Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poets and Poetry of Munster

Title
Poets and Poetry of Munster
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ua Dálaigh, Seághan
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: John O'Daly, 1849)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Ag seo ionad íodhlaicthe Eóghain Ui Chaoimh, thug
tréimhsi dá aimsir pósda, agus tar éis éaga a mhná
do ghlac Grádh Coisreagtha; oir ba dhuine gaosmhar,
geanamnaidhe, greannmhar; agus do ba fhile fóghlamtha,
fír-eólach, agus cléireach clisde, caoin, a b-príomhtheangadh
a dhúithche agus a shínnsear é. Gur ab uime
sin do cuireadh an sgríbhinn neamh-choitcheann so ós
a chionn.



"Do éag an cúigmhadh lá de'n Abrán, A.D. 1726;
agus as doilg d'ógaibh na Múmhan é, agus fós dá
cléir; óir as iomdha leabhar lan-fhoghlamtha, léirsgriobhtha,
dá shaothar re na fhaicsin a n-Eire
aniugh."



"Sin agad a líc, mo dhith! fá d'thaobh go lag!
Sagart ba chaoin, 's a n-dlíghe mhic Dé ba bheacht;
Farraire groídhe d'fhuil Chaoimh ba thréine a d-treas,
Fear seanchadh a sgríobh go fíor ar Ghaoidheilib seal."


L. 41


BEAN NA N'OR-FHOLT DONN.
As i bean na n-ór-fholt donn, mo ghrádh-sa gan dóbhat,
Is suighte deas a com 's a cnámha;
Likewise her features round, excel the Lady Browne,
Her equal can't be found ann san áit-si:
If I had a thousand pounds, I'd lay the money down,
D'fhonn tú bheith agam a b-Port-láirge;
Ghlacfamaois ann long, 's do rachfamaois a nún
Tar fairge, 's níor bh'eagal dúinn a bheith báidhte.



Ní ghéillim-si dod'ghlór, mar is mór do dhúil sa n'ól,
'S tar fairge ní rachad-sa go bráth leat;
I believe you're for sport, I beg you'll let me alone,
'S gur le bladaireacht do mheallann tú na mná leat,
If I bade my friends adieu, and to go along with you,
Geallaim duit gur fada do bheith trácht orruinn,
I believe I'll stay at home, and never go to roam,
Seachain me? do radaireacht ní áil liom.



Tréigfiod feasda an t-ól, 's ní leanfadh mé an
spórt,
'S beidh airgiod go fairsing ann mo phócaidhe,
Gur mílse liom do phóg ná siuicre beach ar bórd,
'S go m'aite liom am aice tú ná ceól síth;
What I do to you propose, you may take as a joke,
'S a nacharann, ní magadh leat bhím a óg-mhnaoi,
If I had you in my bower, do shínfinn síos le d'chom,
'S bheidheach m'aigne-si ceangailte ann do mhórchroidhe!



Is buadhartha 'tá mo chroídhe le taithniomh mór dod'
ghnaoi,
Agus adabhuim ó m'aigne gur león me!


L. 42


When I go to bed at night, no comfort can I find,
But lying on my side in sore grief!
By this and that indeed, and the Bible we do read,
Ní sgarfainn leat air airgiod, ná air ór buidhe,
My treasure, wealth, and store, you shall be for evermore,
Tair a bhaile liom 's béarfad m'acfainn duit a
stóirín.



Your civil silver tongue I think is moving on,
Your chattering or flattering won't coax me;
Dá ngéilinn-si do d'shlíghe 's an cam do bheith ad
chroidhe,
Nár bh'é an peacadh dhuit me mhealladh le d'chuid
gnodhthuidhe,
Can't you come and try - my kindness you shall find,
'S thabharfainn m'acfainn duit go rabairneach le
mór-chroídhe,
I'll buy you decent clothes, silk and satin shoes,
'S annsa n-Gaillimh do ghlacach sinn ár lóistín.



My mind would give consent to go with you, I think,
Acht le h-eagladh gur cleasa clis do ghnódhthaighe;
If I thought you were true, do rachainn leat a nún,
Tar fairge, gan eachradh, gan cóistíghe,
Ní'l agam le rádh, acht "go madh buan do bheidh na
mná,"
'S gur thaithniomhach liom gasaradh 'ca ag ól díghe,
To you I give my oath (and what could I do more?)
Ná sgarfainn leat go g-casfadh sruith a g-clódh
díghe.


L. 116


MOIRIN NI CHUILLIONNAIN.
Tá sgamal dubh 's ceó draoidheacht',
Ná tógfuighe ar go bruinn' an bhráth'!
Air fhearann fhairsing, fhód-chloinn,
O sheóil CRIOSD an fuirionn smáil: -
Tar sleasaibh mara ag tóruigheacht,
Le gleó-cloidhimh do chuir ar fághan!
Ar n-dragain mheara, mhór-bhuidhean,
O Mhóirín Ní Chuillionnáin!



d'easgadh an pheacadh, fa-ríor!
Do sheoil sínn faoi dhlighthibh námhad;
Gan flathas Airt ag pór Gaoidheal;
Gan seoid puinn, gan cionn, gan áird! -
'S gach báthlach bracach, beól-bhuidhe,
Do'n chóip chríon do ruith tar sáil,
A g-ceannas flaith, 's a g-cóimhthígheas,
Le Móirín Ní Chuillionnáin!



Do dhearcas neach ar chló 'n aoil,
Do ró-línn ó neamh am dháil;
'S d'aithris dam go beól-bhínn,
Gan ró-mhoill go d-tuitidh pláigh: -
Air Amsterdam na seól slím,
Ar Sheón Stiall 's ar Philib Sáill,
'S nár bh-fada ceart na Seóirsidhe,
Air Mhóirín Ní Chuillionnáin!


L. 118



AISLING CHONCHUBHAIR UI RIORDAIN.



Tráth 's tréimhse thaisdiolas,
Am thímchiollaibh saoghail;
O Ráth Loirc tré gach acharan,
Go Laoi-shruith a n-éisg;
Go d-tárlaidh a n-gaorthadh gleanna glais,
Na bh-feadhbha réidh nár chrapaighthe,
Ba bhreághthadh sgéimh dá bh-feacadh-sa,
De choilltibh na g-craobh!


L. 119


Ata paircin bheag agamsa,
Do bhan, mhin, reigh;
Gan cladh, gan fal, gan falla lei,
Achd a h-aghaidh ar an saoghal;
Spealadoir do ghlacfainn-si,
Ar task no d'reir an acradh,
Be aco sud do b'fearr leis,
No padh an aghadh an lae."


L. 120


Gáir ar ghéagaibh cantannadh,
Ba bhínn, miochair, séis;
Breághthacht sgéimh, 's dathannadh,
Ar gach mion-alt de'n fhéar;
Lucht páise, péinne, 's peannaide,
Gearrthadh créacht, 's galaraicc;
A g-cás go d-tígheadh ar dear'mad,
Le h-aoibhneas na n-éan.



Do thárlaidh taom dá dheasgadh dham,
Le'r shíneas go faon!
Is gearr gur éirgidh aisling dham,
Le'r bhíogus tar éis,
Tháinidh réaltan mhalla-roisg,
Ba cháblach, craobhach, casda-foilt;
S' páisde caoch na h-aice 'ci,
Do mheallfach an saoghal!



Is grádhmhar, séimh, do bheannaidh dham,
An cruinn-ghiolladh caoch!
S' a lámh gur léig ar armaibh,
An rín-choilg ghéar!
Do ráidh an bhéith go carthannach,
Cur deárnadh fae na cheal'gaibh;
Gráin mo chléibh a dhartaire,
Ar do shaigheadaibh, ná déin?



A ghrádh a laogh, 's a charraid chumainn,
Díograis mo chléibh!
Ná fág mé n-éagmais t-ainime,
Le h-ínnsint tar h-éis!
Dáilid Eire 's Banba,
Clár Loirc Eibhear gairmid,
Cé 'táimse d'éis na bh-fearra-chon,
Gan chuimhneadh! gan chéill!


L. 122


Is gearr gur éirgidh sean'chas,
d'ár g-cointinn a raon;
Ag cásamh tréad na ranna suilt,
Dá n-díog' as an saoghal,
Gan trácht ar sgéal, ná eachtradh,
Achd clára faobhair 's spealanadh,
Bánta réidh 'gus acharainn,
'S Innseachadh féir!



Tá 'gam sgéal le h-aithris,
'S ínsim duit é;
Gur gearr go réighfeadh an t-Athair-Mhac,
De gheimhleachaibh Gaodhail;
Tá gárda laoch fá armaibh,
Go dána ag téacht tar fairge,
Ní gádh dhíbh téarmadh ar thalamhaibh,
'S ná coingmhídh bhúr léis?



Beidh lá tar éis go h-aithreach
Ag daoinibh na g-claon!
Arsacht, léitheacht, craipidhtheacht,
'S crínneacht a téacht!
An bás mar chéile leapthadh 'ca,
'S as grána gné an pheacadh orra;
A láthair Dé gach ain'bheart,
Dá n-gníomharthaibh le léaghadh!



Táim cráidhte ag béarladh Sagsannach,
San tír ar gach taobh!
S táid na Gaoidheil cómh gangaideach,
'S a n-ínntin is claon!
Lán do thréighthibh mallaighthe,
Gan tábhacht a n-déirc, ná g-carthannachd,
'S gnása Dé go n-dearmaid,
Le díograis do'n t-saoghal!


L. 124


AN CHUILFHIONN.
A bh-facadh tú an Chúil-fhionn 's í ag siúbhal ar na
bóithre,
Maidion gheal drúchta 's gan smúit ar a bróga;
Is iomdha ógánach súl-ghlas ag tnúith le í pósadh,
Achd ní bh-faghadh siad mo rún-sa ar an g-cúntas is
dóith leó.



A bh-facadh tú mo bhábán, lá breágh 's í na h-aonar,
A cúl dualach, dris-leánach, go slinneán síos léithe;
Mil ar an óig-bhean, 's rós breágh na h-éadan,
'S as dóith le gach spriosán gur leanán leis féin í!



A bh-facadh tú mo spéirbhean 's í taobh leis an toinn,
Fáinnídhe óir ar a méaraibh 's í ag réidhtioch a cínn;
Is é dúbhairt an Paorach bhídh 'na mhaor ar an loing,
Gur bh-fhearr leis aige féin í, 'ná Eire gan roínn!


L. 126


MOIRIN NI CHUILLIONNAIN.
Cia h-í an bhean! nó an eól díbh,
Do seólaidheadh anois am láimh?
Tug ciall na bh-fear air mór-bhaois,
Ba dhóigh linn nach tiocfaid slán: -
Glan-bhiadh 'gus searc na n-óg í,
'S stór-croidhe gach n-duinean bháb,
Geal-ghrian na m-ban air ló í,
Móirín Ní Chuillionnáin!



'Tá "Gliadhaire Catha" air deóraidheacht,
San Eóruip fá chomairc cháich:
Do'n ghrian-fhuil Alban mhór-ríogh,
'Gus fós, ní bh-fuil fuil is fearr; -
San m-bliadhain re feas nach dóith línn,
Le fórsaidhibh go h-Innis Fáil;
Beidh'n triath-si teacht ag tóruigheacht,
Air Móirín Ní Chuillionnáin!



Beidh 'n Ríogh-fhlaith aguinn pósda,
Gan mór-mhoill i n-Innis-Fáil;
'S cliar ag teacht o'n Róimh leis,
A g-cóir guidhe eision bheith slán: -
Déanfadh ácht an mhór-ghrínn,
Ag tóruigheachd air chuid na mná;
'S ní iarrfaidh acht trí c'róinnídhe,
Le Móirín Ní Chuillionnáin!


L. 128


AN BEINSIN LUACHRADH.
Lá dá rabhas go h-uaigneach,
Ag dul suas go Conntae an Chláir;
Mo ghadhairín beag go h-uaibhreach
Ag ual-puirt, 's mo ghuna am láimh;
Cia casfaidhe orm acht stuaidh-bhean,
Na gruaige finne, gile, breágha;
'S adhbhar beinsín aice buainte,
De'n luachair ba ghlaise bárr.


L. 130


A chailín bhig na luachradh,
An léigfeádh do bheart ar lár;
No a d-tiocfádh liom an uaignios,
Faoi bhruach na coille is glaise bláth?
Sagairt ní bh-faghaidh sgéal air,
Ná aoin neach dá bh-fuil le fághail;
Go d-tiocfadh caint do'n chéirseach,
'S Gaoidheilge do'n lon-dubh breágha!



A chailín bhig na luachradh,
Glac suaimhnios 's fan go réidh
Ní cáil duit a bheith uaibhreach,
An uaigneas 's tú leat féin!
Má sgaip mé do chuid luachradh,
Is dual go bh-fuil cuid tar h-éis,
Bainfiod beínse mór dhuit,
A's ualach mar thuille léis.




Conntae an Chlair na blathaighe breine
Contae Chiarraidhe ag fiafraighe a cheile
Conntae Chorcaighe is gortaighe n-Eire
Conntae Luimne ag pioca na deise.


L. 142


AN BHAIN-TREABHACH 'S AN MHAIGHDION.
As maighdion 's as bain-treabhach do rin Dia go h-óg
díom,
Ní bínn liom an chreidhill-si gabhail tímchioll mo
nuadhchair;
Ba bhean-phósda ar maidin mé, o'n Eaglais chomhachtach,
'S as bain-treabhach m'ainim ar theacht do'n tráthnóna.


L. 144


Tá smúit ar mo chroidhe-si ná sgaoilfeadh go h-éag
de,
Feadh bheidheadh drúcht ar na gleanntadh, ná ceó ar
na sléibhte;
Tá cómhradh dá sníomh dhuit go caoin deas de'n g-caol
dair,
Is é mo lá bróin an chreidhill-si dá ínnsint gur
éagais!



Is deas do thiocfadh cloídheamh dhuit ar marcaigheacht
ar chaoil-each,
Nó ag séide na h-adhairce 's do ghadhair-bheag ar
saothar;
Thógfádh an ceó dhe m'íntinn 's tú ar bheinn-mhaoil
an t-sléibhe,
Agus áireóchamaoid uainn tú lá buailte Rígh
Séamus!



Is mór mór é m'eagladh go bh-fuil do mhuintir a
bh-fuarán liom,
Mar do liughas 's do sgreadas nuair chonarc an
fhuil uasal!
d'fhéach tú tar ais orm a dhian-ghrádh le truagh dham,
Achd d'imrígheadh an feall ar mo annsachd an uair
úd!



Mo mhallacht bhéarfainn d'aoin-bhean na m-beidheach
beirt fhear dá h-iarradh,
Ná déanfach a díthchioll gan aon aca riaradh;
Mar is áilleán fir cailce ar chaill mé mo chiall leis,
'S fear breágha-deas ná grána ní ghráidhfead ad
dhiaig-si!


L. 156


INGHION AN FHAOIT O'N N-GLEANN.
Siúbhail a chuid! bídh ag gluaiseacht,
Gan sgíth, gan stad, gan fuaradh;
Tá'n oídhche ghairid shamhradh ann,
'S beidheam a raon ar siúbhal?
Gheabhair aoibhneas bailte móra,
'S radharc le m'thaoibh ar chuantadh;
'S a Chríost nár ró-bhreágh an uain í,
Ar an bh-Faoiteach fada ó'n n-Gleann!



Tá mé lán do náire
Tré gach beart dá n-deárnadh;
Mar is buachaill mé bhídh dána;
'S d'imthigh uaim mo ghreann!
Ní beó mé mí 'ná ráithche,
Mar a bh-faghaidh mé póg 's fáilte,
'S cead síne síos le d'bháin-chneis,
A Inghíon an Fhaoit ó'n n-Gleann!



Is iomdha cailín barramhail, spéireamhail,
Do ghluaisfeadh liom na h-aonar;
Mollaim féin a d-tréighthe,
A g-coillte bhéal áth-úir,
Dá m-beidhmís agá chéile,
'S ag ól a n-Durlas Fhéile,
Mo lámh faoi cheann mo chéad-searc,
Go g-cuirfinn í chum suain!


L. 158


A chailín barramhail, spéireamhail,
'Na d-tug mé searc mo chléibh duit;
Is é'n grádh do thug mé 'raoir duit,
Chuir an saoghad-sa tre m'chom!
Ní beó ar muir ná ar féar me,
'S taosgaim fuil mo chléibhe 'mach;
Is é mo bhrón gan mé is mo chéad-searc,
Faoi dhuilleabhar glas na g-crann!



Dá m-beidhinn-si lá breágh gréine,
Am shuidhe ar bheínn an t-sléibhe;
An lon-dubh 's an chéirseach,
Ag seinnim ós mo cheann;
Ba dheas do sgríbhfinn bhéarsa,
'S b'íongnadh leó mar léighfin,
A n-grádh bheith sínte taobh leat,
A Inghíon an Fhaoit ó'n n-Gleann!


L. 160


U 0401
DOMHNALL NA GREINE.
Comaoin 's Frolic - chuir Artúr de Bhailis
Ar Dhomhnall na Gréine!
Má chualadh sibh a thréighthe!
Go g-caithfeadh sé seachtmhain - ag ól a d-tigh leannadh,
'S ná tuitfeach néal air,
B'anamh díth céille air!


L. 161


Bion Domhnall air meisge 's a bhean ag ol uisge,
'S a phaisdighe a beice - 's a phaisdighe a beice
Olfach se a d-tuillean se, 's da m-beidheach a thuille 'ge,
Donall na Greine - Donall na Greine.


L. 162


Do riarfach sé ceathrar - ní dhéanfach sé casaoid,
B'anamh gan gléas é,
Domhnall na Gréine!
Trodaire, Bucaire - dá bh-fuil san bh-faision é,
"Cuisle na Féile"
An Spalpaire Tréightheach!



Do léighiseach sé cailleach - ar mhúchadh no air cheasachd,
Sin cuid dá bhéasa,
Go n-déanadh sé réidhteach!
Dá m-bogadh 's dá mealla - ó óidhche go maidion.
Le bladar 's bréaga,
Eachtra 's sgéalta!



B'árd a léim-ratha - 's ba chruaidh a bhuille bhata,
Ag teacht aimsir fhéadhma,
Do throidfeach sé céadta.
Ba shamhail mo ghearfhiadh - le lúghaidh lámh-fhada,
Le Alustrom tréitheach,
No Hercules Gréagach.



Ní tréine é ar talamh - 'ná ar tuinn mara,
Do shnámhthach an Eirne
An stoirm no'n séide.
Níl aon neach dá mairion - nár sháraidh a g-cleasaibh,
B'fhuiris do dhéanamh,
Bhí sé ró thréitheach.



Níl ceárd ná ealadhan - nár sháraidh gan dochar,
'S níor cuireadh bréag,
Ar Dhómhnall na Gréine.
Ba tháiliúir, ba ghobha é - b'fhear gléasda potaidhe é,
'S d'fhíghfeach sé éadach,
Cotún 's Cambrick!


L. 163



Alpeen (rectius ailpin), a wattle. Used at fairs in
faction fights.


L. 164


Gréasaidhe ró mholta é - Printéir breágha leabhar é,
Dhéanfach sé céachda, -
d'fhuirseach na bréanraith fallow -
Gléiséir ar fheabhas é - ba dhaoire bhí a g-Corcaidh e,
Domhnall na Gréine
Do sheinneach air théadaibh!



Le h-aol 's le clocha - do dhéanfach sé obair
Droichead ar an Eirne,
Nó társna ar an d-tréan-mhuir!
Bád agus Coite - Do dhéanfach go tapa,
Threabhthach an tréanmhuir,
A nún chum na Gréige!



Groom agus marcach é - nach fuair riamh a leagadh e,
Sheinneach sé ar phíob,
'S ar gach sórt siansa.
Bórd agus leabaidh - do dhéanfach go tapaidh,
'S dhéanach sé brísde,
Do chroicean na caorach.



d'ólfach deoch leanna - 's é féin dá ceannach!
'S as blasda na briathra,
Channach go cialmhar.
Dhéanfach sé Pitcher - do shuighfeach san g-cistin,
Choingmheódhach Geneva,
d'ólfach na Ladies!



Le feabhas a chuideachta - mheallfach sé cuid aca,
Cailínídh óga!
Singil nó Pósda!
Dhéanfach sé hata - d'oirfeach do'n Easbog
'S Peiribhig do'n Iarladh!
Srian agus Diallait.


L. 166


Níl ceól dár spreagadh - a seomradh, ná h-alla,
Nách bh-fuil air a mhéara,
'S chumfach sé bhéarsa.
Is líomhtha a theanga - a m-Béarla nó a Laidionn,
Sgribhtheach sé Gaoidheilge
Dutch agus Gréigis!



Níl aon bhean a g-Corcadh - nách fágfadh a n-dochar!
Gan orra achd sméide!
Do thiocfaidís taobh leis!
Le méad a mhisnicc - Do sháraidh sé an domhan,
Sin aguibh a thréighthe,
Domhnall na Gréine!


L. 167


Do thugas naoi mi a b-priosun ceangailte cruaidh,
Bulta air mo chom 's mile glas as sud suas;
Do thugasa sith mar do thabharfach aladh cois cuain
D'fhonn a bheith sinte sios le Bean an Fhir Ruadh.


L. 168


TEACHT NA N-GEANA FIADHAINE.
Fanaidh go n-éistiom a ceathair ar chaogad,
'S geallaim go réighfeadh an t-Ard Ríogh!
An ceangalsa air Ghaoidheilibh, ag Danaraibh chlaonadh,
A bh-fearannaibh Eibhear na lán-sgríob: -
Lasfadh na spéarthadh,
le h-annfadh an éirlicc,
Do dhearcfar ó Bhéara go Tráigh Líth,
'S go calath-phort Eirne,
Ag gas'radh Shéarluis;
A treasgairt an tréada sin Sheághain Bhuidhe!


L. 169


B 1737ls 18L
U 0201
Ag so slainte Sheaghain Ui Chuinneagain,
Fear gan chaim na chroidhe,
Fear geal aluinn, ba chlisde laimh,
Fear le raidhte grinn -
Fear nar bathag an iomarbhaidh
Fear a d-tabhairne dighe,
Fear nar fhag a bhille lan,
Fear le radh, 'gus saoi.


L. 170


Casfaidh na h-éanlaith dá n-gairmthear "Géana,"
An arm go gléasda gan spás puinn,
Ag cabhair le Séarlus - an caithbhile is tréine,
Dár sheasaimh o d'éagadar cnámha Fhínn!
Creachfaid 's céasfaid,
'S sgaipfid na bréan-toirc,
Leagfaid 's raobfaid a n-gárdaighe,
Leagfar na péisde,
Tá cheal'gach, craosach,
Gan faice, gan éadach, gan Seághan Buidhe!



SEAGHAN BUIDHE.
Air maidin de domhnadh 's me ag gabhail sios an bothar,
Go hatuirseach, bronach, gan or puinn;
Casag orm oigbhean bhi suighte go corach,
'S i faire air an roguire Seaghan Buidhe!



Ba thailiuir, ba ghobha e, ba phrinteir breagha leabhar e,
'S geallaim gan amhras gur breagha sgriobhach,
Dheanfach se fionta de bharraoidh na g-craoibheacha,
'S do shnamhfach an taoide go toin sios!



B'fhearr e ar an maide, 'gus b-fearr e ar an m-bearrnadh,
B'fearr e la chasda na suistighe,
B'fearr e la an earraig ag grafa na m-banta,
'Gus b'fearr e ar beinse na giuistis,



Cuirfeadsa an roguire feasta da fhoguirt,
A g-Corcaidh, a n-Eochuill, 's a d-Tralee,
Ni leomhthadh aon oig-bhean gabhail thoruinn an bothar
Le h-eagla an roguire Seaghan Buidhe!


L. 172


Le feartaibh an aon-Mheic - d'fhulaing peannaid
dár saoradh,
Go d-tagaidh mo bhriathra le grádh, a g-crích;
Ar n-eaglais naomhtha - go g-casaid a n-éinfheacht,
A g-cealla na saor-sgoladh sáir-bhínn!
Dá mairinn dá éis sin
Acht seachtmhain de laethibh,
'S gan labhairt air chlaon-dlighthe Sheághain Bhuidhe!
Le h-atal ba aorach,
Mear, acfuinneach, éadtrom,
Do ghlanfainn do léim tar an m-bán Laoi!



SEBEAL NI BHRIAIN.
Aodh Buidhe Mac Cuirtín, cct.
A Ghéis ghartha ghléigiol - a bhéith mhaiseach bhéasach,
A chraobh-chneasda chéim-leas do mhathaibh síol Táil;
A aon-lasair sgéimhe na n-aol-bhan le chéile,
A bhéal-tanna an déid-ghil na labhartha sámh.



Is tréan teacht do thréithe le féidhim-mhaith na féile,
'S t-aol-chrobh le daonnacht is tabharthach tásg,
Do'n taistiollach tréith-lag - do'n aimid gan éifiocht,
Do'n lagar le h-aostacht is tú a g-cabhair 's a sgáth.


L. 174


Mar bhárr ar gach léan-lot do mheabhradh mo
chéadfadh,
'S d'fhág dealbh gan chéill mé am mheathach mar
'táim,
Gur chailliosadh laochradh ba chabhair dam éigion,
Fearr'-choin éachtach Chaisil 's Chláir.



Do cheanglas le núadhchar, flath ceannsa do'n chúainne,
O Anntruim na n-guais-bheart, 's o Albain árd;
Do'n chlainn sin Cholla Uais mhir, fuair Teamhair 's
Tuath-Mhumhain,
A n-dán sin 's a n-dualgas na n-aithreach ó'r fhás.



Cread dhamhsa ná luadhfainn an lann-mharcach uasal,
An "crann-cathais" May-pole cnuasach gan casadh ar a láimh;
Gan fann-bheart, gan truailleadh, acht ceannsacht le
cuallacht,
An plannda do shuathadh tre chaise d'fhuil Táil.


L. 176


AN PAISDIN FIONN.
Séamus mhic Consaidín, cct.
Atá sgéal beag agam le h-áiriomh díbh,
Ar réaltan mhaiseach do chrádhaicc mo chroidhe,
Le h-éigion taithnimh 's grádh dá gnaoi,
A n-géibhionn galair gur fhág me!
Is péarlach, bachallach, tá gach dlaoi,
'Na craobh-fholt crathach, go fáingioch síos,
Gné na h-aladh a snámh ar líng,
'Na h-éadan geanamhail, náireach!


L. 177


A g-Cluain geal Meala ta'n Paisdin Fionn,
A bh-fuil a croidhe sa h-aigne ag gaire liom;
A da pluc dhearg mar bhlath na g-crann,
Is truagh gan i 'dir mo dha lamha 'gam.
Is tusa mo mhaon-sa, mo mhaon-sa, mo mhaon-sa
Is tusa mo mhaon-sa, 's mo ghradh geal,
Is tusa mo mhaon 's carra mo chroidhe,
Is truagh gan tu 'dir mo dha lamha 'gam.



Da m-beidhin-si seachtmhuin an ait a m-beidheadh greann,
No dir dha bharraile lan de leann;
Gan aon bheith amaice acht an Paisdin Fionn,
Go deimhin duit d'olfain a slainte.
Is tusa, etc.



Da m-beith sud agamsa airgiod 's or,
Ba boga geala 's caoire ar moin,
An charraig ud Chaisil na piosaidhe oir,
Do mhalairt ni iarfuin mar cheile.
Is tusa, etc.


L. 178


Is caol a mala ar bhláith-dhearc rín,
Chuir saoghad go daingion am lár go tínn;
Na caora a sbairnn le sgáil an aoil,
Go tréan na leacain ghlain mhánladh.
A béal is tanna 's as áilne gnaoi,
A déid-mhion chailce gan cháim a mnaoi,
Is léir gur binne ná cláirsioch chaoin,
Gach bhéarsa chanann an bháin-chneis.



Venus, banaltra bhláith na gnaoi,
'S Helen ghreannta thug ár na Traoi;
Déirdre mhaiseach re'r fágbhadh Naois
Go faon a n-Eamhainn 's a bhráithre!
A sgéimh, 's a b-pearsainn, ní táire dhíobh,
An bhéith-si channaim tug bárr o mhnaoi,
'S as baoth an dearmad Bláithnid ghrinn
Thug eag do Churaigh mhic Dáire!



Tá gléire an t-sneachta gach tráith 'na píb,
'S gné na mama-dheas bhláthmhar chruinn;
Sgéimh a seanga-chuirp áluinn chaoil,
'S an t-aol a taithniomh na bán-chroibh.
Ní'l éisg le h-amharc go bráth ar líng,
Ná éanlaith seasamh ar bhárr na g-craoibh,
Ní'l gné ná samhuilt le fághail air tír,
Nach léir di tharruint ar bán-bhruit.



Do léighfinn seanchas chláir na n-Gaoidheal,
'S réim na Breatan do chrádhaicc mo chroidhe!
Léighim na psailm ba ghnáth go bínn,
Ag cléire ag cantuin a d-trátha.
Ar théada spreagainn go gáibhtheach Reel,
Do leighisfinn galaraibh sláinte croidhe,
Ar thaobh na faithche níor thláth mo ghníomh,
Ag déanamh aiste ná tráchtaim!


L. 180


Féach-sa a charadh cia b'fhearr dhuit sinn,
Gan spré, gan fearan mar táim, gan bhuidhin,
Ná créice searbh bheidheach lán do phuimp,
Do bhéarfach aithis 's cáin duit!
Dá réir sin tarraing am dháil, gan sgíth,
'S déin mo chabhair ó'n m-bás so am chlaoidhe,
'S an té do cheannaigh le grása sinn,
Béarfadh caithiomh 's fághail dúinn.



REIDH-CHNOC MNA DUIBHE.
Seoirse Robart, cct.
Is fada mé ag gluaiseacht ar thuairisg mo ghrádh,
Ar fuaid coillte dúbha uaigneach am ruagadh le fán;
A samhuil ní bh-fuaras - cia gur chuarduigheas a lán,
O Ghlaise na Tuatha go bruach geal na Máigh.



Do seóladh me 'n uaignios chnoic uaisle mná duibhe,
Do casadh orm stuaire na sguab-fholt na suighe;
Ba chas, dlaoitheach, dualach, a cuacha lé síos,
Ar gach taobh dá guaille dhá luasgadh ag an n-gaoith.


L. 182


Do casadh mo ghrádh orm - ba nár liom gan suighe,
Do chuireas mo láimh ar a brághaid 's ar a cích;
Is é 'dúbhairt sí liom, "fág me? ní h-ádhbhar duit
sinn,
Mar is bean dúbhach do'n áit do thárlaidh san
m-bruighin!"



Cá tuaith, nó cá h-oilean duit, nó a g-Clár Luirc
do bhídhir?
Nó má's buairt duit suidh láimh liom, 's tabhair slán
faoi gach buidhin?
An tu 'n stuaire geal Bláthnaid thug an saighead-sa
tre'm chroidhe
No'n chuach mhilis, mhánladh, - thug Paris do'n Traoi!



"Ní h-aoin neach do'n dréim sin me féin" a dúbhairt sí
Acht cailín caoin gaodh'lach ó'n taobh thall do'n tír;
Nár shín síos a taobh deas le aoin fhear san t-saoigheal,
Bog díom do ghéagadh, 'táim déanach ó m'bhuidhean?"



Is dúbhach 's as léan liom tú a chéad-searc mo
chroidhe,
Do ghruadh'na mar chaora, dá léasa ag an sín;
Is iad sluaighte Chnoic-Gréine do thárlaidh ad líon,
Do ruaig tú ód' ghaodhalta go réigh-chnoc mná duibhe!



Do chuirfinn le m'chroidhe steach mo chaoin ghaithlion
mná,
Mo dhá láimh 'na tímchioll 's do b'aoibhinn liom í fhághail;
Ba bhreágha deas a braoighthe dúbha, caola, gan cháim,
Mar phlánait na h-oidhche, 's gan d'aois aici acht lá.



Do chuireas mo ghéagadh ar a caol-chom mar shnuidhim,
As san dá réir sin go méaraibh a troighe;
Sínte le na taobh deas ba mhéinn liomsa luighe
Acht uaimse gur léim sí mar éan ar an g-craoibh!


L. 184


BEAN DUBH AN GHLEANNA.
Atá bó 'gam ar an sliabh,
'S táim le seal na diaig,
O chailleas mo chiall le núadhchar!
Da seóla soir 's siar,
Ann gach áit dá n-gabhadh an ghrian,
Go d-tionntuidheann a niar am thráthnóna!
Nuair fhéachaim féin ann súd,
Ann gach áit a m-bídh' mo rún
Ruithean óm' shúil sruith deóra!
A Rígh dhil na g-cómhacht!
Go bh-fóirir ar mo chúis,
Mar is Bean Dubh ón n-Gleann do bhreódhaig
me!


L. 186


Bean Dubh an Ghleanna!
An Bhean Dubh do b'fearra!
Bean Dubh ba dheise gáire
Na bh-fuil a gruadh mar an aladh,
'S a píb mar an sneachta!
'S a coimín seang, singil, áluinn,
Ní'l ógánach cailce,
O Bhaile Atha Cliath go Gaillimh;
Ná as súd go Tuaim Ui Mheára!
Nach bh-fuil ag triall 's ag tarraing,
Ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an m-Bean Dubh áluinn!



Gheabhainn-se bean sa Múmhain,
Triur ban a Laigheann,
Agus bean o rígh geal Seoirse,
Bean na lúbadh buidhe
d'fháisgioch mé le na croídhe,
Bean agus dá mhile bó aice,
Inghíon óg an Iarladh
Ata go teinn dubhach diachrach,
Ag iarra mise d'fhághail le pósadh!
'S dá bh-faghainnse féin mo rógha!
De mhnáibh deasa an domhain
As i an Bhean Dubh ó'n n-Gleann do
b'fhearr liom.



An té chídhfeach mo theach,
'S gan do dhíon air achd seasg,
Na shuighe 'muich cois taoibh an bhóthair!
Nuair éirghidheann an bheach,
Agus dhéingion a nead,
Le grian 's le teas an t-samhradh!
Nuair éirgidheann
suas an t-slat
Ní fhanan uirthe aon mheas,
Achd ag tnúith leis an m-brainnse is óige,
Mo chailín plúrach, deas,
d'éalaicc uaim le spreas,
Mo chúig céad slán go deó leat!


L. 188


INGHION UI GHEARAILT.
Domhnall na Buile, cct.
Atá lile gan sgamal d'fhuil Ghearailt na sáir-fhear,
Is soinneanda a teasdas ag fáidhibh iuil,
Ní fhaicim a samhuil ag taisdiol na sráide,
A n-inniolltacht pearsan - a g-cáil 's a g-clódh,
Grádh na rún í an múirnín masgalach,
Bláth na n-úbhall í a d-túis an t-samhradh
Lúibín lachanta - aladh an chuirp bháin,
An fhinne-bhean fhada-chroibh áluinn óg!



Is mogullach, muirearach, uilleannach, ómbrach,
Cochallach, cluthair, ag fás go feór;
A carn-fholt craipinneach, fionna-ghlas fáinneach,
Cnotach ag tuitim go bárr a bróg: -
Go trínseach, táclach, tláith-tiubh taithniomhach,
Cúrtha, cárnach, cáblach, camarsach,
Bíseach, barra-bhog, bachallach bláith,
Dlaoitheach, drollach, 's a sgáil mar ór.



Bíon Cupid na h-athadh go geanamhuil, grádhmhar,
Is firrean an leanbh d'fhuig Paris dóibh;
Is follus na leacain ag caismirt go dána,
Lonnradh an t-sneachta le sgáil an róis.
Rín-roisg réidh-ghlas, péarlach, geamharach,
Braoithe caoladh ar éadan leanabach,
Cruinn-chích córa is geanamnaighe ghnáith,
'S gile an chuim-chailce í nár lámhuigheadh fós.



Is binne guth gearr-ghuib, balsam-bhuig, mhánladh,
An leinbh-si chanann le sámh-ghuth ceól;
Ag seinnim-cirt Gall-phort cheapaidis dáimhe,
An fuireann do theagaisg an chláirseach dóibh;


L. 190


Faoileann mhaordha, bhéasach, bhanamhúil,
Naoidheanda, thréightheach, dhéarcach, ghreannamhar,
Milis-bhean urramach, mhiochair, gan cháim,
'S d'fheartaibh a cumainn tá táin gan treoir!



Is musdar do'n aingir a h-athair go fáith-ghlic,
Doineanda, draganta, a m-bearrnain gleó,
'S as tuille dá mathas ceangal le Seághan geal,
Curradh nár bh'aindis a d-tábhairne an óil: -
A máthair úir-chéibh, chiuin-chaomh, charthannach,
Thug Sirriam Conntae, 's Túrnae Laidionda;
Chúghainn, 's marcra, calma, cáigh,
Chum seasamh a g-comhrac, 's a n-gárda slógh.



Dá d-tagach fear forrusda, fonnbhar, fáith-ghlic,
Cumasach, neartmhar, faoi lán an t-seoil;
Fionn-fhlaith sonuis do ghlacadh le grádh í,
A n-dlíghe na h-eaguilsi an bháin-chneis, mhodhamhuil: -
Lucy ghléigiol shéimh Ni Ghearuilt í,
Do chrú na n-Gréagach d-trean, seadh d'easgair sí,
Seang-bhean mhaiseach, na labhartha sáimhe,
Fuair clú 'gus beannacht ó'n n-dáimh go deo.


L. 191


Ceisd agam ort a shair-fhir,
Os tu is deanaighe d'fhag an cuan;
Ca mheid galun saill
San g-Crampan sa Chill Moluadh?



Ni feidin a thomhas na chairtibh,
Ata se laidir luath;
San mheid na faghadh slighe san Ath dhe,
Geabhadh an fanadh o thuaig.


L. 192


A raoir 's mé go déanach,
Air thaobh cnoic re h-ais an chóibh;
Do shuigh mé seal ag éisdeacht,
Le guith na n-éan ag cantuin ceóil;
Le m'thaoibh gur dhearcas spéirbhean,
Ba saodmhar snuidhte snasda snóg,
S a dlaoi-fholt crathach péarlach
Air fad ag téacht go h-alt na deóig.
Ba gheal a gné mar shneachta sléibh,
Ba dheas a sgéimh a creat sa clódh,
'S as pras do spreag sí ar théadaibh,
"Leather away with the Wattle, O!"


L. 194


A braoithe cearta caola,
Air a h-éadan tais, gan snas, gan smól,
Ba rín a rosg mar bhraon glas,
Ag sile o'n aedhar ar bhárr an fheóir:
Sneachta geal gan aoluing,
Go géar a g-cath le daith an róis
'S níor bh'aithnid do'n éigse,
Cia 'co staon na leacain óig;
As cneasda caomh - d'aithris sgéal,
Go m-beith an Régs ag teacht a g-coróin,
Le'r bh-fonn a bheith seal ag éisdeacht,
Le "Leather away with the Wattle, O!"



D'fhiafraigheas féin do'n spéirbhean,
An féidir gur tu an bhruingioll óg;
A machaire na laoch mear,
A g-cath na TRAE le'r milleadh treoin,
Nó'n aingir mhilis Déirdre,
O EIRE rug clann Uisneach mór,
No'n bhean dá n-goirthear Cearnuit,
Air caise ghéar chuir muilion dóibh,
Melpomene - Cassandra shéimh,
Muirionn, Meidhbh, nó'n aingir óg
'S gur binne liom do bhriathra,
Ná "Leather away with the Wattle, O!"



D'fhreagair dam an spéirbhean,
A m-briathra binne, blasda, beoil;
A d-teangain mhilis ghaoidheilge
Do chuir go caomh an ceart a g-cóir;
Cia file tu le h-éifeacht
A n-gleire goil na m-bruingioll óg,
M'ainim-si ní léir dhuit.
Ar feadh an mhéid do chanais fós,
Mise an mhéirdreach - Innis Eilge,
Le fada a b-péinn fá ghlasaibh bróin!
Ag tnúith go g-cloisfinn glaodhach feasda,
Air "Leather away with the Wattle, O!"


L. 196


Cia treasgaradh go faon lag,
Na céadta d'fhuireann Airt 's Eoghain;
Do balbhaidh ár n-éigse
'S do chuir ár g-cléir ar easbadh lóin;
Go taisdiol do'n bh-flaith éachtach,
Go h-Eire tabharthaig feasda coróin,
'S ruacfaidh puic an bhéarla
Le ceatha pléar tar calaith fós,
'S as fearamhuil, féasdach, - soilbh, saordha,
Clanna Gaodhal gan ceas ag ól
'S go caoin dá spreagadh ar théadaibh,
Beidh "Leather away with the Wattle, O!"



CAOINE CHILLE CAIS.
Cread dhéanfamaoid feasda gan adhmad,
Atá deire na g-coillte ar lár?
Ní'l trácht ar Chíll Chais ná a teaghlach,
'S ní bainfear a clíng go bráth!
An áit úd 'na g-comhnuigheach an Dia-bhean,
Fuair gairm 's meidhir tar mhná,
Bhídheach Iarlaidhe ag tarruing tar toinn ann,
'S an t-aifrionn bínn dá rádh.


L. 198


Is é mo chreach-fhada! 's mo léan-ghoirt!
Do gheataidhe breágha néata ar lár!
An Avenue ghreanta faoi shaothar,
'S gan fosg' ar aon taobh do'n Walk!
An Chúirt bhreágha a sileach an braon di,
'S an ghasradh shéimh go tláith,
'S as leabhar na marbh do léaghtar
Ar n-Easbog 's Lady 'Veagh!



Ní cluinnim fuaim lacha ná géi ann,
Ná fiolair ag déanadh aeir cois cuain;
Ná fiú na m-beacha chum saothair,
Thabharfach mil agus céir do'n t-sluaigh!
Ní'l ceol bínn milis na n-éan ann,
Le h-amharc an lae dhul uainn,
Ná'n chuaichín a m-bárr na n-géag ann,
O's í chuirfeach an saoghal chum suain.



Nuair thigeadh na puic faoi na sléibhte,
'S an guna le na d-taobh, 's an líon;
Féachan siad a nuas le léan air,
An m-baile fuair Sway ann gach tír; -
An fhaithche bhreágha aoibhinn na raobthacha,
'S gan fosg ar aon taobh ó'n t-sín,
Páirc an Phaddock 'na Dairy,
Mar a m-bídheach an eilit ag déanadh a sgíth!



A tá ceó ag tuitim ar chraobhadh ann,
Ná glanan ré grian, ná lá;
Tá smúid ag tuitim o'n spéir ann,
'S a cuid uisge go léir ag trágha; -


L. 200


Ní'l coll, ní'l cuilion, ní'l caor' ann!
Achd clocha 'gus maol chlocháin,
Páirc an fhorghaois gan chraobh ann,
'S d'imthigh an Game chum fághain!



Anois mar bhárr air gach mí-ghreann,
Chuaidh príonnsa na n-Gaoidheal tar sáil;
A nún re h-aingir na míne,
Fuair gairm san bh-Frainc 's san Spáinn -
Anois atá a cuallacht dá caoine,
Gheibheach airgiod buidhe 'gus bán,
As í ná tógfach seilbh na n-daoine,
Achd carraid na bh-fíor bhochdán!



Aitchim ar Mhuire 's ar IOSA
Go d-tagaidh sí 'rís chúghainn slán?
Go m-beith "raincídhe fada" ag gabhail tímchioll,
Ceól bhéidhlinn 's teinte cnámh: -
Go d-tógfar an baile-si ár sinnsior,
Cíll Chais bhreágha 'rís go h-árd,
'S go bráth nó go d-tiocfadh an dílionn,
Ní fhaicfear é 'rís ar lár!


L. 202


BINN LISIN AORACH AN BHROGHA.
Brian Ua Flaithearta, cct.
Lá meadhrach dá rabhas-sa liom féin,
Ar bhínn lisín aorach an Bhroghadh;
Ag eisdiocht le bínn-ghuth na n-éan,
Ag cantainn ar ghéagadh cois abhan: -
An "Breac Taidhbhsioch" san líng úd faoi réim,
Ag raince sa n-gaortha le fonn,
Más teinn libh-si radharc súl na béil,
Tá léigheas luath ón éag díbh dul ann!


L. 204


Níor chian dúinn cois dian t-srúill na séad,
'Nar mhian le fir Eirionn dul ann;
An tráth thriall chúghainn an ghrian-mhilis bhéith,
Go dian 's í 'n-éag-chruith go lom!
A ciabh-fholt breágha, niamhrach, go féar,
Ag fás léi-si roimpe 's na deaig;
Ag rádh "a Bhriain dhil! cread é'n dian-ghol so gnídhir,
Do chiap me go h-aeghibh ós mo chionn!"



Ní sgaoilfead-sa príomh-rún mo sgéil,
Go n-ínnsir cá taobh díom ar ghabhais?
An tú Aoibhill-bheag, chaoin-chleasach, chlaon,
Mar líonais go léir me do d'ghreann!
No'n t-síth-bhean thug buidhin-truip na Trae,
Gur líonadar Gréaguicc 'na deabhaigh;
Nó'n Bhrighdeach le'r chlaoidheag lé gan réim,
Clann Uisnich, na tréin-fhir gan chabhaír!



"Ní díobh me, cé díth liom do sgéal,
Acht síth-bhean ó'n d-tréan-lios úd tall;
Do shíor-ghoin do shior-ghol a g-céin,
'S as teinn liom tú traochta ag neart Gall!
Glac ínntin! Faig cloidheamh 'na m-beidh faobhar?
Ag rainnce air chaoil-each go seang;
Gaibh tímchioll gach críoch 'na bh-faghair Gaoidheil,
Go n-ínnsir do sgéal dóibh gan cham?"



d'éisdeas le bínn-ghuth a béil,
'S d'éirgios do léim ar mo bhonn;
d'ínnsios gur teinn cúis mo sgéil,
Le líng-goil nach léigionn dam labhairt!
Bíodhgan mo chroidhe stig le léan,
Agus silim fuil thréan as mo cheann;
Mo chaoin-roisg dá leaghadh 'nam mar chaor,
Ag síor-shile déara go trom!


L. 206


Ag an mín-t-sruith nuair bhím-si liom féin,
Ar bhínn lisín aorach an Bhroghadh;
Ag smaoineamh ar ghníomharthaibh an t-saoghail,
Ar an íosbairtsi ar Ghaoidhil ag neart Gall,
Tá Fleet na d-trí ríghthe go tréan,
'S an Stíobhart sin Séamus, 'na cheann;
Laoiseach dá líonadh faoi réim,
Mile 's seacht g-céad ann 'sgach long.



CAIT NI NEILL.
Anois ó thárladh, a b-príosún árd me, a n-géibheann
chruaidh,
'S go rachuinn do stáir, mar a bh-fuil mo ghrádh geal,
's go b-pógfuin í;
Do bhuailfin mo láimh dhéis air a brághaid, nó faoi na
coimín caoil,
As é 'dubhairt Cáit liom, "gheabhad náire, mar a
d-tóigfir díom!"



Ní thógfad díot, a stóir mo chroidhe, mar's tú bhreoigh
me 'raoir,
Chur saíghead am chroidhe, ná léighisfior díom, go
bráth re m'rae!
Dá m-beith an Chúirt na suighe, 's mé le crocha tríod,
's mo chás dá phléidh,
Le toradh cloidhimh, do bhainfin díobh tú,, a Cháit Ní
Néill!


L. 208


Is ínte chídhtear, an aladh mhín, nár cháineadh béal,
Go bh-fuil gruaig a cínn, na lúba buidhe léi, ag fás go
féar;
Is geal a píb, is suighte a cóm, 's a cnámha go léir,
A bh-fuil as súd síos, go bárr a tróighe, níl cáim fae'n
saoghal.



Tá tuile gníomhartha, 'gam le n-insint ort, a shéimh-bhean
shuairc,
Is mear do sgríobhthá, bana caol, is léir 's as luaith;
Do ruithfá Reel, air fuid an tíghe, go mear, éadrom,
buan,
'S le guth do chínn, go g-cuirfeádha, céad laoch chum
suain!



Gach béith dheas dá d-tagach chúghamsa, ní bheidhinn
sásda léi,
Tír na lóng a g-ceart 's a g-cúntas, 's a fhághail le
béib;
Pórt Mathghamhna air fad ó chúntas, an Spáinn 's an
Ghréig,
Go m'fhearr liomsa a bheith air leabadh chlúimh leat a
Cháit Ní Néill.



Ghlacainn chúgham tú gan badh, gan púint, gan áireamh
spréidh,
'S as leat do shiúbhalfainn, maidion drúchda, air bhárr
an fhéir;
As é mo chreach go dúbhach, gan mé 'gus tú, a bháb na
g-craobh!
A g-Caisioll Múmhan, 's gan do leabadh fúinn, acht
Clár Bog Déil!


L. 210


ROIS GHEAL DUBH.
Is fada an réim do thug mé féin ó nae go 'niugh,
An imioll sléibh 'muich, go h-iniollta, éadtrom, mar
b'eólach dam;
Loch Eirne do léimeas, cia gur mór a sruith,
'S gan do ghile gréine am dhéig-si, acht mo Róis Gheal
Dubh!


L. 212


Go d-tí an aonach má théighionn tu ag díol do
stuic,
Má théighir, ná fan déanach san oidhche amuich?
Bíoch bultaidh ar do dhóirse 's mór-ghlais cip,
Nó as baoghal duit an cléirioch ar an Róis Gheal
Dubh!



A Róisín ná bíoch brón ort, ná cás anois,
Tá do phárdún o Phápa na Rómha agam;
Tá na Bráithre ag teacht tar sáile 's ag triall
tar muir,
'S ní cheilfior fíon Spáinneach ar mo Róis Gheal
Dubh!



Tá grádh 'gam am lár dhuit le bliaghain a nocht,
Grádh cráidhte! grádh cásmhar! grádh ciapaidhthe!
Grádh d'fhág mé gan sláinte! gan rían! gan ruith!
'S go bráth, bráth, ní'l aon fhághail agam ar mo Róis
Gheal Dubh!



Do shiúbhalfainn-si an Mhúmhain leat, 's ciúmhais na
g-cnoc,
Mar shúil go bh-faghainn rún ort, nó páirt le cion;
A chráobh-chúrtha, tuigthear dhúinne go bh-fuil grádh
'gat dam;
'S gur b'í plúr-sgoith na m-ban múinte mo Róis
Gheal Dubh!



Beidh an fhairge na tuilte dearga 's an spéir na
fuil,
Beidh an saoghal na chogadh chroidhearg ar dhruim na
g-cnoc,
Beidh gach gleann sléibhe ar fúd Eirionn 's móinte
ar crith!
Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róis Gheal Dubh!


L. 214


ROISIN DUBH.
Is mairg do'n té úd d'ár b'éigion dul tar sáile
soir!
'S nach bocht do'n tréan-chlann do chaithfeadh éalodh
gan spás tar muir!
Tá láimh an tréatúir ag sgrios 'sa raobadh, - súd
a bhuadh a niugh, -
Támaoid tréigthe, fáth ár n-éalódh, uait a Róisin
Dubh!



Is buan smuainte mo chroidhe ort a stóir, a nocht,
Ad díth-si is trom chaoinim, gan sgíth, gan tocht!
Or gan ínneadh rath mo shaeghil leat, a bhláth na subh',
Acht faraoir! táim a n-daoirse uait, a Róisin
Dubh!



Ba dheas mo dhóith feadh do bhídh me pósda le'm stóirín
féin,
A d-túis m'óige bhídh mé stróigh lé gan easbadh aon
nídh;
Acht mo dhíth-ghuirt! táinic aois dam, 's d'éaloidh mo
chruith!
'S as éigion dam tú thréigion a Róisin Dubh!



Ba dheas do chlódh ar gach aon chor a chraoibh úr-bhláth!
Ba mhaith do chóisir ar bórdaibh glan, núadh, gach lá, -
Uch! cuimhnidh a Róisín ar gach móide do thugais
fein dam,
Gidh' gur b'éigion dam do thréigion ar sáile a niugh!


L. 216


Cuimhnidh fós air ar g-cómhrádh mín, cóir, gan
chlaoin,
Cuimhnidh a stóir gur leatsa a pósadh me a d-túis
mo shaeghil!
Cuimhnidh a óigbhean an leabadh a córuigheadh dhuit
fein 's dam,
Bláth na rós, 's sgoith na món-mhágh, mo Róisín Dubh!



Nach bh-fuil mo pháirt leat a chúil fáinneach na n-dual
cas m-buidhe!
Nach tú mo ghrádh-sa d'á bh-fuil do'n Adhamh-chlainn, a
chailín chaoin!
Gonuig an lá 'niugh a n-gníomh ná ráidhtibh ní bh-fuair
tú guith,
'S nach cruaidh an cás gur cuireadh gráin ort, a
Róisín Duibh!



Ná bídheach brón ort a Róisín! achd bíodh ad thocht,
Tá do cháirde ag teacht tar sáile gan spás a nocht;
Tiocfadh a lán do threibh na Sbáinne leó a noir,
'S beir a Róisín gan bron na dheoig sin 's go deo
faoi chion!



Go d-tigh' an tráth sin céad slán leat a stór mo
chuim,
Go d-tiocfadh an lá san, míle slán leat, a chroidhe
nach tim!
Bídh gáirdeach, táim ad t-fágbháil a stóir, a niugh!
Achd fíllfeadh le áthus 's mór-ghárdas, ar mo Róisín
Dubh!


L. 218


EAMONN AN CHNOIC.
Cia h-é sin amuich,
'Na bh-fuil faobhar ar a ghuith,
Ag raobadh mo dhoruis dúntadh?
Mise Eamonn an Chnoic,
'Tá báidhte, fuar, fliuch,
O shíor-shiúbhal sléibhte 's gleanntadh!
A laogh dhil 's a chuid,
Cread dhéanfainn-si dhuit,
Mun a g-cuirfinn ort beann da m'ghúnadh,
'S go bh-fuil púghdar go tiugh,
Dá shíor-shéide riot,
'S go m-beadhmaois a raon múchda!


L. 220


Is fada mise amuich,
Faoi shneachta 'gus faoi shioc,
'S gan dánacht agam ar aoin-neach;
Mo sheisreach gan sgur,
Mo bhranar gan cur,
A's gan iad agam ar aon-chor!
Ní'l caraid agam,
Is dainíd liom san,
Do ghlacfach mé moch ná déanach,
'S go g-caithfeadh mé dul,
Tar fairge soir,
Os ann nách bh-fuil mo ghaodhaltadh:



A chúl áluinn deas,
'Na bh-fáingídhe g-cas,
Is breágha 'gus as glas do shúile!
Go bh-fuil mo chroidhe-si dá shlad,
Mar do sníomhthaoi gad,
Le bliaghain mhór fhada ag tnúth leat.
Dá bh-faghainn-si le ceart,
Cead síne síos leat,
Is éadtrom 's as deas do shiúbhalfainn
Go bh-fuil mo smaointe a bhean,
Air éalóghadh leat,
Faoi choilltibh ag spealadh an drúchtadh!



A chumainn 's a shearc,
Rachamaoid-ne seal,
Faoi choilltibh ag spealadh an drúchtadh!
Mar a bh-faghmaoid an breac,
'S an lon air a nead,
An fiadh 'gus an poc a búithre; -
Na h-éinínídhe binne,
Air ghéigínídhe seinneadh,
'S an chuaichín ar bhárr ar úr-ghlais,
Go bráth bráth ní thiocfadh
An bás air ár n-goireadh,
A lárr na coille cúbhartha.


L. 222


Beir sgéaladh uaim soir,
Go h-aingir chiuin an t-suilt,
Gur chailleadar na neid a n-éanlaith;
Gur a raoir do thuit
An sneachta ar na cnoic
Amach ar feadh na h-Eirionn!
Dá mairioch liom ruith,
Go seachdmhuin ó 'niugh,
Rachfainn-se ar mire ad t-fhéachaint,
Is go m'fearr liom anois,
A bheith báidhte san muir,
Ná rádh go m-beithfeá feasda réigh liom!


L. 223


An sioda ata ad wallet,
An sioda ata ad wallet,
An sioda ata ad wallet a bhuachaill?
An sioda ata ad wallet,
An sioda ata ad wallet,
No abhla do bhlaiseach mna uaisle?



Ni sioda ata am wallet,
Ni sioda ata am wallet,
Ni sioda ata am wallet a stuaire!
Ni sioda ata am wallet,
Ni sioda ata am wallet,
Na abhla do bhlaiseach mna uaisle!


L. 224


A MHAIRE 'GUS A MHUIRNIN.



A Mháire 'gus a mhúirnín, 's a lúibín na g-craobhfholt,
An cuimhin leat mar do shiubhlamaois ar dhrúichtínídhe
an fhéir ghlais;
A bhláth na n-abhall g-cúbhartha, na g-cnó buidhe, 's na
sméaradh,
Do pháirt-si níor dhiúltaigheas, cé dúbhach taoim ad
t-éiliomh!


L. 226


A ghrádh dhil 's a rúinín, tar taoibh liom oidhche éigin?
Nuair do luighfeadh mo mhuintir beidheam ag caint
le na chéile;
Mo lámh ar do chuimín, ag déimhniúghadh gach sgéil
duit,
'S gur b'é do ghrádh a mhaighdean, bhuain radharc flathais
Dé dhíom!



Dá m-beith fhios ag mo dhearbhráthair mo ghearán 's
mo bhuairiomh,
Dá m-beith fhios (dar Párán), bheidheadh fuarán ró-mhór
air,
Mo chéad-searc am thréigion, 's céile eile dhá luadh
liom
'S tar mhná deasa Eirionn is í mo ghrádh geal ná
fuath-fainn.



A chailín breágha uasail - uaigneas mo láir tú,
A chúl buidhe na g-cocán 's a ghrianán ban Eirionn;
Do rin tú mo dhíoghbháil, 's faríor ní'l léighios air,
Cread do b'áil liom do d't-iarraidh 's a dhian-ghrádh
ná faghainn tú.



Dá m-beidhinn-si am iasgaire shiar a m-Beínn Eidir,
'S Máire na n-geal m-brághad na bradán ar loch
Eirne;
Is súgach 's as meadhrach do ra'ain-si dá h-éiliomh,
'S do gheabhainn ann mo líontán "Grianán ban
Eirionn."



Dá m-beidhinn-si am lacha 's fairsinge sléibhe 'gam,
'S radharc ar na Flaithchis d'fhonn m'anam do shaoradh;
Do thabharfainn an ainghir a bhaile dá bh-féad-fainn,
'S léigfinn dá h-athair a bheith sealad dá h-éiliomh!


L. 228


Dá m-bheidhinn-si a Lundain mar cheann ar an
n-gárda,
'S cead agam o'n bh-Franncach mo long do chur tar
sáile;
Chúig mhíle púnta dá m'fhiú sin gach lá me
Is í Máire mo rogha-sa, 's do bhronn-fain mo
stát di.



Eirgídh ad shuighe a bhuachaill 's gléas ar do ghearrán?
Gach bealach dá m-buailir bídh' ar thuaraisg mo dhian-
ghrádh,
Do bhídh-sí dá luadh liom o bhídheas am leanbh-bán,
'S ba bhinne liom naoi nuaire í ná cuach 's ná orgáin.


L. 230


U 0297
AN SEABHAC SIUBHAIL.
Is é meastar liom ar leagadh túr, 's áitriobh récs
Ar easbadh siúbhail, ar sheasamh smúit neamh-ghnáth,
san spéir;
Ar chreachadh triúch, ar leagadh dúil, 's ar árd-sgread
béith,
Go bh-fuil malartúghadh le teacht do'n chúis, nó lá
bhreith' Dé!


L. 232


Is é deir an cúinge catha cúil, 's an Spáinneach
tréan,
'S an bhean-sa d'úmh'laidh teacht gan chúinse, a b-páirt
na laoch;
Ná stadfaid siúd dá g-cleasaibh lúith, 'na lann-chath
n-géar,
Go g-caithfid cúmplacht námhaid ár n-dúithche, ar
fán le faobhar!



Is dearbh dhúinn a charaid chlúmhuil, 's a ráib dhil
ghlé,
Go n-geallaid siúd go tapaidh cóngnamh bárc, 's
laoch;
Go fras do'n phrionnsa cheannais dhúthchais cháirde
Chéin,
'Tá ag fada tnúith le neart an triuir chum teacht
réim.



Is feas ó d'íompaidh an aingir lonnraidh, láidir,
léir,
Go ceart le Laoiseach lasair ionnraic, a b-páirt gan
phléidh;
Go bh-fearfar dlúith-cheath, treasach, trúpach, táinteach,
tréan,
Do chaithfios Búir go Breatain chionntach as áitriobh
Gaodhal.



Beidh cealladh 's úird gan smacht ann súd, gan
sgáth, gan baoghal,
Beidh reacht na d-triúch mar leasa ar d-tús ag
Pápa Dé;
Beidh ceart 's cúinse bleachtmhar búadhach, do ghnáth
ag Gaoidheil,
'S ár "Seabhac Siúbhail" gan chead do'n m-brúid, go
bráth a réim.


L. 234


Ba seasgair súbhach ag cantain ciuil an dáimh, le
dréacht,
A m-bailtibh Múmhan go maisioch, muinte, gáirdeach,
glé;
Gach dragan úr do chlanna Lúghaidh, Chárrthaigh, 's
Chéin,
Ag teacht go h-úmhal gan stad a g-cúirt, le grádh
do'n sgléip.



U 0401
AN BRANNDA.
Diarmuid mhic Domhnaill, mhic Fhíngín Chaoil, mhic
Chárrthaidh, cct.
A dhalta dhil dár thugasa mo ann-sachd dian,
Geallaim duit go rachainn-si, gídh'fann mo rian;
Ad fhaicsin-si le carthannachd an am gach bliaghain,
Achd ar eagla a bheith treasgartha ag an m-Brannda shiar!



Ní seasgaireachd fá n-dearna dham, ná clampar fiach,
Ná an'mhuinn do chraipinneach mo cheann, gídh'
liath!
Ná seachain dul tar gharbh-chnocaibh ramharadh,
liag,
Achd eagladh a bheith treasgartha ag an m-Brannda
shiar!


L. 236


Eascarraid do'n anam - agus namhaid do Dhia,
Do leagas cuirp dá chalmacht gach ball dá
d-triall,
Glaise stoic 's aisde stilleadh, - Brannda
riamh,
Athair-neimhe ba mhinic thug mo cheann gan
chiall!



Is cleachtadh leis an leanbh beag - gídh' gann a
chiall
Nuair shatalas ar aithinne ná air a shamhuil do
phiann;
Go seachnan an lasair ann gach ball dá
d-triall,
'S ní taise dam roimh ragairne an Bhrannda
shiar!



Glac-sa sin ó'm theachdaire, gídh gann liom
iad,
Mo sgata bruingioll gan faice bruit, 'ná bean dá
riar!
Tabhair cuid do d'bhanaltra is ceann-sa
mian,
'S gabhaid uile am ainim-si do chlann ad rian!



An Ceangal.
A shuairc-fhir ghroidhe do gnídh an greann do
shult,
Ní fuath dod' mhnaoi, ná díbh, tug mall me a
n-dul,
Ná fuath do'n t-slíghe, cé chím gur ramhar na
cnoic,
Acht fuath mo chroidhe do bhíon do'n m-Brannda
agam!


L. 238


AN DRAONAN DONN.
Sílean céad fear gur leo féin me an uair d'ólaim
liún,
'S tíghean dhá d-trian sios díom ag cuimhne air a
g-comhrádh liom;


L. 240


Sneachta séidhte 's é dá shíor-chur ar shliabh na m-ban
fionn,
'S tá mo ghrádh-sa, mar bhláth an áirne, ar an Draonan
Donn!



Dá m-beidhinn am bhádóir is deas do shnámhfainn an
fhairge a nún,
'S do sgríbhfinn chúghad líne le bárr mo pheann;
Faraoir géar! gan mé's tú a chrádhaicc mo chroidhe,
A n-gleanntán sléibhe le h-éirgídh gréine 's an
drúcht na luidhe!



Cuirim féin mo mhíle slán leat a bhaile na g-crann,
'S gach baile beag eile dá m-bídheach mo thriall ann;
Is iomdha bealach, fliuch, salach; agus bóith'rín cam,
Tá 'dir mé gus an baile, 'na bh-fuil mo stóirín ann!



Léighfinn-si leabhar Gaoidheilge 'gus Laidin di ar
neoin,
Sgribhfinn-si síos é le bárr mo pheann;
Bheidhinn ag éalóghadh faoi na léine 's ag fásgadh a
com,
'S an lá ná féadfainn bean do bhréagadh, ní'l an
báire liom!



"Is dubhach 's as lean liom bualadh an lae ud,
Do dhul air Ghaoidheil-bhoichd 's na ceadta shlad;
Gur 'mo fear eadrom 's crobhaire gleigiol
On am go cheile do gabhag le seal!
'Na bh-fuil corduighe caola ag buaint luith a n-geag diobh,


L. 241


A n-duinseoin dhaora go deo faoi ghlas,
Nior thainig ar Major a d-tuis an lae chugain,
'S ni rabhamair fein a g-coir na g-ceart,
Ach mar seolfaidhe aodhaire le bo chum sleibhe
Do bhi Gaoidheil-bhoicht air Shliabh na m-ban!"


L. 242


Tabhair do mhallacht do d' t-athair 's do d' mháthairín
féin,
Nach tug beagán tuigsionna dhuit mo láimh do léaghamh;
Is moch ar maidin chuirfinn chúghad-sa brígh mo sgéil,
Bíoch mo bheannacht agad go g-casfar ort a n-uaigneas
mé.



A Mhuire dhílis! cread do dhéanfad má imthíghean
tú uaim,
Ní'l eolus chum do thighe 'gam, do theaghlaicc, ná do
chlúid;
Tá mo mháthairín faoi leath-trom, 's m'athair san
uaidh,
Tá mo mhuinntir ar fad a bh-fearg liom, 's mo ghrádh
a bh-fad uaim!



Más ag imtheacht a táir uaim anois a mhúirnín, go
bh-filleadh tú slán!
Is dearbhtha gur mhairbh tú mo chroidhe an mo lár,
Ní'l coite 'gam do chuirfinn ad dhiaig, ná bád;
Tá'n fhairge na tuilte eadrainn, 's ní eól dam
snámh!


L. 244


U 0277
AISLING EADBHIARD DO NOGLAICH.
Lá 'gus mé ag taisdiol ar maidin am aonar,
'S taithneamh na gréine ar an n-drúcht, O!
Do thárlaidh an aingir na seasamh le m' thaobh-sa,
Go barramhuil, béasach, gan phúir, O!



Ba áluinn a pearsa, ba thaithniomhach, dréimreach,
Ba chamarsach, péarlach a cúl, O!
Ba bhláthmhar a mala mar ghearra le caol-phinn,
Ba leathan a h-éadan gan smúit, O!


L. 246


Sgáil gheal gan sgamal na ramhar-rosg péarlach,
Sneachta 'gus caora 'na gnúis, O!
Ráidhte gan asmuilt, achd labhartha béasach,
Blasda, 'gus bréithre ba chiuin, O!



A brághaid mar an sneachta le taithniom na gréine,
Seasamh mar gheis ar an srúill, O!
Ba bhláthmhar a mama 's a leabhair-chrobh aolda,
Ba thaithniomhach, caol-deas, a cóm, O!



Le na breághthacht do mheasas gur pearsa ban-déithe
í;
Pallas, no Venus, no Juno!
Nó'n stáidbhean le'r cailliog gan aisioc na céadta,
A g-casmairt na Trae shoir go dúbhach, O!



No'n mhánla do thaisdiol tar calaith a g-céin seal,
O Thailc mhic Tréin na d-triúch, O!
Nó'n bháin-chneis dár bh'ainim di Taise ba thaobh-gheal
Leanbh na Gréige 'sa plúr, O!



Nó'n árus an Fhir Deacair ba dhearbh na sgéalta,
An aingir do claonadh le Fionn, O!
Nó'n stáid-bhruingioll chailce dár bh'ainim di
Déirdre,
Go h-Albain d'éalaig le triúr, O!



d'árdaigheas go meanmnach m'aigne a néinfheacht,
Do labharas léisi go ciuin, O!
A ghrádh ghil na g-carrad 's a thaisge mo chléibh-si,
Tabhair do ghéag dham go dlúith, O!



"Stráille fir magaidh thu" radas an bhéith liom,
Measaim gur léithis ad chúl, O!
Dáilimsi faire leat, seacainn do phlae orm,
Ná sailig-si m'éadach sa phlúid, O!


L. 248


Is ceárrda fir cealgaidh measaim, cé d'aosais,
T-ainimsi, léig dham ar d-túis, O!
Is grána do leacadh 's as searbh do bhréithre,
Mealla na m-béithe ann do rúm, O!



Ná cáin-si mo leacadh, 's na h-abair-si bréag liom,
Taithnídhean mo bhriathra 's mo lute, O!
Le stáid-bhruingioll bharr-fhionn do mhaithibh na
h-Eireann,
M'ainim-si Eadbhard, a rúin, O!



Grádh liom do leaca, do mhala, do léith-roisg,
Radas an bhéith liom ann súd, O!
Grádh liom do phearsa, do sheasamh, do thréithe,
Taithniomh mo chléibh-si do thiuin, O!


L. 250


B 1823 19T
U 0465
AISLING PHADRUIC CUNDUN.
Maidion's me am aonar cois taobh coille duilleghlaise,
Ag déanamh mo h-iomannadh ba ghnáthach mé ann;
'S mire air luisne Phoebus tré ghéagaibh le ruithne-ghlaine;
A pléiriocht le criosdal-shiosmadh fhaobhrach na
h-abhann; -
Ealta iomdha éanlaith air chraobhaibh go miochair chlisde,
Ag séiseacht 's ag ioma-bhinne air ghéaga gach crann,
Bruic 's Sionaicc chlaonadh roimh fhaol-choin ar mire-ruithe,
'S laochradh go h-inniollta dá d-traochadh gach am!


L. 252


Iar g-caitheamh eithneach cnó dham bhídh buacach ar bile
ag sile,
Luadhail lacht gan time-rineadh faosamh do'n
bh-fann;
Sásamh bídhe gan ghruaim ann, do fuaras 's mile-bhlaise,
Stuaim agus ionnar-chruithe glé-thuigse am cheann; -
Gur casag tríd an m-buan-doire a nuas chúgham ar
fuinniomh-ruithe,
Uaisleacht na bh-finne-bhan a sgéimh-chruith nár ghann;
Aingir aoibhinn uamach, lán-bhuacach tar finne-Scuite,
Buadhach, bínn, milis, miochair, séimh tar gach dream.



Do b'fhada dlaoitheach, péarlach, a craobh-fholt a
d-titim-bhrisde,
Dréimreach, cas, ionanda, a bh-fígh néata ó na
ceann;
A dearca bhídh mar réalta na spéire le rúithne-ghlaine,
Géis-dhaith no gile an lile, niamh-chruinn a cuim;
Ba dheas, ba chruinn a déada, le chéile do cuireag
suighte
A béal bhí go friotal-chlisde a m-bréithre lán lonn.
'S bláth an draoin tre chaoradh na sgéimh 's na deirg-luisne,
Níamh sighe frith-te oilte a réighmheas go bonn.



Do sheasaimh si liom suas 's do bhuan-amharc mise
iseadh,
A d-tuairim gur bruingioll innioll déithe bhí ann,
Nó ceachtar bhí an spéir-bhean le caomhnas na doire-geinte,
A téarnadh chum feithimh inte tréibhse gan bheann;
d'fhiosradh mé do bhréithre caoin, néata, ceart,
clisde-shnuidhte,
"An tu Calypso no Ceres, no Hecate na rann,
Minerva nó Thetis do thréin-bhriseach longa ar uisge,
Bateia thais, no Hebe dheas, ón spéirnimh thuit fann!


L. 254


Ní ceachdar díobh d'ár luadhaise ad dhuantaibh ar
ise, mise,
Acht aingir claoidhte, treasgartha, tre ionachlann
na n-Gall;
'S as gairid díbh an uair 'na m-beadh mór-dhacht 's
mire bhúr n-dlighthe,
Sásamh grínn bhúr n'aindeise beadh feasda 'guibh
gan mheall:
Cur cúig a steach neamh-ghruama, le fuaimeint mar
thuille, 's fithche,
Le ais an nídh bhúr bh-faisdine bhí tagartha leis thall
'S as dearbh díbh nach buan bheig an chuaill so sa bh-finne
sgriosda,
A lacht sa líon beadh sgartha libh, bíoch m'anam leis
a ngeall.



B 1849 19L
U 0401



AISLING CHONNCHUBHAIR UI SHUILLIOBHAIN.
Fonn: - "Sean-bhean Chríon an Drantáin".
Tré m'aisling a raoir 's me'm shuan támh,
Do dhearcasa ríoguin na g-cuach m-bán;
Bhídh lasair trí litis, ag ceasnach 's a coímheasgair,
Na h-aghtha 's ní'l fhios cia fuair bárr!



A carn-fholt trínseach is leabhair d'fhás,
Go camarsach, dlaoitheach, tiugh, trom, 'tá;
Iona m-beartaibh a tígheacht fhria, go bachallach, buidhe-chas,
O bhathas a cínn ghil go bonn tráchd.



Ba chailce a déid-mhion, ba ró bhláith,
A mbéal-tana b'éifeachtach cómhrádh;
A ramhar-ruisg chlaona, 's a mala dheas mhaordha,
Mar tharrangfach caol-phinn a g-clódh, 'táid.


L. 256


Ba shamhuil a sgéimh-dhreach, 's a leabhair-bhrághaid,
Fria sneachta na h-aon-oídhche a n-gleann-táin;
'S a leabhair-chrobh aolda, ba chailce lag-mhéarach,
Do spreagach air théad-chruit gach streann-cán.



A nuair mheasas í théacht am chómh-dháil,
Facaim go h-íseall le mórdháil;
Feasaim go caoin disi a h-ainim, 's brígh a turais,
Nó'n baile 'na m-bíon sí gach cíonn-tráith.



Do fhreagair an ríogain go ró shámh,
'S ba thaithniomhach bínn-ghuith a cómh-rádh;
Mise bean dílis, na bh-flatha do díbriog,
A's Albain roimhe seo, gídh beó 'táid!



A chumainn ná tréig mise a n-dó-lás,
Suig annso taobh fhriom go fóill, má
Is tú 'n fhinne-bhean t-Séamuis, - buime na laochradh,
Tabhair cruinneas gach sgéil dam, nó gheabhad bás!



Dearbhaid draoithe 'gus sean dáimh,
Tarrangaireacht Naoimh 's gach dream Fháigh;
Go d-taistiolfach mílte fá armaibh líomhtha,
Air Charolus Stíobhard tar mall-tráicc.



A dhalta ná bíodh feasda ag ceann-rán,
Spreagach do chroidhe 'nois, ni h-ionn-tráth;
An am anfadh chídhfir an chabhair a n-gaoir dhuit,
Biadh sgaipe air gach daoiste 'na ramhar-mhás.



Déinidh gáir-mhaoithe le lúthgháir,
'S taosgaicc tráith fíon feasda ós cionn cláir;
Déantar cnáimh-theinnte, agus séid stoc na píbe,
Agus gléastar gach caoin-chruit 's tiom-páin?


L. 258


Iar d-teachtan chum tíre go Cionn-t-Sáil,
Do'n laochradh sin Laoiseach na d-trúp lán;
Beidh Gaoidheil-bhocht ag coimhghlic, - déanadh éirlicc
's díoghaltais,
Air mhéirliocha 'n fhéill feasda dhá g-cúrsáil!



U 0293
FREAGRADH DHONNCHADH UI SHUILLIOBHAIN
AIR CHONCHUBHAR.
Air an bh-Fonn céadna.



An ghealthán-chruith chínn-chailce, sheang mhnámhuil,
Do dhearcais tré d'smaointe go leabhar-bhláith;
A pearsa 's a gníomha, 's a mama gídh h-aoibhinn,
Ní'l tairbhe dhíobh ann acht ann-tláis.



Is dearmad suíghte 'gus feall tráith,
Air Bhanba chinn-gearrtha chóm-cháigh;
Ní ghlacach iona cuim tú, ná neach eile dhod' shínnsear,
Go g-casach sruith-líonta gach abhadh lán.



Is taithniomhach linn gan fóbhat d'fhághail
Air bhanaltra chíoch na d-tróm-dháimh;
Tug geallamhuin dílis, le seasamh gach n-díreach,
Do ghasradh ghroidhe-chlisde an rann-gáis.



Tar calaith glas taoide no a n-gleann-m-báin,
Dá d-tagadh do Laoiseach fria Fhrann-cáin;
Biadh aguinne taoisicc ba chalma a n-gníomh-goil,
Do leagfadh neart saoithe do gham-sáin.


L. 260


Ag Bratannaicc líomhtha na n-abhall m-bláith,
Ba fheargach líomhtha 'na lom-dáil;
Go machaire an choímheasguir dá d-tigeadh, do chídhfear,
Do Charolus Stíobhard 'na tholl-dáid.



Gé fada bheith íseall a bh-fonn fághain,
Ag seasamh le daoirse gach tróm-cháin;
Do'd cheangal a n-geibhlioch ná sgarfadh leat choídhche,
Go d-tagadh do thaoisicc go Cionn-t-Sáil!



An sgamal so líonta do chróm cách,
An anbhruid Muimhnicc, gan power tláith;
Ba mheasa dhuit líne shliocht Chaisil a n-íochtar,
Ná easbadh guith píbe, 'gus tiom-pán?



AISLING AN ATHAR PADRAIC UI BHRIAIN.
Tógfadh sé atuirse 's brón díbh,
An aisling do chonarc air Mhóirín;
An bhanaltra bhréagach,
Do tháil ar gach aoin neach,
O d'imthigh a céile - mo bhrón í!


L. 262


A cneas mar an sneachta ba ró mhín,
A bas faoi na leacadh 's í deór-ghuil;
A mama-beag gléigeal,
Ag conairt an bhéarladh;
Dá slamadh gan traocha - gan comhnuighe!



Is é dúbhairt an mhuc-alladh do ghlór-chaoin,
An bh-fuil tú ad chodla a Mhóirín?
Eirgidh cois toinne,
Agus dearc ar na daoine,
Tá teacht chúghainn tar taoide le mór-bhuidhin!



Ann-sin beidh agad-sa ad chófruighe
Airgiod go fairsing 's ór buidhe,
Mar chabhair do na céadta,
Tá ag cneada 's a béice,
Da g-creacha 's dá g-céasa le mór-chíos!



Atá éanlaith na coille go ró-bhínn,
A n-éinfhiocht ag seinnim a nótaidhe;
Go meanamnach, aorach,
Dá ínsint dá chéile,
Ná beidh fearg mhic Dé línn a g-cómhnaidhe!



Do chualadh dá sheinnim ar cheól-píbh,
Go bh-fuil Coileach 's Fiolar ag deóraigheacht;
Do phiocas na súile,
As an n-duine nár dhúthchas,
Bheith aguinn a Lúndain 'na chomhnuighe!



Beidh Hector 's Caesar go beól-bhínn,
Bowler 's Ranger a geónaidhil;
'S gearrfhiadh 'ca ar saothar,
O Chaisioll go Béara,
Go d-titidh a n-éinfheacht an órluidhe!


L. 264


Ann-sin go foirneach pós-fuighear,
An duine nár síleadh le Móirín;
'S cruinneóchadh na céadta,
Do mhathaibh na h-Eirionn,
Go mullach Chnoic Gréine le ceól-síth!



Tugthar chúghainn Punch agus beoir ghroidhe,
'S biodhtar dá d-tarraing a g-cómhnuidhe?
Cuir an aindheise ar cáirde
Go maidion a márach;
'S gan casadh go bráth ná go deó í!



Bé faid do bhéidh sgilling am phóicín,
Ní sgarfainn le cuideachta Mhóirín;
Olfamaoid sláinte,
An fhir atá n-dán di,
Chum cuidiúghadh go bráth lé, 's go deó 'rís!



Atá cluithche le h-imirt ag Móirín,
Tuitfeadh an Curata 's ní brón línn;
Atá aon-a-hart séidhte,
'S an rígh dul ar éigin,
'S an bhan-ríoghuin 'na dh'anéig sin tóruigheacht!



Ann-sin preabfadh ar bórd síos,
An Cionádh is fada faoi cheó-draoigheacht;
Sguabfaidh a n-éinfheacht,
Na bearta le chéile,
'S bainfeadh sgilling gan bhaodhachas, 's c'róinn
díobh!



Beidh cnaipidhe dá n-déanadh 'ge Seoirsin,
Faoi thuairm an éadaig nár córuidheag;
Beidh hata maith Béabhair,
Ar Dhomhnall na Gréine,
Dá chathamh is na spéartha le mór-chroidhe!


L. 266


Go m-baintear an brísde dá thóin síos,
An duine nár mhian bheith ag ól dighe,
Faoi thuairm an sgéil sin,
'S tuille ná déarfad;
Dá m-beidhinn-si gan léine, gan cóitín!



U 0285
AN ABHAINN LAOI.
Eóghan (an mhéirín) Mhic Cárrthaigh, cct.
Fonn: - "Ar Eire ní 'neósfainn cia h-í".



A chumplacht ghlan chaoimh-chrothach chaoin,
Ur-léighionta go líonmhar a n-dán;
Bhúr n-dúthrachd ag géar-mholadh Laoi,
(Ba shaothar a n-ínntleacht is fearr)
An lúb-shrothach, glé-chriostal, mín,
Is féile ar bith fíor-uisge cáil;
Gur thúirling gach séan le na taoibh,
Do b'fhéidir fá rígheacht neimhe d'fhághail.



Is cúbhartha 's as craobh-thorrthach bhídhean,
Gach gaortha 'na tímchioll ag fás;
Fá úbh'laibh, fá chaoraibh, fá fhíon,
Ag claonadh go h-íochtar a trágha!


L. 268


Abhall-ghoirt fá ghéagabh ag luighe,
Ar an bh-féar-glas an uair líonaid a m-bláth,
Mar lubh-ghort Hesperia do bhí,
Dá chaomhnadh le draoigheacht ar feadh spás.



Ba shúgach flaith féile air gach taoibh,
Go féasdach, go fíonmhar do ghnáth;
'S túirling na cléire d'íonsaighe,
Na saor-fhear; na tígheasacha breagha;
Is dúbhach liom a réim 's a g-cíos,
Na stéigibh dá sníomh idir chách;
'S an prionnsa an Altona 'na luighe,
Nár thréig creidiomh Chríost ar a stát!



An CHRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services