Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Raiftearaí: Amhráin agus Dánta

Title
Raiftearaí: Amhráin agus Dánta
Author(s)
Raiftearaí, Antaine,
Compiler/Editor
Ó Coigligh, Ciarán
Composition Date
1835
Publisher
Clóchomhar, An

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN LEATHBHAILE



I dTeach an Leathbhaile níor thuirseach liom ráithe
ag seinm don ardfhlaith ó thitfeadh an oích'
go n-éiríodh an ghealach is an ghrian lá arna mhárach
mar is aige atá an coirdial ab ait le mo chroí.
Fíorscoth na fola nár thuill ariamh náire
sméar mhullaigh na háite, is dó a bhéarfainn an chraobh;
tá beannacht na mbocht aige, sagart is bráithre
mura bhfaighe sé na grásta nach trua Mhuire an saol.



Bhí mise i gCaiseal, i gCarraig is i gCeatharlach,
i gCluain Meala, i bPort Láirge is i bhfad i Loch Riach
ar chuanta Chill Ala, is ag Abhainn Ó gCearnaigh,
is ní fhaca mé a mháistir i mbaile ná i dtír.
M'impí ar an leanbh a thuirling sa stábla
a oileadh ar ucht Mháire atá i bhflaitheas ina suí,
a dhoirt a chuid fola is a throisc ar an bhfásach
go raibh leis comhpháirteach i bPárthas na Naomh.



Áras na mbeannacht, go bhfeice Dia an t-ádh air,
is iomaí fear fánach a ligeas ann scíth,
gaireann an chuach ann i dtráth na Féil' Pádraig
mar mothaíonn sé scáth ann ó bháisteach is ó ghaoth.
Craobha breá glas ag silt meala le háthas,
clóbhar le fáil ann go hard ar gach taobh,
úlla i mbarr cranna ag lúbadh le fána,
is níor thuirsceach leat ráithe ann ag piocadh sú craobh



Tá an smólach is an linnet, an lon dubh is an chéirseach
ag éirí is ag léimnigh ann, ar bharra na gcraobh,
an colm, an creabhar, an crotach is an naoscach,
is gach uile shórt éin ann dár labhair ariamh.
Ceolta ar hallaí á seinm ar théada
ag cur bairr ar an bpléisiúr go n-éiríonn an ghrian;
boird ann á leagan, gan mhagadh is iad gléasta
le brandaí, ginéive, puins, ale agus fíon.
An tseisreach san earrach, an chliath agus an bráca,
bréanraí agus hánta dá scoilteadh ar gach taobh;
sa bhfómhar bíonn gearradh ann, ceangal is carnadh,
is léitear a lán ann ar bheatha na naomh.
An Eaglais ar maidin ag gabháil trína dtrátha,
Aifreann le fáil ann ó Luan go Déardaoin;
is fearr ná sin uilig, tar éis a bhfuil ráite
tá trócaire is grásta ann le fáil ag an saol.



Réalta na maidine is samhail dá chéile,
tá a gile is a scéimh ag cur maise ar a gnaoi,
an rós ina sheasamh trí lasadh ina héadan
súil ghlas gan chlaonadh, is a béal tanaí faoi.
A seasamh is a himeacht ag teacht lena chéile,
pearsa dá réir, is a bráid mar an aol,
sílim gur deise í trí huaire ná Deirdre
is dá labhrainn ar Héilin ler scriosadh an Traí.



Tá an lá leis an ainnir ó Shionainn go hEirne,
triúr ar a tréithe ní bhfaighfeá sa tír,
ná dís ar a himeacht dá siúlfá ar fad Éire,
le hoineach is le féile is gach uile dhea-ghníomh.
Sílim go deimhin i láthair an Aon-Mhic,
más trócaire an déirce gur bean í atá saor;
ach bliain agus fiche de fhad ar a laetha,
thug an file an sway di, is go maire sí an chraobh.



BÉAL ATHA GHARTHA



Má bhíonn tú ag caint ar bhreáichte
smaoinigh ar Bhéal Átha Ghártha
mar is geall do dhuine i ndáimh leis
le bheith i bPárthas na Naomh.



Bíonn féar ann fada is fásach
slat is maide láimhe,
úlla, cnó agus airní,
agus meas ar bharr na gcraobh.



Bíonn ceannbhán a lán ann,
an breac is an liús ag snámh ann,
uain is caoirigh bána ann,
loilíoch, láir is lao.
An lacha is a hál ann,
is an chuach ag éirí in airde,
bia agus deoch le fáil ann,
agus fáilte d'fhear gan slí.



Bíonn an smólach ann is an chéirseach,
is an lon dubh mar an gcéanna,
níl éan faoi bhéal an aeir ann
nach mbíonn ag éirí ann is ag luí.



Tá an linnet gafa i gcage ann
agus ceolta hinne ar théada,
tá mil ar bharr an fhéir ann,
sméara agus sú craobh.



Is mór a déantar déirc ann,
bíonn fáilte roimh lucht léinn ann,
bíonn teas go síoraí i ngréin ann,
is gan fuacht ar bith sa ngaoth.



Bíonn síol á chraitheadh i gcré ann,
Is ní fhásann coirce scéin ann,
is dá mbeifeá bliain is céad ann
níorbh fhada leat do shaol.



Bíonn braich, hop is leann ann,
agus duilliúir ghlasa ar chrann ann,
ceol, sult is greann ann,
más fada gearr an oích'.



Níl bia ná tine gann ann,
tá caint is comhrá is greann ann,
an eilit is a clann ann,
an broc is an míol buí.



Tá uisce is muilte i gcóir ann,
tá seagal, pis is pór ann,
cruithneacht, coirce is eorna ann,
clóbhar fada is líon.



Tá Aifreann saoire is Domhnaigh ann
Is éirí amach aosa óig ann,
is dá mbeifeá le do ló ann,
ní chluinfeá caint ar chíos.
Cá bhfuil an luibh nach bhfásann
trí thaltaí Bhéal Átha Ghártha:
an caisearbhán, an slánlus,
cuach Phádraig, is leamhach buí.



Bhuail sé i scéimh is in áille
Caisleán Hyde le breáichte,
Baile Átha Cliath, Port Láirge,
Cill Áirne agus Trá Lí.



Triallann daoine a lán ann,
mar faigheann siad saol is sláinte ann,
ní bhíonn aon ghalar báis ann,
ar leanbh, fhear ná mhnaoi.



Is mar chuir mé ar Aindriú an báire
ag moladh Bhéal Átha Ghártha,
nach mór an t-údar náire
an cás ar bhuail mé faoi?



BÉAL ÁTHA NA hABHANN



Tá áras sa tír seo a bheir cabhair do dhaoine
is níorbh fhada liom choíche a bheith ag trácht air,
sháraigh sé an ríochta le féile is le daonnacht
is dá bhféadfainn scríobh síos air, bheinn sásta.
An té a ghluaisfeadh os íseal ar uair an mheáin oíche
chluinfeadh lucht siamsa agus dánta,
scaipeadh ar fhíon agus corna dá líonadh
is ní iarrfadh fear síneadh siar ráithe ann.



Níl Búrcach sa gcúige seo Blácach ná Brúnach
Frinseach, ná sinsear shiol nDálach,
Linseach ná Nuinseann ná aon oidhre dúiche,
nár mhian leo glaoch ag teach Phádraig.
Faoistin is logha, bíonn fuascailt is cabhair ann,
cóngar muilinn is áithe,
is dá bhfaighinnse mo roghain ar áiteanna an domhain
is i mBéal Átha na hAbhann ab fhearr liom.
Tá iasc in san abhainn ann is torthaí ar chrann ann
duille breá glas agus sméara,
seilíní is airní, úlla is baláiste
is measa ag fás ar bharr géag ann.
Tá an chuach ann ag labhairt ó Shamhain go Nollaig,
an smólach, an creabhar, is an chéirseach,
an eilit i dteannta ag na gadhair in sna gleannta
is an sionnach i sáinn ag na Blazers.



Tá coillte breá réidhe ann, is bánta dá réir sin
tá gealach ann, grian agus réalta,
seagal is ráib, is cruithneacht ag fás ann,
tá geamhar is coirce trí dhéis ann.
An tseisreach san earrach is na síolta dá gcraitheadh
is na bánta dá scoilteadh le céachta
soithigh á dtolladh, bíonn coca iontu is eochair,
agus siléir á bhfoscailt is á réiteach.



Boird ann á leagan agus cócairí ag freastal
miasa ann is gréithre dá dhaoire,
decanters go barr lionta ar an gclár
le fuisce agus fion agus negus.
Na hancaird ann fostaithe is na gloiní ina n-aice,
is daoine uaisle ag ól sláinte a chéile,
táiplis á breacadh, agus dísli dá gcraitheadh,
agus ceolta dá seinm ar théada.



Dinnéar dá réir sin á ullmhú is á réiteach
bíonn turcaithe ann, puiléid is géabha,
an luán is an lacha, agus caoircoil ina n-aice,
agus mairteoil ar thosach na méise.
An portán is an gliomach, an cnúdan is an ronnach
an bradán is an turbard gléasta,
langa agus mangach, an trosc is an ballach,
is an tortoise ní theastaionn ón bhféasta.



Mná maithe an domhain le méin agus feabhas,
ansiúd atá an bhean acu is féile,
dá dtéiteá go Corcaigh gan cónaí - gan stopadh
is dá siúltá thart timpeall na hÉireann,
is í nach mbeadh tuirseach ó Lúnas go Nollaig
ina seasamh is í ag riar ar lucht déirce.
Ó chuaigh mé á moladh, ach cluinfidh an pobal
gur fada a bheas teastas a tréithe.
Bíonn searrach ag láir ann, is banbh ag cráin ann,
is loilíoch ar maidin ag géimnigh,
asail is múillí go súile i bhfásach,
uain agus caoirigh ag méiligh.
I gcuntas mar scríobh na húdair air síos,
ar ndóigh ní chuirfidh mé bréag air,
i gcearda ná i gcúige le méin agus múineadh,
thug Béal Átha na hAbhann an chraobh leis.



CILL LIADÁIN



Tiocfaidh an t-earrach is beidh an lá ag síneadh
tar éis na Féil' Bríde agus ardód mo sheol,
is ó chuir mé i mo cheann é ní chónóidh mé choíche,
go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.
I gClár Chlainne Mhuiris a bheas mé an chéad oíche,
is i mBalla taobh thíos de is ea a thosós mé ag ól;
go Coillte Mach rachad, go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
i bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Atha Móir.



Fágaim le huachta go n-éiríonn mo chroíse,
mar a ardaíos an ghaoth, nó mar scaipeas an ceo,
tráth a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de,
ar Sceathach an Mhíle is ar Phlánai Mhaigh Eo.
Cill Liadáin an baile a bhfásann gach ní ann,
tá sméara, sú craobh ann is meas ar gach sórt;
is dá mbeinnse i mo sheasamh ann i gceartlár mo dhaoine,
d'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.



Tá cruithneacht is coirce, fás eorna agus lín ann,
seagal breá aoibhinn, arán plúir agus feoil;
lucht déanta uisce beatha gan licence ag díol ann,
móruaisle na tíre ann ag imirt is ag ól.
Tá cur agus treabhadh ann, is leasú gan aoileach,
is iomdha sin ní ann nár labhair mé air fós:
áitheanna is muilte ag obair gan scíth ann,
ní íoctar pínn chíosa ann ná dadaidh dá shórt.
Tá an t-uisce sa loch, is an abhainn ag triall ann,
na coracha déanta, is na líonta i gcóir;
tá an liús is an breac is an eascann ina luí ann,
an portán, an faochán, an ronnach, is an rón.
Tá an bradán is an ballach ag preabadh gach oíche ann,
is an liubhán ag triall ann ón bhfarraige mhór;
an tortoise is an gliomach is an turbard riabhach,
cnúdáin is iasc ann chomh fairsing le móin.



Tá gach uile shórt maide ann dár féidir cur síos air:
bíonn sycamore is beech ann, coll, giúsach, is fuinseog,
box agus cuileann, iúr, beith, agus caorthann,
is an dair ghlas le ndéantar bád, long, is crann seoil;
an logwood, mahagaine, is gach adhmad dá dhaoire,
is an fíormhaide a dhéanfadh gach uile ghléas ceoil;
úlltoir is sceach gheal ann á ngearradh is á snaidhmeadh
is an tslat ann a dhéanfadh cis, cléibh agus lóid.



Tá an chuach is an smólach ag freagairt a chéile ann,
an lon dubh is an chéirseach ar gor os a gcomhair,
tá an goldfinch, is an creabhar, is an linnet i gcage ann,
an naoscach ag léimnigh, is an fhuiseog ón móin.
Tá an t-iolar as Acaill is an fiach dubh ón gCéis ann,
an seabhac as Loch Eirne is an eala ón Róimh,
is dá mbeifeá ann ar maidin le héirí na gréine,
chloisfeá gach éan acu ag seinm sa ngróbh.



Tá an láir is an searrach i bhfochair a chéile ann,
an tseisreach is an céachta, an treabhach is an síol,
na huain ann ar maidin go fairsing ag méiligh,
caoirigh ina dtréada ann is linbh ag mnaoi.
Níl tinneas, níl aicíd, níl galar, níl éag ann,
ach sagairt is cléirigh ag guidhe na naomh;
tá mionnáin ag gabhair is bainbh ag an gcéis ann,
is an loilíoch ag géimnigh ag triall ar a lao.



Tá an eilit is an fia is gach uile shórt géim ann,
an mada rua ag léimnigh, an broc is an míol buí;
guth binn na ngadhar is na hadharca dá séideadh,
roimh éirí na gréine a thógfadh do chroí.
Tá marcaigh ar eachraí agus daoine uaisle gléasta
ag fiach i bplantations go dtiteann an oích',
siléir go maidin arís ann á réabadh,
ól ag na céadta agus leaba le luí.
Faigheann baintreacha is dílleachtaí cabhair is réiteach,
slí bia agus éadaí agus talamh gan chíos,
scoláirí bochta, scríobh, scoil agus léann ann,
is lucht iarraidh na déirce ann, ag tarraingt ís ag tríall.
Sháraigh sé an domhan le gach uile dhea-thréíthe,
thug Raiftearaí an chraobh dó ar a bhfaca sé riamh,
ís é deíreadh na cainte: saol fada ag Frank Taaffe ann,
sliocht shinsir Ghaidéalas nár choigil an fial.



CNOCAN AN EANAIGH



Cnocán an Eanaigh an áit aoibhinn álainn
ag Eiscir na mBráthar, in aice Bh'l'Atha an Rí,
tharraing mé i bhfad air mar chuala mé trácht air,
Is ní bheadh m'intinn sásta go gcaithfinn ann oích'.
Séamas is Labhrás a thug mé sa láthair,
an séan is an t-ádh go raibh ar an dís,
ís fágaim le huacht mura mbeinn beo ach ráithe
go n-ólfaidh mé a sláinte ar fud Bhaile Loch' Riach.



Ar ghaireadh na gcoileach a bhuail muid an t-áras,
bhí an oíche fuar, báisteach is fuinneamh sa ngaoth,
bheannaíomar acu in ainm an Phápa,
bhí an bord i lár báire agus shuíomar síos.
bhí an cárt ar an rasta agus coca in sa mbairille,
an ghloine ar an gclár agus bean an tí ag riar,
Níor airíomar dadaidh, bhí an earra chomh breá sin,
gur éalaigh an lá orainn isteach is an ghrian.



Fíorshláinte an fuisce ach é a fháil in am áirithe
níl aon bhean óg dá bhreáichte, nach dtógfadh sé a croí;
cé gur fhága sé mise in uireasa sláinte
níor mhaith liom é a cháineadh mura mairfinn ach mí.
Is comhluadar sagart é, easpag is bráthar,
is bíonn sé ag an bPápa is ar bord ag an rí,
is an fear a bheadh in eitinn ar a leaba le ráithe
dá mhlaisfeadh den choirdial bheadh fad ar a shaol.



Hóimear ná Horás ní scríobhfadh a cháilíocht,
ná Virgil dá bhreáichte dár thrácht sé ar an Traí,
agus fágaim le huachta nuair leagaim mo láimh air
go smaoiním ar Bhácas mar d'óladh sé fíon.
Is é a leagfadh Oscar, Goll, Eachtar is Páras,
agus Heirciléas láidir a dódh le mnaoi,
Cú Chulainn is Clann Uisnigh láimh bhriste gach bearna,
ní bhuailfeadh ina aghaidh báire gan uisce a chur tríd.



Níl fíodóir ná haitéara, gréasaí ná táilliúir,
ó Abhainn O gCearnaigh go Baile Loch' Riach,
ná fear déanta tairne, gabha dubh ná ceardaí,
ná fear maide rámha nach dtógfadh sé a chroí.
Bhréagfadh sé an bhanaltra, an leanbh, is an garlach,
giúistís an bhaile, constábla, is fear dlí,
is b'ait leis an saighdiúir é ag éirí dá gharda,
fear gearrtha adhmaid, saor, muileoir nó maor.
Bhí mise i gCorcaigh is i gCluain Meala na féile,
i gCill Chainnigh, i mBinn Éadair, i dTuaim is i
mB'l'Atha an Rí;
i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Easa, is i mBréifne,
is i mBaile Thuaim Gréine ba mhinic mo shuí.
Ag cúinní Chill Tulach in áras na féile,
i dteach Thomáis dá bhféadfainn is ea a chríochnóinn an
oích',
ar ar casadh i mo bhealach ar fad in sa méid sin,
do Learaí is do Shéamas a thabharfainn an chraobh.



AN FÍODÓIR



Molfad go deo an crann eagair is an seol
is an tslinn a bheir ligean don chúrsa,
an úim is an spól is an lámhchlár níor mhór,
garmna, runners is tuirne.
Tá an oirnéis ar fáil i gcuma is i gcáil,
an fíodóir, Mac Mhuire dá chumhdach;
is é a chuirfeadh brat brád ar fhir is ar mhná
ins gach bealach 'na gcodladh is 'na ndúiseacht.



Níl bruinneall dá bhreáichte ar chruinniú nó ar bháire
ar a capall nach bhfeilfeadh di fúithi,
pillín deas ard is sais faoina lár,
ribíní, rufaí agus gúna.
A fallaing bhreá thláith is a mbíonn ar a bráid,
is é an seál a bheir foscadh dá glúine;
is an fear tar éis bháis á dheasú ar an gclár,
nár dheiside é sciorta dá chúnamh?



Amach as a lár a thigeas gach áirge,
an carpet, an phluid, is an súsa,
an muslin is an gauze, seol loinge agus báid,
is gléasann sé uaisle na cúige.
Céimbric is lawn, an centon cross-bar
is an síoda a níos habit is gúna,
an caisimíor bán is an veilbhit is fearr
dár chaith ariamh iarla nó diúca.



Fear ar cheann stóil mura ndéana sé ach bróig,
is mian le mná óga a bheith ag suí leis,
nó táilliúir ar bord is a shiosúr i gcóir
tráth a ghearrfadh sé cóta nó hríste.
Ní cháinfead aon tsórt, níl baint agam dó,
ach is é an fíodóir a sháraigh an ríochta,
is maith é i dteach óil fear chaite an spóil,
tá bua aige is beannacht ó Chríosta.



Níl file ná bard ó Shionainn go trá,
nach leagfaidh mé an seanchas fúthu,
mura bhfuil sé sách ard ó bhuail mise ann láimh,
éileoidh mé beagán beag cúnta.
Níl agam le rá ar fad in sa gcás,
ach an Brianach nár chruthaigh sé fiúntach,
arís go lá an bháis chúns mhairfeas clann Ádhaimh,
ní chreidfidh mé fear as a dhúiche.



Má tharraing sé siar bhí fear in sa tír
a thógfadh go sciobtha mo pháirtse,
sliocht Chlanna Mhíle ó thosach an tsaoil,
nach n-imreodh ar fhear ar bith an cárta.
Bheirim dó an chraobh is go maire sé í,
ach go bhfeice an tír sonas is ádh air;
Go deimhin, a Sweeney, tá Raiftearaí buíoch díot,
agus ólfad is gach baile do shláinte.



AN GRÉASAI



Fear cnáibe nó céire i láthair a chéille
ní chreidfead go héag, ar ndóigh.
Turas is céad a thug mé ina dhéidh
is tá mé anois múinte leofa.
An té a chreidfeadh mo scéal ba thrua leis mé
i mo chosa is mé ag pléascadh bóthair;
ach diomú na naomh d'aon neach go héag
a d'íocfadh roimh ré luach a bhróga.



Cuirfidh mé scríofa le teachtaire caoithiúil
litir Dé hAoine ar an gCeapaigh,
go bhfuil mé le mí agus a luach uaimse íoctha,
gan bróig, ach mo chosa sa lathach.
Níor mhór liomsa bríb don Bhúrcach is luach saothair,
dá gcruinníodh sé uaisle agus marcaigh;
iallchoin ag gach aon, is a scaoileadh ina dhiaidh
go gcuirfeadh muid fiach ar mhac Mharcais.



AN BURCACH



Ní ligfinn as láthair do litir is í a fháil
ach, a Raiftearaí, is cás é a shílim,
nach bhfuil sé le fáil ó Shionainn go trá
an té a dhéanfadh leat dán nó píosa.
Ach téadh muid i bpáirt is cuirfead i sáinn é,
ach bhéarfaidh mé spás dó go faoithin;
is mura dtige sé amárach is do choimirce a fháil
bhéarfaidh duit sásamh saolta.



Nach iontach an scéal nach gcualas roimh ré
go raibh tú san éileamh ar Phádraig;
agus fios agat féin dá bhfaighinn amach é
go gcuirfinn go daor an cás air.
De mhullach na péice bhainfinn béim scéithe
is ar an gCeapaigh a bhéarfainn garda;
gadhair agus beagles is adharca dá séideadh
go dtugainn fiach lae don áit air.



RAIFTEARAÍ
Na bac leis an gcás is ná labhair
ó thug sé i mo láimh iad déanta,
fuaite le cnáib ó lasca go sáil
chomh sleamhain le cnáimh dá mhíne.



Uachtairí tláith nach bpléascfaidh in aon áit,
agus bannaí go brách nach scaoilfidh;
níor mhór liomsa féin dá bhfanfainn leis ráith,
tá an obair chomh breá sin déanta.



Má b'fhada an oíche aréir níor chodail sé néal
ach ag obair go géar le dúthracht,
le cnáib agus céir agus iall fhada réidh
go ndearna sé péire domhsa.
A sála is a mbéal ní scarfaidh go héag
is tá boinn mhaithe dá réir sin fúthu.
Ní dhearna sé bréag ach malairt bheag lae,
is ná foscail do bhéal, a Bhúrcaigh.



AN tATHAIR LIAM Ó DÚSHLAINE



Saol fada ag an leon a scaipfeadh an t-ór,
is ní leanann sé ach nós a dhaoine,
beagán dá shórt a gheofá sa deois,
tá a theastas sa Róimh thall scríofa.
Thógfadh a ghlór ón bpeaca na slóite
is tá a imeacht go mór le Maoise;
is gur geall é os ár gcomhair i gCill Chornáin Dé Domhnaigh
le haingeal faoi chlóca Chríosta.



Siúd é an fíréan, glanchruithneacht na nGael,
is crann seasta na cléire, ar ndóigh,
a shamhail i léann ní bhfaighfeá i do réim
dá siúlfá go léir Críoch Fódla.
Is é teagasc a bhéil, ina sheasamh ina léine
a ghlanfadh go réidh an bóthar,
is nach aoibhinn don tréad atá faoina scéith
má chreideann siad réalt an eolais.



Is é an tAthair Liam an teachtaire fíor,
a mhúinfeadh daoibh ciall is comhairle;
scaipfeadh sé an saol chomh fairsing le fial
mar lasas an ghrian sa bhfómhar.
Níor ordaigh na naoimh ach ceart agus dlí,
is gan taisce ná maoin a chomhaireamh,
a bhfaca sibh riamh is bíodh sé in bhur ndiaidh
ní bfhaighidh ar an Sliabh pínn romhaibh de.
A phobail go léir, creidigí an scéal,
mar is aige atá an béal is caoine
ná ceiliúr na n-éan is ceolta na dtéad
á seinm faoi aer na hoíche.
Is é a leagfadh an séala nach dteilgfeadh is nach dtréigfeadh,
is glanfar Lá an tSléibhe a chaoirigh;
i bhflaitheas Mhic Dé go raibh sé is a thréad,
i measc aspal is naomh ar caomhúint.



Bíonn na cathuithe rómhór i ndiaidh imirt is ól,
is dona an rud bród is díomas,
ag mealladh ban óg is á dtarraingt dá dtreoir,
damnaíonn sé mórán mílte.
An dream a bhíos tabhartha do dhrúis is do phóit,
beidh siad go fóill á chaoineadh,
ar thaobh Chnoc na nDeor beidh acu ' ochón ',
is Mac Mhuire dá réiteach díofa.



Breathnaígí uaibh sula dtaga an uair,
a mbeidh an gad crua ar chéadta,
i gcónra chaol chúng, is gan tharainn ná fúinn
ach iomad daol is péiste.
Beidh bhur lasadh i bhur ngrua chomh dubh leis an ngual,
agus sibhse gan meabhair gan éisteacht;
beidh bhur gcorp in san uaigh is bhur leaca chomh fuar
leis an sneachta atá ar chúl na gréine.



Is é deireadh mo scéil is creidigí é,
gur mealltóir ródhian an saol seo,
is gur duine gan chéill níos saibhreas dó féin,
is nach leanann a léas go díreach.
Maoin agus stór, airgead is ór,
níl iontu ach ceo i measc daoine,
is gur file gan treoir nár chruinnigh pínn fós
a thug daoibhse an chomhairle chríonna.



PLANCSTAÍ AN tSIRIDEÁNAIGH



Is é Beairtle an glancheardaí is fearr in sa tír seo,
dhéanfadh sé láí, spáid, sleán, agus píce,
an leaba go sásta, is an cáltar glan díreach,
a threabhfadh na bánta gan bhásta ná fuílleach.



Céachta, gléas bráca, idir Márta is Féil Bríde,
gan lorg a láimhe ní thig a bheith críochnaithe,
an tsluasaid a charnfadh an lán de thóin díogan,
agus grapa na dtrí bhrionglán le sáthadh faoin aoileach.



Dhéanfadh glasphláta is gan trácht ar an eochair,
an poker is an gráta is gan amhras an crocha,
tlú don pharlús, an haspa is an bolta,
insí agus tairní agus bacáin do dhoirse.



An truicear is an piostal is an gunna, is é a dhéanfadh,
na ráipéir is na bayonets is na sockets nach scaoilfeadh;
sleá, speal nó corrán má théann siad i gcloíteacht,
tugtar chuig Beairtle iad is ís fogas dóibh faobhar.



Spoir ghlana ghéara is é a dhéanfadh go stuama,
béalbhach do shrianta, díol iarla nó diúca,
stíoróib don mharcach nach gclisfeadh sa gcúrsa,
agus búclaí sa bhfaisean le leatharacha a dhúnadh



Siséal is plána, tua, tál agus tar'thar,
is an toireasc a ghearrfadh gach uile shórt maide,
crú don each rása, agus ardú faoin asal,
siosúr don táilliúir is don ghréasaí scian is raspa.



Preas, muileann páipéir is na typers ar fheabhas,
gearrthóir don scláitéir le haghaidh a ghabháil ag obair,
meá le haghaidh an scála a mheáfadh a dtiocfadh,
jack gan aon bhásta, bior briogúin nó scibhéir.



Iarann do mhuilte nach bhfeacfadh is nach lúbfadh,
is na breacairí a ghearrfadh gan rud ar bith cúnta,
an deimheas a bhearrfadh an chaora as a clúdadh,
bonn spóil don fhíodóir nó fearsaid dá thuirne.



Ghléasfadh sé cóistí, post-chaise, barra láimhe,
an phiocóid is na gróite, an róistín is an fráma,
is é a dhéanfadh go róghlic an treoir le haghaidh an tairne,
is an bosca don bhís is ord mór don cheárta.



Na rásúirí is daoire, is an scian phínn ar fheabhas,
gach uile ghléas faobhair gan scíth ar bith ná tuirse,
an eochair don óstóir le casadh ina choca,
sin is fleshfork don chócaire is lúb le haghaidh an phota.
Dhéanfadh geataí a bheadh ag foscailt is ag dúnadh,
is an muileann a meilfí gach uile shórt plúir leis,
ancaire loinge is don sípéaraí crúca,
is siostal don chailligh nach bhfágann an cúinne.



Búclaí do bhróga mná móra agus ladies,
is na claspaí a bhíos tharstu ag fáscadh a gcuid éadaigh;
mura raibh sé ag Bhulcán aon scaitheamh dá théarma,
níor rugadh a mhacasamhail ó d'imigh an dia bréige.



Dhéanfadh bogha agus saighead a d'fheilfeadh do Pháras
claíomh d'Eachtar, sciath chosanta is garda,
a throidfeadh in aghaidh Híodra i mbéal muire agus namhad,
a thit in sa gcath le Heirciléas láidir.



Thriall mise scaitheamh mar chuala mé trácht air,
is níorbh aistear gan deoch é, d'ól Beairtle mo shláinte;
is é deireadh na cainte nach gabha ar bith do mháistir,
ach sin mar mhol Raiftearaí lorg do láimhe.



SEAN MAC CONRAOI



Tá oibrí sciobtha tráthúil ag bóthar Chaisleán Táilliúir
b'ait liom bheith ag trácht air, mar tá dúil aige sa spóirt;
comhluadar ar áille in éadan gloine is cárta,
is níor theagmhaigh riamh a mháistir liom, in áit ar bith
go fóill.
Ní ionadh ar bith an cás sin, do réir a ghnímh is a chálach,
tá an múineadh air ó nádúr, is an t-oineach ina phór;
ach éistidh an scéal más áil libh, is míneod daoibh ar ballach
gur ceardaí Conraoi a sháraigh a bhfuil ó Arainn go
Dún Mór.



Sais go deas is fráma i bhfuinneoga is é a d'fháiscfeadh,
doirse hallaí ar áille, agus a bhfeilfeadh do theach mór;
an banastar is na ráillí, le meabhair a chinn is a láimhe,
staighrí, urlár, clár, agus a lán nár dhúirt mé fós.
Dhéanfadh long is drawbridge, coite is maidí rámha,
muilte plúir is ráibe, is é a chuirfeadh i gcaoi is i gcóir;
le siséal glan is plána a dhéanfadh sé gach áirge,
ceapann sé an casadhmad le haghaidh báid agus crann seoil.



Oibrí tréitheach stuama a dhéanfadh crois is tuirne,
an seol is an maide luasctha, an tslinn agus an spól;
léifeadh leabhar is nuaíocht mar tá foghlaim air is múineadh,
is dá siúlfá ar fad an cúige ní bhfaighfeá fear dá shórt.
An deasc i gceann ar uaibhreas, dóthain rí nó diúca,
cupard is preas le dúnadh, cathaoir, stól is bord;
drisiúr dathúil fiúntach, nó leaba ard an rúma,
geataí a d'osclódh is dhúnfadh is uirlis do lucht ceoil.



Tá cruthú díreach láidir nach bréag atá mé a rá leis,
mar is iomdha fear san áit seo a ndearna sé obair dó;
an chuing, an chliath is an bráca, barra rotha is láimhe,
céachta a threabhfadh bánta, agus d'iompódh suas an fód.
A lán nach gcuimhním trácht air, dhéanfadh sé gan bhásta,
feac nó bróig don láí i gceann gach uile shórt;
cliabhán le haghaidh an pháiste, dhéanfadh sé go sásta,
máinséar le haghaidh an stábla agus cás an ghunna mhóir.



Dhéanfadh sé go seolta, an ghig, an chairt is an cóiste,
gach uile ní den tsórt sin, post-chaise is jaunting-car;
na himleacáin is na spócaí, is rothaí a rithfeadh ar bhóithre,
líostaí a chur le comhla agus giarsaí faoin teach bairr.
Nach stuama cliste róghlic a dhéanas sé gach seoide:
bandbox do mhná móra, counter-tile is drár;
an biúró agus an cófra agus cásáil a chur leofa;
séatanna i dteach ósta is cónra do lucht báis.



Ógfhear lúfar scaoilte ar mhargadh nó ar aonach,
a shamhail níl sa tír seo, ar tuath ná i mbaile mór;
is beag a shuim i dtíobhas, ach caitheamh is fáil go gnaíúil,
is iomdha lá agus oíche a chaith mé leis ag ól.
Dá mbeadh sé suas naoi n-oíche cé a d'aithneodh lorg braoin air?
Tá sé céillí caoimhiúil múinte dathúil cóir.
Tá mo jobsa déanta, ach bail is rath ó Chríost air,
sin é a cháilíocht daoibhse is ní dhéarfaidh mé níos mó.



LIAM Ó CEALLAIGH
Gaireann go hard an chuach in sa Márta
i lár an Triain Bháin is ní stadann sí mí,
ach ag seinm le háthas i measc duilliúr is bláth ann,
is ag éirí go hard ar bharra na gcraobh.
Molfaidh mé an t-áras ó fhéadaim a ráite -
b'fhearr liomsa lá ann ná in áit eile bliain.
ach is fada ó bhí trácht air gur bhuail sé Cill Airne
le gach uile shórt breáichte, deise agus gnaoi.



Tá an eilit is a hál ann, an broc is an fia bán ann,
ansiúd gach aon lá is an tseilg ina ndiaidh;
Reynard sna gártha is an tóir lena shála,
is daoine uaisle as gach ceard ag breathnú ar an sians.
Caiple breá rása, agus eachraí ar stábla,
hunters ann sáraithe tar éis a bheith ag fiach.
coirce mín bán i máinséar breá cláir ann,
acu le fáil ann is fanaidís bliain.



Bochta, lán sráide, d'fheicfeá gach lá ann,
ag triall ar an áras a roinntear an bia;
níl diúltamh le fáil ag aon fhear go brách ann,
ach céad míle fáilte agus rud lena riar.
Faoi Nollaig bíonn bláth ar na crannaibh ag fás ann,
torthaí ba ghnách agus meas ar bharr craobh;
á gach uile shórt breáichte ann, ba mhór an tuar sláinte,
is aon fhear bheadh lá ann, ba fad é ar a shaol.



Na hionaid is na hárais is na coillte is breáichte,
is an dair ghlas ag fás ann chomh díreach le riail;
lao bó i gcionn trí ráithe is í ag rith chun a dára,
is ní fheicfeá sa bhfásach ach barr a dhá hadharc.
An chruithneacht chomh hard is go ndéanfadh sí fál ann,
chomh geal leis an gcnáib is í ag scinneadh as an gcraobh;
an eala ar snámh ann, an lacha is a hál ann,
an t-uisce suas lán ann, is é ag scairteadh le hiasc.



Tá briogúin i gcóir ann, is potaí faoi fheoil ann,
bruith agus rósta agus cócairí ag triall;
níl cliseadh ar aon tsórt ann dá bhfanfá go deo ann,
ach siléir gan chomhlaí agus ól ag an saol.
Eachraí is lucht cóistí ag triall ar na bóithre,
is a lán daoine móra ann ag breathnú ar an sians;
decanters go leor á líonadh ar na boird ann
ag Ó Ceallaigh an chroí mhóir nár choigil an fial.



Shiúil mé Port Láirge agus cuanta Chionn tSáile,
Corcaigh na mbád agus siar go Trá Lí;
Beanntraí is Cill Airne, agus chugaibh le fána,
gur chaith mé mo dháta in Árainn na naomh
Is mór a bhíos trácht ann ar Bhúrcaigh is ar Mháilligh,
an dream nár chuir cás i gcruinneas ariamh;
ach ar uaisle Chríoch Fáil is é a bheith ar mo láimh,
is d'Ó Ceallaigh an Triain Bháin a bhéarfainn an chraobh.



Is de thogha na Milesians a tháinig le hÉibhear,
Ó Ceallaigh is a ghaolta is a gcuirfidh mé síos;
Ó Ceallaigh is Ó Néill is Ó Dónaill ina ndéidh sin,
Ó Cearúill Dhún Éile, Ó Conchúir is Ó Briain.
Bhí treise ag na Gaeil agus meas ar a scéala,
gur ghnóthaigh cíonán spéirid an cluiche ar an bhFiann;
deir na húdair, mar léitear, nár scriosadh amach Éire
go ndeachaigh rí Séamas i gcleamhnas le Liam.



PÁDRAIG Ó DÓNALLÁIN



Ar uair an trí Dé hAoine
i mBelview a d'fheicfeá an t-iontas
móruaisle na tíre
ag triall as gach ceard.
Is do réir mar scríobh na naoimh
ba ní nar choir a dheanamh,
Gaeil a chur chun cath'
dá mbeadh aon cheart le fáil.



Ní bhfuair siad spás na faoilte
ach talamh a ghearradh díofa
d'fhéach Páid suas ar Chríosta
agus ghuigh sé Rí na nGrást.
Nuair chuaigh an scéal le gníomh
níor chreath a láimh ná a chroí
ach mar Eachtar in sa Traí
nó gur fhág sé an laoch ar lár.


L. 57


Ó d'imigh Iúilias Saosar
agus Naoise a thit le Deirdre
agus Hannabal a réabfadh
a gcasfaí dó in sa tslí.
Mac Cumhaill a chuir na céadta
is Cú Chulainn a rinne sléachtadh
níor tháinig ó shin trí Éirinn
on fhear a dhéanfadh gníomh.



Curaidh na Gréige
is a gcur ar fad in éineacht
agus Aicilléas, mar léitear,
an fear ler scriosadh an Traí,
ní thabharfadh an t-úll ná an chraobh
ó scoth na fola is tréine
i gcleasa lúith ná i léim,
ó chaith sé an seacht faoi thrí.



Dé Luain is ea a tháinig scéala
chuig O Dónalláin fáil réidh,
is mura bhfreagraíodh sé an scéal
go mbuailfí a ainm síos.
Ach chorraigh an braon glan Gaeil
is ar ndóigh níorbh fhiú leis claonadh,
d'éirigh sé de léim
agus ard a gheit a chroí.



A dhreach mar ghríos níor thréig,
a dhath, a chruth ná a scéimh,
nuair a tháinig Séamas is Eyreigh
agus sheas siad lena thaobh.
Níor thrácht aon fhear ar réiteach
ach talamh a ghearradh don phéire.
Is é an deireadh a bhí ag an scéal
gur fágadh Cal'nán thíos.



Ó shinsir ghlan Ghaidéalas
a thriall a threibh is a ghaolta,
is an té a léifeadh Dochtúir Céitinn
tá sé ann tarraingthe síos.
Deir leabhar na Miléiseas
an t-am a dtáinig Éibhear
gur leo a níodh Éire
i bhfad sular thuirling Críost.
Mac Cuill, Mac Céacht is Mac Gréine
a chur chun báis in éineacht,
d'ardaigh bláth agus scéimh
in san am ar briseadh a ndlí.
Le breathnú grinn sa scéal
nár thruaí sin dhá mhac Gael
a chur os coinne a chéile
ag féachaint cé a bheadh thíos.



Dá dtagadh sé sna scéalta
go dtitfeadh Páid sa sléachtadh,
is mór a ghoillfeadh Gaeil
agus gearrfaí a misneach síos.
Ní labhródh cuach ná éan,
ní fhásfadh luibh ná féar,
ní aibeodh sú ná sméar
ná meas ar an gcraobh.



Hóimear a labhair Gréigis
is an Pápa a chuir air Béarla,
dá mbeinn mar iad ar aon chor
níorbh fhada liom mo shaol,
bheith ag cur síos ar chaint is thréithe,
is ar scoth na fola tréine,
a bhéarfadh bua ar chéadta
le neart agus le gníomh.



Dá mbeadh maoin agam in sa saol seo
dhéanfainn spóirt trí Éirinn,
bheadh gunnaí móra ag séideadh
agus tinte cnámha thíos
le spóirt mhór croí na féile
a thabhairt ó ghábh an lae sin.
Ach míle glóir don té
a thug tú abhaile saor.



Ach do réir mar thuigim Gaeilge
tabharfad bealach réidh daoibh,
dhéanfainn dán is véarsa
agus is trua nach dtig liom scríobh.
Is é Raiftearaí dá bhféadfadh
a mholfadh Páid trí Éirinn
ach chomh fada isteach is is léir dom
is sin é a cháilíocht thíos.



SEÁN Ó BRANÁIN



Le breathnú isteach sna húdair,
ba ní nár chóir do Raiftearaí,
Johnny choíche a dhearmad
agus botchanna a bheith beo.
Is dá siúlfá ar fad an cúige
ní bhfaighfeá a leithide eatarthu
mar is fear é a níos gach airteagal
dá bhfeileann sean is óg.
An seol, an chrois is an tuirne,
spól uama, an tslinn is an gharma,
céachta Gaelach is Albanach
a scoiltfeadh glan an fód.
Sin is muileann plúir go ceart
a meilfí mín is garbh leis
rothaí, bróinte, breacairí,
is deasaíonn sé gléas ceoil.



Tamboureen is cláirseach,
French horn agus an clarinet,
an fife, an flute, an flageolet,
an fhidil agus an bow;
seamsúr, boilg is mála,
regulators is na heochracha,
goití reed gan lucht ar bith,
drone, stoc agus dos mór.
Aon ghléas ariamh dár dearnadh,
a thabhairt chuige is níor mhiste leis,
an hautbuoy is an spinet,
is a leagan os a chomhair,
dulcimer is pianó
is é a chuirfeadh i gcóir gach cuid acu,
is ní fearr ná a dhéanfadh cuideachta,
dá mbeadh sé i dteach an óil.



Drisiúr socair sásta,
an deasc, an preas, na seilfeanna,
cabhantar, dráir is tyleanna,
sin cathaoir ghlan is stól,
ag bosca agus cófra
faoi insí, glas is eochracha,
leaba ard ar fheabhas
is a lán nár dhúirt mé fós.
Breacadh díslí is cardaí,
táipléis is gléas imeartha,
dhéanfadh sé go tuisceanach,
an clog is an teileascóp.
Simléir is grátaí,
staighrí cláir agus na banastair,
árais iompó i mainistir
nó tallboy i dteach mór.



Obair thua agus phlána,
barra láimhe deas is rud ar bith,
dhéanfadh sé go deimhin
is geataí a chur i gcóir;
coite is bád a shnámhfadh
maidí rámha agus na bratacha
arm tine ar fheabhas
agus stoc faoin ngunna mór;
céachta, cliath agus práca,
cairt is carr is gigeanna,
cóistí is rothaí ar springanna
a rithfeadh gan aon stró.
An bhróig a chur sa láí
is an ráca, ar ndóigh, ní chlisfeadh air,
airballoon is jenny
agus long a chur chun seoil.



Dhéanfadh meá agus scála,
máinséar cláir agus a raca leis,
ráillí, frámaí, saiseanna,
cliabhán, trap is cage;
losaid, boird is miasa,
na tiarsaí agus na bairillí,
dabhach stána, ceaig is canna,
ciléir, lata is paol.
Níor fhás ariamh an t-adhmad
nach bhfeicfeá gearrtha amach aige:
dair, mahogany, sycamore,
beech, logwood, box is dale.
Towneymen lán sráide
ag suí, ag léamh is ag codladh ann,
is bhéarfadh Johnny obair dóibh
is páí mhaith dá réir.
Is oibrí maith an Ciníneach,
a deir siad liom is preabaire,
is do réir mar fuair mé teastas air,
mhol Marcas é dá réir.
Is dá leagtaí an obair chugamsa,
dar mo chúis, is mé chuireadh bail uirthi,
mar chluinim ó na cailíní
nach ciotach aduain aon ghléas.
Siúd é a rachadh fúthu
is faoi Lúnas theastódh banaltraí,
an méid a rithfeadh seisc acu
a scaoileadh amach chun féir.
Dá dtéadh a cháil sa nuaíocht
an chúis ní bheadh in aisce leis
chúns mhairfeas Raiftearaí
is ag Johnny a bheas an chraobh.



FAOISTIN RAIFTEARAÍ



Tá an aithrí mhall seo baolach,
deir Críost linn is na haspail,
agus is liomsa a thig é a mhíniú,
de bharr an Athar Beairtle.
Faoi Cháisc, tráth a shíl mé ísliú,
go gclaonfadh Dia le m'aithrí,
d'fhógair sé don Chruach mé,
is naoi n-uaire go Loch Dearg.



RAIFTEARAÍ



Is ní é atá róchrua orm
is ní bhfaighinn amach an bealach,
ach is do láimh, a Dhéin, tá a fhuascailt,
is ná bí tusa dubhagrach
Smaoinigh ar Ghaillilí,
gur dhúirt Críost leis na haspail,
gach a maithfidís ar an saol seo
go mbeadh sé ina dhlí i bhfianaise a Athar.



AN DÉAN



Dá bhrí sin is ar dhúirt Críosta,
ísligh síos, agus déan aithrí;
déan urnaí maidine is oíche
agus claonfaidh siad na peacaí.
Smaoinigh ar Pheadar Naofa
a bheas romhat ag béal na ngeataí,
nach ligfidh isteach aon neach choíche
dá ndéanfadh díofa faillí.



RAIFTEARAÍ



Is iomdha fear sa tír seo
a ghoideas ba is eallach,
a bhíos ag sladach oíche,
agus nach n-abrann Cré ná paidir.
Má labhair mise i gcois íseal,
go caoithiúil le mná deasa,
sin a bhfuil i m'aghaidh scríofa,
agus go n-ólaim uisce beatha.



AN DÉAN



Éiligh grinn sa mBíobla
gach scríbhinn atá i gcás peacaí,
an áit nár frítheadh ach ceathair saor
an tráth a damnaíodh an dá chathair.
Drúis, craos, is díomas,
leisc, tnúth, saint is fearg,
iompaigh is diúltaigh daofa,
is deonaigh an chléir thú a ghlacadh.



RAIFTEARAÍ



Míle glóir le Críost
faoi Shean-Aoine a rinne ár gceannach,
a d'fhulaing an choróin spíonta
is na deilgne trína bhaithis.
Bhéarfaidh cóir don chine daonna
sna flaithis i láthair a Athar,
mar thug sé an gadaí saor leis
a bhí riamh ag déanamh peacas.



Níor éisteadh Aintíocas
tráth ar cróilíodh é, is níor glacadh,
agus is iomdha neach den tsórt sin
atá i ngéibheann crua ag Sátan.
d'uabhar daoine mora
is do lucht póite comhairtear peaca,
is nár damnaíodh Sál faoin éadóchas
is níor chóra ná Béilseasar.
Is iomdha fear a saoradh
a thit go daor sa bpeaca;
Peadar a shéan Críosta
fuair sé eochracha na bhflaitheas;
Pól, a deir an Bíobla,
a chaith tús a shaoil le drochbhealach,
agus Dáibhí, an fear naofa,
a chuir Urias i mbearna bhasctha.



AN DÉAN



Ná géill tusa do na nithe sin
mar bhíos an Bás róghnaitheach,
bheir sé an t-óg is an críonna leis,
is an leanbh tar éis a bhaiste.
Má théann tú ag luí san oíche,
cá bhfios cé mbeifeá ar maidin?
Ach bí ullmhaithe glan roimh Chríosta
is ní baol nach bhfaighir na flaithis.



AGALLAMH RAIFTEARAI AGUS AN BHÁIS



RAIFTEARAÍ
Aisling shuantais a facthas aréir dom,
trí mo shuan is gan orm ach néal beag,
ní beag suarach buartha baolach,
go bhfaca mé suas liom an gruagach caol dubh,
bhí eibhir na húire anuas ar a éadan,
agus scáile na hoíche ag gabháil trína chréachta,
a easnaí snoite mar mheatháin chréithir,
is go rithfeadh a shrón trí shnáthaid céimric.



Bhí ceann dubh catach air mar thortán sléibhe,
a ghrua ba fuaire ná stoc dá ghéire,
a chosa faoi mar thairní cléithe,
is ba ní gan fháil samhail dá mhéara.
Bhí a dhreach is a ghnúis gan snua gan aon rud,
a chnámha trua gan earra gan éadach.
Chuirfeadh a bhreathnú criothnú ar chéadta,
sleá aige fostaithe agus é ag gabháil i m'éadan.
Ó níorbh fhiú agus níor chuibhe liom claonadh,
chuir mé ceist as ucht Mhic Dé air:
'A thruaill, pé cuan ar ghluais tú aréir as,
druid liom suas agus labhair má fhéadair.'



AN BÁS



Léifinn duit Eabhra, Laidin is Gréigis,
Fraincis, Spáinnis is togha Sacs-Bhéarla,
ach labhróidh mé leatsa go blasta i nGaeilge,
an teanga a bheir tú i bhfoirm véarsa,
mar is mise an Bás a chloígh na céadta,
Hannabal, Poimpí, Iúilias Saosar.
Bhí mé in sa Traí le linn Bhanríon Héilin,
is liom a thit Eachtar a leagfadh na Gréagaigh.
Fionn mac Cumhaill agus maithe na Féinne,
agus Conchúr a bhí ina rí ar Éirinn,
Cú Chulainn agus Goll a charnadh céadta,
thug mé liom iad i leaba a chéile.



Faolán, Oscar agus Diarmaid tréitheach,
agus Oisín a mhair i ndiaidh na Féinne,
is i mo chathsa a thit na tréanfhir,
Clann Uisnigh a thug ó Chonchúr Deirdre,
níl maith ag caint ná ag déanamh scéil air,
is liom a thit ar fad na Saosair.
A dtáinig ó Ádhamh agus ó Éabha,
iad féin is a ndream is a ndéithe bréige,
Heirciléas, Aicilléas is Poiliféamas
agus Tiofan a d'ardaigh leis na sléibhte,
Neiptiún, Iúpatar, Iúnó agus Véineas
agus Oirféas a sheinneadh go binn ar théada.



RAIFTEARAÍ



A phlá gan aird, gan bhláth, gan éitir,
gan lúth, gan láimh, gan gníomh, gan éifeacht,
an saol ar fad ní chuirfeadh i gcéill dom
gur tú a chuir cluiche ar leath an méid sin.



AN BÁS



Ná bí dána agus creid a ndéarfad,
mar is ní do shaol nach bhfuair tú léas air
chomh fada is tá an lá agat tóg an féar leis
mar an aithrí mhall bíonn sí baolach.



Ná mealltar thú le maoin an tsaoil seo,
beidh clocha agus fód go fóill agus cré ort.
Do chluasa a chluinfeadh gach ní dá ghéire
beidh dúnta bodhar gan mheabhair gan éisteacht.



Do theanga bhinn bhlasta a dhéanfadh véarsa
gan smid i do cheann ach mar an gcéanna,
do mhéara a scríobhfadh is do shúile a léifeadh
beidh dorcha dall gan solas gan léargas.
Do ghrua is do lasadh agus eibhir do scéimhe,
agus do chúl glas gruaige a bhíos deas gléasta,
beidh sí ina scuada in san uaigh gan réiteach
is 'na caonach lofa anuas ar d'éadan.



Do leaca is do chom ó bhun go héadan
atá faoi shrólaí agus éadaí daora,
beidh siad ansiúd roinnte réabtha
ag fuílleach daol, cruimh agus péiste.
Dá mhéad do stór óir agus gréithe,
do chóistí ar bóthar agus eachraí gléasta,
do chóisir mhór ag ól le d'éadan,
sciobfaidh an Bás thú as lár an méid sin.



Níl in sa saol seo ach ní gan éifeacht,
agus bíodh rud éigin agat de bharr do shaothair,
do ghaol, do dhámh, do chlann agus do chéile,
ó chuirfear ansiúd thú ní thiocfaidh do d'fhéachaint.



RAIFTEARAÍ



Más tusa an Bás a chloígh na céadta
agus do réir do chainte a níos gach aon rud,
a bhfuil agam ar fad is leat é in éineacht,
agus bíodh sé romham i bhflaitheas Dé agat.



AN BÁS



Is fear thú atá thart mura bhfuil díth céille ort,
ní nós é sin le haithrí a dhéanamh:
ach feac do ghlúin agus scread ar an Aon-Mhac
a dhoirt a chuid fola agus ní bheidh baol ort.
Umhlaigh ar maidin agus déan mar déarfad,
agus ag gabháil chun leaba duit mar an gcéanna.
Smaoinigh ar Chríost a rinneadh a chéasadh
in éiric pheacaí an chine daonna.
Téirigh chun Aifrinn agus déan é a éisteacht,
is ná déan bród as gléas ná éadach;
lucht an chaill déan iad a réiteach,
agus do réir do chumhachta tabhair dóibh déirce.
Más caora fuaid thú ag imeacht aonraic,
a chaill do dhath agus do shéala,
déansa troscadh, urnaí is déirce,
na heochracha a bhfosclófar flaitheas Dé leo.



Is siúd é an dún nach dteastaíonn aon rud,
bia ná deoch, cíos ná éadach,
ach an dream nár dhíol Mac Dé ar an saol seo,
beidh ansiúd ar fad i gcolainn daonna,
i bpearsa duine os coinne a chéile,
i measc naomh agus aingle naofa.
Céad agus míle agus milliún cléireach
an bheatha shíoraí ní chuirfeadh i gcéill duit.



Ar thacair tú riamh agus bíodh sé in éineacht,
imeoidh sé arís uait mar an gcéanna,
ní leat ach do cheart dó má níonn tú déirce,
do réir dhlí Chríost a rinneadh a chéasadh.
Ithe agus ól, fleidh agus féasta,
solas geal agus coinnle céireach,
ceolta binne dá seinm ar théada,
is breáichte an ghlóir go mór ná an méid sin.



Níl fáil ar a dheireadh, do réir mar léitear,
ach creid mar scríobh na húdair naofa,
do réir mar tá na flaithis ag gabháil chun scéimhe
tá pianta ifrinn ag ardú i ngéire.
Aras dorcha gan solas gan léargas,
gan dlí gan ceart, gan creideamh gan daonnacht,
ach pian agus pianóid ar leith ar gach aon neach,
ag íoc go crua i ngnóthaí an tsaoil seo.



Clann Adhaimh agus a cur le chéile
agus gach duine i bpearsa a bheith ina chléireach,
iad ar fad a chur ag scríobh in éineacht,
pianta ifrinn ní chuirfeadh i gcéill duit.
Tinteacha, toirneacha is clocha ag pléascadh,
luaidh leáite, práis agus péatar,
tinteacha aoil agus gaetha dá ghéire,
coirí ag fiuchadh agus boilg á séideadh;
tonnta mara agus gaisí tréana,
dhá chlár an domhain ag teacht ina chéile,
briomstón is tearra is a lasadh in éineacht
is milltí ifreann go mór ná an méid sin.
Lucht feille agus murdair is aitheanta a réabadh,
agus an mhuintir nach mbíonn go maith dá chéile,
spiadóirí agus lucht mionna éithigh,
is é ifreann a leaba gan aithrí a dhéanamh



Ní mise a cheangail ina bheart an scéal seo
ach Naomh Seán a d'fhág scríofa é in sa scrioptúr naofa.
Dá fheabhas dá dtug sé an scéal in éifeacht
is géire go mór a labhair Naomh Teiréasa.
Coimhéad an peaca, tá sé baolach,
leasaigh do bheatha agus athraigh do bhéasa,
smaoinigh ar Dháibhí, an fear mar léitear,
a fuair na grásta i bPárthas naofa.



In ainm an Mhic a rinneadh a chéasadh,
an Spioraid Naoimh is an Athar a dúirt mé an méid sin
ach tar éis na hoíche beannacht Dé leat,
agus cuir thú féin an chuid eile le chéile.



RAIFTEARAÍ
A Mhic na hÓighe a chuaigh in san éide,
a Íosa Críost, a rinneadh a chéasadh,
a ceanglaíodh go dlúth le cordaí caola
agus le tairní maola ar chúl a chéile,
screadaim ort agus déan mé a éisteacht,
tabhair dom cabhair, fortacht is réiteach,
mar thug tú do Pheadar a rinne thú a shéanadh,
agus don ghadaí a shaor tú Aoine an Chéasta.



Braon de do ghrásta, déan mar dhéirce,
ar pheacach bocht a raibh díth céille air,
mar bhí ar Phól an t-aspal naofa,
a chaith tús a shaoil ar thí thú a shéanadh



Fillim siar i ndeireadh an lae ort,
mar rinne Muire Mhaigdiléana,
nó mar Naomh Aibhistín an dochtúir léannta
a thit ins gach peaca dá raibh le déanamh
As ucht gan faillí m'aithrí a éisteacht,
impí, a Chríost, a chuirim féin ort,
mar thug tú Iónas as bolg an éisc leat,
tabhair mise saor as peaca an lae seo.



Le beagáinín lóin a riar tú céadta,
agus rinne tú fíon den uisce le do sméideadh,
thóg tú Lasaras a raibh úir agus cré air
agus thóg tú an t-aspal den tine gan léas air.
Thug tú a shiúl don bhacach agus don dall a léargas,
agus don fhear a bhí bodhar meabhair is éisteacht.
Mar chruthaigh tú gealach, grian is réalta,
a Dhia, ní teasc ort mise a réiteach.
Is iomdha lot as ceann a chéile
a d'fhulaing tú ar shon an chine daonna,
is a laghad ár suim do ghearradh as d'éadan
is d'aitheanta a bhriseadh i mullach a chéile.



Dhá bhliain déag a bhí tú in Éigipt
do mháthair leat agus Iósaf naofa,
gur lean an t-aingeal thú le scéala
filleadh ar ais agus gur cailleadh Héaród.
Oiread eile agus cuir an sé leis,
cuntas díreach a níos ocht déag de,
ó chas Críost as ríocht na hÉigipt'
gur bhaist Eoin Íosa, Rí na gCréachta.



Trí bliana eile ón teach go chéile,
ag teagasc aspal is dá gcur faoi shéala,
is fada an troscadh a rinne tú ar aon chuid,
glóir go deo agus buíochas dá réir leat,
gur chaith tú leo an suipéar déanach
is gur imigh tú uathu i gcolainn daonna.
Is crua an coiste a chuaigh de léim ort,
Pointias Pioláit, Cáifas is Héaród.
Is iomdha seile a buaileadh in sa mbéal ort,
agus púicín siar ort le ball séire.



Is é an focal deiridh a dúirt na péiste
an gadaí a shaoradh agus Críost a chéasadh.
Phreab na sluaite agus chuaigh i d'éadan
le sciúirsí loma crua géara.
Cúig mhíle buille a fuair tú in éineacht
agus lucht do thruaí i bhfad óna chéile.
Mac Dé, Iosa, a d'fhulaing an méid sin,
an dara pearsa den Tríonóid Naofa.



Níor shásaigh a bhfuair sé intinn Héaróid
gan an tsleá a chur tríd ón taobh go chéile.
Scanraigh gealach, grian is réalta,
mhúch solas agus tháinig éiclips,
bhí na ballaí ag scoilteadh agus na clocha ag pléascadh
chúns bhí an t-uan ar an gcroich á chéasadh,
agus Banríon na bhflaitheas ort ag féachaint,
a rosca agus a grua ag silt in éineacht,
ag stróiceadh a cinn, a foilt agus a cléibhe,
ag réabadh a bos agus ag cailleadh a céille.



Is é ar fhan ina haice ar feadh an lae sin,
Seán ina sheasamh agus Niocadaemas.
Le himpí Iósaif d'umhlaigh Héaród
a chnámha a thabhairt dóibh tráthnóna ar éigin.
Baint an úill suim chúis an scéil seo
agus briseadh na haithne le díth céille
a d'fhág smál an pheaca ar an gcine daonna
le gur sléachtadh an tUan i mbuaic an tsléibhe.



Nuair a chonaic sé meallta Adhamh agus a chéile
ag namhaid ár n-anama i mbéal na péiste,
gheall sé i bhflaitheas an aiséirí a dhéanamh
agus a theacht 'na Dhia agus 'na dhuine in éineacht.
I gcás an pheaca, an fear a d'fhéachfadh
beatha na naomh a bheir dúinn scéala,
na flaithis a fháil gur ní nach féidir
gan an dlí a shásamh mur' bhfuil Dia bréagach.



An deich agus an t-ocht agus bliain in éiric,
an sé agus an cúig is an trí i gceann an méid sin,
anois an dáta, do réir mar léitear,
ó thuirling Críost go dtí Aoine an Chéasta,
ar thriall an Bás i lár na hoíche,
le smaoineamh do Raiftearaí an aithrí a dhéanamh.
Impí a iarraim mar luach saothair,
na flaithis dom féin agus don chine daonna.



ACHAINÍ RAIFTEARAÍ AR ÍOSA CRÍOST



A Íosa Críost, agus, a Rí na nGrásta,
a chruthaigh an talamh, neamh agus Párthas,
a dhoirt do chuid fola i gcrann na Páise,
sábháil sinn ar an gCholera Morbus.



Mar is iomdha sagart, easpag is pápa,
ag agairt ar Dhia, bean rialta is bráthair,
ach b'fhéidir go n-éistfí an fear ba táire,
a shilfeadh le mian, ach a chroí a bheith cráite.



Is é mo thuairim gí is fuath liom trácht air,
gur uair í seo atá ag iarraidh sásamh,
ach guígí ar fad ar Mhuire Mháthair,
tá fearg ar Dhia is an sciúirse tarraingthe.



A lucht an pheaca, tuigidh an cás seo,
déanaidh an aithrí atá mé a rá libh,
dúirt Críost féin 'tá lán de ghrásta,
an té d'iompódh air go mbeadh sé tarrthaithe.



Féachaidh an fear a bhíos luath láidir,
a léimfeadh sconsa, claí agus bearna,
a bhíos tráthnóna ag siúl na sráide,
ag gabháil faoin gcréafóig lá arna mhárach.



Is mire an Bás ná an tonn bháite,
is ná each dá luaithe ar chúrsa an rása,
in aghaidh na sluaite a bhuail sé báire
is níor thúisce ansiúd é ná romhainn ar garda.



Ach is mairg a ligfeadh a leas ar cairde
ar fhaitíos go dtiocfadh an sirtheoir gránna
is a liachtaí gruagach uaibhreach dána
a chuireas sé faoi dá chaoile a chnámha.



Tá sé luaimhneach fuadrach scaoilte
is ní fearr leis an lá aige ná lár na hoíche,
an tráth a shíleas cách nach mbíonn aon bhaol air
siúd é ar ball ar lár le caoineadh.
Sladaí an bás a charnas ríthe
prionsaí arda is tiarnaí tíre
bheir sé an t-óg leis, an mór is an críonna,
le fastó scóige os comhair na ndaoine.



Is mór a thit leis i dtráth na Díleann
is gan caint ná trácht ar aimsir Mhaoise
dá mhéad le rá a bhfágtar thíos leis,
ní hé atá láidir ach grásta Chríosta.



Is dána an duine ná an mac tíre
a bhíos ag marú na n-uan ar shiúl na hoíche
ach fáth mo bhuartha is mo thruaí shaolta
an uair a bheith caite is gan an aithrí déanta.



Is mairg a mheallas cathuithe an tsaoil seo
agus laghad an lóin a rachas síos leat,
is gan de bhrí i do leas dá mairfeá míle
ach mar sciorfá ar cuairt agus ar ais arís as.



Cruinnigh stór agus ór na ríochta,
maoin, meán agus saibhreas saolta,
i ndiaidh do bháis agus ar shiúil ariamh ort
níl de do bharr le fáil ach píopa.



Cá mbeidh do chapaill, do bha is do chaoirigh
ná na seoide a bhíodh i d'fhianaise,
do bhean is do chlann a bhíodh 'na suí leat
ná an clúmh mín ard go mbíteá air sínte?



Cá mbeidh do bhróga slíoctha daite
ná an réalt a bhíodh i dtaobh do hata,
do chuid éadaí daora a bhíodh déanta i bhfaisean
do chóisir mhór ná do lucht freastail?



Do chúirt, do theach is do hallaí míne,
cá rachaidh an bord ar ól tú an fíon de,
do chuid eachraí, cóistí, sróil is síoda
ná an lucht ealaíne a bhíodh ag déanamh sians duit?



Nuair a bheas do chnámha trína chéile,
gan fuil gan feoil ar aghaidh na gréine,
cá mbeidh an lasadh ná an ghile atá i d'éadan
ná an cúl glas gruaige a bhíteá a réiteach?
Beidh do chluasa bodhar gan éisteacht,
siocfaidh do ghuaillí agus crapfaidh do ghéaga.
Beidh do shúile glasa gan radharc gan léargas
atá i do cheann gan cham gan chlaonadh.



Ní bailte fearainn, stoic ná tréada,
a mhúineas an tslí go flaitheas Dé duit,
ach slánú an anama do réir mar léitear,
daonnacht, troscadh, urnaí agus déirce.



Ag gabháil a luí duit ná bí balbh,
nocht do ghlúine agus brúigh an talamh,
cuimhnigh i ndiaidh ar chuir tú tharat,
go gcaithfidh tú triall ar shlua na marbh.



Ach umhlaigh agus géill don chléir is don eaglais,
a fuair na cumhachta peacaí a lagadh,
seas don dlí atá i dteampall Pheadair
agus ní baol duit bás ach athrú beatha.



Is mairg a dhíolfadh ríocht na bhflaitheas,
áras Dé atá i dtrí bpearsa,
áit a mbíonn naoimh 'na suí agus aspail
a bhí ar an saol seo is a leasaigh a mbeatha.



Ní chuimhníonn croí is ní smaoiníonn peacach
ar an solas síoraí atá in sna flaithis,
ag éisteacht le ceolta, spóirt agus aiteas,
ag feitheamh na glóire agus dá freagairt.



Ach is beag a mheabhraíos Cré ná paidir,
is gur faide ar an saol seo mí nó seachtain
ná míle bliain faoi chrann na beatha
i nGairdín Phárthais ar bhord na n-aspal.



Ach an fear a shantaíos maoin nó tacair,
is nach ndéanann truaí don té a bhíos folamh,
beidh sé fós agus ní maith a leaba,
gíoscán fiacal air, fuacht is creathadh.



Lucht éirí in airde, stáit agus dúiche,
tiocfaidh siad daor i ndeireadh na cúise,
gan an aithrí a dhéanamh beidh siad brúite,
i measc lucht feille póite is drúise.
Nuair a sheasfas Críost ar thaobh an tsléibhe
cruinneoidh sé ar fad an cine daonna.
Beidh do ghníomhartha scríofa ar d'éadan
agus an fear le d'ais in alt a léamh duit.



Fosclóidh ifreann agus flaitheas in éineacht,
múchfaidh an ghealach is solas na gréine,
gach aois dá dtáinig ó cruthaíodh an chéad fhear,
caithfidh muid seasamh os coinne a chéile.



Siúd í an chúirt nach gcreidfear bréaga,
is nach nglacfar caint ó fhear dá thréine,
Breitheamh na Fírinne a bheas dár n-éisteacht,
an t-aon-Mhac Íosa a rinneadh a chéasadh.



Fosclóidh Críost leabhar an chuntais,
agus scáthán an chirt a bheas á iompar,
ach is mór an gar an chreach a roinnfear
ach diúltaidh don pheaca is éistidh liomsa.



A rí atá ar neamh is a chruthaigh Ádhamh
agus a chuir cás i bpeaca an úill,
screadaim ort anois os ard
mar is le do ghrásta atá mé ag súil.



A Íosa Críost, a d'fhulaing an pháis,
ar fad dár ngrá mar bhí tú umhal,
coimrí m'anama ar do scáth,
is ar uair mo bháis ná tabhair dom cúl.



d'éalaigh an lá is níor thóg mé an fál,
gur lobh an barr ó alt go glúin;
a Ard-Rí an chirt, réidh mo chás,
is le sruth na ngrást fliuch mo shúil.



Tá mé in aois is chríon mo bhláth,
Is iomdha lá mé ag gabháil amú,
thit mé i bpeaca os cionn naoi bhfeá,
ach tá na grásta ar láimh an Uain.



Is cuaille corr mé in éadan fáil,
is cosúil le bád mé a gclisfeadh a stiúir,
a buailfí isteach ar bhruach na trá,
a bheadh á bá agus a chaillfeadh a stiúir.



Seo mé anois ar bhruach an bháis,
is gearr an spás go dté mé in úir,
ach is fearr go déanach ná go brách
agus fógraím páirt ar Rí na nDúl.



Nuair a bhí mé óg b'olc mo thréithe,
ba mhór mo spéis i scléip is in achrann,
b'fhearr liom go mór imirt is ól,
ná maidin Domhnaigh triall chun Aifrinn.



Níorbh fhearr liom suí le cailín óg,
ná bean phósta a éileamh tamall,
do mhionnaí móra, bhí mé tabhartha,
agus drúis ná póit níor lig mé tharam.



Tá mo chortha anois rómhór,
diúltaím dóibh má mhairim tamall,
leag gach ní ar mo cholainn fós,
agus, a Rí na Glóire, tarrthaigh m'anam.



A Íosa Críost, fuair bás Dé hAoine,
is d'éirigh arís, a Rí, gan locht,
is tú a thug slí dom leis an aithrí a dhéanamh,
is ba bheag ab fhiú dom smaoineamh ort.



Peaca an ghnímh, mo chreach is mo dhíth,
is é a mheall an saol mar gheall ar bheirt,
ach más coir an craos tá mise daor
mura bhfóire Críost ar m'anam bocht.



Níl aon ní crua ag Rí na Glóire,
is é a rinne beoir agus fíon den uisce,
mar riar tú an slógh le beagán lóin,
fuascail, fóir agus tarrthaigh mise.



Mar is peacach mé nach ndearna stór,
ná soilíos mór do Dhia ná Mhuire;
fáth mo bhróin, tá an íocaíocht romham,
mar scaoil mé an scór ar an méar is faide.



Is le do ghrásta a ghlan tú Máire,
agus naomhaigh tú Dáibhí a rinne aithrí,
thug tú Iónas slán ó bháitheadh,
is tá cruthú láidir gur shaor tú an gadaí.
A Mhuire Mháthair, a Bhanríon Phárthais,
scáthán grásta neach agus naoimh,
mo chorp is m'anam ar do láimh
tóg liom páirt is beidh mé saor.



Guí Domhnaigh, Sathairn is Aoine,
go dté chun tairbhe don chine daonna,
ach ainm na cainte a d'fhág mé déanta,
achainí Raiftearaí ar Íosa Críosta.



Míle ar dtús i gceann ocht gcéad,
an fiche go beacht is an dó dhéag,
ó thuirling an Tiarna a réab na geataí
go cothrom na bliana a ndúirt mé an aithrí.



AN TÁILLIÚIR DRÚISIÚIL



Is iomdha lá aerach
a d'éirigh mé amach in sa ngleann,
faoi chulaith bhreá éadaigh
go spéiriúil is mo hata ar mo cheann.
Nach mé a bhí gan chéill
nár éagaoin mo chasaoid in am,
sula d'éalaigh mo chéad searc
trí Éirinn le táilliúir na srann.



B'ait liomsa féirín
lá aonaigh a dhéanfadh manaois is greann,
is cailín dea-mhéiniúil
a déarfadh go n-éireodh sí in am.
Ní chreidfinn ó Éirinn
nach néal a rith trína ceann,
an tráth a shantaigh sí an séacla
agus a thréig sí mise is mo chlann.
Is iomdha sin féirín
gur bhréag a d'fhág sí ina diaidh:
capaill is gléasadh
agus céachta a threabhfadh an sliabh.
Le hangar faoin scéala
ní féidir go mairfidh sí bliain
ag paisteáil seanéadaí
ins gach aon teach le táilliúir na míol.
Níl siosúr ná snáthaid
ná snáithe dár dhiomail sé riamh
nach mbeidh ina láimh leis
ina mhullach is é ag gabháil ar an sliabh.
Damnú Chríoch Fáil
ina shála is nár fheice sé Dia,
a thug Bríd ón dá pháiste
is d'fhág fán orainn soir agus siar.



Tuigse gur céasadh
Aon-Mhac Mhuire ar an gcrann
is gur i bpeaca shíol Éabha
gan bhréig a gineadh sinn ann.
Beidh mallacht na naomh
inár ndéidh má ní muid an cam,
géill feasta don chléir
is ná tréig na flaithis le greann.
A dhuine gan aird,
ná tréigse, seachain is ná luaigh
nó tiocfaidh ort gráin
ó Ard-Rí na bhflaitheas anuas.
Beidh arraing ón mBás
trí do lár is tú ag screadadh go crua
is ná tréigse na grásta
le grá do bhean an fhir rua.



A dhuine gan chéill,
ná tréig thusa flaitheas na ndúl,
agus tuigse gur baolach
claonach é peaca na drúis',
nó beidh tú fré Néaró
ós é a bheas agat mar dhuais
nach olc do luach saothair
is tú ag díol ar son bhean an fhir rua.



A tháilliúir 'tá ar fán,
más áil leatsa feasta a bheith buan,
cuir Aifreann á rá
go hard agus scread ar an Uan,
a fuair pian agus páis
dár ngrá agus a cheannaigh go crua
is tréigse mná an tábhairne
go brách is bean an fhir rua.
Heirciléas láidir
a chnámha a síneadh le mnaoi,
is gur scriosadh na Gréagaigh
le Héilin is feara na Traí.
Thit siad le Deirdre
Tréanchlann Uisnigh nár stríoc,
agus cailleadh Tuirgéiseas
le hiníon Mhaoleachlainn na Mí.



Cailleadh le Bláthnaid
Mac Dáire is Cú Chulainn ba crua
agus Diarmaid le Gráinne
ar ardchnoc Gulbain ó thuaidh.
Nuair a thigeas grá mór
is é is dóigh liom go leanann dó fuath,
glac feasta mo chomhairle
is ná tór' choíche bean an fhir rua.



Tuigse gur le hiodh
a cloíodh Clann Lir in sa snámh
is gur beartaíocht is draíocht
a rinne díobh clúmh eala bán.
Samsón le mnaoi
chaill a bhrí is a neart is a ghruaig
is cén chaoi a dtiocfása saor
is tú ag luí le bean an fhir rua?



Nuair a thiocfas lá an díoltais
beidh na mílte ag screadadh go crua
ag gabháil i bhfianaise an Rí
a mbíonn na liontraí breá fola ina ghrua.
Lucht feola Dé hAoine
á ndíbirt go hifreann ó thuaidh,
is, a tháilliúir na gaoithe,
is daor a íocfas tú bean an fhir rua.



Beidh ar shíolraigh ó Éabh'
le chéile i bhfianaise an Uain,
agus duine dó féin
ina chléireach mar chanas an duan.
Gach peaca dá ndéanfar
ag gabháil i gcéill 'gus i meabhair don tslua,
agus an táilliúir ag scréachaíl
faoina chéilíocht le bean an fhir rua.
Cathracha réabadh
ó chéile mar gheall ar an drúis,
is bean a chaill Éire
is d'fhág Gaeil i dtuirse is i gcumha.
Cuimhnigh ar Éabha
nár ghéill do pheaca an úill,
is beidh tú i gcruaghéibheann
mura dtréige tú bean an fhir rua.



Tuigse go mbeidh tú
gan éitir gan mheabhair san uaigh,
do shúile gan léargas,
gan éisteacht ná mothú i do chluais,
do chorp ag na péiste
agus éalóidh an lasair as do ghrua.
Nach dona é do scéal
is gan do réiteach ag bean an fhir rua.



A tháilliúir na pléide,
nár ghéill don aicme a bhí crua,
agair an chléir
agus éimh ar an Mac atá thuas.
Déan aithrí sa scéal seo,
éirigh agus sil ar an gCruach
nó beidh tú ag bocléimnigh
Lá an tSléibhe faoi bhean an fhir rua.



Is é siúd an lá léin
a léimfidh na mairbh ón uaigh,
lasfaidh na sléibhte,
pléascfaidh cnoic agus cuain,
titfidh na réalta
is beidh an spéir chomh dubh leis an ngual,
is an táilliúir i bpéin
faoi a bheith ag dréim le bean an fhir rua.



Deir Raiftearaí féin
go héag nach maithfear an drúis
agus Solamh bhí tréan
nach léi a cuireadh é ar gcúl.
Mura bhfuil ag Mac Dé
mo léan tá an peaca seo crua,
ach bhí an táilliúir gan chéill
an lá a d'éiligh sé bean an fhir rua.
Cuir urnaí chun Dé,
déan déirce agus scread ar an Uan.
Troisc Aoine agus Céadaoin
is gach aon oíche sileadh do shúil.
Tabhair turas, déan aon chuid,
is ón gcléir ná hiompaigh do chúl
agus sin duit receipt
le theacht saor ó pheaca na drúis'.



AN FHIANAISE BHRÉAGACH



Samsón láidir, Solamh is Dáibhí,
mheall na mná iad uilig go léir
is lena cine a tugadh an Traí chun fána
ar thit Priamas is Eachtar tréan.
Is leis na mná a chaill muid Aonghas is Ailbhe
is Cú Chulainn an áigh a sheasfadh céim,
dódh Heirciléas go dtí an chnáimh
agus dalladh Argas, a deir lucht léinn.



Scríobh na naoimh dúinn go dtiocfadh namhaid
a bhuailfeadh báire in aghaidh na nGael,
is fíor go dtáinig Seán is Mártan
ar iompaíodh mámh agus gnóthaíodh géim.
Dís chomh dona leo Wakefield is Waters
aicíd is plá orthu, ruaig is léan,
is diomua na heaglais' le toil an Phápa,
a shíl scannal is náire a thabhairt ar an gcléir.



Tá an pobal cráite is a lán ag trácht air,
an mathshlua gránna a fuair ceann an tréid;
ach, a Rí na nGrásta, le toil do mháthar,
tabhair dúinn sásamh gan mhoill sa scéal.
An bhean ní cháinfead a raibh cathú i ndán di
is tuig gur i bPárthas a mealladh Éabh'
is santú airgid a rinne an cás seo
is mioscas Waters do Chlanna Gael.



Gheit mo chroí istigh agus ní le háthas
nuair a chualas trácht ar fhear aithne Dé,
ina séalaí tarraingthe le tabhairt i láthair
is dóibh ní faightear áras i measc na naomh.
Treoraí maith pobail é do réir a cháile
ar ór ná ar státa níor dhíol sé an chléir,
ach bás i riachtanas ar easbhaidh na nGrásta
go mbuaile sé Waters a chuir air bréag.



Umhlaigh, a bhean, is déan aithrí chráifeach
is tá na Grásta le fáil ón gcléir,
umhlaigh sa maidin is sil ina fhábhar
óir tá Dia grástúil is ní dhéanann bréag.
Smaoinigh ar Iúdás gur le síneadh a láimhe
a bhraith sé an tArdrí, cén ghlóir dó féin?
a thuirling san oíche againn i lár an stábla
is d'fhulaing bás Croise ar ár son go léir.



Is cás é an cáineadh atá dúinn dólásach
ach bhí sé in ann dúinn trí anrath géar,
leagadh orainne é de bhrí úill i bPárthas
ag ceapadh dúinn báis mar gheall ar Éabh'.
Peadar an t-aspal a shéan a mháistir,
fuair sé pardún gan mhoill sa scéal,
agus féach an gadaí a cuireadh i gcrann na Páise
go bhfuil sé i bhflaitheas i measc na naomh.



AN POTAIRE AG MOLADH AN UISCE BEATHA



Ag triall go hEanach Calaidh dom
is mé ag siúl i lár an bhóthair,
bheannaigh mé tigh Lally isteach
go bhfaighinn an Dochtúir Deoras.
Is é Dempsey a mhúin an bealach dom,
is a bhuail go tréan an bairille,
mar siúd é riamh an preabaire,
nach dtréigfeadh bean an ósta.



Go ndiúltaí an saol don airgead
folamh ná raibh a phóca,
fágaim Bácas baistithe air
a thionscain fíon is pórtar.
Níl earra ar bith chomh beannaithe leis,
aon fhear ariamh a leagadh leis,
níorbh fhearr leis sínte ar leaba leis,
ná caite ar thaobh an bhóthair.
Sú na beorna glaise,
níor facthas riamh a mháistir,
níor fhás sé tríd an talamh,
a leithide de ghráinne.
Is é a bhéarfadh croí don phreabaire,
agus bainne cích' don bhanaltra,
is bogann sé an creagaire,
nár chaith dhá phínn le ráithe.



Shiúil mé Tuaim is Beannchar,
Corcaigh agus Cionn tSáile,
is fada a chaith mé i nGaillimh,
agus bhí mé i nDroichead Átha;
le fírinn bheirim gealladh daoibh,
nár bhlais mé riamh d'earra ar bith,
níos fearr ná a bhí ag tigh Lally
go gcuire Críost an t-ádh air.



Feochan a fháil ar maidin de,
níl rud ar bith chomh breá leis,
is maith a rachadh gloine de
do dhuine a bheadh as a shláinte.
Duine ar bith a bhlaisfeadh de,
níor bhaol múchadh, fuacht ná casacht dó;
is dá dtugtá braon don chailligh de,
do rithfeadh sí duit rása.



Tá uisce beatha ag tigh Lally,
is níor óladh riamh a mháistir,
is beag atá ar an ngloine de,
cé gur mór is fiú an cárta.
Tá an bhean is féile is is fairsinge aige,
go bhfeice an tír saol fada aici,
is í a déarfadh 'seas, a Raiftearaí,
go mblaise tú de mo choirdial.'



Thriall mé ar Father Callaghan,
ba fairsing fial an áit sin,
bhí Diolún ann is Geochagán,
is Ó Ceallaigh, croí na páirte.
Scíth ní dhearna an ceathrar sin,
ach ag líonadh uisce beatha dom,
gur fhág siad sínte Raiftearaí,
dhá lá ar a tharr in airde.
Ní mise amháin a leagadh leis,
ó pheacaigh Éabha i bPárthas,
is iomdha fear a cailleadh leis,
ón am ar dalladh Argas.
Mura mbeadh gur cleasaí eadrainn é,
is gur bhain sé iompódh as preabaire,
go deimhin is go dearfa,
do shínfinn síos le náire.



CAISMIRT AN PHÓTAIRE LEIS AN UISCE BEATHA



AN PÓTAIRE



Comrádaí dílis ar chaith mé mo shaol leis,
dar m'fhírinne a shíl mé a bhí cneasta,
is gur iomdha sin oíche a chaith mé leis sínte
is mé caite ar mo thaobh cois an teallaigh.
Ar chomhairle na ríochta níor scar mise riamh leis
gur dhóigh sé mo ghruaig is mo mhala,
san oíche Dé hAoine, lá aonaigh Chill Chríosta,
i Suí Finn ag tigh Pháidín Mhic Ceara.



Seachtain go priaclach i bpeannaid is i bpianta
is ea bhí mé ag Tom Glynn ar mo leaba,
do mo leigheas gach aon oíche is ar maidin arís,
is nár laga Dia choíche mo charaid!
Gealladh le fírinne a bheirim do Chríost
go ndiúltóidh mé d'ól uisce beatha,
is tá a fhios ag an saol nach le dúil ann a bhím,
ach le grá do na daoine a bhíos ina aice.



Ba mhaith an rud bólacht ag fear maith is góltas,
cruithneacht is eorna le gearradh,
min in sa gcófra agus tine tráthnóna,
agus dídean d'fhear bóthair is bealaigh.
Léine agus cóta ag an Aifreann Dé Domhnaigh,
hata agus bróga sa bhfaisean,
sílim, ar ndóigh, go mb'fhearr sin go mór
ná a bheith ag imeacht is ag ól uisce beatha.



Tig liomsa a mhíniú mar chaith mé mo shaol leis,
ó baineadh an chíoch díom ' mo leanbh,
gur thréig mé mo dhaoine, mo dhámh, is mo ghaolta,
is ní shéanfainn é ar chomhairle na nEaglais'.
Do stór is do mhaoin shaolta is ar thacair ariamh ort,
agus fág é gan scíth ag mná leanna,
má fhilleann tú arís is do phurse a bheith spíonta
ní thabharfaidh siad braon duit ar maidin.



AN tUISCE BEATHA



Is fada mé ag éisteacht ag scilligeadh bréag leat,
ach caithfidh mé féin labhairt feasta.
Is iomdha sin créatúr ag fuirseadh na déirce
is gan ceo aige lena éileamh ach a wallet.
An té a chruinníos na céadta le cruatan is díth céille
is nach bhfliuchann a bhéal agus tart air,
tig oidhre air ina dhéidh sin nach leanann dá thréithe
is nach ngéilleann a shéideadh le balla.



Comhluadar séimh mé ar chruinniú nó ar aonach
an té a shuífeadh go féata síos ' m'aice.
Níl duitse ach díth céille a bheith anois do mo shéanadh
is ní chreidfidh do scéal ach fear meata.
Lucht casachta is réama is mé a dhéanfadh a réiteach,
is tá a fhios ag na céadta air seo cheana.
Nach mbím i measc ladies, ag sagairt is ag cléirigh,
fré máistrí léinn agus Laidne.



AN PóTAIRE



Deacair is gráin ort is tú a labhras neamhnáireach
is ní thabharfainnse cáil leath chomh maith ort,
chaith mé mo dháta gach oíche agus lá leat
is ní dheachaigh do chás go rómhaith dom.
Dhóigh tú clár m'éadain is barra mo mhéara
is ar na téada ní fhéadaim a leagan;
is aon neach sa saol seo a chuimleos róghéar leat
is é a dhualgas seanéadach is drochleaba.



AN tUISCE BEATHA



Níl gabha dubh ná ceardaí nach ndéanann díom páirtí,
is mé buachaill an bháire ins gach bealach;
is níl gréasaí ná ceardaí dá dtug ariamh sáthadh
nach mbeannódh sa tsráid dom ar maidin.
Níl bean óg dá bhreáichte nach ndéanfadh liom gáire
dá leagfaí ar an gclár mé ina haice;
is bím ag an bPápa, i measc sagart is bráithre,
is ní cháinfidh go brách mé ach fear meata.



AN PÓTAIRE



Fuair Raiftearaí scríofa i leabhar na daonnacht',
lucht póite go mbíonn tú á mealladh,
is gan leorghníomh a dhéanamh agus aithrí sa saol seo
tiocfaidh siad daor in sa bpeaca.
I sconsa nó i ndíoga má cailltear fear choíche
de bharr a bheith ag ól uisce beatha,
deir beatha na naomh liom gur caint í a dúirt Críosta,
go cinnte nach bhfaighidh sé na flaithis.



MÁIRE NÍ EIDHIN



Is í Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
is deise méin agus is áille gnaoi,
agus míle cléireach a ghabháil in éineacht
trian a tréithe ní fhéadfadh scríobh.
Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
is dá n-abrainn Héilin ler scriosadh an Traí,
seo í an chraobh is cé a d'iarrfadh a héileamh
ar an bpabhsae gléigeal 'tá i mBaile Uí Lia.



De mhullach sléibhe nach aoibhinn aerach
an ní a bheith ag féachaint ar Bhaile Uí Lia,
ag siúl trí choillte ag baint cnó agus sméara
is gur geall glór éan ann le ceolta sí.
Cad é an bhrí an méid sin go bhfaighfeá léargas
ar bhláth na gcraobh atá lena thaobh?
Is níl gar á shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.



Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc le chéile
an Spáinn, an Ghréig is ar ais arís,
ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Eirne
is ní fheicfeá féirín ar bith mar í:
A grua trí lasadh agus a malaí caola
a haghaidh dá réir agus a béal deas faoi.
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin,
a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lia.
Is ag triall chun Aifrinn dom le toil na nGrásta
bhí an lá ag báistigh agus d'ardaigh an ghaoth,
casadh bruinneall dom le hais Chill Tártan
agus thit me i láthair i ngrá ar an mnaoi.
d'umhlaíos síos di go múinte mánla
is do réir a cálach d'fhreagair sí.
Is é a dúirt an ainnir liom: "beidh m'intinn sásta,
agus gluais go lá liom go Baile Uí Lia."



Níor lig mé an tairgse níos faide ar cairde,
b'ait liom trácht air is gheit mo chroí,
ní raibh le ghabháil againn ach trasna páirce
agus thug an lá sinn go tóin an tí.
Socraíodh solas chugam, gloine is cárta
agus cúilín fáinneach le m'ais 'na suí.
Is é a dúirt sí: "a Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte,
tá siléar láidir i mBaile Uí Lia."



A réalt an tsolais, 'gus, a ghrian an fhómhair,
a chúilín ómra is a chuid den tsaol,
siúil in uaigneas liom go ndéanam comhairle
faoi choinne an Domhnaigh cá mbéam 'nár suí.
Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n-ólfá fíon.
Ach, a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
go bhfaighe mé an t-eolas go Baile Uí Lia.



Is í mo mhian í seach mná na Fódla,
a ghrá, is, a stórach, is tú a bhreoigh mo chroí
is go mb'fhearr liom póig uait ná saibhreas Sheoirse
is mura bhfaighe mé fóirthint ní mhairfead mí.
Dá mbeinn pósta le bláth na hóige
trí Loch an Tóraic is go leanfainn í;
cuanta is cóstaí go siúlfainn is bóithre
i ndiaidh na seoide atá i mBaile Uí Lía.



Tá a folt ag casadh léi ar dhath na sméara
ina trilsí réidhe ina diaidh sa drúcht
is 'na soilse lasta ar a brollach gléigeal
a d'fhág na céadta i ngalar dubhach;
a bráid is gile ná an sneachta séidte
is lúfar éadrom deas a coiscéim shiúil.
I mo rí dá mbeinnse nó i mo cheannfort Gréagach,
go ndéanfainn réiteach leat, a bhláth na n-úll.



MÁIRÍN STAUNTON



Tá pabhsae gléigeal ar bhruach na céibhe
agus bhuail sí Deirdre le breáichte is gnaoi,
is dá n-abrainn Héilin an bhanríon Ghréagach
ar thit na céadta dá barr sa Traí.
Tá gile is lasadh inti, do réir a chéile,
is binne a béilín ná cuach ar chraobh,
is a méin ná a tréithe ní bhfaighfeá in aon bhean
ó d'éag an péarla a bhí i mBaile Uí Lia.



Dá bhfeicfeá an spéirbhean is í gafa gléasta,
lá breá gréine sa tsráid, is í ag siúl,
solas lasta ina brollach gléigeal
a bhéarfadh léargas do dhall gan súil.
Tá grá na gcéadta i gclár a héadain,
is geall a féachaint le réalt an luain,
is dá mbeadh sí in éifeacht le linn na ndéithe,
ní suas do Véineas a bhéarfaí an t-úll.



Tá a folt ag casadh léi síos go glúine,
ag fí is ag lúbadh go béal a bróg,
ina dhualta scartha, is é chomh glas le drúchta,
is ina thrilsí ag scuabadh ina diaidh sa ród.
Siud í an chúileann is gile múinte
dár oscail súil is dá maireann beo,
dá mba liomsa dúiche nó stát Lord Lucan
dar brí mo chúise ba liomsa an tseoid.



A com caol cailce is a grua mar rósa
is a dhá cíoch comhchruinn os comhair a croí,
a bráid, a leaca is a cúilín ómra,
is mar dhrúcht an fhómhair is ea a bhreathnaíos sí.
Virgil, Cicearó, ná cumhachta Hóimir
ní thabharfadh i gcóimheas a scéimh ná a gnaoi.
Chuaigh mé i bpeaca leat, a bhláth na hóige,
is mura dtaga tú ag ól liom ní mhairfead mí.



Ag siúl nó ag damhsa dá bhfeicfeá an planda
bhéarfá d'ansacht do bhláth na gcraobh;
a grua trí lasadh is a croí gan angar,
is nach lách an rud teannadh lena brollach mín.
Cumhachta Shamsóin ná Alexander,
ar ndóigh, ní shantóinn in áit mo mhian,
ach tá mé in amhras mura bhfaighead cead cainte
le Máirín Staunton, gur gearr mo shaol.



Thug sí móra dom go moch le pléisiúr,
leag sí séat chugam is ní sa gclúid,
d'ól sí deoch orm, croí na féile,
san am ar thionscain mé le ghabháil chun siúil.
Bhuail mé ag labhairt is ag comhrá léi,
is múinte a d'fhéach sí orm, bláth na n-úll,
seo bannaí béil daoibh gan focal bréige,
go dtug sí an sway léi ó Mháire Brún.



PEIGÍ BLÁTH NA SCÉIMHE



Tá féile agus fairsinge i mBile Gasta,
liús is breac ag léimnigh;
bia agus beatha agus triall lucht bealaigh
ar cuairt ag bláth na scéimhe.
Scoth na cúige ar shinsear Brúnach
a réiteodh cúis dá thréine,
ainnir chiúin an déid ghil úir -
is le Peigí a dúirt mé an méid sin.



Bláth na n-úll dá bhfeicfeá ag siúl
is í a thógfadh smúit de shléibhte,
an t-iasc ón bhfuacht ag rith chun cuain
is an ghrian ag lasadh ar spéartha.
A folt ina dhual ina thrilsí anuas
ag teacht go glúine léi,
is dá mbeadh sí suas le linn an triúir
ní thabharfaí an t-úll do Véineas.



Is glaise a súil ná féar is drúcht,
is is deise a gnúis ná aon rud,
a béal caoin ciúin is binne ar siúl
ná ceol á sheinm ar théada.
An dá Chúige Mumhan ar fad a shiúl
gach ceard is clúid d'Éirinn,
a samhail siúd ní buailfí fút
i méin, i gcliú ná i dtréithe.
Is gile a bráid ná an cúr ar trá
is ná sneachta ar bharr an tsléibhe,
is a béilín tláith, gan fiar gan flaw
is a súil gan cham gan chlaonadh.
Do réir an cháis, mar scríobh na fáithe
is í a thug an cárta léi,
le gile is áille, scéimh is breáichte,
chuir sí an báire ar Éirinn.



Tá mil is drúcht is féar ansiúd
smólach, cuach, is céirseach,
i dtráth na Lúnas cnó agus úll
airní dubha agus sméara.
Muilte plúir go síoraí ar siúl
is gan trácht ar dhlí ná ar aon rud;
is, a réalt an luain, ó bhuail mé fút
molfad tú más féidir.



Grá na naomh is é a mheasaim í,
mar ní sí daonnacht is déirce,
is gur lean sí riamh an ceart is an dlí
a d'ordaigh Críost a céasadh.
I gcuid is i maoin go mba fada a saol
clann a gaoil is a céile;
agus doilíos croí nár fheice sí
go dtraoithfidh an ghrian Loch Eirne.



ÚNA NÍ CHATHÁIN



Tar éis na Nollag le cúnamh Chríosta
ní chónód choíche má mhairim beo
go dté mé arís go Cnocán Íomhair
mar is áit bhreá shaoithiúil é nach dtiteann ceo.
Áras ródheas a lasann grian air,
ní ardaíonn gaoth ann ná ní dá shórt,
dá mbeifeá bliain ann ní bhfaighfeá scíth ar bith
ach do shuí gach aon oíche go síoraí ag ól.
Tá an t-uan is an chaora, an bhó is an lao ann,
taltaí míne gan fraoch ná móin,
treabhadh is síolchur i mí na bhfuílleach,
céachta is cliath ann i gcaoi is i gcóir.
An cíos tráth a ndlítear bíonn slí lena íoc ann,
coirce, lín agus eorna mhór.
Siúil an ríocht agus ar ais aríste,
ní bhfaighfeá i dtaobh ar bith aon áit dá shórt.



Na gleannta is áille, féar is fásach,
taltaí bána agus meas ar chrainn,
scáth agus foscadh ó ghaoth is ó bháisteach,
an tslat ag fás ann, an sceach is an tom.
Sagairt is bráithre ag léamh a dtrátha,
caitheamh is fáil is gan dadaidh gann,
áras breá deas níl baol go brách air
mar d'fhág Naomh Pádraig a bheannacht ann.



Is ann 'tá an ainnir rug bua ar áille
cúilín fáinneach na bhfadfholt fionn.
Úna an fhaoileann atá mé a ráite
bhfuil fíde an gháire ina béal deas binn:
a gnúis is breáichte ná an bláth is áille
is an ghile tarraingthe ina bráid gan roinn,
seoid a cumadh í le toil na ngrásta
is ba scéimh ar Phárthas í dá mbeadh sí ann.



Is deas é a lasadh, a haghaidh is a gáire
is a malaí tarraingthe chomh caol le peann,
a leaca is míne ná an síoda is áille
agus tríd an bhfáinne go rithfeadh a com.
A bráid is gile ná an cúr á charnadh
i mbéal na trá is é ag rith ón tonn.
Is nach fear gan mhisneach dá mhéad a státa
nach bpósfadh an stáidbhean gan pínn ná bonn.



Dá bhfeicfeá chugat í réalt an eolais
is a cúilín ómra ina cheithre dhlaoi
ag fás 'na dtrilsí go béal a bróige
agus lonradh an óir ag teacht 'na shoilse tríd.
Is beag an mórtas i mbláth na hóige
ag gabháil an bóthar ach páirt is gnaoi
is má fhaighimse an t-eolas ag teacht don fhómhar
triallfad fós ort, a stór mo chroí.
Ó d'imigh Iúnó, Mineirve agus Véineas,
is Rósanna mar léitear ar pháirt dá gnaoi,
Diána léi agus Pandóra in éineacht
a dtug déithe bréige gean mór díobh.
Dá mairfeadh Héilin ler thit na céadta
mórán Gréagach is go léir an Traí,
banríon Éigipte' is Cassandra in éineacht
is í Úna an spéirbhean a gheobhadh an chraobh.



NEANSAÍ WALSH



Cónaíonn cailín óg taobh thíos den Gheata Mór
a dtug mé go mór mo ghrá di.
Tá a grua ar dhath na rós a dhéanfadh marbh beo
is go mb'fhearr liom léi ag ól ná i bPárthas.
Tá a cúilín fáinneach fionn is a malaí caol deas donn
is a dhá súil ghlas chomh cruinn le hairne.
Thréigfinn bean is clann, a stór, dá ngluaisfeá liom
go hIorras nó go nUmhall Uí Mháille.



Labhair sí liom go tláith, is é a dúirt sí: ' a mhíle grá,
bíodh foighid agat go dtige an oíche
is éalód leat gan spás go huachtar Chontae an Chláir
is ní fhillfidh mé ar mo mháthair choíche '.
Dá mbeinnse is tú ar Shliabh Cairn nó ar mhullach an
Leasa Aird
an áit ar chaith mé céad lá sínte,
is cinnte, a chúilín bán, go n-ólfadh muid ár sáith,
i gCoillte MacH gach aon lá aonaigh.



Is cinnte, a rún mo chroí, dá bhféadfainnse scríobh síos,
go molfainn mo mhian gan amhras
is go leanfainn thú trí shliabh gan deoch gan greim den bhia
dá mbeadh a fhios agamsa go mbeifeá i ndán dom.
Ach míle glóir do Dhia, níor chaill mé leat mo chiall,
cé gur maith a chuaigh mé as, a chúilín fáinneach,
is nár rugadh aon fhear ariamh a chuirfeadh a láimh aniar
thar Neansaí Walsh nach dtabharfadh grá di.
Leithide mo ghrá dá bhfeicfeá ag teacht sa ród,
ba í an réalt tríd an gceo geimhridh í.
Tá a folt ar dháth an óir ag teacht go béal a bróg
go trilseach soilseach fáinneach fillte.
Tá a brollach corrach lán ar dhath an tsiúcra bháin,
nó mar bheadh dísle cnámh ar chlár ag rince,
is an ghile i mbráid mo ghrá mar chúr tuile ar trá,
nó an eala ag teacht ón snámh dar liomsa.



Véineas trí gach ní a scríobh Hóimear ar a gnaoi
agus Ió an bhean ler dalladh Argas,
Cassandra a thabhairt 'na diaidh a dúirt an scéal ab fhíor
go scriosfaí a raibh in sa Traí le Páras.
Iúnó céile an rí agus Mineirve anoir a bhí
is an dís ar aon a thabhairt i láthair,
ní thiocfadh a gcáilíocht síos le Neansaí Walsh, mo mhian,
i ndeise, i ngile, i scéimh ná i mbreáichte.



Dá mba liomsa an Fhrainc is an Spáinn is ón tSionainn
síos go Bóinn,
thabharfainn é is a bheith leat sínte,
is go mb'fhearr liom do phóig ná a bhfuil i gceárta an óir,
is é a bheith os mo chomhair 'na mhílte.
Dá ngluaisfeá liom, a stór, gheobhfá ceol is spóirt
ins gach baile mór dá bhfuil sa ríochta,
is dá mbeinn ' mo rí faoin gCoróin i gcumhacht an Cheathrú
Seoirs',
phósfainn thú gan bó ná caora.



PEIGÍ MITCHELL
B'ait liom bean a d'imreodh cleas
s nach gclisfeadh ar a grá,
a shiúlfadh isteach le gean ar fhear
is nach seasfadh leis sa tsráid,
Béilín deas is milse blas
ná mil na mbeach faoi Cháisc,
cúl trom tais fionn fáinneach glas,
is í Peigí atá mé a rá.
Is míne a dreach ná clúmh mín geal
is ná cúr na tuile ar trá
croí breá glas a d'fhás nár mheath
mar éiríos duilliúr is bláth.
Go dté mé i bhfeart, tá m'intinn leat,
a Pheigí, a mhíle grá,
mo léan is mo chreach gan tú is mé leat
ar chuanta Mheiriceá.



A stór mo chroí ná tréig do mhian
ach breathnaigh isteach sa gcás,
nuair a thiocfas an tslí beidh ól ar fhíon
is ní baol dúinn choíche bás.
A bhláth na gcraobh, nach crua an scéal
mura tú tá dom i ndán,
ar uaisle an tsaoil dá mbeinn ' mo rí
is leat a cliraithfinn láimh.
Dá bhfaighinnse caoi nó áit le suí,
ní stopfainn bliain is lá
go scríobhfainn síos le peann deas caol
do chumraíocht is do cháil.
Níor rugadh riamh aon bhean sa tír
a bhéarfadh uait an barr,
ó scriosadh an Traí mar gheall ar mhnaoi
is ó cuireadh Deirdre chun báis.



Ta lonradh an óir i bhfolt mo stóir
is é ag fás go fáinneach fionn
go béal a bróg chomh glas le deoir
is é fite as uain a cinn.
A bhláth na n-úll is breáichte snua
ná duilliúr bharr na gcrann,
faigh réidh Dé Luain go dtéam chun siúil
is féach go bhfuil sé in am.



Tá breáichte is gile, fuil is cuisle
is lasadh deas dá réir,
i mbláth na finne is cruinne glaise
súil is leagan béil.
Ní bréag ar bith an scéal 'tá amuigh
nach fear mé atá ar mo chéill
le bliain inniu gach aon lá ag silt
is mé ag smaoineamh ar bhláth na gcraobh.
Mo ghrá faoi dhó na mná go deo
gí d'fhág siad mise tinn
ag déanamh bróin faoi luach an óil
de dhíobháil é a bheith cruinn.
B'fhearr liom póig ó Pheigí, ar ndóigh,
is í a bheith in uaigneas liom
ná ar shiúil ar Sheoirse gí ba mhór
a leath dá mbeadh sé cruinn.



B'ait liom doirteadh a bheith ar phórtar
is cannaí lán de leann,
puins ar bord is gloiní i gcóir
chúns bheadh mo phóca teann.
Mo ghrá is mo stór bheith os mo chomhair
ag caint is ag comhrá leam,
is léi a d'ólfainn luach na mbróg
dá mbeadh mo chóta i ngeall.



BRÍDÍN BHÉASAÍ



Phósfainn Brídín Bhéasaí
gan cóta, bróig ná léine,
a stór mo chroí, dá mb'fhéidir liom
throiscfinn duit naoi dtráth,
gan bhia, gan deoch ar aon chuid
ar oileán i Loch Eirne
d'fhonn mé is tú a bheith in éineacht
go réifimis ár gcás.



A ghrua ar dhath na gcaorthann
is a chuaichín bharr na craoibhe,
do ghealladh ná déan bréagach liom
is éirigh leis an lá,
is in ainneoin dlí na cléire
go dtoghfainn thú mar chéile
is, a Dhia, nár dheas an scéal sin,
duine ag éalú lena ghrá.
Gheit mo chroí naoi n-uaire
agus scanraigh mé le buaireadh
an mhaidin úd a chuala mé
nach raibh tú romham le fáil,
is a liachtaí lá faoi shuairceas
a chaith mé is tú ar uaigneas
is gan neach ar bith ár gcumhdach
ach an jug is é ar an gclár.



Dá bhfaighinn amach do thuairisc,
dá dteiteá go bun Cruaiche,
rachadh an scéal róchrua orm
nó leanfainn do mo ghrá.
Is go mb'fhearr liom sínte suas leat
is gan fúinn ach fraoch nó luachair
ná ag éisteacht leis na cuacha
a bhíos ag seinm leis an lá.



Is é ábhar m'osna is m'éagaoin'
gach maidin chiúin dá n-éirím,
a chúl na lúb is na bpéarlaí,
nach tú a bhí dom i ndán.
Is ní iarrfainnse d'fhéirín
ach mé agus tú a bheith in éineacht
in áit éigin, nár n-aonar
go leagfainn ort mo láimh.



Sheinnfinn ceol ar théada
go binn le barr mo mhéara,
thréigfinn mná na hÉireann
is leanfainn thú sa snámh,
Is dá mbeinn ' mo rí ar na Gréagaigh
nó i mo phrionsa ar mhórán céadta
bhéarfainn suas an méid úd
do phéarla an bhrollaigh bháin.



Is dá bhfeicfeá réalt an eolais
is í ag teacht i mbéal an bhóthair,
déarfá go mba seoid uait í
a thógfadh ceo is draíocht.
A grua dhearg mar an rósa
is a súil mar dhrúcht an fhómhair,
a béilín tanaí ródheas
is a bráid ar dhath an aoil.



Bhí a dhá cíoch chorra comhchruinn,
mhol mé iad is ní mór liom,
ina seasamh ag déanamh lóchrainn
is iad ceaptha os comhair a croí.
Tá mé i mbrón is i ndórainn
ó sciorr tú uaim thar teorainn,
gí is fada ó fuair mé comhairle
go ngiorrófá ar mo shaol.



Níl gleanntán cnoic ná sléibhe
ná baile cuain sa méid sin
nach dtóróidh mé, más féidir liom,
is nach n-éileoidh mé mo mhian.
Mura bhfaighe mé Bríd sa méid sin,
níl agam le rá léi,
ach beannacht, slán is céad a chur
le bláth na sú craobh.
Tosód thíos le Bréachmhaigh
is rachad go Loch Eirne,
ó Shligeach go bun Céise,
bhéarfaidh mé mo scríob.
Siúlfaidh mé Móin Éile,
Corcaigh agus Binn Éadair,
is ní sheasfaidh mé i dtuaim Gréine
go dté mé go Trá Lí.



A scéimh, a cruth is a breáichte,
ní scríobhfadh Virgil ráithe
a dhá cíoch gheala bhána
mar an eala ar an tonn,
a malaí caola tarraingthe
is a súil chomh caol le hairne
a bhíos go síoraí, tá a fhios againn,
g fás ar bharr na dtom.



Is milse blas a póige
ná mil na mbeach is í reoite,
is deas é a seasamh i mbróigín,
is a cúilín fáinneach fionn.
Dá mbeinnse is bláth na hóige
i mBalla nó i mBoth Chomhla,
chaithfeadh muid an fómhar
ag ól is ag déanamh grinn.
Deir Mearcaraí gur dóigh leis
gurb é Plútó a sciob an tseoid leis,
is gurb iomdha garda mór
atá ag gabháil idir mé agus í.
Is é Iúpatar a máistir
is triallfaidh mé dá láthair,
ach fanfad go dtí amárach
go ligfidh mé mo scíth.



Tá mé tuirseach breoite
gí chaith mé leat mo bhróga
go síoraí ag déanamh bróin 'do dhiaidh,
ní chodlaím néal den oích'.
Is ó thug Heiriciléas le róneart
Ceirbearas den bhóthar,
an measann sibh nach cóir dom
mo stór a leanúint síos?



Níor mhór dom cúnamh láidir,
níl mé mór le Cárán,
b'fhéidir dó mé a bháitheadh
dá dtagainn ina líon.
Tá a bhád is a mhaidí rámha
go síoraí ansiúd ar garda,
ní thaitníonn dream an Phápa leis,
ní ghéilleann sé dá ndlí.



Níor chabhair dom na Spáinnigh
mar gheall ar Bhanríon Máire
a bhíodh ag brú is ag carnadh
is ag coinneáil na nGall síos.
Dá maireadh Cailvín lá éigin,
Cranmer, Hanraí is Mártan,
dá scríobhfadh siad liom cárta
ní héileofaí orm pínn.



Is é Plútó an prionsa clamprach
a ghoid uaim mo stór is m'ansacht,
Aeácas, Ródamantas,
ní caraid dom an dís,
ná Bhulcán brúite dóite
a bhfuil a leathchois briste breoite,
Míonós nach bhfaighidh trócaire,
ná trustaidh an gadaí choích'.
Is iomdha abhainn chráite
ansiúd is contúirt bháite,
caor thintrí dá gcarnadh
is á loscadh ar gach taobh.
Ach triallfad orthu amárach
is mur' n-admhaí siad mo ghrá dom
bhéarfad cúnamh láidir liom
a thógfas í ón draíocht.



Fianna Finn níor mhór dom,
Oscar is Goll mac Morna,
Cú Chulainn an laoch cróganta
nár chlis i gcath ariamh;
Clann Uisnigh a deir go leor liom
a bhainfeadh as claíomh lóchrann,
Eachtar is Aonas mórchruth
a fuair foghlaim ard sa Traí.



Chluinfeá i dTír na hÓige
gníomh na bhfeara móra,
tráth a thosaigh siad ag stróiceadh
is ag gearradh rompu síos.
Ach Iúpatar níor mhór dom
is é a chuir Meantar liom 'na fhear eolais,
níor lig sé amú ar an mbóthar mé
go dtug mé abhaile Bríd.



AN CÍOS CAITLICEACH



Le breathnú sna síonta seo is baolach don aicme,
nach dtroisceann aon Aoine is nach ngéilleann do Chaitlicigh;
na flaithis ní bhfaighidh siad gan séala na hEaglaise,
do réir mar dúirt Peadar is a Mháistir.
Scríobh Pastoiríní go dtiocfadh an bealach seo,
lá gach aon mhí go mbeadh cruinniú ins gach baile acu,
i gCluain Meala bhí díbírt ar NewLights is ar Orangemen,
is i mBaile Loch' Riach is ea a léadh a mbeatha dóibh.
Má chailleamar Clayton, tá Daly ina leaba againn,
do lucht bíoblaí bréige ná géilligí feasta,
nach n-umhlaíonn do shagart ná bhráthair.



Ach creididh don chléir is do chomhrá na hEaglaise
is don tseanmóir naofa a scríobh naoimh agus aspail dúinn;
ná héilígí an Bíobla, nó tiocfaidh sé trasna oraibh
is tuigidh nach magadh an cás seo.
Thosaigh an scéal seo le huabhar is tarcaisne,
shéan Hanraí a chéile le drúis agus mallachain;
ba mhaith cúnamh Liútair faoi Chranmer is Latimer,
Ridley agus Wolsey is Seán Cailvín mírath orthu.
Ó chailleamar Máire tá báire le Sasanaigh,
ach tiocfaidh an lá a bhfaighe muid sásamh sa ngealladh sin
a thug Críost do Pheadar is don Phápa.



d'inseoinnse scéal daoibh ar Éadbhard is ar a athair,
ós iad a chuir léirscrios ar Ghaeil is ar Chaitlicigh;
shíl siad le chéile an plantation a ghearradh
nach gcríonann in earrach ná i Márta.
Ní gaineamh séite foundation an bhalla seo,
tá Críost mar léitear, in éineacht le Peadar faoi;
obair nach dtréigfidh is nach bpléascfaidh an charraig seo
a shocraigh an tAon-Mhac a céasadh ar talamh dúinn.
Séamas, ní bréag é, a d'fhág Éire ag na Sasanaigh,
tá an revelation in aice le baile againn -
sílim nach fada uainn sásamh.



Is fada mé ag éisteacht le scéalta ag imeacht,
an naoú lá déag go mbeidh céad pearsa i gcuideachta,
ag breathnú ar lucht éithigh nach ngéilleann do Mhuire,
is í a d'oil ar a hucht Rí na nGrásta.
Is ag an mbreithiúnas déanach is ea a glaofar gach duine acu,
beidh guais agus géibheann ar lucht séalaí briste ann;
Séamas is Séarlas a d'iompaigh le tubaiste
is Isibéal mheirdreach faoi léan is a bunadh;
beidh Cromail ar éill is Ó Néill os a choinne.
Ach sílim, mar léitear, má fhéadann Liam imeacht
nach seasfaidh sé an talamh le Sáirséal.



Éirígí, a dhaoine, agus glacaigí misneach,
óir feicfidh sibh ionadh, teacht bhliain a naoi fichead;
an té a dúirt an méid sin ní fear é gan tuigsin
mar léigh sé gach údar is dáta.
Níor cheart do mhac Gaeil ar bith claonadh ná filleadh,
ach togha na Milesians, an Déan is é nach gclisfeadh;
bhí Gannon is Daly ag léamh an chommission.


L. 99


Saol fada ag Dan Egan is ag Councillor Gutherie,
fiorscoth na bPaorach, is, ar ndóigh, Bob Darcy,
Lucht feola Aoine an Chéasta ag éalú is ag imeacht,
is níor léir dóibh an doras le náire.



Gairm sibh, a dhaoine, is ná bígí faoi tharcaisne,
molfaidh mé choíche sibh, is íocaidh an cíos Caitliceach;
is beag in sa mí orainn feoirling sa tseachtain,
is ná tuilligí scannal ná náire.
Ní mór in sa gcíos é agus saoróidh sé taxes,
an deachmha ní glaofar mar déantaí oraibh cheana,
beidh ceart agus dlí daoibh i dtír is i dtalamh,
ní baolach dúinn choíche chúns mhairfeas Ó Conaill.
Ach creididh le fírinne an méid a scríobh Cobbett,
Raiftearaí a mhínigh is a chuir síos an bealach seo
is a deir go mbeidh Galla le fána.



BUA UÍ CHONAILL



Tá Turcaigh is Gréagaigh ag gabháil dá chéile,
agus caillfear céadta abhus is thall;
aimseoidh Sasanaigh is Francaigh a chéile,
is lasfaidh Éire le faobhar lann.
M'impí ar Íosa, Dé hAoine a céasadh,
nár thé mé in éag go dtaga an t-am
a mbeidh gach cuid acu ag plancadh a chéile,
is go bhfaighe muid pléisiúr ar Orangemen.



Más fíor gach aon ní dár scríobhadh ar Éirinn,
is fada an t-éileamh á thabhairt chun cinn;
Emancipation a theacht faoi shéala,
cead ag Gaeil bheith chomh hard le Gaill.
Shíl na céadta nach dtiocfadh an scéal sin,
go dtosaíodh spréachadh abhus is thall.
Fuair Éire réiteach, cabhair is éisteacht,
mura síocháin bhréige í níl dochar ann.



Féachaidh Brownlow a bhí romhainn ina namhaid,
ina cheannphort ard os cionn Orangemen,
gur iompaigh a intinn le toil na nGrásta,
le linn an cháis seo a bheith ag teacht chun cinn.
Tá an cruthú láidir san údar tarraingthe,
gur chaill muid Máire le clisiam Gaill;
deir Siail, Lawless, Ó Conaill is Gorman,
go bhfaighe muid sásamh gan mórán moill.
Is fada an ghéarleanúint leagtha ar Ghaeil bhocht,
is é Hanraí an chéad fhear a thosaigh an cás;
ba mheasa a thréithe go mór ná Héaród
a chuir na céadta is na mílte chun báis.
d'íoc sé an féarach do réir mar léitear,
más ní go ngéilleann muid do chomhrá Ward;
tá sé i ndaorbhroid faoi chúrsaí géara,
san áit nach féidir aon fhortacht a fháil.



Glóir do Chríost is do Rí na nGrásta,
tá an charraig láidir nár chlis ariamh;
shíl Seán is Mártan a tabhairt le fána
is thóg Hanraí páirt leo i ngeall ar mhnaoi.
Críonfaidh an feochadán is titfidh an bláth de,
beidh an leon ar lár is ní fhanfaidh ann brí,
mar is fada ó dúradh linn go dtiocfadh an lá geal
a seinnfeadh an chláirseach dúinn i mbliain a naoi.



Gunnaí is lámhach is tinte cnámha,
beidh againn amárach, is tá sé in am,
ó fuair Ó Conaill bua ar an namhaid,
aibeoidh bláth is beidh meas ar chrann.
I gContae an Chláir tá uasal is ardfhlaith
ag craitheadh lámh is ag déanamh grinn,
ach bog faoin gcárt go n-ólam sláinte
na bhfear ó Árainn go hInis Uí Chuinn.



ELECTION NA GAILLIMHE



Tá Jumpers go deacrach is gach baile faoi bhuaireamh,
nár dhéana Dia trua do lucht bíoblaí bréag.
Ba bheag acu sinne a bheith tuirseach faoin ualach,
ó scríobh Mártan Liútar i mbliain a seacht déag.
Imríodh an cluiche is bhí an muileata in uachtar,
Ó Conaill is a chúnamh a chuir ceann ar an scéal;
ach cuiridh sa gcathaoir dúinn Sior Seán de Búrca
is labhróidh sé cliúthúil i bhfabhar na nGael.
Níl Dálach ná Trinseach dá bhfuil in sa gcúige
nach gcuirfeadh a ndúiche go gclisfeadh na Gaeil;
scéal do réir barúla ar fad a gcuid údar,
ach i dtriail na cúise chuaigh ceann ar an scéal.
Na Máirtínigh is Darcaigh, na Frinsigh is na Brúnaigh,
chlis an láimh chúnta orthu an t-ochtú lá déag;
tá sé le feiceáil i bpáipéar is i nuaíocht,
is aimsir an chruatain gur sheas na fíréin.



Ba saighdiúirí seasmhacha i Míleac na Búrcaigh,
i gCaisleán Chill Chúile is i gContae Mhaigh Eo,
a sheas ariamh talamh i gcruatan gach cúise,
is ní raibh sé sa gcúige an té a n-umhlaídís dó.
Tiarna na Gaillimhe a throid go glan fiúntach,
in Eachroim go cliúthúil gur thit ar an bhfód;
cibé a d'fheicfeadh é ar maidin is é marbh faoin drúchta,
shilfeadh a shúil dá mbeadh inti deoir.



Diarmaid Laighean a d'imir an chéad bheart,
is shíl sé nárbh fhéidir go mbacfaí leis faoi;
d'ardaigh sé chun bealaigh leis bean Tiarna na Bréifne
is cailleadh na céadta mar gheall ar an mnaoi.
Strongbó is a bhunadh de sciorradh ghnóthaigh Éire,
ba mhór ar na Gaeil é, ach níorbh ann ach leathbhrí,
gur bhuail fúthu Cromail, láimh scriosta na Féinne,
a chuir chun báis Séarlas mac Shéamais, an rí.



Ó caitheadh an Pretender as coróin agus dúiche,
tá Gaeil ar an gcúinne faoi sciúrsadh ag an dream
a scríobh in aghaidh Mhuire a fuair Grásta agus cumhachta,
is í a d'oil an tUan cumhra a fuair bás ar an gcrann.
Dhíol Hanraí an creideamh ar pheaca na drúise
do Phápa ná údar ní umhlaíodh a cheann;
ach díoltas ina ngóthaí Lá an tSléibhe faoi dhúthracht
ar Chranmer ar dtús a cheangail leis Anne.



Féachaidh Fisher is Plunket, mar léitear,
a tarraingíodh ó chéile gan siocair ná slí;
is a lán eile a cailleadh le fianaise bhréige,
díoltas dá réir go raibh ar lucht an dá chroí.
Cúig phunt ar cheann sagairt, is giní ar an gcléireach,
a d'admhódh an t-éide chun Peadair is Críost,
ach Banríon na nAspal a d'oil an Rí a céasadh
cá bhfuil an té a déarfadh go mbeadh inti brí.



A bhuachaillí dílse cuididh le chéile
agus smaoinidh ar Éirinn atá i bhfad i ndroch-chaoi;
gan cheannas, gan chumas, gan chuibheas, gan éifeacht,
a móinte is a sléibhte le céad fada riamh
Bhí siad in Eachroim mar bheadh caoirigh léithe
dá ruaigeadh ó chéile gan ceannfort ná rí;
ach ó d'iompaigh an rotha ní sásamh dúinn aon rud,
gan seasamh in aghaidh a chéile is na Sasanaigh a chloí.



Tá Loch Riach is Gaillimh is Gort Inse Guaire
le seachtain 'na ndúiseacht is níor chodail siad néal;
ach tinteacha lasta agus púdar á scuabadh
ag íseal is ag uasal le spóirt faoi na Gaeil.
Tá geataí Dhún Sandail faoi smúit is faoi uaigneas
is na Brunswickers buartha mar gheall ar an scéal;
m'impí gach maidin, go mothaí muid dúiseacht
agus Galla dá rúscadh ins gach cúinne ag na Gaeil.



AN CHÚIS A PLÉ



Éirígi suas tá an cúrsa ag teannadh libh,
bíodh claíomh agus sleá agaibh i bhfaobhar géar,
is gearr uaibh an cúig, is tá an dáta caite,
mar scríobh na haspail, na naoimh is an chléir;
tá an choinneal le múchadh a thug Liútar lasta leis,
ach téigí ar bhur nglúine is iarraigí achainí,
guígí an tUan is beidh an lá ag na Caitlicigh,
tá an Mhumhain trí lasadh is a gcúis á plé.



Is peaca an drúis do réir na n-aitheanta,
ainneoin gur mealladh go leor faoin scéal,
chuir Hanraí inti dúil agus thóg sé an bharraghain,
dhíol an Creideamh agus cumhachta Dé.
Chuir Wolsey drochrún faoi Chranmer is Latimer,
Cailvín is Liútar a cheangail an t-airteagal,
sin iad an cúigear d'údair na mallachta
a d'fhág drochmheas agus ruaig ar Ghaeil.



Tá an dá Chúige Mumhan ar siúl is ní stadfaidh siad,
go leagfar dóibh deachmha agus cíos dá réir,
is dá dtugtaí dóibh cúnamh agus Éire seasamh
bheadh gardaí lag is gach bearna réidh.
Bheadh Gaill ar a gcúlis gan teacht ar ais acu,
agus Orangemen brúite i gciumhais gach baile againn,
breitheamh agus jury i dteach cúirte ag na Caitlicigh,
Sasanaigh marbh is an choróin ar Ghaeil.



Beidh againn faoi Cháisc pléaráca is cuideachta,
ól is imirt is spóirt dá réir,
beidh maise agus bláth agus fás ar chranna
snua agus snas agus drúcht ar fhéar.
Feicfidh sibh fán is neamhaird ar Shasanaigh,
ár namhaid le fán, leá agus lear orthu,
tinteacha cnámh ar gach ard ag na Caitlicigh
is nach sin í gan bhrabach an chúis á plé.



Is iomdha fear breá faoin tráth seo teilgthe
ó Chorcaigh go hInis is go baile Ros Cré,
agus Buachaillí Bána le fán ag imeacht
ó shráid Chill Chainnigh go Botany Bay.
Ach iompóidh an cárta is beidh láimh mhaith againne,
seasfaidh an mámh ar chlár na himeartha,
dá bhfeicfinnse an rása ó Phort Láirge go Biorra orthu
sheinnfinn go deimhin an chúis á plé.



Éirigí suas agus gluaisigi uilig,
Iéigí ar an gcnoc agus glacaidh bhur ngléas,
ag Dia atá na Grásta agus beidh sé in bhur gcuideachta,
bíodh agaibh misneach is breá an scéal é.
Gnóthóidh sibh an lá ins gach aird de Shasanaigh
buailidh an clár is beidh na cártaí ag teacht chugaibh,
ólaidh as láimh anois sláinte Raiftearaí
is é a chuirfeadh daoibh bail ar an gcúis á plé.



BEARNÁN RISTEARD



Thug na húdair naofa cuntas dúinn sa scéal seo
go dtiocfadh ruaig ar Ghaeil is go mbeadh an dream le fáil
nach leanfadh dlí an Aon-Mhic a chuaigh in sa gcrann á chéasadh
ar son an chine daonna is ar uair an trí sa lá.
Mar sceitheas an ga gréine nó mar thuirlingíos an t-éiclips
gach plá dár thit ar Éigipt go dtaga orthu dá bharr,
Bearnán croí na féile, scoth na fola is tréine,
a chur i bhfad as Éirinn is é neamhchiontach in sa gcás.



Ó dhiúltaigh Hanraí a chéad bhean i dtús an Reifirméisin,
tá sciúirsí crua géara ar Ghaeil ins gach uile áit.
Dá ndlí ní tugtar géilleadh ach á gcrochadh is á gcéasadh
is, a Dhia, nach mór an t-iontas an síol a bheith ar lár.



Creididh ceann na cléire a scríobh is thug dúinn scéala
go bhfuil an gráinne i mbarr na déise nó is bréag a dúirt Naomh
Seán,
ó d'iompaigh cíonán spéirid in aghaidh Dhonncha agus Shéamais,
lomadh an clár in éineacht is tá Éire ó shin le fán.



Tá súil agam le Críosta go bhfillfidh Beairní arís chugainn
mar scríobh Pastoiríní, ní fada uainn an lá,
go mbeidh Galla suaite sínte gan duine lena gcaoineadh,
ach tinte cnámh thíos againn ag lasadh suas go hard.



Tá an dlí ag Clanna Míle a d'ordaigh Peadar is Críosta
ach ó thosaigh Hanraí a ghníomhartha tá Caitlicigh ar lár,
ach beidh siad suas arís, tá an spás i bhfogas daofa,
a mbeidh Orangemen á spíonadh agus spíodóirí le fán.



Is é Hanraí, do réir mar léitear, a shocraigh ar fad an scéal seo,
a d'fhág sciúirsí crua ar Ghaeil nó go gcaithfeadh siad an spás,
gurb é a dúirt an t-údar naofa Naomh Seán sa Revelation
gur duine ar bheagán céille nach bhfanfadh leis an lá.



Nuair a ionsós Gaill a chéile mar d'ionsaigh Cromail Séarlas
nó Poimpí Iúilias Saosar a tharraing éag is ár,
nuair a chífeas sibhse an méid sin tigeadh Gaeil i dteannta a chéile
is sin é an uair más féidir a ghnóthós sibh an lá.



Dá bhfreagraíodh Beairní Blakney, ach, ar ndóigh, ní raibh
baol air,
mar is siad a mhuintir féin bhí á dtriail in sa gcás,
dá mhéad lucht an éithigh thuas ar an ngreentable
ag mionnú in sa scéal sin, is iad ann gan fios cén fáth.
A Chríost a shábháil céadta is a scoilt rompu an mhuir théachtaithe,
a fuair bua ó Mhuire naofa atá acu ins gach gá,
go dtuga tú slán an péire abhaile chugainn fré chéile,
Beairní Rochford is Peait Egan, an dís atá mé a rá.



An ghaoth aneas go séide an teas le neart na gréine,
is go dtóga as a héadan an tsraith a chí tú ar lár,
ceol na cruinne in éineacht agus Oirféas ag seinm téada,
ba bhinne liom ná an méid sin na Sasanaigh a bheith ar lár.



NA BUACHAILLÍ BÁNA



Is fad le fán an charraig gan phlá,
nach gclisfidh go brách is nach bpléascfaidh,
is go bhfuil cruthú le fáil i Revelation Naomh Seán,
gurb é Peadar a leag an foundation;
mar tá crann ina lár bheireas cruthú dá lán,
gurb é Liútar a ghearr an plantation,
is na suckers a d'fhás go gcríonaí a mbláth,
is go raibh siad ar lár más féidir.



Tá an Trinseach go tréan in aghaidh Chlanna Gael
go dtuga siad lán an Bhíobla,
a bheith dílis don té nach nguífidh Mac Dé
is nach ngéillfidh do Mháthair Chríosta.
Éirígí suas agus freagraígí an uair
atá anois ag teacht oraibh faoi láthair,
go scaoiltear na duail atá fite go dlúth,
ó lasadh an Choinneal do Mhártan.



Ach geallaimse daoibh an té a gheofas saol,
go bhfaighidh Ribbonmen luach a sláinte,
ar son gach uile oíche dá rabhadar 'na suí
faoi shioc, faoi shneachta is faoi bháisteach
Cíos an rí ní bheidh feasta lena íoc,
deachmha ná ní ar bith ní bheidh trácht air,
beidh talamh ina luach agus Clanna Gael suas
agus Sasanaigh buartha cráite.



A Thomáisín Bhreatnaigh nár lige Dia an séan ort,
is iomdha mionn éithigh a thug tú le mí,
i do sheasamh in sa mbeairic ag dúil leis an éimeadh,
shíl tú go héag nach bhfeicfeá an Gort Fraoigh.
Má théann tú abhaile seachain do shúile
ar ghrán agus phúdar, go dté tú sa gcré,
Is ar Mholly Maguires is láidir a gcúnamh,
is iad a shiúlas go cliúmhail i gceartlár an lae.
Cuirim impí ar an mnaoi nár pheacaigh ina saol
is m'achainí ar Rí geal na nGrásta,
go bhfeice mé peelers lag marbh sínte
scaipeadh is scaoileadh ar gharda.
Libertytree cois balla gach aon oíche
ag lucht ribíní is tinte cnámha,
Daly is Deely bhí ag mionnú ar an tír
a gceann i mbarr spíce in airde.



Nár fhaighe mé bás choích' mur' mbeinn beo ach ní
go bhfeice mé síos drong Sheoirse,
lucht an dá chroí nach gcreideann na naoimh
is nach ngéillfidh do Phápa na Róimhe.
Leáfaidh an choróin is éireoidh an ceo
atá tite le suim achair ' bhlianta
beidh Liútar is a chomhar á ruaigeadh sa móin
agus Sasana stróicthe stiallta.



Seasaidh le cliú agus ná téigí ar gcúl
go gcuirfidh muid fúinn gach garda.
Biseach agus bua go bhfaighe muid go luath
agus go leaga Mac Duach ár namhaid.
Dá dtagadh an saol nach mbeadh ann aon rí
ach sinn a bheith trína chéile,
beidh mo chleath ar mo thaobh is mo chlaidhmhe liom síos
is mé ag ruaigeadh na nGall as Éirinn.



Tá Ruarcach Mhaigh Loch gan scolb gan scraith
is Frank Kelly ag iarraidh na déirce.
Pairlimint thart agus Gaeil ar a gceart
lucht ribíní in arm is in éide.



AR SCOIL LUCHT BIOBLAI



Is fada ó cuireadh síos go dtiocfadh sé sa saol
go ndoirtfí fuil is go ndéanfaí sléachtadh
do réir mar scríobh na naoimh is i mbliain an naoi atá an baol
má ghéilleann muid don Scrioptúr Naofa.



An balla a déantar fuar ní fhanann sé i bhfad suas
sciorrann sé den drochfhoundation,
ach an áit a ndeachaigh an t-aol, ní chorróidh cloch as choích',
tá an charraig faoi ina suí nach bpléascfaidh.
Is síoraí sean an chúirt a síleadh a thabhairt anuas,
ach is é a mheasaimse gur ní nach féidir,
tá Naomh Peadar lena bruach agus Críost a chéas an slua
is coinneoidh siad na huain le chéile.



Adhaltranas is drúis a thosaigh an scéal ar dtús
agus Hanraí a hocht a thréig a chéile,
ach díoltas, rith is ruaig ar Orangemen go luath,
nach bhfuair ariamh an consecration.



Ag éirí daoibh is ag luí, smaoinidh ar an Rí
a chruthaigh ar fad an cine daonna,
is iomdha cor sa ngaoth ach ní lia ná sa saol,
is is beag an chaoi le bhfaighimis réiteach



Isibéal a shíl an Eaglais a thabhairt faoi dhlí,
is thiontaigh sí den bheatha naofa,
tá sí i ngéibheann thíos is Liútar lena taobh
ag íoc go crua faoin Reifirméisean.



A Dhia, nach mór an spóirt, an dream a shíl ár ndó,
go mb'éigean dóibh a vóta a shéanadh,
is Liam a thionscain gleo is a chuir na Gaeil dá dtreoir,
ní fheicfidh siad níos mó é gléasta.



Bainfear cloig sa Róimh, beidh tinte cnámh is ceol,
ins gach baile beag is mór trí Éirinn.
Ó tháinig Seoirse i gcoróin tá Orangemen faoi bhrón
is gan neart acu a srón a shéideadh



A Íosa, céasta i gcrann, ná feic ar lár an dream
nár dhíol an bhean a d'oil thú ar aon chor,
ach Liútar is a dhlí cam is an bunadh a chreideas ann,
nach olc an ceart go bhfaighidís géilleadh



Más fíor d'Orangemen níl maith don chléir i gcaint
is a chruthú air siúd le léamh ag Éirinn
gur éagóir, fionail is feall agus clisiam Chlanna Gall
a d'iompaigh an Bíobla anonn sa mBéarla.



Chualas mura bréag go dtiocfadh sa saol
go gcuirfí máistir léinn ins gach cúinne
níl sa gcás ach scéim ag mealladh uan ón tréad,
agus diúltaígí do ghnóthaí Liútair.



Creididh don chléir is ná téigí ar mhalairt féir
nó caillfidh sibh Mac Dé is a chumhachta,
is an long seo a chuaigh i léig má théann sibh ann de léim,
iompóidh sí agus beidh sibh fúithi.



Altaígí le Dia tá an tAthair Beairtle thiar,
is coinneoidh sé ar na caoirigh garda,
an sliocht i gcath ná i gcliath, nár dhíol an Pháis ariamh
agus seasfaidh sé in aghaidh Búrcaigh is Dálaigh



Tá Clanna Gall 'nár ndiaidh mar bheadh mada allta ar shliabh
a bheadh ag iarraidh an t-uan a ghoid ón máthair
ach Ó Ceallaigh a dhéanfadh a bhfiach gan cú gan each gan srian
le toil is cumhachta Rí na nGrásta.



Níl fíodóir lawn ná bréide ná gréasaí i ndiaidh a lae
nach mbíonn ag piocadh bréag as údair,
a mBíobla ar bharr a méar ag dearbhú san éitheach
ach íocfaidh siad i ndeireadh cúise.
Fear gan radharc gan léann a mhíníos daoibh an scéal,
Raiftearaí a d'éist ler dúradh
a deir go flaitheas Dé nach rachaidh neach go héag
a bhéas ag plé le leabhra Liútair.



BAILE LOCHA RIACH



A Bhaile Loch' Riach is fada mé ag trácht ort
is an lá údaí a tharla muid ann;
dhruid mé go dlúth leis na cártaí
nó gur thóg siad néal i mo cheann.



Casadh John Joyce ar an tsráid liom
is shíl mé nach ndéanfainn aon mhoill,
ach d'ardaigh sé leis mé i mbarr láimhe
go cúirt an phléaráca is an ghrinn.



Chas Dia aon scilling amháin chugam
is shíl mé go raibh mo sháith ann,
ach leagadh gan glaoch dhá chárt ann
is bhí Connor ag éileamh trí is bonn.



Bhuail mise an bord leis na cártaí,
agus is é Connor a tháinig go teann,
d'fhiafraigh mé cén fáth an cás seo
is a ghaireacht ó tharla muid ann?



CONNOR
"An dlí a bhíos againn san áit
an reicneáil nach n-íoctar in am,
nuair a éiríos na feara den chlár -
an fear deiridh a bheith thíos leis an leann."



RAIFTEARAÍ
"A Chonnor, ar m'anam, ná trácht air,
tháinig mé gearr agus b'annamh liom,
má thugann tú beagáinín spáis dom
beidh mé anseo amárach in am."



CONNOR
"Dá mba sagart a thiocfadh nó bráthair,
ní bhéarfainn dó cairde faoin leann,
ach íocfaidh tú mise ar an tairne,
nó tá hata crua fáiscthe ar do cheann."



RAIFTEARAÍ
"An gcuirfeá mé amach in sa mbáisteach,
gan snua an bata ar mo cheann,
is a fheabhas agus d'ólfainn do shláinte,
dá mbeadh mo phurse láidir nó teann?"



CONNOR



"Dá dtrustfainnse réic nó fear fánach,
ní bheathóinn bean, páistí, is clann,
ach íocfaidh tú mise ar an tairne,
nó tá hata crua fáiscthe ar do cheann".



RAIFTEARAÍ



Bhí mise in Eachroim is i dTuamhain
is i nGort Inse Guaire is ea a bhím,
i nGaillimh ba mhinic mo chuairt ann,
i Meáraí is ar chuanta Aird Fhraoigh



A bhfuil ó Ghaillimh go Béal Atha na Sluaighe,
ní dhlíonn bean leanna díom pínn;
dá mbeifeá ar an gCeapaigh an lá seo,
go bhfaighfeá mo thuairisc ó Bhríd.



Go dtaga an lá go bhfeice mé Connor,
ina sheasamh sa tsráid ann go teann,
cruit air ó iompar a mhála,
agus scaipeadh agus fán ar a chlann.



BAINIS AN tSLEACHÁIN MHÓIR



Féasta a bhí ar an S'leachán Mór
agus deir go leor gur mhair sé seachtain.
Giní a rinneadh suas don cheol,
cúig phunt is coróin a fuair an sagart.



Is ann a scaipeadh sú na heorna
ale is pórtar agus uisce beatha,
Teamhair na slógh ba samhail dó
an tráth a bhídís ag ól ó oíche go maidin.



Is ann a d'fheicfeá an mathshlua mór
fir go leor is ógmhná deasa.
Is fear gan croí nach leanfadh dóibh
ba gheall le seó iad ag gabháil trín mbaile.



Bhí bia agus deoch don bheag is don mhór
is gan glaoch ná tóir ar chótaí breaca
ach lucht cnotaí arda, bonnets, beavers,
cantons, céimric is gúnaí geala.



Is iomdha cailín barrúil spéisiúil
a bhí ann gléasta i gcló is i bhfaisean,
dá mbeadh a cleamhnas réitithe go mba deas an scéal é
a bheith ag comhrá léi ar cholbha leapan.



Éadaí cláir is boird dá réir sin,
i ndiaidh a chéile bhí siad leagtha,
miasa geala agus plátaí péatair,
agus sceana géara le ghabháil ag gearradh



Briogúin is tine os coinne a chéile,
is Máire Kane ag casadh an bheara,
delf is china, túirín, teapot,
agus mórán gréithe bána is breaca.



Seacht sórt feola a tugadh ar bord ann,
gléasta cóirithe os comhair an tsagairt:
muiceoil, mairteoil, caoireoil rósta,
turcaithe, géabha, puiléid is cearca.



Patraiscí uisce ar phlátaí gléasta,
cá bhfuil an t-éan nach bhfeicfí ann leagtha:
lon dubh, feadóg, creabhar, céirseach,
crotach, naoscach is péire lachan?



In aimsir cóisir suí le chéile
iasc a fháil gléasta, ar ndóigh, ní fearg,
breac is bradán, trosc más féidir,
maidenray agus cnúdán dearg.



Turbard bíodh ar thosach méise,
an langa, an bréam, an plás is an ballach,
cadóg, ronnach, scadáin úra,
is beidh mé ag súil le liús is mangach



Níl an bord sách gléasta i ndiaidh an méid sin,
go bhfaighidh gach aon ní i dtrá is i gcladach,
portán, gliomach, oistrí, séaclaí,
is mar fuair sibh gach aon ní faighigí an tortoise.



Mias is fiche le hais a chéile,
fear agus céad ag riar is ag freastal,
ach molaidh an chraobh le bláth na scéimhe,
is í a ghléas an méid úd, Mary Loftus.



Cácaí pósta tugadh ar bord ann,
arán breá gabhálach, fíon is cracklings,
ach an t-ádh go raibh ar an dís a pósadh,
mar is orthu, ar ndóigh, a gheofá an brabach



Bhí jar ins gach láimh le hancard lán
mar is fear é riamh a chleacht an fhairsinge.
Puins is brandaí is gloiní ar bord
is iomaí stróinse a d'fheicfeá ann leagtha.



Rum is Maidéara i gcannaí ag léimnigh,
go leor mná gléasta is negus acu,
mura gcualas breag le héiri an lae,
d'fheicfeá céad nach bhféadfadh seasamh



Boird á gcrapadh, teach á réiteach,
is iomdha séat a bhí le balla,
thosaigh damhsa, shéid na ceolta,
is nár róbhreá an spóirt a bheith ina n-aice.
Ar an ngreann ar fad ní bhéarfá ceo,
gur ardaigh an t-ól i stuaic na mbacach,
diabhal tom ná claí go Bóthar Mór,
nach gcluinfeá gleo agus rúscadh bataí.



Bhí puismhná sínte ar thaobh an róid,
is dar mo dhóigh go rabhadar salach,
ach is domsa a d'éirigh an mí-ádh mór,
a chaill an spóirt is mé ar mo leaba.



Níl poll ná cró ná bothán bó,
nach gcluinfeá gleo ann ag siúl le balla,
ach Peaidí Long is McGann mór,
a bhuail go leor is a ghortaigh an baile.



Dúirt an fear liom a bhí in sa láthair,
gurb é an Paidrín Páirteach a bhí ag na bacaigh:
éirí suas gan scíth ná spás,
cuaillí a fháil agus tosú ag greadadh.



Tráthnóna an lae sin d'fheicfeá in éineacht
gafa gléasta naoi gcéad bacach,
as Abhainn Ó gCearnaigh, as Umhall Uí Mháille,
as Uachtar Ard is as Conamara.



Litir faoi shéala a chuaigh sa mail,
a shiúil trí Éirinn timpeall seachtain,
dheamhan bacach réiciúil dá gcuala an scéal,
nár ghlac a ghléas is a chulaith ghaisce.



Cleith naoi dtroithe díreach láidir,
fáinne ina barr agus spiar 'na sheasamh,
curraoin thairis, strapa is mála,
búcla tarraingthe is beilt bhreá leathair.



Thriall siad chugainn as gach aird,
ó Dhroichead Átha is aniar as Gaillimh,
bóithre Áth Eascrach d'fheicfeá lán,
agus anuas le fána, taobh Shliabh Eachtaí.



Dheamhan claí ná fál ó Chloch na Páirce,
nach raibh ar lár go Ceapaigh an tSeagail,
cruach ná stáca ná leataobh bearna
nach bhfeicfeá ann páiste, bean nó bacach.
Shocraigh siad campa os coinne a chéile,
is fuair siad réidh le ghabháil chun catha,
Cath na bPunann ab fhusa a réiteach,
ná a gcur ó chéile arís go maidin.



Bhí pitchers, kettles, pucaí is málaí
i mbéal na sráide a d'fheicfeá ann caite,
bhí fuil ar smuit is mullaí gearrtha,
agus cuaille in airde i láimh gach bacaigh.



Is ansiúd a tugadh an battle crua
bhí cloigne, cluasa agus gruaig á streachailt,
tráth a chruinnigh an slua agus sheas siad suas,
ba contúirt chrua a bheith ina n-aice.



Mánas Mór, tráth a bhí sé beo,
loisc Teamhair na slógh sular féadadh a leagan,
dá mbeadh sé ansiúd ar thús an ghleo,
céad fear dá shórt ní fhéadfadh seasamh



Earcail tréan na sciath mbreac,
a rinne an chreach in aice an chuain,
Fianna Finn is a gcruinniú ar fad,
ní chuirfeadh na bacaigh i ndiaidh a gcúil.



Conlaoch, Ardán, Ainle is Naoise,
a thógadh cíos in aimsir ghaisce,
Goll mac Morna, an Dearg Mór,
agus Tailc mac Treoin a bheith ina n-aice.



Scrios na Traí deich mbliana is mí,
siúd é an siege ler thit na feara,
ach ar rugadh riamh is a mbéarfar choíche,
ní fhéadfadh scríobh ar ghníomh na mbacach.



Cnoc an Áir, ba mhór a cháil,
tá a fhios ag a lán go ndearnadh gaisce,
ach an fear a bhí ansiúd a tháinig slán,
níorbh fhiú leis trácht ar chath Chluain Tarbh.



Míle is fiche a bhí ann ar lár,
lán na páirce, brúite loite,
oiread eile acu múchta is báite
a rith le fána Chorr an Choirce.
Le héirí gréine, lá arna mhárach,
chloisfeá mná agus páistí ag screadadh,
ag ceisneamh a gcáis ar a ndícheall báis,
is gan fear le fáil a d'iompódh wallet.



Gairm scoile a glaodh an lá seo,
fir a fháil a chuirfeadh an aicme,
a thriall don tír gan slí ná ábhar,
ach ag rith ar mhná is ag rúscadh bataí.



Cath a tugadh i gCrích Fáil,
a d'fhág an áit ar bheagán bacach,
ach mise a cheap is a rinne an dán,
ba é mo pháí a bheith gao dadaidh



Ní mar siúd a críochnaíodh bainis Eoghain,
níl lá go deo nár chóir í a mholadh,
ach tar éis phléaráca an tS'leacháin Mhóir,
lig siad Raiftearaí an poet gan deoir a chodladh



COMHAIRLE RAIFTEARAI DON CHOMPASTÓIR
PEATSAÍ Ó CALLÁIN AS
CAITHRIN AN DUIBHÉIN



Dá mbeadh Peatsaí tuisceanach nó sách críonna,
- dánta a dhéanamh níor fheil sé dó -
ach bheadh caoifeach leapa aige le haghaidh na hoíche,
in aimsir tíobhais a bhlífeadh a bhó.



Teach agus talamh agus ceannach ar aonach,
gabháil chun Aifrinn is scilling a ól,
b'fhearr an bealach é le triall ar Chríosta
ná ag gearradh daoine is á n-ithe beo.



Cuntas dlisteanach a fuair mé scríofa,
ó fhear os íseal i gcumann rúin,
gur uisce caorach bhíodh ag ceann gan cíoradh,
in umar méise is é ag cneasú a chúil.



Bean ná céile ní bhfaighidh sé choíche,
gabhar, caora, lao ná bó,
ach mura seasa sé talamh liom os comhair na ndaoine
go cinnte mí ní bheidh sé beo.



FIACH MHARCAIS UÍ CHALLÁIN



Nár shuarach an t-ábhar do Mharcas mé a cháineadh,
má labhair mise ar cheardaí glan sciobtha,
a leagfadh síos cláraí le casúr is le tairní,
sin staighrí agus ráillí go cliste.



Frámaí ina róití agus saiseanna leo sin,
cásáille cónraí agus boscaí,
miasanna córa, gigeanna is cóistí,
agus long faoi chrann seoil ar an uisce.



Síleann fear fánach níos caint bheag faoi láí
go mbuailfeadh sé báire in aghaidh file,
ach cuirfeadsa gráin air má bhím i mo shláinte,
mar is duine é a níos dánta a mhilleadh



Chuala mé trácht le fada in san áit seo,
go gcuireann tú an stráca go giobach,
éilíonn tú páí agus ní stopann tú an bháisteach,
mar sánn tú an tsnáthaid go ciotach.



Scríobhfaidh mé amárach chuig uaisle na háite,
nó go míní mé an cás os a gcoinne,
go ndeachaigh tú ag spairneadh liom gan tsiocair gan ábhar,
is bíodh fianaise an chais ar gach duine.



Maidir le láí a bhíos á plátáil i gceárta,
go síoraí á sá agus á cuimilt,
nuair a bhíos sé fliuch sáraithe ag cur aghaidh le gach bearna,
bíonn an veidhlín ar parlús ag imirt.



Is uair in sa ráithe a níos Marcas gáire,
mar is cosúil le béar é cois balla,
ghlac na mná gráin air, ní théann siad dá láthair,
mar labhrann sé ar nós an mhacalla.



Ní bhéarfaidh mé spás duit ó d'éiligh mé sásamh
mar gheall ar an ábhar a thugais.
Más fíor a bhfuil ráite bí cliste ar do gharda
agus beidh mise anseo amárach os do choinne.
Níl caraid ná namhaid dá gcloisfidh an t-ábhar
nach ndéarfaidh: ' scéal cráite ar Mharcas ',
gan cruthú ná dáta le bhféadann tú a rá leis,
mura ndéanfá féin dán beag cois teallaigh



Níl aon teach tábhairne ó Chreachmhaoil go hÁrainn,
tá a fhios ag a lán air sin cheana
nach mbeadh Peatsaí ann sáite agus a fhideog in airde
ag féachaint cé a d'ardódh air gloine.



Tabhair scéala don ránaí mur' ndiúltaí sí an rásaí
go dtiocfaidh an cás seo uirthi trasna.
Níl inti ach báirseach ó bhí sí ina páiste
a mbíodh sagairt is bráithre uirthi ag reathadh



Ceangail crua fáiscthe í de dhoras na ceártan,
go ndóitear a gráta is a geata,
níl inti ach fuíoll dára a fuair scannal le hábhar
agus thabharfadh sí náire do mhná baile.



Ag tigh Chonaill, an tábhairne, a tógadh an rálach
agus bhíodh sí de ghnách ann ar meisce.
Mar chuala mé a cáilíocht, níl magadh ar bith ráite,
nach minic a ardaíodh a sciorta!



Is iomdha cúl páirce a bhrúigh sí is féar fásach
agus treabhadóir láidir ina haice,
ach tar éis gach fear acu ar sháraigh sí a chéachta,
nach deas a d'éirigh le Peatsaí gur ardaigh sé a giorta!



Léigh mise ar Pháras, ar Neiptiún is ar Bhacas
is ar Argas a fágadh ina fhear faire,
ar Sholamh is ar Dháibhí is ar Shamsón bhí láidir
a d'ardaíodh go hard leis na geataí;



Ar Heirciléas láidir ar loscadh a chnámha
a d'fhág Híodra le fán a bhí mallaithe.
Ach ó bhuail tú i mbun an bhaire, a cheann bata, sin dare ort,
agus tar amárach leath bealaigh.



SEO É CRÍOCHNÚ UACHTA AGUS ÉACHTA PHEATSAÍ
AGUS MHARCAIS UÍ CHALLÁIN AS CAITHRÍN AN
DUIBHÉIN, GOILE GO MUINEÁL.



Aois ár dTiarna, rí na cruinne,
a céasadh ar shliabh 'na Dhia is 'na dhuine
ocht gcéad, míle, naoi agus fiche,
go dtí cothrom na bliana ar maslaíodh mise.



Le file gan rian gan chiall gan tuiscint,
scraiste mírialta fiatúil ciotach,
dorcha drúisiúil smúitiúil pusach,
leagan siar ó Dhia agus cruit air.



Loirgne píopa caola snoite
agus a ghiall lom liath ó chluais go liopa,
streille go cluais, ar nós na muice,
is a mhalaí gruama géara dubha.



Tá a fhios ag an saol nár labhair mise
gur bhuail tú fúm gan fios cad chuige.
Filleadh fáithe na huaire anois in éineacht,
is i samhail amháin Poiliféamas,
is ó chaill an tsúil an gaiscíoch Gréagach,
a bhuail cuid airm Phiolactaetis.



Preabann eachraí le sáití géara,
agus cloch dá chrua nuair a teanntar léithe,
tar éis gach ní dá bhfuair mé léite,
le file gan stuaim ní fhéadaim éisteacht.



Scriosadh na Traí agus diandhó gréine ort,
loscadh an fhraoigh agus galraí géara,
bás gan aithrí ar leataobh sléibhe,
i mbaile gan easpag gan sagart gan chléireach.



Go mba fada do shaol gan lúth gan éitir,
do do tholladh ag an angar ón taobh dá chéile,
caite in sa gclúid gan aon tsnáithe éadaigh
gan siúl gan glúin gan súile gan éisteacht.
Loibhre Ióib agus aicid Héaróid
agus falrais mharfach i gceann gach aon rud,
seacht mbliana ar bhara gan unsa céille,
go bhfeictear an dís ón mbaile go chéile.



Agus rálach mhallaithe de bhean gan lompair
a thug iad chun teailí, a deir siad liomsa,
nár thé sí i mbrat choíche ná i gcónra,
ná a chodladh ar leaba gan seacht mallacht a comharsan.



Brostaígí síos í i mullach na tubaiste
an áit a bhfaighidh sí a díol de chuideachta,
ina sclábhaí ag Plútó ar choróin sa ráithe,
ag séideadh na mbolg is í faoi ghráta.



Is tar éis a saothrú is olc é a páí,
boltaí ar a cosa is ar a lámha,
ag breathnú ar oird á bplancadh i gceárta
ar dheatach is ar thine is ar bhallaí báistí.



Piléir dhearga ag éirí in airde,
Ródamantas is é ag caint go dána,
Míonós is Aeáchas ag socrú an gharda,
is Oscar is a shúiste ar srúthail go láidir.



Isibéal is Hanraí feicfidh sí in éineacht,
agus slabhraí tine idir an péire
ag caint go suarach ar an Reifirméisean
agus ag gabhail de mhallachtaí i mullach a chéile.



Sál, Béilseasar agus Nebuchadnéisear
Píolóit, Cáifeas, Héaród agus Féaró,
agus an chuid eile den chuallacht chéanna,
is gan a fhios acu cén t-am a mbeidh siad réitithe.



An taobh eile den tsruth feicfidh sí an t-ionadh,
Eachtar, Neiptiún agus Briáiréas
agus Aicilléas a cailleadh le Páras,
Vailintín, Orion agus Bonaparte
agus fear eile a cailleadh le bean
darb ainm Holafarnaes.
Ag gabhail ar ais duit feicfidh tú Cárán
ar chuanta fuara ag saothrú a pháí,
beidh curach réitithe aige agus maide rámha,
is ní thabharfaidh sé air ais thú gan airgead láimhe.



Cloisfidh sibh fós fiach agus tumult.,
rith agus ruaig ar Mharcas na Camóige,
cuirfidh mé mo cheann, mo chosa agus mo lámha
gur le Raiftearaí an geall sul má chaithfear an lá seo.



Sin chugaibh abhaile é gan guaille gan muineál,
Marcas na smaoise as Caithrín an Duibhéin,
tar éis gach áit dár thóg sé billéad
tugaidh dó scéal a bheith ar a choimhéad.



Litir faoi shéala agus teachtaire léi
lúfar súgach éadrom,
a sciorrfas go Sligeach anois le scéala,
Ó Conchúir a theacht is gan faillí a dhéanamh.



Séidtear an adharc ar thaobh na Céise
agus trumpaí thoir ar thaobh Bhinn Éadair.
Ná tagadh aon fhear gan firelock gléasta,
dhá ghadhar, seacht gcú agus naoi gcúpla beagles.



Beidh capaill sna gleannta ag greannadh is ag léimnigh,
ag seilg is ag fiach le héirí na gréine,
ag mac Sior Niall is ag Seabhac na hEirne.
Beidh Búrcaigh is Gearaltaigh is Máilligh is Léithigh,
Loinscigh, Ruarcaigh agus Téithigh
ag triall ar fhiach an lae seo.



Beidh capaill faoi fhlatha is faoi mharcaigh gléasta,
ó shráid Dhún Mór go Ceathrúin Traighle,
beidh Hancóc roimhe is a chonairt gléasta
agus mórán daoine ar thaobh na sléibhte.



Seinnidh an adharc trí shráid na hÉille,
le spóirt do Bhrúnach Dhún na Géige,
ag Sruthair thíos beidh na mílte
ná tagadh níos lú ná míle is fiche.
Má bhíonn sé ina oíche oraibh tógaidh billéad
idir Cnoc Meá agus Caisleán an Aicéid.
Beidh Flaitheartaigh romhaibh ag Cluain Mhic Chainín,
Seoigigh go leor agus Coirnéal Máirtín,
Stiofán Uaidín, Seoifrí Cuineas,



Linseach Bhearna is Blácach Dhroma.
Tógaidh bhur gcroí gan fuacht gan faitíos
ólaidh bhur sáith ach ná bígí ar meisce
is bíodh tinteacha cnámh ar shráid Dhabhach Uisce.



Séididh an adharc trí Órán Mór
agus cruinnígí libh an sean is an t-óg,
is fearrde an spóirt dá mhéad dá dtiocfaidh,
beidh an chúirt ina suí is na Laighnigh teilgthe.



Bígí uilig le héirí na gréine
idir Caithrín an Duibhéin is bóithrín an tsléibhe,
gabhaigí aniar trí Thurlach an Chaisleáin
is caithigí an oíche sin ag tigh Mhic Uí Fhathaigh.



Cuiridh na ceannfoirt ar thaltaí Mhaigh Mhaola,
agus tosaígí an teailí ag Cathair an Phíopa,
ná bíodh sé le rá ag óg ná críonna
nach ndearna muid spóirt i lár na tíre.



Is éard déarfas Ó Conchúir as Béal Átha na gCarra;
"Comhairidh na feara go socraí mé an garda.
Ní tharraingeod mo chlaíomh dá gcaillfinn mo státa,
go mbainfead léim leataoibh as Marcas na Spáige".



Baile Átha an Rí tiocfaidh go tráthúil
agus oidhre dlisteanach Chaisleán Táilliúir
ag Turlach na Feadóige bídís ag faire
is ní mór dharéag bheith ar thaobh an tSeanleachta.
Roibeard go sciobtha is a chúnamh tiocfaidh,
an Caiptín as Creachmhaoil, Seán Smith is na Blazer,
Peadar de Bláca agus Burtún óg.



Idir an Eiscir agus geata Mhaigh Fhód,
glaodh mac Hyacinth ar thosach an tslóidh.
Iarla Chill Iomair ar choirnéal Chill Tulach
is bíodh command na tíre ag Téada Choill an Bhogaigh.
Seán Denis an marcach ar thaobh Chnoc na Ceártan
is tá súil agam nach gclisfidh sé Maoleachlainn O Dálaigh.
Má ghabhann sé an Bhuaicín, cuirfear é i dteannta,
beidh Piaras ann roimhe agus Dálach Dhún Sandail,
Máirtín Ó Loinscigh ag bun Chaisleán Ráth Rodaigh,
cuirfear Bob Darcy ar thaobh Lios an Eanaigh
is déanfaidh sé aireachas ar bhaile Chill Chríosta.



Tomás is Ambrós na buachaillí tréana,
idir Cathair is Creig Uí Mhaoilghréine,
Donncha agus Thresher ag léimnigh is ag céapráil
ó Bhóthar an Agaird go haibhneacha Ráth Easáin,
Breitheamh Chill Chornáin, Artúr is a chlann,
ar dhroichead Dhún Coillín ag faire ar Bhun an Teampaill.



Sin garda maith leagtha anois ar gach orlach,
is cá rachaidh ao deamhan uainn mura snámha sé an Turlach,
Seán Laimbeart taobh thiar ar Ghreen Thobar Breacáin,
is mura seachnaí na Laighnigh é is gar dóibh fuipeáil.



Ach anois fuair muid cuntas le bánadh an lae ar maidin,
gur chlis fear den gharda is gur sciorr sé siar thairis,
is go bhfuil sé i gCrois Uatha taobh thiar de Chinn Mhara.



Is éard dúirt Lord Lucan as Caisleán an Bharraigh,
más saighdiúir a d'fhuascail dó, seasadh sé talamh,
íocfaidh sé liomsa cruadhualgas na leapa
chomh cinnte is 'tá gruaig ag fás thuas ar mhala.



Is éard dúirt Seabhac na hEirne ná héilígí a leagan,
tugaidh fairplay dó, réiteach is cead reatha,
is ligtear mise maith gléasta chun an bhaile,
is bainfead an ceann de dá dtéadh sé go Caiseal.



Le héirí na gréine is ea a réitíodh na feara
bhí adharca dá séideadh agus srianta dá gcrapadh
Bhí Criostóir is na beagles romhainn gléasta ar an bhfaiche,
agus Tiarna Bhinn Éadair ó aréir in Ard Raithin.
Bhí gigeanna is cóistí ina róite ins gach bealach
ó dhroichead Inse Guaire go Caisleán an Bharraigh.



Dheamhan brocais dá bhfuair muid nár stróic muid go talamh,
agus bhí muid tráthnóna taobh amuigh de Chinn Mhara,
ag Caisleán Dhún Guaire a bhí muid go maidin
ag súil lena thuairisc níor shín muid ar leaba,
ach ag faire na gcuanta gur thráigh an lán mara
le faitíos go mbuailfeadh sé amach taobh Chonamara.
Nuair a chuala muid gur saighdiúir é a bhí i mbriseadh le fada,
níor thug muid dó réiteach, cead umhlaithe ná seasta,
míle agus céad le héirí na gréine
ag tigh Sheáin óig is muid ag faire na céibhe.
Ba samhaille Cluain Tarbh é maidin Aoine an Chéasta
a raibh againn de mharcaigh in arm is in éide.



Níor scanraigh na Laighnigh gur séideadh na ceolta
go raibh tír agus talamh ar mhullach Cheann Boirne.
Níl coiscéim den méid sin, claí, sconsa ná bearna
nár shiúil is nár fhiach muid Marcas na Spáige.
Cloiseadh ár gcuid gadhar ag gabhail trí Ghleann Ómra
gur mharaigh muid Marcas siar ag tigh Mhoirne.



FIACH SHEÁIN BHRADAIGH



Leanfaidh mé an cúrsa do réir an údair
agus scríobhfad uachta i bhfoirm dáin
go léifidh an cúige fáth na cúise,
ar bhuail Seán fúmsa ar bheagán fáth'.



Is fuílleach mallacht Seán de Búrca,
peaca an úill air d'ith Éabha is Adhamh,
is fada ó dúradh go mba í an chroch a dhualgas
nuair a shlad sé an triúr i gContae an Chláir.



Níl maith á cheilt ná ag déanamh rúin air
ós caint í a dúradh is a chuaigh i gcosard,
gach ní dá ngoidtear ó Áth Cinn go Tuamhain
go bhfaighfeá a thuairisc in ualach Sheáin.



An t-iarna, an chuilt, an phluid is an súsa,
an chaora, an t-uan, an bhó is an láir,
le gach cuid acu bíonn sé cúiteach,
is nach scriosadh cúige é a bheith le fáil?



Le claidhmhe sciúrtha géar a lúbfas
ionsófad thú ó chúl go sáil,
is ainneoin do chumhachta tar éis ar dhúrais,
cuirfeadsa in iúl duit nach tú is fearr.
Na cosa go gcaille tú ó na glúine,
radharc na súl agus lúth na lámh,
loibhre Ióib go dtaga anuas ort,
an eachma, an rua agus easbhaidh bhrád.



Fiabhras creathach, fail is tocht fuail ort,
sin go luath agus galar an bhais,
an ghruaig go dtite de do mhalaí gruama
is ná raibh ort cluasa ach amhain a n-áit.



Deacair is gráin, bac is truaill ort,
rith agus ruaig is fuath ag do dháimh,
scamhach iongan agus galar súl ort,
smior ná sú ná raibh i do chnáimh



Bearradh crosach is lomadh Luain ort.
Nár thé ort úir ná cónra chláir,
ach an ghaoth ag séideadh go géar ó thuaidh ort,
ar chúinne fuar is tú i do chuaille fáil.



Neascóid chléibhe agus fiolún fuar ort,
creathán, múchadh agus seile siáin,
domlas dragúin is nimh tríd suaite,
agus go mba é deoch do shuain é ar uair do bháis.



Bráithre Bhalla agus bhun na Cruaiche,
na Coille Rua agus Bhaile an Chláir,
a ndiomua ar fad go dtaga anuas ort,
agus breithiúnas luath ort mura bhfuil tú sách.



Teachtaire sciobtha nach bhfeallfaidh is nach gclisfidh
bíodh againn go moch anseo amárach
go gcuirfidh mé cuireadh ar na hÓ-anna is sine,
Ó Conchúir, Ó Ceallaigh is Ó Carra.



Ó Dónalláin tiocfaidh, is Ó Muiris ní chlisfidh,
Ó Fearaíl, Ó Cearúill is Ó Máille,
sinsir ghlan-Ghael, Ó Dónaill is ó Néill,
Ó Cathain, Ó Briain is Ó hEára.



Tá cuntas le fada, i dtír is i dtalamh,
gur fir a níos gaisce na Blácaigh,
Gearaltaigh, Brúnaigh, Buitléaraigh, Búrcaigh,
Linsigh, Frinsigh is Dálaigh.
Sáirséalaigh tiocfaidh is ar ndóigh ní theipfidh
Pluincéadaigh, Móraigh ná Táthaigh
Beidh Tiarna Loch Glinne ag triall faoinár gcoinne,
agus clogad is sciath ar gach ardfhlaith



Cruinneoidh siad chugainn ó Chorcaigh go Béarra,
Cluain Meala, Cill Chainnigh is Port Láirge,
Beidh grán agus gunna is iallchoin ag gach duine
nach ligfidh Seán Bradach ar fán uainn.



Iarla Chill Dara agus easpag Chill Ala,
tiocfaidh le lúchair is le hathas,
an deichiú lá d'earrach go rithfidh muid an bealach
ón Leachta go Sceach na hArdbhearna.



Níl fiagaí lena agar ó dhoras Chúirt Bhalla
go Gaillimh is as sin go Binn Shléibhe
nach mbeidh againn ar maidin is a phaca aige ina aice
ag an Leachta le héirí na gréine.



Níl gar dúinn á aithris, ní greann ar bith dadaidh
go dtaga Seán Smith is na Bléasair,
a leithide de ghaisce níor facthas le fada
ón am a raibh Banbha ar Éirinn.



Spóirt agus caismirt, ceol agus aiteas
agus ól uisce beatha dá réir sin,
beidh againn ar feadh seachtaine ón Teampall don Leachta
agus adharca gach maidin á séideadh



Níl aon pholl ina aice ná brocais 'na seasamh
a dhéanfas dó fabhar nó géilleadh,
nach gcaithfear a leagan is a stróiceadh go talamh,
go ruaigfear Seán Bradach as Éirinn.



Ó Conchúir as Sligeach den tsinsear is sine,
labhróidh sé anonn leis na Blácaigh
Glacaigí misneach, tá an aimsir ag imeacht
agus socraígí eanach is garda.



Cuiridh Frinsigh is a mbunadh ar fad ar an mbóthar
go Droichead na Sionainne tarraingthe.
Téadh Diolún ón gCluais ar abhainn na Muaidhe
agus srathaígí ag baile na Gráige.
Ní mór dúinn lucht faire a chur ar Shliabh Eachtaí,
ar Chnoc Barún is ar bhéal Chúrsa an Rása,
beidh na Laimbeartaigh fostaithe le bruach Thobar Pheadair
is na Piarsaigh ag Caisleán Chill Tártan.



Frinseach Thigh Reoin ag coimhéad, ar ndóigh,
idir Creig Eanaigh agus Droichead an Chláirín,
ag teach mór Aird Fhraoigh beidh Mac Éamainn dá shuí
ag coimhéad Rinn Mhaola agus Mheáraí.



I lár Bhaile Átha an Rí beidh Lopdell istigh
agus Cathair Uí Mhaighin ag na Blácaigh,
Seán Brún Mhaighin íocfaidh sé fine
mura gcoimhéadfaidh sé Tuaim is Lios an Bhearrtha.



Má ghabhann sé síos ní imeoidh sé saor,
tá an Ruarcach is an Beilliúch láidir,
cuiridh ceathrar ar fhichid i lár Mhóin na Cruite,
Déan Browne is Ros Ó Machain 'n Áth Eascrach



Beidh Wade ar Chnoc Eachrom bail Seán Lios an Chapaill
is an gaiscíoch arb ainm dó Pádraig,
Ó Ceallaigh mo charaid ar abhainn an Mhaide,
bíodh Ó Dorchaí is Maoleachlainn i ndáil leis.



Séamas Ó Mocháin is Frazer ina aice
idir Caisleán na Binne is an Ghráinseach,
ag Teach Mór na mBuillí beidh Seán Óg mo dhuine,
is ní chlisfidh sé mac na dea-mhathar.



Anois, a Sheáin Bhradaigh, déan aithrí go maidin,
níl pardún ná coimirce i ndán duit,
mar is fear thú atá mallaithe is nár choisric do mhalaí
is nach ngéilleann do shagart ná bhráthair.



Ach ag ithe is ag gearradh, ag imeacht is gach baile,
ag líonadh do phaca is mo mhála,
is olc é do theastas nár fheice Dia an rath ort
is tá an ruaig seo le theacht ort amárach



Stoc agus fiche beidh againn as Inis
is lucht ceoil as Biorra is as Ceatharlach,
ní teailí hó magaidh fiach seo Sheáin Bhradaigh
ach seilg gan bhrabach gan bhásta.
Beidh an t-iarla ina sheasamh ar mhullach an Leachta,
Sior Seán agus Séamas Ó Dálaigh,
freagróidh gach duine le buille de dhroma
agus cuirfidh siad uilig husá astu.



Labhróidh Lord Dillon le ciall agus tuiscint
agus déanfaidh an t-oireachtas gáire.
Cruinnígí uilig is gearr uainn bheith ag imeacht
is tá súil agam go n-éireoidh an lá linn.



Fairplay agus fairsinge tugaidh don ghadaí,
aithníonn sé arraingtí báis air.
Réigi an bealach is cead éirí ina sheasamh
agus b'fhéidir go rithfeadh sé ar ball daoibh



Learaí Mullarkey níor mhall é in sa ngaisce,
is é chraith chucu an gadaí as an mála,
bhí búclaí á dteannadh agus srianta dá gcrapadh
nuair a fuair siad air ligean le fána.



I mbéal an tSeanbhaile bhí caiple ar a ngearradh
agus sconsaí á leagan le fána,
ó dhroichead na cathrach go Baile na mBodach,
bhí pící agus spealta in airde.



Naoi míle marcach bhí ag taobh Loch an Chalaidh,
cúig mhíle bean agus páiste.
I lár Pháirc na Stalach taobh thíos de New Castle
is é oidhre Chill Each a bhain báilc as.



Nár mhór ar ár gcuideachta gur chailleamar Uileag
agus fostaígí Piaras de Bláca.
Ag tigh Pheadair na Clasach bhí na Blazers 'na seasamh
agus d'iompaigh sé síos bóthar Áth Eascrach.



Síos trí Shliabh Muire is as sin do na Creaga
gur thriall siad ar Bhéal Átha na gCarra,
dream Thóin le Gaoith ghabh roimhe an taobh thíos
gur choimhéad siad bun an tSliabh Bháin air.



Rinne muid cladach de thír is de thalamh
agus trasna trí dhúiche Chluain Mhálais,
as sin go Cill Cheallaigh don Chlár is go Balla
is go Baile na Cora is go hÁras.
D'imigh sé i bhfolach is b'éigean dúinn seasamh
agus fanacht go maidin san áit sin.
Sior Uilliam Brabsbora a dhúisigh é ar maidin,
bhí Laoisigh ann, Curtánaigh is Táthaigh.



Palmair is Knoxaigh a ghabh roimhe ar an nGrogadh
gur chuartaigh siad uilig Sliabh Cairn,
síos go Béal Easa is go Bearna Loch Tailt leis,
go Carraig an Chait is Cúil Chearna.



Ní le hábhar gan dochar bhí ár gcaiple lag tuirseach
is níor fhan crú ar a gcosa ná tairne,
níor cuireadh é ar eochair in eanach ná i mbograch
nó go dtáinig na Caoimhigh i láithreach.



Is níor lig siad dó stopadh ná néal ar bith a chodladh
gur fhág siad é in Iorras an lá sin.
Thriall muid an bealach go Caisleán an Bharraigh
gur fhógair muid coimirce ar Mháilligh.



Ba láidir é ár gcaraid sa tír romhainn Niall Garbh,
chuir sé romhainn céad míle fáilte,
thug sé dúinn geallúint i gCliara nó i nGearra
má bhí sé go dtabharfadh é i láithreach.



Mar níl ó Chill Cheallaigh a mbeidh ann éirí ina sheasamh
nach mbeidh againn sa gcruinniú ar ball beag,
le pléisiúr is aiteas a buaileadh an revalley
agus tharraing muid eachra friseáilte.



Thiar ag Ros Leathan a dúisíodh Seán Bradach
ar maidin ag bun Chruach Phádraig,
d'ardaigh sé a ghustal siar trí Ghleann Glasra
go tóin Chonamara le fána.



I mBunn Abhann is i gCoill Salach is ea thainig muid chun
calaidh
gur sheas muid ar Bhéal Atha na Báí
tar éis an méid dochair a fuair muid a lorg
ó Inis Bó Finne go hárlais.
Thóg sé bád seoil ar Chuan an Fhir Mhóir
gur fhógair sé coimirce ar Árainn,
thriall muid go Gaillimh, bhí fraoch orainn is fearg
is a chlaíomh ag gach fear againn tarraingthe.



Níor sheas muid ar thalamh ná néal ar bith a chodladh
nó gur fhógair muid cogadh ar Ó Máille.
Le fáinne an lae ar maidin fuair muid an freagra,
litir agus séala uirthi fáiscthe:



Gur thiomáin sé trasna anonn go Cinn Mhara
le faitíos go gcaillfeadh sé a státa.
Bhí Mac Con Mara ar an gcéibh nua ina sheasamh
agus Sior Laoiseach Ó Briain ar garda.



Nuair a shíl sé a ghabhail tharstu ag turnpike Bhun Raite
d'iompaigh sé suas Abhainn Ó gCearnaigh
seacht náisiún daoine a bhí i gcampa ag na Muimhnigh
le taobh na Sionainne tarraingthe.



Is nuair a shíl sé a ghabhail trasna an taobh seo den Scairbh
chaill sé a chleith is a mhála.
Bhuail scanradh é agus creathadh agus thriall sé ar an mbaile
mar bhí namhaid ag teacht as gach cearda.



Ar mhóin Lios an Lomtha fuair Véineas air ligean
agus bhain sí de sracadh den mhása,
i lár Pholl an tSlogtha fuair na Blazers air ligean
agus thit sé de sciorradh le fána.



Chruinnigh na bailte ó Eachroim go Ceapaigh
gur fhadaigh siad síos tinte cnámha.
Tórramh gan chuibheas bhí air oíche agus fiche,
bhí stróinsí ar meisce ann feadh ráithe.



Ceol agus aiteas is brandaí á scaipeadh,
bhí gloine ag gach fear agus cárta.
Dónall Ó Treasaigh agus Connachtán 'na aice
ag déanamh Sior Sop is pléaráca,
ach ba é deireadh Sheáin Bhradaigh tar éis ar ghabh thairis
a stróiceadh le madraí i lár páirce.



CAOINEADH UI CHEALLAIGH CHLUAIN LEATHAN



Níl drúcht i gCluain Leathan ná féar
is ní ghaireann ann éan ná cuach,
tá an duilliúr ag imeacht i léig
is na cranna ag éagaoin fuaicht;



níl grian, níl gealach ar aer
is ní lasann aon réalta suas,
ó síneadh Ó Ceallaigh in sa gcré,
an fear soineanta séimh bhí suairc.



Mo léan! do shraith a bheith ar lár,
a ghiolla nár chráigh an cruas,
a scaipeadh a nglacadh do láimh,
is a riaradh lucht fáin is fuaicht.



Fíorscoth fola na háite,
agus marcach i lár an tslua,
i dteach seisiúin labhradh go hard
is bheireadh fear báis as guais.



Brón agus milleadh ar an mBás
a tháinig is d'ardaigh uainn
Ó Ceallaigh, sméar mhullaigh na háite
a mbíodh aige a lán ar cuairt.



A Aon-Mhic Mhuire a bhí is 'tá,
a shaor uilechlann Ádhaimh aon uair,
Liam bíodh agat ar láimh,
i bhflaitheas na nGrásta thuas.



Níl iasc i dtuile ná i dtrá,
ná solas ar lá mar bhíodh,
níl toradh ag borradh ná ag fás,
ná ar leanbh ní thálann cíoch;



níl tairbhe ar bith in sa ngrán,
ná crotal ná bláth ar an gcraobh,
ó d'imigh Ó Ceallaigh an Triain Bháin,
is é a mhaitheadh dá lán an cíos.



Ó leagadh na fir a bhí tréan
Clann Uisnigh le Deirdre ó thuaidh,
nó Cú Chulainn mar chanas an scéal,
a bheireadh as gach céimchath bua.
ó cailleadh é a leithide de scéal,
níor tháinig de léan ina ruaig,
ó díoladh in Eachroim na Gaeil
is ó cuireadh chun éaga Eoghan Rua.



Is ó claonadh Clann Lir in sa snámh
le himeartas mná, más fíor,
is ó chailleamar Solamh mac Dhaibh',
a cheangladh páirt is ciall;



ó roinneadh an tor a bhí ard,
is ó báitheadh clann Ádhaimh i rian,
níor facthas aoo mharcach sa bpáirc,
a chuirfeadh cúl báire ar Liam.



Dá bhfeicfeadh sibh Frinsigh agus Blácaigh,
Linsigh agus Dálaigh ag tíocht,
Brúnaigh, Búrcaigh agus Táthaigh,
Piarsaigh agus Máilligh ag fiach,



dá mhéad a gcumas is a gcáil
ag seilg i mbán is i sliabh,
Reynard ní chuirfeadh i sáinn
ná a bhrocais ar fáil gan Liam.



Mo léan! an flaith fialmhar ar lár,
is é a bheireadh as gach ceard an chraobh,
is ó chuala mé tuairisc do bhais
gur faide liom lá ná bliain.



Níl fiach ó Shionainn go trá
nach mbeifí ann ag trácht ar Liam,
crann cosanta feara Chríoch Fáil,
is é a scaipeadh os ard an fíon.



TOMÁS Ó DÁLAIGH



Is é Tomás Ó Dálaigh
a d'fhág fán agus scaipeadh ar aos óg,
is ó d'imir an bás air,
na grásta go dtuga Dia dó.
Tá an tír seo ar fad cráite,
ag síorthrácht air, ó d'éag ár bhfear spóirt,
a bhéarfadh an báire
as gach cearda le breáichte a chuid ceoil.
Tá na healaí ar na cuanta
naoi n-uaire chomh dubh leis an sméar,
ó d'éag an fear uainne,
a raibh an suairceas ar bharra a mhéar.
Ba deise a dha shúil
ná drúcht na maidne ar bharr féir,
is ó síneadh é in uaigh
tá an fuacht ag fáil treise ar an ngréin.



Dá siúlfá cúig chúige,
le múineadh, cruth, deise, agus méin,
a shamhail, mar dúradh,
níor shiúil sé riamh talamh ná féar.
A Ard-Rí na nDúl,
a bhfuil na cumhachtaí seo ar fad agat féin,
ós é a chroí nach raibh cúng,
tabhair cúiteamh dó i bhflaitheas dá réir.



Siúd é an chraobh álainn
ins gach cearda dár thaithigh sé riamh,
scaipeadh sé a lán
is níor chruinnigh sé taca ná maoin.
Chaitheadh sé státa
na nDálach ina bhrandaí agus ina fhíon,
is i gCathaoir na nGrásta
i lár Phárthais go raibh sé ina shuí.



Scéal cráite ar an mBás,
an phlá ghránna is é a rinne an feall,
nach dtug dó lá cairde,
a Dhia láidir, ná beagáinín am!
Tá mná óga, is ní gan fáth é,
críon cráite ó fágadh é i gcill,
a ngruaig síos le fána
ina stráicí is í ag liathadh ar a gcinn.



Níl pósae in aon ghairdín,
is tá fáth caointe ag duilliúr na gcrann,
a bheith ag titim le fána,
is níl bláth glas ar bharra na dtom.
Ó chuaigh cónra chláir
ar an Dálach tá brón ar lucht grinn,
tá smúit ar an lá geal,
is ní shnámhann aon bhreac ar an toinn.
Tá dúiche seo Mheáraí,
Cill Chaimín is muintir Thigh Reoin,
ó Dhroichead an Chláirín
is as sin go Casán Liam Deois,
tá tíortha Chill Rícill
ag síorghol is ag déanamh dobróin,
ó cailleadh an fear siamsa
ab fhearr píobaí dár rugadh go fóill.



Oirféas is a chláirseach
a d'ardaigh gach duine dá threoir,
is an gleacaí a bhí ag airdeall
ar Árgas gur ghoid sé Ió;
Apalló mar léitear
ós é a thug an t-oideachas dóibh,
a gcur ar fad lena chéile
is b'fhearr Daly ná an méid sin lucht ceoil.



Dá mbeinnse i mo chléireach
is umhal éasca a bhéarfainn ar pheann,
go scríobhfainnse scéal beag,
'na véarsa i lár leice os a cheann;
a ghníomh is a dhea-thréithe
na céadta ní chuirfeadh i gcion,
is dúirt Raiftearaí an méid sin
le Daly mar thaithnigh sé liom.



ANTHONY DALY



Tráthnóna Aoine an Chéasta
bhí na Gaeil faoi mhéirse ag na Gaill,
cothrom an lae chéanna
a raibh Aon-Mhac Mhuire in sa gcrann.
Tá súille long Dé agam
is é mo léan is gan maith ar bith dó ann,
ach is é Cullen is a chéile
a chroch Daly is bhéarfaidh díol ann.



Ach, a bhean óg, le mo ré
cuirim éag ar an mbaile a mhéir ann:
aicíd is éag air
is go n-éirí an tuile os a cheann.
Ní peaca ar bith an méid sin,
a Dhia ghléigil, is é a ghuibhim le fonn
ar an bhfear a chroch Daly
is d'fhág a ghaolta ag gol is a chlann.



Is maith díoltas Dé
an té a d'fhéadfadh fanacht lena am.
Gach peaca dá léitear
go héag go bhfeara ar an dream.
Is iad an dá Shéimín
le scéim a shocraigh an plean,
an méid nach bhfearfaidh orthu féin,
an scéal céanna go bhfearfaidh ar a gclann.



Ó síneadh do ghéaga,
tá an t-aer ina mhóir os ár gcionn,
ní lasann na réalta
is na héisc ní phreabann ar toinn.
Ní thagann drúcht ar an bhféar
is na héanlaith ní labhrann go binn,
le cumha i do dhiaidh, a Daly,
go héag ní thig toradh ar chrainn.



Siúd é an fíréan
nár umhlaigh is nár ísligh do Ghaill,
Anthony Daly, a Mhic Dé,
a bheas agat gan mhoill.
Ach d'éag sé ina Ghael mhaith
agus d'áon fhear níor chlaon sé a cheann
is gur teann mionnaí éithigh
a chroch Daly agus neart chlanna Gall.



Tá na pápair seo in airde
agus is gearr nó go leagtar iad anuas,
tá súil le Rí na nGrásta agam
gur gearr nó go dtaga an uair.
Go bhfeice mé an lá
go mbeidh orthu rása agus ruaig
ar gach uile mhac máthar
dár ordaigh thú, a Daly, a chur suas.
Dá mbeinnse i mo chléireach
lách éadrom aigeanta ar pheann,
is deas a scríobhfainn do thréithre
i nglan-Ghaeilge ar leac os do cheann.
Míle is ocht gcéad
an sé déag is an ceathair 'na cheann
ó thuirling Mac Dé
gur éag Daly i gCaisleán Suí Finn.



EANACH DHÚIN



Má fhaighimse sláinte beidh caint is tráchtadh
ar an méid a báitheadh as Eanach Dhúin.
Is mo thruaí amárach gach athair is máthair,
bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na nGrásta, a cheap Neamh is Párthas,
nár bheag an tábhacht dúinn beirt nó triúr,
agus lá chomh breá leis, gan gaoth ná báisteach,
lán an bhaid acu a scuabadh ar siúl.



Nár mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine
a bhfeiceáil sínte ann ar chúl a gcinn.
Screadach is caoineadh a scanródh daoine,
gruaig á cíoradh is an chreach á roinn.
I lár an fhómhair, daoine óga
a bheith á dtórramh is á síneadh i gceall;
in áit a bpósta a bheith gléasta i gcónra,
is, a Rí na Glóire, nár mhór an feall.



Baile Chláir bhí in aice láimhe,
níor lig an t-ádh dóibh a ghabhail aníos.
Bhí an Bás chomh láidir nach dtug ann cairde,
d'aon mhac máthar dár rugadh riamh.
Mura scéal a ceapadh dóibh an lá seo a mbáitheadh,
a Rí na nGrásta, nár bhocht an ní,
ach a gcailleadh uilig gan loch ná sáile
le seanbhád gránna is iad láimh le tír.
Ansiúd Dé hAoine, chluinfeá an caoineadh
ag teacht gach taobh is an greadadh bos,
is a lán thar oíche trom tuirseach cloíte,
gan ceo le déanamh acu ach ag síneadh corp.
A Dhia, is, a Chríost a d'fhulaing íobairt,
a cheannaigh fírinneach an bocht is an nocht,
go Párthas naofa go dtugair saor leat,
gach créatúr díofa dár thit faoin lot.



Milleán géar ar an ionad céanna,
nár lasa réalt ann is nár éirí grian,
a bháigh an méid úd a thriall in éineacht
go Gaillimh ar aonach go moch Déardaoin.
Na fir a ghléasfadh cliath agus céachta,
a threabhfadh bréanra is a chraithfeadh síol
is na mná dá réir sin a dhéanfadh gach aon rud,
a shníomhfadh bréid agus anairt chaol.



A Rí na nGrásta a chruthaigh Neamh is Párthas,
is, a Dhia, cén cás dúinn beirt nó triúr,
ach lá chomh breá leis gan gaoth ná báisteach
agus lán an bhaid acu a ghabhail go tóin.
Bhris an bád agus bádh na daoine
agus scaipeadh na caoirigh anonn sa snámh
is, a Dhia, nach ansin a bhí an t-ár mór deánta
ar aon fhear déag agus ochtar mná.



Bhí aithreacha is máithreacha ann, mná agus páistí,
ag gol is ag gárthaíl is ag silt na ndeor,
is mná dá réir sin a dhéanfadh aon rud
a shníomhfadh bréidín is anairt chaol.
A Thomáis Uí Chathail ba mhór an scéal thú,
threabhfá bréanra is chuirfeá síol,
is a liachtaí buachaill a chraithfeadh láimh leat
is mo léan is tú báite in Eanach Dhúin.



A Sheáin Uí Choscraigh ba mhór an scéal thú
gur sheas tú riamh i loing nó i mbád
is a liachtaí coiscéim lúfar shiúil tú
ó Londain anonn go Béal na Trá.
An uair a shíl tú snámh a dhéanamh
rug na mná óga ort abhus is thall
is gur shíl do mhaithrín dá mbáfaí céad fear
go dtiocfá féin chuici abhaile slán.



Bhí Máire Ní Ruáin ann an bhonsach ghléigeal,
an cailín spéiriúil bhí againn san áit,
ghléas sí í féin go moch Dé Céadaoin
le gabháil chun Aonach Chnoc an Dúshláin.
Bhí cóta uirthi de thogha an éadaigh,
caipín lace agus ribín bán,
is d'fhág sí a máithrín go brónach cráite
ag silt na ndeor arís go brách



Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
ar an áit ar éagadar, is milleán crua,
mar is iomdha créatúr a d'fhág sé ag géarghol
ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain.
Ní díobháil eolais a chuir dá dtreoir iad
ach mí-ádh mór bhí sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú an chomhrá gur cailleadh mórán,
d'fhág ábhar dóláis ag Eanach Dhúin.



AN DIA DARBH AINM IÚPATAR



An dia darbh ainm Iúpatar is mór a thit i bpeaca leis,
bhí bean aige ins gach bealach ar an talamh agus sa spéir,
Neiptiún is fada ó dúradh gur stiúradh an lán mara leis,
Mars a bhíodh is gach battle is don chlaíomh a ceapadh é.
An triúr a deir na húdair ar caitheadh an t-úll síos eatarthu:
Páras is mór a mealladh é le Héilin in sa nGréig,
Úiliséas is a chumhachtaí, lena stuaim gur mheall sé Aicilléas
a ghearr an Traí go talamh leis, is ní saor a d'imigh an Ghréig.



Is iomdha ríocht fhuar a chuartaigh Teileamacas bocht,
ag gabhail ar thóraíocht a athar bhí i gcoigrích i bhfad i gcéin,
go hifreann thug sé cuairt agus Míonós is Aeácas theagmhaigh leis,
bhí sé i gceárta Bhulcáin agus dhearc sé ar a ghléas.
Cheistigh Ródamantas, ach Plútó an prionsa a d'fhreagair é,
fear aon tsúile a dalladh leis, tráth a thuirling sé sa gcéibh,
Cárán a scaoil fúthu é don Ghréig ar ais go ndeachaigh sé,
is níor aithin ach a mhada é, mar d'athraigh a shua is a scéimh.
Dejanira an ógmhnaoi, ar ndóigh, ler casadh Heirciléas,
Ceintéar is a bhád theagmhaigh leis, ba chiontach leis an scéal,
an léine nimhe a fuair sé thug sé a mhíle mallacht di,
dódh an fear is ní maith liom é, nó is bréag a dúirt lucht léinn.
An chaint anois a dúirt mé, tá údar fíor ag seasamh leis,
Hóimear, Virgil, Horás, agus tuilleadh nár scríobh bréag;
file ar bith in sa gcúige a déarfas in aghaidh Raiftearaí,
tagadh sé leath bealaigh is rachaidh gobán ina bhéal.



SEANCHAS NA SCEICHE



Tráth faoi Lúnas ba domsa a tharla,
ar bhord Áth Cinn is é go mór ag báistigh,
dhruid mé i leataobh agus ní gan ábhar,
go bhfaighinn tom nó claí a dhéanfadh scáth dom.



Níor casadh orm ann ar bhéal na bearna,
ach seansceach chaite chraite ghránna,
ar thaobh an chlaí is a haghaidh le fána,
dhruid mé fúithi is ba fliuch an áit dom.



Bhí an tsíon go dian ag teacht as gach cearda,
anoir is aniar is anuas le fána,
ní fhéadfainn a shamhail a thabhairt duit i láithreach,
ach roithleán lán a bheadh ag criathrú ráibe.



Go feargach fraochmhar stoirmiúil ráigeach
mar bheadh fia ar luas nó siodaí ar rása,
bhí an chascairt ag teacht is na tíortha báite,
is nár mise an díol truaí is mé i nguais gan cágas.



Uair agus ceathrú a mhair sé ag báistigh
is níl braon dá dtiteadh nach gcuirfeadh maol ar charta,
níl muileann sa gcúige plúir ná ráibe,
nach gcuirfeadh sé ar siúl i lár na mbánta.



Rinne mé smaoineamh ní nár náir dom,
nárbh fhada mo shaol is go mba ghearr mo chairde,
go dtiocfadh an díle is go mbeadh daoine báite,
is go mb'olc an obair a bhí i ndiaidh mo láimhe.
A bheith ag déanamh an pheaca ó bhí mé i mo pháiste,
ag lua mionnaí móra is ag gearradh na nGrásta,
a ghabháil chun Aifrinn ní iarrainn trácht air,
faoistin Nollag a fháil ná Cásca.



Faoi bhris mo chomharsan, ar ndóigh, nínn gáire,
is na Deich nAitheanta a bhriseadh ní nínn aon chás de,
gach imirt is ól is gach aon tsórt pléaráca,
dá dtagadh orm trasna, bhíodh mo láimh ann.



Dá fhad an t-am tagann an cairde,
is tá mo shummons chun cúirte scríofa tarraingthe,
an uige in easnamh is an t-inneach gan fáil air,
agus triail mo chúise ar siúl amárach



A bheith ag gabhail in san áit nach mbíonn aon fháilte,
roimh shaibhir thar bhocht ach do réir a gcáilíocht,
an t-olc is an mhaith ó bhís i do pháiste,
thíos i bprionta i d'éadan tarraingthe.



Smaoinigh mé ar aithrí mar siúd go cráifeach:
"A Dhia atá thuas a níos na Grásta,
a bheir solas ar an ngealach is fás ar fhásach,
a stiúras farraige is a chuir grian in airde,



a thug torthaí ar chranna agus longa ó bháitheadh,
a thug na hIsraelites ó chosa a namhad,
a thug Éanoch is Éilias go Gairdín Phárthais,
is a rinne fíon den uisce le toil do Mháthar.



Féach anuas ar Oileán Phádraig
mar d'fhéach tú ar an ngadaí a bhí i gCrann na Páise,
mar rinne tú gach ní dá bhfuil mé a ráite,
tabhair mise leat saor is an saol láimhe.



Rinne mé smaoineamh arís ar ball beag,
go raibh sé in sa mBíobla scríofa tarraingthe
gealladh glan déanta ag Rí na nGrásta,
chúns bheadh an stua ceatha cam nár bhaol dúinn báitheadh



Ba ghearr an tsíon gur lag an bháisteach,
grian a las agus gaoth a d'ardaigh,
ghluais mé chun siúil is mé múchta báite,
gur tharraing mé ar Sheán agus bhí romham fáilte.
Is iomdha cárt uisce a rinne sé a fháisceadh
ó mo sciorta go dtí mo chába,
chroch sé mo hata suas ar thairne,
is chuir sé i mo chodladh mé ar leaba mhín bhláfar.



Ach bhí mé ar ball beag arís i mo shuí ann
ag cur mire ar cheol, spóirt agus shiamsa,
is ar ndóigh is le bród a chaith muid an oíche sin,
ach ar fhilleadh ar ais dom ní narbh ionadh,



Bhí challenge liom tarraingthe i bhfoirm is i bhfábhar
siolla beag uaim le ciumhais na hátha
ach ar iontú thart liom lá arna mhárach
siúd mar dúirt mé ar a theacht dom i láithreach:



"A sheansceach chaite fógraim gráin ort,
nár fhása choíche snua ná bláth ort,
faoi shúiste Oscair go bhfaighe tú do charnadh,
do do bhrú is do do bhascadh le hord mór ceártan.



Mar b'olc an áit do dhuine a theacht i ndáil leat,
ná deasú fút ag iarraidh scátha ort,
níl braon dár thit ar do chamstuaic ghránna,
nár scaoil tú ar Raiftearaí le ciumhais do mhása."



An Sceach
"Más file thú a thriall ag iarraidh sásamh,
tá mise anseo agat is mé ar mo gharda.
Seanóir mé atá le fada in san áit seo,
is ná tara níos sia le do chlaidhmhe tarraingthe.



"Nuair a bhí mise óg dá mbeifeá i ndáil liom,
b'fhogas duit díon ó ghaoth is ó bháisteach,
is í an ghaoth aniar d'fhág m'aghaidh le fána
is a shiosc mé síos ó chúl go sála".



Raiftearaí
"Muise, a sceachín mhaiseach shochlach bhláfar,
snua agus meas ó Rí na nGrásta ort,
úllaí, piorraí ort, plumaí is b'láistí,
agus cuir dom síos in aois do dháta".



An Sceach
"Céad agus míle roimh am na hÁirce
tús agus cruthú m'aoise is mo dháta
tá mé i mo shuí ó shin san áit seo
agus is iomdha scéal a bhféadaim trácht air.



Ochtar a thriall is na mílte a báitheadh,
mar bhí, Noah is a chlann, a gcéile is a máthair,
ach amháin gur scríobh an t-easpag cráifeach
gur mhair Parthalán mac Seara ar thaobh Chruach Phádraig.



Fuair muid cuntas eile in aghaidh an cháis seo
gur i Sruth na mBeo a mhair Parthalán
ina sheasamh suas in sa bhfuarlach báite
is gur fhan sé beo le toil na nGrásta.



Droim Toirc an uair sin ab ainm don áit seo,
agus ní raibh ann ach coillte agus fásach,
coin allta is broic ag éirí in airde,
gur bhuail na Fir Bhoilg cuan Phort Láirge.



Thóg siad seilbh gan fear a mbarrtha,
chuir siad fúthu agus rinne siad áras,
bhí siad faoi bhród agus lán d'áthas
mar stríoc siad a gcúrsa ó chumhacht a namhad.



Ghearr siad crainn agus rinne láthair
agus chuir siad an ríocht ar ndóigh i bhfáinne,
ó Dhún Dónaill go Droichead Átha,
ó Bhinn Bhorb ó thuaidh go cuan Chionn tSáile.



Ag fiach ar chnoic is ag seilg ar shléibhte,
ba mhór é a gcónaí i dteannta a chéile,
nó gur buaileadh fúthu ann dream nár naomhadh,
sliocht Thuatha Dé Danann as tír na hÉigipt".



Mise Sceachín Áth Cinn a dúirt an méid sin,
is a chonaic an dá shlua ag teacht chun a chéile,
le saighde catha agus airm dá ghéire,
doirteadh fuil agus cailleadh na céadta.



Is iomdha cath in áit a chéile,
a thug an dá shlua trí mhóin is trí shléibhte,
ba é críochnú na cúise agus deireadh na scéalta,
gur chaill na Fir Bhoilg Droim Toirc ar éigean.



Sliocht Thuatha Dé Danann gan croí gan daonnacht,
ní le gníomh ná gaisce a níodh siad aon rud,
is éard deir Saltair Chaisil is Dochtúir Céitinn,
le diabhlaíocht, gleacaíocht agus mionna bréige.
Nuair a fuair siad cumhacht a thainig léirscrios,
an síol a craití ní fhásadh déas air,
níor fhan sliocht ar bhó ná clann ar chaora,
torthaí ar chranna ná maise ar aon rud.



Cuirtear síos dúinn, do réir mar léitear,
gurb é an chéad fhear a thriall don tír, Gaidéalas,
prionsa ríúil den fhiorfhuil Ghaelach,
de phór na ngríobh is de shíol Mhiléisis.



Nuair a thriall an rí go mbraithfeadh sé Éire,
níor smaoinigh a chroí go ndéanfaí scéal air,
nó gur fágadh breithiúnas aige le déanamh,
ba é deireadh na cúise gur cailleadh é féin leis.



Ach chuaigh sé beo don Spáinn ar éigean,
gur scríobh sé ar dhlí is ar cheart na hÉireann,
dúirt a chlann béal ar bhéal leis,
go bhfaigheadh siad cinn agus fuil in éiric.



d'ardaigh siad leo i gcuallacht ghléasta,
gur bhuail siad bruach ar chuan Bhinn Éadair,
tharraing amach a gcuid lánna géara
is dúirt nach nglacfadh bríb ó aon neach



Dúirt Mac Céacht go mba mhór an éagóir,
a theacht isteach agus fios a bheith ag aon neach
ach a ghabháil naoi dtonn in sa mbealach céanna
is dá bhfillfeadh ar ais go bhfaigheadh siad géilleadh



d'ardaigh siad leo le díth céille,
fosclaíodh leabhra draíochta is bréige,
d'ardaigh stoirm is farraigí tréana,
a mhúch, a bháigh is a bhasc na céadta.



Is beag acu a thainig de bharr an lae sin,
ach an méid a chuaigh don Spáinn le scéala,
go ndearna siad suas an oiread céanna,
gur bhuail siad an dara huair faoi Éirinn.



Níor ghlac siad caint, bladar ná bréagadh,
ach ag lascadh is ag gearradh le lanna géara,
is siúd í an mhaidin ar dearnadh an sléachtadh
gach ceannfort ag teacht is a mhonghar féin leis.
Bhí cinn agus coirp dá ngearradh in éineacht,
agus fuil ag imeacht mar thuile shléibhe,
ach siúd é an cath ar cailleadh na tréanfhir,
ach i ndeireadh na cúise bhí an lá ag Miléiseas.



Cailleadh Mac Cuill, Mac Céacht is Mac Gréine
le lanna tanaí glana géara, '
bhí cead caointe ag na trí mná Gaelach
mar bhí, Fódla, Banbha agus Éire.



Scoilteadh trasna Inis Éilge,
bhí fear den dís nár thaithnigh an scéal leis
idir Éibhear is Eireamhón thug na mionnaí' tréana,
mura bhfaigheadh siad a gceart go bhfaigheadh dá bhféadfadh



Thosaigh slad, feall agus éigeart,
is do dhlí na gceart ní thugtaí géilleadh,
ach cúigí is tíortha ag gabháil trína chéile,
nó gur thóg Cormac mac Airt láimh le hÉirinn.



Chuir sé sluaite i dteannta a chéile,
bhí ainm eile orthu Fianna Éireann,
lucht gnímh agus gaisce, lóith agus léimnigh,
nár chuir ariamh ar laoch ach aon fhear.



Mar bhí, Goll mac Morna is a sharlann líofa,
láimh nár theip ó ghaisce ríthe,
Áille agus Flann na n-arm géara,
agus Conán maol mallaithe fear mhillte na Féinne,



Oscar is Coireall, Faolán is Caoilte,
agus Diarmaid Ó Duibhne a thógfadh draíochta,
Fionn fear feasa agus ceist a scaoileadh,
togha na ngaiscíoch, Clanna Baiscinn.



Clanna Dháibhí i bhfuíoll na ndaoine
agus a chraoiseach féin i láimh gach taoisigh,
Cairbre cnisgheal an mearfhear scaoilte
agus Clanna Dhuibhne as Teamhair na ríthe.



Is fúmsa a bhíodh siad ag déanamh siamsa,
ag imirt is ag ól de ló is d'oíche,
a gclogaid, a sciatha agus a gclaimhte i bhfaobhar,
a bhíodh acu ar bord agus corn lán líonta.



Ag fiach ar chnoic, ar mhóin is ar shléibhte,
ag rith ar bhroic is ar eilití maola,
le mire na gcon a cailleadh na tréanfhir
mar nach dtug siad ariamh do Dhia géilleadh.



Conchúr a tháinig i gCoróin ina dhiaidh sin
agus curaidh chliste na ngaiscí tréana,
Clann Uisnigh a chuir Albain faoi chíos le hÉirinn,
cailleadh an triúr, ar ndóigh, le Deirdre.



Tógadh suas í i gciall is i gcríonnacht
le bheith ag an rí mar chéile is mar chaoifeach,
thréig sí a coróin, a cuid óir agus gaolta,
agus lean sí Ardán, Ainle agus Naoise.



Cú Chulainn na gCleas láimh bhriste gach bearna,
agus Cú Raoi a cailleadh leis an mbruinneal Bláthnaid,
a chomhoide múinte a mbítí ag trácht air,
Fearghas mac Róigh agus Conall Cearnach.



Sin iad ainmann na gcuradh atá mé a rá leat,
a bhíodh ar cuanta ag seasamh garda,
ach Conchúr amhain ó thús an dáta,
níor naomhadh duine go dtáinig Pádraig.



Easpag beannaithe a thriall go hÉirinn,
a thug an tSacraimint Bheannaithe i mbéal gach aon neach,
a rinne an marbh beo is an fear mallaithe naofa,
is a mhúch Coinneal na Carraige lena sméideadh



Thug sé ola agus baiste do shagairt is do chléirigh,
is slánú a n-anama, an tSacraimint Naofa,
seacht gcéad reilic a chuir sé le chéile,
an bhliain is trí fhichid a stiúir sé Éire.



An dream a thriall i ndiaidh an scéil sin,
Lochlannaigh, a chuir buaireamh agus angar ar Éirinn,
Tuirgéiseas mar cheannfort orthu ag réabadh,
an fear ba mheasa dlí agus béasa.



Nárbh olc an dlí a bhí ag na péiste,
aon fhear óg a thiocfadh chun feidhme,
nó a rachadh chun pósta le mnaoi nó céile
nár leis a tús ach le Tuirgéiseas.
Gur scríobh Maoleachlainn litir bhréige
agus teachtaire falsa a chur léi le scéala,
rún na cúise a cheilt is a shéanadh,
ach ba é críochnú na cúise gur cailleadh é féin leis.



Nuair a cailleadh an ceannfort is dháréag a bhí ar aon leis
bhí Lochlannaigh i sáinn ar ndóigh ag Miléiseas,
gach duine in sa tóir ar dhream Thuirgéisis
gur ruaigeadh a ndeireadh amach as Éirinn.



D'fhan triúr ina ndiaidh ag bailiú scéalta
a chuir an bun is an cúig is an cluiche in éineacht,
i sé bharc déag, do réir mar léitear,
an dara huair is ea a thóg siad Éire.



Ardchíos crua agus sciúirsí geara
a leagadh ansin anuas ar Éirinn,
buannaí ins gach teach le faitíos scéala
nár rún don dís a ghabháil trí chéile.



Dualgas eile i gceann an méid sin,
unsa den ór a bheith ar gach aon teach,
agus an té nach n-íocfadh é i gceann gach féile,
bhí an tsrón le baint de ó chlár an éadain.



Nó gur ghlac Brian Bóirmhe truaí d'Éirinn
a bheith ag Lochlannaigh faoi chuireadh daortha,
go dtáinig sé féin is Ó Conchúir in éineacht,
is gur chuir siad a gcúnamh i dteannta a chéile.



Phreab an ríochta suas in éineacht,
agus tugadh focal na faire i mbéal gach aon neach,
lucht faire a theacht agus soip a shéideadh
Oíche Fhéil Sin Seáin ins gach ceard d'Éirinn.



Ghluais chugainn ó Mhumhain, do réir mar léitear,
Ó Cearúill is a shluaite ó Dhún Éile,
Cinnéidigh is Lorcánaigh thréana,
gus clann Mhic Con Mara ón gCreatalaigh ghléigil.



Ó Súilleabhain aniar as iarthar Éireann,
Móránaigh is Brógánaigh gafa gléasta,
Ó Donnabhain 'na ndiaidh, Ó Meachair is Ó Béara,
agus Ó Seachnasaigh ón nGort nár chóir a shéanadh;



Ó Móra, Ó Doinn is Ó Floinn le chéile,
Catháin, Cochláin agus clanna Mhéalóid,
Mac Cáirthinn ón sliabh, fear fial gan aon locht,
Ó Briain is Ó Murchú na laochra tréana.



Ó Fearaíl, Ó Ruairc, Ó Ceallaigh ná séantar,
Raghallaigh, Dúdaí agus Flaitheartaigh thréana,
Ó Conchúir as Sligeach, an fhíorfhuil Ghaelach,
agus Clann nDonncha ó bhun na Céise.



Dochartaigh, Branáin, Beirnigh agus Céitinn,
Mag Uidhir is Mac Mathúna thóg láimh le hÉirinn,
Ó Néill is Ó Dónaill ó bhruach Loch Eirne
agus gach duine acu ag teacht in arm is in éide.



Mar bheadh sionnach roimh ghadhair ar chúrsa sléibhe,
bhí Lochlannaigh i sáinn mar bheadh caoirigh léithe,
go moch ar maidin Aoine an Chéasta,
idir Áth na gCliath agus cuan Bhinn Éadair.



Bhí dhá mhíle dhéag, dúirt Dochtúir Céitinn,
de Lochlannaigh leagtha i gcoinne a chéile,
ach an méid acu a rith agus nár fhan le scéala,
i mBaile Átha Cliath a thit tubaiste an lae orthu.



Brian Bóirmhe is a chlann ba mhór a n-éagmais,
i gCluain Tarbh a cailleadh na tréanfhir,
aon fhear a bhí ann is nár thit in sa sléachtadh
chonaic sé ár de bharr an lae sin.



Céad bliain eile i ndiaidh an scéil sin,
go dtug mac Rí Laighean murar cuireadh bréag air,
an bhean ón Ruarcach d'fhág buaireadh ar Ghaelaibh,
is a chosain Sasana ó thús ar Éirinn.



I gceann Rí Sacsan tháinig Tiarna Bhréifne,
is thug sé dó a fhocal is a mhionnaí tréana,
go dtabharfadh sé suas dó a cheart féin d'Éirinn,
ach sásamh a fháil dó i leaba an scéil sin.



Teachtaire a d'imigh agus adharca a séideadh,
gur cuireadh le chéile mórán céadta,
an Tiarna Strongbó orthu mar léadar
gur thóg siad Cúige Laighean den réim sin.
Trí chéad ansin agus cuir leis éiric,
gur rugadh i Sacsanaí an prionsa céasta,
Mártan Liútar a thiontaigh na céadta,
a shéan an Pápa agus an tSacraimint Naofa.



Chúns bhí sé i gcoinbhint b'olc a thréithre,
ag scríobh is ag tarraingt leabhra bréige,
ag foghlú torthaí is ag leagan plantations,
ag réabadh geataí, ballaí agus foundations.



Is iomdha comhrá cruiteach bréagach,
tarraingthe amach as lár an Bhíobla Ghaelaigh
gach duine as a cheann ag piocadh léinn as, '
ag dearbhú an chirt i mullach na héimhe.



Mar bhí Anabaptists, Seekers is Quakers,
Protastúin, Swadlers agus Presbyterians,
ach in san am sin ní raibh caint ar Chromwellians,
nó go dtáinig Cromail an fear a thóg Éire.



Míle agus cúig chéad, do réir mar léitear,
a naoi agus a hocht i gceann an méid sin,
ó thuirling Críost i gcolainn daonna,
gur thosaigh Hanraí an Reifirméisean.



Thug sé cúl do Dhia agus shéan sé a chéad bhean
agus thóg sé a iníon féin mar mhnaoi is mar chéile
Liútar is Cailvín ab ainm don phéire,
a scaoil an bheirt i bpáirt a chéile.



Bhain sé an ceann di le lann faobhair,
ní dise amhain ach de thuilleadh léithe,
nárbh olc an dlí a bhí ag an té sin,
a chuir a iníon is a bhean chun báis in éineacht.



Banríon Máire cuinge na nGael,
an mhaighdean bharrúil mhaiseach bhéasach,
a stríoc crainn, toim agus géaga,
agus murach í a chailleadh tharraingeodh fréamha



Isibéal thainig i gcoróin 'na déidh sin,
nár phós fear is nár throisc gan céile.
Chuir a cúl is a droim le cuing na cléire,
chuir ruaig ar easpaig is ar an Eaglais Ghaelach



Séamas a thainig i gcoróin ina dhéidh sin,
an fear ba mheasa gníomh agus béasa,
do dhlí Strafford níor thug sé géilleadh,
ach ag leagan slabhraí ar mhóin is ar shléibhte.



Níor mheasa an t-athair ná an mac Séarlas,
ag leagan sciúirsí crua ar Éirinn
an uair ba dian le Dia agus le daoine an scéal sin
chaill sé a cheann le cíonán spéirid.



Ansin a ghluais Cromail is a shluaite trí Éirinn,
ag gearradh roimhe an méid a d'fhéad sé,
thug sé dúiche agus fearann do Chromwellians,
agus chuir sé lucht cóistí agus eachraí chun móna agus sléibhe.



Rith an dá iarla nuair a fuair siad scéala,
go raibh cuilead ar ceann faoi chíonán spéirid.
Mag Uidhir is Mac Mathúna thóg láimh le hÉirinn,
i Londain a baineadh an ceann den phéire.



Eoghan Rua a thainig i ndiaidh an scéil sin,
maiseach, fearúil, barrúil, béasach,
cleasach, súgach, lúfar, éasca,
a bhain léim leataoibh as Cromwellians.



Ó Charraig na Siúire go Dún Éile,
ó Chluain Meala go Baile Shéamais;
i mBaile Átha Luain is ea a fuair sé géilleadh,
ó Chaiseal Mumhan go cuan Bhinn Éadair.



Ó Chill Dalua go bruach Loch Gréine,
agus an dá chúige Mumhan a chur le chéile,
ach le Tiarna an chláir a cailleadh an péarla,
i gContae Chiarraí in iarthar Éireann.



Is é bás Eoghain Rua a d'fhág buaireamh ar Ghaela,
ord agus Aifreann agus Eaglais séantach
mar bheadh liathróid ar bhéal fuadaigh á cascairt ag céadta,
bhí Cromail is a shluaite is an ruaig orthu as Éirinn.



Séamas an chaca milleán géar air,
thug a iníon d'Uilliam mar mhnaoi is mar chéile,
is é a rinne Gaelach Gallda agus Gallda Gaelach,
mar chuirfeá cruithneacht agus eorna trína chéile.
Nár bhuartha an tsraith í i mbéal an fhómhair
in Eachroim Dé Luain de bharr an Domhnaigh,
is iomdha mac Gaeil ar fhág sé brón air,
agus gan trácht ar ar cailleadh i mbriseadh na Bóinne.



Trí Mhuine Gall a thriall lucht Béarla,
agus i gCeapaigh na gCeann a rinne siad sléachtadh,
an Rutrialach falsa a dhíol na Gaela,
ar scilling an triúr mar fuair mé scéala.



Ag Cillín Ó gCuanach bhí na Gaill ar féasta,
nuair tháinig an Sáirséalach, croí na féile,
gur lig sé leis an tSionainn a gcuid arm is éide,
agus thóg sé Luimneach an mhaidin chéanna.



Ná bígí gan misneach i bhfochair a chéile,
is treise le Dia ná leis na Cromwellians,
dúirt Naomh Seán in sa Revelation
an cúigiú bliain fichead go bhfaigheadh muid géilleadh".



RAIFTEARAÍ



Iarraimse ar Mhuire in san imirt is géire
an muilead go n-iompaítear i mullach an spéirid.
Sin mar chuir Raiftearaí síos ar Éirinn
é féin is an sceach i bpáirt a chéile.



NA BUACHAILLI BÁNA



A Dhonncha Brún is deas chraithfinn láimh leat
agus ní le grá duit ach le fonn do ghabháil,
cheanglóinn suas thú le rópa cnáibe
agus chuirfinn mo spiar i do bholg mór.



Mar is iomdha buachaill maith a chuir tú thar sáile
a thiocfas anall fós is cúnamh leo,
faoi chultaí dearga agus hataí lása
is beidh an droma Francach ag seinm leo.



A chrann duilleach, má chríon do bhláthsa,
mo chreach níor dhaingnigh do fhréamhacha
mar thainig an donas orm le linn na bhFrancach
is an t-arm Gallda ar gach uile thaobh



Cén bhrí an cluiche seo go dtaga ao Spáinneach
is imeoidh an pharlaimint ó chumhacht an rí,
seo é an imirt a bhfaighidh muid sásamh
beidh an talamh bán againn ar bheagán cíos'.



Ag teacht an tséasúir déanfaidh muid sléachtadh,
maróidh muid céad agus dha mhíle bó,
beidh buailí Shasana le beagán géimní
ag teacht an tséasúir má bhíonn muid beo.



Beidh leathar fairsing ag na gréasaithe Gaelach
is ní iarrfaidh muid péire orthu níos lú ná coróin,
beidh bróga againne gan Dia dá méadú
is ní íosfaidh muid béile níos mó gan feoil.



A Johnny Gibbons mo chúig chéad slán leat,
is fada uaim thú in sa nGearmáin
is é do chroí gan chealgadh a bhí riamh le suairceas
ar an gcnoc seo thuas tá ár gcúnamh fann.



Tá sé dá aithris dúinn ó bhéal an údair
go loiscfidh an slúp linn nár baisteadh a dhream,
mura dtaga tú de relief orainn in aimsir chruatain
is mór an truaí muid faoi bharra gleann.



Tá Johnny Gibbons is ár nAthair Maol're
agus iad á gcaomhúint amach faoin móin,
faoi thart is faoi easonóir is fhuacht na hoíche
is níl fiú an bhraoin dí acu ná dram lena ól.



Ní mar sin a chleacht siad ach fuíoll na bhfuíoll
agus shoraidh díofa nach dtug aire dó,
is rímhór m'fhaitíos mura bhfuil ag Íosa
go mbeidh siad síos leis, agus tuilleadh leo.



Tá a fhios ag an saol nár mharaíos caora
in san oíche is nár speir mé bó,
má tá i ndán is go n-éireoidh an lá linn
go bhfaighidh muid sásamh in san gcúis seo fós.



Bronnann muid Camas ar an Athair Maol're
is Baile an Mhaoille haghaidh a bhó
ní bheidh muid choíche arís ár ndíbirt
gan bhia gan dídean amach faoin móin.



Tá bullán bacach faoi bharr an tsléibhe
is deir gach aon neach nach mbeidh i bhfad beo,
Coirnéal Máirtín 'tá ina cheann ar an taobh sin
agus measaim féin gur aige is cóir.



Tá céad fear acu a chuir an t-airgead le chéile
nár ghearr féith is nár ith an fheoil,
ach, a chlann Mhig Eochagáin, má tá tú in Éirinn
ná lig an léanscrios go hIorras Mór.



AMHRÁN CHILL CHLUAINE



Is i gCill Chluaine a thainig an t-éag
nuair cailleadh Máistir Boidcín
tá na Protastúin in áit na nGael
agus an t-oidhre i bhfad ó bhaile.



Tá na Brúnaigh ag ceannach na cúirte,
agus na geataí bána anois á leagan,
tá banaltra na cíche báine
ag caoineadh go mór is ag screadadh



Tá an mhaistreás ar a lóistín
i dteach ósta i nGaillimh,
tá an chéirsach ar bharr na craoibhe
agus an traonach go dlúth le talamh



Tá na tionóntaí ag maíomh
na naomh ó oíche go maidin,
ag iarraidh ar an Maighdean is Iosa
an t-oidhre a chur slán abhaile.



Tá na gadhair is fearr a bhí sa tír seo
ag fáil bhais in sa gkennel
tá Geandaí agus Gay Lass
díolta le hoidhre na Cora Finne.



Tá na piasúin is an géim uilig
ag tóraíocht dídin
ar fud na tíre
ó oíche go dtí maidin.



Tá fellers as Contae an Chláir ann,
tá an t-adhmad á ghearradh,
dá thiomáint ar bháid
amach siar Conamara.



Chaill na mná a mbláth ann,
chaill na láracha a gcuid searrach,
chaill na caoirigh a gcuid uan,
le cumha i ndiaidh an oidhre.



Tá láir is gearrán rua
agus na scórtha leo, ar stábla Bhoidcín,
nach bhfuil a leithide ar luas
le fáil as seo go Gaillimh



Níl aon ghiorria ó bhun Cruaiche
ná aon tsionnach i gConamara
ar a bhfaigheadh siad spás uaire
nach mbeadh ar shlua na marbh



Dá bhfeicteá an t-oidhre óg
ag éirí gach aon mhaidin,
na hadharca dá séideadh dó
agus na gadhair ag tafann;



Daoine uaisle ag craitheadh lámh leis,
agus marcaigh ar chapaill,
cóistí ag teacht ar spóirt ann,
agus Nualláin Bhaile an Doire.



Fuair an t-oidhre litir
óna mháthair, maidin lae Nollag,
go raibh scéal aici ón máistir
a bhí ina chónaí i gCill Chainnigh



Go raibh sionnach ar a dhúiche
nár fhéad aon fhear a leagan,
agus ar maidin lá arna mhárach
ghléas an t-oidhre leis a chapall.



A shrian agus a dhiallait
agus a chasóg bhreá dhearg
agus thógfadh sé do chroíse
a fheiceáil ag triall sa mbealach



Ghlaoigh sé ansin ar Gheandaí
agus Ghay Lass ar an gkennel,
agus ag titim na hoíche
bhí sé i láthair na brocais'.



Bhí an sionnach ansin ar garda
agus é ag cóiriú a leapa
nuair a chuala sé trácht
go raibh an t-oidhre ar an talamh



Ghlaoigh an sionnach ar an gclann
a rugadh dó san earrach
agus d'fhág sé mar uacht acu
go siúlfadh sé Cill Chainnigh



d'imigh Gay Lass ar a bhonn
ansin isteach go Coill Choilm,
chuaigh Geandaí trí na coillte
agus trí bhaile mór Chill Chainnigh.



Ag a dó dhéag san oíche
bhí a bhonn ina shuí acu
agus fuair siad é ina luí
i bplantations Bhaile an Doire.



Bhí sionnach ansin ar a thrátha
agus a chnámha trom tuirseach,
nuair a chuala sé adharc an oidhre
dá séideadh i gceann a dhorais.



d'éirigh sé de léim ansin
agus d'fhéach sé faoi agus thairis,
nuair a chuala sé an adharc
á séideadh os comhair a dhorais.



Thóg sé leis na gleannta
agus sléibhte Chonamara,
as sin leis go hAcaill
agus ar ais go Maigh Nulla.



Thóg sé leis na bóithre móra
agus na taltaí a bhí roimhe
go sínfeadh sé a chnámha
sa gcoill i mBéal na mBuillí.



Ar a hocht a chlog ar maidin
bhí siad ag cruinniú
fuílleach a chuid cnámha
ag geata Loch Glinne.



Tháinig an t-oidhre ansin
tar éis snámh trí Loch Coirib,
tharraing sé a scian amach
agus bhain sé de an t-eireaball.



Míle de dhuais a gheobhadh
an t-oidhre ar a leagan
ó Fhrinsigh agus Bhlácaigh
agus Linsigh na Gaillimhe.



Fuair sé litir óna mhathair
a bhí tinn ar a leaba,
nárbh fhearr léi an dúiche
ná an sionnach a bheith marbh



Ach anois níl gar ag trácht air,
tá an t-oidhre i bhfad ó bhaile,
agus ní fhillfidh sé go brách,
an fhad is bheas Gaeilge i nGaillimh.



An Rógaire a Ghoid mo Hata



Bhí mé maidin Domhnaigh
is mé ag triall abhaile ón tobar
agus luigh mé síos ar thortán sléibhe
mar shúil is le néal a chodladh.
Bhí mé ansin is mé i m'aonraic
nó gur dearnadh, ó, mo dholaidh,
gur bodhraíodh mé as m'éisteacht
d'uireas' mo haitín olla.



Níorbh é sin féin a bhodhraigh ceart mé
ach an fuacht a fuair mo bhaithis
agus diomua Mhac Dé go deo deo
don rógaire a ghoid mo hata.



Go dtaga an tinneas mór air,
easbhaidh bhrád is fiabhras creathach,
agus i bPríosún Bhaile an Róba
go raibh an rógaire a ghoid mo hata.



B'fhearr liom féin ná Éire
is ná ar thacair riamh le m'athair
dá bhfaighinnse greim glan géar
ar an rógaire is an gadaí.



Ní scarfainnse choíche ná go deo leis
ar chomhairle a bhfuil beo ná marbh
go dtabharfainn go hifreann é le tórramh
a chur ar an rógaire a ghoid mo hata.



Ach cuirfidh mise roimhe ins gach uile ród iad,
i dtrasnaí gearr is fada,
Bráithre Bána Bhun na Cruaiche
agus Thobar Mhuire i mBalla,



Cailleach na Craoibhe Báine
is Bráithre Bharr an Chalaidh
mar shúil is le Dia na Glóire
nó go bhfaighinnse amach an gadaí.



AN SíOGAÍ



"Nach mise an síogaí suarach
a théadh ar cuairt go minic
a luigh ar leaba luachra
a bhainfeadh an chluais den tsionnach,



dhéanfainn crú agus tairne
is ba deas mo láimh ar ghunna
agus mheall mé cailín breá liom
sin rud nach ndearna tusa".



Dá mba liomsa dúiche na móna,
Orán Mór agus Gaillimh,
thabharfainn féin an méid sin
ach an síogaí a fháil i m'aice.



Ní scarfainn choíche ná go deo leis
ar chomhairle a bhfuil beo ná marbh
gur i bPríosún Bhaile an Róba
a chuirfinn an síogaí a ghoid mo hata.




HYACINTH DALY



Ó cailleadh an fíorleon tá daol is dobrón
go deimhin ar mhórán daoine,
tá an beag is an mór, an sean is an t-óg,
ag síorshileadh deor á chaoineadh



Ó d'éag Gearóid Óg níor facthas go fóill
a shamhail ar ndóigh in sa tír seo,
ceann seasta gach spóirte is é scaipeadh an t-ór
is mo thruai é a bheith i gcónra sínte.



Is é mo chreach is mo chumha ar maidin Dé Luain
is ea a cailleadh ár n-ardfhlaith shúgach,
le gach uile shórt cáil dá mb'fhéidir a rá,
bhí imirt ann páirt agus féile.



Ní chuimhníonn a lán ar lagar ná ar bhas
nó go mbuailtear é i gclár ao éadain,
ach, a Ard-Rí na nGrást a d'fhulaing an pháis,
nár fheice le fán an péarla.



Ba é siúd an cúl báire ag cruinniú is ag rásaí
agus ba charaid é i láthair i dteach cúirte,
saibhreas Chríoch Fáil ní chuirfeadh sé i gcás
ach ag spairneadh le huaisle na tíre.



Tá a shrian is a láir, a theach is a shráid
is a chomhluadar lán den bhuaireamh
ach scéal cloíte ar an mbás a leag an fear breá
is a d'fhág an mí-ádh ar a chuallacht.



Níl sionnach ar chuan ó Chorcaigh go Dún
ná as sin go huachtar Éireann
a dhéanfadh a round ón tSionainn anuas
nach gcuireadh sé ar srúthail le chéile.



Gaiscíoch na rún ar thosach an tslua
a fuair treise agus bua ar na céadta
ag ceannach an chliú is é a chaitheadh na mútaí
ó Shruthair go bruach Loch Eirne.



Ní tsiocair gan ábhar a bhí i dtríoblóid na nDálach
ó chaill siad a n-ardfhear spóirte.
Cloíte ina gcroí ní dhéanfá amach triúr
ar imeacht dá siúlfá Éire.



Tá an ghealach faoi smúit ó síneadh é in uaigh
is níl solas ar ghrian ná ar réalta,
tá an eala ar an gcuan chomh dubh leis an ngual
is ní labhrann an chuach ná an chéirseach.



Tá an ghealach 'na suí nár facthas le mí
is ní fhreagraíonn an ghrian gan aimsir.
Dheamhan éan ar an gcraobh dár labhair ariamh
nár chrom a cheann síos le hangar.



Ní mhothaím an gheoin ag teacht an tráthnóna
ná an adharc a bhíodh romhainn ins na gleannta,
níl fear in sa scór ó d'éag Hyacinth Óg
ach tá an chuid acu is mó faoi leann dubh.



Míle is ocht gcéad gan an trí déag
agus fiche, mar léitear údair,
ó thuirling Mac Dé ag tabhairt díol ar Chlann Éabh
nó gur cailleadh é ar mhí na Lúnas.



Glanchruithneacht na nGael i bhfoirm is i méin
a fuair éirim do réir a dhúchais
is é mo léan géar é a bheith sínte faoin gcré
mar is é a choinneodh an géim ina dhúiseacht.



MEÁRAÍ
Tá dúiche Mheáraí go dubhach ag gárthaíl
is í an Nollaig chráite í ag an bhfamily,
ag faire tráití gach maidin dhallraithe
agus an tonn bhaite ina gcairde gaoil.



Tá smúit ar an ngealach is ní lasfaidh aon réalta
ins an áit ar éagadar go brách arís
ach mo mhíle beannacht le bláth na hóige
go Cúirt na Glóire go raibh a n-anam saor.



Nach cráite an t-earrach é ag a muintir bhrónach
ag gabhail ag rómhar is ag déanamh gnímh,
ag éirí ar maidin dóibh ag gabhail ag iomramh
ach ba domhain é a lóistín ag teacht na hoíche.



Clann na n-aithre a bhí múinte tógtha
a bhí i measc ár gcomharsna ó thús a saoil,
tá siad i lár na farraige is gan súil go brách leo
ach go Cúirt na Glóire go raibh siad faoi Chríost.



Ag gabháil trí Ghaillimh dóibh rinne siad comhairle
ina suí ar chairde is ba ghearr é a suí,
mar bhí bord na hainnise is na draíochta i gcomhar leo
is an Poillín Mór acu le snámh arís.
Ansin phreab na fir údaí a bhí ligthe láidir
agus neart a gcnámh á slogadh síos,
í lár na farraige lena maidí rámha
is gan feiceáil ar Mheáraí acu ná ar a n-áras choích'.



Is nach mór an chinniúint bhí acu don Ard-Rí
is nach láidir an cás é i láthair ban,
gan iad ag baile againn ná sínte i gcónraí
ná buile ar mhaithríní atá beo ina ndiaidh
Ní fios cén cairde ar phointí Árann
ar stiúir an Bás iad ag gabhail a dtriall
ach ar bhord na n-aspal go raibh a n-anam tarraingthe
a d'fhulaing báitheadh agus páis an tsaoil



Dá bhfaighinnse mo roghain ar na fearaibh óga
is é Maitiú Hogan 'tá ar chúl a chinn,
atá sínte glasraithe is é ina leaca ródheas,
ba é réalt an eolais é ag gabháil romhainn sa tslí.
Bhí scoth na mBreatnach ann fuair scoil is foghlaim
is mar siúd ba chóir dóibh é ó thús a saoil,
is gan iad ag baile agam ná i Reilig Phadraig
is gan bheith ag sileadh na ndeora faoin trá ina ndiaidh.



Is nach fuadaithe an sceanach é ar mhullach Mheáraí,
ba mhaith é a gcáilíocht gan troid ná gleo,
lán an ochtair a chriog an gála
a bhí ag tarraingt ar a n-áras oíche Nollag Mhór.
Bhí Branch Conaill ann mar phost an ógl'ais,
Patsy Harty is a chliamhain cóir,
Peadar Giollan crann seasta an bháire
nár sciúir an láí lena chnámha beo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services