Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poems on the Butlers

Title
Poems on the Butlers
Author(s)
Carney, James,
Compiler/Editor
Carney, James
Composition Date
1770
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



XII



Eóin Ó Con Mhuighe d'Éamonn Dúin Búinne ar ndul
ar suirghe le hEibhlín ní Ghearóid, .i. Iarla Deasmhumhan,
go Connacht nó go Conga.



Soirbh bhur ttoisg, a thriath Siúire,
ar ttocht ón iath is áille,
tar cholbha mín Ghuirt Ghuaire
a tír uaine Chuirc Chláire.



Tugais sealchuaird re suirghe
um chiomhsaibh gealchuain Gaillmhe,
dá bhfríth dod ghnaoi slacht seilbhe
a mnaoi deilbhe gan alt n-ainmhe.



Do thoil féin d'uaisle is d'onóir
fuairis - réim nach ronáir -
bean 's a báidh réd chrú cineóil,
dáil ineóil chlú agus chonáigh.



Eibhilín gan brath mbéime
sgath deighinshíl gan daoire,
inghean iarla múir Máighe,
griangha Áine is dúin Daoile.



Inghean Eilionáir mhiadhach,
singfhleasg dheighionáigh dhuanach,
ionmhuin linn an ghéag ghrádhach,
ar stéad bhádhach bhinn bhuadhach.


L. 60


Clú a máthar ní leasg leanas,
ní láthar leasg a sonus,
dúthaigh dí duan d'ar ndeighfhios,
buadh bheirios an tí thoghus.



Mochean fíorfhlaith fuair Eibhlín,
ríoghan gan uaill gan oilbhéim,
géag chuimhneach gan claon n-iomráidh,
Muimhneach bhionnráidh shaor shoirbhréidh.



XIII.
B 1770ls 18D
U 0201

An fear céadna ar <n>dul Eibhlín thuas go Cill Teimhnéin.



B 1636c 17L
U 0080

Ad-chiú néall neamhdha ós an raon;
don néall-so budh neamhghar brón;
néall sídh ón soinmheach ar ndál
do shin 'mun cclár Muimhneach mór.



An nuainéall nochtus a fhuirm
d'fhuaighéal gach sochair 'nar seilbh,
ruithne raimhín gan réim ngairbh,
snaidhm ón (léir) daighshín 'na dheilbh.



Loise neamhdha a chrotha ad-chím,
dealradh a bhrotha go mbuaidh,
mar ghléaghoil ar tteacht ón tráigh;
ní tearc fáidh dá fhéaghoin uaidh.


L. 61


Néall ríoghna 's an ruithne shaor
dán fíorghar soichle na síon,
néall ón tearc confadh ar cuan,
borrthar dá luadh an reacht ríogh.



An comhurtha ad-chiú san neóll
a-niú is comhurtha ar an ccuan,
séala ór ling turchoirthe trágh,
murchoirthe is ágh linn dá luadh.



Inghean iarla oirir Mis
na ngriangha oinigh ré ar n-ais,
tarla don bhúidh dathghlain deis
breis dúin nach athruigh tar ais.



Néall nimhe arna nochtadh dúin,
gach file fromhtha gach fáidh,
suan aithbhe, soirbheas san sín,
coillmheas a ttír, tairthe a ttráigh.



Líonaidh trian Caisil na ccearn
dá fhaicsin a n-iath na n-arm
do thuile éigneadh eas ngorm,
do theas chorm is bréighshreabh mbalbh.



Drúcht meala ar gach measmhoigh mhín,
na feadha ag fearthuin a ngráin,
teas a ngréin, bleacht-toirthe buair
dá gcruaidh réidh bhreachtghoirthe bháin.


L. 62


Baincheann Síthe bleachtghlain Buidhbh,
fríthe fá meastair ar moirn,
géag thimfhinngheal nár thuar spairn,
pailm shuadh na singinghean soirbh.



Ríoghan Cunga, cneas mar uan,
a searc is truma ionar ttaobh,
an dubhmhailgheach ó Dhruim Cliabh
'na ttuill ciabh chrunnfhailgheach claon.



Daoine is ceathra an chláir-se um Shiúir
fearthar a bhfáilte dá préimh,
cruth míndealbha nach mion rúin
d'fhiodh túir ar bhfíneamhna féin.



Faoilte gan gruamdhacht gan grioth
'mun mnaoi-se a suanghuth na sroth;
foghar éan is bionnbhrón beach,
sgéal do mheath lionnghlór um loch.



d'fháilte ón chléir chobhsaidh ód-chíd
a céim a bhfochraibh ar bhfóid,
sreith d'fhonnlaoidhibh suadh ros séid
uann don ghéig fhorbhfhaoilidh óig.



Inghean shéimh Oilionóir dh'iocht
's do réir roimhiodhóil ar mbocht;
gnúis deighinshíl as saor slacht,
níor aomh alt d'Eibhilín olc.


L. 63


Inghean iarla Achuidh Gréag,
riaghla a hathar ar gach fhód;
sochruidh faoileanda a snuadh súd,
lúb na ngruadh n-aoibhealda n-óg.



Múr díonmhur drongán as dleacht
don ríoghain is robhádh d'iocht;
gabhla a fuile is phréamh don phurt,
tréan as a n-ucht cuire cniocht.



Ceall Teimhnéin a foirghneamh féin,
loingthreabh ré deighréir don dáimh;
rob saoghlach a seilbh an mhúir
gan teidhm lúidh d'ar n-aonbhrath áigh.



A mheic Phiarais, a phosda Gall,
ar thriallais ní toisg bhun 's cionn;
tárrus séad oileamhna d'fhonn,
an ghéag throm oireaghdha fhionn.



Cúl foithreach fán fillte an séan,
roimpe budh soichlioch gach síon,
gnúis (réidh) re (a) ngabhluigh ar ngrádh,
mallmhuir go n-ágh don réim ríogh.



Dreach céille 'má n-ibhthear fhíon,
fithcheall ar gcléire do chnámh,
grís choguil ceardchan na ndruadh,
obuir shuadh fá ndeargthar dán.


L. 64


Stuagh dhéalla do chothuigh cléir
budh séala sochair 'mun Siúir,
aitheasg tírim go tteas ngráidh
'nar mheas fáidh fhírinn gach iúil.



Beangán 's a bhláith an gach fód,
mo chean dán leannán an lúb;
cruithneacht deaghloma as gaol Gréag,
caomh an séad sealbhronna súd.



Craobh úr gan éalong d'fhiodh,
plúr don sgéamhfhonn réar sgar -
mo chean tír a ttarla a tol -
do shín sgol na Banbha a bladh.




XIV
B 1770ls 18D
U 0201

An fear céadna cc. d'Éamonn Dúin Búinne ar ttuitim
dó (a) ttreabhluid teinnis mhóir.



B 1636c 17L
U 0080

Ochán t'othrus a Éamoinn,
fáth maoithe tré mhúsgéluinn;
tug tréam chroidhe cailg ochta
mairg goimhe do ghuasachta.



Níor fhágaibh deóir am dhearcaibh
bhur nguais, a óig oirbheartaigh;
do dhoigh rom thochuil-se as-tigh,
goimh bhur n-othair-se am innibh.



Ní mé a-mháin do milleadh libh,
a-táid foirne Fhuinn Fhuinidh
lán d'eólchuire uaibh re headh,
a luaidh gleódhchuire Gaoidheal.


L. 65


Diombáidh liom - lór do dhoghra -
imshníomh gach fhir ealadhna
seachnóin Ghuirt theachnaoidhe Táil
ag searbhchaoine a ulc anbháil.



Fá doiligh liom eacht oile
deabhtha na síon sneachtaidhe,
am an teadhma tarla dhuibh,
a labhra feardha fosaidh.



Do ardaigh confadh gach cuain
um gach leith d'Éirinn armruaidh,
a mhionn grísbhreithre, a ghruadh slim,
do luadh íslighthe t'innill.



Ionann caointear fá chríoch Chais
bhur n-othrus, a ua Shéamuuis,
's um bhrugh gclaonmhúir chuain Bearbha
's tuaidh um shaorShrúimh sheinEamhna.



Um Chliodhna ('s) um Bhanna mbrais,
um Shrúibh Broin 's um bruach Iorrais,
um Chruachain, um Leife, um Laoi,
um Eithne, um Luachair léarghnaoi.



Do sódh tríbh meadhair Mumhan,
do saobhadh óig fhionnUladh -
créad sin acht lonnolc Laighean? -
fir Chon<n>acht do créachtnaigheadh.


L. 66


Ná bí ní (as) sia dá sníomh so,
clanna ríogh na ccóig ccríoch-so -
gá beag seal do mhaoith meanma? -
laoich re headh nach infheadhma.



Caoga lá, adhbhar osnaidh,
atáid d'aidhbhle th'othrusghoimh
gan luadh n-aonaigh, gan gníomh ngreagh
a gcaom-maigh síodh na sinnsear.



Faicim thú san riocht reimhe;
tréig a mhic do mheirtnighe
do chur aoibhneasa, a ghruadh ghlan,
ar sluagh maoinleasa Mumhan.



Sgaoil feasda ciaich dá ccroidhe;
tabhair d'aithle a n-eólchuire
a-rís a n-aigeanta ar ais,
a ghrís chaigealta an chumais.



Éirigh at armaibh goile,
tóg lámh le lucht t'ionmhuine,
ísligh uaill a bhfear bhfaghla,
lean ar uaim bhur n-athardha.



Dionguibh a bhuinne sean saor,
aithbheóaigh meanma a macaomh,
fóir amhluadh a bhfádh bhfeasach,
a lámh armruadh áitheasach.


L. 67


B 1614c 17T
U 0081
XV



FLANN MAC EÓGHAIN MHEIC CRAITH .CC.



Eólach mé ar mheirge an iarla,
an bhratach bhláith bhoirdniamhdha,
an eang mhór chréachtach chorcra,
an sróll éachtach onchonta.



An tsuaithniodh bheódha bhallach,
an chros éasguidh iodhlannach,
draig ghoimheamhuil na ccéad ccath,
an séad soineamhuil siobhlach.



An bhratach sin a-tá as-tigh
'na comhnuidhe a cCill Chuinnigh,
ba siobhlach an sonn goile
um Fhonn <n->iobhrach Iúghoine.



An eang-soin gan iomlat ngliadh,
minic do chuir chuaird imchian
fá chíghibh Banbha na mbeann
a ttíribh amhra Éireann.



Nír filleadh aontroigh tar ais
láimh ré harsaidh fhóid Durlais,
eang shéanamhuil luaimneach lonn
uaibhreach éanamhuil éadtrom.



Gabháil Bhoëit - beag dá shéan
táinig le Tomás Builtéar;
anbhuain re gonaibh nír ghabh
a ccoraidh chrannruaidh churadh.



De sin tugadh Tomás Dubh
(lá beartha buaidh a bhiodhbhadh
d'éis chomhluinn an niamhdha náir)
ar iarla gormfhuinn Gabhráin.


L. 68


Ar Seaán neartmhar Ó Néill
tug maidhm gér dheacar dhoi-séin;
as ní théarnó uaidh, gidh eadh,
éanbhó do bhuaibh a bhailteadh.



Tug an t-iarla ar iomad slóigh
maidhm orrdhuirc Átha Meadhóin;
Iarla fionnDaoile a láimh leis,
miondaoine an áir nír aithreis.



Bun Raite, gér thuar troda,
an Clár is Cluain Rámhoda,
siad re lúdh glanáigh do ghabh,
gabháil na ndún géarbh iongnadh.



An Clár is Bun Raite a-rís
do ghabh bhós - beag dá sheirbhís;
do chreach an t-iath go humhal
fá seach ar thriath Tuadhmhumhan.



Nír fágbhadh leis - lór dá shéan -
sa chrích-sin cúirt ná caisléan,
ar a thol gur réidhigh ris,
ná crodh éinfhir gan éislis.



Dún Libhse a n-oirthear Uladh,
Dún Lóich iarthair Iarmhumhan,
gur éirigh goimh bhranáin Bhreagh
a ngabháil soin nír síleadh.



Eas Geitin do lingeadh lais,
feidhm nár mhór le mac Séamais;
nír tharbha faire ar an bhfonn
baile a ttarla 'na thiomcholl.


L. 69


Carruig an Phuill na bport nglan,
Cloch an Ghleanna do ghabh-san;
bruidhne daingne ar ar chóir cion,
a ndaingne dhóibh nír dhídion.



Do chuir - fa cóir a chuimhne -
rian madhma ar Mhac Samhuirle,
's ar Shíol nDomhnaill leath ar leath,
breath an fhorluinn dob áirmheach.



Mac Siobhán na ruag roimhear,
Gleann Arm uaidh do hionnsoigheadh;
lá an fheadhma nírbh eagal lais
a ndearna dreagan Durlais.



Ríoghruidh Alban, aicme Néill
teagaid bhós - dia do dheighréir!
géag cumhra nár chló a ccogadh,
umhla dhó go ndearnodar.



Gleann Con Cadhuin do chreach sin
is Gleann Mo-Lura a Laighnibh;
lá oile do hionnradh lais
na moighe um fhionnmhagh Iorrais.



Gluaisdear ais a los buaidhe
do dhruim mara mongruaidhe
do chreachadh fiadh Uladh as,
fá triall curadh ar chanas.



Fonn Raghallach na reann ngéar
tiomchal a dhún 's a dhroibhéal,
uchán, mo chreach, a(s) sé sin
an té do chreach an ccrích-sin.


L. 70


Do hionnarbadh leis 'ma-le
Teagh Dubh, dúthaigh í Mháille,
seabhac sídhe, creachthóir cean
seachnóin gach tíre timcheal.



Aonbhó dá mbuaibh ceann a cceann,
Bréifne, Béarra agus Boireann,
nír fhéad siad d'anacal air
gé radhocar iad d'argain.



A ccreachadh ní dheachaidh de,
loisgis Osraighe is Éile
a luadholl fá toisg tharbhach
's do loisg fhuarfhonn Eatharlach.



Sé creacha déag, dál a chean,
a n-aonló leis do léigead
ó chrích Luimnigh na learg sean,
ceard budh duilbhir do dhéineamh.



Do turnadh leis a los neirt
d'aithle chean na n-eang n-oirdheirc,
lór baoghlaighe a mbeann ccorrach,
teann Caonraighe is Conallach.



Fá Eas Craoibhe a mbun Bhanna
do roighneadh uaidh eatorra,
fán ccrích n-airdte ttaghtha ar tteacht,
marbhtha agus airgthe a n-aoineacht.



Do hionnradh Magh Line lais
is Rúta na ttrácht ttiormthais,
oirir ghlana fá bhfiar fiodh,
as fiadh Ara do hairgedh.


L. 71


A cCeann Tíre láimh do láimh
tug airgthe as fhochuin iomráidh,
's a Manuinn na míneas nglan,
daghfhuinn nár dhíleas dó-san.



Ciarruighe fá chuing smachta
tug a los a leóghanta,
's do chuir gach aoinneach umhal
a Muigh dhaoineach Dheasmhumhan.



A shluagh 's a airgthe uile
tug san Chasán Chiarruighe,
's lán mara ar gach taobh do thráigh,
a raon ana dob éadáil.



A nEalluibh nír fháguibh soin
gan cuartughadh do chreachoibh,
dlús feadh ndíoghuinn ná doire
ar feadh mhíonfhuinn Músgroighe.



Clann Ghiobúin do loisgeadh lais -
eólach meise ar mac Séamais -
do cheannaigh sí a síoth mur soin
an chríoch is í arna hargoin.



Lá a Ránallchaibh ag roinn chreach,
athlá a ndúthaigh Dhéiseach
táinig adhbhar iarghná de -
is grianlá a nglanMhagh Ghaillmhe.


L. 72


Lá a Laoighis ag déanamh diadh,
lá a meadhón Mhuighe Maicniadh
tug an fionnghlan nár chlá cruth,
is lá ag ionnradh Ó nEachach.



Lá a cCloich Sdocáin ag breith buaidh,
lá a Sligeach ag deilbh deaghshluaigh,
as lá d'fhialghlan na n-arm sídh
um Charn ngrianmhar Ó nGláimhín.



Tulach chorr, cuan ná caladh,
le Tomás gan tiomchaladh,
oirear fádghlan na sreabh seang,
nír fágbhadh ar feadh nÉireann.



Fiú troigheadh de ní dheachuidh
gan lingeadh do Laighneachuibh,
ná d'fhonn imiolghlan Uladh
ná d'inniollMhagh iarMhumhan.



Fán am-soin ní dheachoidh dhe
críoch Connacht, míonfhonn Midhe,
súr a ccean, toghuil a ttor,
foghuil a bhfeadh 's a bhfosadh.



Ní raibhe ag cur iona cheann
fan am-soin d'fhearaibh Éireann,
fairche dhaoineach fá ngeal goil,
aoinneach as-teagh ná tug-soin.


L. 73


Nír fháguibh ar aoi a oirbheirt
Mac Séamais, feidhm fíoroirbheirt,
foghluidhe ná creachthóir cruidh
seachnóin collMhuighe Cobhthuigh.



Gearr an ré a ndiaidh na dála
ar snadhmadh na síothchána -
eang chneasaolta na síodh sean
gur líon d'easaonta is d'imneadh.



Saoth leam - do chailg mo chroidhe -
bheith dó a ccill 'na chomhnoidhe,
creachthóir beann mbruachdhubh mBanbha
as gleann n-uathmhur n-allmhurdha.



Iomdha críoch do creachadh lais
nach maoidhim ar mac Séamais,
gur chuir triath na ngéirreann nglan
iath Éireann ar a fhocal.



A n-aghuidh aithne a phrionnsa
nír léig san iath Éirionn-sa -
a dhéineamh cá cruaidhe céim? -
éinfhear uaidhe go n-oilbhéim.



Ní fhuil éineang d'Inis Fáil
gan lorg each Iarla Gabhráin,
as rian a chéimeann 's a chath
ar fhiadh Éireann dob eólach.









19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services