Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Thiobraid Árann

Title
Duanaire Thiobraid Árann
Compiler/Editor
Ó hÓgáin, Dáithí
Composition Date
1864
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1981)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A BHRÍD, A STÓR



Liam Ó Meachair



Gad é an rí-rá seo ar fuaid Sliabh Díle
As diaidh na cuaiche, agus gur chuala an tír é -
Thugadar leo í i súil na hoíche,
Agus gan cead dá cairde beas an drawer ag luí léi!



A Bhríd, a stór, ná glac comhairle ó aoinneach!
Tar agus fóir orainn, ó tá mé im' éagmais!
Nó mara dtiocfair raghad fí shléibhtibh,
Nó go Gleann na nGealt i bhfad óm' ghaolta!



Chuaigh tú tharm go doich agus go déanach,
Chuaigh tú tharm go feargach faobhrach -
'Á dtiocfá isteach créad ba bhaol duit
Agus méad mo ghrá, agus ba bheag a chéile!



Gheall tú dhom, agus rinn tú bréag liom
Go mbeadh tú romham aige ráil na gcaoireach -
Lig mé fead agus míle glao ort,
Agus ní bhfuair mé ann ach na huain ag béicigh!



Raghaidh mé fhéin dhon Charraig amáireach;
Iarrfaidh mo mhuintir cár chaith mé an lá úd;
Déarfaidh mé leo gur i bhfochair mo ghrá gheal -
An cailín suairc des na Saoiteamánaigh!



A Bhríd, a stór, ná pós an seanduine;
Pós fear óg a dhéanfas leanbh leat,
A shínfeas síos go clúmh ar leaba leat,
Agus a thabharfas póg nó dhó le taitneamh dhuit.


L. 30


In Baile an Mhíle athá an muilleoir na spága -
Scuaib sé Bríd leis amach ón Bhearna!
Nach dubhach do bhí mé agus go cásmhar
I dTigh na Naoi Míle ag líonadh na cáirte?



A Bhríd, a stór agus a thogha ban Éireann,
Tair agus fóir orm ó tá mé gan aon bhrí!
Nó mara dtiocfair raghad fí shléibhtibh,
Agus fanfaidh mé ann go dtiocfas clúmh trím' éadan!



Do bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom,
Bhain tú an ghealach gheal agus an ghrian díom,
Bhain tú radharc na mba boga ar sliabh díom -
Is ró-mhór m'eagla gur bhain tú Dia díom!



Thug mé grá dhuit agus tú beag bíogach,
Thug mé grá dhuit agus tú mór críonna -
An grá a bhíonn luath ní buan do bhíonn sé;
Grá na n-óg go deo ní scaoileann!



A Bhríd, a stór agus a thogha ban Éireann,
Is id' fhochair a bheinn aréir 'á bhféadfainn
Murach mo mhór-each a bheith ar iarraidh -
Agus mé tinn tréithlag tar éis na bliana!



Cé a chífeadh Gorman agus an drawer go huasal
Ag siúl na mbánta agus iad ag gluaiseacht!
Bríd na mbánghlac agus í ar buaireamh
Trí a grá a bheith gach lá á ruagan!



Buachaill mín de shíol geal Mheachair mé;
Le fichid blian tá mé as diaidh na Carraige;
Níor bhailigh mé ór, a stór, ná airgead;
Agus 'á mba liom an saol go léir do chaithfinn é!


L. 31


Is oth liom an aithrí a rinn tusa, a Bhríd:
Muileann fuar fásach gan gráinne den síol,
Muilleoir na spága a bheith sínte leat síos -
Agus in Ifreann a bheidh sé mara n-athraí sí a shlí!



Má thá informations aiges na Seáchaigh,
Thá an bheirt Mhaighdiúla in mo lámhaibh agam;
Hanraoi de Faoit, croí na páirtean;
Agus Tiobóid uasal, go mbua Dia an t-ádh leis!



Comhairle Ghormain 'á ndéanfainn léithi
Ní ligfinn uaim í ar fuaid cnoic ná sléibhte
Leagfainn chugham ar rácailse féir í
Agus go sásódh súd mo chailín maorga!



A Ghormain uasail, tabhair do láimh dom;
Tabhair do láimh dheas ghléigeal bhán dom;
Tabhair do chrobh deas gléigeal bán dom -
Gabhadh Bríd le deamhain agus a maireann dá cairde!


L. 32


INÍON AN FHAOITIGH ÓN nGLEANN



Do bhí mé lá breá gréine
Im' shuí ar bhinn an tsléibhe amuigh,
Bhí an lon dubh is an chéirseach
Ag seimeant as mo cheann -
Is deas mar do scríobhfainn véarsa,
Agus b'ionadh dóibh mar 'léifinn,
I ngrá bheith sínte síos led' thaobh dheas,
A iníon an Fhaoit' ón nGleann!



Táimse lán de náire
Trí gach beart dá ndearnas,
Mar is duine mé a bhí cráite
Agus d'imigh as mo ghreann -
Ní beo mé mí ná ráithe
Mara bhfaighidh mé póg agus fáilte
Agus cead síneadh síos led' bhánchnis,
A iníon an Fhaoit' ón nGleann!



A chuaichín mhilis mhaorga
A dtug mé searc mo chléibh dhuit,
Is é fuaim do ghuth' do réiteodh
An treaghd 'tá tríom anonn!
Ní buan ar muir ná féar mé,
Agus sním fuil ina slaodaibh -
Is é mo chumha gan mé agus mo spéirbhean
Fé dhuilliúr glas na gcrann!



Dá bhfaighinn cailín spéiriúil
A ghluaiseodh liom ina haonar
Mholfainnse a tréithre
Ins na coillte in aird ó thuaidh;
Bheimist ag a chéile
Ag ól in Durlas Éile,
Agus ár lámha fí chom a chéile
Go dtabharfainn í chun suain!


L. 33


Preab anois, agus bí ag gluaiseacht
Gan scíth gan stad gan fuaradh -
Tá an oíche ghairid Samhraidh againn,
Agus beimid i gCaiseal Mumhan le fáinne geal an lae;
Béarfaidh mé infhios dhuit ar chuanta
Agus radharc ar bhailte móra -
Agus, a Chríost, nach ró-bhreá an uain í
Ar iníon an Fhaoit' ón nGleann!



Is dubhach do bhím agus cásmhar
I dtús gach oíche Sáthairn
Nuair 'chuimhním ar do bhánchnis,
Do phíp mar eala ar linn!
Ba bhinne liom í ná an chláirseach
Do chruth mar an rós i ngairdín -
Agus nach trua fear beo mar 'táimse
Agus ní airíonn siad mé tinn!



Tá éiclips ar na spéaracha
Agus as cionn gach muir dá thréineacht!
A chomharsa, an trua libh mo scéalsa,
Nó an airíonn sibh mé tinn?
Níor rugadh agus ní bhéarfar
Aon fhear eile im' dhéidhse
A 'neosfadh brí mo scéil dhíbh
Ar staraíocht na mban fionn!



'A ógáin óig, 'á mb'fhéidir
Go mba fíor duit féin an scéal sin
Ní ligfinn féin an t-éag ort
Chun do bhéilín deas a dhlúthadh!
Murach garda a bheith ar gach taobh díom -
Ní féidir liom corraí a dhéanamh,
Agus baineann siad cúntas géar díom
Cá dtéim leat chun siúil!'


L. 34


'Inis dóibh, a spéirbhean,
Go raibh tú seal ag válcaeireacht,
Go bhfuil tú tuirseach tréithlag
Ó do thaobh deas go dtíd' chom!
Gheobhaidh tú mise im' aonar
In pé sa domhan áit dá ndéarfair -
I gciumhais na coille craorac,
Nó fí bhláth geal na n-úll.'



Achainímse ar Íosa
Go raibh agat ba agus caoire,
Fearantas gan chíos
Agus móin as a chionn!
Tá dhá láimh gheala id' thimpeall
Ar bhochta Dé dá roinnt leo -
Agus go mairidh an bua sin choíche leat,
A iníon an Fhaoit' ón nGleann!


L. 35


RÉILTHEANN AN TOBAIR



Ar bhruach an tobair 'sea dhearcas an réiltheann mná
Agus í ag tógáil uisce, agus mise insa linn ag snámh;
Nuair ná fuair mé bheith ina coinne anois ná aon uair ná tráth -
Í siúd 'bheith ina coinnil agus mise im' phéileacán!



Ar bhruach na toinne is ea a ligeas an fáinne amú,
Agus mé im' shúil leis an ainnir ba ghile agus ab áille snó;
Bhí a grua mar an luisne, agus a gile mar bhláth na n-úll -
Do bhreoigh sí siúd mise, agus ní ligeann sí an tsláinte chugham!



Mo mhíle slán feasta do sheachtain agus oíche aréir,
Agus an té a bhí im' aice 'feadh an tamaill ag insin scéil;
Is bréag mar do mhealladh mé - is mairg 'bhíonn gan chéill -
Is do ghrá do mharaigh mé agus tharraing mé óm' mhuintir féin!



Cé a chífeadh an ainnir is a hata ar a ceann go dlúth -
Thug sí dhom cuireadh, agus mar 'mheasas gurbh í a bhí ann;
Chuir sí mé ar meisce, agus ba ghairid do bhí sí liom;
Agus nuair 'fuair sí mé im' chodladh d'imigh sí féin chun siúil!



Comhairle beirim do aon fhear eile im' dhiaidh go bráth
Gan dul ag ól leanna tráth a rachadh sé ag iarraidh mná,
Mar tá scéilín ormsa ag an ainnir an urla bháin -
Gur fhan mise im' chodladh go bhfaca mo shúile an lá.



Mo bheannaitheacht bheirim - agus do dtite sé i gcóir is i gceart -
Do aon bhean eile ná creidfeadh i nglórthaí fear!
Mar is é adéarfas gach gaige acu ag mealladh agus ag pógadh
'Is tú mo sweetheart, is mo chreach gan mé pósta leat!'



Mo mhíle slán feasta chun Baile na Buaile thíos,
Mar is ann 'tá an scafaire a thuirsigh agus 'bhreoigh mo chroí;
Is í siúd an ainnir a bhfuil m'anam in lár a croí -
Agus mara bhfaighead í le mealladh ní mhairfidh mé féin aon mhí!


L. 36


GABHA DUBH CHILL CHAISE



Faraoir, is fann atáimse,
Go dubhach tinn lag gan sláinte,
Im' ghualaí glas na ceardan,
Is gan fáil ar aon deor!
A mhuirnín, tairse láimh liom
'Shiúl oíche nó gan fhios dod' mháithrín;
Cuir led' chroí is fáisc mé,
Is thá an bás uaim go fóill!



Ór, beidh againn a lán de,
Is go leor de chaoire ar bhánta;
Is gur seod de chailín shásta
Do réidhfeadh mo bhrón.
Dá mbeadh sí anois i láimh liom,
Is fíon i mbruach na hátha,
Dhíolfainn féin a táille
Is dh'fháscfaimist ins an ól!



Is 'á mbeadh súd - baile sléibhe - agam,
Is do bheith críonna gasta in éifeacht,
Is tapa a gháirfí spré dhom
Ach léigean don ól;
Is gurb é a mheallfadh máthair chéile
Teacht go luath ón aonach,
Leann is dánta a thréigean
Agus réicsibh an óil.



Ach ní mhairfimid ar aon chor
Gan na farairí a bheith taobh linn,
Baraillí á dtaoscain,
Agus réicsibh an cheoil.
Is thá caraid agam - mo mhéaraibh -
Is fearra agam iad ná gaolta!
Is ní dh'fhágfaimid a chéile
Gan ár ndaochain a dh'ól!


L. 37


Dé Luain má dh'fhaighim mo shláinte
Fágfaidh mé ar luas an áit seo,
Agus raghaidh mé go Baile Phádraig
Le háthas ag ól!
Is 'á siúlfainn cois na trá thíos
Cá bhfaighinn aon mhaighdean a bharrfadh
An cailín cumtha sásta
Do dh'fhás ar an gcóir.



'Á dtiocfadh lúth im' chnámhanna
Nó Carolus chughainn thar sáile,
Is ainnir an urla bháin a
Bheith láimh liom san ól,
Ní léigfinn a cumha go bráth díom
Go mbéarfainn thar Siúir mo ghrá geal;
Is go ndéanfaimist an tSamhain is an Cháisc ann,
Is bheadh an t-ádh linn go deo!



Im' luí dhom ar chiumhais na rátha
Is ea a dhearcas féin an státbhean -
d'fhiosraíos 'á máithrín
An mb'áil léithi a cló.
Ní iníon Neil ón nGráig í,
Ná iníon Thaidhg ón mBáinseach,
Ná iníon is sine aige Máire
Do dh'fhás ar an gcóir!



Mar do líon mo chroí le grá dhi,
Is ní haoibhinn a dh'éirigh an lá liom
Ag cuimhneamh ar a breáthacht
Is ar áilleacht a snó!
Is 'á mbeadh sí agam amáireach,
Agus fíon i mbruach na hátha,
Dhíolfainn féin a táille
Is bheadh an t-ádh liom go deo!


L. 38



AGALLAMH IDIR BEIRT FHILE



.i. Micheál Ó Laithearta agus Tomás Ó Muirithe



"A dhuine atá ar mearbhall céille,
Do shiúl tusa Éire faoi thrí
Ag ól leanna agus ag mealladh gach béithe,
Óir is ainnis is baol liom do shlí!
Cuimhnigh gur gairid go n-éagfair,
Agus go ndúnfar do bhéal agus do shúil,
Is go mbeidh do cholainn á creimeadh aige daolaibh
Go lá deiridh an tsaoil ins an úir!"



"Is Bromach gan pheaca atá maol mé,
Do shiúlas-sa Éire faoi thrí
Ag ól leanna agus ag mealladh gach spéirbhean -
Is gur dóigh liom gur aerach mo shlí!
Diúltaim do chomhairle-se a dhéanamh,
Is níl maith ar bith aige aoinne a
bheith liom!
Is dem' aiste ní stadfad go n-éagfad
Agus go sínfear mo thaobh
deas san úir!"



"Triallse go Loch Deirg ar saothar,
Gan chostas gan chéile gan leann
Gan chóta gan bhróga gan bhéabhar
Ach brat scotha éadrom róin;
Ar eagla aon pheaca do dhéanamh
Ná féach ar aon taobh dhíot sa tslí -
Mar caillcadh bean Lot mar do léimid
As Genesis - agus féach ar a crích!"



"Dob fhearr liom tú a chrochadh agus tú a chéasadh
Ná a thabhairt duit ar aon chor le rá
Go mbeinnse im' Bhromach maol déarcach
Agus ainnise an tsaoil seo am' chrá!


L. 39


Dochar níor dhearnas ar aoinne,
Mara meallfainn faoi shléibhtíbh mo ghrá
Agus go dtógfainn di a cóta agus a léine
Seal tamall beag éigin roimhe lá!"



"Is ainnis do bheatha, is baol liom,
Agus is amhlaidh a bheidh tú choíche agus go deo!
Agus níl in ionmhas an tsaoil seo le chéiling,
'A dtuigfeá é le ciall cheart, ach ceo!
Samson do threascair na céadta,
Agus Alexander, dá mhéid iad le rá, -
Is gur cuireadh ins an úir iad gan éifeacht -
Agus beidh tusa id' chré mar atáid!"



"Níl ach duine gan éirim gan tuiscint
Do dhéanfadh scáile den tsaol,
Ná a ólfadh a choróin agus a scilling
Sar do thiocfadh an bás ina chléibh!
Gach ógbhean díobh a phógadh go cliste
In imeall agus i gciumhais gach róid -
Is ba dhóigh liom go mb'fhearr súd go fada
Ná bheith ceangailte go bráthach ins an ord!"



"Is iontach an scéal liom, a dhuine,
Ná tuigfeá dod' chúrsaí féin -
Is go dtréigfidh tú an saol so go hiolar,
Is go gcuirfear thú in córaid chaol!
Mara ndoirtfir na deora ina dtuilte
Le hatuirse agus croíbhrú croí
Le hIúdás roinnpháirteach 'bheas tusa
Gan fortacht in saol gan chrích!"



"Súd mar do chaitheas mo shaolsa:
Aige an tábhairne ag taoscadh na dí,
Ag dúiseacht gach cailín agus dá mbréagan,
Á mealladh agus ag plé leo gan scíth!
Fórsaíd ní dhearnas ná éigean
Ar aon acu - aosta nó óg -
Agus is é mo dhóchas go bhfaighidh mise trócaire
Chomh héasca le sibhse atá san ord!"


L. 40


"Déan tusa an aithrí go tapa,
Is ná bí níos faide gan chiall -
Is dóigh liom gur mithid duit filleadh
Agus cuimhneamh ar dheireadh do shaoil
Nuair 'bheas tusa is bás in do bhéal ad' thachtadh,
Is do chroí istigh ag briseadh ina lár -
Is go mb'fhearr leat ná saibhreas na Coróine
Go ndéanfá mo chomhairle-se i dtráth!"



"Do chomhairle ní ghlacfad ar aon chor,
Is ní thuigim gurb éifeacht do ghlór -
Is go b'fuil a fhios aige an talamh gur réic mé,
Agus ní mhairfinn gan braon beag a dh'ól!
Nuair 'bhím aige an tábhairne i gcaorthainn
Agus brandaí dá thaoscadh agam ar bord -
Mé im' shúgradh agus ag staraíocht le béithe . . .
Agus ní rachad lem' shaol ins an ord!"



"Umhlaighse feasta don chléire
Is tabhair aire dá mbriathraí mór -
Ná bí-se ar meisce gan chéille
Agus seachain led' shaolsa an t-ól;
Lean tusa feasta beatha na naomha -
Múinfead gan bhréag duit an ród -
Agus do gheobhaidh tú na flaithis gan éiric
Má thagann tú liom fhéin ins an ord!"



"Le doilíos ró-fhírinneach fillfead,
Agus déanfad an t-aithre cóir,
Agus le fuath agus le gráin ar an pheaca
Do dhoirtfeadsa mo dheora le doilíos!
Guímse chun na naomh agus na n-apstal
Mé a stiúrú go dlreach sa ród -
Is críochnóidh mé go naofa mo bheatha,
Agus rachad gan mhoill ins an ord!"


L. 41



IS IOMDHA PUINS AGUS FION . . .



"Is iomdha puins agus fíon do cheannaigh mé go daor,
Is do dh'fhág mé gan bhrí ag tigh an ósta!
Moladh mór le hIosa, dá mhéid is 'ghabhas tríd,
Deamhan pighin fós gan díol denar dh'ólas!



Anois is méin liom suí agus glaoch ar ghalún dí,
Dá nglacfadh bean an tí mo nóta!
Agus dá dtiocfadh crosa an tsaoil 'bhacfadh dom tú a dhíol,
Dar ndóigh, ní bhainfeá díom mo chóta!



Dá mbainfeá-sa díom cíúdach mo choim
Mar gheall ar an digh seo do dh'ólas,
Thiocfadh buairt lena linn, uabhar mór agus léan -
Agus chun difir ní raghainn go deo leat!



Súd í sláinte an fhir den bhfíon agus den bhraich -
Méadaíonn sí flaith na feola!
Agus sláinte an fhir do shuífeadh síos lem' dheas
Agus do ghlaofadh ar an gcárt go súgach!



Ach is béas é atá aige mná bheith ag ceisneamh go bráth
Agus bheith ag tarraingt cailce breá ar chúntar -
A dhuine, créad ba phráinn bheith ag áireamh gach cáirt,
Ach é a tharraingt ar an gclár gan chúntas!"



"A bhuachaill ó mo chroí, tá an bhraich agus hop go daor;
An tomhasaí seo in aghaidh gach mí gan chairde;
Cíos an tí a bhfuil mé ann, an tine, agus an leann -
Cé gur mór iad agam le háireamh!



Tá an buachaill fós gan díol, agus cailín comhadta an tí,
An brush, an scuab, agus na srathacha -
Agus anois fiafraim díot créad do dhíolfadh na huile ní
Dá dtabharfainn duit mo chuid dí ar cairde?"


L. 42



AN BATA DRAIGHIN ÉILLE



Liam Ó Slatara



Is mithid dom trácht gan spás ar mhaithibh an draighin,
Nó gad é an chor do tharlainn Seán leis an ngas ar an choill?
Ba é siúd an cána a bhí aige Páras i gcogadh na Traoi -
Is le taitneamh dá scáil 'fuair páirt agus cumann ó mhnaoi.



Is gas den draighean cumhra é do tháinig chugham féin tar lear;
Is bata é nár thréig mé ar aon sórt imirt ná cath -
Ní raibh cnapán ná géag air, éillín sceiche ná clais,
Ach slis agus dhá fhaobhar, agus é déanta ar foirm cutlash.



Aige séipéal an Mhuilinn bhí mé tuirseach agus tráithlag go leor,
Ó chailleas mochána aige Tábhairne an Droichid agus mé ag ól -
Go mb'fhearr é lá práinneach i gcarnadh chogadh na gcliar
Ná an staf a bhí aige Pádraig i gclár geal Banban thiar.




Seal tráth do bhíos-sa oíche dhorcha dhubh
Ar aistear thar tír úd im' aonar - agus ba mhinic mar sin -
Cé gur dorcha a bhí an draoib, ón draighean ghabhainn solas chun rith,
Agus ní chreidfinn ón tsaol nárbh í siúd an mhaidin 'bhí agam!



Ar mo ghóil soir an bóthar agus mo sheod agam in mo láimh
I gCorcaigh ná in Eochaill ní fheochann ar mo choimhdeacht agam;
Nuair a théim go tigh an óil mar a mbíonn cogar ar iomarca dí . . .
Agus le heagla an draighin ó chroí go maithfidís dom!



Dá 'neosfainn mé fhéin fios tréithre an bhata úd dóibh,
Pé i gCorcaigh ná i gClár im' aonar - agus ba mhinic é sin -
Nuair a thagaim chun cláir gan fáil ar choinneal agam
Beirim ar an draighean mar sholas go gcaithfinn mo chuid!


L. 43


Níor scolb den bhfraoch é, ná craobh den chuileann cas crua,
Do goideadh uaim féin, ach gléas mo choinnithe suas -
Mo bhata draighean éille a bhí éadrom innealta suairc!
Agus an té a ghoid é uaim fhéin ná déanadh sé codladh go suain!



Do shiúil mé Sliabh Díle agus gach díonbhaile, currach, agus gleann,
Tigh na Naoi Míle mar do bhíodh againn sult agus greann;
Ó Meachair bhí taobh liom - ós é a líonadh an gloine nár ghann -
Is go dtug mé lá agus oíche go haoibhinn ar Shliabh na mBan Fionn.



Do shiúlas Crois Phádraig, Gleann Áthais - níor stadas mo shiúl -
Ag lorg mo chána agus dá dheamhan pioc de a bhí ann,
Nó go labhradh liom an bhruinneall go seimint i dteanga cheart fíor:
"Aige tigh reachtaire an droichid in ionad fá leaba gheobhair í!"



Ar m'aistear lá agus oíche agus é néalta dorcha dubh,
Ó Chorcaigh go Scríob ní raibh mise salach ná fliuch -
Cé gur dorcha a bhí an oíche, ón draighean bhí solas ar los,
Agus ní chreidfinn ón saol nárbh é siúd an mhaidin 'bhí agam!



Do shiúlas Gleann Phádraig, Gleann Átrais, agus gleannta ná dúras;
Is ní stad mé 'en stáir úd nó go dtáineas thar Siúir
Go Cill Chaise bhreá álainn, agus ag an nGráig níor stadas mo
shiúl,
Is níor stadas den stáir úd gur chuaigh mé go Droichead Uí Bhriúin!



"Fóill, fóill", deir Liam, "is i mbliana atá an stoirm ag teacht -
Cuartaigh go doimhin as diaidh shliocht Chalvin na gcleas;
Nó an féidir gur chun Seoirse thar bóch-linn a goideadh an tslat
Chun é a bheith ag cosaint Hanover ó fhórsaí Feilim Ó Flann?"


L. 44



AN SPAILPÍN FÁNACH



Is buachaillín óg mé aneas ó Mhalla -
Fíodóir blasta sásta -
Do lámhfainn spól go cruinn ar anairt,
Is d'fhífinn sac nó mála!
Do dhéanfainn romhar i measc na bhfeara
Lá breá earraigh i Márta
Nó gur rioth mé ón namhaid seo im' dhiaidh le sealaibh -
Agus rinneadh díom Spailpín Fánach!



Go Gleann na Séad ar uair an lae
Is ea do chuas fí dhéin mo shláinte -
Mar a raibh ann caortha agus úlla ar ghéaga
Agus mil ina slaoda ar bhánta -
Do ghlan an spéir is do labhair na héin,
Is do bhí an abhainn ina caortha lána,
Is do spalp an ghréin do bhí seal fé chiach,
Agus d'éirigh na héisc ina dtáinrith!



Buachaillín óg gan pósadh mise -
Bígí ar thuairisc mná dhom!
Do dhéanfainn bualadh, buaint, nó racadh,
Agus is deas do dhéanfainn stáca!
Dhéanfainn líon tuirne mín nó garbh
Do shníomhfadh number nought duit,
Nó i ngabhal an chéachta as diaidh na gcapall
Ag réabadh cnoic nó bánta!



Is minic mo thriall go Cluain gheal Meala,
Is as súd go cé Phort Láirge;
Go Carraig na Siúire is minic mo tharraingt,
Is as sin go tigh an tábhairne!
Glacfaidh mé comhairle is raghaidh mé abhaile,
Agus cloífead seal lem' mháithrín;
Is faid a mhairfidh mé aríst ní ghlaofar m'ainm -
Insa tír seo im' Spailpín Fánach!


L. 45


Buachaillín éadrom aerach mise -
Do bhréagfainn bruinneall sásta!
Bíonn bean agus céad díobh ag éad is in iomaidh
Trí éagainnín chumainn ghrá bháin!
Is é a dúirt an léibis de mhéirleach caille
Ná béarfainn seal thar táirseach:
"Go your way, thá do chéile insa bhaile [']
And behave you, Spailpín Fánach!"



Is tuirseach is is tréithlag 'táim le sealaibh
Agus m'intinn imithe ar fán uaim -
Ba shia liom oíche in tigh gan charaid
Ná bliain is seacht dtrí ráithe!
Ag romhar an trinse a bhím ó mhaidin
Nó gur chuaigh an ghrian chun árais -
Is é mo chumha mar fuair mé riamh an ghairm
Bheith am' ghlaoch "an Spailpín Fánach"!



Go Callainn seo thíos aríst ní riothfad
Im' scaoinse ar leataoibh sráide,
Ar mhargadh na saoire im' shuí cois balla
Ag díol trí chuid dem' shláinte!
Glacfaidh mise fees ó Rí na Croppies,
Cleath is pike ann sáite -
Is 'á dtiocfadh na Francaigh chughainn thar caladh
Sin cabhair aige an Spailpín Fánach!


L. 46



MAIGH CHOLPA



Thá Maigh Cholpa go brothallach, agus cosaint air ó chuanta,
Fascadh ón ngaoith aduaidh agus taitneamh mór ón ghréin;
Thá caisleán láidir daingean ann, agus bláth ó chrannaibh úlla ann,
Muileann ag meilt plúir ann, agus sruth in imeall sléibhe;
Thá ionad fá theach tiarna agus 'á n-abrainn fós iarla,
Fáilte is fichid céad fear 'á dtiocfadh insa ló;
Thá mórán daoine uaisle chun suain mar a mheasaimse,
Agus fíonta á scaoileadh mar uisce ar a ghleann.



Thá an cáiréad ann gan amhras, agus an ramhar-mheacan ag
fás ann,
Silín agus áirne, pluma, agus an t-úll;
Thá crann den dair ag fás ann is áille 'á bhfacais riamh,
Fuinseog gheal gach lá ann, agus liomhán ann chun boird;
Thá an puins sin ann is an baraille, an fonsa is clár um eadra,
An chathaoir ghléasta tharraingthe aíge an séimhfhear insa ród;
Thá beech ann chun cártaí, agus caorthann breá caithiseach,
Agus saghdar ins na walkaibh gach lá againn chun óil.



Thá insí breátha agus páirceanna glasa ann,
Iothlainn faoi stácaí, agus lán macha bó;
Thá kennel agus yard ann, agus stáblaí lán eachanna,
Póna daingean láidir ann, agus an chearda, dar ndóigh!
Thá an searrach meidhreach magaidh ann, agus an t-uan ag
rince ar maidin ann,
Agus an chuaichín i mbarr cranna ann ó oíche go ló;
Thá an traonach go ceolmhar is an smóilín á fhreagairt ann,
Is an tíosach ina shuí istigh ag líonadh ís ag ól!


L. 47



MAIDIN AOIBHINN ÁLAINN . . ,



Maidin aoibhinn álainn ar bharr Prospecta dúinn
Is mé ag féachaint ó ghleann álainn go bán-loch an ghrinn
Mar a mbíodh an bradán feá ann, is an breac ag éirí in airde,
Is gach iasc eile 'á áilleacht á ghabháilt insa linn:
Bíonn ór ann is pláta, bíonn ómar ann is marble,
An t-úll agus an t-áirne is na plumanna lena dtaoibh,
Bíonn ceol aiges na báid ann is rua-phoic dá gcnámhthairt -
Is is dóigh liom go mb'fhearr sin ná an Cnoicín Fraoigh!



A ainnir chiúintais mhánla, gur thugas searc is grá dhuit;
Do bhronnfainn ort an t-áitreabh is áille insa ríocht,
Do shiúlfainn Inis Fáil leat, do raghainn go dtí an Fhrainc nó an
Spáinn leat,
Is ní stadfainn leat ón stáir sin go bán-loch an ghrinn!
Chaithfinn seal den lá leat in imeall coille fásach
Ag fiafraí ar na báid úd go bhfille siad aríst,
Is ní bheinn ag rioth le deástacht i gcoinne faille in aírde -
Is go dtuirseodh sé mo ghrá geal insa Chnoicín Fraoigh!



Is áit é i bhfad ó phléisiúr, ó mhargadh ná aonach,
Ná Aifreann do dh'éisteacht an Cnoicín Fraoigh;
Tír i bhfad ó aoinne in gleannta dubha gan subhaiche,
Mara dtiocfadh aoirí sléibhe ann nó fialfhear ón tír.
Ní fheiceann siad súd aon ní ó bheirtear iad ina n-éagainn,
Is ba bhinne leo an naoscach ná ceol circe fraoigh -
Agus is é a deir na húdair léannta gurb é ceol is binne ar shléibhtibh
An t-uan i mbun na caorach nó an bhó ag breith an laoigh.


L. 48


Bíonn im ann is leamhnacht, saillmholta gan amhras,
Ar dhá thaobh 'en ghleann is i dteannta chnoic fraoigh;
Bíonn inse cois na habhann ann ina mbíonn na bric ag damhsa ann,
Coillte ina mbíonn ramharphoic gach am agus laoigh;
Bíonn an fíon agus an branda go haoibhinn gach am ann
Den gheimhreadh agus samhradh mar a thagann as an loing,
Is go molfainn an ball úd ar chaoinbhruinnealla ceansa
Ná mín-aiteann Francach ar an gCnoicín Fraoigh!



Tá lilies is roses le fáil ann, mil is céir ar bhánta,
Agus úlla bán' le fáil ann aige doras gach aon tí;
Bíonn fuaim na ngadhar os ard ann, cearca fraoigh ina dtáinte,
Is an ainnir chiúindeas mhánla inar thaithneamhach a gnaoi;
Bíonn an toradh bog ag fás ann, is an biolar glas fí bhláth ann,
An eala gheal ag snámh ann, is an carabuncle binn -
Is nuair a théimse go Cill Áirne bíonn fíon is puins ar clár ann,
Is plúr na mban mánla ar leaba liom chun luí.



Lá agus mé go huaigneach ar leataoibh na stuaice
Is mé ag féachaint siar ó thuaidh ar bhun an Dá Chích,
Mar do chloisfinn ceol na cuaiche is an néal ag teacht ón gcuan ann,
An breac ina luí go suanmhar agus foscadh aige ón tsíon;
Bíonn caoire agus uain ann, is laoigh aige buaibh ann,
Bean an tí stuama go socair ann ina suí
Is a cúl buí gruaige go tláth ar a guaille -
Is cé a dhéarfadh nárb uaisle sin ná an Cnoicín Fraoigh?


L. 49



MOLADH AR BHEAN RISTEAIRD UÍ DHÓNAILL



Tiobóid de Búrca



Raghaidh mé chun tigh an tábhairne, beidh giní óir im' láimh agam -
Ólfaidh mé do shláinte, is ní práinn dom níos mó!
Beidh filí ann is lucht dánta, údair ghasta i láthair
A shuífeadh leis an mbánchnis ab áille go deo -
Cosa, corp is áille, píp mar eala a shnámhfadh,
A braoithe tanaí sásta, a déada cailce cóir,
A malaí geala breátha do mheall an t-úll ó Pháras -
An fear a raibh sí i ndán dó, thá an t-ádh air go deo!



Thá ógfhear gasta taobh leat ar uaisle, flaithe, is ríthe,
A bhfuil coin is gadhair ina thimpeall, is é bruíonmhar go leor;
Is ard a chloisfí glao uaidh ar mhullaí cnoic nó sléibhte -
Thá an sionnach rua faoi shaothar is maolchoin ina dheoidh;
Thá an adharc go binn á séideadh - dar féin níor shásta ar aon chor -
An fiagaí mear is tréine i ndéidh súd sa ród!
Is 'á n-éireodh spórt an lae leo, go deo níor bhaol dom fhéineach
Gan puins a dh'fháil le taoscadh, is féarach dom' bhó.



Raghaidh mé fhéin, más féidir, go Baile Uí Néíll, má dh'fhéadaim,
Mar a bhfaighidh mé cabhair ón déa-bhean - is í céile Risteaird!
Is í cara geal mo chléibh í, is cabhair na mbocht a réiteach;
Is go mb'fhearr a cáil sa tsaol so ná céad bean le rá!
Mo dhóigh go mb'fhearr liom fhéineach - cé gur mór a gcuid den tsaol so -
Go mbeidís in fhochair Shéarlais aon uair bheag amháin,
Go dtiocfaidís go hÉirinn is go gcrothfaidís an tséan orainn:
Bheadh ár gcúntas déanta, cé gur déanach an tráth!


L. 50


Raghaidh mé fhéin cois tSiúire, a bhfuil an státbhean álainn
mhúinte,
Mar a bhfaighidh mé cabhair is cúnamh - gan amhras, mo bhó;
Tabharfaidh sí mé in seomra, is tabharfaidh sí beoir is leann dom;
Déarfaidh sí leo go múinte: "Give the poor man his cow!"
"Your nurse will excuse me, your love, she won't refuse me!" -
Is go léigeadar as an dúiche mé súgach go leor!
Shiúil mé fhéin na cuanta go dtánas go dtí an mBuaile -
Beidh againn baochas mór ar an mbean uasal go deo!



"A phlúr na mban is féile, clú agus ádh is séan ort!
Go mba fada buan do réimeas-sa, is gach aon bhean id' cháil!"
Thá a folt go talamh léithi go dualach creathach dréimreach;
Mar Jason's Fleece 'thá léite i's gach aon stair 'e ghnáth.
Thá na roisc mar dhrúcht na féile deise glaise maorgaí;
Mheall sí an t-éan is milse ina linn 'bheadh ar snámh;
Foghar a béil ag réiteach ceiste is breachta in aonacht -
Is dá siúlfainn féin an saol so níor léir liom a barr!
. . . . . . . . . . . . . . . . .
Iníon Mhuiris mhúinte ó chois tSiúire na mbád
A raibh cuid is maoin is . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . . . .
Thug sé suas dá chlann é ar uair a bháis.
Is é Risteard geal Ó Dónaill a fuair an chuid is mó dhe -
Go mba fada é ina chóistí ag dul ar cóisir gach lá!



Thá Piaras óg i bhforum go genteel ag dul ag foghlaim -
Is mór a charaid insa domhan so is a phower insa dlí;
Ní bhéarfadh tuile na habhann ar shruth gach baile dá ngabhann sé
Mar a bhfaigheadh sé bruinneall ansach le ceansacht a chloíomh!
. . . . . . . . . . . . . . . . . . .
. . . . . . . . . . . . . . . . . .
Is slán feasta libh gan amhras, a lánúin charthanach cheansach
Agus buan go maire úr gclann libh faoi ghreann insa tír!


L. 51



CILL CHAISE



Créad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? -
Tá deireadh na gcoillte ar lár?
Níl trácht ar thigh ná ar theaghlach,
Is ní bhuailfear an chling go brách;
Insa bhaile úd a chónaíodh an deighbhean
A fuair gairm is meidhir thar mhná -
A mbíodh iarlaí ag tarraingt fí mheidhir ann,
Agus an tAifreann binn dá rá.



Is é mo chreach ghéar is mo léanfairt
Do gheataí breá néata ar lár,
Agus d'avenue fada fí shaothar
Gan foscadh ar aon taobh de ag fás,
Ná do chúirt bhreá do shileadh an braon de,
Is do ghasra shéimh ar lár,
Is as leabhar na marbh do léimid
An tEaspag agus Lady Iveagh.



Ní chloisfear ceol lachan ná géanna ann,
Ná an fiolar ag déanamh faire ar chuan,
Ná an smóilín binn milis na gcraobh ann
Ar amharc an lae agus an Luain,
Ná fiú na beacha a dhéanfadh saothar
'Thugadh mil agus céir don slua,
Ná an chuaichín ar bharra na géige
Do chuirfeadh an saol chun suain.



Anois mar bharradh ar gach ní dhíobh
Chuaigh prionsa na nGael ar sáil,
Anonn le hainnir na míne
'Fuair gairm thar mhílte 'e mhná;
Is dubhach 'tá a cuallacht dá caoineadh -
A fhaigheadh airgead buí agus bán -
Is í nár bhain a raibh 'e sheilbh de bhaintreach,
Is í an cara na bhfíorbhochtán.


L. 51


Nuair a théann na poic fíos na sléibhte,
Agus na gadhair lena dtaobh is ina líon,
Féachann siad síos go léanmhar
Ar an mbaile a fuair sway in gach tír -
Tá an t-áitreabh greanta so réabtha
Gan foscadh ar aon taobh ón tsíon,
Tá an pháirc an paddock ina dairy
In áit an eilit ag déanamh a scíth'.



Tá ceo fí bhrataibh ón spéir ann,
Is a cuid uisce d'éalaigh ar trá,
Tá smúit ag titim ar chraobhacha ann
Ná glanann le gréin ná lá;
Níl coll ná cuileann ná craobh ann
Ach clocha agus maolchlaíocháin,
Is tá páircín na covers gan chraobh ann
Is do dh'imigh an game le fán.



Tá mo shúilse le Muire agus le hÍosa
Go bhfillfeadh sí aríst chughainn slán,
Go mbeadh rince fada ag góil thimpeall
Ceol fiddles is tintí cnámh,
Go dtógfaimist baile breá sinsir
I gCill Chaise seo thíos go hard -
Is go brách go dtiocfas an dílinn
Ní fheicfear aríst é ar lár!



CAOINEADH SHÉAMAIS UÍ CHEANRACHÁIN


L. 53


Is í an Inid is an Nollaig do chloig ar na haobha agam;
An darna Nollaig do mharaigh go héag mé;
An trígiú Nollaig do chuir barr ar mo scéalta -
Chaill mé mo chrann is mo chabhair ín éineacht!
Séamas donn an bhrollaigh ghil ná raibh ainimh sa saol air -
Is é Séamas 'ac Seáin an gháire ghléigil!



Is, a Shéamais deimhin, 'bhí grinneach scéaltach,
Bhí do chabhair insa lá ó tháinig aos duit!
I dtúis do mhaitheasa gearradh den saol tú!
Do cheann fionn - is a cheann geal-éadain -
Athair an tseisir, mo dhochar fé chré tú,
Agus ceann beag corra ina bhfochair ad' éileamh!



Preab id' sheasamh, cuir umat do chuid éadach;
Gabh chughat do fhuip, do choin, do chaol-each -
Tá na cnoic inniu ad' éileamh -
Carraig na bhFiach, Carraig Mhagh Cliara,
Carraig an tSamhaidh, Carraig na Néalta,
An Charraig Cham, is Carraigín Thirialaigh,
Carraig an Iomaire, is Carraig Ó Laoghaire!



.................
Os cionn Chuillinn, mar ba mhinic do ghlao ann;
Is é Teach na Naoi Míle ó bhliain Rí Séamas!
Is dealbh mo chuairt gach uair do théim ann -
Níl Séam ná Seán agam le glao ann;
Sconnaire an Chumair is ceann na céille
Do leagadh um Inid i gan fhios dá ghaolta!
B'fhearr don mbaile 'á maireadh le bheith aosta!
Cabhair na mbochtán - tuilleadh dá ndéarfainn -
Do bheadh agam mar theannta chun leann a ghlao ann!


L. 54


RAIDHRÍ ÁLAINN
Pádraig Ó Séasta



Trí seachtaine roimhe Féil Shain Eoin is mé go tláth ar mo leaba sínte
Is ea do dhearcas-sa mo mháithrín is í go cráite is ag síorghol:
"Éirigh id' shuí, a Phádraig, is cráite a bheas an croí agat
Trí bhás do dhriothár álainn do dh'fhág mé in Cnoc Bhuí anocht!"



"Fóill, fóill, ná himigh uaim go 'nisir brí do scéil dom,
Mar is olc a chuir tú i dtuiscint dom go b'fuil an sconnaire úd réidh liom!"
"Bean bhocht gan ghangair mé nár chleachtaigh riamh an t-éitheach -
Is aige Crosaire na bhFeadán a ghabhaigh Herbert buí dhe philéir air!"



Nuair do dh'éirigh mé ar maidin, is é m'aigne a bhí go tréithlag
Ag cuimhneamh ar an aisling do chealg ar na haobha agam;
Fuair mé fear cois leapa liom agus cathú scríofa ina éadan
Ag rá: "Mo chás go lá do bháis, mar tá do dhriotháir réidh leat!"



"Ór tháinig an scéal chomh gairid air is ná fuair sé ceart na cléire,
Cár chuaigh an t-anam bocht ó scar sé leis an saol so?"
"Fear é a bhí carthanach bog-aigeantach is déarcach,
Agus chuaigh sé suas go Parthas i measc na n-aingeal naofa!"



Níor shroicheamair an tSeana-Choill go headracht an lae úd -
Is ann do fuaireas an sconnaire is é caite ar shop féir ann;
Ní raibh aoinne beo a bhainfeadh leis chun é a chanadh ná a ghléasadh
Ach saighdiúirí ó Shasana is a mbayonets ar gach taobh díobh!


L. 55


Do dhruideas leis an oifigeach is labhras-sa go séimh leis:
"Créad a rinn an cholainn bhocht ná bainfí dhe a chuid éadaigh?"
Is tapa do fuaireas freagra - nár dhealbh dubhach an scéal é? -
Ná ligfí méar a leagaint air go dtiocfadh na cróinéirí!



Is é a deir a chéile leapa leis: "Ní liúfad is ní bhéicfead!"
Ní fheicim aoinne beo dá mbaineann leis ag teacht anois dá éileamh!
Cúis mhaith, trí fhearg go b'fuil an anachain seo déanta -
A chuid feara dubh faoi ghlasaibh is iad ceangailte le téadaibh!



Ba mhaith é a chúnamh ar iomaire, is ba dheas í a ghlún ar stáca,
Do thógfadh sé na titheacha óna mbun go dtína mbarr suas!
'Á fheabhas do mholaim é, is deacair gan é do cháineadh -
Gur rinn sé pósadh scanallach 'thug tarcaisne dá chairde!



Dá mbeinnse is Raidhrí álainn lá mar do bhímist
Do bhuailfeadh sé smiotán orthu do dh'fhágfadh insa díog iad!
Ní bheadh pátrún ná aonach ná aon áit dá raghadh sé
Ná déanfadh Raidhrí álainn cadás lena dhraighean díobh!



A bhuachaillí na n-anamann, glacaigí an réiteach -
Fan go mbeas an fómhar bainte againn is ár ngnóthaí déanta,
Go bhfadós an oíche arís, a bhuachaillí gléigeal',
Is bainfimid sásamh díobh in Raidhrí Ó Séasta!


L. 56


CAOINEADH AN ATHAR LIAM UÍ MHAOLALAIGH



Seán Ó Doinn



Don scéal úd ró-léanmhar níor ghéilleas ar dtúis
Go raibh tú linn scartha, a shagairt a rúin!
Shíleas go mba slán tú i mbanraigh do thréid -
Ach is meallta gach tuairim ar bhuanacht ár saol!



Ba láidir mo dhóchas go mb'fhada í do bheatha
Ag moladh is ag adhradh do Shlánaitheoir bheannaithe,
Is gníomhartha na trócaire le dianghrá ag déanamh,
Mar ba dhual duit ód' shinsir, a shagairt na féile!



Tá óg agus aosta id' dhiaidhse go cráite,
Is íseal is uasal in Eanaigh Mhic Chárthaigh;
Do dhúthracht, do dhílseacht do thír ghlas, do dhúchas,
Is don Eaglais fíornaofa, níor sáraíodh sa deosais!



Ba sármhaith do mhéine, do shuáilceas, do chló,
Mar sheoid álainn soilseach i ngleann aoibhinn ceoch!
Is díth leis an gcléir tú, is le héigse go fíor,
Is le hArd-Easpag Chaisil athá molta in gach tír.



A Rí shlua Iosrael do threascair a namhaid,
Féach ar na Gaelaibh - go mba trua leat ár gcúis!
Ár lóchrainn ag múchadh ar ardaibh gach triúch,
Ár dteanntaí ag titim, is sinne fá smúid!



Ba léan liom do shochraid, mo ghéar-chreach, mo bhrón,
Is le daoine Dhún Eochaille a bhí ag sileadh na súl;
Thá pobal gach paráiste ag cuir slán leat san úir,
Is Tiobraid Árann tríd' bhás-sa go dubhach!


L. 57


Do dhearcas tú in taibhreamh roimh mhí seo na Samhn'
Ag plé dhúinn ár gcearta i measc éigse is ollún;
In do theaghlach ina dhiaidh sin ba séiseach, ba chiúin
Ag léamh na sean-údar i mbrollach na Mumhan.



Ba mhinic do pheanna go luaimneach faoid' mhéar,
Do dheora ag sileadh mar dhrúcht ar an bhféar -
Thá an seanstoc dá ruagadh ag géarchoin an fhill,
Is do mhéar is do theanga, mo chumha, insa chill!



Bhí do shinsear go réimiúil i gContae na Gaillimh'
Suil do ráinig Rí Séamas gan éifeacht thar caladh -
Ba dhíleas dhó na huaisle de thréanfhuil Mhaolalaigh
Nár thréig an Sáirséalach in Eachdhroim Uí Cheallaigh.



Thá archra dubh gréine ar an Chaoimneach ina luí,
Is plúrscoth do ghaolta i ndorchadas ag caoi;
Níl taitneamh ga gréine ar Shliabh na mBan Fionn,
Is thá na táinte ag cuir slán leat i Muileann na hUamhan.



Céad slán leat insa talamh, a shagairt a rúin,
Beidh trácht ar do thréithe go bráth insa Mhumhain -
Mar chléir na sean-aimsir', na tréanfhir, na leoin
Arbh ansa leo Gaeil bhocht ná méithphoic an domhain!



Is iomdha Nollaig naofa a chaith tú ins an Eaglais!
Nollaig na soilse go meadhrach i bParthas,
Is coróin ón Rí ghlórmhar - luaíocht saothair dea-bheatha -
Mar iarsma i dtúis bliana go bhfaighe tú ins na Flaithis!


L. 58


MÁIRE NÍ DHUINNSHLÉIBHHE



A Mháire Ní Dhuinnsbléibhe, go n-imrí Dia ort!
Bascadh ón Phápa is ár ó Chríost ort!
Flaitheas na ngrás go bráth ort díolta -
Striapach choiteann a chlog ar na mílte -
Is go scríobha an diabhal "mittimus" go hifreann síos leat!



A mhná óga is a mhná na gcarad,
Féachaigí suas is buailigí úr mbasa;
Is féachaigí suas ar an sochraid dearg -
An mheá go díreach is í ina seasamh,
Father Sheehy ina barra -
Is, ó, a dhea-dhaoine, guigí ar a anam!


L. 59


CÚIRT AN FHAOITIGH



Tiobóid de Búrca



Bhí mé i gCluain Meala, agus chonaic mé aeradh ann
Ag an dá chreideamh do bhí ag cuir ar a chéile!
Dar mo bhasa, fuair mé boladh ró-bhréan ann
Idir Perry agus cuid eile 'á ghaolta!



Séamas Long, do bheirimse an chraobh duit,
Bráthair an Diúca, agus a phlúr scoth Bhuiltéarach!
Is agatsa a bhí an caraid b'fhearr 'bhí in Éirinn -
Is má chuaigh tú insa mbarra, ar mh'anam níor bhaol duit!



Gorta chughatsa, a Pherry, 'dén ní is dóigh leat?
Is gur bás ar a chac a fuair d'athair romhatsa!
Má maraíodh do dhailtín, dar Laichtín, ba chóir sin
'Chionn dul in iomaidh le huaisle Chríoch Fódla!



A Chúirt an Fhaoitigh, bí go dána -
Coinnigh do chreideamh agus beannaigh don Phápa!
Dhá dhiabhal Sacsanach buí gránna
Fá chionn tamaill caithfeas bheith láimh leat!


L. 60


AMHRÁN AN BHROMAIGH



Tomás Ó Muirithe



LEAGAN Uí BHRAONÁIN



'Á mairfeadh mo mháthair is í a bheadh go cásmhar
Tríos an gcartadh agus an carnadh do fuair mé ansin -
Am' rúscadh le cána ó bhaitheas go sála,
Agus gach alt ar mo chnámhanna chomh dubh leis an ink!
Mar is mise a bhí im' drawer acu, do ghlaoidís go hard orm:
Do dheinidíst ábhacht dom, greann agus sult;
Is ar líonadh na cáirte is ea a bhí mé liostáilte -
Agus, a chomharsa na n-árann, deamhan amhras air sin!



Níorbh fhada go bhfaca mé gunna ar mo bhaclainn,
Shoulder-belt tharm agus pouch ar mo chrios,
Mo hammerín leagtha anuas ar mo chreasa agam
Chun primint do chaitheamh leo siar go dtí an bun;
Bhí coca ar mo chnaipe agam, sling ar mo chanister;
Is cúng do bhí glas agam, steel agus flint;
Bhí trí coic im' hata agam, feirc agus maig orm,
Agus lámh ar mo bheaignit thiar ar mo hip!



Ins na West Indies a crádh mé agus a chaill mé mo shláinte
Ag siúl failltreacha fásach, coillte arda, agus cnoic;
Na mílte agus na táinte á dtreascairt im' láthair
Is gan aon duine ag amhradh, ag gáire ná ag gol!
Do thug mé naoi n-oíche gan slim ar mo thaobh dheas
Ag lámhach púdair agus piléar, agus na spéireacha ar crioth!
Ní bhíodh paidir ná cré againn, ach 'blood-a-nouns' agus caortha
Is gan smaoineamh ar naofacht, ach faobhar agus fuil!


L. 61


Agus nuair do chaill mé mo shláinte is ea a dúirt liom an sergeant:
"Come, give up your arms, your pouch and your belt!
You are no good for service - go home to your parents!"
Is mise a bhí lán-sásta 'á bhfágfaí mé im' gheilt!
Do sheasas an pointe go ngabhas leo thar taoide -
Ansúd do bhí cnoimheascar, agus dhoirtidís fuil
Ar picéad agus ar garda bhíodh pianta in mo chnámhanna -
Tá péirse den ádh orm agus iad d'fhágain ansin!



Agus nuair do chuaigh mé go Londain bhí cúirt aige méithphoic -
Na generals agus majors agus maortha chun cirt -
Is é a dúirt Rudaire na Comhairle pension do thabhairt dom:
"For he is a wild sportsman - I know by his look!"
Im' sportsman do bhí mé, fear grinn ar gach campa acu
Ag séideadh mná Gallda le hanlann mo choirp;
Bhí drumaí lem' shála, hautboys agus French horns;
Mo ghunna in mo láimh agam agus mé ag lámhach na bhfear dubh!



An uair 'scríobhadh an discharge liom is ea do-bhí mo chroí ag gáire;
Agus isteach go tigh an tábhairne do ráinig liom dul -
Do bhí cuideachta mná agam, ós iad súd ba bh'fhearr liom,
Mo láimh fína mbráidibh, agus gur bhreá liom a gcroibh!
Do bhí muid ag góil dánta gur tháinig an oíche orainn -
Ar an leaba do shín mé agus do ghlaoigh mé ar mo mhiss -
Bhí ceol cruite agus rince againn, veidhlín agus píopairí,
Gan dada a bheith ar sceim orm ach smaoineamh ar punch!



Do thriall mé as Éire lem' ábhar féineach,
Is do chuaigh mé im' aonar in tíortha thar lear
Mar a mbíodh na niggers gan snáithe den éadach -
Is mo chroí ná téifeadh le haon duine den dath!
Bhínnse im' stéig bhocht le teas na gréine
Ag séideadh piléar dhíom lem' namhaid ó dheas -
Agus tar éis gach aon ní thug Dia saor mé
Aríst go hÉire, mo dhúchas ceart!


L. 62



LEAGAN UÍ DHOINN



Le líonadh na cáirte is ea a bhí mé liostáilte,
Is, a chomharsa na n-árann, níl amhras air sin!
Is é a deireadh mo chairde a bhí ag imeacht led' ábhar -
Is mar do bhí mé riamh dána ní dh'fhágfainn an toirt -
Go ndeaghas-sa thar tír mar a mbíodh ár agus uailleadh,
An deatach am' chaochadh, is allas trí fuil!
Bhíodh na mílte is na táinte á dtreascairt im' láthair,
Is gan aoinne d'ár dtréinfhir ag gáire ná ag gol!



Ins na West Indies do crádh mé is leonadh mo shláinte
Ag siúl coillte fiain, fána, binn ard, agus cnoic,
Mar a mbeadh drumaí lem' shála, hautboys is French horns -
Mo ghunna in mo láimh agam is mé ag lámhach na bhfear dubh.
Bhí mé naoi n-oíche gan síneadh ar mo thaobh dheas
Ach ag lámhach púdair is piléar, is na spéartha ar crith -
Ní bhíodh paidir ná cré againn, ach "blood-a-noonkers" is caorthainn;
Gan smaoineamh ar naomh ann, ach faobhar agus fuil!



Nuair do scríobhadh mo discharge, ar mo chroí istigh bhí an t-áthas;
Ba righin réidh an t-árthach dá luascadh ag an ngaoith -
Mo chúl le Jamaica, is mé ag smaoineamh ar Éire,
Ar Challainn an aonaigh agus Baile an Gharraí!
Nuair a chuaigh mé go Londain bhí cúirt ag méithphoic orm -
Aige general is maor am' ghlao-sa chun cirt;
Is é a dúirt Ridire na Cúirte pension a thabhairt domhsa:
"For he is a sportsman - I know by his look!"


L. 63



AR SHLIABH NA mBAN



Ar Shliabh na mBan an lá úd, mo chráiteacht, ba dhubhach ár scéal -
Ins na carraigí dá gcarnadh, is a lán againn ag luí insa bhfraoch;
Ins na carraigí dá gcarnadh, is a lán againn ag luí insa bhfraoch;
Is ní stadamair den stáir úd go dtáineamair go Coill an tSléibhe.



Gheobhadh Captaen Paor an lá úd stát dúinn is talamh shaor
Ach claíomh a thabhairt inár láimh dúinn neamhspleách le Gall nó Gael;
Claíomh a thabhairt inár láimh dúinn neamhspleách le Gall nó Gael;
Mo chreach, ní mar sin atá, 'tharla dhos na cnú a bheith caoch!


L. 64



AMHRÁN CARABHATAÍ



Séamas Ó Lanagáin



Lá aonach na Nollag is ea ba atuirseach brón ár scéal
Aige Rianaigh á leagan agus treascartha i meán an lae,
Aige an Hillach nár mheata agus an Códaigh go mb'ard uaidh léim
Aige hAllúrán fada agus scafaire dhe mhuintir Néill!



Agus ní áirím na fearaibh ar eagla an power an dlí -
Gach ógánach ceannasach carnach grámhar díobh
Ós iad a chuirfeadh Peadar agus mórán dá chórtha i gcrích -
Agus garda rí Shacsan ní bhainfeadh sé an tsráid seo dhínn!



Agus, A Phaid Bháin, mo chara, go mba fada do réim sa tír!
Nára thaise aige Meachair, faraire láidir groí,
Agus an Muineogach ina n-aice - níorbh ainnis é an lá úd sa ngníomh -
Ag rúscadh na mbacach agus á leagan ar lár sa draoib!



Ó cheantar Chluain Meala is ea a tháinig gach sárfhear groí -
Murchú agus Landers agus Hanly ba áille gníomh;
Do shiúlamar Caiseal, Cluain Meala, agus bóithre an Rí;
Agus ar casadh dos na Carabhataí is ea a ghlanadh an tsráid seo thíos!



Comhairle a bhéarfainn féin duit, mo chumann agus cairdeas Críost,
A mhic an deigh-athar agus na mná breá maisí,
A mbíodh leann, punch, agus beoir ar úr mbordaibh á spreagadh -
Agus ná bígí ag geogacht leis an chór seo aige Peadar!


L. 65



A BHUACHAILLÍ CHROÍ.



Micheál Ó Laithearta.



A bhuachaillí chroí, ná bígí i bhfeirg liom
Trí sibh do spreagain de ráití béil;
Agus do dtagann osna in mo chroí nuair a chím ná leanann sibh
An tslí úd a ceapadh chun grásta Dé,
Ach ag imeacht le baois ag déanamh aimhleas úr n-anamann
Mar a bheadh dail gan radharc ar mearbhall!
Geallaimse dhíbh go b'fuil úr naimhde ag magadh fúibh -
Táimse im' chodladh, nó is fíor mo scél!



Is é eagla Dé agus riail an Aifrinn
'Réir mar mheasaim is fearr chun Dé,
Agus ní ag dul go dtí an aonach ag déanamh an achrainn,
Ar thuar chun spairne ar Chlár Uí Néill!
Nach dealbh an scéal é a bheith á léamh aige Galla-phoic
Gurb iad clanna Gael 'tá ag déanamh an achrainn,
Ag feilleadh ar a chéile ar gach taobh trí ana-cheart -
Vest agus carabhat créin gan scéimh!



A dhuine gan mheabhair 'tá ag labhairt chomh ceannasach
Teann gan eagla aon áit sa tsaol,
Cuimhnigh feasta ar an am nach cabhair duit carabhat
Lom, ná seana-vest buí gan scéimh!
Sid iad an dá bhall 'chuir úr gceann fí tharcaisne -
Clanna na nGall i gciumhnais gach baile agaibh!
Is baolach liom gur gann sibh eatarthu -
Táimse im' chodladh, nó is fíor mo scéal!


L. 66


Is fada atá an fhuaim seo ag gluaisebcht eadrainn -
Tuar chun spairne ar Chlár Uí Néill -
A bhfuil ó Chaiseal go Tuamhain is go bruach na farraige
Uabhar agus scanall agus cáineadh ar Ghaeil!
Tá siosma ró-mhór insa chom so in aice anois -
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn
Ag sileadh na súl ag tabhairt comhairle úr leasa dhíbh -
Táimse im' chodladh, nó is fíor mo scéal!



Má tá sibh astray is é a déarfainnse feasta libh:
Glacaigí go fairsing ar ghrásta Dé,
Ag maitheamh do chéile agus ag géilleadh don Eaglais,
Ós é ba thaithneamhach i láthair Dé;
Bígí grách séimh inúr gcroí agus inúr n-aigne,
Ag dul lena chéile ag éisteacht an Aifrinn -
Agus go mbronnfadh Mac Dé insa tsaol so an rath oraibh
Agus ríocht na bhflaitheas - is é brí mo scéil!



Is iontach liom ná múineann dada sibh -
Comhairle an tsagairt ná cúrsaí an tsaoil!
Cá bhfuil úr dteann i gcúirt ná i gcoiste
Chun úr gcúis do thagairt nó úr gcúis do phlé?
Ná feiceann sibh romhaibh úr gcomharsa ceangailte
Fí ghlasaibh go dlúth, gan súil le casadh chughaibh!
Bubaí le Bubaibh ag súil le caradas -
Táimse im' chodladh, nó is fíor mo scéal!



In ainm Mhic Dé bhéarfainnse teagasc díbh
Comhairle úr leasa, 'á mb'fhearr libh é:
Stad feasta de scléip agus réabadh na n-aitheanta -
Is baol díbh eascaine agus cáim ón gcléir -
Glacaigí céill agus déanaigí marnadh;
Ná feiceann sibh féin an saol so ar lasadh agaibh?
Ag treascairt a chéile lá aonaigh agus margaidh -
Táimse im' chodladh, nó is fíor mo scéal!



<L 67>
Iarraimse ar Íosa Críost do cheannaigh sinn
An draíocht so do scaipeadh go bráthach de Ghaeil;
Agus go mbeadh clanna Míleadh arís fí ghradam
Insa tír seo bharrfhionn go hard fí réim;
Go bhfeícfinn gach aon agaibh ar aontoil aigne
I bhfochair a chéile ag éisteacht an Aifrinn;
Agus go mbronnfadh Mac Dé insa tsaol seo an rath oraibh,
Agus ríocht na bhflaitheas - is é críoch mo scéil!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services