Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lectures on the Ms. Materials of Ancient Irish History

Title
Lectures on the Ms. Materials of Ancient Irish History
Compiler/Editor
O'Curry, Eugene
Composition Date
1764
Publisher
(B.Á.C,: James Duffy, 1861)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Iarna ghraifneadh as Leabhar aosda meamruim, ocus, iar na
chríochnúghadh, an .xxix. Lá don mhíí Octóber, aois an Tighearna
an tansin, 1764, re Muiris O Gormain.


L. 541


B 1728 18T
U Cathal Ó Conchubhair
Aois Tigherna Mchccclxiu - Tadhg Ua Conchob. dfhaghail bhais
ocus a adhnacal a Roscomain a bfhiadhnaise uaisle an Choig. go
huile, nar hannac. aon do Righ Connacht O Chath Chrobderg
a nuas ni bo h-onoraigh. ocus nir bhiang. sin do dhenamh leis an
Righ bu deighein. do bhi ar Chonnachta a riamh le febhus a threithe.
Nior goir aon Righ a g-Connachta on am sin a leith, ocus ainim Ui
Conchob. d'fhaghail go coitchen daibh ocus onach raibh siad fein
geal da cheile do sgrios iad le haindligh eafronn. ocus maithemn.
o Dhia go bfhag. in eiric a bpeac. Domine ne statuas nobis hoc
peccatum. As leabhar Chille Ronain ro thairingus sin cum
approbatione quatuor Magistrorum.
Cathal O'Conchabhair, 2 Aug., 1728.



B 1650 17L
U Dubhaltach Mac Fir Bhisigh



LXII
Craobha coibhneasa agus geuga geneluigh gacha gabhala dar ghabh Ere
ón amsa go hAdhamh acht Fomhoraigh, Lochlannaigh agus Saxzghaill
amhain lamham o thangadar dar ttir: go naoimh-shencus agus réim
rioghraighe Fodhla fos; agus fadheoigh clar na ccuimsighthear iar
nurd aibghidre na Slointe agas na haite oirdhearca luaitear isin
leabharsa, do teaglomadh leis an Dubhaltach mac Firbisig Leacain.
1650.


L. 543


B 1650c 17L



"Tesda brollach dá dhuilleog don t-sen lebharasa sgribhaim so,
ocus fáguim affuil róm don leth taoibhsi na n-oircill. Misi
Dubaltach Firbisigh".


L. 548


B 1644 17L
U Anaithnid
In nomine Deii. Amen.
An treas lá do mhí septembar, anno xpi. 1644, do


L. 549


tionnsgnadh an leabhranso do sgriobhadh attigh Chonuill mhic Neill,
mic Rossa, Mheg Eochagáin etc. A Lios Maighne a cCinél
bhFiacach, aon le ttaisgitear agus le ccoimhedtear sean
mhonameintibh ar sinnsear agus fir-bheach thiomsaigthi agus thinoil
gach neithe da mbeanann le honóir agus le seanchus chloinne
mhiliodh Easpáine, agus shleachta Luigidh mheic Ithe, idir naomh
agus chlann mhaicne gach túaithe, an mhéd go mbfeidir le na
dhithchioll duthrachtach nemhmhainechtnach é, agus asé ata sgriobhtha
san leabhránso: Réim Rioghruidhe agus naoimh-sheanchusa na
hEirionn noch ata ar na nglanadh agus ar na leasugad léis na
pearsanuibh só síos .i. an Brathair Míchél O Cleirigh, Fearfeassa o
Maolchonaire, Cucoigriche o Duibhgeanain, a phriomh-leabhraibh
seanda na h-Eirionn, saoithe isin ghaoidhlig; agus a ccCoinuint
Atha Luain amhuil a dubhradh romhuin etc. Agus an dúain
tseanchuis do rinne Giolla Caomháin O Cuirnín dar ab tosach "Eire
ard Inis na Ríogh", agus an duáin do rinne Giolla Modhuda ua
Caisside, dar ab tosach "Eire óg Inis na Náomh", agus an dúain eile
do rinne Aongus Mac An Ghabhann darab tosach "Naomh-sheanchus naomh
Innse Fáil," agus an duain eile dar ab tosach "Athair cháigh
chuimsigh neimhe".



Ata ann fos Leabhar na cCeart do horduigheadh le Beneon naomhtha ar na
ttarraing as an leabhar do sgriob an Conall reimraidhte an .4. la
d'August. 1636. as Leabhar Leacain do bhi ar iásacht on bpriomhfaidh
Protusdant aige, agus do sgriobhadh cian róimhe sin lé h-Adhamh Mór
O Cuirnín do Ghiolla Iósa mac Firbhisigh, ollamh ó bhFiachrach,
Anno Domini, 1418. Agus Murchadh Riabhach ua Coinlisg do sgriobh
cuid eile dhé í ttigh Ruaidhri I Dhubhda, Righ ua bhFiachrach
Muaidhe. Ata ann fós an fáth far cuireadh an bhorumha ar Láighnib
agus cía lér cuireadh ar laighneachaibh í, agus teacht Chloinne
Dealbhaoith mic Cais go leath Chuinn, ó Mhumhain. Ata ann fós
an fáth tre ndeachaidh Fenius Farrsaidh dfhoghluim na
filidheachta go Tur Neamhruaidh seach cách, agus ainm na mbéarladh
bhadur aca san amsir sin as ar sgagadh an ghaoidheilge lé Gaoidheal
mac Ethoir tré ar hainmnidheadh uaidh féin í, agus oighidh Chuinn
chéad-chathaigh; ata ann fós, seacht nurgartha righ h-Eirionn,
agus ríghe na ccóighead ar cheadna, agus an duain dar ab tosach
"Roileagh laoch Leithe Chuinn", ar na bhfhorbadh agus ar na
ccríocnughadh agus ar na ccur annsa leabhranso, an 5mhadh la
fithchiod do thSeptember na bliaghna ceadna, leis na mbrathair Pol
ó Colla, dord St. proinsiais, attigh an Chonaill reimhráidhte.
Senchus Riogh Eirionn ar na lenmhoin go mbunadh, agus an aimsir ro
chaith gach righ dhíobh a ccenus agus a ccumhachtadh Eirionn ina
righe. Genealaigh


L. 550


na naomh nEireannach amhuil frith iad a leabhraibh na sean-ughdar, ar na ccur
sios ina sleachtanuibh amhail is do ghabhlaigh siad, ar ord aibghidre. Do
chum gloire Dé, onóra na naomh agus na rioghachta, agus do thabhairt aithne
agus eólais ar na neithibh reimhráidhte, agus fós ar na húghdaruibh ro
choimhéad seanchus Eirionn ria ccreidiomh agus iar ccreidiomh. Ar na
ccríochnughadh i cCoinuint Obseruantiae Atha Luain, an Esbogóideacht
Cluana Mic Nóis, 1630.


L. 552


B 1631 17T
U Micheál Ó Cléirigh



Do chuireassa an brathair Michel O Cleirigh reamham an tsen-
chroinic darab ainm Leabhar Gabhala do glanadh, do ceartúghadh ocus do
scríobhadh amaille le toil mh'Uachtarain do chum go rachad i
nglóir do Dhía, in ónóir dona naomhaibh,


L. 553


do rioghacht Eirionn, ocus a leas anma dhamh féin. Níor bhfheidir
liom an tiondscadal so do chriochnughad gan congnamh croinicidh oile
do bheith agam a nionadh cómhnaighthe eiccin. Iar bhfhoillsiughad
na hintinnisi daoibhsi, a Bhriain Ruaidh Meguidhir, á thighearna
Insi Cethlionn; a chéidhfir dar goiread an tainm sin do shiol
Uidhir le mordhacht Righ Saxan, Franc, Alban, ocus Eireann,
CAROLUS, an thaonmhadh la fichit Ianuaríí, an bhliadhain si,
d'aois ar tTighearna Iosa Criost, 1627, ocus an treas bhliadhain
do Righe an Righ do ghlacabhairsi do láimh cuidiúgadh liom an
saothar do chuireas rómham do thionnscnadh, ocus do chríochnughadh,
do bhrigh gur bo ro thruagh lib an ní do rachadh i nonóir, ocus a
nainm da bhur sinnsearaibh, do naomhaib, duaislib, agas do
chroinicidhibh Eireann go coitchionn, do léiccean a mbáthadh gan
chuidiúgadh do thabhairt do chum a chur ar a aghaid. Ar bhfághail
bhur cconganta dhamh, tanac fén ocus na croiniceadha do thoghas,
amaille le haonta na heagluise do bheith agham do chum a ttoghtha,
Ferfeasa O Maolhonaire, Cuchoigcriche o Clérigh Cuchoigcriche o
Duibhgheannain, agus bhur nollamh fén le croinic, Giollapattraic o
Luinín, go Coinuent bhráthar Leasa Gobhail, darab gairdian
Froinnsias mac Craith, in Easpocóideacht Clochair, i bhFhearoibh
Manach, coicthídhis ria Samhuin, agus do bhamar a bfarradh aroile co
Nodluic ar ccionn; conadh i bhfhoirchionn na ree sin táinic linn a
ní do chuireamar rómhuinn dó chríochnúghadh, amaille re bhur
ccongnamhsa, a thighearna Mheguidhir:



An dara lá ficheat do mí October do tionnscnadh glanadh agus cur le
chéile an leabhair gabhála so, agus an dara la 20 do December do
críochnuigheadh a scríobadh, a cConuent na


L. 554


mbráthar reumhráidhte, an seachtmhadh bliadain do Righe Cing Carolus
os Saxain, Frainc, Alban, agus Eireann Anno Domini 1631. Bur
ccara ionmhuin, Bráthair Michel O Cléirigh.


L. 557


B 1643 17L



Foclair nó Sanasan nuadh iona míníghthear cáil éigin d'fhoclaibh cruaidhe na
gaoidhilge, ar na sgríobhadh ar urd aibghitre, le Bráthair bocht tuata d'ord
Saint Pronsias .i. Micheul ua Cléirigh, a ccoláiste na mBráthar nEirionnach
a Lobhain, ar na chur a cclo maille re húghdaras, 1643. Amen.



Don tighearna ro onórach, agus dom charaid, Baothghalach Mac Aodhagain,
Easbac Ailfinn.



Agso chugaibh a Thighearna díoghluim beag d'fhoclaibh cruaidhe ar
tteangtha dúthchais, ar na ccruinniúghadh as mórán do shenleabhraibh ar
ndúighthe , agus ar na míniúghadh do réir tuigsi, agus gluaise na
bpríomh-úghdar do bhí ionar ndúthaigh 'san aimsir dhéigionaigh, lér bhean
míniúghadh na sean-gaoidhilge.



Ní fhacamair ionar ndúthaigh móran re'r bh'iomchubaidh an dioglaimsi
d'fhuráil ar túis 'na sibhsi; agus ní tré amháin ar naibíd do bheith
ionann cúis dobudh cóir ar chor eile do tharraing ar ttola oraibhsi, seach
cách oile do ghluais sin do chum patruinn do dheanamh dhaoibh don
leabharánsa, acht na cheann sin, agus go spisialta, tre bhur maith féin, agus
dúthchas bhur ccineadh ris an cceirdseo; agus fós go bhfuil fear cómhanma,
agus coimhcinid dhaoibh, Baothghalach Ruadh mac Aodha-


L. 558


gáin, ar na daoimnibh as prionnsabálta leanmaoid a míniúghadh na bhfhocal ar a
ttrachtar 'san leabharso.



Marsin, níor glacadh mían linn acht amháin beagan eóluis do thabhairt don
aois ainfis a sean-teangaid a máthair, agus an taos ealadhna do bhrostadh
dochum a ionnshamla eile so do dhéúnamh, ní as fearr agus ní as líonmhaire.




Bíodh fios ceithre neitheadh ag an leightheóir le'rab mian an
beag-shaotharso do léaghadh. An chéad ní, nar chuireamar én fhocal annso
síos do mhíniúghadh, nó do ghluais ar fhocluibh cruaidhe ar tteangtha
mathardha, acht na focail do chualmair séin da míniúghad, nó fuaramair ag
cách oile iar na míniúgadh, ó na maighistribh doba foirtille, agus doba
foglumtha an eólus cruais na Gaoidhilge ionar laethbh féin; as daoibsin go
sonnradhach Baothghalach Ruadh mac Aodhagáin, Tórna O Maolchonaire,
agus Lúghaidh Ua Cléirigh, agus Maoileachluinn Modartha ua
Maolchonaire. Gidh saoi oirdheirc gach duine dhíobhsin, aseadh
Baothghalach as mó do leanamair, do bhrígh gurab uadha as mó do
ghlacamair fein agus do fuaramair ag cách oile, míniúghadh na
bhfhocal ar a ttrachtamaoid, sgríobhtha; agus fhós gurab saoi
oirdheirc, dearsgaighthe é 'san ccéirdsi, mar as follas 'san teist
tug an tsaoi réamhráite oile .i. Lúghaidh Ua Cléirigh air ar a
éag, amhail atá 'san rannso síos: -




Athairne athair na haoi
Dallán Forgaill an príomh-shaoi,
Do mheas ré'm chéile ní ceart,
Néidhe ro-fheas is Fercheart.



Seanchuis diamhra, dlighthe ar sean,
Béurla foirtche na bhfhileadh,
Do bhí an éin mhéidh gar naithnidh,
Clí an Eirnidh! an ionaithmidh!




As aithne dhuinn saoithe maithe 'san cheirdsi, agus fos 'san aimsir
dhéighionaigh, mar atá Seáan Ua Maolchonaire, príomh-oide na druinge a
dúbhramair cheana, agas fhear n-Eirionn, a


L. 559


seanchas ina aimsir féin; agas Flann mac Cairbre mic Aod'agáin mhaireas fós,
agas drong oile nach náirbhim. Acht do bhrígh nach ttarladar na leabhair
ar a ndeárnadar míniúghadh aguinn ar an ttaobhso do'n fhairge ina bhfhuilmid
ar deóraidheacht, leath amuigh do bheagán, níor bh'éidir linn a ccéadfadha do
leanmhuin acht a mbeagán.



An dara ní. Bíodh a fhis agad, gurab iad na leabhair chruaidhe ar ar
chuireadar na sean-ughdair gluais mhínighthe agus as ar ghlacamair na focail
seo síos maille re míniúgadh na druinge réamhráite, do bhí ag teagasg go
deighionach: Amhra Choluim Chille; Agallamh an da Shuadh; Féilire na Naomh;
Féilire Uí Ghormáin; Leabhar Iomann; Sanasan Bheatha Phattraic;
sean-Screaptra meamruim, agas sean-leabhair paipéir ina bhfhríth mórán
d'fhocluibh cruaidhe gan míniúghadh; Forus Focail, agas Deirbhshiur do'n
Eagna an Eigsi; agas urmhór an leabhair 'ósin amach na gluaise do ghlacadh
ó'n mBaothghalach réamhráidhte.



An treas ní. Bíodh a fhios ag an léightheóir, nar mhian linn ag triall an
bheag-shaothairsi, acht cáil éigin solais do thabhairt do'n aos óg, agas
do'n aos ainbhfhis; agas an t-aos ealadhnai agas eóluis do bhrosdadh, agas
do ghríosadh dochum a ionnsamhla oile do dhéanamh ní is fearr, agas níis
líonmhaire. Acht is uime nar leanamair go fada ar mhórán do na hilchialluibh
chuirid an taos dána, agas ealadhna do niomad da bhfhuil d'fhocluibh annso
do mhiniughadh, agas do léigeamar dhinn fós, bunadhas iomad do na foclaibh
d'fhoillsiúghadh go fóirleathan, do bhrigh gurab leis an aos ealadhan go
sonnradhach as mó bhaineas, agas nach bhfhuil riachdanas ag cách go
coitcheann leis mar átá aca leis na sean-leabhruibh do thuigsin, agas do
léaghadh.



An ceathramhadh ní. Bíodh a fhios ag an aos óg, agas ag an aos ainbhfhis,
lerab mian na sean-leabhruibh do léaghadh ní nach bhfuil na aincheas ar
eólchaibh ar ttíre gurabh annamh bhíos coiméad aca ar chaol le leathan, no
leathan re caol do sgríobhadh; agas is fír-thearc chuirid uatha ar
chonnsainibh, mar atá bh. ch. dh. fh., agas marsin; agas fós, as annamh
chuirid síneadh fada ar fhocluibh. Sgríobhthar go minic cuid dona
connsainibh ar son a chéile, mar atá .c. ar son g, agas t, ar
son d. Agso samhail na bhsfhocal treasa ttruigfidhear a
nabram ar son na bhfhocailso: Clog, ionann agas cloc; agad, acad;
beag, beac; codladh, cotladh; ard, art, agas mar sin. Cuirthear fós go
minic ae, ar son ao; agus ai ar son aoi; agas fós oi ar son aoi. Sompla
arsin mar sgríobhthar go minic aed, as ionann agas aod; agas cael, is
ionann agas caol; agas baoi, agas fós bai, is ionann agas boi.
Sgríobhthar go minic é ar son


L. 560


a, 'sna sean-leabhraibh, mar atá, as ionann die, agas dia; cia as
ionann agas cie; agus mar sin. Sgríobhthar go minic .i. ar son, mar
atá, etc. Sgríobhthar go coitcheann, a,o,u, ar son a chéile a
n-deireadh focail, mar ata sompla, somplo, somplu; ceardcha,
ceardcho, ceardchu.


L. 562


B 1664ob 17L
U Cuchoigcriche O Cléirigh



Cuchoigcriche O Cléirigh do rinne an dánsa do'n Chalbhach Ruadh
mac Mághnasa, mic Cuinn óig, mic Cuinn, mic an Chalbhaicch.



Ionmhuin an laoidh léaghthar sunn,
Tig uait, a Chalbhaig chugum,
Ní tré rún fallsa ro feas,
Acht do shúr ansa th'éicceas.



Tuigim do rún da réir sin,
A fhad leat ód dhreic n-doinn-ghil,
Fiadhna caithmhe is clú o ccuinn,
Sdairthe diamhra chrú Chonuill.



Mar taoi da chur i cceill dhamh,
Go n-dlighfinn d'aithle ár n-úghdar
Fa neamhthais fuighle na bhfhear,
Cuimhne seanchais bhar sinnsear.



Maith an iarraidh tug tusa,
Dol d'fhios iúil an t-seanchusa,
Do'n chéidfios ba toghaois treall,
Go foraois éigios Eireann.



Sen-rádh eagnaidh aosda soin,
"Eólus Eirionn i cCruachoin",
Dá hiúl tar chach tugais toil,
Ní gan fáth rugais roghoin.



Atáid 'san tír re hathaidh,
Im Chruachain Chuinn Chéd-chathaigh,
Uí Mhaolconaire gan coir,
Fa aoibh ttoghaidhe ag triathoibh.



Fuarais fós eólus oile,
Ag cloinn chaoimh Mhaolconoire,
Fáth ar ttogharma as léir libh,
Tré réim mh'oghlama ó'm oidibh.



O shliocht Chuinn, laochraidh gan locht,
Atá an t-ainm Cúigedh Chonnocht,
Rádh nach fann i leith leabhar,
Tré a m-beith ann ag áitreabhadh.



Dísle le Conn Coigedh Shreing,
Nó én chúigedh an Eirinn,
Nír chuibhdheas d'a chloinn ó shoin,
Gan ruidhleas Choinn do charthoin.



A Ua ar cConn tuaidh ó Thoraid,
'Sa Chuinn thiar ó ttángobhair,
Ní deóraidheacht, a dhearc ghlan,
Teacht go céol-oireacht Chruachan.



Ní díbeirt dhuit thiar gach am,
Tré neart ainbhfhine neachtrann,
A chliabh dhlúthmhas na ccor ccas,
Dol ó dhúthchas go dúthchas.


L. 564


Na teasmholta tugsat ort,
Na h-éiccsi sin fhuinn Chonnocht,
Maith leam n'ar laghdaigh do cháil,
'Sgur árdaigh eirr dom anáil.



M'aos ionmhuine ó's iad sin,
Léigid leam ina litribh,
Bar tteist do ghnáth o'n dáimh dil,
Is ní nár cách d'a chluinsin.



A ninnsi sgél sgorfa mé,
O 'táid agam mar fhinné,
Ní fhobraim a ccló 'sní chel,
Ní radh fhorbainn a naiber.



Da rádh ar tús ag teacht thort,
Mar chuir Gaill go crích Chonnocht,
Tré fhalaidh guaismhir nach glan,
Bar samhail d'uaislibh Uladh.



Da nglór an chríoch do charais,
Duitsi nach fáth faltanais,
'Sgor gar oile ó taoí treabhar,
Car Mhoighe Aoí ar aitreabhadh.



Machaire Chonnocht na ccath,
Gé'r bhfhada é 'na fhásach,
De n'ar sguiris, a ghné gheal
Guir chuiris é fá fhoirgneamh.



Comhrádh a eólach uile,
d'aois áitreabha an Mhachuire,
Dóibh nar bh'aithne é fá bhail,
God ré chaithmhighei a Chalbhaigh.



'S gur chuir tú fá throm eallaigh,
Iath oirdheirc an Fhinn-bheannaigh
Is Magh Aoi ó'n réim i raibhi,
Gor léir gach laoí a lompaire.



A rádh ribh ní rádh náireach,
Do bheith caithmheach congháireach,
'Sgo ccaithe, ga saoire seal?
Sgaite maoine gan maoidheamh.



Is gur gnáth teaghlach it theagh,
Mar bu réil i ré ar sinnsear,
'Sdo bheith ann fá aoibh gan driuch,
In gach am dhaoíb go daoíniuch.



Re'd linn im Chruachain na ccean,
Ní fhuil uasal nó íseal,
Nach léir ina theach muirn mhór,
Ima seach cuirm is cómh-ól.


L. 565


Iomdha aca eich sheanga,
Fíon, fleadh-ól is fithchealla,
'Sbúird leathna gach laoí 'na ttoigh,
Gan seachna ar chaeí nó ar chonoir.



Ionann iomchraid bhar noire,
In gach áit th'aos ionmhoine,
'Srod riarthar im Chruachain Chuinn,
'Sa ttuathaibh iarthair Umhuill.



Do madh iad th'ollamhair féin,
Do chuirfeadh do chlú in imchéin,
Dóibh ní fecfaoí, a bheó ar mban,
A-derthaoi gor leó an leanamh.



As t'éifeacht féin fuair tusa,
An ró oirrdheirc anma sa,
I tá an ghairm gach dú, ní díth,
Bar nainm is bhar cclú i ccoichcrich.



Cia do't fhréimh rígh nó ruire,
Da léaghthá a Réim Ríoghruidhe,
Fuair an tarbha dhó do dhleacht,
Nó ró anma gan oirbheart.



Da bhithin sin a mheic mhir,
madh áil bhar nainm do chluinsin
Bean re bunadhus do bheart,
Lean d'urrudhus is d'éifeacht.



Na deach fúibh, a fhir Finne,
A nainchridhe, a nainninne,
Aosa síor-thnúidh bhar ngruadh ngeal,
Rob tuar síothrúin a silleadh.



Mo rádh fa dheóidh re'd dhreich
nduinn,
Na bí cédluitheach comuinn,
Gan fáth na bris th'annsa ar fhior,
Acht rannsa ris do roi-chion.



Ní clú fás le a chur i ccéin,
Adhbhchlos ingine Uaitéir,
Ar bháidh is ar bharr ceiníl,
Ní nár an tam d'Aibheilin.



Bíodh go mbeith ar bheagán cruidh,
Ní cluintear uaithe a heasbuidh,
Gach ar chaith do chuaidh ó chás,
'Sa maith gan uaill gan allás.


L. 566


Rádh cháigh i ccluais a chéile,
Go mbí gan dúil doimhéine,
Go faoilteach, gá dáil is díle?
'Sgo sgaoilteach, sáimh, simplídhe.



Da h-airrdhib tugsam ar ttoil,
Is da maith, gan méin uabhair,
Is da gnaoi na ngoire soin, -
Ní mar mhnaoí oile as ionmhoin!



Ionmhoin.



B 1655c 17L



Cuchoigcriche O Cléirigh, do rinne an dán so, do Thoirrdhealbhach O
Domhnaill, mac Cathbharr.



Mo mhallacht ort a shaoghail,
Mairg nach ttuig do ró-bhaoghail,
'Sgo ccuire féin a ccéill dhúinn
Nach díol grádhaighthe t'fhortúin.



Gidh iomdha rí ar a raibh meas,
Fuair uait righe agus flaitheas
'Sda ttugais muirn, féasda, is fleadh,
Féachthar a ccríoch fá dheireadh.



Iomdha Flaith as feasach linn
Iomdha airdrigh dob inghill,
Ra ngein Chríosd tarla ar do mhuin,
'Sdo thrasgrais síos go talmhuin.



Ríogha is Monairc an domhain,
O tá a niúl 'nár nurchomhair,
Mas fiadna stairthe na ndrong
Dearbhaid go fíor a nabrom.



Ríogha na nAssardha is Mead,
Tugais dóibh seal n'ar ro-bheag
Callacdha is Pearsa n'ar lag,
Fuairseat seal, cáit ar ghabhsat?



Alexander, Monarc mór
Céd Imper Grég na nglan shlógh,
Gé'r mhór a mheas 'sa ro-neart
Nír chian a ré od mharcoigheacht.



Iúlius Caesar go nágh,
Céd Impeir réil na Romhán,
Ar ngabhaíl an domhain lais,
A shaogail créad fa'r thrasgrais?


L. 567


Nír eirígh neach thiar nó thoir,
Ar druim do rotha a shaoghail,
Nach é a dheireadh iar gach sódh,
A chur faoi an roth fa dhubrón.



Boicht an tshaoghail imaseach,
Díot as beithe dhóibh búidheach,
Ní thabhra ní dhóibh dod' mhaoin,
'Sní bheana dhíobh do chomaoin.



Cóir a bhuidhe re Dia dil,
Ar mbreith i naimsir creidimh,
Is Críosd d'ar leighios ó'r ccoir,
'Sgan adhradh dhuitsi a shaoghoil.



A sgéal mar atá i leabhraib,
Na Monaircsi, a Thoirrdhealbhaigh,
Ní ba meisdi ag Dia bhar náit,
Gan dol díbh na ccompráitt.



Crádh liom do gheimhliúghadh daor,
'Sgan tadhall dhuit ar mhíthaom,
Acht fíor-fhuath mar 'tá re treall
Eachtrann ar uaislibh Eireann.



Gídheadh, déana dimbrigh dhe,
Da niarra sibh meas foirfe,
Do bheith oraibh thall 'sa bhus,
Glóir do Dhia, atá ar do chumus.



Smuain ó thús go rugadh sibh
I nam crábhaidh is creidimh,
Mar nach rugadh mor re a mheas,
Na Monairc thuas, do airmheas.



Tabhair foigheide id bhroid,
Gabh comhairle ó gach caroid,
Da bhfhuilnge martra gan choir,
Buaine dhuit beatha shuthain.



Táinic Íosa tré uar ccoir,
Do nimh anuas ó'n Athoir,
'Sdo dhoirt fuil a chuirp uile,
Ar ár ngrádh tré thrócuire.



Ar dhoirt gach Martir d'a bhfhuil
O thús go deireadh domhuin,
Do bu mó sgél braon do'n fhuil
Do dhoirt Iosa tré ar cciontuibh.



Fuair Críosd bás croiche ar ar son,
Do iarr oruinn ár ccroch d'iomchor,
'Sar ttoil do chuma re a thoil,
Agus é féindo leanmhoin.


L. 568


Fuair tusa, 'sas cuirthe a suím,
A mheic Cathbharr Uí Dhomhnuill,
Ní ó Dhia agus ré fá rath,
Ní dhlighe 'bheith dhe diomdhach.



Fuarais saoghal fada glan,
Barr ar sheachtmhoghat bliadhan,
Long an anma an corp go ngráin,
Mithid dho port do ghabhail.



Re linn síothchána is sochra,
Fuarais beatha ionmholta,
Iar bplanntúghadh it thír thall,
d'ainbhfhine aintrin eachtrann.



I nam cogadh dha éis sin
Gach ar lean sibh do't dhaoinibh,
Do shaorais iad ar ghorta,
Ar bhás fuachta is fíornochta.



Cia hé an flaith do fhréimh Dhálaigh,
Do réir iúil na hAnnalaigh,
Tug oiread cobhartha libh,
In am cogaidh d'a dhaoinibh?



Do shíris leó, ceann i cceann,
Urmhór chóig ccóigidh Eireann,
Dá ndídean ar gach feadhain,
Do Ghallaibh, do Ghaoidhealaibh.



Nir thaistilsiod tír dhíobh so,
I Leith Chuinn, nó i Léith Mhogho,
Nach bíodh tnúth in gach baile
Ríu 'sgan iad na ccomhnaidhe.



Mó an furtacht tugadar dhóibh,
Nó a bhfhuairsiot uatha d'onóir,
'Sdo lean díobh ós sgél fíre
Dream do lucht gach én tíre.



Do chosain tú iad amhlaidh,
Re ré an chogaidh chath armaigh,
Ceithre bliadhna doirbhe dég,
Nar léigis faill 'na ccoiméd.



Gidh mór díobh do bí beó bocht,
Ag teacht chugaibh dá bhfhurtocht,
'Sda ttugais maoin tar an ccóir,
A admháil aniu as édóigh.



Cumhainn leam go riomhthaoi sin,
Trí mhíle bó ar do mhuinntir,
Agus iad uile ar bhar ccur,
Fa'd leagadh is fá'd ghearrudh.



Rugais leat fós, iar gach seal,


L. 569


Iad uile ag dol fá dhlígheadh,
Gur sgaoilseat siar agus soir,
Ag port Eirne fa'd lámhoibh.



Ré bheag mbliadhan gé atá sibh,
Ar fhir bheagán do't mhuinntir,
Fuarais beatha gan náire,
'Snír mhiadh leat a hiomláine.



Bíodh na'r dhiongmhála latsa,
Ar tteacht go haois arsachta,
Beatha mheasardha dheanas,
Dob fhearr í na braighdeanas.



Tréigh do dhíomas, na lean de,
Mithid dhuit in eirr th'aoise,
Saoghal na meang do thuigsin,
'Snach tú amháin do ró thuirsigh.



Caithréim 'sfeárr fa ghréin ghloin,
Do neoch da'r ghein ar talmhoin.
'Sas buaine dhó thall iar ndol,
Buaidh ar dheamhan 'sar dhomhon.



Trí naimhde an anma gach am,
Diabhal, saoghal 'sa cholann,
Dá mbeire tusa a mbuaidh sin,
Rachir go réidh do'n Righthigh.



Guidhim Dia riot, a rún dil,
Ná leig fuil Chríosd i naisgidh,
Tuill re haithrighe ghéir, ghloin,
Do dhol isin síth shuthoin.



Déna an tinchreachadh dhlighe,
O thús go eirr th'aimsire,
Sgrúd a bhfuair tú gach tan,
'Sa ndearnais ris 'san saoghal.



Bíodh tuirsi is conguin chridhe,
Ort tré thuilleamh oirbhire,
An tí ar a ttugadh gan chóir,
Na mílte crécht tréd chiontuibh.



Má do chráidhis neach ó thoil,
I cclu, a maoín, na tré sgannoil,
Déana aiseag ann go cóir,
Do réir bhréithre an chonfesóir.



Budh luaithe liomsa na libh,
Le toil Dé d'fhios an Righthigh,
Mo bhuille sguir asé so,
Dibhse i ndeireadh mo théarmo.
Mo mhallacht.


L. 572


B 1650 17L
U Dubhaltach Mac Fir Bhisigh

Craobha coibhneasa agas géuga geneluigh gacha gabhála dar ghabh Ere ón
amsa go hAdamh acht Fomhoraigh, Lochlannaigh agas Saxghaill amháin,
lámham o thánghadar dár ttír go naoimhshenchas, agas réim ríoghraidhe
Fodhla fós, agas fa dheóigh clár 'na ccuimsighthear iar nurd aibghidre
na Slointe agas na háite oirdhearca luaiter isin leabharsa, do teaglomadh leis
an Dubhaltach Mac Ffirbisigh Leacain. 1650.



Bíoth umorro, gurab fon samhail sin as gnaithche tabhairt tiodail do leabhraibh
re lin an linesi, ní léigfeam lorg ar Sean, an Seanghnás grianach,
Gaoidhealach dhinn, oir ase as soiléire, marso.



Loc, aimsir, pearsa, agas tugaid sgribhne don leabharsa. Loch dho, Colaiste
S. Niocol i nGaillimh, aimsir dho, aimsir an chogadh chreidmhigh edir
Chatoilcibh Erenn, agas Erticibh Erenn, Albun, agas Saxan, go háiridhe
isin mbliadhain do aois Crist. 1650; Pearsa dho Dubhaltach mac Giollaiosa
Mhoir Mhec Fhirbhisig, Seanchaidh, etc., a Leacain Mhec Fhirbhisig
i tTír Fhiachrach Muaidhe; agus tugaid sgribhne an leabhair cheudna, do
mhorughadh gloire De, agas do gheunamh iúil do chach i ccoitchinne.



Tegeumhadh tra go measfadh neac egin iongnadh isin obairsi tre aidhbhle agas
fhoirleithne na Senghenelachsa siar ar na ceudaibh cineadh coirighthear ann
go hAdham iar nurd a ngaol re raile, uair ad-chluinim fén drongaibh
a derid nach édir genealaigh Gaoidheal do breth go bun mar soin. Gibe fáth ma
nabraid sin do bhearmaois baramhuil do madh brigh linn, air ní do atamuid,
acht do thaispeunadh na firinne iar sensgribhnibh suidhighte Suadh, Sean-naomh
agas sruith-sheanchadh Erenn ol-ceana, ó cheudtos na naimsior gus
aniu, ní nach cuirthe i gcuntabhairt, uair as radh coitcheann coimhiondraic do
ghlainleabhraibh Gaoidhelge aosda Ereann na briathraso sios ag
foillsiúghadh lucht coimheuda an Sheanchais. Agso mar a-der: Ma beth neach
fhiarfaigheas cia ro choimhed an Seanchas? Bioth a fhios ag cach gurob searaig
go réeibh rofhoda, agus seanoire cuimhneacha cianaosda do dheonaig Dia do
choimheud agus do aisneis Sheanchais Erenn i leabraibh diaigh indiaigh do
gach duine o dhilinn go haimsir Naomh Padraig tainig isin cerathramhadh
bliadhain fhlatha Laoghuire mec Nell, agas Choluim Chille, agas
Chomhghaill Beannchuir, agas Fhinen Chluana hIoraird, agas Naomh Erenn
ar ceana, ro sgriobhadh for a ngluinibhsidhe i liubhra, ionnas go ffuil se ar
altoraibh naomhtha,


L. 573


ittigibh sgreabtra, i lamhuib Sruitheadh agas suadh, agas seanchaidheadh
osin amach go brath.



Go sin ata an radh reamhraite, agas ata nías foirleithne isin Leabhar
Gabhála; leabhar sin ba lor do dheimhnigheadh an nethesi. Tairis sin, ag so
sunnradh anmann ughdar Seanchuis, agas ealadhan ele Erenn againn re gach
gabháil da ttainig innte, iar sen-sgreabhtraibh cianaosda chuireas sios mar
so. ader Lebhar Gabhala, Bachorb-Ladhra ceudna hoide Erenn, ollamh
Pharthalain.
Figma, file agas Seanchaidh chláinne Nemheadh.
Fathach, file Fear mBolg, do chanadh Seanchas, laoidhe agas sgealuidheacht
doibh.
Cairbre, Aoi, agas Eadan, fileadha Thuath de Dhanann re Seanchasaibh agas
laoidhibh, agas sgeuluidhiocht bheos; agas fos ba lan do eolus agas
draoidheacht urmhor uasal Thuathhe de Danann uile.
Gaoidhil tra, ni hiad ag nach raibhe lucht coimheuda a Seanchas 'sgach áit i
mbadar, uair Fenius Farsaidh a seanathair ba priomh-ughdar 'sna
hil-bheurluibh e, ní maoidhthe air eolus a Sheanchusa fén. Mar sin bheos do
Nel mac Feniusa isin Egipt; Caichear draoi isin Scithia, agas 'sna
Gaothlaighibh, agus eatorra sin, dú ar tharangair Ere doibh, etc. Milidh
Espaine dar b'ainm Golamh iar ndol do a hEaspain go Sgithia, agas as sin
go hEgipt, ro fhoghluimsiod foireann da mhuintear priom-dhana innte .i.
Seudga, Suirge, agas Sobhairce fria saoirsi .i. ars .i. ealadha
aniu; Mantan, Fulman, Caichear fria draoidheacht. Badar buadhlainn, agus
badar firbreathach triar ele da muintir .i. Goisden, Aimirgin, agas
Donn. Aimirgin Glúin-geal mac Miledh, Cachain, agas Cir mac
Cis tri fileadha Mhac Milidh. Fileadha, bretheamhuin, seanchaidhe,
agas sgeuluidhedha, Aimirgin, agas Cachain, agas Cir mac Cis re
filidhiocht, agas re sgeluidhecht; Onna re ceol, agas Cruitirecht do
Mhacaibh Milidh, marta isin Leabhar Gabhala; "Do mhac Milidh
miadh nórdan, etc." L. 99.



Clann Ugoine mhoir, ba lan d'eolus dream diobh, mar as follas ar
Roigne Rosgadhach, mac Ugoine, as ugdar do iomad sean-rádh
Feneachais.



Ollamh Fodhla rí Erenn dar hainmnighiod ar aidhble a eolasa,
Ollamh, uair Eochaidh a cheudainm; ase do rinne Fes Teamhrach ar
tus. Mordhail fear nErenn sin do nidis Riogha Erenn o shin gacha
treas bliadhna do choimheud reachta agas riaghla, agas do ghlanadh
Seanchuis Erenn, agas da sgriobhadh i Saltair na Teamhrach .i. i
Leabhar airdrigh Erenn.


L. 574


Gar beag sin fén do choimheud Seanchuis rioghachta da mheud, ni
headh go raibhe taobh leis, uair nír hairmheach go ttáinig aoinlíne
in Erinn ag nach beith aos foglomta re coimheud a Seanchusa.
Feacht ann re lin Conchabhair badar 1200 file in aoinbhuidhin; uair
ele mile, uair ele seacht cced, mar do bhi re lin Aodha mic
Ainmireach, agas Choluim Chille: agas fos an gach aon aimsir
eatorro sin ba mo le hErinn a rabhsad do chliaraibh no do eigsibh
re heolus innte ina a tteasda uatha, ionnas tre na lionmhuire, agas
tre na ttromdhacht gur trialladh a ndíochar a hErinn fo thrí, gur
fhosdadar Ulaidh ar fele iad, mar as ler an Amra Choluim Chille,
do chongaibh fa dheoigh iad agas do chuir file gacha tuaithe, agas
file les an righ dibh da neuttromugadh do chach go ffuilid foirne
ar a lorg re linn gach line ag coimheud dal na duidhche gus an tansa.
Ni hiad sin amhair acht righ, agas naoimh, agas eagluis Erenn mar do
raidheas ceana, coimheudaid an Seanchus fos.



Feuch Firchirtre file; Seancha mac Ailella; Nedhe mac Adhna;
Adhna, mac Uithir; Morann mac Maoin; Aithirne; Cormac Ua Cuinn
an tairdrigh; Cormac Mac Cuilennáin righ Mumhan; Flann
Mainisdreach; Eochaidh Ua Floinn; Giolla na Naomh Ua Duinn, agas
mar sin. Cred da mbiu da naireamh ni hedir cineadh orra gan lain-
leabhar do sgriobhadh da nanmannaibh, agas gan acht tiodal na ttracht
do sgriobhsat do chur re a ccois amháin, mar do ronsam cheana remhe
so, acht do choimhedsiod an seanchus gus na haimsioruibh
degheanchaibh timchioll cuig no se cheudaibh bliadhain o shin; fa
thuairim na haimsire sin do thosaighsiod anas mo do na sloinntibh
Gaoidhealcha ataid in Erinn anosa, agas do ghabsad no ro
hordaighidh cineadha do bheth re Seanchus agas re healadhnaibh ele
in ionbhuidhsin, drong dibh seal remhe, agas seal iaram dreama ele,
ionnas go ffuilid i ttiribh Erenn ag flathaibh faseach re a
Seanchus do sgriobhad, agas re hairisnibh, agas re hannalaibh, agas
re deunamh duan ndearsgaitheach ar na Seanchusaib sin bheos, agas re
coimheud agas teagasg gach airceadail fordhorcha nGaoidhelg cheana.



Ag so drong dona Seanchaidhibh sin gus na hiathaib agas na haird-
chineadhaibh da labhraid is in aimsir dhegheanaigh. Oi Maolchonaire
ag Siol Muireadhaigh um Chruachain; drong diobh i tTuaghmhumhain,
agas araile i Laighnibh, agas isin Anghaile dibh. Clann Firbhisig
in Iochtar Chonnacht agas in Ibh Fhiachrach Muaidhe, agas in Ibh
Amhalgaidh, agas Ceara, agas ig Uibh Fhiachrach Aidhne, agas
Eachtga, agas ag Sliocht Cholla


L. 575


Uais .i. Clann nDomhnuill. Muintir Duibhgeannain ag Cloinn
Mhaoilruanaidh, agas ag Conmhaicne Mhuighe Ren. Muintir Chuirnin
ag Ruarcachaibh, agas araile. Hi Dubhagain i Maineachaibh.
Muintir Chlerig, agas Muintir Chanann ag Cineul gConaill.
Muintir Luinin ag Fearaib Manach. Muintir Chlercen ag
Cineal Eoghain. Muintir Dhuinnin isin Mumhain do urmhor .i.
ag Siol Eoghain Mhoir, mar taid Clann Charrthaig, Siol
Suilleabhain, agas araile. Mac an Ghabhann ag Siol cCinnedigh in
Urimhumhain. Muintir Rioghbhardain in Ele. Clann Chruitin
agas Muintir Bhruaideadha i tTuaghmhumhain. Clann Mhec Giolla
Cheallaigh in Iarthar Chonnacht ag Uibh Fhlaithbheartaig, agas
araile. Marsin fa badar cineadha ele in Erinn ris an ealadhain
cheudna, agas d'fhiachaibh ar gach naon aca do bhean dhi
díoghluim fiorglan do deanamh uirre.



Maille riu sin do bhidis breitheamhain na Banba ag caomhna an
cceudna, uair ni breitheamh nach Seanchaidh, agas ni Seanchaid nach
bretheamh i mBreathaibh Nimeadh .i. leabhar deridh shaothair na
Seanchadh, agas na mbretheamhan bheos.



Do bhrigh na mbriathar ffire rin, dar ndoigh feasda ni fuighthear
aoinneach eagnuidhe aiteumhas nach urusa genelche gaoidheal do bhreth
go Naoi agas go hAdhamh, agas muna ccrede se sin, nar chrede se
gurob mac da athair fen éfén, uair ni fhuil iomrall isin Seanchus
genelach acht amhail agas mar d'fhagbhaidh an t-athair ag an mac
é diaigh indiaigh.



Dar ndoigh credigh cach an Sgriobtuir Diadha do ber genealach ionann
do fhearuibh domhain o Adhamh anuas go Naoi, aghas genelach Christ,
agas na nAithreadh naomh iaramh mar as ler isin Eagluis. Credeadh sé
sin no diultaidh Dia, agas madh chredeann, cread nach ccredfeadh
Seanchus ele ar ambeith Fiorchoimheud mar Sheanchus Erenn.
Fiorchoimheud dno, aderim, uair ní headh amhain go rabhsad roilionmhar
mar do raidhseam cheana, ag coimheud an cceudna, acht do bhi órd agas
dligheadh aca, acas orra as nar edir dhóibh gan díoth adhbhal breug
na fallas do dhenamh ann, mar as ler i leabhraibh Feneachusa na
Fodhla, agas is na gradhaibh fileadh fén a nord agas a ndligeadh,
uair ní raibhe laochraidh, na cliar chille na tuaithe in Erinn gur
cumuisgeadh an chríoch air nach mbaoi órd áiridhe da ngoirthear
grádha .i. céimeanna; agus dligheadh na ngradh sin d'fhiachaibh
ar gach droing diobh do choimheud fa phen smachta agas a nonóra do
chailleamh mar do sgriobsam inár Foclóir Feneachais labhras go
Fóirleathan orrasin, agas ar dhligheadh Gaoidhiol i ccoitchinne.



Seanchadh Erenn, umorro, beag madh gebhthear isin sean-aimsir difir
eatorra agas fenigh, agas an drong da ngoir-


L. 576


tear aos dana aniu, uair ba haon-sgoil go minic do egsibh Erenn
uile an ionbhuidhsin, agas as amhluidh bhidis agas seacht ngradha
aca .i. Ollamh, Anradh, Cli, Cana, Dos, Mac Fuirmidh, agas Fochlog,
anmanna na seacht ngradh san, amuil ataid seacht ngraidh eagalsa .i.
Sagart, Deochain, Suibhdeochain, agas araile. Na ghradha fileadh
umorro, do bhiadh maile le gach dligheadh cle d'fhiachaibh orra
bheth saor glan ar goid agas ar marbhadh, ar aoradh, agas ar
adhultras, agas ar gach ní bha lot da ffogluim, amhuil ata isin
rannsa: -




Iodhna laimhe, lith gan guin,
Iodhna beoil, gan aoir niomdhuibh,
Iodhna fhoghlama gan ghes,
Agas iodhna lanamhnuis.




Gibe seanchaidh tra, madh Ollamh o Anrad, no gibe gradh é aca nach
ccoimhleadh na hiodhna .i. na glaine sin, do chailleadh se a leteneachlann,
agas a onoir do rer dlighidh, agas do bheth smacht adhbhal air bheos. Da
bhrigh sin bheos, ni hinmheasda go ffuil duine cellidhe isin chruinne nach
firinne ba fonnmhaire leis do luadh, muna bheth d'fhath aige acht eagla De,
a onora agas a eneachlainn do chailleadh. Conadh de sin nach cosmhuil claon
do chur a Leth na Seanchadh ttoghtha. Gidheadh, dá sgriobhdaois daoine
eisiondraca breug agas a chur a leth seanchadh do bedir a dhul a miochlu
dona seanchadhaibh muna rabuidh air a ccoimheud, agas a fheuchain an a
primhleabhruibh ughdardha gebid an iul agas as mar sin as coir do chach
uile, edir thuata agas sheanchaidh gach ní ar a mbi amhfhoras aca d'feuchain,
agas muna ffaghuid dearbhtha iar ndeghleabhraibh e, a chuntabhairt fen do
chur re achois mar do nimsi fein re haroile do shleachtaibh siarain isin
leabharsa agas marsin saorthar na seanchadha ar seachrán chaigh ele da
ccumuisge orra nar lege Dia.



Baoi do dhuthracht im dhalaibh Erenn do iomchoimheud ag na seanchaidhibh
nar chuirthe in iongnadh orra fios do fhoirlethne da ffuigfidis ar
uaisleacht agas ar ardnos chaigh, áir nír lór leo sin gan sgriobhadh ara
dhaoirnemhidhibh, ar leaghaib, agas shaoruibh na seanaimsire, mar bhus lér
siosana; d'foillsiughadh duthrachta na seanchadh, agas sheachráin ua droinge
ader nach rabhsad oibhreacha cloch in Erinn go teacht Gall, no Lochlonn
innte. Ag so mar ader an senshliocht. Ced liaigh, ced shaor, agas ced
iasgaire, do bhi in Erinn ar tús riamh .i.




Capa re legheas ní lag,
Re remheas ro ba coimhneart,


L. 577


Is Luasad an saor glic gle,
Agas Laighne an t-iasgaire.




Eaba .i. bainliaigh tainig ar aon le Ceasair, an liaigh tanaisi.
Slanga mac Parthalain an treas liaigh, táinig la Partholan in
Erinn. Fearghna ua Crithinbel an ceathramhadh liaigh, tainig araon
le Nemhidh in Erinn. Leagha Fhear mBolg din, Dubda Dubhlosach,
agas Codhan Coimchisneach, agas Finghin Fisiocdha, agas Maine
mac Gressach, agas Aongus Anternamach. Leagha Thuathe de
Danann .i. Dianceacht, agas Airmeadh, agas Miach, etc.



Na saoir umorro, agso anmanna droinge dhibh na ngairthear saoir na
b-priomh-chloch.



Ailian, caisleoir Solmon. Cabar caisleoir na Teamhrach.
Bairnib caisleoir Errico. Bacus, din, rathbhuidhe Neamhruaidh
Cingdorn caisleoir Chonrui. Cir caisleoir Roma. Arond
caisleoir, Iarusalem. Oilen no Cleothoir caisleoir Constantinopoil.
Bolc mac Blair rathbuidhe Chruachan. Goll Clochair caisleoir
mic Nadfraoich. Casruba caisleoir Ailiac. Ringiu, no
Righriu, agas Gablan mac Ui Gairbh, no Garbhan, dá chaisleoir
Ailig. Troighleathan rathbhuidhe Teamhrach. Bainché, no
Bailcne, mac Dobru, rathbuidhe Eamhna. Balur mac Buanlamhaigh
rathbhuidhe Ratha Bresi. Cricil mac Duibhcruite rathbhuidhe Ratha
Ailinne. Conadh iad sin saoir na b-priomh-chloch, amhail aspert
an laoidh.




Ailian la Solmain na sluagh,
Ba caisleoir congbaigh caomh-ruadh;
Ag Neamhruadh ba luchair leam,
Caur ro chruthaigh caiseall.



Barnab diar bho mithidh do,
Caisleoir crichidh hErico,
Rug Roimh Cir, ba caomh a reang;
Arann, saor Iarusailem.



I cConstantinpil ba prab,
Cleothoir roba treun ghalgad,
Ag Neamhruadh gan luadh luidhe,
Bacus ruadh ba Rathbhuidhe.



Caisleoir Chonrui, Cingdorn cain;


L. 578


Ag mac Natfraoich Goll Clochair;
Casruba caisleoir na crec
Ag a mbidh brais-bheóil blaithleac.



Dha chaisleoir Ailigh an airm,
Righriu agas Garbhan mac nGairbh;
Troighleathan adluigh dealbha,
Rathbhuidhe tuir tren Teamhra.



Bolc mac Blair ó Ath Blair binn,
Rathbhuidhe Cruachna Chro-ind,
Bainche na mbrigh a Bearbha,
Rathbhuidhe righ ruaidh Eamhna.



Balur, roba diolmhuin de,
ro chum raith mbrioghmhuir mBresi,
Cricel mac Duibh, raith gan rinn,
Roba saor aith for Aillinn.



Do ratar neamh nuasal nán,
Do Domhnall mac Flannacán,
Do chúm laoidh nach lainfhiar linn,
O thá Ailian go hAillinn.



Ailian.




Do gheubhmaois iliomad do oibreachaibh aosda Erenn re a nainmniughadh
maille riu sin, agas na saoir do rin iad, agas na righ, agas na ro-fhlaithe
da ndearnuid acth gomadh eimhilt a naisneis sunn; fec an Leabhar Gabhala
madh áil a ffaghail; agas ni fhuil amhras againn go rabhsad denta, mar
oibreacha i rioghachtaibh ele im an am i ndearnadh iad; agas creud an fath
nach bedis, uair ni tainig gabhaltas in Erinn acth on domhan anoir, marta
Sbáin, agas araile, agas as iongnadh creud an easpaidh intleachta do na
drongaibh thangadar in Erinn amhail bhaoi do mhesnigh ionnta Ere do
ghabhail nach beth do chuibhdeas leo aithris a haitighthe agas a hiostadh do
chur a ccosmhuileacht ris an tir or thriallsad iar mbunadhus, no iar
nudmhuille; uair ní hedir nach ar bheol doibh indeall aitreabh urmhoir
Eorpa agas siad ar tteacht sgach sligidh inar ghabhsat a Sgithia, a
hEgipt, a Greg, a hAithneasda, a Felisdine, a hEaspain, agas
araile, go hErinn.



Agas ma do ronsad na gabhala ud Erenn oibreacha innte in ionnamhail obar
na ttalmann tre a ttanghadar, mar as cosmhail go ndearnsad, creud ina
ffuiltear dhoibh. Ni fhuil acht tres nach ffaicthear balladha aolta ina
seasamh is na haitibh do togbhadh Mile go leth, no da mhile, no tri mhile,
agas ni as mó do bhliadhnuibh oshin: ni nach iongnadh gan abheth, uair as
giorra ina sin an aimsir 'na ttig talamh thar oibreachaibh ódo brisdear iad,
no o thuitid uatha udhen tre arsaidheacht.



Do dhearbhadh sin do chonnarc fen taobh astigh do se bliadh-


L. 579


nuibh deug, caislen arda aolta uile, ar na ndeunamh do chloich aolta, agas
aniu ar na ttuitim ni fhuil acht muta talmhan da ttioruairsi, agas ní mor
go naitheónadh aineolach go rabhsad oibre ann idir.



Síntear sin agas na hoibre do ronad na ceuda agas na milte bliadhain ó shin
re chele, agas ni hiongnadh da ndeuntar muna beth feabhas na sean-obar
seach oibrib na haimsire si gan cloch na árd úire do aithne ina
náitibh; gidheadh ni hamhlaidh ata do arrachtaidhe na nobar
naosda ataid rathu rioghdha ro mhorai, agas leasa go lionmhar ar fud
Erenn 'na ffuilid iolar cloch snaite, sleamhan, agas soiléur, no teaghass fa
thalmhain fa a muruib, mar ata i Raith Mhaoilchatha, ic Caislen
Chonchabhair, Baile Ui Dhubhdha i tTir Fhiachrach ar bhrugh na
Muaidhe. Ataid naoi soileir chloch ccoimhshleamhuin fa mhúr na ratha sin;
agus do bhadhas istigh innte agas saoilim go bh-fhuil, ar ráthuibh iomaosta
Erenn; agas as maith an airde badhbhdhúin ata 'na mur. Fagbhaim sin agas
iomad a ionnamhail ele 'gun aos eagnuidhe re a bhreathughadh, agas filleam
go ar cceud-aigneadh uime so .i. cosnamh fhirinne an tseanchuis ar a
ndeunaid aineólaigh eugóir ele ag radh go mbereann fir Erenn uile go
Macaibh Milidh.



Aiddeumhaid iad fen fallsa an sin da bhfheuchaid a ffuil do
eachtairchineulaibh is in leabhar sa fen nach berthear go Macaibh
Milidh, mar bhus ler romuinn i ccurp an liubhair in iol-aitibh;
agus feuchaid so ria na chele.



Asi so saine .i. nemhionannas ad fiadhaid ro-eolaigh an tseanchusa im
eaxamhlacht an da na tri? chineadh neugsamhuil filed in Erinn .i. edir
iarsma Fhear mBolgh, agas Fear nDomhnann, agas Ghailiuin, agas Thuatha de
Danann, agas Mhac Milidh.



Gach aon as geal, as donn, as dana, as enigh, as deudla, as sona, as
tiodhnaictheach seud agas maoine, agas ordhuisi, agus nach eagal fria cath
na comhlann; asiad san iarsma Mhac Milidh in Erinn.



Gach aon as fionn, as inich, as mor; gach airgtheach, gach ceolmhar; luchd
tédbhinniosa ciuil, agas airfidigh, is marcach for gach ceard draoidheachta,
agas gach miadchuinche ar cheana; asiad san iarsma Thuath de Danann in
Erinn.



Gach aon as dubh, as labhar-ghlorach, beudach, sgeulach, engech, eucaidhe;
gach dona disgir, daosgair, udmall, anbhfhosuidh, andiuid, aininith; gach
mogh, gach mogh-ladrain, gach dhaoichearnaigh; gach aon na contuaisi fri
ceol, na airfidiodh; lucht buaidheartha gacha caingne, agas gach aireachta,
agas iomchosaide caich, asiad iarsma Fhear mBolg, agas Gailioin, agas
lioghmaine, agas Fhear nDomhnan in Erinn; acht cheana, as


L. 580


iarsma Fhear mBolgh as lia dibh sin amhuil aspert an seanchaidh.




Fionnaid seanchadha ffear ffail,
Na bid uime ín iomarráin,
Saine mhac Milidh 'sa cclann,
Fher mBolg, is Thuath de Danann.



Gach geal, gach dana, gach donn,
gach calma, cruaidh i ccomlann,
gach gartaigh i ngniomh gan glór,
Tasgar Mhac Milidh mbladh-mhór.



Gach fionn-airgtheach mór ar muigh,
Gach ceardach ceolmhar cubhuidh,
Lucht serigh gach tuaichle thall,
Drong sin Thuathe de Danann.



Gach glorach, beudach, miadh ngle,
Gach bras, breugach, eucaidhe,
Iarsma na ttri ttuath anall,
Ghaileon, Fhear mBolg, Fhear nDomhnann.



Tugas snaithe coimhghne cain,
Im shaine na ttri ndrong sain,
Iar sreth seanchadha nach lag,
Amhuil ad fiadhaid Fionnad.




Sliocht seanleabhair sin, gidheadh aithne fhire aicmeadh ar a
naigeantaibh, agas crothaibh, ni chuirim go cinnte róm aradh gidh go
madh edir a bheith fior is na ceudaimsioruibh no gur cumaisgeadh na
cineadha ar a chele go minic iaramh, uair ad chímid go laetheamhuil rer
linn, agas ad cluinmíd go minic ór seanaibh, samhlughadh crotha agus cáile,
agas beus bhéos do bheth ag fine innte fen do Erinn re aroile; agas ni
headh amhain go mbi sin samhluidh, acht a-derthear go mbi cosmhaileas aggach
lucht én criche innte fén re céle, agas go mbi ein bheus abhain ar a
naithnighthear iad aca uile, mar as edir a thuigsi as an laoidh si: -




Cumhdach na nIudaitheadh nard,
Agas a fformad fior-gharg,
Méad na nAirmianach gan fheall,
gas sonairte Saircenn.



Amainsi i nGreugaibh go ngail,
Roi-dhiumus ag Romanauibh,


L. 581


Duire na Saxan snámhach,
Agas burba Easpanach.



Santaidhe i fFrangcaibh freacraigh,
Agas fearg i ffir-Bhreatnaibh;
Ag so eolus na ccrann go ceart,
Craos gall agas ceanuidheacht.



Moir-mheanma Cruithneach ni cheal,
Aille agas eattradh Gaoidheal,
Ad ber Giolla na naomh tre nath,
A Christ rob caoin an cumhdach.




Dar ndoigh as coraide an chosmaileas ud d'fhaghail in Erinn mar ta do
dhligheadh i Seanchas Mor Phadraig da tteagmadh bean edir dhis fhear in
aimsir choimpearta, ionnas nar ffeas di cia dhibh athair an toirrchis
do ghebh an uairsin, ader dlighiodh munab edirin leanabh do chur ar athair
fhire ar modh ele esteacht les go ceann teora mbhliaadhan go ttí
fine-chruth, fine-ghuth, agas fine-bheusa dhó; agas gibe don dafhior re a
ttéd go ttugann sin cungnamh imdheanma don mhnaoi air, uair measdar gurab
les in fhear len cosmhuile an leanab é; agas dar liom ado comhtharaigheadh
sin i ndligheadh S. Patraic as neimhiongnad a bheth na ard-chomhardha ar
chineadhoibh seach a chele. Biodh nach edir a fhaghail firinneach gach
uair, ni fhuil egcneasdocht eoluis ann; agas fos as ní é in aghaidh na
droinge ader nach bi cineadh isin chrich nach ccuirid seanchadha go Macaibh
Milidh: agus tar a cheann sin da ma amhlaidh do bheth nir iongnadh é, uair
da ffeuchadh fear ar Mhacaibh Milidh fen gus na clannuibh rathmhara do
shiolsad uatha in Erinn, agus in Albain, agas a laghad mhaireas dib
aniu ni chuirfeadh in iongnadh gan daoine as uirisle ináid do bhíodh futha
re fada do mharthain, ár as gnath dona hárd-fhlaithibh an uair iomdaighid
a cclaanna agas a ccineula foirdhinge, feódughadh, agas fásúghadh a
cceleadh agas a lucht leanaimhna.



Feuch Ere, agas an domhan uile dia ttugrae fen, agas ni fhoil foircheann ar
a ffuighe do esiomlairibh ann do sin, as nach iongnadh da madh go Macaibh
Milidh do bheurthaoi uiread genelach 'sata in Erinn aniu.



Do bhrig gur bo beus do na seanchaidhibh slonnadh leabhar ar leith, do rer a
saine, do shaorchlannuibh Gaoidheal abhain, do bhíodh anas uille ar a
naire do iomchoimheud mar ta leabhar Connachtach, Ultach, Laighneach,
Muimhneach; do gheunam roinn agas difriughadh ar an leabhar sa aga roinn a
leabhraibh saine fo lion gabhal Ereann ré nGaoidhealaibh, agas fo lion na
ttri Mac Milidh Espaine or gabhadh flaitheas na Fodla, leabhar do na
naomhaibh, agas leabhar do Fhomhorchaibh, do Lochlan-


L. 582


nuibh, do Ghalluibh, agas Sazghalluib, seana agus nuadha da nés.



.i. an cheud leabhar do Phárthalan ro cheud-ghabh Erinn iar ndilinn, go
ttosughadh an leabhair, agas teacht Cheasra bheos nach fiu a roinn. An dara
leabhar do Nemhidh, an treas d'Fhearuib Bolg, an ceathramhadh do Thuaith de
Danann, an cuigeadh do Ghaoidhealaibh, agas do Mhacaibh Milidh uile;
gidheadh as do shiol Ereamhoin labhras go criochnughadh dhoibh, agas as mo
an leabhar soin ináid seacht leabhair iar seanroinn, uair ata ní as mó ina
sin ann ni as lionmhaire ina mar do bhí riamh, mar bhus ler don leughthóir
siaruin. An sesiodh, do shiol Ir, agas do Dhail fFiatach; d'fhuil
Ereamhóin bheos iadsidhe uair as eun dhuthaidh doibh in Ultaibh re
hathaidh. An seachdmadh leabhar do shiol Ebhir, agas do chloinn Luighdech
mic Ithe, uair as eun duthaidh dhoibh an Mhuma iar mbunadhus. An
tochtmadh leabhar do naomhaibh Ereann. An nomhadh agas anleabhar
derineach, d'Fomorchuibh, do Lochlannchuibh, agas do Ghallaibh.



Suidhiughadh ár leabhair a leughthoir munab lor leat tre shuidiughadh
sosair re sinsior; ni admhuim nach ain-mhinic ata inntibh, o Fhenius
Farsaidh anuas; feuch clann Fheniusa fein .i. Nel an sosar go
hairmheach ag seanchaidibh o thosach, agas Naonbhal an sinsior gan ro
nairmhe, agas mar sin.



Eremhon mac Milidh ria ccuid ele do chloinn Milidh as sinne inás; ni fhuil
cineadh ar a ffuil ann mar sin gus na sloinntibh degheancha ataid againn
aniu.



Feuch mar chuirid seanchadha Mumhan Clann Charthaigh re siol
Suillebháin as sinne ináid, siol mBriain re ccloinn
Mhathghamhna as sinne inaid, agus mar sin.



Cuirid lebhair ele i Leth Cuinn, agas cuiridh Doctuir Cetín,
Niall Naoighiallach conna shliocht as só ré na bhraithribh
bad sine inás.



Feuch go ndeachadh Duach Galach mac Briain, an sosar rias na tri
macaibh fichead bad sine inás.



Cuirid seanchaidh Shil Muireadhoigh siol cConchabhair re na
sinsioruib.



Cuirid Ultaigh Mag Aonghusa, do shliocht Chonuill Chearnaigh
ré sliocht an righ Conchabhar, mar asiad sliocht Chonuill ba
rathmhaire ann, agas mar sin do iomad ele ba hemhelt re a náireamh;
agas ma legthear leo san a dheanamh iar ccoir, creud nach budh
dleacht damhsa leanmhuin a luirg.



Tairis sin, dá saoileadh aoin neach gomadh anghnás sud, ni hedh cheana, uair
as minic nach edir gan a dhéunamh tre aimhréteach iomad na naicmeadh agas
na nilchineul ag teacht anuas ar araile, agus dochum a sgaoilte o chéle
as egin an sinsior


L. 583


do legean seacha sealad, agas sgriobhadh ar an sosar, agas aris ar an
sinsior, agas mar sin faseach ar uairibh.



Tuig tuille leat a leughthoir, gurob dligheadh in Erinn sósar do chur i
fflaitheas ar bheulaibh sinsir, mar a-der an riaghail dlighidh si as an
Seanchas Mór, agas as an feneachus i ccoitchinne, mar so: Sinsior la fine,
feabhtha la flaith, eagna la heagluis .i. an ti as sine do fhine do chur i
cceannas na fine sin fen; agas an ti as mó céleadha agas cumhachta mad comh-
uasal e re na shinsior, do chur is in fflaiteas, no is in tighearnas, agas
an ti as eagnaidhe do chur an uachtaranacht na heaglaise.



Gidheadh mar se an sinsior as mo tothchus, bi tighearnas aige, no muna
bhfhuil sosar coimh-chinel do as mó tothchus inas sé don tsuim ader
dligheadh, bi tighearnas ag an sinsior; ionann san sa ní roimhe.



Ata rann choitcheann cantar do dhearbhadh gurob dleacht sosar diongbhala do
chur i righe ar bheulaibh iomad sinsior nach biadh i ttothchusaibh
dlightheach, ut dicitur: -




Da mbeth nonbhar do line,
Edir mhac mhaith is righe,
Ase a diorghadh 'san ceart coir,
A rioghadh prab i cceudoir.




Agas ós coir mar sin sosar do chur tar sinsior i righe; cred nach
cuirfidhe da ma áil le neach i ttus leabhair e; agas fos ba
miomhodhail an nos an só do chur ar dereadh buird agas cách ele da ma
iad a dhearbhraithre ba sine do beth ann do chur ar tosach agas gan
iadh na ríogha.



Feuch fos go ccuirthear daor chlanna ni headh amháin ar beulaibh
saor chlann i ccemibh arda in Erinn tre thoice talmhuidhe do
bheth aca; agas as iongantaidhe sin na an nos reamhraite, agus as mo
an tar do uaislibh Ereann é, ina gibe ar bioth suidhigheadh
do bhermid ar a seanchusaibh, 'sgan duais duinn da chionn ó aoin
neach aca. Aire sin iarram do athchuingidh orra lethsgeal do
ghabhail, ga ffogantaid go fallas.



Dubhaltach Mac Firbhisigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services