Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Minstrelsy II

Title
Irish Minstrelsy II
Compiler/Editor
Hardiman, James
Composition Date
1831
Publisher
(Londain: Joseph Robins, 1831)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eire agus Righ Seumas.



Eire. - Cia sin amuich? - Séamas Tá Séumas faoí
shioc,
Gan éadach ná cuid na h-oídhche.
Eire. - Mo léun-ghoirt-si sin! a chéad-shearc gan sibh,
A réim-cheirt ag scrios do naímhde; -
Acht daoradh na Scoit 's mar traochadh a d-truip,
A's gur céusadh an fuireann dílis,
d'fúig mé 'nois gan suilt, gan chléirich, gan chloig,
Ná caomh-chruit ag seinneadh laoíthe.



Seam. - A cheíle gan bhinib, budh éigean damh rith
Go h-éasga ó iomad bíodhbhadh; -
Mar do chlaonadar cuid, 's do thréigeadar mé,
'S am aénar gan fuireann bhídheas-sa. -
Gídh Phénics tu bh-fuirm, glégheal mar lil,
'S do bhéul-sa mar mhil na bh-fírm-bheach
Ní'l éifeacht annsin, 's a'tréud-so tá stigh
Níos tréine 'ná sinne a ccoímheascar.


L. 12


Eire. - A thréun-dair 's a chumainn, ná tréig-si do mheisneach,
Gídh shéunadar cuid de'd bhuídheann thú,
Beidh an t-é rinne an chruinne, taobh leat a'd choimirc
O bhaeghal a's ó bhroid do naímhde; -
Beidh faébhar agus fuil, beidh éirleach a's teinidh,
Air chraosmhuir ag teacht a'd choímhdeacht
Ag Clément 's ag Philib a's Naples gan time
A'd chaomhnadh 's a'd choimirc choídhche.



Seam. - Géilim gur tú, mo chéile a's mo chuid,
'S a'd éugmais go bh-fuilim claoídhte
'S gach tréun-churadh a ngoil, do traochadh air muir,
'S do céusadh le comann díleas,
Chum mé agus tú, ar g-cléir a's ar g-cloig,
'S gach laoch mear de chineadh Mhíleadh,
Bheith 'na n-aol-bhroig gan time, ag pléireacht 's ag
seinneadh,
Caol-chruit le milis laoíthe.



Eire. - Ní'l baéghal ort anois, ta aon-mhac na cruinne
'S ar naomh-bhroingeal mhilis taoibh leat;


L. 14


Réidhfid gach broid, a's géibheann ionn a bh-fuil,
A's gléusfaid air muir na mílte;
Beidh saér-chlanna Scoit, - Gaoidhil bhocht air inneal
Go faehbhrach, fuilteach, fíochmhar,
Go séidfid tar sruth, na bréan-toirc le broid,
Gan éadach ná cuid na h-oídhche.


L. 16


Tuireadh air bhas mhna an
dara Righe Seumais.



O'Neachtain ró chan.



Fáth éugnach mo dheór, d'fáig Gaodhlaibh fá cheóidh,
Bean riartha na n-iarrthach, scáth dhiadha, cheart, chóir,
Flaith fialmhar na seód, creach fhianach na n-óg,
Gan bhíodhgadh fá líogadh, m'fháth caoínte go deóigh!



Air lí ghlan an óir, tá a dlaoídh tais, cas cóir,
A braoídhthe go díreach, air aon dath 'sa rós,
Bhídh caor ann a beól, gan chlaonadh ann a clódh,
Acht míne agus caoíne, gan staonadh do stródh.



A séimh-chorp ba tais, mar ghéis air a' n-eas,
Ba ghléigiol a géuga, a méur a's a bas,
Gan bhéim air a snas, a h-éadan ná'r chas,
Gur sháruigh a sála, 's a trácht do ba deas.


L. 18


So an Mháire ba mhó, d'á d-táinigh go fóil,
Acht Máire a's Máire, agus Máire nó dhó; -
So an Mháire gan ghó, rinne bás do na beódhaibh,
An Rígh-bhean mar d'íoc-súd, a chíos leis an g-cró.



Fraéch Shéumais ba mhó 'ná Caésar na slógh,
An Rígh-fhlaith ba naomhtha, ís budh dílse do'n Roímh. -
'Measg naomh agus ógh, tá'n dís so budh gnódh,
Sliocht Mhíleadh go h-ísioll, fá dhaoírse 'n a n-deóigh.



Bíodh fuath agus ár, gan fuascailt 'n a n-dáil,
Ag dian-scrios na n-daoíne, d'ár mhíongas a m-bás
A d-tuairisg 's a g-cáil, tá, luaidhte ann gach árd,
A g-caoíneas, a g-críonacht, 's a n-daondhacht do
dháimh.



Ní'l talamh, ní'l tír, d'ár thaisdiol an ghrian,
Nach líonta gan fuígheallach, d'á d-teasdas araon;
Mo mhallacht do shíor, agus mallacht na naoimh,
Do'n díne do dhíbir, á' bh-flaitheas an dís!


L. 20


Fá theimhioll, fá cheóidh, tá an spéir ann san ló,
Mná-síghe atá caoíneádh, gan sgíth air a m-brón,
Tá an t-aosda tá an t-óg, fá chlaoídhteacht a ngleóidh,
O d'íoc-sud an Rígh-bhean, a chíos leis an g-cródh!



'Slag géimneach na m-bó, air léana ní'l feór,
Na h-éin air na géugaibh, tá n-éugmais a g-ceóil,
Ní'l éisg air an ló, ní'l léim ag an eó,
O d'íoc-súd an Rígh-bhean, a chíos leis an g-cródh!



Táid gaodhlaibh gan treóir, do'n taobh-so de'n ghó,
Ann Síor-bhroid, a n-daoírsi, mo chnaoídhteacht, mo scleóidh!
Tá traochadh air mo shógh, ta sgíos air mo sceódh,
Ann sna ciantaibh mar a chídhthear, air díbirt an fó!



Is tearc ádhbhar is mó, 'ná ádhbhar na n-gleóidh,
Sgéul cráidhte do thárlaigh, 's an áit-so go nuadh
Tá gártha ann gach ó, tá a g-cáirdeas do'n Róimh,
Na Spáinne mar fágbhadh, léir-bháidhte, mo dhóith!


L. 22


Ní'l tádhbhacht ann mo bhlór, 's ní fháigfead mo dhóich,
Na grása táid láidir, a's an t-árd-athair beóidh,
Léir-bháidhte ann sa n-gó, neart Pharaóh na m-bró,
'S rug Maoíse gan díth leis, 's a dhaoíne gan clódhadh!



A ríogh-fhlaith cheirt, chóir, rug Maoíse as a' d-tóir,
Na Gaodhail atá taoíbh leat, tráth dídeann a's fóir,
Scuir díomas as spleóid, luchd chraoísach na m-bód,
Do dhíbir go mí-cheart, ár n-daoíne 's ár nóith!


L. 24


Cliodhna na Carraige.



Uilliam dall ró chan.



Air ghuth Stáca an Mhargaidh.



Sealad aréir a g-céin chois leasa dhamh,
Ag déanadh leanna-duibh faén air easbaidh neirt,
O ró! faoí sgamallaibh bróin!
Do dhearcas le'm thaobh cé caéch gan amharc me,
Sbéir-bhean mheasardha, bhéul-tais, bhanamhuil,
O ró! budh thaithneamhach snódh!
Budh dhaithte, tiugh, Dréimreach, néamhrach, camarsach,
Bachalach, slaédach, péurlach, cathaiseach,
Craébhach, casta, dubh, gan chéim a carnn-fhoilt
Léi 'n a m-beartaibh ag téacht air baille-chrith
O ró! go talamh 'n a deóigh!


L. 26


Do b'inniollta, saébh-ghlan, réidh ó phailiris,
Saér ó fhad-thuirse air theúd do spreagadh Poirt,
O ró! re gliocas a meór!
Do sgríobhfadh le caél-pheann néata air mheamram
Laoíthe blasda agus dréuchda seanchais,
O ró! go soilbhir, sóghach!
A binne-ghuth caémh, 's a béul gan dearmad,
A n-dlighthibh na n-éigs 's í léughadh na startha suilt
Gaédhailge ag aithris sgéul na bh-feara-chon
Air thígheacht na n-dragan faoí réim go Banba,
O ró! a m-barcaibh na slógh!



Bhídh lasadh na g-caér 'n a gnéidh mar eala air sruith,
Sgaéthe an t-sneachta go treún a n-deargan,
O ró! 'n a leacain gan cheódh
'S a mala budh chaél air a h-eadain leanbach,
Léir-ghlan, gheanamhuil, mhaérdha, mhaiseamhuil,
O ró! budh chalma clódh!
Budh chealgach, faébhrach, gaéthe a ramhar-rosg,
Ag caitheamh na saéighead tre'm thaébh a' n-eachrann,
Le na h-aél-chrobh leabhair is néata tharraingfeadh,
Faél-choin, marcaich, a's laéch-mear fairge
O ró! air leathan-bhrat sróil!


L. 28


Aithris damh féin, le d'aén-toil aitchim ort,
Cread é an fearann fá'n n-gréin ar ghabhais chúcainn,
O ró! no ar casadh tú am chóir?
No an tu-sa an bhean shéimh an Traédh le'r treasgradh
Faén na feara-choin éuchtmhar', acmhaingeach',
O ro! do cailleadh 's an n-gleoídh?
Nó an bhroingeal d'á n-glaédhthar Déirdre mhaiseamhuil,
Le'r cailleádh a g-céin na tréun-fhir chalma?
Nó Céirnit mheasardha tré n-ar ceapadh
Le céill air gheala-shruith, iar d-téacht ó Albain,
O ró! chuir muillte air seól?



Budh bhanamhuil, míonla, caoín, tais, carthannach,
A laoíthe cneasda, gan mhaíll ag freagairt damh,
O ró! le labharthaibh a beóil:
Is dearbh ar sí nach díobh súd d'fhiosrais,
Fíor gídh mheasaim gur brígh do sheanchas,
O ró! air ghaisge na d-treón:
Acht is me-si Clíodhna ó thaoíbh na carraige,
Do casadh ad líon ag ínnsin startha dhuit; -
Líontar beatha-uisge, díogaidh barraille,
An phíob le meanmain bíodh ad ghlacaibh-si,
O ró! d'á spreagadh gan cheóidh!


L. 30


As gídh mustarach, árd sliochd Mhártain mhalluighthe,
'G á rádh le sealad gur fágbhadh Carolus
O ró! faoí leacaibh ag dreóghadh!
'S é chluinim ag dáimh a's ag fáighibh air leasaibh cnoic
An trath do gairmthear spás chum sealad suilt
O ró! gur chanadar gó:
Is cumasach, cáigeamhuil air raib d'fuil Chaisil cheirt,
Ag druideadh gach lá le clár geal Banban
Is feárr mar mheasaim 'ná Staca an Mhargaidh,
Is tláith bheidh Galla-phoic Sheághain chealgaich,
O ró! d'a leagadh 's an n-gleóidh!



Biadh aithfrionn árd de ghnáith ag eaglais
Cháidh, an t-seanchais, ghrádhmhair, gheanmnaich
O ró! do leanbh na h-óg!
A's startha gan cháimh 'na dheáigh sin agaibh-si,
Air chlár an tabhairne, ag trághadh gach barraille,
O ró! le fairsinge ceóil!
Seinnidh go sámh, gan sgáth roimh Ghalla-phoic,
Ag seinneadh gach dáin, gídh tláith le sealad sibh,
Ta bhur b-Patent le fághail gan dearmad,
Is feárr le taisgidh gan sgáth gan eagla,
O ró! sin deireadh le'm sgeól!


L. 32


Duain na Saoirse.



Aindrias Mac Craith ró chan.



Air ghuth "Eire mo mhúirnín slán leat go bráth."



Is fada mé a g-cúmhaidh gan tnúth le téurma,
Go dúbh-chroídheach, tréith-lag, tláith, gan treóir;
A'm bhascadh ag búir 's a'm bhrúghadh ag baothlaich,
A lúib lom sléibhe faoí bhrácadh an bhróin;
Gan charaid a'm chabhair acht Donn 's a ghaolta,
Do bheartuigh air d-túis damh túirling taebh leis,
Go n-aithriseadh dúinn gach rúin budh léir do,
Le dúil greínn, sgléipe a's gáirdeas ceóil,



D' aithris air d-túis dúinn cúis na saor-fhlaith,
Gan fiú suím gnéidh 'gus fáth a n-gleóidh
A's gur gairid beidh búir a n-dúthcas Fhéidhlim,
A's crú chaoín Eibhir táir gan treóir. -


L. 34


Tá Carolus lonn 's a chabhlach gléusta
Ag tarraing tar abhainn le cabhair d'ár saoradh,
'S ní mhaithfidh se bonn do chlann Lútéruis,
'S beidh fogha Gaoídhil tréun gan tlás 's an tóir.



Feasda beidh greann le fonn ag éigsibh,
A's tiúin bhínn gléusta ag dáimh an cheóil,
Beidh cantain a d-Teamhair fa shamhain ag saor-fhlaith,
As togha slíghe ag cléir le fághail ó'm leóghan,
Beidh cealla agus úird gan chúinse ag Papists,
Beidh easbairt dia-domhnaich a d-teampoill Eirean,
Beidh scaipeadh agus scannradh air chomplucht éigin,
'S as súbhach, sítheach gaoidhil go bráth 'n a dheóigh.



Sin agad ó thúis gach rún ba mhéinn liom,
A's meamhruigh féin do chách mo sceól,
Tigeadh gach crobhaire a g-cobhair le Searlas
Cuímhnigh an conradh réub go claon ar namhaid
Sin agaibh an tan a's gabhaidh le chéile,
Preabaidh le fonn a's pleanncaidh méith-phoic,
Leanaidh an fogha áir dhroing ann éithich,
'S ná hiompoígheadh aén le scáth, ó'n n-gleóidh.


L. 36


Suil Cabhrach Eireann.



Air maidin gacha luain, bídhim air mearbhall suain,
'S mé ag amharc uaim air na maol-chnoic,
Mar nach clúinim an uaill, ag tarraing chum cuain,
Ná lámhach gunnaídhe-mór a m-Bínn Eadair; -
Muna d-tagad síbh go luath, beidh ar namhuid-ne go buan,
A ngradam ró mhór a' n-Eirinn.
'S beidh clanna fir go fuar, fliuch, ag obair faoí dhualgas,
'S a Mhuire nach truaigh súd Gaodhail bhocht'.



Is fada sinn ag súil libh, 'n ár g-codla 's 'n ár n-dúsgadh,
Sibh-si theacht chúgainn go h-Eirinn,
An ghasraidh lúthmhar, do ghlanfadh an smúit dhínn,
A's an t-sean-chulaith chúmhaidh tá air Ghaedhil bhocht'; -


L. 38


Dá bh-feicfeamaoís bhur g-congnadh, ag treascradh na g-cúl-phoc,
Agus Carolus a d-tús na scléipe;
Bhiadh allamhar trúpmhar, ag seinneadh galltrómpa
Air shliabh na m-ban bh-fionn 's air chnoc greíne.



'S dá d-tagadh sibh-se chúgainne, ní theibfeadh ar g-cóngnadh,
Bhiadh feara na dúithche ann a léine;
Bh-fuil o Dhaingean uí Chúis, go cilldaraich an chúrsá,
Bhiadh Conacht agus cóige Uladh ag éiliomh; -
Bhiadh tuilleadh fós nach dúbhras, ag tarraing tar triúch chughainn,
Go lannamhar, lúthmhar, éudtrom,
Buain allais as an g-cuanfhuirt, do lagaidh ar g-congnadh,
'S beidh Donchadh agus Una ag á cheíle.



Dá n-gabhadh clanna Néill, a sciath a's a g-cloídheamh,
Agus prionnsa na n-Gaodhal Mac Cárthaich,
Bhiadh O'Suilliobháin Bhéara, ag tarraing go tréun chúgainn,
Agus Mac-con-Mara ná'r thréig riamh a cháirde; -


L. 40


Beidh O'Murchaidh laíghean, d'á ghreadadh go bínn,
Mac Amhálgha agus oíghre na Bláirne,
Beidh an chleach ag Sadhbh, a's ann a bárr a bheidheas saíghiott,
Beidh ar namhaid agus aghaidh a b-poíll a n-áirde.



Foíllseóchaidh Gearróitt, agus déanfaidh se cullóid,
Gídh gur fada é a b-Piollóir na druídheachta; -
Biadh ar scéul-ne corcóir, 'n Eirinn ag boicht fós,
Agus crochfaidhear a bh-fuil beódh dhe'n t-síol úd; -
Gheabhaidh siad lom-ghleódh, 'n íochdar gan fonn spóirt,
'N ionad gach sógh dobhídh aca,
Gan chóiste, gan chronóig, gan fhíon, gan mhairt-fheóil,
Agus guídhídh le'm sceól gabhail thímchioll.


L. 42


Uaill-Chumhaidh na n-gaedhal.



Brónach fuireann críce Chuinn!
Deaghladh an fhuinn mhín, glain, mhaéth: -
Mar táid tréunaibh le truaidh,
Athruíghe uainn dlíghe Dé.



Le plantásion triallaidh siad,
Guidhmuid Dia dhuinn go d-tí,
Mar thug le míorbhaile mór,
Iónas beódh as bhroínn an mhíl.



Naoídh 's a chlann ó'n n-dílinn n-doímhinn,
O thoínn go toínn bliadhain beódh; -
O'n phlantásion saérfaidh sé,
A n-guídhe Dé atá ar n-dóich.


L. 44


Clann h-Isráeil líon a sluaigh,
Gan ghráin gan ghuais dothug sé,
O'n muir robhartaich, ruaidh;
Béarfam-ne buadh de dheóin Dé.



Creideamh daingeann, dóthchus a's grádh,
Lean do ghnáith guídhe an ríghe,
Iób air fhoíghid is sé fuair,
Furtacht do ghluais ó fhlaitheas Dé.



Fuair Longínus 'g a mhó mairg,
Aghaidh do cháilg croídhe an Ríghe,
Le hiomad grás a's déur
Dofuair féin ar son a ghníomh.



Dogheabham go bríoghmhar, buan
O rígh na n-dúl do cheannaigh chlann,
Fearann saidhbhir, suathain, saér,
Gan chíos dhaor na síneadh sreang.



Fada sin rómpa 'n a rún,
Bagar bhuan d'ár g-cur ó ar bh-fód;
Mar liaigheas Lásarus gan léun,
Scaoílfidh go réidh sinn ó bhrón.


L. 46


Tarngaireacht Dhoinn Fhirinnigh.



Aogan O'Raghallaigh ró chan.



An truagh libh na faélchoin an éithigh 's an fheill duibh,
Ag ruagairt na cléire a's d'á léir chur fá dhaoírsi?
Monuar-sa! go tréith-lag mac Shéarluis ba rígh aguinn,
Ann uaigh curtha a n-aonar 's a shaér-dhalta air díbirt!



Is truailligthe, claonmhar 's is tréason do'n droing oilc,
Cruadh-mhionna bréige fá shéula a's fá scríbhinn,
'G á m-bualadh re béulaibh ar g-cléire a's ar saoíthi,
'S ná'r dhual do chlainn Shéamuis c'róinn shaor na d-trí
rioghachta.


L. 48


Stadfaidh an tóirneach le fóirneart na gréine,
A's scaipfidh an ceodh-so de phór-shleachtaibh Eibhir;
An t-Impire beidh deórach a's Flóndrus faoí dhaorsmacht,
'S an Brícléir go móbrach ann seómra rígh Sémuis.



Beidh Eire go súgach 's a dúnta go h-aédh'rach,
A's Gaédheilg 'g á scrúdadh 'n a múraibh ag éigsibh; -
Béurla na m-búir n-dubh go cúthail faoí néulltaibh,
A's Séamas 'n a chuirt ghil ag tabhairt cúnganta do Ghaodhlaibh.



Beidh an bíobla sin Lúiteir 's a dhúibh-theagasg éithigh,
'S an bhuídhean so tá cionntach nach úmhluígheann do'n g-cléir
chirt,
'G á n-díbirt tar triúchaibh go Neuu-land ó Eirinn;
An Laoíseach 's a Prionnsa beidh cúirt aca a's aénach!


L. 50


Seaghan Buidhe.



M'fhadthuirse thraochda na feara-choin aosda,
Air lannaibh budh léir a's air lámhach saíghiott,
Do ghlanfadh as Eirinn mar Dhainfhir na méirlich,
'S ar m-bailte do shaoradh ó árd-chíos:
Dá mairfeadh na Féinne 's ar n-arm bheith seúnmhar,
Ar ngairm budh tréunmhar ag tracht síos,
'S as mairg do bhéurfadh leas-ainm air Shéurlas
Go m-bainfeadh a réim cheart de Sheághan Buídhe.



Do cáilleadh le tréimhse ar g-cealla lé chéile,
O d'easgair na faol-choin a bh-Fáil-chríoch, -
Do leagadar laochra chum catha budh thréine, -
Ní'l acht creachadh agus céusadh agus crádh croídhe;
Is árd atá an Béurla 's gan tapaidh 's an n-gaodhailge,
Is balbh ar n-Eigsi ag gnáth-chaoídh,
Go d-tagadh lá éigin tar fairge Séurlas,
Do bhainfeas a réim-cheart de Sheághan Bhuídhe.


L. 52


Mar theangmhaidh is méala, tar calaich gur bh'éigean
Do'n b-fharaire thréightheach-so sáthadh arís,
Le cealg 's le claonadh na h-aicme nach déarfad
Thug Banbha déurach mar tá sí:
Aitchim a's éighmhim air athair an aén-mheic,
Gídh athair gach aen-neich an t-Ard-rígh,
Go g-casadh ar Séurlas 's an Bhanbha go gléusda,
Do bhainfeas a réim-cheart de Sheághan Bhuídhe.


L. 54


Sile nui 'Ghadhra.



'S é deir Dómhnall O'Mórdha, a's é air árd Leasa-gréine,
Gur fada tá an óig-bhean, gan pósadh le Séurlas,
O milleadh, ó leónadh, ó seóladh, tar tréun-mhuir,
Na feara-choin chródha, dhe chóir-sliochd Mhilésiuis,
Lasfamaoíd tóirseadha, a dhóighfeas an saoghal!
Agus bainfeamaoíd tóirneach, as chrón-phoic le faobhar;
Glanfam Clár Fódhla, ó na Cóbaich go léir,
Beidh slóighte air na bóithribh, go módhmharach,
meadharach,
Ag triall chum do phósda-sa, a Shíle ní Ghadhra.


L. 56


Sin teachtaire tráthamhail, gan spás chum an Maioir,
Go scríobhfad go fáith-ghlic, chum árdaibh na h-Eirean;
Gach filidh, gach fáigh glic, gach sár-fhear d'á thréineacht,
Bheith bailighthe an lá úd, air árd Leasa-gréine; -
Punch is fíon croidhearg, d'a thaoscadh mar shaíghiott,
Drumadha d'á b-pléuscadh, d'á ngréasada chum síege;
Seúrlas ceannféadhna bh-fear Eirean gan mhaíll,
Mac Ui'bhriain Ara, go calma meadharach
Ag triall chum do phósda-sa, a Shíle ní Ghadhra.



Ar luachann a grádh-geal, go h-áluinn le Síle,
Chualadh a gáire, air árd na d-trí ríoghacta; -
Chualadh 's an Spáinn í, le h-áthas d'á ínnsin,
Chualadh san iottáil í, 'gus air árd bhailte laoísich,
Chualadh í n-Eirinn, le féile d'á mhuídheamh,
Go g-cuirfídhe na Gaodhail bhocht', 'na réim-cheart arís,
Nach biadh Sí na straédh bhocht, idir mhéirlich mar bhídh,
Go d-traéchadh sí Galla, an aicme gan bhéusa,
'S go b-pósfadh sí a cara, le dlígh cheart na Cléire.


L. 58


Ciab'é chídhfeadh an sár-fhear, breágh, áluinn, an Maior,
Air ghillín ag ceáfradh, go stáitmhear chum scléipe,
Le n-a chloídheamh leathan, láidir, 'n a láimh-dheas a's faobhar
air,
Ag fuascailt na mná úd, 's dá grádhchann le Séurlas,
Ca bh-fuil tú a Sheurlais? ná dean-si aén mhaíll!
Díbir tar tréun-mhuir, go h-éascaidh na Gaíll,
Bain fuaim as gach bréan-phoc, a's séid suas an adharc;
Suas leis na ceóltaibh, go módhmharach meadhrach,
Ag triall chum do Phósda-sa, a Shile ní Ghadhra!



Tá fásach 'n a slaodáibh, air shleibhtibh 'sair mhaoíling,
Agus bínn-ghuth na n-éunlaith, air ghéugaibh 's a n-oídhche;
Le dian-theas na gréine, bídh' an chraobh glas 's an ngéimhreadh ann,
'S nach breágh deas tá Phoébhus, ag séideadh chuid soíllse.
Preabaidh a n-aéinfheacht, an méud-si Shíol m-Briain!
Leanaidh a chéile, agus féuchaidh bhur d-triath!
Machtnaigh air ghéur-ghoin, bhur g-céusadh le cian!
Shíol na bh-fear g-calma, leanaigh bhur léid-fhear!
Ag feóil-choscairt bodaich, as Fódhla†-chlár †Eibhir!


L. 60


A Shíle na g-comann ná fullaing mé b-pian,
Foír air mo ghlasaibh 's air mo dhanaid má fhéudair,
Ná foíghdigh me am stracadh eadar ghasraidh diabhal,
Mo shúil leis a g-comhnudhe, 's gan gnódh dhamh d'á iarradh.
Tá mo dhóich-sa le Peattar go scarrfar an bháb
Leis an leídhce-si, a dhealbh nach áit leis na mnáibh;
Má luadhadh leis mar chéile í ní'r réidhtigh sé a cás,
An Galla-phoc malluighthe stracfamaoíd a adharca,
A's cuirfeam bodaich chum sodair as Shíle ní Ghadhra.



Is mór an chúis éad' domh, gach lá 'n-uair a smuaíním
Air ghruagach neamh-bhéusach, neamh-aérach, neamh-aoíbhinn,
Gan shubhailce, gan thréighthe, gan fhéile gan chaoíneas,
Acht ag fuadach' mo chéile 'gus d'á h-éigean air choílltibh:
'S me an druídhe is óige 's is seine 's an d-tír,
'S mé phógfas an óig-bhean agus tiocfaidh sí línn,
'S í thógfas an smóit-si an tuirse dhe'm chroídhe,
An óigh mhilis, chiúin, táis mar a luaidhtear ag laoíseach,
Agus pósfadh mo chailín le cathaoír gan aoímhreas.


L. 62


'S é Cathaoír do b'feárr liom a thrácht liom 's an nídh úd,
Agus rígh geal na Spáinne a's a ghárda bheith a'm thímchioll,
'S é bhuaidhfeas gan dualgas le h-uaislibh na tíre,
Agus sinne, lá dúbhach é! ag búiribh d'ár g-coímheasgar:
Troidigh-si an mhéirleach nach féidir do chlaoídheadh,
Go d-tiocfaidh an Franncach 's a bhanntrachd thar toínn,
'Sé d'fágfas gan amhras iad go fann-lag gan bhrígh,
'N uair a thiocfaidh an dream úd go teann le n-a chéile
Beidh aithfreann cantaireacht a d-teampaill na h-Eirean.


L. 64


Grainne Mhaol.



Seághan Clárach ró chan.



A Shaoí ghlain de phríomh-sgoith na sár-fhear sáor!
Is bínn, snaoíghte laoíthe agus ráidhte séimh';
An aoíbhinn leat dibirt ar ná'id go léir,
'S an rígh ceart a luígheadh 'nois le Gráinne Mhaol?



Beidhid soíllsi agus teínte geal cnáimh ag Gaodhail,
A's fíonta d'á n-díogadh air clár le sgléip,
Beidh aoibhneas a's íntinn air dháimh, a's cléir,
Ag guídhe leis an rígh ceart 's le Gráinne Mhaol.



Tá Laoíseach go buídheanmhar tar saíle ag téacht,
Le díograis chum díoghaltais le gárda a's fao'ar,
Beídhid Saoíthe ar g-críche go bráth 'n a réim,
Ag díbirt a naimhde ó Ghráinne Mhaol.


L. 66


Chídhfear na mílte ó'n Spáinn go tréun,
Fíor-Scoit na tíre do crádhadh le pléid,
Fíllfid gan mhaíll chúgainn tar sáil' gan bhréig,
Ag coímhdeacht an Rígh cheirt a's Ghráinne Mhaoil.



Spreag d'íntinn, bíodh meadhair ort go láidir, léir;
Glac cloídheamh chúgad a's eírghidh, a ghráidh mo chléíbh!
Sgínnfid ó Highlands luchd bláth-bhóinéatt,
Agus sínfid an Rígh ceart le Gráinne Mhaol.



Tá an t-impire agus Laoíseach agus Papa Dé,
Ag tígheacht chúghainn go buídheanmhar 's an Spainneach séimh;
Beidhid sítheach feasda, muinteardha, páirteach réidh,
Leis an Stíobhart-so air slígh chúgainn 's le Gráinne Mhaol.



Beidh síor-ghul a's caoídh guirt a's gártha cléibh,
Ag fíor-bhodaich choídhche, 'gus ní cás liom é;
Stríocfaid go h-ísiol, go tláith 's go faon,
Do'n Stíobart do díbreadh 's do Ghraínne Mhaol.


L. 68


Biadhmaoíd-ne go fíontach a's go fáilteach, saor,
A's ar muintir go h-aoíbhinn gan cháin, 'san t-saoghal;
Beidhid gaoídhil bhocht go h-íntinneach lán de sgléip,
'S an Sgaoínsi clamh díbiortha ó Ghráinne Mhaol.



A dhalta dhil, chalma, ghrádhmhair, shéimh,
Mo theasdas air mhasgalach bhláith, gan bhéim,
Dá sracadh le sealad ag námhuid go claon,
Fá sgamaill ag agallamh Ghráinne Mhaol.



Beidh ceartas, beidh aiteas, beidh dáin, beidh sgléip,
Ag flathaibh ag freasdal do'n n-árd-rígh thréun,
Beidhid Galla 'n a g-ceathaibh d'á leagadh le pilléir,
A's beidh sealbh ag Carolus air Ghráinne Mhaol.


L. 70


Uaill-Chumhaidh Sheaghain Chlaraich.



Bídhim-se buan air buaidhirt gach ló,
Ag caoídh go cruaidh 's ag tuar na n-deór,
Mar díbreadh uaim an buachaill beódh,
'S nach ríomhthar tuairisg uaidh, mo bhrón!
'S é mo laoch, mo ghile mear,
'S é mo Chaésar toghadh na bh-fear;
Ní bh-fuaras féin aén t-suan air séun
O d'imthigh a g-céin mo ghile mear.



Ní h-aoíbhinn cuach budh shuairc air nóin,
Táid fír-chínn uaisle air uaigh an spóirt,
Táid saoíthe suadh a m-buaidhirt 's a m-brón
O díbreadh uaínn an buachaill beódh.
'Sé mo laoch, etc.


L. 72


Ni'l séis go suairc air chruadh-chruit ceóil,
Tá'n éigsí a ngruaim 's gan uaim na m-beól,
Táid béithe buan air buaidhirt gach ló
O díbhreadh uainn an buachaill beódh.
'S é ma laoch, etc.



Ní'r éirghidh Phoébus féin mar is cóir,
'S air a chaoín-chneas réidh tá daél-bhrat bróin,
Tá saébh air spéir a's spéirling mhór,
Faoí choíllte a g-céin mar d'éaloigh an leóghan.
'S é mo laoch, etc.



An marcach uasal, uaibhreach, óg,
Croídhe gan ghruaim is suairce snódh
Crobhaire luaimneach, luath a ngleóidh
Ag treasfradh sluagh 's ag ruagadh treón.
'S é mo laoch, etc.



Ba ghlas a shúil mhear, mhúirneach, mhódh'ail,
Mar leagann drúchda air chiúmhais an róis;
Mars a's Ciúsid go dlúith a g-cómhar,
A b-pearsainn úir 's a n-gnúis mo stór.
'S é mo laoch, etc.


L. 74


Is cas a chúl 's is cúrsach cóir,
Is dlaoídheach, dlúith, 's is búclach bórr,
Is péucach, fionn, air lonnraidh an óir,
O bhathas úr go cúm mo stór,
'S é mo laoch, etc.



Is cos'mhuil é le Aengus óg,
Le Lúghaidh mheic Céin na m-béimeann mór,
Le curadhaibh árda mheic Dáire an óir,
Taoíseach Eirean tréun air tóir,
'S é mo laoch, etc.



Le Connall Ceárnach do bheárnadh pórt,
Le Feargus† fiúdhantach, fionn †mheic Róigh,
Le conchubhar† cáidh †mheic Náis na nós,
Taoíseach aoíbhinn chraoíbhe an cheóil,
'S é mo laoch, etc.



Ní'r labhair an chuach go suairc um nóin,
'S ní bínn guth gadhar a g-coílltibh cnódh,
Air maidin samhraidh a ngleanntaibh ceóidh,
O d'imthigh uainn an buachaill beódh.
'S é mo laoch, etc.


L. 76


Ní inneósad féin cia h-é mo sdór,
Beidh ínnsin scéil tar éis go leór;
Acht guídhim-si aén-mhac Dé na g-cómhacht
Go bh-fillidh mo laoch gan bhaégal beódh,
'S é mo laoch mo ghile mear!
'S é cuis mo léin mo ghile mear!
Monuar go h-éug 'smo ruathar léin,
Mar do ruaigeadh a g-céin mo ghile mear!


L. 78


Ban-Chnoic Eirean Ogh.



Air ghuth "Uileacáin dhuíbh O!"



Is fairsing 's is fáilteach an áit do bheith a n-Eirinn;
Uileacán dubh O!
Mhar a m-bídheann torradh na sláinte a m-bárr na déise ann,
Uileacán dubh O!
Bídheann an mhil air an g-crann ann a ngleanntaibh ceóidh,
'S na sruthaibh is an t-samhra ann a g-ciumhais gach roíd,
Bidheann uisge 'n a shrúill ann a's drúchd um noín,
Air bhán-chnoic Eirean ógh.



Is bachallach, buacach, Dualach, Dréimneach,
Uileacán dubh O!
Gach faraire a ghluaiseas ó chuantaibh na h-Eirean,
Uileacán dubh O!


L. 80


Rachfad-sa air cuaird, má's buan mo shaoghal bheidheas,
Gruig talamh an t-suaircis mar ar dual do Ghaodhail bheith,
Do b'feárr liom 'ná bhur n-dualgas gidh mór le muidheamh, bheith
Air bhán-chnoic Eirean ógh.



Is tairbheach 's is mór iad cruachaibh na h-Eirean,
Uileacán dubh O!
Bidheann an t-ím a's an t-uachdar ag gluaiseacht 'n a slaoda ann,
Uileacán Dubh O!
Bidheann an biollar air an d-toínn ann a's samhadh bog sódh'ail,
A's na cuacha ag labhairt ann ó ló go ló,
'S an smóilín uasal is fuáim-bhinne ceól,
Air bhán-chnoic Eirean ógh.


L. 82


Ionarbadh Sheaghain Bhuidhe.



Eibhlín ní Chaoilte ró chan.



Stadaigh bhur n-géur-ghul a ghasraidh chaomhdha,
Ná scarraigh bhur n-déura ní gábhaidh dhaoíbh;
Táid feara-choin laochda 'na Banban aosda
Go bagarthach, baoghlach ag gárdaídheacht:
An aicme-so an bheurla tá a g-ceannus na h-Eirean,
Do cheangail ar g-cléir bhochd faoí árd-chíos,
Beidhid feasda fa dhaor-bhroid ag freasdal do ghaodhlaibh,
'S gan acmhaing a saortha ag Seághan Buídhe.



Casfaid na Séamais, le feartaibh an Aén-mheic,
Is stadaigh go h-éusga, bhur n-árd-chaoidh;
Gídh fada go faon sibh, ag tarraing na cléithe,
Is bhur m-bailte ag méirlich, gan fághail dlíghe,
Ní'l spreallaire craosach, le'r spalpadh an t-éitheach,
Nach g-caithfeas de léim, dul a m-bárr claídhe,
Le h-eagla Sheurlais, an faraire tréidheach,
Do ghlanfas a's Eirinn do Sheághan Bhuídhe.


L. 84


Beidh gairm ag Gaodhlaibh, go fairsing 'n a dhéigh sin,
Agus Gallaibh d'á d-traochadh, mar táthaoí
Beidh preabaire Gaodhlach, 'n a sgafaire méara.
'S an chathair faoí féin, a's ní cás línn;
Beidh aithfrionn náomhtha a g-ceallaibh na h-Eirean,
'S beidh cantain ag Eigsibh, go h-árd-bhínn
A's air mh'fallaing go m-béidhead-sa a's céud ainnfhir mar aon
liom,
Ag magadh gan traochadh faoí Sheághan Bhuídhe.


L. 86


Seaghan O'Duibhir an Ghleanna.



Air m'eirghidh dhamh air maidin,
Grian an t-samhra ag taithneadh,
Chualaidh mé an uaill d'á casadh
Agus ceól bínn na n-éan,
Broic a's míolta gearra,
Creabhair na n-gob bh-fada,
Fuaim ag an macalla,
A's lámhach gunnaídhe tréun;
An sionnach ruaidh air an g-carraig,
Míle liúgh ag marcaich,
A's bean go dúbhach 's an m-bealach
Ag áireamh a cuid géidh;
'Nois tá an choíll d'á gearradh,
Triallfaid súd tar callaith
'S á Sheághain uí Dhuíbhir an Ghleanna,
Tá tú gan game.


L. 88


'S é sin m'uaigneas fada,
Scáth mo chluas d'á ghearradh,
An ghaoth ad-tuaith a'm leathadh,
Agus an bás ann san spéir,
Mo ghabhairín suairc d'á cheangal,
Gan cead lúithe 'ná aisdígheacht',
Do bhainfeadh gruaim de'n leanbh,
A meádhon ghíl an laé; -
Croídhe na h-uaisle air an g-carraig,
Go ceáthfrach, buacach beannach,
Dothiocfadh suas air aiteann,
Go lá dheire an t-saoghail,
'S dá bh-faghainn-si suaimhneas tamall,
O dhaoínibh uaisle an bhaile,
Do Thriallfainn féin air Ghaillibh,
A's d'fhágfainn an sgléip.



Táid fearainn ghleanna an t-srutha,
Gan ceann ná teann air luchdaibh,
A sráid ná a g-cuach ní h-óltar,
A sláinte ná a saoghal,


L. 90


Mo loma luain! gan fasgath
O Chluain go stuaic-na-g-Colam,
'S an gearrfhiadh air bhruach an rosa,
Air fán le na raé,
Cad í an ruaig so air Ghallaibh,
Bualadh, buain a's cartadh,
An smóilín bhínn 's an lon,
Gan sár-ghuth air ghéig;
'S gur mór an tuar chum cogaidh,
Cléir go buaidheartha a's poball.
Dá seóladh a g-cuantaibh loma,
Ann lár ghleanna an t-sleibh'.



'S é mo chreach mhaidne!
Nach bh-fuair mé bás gan pheacadh,
Sula bh-fuair mé sgannaill
Fá mo chuid féin!
'S a liadhacht lá breágh fada,
d-tig úbhla cúmhra air chrannaibh,
Duilleabhar air an n-dair,
Agus drúchd air an bh-féur;


L. 92


'Nois taoím-si ruaigthe ó'm fhearann,
A'n uaigneas bh-fad ó'm charad,
Am luídhe go duairc faoí sgairtibh,
A's a g-cuasaibh an t-sleibh',
'S muna bh-fágh me suaímhneas feasta,
O dhaoínibh uaisle an bhaile,
Tréigfidh me mo shealbh,
Agus fáigfidh me an saoghal.


L. 94


Le h-ais na Suire.



Eoghan ruadh O'Súilliobhán ró chan.



Maidin drúchda le h-ais na Súire, 's mé támhach, lag, faon,
Do dhearcas Cúil-fhionn mhaiseach, mhúinte, ghrádhmhar sheímh,
'N a raibh an lile ag súgradh tre luisne lonnrach, mar sgáil na
g-caor,
Gan time a n-gnúis ghil an leinbh ionnraic, do b'áluinn sgéimh.



Is blasda, búidheach, beacht do bheanduigh dúinne, 's is páirteach, séimh,
Is tapaidh d'úmhluígheas le'm h-ata cúingeach, a'm láimh go féur;
Air amharc ghnúise a's phearsan chúmtha na báibe is léir,
Gur chealg Ciúpid le dartaibh tiúgha mé, tré lár mo chléibh.


L. 96


D' fiosruígheas-sa go milis, muínteardha, de ghrádh mo chléibh,
arbh'isi an aoíl-chneis le'r tugadh Líonnruith, a's ár na Traodh?
Nó an Mhiochair, mhín, mhaiseach chuir na mílte, le fán an t-saoghail,
As gallaibh coímhidhtheach ná'r cheannuigh Iosa, 'n a stáit faoí réim?



Freagair sinn, a ghean mo chroídhe, an tú an bháb do thréig,
An fear dobhídh aici a g-ceangal cínnte, le grádh do'n bh-féinn; -
Nó an Ghallain ghrínn do bhailigh Naoíse, tar saíle a g-céin,
Thug treasgairt laoích a g-cath na craoibhe, a's ár na g-céud?



Nó an bhean do líng mar cheapaid druídhthe, fáigh a's éigs',
Le h-ais an Flíos thug scata laoích, tar sáil do'n n-gréig?
Nó an tú do dlígheadh le cumann díograis, páirt a's géill,
Le Connal ríoghdha a g-cumas ríoghachta, ghabháil 'n a dhéigh?


L. 98


D'fhreagair sí go blasda sínn, a's í tál na n-déar,
Ní ceachdar díobh d'ár ainmníghis, a'd ráidhtibh mé;
Acht bean dobhídh fá ghradam ríoghachda, tráth dhe'm shaoghal,
A g-ceannas críche sean a's seinsear, Ard-scoith Gaédhal.



An tan feasadh línn, cia an bhean dobhídh liom, tráth ag pléidh,
Do ghlacas baoís, air mhachtnamh ínnste, dáta an scéil,
Gur labhair sí, go blasda, bínn, gan tlás a ngaodhailg;
"Seachain caoídh, agus glacaidh íntinn, árd a's réim.



"Is geárr an mhaíll, go bh-feicfir buídhean, tar sáile ag téacht,
Go lannach, líonmhar, a marcaibh dídheanmhar, gan sgáith roimh philléir,
Ag glanadh críoch chlanna Gaoídheal, le h-árd-mhac tréun,
O'n aicme chlaoín ná'r ghreannuigh Críost, 's beidh an lá ag mo laéch."



Air aithris suíme, gach aiste scríobhas, do'n m-bán-chneis
t-séimh,
Budh cneasda gnaoídh, budh blasda laoídh, a's do b'áilne sgéimh;


L. 100


Is tapaidh sgíor, chum reatha arís, a's d'fáig mé a b-péin,
An tan beartuígheadh línn, gur bh'aisling druídheachta, a ráidhte béil.



Aithcim íosa, do cheannuigh sínn, a's fuair páis a's péin,
Go d-tigidh an nídh a g-ceart chum críche, a d-tráth gan
bhaéghal,
Go bh-feiceam díbirt, scaipeadh a's sgeímhle, a's ár le faébhar,
Air aicme an fheíll, tar n-ais arís, sin críoch mo sgéil.


L. 131


Díbirt agus diansgríos air agus ár,
Pianta gan íce air Fheith a's air a chnámh,
Air an té úd le'r mhiann lucht bearla bheith slán,
Do dhíbir sliocht Ir agus Eireamháin.


L. 144


GRAINNE MHAOL.



Is buaidheartha a's ní suaimhneach bheidh Gráinne Mhaél,
Mar dochualaidh sí fuachasa a páisde féin; -
'S é chualaidh me ag gruagach na h-áilne araéir,
Gur suathadh a suan-chorp ag Gráinne Mhaél.
A's bobarró! dodarró! Gráinne Mhaél!
Bobárró! dodarró! a Ghráinne chléibh'!
Bobarró! dodarró! Gráinne Mhaél!
A's muna bh-fágh me le bogadh í tá mé réidh!



Chuir mé ann sgioból í, Gráinne Mhaél; -
Shaoíl me ná'r sgumarach grádh mo chléibh: -
Air fhosgailt an dorais le fáinne an laé,
Bhídh cullach 's an mullach air Ghráinne Mhaél.
A's bobarró! dodarró a Ghráinne Mhaél!
Bobarró! dodarró a Ghráinne chléibh'!
Bobarró! dodarró! Gráinne Mhaél!
A's muna bh-fágh mé le bogadh í tá mé réidh!


L. 145


DROIMIN DUBH O!



A Dhroimin dhuibh dhílis, a scoith shíoda na món',
Cá bh-fuil do mhuintir, nó an maireann siad beódh?
Tá siad ann sna dígibh sínte faoí an bh-fód
Ag súil le Rígh Séamas do thígheacht ann sa' g-coróinn.



Dá bh-faghainn-si cead aoíbhnis no radharc air an g-coróinn.
Thriallfainn go Sacsan d'oídhche a's do lo,
Ag siúbhal boga a's curráighthe agus sleibhte dubha ceóidh,
No go sínnfear air drumaibh an Droimin dhuibh ó!



Dia do bheatha do'n m-baile a Dhroimin dhuibh ó!
Badh mhaith do chuid bainne a's ba mhilis le h-ól,
Do chaoínfinn do leaca a's do chúm cailce mar rós,
Ad do mhalairt ní dhéanfad a Dhroimin dhuibh O!



D'éirigh me féin air maidin dé Dómhnaich,
A's fuair me mo dhruimin dubh báidhte i b-poll móna,
Ghread me na basa a's chuir me na gártha,
Faoi mo Dhruimin duibh dhílis, gan a leagaint slán dam,
Oró a Dhruimin dubh, oró,
A's a Dhruimin dubh dhílis go m-bí tú slán.


L. 153


D'ólfainn-si geinidhe, le mnáibh breágh 'na finne,
'S ní feárr 'ná mar do shinnfinn, le bárraibh mo méar,
Coróinn ariamh na sgillinn, ni dhearnaidh me dhe chruinneas,
Acht léigeann do silleadh mar dhruchd air an bh-féur.
'Nois ó tá mé ag imtheacht, 's gan n-dán damhsa filleadh,
Mo dhá ghadhairín oinich, fagfaidh me a'm dheígh,
Sud mnáibh agus leinbh ag éud agus ann iomadh,
Fágfaidh me-si an t-seilg air an ait aca féin.


L. 159


Do threasgair an saéghal is shéid an gaoth mar smál,
Alasdrann, Seasar, 's an mhed sin a bhidh na b-pairt;
Ta an teamhair na fér, a's feuch an troidhe mar ta,
A's na Sacsanaigh fén dob-feidir go ffuighdís bas.


L. 218


Slan le h-Eirinn



Dochtuir Céiting ró chan.



Mo bheandacht leat a scríbhinn!
Go h-inis† aoíbhinn †Ealga;
Is truagh! nach léur damh a beanna,
Gídh gnáth a d-teanna dearga!



Slán d'á h-uaisle a's d'á h-oireacht;
Slán go ró bheacht d'a cleír'chibh;
Slán d'á banntrachtaibh caoíne;
Slán d'á saoíthibh le h-éigsibh!



Mo shlán d'á mághaibh mine,
Slán fá mhíle d'á cnocaibh!
Mochion do'n t-é tá ínnti;
Slán d'á línntibh a's d'á lochaibh!


L. 220


Slán d'á coílltibh fá thorthaibh;
Slán fós d'á corradhaibh iascach';
Slán d'á móintibh a's d'á bántaibh;
Slán fós d'á ráthaibh a's d'á riasgaibh!



Slán ó'm chroídhe d'á cuantaibh;
Slán fós d'á tuarthaibh troma;
Soraid d'á tulchaibh aonaich;
Slán uaim d'á craobhaibh croma!



Gidh gnáth a fóirne fraochda.
Ann inis naomhtha, neambochd;
Siar tar dhromchladhuibh na dílean,
Beir a scríbhinn mo bheandochd.


L. 222


Beann Eadair.



Is aoíbhinn a bheith a m-beínn-Eadair;
Is fíor-bhínn a bheith ós bán-mhuir;
Cnoc longmhar, lonnmhar, líonmhar
Beann fhíonmhar fhonnmhar, ághmhar.



Beann a m-bíodh Fionn a's fianna;
Beann a m-bíodh coirnn agus cuacha;
Beann a rug O'Duibhne dána
Uídhe Ghráinne de shonn ruagadh.



Beann is tom-ghlan gach tulach,
A's gach mullach cómhghlas, corrach;
Beann bhileach, mhongach, bheannach;
Cnoc creamhach, cnódhach, crannach.


L. 224


Dochídhthear uainn de'n mhaoíl mhongach,
Lanna a's laochra d'á leadradh;
Bristear clár-bhórd taoibhe loinge
Le faoídh ghonadh an dóird alla.



Beann is aoibhne d'úir Eirean,
Gídh léibheann ós fairge faoíleann; -
Mochion d'á triath gan doghrainn,
Mór-bheann na bh-fiann n-aoíbhinn.


L. 230


Mianna Pattruicc Ui Ealaidhe.



Dá bh-faghainn-si mo mhianna do riar,
A's cead cairte mo shaégail do shúidheamh,
Do bheídhinn mar an d-triath shéanaidhe, liath,
Gan cheangal le h-aén duine acht síth:
Dhéanfadh acra beag fearainn nó dhó,
Mo réim a g-céim mar budh chubhaidh;
Do mheasfainn mo fhlaitheas gur mhór,
'S budh chlaon liom bheith ag géilleadh do'n rígh.



Mo phaiste beag fearainn ba mhéith,
Le raínn de gach príomh-thortha b'feárr,
Gan teacht air fearthainn ná gaoth,
Acht cuimseacht gach síne 'n a h-ám:
Budh líonmhar a'm bhrúighin bheag gach nídh,
Ba tairbheach an taithneamh 'n a m-béidheadh;
Do b'aoíbhinn clos fuíghe mo thíghe,
'S na leabhair a ccómhaitios gach laé.


L. 232


Do b'aédhearach le féuchain mo bhoith,
Le taobh coille a's fíor-thobair úir;
Na h-énla an uair d'éirgheóchuinn go moch
Go h-aoíbhinn ag síor-sheinneadh ciúil;
Sruth siosmach, ciúmhais-glas, iomad-bhláith,
Crainn trom-thortha a's geamhartha le n-ais,
Budh cliste iad na breic ann a lár,
Le fonn suilt ag léimneadh go fras.



Do chríochnúghadh na n-aoíbhneas so rómhain,
Agus compórd na h-óige mhéudúghadh,
Ní smuaínfinn gan caoín-bhean do thóghadh
Mar nuadhchar, 's í oígeanta, búidheach;
Ann aoís a naoí-déag go h-iomlán,
A's ceathair-air-fhithchid damh féin,
Bhiadh naoídhean air a cíochaibh gach cáisg,
A's bhiadh sí leis sin do'm chomhréir.


L. 234


Mactnadh an duine dhoilghiosaich.



Seághan O'Coileáin ró chan.



Oídhche dhamh go doilg, dúbhach,
Chois fhairge na d-tonn d-tréun,
Ag léursmuaíneadh a's ag luadh,
Air chorraibh chruadha an t-saoghail,



Bhídh an ré 's na réulta suas,
Níor chlos fuaim toinne ná tráigh.
'S ní raibh gal ann de'n n-gaoith
Do chroithfeadh bárr craínn ná bláith.



Do ghluaiseas ag machtnamh a'm aon,
Gan aire agam air raon mo shiúbhail,
Dorus cille gur dhearc mé,
'S an g-conair réidh air mo chionn.


L. 236


Do stad mé 's an n-dorus t-sean,
'N ar ghnáith almsanna a's aoídheacht,
d'á n-dáil do'n lobhair agus do'n lag,
An tráth mhair luchd an tíghe.



Bhídh forradh fiar air a thaobh,
Is cian ó cuireadh a chlódh,
Air a suigheadh saoíthe a's cliar,
A's taistiollaich thriallta an roíd.



Shuidh mé síos le machtnamh lán,
Do léigeas mo lámh faoí m' gruadh,
Gur thuit frasa diana déur,
O'm dhearcaibh air an bh-feúr anuas.



A dúbhairt mé annsin fá dhíth,
A's mé ag caoídh go cúmhach,
Dobhídh aímsir ann 'n a raibh,
An teach-so go soilbh, súbhach.



Is ann dobhíodh cloig a's cliar,
Dréuchda a's diadhachd d'á léughadh,
Córaídhe, ceatal agus ceól,
Ag moladh mórdhachda Dé.


L. 238


Fotharach folamh, gan áird,
Arus so is aésda túr,
Is iomdha easgal agus gaoth,
Do bhuail fá mhaol do mhúr.



Is iomdha fearthainn agus fuacht,
Agus stoirm cuain do chuiris dhíot,
O tíodhlaiceadh thú air d-túis,
Do rígh na n-dúl mar thígheas.



A mhuir naomhtha na m-beann n-glas,
Do b'órnáid do'n tír-so tráth,
Is diombáidh dian liom do scrios,
Agus cur do naoímh air fán!



Is uaigneach ataoír anois!
Ní fhuil ionnut córaídhe ná ceól,
Acht sgréuchadh na g-ceann-cat
Ann ionad na psailm sógh'ail!



Eídheann ag eascar ós do stuaigh,
Neanntóg ruadh a'd úrlár úr,
Tabhthann caol na seannach seang,
A's crónán na n-eas a'd chlúid,


L. 240


Mar a n-glaodhadh an fhuiseóg mhoch,
Do chleir ag canadh na d-tráth,
Ní fhuil teangadh ag corruídhe anois,
Acht teangadh ghliogair na g-cág.



Tá do phroínnteach gan bhiadh,
Do shuan-lios gan leaba bhláith,
Do thearmoinn gan íodhbairt cliar,
Ná aithfrionn do Dhia 'g á rádh,



D'imthigh do luaim a's do riaghail,
A's do chualacht fá chian cháidh,
Och! ní fhionnaim anois fa' iadhadh
Acht cárnán criadhta cnámh.



Och! anfhorlann a's an-uaill,
Anbhroid, an-uais agus aindlíghe,
Fóirneart namhad a's creachadh cruadh
d'fúig uaigneach tú mar taoír!



Dobhídh-sa féin sona seal!
Faraoír do chlaochloidh mo chlódh!
Thaínigh tóir an t-saoghail a'm aghaidh,
Ní'l feídhm orm acht brón!


L. 242


d'imthigh mo luadhaill as mo lúth,
Radharc mo shúl agus mo threóir, -
Táid mo cháirde agus mo chlann,
'S an g-cíll-si go fann ag dreóghadh!



Tá duairceas air mo dhreach!
Tá mo chroídhe 'n a chrotal cnódh!
Dá bh-fóirfeadh orm an bás,
Budh dhearbh m'fáilte fá na chómhair!


L. 244


Marbhna Oilifeir Gras.



Seághan mac Bháitéir Breathnach ró chan.



Tá ceódh dúbhach air gach sliabh,
Ceódh nach d-táinigh roimhe riamh;
Tá ciúineas duairc ann am nóin,
Acht amháin trom-ghuth an bhróin.



Tá cling na marbh leis an n-gaoíth,
Monuar! is teachta bróin dúinn í!
Tá an fiach dubh le glór garbh
Ag fógradh uaire an duine mhairbh.



An duit, a uasail óig, mo chroídhe!
Do scread go dúbhach an bhean-síghe,
A meódhan chiúin-uaigneach oídhche,
Is cúmhach dobhídh sí ag éugcaoíneadh.


L. 246


Do fhreagair í gach muir a's balla,
Go dúbhach duairc le macalla;
Nior ghlaoidh coilleach mar budh ghnáth,
'S níor fhógair dúinn am ná tráth.



Uch! a 'liféir óig, mo chroídhe!
Is é do bhás atá sí chaoídheadh!
Is é dobheir an lá 'n a oídhche!
Is é dobheir an cúmhaidh air dhaoínibh!



Ní'l aguinn anois, mo bhrón!
Ann áit an t-Saoí acht caoídh a's deór',
Silleadh deór, a's gul, a's caoídh,
Feasda dhúinn a's briseadh croídhe.



Uch! a bháis, do leag tú choídhce,
Bláith a's scéimh ar n-géige is aírde,
Monuar! níor shásamh air do bhuadh.
Gan ceap ár n-daoíne dhul 's an uaigh.



A spéirling lann ba teann a lámh,
Ag cosaint ceirt a ghaoíl 's a dháimh,
Faoí mheirge a athar uasail féin,
Is Urmhúmhan dofuair clú a g-céin.


L. 248


Ní bhíodh baile na Cuírte air aon chor,
Faoí cheóidh bróin ná'r fféidir reídhteach,
A shealbhthóir dhílis, 's a chroídhe céusda,
Tré bhás an óig-fhir budh mhór a d-tréidhibh.



Oíghre ceart ainme, a ghradaim, 's a réime,
A's oíghre a stáite ann gach árd d'Eirinn,
Mar chrann na daire budh maiseach a fhéuchain,
Do gheall go leathfadh go leathan a ghéuga.



Ní mar so dobhídh a n-dán do'n t-seímh-fhear,
Acht dul 's an n-uaigh go h-uaigneach 'n a aonar;
Uch! is creach fhada é le na ló!
Is brón croídhe d'á chéili go deóigh!



Is máthair í is trom fá chúmhaidh,
Air n-dul go luath d'á céile a n-úir,
Athair a clainne, 's a céad ghrádh,
Och! is í dofuair a crádh!



Ní leanfaidh sé an fiach go deóigh,
Faoí ghleannta dúbha ná sleibhte ceóidh,
Ní chluinfear adharc go bínn ag séideadh,
Ná guth a ghadhar air bheínn an t-sléibhe.


L. 250


Ní fheicfear é air luaith-each óg,
Tar cladha a's fál ag déanadh roíd,
Tá claochlódh air a mhaise go deóigh,
Air a mhórdhacht do thuit trom-cheódh.



A lámh bhronntach go fann 'n a luídhe,
A chroídhe meanmnach marbh gan bhrígh,
Siól na ccuradh, agus cara na m-bárd,
Searc na g-ceólradha chanas go h-árd.



Solus an dáin ní práinn do'd chlú,
Acht cómhréilfidh go h-árd mo chúmhaidh,
Air silleadh dhúinn deór faoí dheire gach laoí,
Air Thuamba an Churraidh do chrádh mo chroídhe.


L. 252


Toireadh air bhas Sheaghain Chlaraich.



Le Seaghan O'Tuama.



Go déigheanach a's Phoébus faoí neóll, ag suídhe dhomh
air mhór-sleasaibh Máigh,
Gan aén de'n treibh dhaondha a'm chóir, a's mo smuaínte
d'á seóladh chum fáin:
Taobh leis an d-tréun-amhain mhór, do d'aoíbhinn a glór
a's a gáir,
A's cé'r bh'aédhrach mo réim-se 'smo cheól, tig sgeímhle
de'n bhrón dubh a'm dháil!



A n-éinfheachd tig tréun-stoirm mhór, a'm thímchioll air
bhórdaibh na tráigh,
Na h-éin bheaga ag tréigeann a g-ceóil, a's slím-chranna
a n-gleóidh-bhruid na m-barr;
Tig néull-dubh a's spéirling tar cóir, tig caor-lasadh a's
toírneach ós árd,
Na spéurtha ag daor-shileadh deór, le'r líon tuile mórshruth
na Máigh!


L. 254


Tig sgaéth na m-ban n-aédheardha ós mo chómhair, naí
soíllse a's naoí lóchrainn 'n a lámh';
A's do'm léirmheas ba chaomh-chlos fá n'dheóigh na naoí
n-guth' budh ghlór-ghonta cáil,
An-éinfheachd do léigeadar geóin, go neimhneach
amhnósmhar ag rádh;
"A ch-Séaghain dhil, an léun leat ar sgeól, mar do
slaodadh Mac Dómhnaill chum báis."



Is sé deir an spéir-bhruingeal mhór, le ríomh Callíópé na
g-céard;
"Ní dho aon duine a 'n-Eirinn is cóir, a chaoíneadh de
ghlór-ghuth ós árd,
Ná a thréighthe do shaor-chur a g-clódh, acht dhaoíbh-si
agus dhamh-sa, a Sheághain;
Beir éirim mo sgéil leat air d-túis, a's caoín-si go déurach
a'm dheáigh!



"Sgéul déurach rug céim tar gach sgeól, sgéul príomh-ghonta,
cróidhe-lag an cás;
Sgéul d'éirghidh tre ghéur-nimh an bhróin, le'r síneadh
ar leógan air lár!
An t-aén de threibh Ghaodhail-ghlais do dheól, mo
chaomh-bhrollach eólghach gachlá,
Thug féith agus réim ann gach ród, tar sháeithibh na
h-Eórpa go lán.


L. 256


"Glé-bhile aonda mo stór, do b'aoírde a mór-inis Fáil,
Do shaothruigh na béusa gan cheóidh, 's ná'r sgríobh
acht air mhórdhachd gach máil;
A chéimibh ann sna tréightibh budh thréan, a bh-fíodh-inis
Fhódhla rug bárr,
Ba ghéur-thuigseach, aédhearach 's an g-ceól, 's ba
phríomh-choingeal eóluis do'n n-dáimh!



"Eigeas a's céir-bheach na n-eól, ar bh-príomh-fhilidh
áirbhreathach árd,
Do réidhfeadh gach daor-cheist gan tódhbhacht, d'ár
sgríobhadh a' n-eólas na bh-fáigh!
Fear glé-gheal, ba tréightheach, ceart, cóir, ba dílse
do'n ch'róinn cheirt gach lá;
'Nois éighmhim-si ort, a Aen-mheic na g-cómhacht do'd
naomh-bhrog go seóltar ar n-dámh!"



An Feart-laoídh.



Adh chlúid atá, a lán-leac, 's is brón do'n t-sluagh,
Fear súgach, sámh, sár-oilte ag seóladh suadh,
Budh chlú do'n n-dáimh árd-inis Fhodhla, fuar,
An fionn-fhlaith Seághan Clárach Mac Dómhnaill uais!


L. 258


Tuireadh Eibhlin n-i Arthnain.



Pattruicc O'Conchubhair ró chan.



Mo chúmhaidh! mo chreach! mo chnead! mo bheódh-lot!
Mo threighid-nímhe tre'm chroídhe go dreólan!
Mo ghuin ghonta a's mo thuirse air feóthchann,
Mo chéile chneasda a's mo bhanaltra chórach!



Creach do leanbh gan ghastacht le h-óige,
Gan phuing gustail 'n a g-cistean chum stóir dhóibh,
Gan áird, gan bhuime, air uireasbaidh treórach,
Acht me-si tá riamh a n-diaigh an óil-si.



Gídh gur mhinthig mé air mire a d-tigh an ósta,
A's nach rabhas clisde ag cur iomaire a g-cóir dhuit,
Liom 's le'd leinbh ba mhilis do chómhairle,
'S níor labhrais feargach air maidin 'ná air nóin liom.


L. 260


Ní fheacas tú air mire ag tabhairt mionna 'ná móide,
A's ní chualadh tú ag labhairt go trom air chómharsain;
Le shaínt ní'r chuiris pinginn 'ná feóirling,
Riamh chum suime, guídhim Muire go deóigh leat!



An lá do cuireadh, mo thuirse! tú air feóchann,
'S an oídhche roimhe, 'n uair chonairceas tu a'd thóramh,
Tháinigh dhá d-trian m'aoíse d'aén-t-suim, is dóigh liom,
Do mheath mo chroídhe, mo bhrígh 'gus m'oíge!



Gabhaim le h-ais ó mhac na h-Oighe n-diudh,
Gur imir orm beart le ceart na córach,
Is tú bhreith uaim go luath air feóthchann,
Mar ná'r thuilleas do mhaith bheith bh-fad a g-cómhair liom.


L. 262


Toireadh Eadhmoind Bhreathnaich.



A Eadhmoind Bhreathnaich, a chuid 's a ghrádh mo chléibh!
Mo chúmhaidh! gan tusa agus mesi air bhárr an t-sléibh,
Do cheann ann m'uchd a's mé ag pógadh do bhéil,
'S go d-tabh-airfinn tu-sa le comann, a ghrádh! o'n n-éug.



Ní h-í an ghaoth-so an-iar ná an fhearthainn-so an-uas,
Ná síor-chur mo muintire d'fáig tana mo ghruadh,
Acht an t-ionad-coinne bhidh eadrainn air shliabh bán na ccuach,
Gur b'í an Deighnín úd do chongbhaidh tú bhídh lán go bruach.


L. 264


Aisling bhréige chonairc na céudtha duine, má's fíor,
Go raibh Eadhmond breágh, seímh-ghlan 'n a sheasamh air an t-slíghe;
Bronnaim féin d'anam gléigeal do Mhuire 'gus do Chríost,
'S do chollann chaomh d'á polladh ag Eisg air lár locha-Rígh.



Tá cúmhaidh 'gus daille air ghleann 's air thoinne, a's ceódh air gach
árd,
Tá céudtha duine ag cúmhaidh 's ag iomadh ag síor-ghul gach lá,
Tré Eadhmond mhilis, aén-mheic Mhuire, cread dodhéanfadh cách?
O d'éug tu-sa an chraobh-mhullaich bhídh air thaobh an
t-sléibhe bhain!


L. 266


Baintighearna Ibheadhach.



Is fada me air buaidhreamh 's gan suairceas am dháil,
Ann arraing gan fuascailt le mór-cheanghal grádh,
Tré thaithneamh a thabhairt do stuaire na scuab-fhoilte breágh,
Budh thriopallach, dualach air luath-chrioth go sáil.
'S í plúr na m-ban Dhún-na-m-barc, dhe chrú na bhfear
n-euchtach í,
Siúr ghar do'n n-diúic-fhear bhídh g-cruadh-chath na
bpilléur í,
Uaisle dhe 'n ttír í ó Chill-chaise an stáit,
A cruadh-chuisle dhíreach tá g-croídhe mhaith gan cháim.



Is breágh, deas a féuchain, 's a h-éudan gan teímhioll,
'S a dá mhala chaola mar chaén-tarraing pínn; -
A dearcadh bhreágh, réultach mar chaomh-eala air línn,
A balsam-ghob chroidhearg 's a déad chailce chaoíl;
Is caoín, ceart é croídhe geal, gan mhuidheamh a's is déarcach í,
Príomh-cheart gach fíor-fhlaith a's d'fhíor-scoith na
n-greugach í,


L. 268


Réiltionn na g-cúigeadha, 's í is múinte 's is bréagh,
Péurla gan sionnta í agus colúr cailce í d'fás.



Tá sbéir-bhean bhreagh bhéusach air an d-taobh-so dhe 'n
d-tír,
'S í plúr na m-ban maordha agus céir na m-beach mín,
d'ar thúirling an naomh-spiorad le daonacht 'n a croídhe,
'S i colúr cailce an tréan-fhuil a's gan aén chogal tríd:
'S de fhréamh-cheart na n-groídhe-fhear ó fhíor-
Chaisiol-Héabhens í,
Séimh-bhean na n-déigh-bheart de threan-fhuil na laoch mear í,
Phenics tar triúch gur thúirling 'n a láimh,
d'á áiteamh mar shómpla, gur dh'fúig aici an bhárr.



A láimh mhín ghreanta, néata air aél-bhrat a scríobhas,
Loingeas air tréun-mhuir agus éunlaith air chraoíbh;
Níl cúis múidhimh ag déithibh, sgur léi le ceart an flíos
Thug Iáson mac Aéson 'n a chaol-bharc thar toínn: -
'S í lonnradh ccuig g-cóigeadh í, 's í is múinte, 's is breágh,
Siúr-ghar do'n diúic-fhear 's do Shúiliobhán Béarach í
Iarla cheart Dheasmhúmhan a dhearmhúd budh cháim,
'S gach cliar ag teacht chúichi ó ghlas-Shiúir go Nás.



Tá dhá mhama néata air a h-aél-brághaid bhreágh, mhin,
'S a píob leabair, ghléigeal, mar chéud-thoradh an droíghin;


L. 270


Tre bhinneacht a béilín do thréig Pan a phíob,
Agus Páris d'á m-budh-leis í níor bhaéghal cath na Troídhe: -
'S í óigh-mhín na n-ógh-chaoín d'fóireas air chléir gach acht
d'órd Chríosd; gan mhórphoímp, thraoích gach laoch tar lear,
Déirdre an déid-ghil gur ghéill dhisi an bárr,
A n-gaodhaill-cheirt, a n-daéndhacht, a bh-féile 's a ccáil.



Ta mo litir ag dul chúgat-sa, a úghdair gach fáigh,
'S má's tréusann le scrúdadh í, nois úmhluíghim faoí d'láimh; -
Acht gur ag tráchdadh air an stáit-bhean, bhreágh,
mhánla, budh mhéinn leam a bheith,
'N a mór-chuisleadhaibh dhíreacha mar a scríobhthar
's eadh léighthear a g-ceart,
Fighte ceart-fhuaidhte ann san mhór-fhuil do b'fheárr,
De threabh cheart na ríogh í do shíolruigh o'n Spáinn.
A m-bíodh teaghlach chum suidhte agus slíghe ann gach árd chuige,
Ag ísioll ag uasal ag gruagaibh 's ag fáighibh suilt;
Taithíghe ag gaisgeadhaibh bheith ag gleacaídheacht le mnáibh,
Agus fileadha glana líomhtha ann d'á g-cuimhdeacht gach tráth.


L. 272


Marbhna Dhonnchaidh McCarrthaic.



Le Tadhg Gaodhlach.



Osnadh agus éighmheacht na h-Eirean tríd a d-treoír,
Archor daér agus créim do'n Mhíl-fhuil mhór,
Fear suilbhir seímh a g-cré na luídhe faoí 'n bh-fód,
'S é Donnchadh tréan, Bhaile-Aodha, mo mhíle brón!



Brón agus cúmhaidh tre Mhúscraídhe társna go préimh,
Tréoir na n-dúithceadha a g-clúid faoí leacaibh go faon
Cóip na b-prionnsadha d'úr-chraoíbh Chaisill na réics,
'S a n-gleóidh na d-teann-ghníomh d'ionnsoígheadh namhaid le faobhar.



Fao'r, fuinneamh, as fullaing, a's éucht ná'r thláith,
A's trean-fhear cuislean ba mhire, ná'r claoídheadh go bás,
Féile, comann-searc, a's tuigsi le línn an ghábhaidh,
Sin tréighthe an bhile, 's mo thurrainn! 's an n-úir faoi lár!


L. 274


Lár a maithiosa, is mairg a g-ceíll go tréith!
Ráib na n-gaisgeadhach a's an faraire féidhmeamhuil, féil,
Ná'r fhág a charad faoí thearmoinn clodhaire riamh,
Asráid, a g-cathair, ná a g-carcair fá ghreídhm gan riar.



Riaraíche na n-iarladha, flatha, a's luchd léighinn,
Fiaghaídhe gan fiafruighe ba rabairneach méinn,
Tá diadhaídheacht, ciall-chínn, ceannas a's caomhacht,
Na n-dian-luídhe faoi'n liath-líg le'r taisceadh an laéch.



Laéch groídhe dhé'n Phréimh-aírd Chárrthaich ghil, úir,
Do réidheadh dhínn, gach daér-shnaídhm dá d-tigeadh 'n ar g-cionn,
Ar g-céillídheacht, ar g-caémh-dhídhean, ar d-tacadh 's ar
g-cúl;
'S gur céimsiós air thaébh Gaeídhil tú dhul marbh a' n-úir.



'S an úir ó coigleadh Donnchadh a g-cíll-chré th-siar,
Mar thuile bhorb, gidh soilbhir, caoín, séimh, fial;
Ba chóngnamh cosanta a's cothuighthe d'á bhuídhin féin riamh
Tá an dúithche follamh 's ní'l polladh de'n t-siól fá n' iadhadh.


L. 276


Iadhtha daingean faoí ghlasaibh a g-cúmhangrach baéghail,
is riadh 's is danaid do chlannaibh cheirt Múmhan faraor,
Do gach biadhtach flaitheamhuil, fairsing ó chiúmhais na laoí,
De'n triath-fhuil Charrthamhail Chaisill do bhrúgadh lucht teín.



Ba theann le tréan, 's budh shéimh le dragain bhíodh lag,
Gídh gur leabhair a réim ní'r dhaér fear dealbh na reacht! -
Cam ná claén 'n a mhéinn ní'r tuigeadh a'm mheas,
'S gur dall ar g-cléir, mo léun! ó cailleadh an fear!



Fear aoíbhinn, seanga-choirp, gléigeal, úr,
Budh shuídhte pearsa, ba thaithneamhaiche géug a's cúm,
Budh dhíreach seasamh, budh thapaidh, deas, éudtrom siúbhal,
A's lí an t-sneachta 'n a leacaibh, tre lasadh na g-caor 'n a
ghnúis.



Gnúis ghrádhmhar, is áilne d'á bh-feacadh-sa fós,
Púdhair chráidhte air an m-bás nach d-tug urraim do'd shnódh!


L. 278


Thrúigh ghránda na gáige, na'r fhillir go deoigh!
d'fúig gár-ghul a g-clár-Loirc, le h-iomarcaidh bróin.



Brón deacrach! nach maireann acht fíor-bheagán!
Dhe na leóghain chalma, dhe ghlan-fhuil na Riógh o'n Spáinn,
Budh theinneasnach a lár machaire no a g-coscar námhad,
Luchd taisgthe na h-eagluise, lucht greinn a's stáir.



Stáir dhoilbh mar dochloiseann sibh claoídhte fann
Gurb'é'n bás choigleas gach polladh 'ca n-daérbhroid thall,
Mar bhárr donais air ar m-bochtaineacht, do claoídheadh 'n a
g-cionn,
Ar sgiath-chosnaimh, ar n-ursa, ar n-dídean, 's ar g-ceann.



Ceann-treórach na Fódla, agus fullaing na n-gaodhal.
Ceann-coíge an leógan, do ursa ann gach céim,
Ceann d'fóireadh do ró-bhoicht, a's d'Eagluis De,
Do cheann cóirighthe a g-cómhrainn cúis osna agus éighmheacht.




L. 376


Maidin gheal t-samhra chois amhan an Ríghe,
Dhearcas an chúilfhionn dhréimreach, dhonn,


L. 377


Ba bhinne a béul-ghuth ioná siansán sluagh síghe,
Ba ghile a gruadh ioná cuipe na d-tonn: -
A cúimín caél, cailce, - a troighín chaél, theann,
Ag gabhail le fonn faoí fhásaighibh le fán; -
Ar me-si go múinte, a ghile ó'n n-gleann,
Muna d-tiocfaidh tú leam ní bheidh me-si slán.



An uair rugadh an chuilfhionn tháinic beach bhinn
Le cioth meala míne air a caér bheól;
Phógas-sa an Chúilfhionn chúmhra, gheal, ghreínn,
Ba ghreidheannach dar linn, acht éisteacht le m' sgeól: -
Chuaidh dealg a grís-ghoib mar chealg tré m' chroídhe,
d'fhag mé gan bhrígh, gídh brónach le rádh; -
Nach iongantach beódh me le cealg tré m' chroídhe,
Na céuda do claoídhead, rómham-sa d'á grádh.


L. 378


Cia an Saoí le seinnthir an chruit?
Le mochtar neimh go nuadh loit.
Tré ghoireadh guth-bhínn a cclar,
Mar sruth-bhínn fhoghar orgáin?



Muca muigi ghial a n-glas,
Iuith Luimneach a mhór mearbhreas,
Gan éisling mar is lór línn,
Gan ceól seis-bhínn 'g á sheinneadh.



Síogaídh préamh-ghlan, portach,
Dar leat isé Adhbhortach,
Nó Aéngus leasach ó'n Línn,
Daolgas no Greasach guth-bhinn.


L. 379


Manannán tar mhodh mire,
No Craftine an crutaire,
No maordha mac an Daghdha,
Slat aobhdha na h-ealadhna.



Gach aén neach dá'r áirmheas ann,
De Tuathaibh dealbha Dé Danainn,
No d'fóir ó'n am-sin a leith,
Do amsuigh cóir na cruite.



Tadhg O' Cobhtha, cruth chorcra,
Brannan, bréagthach na m-bantrocht,
Uaithnigh iúil frithir go foínn,
Crithir an chiúil 's a choguil.



Dogheibh gach saoí a shásamh dhe,
Mar a sheinneas air cheól coímhdhe,
Slánsa sgáthmhcur ttirim, ttiugh,
d'fír-rinn dath-gheal adhóideadha.



Do mhodh, do méin, do 'mhaise,
Thugas annsacht éagmhaise,
Rogha leanaín chríche Chuinn,
A m-beangán síthi slighuin.



Mo chnú 'smo chisde so an siollaire geanamhuil, grínn!
Is siúbhlach, slightheach, glan sheinneas go bleacht dlúith-bhínn,


L. 380


Go lúthmhar, crithir-mhéur, frithir-cheart frais-tiúin foínn,
Go cúmhra clisde, gan mhilleadh, gan mhearúghadh poínc.


L. 383


A bharc b'anamh tu ann anacair na d-tonntrach n-árd,
Cásg cobharthach, gidh budh barbardha trom é an lá,
Trá lasaídh an fairge o bhonn go bár,
Lán coirn dhi ní ghabhan o stiuir go crann.



Cuirfá. - a bár a lán, a bár a lán,
A ghrádh na rún, achuid de'n t-saoghail
A lán - 's é an bád breádh seóil.



Trá ghléasann se a h-édach gan fiar, gan cham,
De'n g-cael anairt gle-gheil o na h-inndiatha anall,
Cael-bharc seang, síoganda, ag ar cuir Dia an greann,
A's dá bh-feicfeá annaghaidh an laé e, 's é ag éirígheadh as gal.



Cuirfá. - abár alán, etc.



A Dhaoileinn a chrom-charraig gharbh, gan sgáth,
Air an nuadh-bharc-so fum-sa breathnuigh do shath,
An chuimhin leat 's an g-cuan-so go bh-feaca tu bád,
Gan chontabhairt, tonn-bharra ghearradh, mar táim?



Cúir fá. - a bár, a lán, etc.


L. 384


Is cuímhín liom, a dubhairt Daoileann, gur carraig me de ghnáth,
'S gur ab' air an g-cuan so is buan dam ag amharc gach lá,
Acht slinteóg ni tabharfainn air a bh-feacas de Bháid,
Seoch an nuadh-bharc a's a chomplacht ag tarraing 's an t-snámh.



Cuir fá. - a bár, a lán, etc.



A athair na n-dúl, tabhair duinn-ne didean na tráighe,
Gabhaim do comairce, sud é an-ios an bád,
Tre gharbh-thonntaibh fobhadhach fa chíocras ghnáth
A's mana m-barraidh do chumacht gabhan se trí mo lár.


L. 386


Laoidh Bhin Bhollbin.



Oisín ro chan.



A bhínn Boilbhin, is dúbhach an-diu!
A bhínn budh chaoín a's do b'feárr cruth!
An tan sin a mhic Chalfruinn,
Do budh álainn a bheith air a mhullach.



Budh iomdha cú agus giolla,
Gáir bhúgail agus gadhair,
Bhíodh air do lios, agus laoch láidir,
A bhinn árd na g-comhlann,
Bhíodh lán de chorraibh anns an n-oídhche,
Agus cearca fráoich air a sleíbhtibh,
Le chéile agus ceoíl ein-bheig.
Do budh aoibhin a bheith d'á n-éisteacht
Gáir na ngadhar ann a n-gleanntaibh,
An mhuc-alla do b'iongantach,
Agus gach aon de'n bh-fian dobhí láthair,
A g-conta ailne air a n-iallaibh.
Budh iomdha cnuastóir coille
De mhnáibh fionna na féinne,
Agus caor de bhlas cúmhra,
Subhcraobh agus smeára,


L. 387


Moin-eoga caomha, corcra,
Biolar-fochain agus gleórán,
Agus na h-ingheana cas caol-fhionn.
Budh bínn fuaim a n-órdháin,
Budh adhbhar a bheith meanamnach,
A bheith ag féuchain a's ag éisteacht,
Le gair uaigneach an Fhiolair,
Le canrán na n-dóbhran,
A's le comhrádh na sionach,
An lon dubh air inbhear sceiche
Agus í ag sinim go fior-bhínn. -
Dearbhaim duit, a Phádraic,
Go m-budh é an áit aoibhin,
Bhíodhmair-ne air an g-cnoc so,
Seacht g-catha na féinne,
A nocht is tearc mo charaid
A's nach truaigh leat mo sgéala.


L. 397



Seanraite Eirionnacha.



Aithníghthear caraid i g-cruadhtan.
Aimideacht geárr is sé is feárr.
Aithnígheann mórdhacht modhamhlacht.
An t-uan ag múnadh méidhleach d'a mháthair.
Aithnígheann óinmhid locht amadáin.
Ailneacht mná ionnraice ghnídheann cúntus cruadh.
A uain do'n tosach.
Athruíghthear gné na h-aimsire.
Air aon anamh biadh choídhche dearmad.
An taostadh ualach ni spreagan bualadh.
Aon i g-coimhreann foídheach fuathann.
An t-slat nach n-glacann sníomh.
An t-seód dofhághala 's í is áilne.


L. 398


An dubh ghné ní h-athruíghthear é.
Air lí ni breith fear gan súilibh.
An uair is cruadh do chailigh caithfidh sí rith.



Bídh ádh air amadáin.
Béul eidhinn a's croídhe cuilinn.
Buaidhfidh an t-each no cailfidh an srian.
Beathadh an staraídhe fírinne.
Bídh cluid fheascair ag an t-saothraídhe.
Bídh borb fo sgéimh.
Bídh boirbeacht i n-gealgháire.
Bidh cluanaídhe i n-deagh-chulaidh.
Bot ir uaíll nae.
Buaine clú 'ná saoghal.
Briathar baoth baothanacht.
Beannuigh i m-báidh do dheagh-dhuine.
Bocht an-eagleais a bhíos gan cheol.



Conair gan ghábhadh conair na sláinte.
Cneastacht trearthadh beatha an t-saoghail.
Craigean an bocht gach ailp.
Crodh roimh an arc.


L. 399


Cnuasuigh anam oireamhnach.
Caoch an caoch air dhath.
Caoín re ceannsaigh.
Casann peísteóg air fhear a saltairt.
Cat réir cinéil.
Claoidheann neart ceart.
Caomhnann dóchas an t-inghreamach.
Ceasann an bolg lán.
Críonacht cínteacht.
Codhla fada spaidean leanbh.
Claoidhteann an sathach seang.



Déineacht gan luas.
Deisceann an bocht.
Dil go diugh.
Dearbhrathair leadránacht olachán.
Dochas liaigh gach annró.
Deis geimhre tig samhra.
Duilghe an t-uaibhreach do cheannsúghadh.
Deacair dréim ris ín mhurmór.
Dair ni féidir ros do dhéanamh.
Dubh do ghné ar an fionnóg féich.


L. 400


Dubh do leaca ar an fionnóg Earaigh.
Dall air lí ni breathamh fíor.
Díomhaoíneas mian amadáin.
Dearc sul léimir.
Dearbh caradh roimh riachtanas.



Eadtrom ór ag amadán.



Feárr deire fleidhe 'ná tós bruídhne.
Feárr dreolán i n-dorn 'na corr air cáirde.
Fuaruígheann a chuid.
Fuar cumann caili.
Feile dartachain.
Feabhrán dhéis sódha.
Feárr mada beó 'ná leómhan marbh.
Feárr a oileamhain 'na a oideachas.
Feárr fuin fleidh 'ná tós gioraic.
Fada cuimhne sen-leinbh.
Fearg a's fuath námhuid an deagh-ghráidh.
Foillsíghthear gach nídh re h-aimsir.
Féadam ór do cheannach go daor.
Féadan cat dearcadh for rígh.


L. 401


Feárr dá shúil 'na aon t-suil.
Foighid leigheas seanghalar.
Foghlaim mian gach eagnaidhe.
Fearr clú 'na conach.
Feárr coigilt ar d-tuis 'ná air deire.



Gnidheann léice léicídheacht.
Gan oileamhain gan mhodh.
Gan lon gan charaid.
Gan chiste is fuar an chlú.
Geibh lorgánach geimhre gortach.
Gach deamhan righeann a ré.
Gach nídh ghabhar go h-olc imthígheann go h-olc.
Gach a bh-faghar go h-olc imthigheann go h-olc.
Gnídhean bladar caradas.
Gnath ocrach fíochmhar.
Gnídh tart tart.
Glór nach d-tuilleann a g-ceann ní feárr a bheith
ann no as.


L. 402


Gach corr réir a iteadh.
Gach coineal a g-culuadar.
Gach am ní h-eagnach saoith.
Gach nídh daor mhian gach mnaoi.
Gean gach leantach a codansacht.
Gnídheann ceiste cathranacht.
Gnídheann saidhbhir réir a aonta.
Gnídheann olc olc.
Gnidheann maith maitheas.
Giorach frí trátha narc is masla.



Iomad gaoil air bheagán carad.
Is treise gliocas 'ná neart.
Is milis fíon, is searbh a íoc.
Iothlan cruachach gnídheann uabhar.
Is mo th'eagla 'na th'adhbhar.
Iomháigh an bháis codhla.
Is minic a bhi Grána geanamhail, agus dathamhail dona.
Is mall 's is díreach díoghaltas Dé.
Is coim cabáin do bhoicht.
Is sodh daochain.


L. 403


Is godhar gach nae.
Is gnáth sanntach i riachtanas.
Is dall an grádh baoth.
Is feárr an mhaith atá 'na an mhaith a bhí.
Is eagnach deaghdhuine.



Lígheann giorramach an sgála.
Luídheann bocht is gach sgairt.
Lom gacha léan.
Loisgeann úr a's críon.
Loiteann aoradh mór-chlú.
Luídheann Proimpiollán for otrach.
Luídheann sodhnas air amadán.
Luídheann cruadhtan for dhíomhaoineas.
Leanbh loisgthe fuathann teine.
Leígheas gach brón comhrádh.
Liagh gach boicht bás.
Luidhidh iolar air uaithibh.



Mianfuíghil a n-diaidh sothair.
Mian gan tairbhe gan bhlas.
Méad an luaghas is gainne cnuas.


L. 404


Ma's dona maol is measa maológ.
Ma's fada lá tig oídhche.
Ma's ionmhúin liom an chráin is ionmhúin liom a h-ál.
Mairg d'ar b' céile baothán borb.
Mairg doní corb re mnaoí.
Mairg thréigeas a dhuine ghnáth, air dhuine dha trath
no thrí.
Mairg doní éitheach a's goid.
Mairg fheallas air a charaid.
Mairg tréigeas a thighearna.
Mairg doní eagcóir mheabhladh.
Mairg léigeas a chogar ciúin, no arún re bean baoth,
cogar noch nach gabhann scís, oraicheas o dhis do
thriar.
Minic searrach cliubach 'ná each cumuisceach.
Minic cu mall sonaidhe.
Mian mualacháin doircheacht.
Mian spaide spadántacht.
Na's buaidheartha ceann is claon na baill.
Mas greúgach an phéacog ni piocar a cnamh.
Ma's an Róimh réir Róimh bí.
Ma's maith leat a bheith buan caith fuar agus teith.


L. 405


Ni fhuil gaol ag aon re saoí gan séun.
Na raomh go teacht an scuit.
Ní fhuil sódh mar an íota.
Ní bhreathann eagnaidhe nídh nach d-tuigeann.
Ní fhuil baint re faobhar.
Ni fhuil fath sugradh re faobhar.
Ni car gach bladaire.
Ní uaisleacht gan subhailce.
Ní bocht go bráithine.
Ni saidhbhir go glóirshealbhadh.
Ní fhuil cumann i méirdreach.
Ni fhuil dileacht i lot.
Ní fhuil glóir acht glóir neimhe.
Ni gnath crann feóighte a' fás.
Ní gnath matacht gan mairg.
Ni loisgeann sean-chat é féin.
Ni daileann culuigheacht áilneacht.
Ní fhuil aimhleas a ttoichteach.
Namhuid grinniollacht dultapa.
Ní fhuil ro aosta re fóghlaim críonachta.
Ní h-athruightear gné an duibh-smear.
Ni fhuil saoí gan locht.


L. 406


Ni fhuil dlígheadh ag riachtanas.
Neimhionann tíodhlaiceadh gach nae.
Nior toib cuire nach rachadh forfoidhe.
Ná ceann muc i mála.
Ní ionnsuígheann gach aon an tanach.
Ní fhuil sódh gan annsódh.
Ní fhuil fiadhta acht duine dona.



Olc gnídh olc do thí.
Or iodhol na sanntaigh.
Olc anaghaidh maitheasa.
Olc sion nach maith d'aon.
Omhan Dé tós eagna é.
Ocht n-amharc ocht ccuimhne.
Otracht sódh an leaghaidh.



Preab sean mharc is pótach.



Riaghluigheann rustach.
Robhuim an t-sith bhus measa roim air bus dleachta.
Rún gach searc an righ ceart.
Rós cura fial fear súdhach.


L. 407


Riaghail réir oideachais.
Raidireacht gan riaghail.
Rúnaídhe cealgach.
Rith rustach re fána.
Righ míofhoghlamtha is asal corónta.



Seachain cluanaidhe is cealgaire.
Scléip i neimhnidh.
Sáruigheann eagnacht gach saidhbhreas.
Saoire i laethaibh díomhaoine.
Soightheach folamh is mó torann.
Spreagann spuir bacaigh.
Saidhbhreas síor subhailce.
Saraígheann críonacht laigheadh.
Slaodann tréan truagh.
Spaidean nae gna obair laeth.
Sodhna dail griandha.
Sodhna adhluic fluch. =fliuch ??
Sgéitheann fíon firinne.
Sult gan cheó sódh neimhe.



Tá mianfuighil gabháltach.


L. 408


Toirbheart fann is aisig gann.
Tairnge i m-beó.
Tig geimhre for an fhallsa.
Tá fo láimh an mhangaire.
Tuar fola fearthainn dhian.
Tuar gorta gailing a's gairbhshion.
Tionsganann tos maith críoch mhaith.
Tig grian a n-diaidh na fearthanna.
Tig' iomchar re foghlaim.
Toil gach aon reir mar ní.
Tos mhaith leath na h-oibre.
Tuislean saoith.
Tos eagnadh uamhan Dé, ní fhuil eagna mar í, maith
an gné don é, Eagla Dé gi air a m-bí.
Tosach coille a's deire móna.



Umhlacht d'uaisleacht.
Uabhar gan tairbhe.
Uaisleacht gan subhailce.


L. 416



Ioná ceólta uile na cruinne,
'S iad ag sinim ann mo chluasaibh,
Budh bhinne liom-sa géimneach
Na m-bó ans a' m-buailídh!


L. 422


Ba gleannamhar, Dréimreach, néamhrach, fraoínseach,
A carnn-fhoilt chlaona 'na slaodaibh ag síneadh,
Go bachallach, péurlach, go réultach, go soillseach,
Go camarsach, craobhach, go néamhdha, go h-aoibhinn,
Ag feacadh, 'sag filleadh, 'sag silleadh 'na deóigh,
Go haltaibh, go troighthibh, 's go h-imioll an fheóir,
Na m-beartaibh, nasrathaibh mar chriostal a cclódh,
Go slámach ag casadh go h-úmarach, órdha,
'Na n-dualaibh go talamh go h-imeallach ómrach.


L. 423


A Mháire is tú mo ghrádh, a's grádh mo chroídhe do grádh,
Grádh sin gan donas gan éisling,
Grádh ó aoís go bás, grádh ó bhaoís ag fás,
Grádh chuirfidh go dlúith faoí chré mé;
Grádh gan súl le saeghal, gradh gan tnúth le spréidh.
Grádh d'fhág mé cráidhthe a n-daerbhroid,
Grádh mo ghrádh thar mhnáibh, a's a shamhail súd de grádh,
Is an-nuadh é le faghail ag aén fhear.


L. 429



agus trocaire go bhfagh a anmuin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services