1. Éirinn a Rúin
Uch! a Éirinn a rúin, a thír dhúchais mo chairde,
Nach dúchroíoch tréithlag gach ló
Mé 'smaoineamh gach aoibhneas a chínn san áit sin,
Faoi dhídean na gcoillte breátha cnó;
Fuaim an mhacalla agus fead na bhfear fiaigh,
Ag ruagadh an torc alla, an chú mara 's an ghearrfhiaidh,
Is an uaisle ba chrua calma dá bhfaca duine riamh
Ar na heachraí dá riaradh sa tóir!
Tá na huile threise bhuaidhe dár luaidheadh sa tsaol so,
In Éirinn na naomh is na n-ord,
Le calaidheacha is cuantaí is fuaruisce ar shléibhte,
Is mianach an iarainn 's an óir.
I gcreideamh b'í ba saibhre de gach réagún is críoch,
Ó éirí na gréine go dtéid sí 'na luí,
Le fíontaí geala Gréagach' agus roghnaí gach bídh,
Ag clann Mhílidh na ngéarlann ar bord.
Le gaisce thug sí an bhuaidh i ngach ruathar is bruíon,
Ó gach tír dá bhfuair slí theacht dá coir,
Le misneach a cuid uachtarán 's a n-uaisle glan líofa,
Is gach fíorfhuil dár éirigh den bpór.
Níl laochra dá chalma dár ghabh calaidh sa gcríoch,
Gé go scoiltfeadh tonna farraige le meanmna is brí,
Nár thit le lámha armúil na bhfearaibh nach raibh maoth
Ach i gcroí a bhí fíorcheart is cóir.
Is iomdha sin buaidh nach luaitear ag Éilge,
Is nár smaoineadh a mhíniú go fóill:
Mar tá, greadhan ag buachaillí is suáilce na maighdean,
Agus aoibhneas gach siansa den gceol.
Thig mil bheach is uachtar anuas san oích',
Ar chuiseogaí's ar luachair mar dhriúcht ar gach dlaoi
De luibheanna nár buaileadh le tuarghnadh gaoth,
'S ar an bhfraoch ann bíonn fíon agus beoir.
Ó! is má bheir tú amharc uait fá chuantaí na hÉireann,
chífidh tú aoibhneas is só;
Ach toisigh ag Cuailnge is téigh suas go Binn Éadair,
Is más mian leat déan scíth lá nó dhó;
Téigh thart le bruach Loch Garman is ná dearmad an Mhí,
Cuantaí Phort Láirge is Ceann tSáile na rí,
Is má ghnídhir beidh tú sásta gach lá de do shaol
Gurb í an bhánfhlaith seo bantracht na n-ord.
Má thig tú go Cruach Phádraig fan dhá lá nó thrí ann
Ag an tsíogaí is caoimhiúla glór,
Mar a bhfeicfidh tú na bádaí 's iad lán de na hiascaibh,
Is roghnaí gach bídh ar an mbord.
chífidh tú an leaba a raibh Mac Alphrainn ina luí,
Ag guí ar an Ardrí, is gan áras ón ngaoith,
Ó! is iomdha duine cráifeach le fáil ann go fíor,
Gé gur díbreadh na mílte den tsórt.
Ach tráth thig tú go críoch Uladh mar a bhfuil ollaimh is draoithe,
Filí is lucht fírcheartú ceoil,
Gheobhaidh tusa as na háille do shásamh den íce,
A aiseagfas do bhrí mar is cóir.
Tá tiobraid na Naoi nÁille ann, i gceartlár na crích',
Mar a dtigeann siad na baird le go bhfaigheann siad a mbrí,
Is an t-uisce a chuir an tArdrí le fánaí an tsruth sí,
'S gurb ag Ultaigh atá sé gan ghó.
An uair chríochnós tú do thuras i gcríoch Uladh beidh tú sáraith'
'S tú ag smaoineamh ar aoibhneas na ló
A bhí curaidhaibh na Craoibhe Rua ag tabhairt bua ó na náisiúin,
In uachtar i ngach guais agus gleo.
Déara tusa liomsa gurb iomrá a bhí fíor,
Gurb í Uladh a chuir an báire ar gach áird thoir is thiar,
Le curaidhibh is le baird, i ngach táin cogadh 's gliadh
'S nach bhfuil cuimsiú lena muintir go fóill.
Tá go cinnte le fáil an fhuil ard a bhí in Éirinn,
Fá chuasáin na sléibhte i ngach cró:
Ó Raghallaigh na n-each ard, clann Chatháin is Ó Néill ann,
Mic Suibhne is Ó Domhnaill go leor,
Ó Ruarcaigh is Ó Réagáin a raibh Tadhg an Chogaidh díobh,
Is na mílte de chlann Chléirigh mar aon le Mac Aoidh,
Is ní hionadh liomsa an chéim is an chraobh a bheith choích'
Le sliocht Ír a bhí fíorcheart ina ló.
2. Ar Thargair Cholmcille mhic Feilim.
Targair fhíor a rinne na naoimh
San oileán so ar iarsma Gaelaibh,
Sul fa raibh smaoineamh go dtiocfadh choích'
Milleadh nó díth go hÉirinn -
Bhí Colmcille dá scríobh ar mheamram gan scíth,
Is dá dhearbhú síos i bhéarsaí,
Go dtiocfadh an scaoi a shladfadh an chríoch,
Mar scriosadh an Traoi fá mhéirdrigh.
Dúirt sé arís an tráth thiocfadh so i gcrích,
Go mbeadh earráid i slí na cléire,
Murarbh é toil an Rí an cogal so a chloí,
Is a phiocadh ó thaoibh na déise.
Sé 'ní adúirt an tArdrí, ná cuiridh aird air,
Ach léigidh dóibh fás in éineacht
Nó go dtiocfaidh na Spáinnigh a scriosfas an phláigh,
Mar rinne Iarubál le Médian.
Sa taibhreamh arís do chonnairc an draoi seo
Sasanaigh i mbuíonaibh méirleach
Ag slad san oíche 's gan taise ina gcroí,
Ach ag milleadh na naí mar Hérod.
d'fhág seisean scríofa againn gach ní,
Dá dtáinig i gcrích 'na dhéidh sin,
Mar tháinig an ghraí a scrios Oileán Mhig Aoidh,
Is mar cuireadh an tír faoi ghéarsmacht.
Scríobh lena pheann dá dhearbhú dúinn,
Go mbeadh colann gan cheann in Éirinn,
Go gcumfaí an fheall le gliocas na nGall,
Is go ngoilfeadh ár gclann 'nár ndéidh é;
Go dtabharfaí an Chomhdháil ó Inis Chríoch Fáil,
Le cuidiú gach namhaid is tréatúir,
Is go mbeadh gorta gan táir uaidh sin inár lár,
Is go gcrochfaí is go gcéasfaí Gaelaibh.
Ansin arsa 'n naomh so, a dhéantar an tsíocháin,
Is scoirfidh an claíomh ó dhaorshlad,
Is codlóidh gach rí go socair san oíche,
Oifigeach is taoiseach féine.
Is deimhin go bhfásfaidh duine in bhur lár,
Mar sceallán ó bhláithshliocht Féinius,
A thógfas an smál den oileán so Phádraig,
Is bhéaras ón namhaid saor sibh.
I gCill Dara 'na dhéidh sin scaipfear an fhéin,
Is rachaidh gach aon dá dhúchas,
Is ní fheicfear 'na ndéidh in oileán na naomh,
Ach milíse is éideadh dubh orthu.
Bhéaraidh sliocht Gaeil a gComhdháil ó Shéan
Go Cill Chainnigh le céill is buaneart,
Ach beidh litir 'na déidh a bhrostós na gadhair,
Chun fionghail ar feadh an tuaiscirt.
Toiseoidh an smál so is mairfidh trí lá,
Is beidh leinbh is mná go suarach,
Is rithfidh an rása a d'imigh an mhuc allta
Go mbeidh ag ardMhaigh Nuada.
Casfar na Spáinnigh ansin ina ndáil,
Is toiseoidh gan spás an ruathar,
Is ní philleann go bráth aon duine ón ár
Dár dhearg a lámh sa gcluainbheart.
Beidh Breatain fán tráth so scoilte ina lár,
Is imeoidh an málrach uathu,
Is ní bheidh oiread le barc nach mbeidh uabhth' ar sáil,
I gcogadh le náisiún uaibhreach.
Beidh Bhullaí is Sánaidh i racán fán gcnámh,
Is gach coin acu is cár go cluas air;
Ach tiocfaidh ón tsnámh an iolar gan spás,
Is bhéaraidh sí an chnámh ar chuan léi.
Eadar a hocht is a naoi, má chreidtear an draoi,
Sé imeos brí na leontaí,
Is an fofannán críon dá leagan le síon,
Mar chonnadh le síobadh an fhómhair;
Beidh aisíoc gach ní arna chur i gcrích,
Mar dhearbhaigh saoithe Rómhán -
Go seinnfidh an chruit chaoin le binneas a siansa,
Moladh do Rí na mórghrást.
Má chreidtear an scéal a dhearbhaigh an chléir
An uair a bhí an réim so fúinne,
Chan iad lucht an Repeal a choiscfeas an léan,
Ná bhéaras do Ghaelaibh a ndúiche -
Ach curaidhibh tréitheach' a tháinig ón gCréta
Don Easpáinn le méid a sluaite,
A chuirfeas i scéin, mar dhearbhaíos Céitinn,
Athair nimhe, gach péist is earc luachra.
3. Fáilte Uí Chonaill don tSráidbhaile
Ar maidin Lá Bealtaine ar thulaighibh is ardáin,
Chuala mé cárlach pléisiúir;
Bhí fearaibh is mná ag cruinniú ar gach ráth,
Ó Bhoirche go hard-bhinn Éadair -
Gach ógánach breá ag réabadh na bhfál,
Is na cailíní álainn gléasta,
Is má chreideann sibh mo scéalsa, shroichfeadh na gártha
Gach oileán is gach áit faoi na néalta.
Bhí fidil is cláirseachaí, píobairí is dántaí,
Is drumaí os ard dá bpléascadh,
Na leinbh is na páistí ag greadadh na lámh,
Is tinte i mbarr sléibhte,
Fuaimneach sna háltaibh ó Chorcaigh go Cairlinn,
Le ceiliúr gan smál éanlaith,
Is níl duine ó Adhamh dá bhfeicfeadh an lá sin,
Nach sílfeadh gurb athrach saoil é.
Le sin a tháinig bábóg ar cuireadh go Droichead Áth',
Is ba deise í ná Blánaid is Deirdre;
Is ní feasach domhsa a rá cé acu de na mná,
Munab í Gráinne Mhaol í;
Dúirt sí, seasaidh láimh liom go dtabharfaidh sinne fáilte
Don Mílidh le ar slánadh Gaelaibh,
Is má choinníonn sibh a aitheanta is deimhin na scéala
Go dtiocfaidh an Chomhdháil go hÉirinn.
Ba ghairid uainn an spás go dtáinig chugainn málrach,
Maithe Chríoch Fáil in éineacht,
Is ba mhór an t-ábhar stráice gach críoch den náisiún
Ag líonadh le bláth na scéimhe -
Ó Conaill ina lár is Ó Briain ar a láimh,
Mar Mhaoise ag sárú Éigipt,
Ná Iósua bhí láidir ag leagan na bpálás,
Le stoirm is toirneach na n-adharca.
Chuala mé gan áibhéil mar ghunnaí dá lámhach,
Toirneach is ráfladh na néaltaí,
An ceiliúr do-áirithe ag éanlaith Phárthais,
Ag seinm go hard sna spéarthaí;
Níl duine ó Árainn go Cosán an Fhathaigh,
Nach dtáinig don áit dá dtéagradh,
Ag cur milliún fáilte roimhe lucht a slánaithe,
Go Dealgain na mbarc is na n-éachta.
Ní chreidfinn go brách gurbh é seo an cás,
Go bhfaca mo dhá shúil féin é,
Mar shíl mé gur Spáinnigh a thiocfadh le tarrthaíl,
Is bhéaradh ó ár namhaid saor sinn;
Ach anois ó tá mé sásta is mó mhuinín róláidir
As sceallán as ceartlár Ghaeil Ghlais
Chun cuidiú i ngach gábh leis an ríora gan táir,
Go gcloífidh sé namhaid Éire.
Ach má chluintear an tásc seo i Sasana, mar tharla,
Beidh siad go cráite buartha;
Má theastaíonn uathbh' rásúr, ceannóidh siad cnáib,
Le ar crochadh i ngach áit na méirligh.
Ansin tiocfaidh an bás go hobann ina ndáil,
Mar tháinig an phláigh ar Hérod -
Beidh uaisle Inis Fáil go cinnte i gcomhdháil,
Is beidh an Liag Fáil ag béicnigh.
Éistidh a bhaird le ar mhian a bheith a' trácht
Ar aistí róbhreá na nGaelaibh;
Is ná léigidh fá lár gan a ngníomha a chur os ard
I dteanga bhinn mur máthara.
is gearr uaibh an lá an ndíbreofar smál
Ó choillte ró-álainn scéimheach;
Beidh Éirinn mar ba ghnách le méad gean' is grá,
Is díbreofar dáil na dtréatúr.
4. Fáilte Uí Chonaill is Uí Bhriain
Ag éirí domh Lá Bealtaine i mbarr sléibhe ó thuaidh,
Sé chuala mise an cárlach is na gártha ag an tslua;
Bhí ceiliúr éanlaith Phárthais agus sársheinm cuach,
Na leinbh is na mná sna gártha dá lua.
Le sin a tháinig Gráinne, an bhanríon gan chluain,
Is í' seinm ar an gcláirsigh le bláth binnis, duain -
Cúig chéad milliún fáilte le barr meas' is bua,
Roimh an dís fhear álainn a sháraigh an lucht fuath'.
Ní raibh tulaigh, lios ná ardán ó Árainn anuas,
Ó imeall Cruaiche Pádraig go hAth Dhún Dubhruaidh,
Nár chruinnigh an bhandáil ann dá bhfáiltiú anuas
Go Dealgain na mbarc 's na mban mánla, ar cuairt.
5. Moladh Uí Bhriain.
A mhílidh fearúil nach gceanníthear le duais go bráth,
Den iarsma bharrúil Néill Fhrasaigh is Ghuaire an áidh,
Beidh baird chrích Uladh do d'mholadh gan scíste gach tráth,
Ag cur méad Sléibh Danairt de bheannachtaí uath' le grá.
N<<í>>e heol domh do mholadh mar is follas ag údair chian,
A scríobh anallód i rolla na rí 's na bhfian,
Ar gach ríora rathúil bhí in urraim ó Lughaidh mhac Ciain,
Go dianscrios Danard i gCluain Tarbh le trúpaí Bhriain.
Nár shéanmhar sona gan donas gan táir ariamh
Bhí Éire anallód faoi bhrataigh gan tlás Uí Bhriain,
Gan léan, gan mhilleadh, gan fuiliú in ár ná i ngliadh,
Ach ag gríosú drithle na bhfile gach tráth gan chian!
Bheadh cuail gan easbhaidh de mheasaibh ar bharr na gcraobh,
Cnuasach meala ó na flaithis gach lá 's gach oích',
Na heachraí ag greadhan le seaghais gach tráth gan scíth,
Is dhá dtrian bainne go mbeadh sa lá ag an lao dhil.
Bheadh éanlaith na coille ag ceiliúr go ceolmhar caoin,
Le méadú binnis is loinne gach tráth le haoibh;
Éisc na linne le grinneall na gréine caoimh',
Is síol mBriain gan cheasna ag seasamh go léir don tír.
Bhí aoibhneas eile nach gceilim ar aon sa tsaol,
Méad na n-ollamh fá Nollaig ag méadú sians',
Na ceolta ba bhinne dá seinm ar théadaibh 's píob,
Agus bruíon Néill Fhrasaigh ar lasadh le luascadh an fhíon'.
Gá hionadh an sceallán seo tháinig de bhláth na gcraobh
As taobh na bhflaithe a gineadh ar lár na rí,
Is dá mbeadh a n-urraim san oileán seo ag Gaeil mar bhí,
An Leac Fáil go gcluinfí i Sasana ag béicnigh faoi.
Na cártha beannacht le fearthainn 's le gaoth ina dháil
Ó bhruach na Banna 's gach fearann de chríocha Fáil,
Ós é nach raibh meatach i mbrollach gach táin is gliadh,
Is ní náir linn a aithris go dtáinig sé as lár cheart Bhriain.
B 1843 19L
6. Loscadhfile Chúige Mumhan Dá Clann
Nach cian libh mise caite tláth,
Gan díon gan scáth, tanaidh, liath,
A bhí i mo mháthair ag clanna Rúraí,
Is d'oil go cumhra clanna Deaghaidh!
Fuair mé mar chéile Éibhear Fionn,
Fuair mé mar chlainn filí is fáidh',
Gaiscígh, guairí 's ollaimh ghrinn,
Filí foinn is iomad baird.
Bhí agam measaibh crannaibh coill,
Is mil go líonmhar ar gach bláth;
Ba liomsa tortha mara 's tíre,
Is faoi mo dhídean gheofaí scáth.
Níorbh ionann domhsa is don Róimh
A ríomh le cródhacht nó le féil';
Bhí fianaise 'ndéidh sin ar gach ruathar
A fuair siad uainn sa mBreatain Mhaol.
Gé go raibh Bhirgil glic sa Roímh,
Is Hómer eolach ins an nGréig,
Ní samhailt iad le ollaimh Mumhan
Ag seasamh cliú do chlann na nGael.
Bhí sin agam Ros Rua an file,
An mac a sheinneadh an amhra choill;
Bhí agam sin is na mílte druadh
A ndeachaidh a gcliú leo i gcill.
Nach agamsa bhí Brian na mbua,
An fear a ruaigfeadh Danaird i scéin;
Ba liom éigse Inis Faithleann,
Is maithe staraithe chlann na nGael.
Músclaídh anois a fhíorchlann
Nach raibh gann in aimsir gleo;
Ó scoir géarleanúin chlann na nGall,
Ghlan na gleanntaí is scab an ceo.
Nach maireann agamsa go fóill
Ó Conaill cródha agus Ó Briain,
A sheasas caraid dhomh ar shlóigh,
Ag cosc an ghleo 's ag smachtú ciain.
Éiridh suas a chlann easumhal,
Spreagaidh suas an chruit go binn,
Lasaidh an drithle atá faoi smúid -
Sin loscadhfile Mumhan dá clainn.
B 1844 19L
7. Ceol Shéin Bhuí
Nach aoibhinn na scéala seo ag Muimhnigh 's ag Laighnigh,
Dá mhíniú 's dá léamh as a bpáipéir,
Mar a thug siad an chraobh leo ó Bhullaí 's ó Shéan Bhuí,
Le críonnacht 's le céill mar ba ghnách leo.
Níl lon dubh ná smaolach, 's níl cuach ar na géagaibh
Nach n-éiríonn go haerach in airde,
Ag síorsheinm bhéarsaí ar thulchaibh breátha gréine,
Ó chuir siad ar Shéan Buí an báire.
Ní fhacthas in Éirinn le corradh 's trí chéad bliain,
Ón aimsir sin Shéin agus Mháirtín,
An bhua ag Gaelaibh dá fáil ar lucht Béarla,
Go dtáinig na scéala ar an lá seo,
Ó Dhomhnall na féile d'iarsma na dtréanfhear
A fuair ansacht ón éigse 's ón Ádhamhchlainn,
Is gach ríora bhí tréitheach de ghaoltaí Mhilésius,
Le treise 's le tréine a chuir lámh leis.
Níl bantracht ná maighdean 's níl ceallach sna réagúin,
An sagart, an cléireach 's an Pápa,
Nach nguífidh go géar chun fhlaithis Mhic Dé leis,
Le bua is tréine ar a namhaid.
Ní le gunnaí ná púdar a thug sé an chliú leis,
Ó Bhreatainigh bhrúidiúil s' a bpáirtí,
Ach le briathra breá cumhra mar bholadh na n-úlla,
'S mar thiteas driúcht meala ó Pharthas,
Le cuidiú is congnamh chlann Éibhir is Rúraí,
'S le hUltaigh a ruaigfeadh gach namhaid,
'S le Connachtaigh bhéilbhinn nach bhfulaingfeadh bheith i ngéibheann,
Ná i mbroid san Éigipt ag Pháro;
Nuair a thoisigh an phléideáil ar bhinse na gcléireach,
Mar theideal dá léamh in am slánuithe,
Bhí sagart a d'éag uath' i bhflaitheas Mhic Dé, is
É ag guí go géar ar an Ardrí;
Go dtáinig sí an néamhainn mar thiocfadh ga gréine,
'S bhí brainse glas eidhneáin ina láimh léi,
Agus dúirt sí, a chlann Ghaeil Ghlais, ná heaglaídh go héag iad,
Cloífidh sibh Séan is a pháirtí;
Nach sin agaibhse, a dhaoine, bhur dtreoraí mar Mhaoise,
Agus sagart chun míniú na páise,
Is dochtúir chun íce a thabhairt daoibh in am cloíteacht',
Agus comhairleach críonna róchráifeach.
Ní chorraíonn bhur ndaoine, 's ní bhristear an dlí leo,
Tá an tAthair Mathúin choíche dá ngardáil,
Is feic' sibh go gcloífear an leon 's an mac tíre,
'S go dtitfidh Séan Buí sa gclábar.
Nach bhfeic' sibh an Steelach mar chuidíonn sé an tsíocháin,
Is Ó Dubhthaigh dá scríobh sa 'Náisiún'?
Is ní fhulaingfear choíche do Shasanaigh sa tír seo,
Bheith ag dícheannadh daoine mar ghnách leo.
Ach a Shéin, is tú an púca, is cuimnigh gur dhúirt mé,
Go bhfaighidh tú do rúscadh ó Phádraig,
Mar dhíbir sé as Éirinn seo liascainn is péistibh,
'S an t-athair nimhe a bhuaidhreadh síol Ádhmha;
Beidh tusa i do thréatúir mar eisean san Éidean,
'S beidh fuath ag síol Éabha is Ádhaimh ort -
Ag súil ar do mhéadal is íosfaidh tú 'n chréafóg,
Go mbrúfaidh na Gaeil faoina sála thú.
Tiocfaidh ort léirscrios, mar tháinig na méara
Os comhair an réxa sa mBáb'lon,
Is scríobhfaí an bhreith dhéanach i bhfianaise d'éadain,
Le peanna ar shéala do phálais.
Ansin beidh tú i ngéibheann 's gan d'fhortacht ag aon neach,
'S ní léigfí do leithéid go Párthas,
Mar rinne tú an éagóir ar ghaoltaí Mhilésius,
Dá gcrochadh, dá gcéasadh 's dá lámhach.
Nach sin agaibh, a dhaoine, mar rinne Séan Buí libh,
Ag Oileán Mhig Aoidh 's i nDroichead Áth' fós;
Le gorta 's le híota gur bhásaigh 's gur dhícheann sé
Leinbh na cíche 's na mná fós.
Ach misnídh a chlann Éire, is seasaidh le chéile
Ó Chorcaigh go taobh Cruaiche Pádraig,
Ó Chairlinn go hÉirne, idir Ultaigh is Laighnigh,
Is ná léigidh an bréid leis an bhfaolchoin.
Coinnígí an tsíocháin, agraídh an tAthair síorraí,
Mar rinne pobal Mhaoise agus Aron,
Ós fiosach daoibh féin é nach mbuaithear le tréine,
Is nach mbaintear le béim clisteacht rása.
Nach bhfeiceann sibh Hérod dá chrinn leis na péistibh,
Agus Alastrún tréitheach róláidir -
Nuair a chloígh sé an saol mór gur hitheadh é 'na dhéidh sin,
Le cuileogaí géara is pláighibh.
Ach éistidh a chlann Mhílidh, 'gus creididh don bhfírinne
A deir Eaglais Chríosta 's na fáidhe libh,
Go dtiocfaidh sin dícheannadh ar aicme Shéin Bhuí,
'S go bhfaighidh siad a ndíbirt le Spáinnigh.
Ach anois ó táim cloíte, 'sé léigfead mo scíste
Go dtoisíthear aríst ar an táirnigh;
'S amar ndéantar an tsíocháint, ná stadaidh a choíche
Go gcuma sibh bríste do Shéan Bhuí.
8. Aisling ar Éirinn.
I ngleanntán sléibhe le luí na gréine,
Agus mise i m'aonar san aird sin de thuaith,
Agus mé ag éisteacht le ceiliúr éanlaith',
'S na tonna ag réabadh fán tráth sin ar cuan,
Sé bhreathnaíos féin é gur bhaoth na scéala
d'uaisle Gael bheith de ghnáth ina suan,
'S nach bhfuil fiú na héigse ach cloíte tréithlag
Ó cuireadh i ngéibheann Ó Conaill uainn.
A Rí na gréine, nach iomdha éagóir
A d'fhulaing Éirinn ar feadh gach uair,
Ar nós mar thréig siad an teanga Ghaeilge,
'S níl cumadh bhéarsaí mar bhí, ná duain;
Ach Breatain mhaola ag glacan léasa
Ar thalta Éireamhain na n-ollamh suairc,
'S mura mbristear géibheann atá ag coingbheáil Gaelaibh,
Beidh sinne i bpéinbhroid go dtí lá an luain.
Le sin a sméid orm ainnir scéimheach
Ba bhinne béilín 's ba sárdheas cúl,
Agus litir léise go dtáinig scéala
Gur briseadh braigheada 's gur sábháladh an chliú,
Go bhfuil Comhdháil shéanmhar anois dá gléasadh,
Is Domhnall céillí 's a lámh ar an stiúir,
Is Ó Briain in éineacht mar Iollann tréitheach,
'S le cuidiú Dé bainfear sásamh as búir.
Sé d'fhiafraíos féin den mbruinneal chéanna,
An tusa Deirdre fár bánadh an Chraobh Rua,
Nó Blánaid scéimheach le Cúraoi a d'éalaigh
Ó Chú na nÉachta as an aird sin de thuaith;
Sin nó an néamhainn de Thuatha Dé Dan'
Bhí seal i gcéim ag an tsármhac sin Lughaidh,
Atá ag teacht le scéala fá Ghearóid éirí
Chun fortacht Gaelaibh gach tráth óna gcumha?
Sé dúirt sí éist, agus breathnaigh féin é,
Nach mise aon neach dá dtráchtaíonn tú,
Ach Inis Éilge na manach naofa,
Na n-ollamh béasach, na mbard a's na ndruadh,
Na dtulcha gréine, na n-inbhear éisceach,
'S na gcuraí tréitheach nár sáradh le cliú,
A bhí seal go séanmhar ag aicme Gaeil Ghlais,
Ach anois tá i m'aonar faoi cháin ag lucht fuath'.
Ní hé Gearóid Iarla ó Bhaile Áth Fhirdhia,
Tá leis na cianta san uamhaigh ina shuan,
A bhéaras saoradh do chlanna Mílidh
Ó shileadh rith coinnle ar nós bhroid' go buan;
Ach Domhnall dílis ó Chontae Chiarraí,
Le cuidiú an ríora as lár Bhriain na mbua,
Mar Chú na Srian ag imirt ríchleas,
'S le beartaibh bríomhar ag sárú an tslua.
Ní le ríneart ná arm líofa
A thug an dís seo an báire ó lucht a bhfuath',
Ach le guí bríomhar gach uile Chríostaí
Ar feadh gach críche dá dtráchtar a lua;
Níl sin príomháidh ná easpag fíorcheart,
Ná sagart naofa ón bPápa anuas,
Gach manach 's díorfach gan stad gan scíste
Ag eadarghuí dóibh le hArdrí an tslua.
Sé Domhnall dílis fuair searc na ndaoine,
Ar scoith gach díne ón Ádhamhchlainn anuas;
Le neart mar Mhaoise, mar Sholamh críonna,
Mar Shamsón bríomhar, 's mar Dháibhí le bua,
Mar Oscar líofa ag Cath na Maidhme
Go dtug don tSíogaí a bhású go crua,
'S nach bhfuil siolla fíorbhlasta a shilfeadh síos uaidh
Nach ndéanfadh íocshláinte ar thámhaibh go suthain.
Ach anois ós mithid domh mo chomhrá a chríochnú,
Is pilleadh aríst ar m'áras i ruaig,
Mar is fogas síocháint ar feadh na críche,
Agus measaibh fíorbhlasta ag fás ina gcual,
Tá sceallán réimfhras den aicme thréancheart,
d'iarsma Ghaeil bhrais as lár Bhriain na mbua,
Ó Briain na féile a sheas cúléag dúinn,
Mar Chú na nÉachta, ag sárú gach truaill.
Chlis mé féine le clos na scéala,
Is thug mé radharc thart go fálta 'bhfad uaim,
'S ní bhfacas aon neach ach bean bheag Bhéarlach,
Mar thiocfach an néamhainn i ráfla mo shuain;
Dúirt sí liom féin, a ghiolla Ghaelaigh,
If you read the papers you'll see 'tis true,
That all our heroes have left the jail,
And we'll have Repeal for all they can do.
9. Agallamh idir Brádaigh an spiadhóir agus Bard
Gaeilge .i. Aodh Mhac Domhnaill.
Bard
D'ólfainn do shláinte a dhuine na páirte,
Shásta, shaoithiúil,
Ach gur bocht liom a rá nach maireann dár gcairde,
Ach bláth na craoibhe.
D'imigh na táinte, leagadh na páláis,
'S bánadh an chríoch seo;
'S níl talamh ná tráigh ag duine den dáil,
Gan cháin is cíos air.
Brádaigh.
A ghiolla gan aird nach scoireann go brách
De ráfladh síofraidh,
Cosc ar do bhráid! nach stopann do bhéal,
'S gan trácht ar dhaoirse,
Nach bhfeic tú gach lá go bhfuil sonas is ádh
Gach áit sa tír seo,
Ó tháinig lucht Béarla chugainn 'na n-áití,
Crábhadh is Bíoblaí?
Bard
'Gcluin tú mé a Phádraig, stadsa de ghnáth,
'S ná trácht ar dhaoine
A thug fionghal is smál uilig ar ár náisiún,
Bánadh is díbirt.
Nach fiosach do chách gurb iomdha fear breá
De shárchlann Mhílidh
A chuir siad chum báis mar aon leis na mná,
Is ní áirím naíonnaí.
Brádaigh
A ghiolla na cáire nach scoireann do chnáid,
Is do bhás go bhfaighe tú,
Nach iad muintir an Bhéarla a sheasfadh cúl báire,
Is carnadh bíobhaí?
Ní hionann iad is srádaithe beadaí bhur náisiúin,
Baird is draoithe,
Bheadh ag imeacht de ghnáth gan foscadh gan scáth,
Ná áit san oíche.
Bard
A chuisle 's a ghrá, ná sílse go brách
Gur stráic nó díomas,
Ach greadadh is gráin nach dtig liomsa a rá,
Sin crá mo chroíse;
Mar cím an Chomhdháil a cleachtadh de ghnáth
Le páirtí síochán'
Dá goid as ár lár, as oileán Chrích Fáil,
Le ceithearnaigh daolaibh.
Brádaigh
Má d'imigh an Chomhdháil, is gan pilleadh don náisiún
Gránna faon so,
Nach sin agaibh chun a háite scoilteacha gallta,
Is áras príosúin,
Mar a bhfaighidh bhur gcuid mnása corradh is cárta
d'anbhruith caorach,
Drogaid is bráiscín le folach a náire,
Ach gan trácht ar phíopa.
Bard
Cosc ort a Phádraig, a phlacaire an Bhéarla,
Nach breá mar cí tú,
Nó nár bhris tú na haitheanta mar rinne na bráithre
'Thug smál ar thíortha.
Is olc liom a rá go bhfuil inár lár,
Coin allta chíocrach,
Nach stadann ach adhall oíche agus lá,
Mar Mháirtín craosach.
Brádaigh
'Gluin tú mé a bhaird, stad feasta do chnáid,
Más áin leat síocháint,
Ná glac thusa páirt le bodaigh ón Spáinn,
Is iad fágtha, cloíte,
d'imigh an lá a bhí aon dadaidh le fáil
Mar shárluach saothair.
Ach mionnaighse ar chách agus bhéaraidh an drong gallta
Táinte an tsaoil dhuit.
Bard
D'fhulaingeoinn mo bháthadh 's mo chrochadh as cárr,
'S mo chnámha a spíceadh,
Mo ghearradh le rásúir, mo chur i mbranra,
'S mo chaitheamh sa ngríosaigh;
Shiúlfann na fáltaí, ag piocadh na mbláth,
'S gheobhainn bás den íota,
Sul fa bhfeicfinnse cnáib ar dhuine i gCrích Fáil
Chun sásamh bíoblaí!
Brádaigh
Ó cím nach bhfuil fáth a bheith leatsa de ghnáth,
'S nár tharlais críonna,
Fágfad mar tá tú, thusa go bráth
Sa ngálra chéanna -
Nuair ab fhearr leat do chéasadh, gorta agus táir,
Is do chnámha 'spíonadh
Ná airgead bán a bheith agat 'na mhadhma,
Is tú 'crá na gCríostaith'.
Bard
'Gcluin tú mé a Bhrádaigh, a d'imigh 'do shrádaí
Gach áit sna tíortha,
Ag mealladh shíol Ádhaimh, mar athair nimhe sa ngáirdín,
Nó cráin mhac tíre -
Mo chreach nach é an bás a tháinig 'do dháil,
Nó do sháthadh le píce,
Sul far fhág tú san áit so fir agus mná
Sna gártha caointe.
An tAmhrán.
Mo chomhairle go bráth d'aon duine de náisiún Phádraig
naofa,
Má thig chucu stráidh dá mealladh de ghnáth,
De lá nó dh'oíche,
Bata maith láidir boglán a chráige
A fháil den droighean,
Agus leagaidh an t-ádhmad ó mhullach go sáil
Ar an tsrádaí chéanna;
Nó má bhriseann do láimhín, máthair an airne,
Sula bhfaighe tú a dhíbirt,
Faigh maide ar na fáltaí, cuileann nó a athrach,
Ráimín caorthainn.
Ná déan thusa stán, más féidir a rá,
Sa ghrá ná caomhain
Nó go mbanfidh tú rása trasna na n-ált
As pláigh na bríbe.
B 1845 19L
10. Tuireamh Thomáis Dáibhis
Créad é an gol seo i mBaile Átha Cliath,
Cad é an cian seo ar Chúige Mumhan,
Cad é bheir éiclips ar an ngrian
Nó chuir na réalta uilig faoi smúid?
Nó an fios d'aon duine ins an tír
Cad é is brí don ngreadán chrua,
Nó cé an fhuil uasal seo fuair bás,
A d'fhág an náisiún seo faoi chumha?
Sé Tomás Dáibhis croí na rún,
An sceallán cumhra den fhuil thréan,
An críochair fearúil barrúil suairc,
An comhairleach stuama gan toibhéim;
Nach trua 's nach tuirseach anois 'do dhíth
Uaisle is éigse chríche Fáil!
'S nach raibh ní is mó a shlad do chroí
Ná aicme Mhílidh bheith faoi cháin.
An dalta dleacht fuair searc na Naoi,
An file caoimh nár thearc i gcéill,
A bhlas go fras den tiobraid sí,
Le milseacht briathra is binneas béil,
A bhalsam a fuair gean go fíor
Ó chlanna Mílidh uilig go léir -
Mo chreach! mo scalladh! is mo dhíth!
Mar tá sé sínte anois i gcré.
Mar mhac Amram sé bhí a chroí,
'S mar Dháibhí an rí a bhí a mhéin,
Mar Naois mhac Uisnigh a dhreach 's a shnua,
'S a neart is a lúth mar Chú na nÉacht;
Mar Oscar fuilteach i gCath na Maidhm
Ag cur críche ar an mbéim,
Ag seasamh ceart le neart don gcríoch:
'Duaidh éad an tighe suas a shaoghal'.
Is don chrann foscaidh seo ba dúil
A bheith in uachtar i ngach gníomh,
Le céill is ceart is le neart na suáilc'
A bhí mar dhualgas leis ón gcích.
B'é an réalt eolais i ngach guais,
An bile buach thug gean dá thír,
An balsam méiniúil céillí stuama,
A raibh teasghrá Ghuaire ina chroí.
Thug an laoch so gean is grá
Do shíol Ádhamh', is sin gan bhréig,
An Rúraí maiseach geanúil breá,
'S do chríoch Fáil a bhí ina scéith.
Grá na nAbstal, grá na naomh,
Searc na ndaoine trua is tréan,
Grá na n-easpag, grá na n-ord,
Is searc gach mórfhuil de threibh Gaeil.
'Sí Éire a chaill a céile fíor,
Is thoir ná thiar ní bhfuighfí a leithéid -
Mar Shamsón mongach ins an ngliaidh,
Ag scrios na dtíorán le cnáimh géill,
Mar ruathar Chonaill ar an tsliabh,
'S mar Chú na Srian a bhí sa nGréig,
'S más mór ar torchradh leo ina dtriúr,
Is mó a bhuaigh an t-úrmhac le briathra a bhéil.
Nach dubhach deorach anois ar a uaigh
Bandáil uasal Inse Fáil,
Ag réabadh bos 's ag tarraing gruaige,
Ag sileadh gruaidhe is ag greadadh lámh;
Ní sheintear cruit i gCúige Mumhan,
'S ní chluintear cuach ar a fál;
Ó d'éag an éigse a sheasadh an chliú
Choisc na duain, is scoir na baird.
Ach a dhea-mhná uaisle ós daoibh is cás,
Stadaidh bhur ngártha is bhur ndeor'!
Ní sibhse amháin a chreach an bás,
Is díoladh an cáinchíos le go leor;
Ón uair a briseadh aitheanta Dé
Le Ádhamh is Éabh' ag blas na hubhaill',
Níl duine ó shin nach ndeachaigh a dh'éag
Mar chuaigh i dtréas ar Rí na nDúl.
Fiche bliain gan ghó 's a seacht,
Ag sin go beacht dhaoibh ré a shaoil;
Níor chuir sé a lámh le ní nár cheart
Gur síneach i bhfeart é in aice a ghaoil.
Croí gan mheabhal, méiniúil, masclach
Nár bhreathnaigh olc 's nach deárna díth -
Monuar 's mo léan mar a d'éag ár gcaraid,
Ó sé bheir bearrán ar an tír.
Muin, dair is coll fá thrí,
Ceathrachad bliain s' a cúig dá bharr
Ó tháinig anuas an Mac 's an Rí
Chun an tsaoil a cheannach cháich;
Is é a goineadh leis an mbás,
Tomás Dáibhis nach raibh claon,
An mílidh a bhí i ngean 's i ngrá
Ag fir is mná, an trua 's an tréan.
B 1846ls 19L
11. Milleadh na bPrátaí
Níl file ná fáidh dár ghnáthaigh cumann na Naoi,
Níl ollamh ná bard le fáil a bhlas an sruth sí,
Níl duine den dáil gan cháin gan donas gan díth,
Faoi chogadh lucht Beárla a sháraigh orainn le dlí.
Ach dá mairfeadh i stát san áit seo curaidh mar bhí,
Mac Cumhaill is mac Dáire is ní áirím Conchúr an rí,
Cú Chulainn, Conall Cearnach is ar sáraíodh uilig sa maidhm,
Ba ghairid an spás go gcarnfaí Bhullaí sa ngríb.
Ach ó d'imigh gan dáil na táinte a chleacht inár dtír,
Is gan againn 'na n-áit ach bearnadh, gorta is íot',
Ní chluintear in áltaibh cárlach is ceiliúr ar chraobh,
Is níl bric san áill mar ghnách in Oileán na Naomh.
Níl fear i ngcrích Fáil ná mná is leinbh na cích',
Níl scafaire breá ná stáidbhean mhascalach mhín,
Níl bacach ar shráid ach cráite is torrach a chaoi,
Ó tháinig an phláigh ar phrátaí, is díomhaoin dubh díth'.
Is an measann sibh a chairde an rá seo uile bheith fíor,
Gurbh é siocair na mbráithre a sháraigh aithne na naomh,
Nó cionnfáth na banríona a d'áirigh muintir na crích',
Nó an dtáinig an phláigh mar thámhaibh eile ón ngaoth?
Ní chreidim go bráth is a shárfhios anois ag mo chroí
Gurbh é mallacht an Phápa ar Mháirtín fá bhriseadh an dlí
A thug milleadh ar bharr na bprátaí uilig san oích' -
Is feicfidh tú bearnadh is bánú eile ar Shéan Bhuí.
Guímse an tAthair is Banríon Fhlaitheas na Naomh,
Peadar 's a' Pápa, Pádraig is easpaig an tsaoil,
Sagairt is bráithre cráifeach is manaigh le brí
Go dtige na Spáinnigh le prátaí chugainn arís.
B 1847 19L
12. Tuireamh Uí Chonaill
Tar éis gach smál gach crá is daorbheart
A d'fhulaing críoch Fáil le bánú is éigeart,
Thiocfadh sí slán ó cháin 's ó ghéarsmacht,
Dá maireadh a fál, a scáth 's a scéith cheart.
An bile gan táir a d'fhás ón ngaeltacht,
Den fhíorfhuil ard as lár na dtréanfhear,
Clann uasal álainn an ardfhlaith Éibhir,
A tháinig ar sáil' ón Spáinn go hÉirinn.
Domhnall Ó Conaill a bhí sona séanmhar,
A shaoraigh an fearann seo ó ghallaibh do chéas í;
Le trí chéad is tuilleadh bhí a choinneal gan léarsa
Faoi aindlí fionghlalach Shiobál is Éadbhaird;
Ag díbirt 's ag milleadh gach duine nár ghéill dóibh,
Ag díbirt na bhfilí 's gach siolla den nGaeilge,
Ag crólot na sagart, dá gcrochadh 's dá gcéasadh,
Is ba tréas dóibh an tAifreann nó oifig a léamh:
Gur rugadh an mac seo b'fhearr birt agus béasa,
Le heolas, le haithne, le gliocas 's le féile,
Le cródhacht is misneach ó thoiseach a réime,
Ag fuascailt gach cineadh dár gineadh ó Éabha.
Le heolas is tuigse mar theagasc Mac Dé dhó,
Chloígh sé slua Bhreatain is threascair na méirligh,
An leon cíocrach bhí 'creachadh gach aicme i ngach réigiún,
Gur umhlaigh dá bheartaigh gan arm gan éideadh.
Le teachtaireacht aingeal sé tháinig chun saortha,
Ó Ardrí na cruinne mar Bharac nó Gédeon,
An tóirse mar dhrithle chun loinneadh na cléire,
'S a thabhairt eolais gan tuisleach do chineadh gan léarsa.
Dá dtreorú sa gcasán gan achrann ná baol ann,
Ach 'ródaibh róthaitmheach gan aincheart faoin ngréin ann,
Ag tarrtháil a chinidh le griongal as géibheann,
Le slánú an chreidimh agus leasú do Ghaelaibh.
Ní heol do mo ghliocas-sa i siollaidhibh Gaeilge,
Nó Homer dá maireadh, fear theagasc na nGreágach
A chnuasú le peanna nó a loinneadh i bhéarsaí,
Mórghníomha Uí Chonaill, 's nach dona 'na dhéidh sinn.
Níl cuan is níl calaidh, níl ceallaidh ná teampall,
Fá bhruachaibh na mara is ó Bhiorra go Béarra,
Ó uachtar chuan Chorcaigh go Boirche 's go hÉirne,
Gan chruaghol is tuirse fá churaidh na nGaelaibh.
Gá hionadh gach aicme dár chleacht bheith 'dréim leis,
An Rúraí bhí flaithiúil 's rócheart ina thréartha,
A bheith cloíte lag meiteach gan mhisneach gan chéadfaí,
Ach ag cruaghol 's ag greadán mar easach le sléibhte.
Caoinidh is golaidh gach bunadh faoin ghréin é,
Caoinidh gach clanna de bhan-naoimh na nGael é,
Caoinidh na manaigh, gach ceallaidh 's an chléir é,
Is golaidh clann Chánáin a shlánaigh sé as daorbhroid.
Tá culaitheacha cumhaidh is smúid ar an éigse,
Is tá ceo ag cur dlúimh' ar ghnúis na spéarthaí;
Tá na cloig dá fhuagrú gach uair éag sé,
Dá aithris don tslua le suanghuth buartha.
Ó a Dhoire Fhionáin, mo chrá 's mo léan thú,
'S nach bhfeicfear go bráth an fáidh do shaor thú;
Tá a chroí bhí lán de ghrá 's de dhaonnacht,
I bhfearta Pheadair 's na nAspal a céasadh.
Má gheibh tú a luaithre is buan do shaibhreas.
Tá sé i nGenoa go fóill mar a d'éag sé,
Go bpillfidh ón Róimh an tórramh néamhaí,
'S go ndéanfaidh siad comhairle, is comhra a ghléas do.
Gé go bhfuil i do dháil 's ar chlár do chléibhse,
Easpaig chráifeach, abaí is naoimh ghlan,
Sagairt is bráithre nár sáraíodh a bhféile,
Manaigh is mná a fuair bás 'na maighdean,
Má tá i do chillse gaill nó tréatúir,
Nó faoi do choim lucht inse bréaga,
Ní fhaigheann tú go bráth ar do scáthsa i gcréafóg
A cholann gan táir ná a chnámha naofa.
Bhí uaisle is áille as lár rí Éireann,
Stuaim is dáimh le crábhadh is féile
Sa nGuaire sásta páirteach méiniúil -
'S níl cuach ar fál mar ghnách ó d'éag sé.
Níorbh ionadh an scéal do shlánaí Éireann
Ar uair a bháis, an garda néamhaí
A bheith 'teacht ina dháil chun ardú céime
Don anam gan smál go Parthas naofa.
Gé bhí sé láidir sláintiúil tréitheach,
Bhí sé maothchroíoch aoibhiúil béasach,
An Comhairleach uasal stuama scéimheach
Níodh taise le trua is gruaim le héigeart.
Tá críocha Fódhla sceoite faofa,
Mar loing ar seoid 's a seolta réabtha,
Ó chaill sí a stiúir den úrchrann Ghaelach;
A caraid 's a cliú 'thóg smúid is léan di.
A hoide 's a hathair, a scáth 's a céile,
Síol Bhile ón Spáinn nár tháir sa bhéimchath,
An sceallán a d'fhás ón ardfhuil Ghréagach,
Fear teagaisc an chrábhaidh a tharrtháil Éirinn.
Beidh trácht go deoigh ar stór na héigse,
Is cluinfear go fóill go leor dá thréartha;
Níl cóimheas dó beo le cródhacht 's daonnacht -
Scáthán Európa thug slóite as géibheann.
Ach ó chí sibh mar tá sé, a mhná na nGaelaibh,
Scoiridh bhur ngártha is crá bhur méar lag;
Smaoinídh gach tráth 's ní fáth ar bith bréig' é,
Go n-íocfaidh síol Ádhmha an cáinchíos céanna.
Measaidh gur bás a fuair Ádhamh is Ébel,
'S mar tháinig an díle ar dhaoine an tsaoil seo,
Gach curaidh is laoch, 's gach naoibhean scéimheach:
Sé deireadh gach díne a síneadh i gcréafóg.
Ach aidím os ard, 's níl fáth domh a shéanadh,
Go maireann i bhur lár ráite a bhéilsean;
Ná léigidh fá lár a ndearna an dea-mhac
Le gean is le grá dá chairde in Éirinn.
Sé sheas an príosún daor 's an éagóir,
Is d'fhuiling sé bíodán mhíle tréatúir
Ar muir 's ar tír bhí a chroí 's a chéadfaí
Ag breathnú gach slí le saorfaí Gaelaibh.
Má bhíonn duine ar bith mallaithe a bhéaras toibhéim dó,
Seachnaíd a chuideacht' is ná tugaidh dó éisteacht;
Measaidh gur duine nár gineadh ó Ghaeil é,
Ach caora sheachráin a scar leis an tsréad é;
Namhaid shaolta is bíobhaí Gael é,
Spiadhaire gall le feall 's le héigeart,
Tuatha táirthe, gráiniúil, bréagach
A thug cúl don ngrá go náireach éadmhar.
Nach seo an scéal go bráth nach séantar,
Gur fhuiling ár gcairde bearnadh is buaireamh
Le trí chéad bliain, mo chian go tréithlag
Ó díbreadh uainn an uaisle Ghaelach!
Scriosadh le gaill gach brainse séanmhar
Dár fhás san inse ó phrionsaí Gaelach;
Gearradh an choill ó cheann a chéile
A raibh féile is áras le fáil ina géaga;
An choill ór fhás gach crábhadh is daonnacht,
Oideas is eolas, spórt is pléisiúr,
Mílí calma, barúin is réacsa,
Guairí carthanach', flaithiúla is laochra.
Ar bhláth gach bile bhí filí is éigse,
Barda, ollaimh fá Nollaig dá n-éidiú;
Ógmhná geanmnaí, maránta méiniúil,
Álainn, innealta, loinnireach, scéimheach;
Go dtáinig fá dheireadh ar lorg na laoch seo,
Réalt eolais na cruinne mar ghineadh an Féinics,
Gur threoraigh gach cineadh 's gach duine bhí 'ngéibheann,
Ó bhóchain na meanga go fearann an réitigh.
Níor rugadh ó mhnaoi 's is ní nárbh fhéidir,
A shamhail i ngníomha, i gcroí 's i gcéill cheart;
Mar Gholl sa maidhm le brí 's le tréan-neart,
Ag ceasnú lucht dlí go líofa géarbheacht.
Mar Oscar sa nGabhra i ngabhálaibh baolach,
Is Cairbre Crann Rua i ngleann faoi léigibh,
Nó Cú Chulainn na mbua ag tuarghain Mhéabha,
Nó ruathar Chonaill fán charra dá ghleásadh,
Mar sin a bhí Domhall modhmhar déadgheal,
Neartmhar, lúthmhar, clúiteach, réimiúil,
Láidir, uasal, buaidheach, tréitheach,
Fuileata, cródha, eolach, faobhrach.
Gá hionadh anocht gach loch dá mhéad é
Dá dtraothadh le gruaim 's na cuain dá n-iamhadh,
Fá bhás an Ghuaire a d'fhuascail Éirinn,
Scáthán na suáilce 'dul uainn faoi léige.
Tá Cúige Mumhan faoi amúid 'na dhéidhsean,
Connachtaigh i gcumha, 's ní lúgha le Laighnigh;
Ultaigh uasal uaibhreach éadmhar
Ag réabadh na mbos 's gan tost ar a n-éagaoin.
Ach an uair nach bhfuil fáth bheith 'trácht ar a thréartha,
'S gan aiseag ón mbás le fáil ag aon neach,
Míle altú don Athair nár fágadh Éirinn
Ag fuiling andóigh gan treoraí tréitheach!
Tá aici i gcónaí comhairleach béasach,
An mac sin Dhomhnaill, Seón na Céille,
An gruagach suáilceach uasal scéimheach,
A sheasfas an chliú mar Chú na nÉachta.
Tugaidh bhur lámh le dáimh 's le méin mhaith
Do mhac an athar ab fhearr sa tsaol seo.
Fanaidh 'na dháil 's go bráth ní baol daoibh
Nach gcluinfí an Liag Fáil go hard ag béicnigh.
Coinnídh bhur gcroí agus smaoinídh féin é,
Ar úrscéal fíor sa mBíobla naofa,
Ar thaoiseach cródha a thug slóite as géibheann,
Trasna fógraibh bóchna baolaí.
Smaoinídh an málrach a d'fhág an Éigipt,
Le dís mac Amram i gcampaí tréana
Ag déanamh go fearann a gheofaí 'na dhéidh sin,
Talamh na ngeallúint, na meala 's an fhéir ghlais,
Mar sáraíodh Maoise, an taoiseach naofa
Gach lá 's gach oíche le daoine tréasach,
Ag titim sa bhfásach le pláighe is péiste,
Go ndearna sé nathair nimhe tinne chun léighis dóibh.
Ach éistidh arís le brí na scéala
Nár chreid na daoine baoth gan chéill sin,
Ach líonadh a gcroí de mhian doriartha,
Le hadhradh íodhal 's le híobairt bhréige;
Gur bhris siad croí an tsaoi so a réidh dóibh,
Lena ngníomha faon drochbhéasach.
d'athraigh an tArdrí an scáth 's a scéith uath',
Ar uair a bháis go barr Shliabh Néaba;
Ach thug dóibh treoraí eolach éachtach
Ar thoiseach gach ruathair chrua is béimchath -
Iósua uasal buaidheach, is Céleb,
Le a bhfuair siad bua gan ghuais as géibheann.
Is mar sin a d'éirigh don mílidh treán seo
Síol Chonaill na n-órfhlaith is pór na héigse,
A chruinnigh na slóite chóigibh Éilge,
Gur theasgasc dóibh treoir a gcóir gan éagóir.
Chruinnigh sé uaisle, tuataí is cléirigh
Go Teamhair na rí, gur mhínigh a scéal dóibh,
Ar lorg na ndraoi, na laoch 's na dtréanfhear
A bhfuil aise a gcnámh ar lár gan éidiú.
Is iomdha sin áit de bhánchnoic Éireann
Ar ghlaoigh sé a chairde ó cháin is ó ghéibheann -
An Maoise páirteach cráifeach tréitheach,
Is ó iarsma Ádhaimh nár fhás a leithéid.
Le cliú, le háille, breáighe is dea-bheart,
Le lúth ina chnámha, dáimh is céill cheart,
Le gean agus grá do shárchlann Éabha,
Sé chaith sé a lá go cráifeach naofa.
Ach ó b'é toil an Uain gan chluain gan mhéabhal
A thógáil uainn mar is dual gach sréadaí,
Bheathaigh sé caoirigh bríomhar céillí
Nach léigeann mac tíre choích' dá éigniú.
Siúlfaidh Seón na bóithre céanna
Go fuilteach beo gan bhród gan bhréaga,
Gan mhilleadh gan fealladh ar Ghallaibh ná Ghaelaibh,
Ach mar Iósua i dtoiseach le maise 's le tréine;
Go gcríochnóidh an obair mar theagasc an naomh seo
Le creach is ceart beartha a aisíoc do Ghaelaibh
Atá leis na cianta blian dá gcréachtadh,
Ó d'imigh an Chómhdháil le faolchoin chraosach.
Mo thruaighe fár fhás an bláth ar an gcraobh sin,
Lér thiteadar cách faoi smál 's faoi dhaoirse,
Ag briseadh na n-aitheanta le Ádhamh 's a chéile,
A thug aicídeach', pláighibh, támhaibh is taogail;
Nach bhfuil imeacht ón mbás ag fáidh nó tréanfhear,
Ag file nó bard, lucht dán nó scéalaí;
Gach oide agus athair, gach bánríon is réacsa,
An sagart, an bráthair, 's a' Pápa in éineacht:
Díolfaidh an cháin 's níl fáth domh a shéanadh,
Mar rinne gach díne faoi na spéarthaí
Ar hoileadh le mnaoi faoi Rí na gréine,
Ó thoiseach an tsaoil go dtí lá an tsléibhe.
Mar sin níl fáth do mhná na hÉireann
Bheith 'greadadh na lámh sna gártha géara
Fán leagan ar lár seo a chráigh gach réagún,
Is ba chúrsa báis do a lán de Ghaelaibh.
Ach dá mairfeadh na bard - mo chrá mar d'éag siad -
Chuirfeadh a thásc os ard sna néaltaí;
Thiocfadh bandáil de Spáinnigh is Gréagaigh,
Ag greadadh na lámh is ag crá na méar lag.
Ach beannacht na n-aingeal is guí na naomh leis,
Beannacht gach Críostaí is guí na cléir' leis,
Beannacht gach saoi, gach mnaoi 's gach maighdean
Le hoide na crích' chun aoibh a mhéadú,
Go flaitheas na naomh, na n-aingeal s' na ndea-bheart,
Ar dheasláimh an Rí úd a d'íoc dár saoradh.
An seachtó is aon sé b'aois don dea-mhac
An tráth dhíol sé an cíos le Rí na gréine.
An tAmhrán.
Muin, dair is trí coill, an ceathrachad 's a sé,
'S an cúigiú mí den mbliain dá chionn
'Réir mar instear aois Mhic Dé,
Sé d'éag ó Éire a céile is oide,
A beart gan mhagadh is a scéith,
A stiúir 's a treoraí i ngach gliadh,
I mBaile Áth' Cliath dá chur faoi léig,
Domhnall oirirc cródha Ó Conaill.
I dtír choigrí 'dul a d'éag,
I nGenoa ar ndul don Róimh
Sé leagadh i gcomhra neart na nGael.
I bhfearta Pheadair leagadh a chroí
Seirceach maoth gan cham gan chlaon,
'S a cholann chródha a sheas an chliú
Ag cur snua ar fearta Gael.
Ach a anam geal gan smál
Chuaigh in arde ar dheasláimh Dé.
Ar gcártha beannacht leis go suthain,
Go hucht an Uain dá ardú i gcéim.
12a.
Muin, dair is trí coill an ceathrachad 's a sé,
Ar an cúigiú mí den mbliain dá chionn,
'Sé chaill an chríoch so a beart 's a scéith,
Domhnall cródha seolta Ua Conaill,
Fear chosc gach donais de shliocht Gael,
Dá athrach óna thuras don Róimh,
Ó chathair Ghenoa go flaitheas Dé.
B 1847c 19L
13. Turas Sheáin Uí Chonaill Chun Na Fraince
Má thriall tú 'na' Fraince a Shéin ó do mhuintir,
Chun féasta a chuimhniú d'athara,
Tá an chraobh leat go cinnte, mar shéadar sna coillte,
Le céim ar gach brainse den Ádhamhchlainn;
Is tú sadharclann na hinse, is ní tréas liom a inse,
Mar ghréin ar na linnte ag dealramh;
Tá Gaeil bhocht' in imní 'do dhéidh go tinnlag,
Is ní pléisiúr leo striongán na cláirsí.
Tá buaireamh is lionndubh ar Éirinn thart timcheall
Ó d'éag uaithi ceannfoirt a slánaithe;
Tá léan os a cionn, is gan leigheas ar a muintir,
Dá gcéasadh, dá gcrinn is dá mbánú.
Tá a gcréachta do-inse, mar cheithirn dá n-ionsaí
Fá shléibhte, fá ghleannta 's fá áltáin,
Is gan féachaint ná suim sna créatúir ag Gaill,
'S gan faoiseamh ón mBinse ná ón mBanríon.
Nach buartha ar an uair so an chléir is an tuata,
Ó Éirne go Cuailnge is go hÁrainn,
Ó d'éalóigh ar cuan uath' a scéith is a gcuallaí,
A bpléisiúr, a suarcas 's a dtarrtháil,
An géagán den úr ghlas a d'éirigh ó rúta,
Ó fhréamh róchumhra na Spáinne!
A thréanmharcaigh chliútaigh, go n-éirí do shiúl leat,
'S go bpille tú i lúth is i sláinte.
A éin bhig is uaisle, beir scéala go luath uainn,
Is aithris thusa i gcluasa ár gcairde,
Mar fhulaingimid an uair seo gach buaireamh is guaiseacht
Go foighdeach ó shluaite ár naimhde.
Níl pléisiúr ná suarcas mar bheadh ag buachaillí
Ná ag maighdeana suáilceach mar ghnách leo,
Ach géibheann gan fuascailt, is an t-éag dár dtuarghain,
Is gan faoiseamh ná fuaradh ó cháiní.
A shíol Chonaill na n-órlann nach ndearna riamh dobheart,
Cuir litir uait in ordú chun an Phápa,
Is aithris dona Mhórdhacht, más minic a rinneadh crólot,
Go seasaimid go cródha an báire;
Tá foighid againn mar Iób, agus méin mhaith mar Iósaeph
Sa réim so a threoraigh Naomh Pádraig,
Nó Gédeon sa bhfómhar chun Médian a leonadh,
Nó na tréartha sin Dhomhnaill sa mBáb'lon.
Beir beannacht agus bua ó chléir is ó thuataí,
A Sheáin, ar do chuairt leat go Páras,
Mar a bhfeicfidh tú na tuamaí 'ar leagadh ár n-uaisle,
Ó Súileabháin, Ó Tuathail is clann Chárthaigh,
Ó Néill is Ó Domhnaill, Ó Raghallaigh is Ó Mórdha,
Ó Réagáin, Ó Rodaigh 's clann Chába,
Is gach fíorfhuil ba chródha d'iarsma na Fódhla
A chuir Séamas ar seoid uainn le Sáirséal.
Ná ceilse ar an Laoiseach gur gogailleach an gníomh dó
Bheith ag téagradh na mbíobhaí gallda,
'S go gcluintear a ndrochghníomha ar feadh gach uile thír,
'S go dtuigeann sé nach mian leo a athrú.
Nach cladhartha do na Francaigh nach n-éiríonn ina gcampaí
Le faobhar a lannaibh is neart láimhe
Dochum tréachtadh an drochbhrainse a thug léan ar an Inse
A raibh féile inti go cinnte, is crábhadh.
Ach anois ós é is mithid domh na bhéarsaí seo a chríochnú,
Is go dtuigim i mo chroí nach bhfuil ach sárú,
Carthantas nó caoine a iarraidh ar dhaoine
Nach stadann ach ag díbliú an Phápa -
Tráth thiocfas tú don tír seo beidh sollaimid is aoibhneas
Is ceiliúr ag na scaoite Pharthais;
Beidh ollaimh agus draoithe is filí 'déanamh siansaí,
Na cruitirí 's lucht píoba do d'fháiltiú.
14. Fáilte roimh Ó Briain Go Béal Feirste
Do mhíle fáilte ó dheas go tuaidh,
A bhile uasail ó stoc na rí,
Sliocht Eoghain Mhóir a roinn an chreach
Le Conn na gCath go leith na crích'.
Is iomdha rí reachtmhar ard,
File, fáidh, ollamh is draoi,
Is ní lia ná laoch a dhéanadh ár
I mbrollach táine ar muir 's ar tír
Do fhás ón Eoghan so anuas,
Treibh na mbua, sliocht Uí Bhriain,
I bhflaitheas Tuadh-Mhumhan na mbeart óir,
Ag seasamh cóir 's ag cosc gach cian.
Ghlan siad fearann Chríche Fáil
Ón uile smál thoir is thiar,
'S go gcreathadh Danardhaigh le scanradh
Dá gcluinfeadh trácht ar ainm Bhriain.
Is mór an chéim le héigse Chríche Coinn
Do chuairt don réim so, a thréanlaoich chródha ghrinn
Chun fuascailt Éire ón éag atá dá crinn:
Ar uaigh Shíol Néill tá Gaeil go breoite tinn.
Gearradh an choill le Gaill ó mhullach go lár,
Is chríon gach brainse, is thiontaigh a mbun lena mbarr.
Níl gar a bheith ag caint, tá an t-iomlán gan mheasa gan bhláth,
Ach mura seasaí sin Liam Ó Briain dúinn foscadh no scáth.
An Dara Fáilte.
An dara fáilte milliún uair,
Do gach uaisle dá bhfuil i do dháil
Nó faoi do bhrataigh i ngach ruathar,
Le maise is bua in Inis Fáil.
An Treas Fáilte.
An treas fáilte daoibh go léir
Go hUladh saibhir, feart na ndruadh,
Ar lorg aicme mhaithe Gael,
Is curaidhibh tréan na Craoibhe Rua.
15. Agallamh idir Aindrias Ó hÉigeartaigh agus an Bard
um Mheath na bPrátaí
Ó hÉigeartaigh
Nach suarach cráite buartha fáigthe
An ghruaim seo a chráigh gach réagún,
Is anuas ó Ádhamh nár chualthas trácht
Ar ruathar, ár ná éagaoin -
Slua gach áit, monuar! gach lá
Go buartha cráite ag géarghol
Le uafás scanraidh i nguais na pláighe
A scuab an práta as Éirinn.
Bard
Ní chreidim go bráth aon duine de shíol Ádhaimh
gurb' aicideach', támh', ná taogail,
Ach mar nach raibh ádh ar dhuine ná bheáthach
Ó tháinig ar sáile an féirín.
Nach feasach do chách go raibh an donas gach lá,
Le fionghal is smál in Éirinn,
Ó tháinig ar sáile ó Shiobál an scráidín
Chugainn le Bháitéir Raghallaigh.
Aindrias
A dhuine mo láir, ní thuigeann tú an cás
Is stadsa do bhéal má fhéadair,
Is gan leinbh ná mná ó Chosán an Fhathaigh
Go Boirche, 's go hard-Bhinn Éadair
Nach dtiocfadh gach lá dhe chois tine na háithe
A cheiliúr go sáimh le pléisiúr,
Ag róstadh na bhfaireog blasta mar ghnáth,
'S nárbh é sin an tsláinte, 'théagar!
Bard
Ní ar chleasaíocht páistí ba mhaith liomsa trácht,
An uair a chím cách ag éagaoin,
Ach nár chuala tú trácht i leabhar na mbard
Ar Oisín an áidh mhac Tréanmhóir,
Is iomdha fear breá ar a gcualamar trácht
Is nach bhfeicfear go bráth a leithéid -
Ach ó tháinig na prátaí tá na fir fáigthe,
Is 'sé deireadh gach ránaí an déirce.
Aindrias
Má d'imigh na prátaí, cuimhnigh de ghnáth
A bhfuil i do bhéal den scéal sin,
Go bhfeicfidh tú athrach feasta i ngach áit
Sa mbaile is i lár an aonaigh;
Beidh ba bainne táirthe is caiple fáigthe,
'S na muca ag fáil bháis le gréin ann,
Is titfidh an coclása ó mhullaigh na baithise
go muineál le fána a n-éadain.
Bard
Níor chuala mé trácht ag file ná fáidh,
I Scrioptúir ná a athrach dár léigh mé,
gur beathaíodh le prátaí an pobal sin Áron,
Gidh tháinig siad slán ón Éigipt.
Ní raibh siad ar fáil san aimsir ar ghnách
Le Uladh a chur táin' ar Mhéabha.
'S ní chreidim go bráth gur starsa de phrátaí
A dhea-mhaisigh Blánaid is Deirdre.
Aindrias
Más ar aimsir na bpáganach a bhíos tú ag trácht,
Scoirfeadh de ghnáth dhe bheith ag pléid leat,
'S gurbh iad na bráithre a d'imigh ón bPápa
A theagasc an crábhadh i mBéarla.
Chuir siad an bia seo chugainn ó Dhia
Le teachtaire fial, an Raghailleach,
'S nach feasach don tsaol gur mhaith uathu díol ann,
Dá gcuirfí le haol iad ar shléibhte.
Bard
Ó mhac Sera anios, clanna Neimhidh na ngníomh,
Fir Bolg is go dtí Tuath' Dé Dan',
Is ó theacht chlanna Mílidh go briseadh na Maidhm,
'S go dtáinig don tír lucht Béarla,
I dTeamhair na Rí bhí an deich is trí fichid
I gconóir de shíol Uí Néill ann,
Ag seasamh don gcríoch le neart agus brí,
Is gan ocras ná íota ar aon ann.
Aindrias
A staraí bhocht bhaoith ó Chondae na Mí,
'S gan duine as do thír ach tréatúir,
Nach maith thú ag díbliú beatha na gCríostaithe,
'S nach bhfeicfear go síorraí a léithéid -
Bheathaíodh siad daoine, ba bainne is caoirigh,
Muca agus scaoite éanlaith,
Is má bhíonn sinn ina ndíth, ní fada ár saol,
Is bristear ár gcroí le buaireamh.
Bard
Go bhfaighe mé mo chloí má cheilimse choíche
Aon dadamh dá sílim féin de:
Nach dtiocfadh le ní ar bith theacht chun tíre
Ón ghramhaisc a dhíbir Gaeilge -
Hanraí an rí a rinne drochghníomha,
A mhac is a nighean ina dhéidh sin;
Sé breathnú na ndaoine go bhfuil a chois gríosaí
Ag deargadh a bpíopaí in éineacht.
Aindrias
'Gcluin tú mé, Aoidh, ná meas thusa choíche
Gur phrátaí thug díth go hÉirinn,
Ach acais na mbíoblaí, olcas na ndaoine,
Is antoil na maoine, is saibhreas.
Tá fios ag an tsaol gur mhilse iad go fíor
Le salann, ná fíontaí Gréagach',
Is an scadán, dá bhfaigheadh an bhanaltra shíolmhar,
Bheadh a mic is a nigheana scéamhach.
Bard
Ní mholaim, ní cháinim, feasta go bráth,
'S is deimhin gur cháin go leor iad,
Ach sé deir na barda, ó thainig na prátaí,
Gur imigh fir bhreátha na Fódhla
'S an amsir ar ghnách le fir agus mná
'G ithe aráin is cáfraith' is feola,
Is an bhiotáilte ab fhearr ná a dtiocfadh ón Spáinn,
Den tseagal is de bharr na heorna.
16. An Dara hAgallamh
Ó hÉigeartaigh
Nach critheagalch fáigthe, atuirseach cráite,
An greadadh, an smál 's an léirscrios;
Is ó cruthaíodh Ádhamh nár chuala sinn trácht,
'S nach bhfacthas aon áit a leithéid -
Gan duine ná beathach, na leinbh 's na mná
Nach bhfuil san gártha ag éagaoin
Ar eagla na plá a choscair na prátaí,
Caraid na bpáistí in Éirinn.
Aodh
Ní chreidim an cás go bhfaighe mise bás
Gurb aicídeach', támh', nó taogail
A cheannfáth go bráth lér milleadh an fás
'S lér dícheannadh prátaí Gaelaibh -
Amar sí Siobál gan ghrásta chuir chugainn an práta
Le Bháitéirín gránna Ó Raghailligh,
Is gur thoisigh an bhanríon eile dá n-áireamh
Chun leagan na cáine 's daorchíos'.
Tráth chonaic sí an t-ármhach a rinne clann Phádraig,
Ag cuidiú le Spáinnigh is Greágaigh,
'S mar sheas siad cúl báire i mbrollach gach áir
Gur chuir Bónapárt as Éigipt,
Sé dúirt sí le Sánaidh, imighse s' áirigh
Fir agus mná sa réim sin;
Ná fág gearrán ná láir, an mhuc ar an tsráid,
An collach, an chráin 's an chéasóg;
Ná fág asal ná a athrú, cearca 's a n-áltaí,
Lachanaí an áil is géidhe;
Bíodh cuntas leat scríobhtha ar arbhar is líon,
'S ná fág leanbh na cích' i do dhéidh ann;
Gabhair is caoirigh, meannáin is laoigh,
Ná fág francach, cearc fhraoich ná a héillín
Nó go gcluinfidh Seán Buí mar atá gach aon ní,
Is go leagfaidh sé cíos dá réir sin.
Le sin tháinig graí de scafairí buí,
'S ba duibhe ná an daol a n-éadaigh,
Is ba mheasa a gcroí ná Ular a bhí,
Dá ngairfeadh na daoine Béimeann.
Níl ní dá bhfaca aon súil nár chuir siad air dúil,
I bhfearann nó i gclúid ag Gaelaibh -
Gur thiormaigh an driúcht 's gur imigh na cúrláin,
Is shearg gach rúta i gcréafóig.
Ansin chuaigh an slua ba duibhe ná an gual
Abhaile 's a bhfualach bréag leo,
Is chruinnigh an uaisle ansin chum comhluadair
Go gcluinfeadh siad uath' san scéala:
Sé dúirt nár dhaoine ceart clanna Mílidh
Dá dtiocfadh a choíche chun saibhris,
Is chuntas gach ní dá raibh ag na daoine
Is leag siad an cíos dá réir sin.
Má chreidir mo scéala, is gairid ina dhéidh
Go raibh sinne céasta breoite.
Thug muintir an Bhéarla an toradh go léir uainn,
An chruithneachta mhaol 's an eorna;
Thug siad gach aon ní a tháinig as cré leo,
Ár maoin is ár spre is an t-ór fós -
'S ní bheadh againn mar fhéasta i ndeireadh gach lae,
Ach salann is méadhg is mias phóirín.
Thoisigh ansin éag ar eallach is ar éanlaith,
Nach bhfacthas a léithéid de chrólot,
Is a dtáinig ón gcré gur fhulaing siad taogail,
Aicídeach' daora is dócamhal.
Má thuigeann sibh féin cad is ciall dá leithéid,
Aithrisidh an scéal in ordú,
Agus chífidh sibh féin nach ndéanaimse bréag,
An tráth bhéas mise réidh mar chóir domh.
Amhrán Ceangail
Má thuigeann sibh na scéala an tráth léimíd ar Dháibhí,
Chuir an giolla bhuilín ina chroí pobal Iosrael do áireamh.
Thug sé an iomad dímheas ar bhriathar Iábhé,
Ach níor thaitin an drochghníomh sin mar mhian leis an Ardrí.
Thug ansin mar roghain dó, trí bliana ocrach cráite,
Nó imeacht i scéin trí laethaibh roimh a naimhde.
Ghlac sé an treas roghain, is ba bhuartha mar tharla,
Gur thiteadar na mílte de dhaoine sa támh sin.
Mar sin a bhreathnas Dia na ríthe atá 'láthair ann,
Nach léigeann do na daoine, ach dá ndíbirt is dá mbánadh.
Níor leor dóibh na trí chéad blian a bhí Gaeil bhocht dá sárú,
Faoi chrannsmál agus léirscrios ag Seán 's ag Máirtín,
Ag fulaing uath' gach géarsmacht darbh fhéidir linn trácht air,
Is dúil acu gach aon lá le réiteach ó Spáinnigh.
Ach anois ó mheath na cúrláin 's gan dúil leis na prátaí,
Mar tháinig siad ar tús ó dhrochrúta mar tharla,
Níl gar bheith faoi chumha go dúchroíoch cráite,
Ach beidh sudóg aráin plúir sa gclúid ag na páistí.
17. Ceol na mBacach
An gcuala sibh a chairde ag filidhibh nó baird,
Ag apstail nó ag fáithe sna Scrioptúir dá léamh,
Gur briseadh na haitheanta le boichtineacht's cráiteacht,
Gorta nó pláigh a d'fhulaingthí le foighid?
Nó an dtabharfadh sé bás do dhuine ar bith gallta,
Foireann de mhálaí, pluideog, nó adharc,
Nó bacach dá dtarlódh dóibh ar an tsráid,
Is é ciothramach tláith, gan charaid gan spré?
Ach ní mar sin a tharlaigh; ó d'imigh na potátaí
Is cosúil gur athraigh an ghealach 's an ghrian,
Is nach bhfuil oiread le gráinne seagail den ngrá
Nár imigh le scanradh an Indian meal.
Is bocht liom a rá go dtáinig an lá
Ar comhlíonadh an ráiteacht a d'aithris na naoimh,
Go mbeadh sagairt d'adhmad brománta láidir,
'S go n-imeodh an crábhadh go huile ón gcléir.
Chuala mé trácht, 's ní cheilfeam go bráth
Ar dhuine de shíol Ádhaimh aon dada dá leithéid,
Ar Sheisiún gan ghrása a bhí san áit so,
Mar is feasach do chách, in aghaidh bhochtaibh Mhic Dé.
Bhí Easpag in airde d'Eaglais an Phápa,
'S de mhinistéirí gallta corradh agus céad,
Chun barántas láidir a thabhairt ar láimh
Na banna bhí lá dá mbeathú sa tsréad.
Ar neamhchead d'Eoin 's do litir Naomh Pól,
Don tSoiscéal, don Ord is Eipistil Naomh Séam,
Sé thug siad an t-ordú urraimeach ordúil
Nár chualathas ó seoladh an creideamh a leithéid:
Gach duine bheadh breoite, meiteach éidreoireach,
Gan chideog ná bróga, gan phluideog gan bhréid,
A thógáil den mbóthar, 's a theilgean i gcóisir
Gan ithe gan ól go rachadh sé a dh'éag.
Ach a Easpaig is fearr dá gcuala mé trácht
Ó gineadh mo láir go bhfacas thú féin,
Nach mór an mí-ádh nach raibh tú le fáil
Tráth theagasc Naomh Pádraig mhac Alphrainn an Chré.
Ní léigfeá do bhráithre nó do mhanaigh bhí cráifeach
Bheith ag imeacht i bhfásaigh a bheathú an tsréad';
Is deimhin gur gearr a léigfeá fá lár é -
Agus chuirfeá a bpláigh 's a n-aicíd 'na ndéidh.
Dá gcastá le hEoin is gan ribe ná róinne air,
Ach fallaing de róinneach camhaill mar bhréid,
Gan stoca ná bróga, is é ag teagasc na n-ord
Is na haithrí mar ba chóir d'iomad den gcléir -
Sé déarfá gur gósta bacaigh gan ró,
Duine bocht sceoite, nó breallán gan chéill,
'S ní shiúlfása an ród le taise den tseort
Gan chillíní feola air, fallaing is gléas.
Ach ní chreidfeam go bráth ó shagart nó bráthair
Gur peacadh bheith táirthe folamh gan spré;
Mar chuala mé trácht ag filidhibh i mo lá
Gur ó bhochtaibh bhí tláith a tháinig Mac Dé.
Bhí Colmcille dá rá le fir is le mná,
Ó aimsir na bhfáithe dá aithris don tsaol:
Gach duine a ní bród, ag cur muinín' i seoid,
Gur deacair go deoigh dó dhul go flaitheas Dé.
B 1851 19L
18. Chun na Naoi
Aodh
Agraim agus guím na Naoi Mná suáilceach
A bheadh i mo dháil de ghnáth mar ghuaillithe -
Nach tuirseach ina ndéidh mé, tréithlag buartha,
Mo cheiliúr liom féin, is thréig na duain mé -
A theacht chugam arís más mian leo m'fhuascailt
Anois ó na braigheadaibh daora cruaidhe
A cheangal an chléir, 's gan réiteach uath' san,
Nó go dtiocfaidh an t-éag 's go dtéim chun na huaighe.
Na Naoi
Scoir feasta do phléid is ná buair ár gcluasa,
Ó is tusa thú féin a thréig ár gcomhluadar;
Dá bhfantá go foighdeach 's gan éalódh uainne
Is gan gabháil le céile dhe roghain ar uaisle,
Ní bheifeá leat féin i do chladhaire ar uaigneas,
Gan chumann le mná de ghnáth mar dhual duit,
Gan loinne gan bhéarsa gan scéal ná suairceas,
Ach ceangailte go bráth de chránaí gruama.
Aodh
Dá sílinn gur thréas i bhur n-aghaidh, nó uabhar
Gabháil le spéirbhean bhéasach stuama,
Ní dhéanfainn a leithéid ar chéadtaibh buaile,
Ná a bhfuil ó Ráth Méabha go taobh Shliabh Luachair,
Ná a raibh ag Craesus de shéadaibh buaidheach;
Ach mar fágadh mé i m'aonar tréigthe suaite,
Gan duine ar an tsaol a théagródh in am suain mé,
Nó nífeadh mo léine dá mbeadh mar ghual dubh.
Na Naoi
Ní ghlacaimid feasta leithscéal uaitse,
Ach imigh mar gheilt ó dheas nó ó thuaidh uainn,
Go Tobar Eoin Baiste, 's na hEasa Ruaidhe,
Go Cruachain Mhéabha, mar a mbeadh na sluaite
De churaidhibh tréana i mbéal gach ruathair
Mar a bhfaighidh tú scéala ón néamhainn uasal
Is feasach dhuit féin a bheadh dá lua leat -
Ach ó rinne tú a hathrach, thug sí gráin is fuath dhuit.
Aodh
Dá labharfadh sibh léi go céillí stuama,
Is a guí go géar fá théagradh uaire
A dhéanamh liom féin chois sléibhe ar uaigneas
Go n-aithrisinn scéal gan bhréag gan chluain di,
Mar d'imigh gach scéimh, gach léann is gach bua uaim,
Frasa na Gaeilge, bhéarsaí is duanaibh,
Staraithe is éigse, thréig mo chomhluadar -
'S mur dtiocfaidh sí arís, is mé díth gach truaighe.
Na Naoi
Sin buachalán buí, agus éirigh suas air,
Is ceangail mar shrian air trí broibh luachair;
Tabhair léigean le gaoith go faobhrach luaimneach,
Ná déanasa scíste ach spíonaigh is cuartaigh
Gach lios agus ráth ón tSliabh Bán go Cuailnge,
Go Lios Cúile Buí 's go dtí Dún Uabhair,
Caiseal is Cluana is Dún Dá Ruaidhe,
'S ná déan comhnaí ná scíth go bhfaighe tú tuairisc.
Ach seo dhuitse i do dhorn corn buaidheach
A bheir neart agus brí do dhaoine suarach;
Do ghreagh má bhíonn cloíte, cuir braon ina chluasa,
Ná cuir brod ina thaobh 's achoích' ná buail é.
As Tobar na Naoi sé líonadh an chuach seo,
'S do thuras má chríochnaír ní bheir gan chuallaí
A bhéaras duit eolas, ceoltaí is duanta,
Is meadhair is spórt ar bhótharaí cruaidhe.
Aodh
Thug mé léigean don mbeathach, le fána anuas linn,
Go sruth na mban sí go díreach a chuaigh sinn,
Mar a raibh mé trí hoíche gan scíth gan suan ann
I gcumann na mná dar ghnách liom comhluadar,
A dtug mé mo ghrá di de bharr ar shluaite,
'S ní scaraim go bráth le bláth na suáilce
Go dtiocfaidh an bás 's go bhfágfar san uaigh mé,
'S go rachaidh ar mo chnámha lán thrí sluaiste.
Ach ní scoirim de ghnáth go bráth más buan domh
Ó mholadh na mná thug tarrtháil is fuascailt
Do dhuine gan aird bhí cráite buartha,
Gan sonas gan ádh, gach lá dá thuarghain,
Mar ghlac sí mo pháirt le grá is le truaighe,
Gur chuir sí 'mo shuí mé ar chaoleach luaimneach,
Go bhfuair mé mo mhian, mo naí bheag shuaimhneach,
A d'aisig mo bhrí is scaoil gach dua díom.
B 1850c 19L
19. Dileagra don Chumann Cheilteach
Scríobhaim chugaibh a Chomhthionóil aird Átha Cliath
Chum bua is treise is misneach a fháil ó Dhia,
Chum cnuasú seanchais na seanfhear, atá le cian
I gclúidibh tochtach is i mbothaibh gan trácht ná scéal.
Táid duain is filíocht nár cluineadh a dtáin ariamh
I lár chrích Uladh faoi smól agus cháin le cian;
Le grá agus gean ar ár dteangain sheas gábha 's gliadh
Súd Ceárnaigh i dtosach ag gabháil an rás sa rian.
Ach anois nuair a d'imigh gach míle, is bánadh an chríoch,
Is táid néalta ag scabadh gan fhearthainn, is d'athraigh an ghaoth,
Béid baird is ollaimh go follas gach áit mar bhí,
'S mná sí á bhfreastal ó thobar gan táir na ndraoi.
Ba í Éire anallód an bhanfhlaith tug barr is brí
Ó éigsibh eachtrann a sciobadh ar sáil go ndíth,
Le ríthibh, ridiribh, curadhaibh, bardaibh is draoith',
A leithéid nach bhfacthas faoi neamh in aon aird den tsaol.
Ach mo chrá is mo mhilleadh go dtáinig fán áit so riamh
Lucht Béarla Sacsan le leatrom is cáin gach bliain;
Ár nGaeil á leagadh gan taise gan tlás gan riail,
'S gan dáimh le duine dá dtáinig ar rás na Niall.
Ach cloisim á aithris ag seanmhnáibh mar scéala fíor
Go mbíonn Ó Conaill le conairt á seilg gach lá sa tsliabh;
Is amhail a leanas mo Mhacnaidh Átha Cliath atá ard
Lorg ár gcuradh, ár n-aois crut, ar ndraoi 's ár mbard.
Ach más mian libh cumann Chrích' Uladh go fíor d'fháil,
Ná sníomhaidh an barrach le cáithlech is mian de ghnáth -
Nó béid na mná roithleán do bhur ndímholadh choích' is go brách,
Is foilseoid na cnapáin i gcraiceann 's i dtaobh an tsnáth'.
Faighidh míniostalóir ealaíonta eolgach ard
A sceithfeas an tsliseog ar an iostal go mín 's go tláith;
Is béid na mná binnfhoclach grinneolach Chríche Fáil
Le fuaim a roithleán ag seinm mar éanlaith fáil.
Uch! bua is beannacht le fearthain is gaoth i bhur ndáil,
A ghruagaigh seanúla lér cleachtadh ariamh fíordháimh;
A uaisle fearúla thug taitneamh don Ghaeilge bhreá
A bhí ag Clainn Daghdha le sochar gan dochar sa gcríoch de ghnáth.
B 1844 19L
Litreacha Aodha Mhic Dhomhnaill chun Art Mhic Bionaid
20. An Chéad Litir
Beir beannacht is céad uaim féin, le bua is neart,
Le cumann is dea-mhéin fá dhéin an tsaoi sin Airt,
An Bionaideach béasach nár chlaon ariamh le beart -
Sé bearád an tséin é, an sadharclann críonna ceart.
Gá hionadh don éigse éirí is triall 'na ghar,
'S nach dearn sé pléid, 's le féile riamh níor scar;
Níor fhulaing sé créatúr faofaoidh faon ar lear,
'S nach méartha don spéir a fuair mar chéile an fear!
A charaid mo chléibh, ná tréigsa cumadh na gceol,
'S gach liacht oíche aerach 'bhí tú féin is mise fán ól;
Le héirí an lae ba séimh is b'fholláin ár nglór,
Ní chodladh sinn néal le méadú cuideachta 's spóirt.
Seal ag Séamann chois sléibhe mar a dtiteadh an ceo,
B'ait liom do phléid, 's ba séimh liom loinneadh do mheoir,
'S nach nglacfá mar roghain bheith i gcéim le maitheas gach só,
Ar leaba chlúmhach éan, faoi éadach fite den tsról.
Beidh cuideachta 's dáimh le fáil arís ar Art,
Gé síleann Mac Ádhaimh gurb é an bás a chloígh a neart;
Nuair a chruinneos an baird comhdháil dóibh féin fá seach,
Beidh tusa 'na lár mar chránaigh i meon na mbeach.
A churaidh bhí tréitheach, faobhrach, fuileata, bras,
Is do shámhailt liom féin, ó d'fhág Cú Chulainn níor chas;
I gCath na bPunann dá mbeitheá chois sléibhe lá na seacht gcreach,
Mac Gúigín é féin 's ní bheadh sé i bhfad ar a each!
21. An Dara Litir
'Sé bun mo chomhairle dhuit a Airt,
Gé gur ceart a chanair scéal,
An uair nach binn leat an ceol,
Éist an glór adeir an béal.
Scoir do ghearán ar na baird,
Is bí mar chách soirbh, réidh;
Ná bí mar Ismael i measc cháich,
Nó beidh lámh gach duine i d'aghaidh.
Má chreidtear thusa i ngach ní,
Is scéala fíor gur thiormaigh an sruth
Thug eagna anallód do shíol Ádhamh',
Is nach bhfuil trácht air inniu.
Deir tú gur imigh an tiobraid fíor,
Is nach bhfuil braon ina chúl,
Is nár dheoch duine as ariamh
Ach mic an Dia agus triúr.
Sin is braon a d'ól tú féin,
Más fíor an scéal a chluinthear uait,
Le a bhfeicthear locht gach neach faoin ngréin
Ach do locht féin - is ceist a lua.
Más fíor a méid atá tú 'rá,
Is crainn gan bhláth a bhfuil den tslua,
'S nár blasadh braon ar bith den Áill
Le Seán Clárach ná Súileabhán Rua.
Ach seanscéal agus é fíor -
Gé gur díomhaoin domhsa a lua -
Go mb'fhearr go mór fionnóg cheolmhar,
Maidin cheoidh ná balbhchuach.
Mo cheist ort anois a Airt -
Bíodh nach beart a chuirim uaim -
Cá hacu is fearr, an grinn searbh,
Nó'n binn balbh nach gcanann duan?
An tAmhrán.
Is gandair go léir do ghéidhe a Bhionaidigh bháin,
Is ní fheicthear aon éan ach géis' uilig sa tsnámh,
Níl truideog ná traona, ach smaolaigh uilig ar an bhfál,
Is luchógaí adharcach a shéidfeadh cat as gach aird.
Nach ionadh an scéal gur thréig tú ollaimh na ndán,
Is srutha Helicon féin gur thaosc tú uilig ina dtrá;
Tá filí is éigse Éire ag titim i dtámh,
'S gan oiread gath gréine 'do dhéidh le a bhfliuchfadh a mbráid.
22. An Treas Litir
A Airt, a chara, sé mo bharúil gur sharáigh tu an chríoch,
'S ar éigse Uladh mar is cuibhe dhuit go brách bheith 'do rí,
'Nois ó rinne tú otrach capaill de bhualtrach na bó,
Thug tú an bálla leat ó Mhanannán 's ón gCeithearnach gan ghó.
Is fíor go deimhin an priompallán a bhíos ag dorsán cheoil,
Go mbíonn sómasach soghlacaith' gach lá, sé mo dhóigh;
Ní mhilleann sé aon dada 's níor chráigh sé neach beo,
'S in aimsir doininn' sé thuigim go mba sáimh linn a ghlór.
Ach an tileáinín beag beadaí sin chuir gráin ar an tslua,
Bhíos 'na phéist i measc na gcuileog 's é dá mbású le fuath,
Bíonn gath nimhe ina earball bhainfeadh rása as na buaibh -
Ach ní chuirfinn thusa i gcomórtas comh gránna de thruaill!
Ach a Bhionaidigh creid mise nach ag éad leat atáim,
'S nach gcreidim feasta a n-abair tú, go dtéim i do dháil -
Thusa a bhí 'do ollamh i measc éigse Chríoch Fáil,
Bheith ag teacht anois 'do thileán as an múinleoig mar táir.
Ach an measann sibh an í Gulainn nó banríon an tslua sí
A chas dár bhfile is é 'pilleadh san áltán san oích',
Thug buille feille da ngaisc' each a sháraigh a chroí,
'S rinne tileáinín beag beadaí de, nó cránaigh de dhaol?
An tAmhrán.
A ghiolla úd a chleacht a bheith suairc, ach rinne an duáilc' go léir,
'S nár fhág tú siolla ná duar ag ollaimh le lua 'do dhéidh,
Mur' ndéanfaidh tú aithreachas crua is filleadh i ruaig ón scéin,
Beidh oiread Sliabh gCuilinn ó thuaidh de thuirse ar do ghuaillí féin.
Is deimhin nach n-imíonn tú slán, mar is fiosach do chách go fíor,
Gur thoisigh tú roimhe le ráfladh i gcumann le málrach sí:
Titfidh ort eiteog Uí Dhálagh, mallacht Sheáin Chláraigh is Aoidh,
'Gus beidh tú 'do dhuine gan aird ag imeacht go brách le baoith'.
23. An Ceathrú Litir
Ceol nó Litir Shíochánta le Aodh chun Airt.
Nach tuirseach mo thuras fán tráth seo
Ag pilleadh ó chlár na Mí,
Is gan duine 'mo chluideacht sa lá,
Ná cumann le mná san oích';
Ach an mhuintir a chonaic mé tráth
A chroithfeadh dhá láimh le hAodh,
Go bhfuil siad anois ina namhaid
I gcogadh le bard is le saoi.
A dhuine úd a chonaic mé uair
Chomh fearúil le Guaire é féin,
Nach iontach mar d'imigh is d'fhuaraigh
An charthantacht uainn araon!
Muna dtiocfaidh tú chugam i ruaig,
go gcluinfidh mé uaitse scéal,
Is eagal nach dtugaim ort cuairt
Go dtitfidh na cuacha i néal.
Ná dearmad ach tabhair leat Máire,
An bhean a thug barr le haoibh,
Ós í a bhéaras teas do do chnámha
An uair a bhéir ársaidh críon.
Tá scilling i mbratóig le ráithe
Ag an scoláire chráite Aodh,
'S is deimhin dá gcasfá 'na dháil
Nach gceilfí go bráth ort í.
An tráth thiocfas tú thairis an ált,
Beidh mise ar fáil sa tslí,
Is ní scarann do ghlaic as mo láimh
Go mbeidh sinn fá chlár na dí,
Go n-óla sinn gloine le dáimh
I gcumann 's i bpáirt 'nár suí,
Ar an amhail is go dtiocfadh an áille
Ó thobar gan táir na Naoi.
Ansin an tráth scoireas na strámaí
Bhéara mise le fána an scríob
Trasna gach tulaigh is áilt,
Mar rinne An Ceithearnach Caol.
Chan fhágaim caiseal ná fál
Nach gcuirfidh mo chéachta thríd;
Is fuirseoidh tusa an pháirc,
Tráth chuirfeas Mac Ádhaimh an síol.
B 1850c 19L
24. Moladh An Dochtúir Brís
A dhochtúir na féile is fearúla tréartha
A rinne mo léigheas ó chasachtaigh,
Is ó thit an oích' 'réir go fionnbhuí an lae
Nár chodail mé néal ach ag putharsaigh,
Dar flaitheas Uí Néill má thigimse 'gcéim
Mar fhilí sa réim anallódaí,
Cuirfead más féidir tuairisc do léinnse
Fá chomhair lucht déididh is callóidí.
Níl aicíd ná támh da leanann síol Ádhamh',
Mar is fiosach ón lá far pheacaigh sé,
Nach ndéanfadh sé slán le aon bhuidéal amháin
Den mbiotáilte a d'fháisc sé as luibheanna.
Is fiosach domh féin trí cailleacha déag
A bhí 'dul a dh'éag ó arraingeach',
Nach raibh siad i bpéin aon tseachtain amháin
Nó go siúladh go haerach acmhainneach.
'gCluin sibh a mhná an ní tá mé 'rá,
Eadar chailíní álainn is odharmhná,
Bhíos ag imeacht de ghnáth ag déanamh don tsráid,
Is ag tabhairt luach an tsnáth' don phoiticear:
Téighidh chun na háite a bhfaighidh sibh an tsláinte,
'S is deimhin gur gearr a haiseag uaibh!
Tá Somhairle an sármhac gliocasach ámhaidh,
Is léigheasfaidh bhur ngalraí dhe thapaigean.
Más beartúil an bás a shladas gach náisiún,
Chuir sé an báire anuraidh air,
Gé bhéaradh sé táinte, caisleáin is pálais
Dósan mar shásamh is léigean dó.
Ach dúirt sé go dána, imigh a phéist ghránna,
Nó fágfad do chnámha 'n aice leat,
Is d'imigh an ránaí ag gol is a chár air,
Is ar chuala an scéal ba mhaith leo é.
Sin agaibh a dhaoine, 's ná caillidh bhur bpighneach'
Feasta le daoidhibh nó quackanna,
Ach téighidh chuig an mBríseach carthanach caoimhiúil,
'S é bhéaras an íce fholláin daoibh.
Níl duine ó aosta é go leanbh na cíche,
Cailín, bean tí nó banaltra
Nach n-aiseagfadh an saoi seo a neart is a mbrí,
Dárbh iad an slua sí bhuail boc orthu.
Anois ó táim slán, is go gcodlaím go sáimh,
Is an aicíd gur fhág mo ghoilese,
Cuirfead do tháinse feasta os ard
I ngach áit ó Dhroichead Áth' go Gaillimh thart.
Níl ollamh ná bard dá gcluinfidh ort trácht
Nach n-ólfaidh do shláinte i mbiotáilte;
Ó bhuail tú an bás, ná bíodh ortsa cás,
Níl duine 'gcrích Fáil chun curtha leat.
B 1851lsc 19L
25. Dán ar bheirt dhaoine uaisle a bhi ag caitheamh tobac
I mBéal Feirste chois cuain ag bruach na farraige
Tá beirt dhaoine uaisle tá stuama meanmnach,
A bhfuil a gcroí mar Ghuaire le suairce 's carthantacht
- Hó! ró! go raibh Dia leo go deo!
Sé is ainm don dís seo, Laoire is Somhairle,
Mac na Duibhe an saoi agus Bríseach flathúlach
A bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh ina gcuisleanna
- Hó! ró! is bua go raibh leo!
Tháinig mé ar cuairt ar ruaig, 's níorbh annamh liom
Do fhéachaint na ngruagach bhí suáilceach taitneamhach;
Sé fuair mé ina suí iad ag míniú staraíocht
- Hó! ró! nár bhaine dóibh gleo!
Tharraing Somhairle 'n píopa air bhí fídeogach fadchosach,
Agus chuaigh sé á líonadh, an ní úd ab aite leis,
Le luibh na mban sí a bheir íce do chailleachaí
- Is hó! ró! is leis a bhí an ró.
Ghlac mise séite a mhéadú na cuideachta,
Is líon mé mo dhúidín a dhiurnadh in aice leo -
Is go sílfeá gur Francaigh bhí i gcuan Charraig Feargasa
- Hó! ró! nuair a d'éirigh an ceo!
Thoisigh na píopaí á líonadh ar athbhabhta
Leis an macnaidh uasal gan ghruaim gan tarcaisne,
Ach chaith sinn an oíche nó gur ghlaoigh na coileacha
- Is hó! ró! nach sin deireadh mo cheoil!
B 1848c 19L
26. Moladh Bhriain Uí Shearcaigh
A Shearcaigh chaoimh, a shearc mo chroí,
'S a shearc na Naoi in éineacht,
A shearc gach saoi dá bhfuil sa gcrích,
A fhile chaoin chéillí;
A shearc gach daoi is ollamh críonna,
A bheangáin mhín bhéasaigh,
Searc na ndaoine ar feadh na críche,
An bile fíor sadharclann.
Sa gCondae Lú a sheastar cliú
Le sceallán cumhra scéamhach,
Is scinn anuas le meas is bua
Go ceart ón uaisle Ghaelach,
An staraí suairc, croí gan chruas -
Go mba fada buan a bheidh sé
I ngean gan fuath ag an tslua,
Ag míniú duar Gaeilge.
Sé siúd go fíor an balsam íce,
A dheoch go líonmhar réimiúil
Den tiobraid sí 's a sruth mar dhílte
Ag tonnadh síos go taoscach;
Tráth fhliuch sé a chroidhe, an bonnán buidhe,
Le huisge fíor na héigse,
Níl duan ná laoi, ceol ná oidhe
Nár sheinn sé síos le pléisiúr.
Sé Brian na céille searc na héigse
Fuair gean ón réim dhaonna,
'Bhfuil tuilte tréana thríd ag réabadh
d'fhuil na séimh-Mhílidh;
Tá a dhreach 's a mhéin ag teacht le chéile,
Ag sileadh bhéil mar íce -
Go mba fada saol don ainnir bhéasach
Fuair mar chéile an saoi sin!
Is iomdha bard ó Cheann Ard
Go Ceann tSáile, is éigse,
Ollamh dáin, file is fáidh
Den aicme álainn Ghaeil Ghlais,
Laoch gan táir a dhéanadh ár,
Ag cosc na dtáin le héachta;
'S is fíor le rá gur scoith den bhláth
An sceallán breá réimfhras.
Ach nuair nach féidir liomsa an scéal
A chluinim féin a mhíniú,
Ná a cheartú i gcéim le mo mhéar,
Nó peanna géar líofa,
Scoirfidh mé de chumadh bhéarsaí
Go dtiocfaidh an Fhéil' Bhríde,
Go mbeidh na sléibhte glas ón bhféar,
Is tuineadh gréine ar mhínleach.
B 1845 19L
27. Tuireamh an Dochtúir Mhic Dhomhnaill.
Agraim agus maím carthantas na Naoi
Cuidiú liom go fíorchéillí,
Gach ollamh agus draoi dá bhfuil sa gcríoch,
Ó Bhoirche go dtí an Éirne,
Gach oide ceart is saoi ó Chorcaigh chun na Mí
De mhuintir 's de shíol Éibhir,
Mo mhisniú sa tslí, go gcumadh mise laoi
Don mbrainse as taobh Ghaeil Ghlais.
Ag Helicon sé chuala mé greadán agus cruaghol,
Mar dhílte le grua néamhainn,
Dá rá gur theastaigh uathu balsam an tslua,
'S gur imigh ar a chuairt dhéanaigh.
An fear fearúil a bhí suairc carthantach gan fuath,
Mar Naoise le snua scéimhe,
Is a chroí tais gan chruas, le daonnacht is suáilc',
Ag míniú na nduar Gaeilge.
Bhí an ghealach faoi smúid, 's an ghrian i gculaith chumha,
Agus éiclips ar shnua réalta;
Jupiter le bua ag réabadh anuas,
I dtoiseach ar a tslua Dé-mhná;
Bhí Apollo 'teacht le lúth, 's clanna Daghdha uile i gcumha,
'S mac Manair lena dhuan bhuartha;
Bhí Aeolus ina luí gan mhisnigh gan bhrí,
Minérbha is í ag géarghol.
Ag tiobraid na nÁille sé bhí na mná mánla,
Dá mhíniú go sárchéillí,
Nach bhfuil imeacht ón mbás ag aon de shíol Ádhaimh
Ó bhí sé sa ngairdín Éidin,
Go leagadh leis gan dáil gaiscígh chríche Fáil,
Na Mic Uisnigh agus Blánaid is Deirdre,
'S nach bhfuil díne den Ádhamhchlainn dár shíolraigh ón áirc
Nach n-íocfaidh an cháin chéanna.
Leis sin a tháinig slua bantracht ó thuaidh -
Naoi mná na gcuach péarlach,
Clío on nGréig, Melpomene na scéimhe,
'S Talia ag tarraing dlaoith' a céibhe;
Bhí Erato 'gol go géar, Euterpe is í gan léars,
'S bhí Terpsicor go daor cloíte;
Calliope 's í i bpéin, 's Urania 'dul le scéin,
'S Polihimnia sna géarchaointe.
Leis sin a tháinig néamhainn amhail an ghath gréine,
Mar shneachta leis na sléibhte ag siabadh;
Agus dúirt sí, tugaidh éisteacht go gcluinfidh sibh na scéala,
Mar goineadh leis an éag Séamas -
An sceallán ceart den réim fhras, oracal na héigse,
A fuair ansacht ón réim dhaonna,
Pronntóir na séad, ar cheansacht na nGael,
Bhéarfadh in aisce don tsaol íce.
An dochtúir den tréanfhuil ón mbrainse cheart Ghaelach,
Bhí cinnte i ngean Dé is daoine,
Is Esculapius é féin dá bpilleadh ar an tsaol
Go n-ardódh i gcéim Séamas -
An mílidh b'fhearr méin síol Domhnaill an tséin,
Den uaisle ó thaobh Íle;
'S nach trua bocht an scéal len' insin don tsaol
Nach bhfeicfear go héag aríst é!
Níl aicíd faoin ré dhá dheacaire a leigheas
Nach ndéanadh an liaigh so 'fhóirint,
Le beart is le tréartha, carthantacht is féile,
Gliocas is méad a eolais;
Níl binibe ná péin dá mbeadh ar bhochta Dé
Nach dtiocfadh fána dhéin ina slóite,
'S ní ghlacadh sé mar roghain airgead ná spré,
Ach beannacht ó gach créatúr breoite.
Ach a bhalsam a fuair bua le hintleacht is foghlaim
D'iarsma na nguairí chlann Mílidh,
Agus Solamh dá mba dual sin theacht arís ón uaigh,
'S gur tusa bheadh i d'uachtarán na críche.
Ach ó d'imigh tú uainne, 's gan dáil le d'fhuascailt,
Go Bun an Dalla thíos ar cuairt ag do ghaolta,
d'fhág tú an tír buartha gan phléisiúr ná suairceas,
'S tá an tréan is an trua uilig ag guí leat.
Sé an ríora gan chruas seo d'fhíorfhuil Cholla Uais
Is mian liom a lua cinnte,
A raibh dílseacht is uaisle, críonnacht is suáilce
Ag líonadh go buan ina linnte ann.
Gach duine dá dtáinig uadh, is cuibhe dhóibh 's is dual
A bheith líonta go buan cinnte,
De mhianach na nguairí ó rífhuil na tuaithe,
Agus bruíon cheart sin Dúna Libhse.
Is iomdha sin leon bhí in Eachdhroim 's ag an mBóinn
Den iarsma sin Dhomhnall Íle;
Ball Dearg ina cheann slóigh is Iarla Thír Eoghain,
Is Somhairle san ordú cheánna.
'S da bhfaigheadh cuidiú mar ba chóir sa Doire 's i nGráinne
Óig'
Ó uaisle de phór Mhílidh,
Bheadh an tír seo go fóill gan chíos ag na leoin,
Agus dhíbreodh siad slóite bíobhaí.
Tá na Gleanntaí faoi ghruaim ó thréig siad a chuairt,
An Mhurlag is uaisle Aontroim,
Mar nach gcluintear ceiliúr suairc smaolach ná cuach
Feasta i bhfad uatha ar choillte.
Níl bainne ag na buaibh mar a chleachtadh siad an uair
A bhí gnáthú na huaisle cinnte ann;
Ach fearthainn agus fuacht, fearg agus fuath,
Is níl iasc mar ba dual ar linnte ann.
Glac foighid a bhean uasal, is leig ó bheith 'fuachais,
Ós tusa léigh na húdar naofa;
Smaoinigh thusa ar Ióba, Lasaras is Tóibit,
Mar a d'fhulaing siad go mór ar an tsaol seo.
Is gairid go lá an tsléibhe go bhfeicfear arís Séamas
Ar dheasláimh an tSréadai fíorcheart,
Dá ardú sna néaltaí chum sealbhú na hoidhreacht'
A gealladh le Mac Dé do lucht daonnacht'.
Dá mairfeadh na bard a chleacht a bheith i stát
Ag Ultaigh ina lá sa tír seo,
Ní leigfeadh siad a bhás gan a chur os ard
Le peann blasta i láthair ríthe.
Thiocfadh an bhandáil ó Bhragánsa Easpáinn'
I loingibh is i mbárca líonta,
Is bheadh inse Chrích Fáil ar aon ghreadadh lámh
An tráth chasfadh siad le páirt Shíthigh.
A chroí bhí gan locht, nár mheabhraigh riamh olc,
A dhídin na mbocht 's na ndílleacht,
A mhílidh bhí ceart, nár smaoinigh dobheart,
Ach líonta le neart rialtacht' -
Ós ní a chuaigh thar neart do shaoradh ón bhfeart,
Mar is cíoscháin is éigean íoc é,
Go n-imí an saol thart níl dúil againn leat,
Is a Shéamais, ár mbeannacht shíor leat!
Beannacht ón Tríonóid naofa a chruthaigh síol Éabh',
Beannacht na n-aingeal 's gach naoimh i bhflaitheas Mhic Dé
Beannacht gach Críostaí, is míle beannacht uaim féin,
Mar thuill a dhea-ghníomha a choíche a choimeád ó phéin.
Ag seo a aois mar mhíníos leabhar na gcléir:
Dhá bhliain go fíor, ceithre fichid is beagán de laethaibh,
San Aibreán, bliain aoise an Tiarna a cheannaigh síol Éabh',
An cúig is dá fhichid, míle agus ocht gcéad,
Sé a leagadh an rímhac seo, croí gan ghangaid, sa gcré,
Agus d'fhág sé an tír seo a choíche in anaithe ina dhéidh.
B 1850c 19L
28. Dileagra chum Phádraig Uí Uigín
A Phádraig Uí Uigín, ós fiosach domh féin go beacht
Nár tréigeadh siolla ná duille den nGaeilge leat
Le grá ar na seanair' a bhí carthantach céillí ceart,
Chuaigh táin do pheanna tar imeall na hÉirne thart.
Ó fuair tú mar bheannacht gan cheannach gan cháin ón Rí,
Na mílte talaint nár roinneadh le tráill ná daoi,
A ghrá, ná folaighse i mbratóg go bráth ná i ndíog
An cnuasach meala úd a cleachtadh i mbéal na ndraoi.
A shadharclann tairis gan mhearú gan táir gan díth,
A d'ól go frasach i gcumann 's i bpáirt na Naoi,
Nach cráite an chinniúin mar d'imigh na baird 's na saoi'
A ghnáthaíodh siollaí rómhilis ag áth an tsruth' sí!
Ó tharla is é deimhin go n-imeoidh an saol seo thart,
'S nach bhfuil rí ná ridire ná curaidh dá thréine a neart,
An Pápa, an t-easpag, an sagart 's an cléireach ceart,
Ó Ádhamh níl duine nach rachaidh i gcré sa bhfeart.
Ó d'éag gach duine dár gineadh ariamh ó mhnaoi,
'S 'na dhéidh go maireann a n-ainm i gcliú 's i ngníomh,
Tá a shárfhios againn, gach duine dár ghnáthaigh scríobh,
Go mbeidh cártha beannacht dá leanúint go cathair na naomh.
Ó tharla tusa is mise linn féin sa tír,
Gan spré fá Nollaig, gan ollaimh ná géadh Féil' Míchil,
Ná tréigse loinne do pheanna le ré do shaoil
Go cnuasfar startha mar a chleachtadh do chairde gaoil.
Is fíor go bhfuil tusa mar Oisín ar uaigh na laoch,
Is mise mar Oscar go tostach in éis ár na maidhm;
Ach beidh ádh agus sonas gan donas gan táir gan díth
I mBealach Sean-Aoidh, an lá chastar le Pádraig Aodh.
B 1900c 19>
<G U DG>
B
29. Má Thigimse Choíche
Má thigimse choíche arís go moch nó go mall,
Caithfidh mé oíche ag an dís a bhfuil mé ina ngeall,
Mar tá, Aindriú 'gus Bríd, sé a gcroí nár mheabhraigh riamh feall,
Agus searc do gach saoi iad in íochtar Chontae na nGall.
A Aindriú a chroí, ná síl gur duine gan aird
Gach file ón Mí atá críonna glic ar a láimh.
Nach fiosach don tsaol ón Maoil go Cosán an Fhathaigh
Nach i bpálás an rí bhíos Aodh ag cumadh na ndán?
Ná síl thusa arís go mbím ag mealladh shíl Ádhaimh,
Ach ag an tslua sí, más mian leat cuideachta a fháil,
Lerb' iomdha seandraoi atá saoithiúil, soineanta, sámh,
A bhíos ina suí is na Naoi Mná acu ar láimh.
Má bhím ansin romhat is mór an charaid mé ann,
Mar is fiosach do na hógmhnáibh nach n-ólann tú fuiscí ná lionn,
Le Clío beidh bóicín beorach a fhliuchfas ár gceann,
Agus gabhfaimid ceol ar nós gach duine dá mbíonn binn.
B 1850c 19L
GzzzzzL
30. Aisling
Ar mbeith domhsa aréir 'mo luí,
Go hatuirseach, is mé gan bhrí,
Eadar Loch Éirne is Bealach an Aodhaire,
Is Oileán an tséin Mhic Aoidh,
'Sé tháinig sí an spéir go dtí
Mo leaba gan bhréig san oích',
'S dúirt sí liom éirí feasta ó mo néalta
Is gabháil léi féin mar mhnaoi.
Thionntaigh mé ansin ar mo chlí,
Go bhfeicfinn cad é mar bhí,
'Sé chonairc mé an spéirbhean gheanmnaí dhéidgheal
Mhascalach chéillí chaoin;
Mar sceallán de réim na rí',
Nó bandia i gcló, sé bhí,
A folt fada craobhach feamainneach scéimheach
Ag scaipeadh go féar le gaoith.
Ba chosúil le hór gach dlaoi,
Is í ag casadh go cóipeach buí,
Is gach clannóg go bróg di ag loinneadh mar lóchrann
Solais ar choirneál tí.
Bhí a leaca mar rósa rí,
'S an sneachta ag dórtadh faoi,
Is a dearca mar réalta siocáin sna spéarthaí
Ag imeacht i scéin le gaoith.
Bhí a malaí a déad 's a píob
Mar lile nó an ghéis ar taoid';
A mama 's a taobh ba ghile ná an t-aol,
Nó an eala an tráth bheadh dá ní.
Ba chosúil a méarchrobh maoth,
A leaca is a béilín caoin,
A com a bhí caol mar a haithristear scéal,
Le deilbh na gcaor ar chraoibh.
Bhí tuilleadh gan ghó sa mnaoi,
Do mhearaigh is bhreoigh mo chroí -
A cos a bhí spéiriúil aigeantach aerach
Ag taisteal gach taobh den gcrích.
Tug mise léim go dtí
An ainnir chaoin chéillí mhaoth -
Sé d'imigh sí an spéir amhail gath gréine
A ndruidfeadh na néalta faoi.
An tráth mheas mé gur néamhainn í,
'S nach bhfeicfinnse í go héag 'na mnaoi,
Sé chuir mé mo léine tharam mar éideadh,
Is d'imigh 'na déidh sa tslí.
Shiúil mé liom féin gan scíth
Go raibh mé ag taobh Chluain Aoidh,
Mullaigh Ráth Méabha is Foirceal na cléire,
Sligeach is go taobh Chluain Fraoich;
Thart le Cruach Phádraig síos,
Go Biorra is go barr Shliabh Buí,
Síos cois na sáile go Boirche is go hÁrainn,
Ag imeacht ar bharr na gaoith'.
Shiúil mé gach ráth agus bruíon,
Gan foscadh ná scáth ón tsín,
Ach aibíd bheag bhán a rinne na mná
d'anairt as lár an lín.
Shiúil me le bruach Loch nEachach,
Chun na Banna is Dún Uí Néill;
Uaidh sin sna ruaige don Eas Aoidh Ruaidh,
An turas le ar buaidhríodh mé.
Ba tearc is ba tréithlag faon,
Is gan duine 'mo dháil 'mo shuí,
Mar ghiolla gan aird i leataobh na sráide,
Is mé gointe le marcshlua sí.
Níorbh fhada an cairde a bhí,
Go dtáinig sin láimh liom draoi,
De chineál na mbard a chleacht bheith i stát
Anallód ag áth an tsruth sí.
Tháinig an lia an tslí
'Mo choinne chun mo bhéal a ní,
Le gloine gan bhréig as tobar na héigse,
A d'aisig mo chéill is mo bhrí.
72a. Sé's ainm de ghnáth don tsaoi
b. Chas orm fán tráth seo dh'oích',
c. Pádraig Ó hUigín soineanta saoithiúil,
d. A d'fhreagair mo chás gan scíth.
e. Chuaigh muid le chéile araon,
f. Is d'ól sinn ár ndóthain dí,
g. Den mbiotáille ab fhearr dá raibh sa tábhairne,
h. Mé féin agus Pádraig caoimh.
i. Nuair a léig mise 'n braon sin síos,
j. Is fhliuch mé mo bhéal 's mo chroí,
k. Arsa mise liom féin, ní leanfad go héag í,
l. Má bhímse gan chéile choích'.
m. Dúirt Pádraig go céillí maoth,
n. Is mithid duit éirí a Aoidh,
o. Is scor de na mná choíche feasta go bráth -
p. Ag sin agaibh m'airneál oích'.
31. Fáilte Pheadair Uí Ghealacáin Lena Eachtra Agus a Ráfladh
Taibhreadh agus tógbháil oíche do rinneadh do Pheadar
Ó Gealacáin, príomhstaraí agus oide eolais ró-ámhaidh Bhaile
Mic Cadhain i gContae na Mí, lámh le Caisleán Cam Ardmhacha
Bréige, agus dar leis gur cuireadh litir ó shíogaí Lios
na gCearrbhach fána dhéin, dá fhoilsiú dhó dá dtarlódh dhó a
bheith sa dún sin, nach mbeadh uireasbhaidh air féin ná ar a
iarsma go bráth 'na dhéidh.
Agus ar gcríochnú na comhairle sin lena mhnaoi .i. Sinéad
Ní Thánaiste, sé ghléas sí cearc agus bonnóg dó, agus chuir ina
théich lóin iad maraon le mórán eile de nithibh a mheas sí a bheith
riachtanach sa turas contúirteach a bhí ina cheann.
Agus ar gcur a chulaith chatha uime go lánthapaidh dhó,
agus cleite bonnáin i gcúl a bhríste dise, sé thug a seacht
mbeannacht dhó agus ghluais leis féin go preab sa tslí nó go
raibh nóin agus deireadh lae ag teacht, lucha ag dul i bpollaibh
agus éanlaith ag dul i gcrannaibh, an gearrán bán ag dul ar
scáth na gcopóg, agus na copóga ag druidim uaidh;
ach mar ba ghnách don ádh a bheith ag liobarnaigh ar Pheadar,
buaileadh isteach fá am sin é, go bruíon fháilteach mar a
bhfuair sé aíocht na hoíche sin ag Aodh Ó Duibhne, mac an
draoi, an namhaid ba mhó ab fhéidir do mhuintir Lios na
gCearrbhach a bheith acu fán am sin, óir bhí siosma eatarthu
ó phósadh chlainne Aoidh Mhic Goireachtaigh go dtí sin, agus
cuireadh an fháilte seo roimhe le sólás, mar bhí cóta catha an
Tailc mhic Tréanóglaigh uime Pheadar.
Agus ar a theacht i láthair don draoi, is é dúirt sé:
Tigim i do dháilse le fáilte ar mhíle
Chun goineadh ar ár namhaid 's a sárú sa chríoch seo,
A laoich a bhí cródha de phór Mhílidh
Chun méadú an spóirt le ceoltaí is siansa.
Gheobhaidh tusa áras agus fáilte mhíosa
Ó Roibeard Mhac Ádhaimh gan cháin gan íota,
Is gach ní mar ba ghnách in Ulaidh na ríthe
Ag macnaidh na tuaithe, a' luascadh an fhíona.
Sé mo bharúilse gur ól tusa bóicín bríomhar
d'uisce na nÁille i lár na críche;
Is tú an scríbhneoir is ámhaidhe dár tharla sa tír seo
Ó d'imigh siad gan dáil uainn na baird is na draoithe.
Ach géaraighse rinn do phinn is ná caomhain
Siolla ná duar dár luadh is dár scríobhadh,
Go gcuirfidh tú os ard na táinte saolta
Ó thitim na Craobhrua go cogadh Rí Séamas.
Ar do philleadh abhaile nuair a bheas an obair críochnaithe,
Gheobhaidh sinn dhuit cóiste gan eachraidh ná sriantaí,
Agus cuirfidh sinne slán go clár na Mí leat,
Chun Sinéad is na páistí d'áireamh fán ngríosaigh.
Ar gcasadh thart do Pheadar agus ar ndéanamh gallúta don
ngruagach, do thug an freagra seo go binnghlórach dea-labhartha
grinnchúiseach air:
Go maire tú i sláinte a Aoidh ádhmhair mhic Shéamais!
Is ait liom mar a tharla dár bpáirt a bheith in éineacht,
Go gcumthar linn gan spás beagán dántaí le pléisiúr,
I ndúil is go bhfaighinn slán uaibh go Ardmhacha Bréige!
Is fear fearúil an Mac Ádhaimh sin thug grá mór don nGaeilge
A bhíos cumannach dáimhiúil le bard agus éigse.
Is dóigh go gcuirfidh an tArdrí an t-ádh air sa tsaol seo,
Is arís tar éis a bháis go mbeifear dá ardú sna néalta.
Ach fán tobar sin na nÁille a bhfuil trácht mór sa tsaol air,
Sílim, dar mo chúise gur dhiúrnaigh tú féin é;
Le canúin na n-údar is scrúdú na bhéarsaí,
Ní chuirfear i do chompransa Ultaigh ná Laighnigh.
Ach má theibeann coiligh francach, gandair is géise,
Tá cleite bonnáin i mo bhríste a níodh san Éirne
A chuideos liom trácht ar gach bánadh a bhí in Éirinn,
Ón ionnarbadh sin Pharthaláin go sárú na Gaeltacht';
Is ansin má bhíonn sibh sáraith' de stráidh de mo leithéidse,
Fágfaidh mise slán libh san áit seo mar fhéirín,
Is fillfidh mé gan spás ar mo dháimh is mo ghaoltaí,
Mo bhean is mo pháistí, mo chairde is mo chéile.
Agus leis sin thug an gruagach leis Peadar isteach don
mbruíon mar a raibh slua d'fheara dubha ag fáil réidh airm le
dul i gceann cogaidh lena chairde féin .i. muintir Lios na
gCearrbhach.
Ach ag breathnú dó gach ní dá bhfaca sé, sé smaoineamh a
rinneadh leis gur draíocht do rinneadh air, agus dá mbeith de
mhí-ádh go mbainfeadh toirmisc ar bith don mnaoi, mar ba
ghnách léi a bheith i gcumann lena mná carad ag blas na
beorach bríomhar úd dá ngairthear an cúl díge, nach mbeadh
aon duine le aon dadamh a dhéanamh dó féin níos mó;
agus dar leis féin go raibh adharca ag fás ar a cheann maille le
gach mí-ádh, agus nach mbeadh sé choíche ina chruth mar bhí
sé. Ag fágáil an bhaile dhó, scríobh sé an litir seo mar leanas
lena cur ar a comhad ar gach tubaiste, agus ní éigin a dhéanamh
dó féin in aghaidh na bpistreog a cuireadh air sa mbruíon; agus
scríobh sé na briathra truamhéil' seo:
An Chéad Litir
Anois atá mé cloíte gan scíste ró-sháraith'
Scríobhfad cúpla líne chuig an mnaoi is chuig na páistí,
Lena chur in umhail dóibh gach guais a bhí i ndán domh,
Is go mbeidh cuimhne aici choíche ar an ní tá mé 'rá léi.
A Shinéad, bíse críonna lá aonaigh Dhroichead Chearbhalláin;
Má chasann duit sa tslí sin Caitríona nó Máire,
Ólaidh gloine bríomhar den chúl díge mar ghnách libh
Ós feasach dhuit gurb íce é ar phiantaí is ghalraí.
Ach an uair a chí sibh an oíche is mithid a bheith 'marseáil;
Seachnaídhse na maorthaí bhíos ag spíonadh na sráide,
Ar eagla siabhrán dí bheith ar mhnaoi ar bith dár gcairde,
Is go gcuirfeadh siad sa bpríosún sibh go n-íocfaí an cáinchíos.
An tráth tháinig mé don tír seo bhí síofradh i ndán domh
Tugadh isteach i mbruíon mé mar ar bhain cloí domh is scanradh;
Bhí an iomad den tslua sí ann ag adhradh na máide,
Bhí a gcraiceann mar an ngual is a snua dubh mar airne;
Bhí sagart de na draoithe ag íobairt do Bháil ann,
Na coirí ar an ngríosaigh mar bhí sa mBab'lon;
Níl roithleán sa gcúige is am túirne sin Mháire
Nach raibh ag imeacht ann le rúide ar chiúinchosa 'n airde.
An tráth chonaic mé an t-amharc amhailteach uafásach fásaigh,
Níor fhan misneach i mo bhallse ná suim sna mná agam.
Níorbh fhios mé faoi na spéarthaí cad é a géibheann 'nar tharlas,
Ach go sílim gurbh í an bhrionglóideach is cionnfáth le a lán de.
Ach anois a charaid dhílis, a chaoifeach is a chéile,
Más maith leat mise aríst san oíche do do bhréagnú,
Cuairtíthear leat na tíortha is gach lucht síofraidh in Éirinn
Nó go bhfaighidh tú snáithe crónaí is deoch de dhroim saighid domh.
Tabhair scríob amach fán drúcht is faigh crúb gearráin fálraidh,
Raithneach rua, lus cré is már féidir samhadh feárnaigh,
Cnuasach cuileann maol is más mian leat aon snáithe
A bheadh casta san oíche ar phíobacha Phártlain;
Coigeal na mban sí agus caorthann gan áireamh,
Cleite choileach fraoich a bheadh ag glaoch sna báinsigh,
Blodh de sheanchrú capaill a bheas greamaith' ar an áirthigh,
Is an tairne a bhí ina shiosúr ag an mBioganach an táilliúr,
Sin is leathróinn' bheannaith' a bheas ceangailte ar mo mhása,
I ndúil is go mbeinn sa mbaile i ndeireadh Mí na Márta.
Freagra na Mná
A Pheadair, is maith a dúirt mé i do shiúl nach mbeadh séan ort,
Dá gcreidfeá thusa Hughaidh is a chluanchleasa bréagach.
Bím ag brionglóidigh gach oíche is níl scíste ó mo néaltaí,
Go mbéaraidh an slua sí ort, nó draoithe Thuath' Dé Dan';
Ach amar stada an chailleach iarainn ó chur fiabhráin ar do chéadfaí,
Rachaidh mise go réimdhíreach go dti Lios Ráth Méabha,
Ní fhágfam clúid sa tír seo gan spíonadh in éineacht,
Go bhfaighidh mé amach os íseal an ní a dhéanfas leigheas dhuit.
Ach bíse cinnte fearúil mar a chleacht tú a bheith cródha,
Nó go rachaidh an urnais bheannaith' seo uilig chugat ar an chóiste.
Níl diadhaire ná díorfach dá raibh sna tíortha leis na céadthan'
Nach bhfaighidh mé ball dá n-urnais nó roinn dá gcuid éadaigh.
Chuaigh mé an chéad uair go Bail' Roibeaird ag Padaí is fuair mé a chrúca,
Is seantua Bhriain Uí Mhochóirí le ar ionnarba sé an púca;
Uaidh sin chuig Maighréad Ní Dhuibhín is bhain mé an fhallaing dena
huachtar,
Is ag Cathal Mhac Deirg fuair mé seanbhróg de chuid Lútair;
Uaidh sin go Baile na gCromán aige Bhathan ina cheárta,
Nó go dtug mé treoir is casúr uaidh a bheadh ag déanamh tairní;
Orc ime Mhaolmhuire, an ladar is an bata sin Eoin Bhéilinn,
Is ar scáth Eisigh Burc bhain mé an chuille as a céafa.
Fuair mé fionnadh rua collaigh is cleite choileach Márta,
Is aibíd Bhríd Ní Chasaide le doirbibh a bhású,
Siseal Bhriain na Bóinne, fear a d'ólfadh mart ar chrúiscín;
Bairéad Ghearóid Iarla, is stiall mhaith dá shiosan,
An gath bolg sin Chon Chulainn le gaisce riamh nár sáradh,
Is cuid d'éadach Winning ó na teagascóirí gallda;
Ach i gcúrsaí shiosúr Bhiogan níl ansin ach ráfladh,
Mar d'ól sé a chuid airgid an tráth bhí sé ina shláinte.
32. Haistí Hó Chathail Mhic an Deirg mhic Luirc -
agus mar a tharla an geancánach dó ag cúl Lios an Phúca.
Mise Cathal Mhac an Deirg mhic Luirc mhic Sheanlaoich
mhic Chaitríona ní Thuathail iníon Dhangloim Doid mhic
Bhríde Ní Lapáin, iníon Eoghain Uí Lapáin, an fear a raibh
mart rása ar aonach Chuileann aige.
Agus ag éisteacht domh ariamh leis na seandaoine dá rá,
an té theagbhadh le luchramán ag bruach leasa an uair a
bheadh sé ag déanamh na mbróg, go bhfaigheadh a sháith den
tsaol uaidh, agus arna smaoineamh seo domh aon oíche amháin,
do chruinnigh mé cnuasach maith de na luibheanna do chínn
ag mo mháthair mhór roimhe sin, eadhon Neillí Reid, ar
mbeith di ina bandraoi agus ina cónaí a chois Móta Bhaile an
Aird, eadhon i gCúl le Mónaidh, áit ar tógadh na seacht
sionnaigh a dtáinig sí uathu. Agus seo mar a taibhreadh domh
i mo thuras.
Lá n-aon dár tharla mé a bheith ag taisteal na bhfearannta
saora socra soshaothraithe úd atá idir Cruach Phádraig agus
Loch Dearg i gContae Dhún na nGall, áit dár ghnách liom féin
agus le mo mháthair mhór dul gach bliain do dhéanamh an
turais agus a bhrath na gcreach;
óir ní bheadh oiread cuille gé ó bhruach na Sionainne go
himeall na hÉirne nach mbeadh braite aici féin agus agamsa,
agus mar sin ba ghnách linn teacht suas ar shlad na gcríoch sin;
ach mar tharlas féin ar aíocht ag Síogaí Bhealach na Muice le
taobh Lios an Phúca, agus go dtáinig d'ualach orm a bheith
suas san oíche ag reagaracht na n-asal, sé smaointigh mé gur
mhaith le déanamh mo bholgán saighead do líonadh le luibheanna
beannaithe, mar bhí, an dréimire Muire, agus an lus cré,
eochair na bruíne, coigeal na mban sí, an raithneach rua agus
mórán eile nach n-áirmhíthear anseo,
agus mar a bhí mé ag smaoineamh créad is críoch don ngéarleanúin
atá dá déanamh ar na Gaeil le tíoránaigh Ghall, sé
chonaic mé an ní seo atá mé ag dul d'fhoilsiú, ní daoibhse
amháin ach do gach duine dá dtáinig agus dá dtiocfaidh, dá
gcuala agus dá gcluinfidh d'iarsma Ádhamha,
ionnas nach mbainfeadh a leithéid de thoirmeasc nó de sheachrán
do charaid nó do namhaid go bráth 'mo dhéidh - ar Cathal,
agus leis sin toisíos an ceol mar leanas:
Le titim na hoíche 'mo shuí chois leasa domh,
Is mé tuirseach ag smaoineamh gach díbirt is dícheannadh
A d'fhulaing na Gaeil, mo léan san oileán seo,
Hó ró! 's gan deireadh go fóill,
Sé chuala mé an ceol faoi dhó ba bhinne liom
Ná cuach ar na géaga is smaolaigh i mbarr na dtom,
Is go mbainfeadh sé bíogadh as croí a bheadh marbh trom,
Hó ró! le binneas a ghlóir.
Sé chonarc an síogaí íseal fearanta,
Gan chóta ná bríste 's é 'na shuí ar na leacacha;
Bhí a chasúr ar lúth is é ag rúscadh na leathracha,
Hó ró! is é ag déanamh na mbróg.
Bhí ocht n-orlaigh déag ar mhéad san abhac sin,
Is ba lúthmhar a mhéara ag fuáil go hacmhainneach
Ag tarraing na héille is ba ghéar a mheanaidh beag,
Hó ró! is mar chumadh sé ceol.
An tráth chonaic mé féin gur ghréasaí an duine beag,
Chuaigh mé ar m'aghaidh go haerach sciobalta,
Mar chuala mé scéal ag mo mháthair go mbeadh ciste ag
Duine den tsórt, lán canna den ór.
An uair a tháinig mé géar ar shéite an leapramáin,
Labhair sé go céillí béilbhinn maránta
Dá rá liom, glac séite is méadaigh an chuideachta,
Hó ró! is cluinfidh tú sceol.
Nach mise atá críon, is ní hionadh sin, caite lag,
Is go bhfaca mé an chríoch seo 'na haon tor dharaighe,
Gan duine ná daoine a shaothródh na fearannta,
Hó ró! gé gurb inti bhí an só.
Bhí mise san áit seo an lá tháinig Parthalán,
Is tar éis a bháis bhí mé i stát ag Neimheadh ann;
Ag Tor a' Chonaing ba láidir mé a' carnadh Fomóraigh,
Hó ró! mar a torchradh go leor.
Bhí mé in Éirinn i laetha Fear Bolga,
Is ar dteacht do Thuath' Dé Dan' ba tréan sa gcogadh mé,
I gcath Shliabh an Iarainn, mo chian is mo mhilleadhsa,
Hó ró! mar cailleadh an ló.
Is iomaí sin ruathar crua is bristeacha
A sheas mé go clúiteach ag cumhdach na gcalaíoch;
Is minic a rúsc mé an púca as na machairí,
Hó ró! le prioca mo ghód.
Ní raibh briseadh ná bruíon i gcríocha Banba,
Ó Oileán mhic Aoidh go taobh na Seanainne,
Nár chuidigh mé a ghríosadh go fíomhach feargach,
Hó ró! is nach fada mo bheo.
Bhí mise sa Mumhain go clúiteach fuileata
'Mo oide gan mhúineadh ag stiúradh lucht pistreog
An lá tháinig Clann Mhílidh i dtír san oileán seo,
Hó ró! le maithibh a slógh.
Sheas mé gach bruíon go croíúil meanmnach
Ó chreagachaibh Chiarraí go dianscrios Mhachaire;
I dTailtean sa Mí sé críochnaíodh an racán sin,
Hó ró! mar aithristear sceoil.
Bhí mise ag Eoghan cródha 'mo oifigeach;
I gCath na bPunann ar an tsliabh, mo chian mar leagadh sinn.
Chuir mé punann i dtóin an fhir mhóir le hurchar ann,
Hó ró! gan mhagadh gan ghó.
Bhí mé i mbrollach gach táin dár tharla is iomrubhaidh,
Bó Ghlinne, Bó Bháine, is táin Bó Cuailnge;
Bhí mise san áth an lá a thit Bunaibhle,
Hó ró! is bhí mé 'tiomáint na mbó.
Is cuimhneach liom táin an Cheithearnaigh as Connachta,
Cath Chnoc an Áir is bánadh Mhanainne;
I Maigh Mhucruimhe sé tharla mé lá na hearraide,
Hó ró! gé mairim go fóill.
Lá Chath na Maidhm ba faobhrach meanmnach
Ag marbhadh na laoch, an ní úd is aithreach liom,
Ag scrios Clanna Baoiscne a shaothródh an fearann seo,
Hó ró! dá maireadh siad beo.
Bhí mise in Éirinn i laethe an Chromshúiligh,
Ag Binn Bhorb na ngliadh ag stealladh Sasanach,
Maraon le Eoghan Rua ag ruagadh na mBreataineach,
Hó ró! as Contae Thír Eoghain.
Ag cuidiú le Gaeil ba tréan is ba treallúsach,
'S i nDoire na mbéim níor chladhartha meatach mé,
Ar son go raibh an luaidhe dá bualadh fá m'ioscaidí,
Hó ró! le tine is ceo.
In Eachdhroim Dia Domhnaigh is mór a leagadh mé,
Is ag an mBóinn is é leonadh is leagadh mé;
Ag Béal Áth an Luain a buaileadh droma liom -
Hó ró! is níor throid mé níos mó.
Sin agatsa anois, a Chathail, ar an ngréasaí beag, mar bhain
mise mo bheatha amach go fiúntach macánta le mo chródhacht,
agus níor bhraith agus níor chreach mé aon duine ariamh; ach
an uair a chuaigh mé ó fheidhm agus mheath mo neart, thosaigh
mé ar dhéanamh na mbróg do na daoine maithe, agus níl ciste ná
stór agam ach mar chí tú mé.
Agus dá dhroim sin uile is seanchomharsa do do mhuintirse
ariamh mise, agus is minic a shábháil mé do mháthair mhór
ar a torchradh le cú bán Chros an Phobail agus le cú dubh
Charraig Chlochair ar mbeith dhi 'na gearrfhia ag cruinniú
abhaile ime agus bainne na tíre lena draíochta.
Agus is beag a shíl mise gur fioba de na daoine sin a thiocfadh
do mo bhrath, ar an t-abhac. Ach dár mhaith leat éisteacht le
cuid éigin de bhriathra do dhaoine féin agus le réamhfháistine
na sinsear, ná bí ag brath airgid ná óir ormsa feasta, ar an
luchramán;
agus go mórmór teacht na Spáinneach agus mar éireos Gearóid Iarla,
agus gur leis a thorchrófar na Gaill as Éirinn amach.
Nach minic a chuala tú sin aige do mháthair? ar an gréasaí.
Is fíor dhuit sin, ar Cathal, agus dárbh é do thoilse cuid de
na briathra sin do mhíniú domhsa, do b'fhéidir liomsa bheith
ní ba réidhe leatsa ar ball. Agus le sin thoisigh an geancánach
ar ghabháil na slimcheoltaí mealltánach do Chathal le méad a
cheilge, ag targair mar leanas:
An uair a tháinig don áit seo an Pádraig beannaith' úd
A theagasc an chrábhaidh do mhná is do sheandaoine,
Is ag díbirt gach pláighe dár ghnáthaigh na fearannta,
Hó ró! le soiscéal na mbeo,
Scrios sé as an áit seo ráfladh placairí,
Dhíbir sé an púca as gach clúid dar chleachtadh é,
Ghlan sé na tíortha ó dhaoil is ó fhraganna,
Hó ró! is gach athair nimhe den tsórt.
Thoisigh an chléir ar leigheas gach aicíde,
Sagairt is bráithre, is ní áirím manaigh fós,
Gan chiste gan stór ná ór na Sasanach -
Hó ró! ach i ngeall ar a nglóir.
Ansin a chuaigh díorfaigh naofa a thargair
Ar mhilleadh is díth bheas i gcríocha Banba,
Criomhthann mhac Féilim is 'na dhéidh sin Ó Colmáin,
Hó ró! is gach duine den tsórt.
Dúirt go mbeadh Éirinn faoi léan is leatrom seal,
Corradh is trí chéad bliain faoi ghéarsmacht eachtrannach,
Is go mbeadh cuid den chléir ag claonadh le Sasanaigh,
Hó ró! is go dtréigfeadh an t-ord.
Go dtiocfadh 'na dhéidh sin éag is aicídeach'
Ar éanlaith an aeir is ar bheithígh an mhachaire,
Go mbeadh fuath is gráin ag páistí dá n-aithreacha,
Hó ró! sula dtiocfadh an ló.
Go mbeadh gorta gan táir gach áit sa gcruinne 'lig,
Na fir is na mná, is ní áirím leinbh bheag',
Ag seangú sna hálta ag ithe bláth na luibheanna,
Hó ró! is dá mbeathú le pór.
Go mbéaradh uaisle Chríoch Fáil an Chomhdháil go Cill Chainnigh
leo,
Is go dtiocfadh litir ón mBanríon chun bánadh an oileáin seo;
Go mbeadh fionghal is smál in Ált na Muice thart,
Hó ró! is go mairbhfí go leor.
a <Tiocfaidh na Spáinnigh i mbárcaibh go hiomadúil>,
b <Is cabhlach na Fraince ag ionsaí le Sasanaigh>;
c <Beidh an taobh thuaidh faoi shluaite Lochlannaigh>,
d <Hó ró! agus toiseoidh an gleo.>
Beidh na Milisí Dubha ar siúl sna bealaí 'lig,
Agus brisfidh na droichid i ngach taobh dá rachaidís
Ar eagla na Gaeil le chéile teagmháil,
Hó ró! is cuidiú sa ngleo.
Beidh Danardhaigh cháidh i bpáirt le hAlbanaigh
Chun cuidiú san ár gach lá le Sasanaigh,
Is rachaidh 'na ndáil a bhánadh Bhaile Áth' Fhirdhia,
Hó ró! agus caillfidh an ló.
Le torann an lámhaigh lá na feille sin
Fosclóidh gach ráth ó Dhroichead Áth' go Gaillimh thart,
Agus tiocfaidh na tuatha de shluaite Chailitín,
Hó ró! go muileann an chró.
Seinntear an buabhall ar stua Mhullaigh Eichléim leo,
Agus dúiscthear Gearóid Iarla is an ciareach ceannann fós;
Ní fhanann le diallaid, ach claíomh is bearád beag,
Hó ró! nó go gcruinní sé an slógh.
Ní mó ná trí huaire ó chualathas an chéad torann
Go dtoisídh an ruathar is go mbuailtear Sasanaigh.
Beidh an muileann ag síormheilt trí hoíche le fuil daoine,
Hó ró! is ní bheidh Gallaibh níos mó.
Ansin beidh Clann Mhílidh mar bhí anallódaí,
Roinntear an chríoch eadar mhaoin agus fhearann leo,
Ní bhíonn ocras ná íot' ar dhaoine ná ar eallach ann,
Hó ró! is ní bheidh fionghal níos mó.
Ag sin agatsa mo scéalsa, a Chathail, ar an gréasaí beag,
agus de réir mo bharúlasa, b'fhearr duitse fuireach go
foighdeach le do chuid ranna ná a bheith ag brath ar chuid do
chomharsan, de bhrí nach bhfuil duine bocht ar bith ar an
tsaol seo nach bhfuil a sháith le déanamh aige lena shaothar
bocht féin.
Agus leithmuigh de sin, ar an geancánach, amhail agus
mar atá lorg an ghortha i do ghabhalsa, is mar sin a bheas do
shaibhreas; óir níl breac i do loirgín nach mbeidh giní agat
ina aghaidh, ar an t-arrachtach beag.
Amhail is mar bhí leannán sí ag do mháthair mhór, eadhon
Neillí Reid, is amhlaidh is dual dhuitse a bheith pósta le
bean uasal den treibh chéanna .i. Maighréad Nic Aoidh,
iníon díorfaigh Thíre an Angair.
agus beidh an dúiche fhada fhairsing sin ag géilleadh dhuitse
thú féin, agus do d'iarsma go brách 'do dhéidh, maraon le
hEanach an Bhacaigh agus mórán eile de sheilbh nach
n-áiríthear anois. Agus is mithid domhsa a bheith ag cur
suas mo chuid trealaimh, ar an t-abhac. Agus féach thusa
faoin leac sin thall agus gheobhaidh tú giogóg óir, agus beir
leat í.
Beir bua agus beannacht, ar Cathal, agus dóigh liomsa
gur duine éigin d'uaisle mo mhuintire féin thusa, agus gurb é
dia mo dhaoine, eadhon Crom Cruach a sheol mise teagmháil
duit anocht.
Agus le sin thug Cathal sitheadh santach solámhach fán
leac, ionas nach mó nár scoith na méara de féin, agus ní
bhfuair ach ciaróga, daoil agus mórán de phiasta éagsamhla
eile, ionas gur thóg sé a cheann go prab le ionsaí a thabhairt
ar an luchramán, agus ní bhfuair aige ach carnán d'otrach
chapaill in áit an ghréasaí.
Agus bhí na hasail san bhfoghail ionas go mb'éigean do
Chathal teitheadh lena anam ón tsíogaí, agus ní raibh gas
fraoich ó Loch na gCeann go Móin Áille nach raibh arna
scrios le muintir Bhráigh, agus b'éigean do Chathal talamh
nua a bhriseadh dó féin; agus chum sé an laoi seo síos mar
leanas:
Ó a Dhia mo athara, nach trua mo chás,
Is mé cloíte meatach gan duine 'mo dháil
Ach síogaí gan bheannú nár gineadh ó Ádhamh,
Is go meallfadh le siolla an t-éan den bhfál!
Nach fiosach gach duine sa chríoch seo Fáil,
Dá gcuala, dá gcluineann is dá gcluinfidh mo scéal,
Dá bhfaighinnse an ciste mar shíl mé a fháil,
Nach ualach bratóg a chífí ar Chathal!
Ach siúlfaidh mé feasta gach bruíon is ráth
Ó Chuantaí Bhéarra go dtí Droichead Áth',
Síos a chois Banna go geataí an tSráth Bháin,
Sul fá bpillfidh mé abhaile chuig mo mháthair mar atáim.
Agus dar an anam a bhí i gcorp Pheadair na gCeann .i. mo
dhaid mór, má theagmhann domhsa an t-arrachtach an dara
huair, is mise féin a bhainfeas sásamh as ar son an cheilg a
d'imir orm ag cúl Lios an Phúca.
Ach ar bpilleadh abhaile do Chathal go Currach na Glaice,
ní raibh planda fraoich ó Loch na gCeann go Móin Áille
nach raibh arna scrios le muintir Bhráigh maraon le
Brian Ó Ruairc agus a theaghlach; ar ghléas gur comhlíonadh
an seanfhocal, "Bíonn ceann amala ar chac faoi".
33. An Dochtúr Ó Ceallacháin 's an Bás
Má chreideann gach aon dá gcluinfidh mo bhéarsaí,
Is deimhin nach pléid ná fonóid é,
Ní hionann 's an chléir ag dearbhú bréag,
'S ansin ag cur séala scrioptúir leo.
Ná measaidh go deoidh go gcumfaidh mé gó
Dá bhfaighinn a raibh dh'ór ag Manannán,
Ach dar fearta Chathail Bhuí, tá a ndeirim chomh fíor
Is go bhfuil an púca i gCeanandas.
Bhí mise 'muigh 'réir ag teacht ó mo chéilí
Leathmhalaidh an tsléibhe in aithghiorra,
Is d'éirigh an ré ag cur loinn' ar na spéarthaí,
Is chuir sí a hadharca fada 'mach.
Bhí troideogaí, traonaí is uiseogaí 'béicnigh,
Is meannáin an aeir ag meigeadaigh;
Is ghlac creathnú is créachtadh uilig i mo chéadfaí,
Ag cloistin na n-éan ag feadalaigh.
Ansin chuaigh mé 'smaoineamh ar bhriathra na ndaoine,
Seandaoine aosta is cailleachaí,
Gurbh eaglach an ní bheith 'muigh ins an oích'
Ar chosán slua sí agus placairí.
Chonaic mé an síogaí ag teacht an taobh thíos díom,
'S ba duibhe ná daoil a phuisíní;
Bhí a fhiacla ar a gcír 's na ronna leis síos,
'S a chosa chomh caol le cuiseogaí.
Bhí an dealbhchruth thrua ag teacht chugam go luath,
Lán feirge, fuath' agus acaise.
Chuirfeadh amharc a shúl an ghealach faoi smúid,
'S ba mhairg don chlúid a gcasfadh sé.
A Mhuire nár thrua mo chinniúin an uair sin,
Is dúirt mé, monuar fár gineadh mé;
'S níl duine ar an tsaol a chífeadh a bhéal
Nach dteithfeadh thríd néaltaí neimhe uaidh.
An tráth tháinig sé i láthair, sé chuir sé air cár,
Agus labhair go dána briotach liom.
Dúirt, is mé an bás, is tuigim do chás,
Go raibh tú ó lá i dtigh biotáille.
Ansin ghlac mé scáth, agus dúirt mé, a ghrá,
Is dóigh liom gurb é an t-ádh a chuir chugam thú.
Suigh síos le mo thaobh, agus aithris domh scéal
Ó chas sinn ar aon i gcuideachta.
Tá mise ar an tsaol is níor chodail mé néal,
Ó leagadh liom Ébel is Alastrún,
Ach ag siúl i ngach réagún dá bhfuil faoi na spéarthaí
Ag marbhadh 's ag creachadh ar chas orm.
Níor léig mé ón mbás go fiú 'n duine amháin
De Ghallaibh, de Ghaeil ná Albanaigh,
'S níor theagmhaigh 'mo shlíse dochtúir ná draoi,
A chuir orm cluiche buaidhe ach Ceallachán.
Níl liosaibh ná bruion dá bhfuil sna tíortha
Nach siúlann an caocholl gearrchosach,
Dá chur in umhail do bhacaigh na gcúigeadh
'S go dtóigfeadh sé smúid de idirmhná,
Dá dtabharfadh ar phórthaí scilling nó dhó dó,
Naigín gruth bó agus ceapaire,
An bhean a bheadh tláith go ndéanfadh sé lán,
'S go mbeadh sí gan spás 'na banaltra.
Níl baile ná áit ó Chosán an Fhathaigh
Nach siúlann an sáraí gliocasach,
Thart go Cruach Phádraig, is ó sin go Dún Áine,
Ag cruinniú 's ag fáscadh luibheanna.
Dá gcluineadh sé trácht ar mise bheith in áit,
Reathfadh gan spás ar sodar ann,
Is le buideáilí lán go ndéanfadh sé slán iad,
Dár ní gurbh í an phláigh a chuir orthu.
Níl buaile ná páirc, níl tulaigh ná ált,
Dá gcluineadh sé trácht ar mart a bheith,
Nach rachadh gan spás, agus cuirim i gcás
Go mbeadh sé trí lá gan chodladh a fháil,
Shuífeadh ar a thóin ó mhaidin go neoin,
'S ní chorródh dhá dheoin 's a churraoin leis.
Sin agatsa an ní d'fhág mo ghaethasa maol,
'S lér bhain sé an faobhar nimhe díobh.
Gach luibh sa díthreabh, i dtalta maith mínligh,
I gcnocánaí fraoich 's i gcreagacha,
Ó choigeal ban sí go raideog is caorthann,
An raithneach, lus buí agus siolastar,
Hocas is binnmhear is biolar ar linnte,
Créachtach, ceischrann 's a' fearbán -
Is fiosach dó a mbrí chun mise a chloí,
'S níl misneach ná brí i mo dhealgán.
Le naigín mún bó, gan mhagadh gan gó,
Sé leigheasfadh sé póit is gorapais;
Le luibheanna, pórthaí, psailmibh is órthaí
Bhéarfadh chun beois an marbhán.
Má chreideann sibh a dhaoine, níl luibh sa gcrích,
An athair thalmhan, an tím 's caisearbhán
Dá bhfaca an slua sí ag imeacht le gaoth,
Nach gcuirfeadh sé síos i Laidean dóibh.
<Chuaigh mise dh'fhéachaint caillí bhí aertha,
Ag fulaing i bpéin le fadaimsir,
Is shíl mé go bhféadfainn uachtán a cléibh sin
A bhriseadh le maolghath meirgeach.
Tráth thug mise sáthadh, sé theagmhaigh dhomh cnámh,
Is lúb mé barr mo cholgáin,
'S ní dóigh liom gurb é an t-ádh bhí orm an lá
Do chonairc mé an stánaí Ceallachán>.
Is fiosach dhuit féin aon chailleach amháin
Mar chuir sé as péin anuraidh í,
Le buidéal maith géar den ruibh is lus cré,
Go dtug sé an leigheas go tapaidh di.
Cruinneoidh sé saibhreas feasta má fhéadann,
Le neart a chuid téamaí Laidine.
Ó tá a bhuidéalsan géar is mo ghaethasa maol,
Pronnfaidh mé féin an ealaín air.
Mo chomhairle do mhná, anois is go bráth,
Más maith leo an tsláinte chothrom fháil,
Déanaidh mur ngnás de stirabout láidir,
Is cleachtaidh cáfraith is gabáistí;
Ó d'imigh na prátaí, arán is bláthaigh leis,
Pis agus anlann salainn léi,
Meacanaí bána, turnapaí is gairleog,
Is beidh agaibh páistí folláine.
Ólaidh, más mian libh, gloine cúl díge,
A thógfas mur gcroí go hacmhainneach,
Is scailliún arís a cheannach go saor,
Agus ithidhse píosa aráin leis;
I ndeireadh gach só faigh bainne na bó,
Agus téigí brósaid, is deochaidh de,
Is má chreidtear mo scéalsa, is fada mur saol,
'S ná bacaidh le leigheastrach' Cheallacháin.
34. Príomhstair an Stocáin
In éis m'aistear a chríochnú in íochtar Éireann
Sé chonairc mé an síogaí críon gan éideadh,
Gan fuil gan feoil, is gan róinne céibhe,
Gan foscadh, gan scáth ná áras téagraidh,
Gan duine ina dháil den nádúir dhaonna,
Gan chnámha ná chraiceann le feiceáil, ach créachta;
A shúile mar thine nó loinnir na réalta,
Is é ag féachaint ar Albain trasna ar an tréanmhuir.
Sheas mé ar m'ais le neart an fhéanscair
Is le mo láimh dheis sé chrois mé m'éadan,
Aige cur ceist cárbh as don bhféite,
Nár dhen tslua sí é nó de dhraoithe Thuath' Dé Dan',
Nó nárbh é Oilibhéar Cromshúil é, Waller nó Ireton,
Nó Pháró gan chreideamh a bhí i dtreise san Éigipt,
A tháinig le mailís gan taise ná daonnacht
Chun léan agus leatrom a dhéanamh d'Éirinn?
Nó más de chlann Mhílidh thú, mínigh scéal dúinn,
Cár ghabh na draoithe chríche úd Féilim,
Nó créad is suí do bhruíon na Féine,
Fionn mhac Cumhail, mac Airt mhic Thréanmhóir,
Diarmaid Donn bhí fonnmhar faobhrach,
Nó Oscar mhac Garaidh bhí armúil tréitheach,
Goll mhac Mórna do dhéanadh éirleach,
Caoilte, Cónán agus Oisín éachtach?
Conchúr mhac Naoise, fear cascairt na dtréanfhear,
Nó Feargas an gleacaí bhí i bhfad aige Méabha,
Eoghan Mór is Conn thug céad cath,
Na trí mic Uisnigh is Cú Chulainn in éineacht,
Is Cinneadaigh Mumhan a sheas clú do Ghaelaibh
Is Brian na mbua a chuir sluaite scéin uainn;
Nó an fíor gur tuairghneadh Eoghan Rua is Féilim
Le a bhfeicthear na dlúimh' seo ar shnua na spéire?
Ansin sé chuala mé fuaim a bhéilsean
Ag teacht fá mo chluasa mar bhuabhall béicneach,
Dá rá, Bí ciúin, óir is fiú dhuit éisteacht
Liomsa atá 'mo dhúiseacht ó thús an tsaoil seo.
Bhí mise an lá sa ngairdín Éidin
Dá dtáinig an t-athair nimhe mar thine ó na spéartha,
Is mé 'mo tháilliúr cheardúil thréitheach,
Ag déanamh don lánúin bráiscín eidhneáin.
Bhí mise 'mo gharda ar Ádhamh is ar Éabha,
Ar eagla athair nimhe ar bith eile á mbuaireamh,
Nó gur chiontaigh Cáin ag bású Ébel,
Gur ghlac mé scáth fán ár gan chéill sin.
Ag clos na ngártha cráite géara
A bhí ag Delbora, Calmana is Éabha,
Ag greadadh na lámh is gan dáil le réiteach,
Chreathnaigh mo chnámha is d'fhág mé an réim sin.
Bhí mé i dtír Nod seal beag 'na dhéidh sin
Ag cuidiú le Cáin go ceardúil tréitheach,
Ag obair ar m'ealaín mar thincléir aerach,
Ag oibriú iarainn, práis is péatair,
Gur marbhadh an t-athair le Lámech doradharcach,
An cúigiú díne anuas uaidh féine.
d'fhág mé an tír sin thríd an scéanadh
Is tháinig mé díreach aníos don réim seo.
Tar éis na díle, is fíor mar léitear,
Chuaigh mé go díreach go dtí Maigh Séanar
Chun cuidiú le Niomrod, ceann na féine,
Gur chaill sé an chaint, mar inistear scéal air.
d'fhág mé ansin é is chuaigh mé le hÉber
Is bhí mé 'mo shagart 'na chaidreamh gur éag sé,
Ag diurnú mo channa den mbiotáilte dá dhaoire,
Is ag rúscadh na gcloigín ar phobal na Médian.
Ghlac mé le hAbraham cráifeach 'na dhéidh sin,
Is bhí mé 'na fharradh ag coimheád na gcaorach;
Is ar ár bpilleadh abhaile ó chogadh na réxa,
Sé mhúin mé Melchisidec oifig a léamh;
Is chuaigh mé le hÍosác, a mhac is a oidhre,
Nó go bhfuair mé mar mhnaoi dósan Rebeca an déid ghil.
d'fhan mise acu gur toirchíodh an dea-bhean,
Is gur bhaist mé na páistí dóibh Iacob is Ésau.
Bhí mé le Iacob mar ghárda ar na sléibhte,
Dá shaoradh ó Lábán fán áirnéis is a chéile,
Nó go dtug mise slán é as gach gabhadh dá mbeith sé,
Nó go dtáinig an lá a ndeachaigh an málrach don Éigipt.
Sheas mé 'n aghaidh Pháro go dána gach aon lá,
Nó go ndeachaigh mé le Maoise go críocha na Médian;
Is Iótra, má b'eolach in ordaibh na cléire é,
Go dtug sinn a iníon linn; sin críochnú na scéala.
Tháinig sinn don tír mar a raibh Iosrael i ndaorbhroid,
Nó gur mhúin mise Áron i láthair na gréine ann.
Híobradh an t-uan Cásc' linn go haithghearr 'na dhéidh sin,
Is thug sinn an málrach linn slán thríd an tréanmhuir;
Agus bhí sinn ar an bhfásach gach tráth de na laethanta
Gur éag uainne Maoise ar fhiarchnoc Shliabh Nébo.
Is sé Iósua thug fuaradh do na sluaite bhí i ngéibheann
Ag scrios lucht ár bhfuath' uainn le fuaimneach na n-adharca.
Is cuimhin liom Balám, an fáidh gan chéill sin,
A bheith teacht ar mhuin asail dár mealladh ar son éadál',
Is thug sinn a dhúshlán le húdarás naofa,
Mar a dúirt an beathach brúidiúil ba thútach de féine.
Is cuimhneach liom Barac árúil is Gédeon,
Ag rúscadh na cruithneachta as punanna déasach,
Ag tleigean na súistí uathu in éineacht,
Gur thosaigh an ruathar le ar tuairghneadh déithe.
Bhí mé i dtír Iúdaí ag múineadh na cléire
Le linn bhreithiúnaí na n-údar ag stiúradh na gcréatúr,
An uair a d'imigh asail Cis ar a' drúcht fá na sléibhte;
Is bhí mé le Saul sna bóithre ag iarraidh scéala.
Chuaigh mé ag Samuel, mac na mbeannacht sna laethe sin;
Tháinig sé gan fealladh sna bealaí is bhí adharc leis,
A bhí lán d'ola bheannaithe na cathracha néamhaí,
Nó gur ung sé an rí mar ba mhian le clann Raechel.
Is cuimhin liomsa Dáibhí i státa sa réigiún,
'S a mhac Solamh a bhí ámhaidh, thug barr i ngach céill mhaith;
Gach bruíon agus ár dár tharla, is daorshlad,
Go cogadh chlann Chába agus bású sin Hérod.
Is fiosach domh Iael, an bhean ámhaidh sin Héber,
Mar bhuail sí an tairne sa namhaid ina éadan;
Antiochus, Nabucadnesar is an rí Beltasar a chonairc na méara,
Is is fiosach mé Daniel ag aithris a chéill' dó.
Níl rí ceart ná fáidh dá raibh trácht air sa réim seo
Ó cruthaíodh ár n-athair Ádhamh go tráth dheireadh an lae seo,
Nach raibh mé le fáil ina ndáil gach am féasta;
Is ní hé sin an fáth fá ar tharla mé buartha,
Ach ag smaointiú gach lá ar gach bánú is buaireamh,
An díbirt is an bánú seo tharla do Ghaelaibh,
Na daoine nár sáraíodh le crábhadh is le féile,
Clann Mhílidh Easpáine a thug barr i ngach daonnacht.
Nach iontach an cás seo mar tharla mé 'mo aonar,
Faoi dhílte gach lá is gan dáil le mo réiteach,
Ach i gcogadh le ceithirn is mo chnámha uilig créachtach,
Ó mhullaigh mo bhaithise go tráchta mo ladhra;
Faoi sciúirse gach lá is mé gan dáimh nó lucht téagraidh,
Ach iasca na trá is oireacht na n-éanlaith,
Ag teacht gach aon lá ag cur ráfla i mo chéadfaí,
Is mé 'mo shuí chois na mara gan tine gan téagar.
Is fiosach mé Parthalán mac Sera, an Gréagach,
A bheith ag seoladh na mara is é ag déanamh go hÉirinn
Nó gur ghabh sé fá dheireadh calaidh i mBinn Éadair,
Is gur áitigh sé tamall in Inis Samair chois Éirne.
Chonaic mé Clann Neimhidh go haithghearr 'na dhéidh sin,
I gcogadh le Fomóraigh in arm 's in éideadh,
Is gach bruíon is racán dár theagmhaigh in Éirinn,
Ó ghabháil Fear Bolg go cogadh Thuatha Dé Dan'.
An lá tháinig Clanna Mílidh, an bhuíon sin na ngéarlann,
Bhí mise mar chí sibh a chois na taoide 'mo aonar;
Chuala mé an stoirm le ar cailleadh na tréanfhir
Sin, Colpa na Claímhe is Aimhirgin tréitheach,
Is gach duine dár cailleadh le mailís na dtréatúr,
Go Donn a fuair tuisleadh i mbiorar sin Bhéarra,
Go oidhe Chlainne Uisnigh a d'imigh le Déirdre,
Nó gur mharbh Clann Chailitín Cú Chulainn na n-éachta.
Is cuimhin liom Loch nEathach, Maigh Bhreagh is Loch Éirne,
Abhainn na Banna, is dá ndéarfainn, Loch Léanbhruid,
An Bhóinn is an tSeanainn, an Bheara is Maigh Léana,
An Eas Aodha Ruaidh uile is na hinbheara éisceach,
Loch Mucshnámha, Loch Síleann, Loch Drithle is Loch Léanbhruid,
Loch Sláinghe, Loch Biorra, an Life is Loch Laighlinn' -
Is fios domh iad uile, is a thuilleadh dá ndéarfainn,
I dtaisce ag Manannán i seanphitsear créafóig'.
Is cuimhneach liom ríthe ríúil réimfhras
A bheith i gceannas na críche d'iarsma an Ghaeil Ghlais;
Tighearnmhas le ar ordaíodh ór agus éadach,
Agus an dia Crom Cruach ar tús in Éirinn,
Le ar thiteadar slóite na Fódhla dá adhradh
Ag cur blogh de chrú capaill ar dhoirse na réigiún;
Aonghus Olmucaidh is Oilill Olchaoin 'na dhéidh sin,
Agus Nuadha Fionn Fáil mar thráchtas gach scéalaí.
Chonaic mé Eoghan is Conn a thug céad cath,
Niall Naoi nGialla is gach duine den réim sin,
Conn a bhí ar each ag treabhadh Maigh Léana,
Feilimí Reachtmhar is Tuathal Teachtmhar é féine,
Cormac Ulfhada, an mac sin Airt Aoinfhir,
Is gach rí bhí den aicme go Oilill is Méabha,
Conchúr mhac Naoise, fear chascairt na dtréanfhear,
Is Ruairí Ó Conchúir a bhí againn go déanach.
Is fiosach mé Pádraig teacht slán go hÉirinn
Le Niall Naoi nGialla is a dhís deirfiúr a mbraighde.
Sochad mhac Alphrainn dob' ainm don dea-mhac
Agus bhí sé ina mhucaí ag Milchu Dhál Riada
Seacht mbliana gan easbhaidh ag beathú a thréad muc
Ar mhalaidh Shliabh Mis in aice Bruach Séine,
Nó go ndeachaigh sé abhaile arís chuig a ghaolta,
Is gur chuir Selestín chugainn é a chaomhad na cléire,
Thug fáinne is bachall dó chun beathú an tsréada,
Le ar dhíbir sé placairí a chleachtadh bheith in Éirinn,
Púcaí is luchramáin, pistreogaí is déithe,
Athracha nimhe is gach milleadh dá leithéid sin.
Las sé an chéad tine i bhFinnabhair ar léana,
Nó gur éirigh na lasair ar fad chun na spéartha;
Chuaigh sé go Teamhair mar ar chomhnaigh an rí Laoire,
Is d'iompaigh chun creidimh é, an chéad duine in Éirinn.
Scrios sé gach beartaí is cleachtadh déithe bréige,
Íobairt na leanbh is gach seachrán dá leithéid sin,
Bhaist sé na seandaoine is bheannaigh sé an chréafóg,
Le ar thóg sé na cealla, gach reilig is teampall:
Mharbh gach ollphiast a bhí 'milleadh na gcréatúr,
Garbhóg Mhaigh Bolg, is sean-Bhalor Béimeann,
An tarbh sí a leagadh gach obair dhá thréine,
Nó gur bhris sé an bachall ar bhallóg an cheithearnaigh.
An tráth bhí sé ag teagasc bhí mise ar mo bhuaireamh,
Ó oíche go maidin is mé i gcogadh le déithe,
Neiptiún na mara is Bacus na néalta,
Lúna na gealaí is Phoebus na gréine,
An tleigean gaethe neimhe is tine i m'éadan,
Toirneach is lastrach ag teacht ó na spéartha,
Is an bháisleach ag titim mar thuilte ó na sléibhte,
Is bisigíní siocáin ag sileadh ó m'fhéasóg.
Sheas mé go fearúil gach mearbhall is buaireamh,
Ag troid leis na pealláin is iad gach lá do mo chréachtadh,
Iasca na farraige, muca mara is neiriada,
An míol mór 's an lebhiatan ag teacht do mo bhuaireamh,
An rón is an dobharchoin, bíobhaí gach créatúir
Dár bheathaigh an mhuir bhrónach ó bhí Ióna i ngéibheann,
Ag teacht gach tráthnóna ag cur bróin ar mo chéadfaí,
Is gan mise ach 'mo dheoraí faoi mhórshilt na sléibhte.
Nó go dtáinig fá dheireadh dhá oide róthréitheach,
Mar bhí Dochtúir Cúca agus Hughy Mhac Néille;
Thaispeáin siad an Bíobla dhomh scríofa i nGaeilge,
Agus dúirt liomsa iompódh 'mo shean-Phrespitérian,
Is nach mbeidh sé rófhada go bhfaighidh siad domh céile,
An Liag Fail a bhí anallód i dTeamhair na réxa,
Is go ndeantaí ár gceangal le seansagart méise,
Chun sásamh na colna, is teitheadh an t-anam 'na rogha poll.
Is go bhfaigheadh siad áit tí domh ó Shéamas Ó Cléirigh,
I gCúil na gCopóg, is go dtoiseoinn a phréitseáil.
Leag siad an bhunáit i ngainimh sa gcréafóg,
Nó gur thit siad na ballaí mar an Bhabilon féine;
Is níl pingin dá raibh acu nár imigh 'na dhéidh sin
Le beartaibh is cleasa na dteagascóir Gaeilge -
Maol Dhomhnaigh ar thoiseach gach mailís dá ndéarnadh,
Is Mac Domhnaill ba mheasa sna haistí céanna.
Agus Braonán a bhí ag Farnham ag deanamh crábhaidh ina laethanta,
Ag cur scoilteach in ordú ar mhóinte is ar shléibhte,
Le cloisint a ghlórthaí sna leabhair dá léamh,
Na balbháin go labharfadh is na bodhráin go n-éistfeadh,
Na daoine bhí dall ó bhroinnibh a máthara,
Ag foscailt a súile le fuaimneach a chui<<d>>g Gaeilge,
Na bacaigh ag siúl go lúfar aerach -
'S a Mhuire na páirte, nach é an steallradh bréag é!
Cha chreidim níos mó i nglór na dtréatúr,
Ó chonnairc mo shúile gach cluain agus éigeart,
Ag cur in umhail go raibh Lútar rónaofa,
Is sílim go mbeidh an Cúca seo tútach de féine.
Ach fanfad mar bhí mé nó go dtí lá an tsléibhe,
Go loiscfear gach ní atá faoi na néalta,
I ndóchas diongbhálta go bhfaighidh síol Éabha
Le toradh na Páise, grásta agus saoradh.
B 1846 19L
35. Nóra Chríonna
Shiúil mé Éirinn thart gan ghó,
Ó íochtar Óirthir go Dubh-Líce,
Ó sin go Corcaigh díreach romham,
Ag iarraidh eolais ar na daoine.
Chuaigh mé ó sin an bealach mór,
Go Maigh Eo a chois na taoide,
Is b'é scéal gach duine sean is óg,
Gur gearr ó pósadh Nóra Chríonna.
Curfá
Is bí 'do thost a Nóra dheas,
Bí 'do thost, anois bí críonna.
Chuartaigh mé gach aon tigh óil,
Bailte móra, ráithte 's bruíontaí,
Coillte, curraigh, mullaigh 's móinte,
Sléibhte ceoigh is áltáin fraoiche,
Rasáin, casáin, fearann is fód,
Is níor fhág mé orlach díobh gan spíonadh;
Go Cill Ala chois an chuain,
'S ní bhfuair mé tuairisc Nóra Críonna.
Is bí 'do thost etc.
Síos liom díreach Sligeach na seol,
Mar a bheadh gósta i meon na hoíche,
Buailte i mbonn le cruas an róid,
Mar fhear gan bhróig ag siúl ar spící;
Go Bealach Sean-Aoidh liom i ruaig,
Is thart le bruach na Rosa síos uaidh,
Is ba ghearr gur thrasnaigh mé 'n Maol Ruaidh
Mar a mbíonn luaidreán ar lucht síofraidh.
Is bí 'do thost etc.
Ó sin síos go hInis Eoghain,
A chois na bóchan liom go faobhrach,
Mar a raibh mé seacht lá fhada ar seoid,
Gan tigh, gan chró, gan bhróig, gan bhríste,
Amhail loing ar briseadh a seol,
'S gan duine beo do sheolfadh an tslí domh,
Ach crotaigh mara agus róin,
Fionnógaí fómhair agus faoileáin.
Is bí 'do thost etc.
Ach ar mbeith domhsa tuirseach breoite,
Gan fiú an stóil le suífinn síos air,
Ghuigh mé aspail agus oird
Fá Dhia mo sheoladh ins an tslí cheart;
Is ansin a tháinig ins an ród
An ríon óg mar lóchrann fíorghlan;
Bhí culaith gheal uirthi den tsról,
'S a folt mar ór go bróg léi scaoilte.
Is bí 'do thost etc.
B'í ba ghile, finne, ghlaine snua
Dá bhfaca súil ó thús an tsaoil so;
Ar áille, ar onóir is ar uaisle,
Thug sí buaidh ar mhnáibh, 'sé shílim.
Theannas léithe ansin go dlúth,
A chur scéil in umhail di seal ba mhian liom,
'S a mealladh liom go tigh Bhriain Óig,
Mar a bhfaigheadh sinn beoir ann is cúl díge.
'Bí do thost etc.
Sé dúirt sí liomsa, scoir go fóill,
Más maith do eolas ar na Naoimhná,
Ní mise aon dár dhúirt tú fós,
Ach Méabha 'n órfhoilt, iníon Shéamais.
Bhí mé aréir ins an Ráth Mhór,
I gCarn Domhnaigh 's i gCeann Tíre;
Dá mbeinnse ar maidin i dTír Eoghain,
Is thall sa Róimh a bheinn san oíche.
Is bí 'do thost etc.
Níl briseadh, béim, cath ná gleo,
Dár cuireadh in ordú le Clann Mhílidh
Nach mbeinnse ann ar thús an tslóigh,
Ag seasamh cóir do lucht mo thíre.
Bhí mé i Maigh Mhucruimhe san ár,
Is i bhFothart ard, mo chrá 's mo dhíthse,
Mar a thit an Fhéinn uilig ar lár,
Le lannaibh 's lámh i gcath na Maidhme.
Is bí 'do thost etc.
Tá mé anois mar chí tú mé,
Gan chion, gan chéile ag siúl an tsaoil seo,
'S níl aon ó shin dá dteachaidh dh'éag
De chlanna Néill, nach mise á chaoineadh.
Is mise iníon do ardrí Laighean,
A bhí i gcéim i gceann gach bruíne,
'S dá n-éalóthá liom anois i ruaig,
Bhéarainn go Cruachain thú go díreach.
Is bí 'do thost etc.
Gheobhaidh tú saibhreas agus só,
Na táinte óir is coirn fíona;
Nach mb'fhearr duit sin ná bheith faoi bhrón,
Ag iarraidh Nóra i meon gach críche?
Ach má chreideann tusa scéal gan ghó,
Tá sise pósta le trí oíche,
I Lios na Maoile ag Conchúr an cheoil -
'S mar an gceo sé d'éalaigh an tsíbhean.
Is bí 'do thost etc.
Bí i do thost a Nóra dheas,
Bí i do thost a Nóra dhílis;
Má pósadh thusa ar mo chrois,
Ní ghlacfad bean anois - ná choíche.
CEISTEANNA DOFHUASCAILTE
36. An Chéad Cheist
Bíonn lucht coimheád carcair crua i gcroí,
Gé gurb é sin mise, táim bog maoth.
Seasaim i ndoras an phríosúin chruinn,
Buailte isteach ann mar bheadh ging,
Go dtig an giolla lena rinn,
'S go bpollann mise thríd an gceann,
Fágaim an áit go fálta fann,
Sciurdaigh an gadaí is éirídh an greann,
Toisídh an ceol is seinnidh an phíob -
Is teilgfear mise amach fán ngríob.
fuascailt na ceiste: corca buideáil.
37. An Dara Ceist
I bhflaitheas na naomh sé fréamhadh is hoileadh mise ar tús,
Is ar thalamh 'na dhéidh sin réab mé geataí is dúin.
Is iomdha sin réx a théagraigh mise go dlúth,
Gé shladaigh mé an chléir is d'éigneas cailleacha dubh.
Is iomdha bean buartha 'mo dhéidh i gculaithibh cumha,
Nach bhfaca m'éadan le radharca loinneach a súl.
Gach curaidh is laoch bhí i gcéim anallód 's i gcliú,
Ba mise chuir scéimh ar mhéid a ngaisce 's a lúth'.
Rinne mé saibhir na céadta barún is diúc;
Is iomdha sin réagún tréan a leag mé ar a chúl.
Tá mé anois ar mo chéilí, 's mé tréithlag tanaidh faoi smúid,
'S níl cosán dá dtéim nach é an t-éag mo chompánach siúil.
Ní chreidim go bráth i reacht na heaglaise nua;
Níor chreid mé do Áron ná athrú sagairt ó thús.
Dá mairbhfinn an Pápa, 's dá sáróinn Solamh le drúis,
Ní chreidfinn síol Ádhaimh go ndearnas peacadh sa gcúis.
fuascailt na ceiste: cogadh.
38. An Treas Ceist
Is giolla beag mé i láimh gach rí,
Is bím i gcéim ag cléir is saoi.
Bím ar thalamh is ar toinn,
Is ins na spéarthaí ag méadú foinn.
Is iomdha sin a chuir mé i stró,
Is ní lia ná m'éachta ag méadú gleo.
Gan cheann, gan lámh, gan chos ná méar
Ithim is ólaim le mo ladhar.
Tá mé balbh, bodhar, gan ghlór,
Is insím fíor is bréag go leor.
Bím 'mo scraiste cinnte i gcúil,
'S ní chluintear mé le fear gan súil.
'S más mór mo spré, mo chéim 's mo dhóigh,
Tá mé faofa is beidh go deoigh.
'S más maith le aon a bheith i mo dháil,
Cuartaíodh sé mé le taobh an áil;
Ag tabhairt scéal don saol ón bPápa,
Nó ag na bacaigh ina mála.
Ceist ar ollaimh is ar a ngaoil,
Cá hé atá balbh is chuala an saol?
fuascailt na ceiste: cuille gé.
39. An Ceathrú Ceist
Is teachtaire mise a shiúil an saol,
Ní fhásann m'fhionnfadh is tá mé maol.
Bím go cinnte ar lár 'mo luí,
'S mé 'seoladh an bhealaigh do gach daoi.
Ní thig le duine theacht 'mo dhíth
Ón tine go dtí a leaba luí.
Gé is iomdha cruit is baic is gleann
Ó thrácht mo chos go dtí mo cheann,
An té choinníos mise ina thaoibh,
Ní baol dó briseadh ar an dlí;
Ar muir 's ar tír is mise a scéith
Ó ghleann na ndeor go flaitheas Dé.
Sin ceist fá seach ar éigse an tsaoil,
Cá hainm cruitín an chinn mhaoil?
fuascailt na ceiste sin: cosán.
40. An Cúigiú Ceist
Bhí mé 'mo leannán ag a lán,
Ó cruthaíodh Ádhamh gur rugadh Naoi,
Is ó sin i leith níor thiob mé fear
A bheith 'mo ghar faoi bhrat san oích'.
Bhí mé ag Peadar is ag Pól.
Aige Eoin ar feadh a shaoil,
'S is iomdha fíréan ceart, mo dhóigh,
A chleacht mo phóg ar ndul dó luí.
Luigh mé le Maoise ar an bhfásach,
Is le Pádraig ar an gCruaich;
Chuaigh mé fá lár le míle bráthar,
Is bhí mé le lán acu chun na huaigh'.
Is ins an earrach a bhíonn mo dháil,
Duine is beathach tanaidh trua;
Níl taobh sa domhan ann nach mbím
'Mo mhnaoi luí ag an slua.
Gach duine dá gcluineann orm trácht,
Bíonn de ghnáth lán de m'fhuath;
Is an Eaglais, gé go molann mé,
Theithfeadh 'na néaltaí neimhe uaim.
fuascailt na ceist sin: bochtaineacht.
B 1851 19L
41. An Séú Ceist
Is síogaí mise a shiúil an saol,
'S is iomdha díth do rinne mé;
Is leannán mé d'aicme Ádhamh',
Is oích' nó lá ní chodlaim néal.
Gé bím go cinnte i ngach aird
Ag déanamh dála, ní holc mé.
Tógaim cogadh agus gráin,
Le dtig bánú agus éad.
Bím seal i dtigh gach rí,
Is i ngach tír faoi neamh na néal,
Is gé gur treise mé ná'n bás,
Is iomdha cás a bhfuilim claon.
Bím ag brostú oilc de ghnáth,
Chun briseadh reachta is aitheanta Dé,
Is aimhdheoin sin, is é deir cách,
Nach dtéid neach go bráth ar neamh gan mé.
freagra: grá.
B 1850c 19L
42. An Sagart Mhac na Moirne
Sé an Sagart Mhac na Moirne is ábhar do mo ranntaí.
Bíonn beatha shingil ag an tsagart 's é láidir ina leanntaí:
Ní gáire 's spórt don mhuintir 'ólas, ach chuirfinn puntaí chun
cúig leat
Go n-ólfadh a ghloine is phógfadh a ainnir, is tallaí-hó na cúite!
Lá fhéile Stiofáin, an mhaidin bheannaithe, bhí an sagart 'dul don
tséipeal;
Thoisigh an mheidhir ag na gadhair, is chuala fuaim na hadhairce -
Theilg de an chulaith, thréig an pobal is d'éirigh sé go lúthmhar,
Chuir ceart is beannaith' a ruagadh an tseannaigh - is tallaí-hó na
cúite!
Tháinig lánúin chun a ndáil, is bhí an gearrfhiadh ar aon iúl leo,
Theilg sé an aibíd thar a chloigeann, is thug go prab a chúl dóibh;
Ghuigh is achainigh siad air fanacht, nár cheangail sé leathdhlúth iad,
Dúirt leo an oích' sin dul a luí - is tallaí-hó na cúite!
Sé teast an tsagairt bharrúil seo is mian liom a chur in ordú,
Is fiú mo cheol a mholfadh é, bhí a chroí go maith mar chóir dó;
Níor luadh a locht, níor chreach sé an bocht, mar chuirtear lena
chliúsan,
'S níor shíl sé díth de ló ná dh'oích', tallaí-hó na cúite!
43. Sagart Santach
Bhí sagart santach lucaiseach,
A chruinnigh stóras óir,
Is cheannaigh cófra iarainn dó,
Chun coingbheáil a íodhail mar cóir;
'S ag breathnú scríbhinn fónaíoch,
Do scríobh sé ar an gclár:
"Ag seo mo Dhia ina luí go beacht,
'S ní fhaicthear é le cách".
Bhí cuairteoir glic do chuala an stair,
'S ba chíocrach é fán rún;
d'éalóidh isteach, do réab an glas,
'S do ghoid sé an t-íodhal ar shiúl;
Ag scríobhadh amach le méad a bheart,
Sé scríobh sé ina n-áit:
"d'éirigh do Dhia, níl sé anseo,
'S ní fhaicfidh tú é go brách".
44. The Exile of Erin
Tháinig chun na taoide an díbearthach ó Éirinn,
Is bhí an drúcht go trom taoscach ar a éadaí bhí tláith,
Ag osnaigh fána thír is an oíche dá téannadh,
Ag iontas leis féine ar thaobh cnoic gan scáth.
Tharraing réalt na maidine a shúil is a intinn,
Noch a d'éirigh ar an dúiche dar dhual dó a bheith inti,
Mar ar chaith sé tús a óige go ceolmhar 's go binncheart,
Le hamhránaibh naofa d'Éirinn go brách.
Nach crua bocht mo chinniúin, ar an deoraí bhí tréigthe;
An eilit is an fhaolchoin gheibh áit ann chun luí,
Ach níl agamsa dídean ó íota ná ghábhadh,
Níl dom chun fónaimh áit chónaí ná tír;
Ní bhímse choíche arís faoin dídean deas craobhach
Mar ar chónaigh mo ghaolta in aoibhneas a laethanta,
Ná ag folach mo chruit chaomhsa le mínscoth na léana,
Ag bualadh na dtéada d'Éirinn go brách.
A Éirinn mo thírse faraor atá tréigthe,
I mbrionglóid a théim do do fhéachaint ar chuan,
Ach i dtailte i bhfad uait monuar is é éirím,
Ag osnaigh fá mo ghaolta nach bhfeicfidh mé níos mó.
Och a chinniúin chruachchroíoch, an bhfuasclóidh tú choích' mé
I seomra na síochán' nach bhfaighidh an baol go dtí mé,
Ach mo bhráithreacha go brách ní fháisceann lena gcroí mé,
Dá n-éagadh do mo shaoradh, 's a choíche a bheith i mbrón.
Cá bhfuil doras mo chábáin láimh leis na coillte,
A dheirfiúrach' 's a chairde, nach crá libh mo dhóigh?
Cá bhfuil an mháthair mhín a thug cích dom 'mo pháiste,
Nó caraid mo láir úd ab fhearr liom go mór?
Tá mo chroíse i bhfad brónach is sólás dá thréigbheáil,
Cad chuige fár shantaigh tú an buas gearrshaolach?
Féadfair tuilte deora a dhortadh mar bhraona,
Is ansacht is áille ní fhaigheann tú níos mó.
Ach i ndéidh gach mínchuimhne dá bhfuil do mo shárú,
An ní amháin go bás is é ab fhearr liom faoi dhó,
Ag Éirinn i bhfad uaim na sluaite beannacht,
A thailte mo shinsear, Éirinn go brách.
Adhlaicthe is fuar bíonn mo chroíse i gcónaí,
Ar mhachairí uaine milchnuasach' na bóchan,
Is a baird ar an tsuairc-chruit ag bualadh dea-cheoltaí,
Le bua agus tréine d'Éirinn go brách.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11