Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Poets and Poetry of Munster

Title
The Poets and Poetry of Munster
Compiler/Editor
Erionnach (George Sigerson)
Composition Date
1860
Publisher
(B.Á.C.: John O'Daly, 1860)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



"Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
Buail cois abhann agus tabhair mo ghrádh chúgham."



"Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
'Sé Conn O'Caoimh do bheirim ar láimh dhuit",



"Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
Céad bó bainge aige, searraigh 's láiridh.



"Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
Buail cois abhann is tabhair mo ghrádh chúgham".



Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
Sé Hánraoi Fada do bheirim ar láimh dhuit."



"Luirín ó lurtha, lurtha lártha,
A cheann a g-Corcaidh 'sa chosa a b-Portláirge".




L. xviii


Óró, a chumain ghil! 's íoró a ghile ghil,
Cé hí an bhean óg do phósfar an inid seo,
Oro a chumain ghil, a uain! 's a ghrádh!


L. xix


A bhean úd shíos ar bhruach an t-srotháin,
Seothó leó! Seothó leó!
An d-tuigean tusa fáth mo ghearáin?
Seothó leó! Seothó leó!
'Sgur bliaghain 'san lá niu fuadaigh me om'leanán,
Seothó leó! Seothó leó!
'Sdo rugadh asteach me a Lios an Chnocáin,
Seothó leó! Seothó leó!
Seoithín, seoithin, seoithín, seoithin,
Seotho leó! Seothó leó!
Seoithín, seoithín, seoithín, seoithín,
Seothó leo! Seothó leo!


L. xxi


Go sgarradh an lacha le linn do shnámh,
Go sgarradh an ealadh le na cluimhín bán,
Go sgarradh an madra le creidhim na g-cnámh,
Ní sgarfaidh an ghanguidhe le h-inntinn mná!



'Sí bláth geal na sméar í!
'S bláth deas na subh-chraebh í!
'Sí plannda b'fheárr méinn-mhaith
Le h-amharc do shúl!



'Sí mo chuisle! 'sí mo rún í!
Is í bláth na n-ubhall cúmhra í!
Is samhra anns an fhuacht í
'Dir Nodlaig 's Cháisg.


L. xxii


A Dhe! gan me am abhaillín,
Nó am nóinín beag éigin;
Nó am rós anns a ngáirdín,
Mar a ngnathuigheann tú ad aonar.



Mar shúil go m-buainfeádh dhíom
Géugáinín éigin;
Do bhiadh agad ad dheas láimh,
Nó a m-brollach do léintín.



An Bláth Airne.



Da m-budh dubh an fhairge,
Is talamh bheith 'na pháipéar bán,
Cleitíghe míne geala
A's an aladh bheith ar tonn ag snamh.
Dá m-bronnfaidhe dam Eire 's Sacsanna,
Alba, an Fhrainc, 'san Sbáin,
Tréighthe, O mo chailín dheas!
Ní tiocfadh liom do sgriobhadh go bráth!


L. xxiii


An té a bh-fuil íothladh go tirim
'S a chruach ar fóir,
'S a mhucalla saille, ime
Agus mór-chuid bó,
A ghaol ní thuigionn go bh-fuilid
A bh-fuacht gan lón,
'S biadh ná teine ní thugann
Do'n truagh gan treóir.


L. xxiv


Níor thuig an sáthach sámh an t-ocrach riamh,
'S ní raibh sámh nár ghnáthach folamh na dhiaigh;
Ní bhíonn grádh ag mná do ghrogaire liath
'S ní fhágfadh an bás do áilne duine na dhiaigh.



Gabh thorm, a Dhonais! táimse tuirseach dhíot,
Ná bí am fhochair ar shofaibh a g-comhnuighe luighe,
Eirgidh ar fhlocas - beidhir torchara ad choimhnuighe mí,
Mar a bh-faghair deochanna sochara beóir bhreágh is fíon.



An Donas.
Ní h-áil liom, a bhráthair! ní sgarfad led ghnaoi,
Beidhead sáithte faoi ad mhásaibh, no ad bhrollach aníos;
Beidh an bháisteach gach lá 'gam a m-bathas do thíghe,
'S beidh táirnge agam sáithte ad bhonnaibh go tein.


L. xxv


Ní cháinim duine, 's ni thugaim mo shlán faoi aon,
'S má cháinid mise ni mheasaim gur cáin orm é,
An tráth shuighid soilbhir, ni soilbhire cách ná me
'S ní'l cáil a n-duine nach duine don cháil sin mé.



Gáire Sacsannaigh,
Dranntadh madraidh,
Adharc bó,
No crúb capuill.



Na déan cúmann re fear gallda
Ma ghnidhir, ni feirrde dhuit,
Beidh choidhche ar thí do mheallta.
Ag sin coman an fhir gallda riot.


L. xxvi


Díbirt agus diansgrios air agus ár,
Pianta gan ice ar féith is ar chnámh
Ar an té úd le'r mian luchdh béarla bheith slán,
Do dhíbir sliocht Ir agus Eireamháin!



Do threasgair an saoghal, 's shéid an ghaoth mar smal,
Allasdrom 's Séasar san mhéid sin a bhídh na b-páirt;
Tá an Teamhair na féar, is féach an Traoi mar atá,
'S na Sacsannaigh féin do b-fhéidir go bh-fuighdís bás.





Is áluin sgáith gach flaith a Múmhan,
Ag cosaint críche gach anbhfann,
Is tír líonta í de mil is de bheóir,
Ag fír-dhídean gach díth-leóir!



Is iomdha guth, a g-clár Laighean, go mear,
Stéud lúathmhar agus tréan-fhear;
Is óig-bhean shoineanda sháimh cheóil,
Ionna h-iomad uaisle 's onóir!



Ní liachtaidh fuinthín ag fás ar fhaich
'Ná maighdean áluin is árd-fhlaith,
A g-críochaibh Ulladh na lann mear
Na sgiath, na n-each is na d-tréin-fhear!



Tá Connacht moltaidh dá m-beidhinn mo thosd,
Connacht aoibhinn, gan aon lochd,
Tá ór le fághail ann ag luchd aithris rann,
Agus 'sí Connacht cruithneacht Eireann!


L. 6


B 1744c 18L
U Anaithnid



Pádraic Mac Gearóit ro chan.



Ceó draoigheachta sheoil oídhche chum fághain me,
A's ar mhín tír do thárladh chum suain;
Am' shíor-chasadh a g-coillte gan áithriobh,
Go draoi-loch na Blárnann do chuadhas: -
Do shíneas cois crainn ghlais na m-blátha,
A's taoibh liom do tháinig sí suas,
An chaoin-bhean badh mhíne a's badh bhreághtha,
d'ár shíolraidh ó Adam anuas!


L. 8


Bíodhgan mo chroidhe 'nam le h-áthas,
Dá gnaoi thugas lán-ghean go luaith;
Dá braoithe, dá rín-rosg, dá gáire,
Dá caoin-leacain áluinn gan ghruaim; -
Dá dlaoi-fholt tiubh, buidhe-chasda, fáinneach,
Dá cíoch cruinne, bláthmhara, cruaidh;
A's dá fhíor-fhada í 'n oidhche níor chás liom,
Bheith ag síor-amharc áilneacht a snuadh!



A chaoin-bhean na mín-ghlac 'sé rádhaim leat,
An tu Aoibhill ó'n m-bán-chraig a d-tuaigh,
An tú Clíodhna ó'n síth lios no Aine,
No Míorras fuair bárr maise an t-sluaidh; -
Nó 'n bhríghdeach rug Naois leis tar sáile,
Nó'n íolchrothach chráibhtheach fuair buaidh;
Nó 'r cuibhe leatsa a insint a d-tráth dham,
Cá tír as a d-tángais ar cuaird?



d'fhíor chlanna Míleadh le rádh mé,
Ce dhísge mo cháirde chum cuain;
A's shíos ag Bán Aoibhinn do ghnáthaim,
A's le díogras go d-tángadh anns a ruaig; -
Dá insinn go m-biadh Biocúnt na Blárnann,
'Na n-aol-bhrogaibh áilne go luaith;
A's an Stíobhart sin bhí le seal fánach,
'Na rígh air thri h-árdaibh go buan.



Atá nídh eile ar m'intinn le rádh 'nois,
Má's bínn libhse trácht ar nó luadh;
Go bh-fuil Laoiseach go buidheanmhar 'san Spáinneach,
A's a ngroidhe-loingis lánmhar a g-cuan: -
Sgaoilfid chum crích Inis Fáilbhe,
A's ní stríocfaid dá námhaid ar cuaird,
A's gur sa mí beag so a bh-fíor-dheire an Mhárta
Do mhuighfid go h-áitighthe an buadh.


L. 10


A shéimh-fhir na tréig me ar an d-taobh so,
A's téaghnamh liom síos go Tír Eóghain?
Mar a bh-faghair céad bruingioll maordha faoi dhraoigheacht ann,
A n-daor-bhrataibh síoda agus sróll;
Beidh' pléireacht gach lae 'guinn a's aoibhneas,
Beidh féasta, beidh raince agus ceól;
A's céile má's méinn leat san oidhche,
A's a n-éiric bheith críona beir óg!



Géillim dod' bhréithribh-si a Bhríghdigh,
A's tabhair tréimhse ar feadh mí dham no dhó?
Go d-tíghead seal ag féachainn mo dhaoine,
As gon-déanfad gach nídh chur a g-cóir: -
Mo sgéalta dam' chéile gon-ínsiod,
A's mo chaomh-bheannacht choídhche chur leó,
Go n-déantar mo léir-chur fá líogaibh,
Má thréigim tu a chaoin-bhean fámh' dheoin!


L. 12


B 1860 19L
U Anaithnid
Loch Léin
Do shiúbhlas a lán gan spás a d-tosach mo shaoighil,
O'n t-Sionainn go Ráth a's cois bánta daingiona an t-sléibh;
Ní feasach aon áit ba bhreághtha a's ba dheise ná é,
An baile beag bán tá láimh le barra Loch Léin.


L. 14


Nach aoibhinn an áit na bh-fásaid torthuighe go h-úr
An dair go ró bhreágh agus plána ar mhathaibh na Múmhan;
Crainn loingis a's báid gan trácht ar phluma ná abhall,
A's gur ag Ros an Chaisleain, bhíon mná ag seinim a d-tiuin.



A m-bun tortha na slógh bíon spórt ag saoithibh dá fheabhas,
Bíon fíon agus beóir ar bórd aca a m-bun tortha a ngleann;
Bíon an fiadh 'co chum spóirt, chum ceóil an druid a's an creabhar,
An lon dubh san smólach go ceólmhar ar bharraoi na g-crann.



Do shiúbhlas Baoi Bhéarra, cois Eirne, a's as san t-soir thuaidh,
Cois Máinge gan bhréag, agus tréimhse a n-arm a t-Tuamhuin,
Ní fhacas aon bhall de'n méid cé gur bh-fada í mo chuaird,
Ba bhreághtha ná Loch Léin mar a m-bíonn an mágh shluagh.


L. 16


An Carabhat.
Is fada tá fuaim ag gluaiseacht eadrainn,
Ag tuar chum sparruinne a g-Clár Uí Néill;
O bhailte na tuatha go bruach na fairge,
Uabhar a's eagla a's ár ar ghaoidheil;
Tá siosmadh ró mhór san g-cuan so n-aice linn,
An eaglais buartha ar uair an aifrinn,
Ag sile na súl tabhairt comhairle bhur leasa dhíbh,
A's táimse am chodla nó is fíor mo sgéal!



A bhuachaillídhe an chroidhe na bigídh a bh-fearg liom,
Is díbh do spreagaim mo ráidhte béil;
Tagann osnadh am chroidhe nuair chím na leanan sibh
Dlíghe an h-eagailse is áilne méinn;
Acht ag imtheacht le baois ag déanadh aimhlis bhur n-anmann,
Mar do bheith daill gan radharc ar mearbhall,
Geallaimse dhíbh go bh-fuil bhúr naimhde ag maga fúghaibh.
Táimse am chodla nó is fíor mo sgéal!



Is é téagasg na cléire a's réir na h-eagailse,
An t-slighe, mar mheasaimse, b'fheárr chum Dé;
A's ní ag dul chum an aonaigh le faobhar go feargach,
Tréan faoi arm chum lámhach na b-pléar;


L. 18


Nach dealbh an sgéal dá léaghadh ag Gallachoin,
Gur b'iad clanna gaodhal tá ag déanadh an acharainn,
Ag fealladh ar a chéile faoi ghné gach seana cheirt,
Bhest agus carabhat bán do threig!



A dhuine gan mheabhair tá ag labhairt go ceanasach,
Teann, gan eagla, an áit faoi an t-saoghal;
Tuig feasta nach cabhair dhuit a n-am an séana-bhest,
Lom, ná an carabhat bán do thréig;
Is iad an dá bhall thug bhúr g-ceann faoi tharcuisne,
A's tharruing dlighthe na nGall a g-cionn gach baile
aguibh,
Is eaglach liom gur fann sibh eatorra,
Táimse am chodla 'sná dúisigh mé!



Ar thaisge ná ar stór, ar ór ná ar airgiod,
Mo bhrón! ní'l aire aco acht bruighean a's plé;
A leabhar 'sa móide a n-ól 'sa raguirne,
A's mór-chuid breacaid do'n bhán-pháipéar;
Ag teacht do'n t-siosún bíon crón-phuic bailighthe,
A's eachdra mhór aco ar Roman Catholics.
Ag itheadh 'sag ól, a's bhúr bh-pócaidhe ag teanna leó,
Táimse am chodla nó is fíor mo sgéal!



Nach íongnadh liom nach múineann dada sibh,
Comhairle sagairt ná cúrsa an t-saoigheil;
Cá bh-fuil bhúr g-caraid a g-cúirt lá'n phlé nó'n
acharrainn,
Chum bhúr g-cúis do thagradh, nó bhúr g-cás do phlé:


L. 20


Ná feicion sibh rómhaibh bhúr g-cómharsa ceangailte,
Faoi ghlasaibh go dlúth gan súil le casa aco;
Díol airgid le búir ag tnúith le na g-carrdus,
Táimse am chodla nó is fíor mo sgéal;!



Dá m-biadh clanna Gaodhal ar aon toil aigne,
Mo bhrón! ba dheacair a g-claoidh go h-éag;
Do bhronnfadh mac Dé san t-saoghalsa rath orra,
A's ríoghacht ná bh-flathas a g-críoch a saoghail:
Is eaglach liom, faraoir! gur mealladh sibh,
Go bh-fuil flathas mar nídh chómh suighte le Sagsannaigh,
Gan amharc ar Chríosd, ná'n Tríonóid bheannaighthe
Táimse am chodla nó is fíor mo sgéal!



A n-ainim mhic Dé do bhearfainn teagasg díbh,
Comhairle bhúr leasa dá m'áil libh é;
Gan bheith ag imtheacht ar strae na raoba a athanta,
Nó is baoghal dibh easguine nó cáin ó'n g-cléir:
Glacaigídhe ciall a's deinidh bhúr nanmanna,
Tuigigídhe féin go bh-fuil an saoghal ar lasa fúghaibh
Ag fealla ar a chéile ar gach taobh do'n t-seannacheirt
Bhest agus Carabhat críon gan sgéimh!



An Chuaichín Bhínn.



Is anns an oidhche bhím fá bhrón!
Bíodhann mo chroidhesi a stigh am dhóth;
Cionn tuitim a ngrádh le bláth na n-óg,
A's gan cor na croidhe ná aon cham.


L. 22


O Dhia gan ise agus ise ag ól,
A d-tabhairne an fhíona nó a d-tír na n-óg,
d'fhágfainn féin mo chéile a m-brón,
Gan chor gan lúth, gan choiscéim siúbhail,
A n-oileán fuargan teas na cóir,
A's gan aon neach léi dá gaoltaibh.



Is iad na h-éanlaith is seine is binne glór,
Ar bharra géag ag déanamh ceóil;
Is gairid go m-biadsa am chomharsa dhóibh
Ag siubhal ar a bh-fuaid gan aon chiall!
O táim re sealad a b-pian ró mhór,
Bliaghain lán-fhada agus ráithche an fhoghmhair,
Le teannta cora nár áirmhídheas fós,
A rígh na g-cómhacht ná léig me a dreógh,
Sínte a n-uaigh a's mo cheann fá'n bh-fód,
A's gheabhad bás muna b-pósfar lé me!



Tá aon deirbh-shiúr amháin a's m'athair beó
A's biaid go bráth ag tál na n-deór;
Ag triall fám' dháil a's mise ar feódh,
Gan chor ná lúth am'ghéaga!
Tríd an g-clann nach n-dearnadh peacadh fós,
A choim is gile 'ná'n t-airgead beó;
Do thiobhradh solus a n-dorchadas dóibh,
A ngleanntaibh ceó ag gabhail an ród,
A's gur millse liom ó na béilín póg,
'Ná siúcra a's mil na h-Eireann!



Tré chuach na g-craobh má thíghim chum báis,
Ní bh-faghadh sí choidhche fear ní's feárr,
Go d-tuigfeadh sí féin faoi cheann beagáin,
Gur ab olc atá sí dhéanadh!


L. 24


Go súgach, sultmhar, go n-éirgheódh lá,
Dá m-biadh agam í 'dir mo lámha,
Thiobhrainn socaracht di gan cháim,
B'fhiú í fhághail de bhreis tar mhnáibh,
Le feabhas a tréithe, a méinn, 'sa cáil,
'Sa cómhnuighe a g-cúirt bhreágh aolmhar!



Má's ar tí mo mheallta arís a táir,
Ní chreidim leath a bh-fuil tú ráidh,
Dá m-biadhainnse bocht a's go bh-faghadh m'fhear bás
Go n-geóbhthá liom gan aon rad?
Ní dod' chuid do thug mé grádh.
Acht duitse féin a spéirbhean bhreágh,
A chuach na g-craobh slán leat go bráth,
A chroidhe 'sa ghrádh is tú tám' chrádh,
Dá mo liom gach áit a bh-fuil féar ag fás,
Ní iarfainn feórling spré leat!



An Ceardinel.



Tá cathúghadh mór ar m'aigne,
A's dólas leis,
O chím an saoghal ag atharrúghadh,
Le tréimhse a's breis,
Clann na d-taoiseach g-ceannasach,
Dá d-tabhairt anuas chum tarcaisne,
A's clann na lópach atharrach,
Faoi Cheárdinel!


L. 26


An uair thíghid go dtí an aifrionn,
Ní ag trácht air a bheid;
Ná ar an n-dualgas tá ó'n Athar-mhac,
Le fágail lá an bhreith;
A's go d-tógfadaois na marbh-choirp,
Tá fillte shíos a nglasannaibh,
Le fuaim a g-cinn ag eachtaradh,
Ar an g-Ceárdinel!



Is é deir Sadhbh Ní Chathasa,
'Gus Ainne leis;
Ní'l síoda aguinn ná faisionta,
'Sis geárr go m-beidh;
Iosfamaoid an geanaire,
A's díolfamaoid an cnastaire,
A's ceannóchadhmaoidne faisionnta,
Do'n Cheárdinel!



A mháthair ná bí n-earraid liom,
Ní cóir duit a bheith;
Tá 'gad mo shaothar seachtmhuine,
A's fábhaltas leis,
Táid dhá ghabhairín bainge aguinn,
A's ragham dá n-díol dia Sathairnn,
A's ceannóchaid siad san faisionta
Dho'n Cheárdinel!



Mallacht Dé 'sna h-éagailse,
'San Phápa leis;
Ar aon neach beó do chaithfeadh tú
A Cheárdinel!
Ná leanfadh do na faisionnta,
Do bhíoch ar gach seanabhean,
Brat do'n bhréidín dathannach,
A's cába leis.


L. 28


Fuath mo chroidhe a's m'aigne,
Dho'n Cheárdinel!
O chonarc fillte ar chailligh é,
'S mé ag gabhail tre Ghleann Fleisg
Do phreab mo chroidhe re h-annfadh
Ba chosmhúil í le h-annspioraid,
Do bhuaileas a's do leagas í,
Ar lár na pleist!



B 1724ob 18T
U Liam Mac Cairteáin an Dúna



Faisg Lámha



A chlanna gaol fáisgigh bhúr lámha le chéile,
Cuiridh huzza suas, tá'n báire ar saothar,
Fairigídhe go dlúith
A n-aice lucht an chúil,
'S ná teibeadh a lúth ar aoinfhear,
Treasgaraidh na búir 's traochaidh,
Cia fada dhíbh fúghtha a n-daorbhruid,
Ag achtanna cúirte,
bhúr g-carta 'nbhúr n-dúthaigh,
Acraidhe a's púint gach féile!



Ná tuigídh a cháirde a rádh gur Treason,
Do dhuine dá d-tráchtadh ar dhála an t-saoighilseo,
'Sa d-tugadar chúgainn,
Do dhlighthe bunoscionn,
Le mionaidhe dhá d-tabhairt sa n-éitheach,
Pingin nár bh-fiú an corp naomhtha,
A bh-foirm an phríonnsa shaor sinn,
'S ná raibh an Muire do bhrígh
Acht an oiread le mnaoi,
'Sis duine gan chrích do ghéilfiodh!


L. 30


Dá d-tagaidh a d-tráth ó'n Sbáinn Invasion,
Go calaith Fhínn Trágha no'n bádh sin Bhéarra,
Bá chalma an trúp,
Do rachadh ó'n Múmhain,
Go h-achamair úmhal dá bh-féachainn,
Fir Bhiorra agus dhúithche Ui Néill shoir,
'S Chonachta ann súd ar séide,
O Inis na m-Bó,
Go Doire na seól,
Nuair chluinfidís geoin a sgéalta!



Ba thuigthe do chách ar sgáil na réiltean,
Nó ar an sgamalsa d'fhás go h-árd air Phoebus;
No ar an g-cuaichín bhínn,
Do bhí ag labhairt san g-coill,
Nó ar an lasair do bhí anns na spéarthadh;
Gur ab atharach rígh bhí ngaor dhúinn
d'fhuil ainmhear dhilis t-Séamhuis,
'S gur mhithid an nídh sin,
Do theachtuin chum críche,
Gur maith feithiomh le díol uair éigin.



Is iomdha Sagsannach láidir lan do shaoghaltacht,
'Gá bh-fuil beatha go sámh 's breághthacht éadaig;
Na g-caithfid siud stríoca,
Gan aitios gan aoibhneas,
Gan cead aco suighe ar an d-téarma.


L. 32


An feadh mhairfidh na soillse ag Phoebus,
Ná uisge san ling sin Thétis;
'S clanna mhic Míleadh,
A bh-fearan a sinsear,
Le fearta dhil aoird an aon mhic!


L. 36


B 1860 19L
U Anaithnid
An Mhaighdean Cheannsa.



Atá aingir chaoin le seal am chlaoidheamh,
Ní plás ná bréag!
Do bhradaigh gaoithe tárrsna tríom,
Lé grádh dá sgéimh!
A samhuil díobh níor theangmhadh linn,
O thárlaidh me;
Ag taisdiol tíortha a bh-fad óm' ghaoidhealta,
Le fán an t-saoghail!



Ní h-iongna í do shlad mo chroidhe,
Le grádh dá sgéimh;
A's gur gile a cuim ná sneachta ar craoibh,
'Sa brághaid mar ghéis;
A friotal caoin is binne laoidh;
Ná gáir na d-téad;
Do ghoin me tríom le fuinneamh grínn,
Dá ráidhte séimh.



A folt go fíor ag feaca síos,
Go fáinneach, réigh;
Go srathach slim, go duallach buidhe,
Go h-áluinn gnéi;
A dearca grinn do rad me ar baois,
A's d'fhág mé faon!
Le taithniomh croidhe do'n aingir chaoin,
Is grádhmhar méinn.


L. 38


A mala chaoil ar a h-éadan caoin,
Fuair bárr tar bhéib;
A's a leaca chím mar shneachta glinn,
Tre sgáil na g-caor;
A mama cruinn, a samhuilt líth,
Ar bhláth na g-craobh;
A's ar áilneacht gnaoi gur sháraidh sí,
Bean Phár a's Phriam!



A leabhair-chroibh mín is gasda gnímh,
'Sis fáinneach réim;
Ag tarraing gríbh ar bhrataibh lín,
Le bárr a méar,
Cearca fraoich, aladh ar ling,
Is clódh gach éin,
Do dhealbhuidheadh an aingir chaoin,
d'fhág mé a b-péinn.



Cia gur feas dam chroidhe gur fear me dhíbir,
Mná a g-céin!
A's do chleacht gan choimseacht freasdal buidh'ne,
Nár tláth a réim,
Níor dheónadh m'íntinn dam gan straocadh,
Le grádh do'n bhéith
A's bheith seal dá coimhdeacht gan chead do'n t-saogal,
Ná sgáth roimh chléir!



O threóradh Críosd san ród tú am' líon,
A's gur ghrádhas do mhéinn!
A's go bh-fuil cách dá mhuidheamh gur pháirtioch sinn,
A's do cháil gur léan,
Gur dhearbhuighis led' bhriathraibh binn,
Gur grádh leat me
Ní ceart an dlíghe go sgarfamaois
Go bráth led' ghnéi.


L. 40


Aingir chaoin na ráidhte grinn,
Do ghrádhas tar bhéith;
O leath an nídh seo fairsing tímchioll,
O Chlár go Léim!
Preab le h-intinn anois am choimhdeacht,
Tar sáil a g-céin,
Nó do bheannacht bíodh gan stad am thimchioll,
Agus slán leat féin!


L. 42


Máire Ní Milleoin.



A d-tiocfadh ag buaint an aitinn liom,
A Mháire Ní Milleoin?
Do thiocfainn 's dá cheangal leat,
A chuid do'n tsaoigheal 'sa stóir!
Rachainn féin chum aifrinn leat,
'S ní le grádh dam anam é,
Achd d'fhonn a bheith sa n-amharc ort,
A ogánaigh óig!



A d-tiocfádh anns a ngáirdín liom,
A phlúr na m-ban óg?
Créad do bheidhmaois a dhéanadh ann,
A chuid do'n t-saoghal 'sa stóir?
Ag buaint abhladh do bhárr géagadh,
A's bric as locha ag léimeadh
A's cailín deas le bréagadh
Mar Mháire Ní Milleoin!


L. 44


A d-tiocfádh chum an teampaill liom
A Mháire Ní Milleoin?
Créad do bhiadhmaois d'iarraidh ann
A chuid do'n t-saoghal 'sa stóir?
Ag éistiocht le cantaireachd,
Na ministirídhe gallda so,
A's go g-críochnóchamaoid an cleamhnas,
A phlúr na m-ban óg!



Thug mé chum an teampaill í
Mo chuid do'n t-saoghal! mo stór!
Thug mé chum an teampuill í,
Mo chreach! mo mhile brón!
Do tharraing mé mo sgian amach,
A's thug me sáthadh na cliabh asteach,
A's léig mé fuil a croidhe léi 'mach,
Go bárr iall a bróg!



Créad é sin tá tú dhéanadh
A chuid do'n t-saoghal, a stóir?
Créad é sin tá tú dhéanadh
A ógánaigh óig?
Léig m'anam liom do'n sgríb seo,
'S ní fhaicfead choidhche arís tu,
Go siubhalfad na seachd ríoghachda,
Led' leanbh beag og!



Do thug mé ar an móin, í,
Plúr na m-ban óg;
Do thug mé ar an móin í,
Mo chreach! mo mhíle brón!
Bhuain mé dhíom mo chóta,
Mo stocaidhe 'gus mo bhróga,
A's d'éaloidh mé anns an g-ceó,
O Mháire Ní Milleoin!


L. 46


U Dáibhí mac Phádraig Ó hIarlaithe



Táid ag teacht.



A raoir a's mé am aonar,
Cois taoibh Fhleasga an ghaortha,
Fá dhíon duille géag-ghlas am luighe:
Lem' thaoibh gur shuidh spéirbhean,
Ba thrí bhinne saor-ghuth,
Ná caoin-chruit, guth éanlaith, a's píb: -
Dá coimhdeacht bhí caoch-ghiolladh,
Do chéas mé 'sdo mheill!
Le saígheadaibh dá léir-chur,
Trém' thaobh deas go cruinn,
Do fhuíg' mé gan faosamh,
Le díograis do'n réaltan,
Dob' aoibhinne sgéimh agus gnaoi!



Lítis agus caora,
Bhí ag coímheasgair 'sag pléireacht,
Go fíochmhar na séimh-leacain ghrinn:
Na cír mhiona, déad-chailce,
B'fhír dheas a m-bealtana,
A braoithe 'sa claon-roisg gan teímheal: -
A cruinn mhama géara,
Gan claochlódh ar a clí,
A píb a's a h-aol-chrobh,
Mar ghéis ar an d-toinn,
Ba thrínseach tais niamhrach tiubh,
Buidhe-chasda péarlach,
A dlaoi-fholt go caol-troigh ar bís.


L. 48


Ba thuirseach me am dhaor-spreas,
Gur smuaineas trém' néaltaibh,
Ar chúrsaibh an t-saoghail chleasaigh chlaoin!
An tráth mhúsglas do léimeas,
Le rún-shearc do'n réaltan,
A lúb coille aorach gan teímheal: -
Do bhí lonnradh o Phoebus,
Ar ghéagaibh gach crainn,
A's lonnradh ba ghréagach,
Ar gach aon bharra luibhe,
Bhí lonnradh ó'n b-péarladh,
Go d-tiocfadh mac Shéamais;
Gan chúntar fa réim cheart na rígheacht!



Bhí sonn-fhriotal béithe,
Cois abhann anns an ngaortha,
A's fonn-ghuth na n-éanlaith go bínn,
Togha tortha ar ghéaga ann,
Mil agus céir bheach,
Is flúirseach gach éisg ar an d-toinn: -
Siúbhal sionnaich ar saothar,
Poic, méith-bhroic, míl muighe,
A's gach sórt ealtan b'fhéidir,
Le h-aoinneach do ríomh,
Ag súgradh 'sag pléireacht,
Go d-tiubhradh a saor-ghuth,
Chum súbhchais lucht créacht agus caoi!


L. 50


Is búch, blasda, béasach,
Go h-úmhal d'fhreagair mé-si,
A's dúbhairt; - is me Eire 'gus tíghim
chúgad le sgéalta,
Ar chúntas na laoch mear,
Do thúrnaidh le tréimhse tar toinn;
Gur súgach thiocfadh Séarlas,
Faoi réim cheart gan mhoill,
A's gach prionnsa d'fhuil Eibhir,
'na saor-bhailtibh síothach,
Uird bhinne a's cléirigh,
'Na n-dúthchas gan Eclips,
A's brútaigh an bhéarla gan bhrígh!



Is flúirseach bhiaidh gaoidheilge,
A n-dún-bhrogaibh aolda,
Le congnamh an aonmhic gan mhoill;
Go fionn fleaghach féasdach,
Mear, trúpach, caithréimeach;
'Sdár b-prionnsa ceart géillfidh gach rígh
Beidh múcha agus traocha 'ca
Ar bhéaraibh an fheill,
Sliocht Shacsain na g-claon-bheart,
Ná géilleann do Chríost;
Dá spiúnadh tar tréan mhuir,
Ní dúbhach liom a sgéalta,
Gan liunta, gan féasda, gan fíon!


L. 52


B 1738c 18L
U Aindrias Mac Cruitín



Grian Ban Eirionn.



Is dúbhach taoim faoi phéinn,
Am dhúbh-luighe go faon;
Le páirt fhíor do'n mhnámhuil mhíonla,
Cháigh chaoin gan bhéim!



Ní nár linn bhéith tréith,
Le grádh croidhe dá sgéimh;
'Sgur b'áilne í nár h-áirmhídheagh,
Do'n Adhaimh-chlainn go léir!



'Sí is bláith-dhíreach déad,
Mar Thráigh-líogh na séad,
A bán chíoch, nár lámhuigheadh,
Ar ghnáth líth do'n ghéis,



A brághaid mhín gan féith,
Thug sgáth daoil ar aol,
'Sí crádhaigh sinn - le lámhach saighead,
Sin fáth a's brígh mo sgéil!



Is é dhúisígheas mé óm néal,
Sul a músglaoid na h-éin,
Tráth smúaingim, nach fiú sinn,
Ar n-dlúth-shíneadh léi!


L. 54


Mo chúmha trém' go h-aodh,
Cia cúl-chint do gnídhim,
Gan tú 's sinn a n-Dún Baoi,
No a múrrthaoibh na séad!



Tá suathantaibh na sgéimh,
Nach samhluighim ar bhéith,
Is ramhar rín a súil chruinn,
Is búch binn a béal.



Cia cumtha í 's gur caomh,
'Sgo bh-fuil súgaidheacht na méinn,
A's lonnradhach na bh-fionn chaor,
Na gnúis ghrinn mar aol!



A árd-rígh na naomh,
Ba sámh linn an saoghal,
A ngáirdín mo bháibín,
Dá bh-faghainn suighe a's bheith caoch!



Níor chás linn lem' rae,
Bheith ag sglábhuidheacht dá sgéimh,
A s ní admhuim nach ráfluigheacht,
Do'n bhás tígheacht nár ngaor!


L. 56


Ní thiobhrainn fuil Chríost,
Cia nach fionn mé acht buidhe,
'Sgur iomdha aon dam shamhuil riamh,
Fuair úmhlaigheacht ó mhnaoi!



A mhúirnin dhil smuain,
Ar Chuntaois Thráighlíghe,
Mar shiubhail sí na cúigídhe,
Le lúircín fo thrí!



Cia go g-cuplaoid gan fíghe,
Gach cúirnín dod' dhlaoi,
'Sgo lonnraoid fir Múmhan.
Tréd' ghnúis ghrinn mar chíd.



Níor chlú dhíbh go deímhin,
Má smuaingir go glinn,
Nár bh-fiú dhíbh bheith dúr-chroidheach
Le trú bhuidheach mar sinn!



B 1738ob 18L
U Uilliam Ruadh Mac Coitir
An Croidhe Cráidhte.



Atá smúit air mo chroidhe,
Is neamh-fhonn a g-comhnuidhe;
Gach ciuin mhaidion druchta,
Le rún-shearc do'n mhnaoi!


L. 58


An plúr-bhruinneall bínn,
d'úr-sgoth na ngaoidheal,
Plann leanbha an chuim chailce,
An chúil fhada bhuidhe.



Mar fhaoileann bheag gréag,
Ar an g-craoibh na m-bíon séan,
Is tá sí na h-inntinn,
Cómh h-íoguir le h-éan.



Is mílse í ar a béal,
Ná céir a's mil Ghréag,
Na beoir na sean daoine,
'Sná fíonta gan bhréag!



Tá cuacha air an m-béith,
Do buaileann an féar,
Ata búcladh ar gach ruainne,
Dá gruaig fhada réig.



A cruadh-leaca shéimh,
Mar mhór-lasair caor,
'S péarlaighe na cluasa,
Glas-uaithne le gréin.



Dá b-pósfainn féin léi,
Mar nuadhchar san nGréig
Inghion Rígh Séoirse,
'San t-ór úd go léir!



Ba dhóth liom lem' shaoghal,
Nár chóir dam gabhail léi,
O'n notion do thógbhas
O phógas an bhéith.



Ní bean do bhí uaim,
A m-beidh adharca ar a buaibh,
Acht péarla an chúil chraobhaidh,
Na m-briathra binn suairc.


L. 60


Ní'l aon fhear le fághail
San bh-Frainc ná san Sbáinn,
Nac bh-fuil a dhóithin do chéile,
A b-péarla an chúil bháin!



Do sríbhtheadh go h-árd,
Le caol pheann ar clár,
'S do sheinnfeadh port néata,
Ar théadacha práis.



Dá rachainnse lem'stór,
Faoi choill uaigneach na g-cnó,
Nó ar an Maoilín maidin aoibhinn,
Gan crínacht air cheó,



Is meadhrach dar n-dóith,
Bhéarfuinn duit póg,
A réaltan bhreágh mhúinte,
'S a phlúr na m-ban óg.



Mo chreach a's mo léan!
Nach liom an tírsi go léir,
Is ó san go m-buaileann sé,
Bruach Locha Léin!



Do gheabhainn suaimhneas ó'n b-péinn,
'S mór-cuid do'n t-saoghal,
Le stuaire an roisg uaithne,
B'fheárr tuairisg 's méinn!


L. 62


Shiar cois na trágha,
Do chómhuighean mo ghrádh,
Is gile í ná'n sneachta,
'S ná'n t-airgiod bán!



'Sí an réaltan gan cháim,
Do chuir na céadta chum báis,
'S aithcimse air Mhuire,
Go d-tigidh sí slán!



Mo chreach 's mo dhíth,
Mar is gnáthach mé'm luighe,
Le h-uireasbadh mo shláinte,
Is bán bocht mo ghnaoi!



Le grádh searc do'n mnaoi,
Do sháraidh mé'm chroidhe;
'S d'fhág mise lán-lag
Go d-tráchtad do n chill!


L. 64


B 1860 19L
U Anaithnid
An Caoleach Ruadh.



Níor bh-fada bhíos ar leaba am luighe,
Nuair ghlaodhaigh amuich;
Marcach líomhtha a n-deisgeart oídhche,
Ar chaol each ruadh?
A Bharraigh ghroidhe an ad chodla 'taoir,
Nó créad é sin ort;
Preab ad shuighe go d-tagair linn,
Agus féach ár d-toirt?


L. 66


Do ghlac mé bíodhga, geit, 's líonadh,
Trém' néalta suain;
'S dob'fhada bhí mé gan focal cainte,
Do bhéarfainn uaim;
Allus fuigheach do gheabhadh síos,
Go tréan dam' ghruadh,
Ba gheárr gan mhoill gur phreab óm' thaidhbhse,
Ar chaoil each ruadh!



Ionár liost do bhí dathad míle,
Do shéimh-fhir shuairc;
Do chlanna Míleadh faoi arm líomhtha,
'S iad déanta suas;
Do fhiafraigheasa go tapadh díobh san,
Cá roicheadh siad cuan;
N'a m-beidh' Gaill a d-talamh sinsear,
Ar nGaoidheil go buan?



A d-toradh rúin do fuaras núadhacht,
Na máirte a néi;
Dar an leabhar ba thaithniomhach liomsa,
Cáil gach sgéil,
Gur baineadh Lonnduin 's Port Mathghamhna,
Do'n stát a néi,
Gur phreab an Diuic ar each chum siúbhail,
'S go m-beidh an lá le Gaoidheil.



Dá d-tigeadh súd mar acht san dúithche,
Ba bhreágh an sgéal!
Ar m-bailte dúthchais le sealbhughadh 'guinn,
Gach lá d'ár saoghal;
Ar sgata cú gach maidionn drúchta,
Ar stáid-eich caol,
'S go m-beidh' na búir dá dhearbhúghadh,
Gur sinn mághaistir game!


L. 68


Do ghlac mé fonn chum dul a nunn,
Tar sáile a g-céin!
Ag meargúdha na seabhac ciuin,
Atá láidir, tréan,
Dá dhearbhúghadh go bh-fuil ar m-bailte dúthchais,
Ag ár námhaid nár n-déigh,
Mar bhárr ar súd tá mo ghlaic go brúighte,
Ó'n rámhan, mo léan!



A Ros mhic Treoin, mo ghalar dúbhach,
Bhí an cárnadh ar Ghaoidheil!
Dathadh míle do arm líomhtha,
Faoi lán neart pléar;
Threasgraoidhmair na táinte díobh san,
A d-tús an lae!
'S ar bh-fearaibh ghroidhe gur a d-taisge fuigeadh,
Le dúil san m-braon!



Is fada an Mhúmhain na codla gan músgailt,
'Nuair bhí an cás dá phléidh;
Agus plúr-sgoth chlanna Ulltaidh,
Go h-árd dá nglaodhach:
Is é léighid na h-úghdair as leabhar an chúntais
Is as rádh na naomh,
Is mithid dhúinne feasta músgailt
Nó tá'n dáta ar strae!


L. 70


B 1737flc 18L
U Anaithnid
An Chraoibhín Aoibhinn.



Súd feasta le mian gach bliaghain ag trácht,
Ar ghníomhuigheacht Laoisigh d'arduigheas gleó,
Go tapa mear dian a g-cian le námhaid,
Go g-claoidhean díobh mílte ar lár faoi bhrón!
Ní stadfadh ár ngliadhaire sgiath na m-bán m-brat,
Do ghearradh na b-piast ngarbh-fhiach a's ngrána,
Aicme an uilc na leabhar n-dubh 'sa g-claon dlíghe stánfadh,
Dam Chraoibhín Aoibhinn Aluinn Óg!



Tá Alba stiallta g-cliabh le h-áthus,
Ag síor-mhuidheamh díoghaltais fá bhrígh móid!
'Sis gairid go m-biadh 'co fiadhach an bhán-phuic,
Go binn tré thiortha Fhearguis mhóir.
Clanna na striapach d'iarfadh sásamh,
A d-treasgairt an fhiadh tá biadhta ar fásach,
le anfadh 's sgéimhle crithid le dásacht,
'S beidh mo Chroibhín Aoibhinn lán do spórt.



Biadh an t-athair Uilliam ag riar ar bhráithribh,
A g-crích aoird Choinn cé tá lag fós;
Go meanamnach, riaghalta, diadha, cráibhtheach,
Ag síor-shnídheamh grínn sé lán do sgóp.
O cailleadh a ngliadh no bh-fiann an H-ácach
Le Galisoniar thug iad chum náire;
Is ait an sult a leabadh Bhing, a bh-fioraoibh árda,
'S a caoi is binn linn na táinte dho'n t-sórt!


L. 72


A g-céim námhad guidhim nár buaidhtear báire ort,
Guidhim faoi chíos duit fáighe an spóirt,
A shaoi-cháigh ghrinn d'fhuil uasail ársaidh,
Cloidheamh faobhair Fhinn o rángadh ad dhóid,
Do bhéar féin díol maith uaim do láthair,
Sgiath bhláth Naoise shuairc na lán-sgread;
Eide chuirp an tréin-fhir, Conall croidheamhuil Ceárrnach,
'S is cuibhe an gníomh díon ceart d'fhághail chum gleó!



Tiocfadh an bás ar cuaird chugad



A bhuachaill shuighte sásta,
Do sháraidh tú mé m-brón!
'S nár chuimhnidh féith am chroidhe ort,
Ná smuaineadh dar n-dóith;
Is duit is mór an náire,
Muna d-tóigfir arís ó'n bh-fán me,
'S go d-tug tu fearta an mhánail,
Ná fágfadh me faoi bhrón!



Tiocfaidh an bás ar cuaird chúghad
Leath uair bheag roimh lá;
'S bainfidh cúntas cruaidh dhíot,
Ann gach cluain d'ár bh-fuail tu ar mhná;


L. 74


Beidh tú an rúimín uaigneach,
'S brat lín bhán anuas ort,
'S nár bhreágh í an áithríghe 'nuair sin,
d'á mb'fhéidir í fhághail!



Is cailín beag gan ghruaim me
A bh-fuil suailceas ann mo ghlór,
Nár tharlaidh beart ar tuathal,
Gur casadh tusadh am chóir,
Anois ó tá tú ag gluaiseacht,
Agus cúl do lámha go luath liom,
Mo chúmha má théighim san uaigh leat,
Is dúbhach duit mar sgeól!



Do chuirfinn slacht ar ghnódh dhuit
Gan mhórtus óm' láimh;
Ar léine nó ar chóta,
Nó ar stocadh cúil gan cháim: -
Dá m-buailfeadh smóit ná ceó tu,
Chuirfinn tú rís a n-óige,
'S dá d-tiocfádh 'gus me phósadh,
Bheidh' an rígh glórmhar nár láimh!



Seal dam' aimsir bhíosa,
Gan uireasbadh bíghe ná éadaigh;
Ag siubhal a measg mo ghaodhalta,
Ag tuilleamh clú 'sdá fhághail: -
Bhídh meas ag Gall 'sag Gaol orm,
Gur mheall tú le glór do bhéil me,
Is é teachtaire chuirim na dhéigh ort,
Rígh gléigiol na ngrás.


L. 76


'S a chomharsa chroidhe na páirte,
Nach cráidhte bheidh mé nocht;
'S nach dúbhach do bheidh' mé márach,
Nuair ná beidh tú 'gam: -
Do bhris tú an croidhe am' lársa,
'S d'fhág tú mé go cráidhte,
Seo póg nó dhó le grádh dhuit
Fa bh-fágfadh tusa me!



B 1860 19L
U Anaithnid
An Spailpín Fanach.



Go deó deó arís ní raghad go Caiseal
Ag díol ná reic mo shláinte;
Ná ar mhargadh na saoire am shuighe cois balla,
Am sgaoinsi ar leath-taoibh sráide: -
Bodairídh, na tíre ag tígheacht ar a g-capaill,
Dá fhiafraidhe an bh-fuilim h-írálta,
Téanam chum siubhail, tá'n cúrsa fada
Seo ar siubhal an Spailpín Fánach!



Am Spailpín fánach fágbhadh mise,
Ag seasamh ar mo shláinte;
Ag siubhal an drúchta go moch ar maidin,
'S ag bailiughadh galair ráithche!


L. 78


Ní fheicfear corán am láimh chum bainte,
Súist na feach bheag rámhainne,
Acht colonurs na bh-Frannecach ós cionn mo leapthan,
'S pike agam chum sáidhte!



Go Callainn 'nuair théighim 's mo hook am ghlaic,
'S mé ann sud a d-tosach geárrtha;
'S 'nuair thíghim go Dúibhlinn 'sé clú bhión aca,
Seo chúghaibh an Spailpín Fánach:
Cruinneóchadh me ciall 's triallfad a bhaile,
'S claoidhfead seal le m' mháithrín;
'Sgo bráth arís ní ghlaodhfar m'ainim,
San tír seo "An Spailpín Fánach!"



Mo chúig céad slán chum dúthaidhe m'athar,
Agus chum an Oileain ghrádhmhar;
'S chum buachaillídhe na Cúlach ós díobh nár mhisde,
A n-aimsir chasda na gárdan: -
Acht anois ó táimse am chaidhin-bhocht dhealbh,
A measg na n-dúthaidhe fághain seo,
Is é mo chúmha croidhe mar fuair mé an ghairm,
Bheith riamh am "Spailpín Fánach!"



A g-Ciarraighe an ghrinn do gheabhthaoi an aingir,
Go m'fhonn le fear suighe lámh lé;
Na m-beidh lasa trí lítis na gnaoi mar aladh,
'Sa cúl fionn fada fáingioch;
A cruinne chíocha riamh nár sgaipeadh,
'Sa mala chaol mar shnáithid;
Is mór go m'fheárr liom í na sraoill o Challainn
Na m-beidh' na céadta punt le fághail Léi!


L. 80


Is ró bhreágh is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealad
Shiar ag droichead Gháile;
Fáoi bhuaibh, faoi chaoire, faoi laoigh beag geala,
'Gus capaill ann le h-áiriomh: -
B'é toil Chríosd gur cuireadh sinn asda,
'S go n-deachamair a leath ár sláinte;
'Sgur b'é bhris mo chroidhe ann gach tír dá rachaim,
Call here you "Spailpín Fánach!"



Dá d-tigeadh an Franncach a nall tar calaith,
'S a champa daingion, láidir;
Agus Bóic O'Gráda chúghainn a bhaile,
'S Tadhg bocht fiall O'Dálaigh: -
Do bheith Barracks an rígh go léir dá leagadh,
Agus yeomen aguinn dá g-cárna;
Clanna Gaol gach am dá d-treasgairt,
Sin cabhair ag an "Spailpín Fánach!"



Cuisle mo Chroidhe.



Do thugas grádh cléibh duit a spéirbhean ar d-tús,
O léigeas mo shúil ar do bhán-chneis;
Do b'fheárr liom ná bólacht badh bána 'gus dúbha,
Go m-beitheá 'san g-cúinge ag am mháthair:
Bheidh' do leabadh rómhad cóirighthe ó ló anns an rúm,
'S do mhacha breágh bó ann leat le crúdh,
Chuirfinn búclaoi ad'bhróga luadh c'róinneach nó púint,
'Sa stóir dhil na tabharfádh do láimh dham!


L. 82


Mo lámh duit ní thabharfainn go deó le aon fhonn,
Go g-cuirfeádh sgéal chum mo mháithrín;
Mar do fuair sí do thuairisg bheith suathrach ar d-tús,
'Sgo n-ólfádh do chrúsga a d-tigh an tábhairne!
Nár lúgha leatsa c'róinn d'ól ná chúig phúint,
'Sdá d-tárladh fear ceóil ort gan feoirling na thronc,
d'ólfádh an porter 's mór chuid de'n liún,
'S a stóirín cé thabharfadh bean bhreágh dhuit!



Ná creidse na bréithre ná na bréaga so ar siúbhal,
Mar is anamh 'mo dhul go tigh an tábhairne;
Tá airgiod am phócadh 'gus mór-chuid am thrónc
'S níor ólas riamh púnt ar aon láthair!
Bhí a mhalairt do ghnódh 'gam de 'sa bh-foghmhar do bhí chúgham,
Ag buain garraidhthe 'tátaoi prátaí 'sa cur stácaidhe ar bonn,
Mo mhacha bheith lán do bhadh bána agus dúbha,
Gan aoinne dá g-crúdh acht mo mháithrín!



Caisleán Uí Néill.



A chumainn dhil a's annsacht,
A d-tús an t-samhraidh dá d-tiocfadh liom féin;
Amach faoi na gleannta,
Nó mar a d-tigheadh an ghrian fae;
Badh, caoire, ná gamhna,
Ní íontóchuinn leatsa mar spréidh;
Acht mo lámh bheith faoid' chóm geal,
'S cead cómhrádh bheith eadrainn a raon!


L. 84


Atá mo gháirdínsi an fhásach,
A dhian-ghrádh an misde leat é;
Atá torthuighe ró árd ann,
Agus fásach go barraoi na g-craobh;
Ní chluinim ceól cláirsíghe,
Gabhail an t-sráidseo ná ceól binn na n-éan,
O d'éalaigh mo ghrádh uaim,
Cúl fáingioch go Caisleán Uí Néill.



Nár fhágbhadh mé an saoighealso,
Go léigfe mé dhíom an mí-ágh; -
Go m-beidh badh 'gam 's caoire,
'S mo mhaonach idir mo dhá lámha;
Trosgadh na h-aoine,
An lá saoire ní chuirfinn a bh-fáth;
'S níor bh-fada liomsa oidhche,
Sínte led' bhrollach geal bán!



Céad slán do'n oidhche raoir,
Is é mo léan nach í nocht atá ann;
'S do'n m-buachaillín spéireamhuil,
Do bhréagfadh mé seal ar a ghlúin,
Do 'neósfainn féin sgéal duit,
Dá mb'fhéidir go g-coimeádfádh orm rún!
Go bh-fuil mo ghrádh bán am thréigion,
A Dhia ghléigil 'sa mhic Muire nach dúbhach!



Tá'n tuirse 'san brón so,
Ró mhór timchioll mo chroidhe!
Tá lán mo dhá bhróigín,
Do dheóracha glasa liom síos;
Faoi ghrádh buachaill óig,
Do bhréodh 's do bhuain díom mo chiall,
'S ní mhairfeadh mé beó,
Má phósan sé an bhean dubh ó'n t-sliabh!


L. 86


Tá siad dá rádh go bh-fuil
Grádh na bh-fear orm féin,
'S dr n-dóith má tá,
Mo chrádh! ní misde liom é;
Go d-tugas naoi lá.
Naoi d-tráth, naoi seachtmhuine déag,
Ag cúl tíghe mo ghrádh,
Buaint áirnídhe fá dhuilleabhar na g-craobh!



Do gheall tusa damhsa,
Go m-bréagfádh mo leanbh ar do ghlúin;
Do gheall tú na dhéig sin,
Go m-beidh' aon-tígheas idir mé 'gus tú,
Mo gheallamhuin 'naghadh an lae dhuit,
Gur léigeasa leatsa mo rún!
Agus faraoir dúbhach géar!
Tá'n saoghal ag gabhail 'dir me 'gus tú!



B 1805ob 19T
U Brian Merriman



An Mac Alladh.
Brian Mac Ghiolla Meidhre ró chan.



Maidion aoibhinn bhídheas gan bhuairt,
Ar bhéinn an chuain am shuan cois Cladaidhe;
'S barra craobha líonta suas,
Do mhuidheamh na g-cuach 'sdo luadh na n-ealtaidhe;


L. 88


Bláth 's luibhionna breághtha am thimchioll,
'S fásach fíor-ghlas fiadhaile ar teallaighe;
d'aislingídheas gur shín liom suas,
Síth-bhean uasal uaibhreach allaighe.



Ba cheasnach í ag caoi go cruaidh,
'Sis fuídheach do ghluais léi 'nuas na strothaidhe';
Is caite claoidhte bhí na cuaill,
Gan bhrígh, gan luaid, ag luasgadh creathaoil: -
Ba láidir caoin an stráice lín,
Bhí ag fásga a cinn go suighte ar beandaoi,
Cnead na croidhe, na clí, 'gus guais,
Ba theinn, ba thruagh, ba luath, ba lag í!



Is lag atáim, ar si, monuar!
Mar thuatach fuar an uaimh faoi leacaidhe;
Am ghearra tríom gan suim, gan truagh;
'Sis díth mé a d-Tuadh Mhumhain, 'sa d-trathaibh Eachtaidhe:
Is tláthach teinn ata mo chroidhe;
Mo shláinte am dhíth - mo mhíle creach í.
Galar nímhe agus cling am chluais,
'S m'intinn suaidhte ó uaill na caillíghe!



Is fada sinn fá dhraoidheacht a d-Tuamhainn,
'Sis binn ar m-buain a m-buaic gach neartaighe;
Ag feasdal fuinn is fíor gach fuaim,
Fá shíor ath-luadh gach uaill dá ngoirthighe;
Ní'l táir dá aoirde lá ná oidhche,
O'n árd na m-bidheam go tuinn dá leathluighe;
Nach orra mhuidhim arís gan duais,
Nach cuimhin led' chluais mar ghluais mo ghuthaidhe.


L. 90


Seachanaidhe, cé taoim go faon!
Ná síl gur féithlioch saobh me so-chluidhimh?
'S fhaid do bhímsi d-tíorthaibh Gaodhal,
Gan ghreann ag éistiocht géimreach gunaidhe;
Plaosg mo chinn mar taosgadh dhíom,
Le caorthann bh-fíochach mhílte cogaidhe;
An chailleach nímhe gur shín lem' thaobh,
Nach cuimhin leat féin gur féithid ghonta í!



Is bríoghmhar binn do bhídheas am ghlór,
'S an tír na tóir le tóirneach tacaidhe;
Is cuimhin liom coimheasgair Chuinn 's Eoghain,
Fhinn 's óirmhic Mhórna mhearaidhe:
d'éistinn leó go deimhin 'san ngleó,
'S me g-coillte ceó go ceólmhar ceacht-bhinn,
Ag claoidheamh mo chroidhe! mo chlídh! mo chlódh!
Le sgin-ghuth sgeólta sgórnann sgollaidhe!



Is fras do riarfainn cian gan sgéil,
'S triall gach tréin a g-céin tar tonnaidhe;
Gach treasgairt dian-sgoth iarmhúr gaol
'Dir Uilliam 'san Maor a m-béal na Bóinne,
B'árd mo ghlaodh le gáir na laoch,
Le lámhach na b-pléar 's pléasgadh drumaidhe,
Chas mo ghiall, tá pianta cléibh, -
'Sdo liath mo chéibh le faobhar na gontaidhe!


L. 92


Sgreadamaoid le caoi gan uabhar!
Go fuidheach fá thuairim uair na h-achnaidhe?
'S aicimíd le guidhe an uain,
Ar sgaoilte suas ar shluagh na ngeal-bhuidhean:
An bháirseach bhuidhe so chrádhaigh mo chroidhesi,
'Sa h-álmhach síl gan fuigheall, gan fáltaighe,
Sgaip an sgaoith, 's sgaoil an sguain,
Le gaoith a d-dtuaigh ó thuathaibh Eachtaighe?


L. 98


B 1860 19L
U Anaithnid



Shíos Chois na Trágha.



Shíos chois na trágha,
Tá'n fhaoilean dheas mhná;
Is í gile, is í finne,
Is í plúr na m-ban m-breágh!



Is í an chraobh chúbhartha gan cháim,
Nár chaill riamh a bláth;
'Sgur a ngaoidheilge do léighfinnse,
Tréithe na mná.



Do gheabhainsi go leór,
Lucht síodaighe gus sróll;
A m-beidh fáinnídhe ar a méaraibh
'S péarluidhe breágh óir!



Ní díobh bheith mo ghnódh,
Acht díotsa, mo stór!
'S go siúbhalfainn leat Eire,
S an taobh thall do'n Róimh!



Do b'fheárr liom ná bó,
'S na láir do bheidheadh óg;
Go m-beidhinnse 'gus m'annsacht,
A ngleann coille ar neóin!



Is caoin cneasda cóir,
Do mheallfainn uait póg;
A réiltean gan channtlacht,
'S a thogha na m-ban óg.


L. 100


Croidhe cráidhte chum gach aon,
Chuir náire oruinn araon;
'S dúbhairt go rabhas páirteach,
Le bábán na g-craobh!



Tá fhios ag an saoghal,
Nár dheárnadh riamh lei,
Mar a bpógfainn le grádh í,
Nó gáire gan chlaon!



Dia domhnaigh nuair théighim,
Le deabhadh chum tíghe Dé;
Acht nuair smuainim ar an áit,
A m-bídheann grádh geal mo chléibh.



Tagan osnadh ann mo thaobh,
Nach léigisfear lem' shaoghal,
Uch! a úbhailín a's annsacht,
Tair is sgaoil ar mo phéinn!



Is mithid dam trácht,
Ar shaothar do lámha;
'S ar fheabhas mar do sgríobhthá,
Le caol pheann ad láimh!



Raghainn leat do'n Spáinn,
Do'n Fhrainc, nó'n Iottáil,
No faoi ghleannta ag déanadh lionduibhe,
'S nach canntlach é an grádh!



Ní í Máire táim a rádh,
Na aon neach dá mná;
Acht péarladh an chúil chraobhaigh,
Tá tar éis mo chroidhe chrádh!



'S gur b'é glór binn a cinn,
Thug na róinte ó'n ling;
Thug crón-phuic ó cheó-chnoic,
'S an smóilín ó chrainn.


L. 102


Nuair shéinnfidh sí duan,
Is binne í ná'n chuach;
'Sis breághtha í na Bhénus,
Chuir céadta chum suain!



Ní bean do bhiadh uaim,
A m-beidh adharca ar a buaibh;
Acht réiltion chiuin bhéasach,
Na m-briathra caoin suairc!



Ní phósfad go deó,
Buachaill tíghe móir,
Fear glanta na sgeanna,
'Gus leacaighthe an bhóird!



Acht pósfad mo rógha,
Is é an buachaillín fionn,
Do threabhthadh an branar,
'S bhainfeadh an mhóin.



Is mairg do bhídheann
Faoi tharcaisne ag mnaoi
'S gan earradh ar an d-talamh,
Is measa ioná í.



Ní lia éan ar an g-craoibh
Ná claon iona croidhe,
'Sgur b'í rin an peacadh
Chuir fearg ar Chriosd!


L. 104



Sliabh na m-Ban.



Is aoth liom féinid bualadh an lae úd,
Do dhul ar ghaodhail bhocht a's na céadta shlad;
Mar tá na méirlidh ag déanadh game dhínn,
Dá rádh nach aon nídh leó pike na sleagh:
Níor tháinig ár Major a d-tús an lae chúghainn,
A's ní rabhamar féin ann a g-cóir ná g-ceart,
Acht mar sheólfuidhe aoidhearacht bó gan aodhaire,
Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban!



Mo leun léir ar an dream gan éifeacht,
Nár fhan le féirim a's oidhche stad;
Go m-biadh diuicídhe Déiseach a's iarthair Eireann,
Ag triall le chéile ó'n tír a n-deas:
Do bheith ar g-campuidhe déanta le fórsaighe tréana,
Biadh comhnadh Dé linn san t-saoighil ar fad,
A's ní dhíolfadh méirleach do mhuintir Néill sinn,
Acht buadhfaidhe an sway linn ar Shliabh na mBan!


L. 106


Is é Ros do bhreoidh, a's do chlaoidh' go deó sinn,
Mar ar fuigeadh mór chuid dínn sínte lag;
Leanbhaidhe óga na smól ann dóite,
A's an mhéid d'fhan beó dhíobh cois cladh nó sgairt:
Geallaim fós díbh an té rin an fódhla,
Go m-biadham a g-cóir dho le pike a's sleagh,
A's go g-cuirfeam yeomen ag mún na m-bróga,
Ag díol a g-cómhair leó ar Shliabh na m-Ban!



Is iomdha fear aosda a's crobhaire gléigeal,
O'n am go chéile do gabhadh le seal;
'Na bh-fuil córduighe caola ag buain lúth a ngéag díobh,
A n-doinsiuin dhaora go doimhin faoi ghlas:


L. 108


Gárdaighe taobh leó ná leómhtha sméid orra,
Do dhéanfadh plé dhóibh a d-tír tar lear;
Dá d-tabhairt saor ó na námhaid gan baodhchus,
A n-am an t-saothair ar Shliabh na m-Ban!



Tá'n Franncach faobhrach 'sa loingeas gléasta,
Le crannaibh géara ar muir le seal;
Is é síor sgéala go bh-fuil a d-triall go h-Eire,
A's go g-cuirfid gaodhail bhoicht arís na g-ceart:
Dá madh dhóith liom féin go m'fhíor an sgéal sin;
Bheith mo chroidhe cómh h-éadtrom le lon ar nead,
Go m-biadh claoidh ar mhéirlidh san adharc dá séide,
Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban!



Tá na cóbaigh ag iarraidh eólais,
Tá'n aimsir óg 'san chabhair ag teacht;
An té mheill na gnódhtha is é leighisfeas fós iad,
A's ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sraith:
Píosa c'róinneach an chuid is mo dhe,
Luath eiric bó nó teaghlaigh deas,
Beidh raince ar bóithre a's soillse dhá n-dógh 'guinn,
Beidh meidhir a's mórtas ar Shliabh na m-Ban!


L. 110


Seaghan O Duibhir an Ghleanna.



Ar m'éirgídh dham ar maidin,
Grian an t-samhradh ag taithneamh,
Chualadh an uaill d'á casadh,
Agus ceól bínn na n-éan!
Broic a's míolta ag gearra,
Creabhair na ngoba fada,
Fuaim ag an mac alladh,
A's lámhach gunaidhe tréan!


L. 112


An sionnach ruadh ar an g-carraig,
Míle liú ag marcaigh,
A's bean go dúbhach 'san m-bealach,
Ag áireamh a cuid géi,
'Nois tá'n choill d'á gearra,
Triallfamaoid tar calath,
'S a Sheághain Uí Dhuibhir an Ghleanna,
Tá tú gan réim!



Is é sin m'uaigneas fada,
Scáth mo chluas d'á ghearra,
An ghaoth a d-tuaigh am' leatha,
'San bás anns an spéir!
Mo ghadhairín suairc d'á cheangal,
Gan cead lúth ná aisdígheacht,
Do bhainfeadh gruaim de'n leanbh,
A meádhon ghil an lae: -
Croidhe na h-uaisle ar an g-carraig,
Go ceathfrach, buacach, beannach,
Do thiocfadh suas ar aitionn,
Go lá dheire an t-saoigheil!
'S dá bh-faghainnsi suaimhneas tamall,
O dhaoine uaisle an bhaile;
Do thriallfainn féin ar Ghaillibh,
'S d'fhágfainn an sgléip!



Táid fearainn ghleanna an t-srutha,
Gan ceann, ná teann ar luchdaibh,


L. 114


A sráid ná g-cuach ní h-óltar,
A sláinte ná a saoghal!
Mo loma luain gan fosgadh,
O Chluain go Stuaic naomh Colam,
'S an gearrfhiadh ar bhruach an rosa,
Ar fán le na rae!
Créad í an ruaig seo ar Ghallaibh,
Bualadh, buanadh, 's cartadh,
An smoilín bhinn 's an lon-dubh,
Gan sár-ghuth ar ghéag;
'S gur mór an tuar cum cogadh,
Cléir go buaidheartha a's poball,
Dá seóladh a g-cuantaibh lomadh,
Ann lár ghleanna an t-sléibh!



Is é mo chreach mhaidhne!
Nach bh-fuair mé bás gan pheacadh
Sula bh-fuair mé sgannaill,
Fá mo chuid féin!
'S a liadhacht lá breágh fada,
D-tig úbhladh cúmhra ar chrannaibh,
Duilleabhar ar an n-dair,
Agus drúcht ar an bh-féar!
'Nois táimse ruaigthe óm' fhearann,
A n-uaigneas bh-fad óm' charaid,
Am' luighe go duairc faoi sgartaibh,
'Sa g-cuasaibh an t-sléibh!


L. 116


'S muna bh-faghadh mé suaimhneas feasda,
O dhaoine uaisle an bhaile;
Tréigfidh mé mo shealbh,
Agus fágfadh an saoghal!



Sláinte Righ Philib.



Tabhair cáirt ann gach láimh leat 's gloine,
'S gan dearmad bídís lán;
Go n-ólfamaoid sláinte Righ Philib,
'S an leinbh tá riamh ar fán!
is fada fá smúit í dá siumadh
Ag an dalta nach meabhair lé ar tál,
Mar a d-tógfar an brón so dínn feasda,
Racham do'n Fhrainc nó'n Sbáinn!



An bhrúid le drúis do thug taithniomh,
Do Ana mar chéile mná;
'S do'n chúpladh dhiultaidh an baisde,
Agus d'aistridh a m-béarla an pháis!
Ata breall ar gach teampaillin tacair,
Nár sheasmhaidh a n-am ná d-tráth,
Beidh'greann agus beann ar na sagairt,
'S a m-beatha 'co rís le fághail.


L. 118


Guidhim feasda rígh geal na n-aingiol,
An aicme seo chlaoidheamh a d-tráth;
'S a n-díbirt ó'n mnaoi tá faoi sgamal,
d'ár b'ainim di Inse Fáil: -
An Stíobhart dá d-tigheadh chúghainn tar calaith,
'S gan dearmad Tíghearna an Chláir,
Bheidh' gaoidhil bhocht re h-aoibhneas a ngradam,
'S gallaibh arís le fán!



Tá gárda bhreágh láidir ag tarraing
Chum catha go h-Eirinn chúghainn;
Do chárnas na táinte do'n aicme,
A bh-fearantas árd na Múmhan: -
Fádhbhar le fághail ní bh-fuil aco,
Acht a ngearradh le faobhar lann,
An tráth úd beidh gárrtha na sagart,
'S a m-beatha aco n-áit na nGall.



Dá d-téarnadh Rígh Séarlus go tapadh,
'S a ghasradh chúghainn d'ar g-cabhair;
Do dhéanfamaois léirsgrios ar an aicme,
Do threasgair na gaoidhil go fann: -
Eibhim go séimh ar an athair,
Do greadagh go daor ar chrann,
Eirlioch do dhéanadh ar na gallaibh,
'S bárr ar a b-péinn gach am!


L. 140


Sile Bheag Ní Chonnolláin.



Maidion aorach aoibhinn,
Do bhíosa 'sgan duine am dháil;
Cois Leamhain phéarlach ínnseach,
Na luibhionn 'sna n-uile bhláth: -
Bhí matha aedhir 'san t-saoigheal ann,
Fíonta agus fuireann dámh,
Sgata béithe síthe ann,
Mar Shíle Bheag Ní Chonnolláin!


L. 142


Bhí cantuinn éanlaith bínn ann,
Ar chraobha go tuilte bhláth;
Beacha 's créithre mílse,
'San innse na sruth le fághail; -
Do dhearcas spéirbhean naoidheanda ann,
Dá nídhe féin fá'n iomall trágha,
'S ba shamhuil gné na ríoguin,
Le Síle Bheag Ní Chonnolláin!



Bhí pearsa néata aoil daith,
Ag an bh-faoileann bheag mhilis mhná;
Mar aladh ar thaobh na taoide,
A píb ghil 'sa gile bhrághaid: -
Bhí dath na g-caor 'san lítis,
Ag coimheasgar na cruth go h-árd,
Searc na n-aodh 's mo chroidhe 'stigh,
Síle Bheag Ní Chonnolláin!



Ba dheas a déidmion díreach,
Gan aoirde mar ghile an bhláth;
'Sa basa gléigeal míne,
Mar shíoda le cimilt lámha;
Gan snas a méara caoine,
Gan chaoile go dul na m-bárr,
'S do ghlacfainn féin gan nídh ar bith,
Síle Bheag Ní Chonnolláin!



Ba thana a béal, ba chroidhearg,
'S ba mhílse ná mil a rádh;
'Sa mala déanta a g-caoile,
Mar líne le tuigsin árd: -
Nó mar bhainidh léighionnaigh stríoc beag,
Tímchioll le fioradh práis;
'Sní sgarfainn féin ar ríoghachta,
Le Síle Bheag Ní Chonnolláin!


L. 144


Gan bhladar thréigfinn aoibhneas,
An t-saoiguil ar chuid dá grádh;
'Sní sgarfadh Eire a cuimhdeacht,
Liom oidhche faoi dhuille feádha;
Mo lagar léin gan í 's mé,
Fa choillte nó a g-cuid do'n Sbáinn,
'Sdo chailleas féin mo chroidhe leat,
A Shíle Bheag Ní Chonnolláin!



Ba chasda péarlach buidhe-dhath,
A dlaoi fholt gan ruibe fághain;
Go sleamhuin, réigthe, cíortha,
Go h-íochtar a brollaigh bháin;
Na g-cneasa niamhrach sgaoilte,
Go soillseach go n-iomad fáis,
'Sle searc dod' sgéimh do chlaoidhis me,
A Shíle Bheag Ní Chonnolláin!



Do mheas na h-éanlaith míne,
Nuair chídís a roisg ba shámh;
Gur lasadh gréine shíneach,
Nó soillse a g-criostal cháigh;
Nuair chanach dréachta bínn-ghuith,
Do bhídís ag iomarbháidh,
'Sna g-casa b'éigion stríocadh
Do Shíle Bheag Ní Chonnolláin!



Tamall éigin roimhe sin,
Do shaoileas go bh-faca sgáil;
A ngaise ag déanamh raince,
A n-íochtar a n-uisge bhreágh: -
Do mheasas béith na g-coillte,
Nó draoigheacht-ghein ar loch ag snámh,
Go bh-faca taobh liom sínte,
Síle Bheag Ní Chonnolláin!


L. 146


Le gaithibh gréine caoile,
Nó coinle tre ghloine an árd;
Ba shamhuil sméide a claon-roisg,
Do bhíodhg mé le tuirse grádh: -
Go ramhar réaltach íoguir,
Go soillseach na g-crumhneacháin,
Do bhuain do ghné mo ghnaoi dhíom,
A Shíle Bhig Ní Chonnolláin!



Nuair mheasas féin mo mhaonach,
Le mílseacht do ghoid le páirt;
'S a leagadh a d-taobh na h-innse,
Nó n-íochtar na coille ar lár: -
Do labhair fraochmhar, fíochmhar,
Ná luighfeadh le duine is feárr,
Go d-tagadh Gaodhal 's Laoiseach,
Chum Shíle Bhig Ní Chonnolláin!



Ní chaithfeadh bathlaig chaoimhtheach,
'Ná fuighilleach na b-poic tar sáil,
Ná spreas do shéithleach cíor-dhubh,
Liom síne go d-tig' an bhráth;
Ní ghlacfad aon fhear choidhche,
Mar mhaonach idir mo lámha;
Go d-tagadh Gaodhal tar taoide
Chum Shíle Bhig Ní Chonnolláin!



Beidh leabhair ghaoidheilge líomhtha,
Ag saoithe an t-suilt do ghnáth;
Rachmus géile ar bínse,
Mar bhíos ag an g-curadh bhláth: -
Talamh saor 's aoibhneas,
Ag buidhin chirt na ranna is feárr;
'S clanna gaodhal gan bhuidheachas,
Ag Síle Bheag Ní Chonnolláin!


L. 150


U Micheál Óg Ó Longáin



Buachaillidhe Loch-Garmann.



Ar maidin luan cingcíse,
Tháinidh síothbhara chúghainn san ngleann;
Do bhaile sgata cága ann,
Ag déanadh ádhbhacht dínn 's greann: -


L. 152


Do bhuaileamair na d-timcheall,
'S do lasamar ar d-téinte,
's do thógbhamar ceó breágh draoigheachta,
Go h-aoibhinn ós a g-cionn!



Do tháinidh ó chúige Uladh chúgainn,
Tuile agus míle laoch;
Do tháinidh ó chúige Chonnochta,
A bh-fuireann súd le faobhar: -
Níor thugadar suaimhneas chuige dhúinn,
Go d-tugamar bualadh 's fithche dhóibh,
'S nach ró bhreágh do bhíoch fuil aguinn,
'S cuirp a n-deire an lae!



Má theangmhaidh ortsa an buachaill,
Nó stuaire an chinn chais;
's go m-biadh ag cur mo thuairisg,
Shuas a measg na bh-fear;
Inis mar sgéal do uaimse,
Go bh-fuilim ann so go fuar lag,
Ar thaobh an t-sléibh faoi bhuaireamh,
Gan tuamba, gan sgraith!



Beir leitir suas do'n Mhúmhain uaim,
A rúin dhil 'sa stóir!
A's inis a d-toradh rúin dóibh
Go bh-fuil an chath na g-cóir: -
Is iomdha aingir mhilis mhúinte,
'S leanbh firreann fionn geal,
Agus fear breágh áluinn lúthmhar,
'San úir uainn ag dreógh'!



Mo léan ar an Múmhain nár éirgidh,
'Nuair d'adhaineamar an gleó;
Le h-arm greanta greidheannmhar,
Bhídh faghartha go leór: -


L. 154


Anois ó támaoid caillte,
Agus neart ár námhad nár d-tímcheall,
Grádh mo chroidhe na Laighnigh,
Os iad dádhain an teine leo!



B 1828ob 19T
U Pádraig Din



Mailís an tSaoghail.



An té d'fhéachfadh siar 's machdnamh,
Ar bheartadh an t-saoighil le tamall,
'S clanna gaol mo mhairg!
Lán do gach claon!
Ag maslúghadh Chríost le sganail,
Ag brise a dhlígh gach aga,
Ag déanadh gníomhartha fealla,
Le gárdachas gan chéill!
Níor bh'iongnadh leis go leagfadh,
Rígh comhachtach mór na bh-flathas,
Sgiuirse tom ar phearsa,
'S crádhnas dá réir,
Ar gach dream do dhéanan spairnn,
Le miosgais chruaidh chum slada,
Nó fíor-fhonn buan chum creachta,
'S gan cás orra na thaobh!


L. 156


'Nuair thugaim féin fo deara,
Gach craos 's buairt 's aindheis,
Fuacht 's fán go dealbh,
Ar dhaoine bochta an t-saoigheil!
Méith thoirc mhór ar lasa,
Chum brise 's ruagadh 's creachta,
Do dhéanadh orra le cealg,
'S le gráin ar a méin!
Tuigim go deimhin dá stadfadh,
Críosduighthe an domhain dá m-bearta,
'San mhailís cham do sheachmhuinn,
Le grádh do mhac De,
Go m-biadh rath 's séan go h-obann,
'S beannacht na naomh an fhochair,
Ar chlanna gaol go folus,
Tré ghrása an Spiorad Naoimh.



Go deimhin is ait é bh-faisionn,
Meisge, bruighean, 's treasgairt,
Mionnuidhe mór dá spalpa,
'S gáirsgeamhlacht bhréan!
'Dir chomharsa gaoidhil 's caraid,
Leanbhaidhe Chríost na bh-flathas,
Thug fuil a chroidhe na gaise,
d'ár saora ó gach péinn!
Diultaidhig dóibh seo feasta,
Tréigigídhe an peaca,
'S grádhaigh go fíor gach pearsa,
Ann lár ceart bhúr g-cléibh!
'S cé cruaidh ata oruibh glasa,
Ag clanna Gall so dalag,
Reidhteoigh Rígh na n-aingioll,
bhúr g-cás as gach créim!


L. 158


Ní fada uaim díbh geallaim,
An t-an a m-biadh na crannaibh,
Tá teann 's ramhar dá leagadh,
'Ge lámh dhíoghaltais Dé!
'S cloidheamh na bh-faobhar dá ngearradh,
'Dir rúta, brainse, 's barra,
'S iad go léir dá g-cnaga,
A lár teine chraois!
Na dhiaigh sin beidh ar lasa,
Creidiomh Chríost fá rachmus,
'S suaimhneas mór ar talamh,
'Nuair cháthfar an saoghal!
Gaill 's Gaoidhil an pheaca,
Fiadhaile chaoch an chairnn,
Cuirfear iad a g-carcair,
Lán dhubh le daol!



Ós é seo crích na b-peacaigh,
'Sna nGaill tá claon na m-beatha,
Do thréig an Tighearna feartach,
'S do chrádhaigh riamh na gaodhail!
Mo chomhairle déinig feasta,
bhúr m-bearta baois na leanaigh,
Séanaigh choidhche an peaca,
'S grádhaigidhe mac Dé,
Tógbhaidh suas go tapa,
Bhúr súile chum na bh-flathas,
'S iarraidh sibh do sheachmhuinn,
Go bráth arís ó bhaoghal!
Gach díoghaltas tróm dá d-tuitfe,
Ar an saoghal go luath mar stoirm,
'S gan bhréag ar an dream so ar mire,
'Na lán ruith ar strae!


L. 160


B 1860 19L
U Anaithnid
An Fear Brónach d'éis a Phósda.



Dá m-biadh ba ag an g-cat is maith do pósfaidhe é,
Ní'l, mo chreach! ná ag an té ar chóra é;
Inghíon na caillíghe smeartha pósda ó raoir,
'Sa liacht cailín deas gan fhios cá ngeabhadh dia léi!



A cháirde dhílis caoinígh a márach mé,
Am phósadh ag mnaoi 'sgan m'intinn sásta léi;
Gan faic' san t-saoigheal acht ní nár bh-féirde mé,
Trí ba, caora, 's síothbhara mná gan chéill!



Do threabhfuinn, fhuirsinn, chuirfinn síol 's an g-cré,
Do sheólfuinn ba faoi'n g-currach is áilne ar bith féar,
Chuirfinn crú faoi'n each is mire shiúbhail riamh an saoghal,
A's d'éalóghadh bean le fear ná déanfadh sin féin!



Á chailín deas do leas nár dheárrnadh tú,
A chroidhe gan rath is measa cáil agus clú;
Nár chlos ód' bha san macha géim ná liúgh,
'Snár fhaghadh tú ceart ar fhear go d-tíghir an úir!


L. 162



An Crúisgín Lan.



A éigse Fódla dlúthaig,
Lem' thaobh asteach 'nbhúr d-trúfaibh,
'S éistigh liom go súghadh sígheach sámh,
Go léighfead startha ciuin díbh,
A ngaoidheilge bhlasda bhúig bhinn,
'Sgo nglaodhfad ar mo chrúisgín lán lán lán!
Olfamaoid an crúisgín,
Sláinte geal mo mhúirnín,
'Na bh-fuil a thaisdiol chúgainn tar taoide
Slán slán slán!



An uair do ghabhaim siar,
Go h-iarthaibh Eirionn;
Cois leasa dham go h-uaigneach,
Gan aon dam éiliomh;
Gur b'é deir na daoine,
'S muintir mo chéile,
Gur b'olc an t-ádhbhar mná,
Ná leinbh bheith am éiliomh.
Agus ólfamaoid an crúisgin
Sláinte ghéal mo mhúirnin,
Agus ólfamaoid an crúisgin,
Lán lán lán!
Olfamaoid an crúisgin
Sláinte gheal mo mhúirnín,
'Sis cuma liom a cúilin dubh nó bán!



Is é deir mo bhean liom,
An ar buile tá tú stóir ghil,
Téanam a bhaile,
d'olais do dhóithin,
Dho'n dá dhiabhal do bheirim tú,
'S a mairionn dod' shórtsa,
Beidh' bean eile agam,
Ann gach baile beag dá ngeabhadh mé,
Agus ólfamaoid, etc.


L. 163


Tá dhá nídh ar mo chroidhe,
Nach dóith libh;
An dá dheamhan pingin dá d-tuilim,
Ná h-ólaim,
Nuair théighimse tar an d-tuile,
Ní bhídheann pingin am phócadh,
'Sis féirde an baile,
Nuair rathaim tar teórainn,
Agus ólfamaoid, etc.



A Ghearaltaigh! a rúnaigh!
An fonn leat mé dhaora,
Nó mo tharrac chum cúirte,
Mar gheall ar an t-aon nídh;
Mar a d-tigeadh siad súd chúgamsa,
Agus cúntas do dhéanamh,
Buailfidh mé na crúsgaoidhe
'Sna piont ar a chéile,
Agus ólfamaoid, etc.


L. 164


Is deórach doilbh dúbhach sinn,
Tréimhse ag taisdiol triúch bhim,
A g-céin tar lear a g-cúigídhibh fághain!
Taoibh le fearaibh úrchroidheach,
Ba mhian liom stad le dúil ghrinn,
Gan chlaona ag blaise an chrúisgín lán lán lán,
Gan chlaona ag blaise an chrúisgín lán!
Olfamaoid, etc.



An t-aonmhac cailce chum sinn,
Dá léigfeadh feasda chúgainn rígh,
Séarlus ceart 'sa thrúpaighe slán!
Séimhfhir soilbh súghach sígheach,
Saor gan chol a diúgfaoidhe,
Le féile a m-beidh san g-crúisgín lán lán lán,
Le féile a m-beidh san g-crúisgín lán!
Olfamaoid, etc.



Gach óigfhear cneasda clúmhuil binn,
d'ár chath a stór 'san g-crúisgín,
Mar shúil go d-tiocfadh chúgainn rígh d-tráith!
Glacach lann na lámh ghroidhe
Tá taisdiol chúgainn tre chúigídhe,
'S ólfam feasda an crúisgín lán lán lán!
'S ólfam feasda an cruisgín lán!
Olfamaoid, etc.



An tréad so 'nois fá ghúnadhaibh,
A d-teampaill chóir ar b-prionnsadhaibh,
Tréigfid feasda ar g-cúigidhibh stáit,
Biadh gaoidheil aris go h-úrchroidheach,
An d-tréad 'sa m-bailte clúmhuil beacht,
A's ólfam feasda an crúisgín lán lán lán!
Agus ólfam feasda an crúisgín lán!
Olfamaoid, etc.


L. 166


Móra ar Maidin Duit.



Móra ar maidin duit a spéirbhean chiuin,
Is socair do chodlann tú 'smé go dúbhach,
Eirgidh ad sheasamh 's téigheam chum siubhail,
Go n-aistreógham ar n-eachra go clár geal Múmhan.



Fios t'-ainm 'sdo shloinne dam féin ar d-tús,
Ar eagla dearmaid chúige Múmhan;
Go m-biadh agam leanbh 'sme bheith fa chúmhad
'Smo cháirde bheith a bh-fearg liom go d-téighin san úir!



Fios m'ainim 'smo shloinne duit féin ar d-tús,
Is me Risteárd O'Broin ó chlár geal Múmhan;
Tá caisleáin fhada gheala 's iarlaigheacht chúgham,
'S ingíon ridire na coille glaise ag fághail bháis
dam' chúmhadh.



Má tá caisleáin fhada gheala 'gus iarluigheacht chúghadh,
Gheabhair aingir dhéad chailce agus morán púnt,
A mbeidh' triall uaisle a d-tigh h-athar, 's fíon ar búird,
'Sní bh-fuil gnódh agadsa, a mharcaigh, d'aon dam' shórt.



Tair liom 's taitheóchadh tú cuibhreann slógh,
Tair liom 's taitheóchadh tú fíon ar bórd;
Taitheóchadh tú h-alluidhe m-beidh' raince 's ceól,
'S taitheóchadh tu leaba m-beidh a trian na h-ór.


L. 168


Níor thaithígheas a d-tigh m'athar riar do shlógh,
Níor thaithígheasa beatha-uisge ná fíon ar bórd;
Níor thaithígheas na halluidhe a m-bíoch raince 's ceól
'S níor thaithigheasa leaba m-biadh a trian na h-ór.



B'fhéidir go ngeabhmaois an ród so siar,
Go m-biadh ór buidhe ar ár g-cóistíghe a's grian,
A stóirín níor chóir dhuit me mhealladh níos siadh
Mar tá me teinn breoidhte seal fada ad dhiaigh.



Máire Bheag Do Barra.



A Mháire bhig do Barra do mharbh tú m'inntinn,
D'fhág tu beó dealbh me gan fhios dam mhuintir;
Ar mo luighe dham ar mo leaba is ort a bhím ag cuimhneadh
'Sar m'éirgidh dham ar maidin mar do chealg tu an croidhe 'nam.



A Mháire glac mo chomhairle ná seóltar tú ar t-aimhleas,
Seachuin an stróinse fear séidte na h-adhairce;
Gabh leis an óigfhear na nglaoghan siad O'Flainn air,
Pós é do ghrádh réidhtigh ós é is toil led' mhuintir.



Do shíl me tu mhealladh le briathra 'sle pógadh,
Do shíl me tú mhealladh le leabhartha 'sle móide;
Do shíl me tú mhealladh ar bhreacadh na h-eórnann
Acht d'fhág tú dúbhach dealbh ar theacht do'n m-bliaghain núadh mé.



Is aoibhinn do'n talamh a siubhlann tú féin air,
Is aoibhinn do'n talamh ar a seinnean tú bhéarsa;
Is aoibhinn do'n talamh 'nuair luighean tú fá éadach,
'Sis ró aoibhinn do'n bh-fear a gheabhadh tú mar chéile.


L. 170


Do shiubhalfainn an t-sráid leat ar láimh a's me
am aonar,
Do rachainn tar sáile gan dá phingin spré leat;
Mo ghaodhalta 's mo cháirde go lá'n bhráth do thréigfinn,
'Sgo d-tógfádh ó'n m-bás me acht a rádh gur leat
féin me.



Do thugas, 'sdo thugas, 'sdo thug me óm' chroidhe
greann duit,
Ar maidin lá fheil Muire na g-caindeall san
teampall;
Do shúilín ba ghlaise na uisge na ngeamhartha,
A's do bhéilín ba bhinne ná druid 'nuair a labharan.



Dólfainn, 's d'olfainn, 's d'ólfainn do shláinte,
A's dá m-beidhinn ar bórd loinge d'ólfainn ní b'fearr í,
Dá m-beidhinnse am bhanaltra d'oilfinn do bhábán,
Sud ort 's ól deoch 's dia do bheathadh ad shláinte.


L. 172



Eibhlín a Rúin.



Och! le grádh dhuit ní'l radharc am cheann,
A Eibhlín! a Rúin!
Bheith ag trácht ort is aoibhneas liom,
A Eibhlín! a Rúin!
Mo mhórdháil ró ghrínn is tú,
Sólás an t-saoighil is tú,
Mo ghreann 'smo mheidhir is tú,
A Eibhlín! a Rúin!
Mo bhruinneallsa go deimhin is tú,
Mo cholúr dá bh-fuil san g-coill is tú,
'S ar mo chroidhesi ní'l liaigheas gan tú,
A Eibhlín! a Rúin!



Le cúirtéis 's clú bheathúghadh
A Eibhlín! a Rúin!
Dúbhrais bréag no is liom féin tu,
A Eibhlín! a Rúin!
Is breághtha 'ná Bhénus tu,
Is áilne ná réiltion tu,
Mo Hélen gan bhéim is tu,
A Eibhlín! a Rúin!
Mo rós, mo lil, mo chaor is tu,
Mo stór dá bh-fuil 'san t-saoghalso tu,
Rún mo chroidhe 'smo chléibh is tu,
A Eibhlín! a Rúin!


L. 174


Rachfainn tar sáile leat,
A Eibhlín! a Rúin!
'Sgo deó deó ní fhágfuinn tú,
A Eibhlín! a Rúin!
Le starthaibh do bhréagfainn tu,
Do bhlasfainn do bhéal go dlúth,
A's shínfinn go séimh led' chum
A Eibhlín! a Rúin
Thabharfainn aoruigheacht duit cois amhan,
Faoi ghéagaibh glasa crann,
Ceól na n-éan ann ós ar g-ceann,
A Eibhlín! a Rúin!



Le díograis tar bheatha dhuit,
A Eibhlín, a Ruin!
Do luidhfinn ar leaba leat,
A Eibhlín! a Rúin!
D'fháisgfinn am' ghéagaibh tu,
Choingeochainn go séanmhar tu,
Ghrádhfainn tar aon bhean tú,
A Eibhlín! a Rúin!
A réiltion mhaiseach modhamhuil,
Sul a m-beidhinn duit bun-os-cionn,
Och! éagadh ba thúisge liom,
A Eibhlín! a Rúin!


L. 176


Eisd a Bhean Bhochd.



A raoir 's mé ag machtnamh am aonar cois leasa,
Ar chlaon churtha mallaighthe an t-saoguil;
Ar lucht éithig do spalpadh nár réidh dia dá n-anam,
Acht céadta aco thachta 'sa shíneadh: -
Do théarnaidh am aice an spéirbhean chaoin chailce,
'S a craobh-fholt léi sgaipighthe, sgaoilte,
Ag géarghol ag canadh an bhéarsa gan laga,
A m-biadh gaoidhil-bhoicht faoi atuirse choidhche!



Cur fá.
Eisd a bhean bhocht,
Ná béic 's ná goil,
Eist a bhean bhocht
'S bí caoin linn; -
Nuair thraochfar gach poc,
Chuir do thréadsa fá chois,
An áitreabh Mhileadh,
Gheabhair suighe 'stigh!



Adúbhairt mé dá freagairt, ná géill do lucht startha,
Dá mhéid do bhí aguinn d'ar g-claoidh díobh;
Traochfamaoid Gallaibh ná dhéig sin 's Orange,
'S gach aon eile sheasmhaidh dá n-dlíghe sin: -
'S é léightear as beatha na naomh 'sna n-abstal,
Is géillidh uaim feasda gur fíor é,
Sul bhiadh céad a g-crích caite beidh Eire leó sgartha,
A's gaoidheil bhocht a bh-fearann a sínnsear!
Eisd a bhean bhocht! etc.


L. 178


Sul a bh-fágfam an baile faoi dheoin dul chum catha,
Beidh gárda nach meata na suighe 'guinn;
Chum an ghráin-shliocht do stracadh na spága 'dir eachaibh,
'Sa g-cnámha do lasa na d-teintibh: -
Ag tabhairt sásaimh an masladh gach sáir-fhir do cailleadh,
'S fágbhadh a nglasa 'sair dibirt,
Beidh trácht fad do mhairfidh clann Adhamh ar an talamh,
Go dé an bás do fuair grathainn an fheill seo!
Eisd a bhean bhochd! etc.



Ní ar thaobh cnoic ná cairnn is mhéinn linne tarraing,
Le chéile 'seadh ghlanfam na tíortha;
Beidh tréin-fhir nár n-aice nár staon riamh dá namhaid,
Acht céadta 'co leagadh 'sa shíne: -
Fir mhaola go tapaidh 's faobhar ar a lannaibh,
'Sis traochta bhiadh arm an rígh 'co,
A d-taobh gaoidhil bhochta measaimse a g-céird 's a n-aisde,
Cead saothair ar tharruint an phíce!



Eist a bhean bhocht,
Ná béic 'sná goil,
Eist a bhean bhocht,
'S bí caoin linn;
Nuair traochfar gach poc,
Chuir do thréada fá chois,
An áitreabh Mhíleadh,
Gheabhair suighe 'stigh!


L. 180



Na Sláintíghe.



Slán chum na g-cnoc, 's chum árd ghleanna an t-suilt,
Agus slán leatsa a Thiobraid Arainn;
Chum Sheághain ghil Ui Chuirc, 's Sheamais gan chuir,
Le saor chead óm' thoil céad slán chúghaibh: -
Gach lá bhíoch aguinn cead vault agus con,
Báire agus ruith tar éis snádhaimh seal,
Ar mhóinte mhín bhog cur seóladh faoi phoc,
Sin slán lem'ghoin do'n ráig sin!


L. 182


Slán chum na h-abhann - mo ghrádh lios na ngall,
'Sgach páirc dheas dá ngabhmaois tríthe;
Slán chum an dream a's chum árd-ghuth na ngleann,
d'fhágbhamuirne an am aoibhinn!
Tá mo shláinte go fann ó ráinigh mé nunn,
'S ná tráchtaid liom ar am na baoise,
Mar a m-bídh' báire agus greann le fághail ann go samhuin,
Agus slán le nár liunta Bríghide!



Slán chum na Múmhan 's chum Sheaghain ghil de Búrc,
Agus slán chúghaibh go dlúth le chéile;
Slán chum na Cúlach mar a m-bíoch an greann,
Agus sgáirdeach de'n m-brannda daor leis: -
Tá mo shláinte go fann ó ráinigh me ann,
'S ná tráchtaid siad liom ar Mhaothaill,
Do chaill mé mo shiubhal mo vault 's mo lúth,
O d'fhág mé an t-Siuír 'san Rae-choill.



Slán chum an dá Uilliam tá crádh ghol am dhiaigh,
Agus slán chúghadsa siar a Phátraig;
Slán chum na g-cliar a d'fhág me a b-pian,
Agus slán le na m-briathra cearta: -
Tá do shláintisi Bhriain 'dir lámha 'guinn le bliaghain,
Gach lá ag cur ciacha grádh dhíom,
Sláinte fhada óm' chliabh le árd-cheas 's pian,
Chum sáir-fhear na g-cliar tar sáile!



Cá bh-fágfuinn tú a Philib slán chugad a chuirim,
Slán chum tuille dhod' chómharsa;
Slán chum mo chumainn ta g-cnoc na curra,
Slán agus fithche dom' stórach: -
Go d-tráighfidh an tuile tá 'dir mé 's tusa,
Grádh bheidh agam a g-comhad duit
Lámh ar mo ghloine, slán chugad a chuirim,
Do shláinte tar muir 'nois óluim!


L. 184


B 1837ob 19L
U Micheál Óg Ó Longáin
Cois na Laoi.



Maidion mhoch roimh ghréin,
Re sleasaibh Laoi na g-craobh
Ag taisdiol bhíos - go tartmhar tím,
Ag machtnamh gníomhartha an t-saoghail!



Mar mheathsat príomh-shliocht Gaodhal,
Na n-arm líomhtha géar,
'Sa b-fhearainn dilse a sealbh daoithe,
Lastar tonn mo léan!



Do stadagh linn go tréith,
Ag machtnamnh cruinn an sgéil,
Faoi thoradh crainn-ghlais fhairsing, aoird,
'S cantain binn na n-éan.



Gur dhearcas ríoghain shéimh,
Ag teacht go caoin rem'thaobh,
Dob' fheárr suigheachan pearsa 's gnaoi,
d'ár dealbhuigheadh 'san spéir.



Ba chasda cíortha a céibh,
Ag teacht go mín-troigh léi,
Tug sgamal draoighéachta tar an bh-flíos,
Rug fear na loing do'n Ghréig!



A mala chíor-dhubh chaol,
Ar ramhar rín-rosg chlaon,
A balsam gríos-ghuib blasda bínn,
'S ba chailce caoin a déad.


L. 186


A mama cruinne géar,
Tug dath an aoil ar dhaol,
Le d-tarcaisníghthear sneachta síon,
'Sdá nabairín an ghéis!



Ba thana troighthe caomh,
Le'r mealladh míle laoch,
Dá n-amharcaigheadh an talamh truim,
Na satalaigheadh an bhéith!



Fachaim díograis sgéil,
Do'n aingir mhín-tais t-séimh,
A h-ainim chruinn do thagairt linn,
A treabh 'sa tír mar aon!



Nó aladh mhín na g-craobh,
Do chas arís a g-céin,
Tar fairgídhe go fearan IR,
Le searc do Naois tar aon.



d'fhreagair sí go séimh,
Ní neach do'n bhuidhin sin mé,
'S me bean mhic Coill na leabhar sgríob,
Ba ghasda, gaosmhar, géar,



Seal dam aois dá éis,
Ag clanna Míleadh tréan,
Is mar sin bhíos go seasgair síodhach,
Gur thaisdil Gaill faoi'm dheoin!


L. 188


B 1860 19L
U Anaithnid
Mairbhne



Caoinfead féin má thig liom,
mo chlann chroidhe gan mhío-rún,
ós mé do chaill iad tar chách,
caoinfeadh iad go dio-mbádhach!



Is lag mo chongnamh ar d-teacht do'n cháisg,
do ghoin mo chroidhe le h-uathbhás;
am aonar a n-iarthar fághail,
's gan neach dam' ghaoidhil an chomhdhail!



Os éigion dam triath mo chléibh,
tuigsin chaoin le h-iar-mhéinn;
is teinn atá mo cheann anocht,
mo ghuth is fonn gan seandacht!



Ní truagh bean ag caoine a céile,
ná fear ar díth a bhainchéile,
is truagh mé mar éan gan neid,
tar éis na n-óg ná mairid!



Nó mar ghéis ar sleasaibh tonn,
ag cantuin ceól le neamh-fhonn;
iar d-teacht do'n bhás fá na ngéin,
canaid ceól ba thruaghmhéil!


L. 190


Canfadsa lem' rae go bráth,
ceól nach binn gach aon lá;
ó thárlaidh go tráighte fann,
caoinfead féin mo chéad chlann!



Is creach liom Ceallachán a g-cíll,
taobh re Cormac cneas mhín;
Anna agus Máire, mo shearc!
monuar fá lic an aon fheart!



Mo cheathrar clainne gan bhéim,
nár bh'iarmhar tréighthe an aon chéim,
ádhbhar créacht mo chroidhe go deó,
bheith dá g-caoine an aon ló!



Buidhin d'fhuil Eibhir na sluagh,
le'r ghabh Eire gan dio-mbuadh';
a n-dul uaim a g-cré go hóg,
a g-cruth 'sa sgiamh gan chlaochló!



Do bhí a ngaodhal, gidh ar bh-feirde iad,
le ríoghaibh calma Scitia;
ríghthe Spáinne na lann ngéar,
ba iad a ngaodhal gan aon bhréag.



Clanna Mileadh tall 'sa bhus,
ba iad a ngaodhal gan amhrus;
do bhí a ngaodhal re mathaibh sean,
le ríghthibh cródha Sagsan.



Ba bhinn liom a nglór ag teacht,
's iad ag ruith a n-éinfheacht;
cé bhéarfas dam fáilte ná póg,
ós marbh iad fá aon fhód!


L. 192


Muna bh-fhéachfuinn do Chríosd a g-crois,
fuair ó Iudaighibh aithis;
do leanfuinn iad gan mhoill fá'n lic,
nó do bheidhinn ar baois na n-éiric!



Ar bh-faicsin Lazarus san uaigh,
do chnead CRIOSD go ró chruaigh;
do dhoirt frasa déar ann sin,
cé gur bh-fada a ghaodhal ó'n té sin.



Is córa damhsa caoi go dúbhach!
's bheith lem'rae go fadchúmhach,
a n-diaigh mo chlainne ba mhaith gné,
's máthair DE mar fhínéidh.



Níor fhéad Muire, máthair DÉ,
ar bh-faicsin a mic dá oilbhéim;
gan caoi go déarach ó chroidhe,
ní nár damhsa m'fhaillíth!



Is mé do chaill mo ghéagadh gaoidhil,
is mé do creachadh ar aon t-slíghe;
am airgtheach a b-péin monuar!
dá n-déis is mé an treas truagh!



A meódhan-oidhche na d-trom shuan,
creach mo chroidhe go ró chruadh;
mo cheathrar cáidh do chailleas iad,
a nóimeint uaire ar aon rian!



Is mó do shaoileas ar d-teacht dam aois,
mo chlann am thimchioll go m-beidís;
ná a n-aonchur go luath a g-cill;
is mé dá n-déis ar neimh-chríth!


L. 194


Ba dhlígh dham urraim óm' chlann,
dá d-tugas searc mo chéad mhaon;
ós mé ba shine ná iad,
is dam ba dhleacht an chéad rian?



Is truagh dhóibh do thréig mo pháirt,
's d'imthigh uaim an aon dáil;
nár léig liomsa tús na slíghe,
ós mé do rin na peacuidhe!



Beag mo dhúil a g-ceol ná sult,
is uaigneach mé re tamall;
ní binn liom duan ná dán,
is cosmhúil mé le h-amadán!



d'ímthigh uaim mo ghné 's mo neart,
táim gan chéill, gan toirbheart;
ní eagal liom an bás dam fhios,
tar éis na g-cáirde do chailleas!



An am suain, a meódhan oidhche,
is bocht bhídhimse ag eagcaoine;
mo chlann ós mo chomhair ag teacht;
d'iarraidh orm gluaiseacht?



Do chídhim iad 'san oidhche thall,
ní sgaraid riom an aon bhall;
bíghid am dhiaigh amuich 'sa stigh,
go leanfad iad gan m-bél lic!



Is cumann dóibh teacht am dháil,
is íonmhuin liom a ngrian sgáil,
is geárr go rachad leó san t-slígh,
re toil naomhtha an áird rígh.


L. 196


Is leam is truagh fá sgíos an bhean,
thug dá clainn árd ghean;
thug dóibh grádh 'gus lacht a croidhe,
is truagh liom í fá cheasnuighe!



Is truagh liom a lámha go lag,
ó bheith ag bualadh a bán ghlach;
is fliuch bhídheas a roisg uim neóin,
do sgoilt a croidhe le h-anmhóin!



Ní h-iongnadh liom í go bocht,
is í do chaill a cuallacht,
is í tar mhnáibh Innse Fáil,
do chonarc creach an trom áir!



An gleann dá n-deárnaidh mochrach,
'sdo choisg mo mheidhir gan fuireach,
mallacht DÉ do ghnáth na bhun,
a n-éiric ár mo chumann!



Gleann an áir ó so suas,
baisdim air go bith bhuan,
neimh an fheill do rin orm,
na dhiaigh do shíor le mí-chothram!



Nár fhaice grian le solus glan,
nár fhaice rae na raeltan;
diombádh séin do fhíor na chóir,
thug mé gan aois am sheanóir!


L. 198


Nár fhaice neach air go bráth,
bláth, duille, ná trom fhás,
lán-mheith toradh ar 's bídhe,
ris do ghnáth nár sgarraidh!



An Feart-Laoi.



Tá marbh san bh-feart so sraith do chlainn Chárrthaigh,
Ba gheanamnach staid, ba maise do shíol Adaim;
A n-anamna ó sgar beidh feasta síothchánta,
Na n-aingiollaibh geala ar h-alladh an rígh neamhdha.



Mo dheargadh dearc 's creach mo chroidhe cráidhte,
Adhbhar mo chnead 's neart mo dhíoghbháladh;
Mo cheathrar geal gan phreab ar aon láthair,
Faoi charnaibh leac a bh-fad óm' chaoin cháirdibh.



Adhbhar cáis do lagaidh tláth go follus me cúmhach,
'Sdo neartaigh tráth na cneada báis seo am fhochair go dlúth;
Mo cheathrar cáidh a bh-feart ar lár faoi chlochaibh a n-úir,
Anna, Máire, Ceallachán, 's Cormac fionn.


L. 200


B 1750obc 18L
U Diarmaid mac Domhnaill Ó Súilleabháin



Treithe Eirionn.



Diarmuid Mac Domhnaill Mhic Fhinghín Chaoil Ui Shúilliobháin
ro chan.



Níor bh-fiosach sin a g-críochaibh Eibhir mhóir,
theas ná shíos, ná a d-tíorthaibh Eireamhóin;
leath a g-cíosa, le h-im, do dhéanadh dhóibh,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



Ná mart do dhíol, ná saill na g-céis ba mhó,
an chearc, na h-uibhe, na laoigh, na h-éin, na sóirt;
ná'n bainne bhi ar feadh mí san g-cré ar feódh'
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



Gach bodach díobh do bhí gan béarla beoil,
ná teacht ar shíoda timchioll faoi na sgeoig;
hata mín, ná aoirde fae na m-bróig
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



Ná ar chaile an ghunga, síoda, stays ná cloak,
sgarf ná frainse uimpe, crape ná sróll,
hata tuibhe, dar linn, ná éadach crón,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



Gach caile dhíobh do bhí gach lá 'na gnódh,
's gach bodach díobh do bhí gan réal ag rómhar,
nó seal san g-coill chum cíosa dhéanadh dhóibh,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!


L. 202


Ní caithmhídh snaois, ní bhídh' téa ar bórd,
ná brata síoda choidhche ag séide a srón;
ná fan ag mnaoi chum gaoithe theacht na cóir,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



Gach bathlach bhídheas le síoda ag séide a shrón,
's a chaile bhuidhe do mhnaoi a n-daor-bhrat sróll;
athair roimhe, do bhí, ag aoidhearacht bó,
an tan do bhadar gaoidheil a n-Eirinn beó!



An aicme bhí a d-trínse cré 'gus fód,
ar eachaibh suighid 's frainse fae na d-tón;
geallaim díbh, go fíor, nár bh'é ba nós,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



An brat do bhí ar leathChuinn, do thréig ar d-treón,
do leath arís ar Innse Fhéilim ceó;
brat an díola, ní ba chéasta leó,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!



An tráth do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó,
fleadhach, fíontach, fíochmhar, féastach, sóghail,
dáimh 's draoithe 's díol ag teacht na g-cóir,
an tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó!


L. 204


Stadfad díobh, ní mhuidhfead a d-tréithe nóis,
feabhas a ngníomh, a d-tígheacht ná g-céimionn fós,
ni'l agam im le díol na tréadta bó,
's rachad choidhche arís ag déanadh bróin!



Muna g-casfadh Iosa Criost le tréan neart slógh,
go ceart a shinnsear, an rígh sin Séarlus óg;
do sgaipeadh Gaill tar toinn gan teacht go deó,
'sgo b-preabfadh Gaoidhil arís go h-Eirinn beó!



U Conchubhar Ó Ríoghbhardáin



An Freagradh.



Conchubhar O'Riordáin ro chan.



An tan do bhadar gaoidhil a n-Eirinn beó,
ba lasmhar líonmhar laoithe 's léighionn go leór,
ba rathmhar rin-roisg ríghthe ag réightioch leó,
'sba ghasda gníomh-ghlan gníomhdha gaoidhil a ngleó!



Ba thaithnioch taoisig tíre ag teacht le tóir,
ba sgaipeach sgaoilte sgeimhealtach sgiamhdha sgóip;
ba mhaiseach míonladh mín-chneas maordha módhamhuil
gach aingir chaoin do phríomh-shliocht Eibhir mhóir!



Dá maireach sinnsear saoithe séadmhar sóghamhuil,
an t-athair Muimhneach linn dá nglaodhtar Eoghan;
Mac Airt, Mac Cuinn, nó buidhin na Féinne fós,
do chartach Gaill mar chaoire tréada cró!


L. 206


Dá maireadaois, an bhuidhin, thug tréan-throid slógh,
a g-casmairt buidhinne Chuinn na g-céad chath 's Eóghan;
nó a g-cath na h-aoine do chlaoidh Turgésius treoin,
ní rachadh Gaill a n-íorguill fhaobhrach leó!


L. 209


B 1817ob 19T
U Seán Ó Coileáin
An Díbearthach O Eirinn.



Do tháinig chum na taoide díbearthach ó Éirinn,
A dhlaoi fliuch ó'n spéir agus éadach ó'n ár;
Ba sgíosmhar do chaoineach a thír 's é'n aonar,
'San oidhche faoi bhléin-chnoic na sgéirde gan sgáth:
Bhí a shúile 'gus inntinn go cruinn ar an réaltan,
Do thugach fios an lae dho a n-Inse na Féile;
Mar a g-canach sé le díogras a chroidhe 'stig an dréacht so.
Buadh agus tréine leat Eire go bráth!



Is truadh é mo chúis ar an sgiuirling bhocht chéasda,
Gan súbhchas, gan faosamh, ó phéinn ná ó ghádh;
Ní'l áitreabh mo chúmhdaigh a d-triúchaibh an t-saoguil,
Fiadh-phuic a's faolchoin cia féidir leó fhághail; -
Ní fheicfeadsa choidhche an choill chluthair, chraobhach,
Mar a m-bíodh mo shínsear ag síor-chleachta saor chleas,
Ní chuirfead bláth ná mín-sgoth ar mo chaoin chruit dá gléasadh,
'S ní bhuailfead a téada ar Eire go bráth!


L. 210


Ó, Éire mo dhúithche! cia dúbhach, 's cia tréigthe,
Is súbhach mise am néalaibh ag féachainn do thrágha!
Ar mhúsgladh san dúithche seo is úr shilim déara,
Gan súil le dul d'éiliomh mo ghaodhalta go bráth! -
Och! a chineamhuin chruaidh! an bh-faighead cuaird bheag uair éigin,
Do'n tír sin an t-suaircis, gan buaireamh, gan baoghal dam,
Och! mo loma luain! ní luaisgfead mo ghéaga,
Mo cháirde táid traochta nó a géille dá námhaid.



Cá bh-fuil dorus m'áruis bhídh láimh leis an g-coill ghlais,
A cháirde 'sa mhuintir nach díth libh é ar lár!
Nó'n mháthair thug grádh dham, 's thál lacht a croidhe orm,
Caradh geal mo chroidhe stig is dilse ná cách;
Tá'n tanam bocht mo dhrólann le brón guirt ag tráchann,
Cá bhfuil anois an spórt ba dhóith linn d'fhághail seal!
Silim dile deóra gach ló mar an m-báistig,
Gan aoibhneas, gan dóthchas le sóchas go bráth!



Tar gach uile smuaineamh dá m-bídhimse a ngrádh leis,
Fágaim an ghuidhe seo 'smé ar inntinn an bháis!
Ag Eire, cia táimse, ar fán uaithe ar díbirt,
Máthair mo shinnsear, 's crích chirt an fháigh: -
Go madh glas iad do mhaígheanna a Ríoghuin na Bóchna,
Go madh fada bheidh do fhior-chlann ag síor-chleachta spórta,
Go madh fada bheidh do chaoin chruit go síth-mhilis ceólmhar
A Eire mo mhúirnín! Eire go bráth!


L. 211


B 1750 18L
U Anaithnid



Marbhna Dhonnchadh Mhic Craith, O Shliabh g-Cua.



Tásg an tréin do thréig gan bhrígh me,
cráidhte céasta a g-créachtaibh caointe;
bláth na féile a's craobh na saoithe
ag dáil do'n éag le claona caoimhsguir.


L. 212


Bás gan bhréag is léan do mhíltibh,
tar éis trom ghoin an chuirp do bhíodhbha;
fáth an sgéil ar n-déanamh féill ort,
do chuir gan anmuin farruire an chroidhe-ghil.



Mo nuadh-chreach do thuaraisg ar n-innsinn,
ó Thuadh-Mumhain go h-uachtar na g-críoch so,
ó Chill Chainich go h-iomallaibh Duibhneach,
a m-béal gach duine gur baineadh dod' sgríob tú!



A chorneill chosantach posta san íorghuil,
a chorneill óirdheirc, óirbheirt, fhíochmhar,
a chorneill sluagh na ruag do dhíbirt,
Donnchadh solusmhar do chlainn Chraith aoibhinn.



Is brón liom do nuadhchar go sgíosmhar,
gach ló geal go deórach ad chaoine!
do chlann mhaith gan teannta chum gníomhartha,
's gan súil aco le h-amharc ort chóidhche!



Do chómhgus go brónach is fíor san,
do chuallacht ag ualfairt a n-daorbhruid;
do lucht leanta gan tarmuin dídhin ort,
a's do chomhaltuidhe gan treóruighe, gan aoibhneas!


L. 213


Tógbhaid gártha cádhais ad chaoine,
a n-árus talamh sleachta do shinnsear;
Cill-bheithne go h-aobharach dá innsinn,
do'n Ghaíllte gur chaill sin a príomh-fhlaith.



Loch Luachra a n-uaigneas a caoin Sgoit,
mar a m-bíd ceólta 's ól 's fíonta;
mar a m-bíd fastuighim gleacaigheacht saoithe,
go saor ar h-alladhaibh flaith-rígh an aoil-bhroig.



Mo leógan feardha ag amharc na buidhinne,
gan ghruaim mar Ghuaire dá riaradh;
saoithe, cliar, a's triath na d-timchioll,
mar ba dhual do a ngluas a shínsear.



Dá thaoibh Siuire is dúbhach dá chaoine,
a's ó'n g-cuaird sin go bruachaibh na h-Aoire,
sliabh g-Cua fá mhór-sgamal daoirse
'stá cruadh-ghol a d-Tuadh-mhumhain dáríribh.



Tá cruadh-ghol a d-tuaith abhainn Fhinn-iosc,
tá cruadh-ghol a d-tuaith Charraig-shlaod ort,
a's tá cruadh-ghol sleachta na fairge fíor ort,
a's cruadh-ghol a d-tuathaibh na g-críoch ort.


L. 214


Cruadh-ghol Gearaltach feardha fíochmhar,
a's cruadh-ghol Barrach na d-Teamhar ba ghaoidheal duit;
cruadh-ghol Róisteach óg a's críonna,
a's cruadh-ghol chlanna Ghiobún ad thímchioll.



Cruadh-ghol cliar a's triath a's taoisig,
cruadh-ghol dáimh a's báird a's buidhinne,
cruadh-ghol cráidhte bás na naoi m-ban
tug súgha a nochta 'sa m-brollaigh ó chroidhe dhuit.



Do thigeach a n-arm mar Shamson chum suighte,.
nó mar Chonall a m-brollach a naimhde;
nó mar Osgur a mullach gach maoil-chnoic,
nó mar Fhionn mhic Cúmhaill Ui Bhaoisgne.



Nó mar Bhalar na n-dearca san íorghuil,
nó mar Aicill ag taisdioll chum madhma;
nó mar Hector a n-deifir na Traoi shoir,
nó mar Chairbre ar fhaithche na ríghthe.



A n-diagh Dhonnchadh, ceann cosanta na buidhinne,
mac Thomáis mhic t-Siomadh na g-caoil each;
mac Dhonnchadh na d-trom eachradh da dhíonamh,
mac Sheághain mhóir an flaithrígh fíontach.



Do shuigheadh mo laoghsi ar chaol each groidhe mear,
rainceach, léimneach, craosach, cíortha;
beannach, beárrtha, bláth, ar aoin-dath,
a's cloidheamh na láimh chum áir ar naimhde.


L. 215


Is iomdha curra do cuireadh do luighe leat,
le cruadhas coilg do lainne a's do ghníomh-chruibh,
tar éis ar mharbhais a g-casmairt do shaoithibh,
tu fhághail a n-aisge do phearsa nár shíleas!



Is truadh liom gach uair do smuaingim,
a chinn bagair a n-annfadh bíodhbha;
a chinn slógh do threórúghadh go díreach,
dána, gan tláithe chum madhaim cnoic.



Dragan dána, dáilteach, díoltach,
flathach, fáilteach, feardha, fíontach;
feasach, fáith-ghlic, fáigheamhuil, fíochmhar,
a's ná tug stána a m-beárnuinn baoguil.



Do chómhgus dá m'eól dam a n-iumhair,
a's fóirse a b-prós ceart le laoithibh,
gur leógan do phór-fhuil na rígh tu,
thug Fódla chum eólais ó dhraoíthibh.



Bráthair feardha chlanna mhic Míleadh,
a's Mhurchadh thug dlígh do'n rígheacht so;
d'fhuasgail Banba ó sgamallaibh daoirse,
le'r buadhadh cion-ainim 's brise na naimhde.


L. 216


Bráthair fós do'n phór-fhuil saoithe,
le'r buadhadh sealbh a's ceannas na g-críoch so;
mar atáid Gearaltaigh Sheanaid a's Íoghma,
Barraig a's Róistig, cróch na craoibhe.



Bráthair dragain ó'n árd-chloich aoibhinn,
nár ob sbairnn ar eagla buidhinne;
ridire an Ghleanna ba dhearbh do ghaoidheal do,
a's ridire Finne ní h-iomarca dhíonamh.



Bráthair Brúnach, Búrcach buidheanmhar,
bráthair Grásach feardha an aoil-bhroig;
bráthair Buitléarach na saoith ghlain,
fuair gradam a's gairm ó'n rígh ceart.



Caoin bhráthair d'fhuil táidhte gaoidheal tu,
mac Thomáis, an buingeán, ó'n g-caoin lios;
mo dhiombádh ná raibh lámh 'san ngníomh leat,
go m-beidh fuil na ruith ó chroidhe an t-sruith.



Ba chóir dam, dá m'eól dam, do chaoine,
a chómhguis, a chomhdhalta, 'sa dhíograis;
do bhíos go h-óg ad chómhair ar aoin sgoil,
'sis brón liom tu ar feóchan fá líogaibh.



Ba tu an seabhac a nGaillte ar maoil cnoic,
ba tu an fiagaidhe fiannuigheach croidheamhuil;
ba tu an riaruidhe cliaruigheach taoisigh,
a's Phoenics fearainn do shleachta a's do shínsear.


L. 217


Ba tu an t-íonsuighe d'fhuasgladh fíor-bhoicht,
ba tu an leóghan go tréan a g-coimheasgair,
ba tu an chéad athach fearainn is fíora,
a's ba tu an charaid do'n eaglais fhíre!



Mo dhian-chreach a fhiall-fhlaith nár bh'ísioll,
'sa ngleó na lann nár bh-fann do naímhde;
a d-táinidh riamh dá m-biadh ar maoil-chnoic,
lámh ar láimh go bh-faghadh a n-díthcheann.



Adhbhar mo cháis an tráth nuair smuaingim,
feabhas do cháilsi 's tásg do ghníomhartha;
mar táir a Luimneach druidte ód' dhaoinibh,
a g-cómhrainn fá chóta do líog-ghlais!



Gan gáir cliar ag triall ad thimchioll,
gan gáir éigsi ag déanamh grinn duit;
gan gáir ceoil ad chomhair le laoithibh,
acht gáir clog ad chlos gach n-oidhche!



Os é an t-éag is déanach críche,
do chlann Adhaimh ársadh 's Eabha,
guidhim an t-athair an leanbh 'san naoimh sprid,
guidhe na n-apstal fuair gairm ó Íosa!



Muire 'sna h-aingill go dearbh ag guidhe leat,
guidhe na naomh go léir le díoghrais;
do bhreith tanma a sealbh na soillse,
suas go cathair-phuirt fhlaithis an rígh ghil.



An Feart Laoi.



Is oirdhearc do thoircheas fád' choim a leac,
Borb bhile cosantach ceart-shaoi 'gus flaith;
Do chosamhlacht níor bh-follus dam a g-críochaibh Airt,
Donnchadh geal-bhronnathach, mo dhíth, mac Craith!


L. 218


B 1860 19L
U Anaithnid



An Duine Bhocht uasal ag iarraidh deirce.



Go m-beannuighe Dia agus Muire agus Pádruig, Rígh an Domhnadh, mná
na g-ceannuighthe, agus dhá cheann Chorcuighe dhuit, a ingíon an
deaghathar le togha máthar, - riamh nár cáineadh, - a d-tigh an
tábhairne, - 'sgo madh buan a mhairfirse - a seilbh na h-áite.



Cionnus tá tú a bhean aluinn? Dar na mionnadh tá tú go maith mar ba
dhual agus ba dhúthchas duit a bheith. Cionnus tá Diarmuid 'ná an
chlann? Táid go biadhmhar teann, - a's maith ó Dhia na cheann.


L. 219


A seadh, a bhean mhaith an tíghe, - 'sa rúin dhil mo chroidhe. Ag so, "Cam-
chuaird", "Cuireadh gan iarraidh", "Fada go d-táinig", "Eadan meirgeach",
"Siúbhal go deireannach", "Dalta na duibhe", agus "Cúl le h-ágha", tháinig
dod' fhéachuint, - le núadh-sgéala, - 's má áil le Dia é, - is maith an t-
ionad do féin é, - is maith chéanna, - a mhala na míne, - is tú síol na
saoithe, - 's mharcshluagh an fhíona, - 's mhaithibh na tíre, -
do bhéarfair uait ó chroidhe é, - le deigh-inntinn.



Focheann Dia gan oiread na déirce so do spréidh sgaoilteach, - do éag
daoine, - ná bualadh bas, - ná sile rosg, - ná lomadh láithríghe, - ná rith
teine gan teasargan, - ná biadh otharra, - ná tórramha, - ná éag daoine, - ná
cróchar, - d'imtheacht ort féin ná air aon duine is duine dhuit, - ó nocht
go bliaghuin ó nocht, - ná ó nocht féin, agus déin an déirc ar an b-páiste
bocht, - gan garruidhe gan gort, - gan snáithe ar a chorp - ná fós píosa h-ocht,
- iona phócadh beag a nocht, - dá bh-fuair athair bás lá cruaidh fuar
earraig, - agus dár báthadh a mháthair a d-tor mór aitinn, - míle milleón
moladh, glóire, onóir, agus buidheachas le Dia, Deo Gratias!



Mac do Chaitríona de Nais agus do Sheághan bhocht O'Mhurchúghadh,
ó Thobar Rígh an Domhnadh, agus ó bhéal Croise Fírinne mise, mar
a ngeabhadh me na h-ocht nglan turais déag do diagha ar chroidhe
mo dhá dheárnann, gus ar sgathán mo dhá ghlún shíos ar shráid na
m-biorránach a


L. 220


bh-fiaghnuise an Athar Seághan Tóibín, ar cheartlár Phortláirge
astig; agus bídheach sé fá bhrághaid anma mo thime, agus cuir rómhad
an t-aon chrochaire amháin cruadh ruadh leithphinge sin ag raince
shíos ar urlár do phóicín. O ró déin, agus go seirbhidhe Dia dhuit,
- 'sgo n-eirgídh grian ort, - 'sgo madh ramhar geal a rachas biadh
dhuit.



Ná gabh leithsgéal liom anois, ná bídheach an t-eatach agam le
fághail uait a dhalta do mháthar, agus fhios agad féin gur ab olc an
earradh an bhréag; ar an adhbhar go lobhann sí an fhiacuil - go
m-bréanann sí an anál, - agus go m-beireann sí an tanam bocht léi
síos go fíor-íochtar iffrinn dá phianadh an feadh bheidheas Dia ag
caitheamh na glóire. Dá bhrígh sin, a inghíon óg, tuig féin a
liadhacht sgríob ó dhris, - snuidhim ó chloich, agus madra geárr,
sgallaoideach, do chuireasa dhíom ag teacht ag iarraidh na déirce so
ortsa mar nach tabharfádh dam í, agus do bhéarfair chéanna, agus ní
h-é amháin, - le h-anam do charad, - tá le cian a d-talamh,
cuimhneadh féin an uair a bheidheas an bhreith dá breith, - agus an
tanam dá mheadhchann ag Micheal naomhtha áircaingioll, agus na
cheithre feara fithchiod na seasamh ar dhóirse iffrinn; agus crúcaoi
móra cama, agus úird mor gabhann a láimh gach n-duine aco. Uch! mo
léan! is déirc leat mo bheannachtsa bheith agad an uair úd ad
fhuasgailt suas go flaitheas mór na naomh; dá bhrígh sin, féach go
taiseach, truaighmhéilioch, ar an duine uasal bocht ag feithiomh ar do
ghrása.



A g-cluineann tu leat me a bhean na coise míne gan speach? Críoch mhaith
agus cionn ort, - agus luighe tar eis mic ort, - agus éirgídh bhriosg ort,


L. 221


- dá iarraidh ar Dhia gan leanbh társna, - na easnadh bhrisde ionat; agus
éirgidh ad sheasamh, - a's nár fhaghadh tú treasgairt, - agus tabhair
chúgham trí chuid cáise, dhá chuid aráin, surlóin mairtfheóla rósda, urchar
do phíosa trí sgillinge, pic chruith-neachta, céad imeadh, agus cloch
ollainne; agus sgaoil me uait lá geárr géimhridh.



Féach so, a bhean an tíghe. Peacuighe síol Adhaimh ar m'anam muna
ngeabhadh me na cúig nglan turais timchioll na g-cúig nglan altóiríghe tá a
g-Cill Chriadh, trí seachtmhuine ó'n g-ceadaoin so chúghainn, éadhon, má tá
sé a n-dán dam go d-tabharfadh m'aghaidh soir ó dheas ar Bhaile
Mhúirne na mór-chomhachta, agus éirgidh ad sheasamh a mhaighdean
mhaiseach, agus cuir romhat an déirc dhaonnachtach a moich-éirgidh
an luain, - a n-deanuighe an t-sathairnn, - a g-craos na colna, -
agus a n-annmhian na b-peacuighe, roimh bhualadh na n-úird, -
a's sgréachadh na n-diabhal ag cómh-thuargann an daor-pheacaig go
mallaighthe, dian, dána, dorruighe.



A bheinín bhanamhuil do'n phór dathamhuil, an uair nach bh-fuil dúil
agad an déirc so do thabhairt uait go fonnmhar, sgaoil do chailín
caoin cneasda liom; agus socaróchadh mé na seacht máluighe uirre dár
ab ainim "mála an toill", "mála an t-slingeáin", "mála an tiarpáin",
"an piucaire", "an pacaire", agus "an mhealbhóg mhór", na "seacht
d-teachtairíghe", cóta


L. 222


caith-iseach, dathannach, preabánach; agus fallaing fhada mar fhéirín - crios,
sgian, agus cainnín; go madh dóith léi go m-biadh airgiod croise dhá
bhualadh dhi ann gach baile margadh ar feadh na h-Eirionn.



Is é críoch an sgéil - ní bh-fuair mar dhéirc - acht
clabaireacht béil - go n-dúbhairt sé léi:




A chrón-chaile, dhóid-smeartha, mhínáirach,
is dóith leat gur chóir dhuit bheith béal-láidir,
ní cóir, 's dar n-dóith dá m'éadáil liom,
do gheabhainn ort do dhóirne go plaosgánta.



A chaile an toill uaithne ghruamadh ghortach,
do shliocht rácuim 's cnáibe do chasa,
muna sguirfeadh tú dod' theangadh go tapa,
rúsga mé do bhéal le bata.



Do bhí triur ban - ba nár an sgéal é,
ag gabháil dá sála am mhása gan traochadh,
do chuireas a n-dán a g-cáil 'sa d-tréighthe,
's mé bocht cráidhte gan fághail ar aonrad.



Ní h-íonmhuin liom beagán teine luath-fhuar,
ná lusgaire caillíghe le ceisniomh mór'
ná bean óg bhradach mhínáireach,
na bean tíghe gan allus, gan náire.



Ni ait liom cailín ríghin, salach,
gorgach, gruama, buartha, bradach.



. . . . .




L. 223


Ní ait liom cam-shloid caillíghe canránach ar a
crom-ruathar,
dá bh-fuil srón chúmhang cham-chíocrach, 's beal diabluighe plasgánach,
Iomlán d'fhiacladh bun-óghra bár-dhearga idir a dhá drandal
mala chlúmhach, pus ramhar, mór-mhanntach
go dearbhtha dibhsi is seacht measa í, ná mar bhí a tuairisg.



Ní ait liom muc mná, na craobhán, ná cág shráide caol-spágach a leabuin,
ní ait liom ruidín futhalach, fathalach, fáith-leógach,
mór-chíocrach, liobarnach, plubarnach, sgréachógach,
dá m-biadh bun-rígh ramhar, méaduil tanuidhe lom,
agus toll sliogánach gorm.



Ní ait liom bean fhionn chalaoiseach chleasach,
ná fós bean ruadh mhailíseach mheangach,
bíon bean ruadh mar chuach idir dhá sgairt,
agus bean bhán, dar mo láimh, ní maith a rún ná searc,
is amhlaidh bhíos an bhean donn mar rós a g-copán geal,
's an bhean dhubh mar chrónánach sean.




Dob'ait liom cailín mín méinneamhuil - caoin céilleamhuil, - óg aontúmhail
- lán do réasún - deigh-bhídhe, deigh-thíghe, deighmhúinte; suirgheach,
súgach, milis cúbhartha éadalach; aghnáireach, séimhghreannach; agus ógánach
glúnláidir mionn-áluinn, caol-mhailígheach, séimh-ráidhteach, glas-
shúileach, bog úrlach, bior-shrónach; lúithnídhe maithe cos, agus brannraoi
breágh brághad; an dís sin a bheith pósda aga cheile - an tógánach agus an
óg-mhnaoi chéadna.


L. 224



Ranna Eagnuidhe.



Dhá d-trian galair an oidhche,
Dha d-trian baoise ag an óige;
Dhá d-trian sainte ag lucht saidhbhris,
A's dhá d-trian cainte ag lucht póite.



Dhá d-trian gaoithe a g-crannaibh,
Dhá d-trian sneachta ar shléibhtibh;
Dhá d-trian uisge ar mhóintibh,
A's dhá d-trian córach ag lucht céille,



Aithníghthear ar thorthaibh na g-crann,
Uaisleacht na b-préamh ó bh-fásaid;
Gach géag leis an ngéag ó d-tig,
Ag dul leis an d-tréad ó d-táinig.



Is mairg agá m-bhídh caraid ghann,
'Sis mairg aga m-bídh clann nach maith;
Is mairg agá m-bídh bothán bocht,
'Sis mairg do bhíon gan olc nó mhaith!



Is glic do réir an t-seanchadh,
Gach naon a thachtus a bhriathra;
d'eagla na n-dán-fhocal,
Is binn béal ó bheith iadhta.



Líonadh a n-ionad an fholmhuighthe,
Ba leór do chothram ó Íosa;
Do bheir Dia do chroidhe gan dochma,
Nídh na dhorn nach sílean.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services