finne.



'Tá an bláth bán ar na móinte agus an fóghmhar ag filleadh;
Is gé gur ládhach ládhach an raéd é an pósadh as dúbhach deórach
ad fhág sé mise.


L. 11


U Anaithnid
Atá cailín deas am chrádh,
Le bliadhain agus le lá,
Is ní fhéadaim a fágháil le bréagadh;
Ní'l aisde chlis le rádh,
Dá gcanaid fir le mná,
Nár chaitheamair gan tábhacht léi-si:
Do'n Frainc nó do'n Spáin,
Dá dtéigheadh mo ghrádh,
Go raghainn-si gach lá dá féachain,
Is mar an bhfuil sé a n-dán
Dúinn an ainnir chiúin seo d'fhághail,
Uch! Mac Muire na n-grás d'ár saoradh.



'Sa chailín chailce bhláth,
Dá d'tugas searc is grádh,
Ná tabhair-si gach tráth dham éradh;
'Sa liacht ainnir mhín am dheáigh,
Re buaibh is maoin 'na láimh,
Dá n-gabhamaís a t'áit-si céile:
Póg is míle fáilte,
'S barraidhe geal do lámh,
Asé 'niarrfuinn-si go bráth mar spréidh leat:
'Smar an damhsa 'taoi tú a n-dán,
A Phéarla an Bhrollaigh bháin,
Nár thígh mise slán ó'n n-aonach.


L. 21


'Nuair théim ar aonach
A ceannach éadaigh,
Is bíonn an éirneis
Agam am láimh,
Sínenn taobh liom
an buachaill caol-dubh,
'S do chuir a chaol chrobh
Isteach am láimh:
As gearr 'na dhéigh sin
Go m-bím am égcoinn,
Gan puinn dam chéill
Is mé as ceann an chláir,
A díol na n-éileamh
Do bhíonn am chésadh,
Seacht mí gan léine,
'San fuacht am chrádh.



Do casadh Aoibhell,
Na Craige Léithe orainn,
Agabháil na slíghe;
'S do ghaibh liom báigh,
Is dúbhairt da n-géilleadh
An buachaill caol-dubh,
Go d-tabharfadh céd fear
Dó suas am áit:
Do labhair an caol-fhear
Gho gonta géar lé,
Is dúbhairt ná tréigfeadh
A chairid ghnáith;
Ghur shiúbhail sé Eire
Tré choillte is réidhtigh,
Le cumann cléibhe,
Is le searc, am dheáigh.


L. 24


Ag an m-bóithrín buidhe
Atá rún mo chroidhe,
'N a luidhe ar leabainn 'na h-aonar;
Gach ruibe dhá dlaoi,
Mar ór buidhe an rígh,
Do scaipeas an drúcht do'n fhér ghlas.
Fear do Chloinn Taidhg mé,
Bhíos dá coímhdeacht,
'S mé a n-galar an bháis dá h-éagmais:
'S a chumainn gheal 's a stór,
Ná bíodh ortsa brón,
Ag sin buachaill deas óg ad bhréagadh.



Dá bh-faighinn-si mo rún,
Do dhéanfainn dhi cúirt,
Ba deise da'r dúbhradh a n-Eirinn;
Is do bheith aice an barr,
Choídhche 's go bráth,
O fhearaibh is ó mhnáibh ar fhéile.
Mar as ad bhrollach geal bán,
'Tá solus gach lá,
Is ní áirmhim-si clár geal t'éadain;
Is dá bh-féadainn a rádh
Gur tusa mo ghrádh
Níor bh'eaglach mé ar dháil an éaga.


L. 30


Bhrod is buail is tiomáin,
Láirín ruadh na droch mhná,
Cos ar an g-céacht, a Thomáis,
Is féach an bh-fhuil ar n-dínér ag teacht.
'Tá sé dhá bhuain.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá bhualadh.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá cháitheadh.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá chruadhadh.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá mheilt.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dha chriathradh.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá fhuine.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé dhá imaine.
Brod is buail is tiomáin, srl.
'Tá sé ateacht.
Hób, a Héin, is tiomáin,
Láirín ruadh na deágh-mhná,
Scuir na capaill, a Thomáis,
Anois 'tá ar n-dínér ateacht.


L. 35


'Sa chailín deas, na g-cocán cas,
Nách fuil snódh na dath na gréine ort,
An d-ticfá liom do'n tír ódheas,
A féachain seal dá'r n-gaolta.
Thug mé grádh 'gus taithneamh dhuit
'Gan fhios do'n t-saoghal bhréagach,
Mar shúil 'sgo d-ticfá a bhaile liom,
'S go m-beitheá 'gam mar chéile.



'Sa dhrumadóir cad thuicthear dhuit
Nách Reanagád 'san tír thú,
'Sní h-é sin féin as m[é]eas liom,
Acht ná feadar mé cé'r díobh thú.
Do chroiceann gabhair dá ghreada 'gat,
As olc an biadh do mhnaoi é
Ag siúbhal na m-bóithre fada leat,
Is lathach uirre is ríobul.


L. 36


Ní slaitín bhog bhaéth, na géag don chuilenn chas chuar,
'Bhí agam-sa féin, acht gléas mo chuingithe suas;
Mo chana dróigheann éille, bhí édtrom inneallta cruaidh,
Do goideadh óm' thaébh-sa ar aonach Thulacha ruaidh.



Do thug mise an sgímhle úd oídhche dhorcha, dhubh,
Ó'n Mullach don Scríb 'sní bhínnsi salach na fliuch:
Da dhoirche an oidhche 'so'n n-droíghean bhíodh solus agam,
'Sná creidfinn ó'n saoghal nách soillse maidhne bhíodh liom.



Do shiúbhlainn-si coillte, máighne, cathracha, 's cnuic,
Ó Charcaigh go h-Aidhne, 's ó Laighin go Daingean ar muir;
Gan sgilling am' adhairc, gan feidhm ar chairid ná'r chion,
Is le h-eagla an droighinn, do gheibhinn-si comhthrom is cuid.


L. 37


Ta mo grádh-sa ar an abhaínn,
Is é dá luascadh o thonn go tonn;
Crann gan duille as a cheann,
Is ga b'áil leam grádhín ar fiarán ann.



Ólamaoid an crúiscín is bíodh sé lán,
Ólamaoid an crúiscín lán, lán, lán,
Ólamaoid an crúiscín,
Slante gheal mo mhúirnín,
S'As cuma liom a cúilín dubh nó bán.


L. 43


As truagh gan peata 'n mhaoir agam,
As truagh gan peata 'n mhaoir agam,
As truagh gan peata 'n mhaoir agam,
'Sna caoire beaga bána.
Is ó goirim, goirim thú,
Is grádh mo chróidhe gan cheilg thú,
Is ó goirim, goirim thú,
As tú peata beag do mháthar.



As truagh gan bólacht baine agam,
As truagh gan bólacht baine agam,
As truagh gan bólacht baine agam,
Is Cáitín ó na máthair.
Is ó goirim, goirim thú,
Is grádh mo chróidhe gan cheilg thú,
Is ó goirim, goirim thú,
As tú peata geal do mháthar.


L. 52


Seácht fichit bó bhaine, gan amharus,
......
Dá sheisreach chapal do threabhthach,
Dá sheacht fichit donn druimfhionn óg;
B'fhearr liomsa ainnir gan gúna
Na smíste do reamhar chaille chrón.


L. 54


Do chualasa sgéal a n-iar 'sa n-deas,
Go raibh Corcaigh dhá dógh fá dhó 'gan mob,
General Hoche is a chlaoidheamh chinn óir,
Ag réidhteach an róid do Bonaparte, -
Agus ó 'bhean an tighe nach suairc ésin!


L. 56


B 1847 19L
Ar maidin a nae roimh ghréin go moch,
Do dhearcas an bhéith ba niamhdha cruth;
Sneachta agus caor bhí ag caismirt 'na sgéimh
'S a seanga-chorp séimh mar ghéis air sruth;
'S a chuisle mo chroidhe! créad í'n ghruaim sin ort?



Budh bhinne guth caomh a béil le sult
Ná Orpheus do léig go faon na toirc; -
Bhí a ramhar-rosg réidh mar chriostal na mbraon
Air sheamair-ghlais fhéir roimh ghréin go moch;
'S a chuisle mo chroidhe! créad í an ghruaim sin ort?


L. 67


B 1855 19L
Ca rabhais anois a chailín bhig?
A dúbhairt ma mathair liomsa:
'Bios amuich 'san-oidhche 'sioc,
A fairre ma raed beag abhruis.


L. 74


A bhean úd thíos ar bhruach an t-srotháin,
Seó hú leó, seó hú leó,
An d-tuigeann tusa fáth mo gh[é]earáin,
Seó hú leó, seó hú leó,
'Sgur bliadhain 'sa lá 'niu 'fuadaigh mé dhom' ghearrán,
Seó hú leó, seó hú leó,
'Sda rugadh asteach mé a Lios an Chnocáin,
Seó hú leó, seó hú leó.
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín,
Seó hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, seó hín, seó hín,
Seó hú leó, seó hú leó.



'Seo é annso mo theagh mór maiseach,
Seó hú leó, seó hú leó,
As iomdha leann úr agus leann sean ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
As iomdha mil bhuidhe agus céir bheach ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
As iomdha sean duine ar a nasg ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, seó hín, srl.



As iomdha buachaill cúl-donn cas ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
As iomdha cailín cúl-bhuidhe deas ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
'Tá dhá bhean déag ag iomchar mac ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
'Tá an oiread eile re na n-ais ann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, seó hín, srl.



Abair lém' chéile teacht a márach,
Seó hú leó, seó hú leó,
'San choinneall chiarach a g-croidhe a dheárnann,
Seó hú leó, seó hú leó,
Scian choise duibhe 'thabhairt na láimh leis,
Seó hú leó, seó hú leó,
'San capall tosaigh do bhualadh 'san m-beárnain,
Seó hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, seó hín, srl.



An luibh a bhuain 'tá a n-dorus an leasa,
Seó hú leó, seó hú leó,
Mar shúil re Dia go raghainn leis a bhaile,
Seó hú leó, seó hú leó,
Nó mar a d-tigi sé fá'n tráth sin,
Seó hú leó, seó hú leó,
'Go m-biadsa am bainríoghain ar na mná so,
Seó hú leó, seó hú leó,
Seó hín, seó hín, seó hín, srl.


L. 85


Maileó léró, is ím bó néró,
Shiubhail mé an choill le h-eirghe an laé mhuich,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Ar Sheaan ó Chearbhuill a thug tú an réim sin,
Maíleó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Gad ar a chom is e a treabhadh na h-Eireann,
Maileó léró, is ím bó bhan.


L. 86


Maileó léró, is ím bó néró,
A thoice gan mhúineadh bhí do shaáith dho chéile ann,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
As cuma liom, fág é, faigh mo ghrádh féin dham,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Tomás Ó Madagáin gaibh is bhí réigh leis,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Gabhaim is goirim is go mairidh mé mo chéile,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Sair na siar n'ar ghabhaibh sibh ó cheéile,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Gaibh siar, gaibh aniar, agus faigh mo ghradh féin dham,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Domhnall Ó Flaithbheartaigh gaibh is bi réigh leis,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Siobhán Ní Cheallaigh do bhuailfeadh san m-bél me,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Mas fiú an fear, é na leig lé é,
Maileó léró, is ím bó bhán.



Maileó léró, is ím bó néró,
Ní'l crann annsa choill na faghainn a leithéide,
Maileó léró, is ím bó bhán.


L. 89


A 'Nóra an chúil ómra,
'Sé ma bhrón-sa ná féadaim,
Lámh a chur fád' cheann-sa,
Nó ar bhrollach do léintin,
As tú d'fág mo cheann-sa,
Gan únsa ar bith céille,
'Sgo n-éalóinn tar tuinn leat,
A rúin ghil d'a bh-féadfainn.



A valentine chroidhe na páirte,
Gé go n-deárnais liom bréag,
Is gur gheall tú mé phósadh,
Gan feóirling do spréidh,
Do shiúbhalfainn an drúcht rómhat,
Is ní bhrúdhfainn an féar;
Is go m-buaidh rígh na n-dúl leat,
A lúibín na g-craobh.



Nách aoibhinn do na h-éiníne
d'eirgheann go h-árd,
Is thúirlingeann le chéile
Ar aon chraoibh amháin;
Ní mar sin do dhéinim
Is mo chéad míle grádh,
Acht as fada ó na chéile,
Bhíos ár n-éirghe gach lá.


L. 94


Atá liúndubh ar na triucha,
Agus ceó ar na cnuic;
Atá fraoch ar na sléibhte,
Is ní h-iongnadh sin;
do thaosgfuinn an tréan mhuir
Le plaosg an uigh.
Dá bh-féadain bheith réidh leat,
A Róis gheal dubh.



A ghrádh geal, ná bíodh cás ort
Tré 'nar eirigh dhuit;
'Táid bráithre dhuinn tar sáile,
'Gus a d-triall tar muir;
Beidh do phárdún ó Phápa,
Na Rómha aguinn,
Is céad sláinte a bh-fíon Spáineach
Dom Róis gheal dubh.



Do shiúbhalfainn an Mhúmhain leat,
Is barr gach cnuic,
Mar shúil 'sgo bh-faghainn rún uait,
Is cáirdeas suilt;
A chraobh chúmhra, a dúbhairt liom
Go raibh grádh agat dham,
'As tú plúr na m-ban múinte,
Mo Rois geal dubh.


L. 104


Dá d-téidhin go cóbach,
A m-beith brusgar bó 'ge
Is cailín óg deas
Le tabhairt amach;
Dob' eagla mhór liom
Gur diúltadh gheóbhainn;
Mar nach eól dóibh
Ma shinnsear ceart.


L. 116


A dhruimfhionn donn dílis,
Is a fhíor sgoth na m-bó,
Cá n-gabhann tú 'san oidhche,
Is cá m-bíonn tu 'san ló?
Bímsi ar na coillte,
Is ma bhuachailidhe am' chóir,
Is d'fág sé siúd misi
Ag sileadh na n-deór.



Ní'l fearann ní'l tígheas agam,
Fíonta na ceól,
Ní'l flaithibh am' chaoimhdeacht,
Ní'l saoithe na slógh;
Acht ag síor ól an uisge,
Go minic 'san ló,
Agus beathuisge is fíon
Ag mo naimhdibh ar bórd.



Dá bh-faiginnsi cead aighnis,
Nó radharc ar an g-coróin,
Sacsanaigh do leidhbfinn,
Mar do leidhbfinn sean bhróg.
Trí bhogaighthe, trí choillte,
Is trí dhraighneach lá ceó;
Agus síud mar do sheólfuinn iad,
Mo Dhruimfhionn donn óg.


L. 120


As deas an buachail Páidín,
Lá aonaigh nó maragadh;
Is ni deise ná lá márta,
Ar thaobh a bháidin iomramha.
Óró 'Mhór, a Mhóirín,
Óró Mhór, an d-tiocfaidh tú,
Óró Mhór, a Mhóirín,
A chúilín óir, an d-tiocfaidh tú?



A dúbhairt sé is 'dúbhairt sé,
Is dúbhairt sé go d-tiocfadh sé;
A léine bhí gan smúdáil,
'S siúd an ní do chongaibh é,
Óró 'Mhór, a Mhóirín, srl.



A dúbhairt sé 's do gheall sé,
Is 'dúbhairt sé go d-tiocfadh sé;
A stocaidhe bhí gan úradh,
'Sa siúd an ní do chongaibh é,
Óró 'Mhór, a Mhóirín, srl.



A dubhairt sé 's do gheall sé,
Is 'dubhairt sé go d-tiocfadh sé,
Acht an charraig a m-béal Bóirne
Do buaileadh anns a mullach air.
Óró 'Mhór, a Mhóirín, srl.



A dúbhairt sé, 's do gheall sé,
Is 'dúbhairt sé go d-tiocfadh sé;
Acht poll do bhí ar a bhríste
Is duadar cait a chomaise.
Óró 'Mhór, a Mhóirín, srl.



A dúbhairt sé is do gheall sé,
Is 'dúbhairt sé go d-tiocfadh sé;
'Smar a d-tíghe sé an lá gheall sé,
Go m-báidhtear annsa churach é.
Is óró 'Mhór, a Mhóirín, srl.


L. 125


Óró a chumainn ghil, is íoró a ghile gil,
Cé hí an bhean og do pósfar an Inid seo?



Óró a chumain ghil, a uain 'sa ghrádh.



Óró a chumain ghil, is íoró a ghile gil,
Máire ní Chléire, do réir mar do thuigimse.
Óró a chumain ghil, a uain 'sa grádh.



Óró a chumain ghil, is íoró a ghile gil,
Cé hé an fear óg ionar buaileadh an sonas air?
Óró a chumain ghil, a uain 'sa ghrádh.



Óró a chumain ghil, is íoró a ghile gil,
Seáan Ó Ceinnéidigh, do réir mar a thuigimsi,
Óró a chumain ghil, a uain 'sa ghrádh.



Óró a chumain ghil, is íoró a ghile gil,
Cad í an chóir pósda raghaibh ar an lanamhuin?
Óró a chumain ghil, a uain 'sa ghrádh.



Óró a chumain ghil, is íoró a ghile gil,
Tocht dhá chéd dég, fá chlúmh geal go hiomalaibh,
Bruit gheala lín, agus suím do gheal phluideana;
Coilci dhon t-shíoda, as daoire 'tá 'Luimnech;
Coinnleóirídhe óir ann, arbórdaib a glioscarnaigh;
Airgead is ór maith, a b-póca gach n-duine aco;
Cuideachta shaoiti, na d-timcheall gan uireasbaidh,
Is guidhimsi go buan, is go m-buaidhter an cluiche leó
Óró a chumain ghil, a uain 'sa ghrádh.



Cé hé an fear óg, ionar buaileadh an donos air?


L. 130


Is bímíd ag ól, ag ól, ag ól;
Is bímíd ag ól 'sa póga na m-ban;
Bímíd ag ól 'sa rainnceadh le ceól;
'Snár bh-fearr 'bheith ag ól ná bás d'fághail dhon tart?


L. 142


An cumhain leat an oidhche úd
Do bhí tú ag an bh-fuinneóig,
Gan hata gan láimhne
Dod' dhíon, gan casóg;
Do shín mé mo lámh chúghat,
'Sdo rug tú uirre barróg,
Is d'fhan mé ad' chómhluadar
Nó gur labhair an fhuiseóg?



An chumhain leat an oidhche úd
Do bhí tusa agus mise
Ag bun an chroinn chaoirthinn,
'San oidhche ag cur chuisne;
Do cheann ar mo chíochaibh,
'S do phíob gheal dhá seinm?
'Sbeag do shaoileas 'noidhche úd
Go sgaoilfeadh ár g-cumann.



A chumainn mo chroidhe 'stig,
Tar oidhche ghar éigin,
'Nuair luighfid mo mhuinntir,
Chum cainnte re chéile;
Biadh mo dhá láimh ad thímcheall
'Smé ag innsin mo sgéil dhuit
'Sgur bé do chómhrádh suairc mín tais
Do bhean radharc fhlaithis dé dhíom.



'Tá an teine gan choigilt
'San solus gan múchadh,
'Tá'n eochair faoi an n-dorus,
Is tarraing go ciúin í.
'Tá ma mháthair na codhla,
Agus misi am dhúisecht;
'tá m'foirtiún am dhornn,
'Sme ullamh chum siúbhail leat.


L. 146


Do chuirfinn-si féin mo leanabh a chodhladh,
'Sní mar do chuirfeadh mná na m-bodach,
Fá shúisín bhuidhe ná a m-bratlín bhorraig.
Acht a g-cliabhán óir is an ghaoth dhá bhogadh.
Seó h-ín seó, h-uil leó leó,
Seo h-ín seó, as tú mo leanabh;
Seó h-ín seó, h-uil leó leó,
Seó h-ín seó, 'sas tú mo leanabh.



Do chuirfinn-si féin mo leanabh a chodhladh,
La breágh gréine idir dhá nodhluig,
A g-cliabhán óir ar úrlár shocair,
Faoi bharra na g-craobh is an ghaoth dhá bhoghadh,
Seó h-ín seó, h-uil leó leó, srl.



Codail a leinbh 'sgur ba codhladh slán dhuit,
Is as do chodhladh go d-tugair do shláinte.
Nár bhuailibh treighid ná greim an bháis tú,
Galar na leanabh ná'n bholgach ghránna.
Seó h-ín seó, h-uil leó leó, srl.



Codail a leinbh 'sgur ba codhladh slán dhuit
Is as do chodhladh go d-tugair do shláinte;
As do smaointe do chroidhe nár chráidhtear
Is nár ba bean gan mac do mháthair
Seó h-ín seó, h-uil leó leó, srl.


L. 154


'Bhí bean óg uasal,
Seal dá luadh liom,
'Sdo chuir sí suas dham,
Céd fáraoir gér;
Is do ghabhas le stuaire
A m-bailtibh muara,
'Sgur dhein si cuag dhíom,
Ar lár an t-saoghail.
Dá bh-faghainn-si a cenn súd
Fé lia 'san teampull,
'Sgo mbeinn arís seal
Ar m'ádhbhar féin,
Do shiúbhalfainn gleannta
'Gus beanna reamhar chnoc
go bh-faghainn mo shean-shearc
Arís dhom' réir.


L. 155


A chúl álainn deas,
Na súl chlaon ghlas,
'Sé mo chúmhadh 'smo chreach
Nach féidir
Liom eálódh leat
Tar sál amach,
Nó sealad ag triall
Fá shléibhtibh:


L. 156


'Tá mo chroidhe dhá shladh,
Mar do snímhfidhe gad,
Do chionn scaramhain leat,
Ar aon chor;
'S go bh-faghad bás gan stad,
Mara dtéidhir liom seal,
Cois abhann na m-breac
A t'aonar.


L. 160


Bliadhain 'sa taca so 'phós mé,
'Sníor bh'fhada liom lá ná mí,
A m-botháinín chluthar go sásta,
Le beathuisce ar clár gan suím;
Seáan ó Finnghiolla láimh liom,
'Sé ag seinm Rígh Rádh ar a phíp;
'Sdá m-beinn ann ó niugh go d-tí márach,
Gan fhiafraigh cad tá re díol.



An té 'gá m-bíonn buaibh acus caoirigh
Bíonn sé saoitheamhail suairc;
Bíonn sé a bh-fhochair na n-daoine,
'Sa hata mar dhíon ar a stuaic:
Fáraoir ni mar sin do bhímsi;
'Sfám' osgail a bhíonn sé go buan,
An súsa nách maise le mnaoi'r bith,
'Sgan oram acht trian don ghruaigh.



'Nuair théidhim ar mharga an aonaigh,
Le gasra ghlé gan ghnó,
Ma chapall ni moltar a léimnigh,
'Sní hairighther géim mo bhó;
Mo chaoirigh ní chluinter ag méiligh,
'Sní bhaineann dam gaeth an fhóghmhair;
Olfad mo sgilling le plésiúr,
'Sní chuirfead 'san t-saoghal speóis.



Nuair théidhim chum aifrinn dia domhnaigh,
Is chídhim na mnáibh óg ag techt;
An uair na faicim mo stóirín,
Go séidim fuil t-srón le recht;
Mo ghruaig ag imthecht na ceó dhíom,
Is minntinn tá breóite lag,
Is mí ní mhairfead ná nómaid,
Mana bh-fhagh misi póg óm' shearc.



Mo bhrón gan mise 'san spéirbhean,
Ma mílte léig ó chuan,
A n-oiléinín druidthe na g-craobha,
Mar a d-téid éin chum suain;
An áit na m-beith nead ag an phoenix,
An fiolar ar ghéig is an chuach,
'Sgo g-cuirfinn do gheasaibh ar Phoebus
Solas an laé 'thabhairt uainn.


L. 161


Tá cion agus meas 'gam féin ort,
A chumainn ghil, élaigh liúm;
'Smar a bh-faghmaid ar b-pósadh 'n-Eirinn,
Téidhmíd lé chéile anúnn.
Ní'l loingeas ar fairge taobh linn,
Ná atharach saothair dhúinn,
Acht báidín no coite do dhéanamh,
Do bhéarfadh sinn féin tar srúil.


L. 172


"Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
'Dimthigh mo bhean
Leis an tailiúir aérach.
Ni maith a chím féin
Tuagh na corrán;
Ni maith a chim féin
Ramhan ná sleaghán,
Ó d'imthigh uaim
Mo stuaire mná,
Le gaige truagh,
Gan bhuar gan sporán.
Ding dong didilium, srl.



"Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
'Dimthigh mo bhean
Leis an tailiúir aérach,
A bhean úd síos
An bhrollaigh ghléigil,
'B'fhearr dhuit filleadh
Is na builg do shéide,
Ná do ghabha maith féin
Go bráth a thréigenn,
Is triall ris an tailiúr
Ar fuaid na h-Eireann.
Ding dong didilium, srl.


L. 173


"Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
'Dimthigh mo bhean
Leis an tailiúir aérach.
Ca bh-fhuil mo neart,
Is snas mo chéirde?
Ca bh-fhuil mo radharc?
Tá'n adharc ar m'éadan
Ó d'éalaigh mo bhean
Leis an tailiúir aérach.
Ding dong didilium,
Buail seo, séid seo;
'Dimthigh mo bhean
Leis an tailiúir aérach;
'Is ní thabharfadh mo chosa me
Ar sodar fad téide.



"Buail seo, 'Seáain Gobha,
Íseal is éadtrom;
Buaileam go léir é,
Trí na chéile:


L. 174


Buaileam arís é,
Is buaileam le chéile;
'S buailimid cuaird air,
Go luath is go h-éasgaidh.


L. 182


B 1750c 18L
U Anaithnid
Slán leat a stór,
Ní fuláir dham 'bheith ar síubhal,
Le h-eagla do mhasladh, 's go g-caillfeá do chlú;


L. 183


'Sgo n-déarfaidhe go h-árd
Gur liúm 'bhí do pháirt,
A mhodhail-bhean, do gheall dam, 'sdo mheall mé mar
chách.



Ar mo luighe dham' aréir,
Do smaoineas trém' néal
Gur síobhra 'chaith saighead leam, 'sdo mhill mé go
h-aéibh;
Cé gheóbhainn sínte rem' thaobh,
Go caoin is go faon,
Acht Bríghdeac na rinn rosg, ó thaoibh Locha Léin.



Do sgríobhasa chúghat,
Go caoin is go ciúin,
Leitir faoi shéala, chum éalaighthe liúm;
A phéarla na lúb,
Mana n-déanair-si súd,
Béad am' shíobhra 'n-gleannta, nó a d-teampall fá'n
úir.



Mo chreach is mo dhíth,
Nach í Máire 'tá na luíghe,
Agus Bríghid an chúil chraobhaigh 'bheith taobh liúm na
suídhe;
Gur le guth binn a cinn
Thig na róinte dho'n linn,
An fiadh-phoc ó'n g-ceó-chnoc, 'san smólach do'n
chraoibh.



Nách dúbhach bocht an cás,
'Bheith ag tuitim a n-grádh
Le gile, le finne, 'sle buige na mná;



A chraobh úr gan cháim,
Ná'r thréig riamh a bláth,
'Sgur as gaoidhilge do léighfinn do thréighibh, a bháb.



'Seo beannacht dhuit uaim,
Gan stad, siar ó thuaigh,
Ó fhágann sí Ráith Fraoigh, go d-téidh do'n Chill
Mhuair;
A laegh ghil, 'sa uain,
Léad' théacht chúgham go luath
'Sgheóbhair lán an tighe d'fháiltíbh, is lán mhí chum
suain.



Croidhe cráidhte ar gach aon
'Thabharfadh náire dhúinn araon,
Is déarfadh gur bheárnasa bán-chnis na g-craobh;
'Sgur lán-fhios dho'n t-saoghal
Ná deárnas riamh lé
Acht súgradh gan tábhacht, nó gáire gan chlaon.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services