Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cois an Ghaorthaidh

Title
Cois an Ghaorthaidh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Muirithe, Diarmaid
Composition Date
1818
Publisher
Clóchomhar, An

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

1



Atá Mo Chosa Róthinn.



Duine uasal de Mhuintir Iarlaithe cct iar a n-ionnarbadh as
Baile Bhuirne le foirneart allúrach.



B 1700c 18T
U 0201



Atá mo chosa róthinn is a leigheas ag an Aonmhac,
Is mé gan chostas gan oidhreacht gan saibhreas séada,
Mar bheacha nuair cailltear idir chadhain mil is créithre
Ina gcaithid a dteaghlach le daibhreas do shéanadh.



2
B 1730c 18T
U 0346
Mo Léan, Mo Thubaist.



Mo léan, mo thubaist, mo thurraing, mo dhíomá croí,
An saol bocht gliogair ler cuireadh de chineál sinn,
Ó thaobh an iomaire mhilis na miothán righin,
Mar a mbíodh éisc ag iomaidh le himeall an tsileáin síos.



Is é fé ndeara dhom grafadh na righin ruaiteach,
Bás na bhfearachon gcalma ón Laoi scuabaigh,
Chuir fán ar fhearaibh 's a dtarrang tar toinn uainne,
d'fhúig báire ag gallaibh is talamh ár ndaoine uaisle.



A Mhúscraí an ghrinn is fíor nach fúigfinn tú,
Anall tar toinn dá dtíodh an garda chugainn
Nó dá músclaidís na saoithe atá san úir
Do bhrúfadh poimp na ndaoine tá 's ár gcionn.



A Mhúscraí ghreanta mheasta mhínchraobhach,
Mo shlán beo feasta dod bhailtibh mhínaolbhach,
Ba ghnáthach scata d'fhearaibh fíorléannta
Go hálainn maiseach maidin bhuí gréine ann.



RUAIRÍ MAC SUIBHNE


L. 10


B 1740c 18L
U 0347
3



Ceo Draíochta.



Ceo draíochta sheoil oíche chun fáin mé,
Ar an mín-tseamair tharlag chun suain
Dom shíorchasadh i gcoilltibh gan áitreabh
Go braoi loch na Blarnan do chuas;
Do shíneas cois crainn ghlais na mblátha
Agus taoibh liom go dtáinig sí suas,
An chaoinbhean ba mhíne is ba bhreátha
Dar shíolraigh ó Adam anuas.



Bíogann mo chroí ionam le háthas,
Dá gnaoi tugas lánghean go buan,
Dá braoithe, dá rinnroisc, dá gáire
Is dá caoinleacain álainn gan ghruaim.
Dá dlaoifholt tiubh buí-chasta fáinneach
Is dá cíoch chruinne bhláfara chrua,
Is dá fhíor fhaid an oíche níor chás liom
Bheith ag síoramharc áilleacht a snua.



Is a bhrídeach na mínghlac is é rádhaim leat
An tú Aoibheall ón mbánchreag aduaidh,
An tú Clíona ón sí-lios nó Áine
Nó Níorras fuair barr maise an tslua,
Nó an bhrídeach tug Naois leis tar sáile
An aoilchruthach chráite rug bua,
Nó an cuí leatsa insint i dtráth dom
Cad é 'n tír as a dtánais ar cuaird?



D'fhíorchlanna Míleadh le rá mé
Agus dísceadh mo chairde chun cuain;
Is thíos ag bán aoibhinn do ghnáthaim,
Is le díograis go dtánag anseo ar ruaig,
Dá mhaíomh go mbeidh Bíocain na Blarnan
Ina n-aoil-bhroghaibh áille go luath,
Is an Stíobhard sin bhí le seal fánach
Ina rí ar thrí áitribh go buan.


L. 11


Tá ní eile ar m'intinn le rá anois,
Más mian leat mé 'thrácht air ná 'lua,
Go bhfuil Laoiseach go buíonmhar is an Spáinneach
Is a bpríomhloingeas lánmhar i gcuan;
Scaoilfid chum críche Inis Fáile
Is ní stríocfaid dá námhaid ar cuaird,
'S gur i bhfioscaireacht fíordheireadh an Mhárta
Is ea mhaífeam go háitithe an bua.



Is a shéimhfhir ná tréig mé ar an dtaoibh seo,
Agus téanam liom síos go Tír Eoghain,
Mar a bhfaighir céad bruinneal maorga fé dhraíocht ann
I ndaorbhrataibh síoda agus sróill;
Biaidh pléireacht gach lae againn is aoibhneas,
Biaidh féasta, biaidh rince agus ceol,
Is céile más méin leat san oíche,
Is in éiric bheith críonna beir óg.



Is géillim dod bhréithribhse, a bhrídeach,
Tabhair tréimhse ar feadh mí dhom nó dhó,
Go dtéad seal ag féachaint mo dhaoine,
Is go ndéanad gach ní 'chur i gcóir;
Mo scéalta dom chéile go n-insead,
Is mo chaomhbheannacht choíche cuir leo,
Is go léigtear mé tréith lag fá líogaibh,
Má thréigim tú, a chaoinbhean, dom dheoin.



Do réidheamar le chéile ins gach pointe
Ar aontoil ná scaoilfeadh go deo,
Bhí faoiseamh an lae 'teacht in ár dtimpeall,
Is na héin bheaga ag síorsheinm cheoil;
Tug sí féachain rónéamhrach ó chroí orm
Do chéas mé le saigheadaibh tar fóir:
Is é éifeacht mo scéil díbh len insint
Gur dá béal tana binn tugas póg.



PÁDRAIG MAC GHEARÓID Ó hIARLAITHE


L. 12


B 1750c 18L
U 0201
4



Do Dháibhí Ó hIarlaithe.



Is cás liom cill bhláfar na dtriaithe suilt
Gan fáilte roimh tháintibh dá dtrialladh ann,
Ó tiomáineadh ár n-ardfhlaith faoi iarthar cnoc:
Dáith geal mac Phádraig Uí Iarlaithe.



SEÁN Ó CEALLACHÁIN



B 1760c 18L
U 0348
5



Aréir Is Mé Im Aonar.



Aréir is mé im aonar cois taobh fleasca an ghaorthaidh
Fá dhíon duille ghéag-ghlais im luí,
Lem thaobh gur shuigh spéirbhean ba thrí bhinne saorghuth
Ná caoinchruit, guth éanlaith' agus píb;
Dá cumhdach bhí caochghiolla a chéas mé is do mhill
Le saigheadaibh dá léarchur trím thaobh dheas go cruinn,
Do shnoigh mé gan faoiseamh le díogras don réiltinn
Dob aoibhinne scéimh agus gnaoi.



Bhí lítis is caora ag coimheascar is ag pléireacht
Go fíochmhar ina séimhleacain ghrinn,
Ina cíor mhion a déid chailce, b'fhíordeas a béal tana,
A braoithe is a claonroisc gan teimheal;
A cruinnmhama géara gan chlaochló ar a clí,
A píb is a haolchrobh mar ghéis ar an dtoinn,
Ba thrinseach tais néamhrach tiubh buí casta péarlach
A dlaoifholt go caoltroigh ar bhís.



Ba túirseach mé im dhaorspreas gur smuaineas trím néalltaibh
Ar chúrsaí an tsaoil chleasaigh chlaoin;
An tráth mhúsclas do léimeas le rún-searc don réiltinn
I lúib coille b'aerach gan teimheal.
Do bhí lonradh ba ghréagach ar gach aon bharra luibhe,
Is lonradh ó Phoebus ar ghéagaibh gach crainn
Bhí lonradh ón bpéarla go dtabharfadh mac Shéamais
Gan chuntas fá réim cheart 'na ríocht.


L. 13


Bhí son-friotal déithe cois abhann sa ghaorthadh
Is fannghuth na n-éanlaith go binn;
Togha tortha ar ghéagaibh, gan dabht mil is céir bheach
Is flúirse gach éisc ar an linn;
Seol sionnaigh, saorphoic, méithbhroic, míol buí,
Is gach súird ealta b'fhéidir le haoinneach do ríomh
Ag súgradh is ag pléireacht go dtabharfadh a saorghuth
Chum subhachais lucht créachta agus caí.



A rúin ghil mo chléibh t'ainm tabhair dom led saorthoil
Is stiúirigh dom faoiseamh gan mhoill;
An tú Juno nó Vénus 'nar umhlaigh an laoch mear
An t-úll di gan phlé tar gach mnaoi?
Inis dúinn an tú Hélen tug léirscrios na Traoi,
Nó plúr na mban, Deirdre, noch d'éalaigh le Naois,
Nó an tusa Minérva nó an chúileann do thréig Tailc
Lenar turnadh na céadta dá droim?



Is búch blasta béasach go humhal d'fhreagair méise
Is dúirt is mé Éire agus tighim
Chugaibhse le scéaltaibh ar chuntas na laoch mear
Do turnadh le tréimhse tar toinn,
Gur subhach thiocfas Séarlas faoi réim chirt 'na Ríocht,
Is gach prionsa d'fhuil Éibhir ina saorbhailtibh síoch,
Oird bhinne is cléirigh ina ndúchas gan éiclips
Is brúidigh an Bhéarla gan bhrí.



Is flúirseach bhiaidh Gaeilge i ndúnbhrughaibh aolta
Le cúnamh an Aonmhic gan mhoill,
Go fionn-feadhach féastach mearthrúpach caithréimeach,
Is dár bprionsa ceart géillfidh gach rí;
Biaidh múchadh agus traochadh acu ar bhéaraibh an fhill,
Sliocht Luther na gclaonbheart ná géilleann do Chríost,
Dá spiúnadh tar tréanmhuir, ní dubhach liom a scéalta
Gan lionnta gan féasta gan fíon.



DÁIBHÍ MAC PHÁDRAIG Ó hIARLAITHE


L. 14



6



A Easpaig, A Chiste



B 1818lsc 19T
U 0401

Don Dochtúr Mathúin Mac Cionnaith, easpag Chluana, an tan
do mheas a mhac, An tAthair Liam Ó hIarlaithe, do chur as a
chóta.



B 1785c 18D
U 0348

A Easpaig, a chiste, a chumann tséimh gan snas,
Seachain anois ná cuir im thaobh an tslea,
D'éis mh'ealta mhaith chlainne dhul do chré gan neach
Ina bheathaidh agam do chuirfeadh mé ach mo mhac.



Cá bhfios anois nach tiocfadh sé gan stad,
Is Peadar nuair thit gur tugadh é tar ais
Le aithreachas iomad, sileadh déara dearc,
Is 'na charraig go bhfuil fá chomairc Dé na bhfeart.



DAIBHÍ MAC PHÁDRAIG Ó hIARLAITHE



7



B 1752c 18L
Chum Chonchúir Uí Ríordáin.



Fád choimirc, a Chonchúir, sin chugat ainnir gan snáth
Le cumann gan ciorrú cuir chugat taiscithe id pháirt,
Tuigidh mé i mbiorrú inniúil thaithicigh sháimh
Idir chuideachtain chruthúil ghil rúin, taitneamh nach táir.



Inis don tsagart gan chealg, do Dhónall dil,
Go bhfuilim i sleasaibh an chalaith go cóngarach
Gan mhilleadh, gan mhasla, gan easpa, go mór i gcionn
Is nach filleabh air feasta gan fairsinge dóchais soir.



Cíodh chuireann i gan fhios dom atuirse mhór orm
Mo chine ba chalma leagadh 's do leonadh thoir,
In ionad an athar gan pearsa acu 'fóirithint ann,
A dtitim chun tarcaisne chealg mé im dhrólannaibh.



Titim na gCarathach meacanta mórchumas,
Is gach cine le caithis fuair gradam ina gcomharsanacht,
Bheith teilgthe a baile gan talamh gan tórramh thoir
d'fúig mise i gcruth chaite ar an gCathair dh'éis mh'óige rith.



DÁIBHÍ Ó hIARLAITHE


L. 15


B 1760c 18L
U 0349
8



Do Dháibhí Ó hIarlaithe.



Ursa den Iarl'-fhuil riamh dob acmhainne bang,
Ba churanta triall i ngliadhaibh catha faobhair-lann,
Nár cuireadh i ndiaidh a riain gur neartaigh dlí Gall,
Lenar clipeadh gach triath i gcian tar farraigí fann.



Is é chruinnigh an liach so im chliabh, dá leamhaimis labhairt,
Gan duine den triabh in bhur ndiaidh ag seasamh tís teann,
In ionad na mbiatach bhfiala bhfairsing bhí i bhfabhar,
Conairt dá riar, is fiach ag gasraibh Gall.



Tuilleadh ler liath mo chiabh tú thaistil faoin nGleann,
Ler hitheadh na triatha id dhiaidh dob aithnid díbh ann,
Más miste leat iad dá gciapadh in anaithibh namhad,
Lig cumas do bhriathra im thriall go dtagair faoin mball.



SÉAMAS Ó MUIMHNEACHÁIN



U 0348
9



Freagra Dháibhí Uí Iarlaithe.



Glacaim gan chiach do bhriathra, a fhir ghasta ghní greann,
Den aicme ba dhiaga mian is dob acmhainne meabhair,
Ba taithiceach rian san iath chun machairí 'threabhadh
Is a dtairbhe a riar go fial ar ghasraíbh ann.



Taitneann liom t'iarracht, iaramh, admhaím amhail,
Ó cheadmhaigh Dia dhuit ciall is ceangal sníomh rann,
Tearmainn triath a riaradh, teasairgídh ann
Is catha na mbriathra ndian go gcasfaimid ann.


L. 16


Má tagathar dian tá Uilliam ina bheathaidh, bídh teann,
Is leanaídh a rian ina dhiaidh go dtreascarthaí fann
Pé aicme acu iad gan riail ná labhairt laoi ar leamhas
Do tharcaisnigh riamh na triatha dob fhairsing bhí ag toghail.



Ná scar-se sa tsliabh le Uilliam na gcarad bhfaobhar-lann
Daoibh patent a riaraim gliaire dearbh groí foghail,
Gan feacadh gan fiaradh féadfaidh feasta arís treabhadh
Is bascaídh faoin mbriadaigh iarracht amasaí gann.



Gan cham gan chlaon do mhéin is milse cáil,
A fhir cheansa, a Shéamais fhéil Uí Mhuimhneacháin
Do mheabhraigh éifeacht léinn is laoithe sámha,
Is is fabhar don éigse féin tú 'thíocht ina bpáirt.



DÁIBHÍ Ó hIARLAITHE



B 1760c 18L
U 0350
10



Dá Mairir Míle Luchtmhar.



Dá mairir míle luchtmhar líonta is spás fairis,
Go mbeith do mhaoil ar dhath an lín ina bhán-dlaoithibh,
Níl ach tamaillín mar thaitneamh geimhridh lá gairid,
Seach beatha shíor i bhflaitheas aoird nó i ngnáthpheannaid.



Bí imníoch id phaidrín do ghnáth aire,
Ag druidim taoi le hucht na haoise, is gearr mhairfir;
Biaidh do chorp i gcill go curtha síos is lár leachta
Ina charn cnaimhe is na daradaoil id lán-tsracradh.



LIAM MAC SUIBHNE NA BUILE


L. 17


B 1760c 18L
U 0351
Ar Bhás Sheoirse II.



Sin é an Seoirse ceannais bhí inné acu i stát
I gcoróin na Sacsan is i réim go hard,
Gan treoir gan tapa le tréine an bháis;
Sin fógairt fearthainne is éiclips.



Biaidh mórchuid scamall ar Éirinn spás
Ag tóir, ag taisteal, tar Téitis tráth,
Foirneart fearachon faobhair ag fás
Go dtógfar sealbh don réics ceart.



Biaidh brón ar Bhreatain is baoghal namhad
Is a fórsa mallaithe féin dá crá,
An chomhairle chamachlis chlé ba ghnáth
Á leonadh, á leadadh, is á léirscrios.



Biaidh an choróin á stracadh acu ó chéile i dtráth,
Is i gcomhlainn cathanna laochra ar lár;
An Eoraip lasmhar ag déanamh lámhaigh
Go dtógfar sealbh don réics ceart.



Is dóigh le fanatics claon na gceard
Go deo nach eagal dóibh éislinn d'fháil,
Beidh óspairt gharbh ag Gé an Fháin
Ag tabhairt na Banba ar shaorstaid.



An Róimh beidh cneasaithe, a créachta slán,
Is dar ndóigh beidh fearann na cléire ar aird,
Gach sórt i maitheas de réir a gcáil
Is an chóip dá cartadh gan téarnamh.



AN tATHAIR LIAM Ó hIARLAITHE


L. 18


B 1750c 18L
U 0291



12



An Réilteann Trér Milleadh.



An réiltean trér milleadh tréithlag gan mhire
Céadta le cumann díograis dá póig
Is craobhach do thiteas slaod duilleach cnotach
Dréimreach cas cluthar trinseach go bróig;
Ina héadan do-chítear craorac na luisne
Ag éad leis an lile shoilseach 's an rós,
Is a claonroisc is glaise maorga mar chriostal
Aondatha 'thuirsigh saoithe agus treoin.



A béal tais is cirte téacslabhair friotail,
A déad chailce is snoite, míne is is clómhail,
A séimhghuth is binne in éifeacht gach siolla
Ná téadspreagadh poirt ar chaoinchruit an cheoil;
Ag éisteacht léi thigeas éanlaith gach bile,
Na méithbhroic ag rith i gcoilltibh is leoin,
Ina slaod mharbh titid taomlag gan fuinneamh
Taobh ris an mbruinill mhíonla os a gcomhair.



Lena méaraibh is cirte ar dhaorbhrataibh bhaineas
Scéimhphearsa is collaid, ríthe fé choróin,
Faolchoin dá gcluitheadh ag tréanphaca is mire
Ar shléibhtibh le hiomad bruíontruip is slógh,
Féinics is fiolair, naoscaigh is druide,
Aolbhrugha is loingeas toinnteach fé sheol;
Gaorth-chumair coille, craobhach fé dhuille
Is néata do-chítear suite ina deoidh.



A tréithe ní nithe b'fhéidir le duine
Dem éifeacht do chur i laoithibh a bheoil,
Féile agus oineach de réir beart is slite
A saorathar suilt, ba saorscaipeach sóil;
Seantreabh a suite taobh theas na binne
In aolbhrugh ina n-ibheadh saordhronga beoir;
Mary gheal mhilis léannta gan leimhe
De phréamhshleachtaibh chine Ríordáin na slógh.



CONCHÚR Ó RÍORDÁIN


L. 19


13



Cítear Ceatha Caorthaibh Catha.



Cítear ceatha caorthaibh catha ar scaoileadh scamall spéartha
Go faobhrach frasa fraoich is fearg fíre is fearthainn éigneach,
Tinte treasa ag tíocht go tapa timpeall taistil Phoebus,
Ní le meastar linn gur dearbh díoltas ar na déithibh.



Bíogann Mars is tighid ina bhárc ar toinnteach mara thaoscach
Is mílte ag ceangal saighead ina ghlacaibh nimhe le leagfaid laochra,
Taobh leis tagann brídeach mhaiseach mhíonla chneasta Téitis,
Is í do gheallann soilse 'lasadh roimhe ar gach caise baolach.



Scaoileann Bacchus bríomhar blasta fíonta fleadh gan traochadh,
Ní le gcaillid mílte dragan díobh a n-acmhainn céille,
Suíonn ina aice an taoiseach gabha ag líomh na n-arm bhfaobhrach,
Is déantar ceangal díograis acu an bhuíon go leanfaid Séarlas.



Arís is gearr an mhoill go dtagann an ríoghan Pallas phéarlach,
Is í bheir eagnaíocht don aicme is gníomhartha gaisce géilleann,
Díbreann Pan de dhroim na machairí le staf an tréada,
Agus maoid go leagfaid naimhde laga i gcríochaibh fearainn Éibhir.



Conchúr Ó Ríordáin


L. 20


14



D'Iníon Uí Dhonnchú an Ghleanna.



Thar mhnáibh na hÉireann tráchtfad féin ar bhláth na maighdean mómhar,
I bhfráma dhaonna is áille gné is dealramh naofa i gcló ghlan,
Is breátha béasa, cáil is tréithe, ráite, dréachta is eolas,
Is mánla méin, gan cháim ina céill, gan chnáid gan chlaon gan comhfhocal.



Is ó láimh dheis Dé is ea ráinig an réilteann, bláth is scéimh na hóige,
Do sháraigh saothar lámh na laoch is dháileas céir gach beochruith.
Tá stát na spéire ó sháil go léir go hard a craobhfhoilt ómraigh,
Mar scáil ó ghréin ghlain grása is méin i gclár a héadan chóraigh.



Ní gáire baoth ná plás gan éifeacht, táire, taod, ná tóstal
Is gnáth ag téacht ó fháscadh a béil bhig ghrámhar dhéid-deas rósghoib,
Ach fáith na Naoi is ár na Trae nó fáith na n-éacht is nua 'thig,
Nó an sárghuth séis do dhallas ré don táin, ba thréan a mbreoiteacht.



Dáilid éigse an bhláth sa chraobh don bháb tar béithibh Fodhla,
d'fhás de phréimh na bhfáidhe saor is na sárfhlaith séanmhar seodmhar,
De rás na réx ba lánmhar réim in áitreabh fhéarmhar Eoghain,
Is d'ardfhuil ghréagach d'áitimh céim tar cách i gcéill is i gcrógacht.



Is í Néilí an bhé bhéasach Ní Dhonnchú 'ráim,
An ghealchíoch shéimh shéanmhar den bhorbchrú cháidh,
Beir féd scéith féin sinn gan docharú id cháil,
Lig linn ré, tréimhse, nó brostaigh chugainn bás.



CONCHÚR Ó RÍORDÁIN


L. 21


B 1760 18L
15



Is Tuirseach Tréithlag Faon Gan Fuinneamh Mé.



Is tuirseach tréithlag faon gan fuinneamh mé dom mhilleadh i lionn dubh
Ag ceathannaibh saigheada, gaetha gonta, géara, cliste Chupid,
An dartaire caoch do chréachnaigh iomad laoch nach mise i gcúngracht
Le taitneamh is géilleadh do spéirbhean oinigh bhéasaigh mhilis mhúinte.



A carnfholt craobhach, claon, cas, cluthar, péarlach dlaoitheach, búclach,
Go dathaithe, dréimneach, faon, tais, fite, léi go troigh ag tuirling;
Is taitneamhach féna héadan chítear caol a braoithe cumtha,
Mar tharraingeas méar an chléirigh oilte go héadrom singil pionnrith.



Is barr ar gach péin nach féidir liom mo chréachta a chur in iúl di,
Ag dartaire caoch na saegheada nimhe nár thaobhaigh ise a dhúiseacht;
Is é mo ghreadadh go héag nach i gcré do cuireadh mé fé crithir úire
Sula bhfacasa péarla shéimh na mbruinneall, a scéimh, a cruth ná a hiompar.



Ceapann sí ar dhaorbhrait céadta foireann spéir is collaid chumtha,
Lachain is naoscaigh, féinics, fiolair, géis agus druide lúfar,
Bíd abhla agus caora féna nduille is na géaga á mbriseadh ag úllaibh,
Marcra tréan ag traochadh an tsionnaigh agus éisc ar uisce ag súgradh.



I dteangain na dtriatha triall tar muir go iathaibh Loirc le concas
A hainm ní iarraid siad ach Penny i mbriathraibh oilte dúchais,
d'fhuil chalma Bhriain is grianda cine do riaraigh Inis Iúgain,
Go ceannasach, ciallmhar, diaga, a ndlithibh riail mar scríobhaid údair.



CONCHÚR Ó RÍORDÁIN


L. 22


B 1750c 18L
16



Tráth Is Tréimhse Thaistealas.



Tráth is tréimhse thaistealas im thimpeallaibh saoil,
Ó Ráth Loirc tré gach achrann go Laoi-shruth an éisc,
Go dtarla i ngaorthadh gleanna ghlais na bhfeánna réidh nár chrapaithe
Ba bhreátha scéimh dar theagmhaigh liom de choilltibh na gcraobh.



Gáir ar ghéagaibh cantanaibh ba bhinn miochair séis,
Breáthacht scéimhe is dathanna ar gach mín alt den fhéar,
Lucht páise, péine is peannaide, gearrtha, créachta is galra,
A gcás go dtéid ar dearmad le haoibhneas na n-éan.



Do tharla taom dá ndeasaibh dom ler shíneas go faon,
Is is gearr gur éirigh aisling dom ler bhíogas tar éis,
Táinig réiltean mhallaroisc ba cháblach craobhach casta foilt
Is páiste caoch ina haice aici do mhillfeadh an saol.



Is is grámhar séimh do bheannaigh dom an críonghiolla claon
Is lámh gur léig ar armaibh an righinchoilg ghéir,
Do ráidh an bhé go carthanach is chuir dearna féna chealgaibh,
"Gráin mo chléibh a dhartaire, ar do shaigheadaibh ná déan ..."



"A ghrá ghil laoi is a charaid chumainn díograis mo chléibh,
Ná fág mé in éamais t'ainme le hinsint tar héis".
"Dáilid Éire is Banba, clar Loirc Éibhir gairmid,
Gé táimse d'éis na bhfearachon gan chuimhne gan chéill".



Is gearr gur éirigh seanchas ard againn araon,
Ag cásamh tréad na ranna suilt do dhíogadh as an saol,
Gan trácht ar scéal ná ar eachtra ach clára faobhair is spealanna,
Bánta réidh is achrainn is inseacha féir.



Tá agam scéal len aithris is insim duit é,
Gur gearr go réifidh an tAthair-Mhac de gheimhleachaibh Gael,
Tá garda laoch ag Carolus go dána ag téacht tar farraige,
Ní gá dhíbh téarma ar thalamh is ná caoinídh bhur léis.


L. 23


Biaidh lá tar éis go haithreach ag daoinibh na gclaon,
Ársacht, léitheacht, crapaitheacht, is críonnacht ag téacht,
An bás ina chéile leapa acu, is is gránna gnéithe an pheaca orthu,
Is i láthair Dé gach ainbheart dá ngníomharthaibh le léamh.



Atáim cráite ag Béarla Sacsanach sa tír so ar gach taobh
Is táid na Gaeil chomh gangaideach ina n-intinn is claon,
Lán de thréithibh mallaithe, gan tábhacht i ndéirc ná i gcarthanacht,
Ach grásta Dé go ndearmadaid le díogras don tsaol.



Conchúr Ó Ríordáin



17



A Chúileann Tais



"A chúileann tais is clúmhail cneasta múinte blasta béasach,
A shiúir na bhflaith, a phlúr na mban, a chumhdach gaisce is féile,
I dtús do bheatha d'umhlaigh searc is rún do chlannaibh Éibhir,
Is d'iompaigh taitneamh triún tar ais ar gcúl do chlannaibh claona.



I dtús do bheatha d'umhlaigh taitneamh rúin go glan do Ghaelaibh,
Conn is Art is Lugh na reacht is rompu sealad Éibhir,
Fionn na bhflaith is Cú na gcleas nár dhiúltaigh tras ná tréigean,
Is is cúrsa leamh do shiúl tar lear le búir is do cheart do shéanadh".



"Ar dtúis do theagmhaigh chugainne trasna triún de Ghallaibh aosta,
Búrcaigh, Barraigh, Gubhlaigh, Gearailt, Cúirsigh cearta is
Craochaigh,
Cér dhubhach an t-ábhar dúinne a dteacht ba chúntach tapaidh tréitheach,
A gcúnamh fear i gcúngrach cath ar thonntaibh mara taobh linn.


L. 24


Is ansúd do caitheadh chugainne grathain ghútach Chailbhin chraosaigh,
D'iompaigh bearta, dhúbail cleasa is dhiúltaigh ceart na cléire,
Do mhúch ár bhflatha brúite lag, do sciuird an phlait de Shéarlas,
Do shúigh, do shlad, do chruaigh, do chreach gach prionsa talaimh
d'Éireann".



"A mhuirneach, glac-se an prionsa ceart chugat i gceannas céile
Nó is iomdha fear acu gan taise chugat dod shlad, a mheirdrigh,
Biaidh turnamh treas le tnúth ag teacht is lonradh ag lannaibh géara
Os cionn do bhaithis, fúthu id spreas, gan trua ag neach dod ghéarghol.



"An chúis do chasais liom le fala chugam mar scanaill shaolta,
d'iompaigh beart dá súird isteach san chúirt i measc a mbéithe,
Atá ár siúir dá damnú le dearbhú ná meastar bréagach,
Is ó Londain gheabhair ciontach acu Bute is an ainnir aosta".



Seo an chúis fá dear don chomplacht teacht thar tonntaibh mara dod éileamh,
Ag tnúth tú chasadh chugat abhaile id dhúthaigh chneasta féinig,
A rúin mo scart, ná diúltaigh teacht, is is umhal do gheobhair géilleadh,
Cé hiomad fear do dhlúthaigh leat sa drúis, ná meas gur baol duit".



Iompaigh feasta anonn don bhaile chugat is aithris scéalta
Go dtabharsa preab tar túr amach is gur lúfar tapaidh léimfead,
Gach trú dá sleachtaibh siúd go nglacfad chugam ina bhfearainn saora,
Is go dtabharfam dearg lonradh lasta ar Londain maidin aerach".



CONCHÚR Ó RÍORDÁIN


L. 25


B 1751c 18L
18



A Chumann Mo Chléibh.



A chumann mo chléibh gan chlaon gan chealg dar léigeas taitneamh buan
Dod labharta béil, dod bhréithribh meala, dod mhéin, dod
chantain shuairc,
Is fada dom féin go déarach duairc, ag amharc na ré is na réaltan thuas,
Ag faire gach féile ar chraosaibh cuan is ag tnúth le trúpaibh treon.



Ar maidin inné is mé i ngaorthadh gleanna ag éisteacht aitis mhóir,
Cantain na n-éan ar ghéagaibh glasa is géim na mara im chluais,
Do caitheadh mé faon gan léim gan luail, i gcreathaibh go
daor is mé ag déanamh uaill,
Gur amharcas bé ba aerga snua agus lonradh a foilt mar ór.



A mala cheart chaol ba néata ceapadh ar a héadan cneasta fuadh,
A ramhar-rosc réidh, a déide geala mar phéarla ar amharc uaim,
An sneachta mar shéideann gaoth aduaidh ag caismirt go
géar tré chaor ina grua,
Le taitneamh go léir dá gné, mar dúrt, gur turnadh mé gan treoir.



Ina haice le héacht sea théim go tapa in éagnas creatha guais,
Ceathanna saeghead is gaethe 'om ghearradh do chéas mo
chneas go cruaidh,
Do raideas i nGaeilge, "féach an trua, mo pheannaid, mo
phéin, mo bhaol, mo bhuairt,
Is a chumann mo chléibh ná léig mé in uaigh le rúinshearc
suilt dod chló".


L. 26


Is carthanach maorga séimh is is cneasta saor mé d'fhreagair suas,
Gur barra ar gach baothacht saoil do chaitheas géilleadh searc
di ar cuaird,
Do labhair: "mo léan, is mise an trua, is fada mé i gcéin im
mheirdreach uaibh,
Gan caradas cléibh na nGael ba dhual, is ag diúltadh 'dlithibh
Phóil.



Do chaitheas mo thréimhe ag Éibhir cneasta, aon do ghabhadh bua,
Mo bheatha tar éis ag Gaelaibh glana, cléire is cealla suas,
Gur caitheadh na céadta craos mar ghual, ó Bhreatain de
bhéaraibh i mbéalaibh cuan,
Tug cargáil d'éigse is léirscrios suadh, is Stiubhart geal gan
choróin.



Do ceangladh mé im mheirdrigh mhagaidh le cléireach dathach dubhach,
An dragan tar éis mar rex don ainm ag éad le maithibh Thuamhan,
Go leaba na laoch de léim do chuaidh, do ghearras a shaol le
gaethibh crua,
Le cealg le claon le faobhar is fuath, gan conradh cumainn dóibh.



Biaidh lanna agus laochra craosach cathach is céadta i
gcaismirt chruaidh,
Ag treascairt a chéile ag éileamh gradaim ag traochadh na
Sacsan tuaidh,
Is gairid an ré go dtréigfid dual, go mbeidh Carolus Rex ina
réaltann suadh,
Albanaigh saor agus Gaeil go buan, agus búir ag sileadh deor.



Conchúr Ó Ríordáin


L. 27


B 1752 18L
19



Ar Bhás Phádraig, mac Dháibhí Uí Iarlaithe, 1752.



Aisling do chreachtchéas mé tar barr amach,
Ar leabaidh go tréith taomach i dtámhaibh cnead,
Sealad sul ghéill Phoebus i ndánacht teacht
Le lasair an lae ghréine san aird aneas.



Preabaim trém néall, éirim, cér tláth mé im spreas,
De bharra gach sléibhe ag éisteacht le gártha scread,
Gur dhearcas ar thaobh maolchnoic na táinte ag teacht,
Ba scamallach scéimhreilteannach scáil na mban.



Ina n-aice nuair théim sléachtaim dá ráitibh reacht,
Do raideas do ghéig, géithleann ba ghrámhar gean:
"Aithris cad é an t-éag nó an trálacht sean
d'athraigh do ghné, do thraoch is do thráigh do dhearc".



Do fhreagair go séimh saorghonta i gcásaibh ceast
Gur pearsa den chléir, craobhscoth na dáimhe ar fad,
Faraire féil, Féinics, fear fáidh is flaith,
Acmhainn is léann, éifeacht, is clár na gceacht.



Caithfeam go léir éagadh, cé tláith an bheart,
Is a mhaireann sa réim dhaonna tá an bás ina ngar,
Ó theagmhaigh féd scéithibh, ar scáth do bhrait
Go flaitheas Mhic Dé naofa na ngrás beir leat.



Is easnamh dá ghaol tréithlag a thrácht tar lear
Gan tapa ina thréanghéagaibh nár sháraigh neach,
Samhail mhic Néill éachtaigh dob áille dreach,
Do scaipeadh gach séad saolta dár dháil ina ghlaic.



Is cathach gach bé mhaorga na dtláthfholt dtais
Go camarsach faon péarlach ag trácht go halt,
Ag greadadh na méar ngléigeal is ag crábhadh a mbas,
Is ceathanna déar le séimhleacain álainn tais.


L. 28


Is atuirseach faon tréithlag atáid le seal
Do charaid ag éamh géarghoil go tláth inár measc,
Ó treascradh faoi bhéillic ghlais Pádraig geal
De threabhaibh chirt Néill Éarlaithe as áitreabh sean.



An Feartlaoi



Siud fád chliabh, a liathleac áir feasta,
Ráib gheal fhial na gcliar is clár taca,
d'fhág i bpiantaibh triatha, is mná i gcreathaibh,
Pádraig ciallmhar, grianmhac Dháith Bhacaigh.



Conchúr Ó Ríordáin




B 1791flc 18D
U 0312



20
Ar Bhruach Na Laoi.



Ar bhruach na Laoi san oíche casadh mé
Gan buairt ar m'aigne ba dhóigh liom féin,
Gur cuireadh as mo shlí mé le díth mo mhearbhaill
I gcuanta dorcha i bhfán an tsaoil;
Ní fheicfinn an spéir le haon neart mearbhaill
Is dá nochtfadh an réalt ní fhéadfainn amharc air,
Ní raibh maitheas dom glaoch ná d'aoinne freagairt,
Le fuaim gach caise agus gáirí éan.



Shuíos-sa síos go scíonmhar atuirseach
Gan súil le casadh go héirí an lae,
Faoi tharr an toir droighní bhí fillte casta
Is gan de chlúdach leapan le fáil ach é;
Bhaineas go deimhin gan mhoill mo hata dhíom,
Anuas dem bhaitheas le barr mo mhéar
Cad é an ceantar, an tuath, nó an cuan seo in aice liom,
Cad é an tír do casadh nó cár tharlaigh mé?



Chaitheas-sa scím den oíche ar mearbhall
Go brúite atuirseach cráite tréith,
Ag déanamh scíthe ar thaoibh na faille amuigh,
Ag síorchur catha is ag cáithe braon;
Is ea dhearc mise an ríon faoi dhíon na mbratanna
Do chealg mo chroí ionam le saigheada daingeanna,
A samhailt de mhnaoi im shaol ní fheacasa
Is í a chuir caithis tar mhnáibh an tsaoil.


L. 29


Níorbh ionadh riamh liom triall ina haice siúd
Go Ciarraí sealad le grá dá scéimh,
Is a fhiosrú den rí-bhean mhín chiúin thaitneamhach,
A tír, a caraid, nó fáth a scéil.
An tú Pallas Athena, nó an Dído t'ainmse,
Nó an tú Clíona ó thír na carraige,
Nó an ainnir tar toinn do chloígh na fearachoin,
Is thug na mílte marbh le grá dod scéimh?



Tá uafás Éireann éan ná feadar mé
Ag déanamh neadaibh faoi bharr na gcraobh,
Tá an fiolair is an chuach agus mórchuid eatarthu
Go suanmhar socair mar is áil leo é,
Tá an druid ann, is an seabhac sa chrann in aice liom,
An chéirseach reamhar is an creabhar breá beathaithe,
An fháinleog lom ag tabhairt na ngearrachorr
Is éan an ghoib dheirg go hard sa spéir.



Tá eala an chlúimh bháin ag snámh gan mhairg ann,
Ar bharr an uisce is a cheann san aer,
Tá cága is colúir ina dtrúpaí ag taisteal ann,
Ag cáitheadh, ag casadh, is ag trácht ón spéir.
Tá géanna ar linn ann, míolta is mearaphoic,
Éisc dá síneadh le taobh gach caise díobh,
Naoscaigh, faoileann is scuaintibh lachain ann,
Is na smólaigh bhreaca ar a n-ábhar féin.



Tá siansa is fuaim sa chuan seo in aice liom,
Na tonntaibh ag taitneamh le lonradh ón ngréin,
Caoiribh is uain go buan is searraigh ann,
Broic agus sionnaigh le fáil i bpréim,
Tá ubhla ar ghéaga ann, sméara is airne,
Measaibh ina slaodaibh ar ghéagaibh dairbhre,
Mil agus céir ag téamh ina gceathanna,
Is an cnó buí aibidh i mbarr na gcraobh.


L. 30


Tá tuilleadh dem chuallacht fós nár abaireas
I gcuanta fairsinge ar fuaid an tsaoil
Is sinne go buartha i gcuasaibh dorcha
Ar uair an bhrothaill i meán an lae;
Scaoiltear faoil roimh chaoleacha is marcaigh ann
Conairt dá dtraochadh lá gréine ar leaca cnoic;
Gan ár namhaid ag staonadh ó éigean ná anabhroid
Nó go bhfeicfear marbh iad os comhair an tsaoil.



SEÁN Ó CONAILL



21
B 1922 19>
<G M Co>
U 0312
B



An Chléir.



Um Cháisc nuair thíonn chun tí fear Eagailse,
Go líonmhar leathan agus fáscadh fé,
Gach táthaire dínne 'bhíonn gan airgead,
Ó fhaoistin geallaim go ngearrfar é.
Is gearr go scaoileann tríd an Aifreann
Sásamh bídh is dí do chaitheamh dó,
Go sásta, síoch, ag díogadh an chnagaire,
Sínte trasna tar clár le craos.



Is cáblach, cíortha, frínseach, craipineach
A mhín-wig beartaithe, bláthfar, féach;
Gan páinteach díobh ar ghroí-each beartaithe
Tríd an machaire ag tnáitheadh an ghéim.
Ina láimh dheis thíos bíonn fuip ghreanta aige
Ar a shálaibh slímthe ríspoir airgid,
Gan trácht ina chroí ar aon phoinnte 'en charthanacht
Ach rince, ragairne, rás is réim.



An tArdfhlaith, Íosa Críost na bhflaitheas,
An uair bhí ar an dtalamh ag trácht an tsaoil,
Níor fhág ina dhlí mar phointe teagaisc
Na daoine a chreachadh thar barr ina thaobh;
Féach Mártan, Peter, Cyprian, Basilius,
Is Pádraig, shoilsigh críocha Banban,
Níor ghráidh an saoghal millte mallaithe
Cinnte, ceachartha, ceardach, claon.



SEÁN Ó CONAILL


L. 31


B 1791flc 18D
GzzzzzL
U 0312



22



Faoistin Sheáin Uí Chonaill.



Admhaim mo bhearta anois go déarach dubhach,
Cé eagal dom, och, m'anacra, gur déanach dúinn
Tré leanamhain na gcamashlite gclaon gan chúis,
Lasrach do ghreadadh liom is baol im chionn.



Admhaim duit, a Athair mhilis aonda ar dtúis,
Do leanbh dhil ar sparra croise céasta brúdh,
Carbhas gur chleachtas-sa, is craos is drúis,
Is feallaireacht is faltanas is taod is tnúth.



A Bhanaltra gheal gheanamnach Mhic Dé na ndúl,
Admhaim duit mallaitheacht mo shaoil ó thús,
Gur ghabhas-sa led leanbhse is leat féin bunoscionn
Is an madra dubh taltaithe 'na phéist im chlúid.



Do glanadh mé san mbaiste mar scéimh na gcolúr,
Nó taitneamh criostail sneachta ghil do shéideas chugainn
Tar sleasaibh chnoic lá earraigh dhuibh 'na shlaodaibh tiubha
Cídh scaras ris an scaball sin mo mhéala dubhach!



Cídh measa mé ar dhamantacht ná aon dár shiúl,
Maitheachas do gheabhainnse agus éisteacht umhal,
Ach screadadh goirt le gártha goil is éighmhe is liú
Chun Banaltran an Dalta ghil nár éimigh trú.



Ar an abhar san ort agraim, a bhé gan smúit,
Ar aingealaibh, ar abstalaibh is ar naomhaibh oird,
Mar thearmainn chirt tagartha go tréan im chúis,
Is maitheachas do gheabhadsa má dhéanaid siúd.



SEÁN Ó CONAILL


L. 32


B 1752ob 18L
U 0201



23



Ar Bhás Dhonncha Dhaill Uí Laoghaire.



Tá fén lic seo duine caoin gan ghruaim,
Fáidh is file suilt is saoi glan tsuairc;
Grá is cumann tug do chill is tuaith,
Is ní bás do rug ach dul ar aoibhneas uainn.



PÁDRAIG MAC DHÁIBHÍ Ó hIARLAITHE



24
B 1760flc 18L
U 0351



Níl agam de ghréithre an tsaoil chonáigh mheabhlaigh.



Níl agam de ghréithre an tsaoghail chonáigh mheabhlaigh
Dadamh le mbréagfainn bé na mogall bhfannlag,
Ach acmhainn is tréanrith, léim is cloch do theannlac,
Is labhairt go séimh de réir na bhfocal seanda.



Nó maide do ghléasadh ar éill dheis shocair leabhairchroibh
Den daraigh ghil éadrom éasca bhoirb sheanchlis,
Racaireacht shéimh ar théadaibh chuireas gallphoirt,
Is aithris ar thréithibh Chéin mic Conaill Gabhra.



Cá fearrde mé gan bheith clé ar ghunna dá luadh,
Cá fearrde mé gur mé léifeadh gach seanaphár crua,
Cá fearrde mé mo bheith tréitheach ar ghaisce lá an tslua,
Is nach áil le bé anois mé gan talamh d'fháil uaim.



AN tATHAIR LIAM Ó hIARLAITHE


L. 33


B 1940 19>
<G M Co>
B



25



San oíche aréir gan bhréag san uair.



San oíche aréir gan bhréag san uair
Mar a ngabhadh mear-Phoebus réim is bua
Treascairt an tsaoil fá néallaibh suain
Lenar scaipeadh gach buairt tim tláith lag;
Do dhearcas-sa féin an spéirbhean shuairc,
Go banamhail séimh lem thaobh gan ghruaim,
A malla-rosc maorga is é do luaim,
Mar naomh an uair ba ghléineach snua,
Is d'amharcas scéimh mo réiltinn' suairc
Is tug taitneamh go buan dá breáthacht.



Nuair dhearcas-sa féin an spéirbhean bhúch
In aice lem thaobh i dtaom an tsuain,
Do bhraitheas go réidh a haolchorp suairc
Ó bhaitheas anuas go bántroigh;
Trím mhachnamh gur bhaoth an éifeacht uaim
Dá scarfainn le bé dob aerach snua
Féna déin gur chuas le léim ar cuaird;
Is ó thaisteal a céile féin chun cuain
Do mheasas go scéithfinn féin mo rún
Is do phreabas ina cluain gan cairde.



Is nuair a thuig an bhé é tar éis a suain
A basa do phléasc 's í ag éamh, is dúirt:
"Dá dtigeadh ár scéal chun scéith go luath
Gurb eagal dúinn buairt is bárthainn";
Is carthanúil caomh, is séimh, is suairc
Do chanainn léi bréithre baoth lag suadhach ...
"Dá dtigeadh leat saothradh is gurb é do bhuac
A dhéanamh suas liom féin san uair ..."
Dá bhfreagraíodh sé don té nár luadh,
Leanbh ó dhual go mb'fhearr di.



Bhí a mala gheal ghéar mar shaothar suadh
A brataibh le héifeacht léi-se anuas,
Sneachta agus caor go géar ina grua
Is nárbh fhiosach cé bhuaidh an t-áitreabh;
Bhí a mama geal géar ar a haolcruth buach,


L. 34


A pearsa 's scéimh mar bhandéithe an tslua,
A dhéan mé 'thuairt go faonlag truach
Dom chartadh le saigheadaibh géara crua,
Is fágadh mé tréithlag faon fé ghruaim,
Le taitneamh go buan dá breáthacht.



Ar maidin Dé Máirt go sámh trím shuan
Mheasas go dtáinig an stáidbhean suas,
Ba bhuí ná an prás gach táth dá gruaig
Is gur gile a bráid nó an bláth dhá uair;
Is é dúirt sí, "a ghrá, cad é fáth do bhuairt?
Má leanann tú gnáth de is gearr a bheir buan";
Do phreabas gan spás le dásacht suas
Is cé gheobhainn ina háit ach Dáith lem chluais -
Agus m'atuirse chásmhar chráite chruaidh
Mar d'imigh sí uaim gan fáil uirthi.



AN tATHAIR LIAM Ó hIARLAITHE



26
B 1750-70flc 18L
GzzzzzL
U 0349



Sin teilgthe a beatha flatha is uaisle Gaoidheal.



Sin teilgthe a beatha flatha is uaisle Gaoidheal,
A n-eireaball scartha amach a fuaimint tighis,
An deireadh orthu 'ghaibh ní braitear buan in aois
Chun feirme 'ghlacadh i gceart don chuaine roimhe.



Is deireanach dealbh thaistil sluaite díobh
Le heitim de bharra mara i mbualadh an rí,
Gan leisce go gcaithfid seasamh suas 'na bhflít
Le sceilimis catha i dtreasaibh trua gan tim.



Le seilbh ó ghaibh na galla ghluais tar toinn
Is ag ligean a mbrat amach i gcluantaibh aoil,
Do dheileadar astu in aistear uathu sinn
Sa leirg is measa ar shleasaibh fuara fraoigh.



Tá feiste acu ag caitheamh beatha suairc le fíon,
Is geideal ar eachaibh meara i mbuaic gach claí
I ndeifir nach feas cén capall bhuafas díobh
Ar leigean an tseannaigh fhada rua dá chloí.



SÉAMAS Ó MUIMHNEACHÁIN


L. 35


B 1940 19>
<G M Co>
B



27
A Stáidbhean Cheannais.



Éileamh ar íocaíocht a gheall bean uasal áirithe, a falla a
chur ar reilig Bhaile Bhuirne.



A stáidbhean cheannais, ó b'annamh liom scríobh chugatsa,
Mo chás duit canaim agus braithim do shaoithiúlacht,
Más gearán le caraid mo cheasna do mhíniú duit,
Mo phá le fada ar an sagart gan díol liomsa.



Tar éis ráithe fada do chaitheamh im príosúnach,
Ar garda ag faire na marbh a bhí spiúnta
Ar bharr an talaimh ar an ngasra mí-iompair -
Cránta is bainbh á dtarrac aníos chucu.



Do dhéanfainn falla do mhairfeadh feadh trí glúine
Páil an gheata agus strapa ar an gcill rompu,
Tráth do stadas, agus mheasas gan í a dhúnadh,
Ach i bpáirt an tsagairt do gheallais-se díol liomsa.



SÉAMAS Ó MUIMHNEACHÁIN



B 1950 19>



28



An Cailín Donn.



Ag déanamh smaointe do bhíos im aonar
Aréir go déanach is mé cois abhann,
Gan spéis i laoithibh ná suim i saoltacht,
Im luí go tréith tuirseach creathach fann,
Go céasta caointeach ag snoí mo scéimhe
De shíor ag déaraibh ag teacht go trom,
Gur luigh síos taobh liom an ríbhean mhaorga
Dar linn go nglaoid siad an Cailín Donn.


L. 36


A craobhfholt cíortha go frinseach faonlag
A dlaoifholt dréimreach léi ar fad go bonn,
Go péarlach buí-chas mórthimpeall d'aon dul,
Is arís ag géilleadh tar nais go com,
Do chlaochlaigh ciardhubh an fleece rug Jason
Ina loing le laochas leis trasna tonn,
Is is fíor nuair 'fhéachas, dá gnaoi gur ghéilleas,
Don mhnaoi go nglaoid siad an Cailín Donn.



Ar a héadan braoithe bhí ní ba néata
Ná mar 'scríobhfadh cléireach i gceart le peann,
A claonrosc gnaoighlas grinn gan éislinn
Mar luífeadh braonacha ar bharraibh geamhair;
Bhí caor is lítis i gcoimheascar éachtach
Ag tíocht le chéile ina leacain leabhair,
A laoithe léire is a gníomhartha géaga
Ag an mnaoi go nglaoid siad an Cailín Donn.



A béal is a binnghuth ba bhríomhar néata
Gan bhaois gan bhaothacht ná canfadh leamhas,
Ba ghléigeal aoibhinn a píp le féachaint
Mar luífeadh géise nó eala ar abhainn;
Ba ghéar a cíocha ar a clí ghlain aolda,
Agus síos a séimhchorp go seascair seang,
Is gach ní den réir sin ag tíocht le chéile
Ag an mnaoi go nglaoid siad an Cailín Donn.



Do raideas díogras croí don réiltinn
Chaoin tais mhaorga dá leamhainn labhairt,
Gan géilleadh 'om mhuintir ná do dhaoinibh baotha
Do bhíodh ag éad liom i dtaobh teacht sa bhall;
Dá dtéifeá linn is go snaidhmfeadh cléir sinn
Agus cloí liom féin gan aon chead ód namhaid,
Dom mhaoin is buíoch bheinn go críoch mo shaoghail:
Sin insint scéil ar an gCailín Donn.



SÉAMAS Ó MUIMHNEACHÁIN


L. 37


B 1760c 18L
GzzzzzL

29



Ar Bhás An Athar Dónall Ó Ríordáin.



Sin féile feasta is gaisce, gátar géar,
Bréithre blasta is acmhainn ard i léann,
Méin gan mhairg, ceangal cáil is caomhacht
I dtaom gan tapa ó caitheadh snáth do shaoil.



Is géar an easpa trasna Chlár Loirc é,
Créacht ag leathadh is fearthainn ghnáth ar chéad,
Céim do lagaibh chleachtadh sásamh séan
Ó traochadh taca ghlacadh páirt na bhfaon.



A chaomhleac, tathlaigh agat, atá led thaobh
Saorfhlaith sagairt, pearsa cháidh den chléir;
A réics do cheannaigh a anam, lámhaigh é,
Is déan a thaisceadh i bhflaitheas ard na naomh.



Ba shéimh a stair i dteagasc ard na dtéacs
I mbréithre cneasta blasta breátha béil,
Ag saoradh scata ar scanaill scáinte an tsaoil
De réir mar cheadaigh Peadar, Pápa Dé.



Is easnamh mór tú i bhfearann Fodhla i gcill faon fann,
Carn comhairle in achtaibh órga is díon gae namhad,
Teagascóir ag seachaint slóite ar gach slí chlaon cham,
Mo leathanleoghan an tAthair Dónall Ó Ríordáin ann.



SÉAMAS Ó MUIMHNEACHÁIN




B 1924 19>
<G M Co>
U 0352
B



30
An Fearr Leogaint d'Ól?



Is dubhach mé le sealad gan aiteas im bréithribh
Is ranna suilt éigse ní chanaim im beol,
Ag lionn dubh ina cheathaibh ó cheangail an chléir mé,
Ag fáil caismirt óm chéile le neafais gan chóir,
Go ndiúgfainn sa tábhairne ar gealladh de spré dhom
Is nach taca chun réitigh mé, branair ná rómhair,
Is is umhal a bhím baistithe i inbaile gan cléireach
Ach ní chreidfinn ó aon bhean go mb'fhearr leogaint d'ól.


L. 38


Is iompaíoch aigne a hathar is a chéile,
A maireann dá gaoltaibh is an chuid eile 'á pór,
Chugamsa go feargach, camarthach, taodach
Dhá n-aithris dá chéile nár ceapadh mo shórt;
Go ndiúgfainn, go scaipfinn, mo mhaitheas, mo shaoltacht,
Is nach tagrach in aon rud mé taiscithe i dtreo,
Is is umhal bhíonn gach pearsa acu dá agairt go héagnach
Le feartaibh an Aon-Mhic mé a scarúint leo.



Cé gur tionlacadh treascartha scata dem ghaolta,
Marbh gan téarnamh i gceallaibh ar feó,
Tabharfad mo bhrollach dom namhaid gan staonadh
Is an fhaid mhairfead, ós éigean, bead seasamhach leo;
Gach ar iompar an talamh de mhaitheas, de shaoltacht,
I mbailte poirt Éibhir i gceannas is i gcoróin,
Is iad do thabhairt dom faoi phatent ní scarfainn lem thréithibh,
Is ní chreidfinn ó aoinneach go mb'fhearr leogaint d'ól.



Is é dúirt sí dhom fhreagradh, "Is aimid gan chéill thú,
Stad agus éist agus machnaimh go fóill:
An té dhiúgann sa tábhairne a mhaitheas, a shaoltacht,
Ar chruinníodh dá shaothar is an chuid eile dá stór
Beir cúthail mar mheasaim, idir scata dhen tréid sin
Go cartaithe i ndaorbhroid ag ceasnaithibh bróin
Gan clú acu ná a ainm, go trochailte in éadach,
Agus siúd nuair a déarfair gur fearr leogaint d'ól.



"Cúrsa dá gcastar tú i mbaile an té úd
Gur chaithis do shaoltacht ag scaipeadh ar a bhord,
Ag tionlacan airgid bhlasta dhed mhéaraibh
Is do ghairm ina dhéidh sin i leabhar an scóir,
Cúnamh ná cabhair ní bhfaighir má iarrair
Is is aimideach taodach an freagra gheobhair,
Is is lú orthu ná an madra marbh do bhréanfadh ..."
Agus siúd nuair a ghéilleas gurbh fhearr leogaint d'ól.



DIARMAID MAC SHÉAMAIS Ó CONCHÚIR


L. 39


B 1950 19>
<G M Co>
U 0353



31



A Bhúrcaigh Bhuí Ón gCéim.



A Bhúrcaigh bhuí ón gCéim
Mar a dtéann an fia chun strae,
Fill thar n-ais is beir leat bean
A dhéanfadh beart dod réir;
Ná fág í siúd id dhéidh
Mar gheall ar bheagán spré,
Dá dtíodh a clann sa bhruíon led ais
Go mbuafaí leat an sway.



Mara mbeadh crosa is fán a' tsaoil
Is bás a hathar féin
Bheadh flúirse mhór dá stoc ansiúd
I ngaorthaibh cumhra réidh;
Marcaíocht shocair shéimh
Is culaith den tsíoda dhaor
Leabaidh chlúimh bheadh féna com
Is cruitín dúnta léi.



Is í Neil Ní Mhicil Chnámhaigh
An eala mhúinte mhná,
Gaol na bhfear is na dtíosach ceart
Thuill clú is meas riamh d'fháil;
Seomraí brúchtaigh bán'
Is machaí bó ag tál,
Mná dea-chlúmhail ina dtithe siúd
Do riarfadh flúirse aráin.



A Bhúrcaigh úd tá thuaidh
Ag ciumhais an Locha Lua,
Beidh ort an léan má thréigeann tusa
Craobhfholt dheas na gcuach,
Céile shocair shuairc
De bhé dheis bheadh gan ghruaim,
Go bhfuil an sway aici féin dá réir
Ó Chaol an ghleanna go cuan.


L. 40


Níl bean a ghabhfadh an tslí,
Ná baintreabhach pháistí
Ná go bhfaigheadh sí déirc i gcuntas Dé
Is an tarna déirc gan díol,
Bairlín glan gan teimheal
Is pláinéid chnis chun luí,
Raghaidh a hanam siúd i láthair Dé
Má táid na bréithre fíor.



Maidin Domhnaigh Dé
Is í thaistil chugainn thar Céim
An ainnir mhúinte chneasta clúmhail
Ba dheas a siúl 's a scéimh;
Bhí lasadh bog na gcaor
Ina leacain úir bhoig réidh,
Is ar bharr an drúchta chugamsa pras
Do sciob sí an Búrcach léi.



MÁIRE BHUÍ NÍ LAOGHAIRE



32
A Mháire Ní Laoghaire.



A Mháire Ní Laoghaire ó bhéal an Chéama
Mar a mbíonn os maol dá dhúiseacht,
An amhlaidh éagais ná hairím aon phioc
De ghuth do bhéil a mhúscailt;
Nó an bhfeacais aoinne ag gabháil moch nó déanach
Sa ghleann so taobh le Diubhchoill
Do neosfadh scéal duit ar ghníomhartha an tsaoil seo
Go raibh clanna Gael i gcúngracht.



Do chualag scéal duit anois go déanach
Ó fhideog sléibhe bhí i nDiubhchoill,
Go suífeadh téarma gan mhoill in Éirinn
Do chuirfeadh béir ar gcúlaibh;
Go mbeadh Repealers is a bhfórsaí tréana
Agus cúnamh Dé á stiúradh,
Agus buíon an Bhéarla gan fíon ná féasta
Agus stealladh piléar dá ndúiseacht.


L. 41


Go n-éirí an saol leis an bhfideoig sléibhe amuigh
A thug an scéal san chugatsa,
Le grá is le méin duit thar mnáibh na hÉireann,
A bhláth is a chraobh na n-údar;
Ó bhís chomh héasca is chomh lách le béaraibh
Is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cairde taobh leo le grásta an Aonmhic
Do ghearr an téarma ar dtúis dóibh.



Beidh stealladh piléar agus pící géara
Dá gcur ina méadail bhrúidigh,
Beidh cloch is craobh orthu ó láimh gach aoinne
Agus mallacht Dé ar a gcomplacht,
Beidh siad faonlag faoi spalladh gréine
Gan neach sa tsaol ina gcúram,
A gcoin is a mbeagles is a gcapaill traochta
Gan dúil i ngéim ná i liú acu.



Tá dream an áil so go céasta cráite
Agus cíos is cáin á dtúrnadh,
Agus búir go táchtmhar ar hallaibh bána
Agus deireadh a gcairde tabhartha;
Ní bheidh féasta ar clár dóibh ach prátaí bána
Agus salann lán de bhruscar,
Is le méid a ngátair ná beadsa sásta
Gan corda cnáibe a fháil chucu.



Dá mbeinn ar chlár ghlan fé thobac gearrtha
Is fé sholas bhán gan múchadh,
Is go n-aireoinn rás ar an ndream so chráidh sinn
Go n-éireoinn láidir chucu;
Tá mo shúil lem Máistir ná raghad don bhán ghlas
Go bhfeicfead tláth an chomplacht
Is go mbead á n-áireamh i bpollaibh báite
Is le fallaibh arda á rúscadh.


L. 42


A Mhic an dea-athar do chualag trácht ort
Gur mhaith do cháil id dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort
A chuirfidh caráiste is fonn ort.
Dá gcastaí lá orm tú i dtigh an tábhairne
Do thabharfainn cárt faoi chúr duit
Is crothadh láimhe ag ól do shláinte
Agus punch ar chlár go flúirseach.



Is a rí na sárfhear nár thuill do cháineadh,
Do bhí fial, fáilteach, flúirseach,
Ní dhéanfad trácht ar a thuille dánta
Táim críonna támhach lag brúite,
Bronnaim láithreach an chraobh id láimh duit,
A bun, a barr is a húlla,
Is ná caill do charáiste sa bhliain so láimh linn
Ina mbeidh uchlán ar bhúraibh.



Go deimhin a stóraigh, más fíor do ghlórtha
Gur dheinis óg arís mé,
Chun tally-ho bheith ar mhnáibh na rógairí
d'itheann feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeid siud brónach
Mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na cléire córach
Is gabháil an bóthar díreach.



MÁIRE BHUÍ NÍ LAOGHAIRE AGUS
DONNCHA BÁN Ó LOINGSIGH


L. 43



33



Maidin Álainn Gréine.



Maidin álainn gréine is mé ar thaobh Cnoc na Buaile
Do dhearcas cúileann mhaorga is a bréidín fliuch ón luachair,
Bhí gile is fine in éineacht go gléineach 'na gruanaibh
Agus d'fhúig sí m'intinn léanmhar is is baolach nach buan a bhead,
Agus gheobham arís an crúiscín, is bíodh sé lán!



d'fhiosraíos go béasach den spéirbhruinneall stuama:
"Cá bhfuilid do ghaolta nó cá taobh as gur ghluaisis?
An bean le fán an tsaoil tú gan chéile ar do thuairisc,
Nó an fíor gur tusa Céarnait chuir na tréanmhuilte ar fuaimint?"
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!



"A óigfhir mhúinte bhéasach ní haoinne mé dá ndúrais,
Ach bean de mhaithibh Gael mé tá léanaithe i gcruatan,
M'ainm cheart sí Éire is mac Shéarlais dom ruagairt,
Mo bhailtí poirt ag béaraibh an éirligh 's an fhuadaigh",
Agus gheobham arís an crúiscín, is bíodh sé lán!



Thugas crothadh láimhe di is céad fáilte roimh mo stuaire,
Cuireadh stad go lá di go sásta chun suaimhnis
Go ndéanfainn tinte cnámh di le háthas i mbuaic an chnoic,
d'fhonn go mbeadh an lá againn is cead ráis ar na huaislibh,
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán!



"Níl caoi dom stad go lá agat, cé gur gá dom an suaimhneas,
Mar caithfead triall go Carlow mar thánag le tuairisc
Go bhfuil O'Connell ó Uíbh Ráthach ann is an lá aige d'éis buachtaint
Is nach dubhach an galar báis dúinn an t-ál so fé chruatain" -
Agus gheobham arís an crúiscín, is bíodh sé lán!



MÁIRE BHUÍ NÍ LAOGHAIRE


L. 58


B 1795-97 18D
GzzzzzL
U 0220

"Iar mbeith a Saxona do go bhfeaca imháighe na hÉireann agus na
Breatuine shuas a gcathair Londuine. D'fháiltigh sion roim
Éire bheag agus d'fhiafruigh di créad thug ansin í agus
d'innis sí dho go ndubhradar eatorrtha an tabhrán so leath ar
leath agus ní mó amhrán do chonacsa is taithniomhaighe liom ná é. Is
tiomchall na huaire seo a dubharthas gur chiontaigh Biúit agus an
bhainríoghain aosta le chéile . . .'.


L. 60


B 1940 19>
<G M Co>
U 2001
B



Á dtigeadh leat saortha is gur bó do bhuac
A dhéanamh suas liom féin san uair
Dá bhfreagraiodh sé don té nár luadhadh
Leanbh ó dhual go mb'fhearr di.


L. 65


Is breá deas nach ainnir is mánla 's is cneasta
Ins an áitreabh seo Bhaile Mhúirne,
Tá grásta acu ón Athair, mánlacht ina mballaibh,
Tláifeacht is taise mhúinte;
Scáil ghlan 'na bhfallaing bhreá ghoirm leathan,
Snáth síoda lena ais ó Londain,
Sála gan mhaide go hard faoi go leathan,
Cáimric na gceart go ciúrach.




Bhí Liam na Buile thiar i nGleann Fleisce lá eile. Casadh beirt
nó triúr ban air. Dubhairt bean acu le bean eile, "An é sin an file
buile ó Bhaile Mhúirne"? D'airigh Liam cad dubhairt sí agus do
stad sé:


L. 66



I nGleanntaibh na Fleasga is ramhar dubh gach caile
I ndeallramh, i gcruth is in urla.
Chun gach ball i bhfad ó bhaile sea bhíonn a dtaisteal
agus scannradh ins na bailtibh rúmpa;
Is amhlaidh dá bhfearaibh atá go hamplach ainnis
Go trochailte, salach, míchumtha,
Gan ceirt orthu ón bhfearthainn ná fáil ar aon bhalcais,
Ach gátar is galar á mbrú ann!




Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh sé uathu.



B 1934 19>



Liam na Buile. De mhuintir Shuibhne ab ea é. Bhí sé ina chodladh oíche
i gcnocáinín aitinn thuaidh ansan ag Áth an Bhua, an t-áth sarar deineadh
droichead ansan ag bun Ghort an Acra. Ach chonaic sé na marcaigh, na
marcaigh, na marcaigh ag gabháil thairis agus níor thóg sé aon tsórthan
díobh go dtí an marcach deireannach. Bhí an bhean ba bhreátha chonaicís
riamh ar a chúlaibh. "Bygor", dubhairt sé gur mhithid speic éigin a chur
uirthi sin.



B
"'fhinne-bhean mhánla is áile 's deise ciabh-fholt,
Cá rachaidh an garda láidir garbh liamhar,
Nó an stadfaidh go lá dhon stáir nó an fada thriallfaid?"




D'ionntaigh an bhean áluinn agus do stop sí an capall agus do fhreagair:



B
"Beidh flaith an Estáit go hárd i gcreathaibh bpianta
Agus do measadh chun báis Mac Dháith ar an gCathair Iarthair".




B'é sin an tAthair Liam Ó hIarfhlaithe. D'aistrigh muintir
Iarfhlaithe siar go dtí Cathair Uíbh Ráthaigh.



Amach sa lá bhuail Liam na Buile anonn chun muintir Ghort an Acra.
"Canathaobh ná fuileann sibh ag gléasadh chun dul sa tSochraid?" ar
seisean. "Cad é an tSochraid?" adúradar. "An tAthair Liam Ó hIar-
fhlaithe" adubhairt sé. Toisc é bheith ar buile níor chuireadar aon
tsuim ann, ná níor chreideadar é, ach dob fhíor dó - bhí an
tAthair Liam marbh.


L. 67


Bhí Séamas Mór agus bean a mhic ag achrann is a' troid. Dhein sé
aoir na bhfranncach di; ach dubhairt sé leo - dubhairt sé leis na
franncaigh:


L. 68


B
"Ná stadaidh in iothlainn ná i gclaí teorann,
Go dté sibh go Tigh Eoghain suas
Mar a bhfuil an óigbhean shoineanta
Ina suí ar steól rómhaibh,
Go bhfuil fuinneamh'na cuisleannaibh
Chun sibh a mhilleadh le méarógaibh".




Tamall maith ó shin bhíodh dámhscoil i mBaile Mhúirne. An tAthair
Liam Ó hIarlaithe an tUachtarán a bhí uirthi. Chaitheadh na filí
pas a fháil ón uachtarán chun a chur in iúl go raibh an cheard acu.
Seo mar adúirt file - is dóigh liom gurbh é Séamas Mór adúirt é -
nuair a fuair sé a phas ón uachtarán:



B
"Dé bheatha led phas a Athair ghrámhair Liam,
Go mairir i bhfad i staid na ngrás ag Dia,
An tAthair agus an Mac agus an fear so tá 'na ndiaidh,
Do ghlacadh mar Pheadar ar Charraig ard na gcliar".




Bhí file darb ainm Diarmaid 'ac Shéamais 'na chónaí ar a' Ráth
agus chuaidh sé ag rá a phaidreacha agus dúirt duine éigin i
nGoirtín na Coille "ní durais puinn" agus sé freagra thug an file


L. 69


B
"Má tá mo chroí glan grámhar,
fáilteach, déirceach, umhal,
Is mór is fearra dhom é go brách
ná mo bhéal a bheith ar siúl".



B 1933 19>

Bhí meitheal mhór fhear ag baint móna ag Diarmaid 'ac Shéamais lá.
Do bhíodar ina suí um thráthnóna a' tógaint rest agus ag ól tobac. Do bhí
Diarmaid féin ina dteannta agus b'fhada leis a bhíodar 'na suí agus dúirt
sé,



B
Mo dhíth, mo chreach, mo bhrón,
Sraith dom chomharsain sínte ar sliabh
Agus trínse fada righin gan móin
Agus a' ghrian a' tigheacht go híseal thórsa siar, siar, siar.




Do léim gach aoinne na shuí agus do ritheadar ag obair.



B'é Diarmaid 'ac Shéamais an file a b'fhearr a bhí annso. Seo
mar iarr sé obair ar an stíobhard ar bhóthar a' Chúma:



B
"I gCumar na nÉag i gcéin a casadh mé le h-easba fáltais,
Is file le glaoch mé d'éigsibh cearta, is léir dom ranna is dánta,
Le cumann searc cléibh le céird na seabhac do stadadh seal 'na bpáirt siúd,
Im choire gan glaodhach ag déanamh falla cé gur lag mar chás san".




Fuair sé an obair.



Bhí Diarmaid a' déanamh falla ar Chúil a' Mhothair ag Tadhg
na Súl mBeag. Seo mar adúirt sé leis a' ndall:



B
Fad ar do shaol faoi réim gan easba choíche,
Is tabhair dom fhéin go héasca gal den phíopa.




Agus dúirt an dall leis:



B
Ó airiú a dhuine, ná tuigeann tú cúrsaí an tsaoil
Gur spaide bocht mise ná fuil pingin im láimh ná raol,
Nuair ná tuigeann tú is nár miste leat méid mo phéin
Cuireadh gach duine againn tine ar a phípín féin.


L. 70


B 1934 19>

Cath Chéim an Fhia.
Captain Rock ó Charraig Fharaire i gCill Mhuire a bhí mar
cheann ar na Buachaillí Bána. Ní fheadar cad é an sloinne bhí air
ach sin é an ainm


L. 71


a bhí air dáltha Captain Moonlight. Sin é a dhearbhaigh iad agus
bheith dílis dá dhlithe agus dá chamtha. Do chuadar go Beanntraí
agus thógadar na gunnaí, agus ar filleadh dhóibh ansan chuireadar
an leabhar ar Domhnall na Beairice teacht i mbarra Charraig na
nGíománach - taobh thiar de Chéim an Fhia - agus dá bhfeiceadh
sé aon tóir a' teacht aniar, adhairc a shéideadh trí huaire. Nuair a
bheadh an méid sin déanta aige rith leis féinig, agus do dhein agus
do chuaidh séideadh na hadhairce sin ó chnoc go cnoc. An Breathnach
a mhairbh Smith. Thóg na Buachaillí Bána leo Smith an oíche sin
agus chuireadar i bpoll portaigh é ar an dTuairín Dubh. An tarna
hoíche ansan d'aistríodar é go dtí barra an Mhill Mhóir agus
d'fhágadar tréimhse ansan é. D'aistríodar as san arís é ó thuaidh
go dtí Muing na Biorraí. Bhí poll ana dhoimhin i Muing na Biorraí
ach níor aimsíodar an poll ba dhoimhne leis an ndoiricheacht. Do bhí
seó cuardaigh ag an mBarrach Mór á dhéanamh do, agus tar éis
seachtaine tháinig sé (Smith) ar bharr uisce nuair a bhí an súgán
lofa. Bhí clocha greamaithe don chorp le súgáin chun a choimeád ó
radharc. Ní raibh fhios ag mo sheanathair é bheith ann go dtí maidin
áirithe. Bhí tailliúir ag obair acu agus bhuail sé amach a' féachaint
timpeall air. Do rith sé isteach. "Cad a thug na saighdiúirí go léir
sa chnoc san thall?" ar seisean. "Cuir uait anois", arsa mo shean-
mháthair. "A' measann tú amadáin a dhéanamh dinn - inniu lá na
n-amadán, an chéad lá Aibrean". "Smith atá ann siúrálta", arsa mo
sheanathair. Do chuaidh sé anonn a' déanamh apologising leis an
mBarrach - ní raibh fhios aige é bheith ann. Mara mbeadh go raibh
aithne mhaith ag an mBarrach Mór ar mo sheanathair do dhófadh sé
a raibh aige. Seadh, cuireadh fios ar bheirt mhac Mháire Bhuí chun
corp a' tsaighdiúra 'thógaint amach. Tógadh amach é agus do chuathas
siar Doire an Lonnaigh agus fuarathas bratacha lín chun iad a
chasadh air. Do cuireadh in Inse Geimhleach lá 'r na bháireach é.



Beirt mhac Mháire Bhuí, cuireadh i bpriosún iad de bharr na
mBuach-aillí mBán. Trí ráithe a bhíodar ann a' feitheamh leis a'
dtriail agus Dónall Ó Conaill dhein iad d'fhuascailt. Mar adúirt
Máire Bhuí ag moladh an Chonallaigh -



B
O'Connell clúmhaill, plúr na bhfear,
Tá ad iarraidh ár gcirt do phlé,
Do chuaidh sé anonn ar cúrsaí fear
Agus slán go dtaga sé,
Go sásta súgach 'sa thrúp len' ais,
Le fáinnín geal an lae.




Bhí Máire i gCorcaigh, le linn na triallach - is dócha coicíos
nó breis. Bhí fear - comharsa éigin - 'na teannta ann agus mar seo
lá dúirt sé le Máire: "Teanam ort agus ól tréit".




B
"Tá mo chroí dá shlad" adubhairt sí
Mar a shaoifí an gad,
Agus buíon mo sgart
Fé luí na nglas
Agus a gcúis gan stad le glaoch".




Do chuir Cléireach na Coróineach ceist ar Shéamas Óg de Búrca,
duine don bheirt - "Seadh, a' bhfuileann tú ullamh ar do thriail
do sheasamh?" "Táim", arsa Séamas, "más mithid dom é'.


L. 72


Tráth éigin sar a bhfuaradh corp Smith do bhíodh an Barrach mór
agus a chuid saighdiúirí ar fuaid an Ghleanna go nimhneach. Bhíodar
a' dul fé dhéin tí éigin agus do theich fear a' tí uathu do dhroim
geata. Do chaitheadar leis agus d'aimsíodar sa láimh é, ach as go
brách leis. Ní raibh fhios acu go raibh pioc air. Seadh, bhí an lámh
ana thinn na dhiaidh san agus í a' lobhadh. Dúradh leis go gcaithfí
an lámh a bhaint de. Ní fhéadfadh sé dul a triall ar aon dochtúir
léi mar do gheofaí amach é. Deirtear gur gabha a ghearr an lámh de
le sáth agus gur chneasaigh sí ansan.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services