Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Minstrelsy I

Title
Irish Minstrelsy I
Compiler/Editor
Hardiman, James
Composition Date
1733
Publisher
(Londain: Joseph Robins, 1831)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Failte do Chearbhallan.



Séamas Mac Cuarta ró chan.



Dá mhiliún déag fáilte dhaoíbh
O árus Mheadhbha, inghean Eochaidh,
Go fearann Oirghiaill, glúnmhar, grínn,
Le'r bh'ionmhuin éuchta Chonccoluinn.



Dá maireadh Conchobhar a n-Eamhain Mhacha,
Bhur d-turus a-n-iar ní'r bh'áithreach;
Ní rachfadh an líog-lóghmhar air ais,
No go g-créuchtfaídhe Uladh fá'n Maigneis.



Cheithre Néill Theamhra na d-treas,
Conn agus Cormac cómhdheas,
Ní léigfeadh an Carmhogall ag aén
d'fhuil Adhaimh, acht ag Ardrígh.



Carbuncail Teamhra na d-triath;
Maigneis Ulaidh na n-dearg-sciath;
Orpheus chlainne Chathaoír ó dheas,
A's meadhair na h-Eórpa gan chómhmeas.



Geall ceóil ó'n n-Asia n-oir
Go Toirdhealbhach anois do ráinic;
Prionnsa na naoí Músa fá mheas
Do shealbhuigh air d-tús Parnassus.



Gach duine sheinneas fá a luídheann grian,
Is dá n-áirmhínn go muir d-toirrian;
O Thoirdhealbhach do_gheibh 'na láimh,
A n-aoíbhneas, a n-ór 's a n-arán.



An t-abhrán,
Ta an t-arán 'n a láimh go bás má sheinnid le céill,
Gach siolla d'á d-tug athair na n-grás d'Olldhámh na d-téud;
An cumadóir árd-so sháruigh an chruinne le céim,
'S ba chubhaidh dho fáilte bhárr air dhá mhiliún déucc.



Maire Maguidhir.



Cearbhallán ró chan.



Mo léun 's mo chrádh gan mé 's mo ghrádh,
A n-gleanntán áluinn sléibhe;
Gan neach d'ár g-cáirde bheith le fághail,
'Náit air bith 'n ár n-gaobhar ann:
Rígh na n-grás, cá nídh dhamh tráchtadh ort,
A chiúin-bhean náireach, bhéusach?
'S gur b'é do ghrádh-sa tá tré mo lár
'Na shaíghiottaibh chráidhte, ghéura!



Is moch air maidin, do ghluaiseas an ainfhir,
Agus a cúilín ag casadh léithi,
Mar rósa drithlean tá sgéimh an leinbh,
A's gach ball di ag teachd le chéile;
A taébh mar an g-criosdal, a béilín meala.
Dar liom, budh bhinne 'ná guth téuda,
Séimh a leaca, a brághaid mar an eala,
A's a gruadh air dhath na g-caor-chon.



Loime a's léun a's díoghbháil céille,
Air bhuachaill éudtrom ró_dheas,
d'iarrfadh spréidh air bith le n-a sháith chéile
Acht síneadh síos d'á pógadh:
Dar brígh mo bhaistidh b'feárr liom agam,
Cailín geanamhuil, spéireamhuil,
'Ná lán na leabtha dhe stróinse cailíche
'S ná'r bheag a díol do'n bh-fóghnadh.



Fanni Biadhtach.



Cearbhallan ró chan.



Má fiafruíghthear dhíom cá rachfad, triallfaidh mé go Mainionn,
Féuchain an staruídhe is aoíbhne cáil;
Mar ta'n ríogan sinn Fanní, inghín dheise Ghearailt,
Plannda is binne, ghrinne, 's is dílse de mhnáibh:
'S é shaoíleas gach Barún tíre agus talaimh,
Tráth nach m-bídheann 'n a n-gar go bh-fuíghe siad-san bás;
Arís tráth bhídheann 'n a d-taithíghe, éirghíd a g-croídhe 's a
n-aigne
A's deir siad liom de phreib go m-bídheann siad slán.



'S í $Phénics na finne, an péurla breágh leinbh,
A's féuchadh gach duine an cás mar is cóir;
Gur 'n a h-éadain tá'n lile, geimhreadh na gile,
Is tá gach nídh breith buille agus báirr air an rós:
Féuchfaidh mé mo ghliocas, réir mar tá m'oideas,
Eirghím as, 's ní dheirim nídh acht an chóir:
Líontar suas na cannaídhe, súd fá thuairim Fanní!
Sláinte chaiptín Ghearailt choídhche beidheam d'á h-ól.



Brighitt Crus.



Cearbhalláin ró chan.



A shaéthair a's a chuisle, ná tréig-sí choídhche me-si,
B'féidir go d-tiocfadh grása ó Chríosd,
Go m-beidhinn-si agus tu-sa, n-éinfheacht gan tuirse,
Agus nach tú d'fáig osnadh ann lár mo chroídhe:
Ní fhéudaim-si codla aén oídhche go socair,
Acht ag smuaíneadh ort-sa an tráth sin do_bhídhim;
Agus réir mo bharamhla 's tú an féirín fuair Páris
O Bhénus, air a sgriosadh go bráth an Troídhe.



A Bhríghitt bheag, dheas, a bhéilín meala,
Le'r saébhadh leat-sa feara chríche Faíl,
'S gur bh'éifeachtaíche gach stair d'á léightear dhúinn air dheise
Bhénuis, Iúnó, Hélen a's ná Déirdre an áigh,
A sgeímh súd 's a n-glaine n-éinfheacht gan easbaidh,
Is eagal liom go deimhin gur ab agad-sa tá,
Méura caéla, deasa is tréidhthíche ag seinneadh
An réidh-phoirt chlisde air chaoín-chruit shaímh.



Tá na céuda fear cliste, an-éclips air meisge.
Sgéul é nach g-ceileann fáigh ná druídhe,
Méud úd gan easbaidh, ag éagnach a leath-troim,
A ghéag óg na m-bachall m-bán agus m-buídhe:
'S í géagán na m-ban í, bréagán na bh-fear í,
Géug ag-á m-bídheann taithneamh, cáil agus gnaoídh,
Mhéuduigh ar smal, agus do luígheaduigh ar n-gean,
A'd dhiaigh-si le seal, ó d'fág tu-sa an tír.



Tá m'íntinn air mearbhall, agus m'íntleacht d'á dalladh,
Le trom-chiach le fada, ló agus d'oídhche,
'N-diaigh do bhínn-bhriathar m-blasda, na g-cruínn-chíocha
ngeala,
Na g-craébh-fholt m-breágh, n-daithte, is breághdha air bith
píob;
Do ghrís-leaca thana, bhéurfadh faoíseamh do lucht galar,
D'fágbhais pian mór air fhearaibh, tráth de do dhíth;
Má's bínn libh le n'aithris, 's í an féirín a chanaim,
Nach aoíbhinn do'n d-talamh 'n ar thárlaigh, 's í Bríghitt.


L. 18


Leighios gach galar an t-uiscidhe.



Sul fá n-éirghídh tú air maidin bíodh do dheas-lámh uait sínte,
Mar a bh-fágh tu do bhuidéal de'n bhiotáile bhríoghmhar;
Sul fá n-déanaidh tú do choisreagadh cuir graideóg fá do chroídhe
dhe,
Má's maith leat 's a' t-saoghal-so bheith buan, fulláin, beódh,
Eirghidh go tapaidh agus fáisg ort do bhrístidh,
Ná fan le do bhearradh, do ghlanadh nó do chíoradh,
Nó go g-cuiridh tú bog-tharraing fá do sgairteach' 's do phíobán
De'n n-Uiscídhe mar $Nectar, do choisgeas gach íota,
A's ó mhaidin go h-óidhche cuirfeas ceileabhar a'd ghlór.



Is iocshláinte an t-uiscídhe léigheasas agus shlánuígheas
Gach tinneas agus aicíd d'á leanann síol Ádhaimh;


L. 20


Ní'l úsáid le dochtúir nó le poitecéirídhe gallda,
Acht ól lán sgála dhe gach maidin a's gach oídhche.
An biotáile beanduighthe do choisric Naomh Páttruicc,
Ná cuiridh é g-compráid le fíontaibh na Spáinne,
Le Burgundídhe na Fraínce, nó Hoc na n-Almáinne,
Le Rum nó le h-Arrac do_tháinic thar sáile,
O's ócáid mhór báis iad do loisgeas ar g-croídhe.



Má tá maíll amhairc ort nó dursán ann do chluasaibh,
Coilic ann do ghaile nó gread-losgadh fuail ort,
Gút ann do chosaibh no arraing ann do ghuailnibh,
Ol naoí n-uaire deoch Uiscídhe 's an ló.
Glanfaidh do rosg, beidhir aigeantach, úr-chroídheach,
Meanmnach, cliste 's ní chuirfidh fuacht ort,
Ann_sin gheabhair codla, socaracht a's suaimhneas,
Ní thaobhfaidh tú aicíd, tinneas ná buaidhreadh,
Go m-beidh tú deich n-uaire chomh sean leis an g-ceódh.


L. 22


Plaingstigh an Stafardaich.



Cearbhallán ró chan.



Má's tínn nó slán do thárlaídheas féin,
Ghluaiseas tráth 's do b'feárr-de mé,
Air cuairt chum t-Seóin chum sócamhail d'faghail,
An Stafardach breágh, sásda nach gnáth gan chéill:
A's a d-taca an mheódhan-oídhche do_bhíodh sinn ag ól,
Agus air maidin arís an cóirdial;
'S é mheas sé ó mhéinn mhaith gur bh'é súd an gléus
Le Cearbhallán caoch do bheódhúghadh:
Seal air meisge, seal air buile,
Réubadh téud 's ag dul air mire,
An faisiun sin do chleachtamair ní sgarfam leis go deóigh!
Deirim arís é, agus ínnsim do'n d-tír é,
Má's maith libh do bheith saoígh'lach bídhídh choídhche ag ól.


L. 24


Go m-budh fada, buan-shaogh'lach do_bheidheas tú beódh,
A aén-mheic Sheóin mheic Thomáis bháin,
Spalpaire an úr-chroídhe d'fíllfeadh air an t-súgradh,
'S go bh-fuil na chúig choíge lán de do ghrádh:
Fear is grinne a g-céill s' d-tuigsin,
Chuirfeadh na cléir go léir air meisge;
Deir sé gur b'é mo liaigheas anois leanmhuin de go deoígh:
Is follusach do'n t-saoígheal, go d-teannfainn le'm chroídhe é,
An Stafardach breágh siansamhuil, ó's é mhiann bheith choídhche ag
ól.


L. 26


Eudbhart O'Corcrain.



Cearbhallán ró chan.



Nach é Eadbhart O'Corcraín an furránach glégheal,
An leómhan breágh, soineanda, soilbhir, céillídhe?
De'n n-uaisle ghrinne do geineadh ó ghaédhlaibh;
A's nach saoítheamhuil, cuideachtamhuil, oineachamhuil tréidheach é?
Air a chuairt chum na h-áite beidh báire air gach machaire,
Olam a shláinte, grádh mo chroídhe an preabaire;
Cá bh-fuil fear a bhárrtha ó'n n-Gráinsigh go Gaileng?
Béurfas gleóidh do na páistídhibh agus árus do sheandaoínibh - hóm bó!



Beidh againn spóirt, feóil agus beatha-uisge,
Airgiod, ór agus dódracha ceapairídhe,
Gin, rum, fíon, pórter agus cósg ar n-aicidídhe;
Beidh téuda d'á n-dóightheadh, 's ní bheidh brón choídhche feasda orrainn:
'S nach é Eadbhart an tréan-fhear budh tréidhíche bhídh Luimneach;
Ceannfuirt gach réidhtich, sé d'féuchfadh a g-cómhrac iad;
A shamhuil ní'l a'n-Erinn, a's dá n-déurfainn-si a Sacsan,
Agus coímhdeachan Dé leis an Déagh-mhac sin Hannruídhe.


L. 28


Seon Hart.



Cearbhallán ró chan.



Rachfaidh me-si suas an uair so gan bhréig,
Mar a bh-fuil an sagairt geanamhuil, barramhuil de uaislibh gaodhal,
Fear le g-claoídhtear tart, fear le sgaoíltear gasraídhe,
A's air Sheághan O'Hairt uadh cheart do labhraim féin:
Fear de'n n-aicme scaipeadh fíon go réidh,
Agus raínnfeadh é go fras le mac an cheóil 's an léighinn;
Dá m-beidhinn 's an Róimh mar b'ait liom, 's go m-biadh mo bhóta inghlactha,
Is fíor go n-déanfainn Easbog mór dhíot féin.



Stíobhard ceart do mhac na glóire é féin,
Go m-budh buan é bh-fad, is mac de'n n-órd é go léir;


L. 30


Ní'l-sion bean ná leanbh air easbaidh teagaisg
Nach n-déanfadh seanmhóir mhór dóibh le céill,
Agus liaigheas de phreab air aicid, glórtha a bhéil;
A pléaróid dheas is maith do bhóta thoil uí Néill,
Ní'l-sion uair na tráth d'á bh-faíghinn uain air chách,
Nach n-ólfainn suas gan spás do shláinte bhreágh, sheímh.


L. 32


Inghin Ui Mhordha, no Seabhac Bheal-aith-seannaigh.



Cearbhallán ró chan.



Súd í féirín déagh-bhan n-áilne,
Uadh Chonchúbhar O'Raghallaigh go Sléibhtibh Mháille,
An rígh-bhean óg is míllse póg,
Is air inghean uí Mhórdha thráchtaim: -
Gaél na rígh-fhear láidir,
Is faide léigfeadh cíos air cáirde,
A phlannda an t-séin 's na g-craébh-fholt n-daithte,
Is tú do luadhaim a'm ráidhtibh.
Is truagh gan mé agus géug na bh-fáinneadha,
Air oileán na g-caér 's gan aén neach láimh linn,
Acht sinne bheith ag ól ó oídhche go ló,
'S ag seinneadh go seólta air chláirsich.


L. 34


Aén do bheith agam-sa 'n a Táibhleis,
A's gan cead aici an oiread sin do tháradh,
Acht bain agus cur síos go miannmhar, maiseach,
Gan chomhrac, gan ghruaim, gan náire.



Nach aoíbhinn do'n t-é úd d'féudfadh a mealladh,
Géug na m-bachall bh-fáinneach,
Siúr na ríogh a níos ó Theamhair,
Do síolruigh ó Chonall Ceárnach; -
Molaim thú féin fá'n réim sin do ghlacais,
A dhéigh-inghín thapaidh Mhánuis,
'S tú seabhac na h-Eirne a's Bheal-áith-seannaigh,
Agus miann gach miann tar mhnáibh tú;
Ta a séimh-chúm gléigeal air ghnéidh na h-eala,
Air chuan na meala ag snámhadh,
'S a carnn-fhoilt chraébhach' síos go talamh,
Ag filleadh 's a casadh go fáinneach,
A súil mar dhrúcht 's a snuadh breágh, cailce
Mar Bhénus ag teacht ó'n n-dáimh-thoínn; -
'S é shaoílim féin gur b'í réult na maidne,
A's go m-bídheann gach duine a n-grádh léi.


L. 36


Tá seabhac na h-Eirne a n-éinfheacht linne,
Go céillídhe, gasta, sásta,
Ariamh go fóil nach deárnaidh ciste,
Acht ag bronnadh óir 'n a mhámaibh;
Tá a súil mar dhrúcht go nuadh air lile,
'S a gnúis mar clódh-mhín Phárrthais
Amharc 'n a deóigh ní dheárnaidh si-se,
Acht buan ag brostúghadh cáil' mhaith';
Tá cuach Bheinn'-Eadair ag éalóghadh linne,
Síos go Bheal-áith-seánnaigh,
Agus Seabhac na h-Eirne ag triall ar g-coinne,
Mar rún mhilis bheach na béaltoine;
A chiúin-bhean bhéusach, shéimhídhe, shocair,
Uadh d'aisdear thug cumann agus áilne,
Ní fhuil éan air chraébh is caoíne binneas,
Ioná cuach a d-teas do dháil-si.


L. 38


Feidhlim Ua Neill.



Cearbhallán ró chan.



Gluaisfidh mise feasda, suas ann san n-aisdear,
Nach air Fheidhlim ua Néill bhéurfaidh mé an chuairt,
An t-óig-fhear de'n bh-fréimh, d'ár chóir do bheith ccéim,
Súd é mo sgéul agus ní náire liom a luadhadh:
Sagart geanamhuil, barramhuil, cráidhbheach, suairc,
Nach léigfeadh neach d'ár cheart d'á cháirde uile uaidh;
Líontar suas na sgálaídhe, 'nois dar liom is feárr iad,
Léigídh thart an t-sláinte úd Fhéidhlime uí Ruadh.



Ní'l spórt air an d-talamh nach dho-san budh dual;
Réir mar bhíodh air buile 's a dáimh chuige ghluais,


L. 40


Ceól, póit, agus aiteas, a's gártha suain,
'S gach órd 'n a seólta teacht 'n a dháil gach uair,
...,
...,
Léigim dho-san feasda, is leór damh sin do theasdas,
Nach é Féidhlim óg an fear a_ta mé luadhadh.


L. 42


Plaingstidhe Peaton.



Cearbhallán ró chan.



Láimh leis an g-Céis tá an siollaire sásta,
Tubóid óg Péaton is sé tá mé rádh,
Is uasal 's is saoítheamhail,
Is gruagach 's is gnaoídheamhail,
'S ní léigfeadh sé a mhasladh air cáirde.



Go m-budh buan é 'gus saoghlach 'n a shláinte,
O fuair se buadh air a námhaid,
'G á sciúradh, 'g á ngreadadh,
'G á m-bualadh, 'g á lascadh,
Má's cloídheamh no bata 'n a lámhaibh.



Bramaich 'g á g-cíoradh, do ló agus d'oídhche,
A's bhainfeadh as phoic dhíomasach léimneach,
Na céuda sórd fíona
Dá n-ólfadh na saoíthe,
'S é Tubóid óg Péaton do dhíolfadh.


L. 44


Madam Crofton.



Cearbhallán ró chan.



Is miann liom tráchtadh air óig-mhnaoí,
Agus dar liom féin gur chóir sin,
Madam Crofton shúgach, gheanamhuil,
Bean le'r bh'ionmhuin ceól.



'S í do líonfadh an dram damh
Gach oídhche, gach uair a's gach am ceart,
Leanbh deas na g-cam-dhlaoídh
is uaisle 'gus is ceannsa cáil.



Mar tá, Betídhe shéimh na gcraébh-fholt n-daithte,
Is geal a píob 's a braghaid dhil,
Is deas a déud, séimh a leaca, 's é déarfaidh siól Eabha,
Gur bínn, beacht, grínn, ceart chanaidh sí gach ceól.


L. 46


Cailín báidheach, cráidhbheach, clúiteach,
Bean le'r bh-feárr-de cáirde shúgach;
Ni bh-fuighe aén-neach bás de'n d-tart
Bheidheas a choídhche 'g á cóir.



Uch! is fíor gur naémhtha an duine,
Fuair mar chéile i-si,
'S an tráth bheidheas Betídhe gheanamhuil sínte air leaba
Sábháil Dé air an gcúpla t-séimh gach oídhche a's gach lá.


L. 48


Marghairiad n-i Chorcarain.



Cearbhallán ró chan.



Nach aoíbhinn do'n sgafaire bheidheas 'g á mealladh,
Plannda leinbh na mín-chrobh m-bán;
'S í grádh a's spéis do'n n-uaisle ghrinne, cailín suairc na gruaige finne,
Sud é mar deirim, agus nach air is miann liom trácht?
Dá m-biadh an réim-so linn ag Gaodhlaibh mar budh chleachtach,
Ní fhéadamaoíd-ne codla d'oídhche ná do lá,
A shúil bhreágh, mhódhmhail, mhór na maise, bhéilin
cheólmhair, oide gach tuigsi,
Phegídhe dheas na b-péarladha, séun ort agus ágh!



A chúmhail na b-prionnsa Spáinneach, lúb na d-trillis
bh-fáinneach,
Moch líontar fíon dúinn, agus bíodhmaoíd-ne choídhche
a sláinte 'g á h-ól;


L. 50


Nach meanra do'r cinneadh an t-áileacán leinbh,
Fuair bárr sgéimh' na cruinne, nach í is coinsiasaíche cáil?
Craébh an áigh agus í fá bhláith uile, gruadh gan smál
's í is finne, grinne,
A lúb an t-séin, a phlúir na n-gaodhal, a's a n-uaisle,
céile a ccuímhneadh!
Nach sin prionnsadha as gach réigiúin, a g-campa le chéile,
Faoí'n ainfhir gheal, shéimh n-í Chorcaráin?


L. 52


Seon Iones.



Cearbhallán ró chan.



Oig-bhean mhín, fóir orm dídean, fóil, na saóil, óch! mo
chur de'n t-saéghal,
Is leór liom mar taoím creapalta ag an m-bás,
Nach mé tá gonta, greadtha ag scartadh.
Ag saígheadaibh de do ghrádh: -
O rinne tú an feall, agus nach d-tiucfadh tú liom,
Nar dúbhras leat air maidin, síos fa'n n-gleann,
Scaoídh bhuan-mhallacht scaoílim leat-sa go deacrach,
Agus mí ní mhairfead, is mé Seón Iónes.



Oig-ghais na n-dlaoídh n-ór-chasta, m-buídhe,
Is brónach a_taoím a's toitear, díothach gan bhrígh
Mar bhídheas gach uile dhuine as eólas na slíghe,
Nach me tá moladh cruithneacht' ór-bhuídhe an ríghe;


L. 54


Tá tú bínn, súgach, geanamhail, grínn,
Múinte, maiseach, rathamhail, maérdha dar liom,
Is tú miann gach maise, is tú riar gach flatha,
A rígh-bhean, is leat an t-úbhall gan raínn.



Dar an dómhnaich, má ghnídhir, biad-sa go bráth,
A g-cómhgar na slíghe mar a m-bídheann an tormán fán,
Mo luídhe, mo shuídhe, mo sheasamh, ag éisteacht na n-árd,
Faire! faire! fút, a mhaíghdean bhán,
'S go m-beídhinn-si trí oídhche ag ól sínte air stól,
chúghad tagaim óch! go mín no go mall,
Agus nach aoíbhinn an fhaíll,
A shiúr, rachfainn leat a_nún tar an d-toínn.


L. 56


Graesi Nuinsiun.



Cearbhallán ró chan.



Is miann leam tráchtadh air bhláith na finne,
Graesi an ainnfhir is súgaíche,
'S gur b'í rug bárr a g-cáil 's a d-tuigsin
Air mhnáibh breágha, glice na g-cúigeadh:
Cia b'é bhiadh na h-aice d'oídhche 's de ló,
Ní baéghal do fad-thuirse choídhche ná brón,
Ag an ríoghan t-séimh is aoíbhne méinn,
'S í cúl na g-craébh 's na bh-fáinneadha.



A taébh mar aél, 's a píob mar ghéis,
'S a gnaoí mar ghréin an t-samhraidh,
Nach tapaidh dho'n t-é d'ár gealladh mar spréidh
Bheith aici-si, géug na g-cam-dhlaoídh:
Is suairc 's is sámh do ráidhte geanamhuil,
Is áluinn, deas do shúil ghlas,
'S é chluinim gach lá ag cách 'g á aithris,
Gur fáinneach, cas do chúl tais,


L. 58


Súd mar a deirim leis an oíg-mhnaoí t-séimh,
bh-fuil a glór ní 's binne 'ná ceól na n-éun,
Ní'l sians ná greann d'ár smuaínigh ceann,
Nach bh-faghthar go cínnte ag Graesi.
A lúb na séud, is dlúith-dheas deúd,
A chúil na g-craébh 's na bh-fáinneadha,
Gídh ionmhuin liom féin thú, stadaim de'n sgeúl;
Achd d'ólfainn gan bhréig do shláinte.


L. 60


Maible Sheimh N-I Cheallaich.



Cearbhallán ró chan.



Cia_b'é bh-fuil sé a n-dán do,
A lámh-dheas bheith faoí na ceann,
Is deimhin nach eagal bás do,
Go bráth ná 'n a bheódh bheith tinn,
A chúil dheis na m-bachall bh-fáinneach, bh-fionn,
A chuim mar an Ealla ag snámhadh air an d-toínn,
Grádh 'gus spéis gach gasraidh, Máible† shéimh †n-í Cheallaigh,
Déud is deise leagadh ann arus a céinn.



Ní'l ceól d'á bhinne fós d'ar seinneadh,
Ná'r_bh'eólghach dhi-si thuigsin 's a rádh ann gach céim
A gruadh mar rós ag drithleadh, is buan 'n a g-cómharsa an lile,
A rosg is míne, glaise 'ná bláith na g-craébh:
'S é deir olldhamh mollta chláir shíl Néill,
Go g-cuirfeadh na corradha chodla le sár-ghuith a beíl,
Ní'l amhrus ann a súil bhreágh, lonnach,
Acht óltar línn go grínn do shláinte mhaith féin.


L. 62


O d'éagadar na mná mánla
Air a d-tráchdadaoís an domhain go léir,
Measaim nach bh-fuil 'n a n-áit aguinn
Acht Máible le clú ann gach céim.
Annsacht gach duine a g-cáilídheachd 's a g-céill; -
Is ághmhar do'n bh-filidh a fághail d'á n-déis,
Cúl na g-craébh is finne, lúb na d-téud is binne,
Snuadh na géise gile, a brághaid a's a taébh.



N'íl aén d'á bh-feiceann an t-saoí-bhean mhaiseach,
Nach éirghídheann mar na geiltibh, a m-barradhaibh na g-craébh,
A's an t-é nach léur do an choingeal, lán de sbeís an leinbh,
Is fearr tréighthe a's tuigsi dhe náisiún Gaédhal: -
Is sí is deise cos, bas, lámh agus béul,
Peíghre rosg, a's folt ag fás léi go féur,
Tá an bháire-si línn ag sárúghadh luchd greínn,
Fá rádh go bh-fuair mé an fhaíll, is ághmhar liom é.


L. 64


Cupan Ui h-Eughra.



Cearbhallán ró chan.



Dá m-béidhinn-si a_muich a 'n-Arainn,
Nó a' n-gár-ghleann na séud,
Mar a n-gluaiseann gach sár-long
Le cláiréid a's le méad,
B'feárr liom é mar shásamh,
Agus fághaim é dhamh féin,
Cúpán geal Uí h-Eaghra
Agus fhághail lán le mo bhéul.



Cad é b'áill liom 'g á chur a g-céill,
'S a liacht áigh maith 'n a dhéigh,
'S gur b'é deir olldhamh na h-áite,
Dar mo lámh-sa ní bréug,
Thoirdhealbhaich Bhriain ághamhail,
Tarr tráth faoí mo dhéin,
Go n-ólfam as an t-sár-chupán
Sláinte bhreágh Chéin.


L. 66


Marghairiad inghin Sheoirse Brun.



Cearbhallán ró chan.



A Mhárgháiriad Brún, is dúbhach do fhágbhais mé,
Mo luíghe 's an n-uaigh 's gan cúmhdach mná orm féin,
Fuil 'g a sgaoíleadh dhamh-sa a d-túis a's a n-deireadh gach laé,
A's a Inghín Mheic Suíbhne, a rúin dhil, tárthaigh mé.



Ghluaiseas 'núnn dar liom fá 'n tráth-so a_n-dé,
Fá'n g-coíll chroím, go cínnte b'árd mo léim;
Mo leabhrán grínn ag ínnsin fáth gach sgéil,
Is eagal liom gur mhíll do ghrádh-sa me.



'S í Már'iad an aindear sheímh is caoíne glór,
Is binne a béul 'ná guth ná d-téud a's 'ná na sígh-cheóil,


L. 68


Is gile taobh ná an eala shéimh théidheann air linn gach ló,
'Gus a mhaiseach, bhéusach, ghasta, threídhtheach ná diúltaidh mé.



Dul eadar an dair 'sa croiceann, 'sé mheasaim gur cruadh an céim,
Dul eadar mé agus rúin-shearc agus grádh mo chléibh,
Air chur mo lámh tháirsi air maidin le bánúghadh an laé
Fuair mé an staraídhe dubh ag gleacaídheacht le grádh mo chuím.


L. 70


Seoirse Brabson.



Cearbhallán ró chan.



A Sheóirse Bhrabsoin go mairidh tú saéghalach, slán,
Grádh gach duine a's a leinbh is aoíbhne cáil
Láimh an oinich ó m-b'furus dúinn fíon do fhághail,
Is gártha an chuideachd 's an n-ionnad a m-bídheann do ghrádh.
Hí ho! súd é an preabaire,
Hóm bo! Plúr na sgafairídhe;
Spórt, gleódh, cosg ar n-aicidídhe,
Feóil, beóir, ceól agus ceapairídhe,
Cláirseach, Fideléir, gáir ag Píobairídhe;
'S é báire Chunráite é, lár a thire 'stigh
Bárr-shlat Ghaileing é, grádh mo chroídhe-sa leis,
Sár-mhac dathamhuil é, carthannach, fírinneach.


L. 72


B'feárr liom ná bóinlacht a's ná ór ríghe na Spáinne,
Eachraídhe agus cóisdídhen a Róimhe a's an Phápa leis,
A's ná Dúnmór mheic Ceóruis agus Nóraill mheic Rághnaill,
Bheith ag amharc air Sheóirse ag tabhairt óir 'na mhámaibh uaidh.
Hi hó! súd é an siollaire,
Hóm bó! dubh-shlán duine faoí,
Him ham! plaingstídh merriment,
Sing, dance, drinc, his health about,
Is sámh, is soineanta é, tá sé cúirtéiseach,
'S é bláith a chineadh é, racham d'á dhúithche leis;
Táinte sonuis air, ágh agus oineach air,
A's bárr maith uile-bhreágh go d-tuitidh air.


L. 74


Brigitt N-ic Ui Mhaille.



Cearbhallán ro chan.



A Bhríghitt n-ic uí Mháile, is tú d'fáig mo chroídhe cráidhte,
Ta arraingeadha báis tré cheart-lár mo chroídhe,
Táid na mílte fear a ngrádh le na h-éadain chiúin, náireach,
'Sgo d-tug sí bárr breaghdhachta air thírEirill, má's fíor.



Maidin chiúin, cheódhmhar, d'ár éirgheas 's an bh-fóghmhar,
Cia casfaídhe ann sa' ród orm, acht stór geal mo chuím,
'Nuair dhearc me air a clódh gheal, do sgárdas fuil t-sróna,
A's fuair mé trí póga d'fóir air mo shaoígheal.


L. 76


Ní'l read air bith is áilne, 'ná grian ós cionn gáirdín,
'S na rósa breághdha d'fásas amach as an g-craoíbh:
Mar súd a bhídheas mo ghrádh-sa, le deise 's le breághacht,
A chúil thiuigh na bh-fáinneadha, bh-fuil mo ghean ort le
blíadhain.



Buachaill deas óg me, tá triall chum mo phósta,
Ní buan a bh-fad beódh me, muna bh-fagh mé mo mhiann:
A chuisle a's a stórach! fagh réidh agus bídh rómham-sa,
Go déigheanach dia dómhnaich air bhóithribh Ráthliamh.



Is me-si tá shíos, leis an b-pósaso dhéanadh;
Ní chodlaim an oídhche acht ag osnaíghioll go trom; -
Ná'r fhágbhaidh me an saéghal-so, go m-béidhead a's tú,
chéad-shearc,
Air leaba chlúimh éanlaith a's mo lámh faoí do cheann.


L. 78


Seaghan Glas



Cearbhallán ró chan.



Dá bh-feicfeá-sa Seághan Glas, is é dul chum an aénaich,
A's grádh gach leinbh a m-brollach a léine; -
A's, a chailíneadha an t-sléibh', sin agaibh Seághan Glas.
'S é deir bean d'á dheise, d'á b-feiceann é n-éinfheacht,
Gho bh-fágh mé mo mhilleadh! gur b'é súd mo chéile;
A's, a chailíneadha an t-sléibh', sin agaibh Seághan Glas.



Ní úghdar gan dántaibh, ní cláirseach gan téudaibh,
Ní'l easnadh ann a chnámhaibh gan beárnadh le bréagaibh,
Ní'l ann acht fámaire fánach, a fágbhadh gan chéile,
Má bhristear a chnámha, ni'l fáth dho 'g á shéunadh;
A's, a chailíneadha an t-sleibh', sin agaibh Seághan Glas.


L. 80


Dá bh-feicfeá-sa Sallídh, a's í dul chum an aénaich,
Bróga daithte uirthi, a's aprún gléigeal,
A's, a chailíneadha an t-sleibh', sin agaibh Seághan Glas.
'S í is samhail dí Bhénus, géag na rosg nglas
'S a gruadh air lasadh, 'sa leaca mar chaéra;
A's, a chailíneadha an t-sléibh', sin agaibh Seághan Glas.



Dá chíoch chruinne, na'r fionnadh 's ná'r féuchadh,
A Dhia! gan me-si agus i-se n-éinfheacht,
A d-tom nglas coille, go n-déanfamaoís réidhteach,
A chara mo chroídhe! nach ann_sin do_bhéidheadh an sult?
A's, a chailíneadha an t-sléibh', sin agaibh Seághan Glas.


L. 82


Seamas Pluinceatt.



Cearbhallán ró chan.



Séamas† óg †Pluíncéatt, bronntóir an fhíona,
Fuair oideas air cheóltaibh, spórt agus aoíbhneas,
Air Laittin, air Ghréigis, 's air Ghaoídheilg bhreágh, líomhtha,
Grádh na m-ban n-óg é, an t-óig-fhear glan, saoítheamhail.



Is feárr 'ná sin féin, a mhéinn a's a mhaithios,
Guaire níor thug buadh air, a' n-uaisleacht a bheartaibh,
Go m-budh fada saéghlach, beódh é, gan bhrón air bith ná easbaidh,
'N a árd-fhlaith mhór bhéurfadh ól fada do ghasraidh.


L. 84


An g-cualaidh sibh tréighthe an tréun-mharcaich shúgaich,
Mar a_tá an Pluíncéattach glégheal, breágh, éudtrom, lúthmhar; -
'S é dúbhairt gach maíghdean bhéusach, m-bíodh na céuda dhi ag
úmhlúghadh,
Mo léun! gan mé a's tú, mar aén air ar n-glúinibh.



Ní'l sin maíghdean bhéusach, ó Eirne go Gaillibh amach,
Dá g-cualaidh riamh a thréidhe, ná'r mhéinn leó bheith 'n-aice
seal,
A g-coílltibh Bhuin-an-fhiodáin tá an furránach, breágh, soineanta,
Mheallfadh na cailínídhe air chúl na g-craoíbheacha.


L. 86


Nansidh Cooper.



Cearbhallán ró chan.



'S mín, maiseach, mánla, socair, milis, cráibhtheach,
Gan ghruaim a's adhnáireach do ghnúis bhreágh, a rúin!
Súil ghlas ag gáireadh, d'úr-leaca is áilne,
Súd leat na táinte, a ghrádh dhil, ag tnúth;
'S fíor-dheas do ghnaoí ghlan, is leabhair do phíob gheal,
'S cuireadh na mílte leat sínte ann san n-úir!
'S tú sgannradh gach béithe, a chúil chais na g-craébhfholt,
'S dlúith-dheas do dhéud chaoíl, a's do cheannsacht bhreágh,
chiúin.



'S follusach 's is léur, osnadh a g-croídhe gach aén,
Bhídheann ag amharc scéimhe gheal-réiltionn na m-ban;


L. 88


'S deas do chos 's do lámh, is geal do bhrollach bán,
Och! 's tú lot 's do chrádh, na céuda laéch mear!
A phéurla shlad scéimh mhná deasa an t-saéghail,
'S tá tú tláith tais a 'd mhéinn, - acht 's éigean damh-sa stad;
'Nois, a chuid 's a ghrádh, mo bheannacht leat do ghnáth,
A Nansídh Cooper bhreágh na m-bán-chíoch n-deas.


L. 90


Marbhna Chearbhallain air bhas a mhna Maire n-i Ghuidhir.



Intleacht na h-Eirean, na Gréige, 's na Rómha,
Bíodh uile a n-éinfheacht, a' n-aén-bheirtín rómham-sa,
Ghlacfainn mar fhéirín, tar an mhéid-sin de na seódaibh,
Máire ó'n n-Eirne a's mé bheith 'g 'á pógadh.



Is tuirseach, tínn, tréith-lag me féin gach tráthnóna,
'S air maidin ag éirghidh, mar d'éag uaim mo nuadhchar,
Dá bh-faghainn a_nois tréuda, 's gach saídhbhreas d'ár nósadh,
Ní ghlacfainn 'n a déigh-sin aén bhean le pósadh.


L. 92


Fuair mé seal a' n-Eirinn go h-aédhrach a's go sóghamhuil,
Ag ól le gach tréan-fhear, bhídh éifeachtach, ceólmhar,
Fágbhadh 'n a dhéigh-sin, leam féin mé go brónach,
A n-deireadh mo shaéghail, 's gan mo chéile bheith beódh agam.



M'íntleacht mhaith, aérach, ní fhéudaim a cúmhdach,
M'íntinn, 'n a dhéigh-sin, is léur go bh-fuil smúiteach,
Go deimhin a'd dhéigh-si, ní fhéudaim bheith súgach,
A Mháire na céille, ann san t-saéghal bhídh go clúiteach.


L. 94


Uaill-Chumhaidh Chearbhallain os cionn uaigh Mheic Aib.



Nach í so an chuairt easbadhach, do lagaidh mé th'réis mo shiúbhail!
Air uaigh mo charaid, 's me falcadh na n-déar go h-úr;
Ní bh-fuair mé agam mo thaithneamh, a's radharc mo shúl;
Acht cruaidh-leac dhaingean, a's leabadh de'n g-cré bhídh cúmhang.



Ní tréan me a' labhairt, 's ní mheasaim gur cúis náire,
Is caídhean bhocht scoithte me, ó chailleas mo chúl báire,
Ní'l péin, ní'l peanaid, ní'l galair chomh cruadh, cráidhte,
Le h-éag na g-carad, nó scaradh na g-cómpánach.


L. 96


Marbhna Chearbhallain.



Mac Aib ró chan.



Mo bhrón! mo mhilleadh! mo thinneas 's mo bhuaidhreamh trath!
Do cheól-chruit mhilis, gan bhinneas, gan suairceas dán!
Cia dhéanfas aiteas do'n ghasraidh ná ceól go buan,
Os fíor, a charaid, gur leagadh thú a g-cómhra chruadh?



Tráth éirghídhim air maidin, a's dhearcaim an tír faoí chiach,
Agus shuídhim air na cnocaibh, go bh-feicim an dubh a_n-iar,
A Aén-mheic Mhuire! furtaigh do 'm chás a's riar!
'S go n-deárnadh loch fola, de amharc mo shúl a'd dhiaidh!


L. 98


A rígh na gcarad! nach aisdeach na cúrsadha é?
Ag luídhe dhamh air mo leabadh nach g-codlann mo shúil aén néull!
Táid pianta deacrach' dul tarsna tré lár mo chléibh; -
'S a Thoirdealbhaich uí Chearbhalláin, 's diombáidh
liom tú sínnte g-cré!



Guídhim-si Naomh Doiminic, Naomh Proinsias, a's Naomh Clára,
'S na h-iliomad Naoímh, faoí dhídhean na cathrach neámhdha,
Fá fháilte thabhairt d'anam Thoirdhealbhaich ann a n-árus,
'S a liacht port saoítheamhail do sheínn sé air an g-cláirsigh.


L. 110


Go tigh do charaid má théidh tú,
Cuairt fhada ní h-í is feárr;
Páirt de'd chion beir leat uaidh,
Is ádhbhar d'fhuatha an t-iompóghadh geárr.


L. 113


Má's ionmhúin leat na bráithre,
Bídh leó go sásta, socair;
Tabhair dóibh gach nídh iarraid,
'S ná h-iarr aén nídh ortha.


L. 116


Aithníghthear air thorthaibh na g-crann
Uaisle na bh-fréamh ó bh-fásaid;
Gach géug, leis an n-géig ó d-tig,
Ag dul leis an d-tréud ó d-táinig.


L. 117


Ta inghín aérach ag Tubóid Péaton,
Do ghaid mo ghnéidh a's mo shláinte uaim;
Air chasadh a céibhe 's a rosc mar fhéur ghlas,
Go g-cuirfeadh sí na céudtha a' n-uaigh.


L. 118


Molann gach aén an t-é bhídheas cráibhtheach, cóir,
Agus molann an chléir an t-é bhídheas páirteach leó;
Dar solus na gréine is é mo rádh go deóigh,
Go molfad gan spéis gan bhréig an t-áth mar gheóbhad.


L. 119


Deóraidhthe siora gan sgíth, gan sos,
Miannaid a dtír, 's a n-dúthchas.


L. 124


Gléus tíghe chum a bheith buan,
Bean chruadh a's fear gan tart;
Cupán beag a's gan é lán,
'S a léigeann air clár a bh-fad.


L. 131


A rígh na g-créucht! fuair éug a m-bárr an chraínn,
Ás croídhe do chléibh do reúbadh le láimh an daíll,


L. 132


Fuil do ghéug do théacht air talamh 'na línn;
Air scáith do scéithe beir féin go parrthas sínn.


L. 140


A h-Uiscidhe Chroidhe na n-anmann.



A h-Uiscídhe chroídhe na n-anmann,
Leagann tú air lár me,
Bídhim gan chéill gan aithne,
'S é an t-eachrann do b'fheárr liom;
Bídheann mo chóta stracaidhthe,
Agus cailim leat mo charabhat,
A's bíodh a n-deárnais maithmhe leat,
Acht teangmhaidh liom a_márach.



An uair éisdfidh tusa an t-aithfrionn,
A's bheidh do shailm ráidhte,
Déin-si ionad-coinge liom,
A's teangmhaidh liom a d-tigh an tábhairne;
Nar a bh-feicir cáirt a's cnagaire,
A's coc a d-tóin an bharraile,
A's bíodh an iár anaice leat,
A's rómhat-sa cuirfead fáilte.


L. 142


Och! mo stór agus mo chara tú,
Mo shiúr agus mo bhráthair,
Mo chúirt, mo thigh, mo thalamh tú,
Mo chruach agus mo stáca,
Mo threabhadh, mo chéuchd, mo chapaill tú,
Mo bha 's mo chaoíre geala tú,
A's thar gach nídh d'ár arimnígheas
Do chongbhaidh me-si Páirt leat.



'S a mhuirnín mhuinte, mhasgalaich,
Is taithneamhach do Phóg liom,
Ná diúltuigh fós do'm charthannacht,
A's gur de'n chineadh chóir me:
Leanán-síghe leam Gin a's Rum,
Bráthair gaoíl damh braén de'n t-sult,
Is cáirdeas-críost damh $boul_of_Punch,
A's teangmhaidh liom d'á thóruídheacht.



Is iomdha bruíghin a's eachrann
Bhídh eadrainn le ráithe,
Acht ní fhanann brón am aigne,
'N-uair líontar chúcam air clár tú:


L. 144


Mo bhean agus mo leanbh tu,
Mo mháthair agus m'athair tu,
Mo chóta-mór 's mo $Rapper tu,
'S ní sgarrfaidh mé go bráth leat.



Táid na gaolta is fearra agam
Dá bh-fuil a d-talamh Eirean,
Leann a's brannda, a's uisce-beatha,
Acht nach d-tagann an cláraéitt liom;
Bronnaim súd do'n n-Eagluis,
Mar is mór mo dhúil 's a' m-beanduightheacht,
'S gur mhaith leó braén do bhlaiseadh dhe,
d'éis aithfrinn do léughadh dhúinn.


L. 146


'Si mo Chreach! Bean Cheannaighe na Feile.



Air ghuth "Imbó a's Umbó".



'Sí mo chreach! bean cheannaighe na féile!
'S a mheisge mhúirneach, mo ghrádh féin tú,
Fada liom-sa táim do 'd éugmais,
'S ní fhacaidh mé o'n n-am-so n-dé thú,
Ní h-iongnadh dhamh-sa bheith gho déurach,
'S gur phós mé a g-cionn mo dhá bhliadhain déug thú,
'S nach n-deárnas riamh d'athrúghadh chéile,
Chionn mar do_bhéurthá mo thoil féin damh,
'S gur shaoíl me nach scarfainn go h-éug leat. -



Ni h-é so amháin maith d'á n-déanfádh,
Tráth gheabhadh cách thú air clár mar fhéirín;
An té bhídheas bocht do_ghnídh tú saídhbhir,


L. 148


'S an té bhiadh brúideamhuil bhiadh sé méinneamhail,
'S an té bhiadh cruadh do ghluaisfeádh féile ann,
An t-é bhiadh santach, amscaidh, saoghalta,
Bhiadh sé greannmhar, fonnmhar, méadhrach. -



'S maith do mhúin tú dhamh a bheith tréidheach,
A d-teangain mo mháthar 's ann gach béurla,
Anois, fáraoír! gídh taoím gan aén smid! -



D'inneosainn Páirt de'd thréidhibh;
Is uaisle tú ioná síol Eabha,
'S do_bhéurfádh buadh air fhearaibh Eirean,
An t-é bhídheas ciúin do_ghnídh tú baoth é,
An t-é bhídheas óg do_ghnídh tú aosda,
A's óg arís an té is léithe. -



Buadh beag oile nach ínnsím féin ort,
Ní fhághann tu locht air leaba ná air éadach,
Ní feárr leat an dorus 'ná an ghabhal-éadain. -



An tráth d'eirghíd amach a n-diaidh an fhéusta,
Siúbhlaid an oídhce go h-aigeantach aédhrach,


L. 150


'As bídheann steall chlabair air gach taebh díobh,
Luíghe agus codhla budh chumadh cá n-déanfadh,
B'ionann leó an mhóin a's lár an réidhtig,
B'ionann leo ann fhearthainn a's fascath 'na n-éadan.



Ni h-ísioll a h-aithristhear do ghaolta;
Ní raibh mac díleas ó íochdar Eirean,
Nach raibh do ghaol leis tré na chéile. -
Siúr I Dómhnaill, a's siúr I 'Néill tu,
Siúr Mac Guidhir ó imeal na h-Eirne,
Siúr Mheic Mathghamhna na n-each léimneach,
Siúr uí Duighthe le n-a duísgthidhe déigh-ghníomh,
Siúr uí Chonchubhair o imeal na h-Erionn,
Siúr uí Ruairc agus siúr uí Raéghallaigh,
'S an iarla bhídh shiar gan aén locht:
Is Iarla Chill'-dargha, budh gar a chéim duit,
Siúr Ui Annluain ó bhárr an tsléibhe,
Siúr Mheic Aéngusa ó Chaol an éisge,
Siúr uí Chonnaill a_nall ó Antruim,
Siúr uí Chatháin agus siúr Mheic Suíbhne. -
Siúr gach Dochtúra, agus siúr gach liaigh tú,
Siúr gach Trúpaora agus siúr gach Saighdiúir,


L. 152


Siúr aois-ciúil 'as siúr na h-éigse,
Siúr mhór mór do lucht dlíghe Eireann. -
Siúr ban n-uasal ann uaigneas laé thu,
Siúr ban n-óg gach neóin d'á bh-féudfadh,
Síur ban n-diomhaoín ag luídhe 's ag éirghídh,
Siúr ban shíos air íochdar sléibhe. -



Tá páirt fhogus agam féin leat,
Agus gaol ró_mhór ag eagluis Dé leat. -



Is aírde shuas tú 'ná na spéurtha,
Is mó go mór tú 'ná Cnoc-Gréine,
'S bídh tu ísioll an la 'na dhéigh sin. -
So fá'd thuairim! 'as Dia do'd reidhteach!
A lán 's an chupán a's beidh me réidh leat.


L. 154


Magaidh Laidir.



Seághan O'Neachtain ró chan.



So dhaoíbh sláinte Mhagaídh Láidir,
Le'r mhiann grádh a críche;
A's ní fhuil áit ó'n Rút go Máigh,
Nach bhfuil 's an t-sláinte chéadna!
Má mhiannaid páirt an fhial-bhalcáin
Bhiadhtaich, Bhráithrich, bhríoghmhair;
Is d'fuathas tráth gach fuar-iomrádh,
Air chualacht bhreágh na tíre.



Sláinte ui Néill, ui Dhómhnaill chléibh,
A's sliochd na h-Eirne ríoghdha,
A's gach a bh-fuil beó 's an Múmhain mhór
De shliochd an Róigh mac Mhile;


L. 156


Gach a bh-fuil a dtalamh aicme Mháine,
Slán tre shearc do'n d-taoíbh-sin.
'Sa laíghean na lann, ba bríoghmhar, teann
A maoín, a g-clann, 'sa n-díoghladh.



Líon an mheadair do'n n-árd-easbog,
Grádh a's searc na n-daoíne;
Líon an mheadair do'n n-athair Peattar,
So an teagasg fire:
Dá chuach, trí curáin do'n n-athair Tomás,
Is bínn a chómhrádh díleas;
Stiall a's canna do'n n-athair Ceallaich,
Dia d'á theagasg choídhche.



Líon an sgala, so dhaoíbh sláinte,
Ulltaich dána a's Muimhnich!
Sláinte laíghnich, an luchd meadhrach,
A's Chonnacht' na maíghdean sgíamhach!
Líon an cháta leis an sgála;
A m-breall go h-árd air dhaoíthibh,
Le'r mhiann Eire chlaoídh go h-éigceart,
A Dhia, bídh tréun le Gaédhlaibh!


L. 158


Gach neach nach ólfadh, claoídh 'gus brón air,
Sláinte chóip na h-Eirean!
Míle gráin air, sgian 'na ghárradh,
Pian a's plágha Eigipt!
'S gach neach nach iarrfadh an aisc chéadna,
Go raibh na piasda ag créim air!
A's é air misge ó chaol-uisge,
A n-dólás broide a's péine!



Muc, ím, bulcán, sógh gach soláir,
Oig-fhir iomlána, Gaédhlach,
Féusta fíre chlanna Míle,
A's féusda chroídhe na féile;
Fleadh do sháruigh, fleadh na n-ársaidh,
A's uile dháimh na n-déithe;
Fleadh na n-uasal, 'sa mol-chualachd,
Féusta buan Mhilésius.



Déanam gáirdeas, cosa 'n-áirde,
Dar n-domhnach, táim-si air meisge!
Damhas Múimhneach, fá_g-cuairt thríd linn!
So an t-aoíbhneas clisde;


L. 160


Féuch-si Una a's Bríghitt shúgach,
Mór a g-clú 's an ríngce!
Fearghall, Dúnlaing, Neachtain clúiteach,
Go raibh a súgradh cínnte!



A Dhiarmaid gluais, 's a Thaidhg air lua's!
So an suairceas aoíbhinn; -
A Chathaill mhóir, a Dhómhnaill óig,
So spórt a's pléidh, dar m'fhírinn'
Caitríona ann, go bríoghmhar, teann,
Mór a's Meadhbh a's Béibhionn;
Tá Rós ag ríngceadh, cóip 'na tímcheall;
Oil! óil! is compáin chléibh so!



A Aénguis croídhe, a Mhághnuis bhuídhe,
'S a Mháible bhinn, 's a Shíle,
Le ceól a m-béul, cuir ceóidh air chéud,
Gan bhrón nó éad a n-daoíne:
Seinn dhúinn steangcán, píob a's tiompán,
So an chómh-gháir ghleórach!
Súd ort a cháirdeas! Dia gach lá leat,
Dar fiagh is breágh an spórt so!


L. 162


So ort a Chéin, is bínn do bhéul,
Tá an bulcán breágh, bhríoghmhar,
Do'n bhalbh bheir géim, do'n bhacach léim,
Anam cléibh, is bruighin so!
Leag an stróinse! síos fá'n m-bórd leis!
Bhus so an fóghmhar síoghbhraigh;
Is me-si féin, mac fíre ó'Néill,
Bhá for Eire ag ríoghadh.



Mac Cárrthaigh mór, O'Briain na slógh,
Mo ghael gan cheóidh, na trén-fhir,
Mac Aénguis úir, Maguidhir na rann,
O inis chlúiteach Eirne;
O'Ceallaich cléibh, O'Conchúbhair tréun,
A's sliocht Branduibh an ruaidh-shléibhe,
O'Duín an fear, O'Mórdha mear,
Mo ghaél air fad na déigh-fhir.


L. 168


Coróinn ariamh na scillinn
Ni dhearnaidh me dhe chruinneas,
Acht léigeann do silleadh
Mar dhruchd air an bhféur.


L. 171


Hata d-trí g-coc a m-biadh stiúir air,
Agus maig air a_núnn 'cum tíghe an óil.



Do_bhidh me-si lag, marbh, sínte,
'S gan brígh ann mo chois ná a'm laimh.


L. 173


A mheisge thréightheach, bhéusach, mhaiseach, shámh,
Is clisde, tréanmhar, maérdha, measda a g-cáil; -
Me-si, a chéile, bheith am aonar uait-si lá,
Is baoís céille a's céusadh buan an dáil.


L. 179


Oid do'n t-saoi Coindealbhan.



A Shíoghaidhe, rug fíor-ghnaoidh
Na fódla air fad,
A's fuair aoín-t-slígh fhior-chroidhe
Na cceól amach,
Is díomhaoín Síansaídhe
Na h-Eórpa thart,
D'éis chimchídhe mhaordhaídhe
Do mheór lag, m-bras.



Ní'l miann-chroídhe ag ríoghraídhe
Na h-Eórpa air fad,
Nach míníghthear le maéth-scríb
Do mheór go prab,
Do chlaéchloídhis re faéthíomh,
Re geóin do ghlac,
A Shíoghaidhe, rinne sioghbhruíghe
Na fódla shlad.


L. 180


A chaoín-tí, re maothuíghear
Chum deór gach dearc,
A's le bh-faoísígheann clí-Phían
Gach breódh-choirp lag;
Ní'l aén t-saoí nach claén díbh
'S an n-órd air fad,
A líonaídhe, re d'shíoghaídheacht
Bhaineas ceódh de scairt.


L. 184


Athair na n-grása ce_be chifeadh an ghasraidh,
Iar lionadh a ccroicne, is a lasadh san ól.


L. 185


An tan théidhid sin le céim 'n a sguaine ag ól,
Ní féidir a n-éisteacht le fuaim a n-geón; -
An tan théithfid a m-béula a g-cuachaibh teóth,
Beidh a n-gaél le gach aén de'n n-uaisle is mó.



Déarfas an braébaire is buaidheartha de'n g-cóip; -
"Is mé féin a's mo chéile is uaisle air bórd;
Is ó Eibhir, mac Eibhrie do ghluais mo phór,
A's tá gaél ag ua Néill, dar Duach! le Mór."



Béarfaidhear an t-éitheach gan fuaradh dhó;
A's beidh spéice ag gach aén aca suas 'n a dhóid;
Pléusgfaid a chéile le tuargadh stróic,
'S is bog, réubtha bhídheas béul aca, cluasa a's srón.




L. 189


Na déan comann le fear Gallda
Má ghnídhir ní feirrde dhuit
Beidh choídhche air tí do mheallta
Ag sin comann an fhir Ghallda riot.


L. 190


A Ghearailt gheáirr an gháire ghonta
Fásach go táirseach do gheata
Driseog agus a dá cheann is an d-talamh
Loch uaithne air uachdar do h-alla.
Nead an t-seabhaic a b-poll an deataich
Agus cac na n-gabhar ann áit do leabthan
Mar do bhuain tú dhíom an Mac 's an t-Athair
Bhuain tú dhíom an dá bhó dhéug 's an tarbh
Agus oighreacht ná'r fhagh d'oighreadha-se, a Ghearailt.


L. 192


Ol-Dan.



Aindrias M'Craith ró chan.



Nuair théidhim go tigh an tabhairne,
Budh ghnath liom fuireach oidhche ann
Agus buidhean shultmhar sásta,
Ag ól sláinte am thímchioll. -
Mar budh mhiann liom an t-árthach,
Bheith lán gan aén chínnteacht,
Agus gasraidh bhreágh, ghrádhmhar
Ná'r ghnáthach a bheith cínnte. -
Siúd ort féin 's an g-ceart,
A rúin-ghil súidh le m'ais,
Bídh súgach a's ól do dhram,
A's an ccrúsga-so go fras,
Go n-diúgaim é go cneas,
Go n-glaodham tuilleadh a_steach,
As a thréin-fhir na tréig me.



Glór pibe agus bheidhlin,
A's ceól cruite gan aímhreas,
Níor mhór liom a bheith am thímchioll,
Ag ól $Punch go meadhrac,
No beóir maith agus Cíder,
Is iad do dhiúgadh le h-íntinn,


L. 193


'S go m-budh leór liom mar shaídhbhreas,
Iad do rúsgadh le h-adhmad,
Mar do'b fhonn sin mar acht,
Gach n-aon ag ól a dhram,
Go fiúghantach córach, ceart,
'S an crúsga tar ais
Ag tnuth le tuilleadh théacht
Go n-diugamaoís ar g-can
Ag ól sláinteadha chéile.



A chuideachta bhréagh, bhéusach,
A_tá taobh liom 's a g-cuibhreann,
Ní sgarrfam le chéile,
Go n-glaodham tuilleadh fíona;
Ag so sláinte gach trén-fhir
Do'b fhéile, a's budh saoíthe,
'S ná'r chuir a d-taisge d'á ghaolta
Gach ar shaothruigh sé le críonacht.
Mar mheasaim beart gach éin neach
Do chaith a choróinn 's a réul gheal
'S a liacht sgramaire gan chéil
Do mealladh ris an t-saoghal,
A_tá nois ag dreóghadh 's an ccré,
Fir ag a mnáibh d'á n-déis,
'S iad gan phreab fa líocc 's an teamroll.


L. 194


Mota Ghrainne Oig.



Shiúbhail me-si Eire fá dhó,
A's Móta Ghráinne óig ag filleadh dhamh;
Iongnadh ní fheacas ba mhó
'Na buachaill na m-bó gan gimléatt.
Fíll! fíll! a rúin! O!
Fíll, a ruín O! A's gairim thu.
Fill! fill aruin O!
Agus gheabhaidh tu an ghloír má thuilleann tu.


L. 195


Bhídh mé a d-tigh Sgolóige a_réir,
Ba chóir a's ba shéimh an duine sin
Bhídh dís de na cailíneadhaibh óga
'S as truagh gan mé Posta ag duine aca
Fill! fill, a ruin O!
Fill a rúin O! a's gairim thu
Fill! fill arúin O!
Agus gheabhaidh tu an ghlóir má thuilleann tu.



Casadh an t-sugain.



Nach é an cat marbh chas ann na h-áite-si mé,
'S a liacht cailin deas d'fhágas-sa as mo dheígh,
Tháinic me steach 's an teach raibh grádh geal mo chleibh,
'S chuir an chailleach amach, air chasadh an t-súgáin mé.



Má bhidheann tu liom bídh liom do ló a's d'oídhche,
Má bhidheann tu liom bídh liom ós comhair an t-saóighil,
Má bhidheann tu liom bídh liom gach órdlach ann do chróidhe,
S é mo léun nach liom tráthnóna tú mar mhnaoí.


L. 196


A's shíos a Sligeach chuir mé eólus air mo ghrádh,
A's shuas a n-Gaillibh d'ól me léi mo sháith,
Dar brígh mo bhasa muna léigfidh dhamh-sa mar a_táim.
Déanfaidh me cleas a bhainfeas siubhal as na mnáibh.


L. 204


Brighdin Padruic.



Ní'l bárún tréan ná árd-fhlaith,
Do dhearcfadh Bríghdín Pádruic,
Nach d-tiobhradh searc a's grádh dhi
Thar mhnáibh deasa an t-saoghail; -
A súile as glaise deállradh
Ná'n drúchd air mhaidin t-samhraidh,
Is ciúin, breágh, deas é a gáire,
'S í is áilne air bith méinn.



Cá'r bh'iongnadh feara fáil
Bheith claoídhte seal a ngrádh léi,
Tráth chídhim an fhaoíleann áluinn
Go scánnruígheann sí me,
'S a cíocha cailce tárraingthe,
Mar scríobhfaídhe a b-prionnda pháris,
'S a píob mar eala air lán-mhuir,
'S í bhásuígheann gach aén.


L. 206


Do'n Ráth-árd tínn má théidheann tú,
Ag dearcadh mhnaoí na méur lag,
Bríghdín dheas na n-aol-chrobh,
Ní baéghal duit-se an bás: -
'S í an mhúinte, mhaiseach, mhaordha,
Na g-craobh-fholt m-búclach, b-péurlach
Go dlúth ag téacht le chéile
'S ag claonadh ann a m-bárr.



Is mílse blas a béil tais,
'Ná mil ag silleadh as chéir bheach,
A rígh na bh-feart! gur éuloigh
An sgéimh léi thar mhnáibh; -
A ríogain dheas, a ghéur-shlad
le'd ghnaoídh, le'd ghean gach éan fhear,
Gur samhail duit-se réult maidne
Ag éirghídh gach lá.



O chruthúghadh an domhain go d-tígh so,
Ní'r shiúbhail an talamh naoímhtha,
A samhail súd de mhnaoí air bith,
Ann áilne 's a g-cáil;


L. 208


Tá lasadh glan na g-caoír-chon
'Na leaca geala míne,
A's boladh cúmhra an tíme,
Air phóigín mo ghrádh.



Mo chreach! gan mé 's an stuaire,
Le na chéile ag gluaiseacht,
Fó thoím, fó choíllte a's chuantaibh
'S gan ar d-tuairisg le fághail
B'fheárr liom 'ná ór na ríogachta,
Go m-beídhinn-si léithi sínte,
Ann uaigneas seal ós ísiol,
'S ní thréigfinn í go bráth.


L. 210


Eibhlin a Ruin.



Och! le grádh dhuit ní'l radharc a'm chionn,
A Eibhlín a rúin!
Bheith tráchtadh ort is aoíbhneas liom,
A Eibhlín a rúin!



Mo mhórdháil ró-ghrínn is tú,
Sólás an t-saoíghil-si tú,
Mo ghreann a's mo mheadhair is tú,
A Eibhlín a rúin!



Mo bhruinneall-sa go deímhin is tú,
Mo cholúr d'á bh-fuil 'sa' g-coíll is tú,
'S air mo chroídhe-sa ní'l liaigheas gan tú,
A Eibhlin a rúin!



Le cúirtéis agus clú bheathúghadh,
A Eibhlin a rúin!



Dúbhrais bréag nó's liom feín tú,
A Eibhlín a rúin!


L. 212


Is breághdha 'ná Bhénus tu,
Is áilne 'ná Réilteann tu,
Mo Hélen gan bhéim is tú,
A Eibhlín a rúin!



Mo rós, mo líl, mo chaér is tú,
Mo stór a bh-fuil 'san t-saoghal-so tú,
Rún mo chroídhe 's mo chleibh is tú,
A Eibhlín a rúin!



Rachfainn tar sáile leat
A Eibhlín a rúin!



'S go deóigh, deóigh ní fhágfainn tu,
A Eibhlin a rúin!



Le starthaibh do bhréugfainn thú,
Do bhlasfainn do bhéul go dlúith
A's shínfinn go seímh le'd chúm,
A Eibhlín a rúin!



Thabhairfinn aédhruídheacht duit chois amhan,
Faoí ghéugaibh glasa crann,
Ceól na n-éan ann ós ar ccionn,
A Eibhlín a rúin!


L. 214


Le díograis tar bheatha dhuit,
A Eibhlín a rúin!



Do luídhfinn air leaba leat,
A Eibhlín a rúin!



D'fhaísgfinn a'm ghéugaibh tu,
Coingeóchainn go séunmhar tu,
Ghrádhfainn thar aén-neach tú,
A Eibhlín a rúin!



A réiltionn mhaiseach mhodhamhuil,
Sul a m-beidhinn duit bun-os-cionn,
Och! Eugadh budh thúisge liom,
A Eibhlín a rúin!


L. 216


Paistin Fionn.



Grádh le m'anam mo Pháistín Fionn!
A croídhe 's a h-aigne ag gáireadh liom!
A cíocha geala mar bhláth na n-úbhall
'S a píob mar eala lá márta!



A's óró bog liom-sa! bog liom-sa! bog liom-sa!
A's óró bog liom-sa! a chailín dheas, dhonn!
A's óró bhoghfainn, dá m-bogfádh-sa liom,
A d-tús an phluide go sásta.



Cara mo chroídhe mo Pháistín Fionn,
bh-fuil a dá ghruadh air lasadh mar bhláth na ccrann!
Tá me-si saér air mo Pháistín fionn,
Acht amháin gur ólas a sláinte.
A's óró bog liom-sa, etc.


L. 218


Dá m-béidhinn-si ann-sa' m-baile m-biadh súgradh a's greann,
No idir dhá bharraile lán de leann;
Mo shiúirín a m'aici 's mo lámh faoí n-a ceann,
Is súgach do ólfainn a sláinte.
A's óró bog liom-sa, etc.



Bhídh me naoí n-oídhche a'm luídhe go bocht,
O bheith sínte faoí an dílinn idir dhá thor;
A chomainn mo chroídhe stigh! 's mé ag smuaíneadh ort,
'S ná' faghainn-si le fead 'ná le glaodh thú!
A's óró bog liom-sa, etc.



Tréigfead mo charaid 's mo cháirde gaoíl,
A's tréigfid mé a maireann de mhnáibh a' t-saoíghil;
Ní thréigfead le'm mharthainn tú, ghrádh mo chroídhe!
Go sínfear a g-cómhra faoí chlár me.
A's óró bog liom-sa, etc.


L. 220


Sile† bheag †N-i' Choindealbhain.



A Shíle bhán na b-péurlaídhe,
A chéad-shearc ná'r fhullaing gruaim,
d'fág tú m'íntinn baortha,
A's a'd dhéigh-si ní bheidh mé buan;
Muna d-tigidh tú do'm fhéuchain,
A's éulóghadh liom fá ghleanntaibh cuain,
Beidh cúmhaidh a's tuirse a'd dhéigh orm,
A's beidh mé chómh dubh le gual.



Tugthar chugainn na fíonta,
Agus líontar dúinn an glaine is feárr,
Muna bh-faghad féin cead sínte,
Le mín-chneis an bhrollaich bháin,
A Phlúir is gile 's is míne
'Ná an síoda 's ná chlúmh na n-éan,
Is buaidheartha tuirseach bhídhim-se
'N-uair smuainíghim bheith scarramhuin léi,


L. 222


Dá m-béidhinn-si féin a's mín-chneas
Chaoínmhear, an bhrollaich bhreágh,
A ngleanntán aoíbhinn aérach
O thuitim oídhche go n-éirgheóchadh lá,
Gan neach a bheith d'ár g-coímhdeacht,
Acht cearca-fraoich no'n coileach feádha,
'S go m-biadh greann gan cham am chroídhe stigh,
Do Shíle† beag †ní Choindealbháin.


L. 224


Stuairin na m-bachall m-breagh reidh.



Táid na réulta 'na seasadh air an spéir,
An ghréin a's an ghealach na luídhe,
Tá an fhairge tráighte gan braén,
'S ní'l réim ag an eala mar bhíodh; -
Tá an chuaichín a m-barradhaibh na n-géug,
D'á shíor-rádh gur éaloíghisi uiainn,
A stuairín na m-bachall m-breágh, réidh,
d'fáig Eire faoí fhadthuirsi chruaidh. = atuirse?



Trí nídh' do_chídhim tres an n-grádh
An peacadh, an bas a's an pian;
Agus m'íntinn dá'ínsin gach lá dhamh,
M'aigne gur chrádh sí le ciach; -
A mhaighdean, do mhíll tú a'm lár mé,
Agus m'impídhe ó'm láimh chúghat-sa n-iar,
Mé leigheas ó na saighiodaibh-si a'm lár,
S go bh-fághaidh tú na grása ó Dhia.


L. 226


Is binne í 'ná an bhéidhlínn 's ná an liúit,
'S na ceileabhar na ccéirseach thá ciarr,
Is deallraíche í 'ná an féur trés an n-drúcht,
'S is fíor-dheas gach alt ann a cliabh; -
Tá píob mar an eala air an ttráigh,
'S dóigh liom gur breághdha í 'ná 'n ghrian,
'S é mo chúmhaidh géur mar do_thug mé dhi grádh,
'S go m-b'feárr liom nach b-feicfinn í riamh.


L. 228


Tighearna Mhaigheo.



Dáibhídh O'Murchadh ró chan.



Is miann liom feasda gluaiseachd
Go cuan ceart an fhíona ól,
Agus comairc an t-é tá shuas ort,
A Thighearna Mhaígheó;
A fhír-smir scoith 'na ngruagach,
Fuair buadh agus clú ann gach gleoídh,
Tá mé teacht an uair-so,
Faoí dhídean do shlógh:
Me-si féin bhur n-dall bocht,
Tá filleadh orraibh annsacht,
Ag ar éirghidh faillíghe mhall damh,
Le bliaghain mhór faoí cheóidh.



A n-geall air an t-é tá láthair,
Agus aén-mhac Dé na ngrása,
'Nocht oídhche nodlacc claoídhtear cogaidh
Thighearna Mhaigheó:


L. 230


Feasda na cuir suas díom,
A chraobh na fola is uaisle,
Dar a bh-fuil de mhór-chloig
Ná naomh ann san Róimh,
Ni bheidh mé an fad ud uait-se,
A chraobh na bh-firéun m-buacach,
Go d-teidh cré na h-úire 'nuas
Air mo shean-chorp chaoch faoí fhód.



'S í an bhaintighearna Máire,
Thar mhnáibh fuair an chraobh a g-clódh,
A méinn, a b-pearsainn shásta,
'S ann gach cáilídheacht mar is cóir;
Geal-ghrian í air gach banntracht,
A g-ceannsacht 's a g-céill ró_mhór,
Fá shíothcháin d'fhághail damh 's an am-so,
Uait fein agus ó'd leómhan:
'S é Tubóid† óg †de Búrc,
An chraobh chúmhra tá éifeachdach mór,
Faoí chomairc Dé na n-dúl do,
'S go m-budh buan do_bheidh sé beódh.


L. 232


'S í Siobhán dheas na cciúin-rosg,
Is múinte 's is féile glór,
Agus bídh fa ímpídhe dhamh-sa,
Uim réidhteach fhághail o'm león:
Tigídh feasda, a chúigear,
Chuirfeadh maise air chlannaibh cóige,
A's canaidh caint fá dhúthrachd,
Ann mo dháil mar is cóir:
Rígh na rann d'bhur ccumhdach,
Go m-budh saoghlach, slan an cúigear,
Mar tá Hébídh, Nellídh, Tom a's Betídh,
Agus Péurla an chúil óir.


L. 234


Droigeanan Donn.



Is dóich le céud fear gur leó féin me 'n-uair a luígheas damh mionn,
'S go d-téidheann dá ttrian síos díom, tráth smuiainíghim air a chómhrádh liom;
Béilin meala, gruadh air lasadh tá air shliabh ua floinn,
'S go bhfuil mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirnídhe air an droíghneán donn.



Ni'l acht cluanaídhe dhe bhuachaill do'm mhealladh gach lá,
Ní ghlacfaidh le bean air bith go bh-fágh sé mé,
Gidh gur leamh é, nior bhreathnuigh sé go fóil mo mhéinn,
Tuilleadh tubaiste air, is faoídheach do ghuilfeadh sé an tráth Phósfar mé.


L. 236


Ni bean búclaídhe ná h-údaídhe do b-fhearr dhuit féin,
Ná staruídhe dhe chailín bheag óg gan chéill;
Acht ainfhir chaoin na ngeal-chioch gan phóint gan spréidh;
Tá cúmhaidh agam a ndiaigh mo mhuirnín a's ní nár liom é.



Ní'l acht reidín beag, buighdeach d'fear ann sa' n-áit,
bh-fuil a chúilín 'na dhualaídhe 'gus é fighte go bárr;
Ní'l crann caorthan d'á aírde nach bídheann searbh ann a bhárr,
'Sgo bh-fásann sméar agus subha craobh air an ngéig is ísle bláth.



'Nuair éirghím-se air maidin agus an drúchd 'na luídhe,
Dearcaim air an m-baile m-bídheann grádh mo chroídhe;
Nior labhair me le'm mhuirnín gídh táim do'm chnaoídheadh,
'S a chead-shearc! nach bochd nach bh-féudaim do chúmhaidh do
chlaoídheadh?


L. 238


Caisiol Mumhan.



Phósfainn thú gan bha gan púint 's gan mórán spréidh,
A's phógfainn thú maidin drúchta le bánadh an laé;
Mo ghalar dúbhach gan mé a's tú, a dhian-ghrádh mo chléibh!
A g-Caisiol Múmhan, 's gan de leabaidh fúinn ann, acht clár bog deal.



A chaoin-bhean! an cuímhin leat-sa sliabh na m-ban fionn?
Nó an cuímhneadh leat n'uair do_bhídhinn-si 's mé fiadhach 'fá'n ngleann?
'Nois ó chaith an aoís mé a's gur liath mo cheann,
Ni cubhaidh dhuit mé dhíbirt, a's tá'n bhliadhain-so gann.


L. 240


Ná saoíl-si gur b'ísioll a's nach uasal mé,
A's ná saoíl-si gur 'sa 'n-díg do_fuaireadh mé;
Sín síos leam seal míosa agus cuartuigh mé,
Agus gheabhair sgríobhtha ann mo thaoíbh deas gur b'uasal mé.



Ni'l ór buídhe ann mo phócaídhe ná airgiod geal,
Ná mo bólacht le seóladh tráthnóna air fad,
Ní'l óig-bhean do thóigfeadh mé follamh gan bhóibh,
Nach d-tógfainn air mo sheólta go contaé-thíre-Eóghain.



A chailín, is maith-aithním go bh-fuil buaidhreadh ort,
Agus, a chailín, is maith aithním go bh-fuair tú guth;
Cailín mé fuair iomrádh faoí ghrádh fir,
A's fios mo leath-troím, ná raibh ag mnáibh an t-saéghail uile.


L. 242


Maire Chuisle.



A Mháire Chuisle! a bhláth na finne,
Ghéig an oinich n-iar ó'n Náir,
Béul is binne ná 'n chuach air bile,
d'fág tú me-si a' n-iargnódh báis;
Ní léir damh coingeal, clár ná fuireann,
Uiadh do mheisge, a ré bheag mná;
Stáid-bhean mhaiseach, mhéuduigh ar mairg,
Och! gan d'fallaing liom go lá!



Shiúbhal me Ardach, a's go Cionntsáile,
Go Droichead-aíthe, a's air ais a_rís,
Go ceátharlach agus go Dun-Páttruicc,
Samhuil Mháire ní fhacaidh mé:
Cóisdídhe árda air Eachraibh bána,
Marcshluagh gállda troid fá'n mnaoí;
Má d'imthigh tú, Mháire, go bh-fillidh tú slán,
'S go n-déanfadh do sgáile solus gan grian.


L. 244


'S í Máire go deimhin, an Plannda breágh leinbh,
Is séimhídhe 's is deise d'á bh-fuil le fághail;
A píob mar an lile, a súil mar an g-criosdal,
A gruadh is deirge 'ná rós d'á bhreághacht:
Dochtúirídhe na cruinne, a's a g-cruinniughadh uile,
Ná'r mhór an cumas a g-cur air fághail,
Ní liaigheasfadh an arraing, atá dul tríom tarsna,
Acht póigín mheala ó'd bheílín tais, tlaíth.


L. 246


Caitlin Tirriall.



Is miann liom tráchtadh air gach nídh le stuaim,
Agus is mhithid liom tráchtadh air Chitídh na g-cuach
'Sí an Plannda breágh leinbh tá saoítheamhuil suairc,
A's a samhuil ní fhacas a m-bailtibh ná dtuaith:
'S é mo chreach mhaidne, ná'r fágbhadh mé,
Air bhruach locha Eirrill le fáinne an laé!
Mar shúil go bh-fághainn amharc air Chitídh na g-craébh,
Mar do_chualaidh mé teastas bhreághdhachta a sgéimh'.



'S é mo léunghuirt! mar chonairc mé dúbhach ná peann,
Ná do chul breágh, triopallach, fáinneach, fionn;
Dá d-tóigeadh an tighearna easboig-si lámh ós mo chionn,
Bhéurfainn Citidh an staíd-bhean tar sáile liom:


L. 248


Is gile í 'ná'n eala, 's is deirge í 'ná 'n ghrian,
Is binne í 'ná g-cualaidh mé de cheóltaibh ariamh,
Ní'l aén teach leanna reaca fá an t-sráid so shiar,
Nach n-ólfaidh mé sláinte Chaitilín T'riall.



Is truaigh nach bh-fuil me-si agus Citídh dheas, chaoín,
Fa chúl an toím chuilinn go n-ólfamaoís braoín,
Mar shúil le Dia díleas go d-tógfainn a croídhe,
A's go d-tiúbhrainn a_bhaile ó na máthair liom í: -
Léigh mé do litir a_muich air an t-slíabh;
Budh bhinne í 'ná iomad de cheóltaibh síghe
Páirt mhór de'm chruadhtan, gur leat chaíll mé mo chiall
Is mór a n-aghaidh d'anama é, a Chaitilín T'riall.


L. 250


An Chuil-Fhionn.



Dá bh-feicfeá-sa an chúilfhion agus i ag siúbhal air na bóithribh,
Ag ionnsaídhe na h-úr-choille á's an drúchd air a bróga,
'Sí mo shearc í 'sí mo rún í, a's ní'l tnúth aici le h-óige,
Agus rug sí bárr áilne air mhnáibh breághtha na fodhla.



A m-béal-áth-na-gar a tá an stáid-bhean bhreágh mhódhamhuil,
bh-fuil a gruadh mar na caor-chon agus sgéimh ann a clódh geal,
Budh bhinne guth a béil-sin 'ná 'n chéirseach 's 'ná 'n smólach,
'Sná an lonn-dubh air na coílltibh le soíllse an tráthnona.



Eirghidh ad shuídhe, a bhuachaill, agus gleús damh mo ghearrán,
No go leanfaidh me an stuaidh-bhean úd shuas air na cnócaín,
Tá sí dá síor-luadhadh liom ó bhídh sí 'na leanbán,
'S go m-budh bhinne liom naoí n-uiaire í 'ná 'n chuach 's ná orgaín.


L. 252


Má thug mo chroídhe grádh dhuit 's gur tú áilne gach solais,
'S gan mo mhuintir sár-shásda leat, a ghrádh dhil na g-comann,
Páirt mhór de'm chruadhtan a's mé ag cruadh-ghul go daingean,
Faoí 'm leanán bréagh uasal do luadhadh liom a'm leanbh.



A stóir dhil mo chroídhe! bídh díleas agus daingean damh,
Ná tréig rún do chléibh a ngeall air é bheith dealbh,
Bhéurfainn duit-si an bíobla a bh-fuil faoí agus thairis.
Go d-tiúbhradh Dia díleas ar sáith dhúinn le caitheamh.



An cuimhin leat-sa an oídhche bhídh tu-sa agus me-si,
Fá bhun an chrainn chaorthainn a's an oídhche ag cur chuisneadh
Ní raibh foscath ó'n ngaoíth aguinn ná dídean ó'n bh-fearthainn,
Acht mo chóta chur fúinn agus do gúna chur tharainn.


L. 254



Roisin Dubh.



A Róisín, na bíodh brón ort fá'r eirghidh dhuit!
Tá na bráithre teacht thar saíle, as iad ag triall air muir,
Tiocfaidh do phárdún ó'n b-pápa, a's ó'n Róimh a_n-oir,
A's ná spáráil fíon Spáinneach air mo Róisín Dubh.



Is fada an réim do léig me léi ó n-dé go d-tígh a_n-diu,
Társna sléibhte go n-deachas léithi, faoí sheólta' air muir,
An Eirne a's chaith me léim í, cidh mór an sruith,
'S bhídh ceol téud air gach taébh dhiom a's mo Róisín Dubh.



Mharbh tú mé bhrídeóig, a's ná'r budh feárr-de dhuit,
'S go bh-fuil m'anam a_stigh a n-gean ort, 's ní a_n-dé ná
in-diu
d'fág tú lag anbhfann mé, a n-gnéidh 's a g-cruth,
Ná feall orm a's mé angean ort, a Róisín Dubh.


L. 256


Shiúbhailfinn féin an Drúcht leat agus fásaich goirt,
Mar shúil go bh-fághainn rún uait, no páirt de'm thoil,
Chraoibhín chúmhra, gheallais domh-sa, go raibh grádh agat damh,
'S gur b'í fíor-scoith na Múmhan í mo Róisín Dubh.



A Róisín mhín, mhódhamhail, na m-bán-chíoch ccruinn,
Is tú d'fág míle arraing a g-ceart-lár mo chroídhe:
Ealoigh liom, a chéadh-shearc, agus fág an tír,
A's dá bh-féudfainn nach 'n-déanfainn-si bainríoghain dhíot, a
Róisín Dubh.



Dá m-biadh seisreach agam do threabhfainn a n-aghaidh na g-cnoc,
A's dhéanfainn soiscéal ann lár an aithfrinn do'm Roisín Dubh,
Bhéurfainn póg do'n g-cailín n-óg do_bhéurfadh a h-óige dhamh,
A's dhéanfainn cleas air chúl an leasa le'm Róisín Dubh.



Tá an Eirne na tuilte tréana, agus réubfaidhear cnoic,
A's tá'n fhairge 'na tonnaibh dearga, a's dóirtfear fuil,
Beidh gach gleann sléibhe air fuid Eirean a's móinte air chroith,
Lá éigín sul a n-éagfaidh mo Roísín Dubh.


L. 258


Uileacan Dubh O!



Dá d-tiocfá-sa liom-sa go cúntaé Liathtroim,
A Uileacáin Dhuibh O!
Bhéarfainn-si mil bheach agus méadh mar bhiadh dhuit,
A Uileacáin Dhuibh O!
Béarfad aér na long na seól 's na m-bád duit,
Faoí bharradhaibh na d-tom a's sinn ag filleadh ó'n d-tráigh,
'S ní léigfinn-si aén bhrón coídhchedo'd dháil,
'S gur tú m'Uileacán dhubh O!



Ní rachfaidh me-si leat, a's ní'l maith dhuit do'm iarradh,
A Uileacáin Dhuibh O!
Mar nach g-coingeóchadh do ghlórtha beódh gan bhiadh me
A Uileacáin Dhuibh O!
Míle céad feárr liom bheith choídhche gan fear,
'Ná bheith ag siúbhal an drúchda 's na bh-fásach leat,
Nior thug mo chroídhe dhuit grádh ná gean,
'S ní tú m'Uileacán Dubh O!


L. 260


Chonairc mé ag teacht chugam í tré lár an t-sléibhe,
Már réiltion thríd an g-ceódh;
Bhídh mé ag caínt a's ag comhrádh léi,
Go n-deachamair go Páirc na m-bó:
Shuidheamair-ne síos ann lúib an fháil,
Go d-tug mé dhi scríobhtha faoí mo láimh,
Nách b-fuil coir d'á n-déanadh sí nach n-íocfainn a cáin
A Uileacáin Dhuibh O!



Mo chreach a's mo chrádh gan mé fáisgthe síos léi,
Uileacain Dubh O!
Air leaba chaol, árd nó air chárnn tuíbhe,
A Uileacán Dhuibh O!
Gan duine air bith ann Eirinn bheith láimh linn 'sa 'n-oídhche,
Acht ag sugradh agus ag gáireadh reír mar budh mhiann linn,
A Dhia! nach cruadh an cás é, muna bh-fághaidh mé mo mhiann
Air an Uileacán Dubh O!


L. 262


Ceann Dubh Dileas.



A cheinn dhuibh dhílis, dhílis, dhílis!
Cuir do lámh mhín-gheal thorm a_náll!
A bhéilín mheala, bh-fuil boladh na tíme air,
Is duine gan chroídhe nach d-tiubhradh duit grádh. -
Tá cailíneadha air an m-baile-so air builleadh 's air buaidhreadh,
Ag tarraing a n-gruaige 's dá léigeann le gaoíth,
Air mo shon-sa, an scafaire is feárr ann san tuaithe,
Acht do thréigfinn an méid sin air run Dhil mo chroídhe.



A's cuir do cheann díleas, díleas!
Cuir do cheann díleas tharm anall!
A bhéilín mheala, a bh-fuil boladh na tíme air,
Is duine gan chroídhe nach d-tiubhradh duit grádh!


L. 264


Eibhlin A Ruin.



Shiúbhailfinn féin a g-cómhnuídhe leat,
A Eibhlín a rúin!
Shiúbhailfinn féin a g-cómhnuídhe leat,
A Eibhlín a rúin!
Shiubhalfainn féin a g-cómhnuídhe leat,
Siós go Tír-Amhalghaídh leat,
Mar shúil go m-beídhinn a g-cleamhnas leat,
A Eibhlín a rúin!



D'ólfainn féin bó leat-sa,
A Eibhlín a rúin!
'S d'ólfainn dhá bhó leat-sa,
A Eibhlín a rúin!
Shiúbhailfinn an saoghal mór leat,
Acht cleamhnas d'fághail ó'm stór,
'S ní scarfainn go deóigh leat,
A Eibhlín a rúin!


L. 266


An d-tiocfaidh tú no'n bh-fanfaidh tú,
A Eibhlín a rúin!
d-tiocfaidh tú no'n b-fanfaidh tú,
Chuid de'n t-saoígheal 'sa stór!
Tiocfaidh mé, 's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé, 's ní fhanfaidh mé,
'S tiocfaidh mé, 's ní fhanfaidh me,
'S ealóghaidh mé le'm stór.



Céud míle fáilte rómhat,
A Eibhlín a rúin!
Céud mile fáilte rómhat,
A Eibhlín a rúin!
Céud míle fáilte rómhat,
Naoí g-céud míle fáilte rómhat,
Och! fáilte agus fithche rómhat,
A Eibhlín a rúin!


L. 268


Edhmond an Chnoic.



A chúil áluinn dheas, na bh-fáinneadha g-cas,
Is breágh gus is glas do shúile,
'S dá bh-faghainn ó cheart, cead síneadh leat,
Is éadtrom, tapaidh shiúbhailfinn: -
Shiúbhailfinn leat an Mhúmhain air fad,
Dá d-trian agus leath na h-Eirean,
'S go sínfinn ort, mo chroídhe 'gus mo chorp,
A shíoda na m-ban gan aén locht.



A chailín óig, shéimh, an d-tuigeann tu féin,
Gur duine mé atá air buaidhreadh,
'S go bh-fuil mo cháirde go léir, a bh-feirg liom féin,
Chionn tú bheith a'd luadhadh liom: -
Air shaidhbhreas an t-saeghail, a leinbh dhil mo chléibh,
Ní chreidfinn-si scéulta fuara ort;
'S gur biad iomad na m-bréag, do chuir sinn araen,
A bh-fad ó n-a chéile i n-uaigneas.


L. 270


A Chalín óig, sheimh, an d-tuigeann tú féin,
Gur duine mé tá air slíghe dóthchuis,
Muna'b ionaon a's an t-é ud, bhidh aithnid agat féin,
Agus d'fáig faoí ghnéidh bróin tu: -
Tá do shúil mar an sméar, do ghruadh mar an caor,
Is breágh í do dhéid-si, a óig-bhean,
S gur b'é gáire geal do bhéil, thug bas do na céudaibh,
Mo ghrádh 'gus mo mhíle stór tu!



A ghrádh 'gus a chuid, ná déan féin sud,
Acht tréig-si do bhaile dúthchais,
A's tarr 's an n-áit-si 'na bh-fuil na gártha ag an lon,
Agus abhla ann air thoir 'na g-cúpladhaibh; -
Tá an t-éan ann is binne, an féur ann is glaise,
Tá an chuaichín air bhárr an iúir ghlain;
'S go lá an bhráth ní thiocfaidh an bás air ar ngaire,
Air lár na coille ag súgradh!



Rachamaoid anois, gan mhaíll air bith,
Faoí lár na coille craobhaíche;
Is fuar agus is fliuch, an uain so thá 'gainn,
Agus gluaiseamaoíd le n-a chéile; -


L. 272


'N uair do_chualaidh si-si, fuaim na coille
Ag bualadh air fuid a chéile,
'S é mo bhuaidhreadh, ar si-sin, an chuach a bheith air gur,
'S gan an lon a bheith teacht d'á féuchain!



A chuid agus a ghrádh! an ag cur suas díom a_táir,
Snach me-si do sháith cheile,
Nach fear mar a_táim, do'b fhearra leat do fhághail
Acht malairt as áit eígin,
Thógfadh an spád, agus rómharfadh an bán,
'S beidheadh go cumasach lá an chéuchda?
A ainfhir chiúin, tláith, na bh-fad-fholt m-buídhe, m-breágh,
Mo bheandacht-sa go lá'n éug' leat!


L. 274


Ann sa m-baile-so tha an Chuilfhionn.



Ann sa m-baile so thá an Chúilfhionn, a's an maíghre breágh, múinte,
'S í an buinneán is úire í, d'a bh-feicim idir mhnáibh, -
'S í mo shearc í, 's í mo rún í, 's í annsacht mo shúl í,
'S í mo shamhra ann sa' bh-fuacht i, idir nodhluig a's cáisg.



A Chiúipid mhilis, chluanaich, tá lán de'd chuid cruaidhbheart,
A's go bh-fuil mo chroídhe air buaidhreadh, le h-iomarcaidh gráidh;
Ma's de'n m-buídheann tú ghlac truaigh dhomh, tabhair scéula go luath dhamh,
Cia aca is rogha leat mé fhuasgladh, nó mé léigeann chum báis?


L. 276


A's a mhaíghdean bhreágh, mhaordha, d'á d-tugas-sa m'aon-toil,
Ná tuig-si go bh-fuil éifeacht ann saidhbhreas gan grádh,
A's an t-é chúm de'n g-cré sinn, is uaidh gheabhamaoíd ar n-daothain
'S air bólacht ní thréigfinn tú, 's táim céusda ag do ghrádh.



A mhúirnín a's a annsacht, gan mhailís gan chlampar,
d'á d-tug mo chroídhe gean duit, tar a bh-feacas de mhnáibh, -
Ní féidir liom gan rann a bheíth, leis an t-é bh-fuil mo ghreann air,
A's má iompoíghir-si cam damh beídh m'anam a'd láimh.



Is buachaill gan cheill tú, a's a'd ghlórthaibh ní'l éifeacht,
Tabhair aire dhuit fein, a's na léig ort an bás;
Ní'l maoín mhór, ní'l spreidh 'gad, priomh-cháirde ná gaolta;
'Smo chlíothán ni thaébhfeas leat, le m'aén-toil go bráth.


L. 282


Fiadhaidhe Bheara.



'Sé an fiadhaídhe úd Bhéara an fear fial bhí ag beallaigh,
A's ní'r_bh'iadhta é fá'n teach-so, le luídhe ann am nóin:
'Sa mhaíghdean bhreágh, bharramhail, ná'r chuir spéis riamh a
bh-fearaibh,
Cum glégheal mar shneachta, 's í Caitrín inghín t-seóin.



Tá na céudtha d'á macaídhe, dul ann éugcruth d'á searc-sion,
Rosc réidh, glan, chluain mealladh, béul tana mar rós, -
Cearbúncail a m-bídh breas ann, bhídh iolradh gach datha ann,
Gach céibh bhreágh mar shneachta, a's iad ag taisdioll, 'na deóigh,



Cá_ar_bh'iongnadh do'n régiún, ag ár gaireadh fiúdh Bhénus,
Mar do_bhídh Conchubhar fá Dhéirdre, dul a b-piantaibh d'á gradh; -


L. 284


A réult eoluis na h-éigsí, air chórúghadh na gréine,
'S í mo roghadh thar mnáibh Eirean í a méinn a's a ccáil.



Déud-chonradh air mhnáibh a cineadh í, 's i fialmhaith an oinich í,
Gach seóid dheas d'á bronnadh 's dá scaipeadh air lucht ceóil,
'Si múirne chlanna Muireadh í, 's í ró-ghrádh na bh-file í,
Réult-eólais Shléibhe-Guilinn í, 's í Caitrín inghín t-seóin.



'S í scáthán gach broingil, thug Bhénus di urraím,
Tá deallradh o'n n-gile ínnti 's a cúl tiugh mar an t-ór;
Eala ghlégheal locha Glinne í, 'sa taébh mar an lilí,
Chuaidh do mhor-chlú ó Dhaire do Chéidh Dhúin-na-lóng.


L. 286


Ta saigheada agus cnead ag dubailt am shlad.



Tá saigheada agus cnead, ag dúbailt am shlad,
O chréuchdaibh choilg ghathaibh Chiúpid,
Do ghéur-goin go beacht, mo chroidhe astigh air fad,
A's do léir-chuir mé, air easbaidh súbhachais:
A réiltionn 's a shearc, ó théurnoigh do dhreach,
Is gléidhe 'ná sneachta air dúbh-chnoic,
A'm líonta, mo chreach! ní aoibhinn mo bhail,
A's táim claoídhte do'd ghean a lionn-dubh!



d'éadan is gile, 'ná Phoébus air mire,
'S ná bláith, ó! na féithleann cúmhra;
Do ríghin-rosg úr, is glaise 'na drúchd,
A's 'ná Péurla is glaine lonnra;
Do chlaon-fhoilt finne, 'n-a g-claon-bhearta' ag filleadh,
A's ag téurnóghadh go mullach glún ort;
Do ghruaidh mar an lil, do bhéul mar an mhil,
'S do thaébh mar an Eala air chiúin-t-sruith.


L. 288


Táid do gheúgaibh go h-uile, le chéile ag iomadh,
'G á fhéuchain cia aca is cúmtha;
Bhénus dá d-tigeadh, a's na Dé-mhná eile,
Helen, Minerbhá a's Iúnó; -
Gan phléidhreacht 's agad-sa, a chéud-sheárc 's a chomainn,
Thabhairfidís uile an t-ubhall duit,
Is traochta tá me-si a'd éiliúghadh gan mhisneach
Le Glé chomann duit-si, a chúil-fhíonn!


L. 296


Maire Ruin.



A Mháire rúin, is tú bláth na n-úbhall,
Ná mealladh Muímhneach thú, a ghrádh,
Do chuirfeadh se a g-céill duit, le briathraibh béil,
Chuig chéud bréag ann dhá uair de lá: -
B'fearr liom féin tu, bheith choidhche a g-céin,
Mar bhídheas na céudtha ban is feárr,
Na bheith pósta ag réic tu, do shiúbhal an saoghal,
Ag déanadh bréag 's ag mealladh mná.



Do shaoíl me stóirín, mar do_bhídh tu og, deas,
Go n-déanfádh deónadh air éulóghadh liom,
'S nach bh-fuil tráthnóna ná oídhche dómhnaich,
Nach tusa an t-seóid, bhiodh air an m-bealach rómham:
Shiúbhailfinn bóithre agus coíllte cnódh leat,
Choídhche a's go deóigh, ní bhiadh orrainn brón,
d'á m-beidhinn do'm phósadh leat, a mhíle stóirínn,
'S mo lámh go módhmhair a'd bhrollach bhán.


L. 298


An cuímhneach leat an oídhche ud, uim fhéile Bríghde,
A rabhamair shíos air an Mullach mór,
Is duit-se, a fhaoíleann, thug me gean le díograis,
Mar a bhidh tú aoíbhinn, deas, áluinn, óg;
Is tú go cínnte, do mharbh m'intinn,
Agus leágh na Múmhan ní dhéanfadh mé slán
'S go bh-fuil mo chroídhe stigh na mhíle Piosa,
'N uair nach bh-faghaim céad sínte le'm mhúirnín bhán.



A réiltionn mhín tais, na tréig me choídhche,
'Sa liacht codla oídhche do chaíll me leat,
Tá fuil mo chroidhe stigh, 'na bradáin chríona,
Le gean do'd ghnaoí, a's do'd cháil, a shearc;
M'uch ó'n óch! a's mo mhíle brón ghuirt!
Gan an oídhche rómham 's me bheith pósta leat!
Acht 'nois ó's eól damh, go bráth nach geabhair liom,
Mo mhíle stóirín, mo bheannacht leat!


L. 300


Nora an Chuil Omraich.



A Nóra an chúil ómraich,
'S é mo bhron-sa nach bhféudaim,
Lámh do chur faoí'd cheann-sa,
No a m-brollach do léine;
Is tú d'faíg mo cheann-sa
Gan únsa air bith céille,
A's go n-éalóchainn tar toínn leat,
A rúin-shearc dá bh-féudfainn.



A bhaill íntinne mo chroídhe stígh,
Ná déan-si liom bréag,
A's gur gheall tú mo phósadh,
Gan feóirling 's an t-saoghal,
Shiúbhailfinn-se air an n-drúchd leat,
A's ní bhrúighfinn leat an féur,
A's a Nóra an chúil ómraich,
Is deas a phógfainn do bhéul.


L. 302


Taobh thall de'n Mháigh
Tá stór geal mo chroídhe,
A cúl tiugh mar an t-ómar
Le'r chaíll mé mo ghnaoídh;
Guidhim-si Rígh an Dómhnaich,
Go d-tionntoíghe an ghaoíth,
A's go bh-feicidh me mo bhólacht
Ag gabhail bóithre Bhaile-áth-buídhe.


L. 304


Aisling an Oig-Fhir.



Aisling gheúr do dhearcas féin
Go rabhas go faon sealad a'm luídhe,
Faoí ghéugaibh crann chois amhan a'm aonar,
Mar a m-bíodh aér agus spóirt a' t-saoíghil;
Bhídh ceileabhar eun ann; a gcaiseadhaibh ngéura,
Bídh gleacaídheacht éisc ann le feicsin trídh,
Monbhar beach agus mil 'na slaodaibh
Le fághail ag gach aein neach d'á ngeabhadh an t-slígh.



Rinn me stad tamall ag éisteacht
Le ceileabhar éin bhídh a m-bárr na craoíbh',
Ag síor-chur nótaídhe a g-cóir a chéile,
A's dhearc mé sbéir-bhean mhín, dheas le'm thaoíbh,
A gruadh ag lasadh air dhath na g-caér-chon,
A rosc mar réult ghlan seaca bhídh,
A scuab-fholt ómrach fighte go bróig léi,
'S le cúmhaidh na deóigh súd ní mhairfead mí.


L. 306


Do bhiodhg, do phreab an ainfhir mhaordha
A's labhair go séimh de chómhrádh chaoín;
"A thogha na bh-fear mo slad ná déun-si
"'S gur maíghdean mé casadh a'd líon,
"Ná bídh-si ciontach le cam le claon-bheart
"O taoím a'm aonar air mo chliú bhuain díom,
"Oir gheabhainn-si bás trídh náire an sgeil sin
"Nó'm gheilt do_bhéidhinn-si air feadh mo shaoighil."



A thogha na mban, ná tuig-si féin,
Do shlad go n-déanfainn air aen t-slíghe,
Le cam, le cleas, ná le beartaibh claona,
Oir tá mac Dé aguinn ós cionn ag t-saoíghil;
Cuirim-si m'ímpidhe chum Rígh na greíne
A's chum gach Naomh eile ghabhann le Críost,
Tusa agus me-si bheith ag_á chéile,
A mhaighdion mhaordha, air feadh ar saoíghil.



A phlúir na m-ban - a dheallradh na scéimhe,
Ní fhásfaidh féur glas tré thalamh a_níos,
Ni bhiadh teas ann ná neart na gréine,
Agus ní bhiadh réulta ann a d-tosach oídhch', -


L. 308


Ní dhéanfaidh an ghealach solus d'éin-neach,
'S ní bheidh éisg ann air muir nó air tír,
Beidh aghaidh gach srutha a g-coinne na sléibhte
Tráth bheidhead-sa claon duit, a ghrádh mo chroídhe!



Taréis gach gealladh d'á d-tugas féin di,
Phog mé a béilín go dlúith arís,
Leag mé lámh air a brághaid bhreágh, ghléigeal,
A's rugas am ghéagaibh air rún mo chroidhe; -
'N-uair d'úmhluigh si gabhail liom mar chéile,
Bhídh mo chroídhe mar éun ag dul le gaoíth;
Trí lár mo shúgradh do mhúscail mé,
'Smo chúmhaidh nír bh'aén read acht aisling í.


L. 310


A ghradh agus a ruin dhil.



A ghrádh agus a rúin dhil, an tinn nó an dúbhach leat,
Me-si bheith ag súil leat a'm aonar?
Is cráidhte me a chúilfhionn, a'm chodla agus a'm dhúiseacht,
Ag machtnadh air do ghnúis bhreágh, ghléigheal; -
Is mór an t-iongnadh liom-sa, tu bheith bun-ós-cionn damh,
'S mé lán de fhonn a bheith réidh leat,
Eirghidh, a ghréin-ghil, tabhair solus an laé leat
Agus scaip-si go léir mo néullta.



M'uch ó'n óch! sé mo chroídhe tá marbh,
Is truagh mar rugadh riamh mé!
M'íntinn aédhrach ag gealadh leat-sa,
A rúin agus a chuid ná tréig mé!


L. 312


Seachain feasta, na bealaich cama,
Agus fíll a_bhaile air mo chómhairle,
Milleann an míochomann, an grádh buan daingean,
Och! is sé bhidh eadrainn a ccómhnuídhe!



Air an leacht-so shiar soíllsígheann an ghrian
Maidin aoibhinn t-samhra; -
Tá an t-iasc air linn, a's é teacht ann san ttoínn,
'S na coiníneadha ann sna gleanntaibh;
Tá an chnodh air an t-slait, 's an t-éan air a nead,
'S é seinneadh ceóil air an am sin,
S an t-é dhéanfadh a leas, do_rachadh sé air dheas,
Go Mileach ag déanadh cleamhnais.



A'm chroídhe stigh ta samhail, aoibhinn mo chara,
Tá a Cúilín casta, craobhach,
A béilín meala, a's a gruadh air lasadh,
'S a píob mar shneachta séideach; -
A chomainn mo chroídhe! na'r shona dho'n t-í
Do chaithfeadh an oídhche d'á bréagadh,
'S e a grádh do chlaoídh me, a's chrádh sí m'íntinn
Agus d'fhág mé air díth mór céille.


L. 314


Mo chreach ghéur bhrónach! gan me a's mo stóirín,
'S an oileán shiar, aédhrach, aoibhinn!
Máire an chúil ómraich agus Aodh bán a bheith pósda,
'S gan cúis aici a cómhairle do chaoíneadh: -
Ní'l d'ar n-doich, agus ní bheidh go deóigh,
Muna bh-fóirfidh orm an óig-bhean mhíonla,
'S ó táim-se gan fóghnadh, déantar mo chómhra,
Agus fáigthear mé a g-Ceillmháin sínte.


L. 326


BEUL-ATH-SHAMHNAIS.



Air fhonn Phóirt Górdoin.



A Mháire, ghrádh, is tú tá'm chrádh,
Och! tabhair do lámh go dlúth dhamh!
'S gur dual damh buadh na cóige d'fhágháil,
Go bráth ná deán mé dhiúltadh!
A chúil na n-duál, sé mo chúmhaidh go buan,
Nach bh-fuilim leat fuaidhte a g-cleamhnas,
Beidheadh go duairc fá shíor-ghruaim,
Má bhídhir bh-fad uaim-se a annsacht.



A bhlátih na g-caor, o thárlaigh mé,
Claoídhte tréith le greann duit
Tarr faoí'm dhéighin, a rúin mo chléibh,
'S tabhair grádh gan chlaén gan cham damh.


L. 327


Faraoir ghéur! 's mé 'n ceann gan chéill!
'S do chómhairle m'athar níor úmhluígheas;
'S gur b'e cómhrádh déigheannach dubhairt sé liom
"Tréig-si béul-áth-shamhnais."



Acht thug me grádh, do'd chúilín bán,
Air chúl an gháirdín Pónaire,
do'd bhéilín tláith, mar chúbhar na trágha,
'S do'd dhá ghruadh dhearg mar chaorchon;
do'd bhéul is binne, ná'n chuach air bile,
'S na ceileabhar caoín na n-éunla,
Mo léun 's mo mhilleadh! gan me 's tú chumainn,
Ag éulóghadh le na chéile.



A ghrádh 's a rúin, a n-gluaisfeádh liom,
Go tír na long as Eirinn?
Ní'l tinneas cínn, na tuirse croídhe,
Nach leigheasfaídhe ann gan amhras;
'S tú an réult eóluis, thar mhnáibh na Fódhla,
Agus cuingidh agad fein ó'n m-bas me;
Oir gan grása Dé, ní mhairfidh mé,
Air an t-sráid-so Bhéul-Áth-shamhnais.


L. 330


A Shiobhán, a rúin! is tú do mharbh mé riamh: -
A Shiobhán, a rúin! is tú do bhain díom mo chiall: -
A Shiobhán, a rúin! is dlúith chuadhais eadar mé a's Dia,
'S bh-feárr dhúinne bheith gan súilibh ná tú fheicsin a_riamh!



Is breágh é do shnódh, 's tú an t-seóidh do cumadh go ceart,
'S tú an cailín óg nách roibh óltach, imirtheach, leamh,
Do ghruadh mar an rós, 's do phóg mar shilleadh na m-beach,
'S gur b'é do cheól réidh, thóig mé o thinneas, a shearc!


L. 331


Súd í an spéic Seóigheach 'ga tógbháil go h-íntineach
Idir na mnáibh óga a's na h-ogánaibh aeíreacha,
Is mo líl ló, ababó.



Cuir_fá - a's mo rulán, he rulán,
Hu rulán, Hárri rulán,
Imbó lán, a's mo rulán,
Agus amhoch hérrin nérrin nan.



Tig meas air chrannaibh beídh cnu 'gus subhcraebh ar lár,
Súd mar congnamh beatha dhuit, a Chathail ui Dhuibhgeanáin.



Is mo líl lo, ababó.


L. 332


Bhí me lá aérach air aénach na Cára 's me ag ól,
Tug me gean éigin do aén inghín Shasanaích mhóir,
Léig mé codhla breige orm d'fheuchain an m-blasfainn d'a póg,
'S ag ionnsaíghe an bhanfhlaith, raobadh mile maide air mo thóin.



Táid na coilm ag sugradh 's an samhradh ag teacht,
'S an bláith ag briseadh tré mhullaíchibh na ccrann amach,


L. 333


Air thoínn tá'n biolar go triopallach, glúineach, glas,
'S na corcóga ag silleadh le h-iomad de shúghadh na m-beach.



Is iomdhá tortha a's meas air an ccoill so shuas,
A's óig-bhean mhaiseach, cheart an t-seang-choirp th-suairc,
Céud bó bhainne, capall groídhe 'gus uan,
Chois laoí na m-breac, mo chreach! mé am dhíbirt uait!"



Táid na héin ag deanadh gutha agus ceóil,
Táid na laoígh ag geimneadh go tréun chun sochair na m-bó,
Táid na h-éisg ag reubadh corradh air an bh-feór,
A's me-si fein a'm aonar a's Cormac óg!


L. 334



BINSIN LUACHRA.



Lá d'ár éirigh me go h-uaigneach
A' dul suas dam' go Condae an Chláir,
Bhí mo ghadhairín liom go h-uaibhreach,
Ag uaillfeart 's mo ghuna am' láimh: -


L. 335


Cia chasfaídh orm acht stuadh-bhean
Na gruaige geille, finne breádh',
Agus adhbhar bínsín buainte aicí
De'n luachair budh gheille bláth.



A chailín beag na luachra,
An léigfá do bheart air lár,
No an d-tiocfá liom ann uaigneas,
Faoi bhruach na coille is glaise bláth.
Sagairt ní bh-faighidh sgeul air,
Ná aon neach d'á bh-fuil le fághail,
Go d-tiocfaidh caint do'n chéirseich,
A's beurla do'n lon-dubh bhreádh.



A chailín beag na luachra,
Glac suaimhneas a's fan go réidh,
Ní cáil duit a bheith chomh h-uaibhreach,
Ann uaigneas a's tu leat féin.
Ma scaip mé do chuid luachra,
Is dual go bh-fuil cuid tar héis,
Bainfead bínsín buan duit,
A's ualach mór mar thuille léis.


L. 337



CONDAE MHAIGHEO.



Is air an loíng so phaidí laoínse do_ghním-se an dubrón,
Ag osnadh anns an oídhche agus ag síor-ghul 's an ló
Muna m-beídh gur dalladh m'íntleacht
As me a bh-fad om' mhuíntir,
Dar mairean! is maith a chaoinfinn-se condae Mhaígheó.


L. 338


An uair a mhair mo cháirde budh bhreádh mo chuid óir,
d'olainn lionn Spáineach i g-comhluadar ban óg,
Muna m-beith síor-ól na g-carta
'S an dlígh bheith so láidir,
Ní a' Santicrús d'fágfainn mo chnámha fá'n bh-fód.



Tá gadaidhnídh na h-áite so ag eiríghead ro_mhór
Fo chnotadha a's fo $hair_bag gan trácht air bhucladha bróg;
Dá mairfeadh damh-sa an iaruil
Dhéanfainn diobh cianach,
Muna m-beith gur thagair dia dham a bheith a g-ciantaibh fa
bhrón.



Da m-beidh Padruig Lochlainn 'na iarla air iarúil go fóil,
Brian dubh a chliamhain 'na thighearna air Dhuachmór,
Aodh dubh Mac Griada
'Na chornéal a g-Cliara,
Is an_sin bheidh mo thriall-sa go condae Mhaígheó.


L. 341


Nach aoibhín do na h-einínibh d'éiríghean go h-árd,
'S a bhídhean a ceileabhar le na chéile air aon chraoibh amháin,
Ní mar sin damh féin 's domh chéud mile grádh,
Is fada o n-a chéile oruinn d'eiríghean gach lá.



is báine í iona an lile, is deise í 'n an sgéimh,
Is binne í 'n an bheidhlinn 's is soillseíche í 'ná an ghréin,


L. 342


Is feárr ioná sin uile a h-uaisleacht 's a méinn,
'S a dhia thá is_na flaithis fuasgail dom Phéin.



An roibh tu air an g-carraig, no an bh-facaidh tú mo ghrádh,
No an bh-facaidh tu gile no finne no sgéimh na mná,
An bh-facaidh tu an t-ubhall budh mhilse 's budh chúmhra bláth,
No an bh-facaidh tu mo bháilintín no bh-fhuil si 'g á claoídh
mar táim?



Bhidh me air an g-carraig a's chonairc me do ghrádh,
Chonnairc me gile agus finne agus sgéimh na mná,
Chonairc me an t-ubhall budh milse 's budh chúmhra bláth,
Agus chonairc me do bhailintín 's ní fhuil si 'g á claoídh mar táir.


L. 344


An uair rugadh an chuilfhionn thainic beach bín,
Le cioth meala míne air a caér-bheol.



A Dhia gan mé am abhaillín,
Nó am áilneáinín éigin;
No am rós ann san ngairdín,
Mar a ngnáthuígheann tú ad aonar;
Mar shúil is go m-buainfeádh dhíom
Géugáinín éigín,
Do_bhiadh agad ad dheas-láimh
No a m-brollach geal do léine.


L. 345


Tá scaoth-bhachaill bhuídhe-chasda, fhior-dheasa
Air scáile an óir,
A's ríghin-dhearca, a's mín-ghlaca, cíor-thana
Cnáimh 'n a beól,
'Gus grís-leaca, píob-shneachda, cíoch-chailce
Aici, bláthnaid óg,
Taéibh-thana mín-gheala, air lí eala
Go trácht a bróg.


L. 347



A Anna chaoin aclaide mhin tsuairc,
A ruin mo chleibh, na dean ni duairc
Tabhair faoiseamh don pheinsi taoi dom chuairt,
'S da m-budh líomsa Eire a'd deig 's me an truagh.


L. 348



'S truagh gheur gan me-si agus Catailín T'ríall,
'N ár suídhe no 'n-ár seasadh, ag geataibh Bh'la'-clíath
An oídhche bheith aguinn chomh fada re blíain,
A's me sínte air leaba le ainnfir na g-ciabh.



Eochaill.



Maidin dómhnaich a's mé ag dul go h-Eóchaill,
Casadh an óig-bhean orm 's an t-slígh; -
A gruadh air lasadh mar rós a n-gáirdín,
'S ba bhinne a béilín 'na ceólta síghe: -
Leag mé láimh air a brághaid le fórsa,
Agus d'iarr mé poígín air stór mo chroídhe,
'S é dúbhairt sí, "stad a's na stróic mo chloicín,
'S ní'l fios mo dhóláis ag neach 's an t-saoígheal."



Ní'l achd uair bheag ó d'fhaig me-si Eochaill,
A's dúbhairt mo stór liom gan filleadh arís; -
'S gur cailín scoithte me tá ag siúbhhl an bhóthair,
Ag iarradh an eólais go Ceapadh-Choínn; -


L. 349


'N aimhdheóin a n-geallann tú de gach uile shórt damh,
Ní ghnídhim de d'ghlórthaibh acht cómhrádh baoís'
A's dá scaoílfeá bhaile mé gan fiúdh na m-bróga,
Fuaras cómhairle gan do leanamhain choídhche.



Ag so mo lámh dhuit nach bh-fuilim pósta,
'S gur buachaill óg me thug gean do mhnaoí;
'S dá n-gluáisfeá liom-sa air d-tús go h-Eóchaill,
Dar leam, d'ar n-dóich! budh leat lóistín oídhche: -
Chuirfinn $high_cául_cap ort, a g-ceart 's a g-cóir,
Gúnadh, clóca agus caipisinn,
Siopa dramanna m-biadh fíon a's beóir ann,
A's báibín óg do bheith ag diúl do chíoch.


L. 350



A mhúirnín a's a annsacht do mheall mé a d-tús m'óige,
Le'd chluanaídheacht bhínn, mheabhlach 's gur gheall tú mo phósadh,
Má thug mo chroídhe greann duit, a's dar liom go m-budh leór sin,
Is mór táim dul a lionn-dubh 'nuair nach liom tu tráthnóna.


L. 352


Dá d-tiocfá liom-sa a reiltionn go tír-amhlaidh,
Is m'uaileacán dubh O!
Bhearfain cramh air bhainne fiaigh dhuit,
M'uailecán dubh O!
Is go leór bhearfainn aer na long dhuit agus seolta na m-bád,
A's fuaim na d-tonn da m-bualadh air an d-tráigh,
A's braon de'n t-sáile ni leigfinn an do chomhair,
Is gur tu m'uailecán dubh O!


L. 354



MUIRNIN NA GRUAIGE BAINE.



A m-baile na h-ínse shiar, a_tá mo ghrádh le bliadhain,
Is áilne í 'na grian an t-samhra; -
'S go bh-fásann mil 'na diaidh, air lorg a cos san t-sliabh,
Dá fhuaire an uair, taréis na samhna: -


L. 355


Do_gheabhainn gan stad mo chiall, da ngabhainn í a'm líon
A's churifinn-se an brón-so dhíom, gan buaidhreadh;
Air chómhairle rugadh riamh, ní phosfad acht mo mhiann,
'S í Múirnín na gruaige báine!



Ag droichead na h-aibhne móire, chonairceas-sa mo stórach,
Ainnfhir dheas na n-ór-fholt bh-fainneach; -
'S go m-ba mhílse go fada apóg, 'ná mil 's ná siúcradh air bórd,
'S ná déagh-bhlas sóghail fíon Spainneach: -
A dá chíoch chorra, chruinn, bhán, mhilis, chúmhra, bhreágh,
Mar shneachta bhiadh dhá chárnnadh air shléibhtibh;
'S go ngoireann an chuach gach am, lár an gheimhreadh thall,
'S_a m-baile m-bídheann mo ghrádh d'á bréagadh.



Dá b-faghainn-se mo rogha, de mhnáibh deasa an domhain,
Agus fághaim orrtha roghain shásta; -
'S réir mar a deir na leabhair, thá'n chraébh aici ós a ccionn,
'S táid na céuda fear go dúbhach a ngradh léi: -


L. 356


'S é samhail-se do moladh, léis an g-céud rígh Solamh;
'S is aici-so tá an rosc is áilne; -
Reidhtigh-si mo dhochar, 'gus saér mé o bhas obann,
A Mhúirnín na gruaige báine!


L. 358


Goirm thu a shiur, goirim thú a rúin,
Goirim thú noí n-uaire,
Goirim do chúl tá fighte go dlúth,
A's goirim do chum uasal;


L. 359


Goirim mo ghrádh, m'anam ad' lár,
Tair-si trá agus Fhuasguil,
A's leígheas o'n m-bás me-si gan spás,
A ainnfhir na n-géag n-uasal.


L. 361


Air maidin a_n-dé roimh ghréin go moch,
Do dhearcas an bhé ba néata cruth,
Sneachta agus caor bhídh ag caismirt 'na scéimh
'S a seanga-chorp séimh mar ghéis air shruith; -
'S a chuisle mo chroídhe! cad í an ghruaim sin ort?



Budh bhinne guth caomh a béil le sult
'Na Orpheus do léig go faon na toirc; -
Bhídh a ramhar-rosc réidh mar chríostal nam-braon
Air sheamair ghlais fhéir roimh ghréin go moch; -
'S a chuisle mo chroidhe! cad í an ghruaim sin ort?


L. 363


Do_thug tú bláith na séad leat
O Bhláthnaid a's ó Dhéirdre,
O Iúnó, Phallas agus ó Bhénus
Tá'n t-úbhall 's a chraobh leat go bráth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services