Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán na mBráthar Mionúr I

Title
Dán na mBráthar Mionúr I
Author(s)
Cuthbert Mhág Craith,
Compiler/Editor
Mhág Craith, Cuthbert
Composition Date
1614
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1967)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EOLCHAIRE Giolla Brighde Ó hEoghusa cct.



Truagh an t-amharc-sa, a Éire!
rém chroidhe is cúis deirbhéile
learga th'fhuinn ghégaigh gairthe
d'fhégain do dhruim dhealaighthe.



Siar tar mhuincheann na muire
do-chiú-sa, a chríoch Laoghuire,
guaille do ghormtholach ngeal;
orchrodhach uaidhe mh'aigneadh.



Beag thrá nár threaghd mo chroidhe,
do athnuadhaigh mh'eolchoire,
do dhruim ar ndeadhloi-ne ribh,
do bheannmhoighe, a fhuinn, d'fhaicsin.



A chríoch Bhriain na mbuinneadh ngeal,
ní fhidir mé - móide ar n-imneadh
's ar sgís fan radharc-sa rinn -
th'amharc-sa a-rís an roichfinn.


L. 29


Ós éigion dúinn deadhail ruibh,
lór leam do loisi an tsaoghuil
faicsin t'fhuinn ghéisealtaigh gloin
ón tuinn ghéiseachtaigh glonnmhoir.



Measa mar tá, a Thulach Bhreagh:
ní faicthear leam - lór d'imneadh -
fairche fhaltshoilsi th'fhuinn ghloin
ón tuinn atmhoir-si ar mh'aghoidh.



Ní dom arthrach is olc leam:
truagh leamsa, a inis Éireann,
sgeith don tuinn altdorcha im ucht
do bhuing h'ardtolcha ar mh'amhurc.



Do-chuadar as rinn mo ruisg
do tholcha is áluinn n-égoisg;
budh tuar orchra dá n-éisi
dromchla fhuar na háibhéisi.



Uchán! a inis na nArt,
tugas - cá truaighe malart? -
taisdeal h'uilleadh gclúimhthiogh gcorr
ar bhúidhriodh mbuinneadh mborblonn.



Tug mé ar mhonghar na muire
oirfideadh h'én neamhdhuidhe
's t'eas ndonnmhálla mbruachdhubh mbinn:
uathmhar orghránna an aisling.


L. 30


Dursan damhsa deadhailt ribh
d'éis mh'oileamhna ó aois leinibh
ré grian do gheilchíoch gcorcra,
a sheinchríoch fhial édrochta.



T'fhágbháil, gidh cruaidh an croidhe,
ní dubhradh tír thalmhoidhe
dhá dtréigfinn do thrilis nduinn,
a inis chéichtshlim Chriomhthuinn.



Dá dtréiginn-si, a threabh Chonnla,
seal aithghearr, d'fhonn ealodhna,
learga buadha do chíogh gcorr,
do shíor uadha ní anfom.



Ionmhuin ceird fa céidcheard damh;
dá mbeinn thrá gan a trégadh,
a dhrúichtinsi rér fhaoi Art,
ní fhúigfinn-si ar aoi h'amharc.



Tar gach toil dá dtugsom dhi,
mairg fhuair an iomlaoid gceirdi:
rom deiligh-si rú agus ruibh,
a sheininsi chrú gCobhthoigh.



Aodh Mhág Uidhir adhnas goimh,
mh'énrún, mh'annsa, mh'fhear cogoidh,
cuma ar ndíoth go a dheadhail rum
síoth 'na dheaghaidh go ndearnsum.


L. 31


Na cnuic-si do-chiam anoir,
coimhidheach leam iad d'fhéghoin;
rachuidh h'amharc-sa uam dhe -
truagh an t-amharc-sa, a Éire.



TRUAIGHMHÉILE.
Giolla Brighde Ó hEodhusa cct 1600-1614.



Deacair suan ar chneidh gcarad:
gar d'airdheanaibh easgarad
an t-aos cumtha nach geabh gráin
re hurchra gcneadh a gcompáin.



Gidhbé uaibh do fhédfadh soin
codladh ar chneidh a chomthuigh -
d'aos chumtha ní croidhe glan
gan urchra ar-oile d'iomchar.



Aos cumtha an chumainn dearbhtha
coitcheann cúis a mbuaidheartha:
ionann orchra, ionann ceas
ortha agus ionann áineas.


L. 32


Mar sin damhsa - díochra an lén -
fáth t'orchra, a inghean Uáitér:
neimh na cneidhe rod creim-si
'na cneidh eile ar mh'inntinn-si.



Bídh th'osnadh do dhruim dheacra
ag clódh chédfadh mh'éisdeachta;
bídh do dheor, a chnú chridhe,
ag deol chrú as ar gcridhi-ne.



Dá gcoisginn cion mo thuirsi
sonna dhíot dod dhoghuilsi,
ar ndoigh ní búdh dimbríogh linn -
ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'inntinn.



Ní fhuil, tar a n-abraim ribh,
do chumha mar chúis th'imnidh:
adhbhal truime do thuirsi
uille a hadhbhar aguibhsi.



Rugadh uaid - dia do dhoghra -
do mhac, oighre th'atharrdha:
do chosg bróin, th'aondalta, ar n-ég -
do ghlóir shaoghalta, a Sheinéd.


L. 33


Oighre Sgríne na sgoth nglas,
brath Dealbhna na ndionn solas,
glún uaislighthe an fhine ó bhfuil,
cridhe guaisbheithre i ngaluibh.



Bláth ógán Innsi na bhFionn,
foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn -
draig róighreanta, beithir bhorb,
feithimh mhóirshleachta Marbhord.



Saor an sgoth do sgar ruibhsi;
ní hiongnadh t'fháth doghuilsi:
ba triall raith, ba gaoth i ngal,
ba laoch, ba flaith, ba feallsamh.



Nír chlannuigh, fa choim na neamh,
ní nach fuair fios a airdhean -
ré hais gcearcaill na cruinne,
ná a seantruim thais talmhuidhe.



Do thiomchuil - turas bladhach -
ciorcla na gcorp n-uachtarach,
an dá pholas thuaidh is teas;
a bhforas fhuair gan aincheas.


L. 34


Gidh eadh thrá dá dhoilghe dhuit
má taoi ar an tí ros tiodhlaic
i ndeaghaidh na dtairtheadh tug
dleaghair a aithfear orud.



Dia Athar - gá huaisle ceard -
dó féin do-rinne Risdeard;
ní huaibhsi rug an nglaic ngloin
is ní dait tug ó thosoigh.



Dorus beathadh bás an fhir:
ní cúis imshníomha a oidhidh;
cia an neach i gcás budh cuirthi
dá ndeach le bás mbeannuighthe.



Glan budh-easd th'aghaidh dtuirrsigh;
tiormuigh do ghruaidh ngrianluisnigh;
an doigh do-chuaidh id chridhe
ad-roigh uaibh ar mh'impidhe.


L. 35


UILLIAM NUINNSEANN.
Giolla Brighde Ó hEoghusa cct.



A sgríbhionn luidheas tar lear
ar amus innsi Gaoidheal,
déna, mar a-déram ruibh,
ar sénfhonn frémha Fiachaidh.



Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann
ar amus Uilliam Nuinnseann;
triall ar céilidhi 'na cheann,
ar gcéili-ne d'fhiadh Éireann.



Innis uaimsi dá ucht slim
an ceó tuirrsi a-tá ar m'inntinn;
nocht cúis m'imnidh dá aithle
dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe.



Doighthe cuartaighthe croidhe:
mo lucht gaoil, m'aos ionmhuine,
na caraid dar threisi ar dtoil -
ní mharuid 's meisi ar marthuin.



Barr ar gach teidhm mar tá sinn
d'éis mheanman Uilliam Uinnsinn:
am beo ar sgarthain ré a ghné ghil -
ní marthain é, ní hoidhidh.


L. 36


Dursan dhamhsa a dheadhuil ruinn,
fuidhioll áir m'aosa cumuinn,
grian mh'intleachta uair oile,
cluain inghealta m'ionmhuine.



Áineas gan imdheargadh n-aoin,
féile ghnáth gan ghlóir ndíomhaoin,
searc pobal, freagra go bhfos,
tobar eagna gan fhorus.



Do-fhuarus re hais an fhir
seal dob aoibhne darbh fhéidir,
fan ráith gcuirr um bhraoinlios mBreagh,
's gan aoibhneas an fhuinn d'áireamh.



Ní bhínn fiú an énlaoi ré a ais
gan ghabhlán n-uaigneach n-eolais;
ar gceileabhradh dhúin is dó,
neimhiongnadh m'úidh ar iargnó.



A-tú re treimhsi ndubhuidh
mar ésga i n-am urdhubhuidh;
dortadh flatha Dealbhna dhamh
fatha meanma do mhúchadh.



Do sholus ghnáth gun ghealaigh
ní bhí - is blagh dá hairdheanuibh -
acht an tan dearlaicthior dhi
blagh do ghealruithniodh ghréine.



Gibé tráth i dteagoimh soin
don dara taoibh don talmhuin,
ní reich mong gréine 'na gar
tar méidhe trom na talmhan.


L. 37


Tig claochlódh dá cruth chorcra,
tréigidh a tlacht iasochta
mhun am-sa i n-uair dheadhla dhi
ré a bhfuair ón ghealgha gréine.



Mé an t-ésga, eision an ghrian:
mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam;
lá ar sgaraidh do sgaruid rum,
amhuil ní anuid agam.



Ní hiongnadh nach soisionn sinn
gach dealradh uaidh dá n-uighinn
- grian shídhe fionnbhrogha Floinn:
tíre is iolmhara eadroinn.



A-tá an tuirrsi-si fam thuinn
mar thoirrcheas n-elphant aguinn:
re deich mbliadhnuibh rom cná an chneadh
ó dobhá i ngrianmhuigh nGaoidheal.



Measuim féin nach fédfa mé
trághadh tobair mo thuirrse,
na deich mbliadhna-sa dá mbeinn
ag sgeith m'fhiabhrasa as m'inntinn.



A litir léigim anonn,
ní feas damh, móide ar mearbhall,
gé tarla an toisg-se i ndán daoibh,
doidse nach dál bhus díomhaoin.



An lámh do fhoisgeoladh ibh
gé taoi ag triall go tír bhfuinidh,
mo thruaighe! ní feas nach fuil
ré cneas uaighe nó ar uluidh.


L. 38


Dá dtigeadh litir a-le,
ní feas fós nach biadh reimpe
ina sreath chnámh gcríon i gcill
an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn.



CARA EIRICE.
Bonabheantúra Ó hEodhasa cct.
Dán dorinne an bráth-air bocht d'Órd S. Proinsias, Bonabheantúra
Ó hEódhasa, Gáir-dian Bhráthar nÉirionnach
Lobháin, d'fhíorcharaid áiridhe dhó, do thuit i n-eiriceacht
lé mearghrádh an tsao-ghail agus ainmhian a cholna.



Cuid de thráchtas ar leigheas dhorchachta agus ainbhfeasa a
inntleachta, iná bhfoill-sighthear lé résúnaibh roiléire ar nách
éidir freagra do thabhairt aon-dacht, naomhthacht, coitchinne,
absdal-tacht, agus gach iomláine oile dá mbea-nann go dílios ré
fírEaglais nDé do bheith amháin ag an Eaglais Ró-mhánaigh;
agus a gcodarsna, nó a gcon-trárdha sin, do bheith ag gach
coimh-thionól eiriceadh, madh luath nó mall tháinig nó
thiocfas. Cuid oile ar leighios ansmachta agus ainmhiana a tho-lo,
do réir mar is léir san dán; ar a gcuirfeam do dheóin Dé gluais
mhínighthe do bhrígh gur ab mór dhe a-tá cruaidh ar an bpobal
gcoitcheann.



Truagh liomsa, a chompáin, do chor;
truagh an modh ar a bhfuil sibh:
ní léir dhoit solas fán ghréin,
an dorchachd féin ní léir dhit.


L. 39


Ar éiriceachd do thréig tú
Dia na ndúl is creideamh Dé;
méd an uilc-si tárla dhaoibh
- móide ar maoith - ní thuige féin.



Dá bhfaictheá, mar dho-chíd cách,
an tsoillsi atá d'easbhuidh ort,
bhur ndorchacht do ba léir libh,
do thuigfeadh sibh féin bhur gcor.



Do thuigse, gér ghrianach glan,
do dalladh í dá toil féin;
truagh nách tárla ribhsi, ó thús,
liaigh dho fhóirfeadh thú ód phéin.



Dot fhurtacht dorachainn féin
acht go gcluin mé - meisdi ar ndóigh -
othar neimhneach ribh dá rádh,
nách léig lámh leagha dá chóir.



Id ghoire ó nách féaduim dol,
cuir-si chugainn, ar son Dé
's ar cháirdeas na sinsear róinn,
cúis th'easláinte dod dhóigh féin.



An dall atá an tuigsi riamh?
nó an í an toil lé mian an chuirp
do chuir an ceo-sa ar dho chéill,
soilse an chreidimh nách léir dhuit?



Más í an tuigsi, más í an toil,
is ciontach réd chor tar céill,
bíodh ormsa an tuigsi dho chosg,
's bíodh cosg na toile ort féin.


L. 40


Más í an tuigsi is ciontach ruibh,
ag so dhuit a leigheas súd:
creid ón Eaglais briathra Dé
ós dí nochtas féin a rún.



Dise thrá nochtas a rún -
Eoin dá dhearbhadh dhúin is Pól;
Sbiorad Dé ré a hais do ghnáth,
ní bhí ar mearfall - gá dám dhó.



An Pápa 's a ngabhann leis -
is í an Eaglas a-deir mé;
ní fhoil eaglas oile acht so
againn a-bhus ar bioth cé.



Do gheall Dia - dá dhearbhadh sin,
iomdha sgrioptúir ribh dá rádh -
Eaglas shofhaicsiona Chríosd,
nách cuirfithí síos go bráth.



Don Eaglais Rómhántha a-mháin,
do coimhleadh so - dáil go bhfios:
atá anuas ó aimsir Chríosd
gan chlaochlódh, gan díoth, gan sgrios.



Gach eiriceacht táinig riamh
mall do thriall nó is gearr do mhair;
mar sin nách eaglas do Chríosd
énchuid díobh, ná labhrad Air.



Ná habradh thrá Cailbhín claon
nó Lúitér nar chlaon ó bhréig
nó gibé drong leanas díobh
gur ab d'eaglais Chríosd iad féin.


L. 41


Gibé heaglas leanas siad,
ní tháinig riamh rompa féin;
más í sin an eaglas fhíor,
cionnas shaorfaid Críosd ar bhréig?



Do réir a n-admhála féin,
cúig céd bliadhain tar éis Chríosd,
an Eaglas Rómhántha cháidh
bá hí a-mháin an eaglas fhíor.



Ionann dí an uair-sin 's a-nos:
iodhbairt, sacramainte, modh 's bés,
creideamh, teagasg, cumhacht, brígh -
nír aithrigh sí a sdaid do ghrés.



Fán n-am-soin dho bhádar ann
aithre naomhtha, clann do Dhia;
gach a bhfoil againn a-nois,
is iad soin dho theagaisg siad.



Fán n-am-soin tháinig ón Róimh
Pádraig naomhtha, rér chóir súil;
gach a bhfoil againn a-nois,
is iad soin do theagaisg dhúin.



An creideamh dho theagaisg dhúin
Pádruig búidh, deisgiobal Dé,
má dho thréigseam, fionnam uaibh
cia hí an uair dho thréigseam é.



Sighne seineagailsi Dé
ar ar n-eaglais, léir dho chách:
atá ar lorg na n-easbal saor,
aondha, coitcheann, naomh do ghnáth.


L. 42


Ar lorg na n-easbal atá;
ní beag ámh dá dhearbhadh so
a ndénadh céideaglas Chríosd
gach ní dhíobh do-ní-se anos.



Atáid easbuig innte fós
- dearbhadh oile is lór air súd -
ar lorg a chéile do ghnáth
ó ló Pheadair gus an lá a-niú.



Atá ar n-eaglas aondha leis:
aonchorp cumaisg gan cheilt inn;
aoncheann ar an gcorp-sa atá;
na boill thrá do réir an chinn.



Coitcheann acht gidh geanmnuidh í:
gabhuidh sí gach neach lén toil;
atá in gach aimsir ann riamh;
dobhí in gach tír, thiar is toir.



Naomhtha fós ar n-eaglas shaor:
beatha a naomh, a teagaisg dhúin,
iomad a míorbhal 's a fádh -
lór, do chách, dá dhearbhadh súd.



Na sighni-si - maith a gciall -
gár n-eagluis-ne riamh atáid;
sighne codarsna is olc bríogh
gár n-easgcáirdibh bhíos 'na n-áit.



Iomdha dearbhtha nach iad sein
- mun bhudh fhada bheith gá ríomh -
dhearbhas gurab í so amháin
an eaglas cháidh dho thogh Críosd.


L. 43


Mar sin gurab creidthe dhuit
gach ní ruibh dá n-abrann súd;
creidthe uaithe briathra Dé,
ós dí nochdas féin a rún.



Lúitér, Cailbhín, taoibh ré taoibh,
san mhéid ghabhas dá dtaoibh súd -
mó is inchreidthe eaglas Dé
ós dí nochdas féin a rún.



Mairg chreideas Lúitér na n-olc:
olc a choingheall, olc a chiall,
olca na teagaisg tug uaidh,
's is olc an t-oide ó bhfuair iad.



Dorinne bhréig ré Dia mór;
mairg do chreidfeadh dhó dá éis:
brég ré daoinibh, amhlaidh sin,
cosmhail, ris, go ndiongnadh sé.



Bochtacht, óghdhacht, umhlacht réidh,
do Dhia féin do gheall-san iad;
do briseadh leis - beag dhá ulc -
na trí móide tug do Dhia.



Tug bochtacht ar shaidhbhreas mbocht;
do thréig umhla ar a thoil féin;
cailleach dhubh aige 'na mnaoi,
'na mhanach gé dhobhí sé.



Oide foghlama fuair sein -
an diabhal, mar a-deir féin;
gibé mar sin chreideas dó,
don diabhal fós chreideas sé.


L. 44


Mairg do chreidfeadh Cailbhín fós,
plannta oile a pór na lochd;
oide Lúitéir, Lúitér féin -
do sháraigh sé iad ar olc.



Ughdar gach uilc do-ní so
do Dhia ghlórmhar - olc an chiall;
ionann dósan agus soin,
a rádh nach foil Dia 'na dhia.



Gur pheacaigh Críosd, aonmhac Dé,
a-deir sé - ní fearr an chiall;
ionann dósan agus soin
a rádh nach foil Dia 'na dhia.



Atá ar buile - táir a chiall! -
nó ní hionann dia atá róinn:
dia oile, cosmhail ris féin,
is eadh adhras sé dar ndóigh.



Ar an ndia, dá n-adhrann féin,
olc labhras - gibé is dia dhó;
an Dia fíre adhras cách
ní creidthe thrá, air, a ghlór.



Ní abraim go ndearna soin
adhaltrannas 's goid go lór;
acht ghibé dho-ghénadh iad,
measaim nár chreidthe ar Dhia a ghlór.



Na coirthe fá-deara ar tós
Sodoma do dhódh go lár,
ní shaorfainn nách dearna riamh
's nach dénadh fós iad do ghnáth.


L. 45


Fiafraigh dá shlinnénuibh féin,
fiafraigh dá bhuachaill shéimh shlim
's do Bhésa, dá dhalta dil;
a n-abruid sin, creidfidh sinn.



Ar áirmheamar sonn anois,
sa gcédurdail ré a gcois súd,
meastha ar an ndís do-níodh iad
nach dóibh dho nochtfadh Dia a rún.



Meastha fós nách bíodh ré a n-ais
an Sbiorad naomh, an fhlaith fhíor,
dá gcoimhéd mar eaglais nDé
ar sheachrán 's ar bhréig, do shíor.



Ní chreidfeadh acht duine leamh
don dís-sin is dá lean iad:
míle brég i n-aghaidh Dé
's 'na n-aghaidh féin do-níodh siad.



Ní creidthe dhaoibhsi, is é a chríoch,
rúindiamhra an ríogh uatha súd:
creidthe ón Eaglais briathra Dé
ós dí nochtas féin a rún.



Atáid briathra Dé ar dhá mhodh
- creidthe ón Eaglais gach modh dhíobh:
cuid dhíobh san sgrioptúir atá,
cuid ar cuimhne ag cách do shíor.



An sgrioptúir, gidh líonmhar dhó,
a chreideamh narab lór leat:
iomdha neithe a-dobhairt Críosd
nár cuireadh ann síos fá seach.


L. 46


A theagaisg mhionca gach laoi,
a ndearna in gach taobh 'nar ghabh -
cia an sgrioptúir, mar a-deir Eoin,
'na dtuillfeadh, fa dheoidh, a leath?



An mhéid-sin nár sgríobhadh dhíobh
briathra Críosd, airdríogh na ndúl,
gnáthchuimhne ar sean diaidh i ndiaidh
choimhédas, gan chiaigh, iad dúnn.



Gan sgríbhne mar sin do ghnáth
dho thoirbhir cách briathra Dé,
ó Ádhamh go Maoisi a-nuas,
gach drong nua don droing dá héis.



Dobhí fós an Tiomna Nua,
sealad anuas tar éis Chríosd,
gan sgríbhne, ar cuimhne, do ghnáth,
's dá creideamh ag cách do shíor.



Gibé adeir nách creideann sé
acht don sgrioptúir féin amháin,
fiafruighim dhe an gcreidthear leis
más é an sgrioptúir sein 'na láimh.



Dá n-abradh nách creideann féin
sgrioptúir Dé gur ab é sein,
fiafruighim deisean arís
créd fá gcreideann an ní a-deir.



Dá n-abradh go gcreid - gá dú -
gur ab é súd sgrioptúir Dé,
an treas feacht, fiafruighim dhe
nar légh sein san sgrioptúir féin.


L. 47


An bhfacaidh san sgrioptúir riamh
- nó má dho chonnairc, cia an ball -
soisgél Lúcáis do bheith fíor,
soisgél Tomáis gan bhríogh ann.



Bheith d'óghMhuire riamh 'na hóigh,
baisdeadh leanbh gur chóir dho ghrés,
bheith ar an ndomhnach don Cháisg -
san scrioptúir, fós, cáit 'nar légh.



Gibé le gcreidthear iad so,
creidthe dhó - nó atá gan chéill -
nách lór an sgrioptúir a-mháin,
gan chuimhne ngnáith bhréithre Dé.



Cia an sgrioptúir is creidthi thrá,
cia an ghnáthchuimhni a-tá fíor,
a gciall araon, muin ar mhuin -
creidthi ón Eaglais gach cuid díobh.



Más í an tuigsi bhuaidhreas tú,
ag so a leighios - gá dú dhó;
muna fhoghna a n-abraim dhí,
do-ghéabha arís nísa mhó.



Más í an toil is ciontach ribh,
slán libh, ní bheanabh-sa dhí;
a leigheas ní ghébh re hais,
aithnidh damhsa go maith í.



An toil, dar ab seisi an corp,
buain uimpe ní bog an céim:
péisd is doicheannsa iná soin
nír dhealbh Dia, ní fhoil fan ghréin.


L. 48


Ar fhuláireamh Ríogh na ndúl,
sruth Iordáin ar gcúl do thriall,
a grinneall do nocht an mhuir,
dá gluasacht do sguir an ghrian.



An pobul dár choisg mar súd
gluasacht nádúrtha dhúl mbalbh,
ainmhiana a dtoile do chosg
ní fhuair-sean uatha a los arm.



Iomad míorbhal, iomad plágh,
bagar gnáth báis agus pian -
cosg ainmhian Fhoruinn, an ríogh,
ní tháinig díobh, nír fhéd siad.



Tionól Ifrinn an chraois duibh,
teaghlach nimhe, a bhfuil fán sbéir -
ní bhérdaois uile a los gleoidh
buaidh na toile, acht dá deoin féin.



Each fiadhtha ó nách fághthar fos,
a los eagla ná a los gráidh,
ní léig acht dá marcach féin
gidh glacadh a sréin amháin.



Meince a chách do trasgradh lé
a marcach féin gidh é ann;
Solamh, Sámsón, Dáibhíoth naomh,
aithnidh dhóibh a taom nách fann.



Sámsón acht gér chalma a neart,
Solamh, gér ghaoth ceart a chiall,
gér naomhtha Dáibhíoth go ngaois -
ainmhiana a dtoil do chlaoi iad.


L. 49


Leigheas na toile do láimh
ní ghébh-sa thrá - ní náir dhúinn;
ag so síos duitsi, ghidheadh,
teagasg beag 'na haghaidh súd.



Do chéidneithibh sgrúd go grian
an chúis fár chruthaigh Dia an tail:
ionnas go dtugadh, do ghnáth,
fuath don ulc is grádh don mhaith.



Maithe an domhuin, leath ar leath,
dá measthaoi linn fá seach iad,
maith fhíre, gan chumasg n-uilc,
díobh uile, ní fhuil acht Dia.



Tearc aonmhaith aca dá bhfuil
gan a hurduil uilc ré a hais;
a n-uilc uatha féin atáid:
ó Dhia amháin fuairsead a maith.



Mar sin gur ab é Dia a-mháin
is aonchusbóir gráidh don toil,
ní hionghráidh, acht ar son Dé,
aoinní oile fán ghréin ghloin.



Ar mhaith mbréige nách buan ré
trégadh Dé do ba díoth raith -
an mhaith gan fhoircheann, gan chrích,
an mhaith fhíre ó mbí gach maith.



Mairg do thréigfeadh Dia na ngrás,
tobar lán shileas do shíor,
ar an saoghal, lag na bpian,
ar an gcuirr gcriadh théid i ndíosg.


L. 50


Solas an bheatha, mairg tug
ar phríosún ndubh, ar uaimh gceo;
an fhoraois aoibhnis do b'fhearr
mairg dho thréig ar ghleann na ndeor.



Gleann na ndeor an saoghal bocht:
gan ann acht gol nó fáth guil;
príosún don tí thuigeas é:
uaimh dhorcha don té nách tuig.



Ní díol gráidh a bhfaghthar uadh:
díol ar fhuath an saoghal féin;
deoch neimhe a thiodhlaigthe thrá:
lomnán don bhás is d'fheirg Dhé.



Lán do bhochda a thoice mhór;
a aoibhneas fós lán do mhaoith;
an mhéid is milis dá ghrádh
ní bhí acht lán do dhomblas aoi.



Mairg charas a shaidhbhreas bocht:
beag a tharbha ag dol san n-uaigh;
a shealbh san tsaoghal-sa féin
mó dho phéin don fhoirinn fuair.



Fríoth lé Solamh saidhbhreas mór;
aithnidh dhó nách mór a bhrígh;
díomhaoineas de ghoireas sé
's crádh inntinne an té gá mbí.



Beag tháireas an bheach dá mil;
a bhfríoth libh ar feadh do ré
saothar a chruinnighthe ort,
a tharbha so ní leat féin.


L. 51


Dá gcongmhae agat do mhaoin,
bhudh beag a tarbha daoibh féin:
a coimhéad ortsa do ghnáth,
a caitheamh ag cách tar h'éis.



Ar dho cháirdibh, ar do chloinn,
dobhiadh tarbha 'na roinn súd,
an phian shíor tuille ar a son
dá bhfédthá mar so a roinn riú.



Dá bhfédthá, mar nách féd tú,
an phian tsíor-sa riú do roinn,
roinn disi ní ghébhadh siad -
mairg do thréigfeadh Dia ar an ndroing.



Díomhaoine na toice ad-chí,
dá madh léir doit í ón toil -
aoibhneas bréige an bheatha cé
díomhaoine thrá é iná soin.



An t-aoibhneas-sa - gá dám dhó -
gearr mhaireas, ní mór a bhríogh:
an phian toilltear ar a shon
mairfidh so tré bhiotha síor.


L. 52


IODHBUIRT CHUIRP IS ANMAN.
Bonabheantúra Ó hEodhasa cct.



An bráthair cédna ag trégadh an tsaoghail dó, ar an mboicht-bheathaidh
in ar chríochnaigh a laethe.



Gabh aithreachas uaim,
a aoinmhic dil Dé;
ná tréig inn, ar aoi,
dá mhéid do mhill mé.



Do mhill mé go lór,
a fhlaith nimhe naoi;
dá mhéid do mhill mé
ná tréig inn ar aoi.



Ó ló ar dtuismidh, thrá,
a-tá - truagh an gníomh -
gach olc rém ré riamh
ag tocht, a Dhé, dhíom.



Nír chuir eagla orm
éag im cheann i gcurp,
biothroinn do bhreath gceart,
teach Iofroinn rém ucht.



Mo chroidhe nír chealg
caidreamh aingeal 's ógh,
teagh nimhe na naomh -
ceadh acht mire mhór!


L. 53


Uch! mo mhire mhór!
mo mhire rom mill;
uch! oram, tré fheill,
an cholann do chinn.



Uch! is truagh mo thoisg:
nír thairg mé, a Mheic Dé,
cinneadh ar an gclí
nó gur milleadh mé.



Caoinfead mh'olc búdh-easd;
uch! is dénta dhúinn
caoi trér mire mhóir
nó go sile ar súil.



Nó go sile ar súil,
'na sruth díochra dér,
a cuibhreach a cnámh,
go fuidhleach a fréamh.



An teanga-sa tug
thú i bhfeirg riomsa, a Rí,
uch! suil do mharbh mé,
uch, nách balbh dobhí!



An bél do bhrosd th'fheirg -
uch, uch, is olc leinn
gan é ar ulaidh luim
nó ag cnumhaibh gá chreinn!



Uch, uch, gan an súil
lé sillinn go saobh
'na carn cheannchruinn chriadh!
'na cearchaill darbh-daol!


L. 54


Uch, uch, gan an gcois
- cos na gcéimeann gclaon -
marbh, 'na criathar chriadh,
ag biathadh darbh-daol!



Truagh nach tárla an lámh
- lámh do loitthi, a Fhlaith -
's forgla ar mball gá mbreith
'na gcrann nó 'na gclaich!



Na hairm fhuaras uait
- ádhbhal uaim an t-olc -
iad innlim rét ucht,
iad do imrinn ort.



Ar imreas ort d'ulc
ní hé do thuill tú,
ag loighe fán lia
's do chroidhe gan chrú.



Na boill-si, i n-íoc mh'uilc,
iodhbruim budh-eachd daoibh;
mó an fiach dhlighe dhínn,
a Thriath nimhe naoimh.



Na boill chriadh-sa, a Chríosd,
cuma a n-iodhbairt uainn:
crú an deargochta dhúinn
mar eadhbarta uaibh.
Ar mo shon tug tú
an troightheach 's an taobh;
an dá dheargbhois dúnn
do eadhbrais ar-aon.


L. 55


Iodhbuirt mh'anman duit -
duitsi ní díol é:
uait féin fhuaras í,
gan dualas, a Dhé.



Gabh im ulc, gidh eadh,
is 'na n-uaras uaibh
- mó ar gcoir; cagaill dúinn! -
a bhfoil againn uainn.



"CUR MUNDUS MILITAT".
Bonabheantúra Ó hEodhasa cct.



S. Bearnárd do chum an dán-sa san teangaidh Laidne, i dtarc-aisne
an tsaoghail, nísa líonmhaire iná mar atá annso. An
bráthair bocht rémhráidh-the do chum i nGaoidhilg an
mhéid-si dhe.



Truagh cor chloinne hÁdhaimh -
aimhghlic ceird an chonnláin;
díomhaoin dóibh a deighréir
glóir dhíomhaoin an domhnáin.



Aoibhneas, is fháth tuirsi,
toice bhocht an bheatha:
téid a gal soin seacha
mar ghoil ré gcar gceatha.


L. 56


Ní fhuil innte acht lasair,
nó litre ar leic oighridh,
nó brúcht shoighnéin shiobhlaigh
ar dtoirléim ó thoirnigh.



Truagh, truagh don tí mheallas
moil bhréigi is beag dtoraidh;
gnáth diombuadh 'na dheaghaidh
bláth diombuan an domhain.



Glóir dhíomhaoin an domhain
duille i ngaoith ar gluasacht;
treall, dá n-aghtha a h-iasacht,
gabhtha greann ré a guasacht.



Mairg do-gheibh an nglóir-si:
gearr mhaireas a meadhuir;
's biaidh, go cian, fá a comhair,
an phian 'na diaidh dleaghair.



Caidhe a-nois neart Sámsóin
nó saoirEarcuil slaitshídh,
neartghoil Chon an Chleitín,
gomh Eachtair nó Aicíl!



Cáit fós i bhfuil Solamh,
saoi go n-eagna n-iomláin,
nó an ríomhac seang soghráidh,
Íonat, do b'fhearr n-iomráidh!



Caidhe cumhacht Shésair
nó sén Aileac-sandair!
caidhi an carn chlach gcumhdaigh,
rath na n-arm nó an ardghoil!


L. 57


Caidhe áille Abslón,
inntleachd Airiost-otuil,
teanga thrén Thuil Sicir,
ó bhfuil frémh gach focuil!



A cholann, a cholann,
ad-chí cealga an tsaoghuil;
bíoth ort iná n-uamhain
a chríoch bhocht, a bhaoghuil.



A bheatha bhiasd gcíordhubh,
a charn luatha ar luaghal,
a bhláth ghég ar ngránadh -
créd is fháth dot uabhar!



Gearr go mbia béisd chíocrach
ag creinn do chnámh rolom
i mbrugh chriadh bhús cumhang,
a bhiadh crumh, a cholann.



Gearr go mbia an béal corcra
'na chriaidh fhuair d'éis dubhaidh,
's meoir thiomchaola an troighigh
fa fhionnchaonna ar uluidh.



Budh iomdha go haithghearr,
i n-áit na rosg rédhghlan
's fán taobh seada sídhgheal,
leaba ag daol gá dérghadh.



Ag sin críoch do chumuinn
ris an gcruinne gcealguigh;
má a-taoi ar tí do chumhduigh,
ná ad claoi, a chlí, dá cearduibh.


L. 58


Muna fhaghthar uaibhsi
umhlacht, aigneadh síothbhuan,
grádh coitcheann gan chlaochlódh,
bhur bhfoircionn budh fíorthruagh.



AN TEAGASG CRÍOSDAIDHE I nDÁN.



Oraoid don Léghthóir.



A fhir léghtha an leabhráin bhig,
féch an tobar ó dtáinig;
uille a tharbha iná a thaidhbhsi;
buime th'anma an obair-si.



An cisde trér cheandaigh fear
an fearann inar foilgheadh -
ag so an fearann ina bhfoil;
neamhfhonn do nocha dleaghoir.
An némhann trér dhiult duine
sealbh a thoiceadh dtalmhaidhe
dá bhféchthar dhí an fonn 'na bhfoil,
do-géabhthar sonn í i n-asgoidh.



Ag so a-nois do nimh chugaibh
sreath ghrianach gheam gcarrmhugail,
teagaisg thoirtheacha Dé dhúinn,
troimcheatha do sgé an sgrioptúir.


L. 59


Ní thugsam dhóibh - ní díoth soin -
foighreadh i ngaoidhilg grianaigh;
i nDia, i lochthobar na leag,
cia an fothragadh nach fuairsead!



Ní dhearnsam - nír dhénta dhamh -
dorcha lé dealradh briathar
bhróin ngeamghoirthe niamhtha ó nimh
briathra dealraighthe an Dúilimh.



Lé hóradh briathar dá mbeinn,
mór dhíobh fá chiaigh dho chuirfinn:
congmhaid failghe chumhdaigh cloch
urdail na faighne i bhfolach.



Rolla na bhfiach dho dhleaghair;
cairt do dhúithche ón Dúileamhain
daitsi gan sgéimh do sgríobh mé;
sgríobh féin an gcairt-si id chroidhe.



An Chré i nDán.



Atáid trí doirsi ar theach nDé;
ní héidir le neach fán ngréin
gan dol tríotha so fá seach
rochdain anonn don rítheach.



Na trí subháilche diadha,
creideamh, dóthchas, grádh cialldha -
isiad na doirsi a-deir mé
do bheith ar rítheach nimhe.


L. 60


Ní cás dá gach neoch fá nimh
triall go doras an chreidimh;
eochair gach glais dá bhfuil air
fuairseam ó na habsdalaibh.



Na heochracha, adeirim ribh,
airteagail chinnte an chreidimh;
i gcré na n-easbal, madh áil,
do-ghébha iad go hiomlán.



Teagaid seachd n-airteagail díobh
tar dhiadhachd Airdríogh na ríogh
is seachd n-airteagail oile
tar dhaondhachd Mheic mhórMhuire.



Na seachd n-airteagail-si ar tús
lé nochdthar an dhiadhachd dúinn
atáid sonna, bíod ré a ais
'gan té théid d'fhios an dorais.



Creideadh go bhfoil aoinDia ann,
Trionnóid thrén na dtrí bpearsann:
Athair, Mac, Sbiorad naomhtha
go gcomhuaisle, comhaostha.



Ó aoinneoch ní tháinig soin,
an tobar diadha, an tAthair;
ón Athair gheinthear an Mac;
uatha araon tig an Sbiorad.



Is Dia an tAthair 's is Dia an Mac:
Dia fíre fós an Sbiorad;
is ní trí Dée iad soin
achd aoinDia i dtrí pearsanaibh.


L. 61


Isé an t-aoinDia-sa do chum
neamh, talamh, agus iofrann
's gach a bhfuil eatorra so
's a mbí ag áitioghadh ionnta.



Uaidh do-ghébham, más í ar dtoil,
grása is maitheamh ar bpeacadh,
eiséirghe na gcorp, lá an Luain,
glóir shíor i mbeathaidh bhiothbhuain.



Ag sin na hairteagail daoibh
thráchdas ar an ndiadhachd naoimh;
gá dtám - anois is nochdtha
airteagail na daondachda.



Do chéidneithibh creidthe dhúinn
gur ghabh Muire i ndíoghruis rúin
ón Sbiorad Naomh 'na bruinne
Mac an Athar síordhaidhe.



Go ndearnadh Dia 'na dhuine
's duine 'na Dhia síordhaidhe,
go beith don dá nádúir soin
gan chumasg i n-éinphearsoin.



I gcionn naoi míos dá éis sin
rug an Ógh É san Bheithil,
gan choill a hóghdhachda dhi
'na dhiaidh, roimhe ná an uair-si.


L. 62


AonMhac Dé, Dia agus duine,
fuair 'na nádúir dhaonduidhe
bás croiche, a adhlacadh soin
tré choirthibh chloinne hÁdhoimh.



An bás-soin achd gé dho sgar
a chorp naomh ré a anam nglan,
nír sgaradh ré ceachdar díobh
diadhachd iodhan an AirdRíogh.



Téid go hifreand dá éis so
d'fhuasgladh na n-aithreadh naomhtha;
éirgheas ó mharbhaibh go prap
an treas lá arna adhlacadh.



I gcionn dá fhichead lá lán,
do-chuaidh ar neamh na naoi ngrádh;
ar deis a Athar gur shuidh
i n-énghlóir ris an nAthuir.



Do bhreathnughadh bheo agas mharbh
tiocfaidh Sé bhudh tuirionn garbh
mar a gcuirfe gach duine
i nglóir nó i bpéin shíordhuidhe.



Ós cionn a n-abram anos,
gach a n-aibéora an eaglas,
más sgríobhtha gion gur ab eadh,
cóir don Chríosdaidhe a gcreideamh.


L. 63


A ndobhramar sonn go se
biaidh ag gach aon dá gcreidfe
raon solas anonn ar nimh
tré dhoras ndorcha an Chreidimh.



An Phaidear i nDán.



Dóthchas an dara doras;
gibé thogras triall chuige
gach aisgidh ar Dhia is iarrtha
iarradh 's measadh go bhfuighe.



Gach itghe is oircheas d'iarraidh
atá a hiarraidh 'san phaidir;
abradh í so go minic
gibé lé sirthir aisgidh.



Bíoth, a Dhé, a athair neamhdha,
i meanma, i mbél gach duine
th'ainm ré saoghal na saoghal
dá naomhadh feadh na cruinne.



Tigeadh chugainn do ríoghdhachd;
go rabham síodhach sádhal
gan ghuais ndeamhan ná dhomhain,
gan omhan bhreithe an bhrátha.



Do thoil, mar aingle nimhe,
déntar linne ar an talmhain;
beatha dár gcurp, a Athair,
tabhair aniogh 's dár n-anmain.


L. 64


Maith na coirthe do-niamaid
gé táid 'na bhfiachaibh troma,
mar mhaithmíd féin a gcoirthe
do chách oile ar dho shon-sa.



Ná leig cathaighthe an dhiabhail
do dhol i bhfiachaibh oirne
achd saor inn ó gach énulc:
déntar a n-iarmaid oirbhsi.




Fáilte an Aingil.



Dia do bheatha-sa, a Mhuire
a thuile lán do ghrásaibh!
atá an Tighearna it fhochair,
a ghein shochair chlann nÁdhaimh.



Beannaighthe thusa tharsa
deaghmhná na talmhan uile;
's is beandaighthi an ghein ríodha,
Íosa, toradh do bhruinne.



A naomáthair Dhé, a Mhuire,
a bhuime mar an gcédna,
guidh orainne, na peacaigh,
'nar mbeathaidh, 's i n-am éga.



Deich nAitheanta Dé.



Dá n-iarra osgladh gun ghrádh,
an treas doras atá ar neamh,
comhaill deich n-aitheanta an Ríogh
mar táid annso síos fá seach.


L. 65


Dia bréige d'adhradh ná tairg;
ná tabhair ainm Dé gan fháth;
Domhnach, lá an Thighearna Dé,
coimhédtar libh é dho ghnáth.



Onóraigh th'aithre go búidh;
ná déin marbhadh, drúis ná goid;
ná déin bréigfhiadhnaisi ar neach,
a mhaoin ná a bhean ná hiarr dhoit.




Cúig Aithne na hEagailsi.




Cuir i gceann a ndobhairt mé
cúig aithne na heagailse:
coimhéid gach saoire go beachd
's déin aithfreann innte dh'éisdeachd.



Troisg an Corghas go glan glan,
Uighil 's Troisgthe na hAnman;
ná tomhail feoil ar dho phroinn
Dia hAoine ná Dia Sathroinn.



Tré bhiotha shíor ná bíodh sibh
éinbhliadhain gan fhaoisidin;
Corp Chríosd, ón Domhnach ré gCáisg,
caith lá éigin, go mionCháisg.



Ná déna banais iar ndáil
ó thús Chorghais go mionCháisg,
ná ó thús Aidbheant go grod
go dá lá dhég d'éis Nodlag.


L. 66


Muna dhearna a n-abram ribh,
trí doirsi thighe an Dhúilimh
iadhfaidhear uile rét uchd:
dol asdeach ní bhia id chumhachd.
Do na Sacramainntibh.



Na seachd sacramainte dhoit:
Baisdeadh, Dol fá Láimh Easboig,
Corp Críosd is Faoisidin ghlan,
Ola ré mBás, Ord, Pósadh.



Is leo sin ghléstar na glais
atáid róimh ar dhún bParrthais
i n-aimhréidh dá ndeachad so
tré chaill aithne an ArdFhlatho.



Do na Subháilchibh agus do na Lochdaibh.



Fios na subháilcheadh 's na locht
atá, ós cionn a ndobhart,
'na bhfeidhm ar gach neach fa nimh
dá dtriall go teach an Dúilimh.



Na 3 Shubháilche Diadha.



A-dobhramar roimhe so
na trí shubháilche diadha:
creideamh, dóthchas agus grádh;
gá meisde a-rís a n-iomrádh?


L. 67



Na 4 Shubháilche Cairdionálta.



Ceithre tréidhe is díol grádha
na subháilche prinspálta:
gliocas gan cheilg, ceart gan lochd,
neart gan fhairbríogh, measardhachd.




Tiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh.



Seachd dtiodhlaigthe an Sbioraid Naoimh:
eagna, tuigsi, taoibh ré taoibh,
comhairle, neart, fios neamhdha,
búidheachd, eagla an Tighearna.



Na Dronga Beannaighthe.



Na hochd ndronga beannoighthe
dá ngeall Dia luach a gcroidhe:
na boichd fhíre is beannaighthe,
budh leo féin ríoghdhachd nimhe.



Beannaighthe an drong ceannsaighthe,
budh leo do sheilbh an talamh;
beandaighthe luchd searbhthuirsi,
biaidh sólás fá dheoidh aca.



Gibé ara mbí ocaras
's tart cosnamha na córa,
a fhoirceann bhudh roshona;
biaidh sásadh ó Dhia dhósan.



Luchd trócaire is beandaighthe,
trócaire ó Dhia do-ghébhad;
mar sin d'aos an deaghcroidhe,
budh leo do shíor Dia d'fhéchain.


L. 68


Clanna Dé díobh goirfidhear:
is beannaighthe an drong shíodhach;
an drong fán gceart choirighthear,
flaitheas Dé bhudh é a ríoghdhachd.




Oibre Corpardha na Trócaire.




Seachd n-oibre na trócaire
dá ngoirthear oibre corpdha:
cosg tarta gach brónchuire,
biadh do thabhairt don ocrach.



Édghadh nochd, mairbh d'adhlacadh,
oirchiseachd aoigheadh n-annamh,
cuairt ag braighdibh fannbhochda
do dhénamh, 's ag aos galair.



Oibre Sbioradálta na Trócaire.



Seachd n-oibre na trócaire
ainmnighthear as an sbioraid:
sáimhchealgadh luchd mhórthuirsi,
ceartoghadh cáigh 'na gciontaibh.



An té atá i gcás chomhairle
comhairle dho do thabhairt;
in gach ní dá rodhoilghe
foighide do bheith agaibh.



Teagasg luchd an ainbhfeasa,
guidhe ar bheoaibh 's ar mharbhaibh,
maithmheachas na n-aindligheadh
do thabhairt do luchd adhbhair.


L. 69


Na Peacaidh Mharbhtha.



Díomas, sainnt, is drúis, má-le,
tnúth, craos, fearg, agus leisge,
na seachd bpeacaidh - díochra a nglonn -
mharbhas do shíor an t-anam.



Na Ceithre Críocha Déighionacha.



Seachna na bpeacadh mhadh áil,
dorrdha an bháis, ceirtbhreatha an Ríogh,
glóir nimhe, ifrionn na bpian -
bíodh siad it inntinn do shíor.



Na Cúig Céadfadh Corpordha.



D'eagla an bháis do theachd dod toigh
coimhéid ar dho chédfadhaibh:
blas is glacadh 'na mbia locht -
boladh, éisdeachd, is amharc.


L. 70


DIOMBUAINE NA BEATHADH
An Bráthair Bocht Giolla Brighde alias Bonabhentúra
Ó hEodhasa cct.



A dhuine chuirios an crann,
cia bhus beó ag buain a ubhall?
ar bhfás don chraoibh ghégaigh ghil,
ré a fhégoin daoibh an deimhin?



Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
san lubhghort uaine áluinn,
smuain, a fhir na gcleath do chor -
mo chreach, ag sin an saoghal!



d'éis a aibchighthi is é id láimh,
an tú chaithfius, a chompáin,
bláth garrdha na ngég solus?
tarla ón ég i n-amharus.



Ní críonna dhuit, a dhuine,
'gá mbí an choille chumhraidhe,
th'aire ar fhás na n-abhall lag
's gan cás it anam agad.


L. 71


DIVI BERNARDI ABBATIS
FORMULA HONESTAE VITAE



Eoghan Ruadh mac Uilliam Óig Mhic an Bhaird

Boneavantúra alias Giolla Brighde Ó hEodhasa
cct.



Glac, a chompáin, comhairle
ó Bhearnard, an t-ab naomhtha,
ar an riaghail rofhoirfe
ó do chuiris do chaomhna.



An obair do thriallabhar,
madh áil a dul i dtarbha,
atá oirbh do riachtanas
dá ní nach tigthear tharsa.



An céidní - is cúis roghuaisi:
coimhéid thú féin go seasmhach
ón uile ní soghluaisde,
saoghalta bhíos god mhealladh.


L. 72


Ar mhodh nach biadh agaibhsi
cúrum fa ní don tsaoghal
acht mar neithe fabhairsi
's nach beidís ann ar aonchor.



An dara ní is tionnsganta
madh áil an ríoghdhocht shuthain:
tú do dhénamh iodhbarta
dhíot féin don Tí rod cruthuigh.



Ar an modh go dtroidfithea,
do ghníomh agus do bhriathraibh,
ris gach ní nach croidfithea
do thaitneamh ris an dTriathfhlaith.



An céidní, réd dhíthchioll-sa,
do-ghébha tú ar an modh-sa:
ar tús tú féin d'ísliughadh,
madh ad mac ríogh nó moghadh,
aga mheas gud dhísbeagadh,
nach ad fiu ní san domhan.



Achd gidheadh ná measuidh-si
cách eile leis an gcéadfuidh;
achd meas a bheith beannaighthe
an tí is measa gut fhéchuin.
Ag cách oile seachuibhsi
gach ní ad-chluinfe 's do-chífe,
nach ó mhaith ná measuidh-si
adeirthear is do-níthir -


L. 73


Gé go bhfaicthe a aithearrach
don nádúir bhíos ag claonadh,
óir ní hannamh raimhealladh
ar an mbaramhail ndaonna.



Tug th'aire nach míothaitne
ré duine ar dhruim na talmhan;
choidhche lucht bhur bhfíorchaidribh
bíod uile lán dot annsacht.



Re duine dá choibhneasa
ná tarr ort féin gud mholadh;
acht gomadh mó th'fhoilcheas-sa
ar do mhaith iná ar th'olc-sa.



Ar neach, gé madh míchreidmheach,
go bráth go trom ná labhair,
gé madh follus, fírinneach
an ní adérthá 'na aghaidh -



Acht amháin it fhaoisidin,
is sin féin re huair n-éigin,
nochtadh th'uilc go saoilfidhe,
ar mhodh eile nár éidir.



Ná glac mar chúis roimheanma
dá gcluine olc do bhiodhbhadh;
éisdidh níosa thoileamhla
moladh cháigh iná a n-ionnlach.


L. 74


Bíodh do chomhrádh deighcialluidh,
fírinneach, annamh, tráthach,
lán do shuim i mbeigbhriathruibh
's ag teacht tar Dhia go gnáthach.



Dá rabh neach don domhnán-sa
ag teacht ribh ar ní ndíomhaoin,
gearrthar libh a chomhrádh-san,
ag teacht tar bheathuidh bhfíornaoimh.



Ní ar domhan dá dteigeomha
dhaoibh féin nó dá bhur gcoibhneas,
madh áil bheith ar deigheolas,
ná bíodh ort ina dhoilgheas -



Gémadh damhna doimheadhra,
nárab móide do mhaoithcheas;
gémadh adhbhar soimheanma,
ná bíodh ort ina aoibhneas.



Déntar uaibh gan iongantas
th'uile dhíthchioll ó umhlacht,
dochum bheith go friochnamhach
fad leas féine do shunnradh.



Achd do dhéanamh fíortharbha,
más éidir libh ná labhair;
seachoin bheith ag síorlabhra
ór is fearr tó ná labhairt.


L. 75


Labhairt gan chás ndoirbhéigin
ní mholfuinn daoibh go gnáthach,
ó nóin i ndiaidh choimpléide
go deoidh nAifrinn amárach.



Ní ar nach biadh bhur rathaitneamh
ag cách oile dá bhfionna,
féuch ort féin go hamhuirseach
an mbiadh a leithéid ionnad;
má tá, bí go ra-aireach
i bhfad uaid aga sgrios-san.



Dá bhfaice in bhur samhuil-si
éinní maith fós nach tárruis,
tarruing ort, ná cagail-si,
bheith formadach san gcás-soin;
biaidh gach éinní aguibhsi
mar sin 'na sgathán gcrábhuidh.



Dá mhéid cúis dá gcluinfi-si,
ná hégnuigh gémadh cionntach;
leighios uilc let fhuighlibh-si,
muna shaoile go ndiongna.



Madh áil gan bhur n-eibhliughadh,
ná diult, ná dearbh lé déine;
do dhiultadh 's do dheimhniughadh
bíod 'na gconntabhairt chéillidh.


L. 76


Seachuin gáire gáireata;
dá mbeath go bhfuighthea fachan
ar uairibh ag fáilteachadh,
déna fáiphteadh beag annamh.



An céidní gan chonntabhairt
do-ghéubhae mar adobhart;
's an dara ní adobhramair
do-ghéubhae tú ar an modh-sa.



Déntar uaibh gach éantrátha
th'urnuidhe i n-aimsir dhlighthigh;
's nárab lór libh bélchrábhadh
gan an smuaineadh san gcridhe.



Bíodh aguibh i ngnáthchuimhne
na trí neithe 'nar ndiaidh-ne:
ar tús cionnas dobhábhair-si,
créad tú, agus cionnus bhiai-se.



Dobhádhuis id bhréunchubhar;
créad tú, gidh mór do chédfadh
as caoimhe bhar gcréuchuladh,
acht soitheach lán do bhréuntus,
iar gcaitheamh bhar dtéarma-sa
bhias ag crumhuibh mar fhésta?


L. 77


Mar an gcédna cuimhnigh-si
príosún na druinge daorthar
'sa phiana ar nach cuirfidhir
críoch tré shaoghal na saoghal -



'S dá mbeith cách gan rodhoille,
créd giorra is loighiod aoibhnis
a n-ainmiana colnuidhe
tré a dtuillid bheith san daoirsi.



Tuig arís id mheanmuin-si
glóir sa críoch ar nach cuirthear
is loighead an dearlaicthi
ar ar éidir a tuilleamh -



Is ar mhéd na roidhiomdha
orra féin arna dtréigean
bhíos ar lucht a coilleamhna
ar ní nach feas a éifeacht.



Ní bhus olc let aigneadh-sa
dá n-éirghe duit san saoghal,
nó aga mbiadh bhar bhfaitcheas-sa
réna leithéid do bhaoghal -


L. 78


Annso is cóir a chumhnughadh,
dá mbeithea i n-ifrionn dérach,
ar do chionn go sunnradhach,
go bhfuighthea-sa an ní cédna
's gach ní oile urbhadhach
dobhiadh i n-aghaidh gcédfadh.



Dá rabh libh ní éadálach
nó áilgheas a mheic-samhla
do bheith libh dá bhfédtá-sa,
smuainidh, dá mbeithea i bParrthas.



Gu madh libh gan laghdughadh
an ní-sin 's gach ní oile
bhudh éidir do shanntughadh
do réir thoile bhur dtoile.



I bhféil gach naoimh, smuainidh-si
créd do fhulaing an naomh-soin,
ar son gCríosd i gcruaidhshlighthibh
's créd fuair ar son a shaothair:
gairid dhó fa dhuaidheire;
glóir shíorruidhe do shaothruigh.



Smuain arís go gcríochnuighthear
saothar 's doghraing na bhfírén
's gáirdeachas mór míothuigseach
na bpeacthach thuilleas fírég -



An chéddrong gan chonntabhairt
go bhfaghuid an ghlóir shuthain
is an dara adobhramair
a dtuarasdal ceart cubhaidh.


L. 79


Dá mbeath go mbiadh raileisge
dod chlaoi nó sgís ar uairibh,
cuir, a mheic, ar th'aighidh-si
an sgríbhinn-si agus smuainidh.



An drong atá i ndaoirphianoibh -
créd do-bhérdais mar chomhuidh
ar an aimsir naoimhfhiadhuigh
do chaithis ar an modh-soin!



I n-aimsir bhar dtreabhlaide,
smuain nach fuil a mhac-samhla
ar phobal an neamhthoighe,
ar an droing atá i bParrthas.



'S i n-aimsir bhur n-aoibhnighthe,
smuain nach fuil a mhac-samhla
i dteaghdhuis na daoirsine,
ar an bhfoirinn do damnadh.



Ré ndul duit i suainlighe,
sgrúd go grinn - iarruidh grása -
do labhra, do smuaintighthe
's gach a ndearnais an lá-sa -



Is cionnas do chaitheabhair
an aimsir dtoirthigh dtarbhuigh,
do dhénamh an daighthreabhuigh
do toiligheadh don anmuin.


L. 80


Más maith, mol ó dhaighcridhe
Íosa Críosd, bhur gceann caingne;
más olc, déna aithrighe
's ná cuir t'fhaoiside ar cairde.



Ní i n-aghuidh bhur naoimhirse
má tharla dhaoibh do dhéiniomh,
ré ndul dá bhar bhfaoisidin,
ná tomhuil acht lé héigion.



Dealbh tar éis gach inchreachuidh
dá chathair ar do chomhair:
aroile go n-imreasnoibh,
aroile go síoth socair;
's gumadh í bhar n-imdheadhail
dul ceachtair don dá chonair.



Do-chum uilc dod neamhthol-sa,
féch, créd fhédas do chlaonadh -
nó dod chor tar dheaghobair?
ní shaoilim ní san saoghal.



Dá gcoimhéadtha a ndubhramair,
is dearbh leam, a fhir ghrádha,
go mbia tú gan chuntabhairt
gun Sbiorad Naomh it áras.



Coimhéid, a óig eagnuidhe,
ar an n-adhbhar-sa, a n-abruim
is légh gacha seachtmhuine,
Dia Máirt agus Dia Sathuirn.


L. 81


Arna mheas gur choimhédais
comhairle an abadh eoluigh,
moluidh Críosd, bhar gcoimhéaduigh,
's A thrócaire rod treoruigh.



Ag so an tslighe is rodhaingne:
madh áil dul as gach baoghal,
glac, a chompáin, comhairle
ó Bhearnard, an t-ab naomhtha.



DEACHMHADH DÉ.
Giolla Brighde Ó hEodhasa cct ?



Anois díolaim deachmhaidh Dhé;
deacair leam a los uirré;
a rachuimhne gidh dleacht damh,
ceart ar n-athair-ne d'fhaomhadh.



Dlighim deachmhaidh mo shláinte
do Dhia a druim fhorbhfáilte;
ní a los neamhthoile, as díor damh
díol na deachmhoidhe a-dearar.


L. 82


Go ndíolam - dia do thuigsi! -
gan doilgheas an deachmhoidh-si;
nías sia nar thréigear a thol;
éigean re Dia ná dearnor.



Nar thuigear-sa mar threabhloid
m'anacair nó m'éigeanbhroid;
a Dhé, mar bhudh sláinte sin,
co mbé m'fháilte rem éigin.



d'á haithbhe nar fhagha sinn,
a-rís ná raibh im oirchill
acht díol, an uair as fhoigsi,
do bhuain díom sa deachmhoidh-si.



Más é mh'olc nar fhagha sionn
saoghal is sia ná a bhfuairsiom;
nar théarná leam, tar mo leas,
gidh énlá i gceann ar chaitheas.



Go bhfaghbhar mar fuaras air -
m'uilc ar amas an tsaoghail;
a ríoruire = oirbhire ? ná raibh leam -
míodhuille air do-fhuairseam.



Go gcongbha uaim san am-sa
domblas ae a holc gcodarsna,
an chruinne mar chongbhas uaim
somblas a duille dhiombuain.



Ná raibh leam, a Fhlaith nimhe,
an égcóir ná an oirbhire -
m'aos comhráithne san chruinne,
mo chombráithre críostuidhe.


L. 83


Slán agaibh! ní fhuicfe mé
ag sgarthain dúin is daoibhsi,
a shaoghail as shearbh dtoraidh,
a bhearn bhaoghail bhásamhail!



Do dhuille féin fógraim daoibh,
a bhrégaire an bhláith dhíomhaoin:
"tarr is commaoidh" - créd a shuim?
do chommaoin re n-ég oruinn.



Beag bheireas caomh nó cara
uait a n-am na scarthana;
red lucht comtha ar ndeadhail deid,
orchra id deaghaidh ní dhlighid.


L. 98


S. FROINSIAS: AITHGHIN CHRÍOST.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.



An é súd an Críost cédna
sa bhreith do mhaoidh móir Élla?
an é coimsigh na cruinne,
toimsigh, nó an cré a chosmhuile?



No, an do-chualabhair cheana?
tugadh na trí haisgeadha;
do sgé a fhearta i n-iomdhoidh daimh,
ionbhuidh a theachta ar talmhuin.



An é an tÍosagán umhal,
tar bhar gceann, do-chualabhar,
ar son a rothoile roinn,
i modh chrochaire i gcalainn?


L. 99


An é ar-ís aonMhac Muire,
táinig i gcorp cholluidhe?
mar do-chí athrachadh ann:
ar tí an t-athchrochadh d'fhulang.



Slánuightheoir shíol Ádhaimh uill
nach táinig cheana chuguinn?
créd as a mbiadh, uair eile,
i dtruaill chriadh ar céilidhe?



Tar gach contabhairt dar chanas,
ná a ndéiniom air dh'amharas,
ní chuala mé - gá dám dhó -
gan a rádh gur bh'é Íosa.



Ar an adhbhar nach uighthe
síghne fíre ar bhfuasgloighthe
acht a-mháin, tar gach n-aon, air -
ná ar fháidh, ná ar naomh dá naomhuibh.



Ná ar mhairtír ná ar óigh n-umhuil
ná ar abstol dá abstoluibh
ná ar Mhuire féin, gidh í ann -
gé nach mur bhéim dí a-dearam.



An taisbéanadh tugadh d'Eoin,
suibhisgél, oide an fhíreoil,
beanfaidh sé as amharas inn:
daghsholas é dom inntinn.



Ag éirghe ón oirthior a-le,
tarfás d'Eoin aingeal eile,
go bhfioghair Uain Dé na ndúl
uaidh mar do sgé an sgrioptúr.


L. 100


Ciall an tarfáis - tarla so
re dteacht Bonaven-túra -
an naomh go bhfuair as a fréimh,
fa cruaidh ar gach aon eiséin.



Is é an cédaingeal Críost cáidh;
Proinsias, íomháigh ar íomháigh,
an dara haingiol ionmhuin,
is daingion dá dhéisgiobluibh.



Gion gur b'é an tÍosa roimhe,
níor chruthaigh ar chosmhuile
as comhghoire do-chuaidh dhó,
i dtruaill tolmhuidhe ó theasdó.



Ar bheith umhal, ar bheith bocht,
ar bheith ar talmhuin troghnocht,
ar annsa na ndaoine dhó,
ar aoine, ar almsa, ar annró.



Ar chrochadh 'na cholla criaidh,
ar fhulang docra is dímhiaidh -
do chuibhrigh ó chridhe a chorp
re Coimdhe nimhe ar naomhthacht.



Gidh iad créuchta na gcroidhe
- ós dá chur a gcosmhuile -
na comhartha gur léir leis
le tolumhla a gcéill chuiris.



Fear a ualaigh do roinn Ris;
ar Mhac Dé is fhoigsi d'aithris;
bráthair nár chlaon ris an gcorp;
naomh do bhláthaigh an bhochtacht.


L. 101


Sdiúr arthraigh eagoilse Dé;
leighios teadhma, a fear fínné;
a maruidhe, a buanna barr;
guala a hanoire dh'fhulang.



Leighios loingbhrisde a loingsi;
fear feithmhe a mbearn mbaoghuil-si;
grís nár bharr an creidiomh cóir;
beigsheadh nár cham san chanóin.



Drithle i gcoguil an chreidimh;
bos re bél eithrigidh;
cúl re millsi is re meadhuir;
glún na hirrsi d'oileamhuin.



Na cúig créuchta ad-chualaidh sibh
ní léughthar, sul fhuair oidhidh
acht cuid do ló, ar Mhac Muire,
an tslat ón mó míorbhuile.



Créachta a maca-samhla sin,
dá bhliadhain sul fhuair oidhidh,
Proinsias, naomh, an bráthair bocht,
do ghnáthaigh - daor an daonacht.



Ionmhuin deochain a-déabhart
dobhí ar Críost ag cúirtéuracht
nár chall an uain budh-eachto
nó go bhfuair am éisdeachta.



Ionmhuin beirt chúirte do chleacht
a-tá dá éis i n-oighreacht
gun droing do lean a lorg soin,
ord do threabh fa choing crábhoidh.


L. 102


Beirt shearbhfhoghanta dhil Dé -
mo-chean don lucht san leibhré;
an chlí fa chosuibh do chuir
an tí ar thosuigh do thionsgain.



Beirt is tlachtmhuire taise;
beirt don mhaise míomhaise;
ní thig sí acht lé séideadh gráidh;
a bréideadh isí a hanáir.



Arna ngairm ó Dhia na ndúl,
mór mhac ríogh budh fearr fortún
do thréig sróilbhearta ar a son,
a n-óirleaptha, a méid meanman.



Don bheirt-sin na mbráthar mbocht,
lá an bháis ar dteacht ón dubhlocht
go bhfaghar coim 'na coim the,
go rabhar ag roinn réise.



Ar umhlacht ina n-uair sbéis,
ar na créuchta fuair Froinséis
- críoch ar canadh isé sin -
go bhfaghar síoth Dé dhúiligh.



Ar leanmhuin loirg Mheic Mhuire,
re Críost ar a chosmhuile,
faghadh fa dheoidh díolghadh dhamh,
ag díorghadh an eoil d'Eoghan.



Ón té a-tá, dobhí agus bhias,
gion gur fiu mé, faghadh Phroinsias
mo chorp do chaitheamh rem choir
's maitheamh ar n-olc dar n-anmoin.


L. 103


A chara abstoil mh'anma,
do chuir ar Críost comhardha,
dom char ar chonair na ngrás,
do chobhair tar, a Thomás!



Muire, máthair an leanaibh,
faghadh dhamh ón Dúileamhuin
go bhfearar déur 'na déir ghuil,
go mbeanar fréimh mo pheacuidh.



A thobar ó dtig gach grás,
a choimdhe do-chí ar rochás,
nam léig taobh re ham oile,
nam saor thall lé trócaire.


L. 107


MAINISTIR SHLÉIBHE FARANNÁIN.
Lochluinn Ó Dálaigh cct.



Uaigneach a-taoi, a theagh na mbráthar;
beag dod bhuidhnibh tairisi
do-chí tusa i ndáil do dhorchla;
ní náir orchra ar th'airi-si.



Do díbreadh uaid - uch, mo thruaighe! -
do theaghlach bocht bráithreamhail;
do-chím sibh gan fhear dot ionnramh,
a threabh bhionnghlan bhláithshleamhain.


L. 108


Ionmhoin drong do díbreadh asad,
a eaglas bhláith bhúidhiodhan,
buidhean tromdha chothrom chiallda,
modhchlann diadha an Dúiliomhan.



A mhainistir an mhúir shleasaigh
shloinntear ó Shliabh Farannáin,
caoinidh an fhlaith 's an saoi suilbhir
mar taoi it fhuilngidh anfhorráin.



Fuaruis cleachtadh chéile n-iodhan,
a adhbha an fhuinn ghlaintealchaigh,
bheith it aonar nír dhual deitsi;
truagh do bheith-si id bhaintreabhthaigh.



d'éis na gcéile do chleacht tusa,
a-taoi - truagh an mhaluirt-si -
gan chluinsin sgél gcean ná gcliathcha,
gan fhear iarrtha h'amhuirc-si.



Cuimhneach mé gur mheince leatsa
líon áigh ógbhadh gcaithreannach
ag líonadh as-teagh id thiomcholl,
a threabh fhionnchorr aifreannach.



d'éis dhíbeartha na n-ord oile
i n-iath Éireann eangfhoirfe,
dé an chreidimh dobhaoi gan bháthodh,
gach laoi id bhláthor bheannoighthe.



d'aithle a n-uaruis d'aoibhneas ghnáthach,
do ghlóir nar ghlóir dhiomoltach,
ar uaigneas th'áruis má féchthor
tárruis échtchor iongontach.


L. 109


Tusa it árus ealtan gcíocrach
ar gcaill h'aosa ionmhoine;
briseadh croidhe an tolg dá dtárrus
th'ord i n-árus fhiodhbhuidhe.



H'altóra gan earradh gcrábhaidh,
do chluig caoine cheolmhara
mar dhúil mbailbh gach laoi gan labhra -
mar taoi is damhna deordhubha.



Iomdha coireach ciontadh n-iomdha,
d'fheadhnaibh Fódla fionnshoillsi,
fuair as tadhall bhar sleas samhghlan
leas a n-anman, ionnoibhsi.



Iomdha cuideachta chlann bhflaitheadh,
lé bhfríoth fésda soineamhuil,
eidir shleasaibh do choim chláirthigh
ón droing cráibhthigh croidheamhail.



Iomdha boicht do biathtaoi it orsain
'gun ord shochruidh shéimhidhe;
dursan linne a lorg 's a láithreach
gan ord gcráibhtheach gcéillidhe.



Glan an bhuidhean dobhí id ghrinneall
- nír ghloine géis ealadhshroth -
cuire diadha, caoimhghrinn, ceolach,
saoirbhinn, eolach, ealadhnoch.



Gairid gach lá ag an lucht chédna;
nír chian adhaigh fhírleabhur;
ní feas ní 'na aincheas orro
d'ailcheas rollo ríghleabhar.


L. 110


Mairg lér díbreadh an ndroing bhfosaidh;
ní feas créd a gcionta-san;
mór a gcrábhadh, deas a ndaonnocht,
ní feas aonolc iontasan.



An t-airdrí, dan hainm an Tríonóid -
go dtí dá thoil ghrásomhail
tabhuirt an chuire mhóir mhallghloin
róinn, don adhbhaidh fhásfholuimh.



Clann Phroinsias na bhfuighleadh dtaidhiuir
till don teaghdhuis naoimhiodhuin,
a Mhuire mhór, fég bhar bhfearta
fán tréd searcdha saoidhiomhuil.



A Phroinsiais, a phlanda geanmnuidh,
guidh Dia, deaghMhac fionnMhuire,
fá fhurtacht ar do chloinn choirnigh;
roinn ret oighribh h'ionmhuine.



Ó tá treimhsi 'na treibh uaignigh
an áit ghrianach gealuaidneach,
tar neart gcumhacht na bhfear bhfraochdha
rob teagh naomhtha neamhuaigneach.


L. 121


CASAOID.
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.



Fuarus iongnadh, a fhir chumainn:
cádhus uatha ní fhuair mé -
na daoine dar dhual ar n-ionnramh;
is uar naoidhe an t-iongnadh é.



Meisi folamh - féch nach diongna -
's daoine daora ar nar dhual gean
sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
i n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh.



Mná anuaisle, buirb, is bathluigh
i mbeartaibh óir san aird thall
a-táid, trá, agus sinn gan édáil:
dar linn atá égáir ann.



Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
dár las um chorp crithir thnúidh,
a mhic Fíthil ó iadh Énna,
grian do dhíchil déna dhúin.


L. 122


A cheinnbhile chathrach Tuama,
tuig, cheana, nach cubhaidh rinn
gan bheith i ngoire d'fhuil uasail;
cuir ó chroidhe suasuin sinn.



Thiar do fhágbhus earr mo chonáigh;
mo chéidní ó do chaith mé,
má a-tá do thal leam, a Fhlaithrí,
budh geall damh ré haithní é.



Nír bheag lé h'athair mar iongnadh
gan m'ana ag fás - foirfe an coll -
is toice ag fás ag mac moghadh,
a shlat dar fhás toradh trom.



Cing Artúir, uaithne na talmhan,
trén ar an mbioth dobhí sé;
teacht 'na dhál do dhligh gach duine;
do thil clár na cruinne cé.



Biadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
gan iongnadh nua - nuaidhe in barr -
go hég iar ruachtain san ríghe,
gég uachtair na tíre thall.



Ní léigfind dó - díochra an bhriathar -
dá mbeinn ann an uair do mhair,
rí an chruine na gcosgar gcoimhthe,
luighe is trosgadh oidhche air.



San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
do inneosuinn a hucht m'ord
mé fá bhrón tre bheith i n-anchruth,
is ór ar breith bathluch mborb.


L. 123


Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfiodh
clanna ladrann lán do mhoirn,
is méd mh'anshóidh fa fhuil nGaoidheal:
ní fhuil anóir aoidheadh oirn.



I gcúirt Labháin na learg gcorcra
ar comhroinn thoir a-tá mé;
mar tám is ionnsa lem aithghin;
nár liomsa dom aithribh é.



Atá seanbháidh ag slait Tuama
risin dtreibh ó dtáinig sinn;
má tá sin i mbun na báidhe,
do dhligh cur a láimhe linn.



San aimsir dob ollamh fileadh
Flaithrí mac Fíthil fuair aoibh,
dobhiath connailbhe 'na chroidhe,
sgiath comairghe Mhoighe Maoin.



Réulta eolais érlamh nUisnigh,
airdeasbag Connocht, cruth fial,
saoi do mhol gach file fíre,
cridhe sgol na tíre thiar.



Éigne Bhúille, bradán Chonga,
craobh do lubhghort leasa Té,
ésga órtha ar nár fhás dubhadh,
sás mórtha na n-umhal é.



Sruith diadha nach dearna formad,
flaith corónta chosnus tnúdh,
buinne milis a taobh tolcha,
iris naomh nach ronnfa a rún.


L. 124


Ua Cuinn Chédchathaigh Cnuic Mhaisdion.
mac Onóra, eineach buan,
tamhan úr ón Bhanbha bhraointe,
rún m'anma, faoilti nach fuar.



Mac Aonghusa, aigneadh faoilidh,
fáilte ghnáth do-gheibhinn uadh:
dobhíodh a thoil ar tí a dáilte;
nírbh í soin an fháilte fhuar.



Conn mac Í Ruairc na reann ndoinnte,
damhna Connocht, cneas mar uan,
a dhá chaomhthach re feadh bhfaghla
caolshruth sean is adhbha fhuar.



Téighim tar teagusg na n-easbal
tre aithighidh na n-olc mbuan;
eagal mo char as a chumonn -
ná rabh Peadar umam fuar.



ÉAGNACH.
?Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.



Th'aire, a chumthaigh, réd chomhrádh!
meinic adhnas iomarbhágh,
a ghruadh gairthe ó ghéagmhoigh Breagh,
d'aithle an éagnoigh ós ísiol.


L. 125


Ar omhan fhiallaigh na mbréag,
ní hinnill caint gan choimhéd;
iongaibh throim - ní doiligh dhuibh;
poill ar na toighibh teagmhuidh.



Adeir a lán gur luaidh sibh
- níor shaoil misi, a mhic Fíthil,
t'fhíoch riomsa; gá duilghe dál -
fuighle dob ionnsa d'iomrádh.



Do-chuala trá nach tug sibh
ameasg thuatadh uair éigin
- bheas as deaghfhachain dar ndoirr -
meas re healathain oroinn.



Táirnig do chéill - gá dám dhi -
má tharla, a athuir na héigsi,
dál mar sin nár dhlighis duid
nó ro ibhis digh ndearmuid.



Acht uathadh dar n-oidibh féin,
d'éigsibh Bhanbha an bhruaigh shoiléir,
fa chlár nua caomhmuighe Cuinn,
ní rua d'aonduine ar n-orruim.



Tarla ó oidibh Innsi hAirt
cruaidh im cheird fuair a faghairt
ó nach maol biorchruaidh im beol,
ná friothbhuail aon dom aithcheodh.



Do shnaoi sinn - gá saoire sriobh -
linnte foruis na bhfiliodh
ór gcéidfhios gur b'omhain ionn
le sgolaibh éigios Éirionn.


L. 126


Lucht éanbhoithe sinn re seal;
ná tréig choidhche, a chruth áilghean,
t'fhear grádha mar nach dú dhaoibh:
cára ná tú dom thathaoir.



Slán don droing nach diongnadh sin,
roighne na suadh, dar séisibh:
blagh dá gcéadrath re seal soin
fear dá n-égnach nach aghthair.


L. 127


B 1717ls 18T
U Lúcás Ó Dubhthaigh



Ag so an dán dorinne an brathar beannuighthe mhac dlisdeanach
S. Pronnsias buabhall beannuigh binnglorach do togh Dhia do
theagasg $et do seanmoir a shoisgeol agus do dheanamh cogaidh re
luchd leanta Lucifer na bpeacuigh aig a bfuil coroin gloire ar son
a seirbhisi .i. Eogan Ó Dubhthuigh agas da radhad an sna $satyrs
bheaga so leanfas go bfuil an ccliarsa molfas leigion lobhtha
Luteir $et cham-cciall Chailbhin mealta agas go deimhin is faoir
do é oír do nid a-nuile ní contrardha do bheatha agus do theagasg
Phadruic .



Ag so an dán dorinne an bratheair bocht .i. Eoghan O Dubhthuigh da
nguirthair buabhuill bhinnghlorach na heagluise etc. id est.



Ag so síos dán dorínn Éoghan Ó Dubhthaicch bráthar bocht
dórd San Proinnsias don Mhaolmhuire chéadna agus do dhaoinibh
eile do thuit an eiriceacht lé na nanmhiann féin agus lé mearghrádh
an tsaoghail.



Eóghan Úa Dubhthaicc bráthair bocht eile don órd réamhráidhte do
rinn na rainn eile si don Mhaolmhuire chéadna agus do
Mhathghamhuin Ó Shéidhin .i. seanntsagart suirghéadhach diónntuig
chum bheith na mhinistir agus adubhairt a searimóin dáirighthe dá
ndeárnnaidh a cCorcaigh nách raibh a Muire Óigh acht bean mar a
mháthair féin aig si an duain.


L. 153


SCOTUS Ó DHÚN.



Cia an doctúir is mór iul
lé ndíontur clú Máthar Dhé?
aingiol glórmhar, deamhan súd,
nó is é Scotus ó Dhún é.


L. 154


ÍOSAGÁN.
Aodh Mac Aingil cct.



Dia do bheatha, a Naoidhe naoimh,
san mainséar do chlaon do chorp
gidh meadhrach is saidhbheir Tú
's glórmhar id dhún féin anocht.



A Naoidhe bhig atá mór,
a Leanbháin óig atá sean,
san mainséar ní chuire a lán
gé nach bhfagha áit ar neamh.



Ar neamh Dhíbh gan mháthair riamh:
gan athair 'nar n-iath anocht;
it fhírDhia riamh atá tú:
is id dhuine ar dtús anos.


L. 155


Ní sine th'Athair ná Sibh:
óige an mháthair, a Mhic Dé;
sine is óige an Mac nó í:
óige is sine í ná É.



Do dhiadhacht atá so i nglóir:
's T'anum fós san tír-si abhos;
a sheinMhic 's a óigMhic Dé,
ní tuigthear linn féin do ghoil.



Móir-eagna an Athar nach Thú?
cionas meastar gan iúl linn?
'sa briathra nach labhra, a Rí?
mór míorbhal do-ní mar sin.



I gcrios ceangail acht cé taoi,
gluaise mar ghaoi ós gach spéir;
déantóir na n-uile is na ndúl
iongna déanta go húr É!



Athair Tú dod mháthair féin;
maighdeanas nír thréig an bhean,
tuaim gan sholas - iongna mór -
is grian innti gan dul as.


L. 156


'Na spiorad cé dobhí riamh,
corpordha ad-chím mo Dhia anocht
as gur labhairt damh is am
Briathar Dé mar bhalbh 'na thocht.



Coisg a réasúin, stad a chiall,
glac an creidiomh, srian do bheol;
ní thuigfe, is nír thuig-se riamh
dála an leinibh-si acht Dia beo.



Druid do shúile, a nádúr dhall;
t'eolas annso is cam an ród;
creidim gach ní adubhairt mé;
m'ughdar an Té nar chan gó.



Dia do bheatha, a Íosa, arís!
dia do bheatha, i gclí ón óigh!
a ghnúis is áille nó an ghrian,
na mílte fáilte do Dhia óg!



Uch! dá lamhuinn dul isteach
- atú amuigh led chead, a Rí -
le fáilte, do-bhéarainn fós
míle agus míle póg Díbh.


L. 157


Póg dod bhél, a Bhráthair gaoil;
póg, a Phápa naomh dod chois;
póg dod láimh ós Tú mo Rí:
is duit uile, a Dhia, mo thoil.



Tabhair, a Rí, gidh nach ceart,
áit id thuamuidh don treas brúit,
ameasg na ngaedhar ón tsliabh,
rér chosmhuile riamh ar ndúl.



ameasg na n-aoghaire id dhún
áit trem pheacadh ní dú dhamh;
acht uaidhne ná diult-sa Uait
ós Tú m'aoghaire - an t-uan clamh.



A Mhuire, a mháthair, a ógh,
osgail dorus an chró dhamh
go n-adhrainn AirdRí na ndúl;
nach córa dhúin ná do dhamh?



Do-ghéan seirbhís do Dhia abhos,
faire go moch is go mall;
gadhair na mbuachaill ón tsliabh
buailfead ón Triath atá fann.


L. 158


An t-asal fós is an damh
ní leigfead i ngar dom Rígh;
do-ghéan féin a n-áit sin Dó:
asal mé is bó Mhic Dé Bhí.



Do-bhéar uisge liom go moch;
sguabfad urlár bocht Mhic Dé;
do-ghéan teine im anum fhuar
's tréigfead tre dhúthracht mo chorp claon.



Nighfead A bhoichtbhréide Dhó
is dá dtuga, a ógh, cead damh,
mo cheirt féin do bhainfinn díom
dá cur mar dhíon ar do Mhac.



Biad mar chócaire gan bhiadh
's im dhoirseóir do Dhia na ndúl;
's ó tá orrtha go mór m'fhéidhm,
iarfad fa mo dhéirc do thriúr.



Ní iarfad airgead ná ór
acht uair san ló póg dom Rígh
- do-bhéar mo chroidhe féin uaim -
's glacfad é mar luach an Trír.


L. 159


A Phádruic ón Leanbh-so fuair
bachall Íosa mar bhuaidh grás,
a ghein gan domblas id chlí,
's a Bhrighid - bí linn do ghnáth.



A phátrúin Oiléan na Naomh,
faghaidh grása ó Dhia dhúin:
mar chruimh i n-uamhuidh Dé anocht
glacthar bráithrín bocht ó Dhún.



Go nguidhiodh sin urtha fós
- ó tá gan stór ngrás 'nar dtír -
fóireadh 's filleadh ar na boicht
ó Thoigh Theamhrach atá ar díth.



Míle fáilte anocht i gclí
le mo chroidhe dom Rígh fial
in dá nádúir ó do-chuaidh,
póg is fáilte uaim do Dhia!


L. 160


BLOGH DO SHEANCHUS NA MIONÚR.
Aodh Mac Aingil cct 1625.



File:
A chroinn, ar ar thoirling Dia
's dá dtug riaghail do Fhróinsias,
ataoi foirfe gé taoi úr,
aithris seanchus na Mionúr.



Dearbh leam gurab mór bhur n-iúl
ó thánuig ort Rí na ndúl;
ar Mhuire! tug eolas damh,
a chathaoir eagna an Athar.



Crann:
Trí bliadhna fichead 's dá chéd
ar mhíle - ní chanabh bréig -
ó thánuig i gcoluinn Dia
nó go dtánuig sonn Froinsias.



Iar dtrosgadh dhá fhichead lá
mar Mhaoisi oile ar sliabh Síná,
fuair ó naoimhChríosd, ceard na ndúl,
léx is riaghail na Mionúr.



File:
Abair rinn, a chroinn chroidhe
- bídh ar Chríosd ní is cainntighe -
cionnas tarla 's créd an modh -
toirbhirt naoimhriaghla ar n-athor.


L. 161


Crann:
San gcuas-soin, 'na bhfuile thíos,
dobhíodh ar Dhia ag gul do shíor
's na throsgadh ar Mhac Muire
go rug buaidh na trócaire.



I gcionn dá fhichead lá lán,
tré dhéraibh dtroisge an bhochtáin,
tig Críosd riaras gach guidhe
ormsa i bhfioghair cholnuidhe.



Deachdais dó riaghail na mbocht
go ghlac Froinsias tre umhlocht;
ní bhfuil innti acht briathra a bheoil,
riaghuil do smior an tsoisgéoil.



Riaghail nach fríoth ó dhuine
fuair Froinsias tré mhíorbhuilibh,
ó naoimhChríosd claoitear le caoi,
naoimhléx, misi dar chathaoir.



Mar tarla do Mhaoisi fós,
ad-chlos sunna toirrneach mhór:
Elias is a dhrong dá éis
i n-aghaidh riaghla Fróinséis.



"Duit féin," ráidhis ris an naomh,
"'s ní dúinne do riaghuil chaol;
beir do roghain: sgaradh rinn
nó tug dúinn riaghuil fhairsing."


L. 162


Éighis Froinsias suas ar Dhia:
"nach dubhart, a Mheic Mairía,
fa'n gcaoilléx, nach gcreidfeadh dhamh
ainmian fairsing na mbráthar."



Ad-chlos annso naomhghuth mór
ó neamh ag rádh san aieór:
"a Phroinséis bhig, nochan fhuil
éinní uaitsi san riaghail.



"A bhfuil innte, is uaimsi atá,
gá bhfuil fios cruais gacha cás;
gach a bhféad, is aithnidh dhamh,
an nádúir chlaon do dhénamh.



"Uaithe féin 's le congnamh ngrás
do-bhér-sa dhise in gach cás;
ní fhoghnann achd riaghail chaol
chum uilc, ó támuid rochlaon.



"Dá bhrígh so, adeirim fa thrí:
coimhédtar gan saoibhchéill í
do réir an téax ó chridhe,
gan cheilg, i gcéill shimplidhe."



"An gcualabhair naomhghuth Dé,"
ar Proinsias, "dhúinn mar fhíné;
feasda ná bídh ag cor rinn,
ná hiarruidh riaghail fhairsing.



"An riaghail naomhtha tug Dia dúinn,
crann na beathadh isí súd,
dóthchas slánuighthe tig dhi,
is sí airnéis na glóire."


L. 163


"Naoimhsmior an tSoisgéil is í,
slighe chroiche Meic Dé Bhí,
eochair pharrthais, caoilléx Chríosd,
fíorchairt oighreachta an airdRíogh."



Iar gcluinsin an chomhráidh chóir
's ar bhfaicsin an mhíorbhuil mhóir,
glacuidh Elias agus cách
an riaghail, leó gér chruadhchás.



Gluaistear leis an naomh don Róimh;
guidhidh an Pápa ba cóir
séala agas daingion do chur
ar an léx fuair ó Íosa.



Dá bhráthair dhég is é féin,
lorguire dílios Mheic Dé -
ba hí a bhuidhion ag dul dó,
d'fhios an Phápa, don tseanRóimh.



Diúltar gach ar iarr an naomh;
dar leosan - ba breath neamhchlaon -
fan riaghuil 'nar chuir a dhúil -
do bheith antrom don nádúir.



Gluaisidh Íosa cridhe Eóin,
cairdionál go millseachd mbeóil;
an t-aduocaidh fuair ó Dhia
do-ní aighneas do Phroinsias.



"Ní fhuil", ar seision, "go fíor
san riaghoil-si acht briathra Chríosd
's an léighionn do mhúin a bhél,
mar tá sgríobhtha san tsoisgél.


L. 164


"Gan each, gan airgiod, gan ór,
gan léinidh, gan mhaoin, gan bhróig
go raibhi Críosd - follas soin;
's go rabhsad fós na habsdoil.



"Is ar lean iadsan ar tús
san slighe chaoil tugsad dúinn;
cúl don tsaoghal, crádh an chuirp -
bá hiad príomhchuing a gcrábhuidh.



"Do tréigeadh an tslighe chaol,
ré fada, is lorg na seannaomh;
leis an saoghal 's leis an gcorp
rugadh buaidh ar an spiorad.



"Do-bheir naomhord gaisgidh Dia
anos dúinn, dán ceann Fróinsias:
sucar atá d'fheidhm i bhfad
óirn, do chlaoi na dtrí námhad.



"Éisdtear eision dá bhrígh soin
's cuirtear séala ar an riaghoil
nó abruidh ós aird gur bhrég
Críosd, a absdail 's a shoisgél."



Ag coinntinn mar so do chách,
tug an té fhuasglas gach cás
aisling naomhtha, anuas do neamh
don Phápa, an cruas lér sgaoileadh.



Ad-chí ag tuitiom, síos go lár,
Eaglais naoimhEóin Laithearán;
fíordhuine bocht - iongnadh sin -
'gá chongmháil ar a ghuailibh;


L. 165


Pailm idir a chosaibh d'fhás
ag cor a ghég suas ó lár
gus na sbéiribh - do thuig iad
iar dteachd chuige do Phroinsias.



"Ag so an bochd," ar an Pápa
"gabhal droma diongmhála
dár naoimheaglais, Dia na nGrás
tug ó thuitiom dá congmháil.



"Ag so an phailm dhíreach ghlan,
crann nach gcromann go talamh,
crann ó a bhfuighiom - deimhin linn -
toradh naomhthachda is léighinn.



"Mo bhreath, a bhoichd, dá bhrígh so:
an riaghail tug duit Íoso,
bíodh daingean; glacuidh cridhe,
seanmóir dúinn an aithridhe."



Ó sin suas, nochar sguir riamh
céidcheann na n-ord mbocht, Froinsias,
gan a láimh agas a bhél
ag síorsheanmóir an tsoisgéil.



Congmhais féin 's ar lean a lorg
an eaglas suas léna n-ord,
is gach aird - is follas soin -
thoir, thiar, seachnóin an domhain.



Pailm thoirtheach ag cor a gég
as gach áit go neamh na néll;
lugha ina síol - mór re a rádh -
na huird oile go hiomlán.


L. 166


Dá phriviléid tug dhó Dia:
mórghrádh ar a ord go mbiadh;
's gach leathtrom do-ghéntaoi air,
lámh Dhé go luath dá dhíoghail.



Onóir oile fuair an fear,
nach tugadh fós riamh d'éinneach
achd dósan, créuchda Dé dhil
do láimh Chríosd, 'na chúig croidhibh.



Mo-chean don chorpán 'na bhfuil
armas fuasgluidh shíl Ádhaimh
- naomhlámh Chríosd féin agá chor -
céir croidhe Críosd dar sheoladh.



Labhairt ar so damh ní dú;
gluais, a bhráithrín bhoichd ó Dhún,
go hAlvérn, 'na bhfuair ó Dhia
na séla naomhtha, Proinsias.



Abradh gach aon a chuid féin;
ní leamsa achd tosach Proinséis;
mór dá mhíorbhuilibh 's dá chéim
do-géubha ar airdshliabh Alvérn.



Madh áil fuilleadh, gluais arís
as sin go cathraigh Asís,
a-bhaile a bhfuil - diongna an cor -
an naomh mur bheo 'na sheasamh.



I bhfioghair chroisi a chorp úr
'sa aghaidh ar Dhia na ndúl,
a naoimhchneadha dearg a-niodh,
fuil riú, dar leat, ag siliodh.



'S iomad naomhchorp ar gach dtaobh;
iomlán cheithre gcéd achd aon
do bhliadhnoibh dhósan gan chur,
'na lár, uaidh féin 'na sheasamh.


L. 167


Do ghéabhae i n-áitibh oile
go fairsing a mhíorbhuile;
ní thabhraim-si achd airdiúl daoibh
ar mhórdháil ndiadha an ardnaoimh.



File:
Mo-chean duit, a sheanchroinn úir;
mór an t-eolas tugais dúinn;
tre mhéd th'fheasa, creidthe dhamh
gur thurn ort eagna an Athar.



Guidhim Dia do thoirling ort
's do dheachd dhíot riaghail na mbochd
go gcoimhlear go hég a choing;
do bheannachd liom a naomhchroinn!



GEALLAMHAIN S. FROINSIAS.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird nó Aodh Mac Aingil cct.



Briathra S. Froinnsias rena bhráithribh annso.



Mór dho gheallsam uain:
mó - smuain - gealltar dhúin;
dénam iad súd fíor
's riu san bíodh ar súil.


L. 168


An antoil as gearr;
suthain searbh an phian;
annso 's beag ar nduadh;
ar nglóir buan ag Dia.



Gairm na n-uile shluagh,
iar dtogha, truagh! tearc;
id chionn bíodh, do shíor,
's do réir ghníomh an bhreath.



An saoghal na gcealg,
iomdha feall do-ní;
a chlann, tréigidh é
's leanuidh luirg nDé bhí.



Leanmhuin athar bhoichd,
saidhbhir soin mar lón;
tugaidh fuath don bhioth
's do Dhia an cion is mó.



Meisi Proinnsias beag;
mé ní leam, gan ghó,
's ní mac dhamh an té
'na mheas féin bhús mór.


L. 169


NA hOCHT mBEANNUIGHEACHTA.
Eoghan Ruadh Mhac an Bhaird
nó Aodh Mhac Aingil cct.



Beannuighthe na boicht;
beid-sion i dtoigh Dhé;
's beannaighthe an drong mhín:
tír neimhe a dtír féin.



Beannuighthe lucht an bhróin:
sólás dóibh is dú;
beannuighthe lucht sídh:
clann Dé Bhí iad súd.



Beannaighthe an t-ocrach ceart
óir sástar i dtoigh Dhé;
's fear na trócaire fós -
do-gheibh a nós féin.



Beannuighthe lucht duaidh
fhuilngeas cruas fan gcóir;
ní beag an luach é:
teach nDé dlighthear dhóibh.



Beannaighthe fós iad soin -
lucht an chroidhe ghloin réidh;
budh haoibhind dáibh súd
's do-chídhfid gnúis nDé.



Ocht slighthe ag so dhaoibh
leanuid naoimh go beacht
do réir léighinn Chríost -
do shúil díobh ná bean.


L. 170


SEACHT nOIBRE NA TRÓCAIRE.
Eoghan Ruadh Mhac an Bhaird
nó Aodh Mhac Aingil cct.



Cuairt gun té nach slán
's d'ocrach, 'na thráth, biadh
tug - 's d'fhior tarta, dhigh;
budh buidheach dhíobh sin Dia.



Fuasgail duine ó chruas,
an nocht ón fhuacht díon,
glac deóruidh it áit,
mairbh cuir, madh áil Críosd.



Tugaidh d'fhior ainbhis fios
- peacthach fa n-a chion sbreag -
is comhuirle 'na tráth
don té atá leamh.



Do mhasla, do chách
maith go bráth ar Críost;
is cealgadh lochta an bhróin
dlighthear, ó chóir, dhíot.



Fuloing th'inghreim fós
's budh sealbh dhuit go glóir é;
's dod naimhdibh, do ghnáth,
bí ag guidhe ghrás nDé.


L. 171


Ceithre hoibreacha dég -
do-gheibh, 's is sgéal fíor,
an té do-ní iad
trócaire fhial ó Chríosd.



An té do-ní iad
do-gheabhuidh ó Dhia thuas
glóir bhús aoibhinn d'fhior
ar an mbioth dhó ar cuairt.



CEANN AODHA Í NÉILL.
Aodh Mac Aingil cct.



Ceann Aodh Ruaidh, mhic Uí Néill, arna thógbháil as
adhlucadh isan Róimh cct nó Aodh Mac Aingil ina ainm.



A fhir fhéuchus uaid an cnáimh,
ná fiafraigh do chách cia hé;
ná bí i n-ainbhfeas acht druid leam:
is misi ceann Aodh Í Néill.


L. 172


Do-bhér dhuit geirr-léigheann glan:
an saoghal ná car go bráth;
dá lucht chogaidh, ní ghén díth
's is cealgach bhíos dá aois ghráidh.



Iomdha gealladh nach bí fíor;
iomdha líon ré ngabhann inn;
fírinneach, dar leat, atá
's is bréag do ghnáth do-ní rinn.



Gealluidh saidhbhrios gé atá bocht;
gealluidh éudach: nocht atá;
gealluidh aoibhneas: tuirseach é;
gealluidh séan: neamhshona atá.



Gealluidh daingneach: brisdeach é;
gealluidh ré gidh gearr a sheal;
gealluidh mórán: beag a mhaoin;
se re a thaobh gé tharla dhamh.



Gealluidh ní amárach uaidh -
go lá an Luain ní fuighthior súd;
bréagach uile a ngeallann daoibh;
a chuid an daoil, tréig a rún.


L. 173


Sgáile an bheagáin do-bheir uaidh;
roi-ghearr an chuairt do-ní sé:
néull beag siubhlach nach mór luach -
comhluath chugaibh is uaibh é.



Ní sgéul bréige a ndubhart ribh;
ná gabh chuguibh mar sin é;
oram féin dorinne an chealg;
creididh dhamh, is dearbh mo sgéal.



Dearbh-ua Í Dhomhnaill budh mé
's oighre Í Néill dá ghairm dhíom;
dalta Uladh uatha amach
nír bheag an rath san tír thíos.



Do gheall dhamh dúthaigh mhór mhór
'sna trí hinnsibh nár mhó ag aon:
ar díbeirt i bhfad ór dtír
acht seacht dtroighthe ní fríoth d'Aodh.



d'fholuibh uaisle na dtrí n-iath,
uaim nír chian mo rogha mná:
fuaras - is ní gearr a seal -
fuair-leac rem chneas go dtí an bráth.


L. 174


Do gheall halla, caisléun, cúirt,
grianán áluinn go múr mbláith:
tug dhamh uamhuidh gcumhaing gcriadh
is biad innti go dtí an bráth.



Do gheall teaghlach, muinntear mhór,
óg-ghasruidh fá lór do shluagh;
im aonar fa chriaidh atáim
is biad amhluidh go lá an Luain.



Minic do ráidh "Biaidh id dhún
meadhair, fleadha, 's do rún daor":
i mbrugh chumhang bhodhar bhalbh,
atáim ag biadhadh darbh-daol.



Tug dhamh uaisle, deigh-dhealbh, rath,
tréidhe cuirp - fa maith mo chiall:
nír fhan le silleadh na súl
aguinn a dtug dhúinn ariamh.



Do gheall fad-aois dhamh re n-éug:
giolla na mbréag - mairg dár gheall!
ní mór go ráinic linn fás
an uair tig an bás 'nar gceann.



Uch! is mairg do mheall a mhian!
's is mairg riamh dhá dtug a ghrádh!
mairg do chreid a chogar claon!
ro-mhairg d'Aodh nár thréig a pháirt!


L. 175


Truagh nár thréigeas é dom dheóin!
truagh nach beo do thréigeas é!
anois tuigim mall é súd -
an uair cuirthear san úir mé.



Siocra na n-olc do mhill sinn -
nír léigsiod i gcill ar spéis:
bá binne glór ngadhar ngarbh
ná ceol psalm ag moladh Dé.



Loisi an tsaoghail, caidreamh claon -
do mheallsad fa-raor ar gclí;
bláth ar n-óige rugsad uainn;
och! anois is truagh mo chríoch!



Truagh nar cuireadh sinn ó thús
ar sgoil chrábhuidh ar iul Chríosd:
tús ar n-aoisi fuair an corp;
as sin táinic olc ar ngníomh.



A fhir fhéuchas ar an gcnáimh,
gabh mo theagasg madh áil neamh:
tús don spiorad, d'eolas Chríosd;
deireadh don chlí - gearr a seal.


L. 176


Gabh mo theagasg i n-am uaim -
ní feas cá huair tig an t-éug:
san aimsir nach smuaintior sin,
'na fhoghlaidh chugainn tig sé.



Cuimhnigh an bhreath rugadh orm -
leanfoidh sibhsi ar lorg 's ar ré:
ní fhuil do dhiffir annsúd
acht sibhsi aniu is sinne ané.



Seachna na bpeacadh madh áil,
do mheabhair do ghnáth is cóir
ceithre críocha do chum Dia,
ceirt-bhreith, éug, pian, agus glóir.



Dá ndiulta teagasg na mbeo
- gnás na bpeacadh dhóibh gidh náir -
diultadh do ghlór mhairbh ní dú -
an toictheach Sa-úl do ráidh.



Ar mhaith mbréige an tsaoghail bhoicht,
tréigean Dé budh olc an chiall:
le tigh nimhe do-bheir cúl
's gabhuidh iul go tigh na bpian.


L. 177


Tug an saoghal dhamhsa a rún;
guidhim sibhsi - sgrúd mo chás,
gabh múnadh an leomhuin uaim,
a fhir fhéuchas uaid an cnáimh.



A fhir fhechas an cnaimh bhi go ttrasd ar thaitniodh na ccrioch
nochtaigh ar láir gan sgáth no fosgadh on tshín
cuimhnidh an phais fuair an tárdrigh dhar cceannach go daoir
is goirid an trath go mbeidh tú do smail faoi leacaibh go críon.



Féuch an ceann gan ann acht áit na súl
féach an drantol mantach béarnach úd
féuch an chlann go fann mar sgáile ar driúcht
is bia gach dream thig ann go bráth mar súd.


L. 178



NICHOLAUS CLAUDIUS
Carmen Hibernicum Lucae Wadingi



Nioclás Claudi - fíal an fear -
Fabri Péres dá ngarthar
ab-chomhairleach ríogha an aeis;
le gach sáoi, búan a chairdeas.



Iomdha i dtíribh eolus air:
mór a sheoid, mór a leabhair;
'cheandach greibhilleadh, do chuir
teachta go horthar ndomhain.



IOMARBHÁGH NA bhFILEADH.
Roibeard Mac Artúir cct.



Is follas, a mheic Dáire,
daoibh, gurab fáth mórnáire
bhar bhfreagra chlaon ar mo dhán,
bhar searbhghlór saobh, bhar seachrán.


L. 179


Damhsa, ar son bheith im bhráthoir,
ní fearr aire ar mo thráthuibh
'ná ar choimhmeas do chor ar gcúl;
ó síoluid fátha míorúin.



Dá léiginn fós ceachtar dhíobh
i gcás móirriachtanuis díom,
cáirde ar na tráthuibh is cóir;
sgrios ar choimhmeas i gcédóir.



An tan nach éidir go beacht
coimhéd dhá léx i n-aoinfheacht,
coimhéd an léx is mó dhíobh
dleaghthar do neach, gan imshníomh.



Sgrios coimhmis ó gach duine
léxa sin Ríogh na cruinne;
rádh tráth go mochthráthnóna
léx pápa na seanRómha.



An léxa-soin Ríogh na ndúl
do orduigh féin amháin dúnn
is mó go mór cheanglas inn
iná an léx oile adeirim.



Modh uait i spíd 's gan spíd ann
go bélchráibhtheach it chédrann
gealltar lat 's nír chuiris ris;
neimh h'inntinne gur sgeithis.




Tadhg:
Dá dtugtha h'aire dhamhsa,
guais bheith dod threabhadh tarsna;
an céacht ar ar chuiris lámh
súil romhat air nír bh'fhoráil.


L. 180


Roibeard:
Treabhadh tarsna dhamh ní guais
do dhán do fhreagra do ghluais,
ar chécht ó do chuirios lámh;
ním oireamh sligheadh seachrán.



Lorg bhar gcéchta dá leanuinn,
nír chúis tnúidh gé do threabhuinn;
ní guais bhós ag béin a bharr
na budh cogal mo dhioghluim.




Tadhg:
Dá measta nach dlighfinn sin
mo chóir féin do thagra ribh,
ogal neach re a ráitear olc;
aibrisg, fo-ríor, an daonnacht!




Roibeard:
Nír mheasais, nír mheasda dhamh
nar dhligh sibh cóir do chosnamh:
égóir do chosnamh gan chéill
cúis fá dtugadh ort toibhéim.



Gé go dtug drong oile daoibh
gné fhátha oirbhire ...,
ribhsi ní dubhradh linn locht
bú fáth égnaigh dod dhaonnacht.




Tadhg:
Im chosnamh féin tagraim ribh
- feirrde m'fhíor chatha-sa sin;
diongna an ní tarla ar h'aire
cosnamh Cuirc mar chríostuighe.


L. 181



Roibeard:
Gud dhaoradh féin thagras sibh
- meisde d'fhíor catha-sa sin;
diongna an ní tarla ar th'aire
cosnamh fhir nar chríostuighe.



Red shleigh féin do ghonus thú;
féch nach duitsi bhus míochlú:
ag teacht uait nach gonann neach
's gar filleadh ort go fuilteach.



Nír chreid Éibhear, nír chreid Corc,
nír chreid fós do Mhogh Nuadhat
i gCríost, náid na dronga eile,
ór shíol fáth do choinntinne.



Dá bhrígh sin, is dearbh, a Thaidhg,
nar fhéchuis umat gach aird,
's an cécht ar ar chuiris lámh
súil romhat air nír bh'fhoráil.



Dob éidir gur mealladh sinn;
go bhfríoth latsa id sheinsgríbhinn
Éibhior Fionn 's a shliocht re gCorc
i gcreidiomh Chríost na gcumhocht.



Nó tré sgrúdadh do sgreaphtra
go bhfuair tú - mór an tapadh -
sochor ó fhuil Éibhir Fhinn
lér dhlighis súd 's nach dlighfinn.


L. 182


Bíodh nar chreid, mar adeire,
Torna Éigios, an file,
sinn dá chosnamh ó bhur spíd
ní cúis mhasla dar n-aibíd.



Is minic is éigion damh
Arisdodoil do chosnamh;
do chosuin é 's ní go tim
doctúir do chreid mar chreidim.



Do chosuin é 's ní go saobh
San Tomás dobhí 'na naomh
is iliomad naomh oile
d'aithribh na fíreagloisi.



Sgola tuaithe agus cille,
san rann-sa dá bhfuil sinne,
cosnaid é 's ní meastor leo
go dtiocfadh dhíotsa a n-aithcheodh.



Leagha feasacha an tsaoghail
- ód spíd dhóibh ní cúis bhaoghail -
cosnuid is ní dhóibh a lén
iul Iopragaid is Ghailén.



Tolome-us, rí fa trén,
do thrácht ar chiorcluibh na spér,
cosnuidh tuaith is cosnuidh cliar,
nach gcuirionn cás it ainmhian.



Ro chosainsiod drong dhiadha,
ar nach tár do bhaoithbhriathra,
Euclides, i dtomhas rann
na gcorp n-árd is na bhféaronn.


L. 183


Filidh Laidianta an bheatha,
leis nach eagail h'ainbhreatha,
cosnuidh a rinndealbhadh dán
gurb é Uirgil a sgáthán.



Na príomhughdoir luaitear linn
's dronga oile nach áirmhim,
gan neach dhíobh i gcreidiomh chóir,
cosnuid fíréin gan égóir.



As ar chan sinn, dearbhuim ort
cúis iongnaidh nach foil agat,
Tórna dá gcosnuinn go cóir,
bíodh nar chreid san Slánuightheoir.



Lór dhamhsa dá dhearbhadh sin
gach ar thagras cheana ribh;
dearbhuim ort anois go beacht
go ndéine ar Thórna éigeart.



Éigeart duit a rádha ris
nar chreid i n-Íosa mhilis;
ní beag dhamh dá dhearbhadh sin
a bhriathra féin d'innisin.



San rann le n-iadhonn a dhán,
fa dtugais-si air-siomh tár,
admhuidh le creidiomh croidhe
do chách é 'na chríostoighe.


L. 184


Admhuidh go rachuid fa dheoidh
fir dhomhuin go Sliabh Sí-eóin
do thabhuirt ceirt do Chríost cháidh
's go rachuidh féin san mhórdháil.



Nír shén 's ní shéanfadh duine
acht fear seachráin nó buile
nachar chreid i Mac Dé Bhí
neach do chreid mar ad-chluintí.



Do chreid Tórna, 's ní go claon
acht do réir chreidimh na naomh
- creidiomh ro theagoisg go beacht -
do mhac Alphruinn na móirfheart.



Gér shine Tórna ná Niall
's ná Corc ó Chaisiol na gcliar,
iar mbás na deisi, dearbh leam
sé do bhreith ar an Táilgeann.



Amhuil rug Oisín mhac Finn
is drong mhór oile d'Éirinn,
ba sine iná Niall is Corc;
ní nach éidir leat d'ionnlach.



As so dearbhthor go bhfuile
ar ród seachráin nó buile,
ag tagra mar thagra ruinn
san chúis-si tarla eadruinn.



Éiligh dá bhrígh sin gan mhoill
an daoirbhreith ruguis oruinn;
's aduimh a bheith, mar dobhí,
Tórna i gcreidiomh Mhic Dáibhíth.


L. 185


Innis fós - nar ab loinn leat -
orum go ndérnuis éigeart:
mo dhaoradh i gcúis 's mé saor,
ina bhfuile féin lándaor.



Nír togadh ós cionn Tórna
tú le héigsibh na Fódla;
ní rugsad breithiomhnus lat
far dhlighis Torna d'ionnlach.



Ceangluid duit creidiomhuin dó
munab follas duit agó
's do sheanshaoithibh, madh áil leat
thú féin d'eadráin ar éigeart.



Féch gorb breitheamhnas tromdha
a rádh gur dhligh díot Torna
modh urrama, gér nar dhligh
ó shósor féin d'aois Éibhir.



Léigim dhíom - ní do dhearmad -
a dhearbhadh so le seanchas:
ós follas nach tugann ceart
ar thír, amháin sinnsireacht.



Gidheadh, ní léigim-si dhíom
ceist nó dhó d'fhiarfoighidh dhíot
d'fhéchuin an bhfaicfidhe lat
cúis t'fhurfhógra an bhfoil agat.



An ní do bhreith ar Dháil gCais
feadh an leathtruim bhreitheamhnuis:
go ndlighid síol gCarthoigh dhíobh
modh urroma gan airbhríogh.


L. 186


Nach do shliocht bhar nÉibhir Fhinn
an dá shliocht-sin adeirim
's nach ón tsósor díbh Dál gCais
le ngluaistear do chlaon sheanchais?



Eoghan Mór is Cormac Cas
ua an Éibhir ar ar labhruis;
ua na deisi adearor linn
an dá shliocht-sin ribh ráidhim.



Eoghan isé ba sine
don dís-sin adeir sinne;
uadh síol gCarthoigh, fine is mó -
seanchas fíre is ní nuaghó.



Ósí sin do bhreith-se féin
- nó atá t'fhorfhógra gan chéill -
nír sguiris dod chaomhDhál gCais
anfhlaithe díobh go ndearnais.



Gibé rachos ós a chionn -
dlighidh gach neach, cionn i gcionn,
munab anfhlaith an rí féin,
modh agus umhlacht dóiséin.



Re bhar dtagra-sa, a Thaidhg, ruinn,
diomdha ó gCais sibh féin do thuill:
ag dénamh, dar leam, gan chéill,
anfhlaithe ós aird díbh-séin.



Fáguibh an tír i bhfuile;
ná taobh, dá dtreibh, aonduine;
ní dáil duitsi saorDháil gCais:
daoirbhreath orra do nochtuis.


L. 187


Ad-chím gor deacrach do thriall:
ní fhaicthear dhamh, thoir ná thiar,
éinneach do shliocht Ghaoidhil Ghlais
tár éigin air nach tuguis.



Ná triall go sliocht Eoghain Mhóir;
dhuit ní dlighthior dhíobh onóir
ó do chuiris do Dhál gCais
ós a gcionn id chraoibh sheanchuis.



Ó dearor gur dhealbhuis chraoibh,
ríshliocht Gaoidhiol do gach taoibh,
's go n-abra, acht amháin Dáil gCais,
gur chaillsiod ceart an dúthchois.



Ní headh amháin le neart Gall
nó re léx nuaidhe eachtrann
acht do réir an chirt dobhí
'gan chloinn Míleadh, adeirthí.



Deichneabhar 's dá fhichid rí
do shliocht Eoghain Mhóir dobhí
i bhflaitheas chóigidh Mhumhan
- bíodh do shlán-sa a bhrégnughadh;



'S nach roibhe ar shliocht Cormaic Cais,
do réir fhírinne seanchois,
acht dá sheisior - beag a dtoirt -
i ríoghacht chóigidh seanLuirc.



d'fhior na craoibhe féch mar ghuais,
ós follas leathtrom anuais,
triall san turas adeir sinn;
fáth guaisi tár ar saorchloinn.


L. 188


Ná triall fós go clannuibh Cuinn,
cusbóir do tháir 's do leathtruim,
id chraoibh, it aighnios, id dhán
lán dod bhaois is dod sheachrán.



Caoga do ríoghuibh acht rí,
iar gcreidiomh amháin, dobhí
do shliocht Chuinn ar Inis Floinn -
ar rígh cóigidh ní labhruim.



Acht do Bhrian Bóruimhe abháin,
ní raibh iar gcreidiomh d'Íbh Táil,
iná fós d'fhuil Éibhir Fhinn,
'na rígh corónta ar Éirinn.



Iomdha neach dá rádh réd Bhrian
gur le meabhuil 's le hainmhian
's nach le fírcheart nó le cóir,
do bhean amach an choróin.



A los a ráidh ní mian linn
tagradh, bíodh go bhfédfadh sinn;
isé sunn ar dtagra ruibh
nach fuil libh acht ríghe ruathoir.



Iolraigh é más éidir leat
do réir na harat-meiteag
ó taoi mur adeire rinn
eolach san cheird adeirim,.



Nach cuimhneach libh gurab cian
ó dorinnis d'fhuil Uilliam
an rosg fileadh ina bhfoil
síneadh h'iuil san ealadhuin?


L. 189


Adeire i Laidin go séimh,
ag cor bhar n-iuil daoibh i gcéill,
dá gach cuid doní ronntor,
leathchuid ris go n-aborthor.



Bíodh goma ceaduightheach dhuit
Connacht do roinn i ndá chuid,
dhá ronna do Bhrian mar rígh,
ní fhoil ann acht dhá leithrígh.



Dá leanta dod roinn níis sia,
cian uait nuimhir ríogh ar dtriath;
muna sguire dod roinn ríogh,
gearr go rachuid ar neimhthní.



Gé gur chleachtsad caomhchlann Chuinn
dídean fileadh tar gach druing,
ó mhéad do tháir ar an gcloinn,
do thriall chuca ní mholuim.



Ná triall fós go clannuibh Ír;
deacair do chaomhna 'na dtír
gé gorab síorghnáth don tsliocht
caomhna fileadh ó ainiocht.



Cúig ríogh fichiod, is dearbh linn,
dobhí don tsliocht ar Éirinn,
gan rígh cóigeadh d'áireamh ann:
orra id chraoibh féch an leatrom.



Dá n-áirmhinn uile go beacht
ríghshliocht Gaoidhiol i n-aoinfheacht,
ní fhuighinn dream don nuimhir
tár orra nach dtugobhair.


L. 190


Ó'd-chí féin docra do cháis,
ó'd-chí fátha do dhóláis,
ní foráil dhuit féchain ghrinn
ar h'áit shóláis i nÉirinn.



Dá measta gur bh'anta dhuit
san tír-sin ua gCais nó Chuirc,
féch gor fhágbhuis iad a roinn
cian ó shoin gan fód fearoinn.



San dán "Rannam re chéile"
féch an sighne míchéille:
tugthor Fódla thoir is thiar
acht míle amháin d'fhuil Uilliam.



An file d'fhuil Éibhir Fhinn
thagras go beacht dá thaoibh rinn
isé go glic dorinne
roinn na tíre adeirmid-ne.



Leitir Mhaoláin, gidh nach mín,
a chuid ronna féin don tír;
Inis Fódla ó soin amach
fágbhuidh fa chlannuibh Búrcach.
Tadhg:
Gach ní bheanas red ghairm féin
ós ann dlighim bheith dod réir,
ní mó iná ionnta so amháin
chreidim dod chumhuidh chomhráidh.


L. 191


Roibeard:
Do choimhmeas do chor ar gcúl
isé dhamhsa fa príomhrún
mar is follas as mo dhán
má thuigthear é gan tseachrán.



Dlighthior sin d'fhior mo gharma -
méla nach dhuitsi a tharbha -
dlighthior do gach aon mar inn
cosg ar choimhmeas 's ar choinntinn.



Coimhmeas idir shleachtuibh ríogh,
frémh fhása uilc, is éisíodh;
ná car feasta an phéisd neimhe
do charuis 's car aithrighe.



Ins an gcás bheanas rem chéim
dlighidh tusa bheith dom réir,
gan féchain do ghaol nó bháidh,
creidiomh dom chomhuidh chomhráidh.




Tadhg:
Uirrim uaimsi d'aois Torna -
féch an breithiomhnus tromdha:
modh urrama 's nach áil libh
ó shósor féin d'aois Éibhir!


L. 192


Roibeard:
Do-chím gorab gnáth duitsi
gluasacht red mhearbhall tuigsi
's nach faicthear d'aoinneach oile
ádhbhar bhar dtruim oruinne.



Dá dtugtha aire go grinn
don rann fa bhfuil ar gcoinntinn,
is cosmhuil nach beanfa as
bheith trom orm fa bhreitheamhnas.



Na sinnsir dan cóir umhlocht
do chuirios síos do shunnradh;
cia adeire - ní dubhradh linn -
gur dhligh gach ógaois uirrim?



An tan arduighthear i gcéim
sósar le a shinnsioruibh féin,
dlighthear dhíobhsan do gan locht
modh, uirrim, agus umhlocht.



Dobhádar, do chloinn, dias mhac
ag Iosag, an patri-arc;
don mhac ba hóige don dís
do dhligh an cédmhac seirbhís.



Sliocht an tsósuir is é féin
do bheannuigh Dia mar dheighfhréimh,
fógrais don tsinnsior 's dá shíol
umhlacht dóibhsiomh gan fhairbhríogh.


L. 193


Ag an tsósor luaitear linn
dhá mhac dhég dobhí inghill;
sósor na cloinne-si acht fear
ós cionn na cloinne cuirthior.



Do threibh an dara mac dég
's don toigh dob ísle dá fhréimh,
toghthar an céidrígh do ghlac
ós cionn phobuil Dé - adérat.



Fear is móirsheisior dobhí
do mhacuibh ag Iosahí;
do hoirneadh sósor na bhfear
'na rígh ós cionn na sinnsior.



Do radsad dó mar do dhligh -
do rad a sliocht dá shliocht sin -
gan seandacht do chor i suim,
modh, umhlacht, agus urruim.



Iomdha sdair is sgriobhtúr linn
tar ar áirmheas, dá n-áirmhinn,
dhearbhas ó gach sean gor chóir
dá óguachtarán onóir.



Léigim thoram iad anois
is iomad oile seanchois,
ó nach beag dá dhearbhadh dhúinn,
a dtugsam as an sgriobhtúir.


L. 194


Le breith bhreithimh nachar chlaon
ó bháidh re taobh don dá thaobh,
ós cionn Éibhir Fhinn na slógh,
cuirthear go dearbh Éireamhón.



Créd re báidh fa ndiongnadh claon
's gur bh'ionann a pháirt riú araon?
dearbhráthair coimhdhil don dís
do sgaoil an bhreith gan mhailís.



Breath bhreithimh thoghtha na sluagh:
saoradh Éiriomhóin 's a ua
ar umhla, mar thagraim ribh,
do thabhuirt uadh d'aois Éibhir.



Acht ceanglaidh d'Éibhear na bhfleadhól
tabhuirt umhla d'Éiriomhón,
'na shinnsior féin gé dobhí
Éibhear Fionn mar adeirthí.



APOLOGIA.
Fear Feasa Ó Maolchonuire cct.



Beag táirthear don tagra mbaoith;
treabhadh eisde is ar díomhaoin;
gibé nach tuar a thalamh,
de nocha dtáir tromtharadh.


L. 195


Tromthuar na tagra ósé an ceart,
gibé threabhas an éigceart
a thoradh ní dual go dtáir:
dleaghar eision d'iongabháil.



Ósí an tagra is treabhadh dho
- tuar an chirt is trom toradh
baoth d'oireamh nach ann shíneas -
mairg threabhus a haindíleas!



Cúis ar bioth nach bean le ceart -
saoilim nach mór an t-éifeacht
treabhadh eisde go dána,
d'ainbhfeas nó d'fhonn éudála.



Olc linne go nuaidhe anos
mac Seancháin gur dó bheanos,
tar gach éinfhior in Iath Floinn,
foirm is éifeacht a n-abroim.



San tagra ros tagradh lais,
luighim fam luighibh dúthchais
uireagla ormsa nar chuir
Tuileagna, i bponc dá phoncuibh.



Atá a thagra anonn 's anall,
soir, siar ar siobhal seacham,
ag buaidhreadh mh'éisteachta istigh,
ó atú eolach 'na thuigsin.



Slán aoin dá mair san mBanbha
go bhfríoth riamh a mhacsamhla
do thagra ó aoinfhior oile
dár chin do chraoibh Chonuire.


L. 196


Ós ón gcraoibh-si do chin mé,
córa leam tagra Thuilgne
do chlaochlódh ó cheart mo rann
iná a hathais dúinn d'fhulang.



Neimhghlic mur do léig ós aird,
theas is tuaidh d'eagla an fhodhaird;
bíodh gur shaoil go seasfadh soin
an tagra thim ros tagair.



Ceithre poinc 'nar bhrégnuigh sé
an bráthair bocht maordha Míchél
's a thriur comthach thall 's abhus
bíodh ormsa a ndídean d'eolus.



Dearmad ionnta nach tarla,
brég ná earráid ealadhna
ná trom ar dhuine ar dumhan
bíodh ar m'iul a chruthughadh -
munab trom fírcheart seanchuis
do réir uird a bhreitheamhnuis.



An cúigeadh ponc do thagair
mo fhreagra air 'na aghaidh:
nach biu gá dhídean ag dol
ó nach tánag le a thráchtadh.



Udmhailleacht uaim anallan
nír thuig éinfhear adamar:
am ionann ané 's aniodh
's gach uair san gcúis lé gcuireabh.



An t-iul glan do leanadh linn,
ar lorg suadh bhfeasach bhfírghrinn,
mairg do thriall a chlódh idir,
in Áth Cliath san gcaibidil.


L. 197


An ghairm ar ais do trialladh
ar an bhfírfhios bhfoirmchiallghlan
mairg dár mhian a seasadh sin
's gan innte acht earráid uile;
a ráidhim is rádh dhearbhtha
do thaobh na bponc gceitheardha.



A bhfiadhuin air ó tharla,
connmhaid an t-aos ealadhna
do ghair tair ais, más fíor dho,
a lámha uaidh mur fhiadhno;
iad-san air mur is dú dhóibh,
nó no do-ghéanuid égcóir.



Leis ag teacht ó táid go dearbh
glainleabhair ughdar Éireann,
a rádh d'fhior ní rádh threabhar
díobh nach tig leis éinleabhar.



A chonnmháil ó chló Labhán
mairg nos iarr ar uachtarán;
's gan acht fírcheart san bhfios ngrinn
bhias ar bun choidhche i nÉirinn.



An nóta gáibhtheach nach glan
adhnár don tí lér tráchtadh;
a aithghin do ghlór mhire
's é 'na bhréig go huilidhe
ina thráchtadh leamh leanbdha
ar na poncuibh ceitheardha.



Más do dhíon masla seanchadh
do thrácht an nóta neamhghlan,
truagh nar dhídin ar mhasla
é budhéin san nóta-sa.


L. 198


Tuigthear as a thráchtadh féin
gur chuir san nóta gan chéill
a mbaoi do shaobh is do shal
i seanchas Mhíchéil bráthar:
olc an tráchtadh 's nach lér locht
san seanchas ceart ad-chonnarc.



A thagra ó nar thuar mur sin,
gan toradh biaidh dhá bhithin
mur threabhthach nach tuar aras:
téighim air i n-urradhas.



An tí do thagair - gá dtás -
i bprós, na puinc go bhfarbhás,
fíorghnáth na suadh seachnaidh soin,
gach uair 'na phrós 's 'na phuncoibh.



D'éigsibh Éirionn is úr fóid,
tearc aon nos adhain connsbóid
- an rádh-sa ní rádh ainmheach -
nach i ndán ros adhainfeadh;
's nach ann do freigértha dho
go tagra Thuilgne an tan-so.



Ó so amach do réir ar sean
ní fhreigér prós a phinn-sean;
ó nach freagra ar phrósuibh peann
is nós d'airdsheanchoibh Éireann.



Dúthcha dhamhsa go mór mór
freagra ar mhiotrum ná ar phrós;
gidheadh, do-bheir éigean orm
freagra don phrós, mur mhiotrom.


L. 199


Bíodh gur mór a dhochar so,
miotram tar phrós do chuma,
orm ní bhiaidh ag sgoil mur sgél
nós na seanchadh go seichén.



Sínfeam chrannaigh mur is dleacht
ós mé nach ollamh éigceart;
a thoradh go bhfagham as,
treabhabh an t-iath do thuaras.



An treabhadh trialltar dar dtaoibh
d'aoinneach má théid i dtathaoir,
a aithbhear ní horm is dleacht
ó nach mé thagrus éigceart.



Anois ar gach ponc dhíobh so
do thoil nDé do-bhér freagro
san modh gceart - gá dtú-sa dhe -
gan laobh, leathtrom, ná leithbhe.



Freagra an chédphuinc cédtús



Lugh Sriabh nDearg mhac Breis - ní chél -
céadphonc dhíobh thráchtas Míchél
nochtas gur bh'é Breas Banbha
dhó ba hathair corpardha.



'S nár bh'é Nár ná Lothar lonn,
clann Eachach nar ob comhlonn;
ó cheart muna seasaim sin,
admhaim nach tuigsi ar dtuigsin.


L. 200


I n-éunló i ngnáis a mháthar
luighid an triur dearbhráthar;
uatha 'na dtriur, acht gidheadh,
Lughaidh cosmhuil nár coimpreadh.



Breas suairc sinnsear na cloinne,
san bhfios atá agoinne;
san bponc rom chuir ó ghigleacht:
air nír fionnadh aimrideacht.



Tuigthear gur tre shílneadh mBreis
do coimpreadh Lugh san laoichis;
ósé don tréd ba torcdha
's gan aca acht aos mhacdhachta.



Tre ghráin an chuil - sompla so
mar do chuir Dia, thrá, sreabha
's a mbeith 'na sreabhaibh dearga
ar Lugh niamhdha naoidheanda.



Admhaim dhaoibh gur chosmhuil Lugh
óna chrios síos fri Lothur,
gur dhiall a bhruinne frí Breas
's a cheann re Nár na n-éigeas.



Uime do hainmnighthe Lugh
mur mhac do Nár 's do Lothar -
trena dhola leo, dar leam,
eidir chosaibh is chaoimhcheann.


L. 201


I n-iongnadh ní cuirthe sin,
an mac do dhiall le a bhráithribh:
siad is Lugh laochdha Midhe
beag nach glúine geilfhine.



Ní mór gur dúthcha d'fhior
diall leis an tí ó ngeintior
ná le bráthair is gach modh
mur do dhiall Lugh le Lothar.



A ucht, a chorp, a chridhe -
tiad le Breas a thuistighe
- an mac do Bhreas de is dearbhtha -
's ní hiad a bhuill imeallda.



Bíodh gur mhac dhóibh - mur nach eadh -
Lugh Sriabh nDearg - sean an saoirfhear -
nar bhean sin an mac do Bhreas
foillsigh dhúinn annso h'aighneas.



Easbac, doctúir nír sgríobh soin -
nar bhó mac do Bhreas, Lughoidh;
's nár bhó mac Thrí bhFionn an Lugh
dearbh nar thráchtsam an tráchtadh;
bíodh gur shealbhsam é do Bhreas
ós dó ráinic go ruidhlios.



Ó tám ag teacht le chéile
do gach taobh gan chlaon gcéille,
acht modh monmhair do sheachna
oirne is éigceart inchreachadh.


L. 202


Fíor gur chuiris ar leabhraibh
brég sonn tréd thuigsin mhearbhail,
a rádh go ráidhid mur so
nach feas dóibhsion, go haonda,
cia don triur-sa ór coimpreadh Lugh -
an bhrég is nár le a nochtadh.



Dá n-aontaoi ar an gcéill chuire
id phonc nach ponc eagnuidhe,
fíormhac Breis, an mál midheach,
beag nach beith 'na thuilidheach
ar gach aon don triur 's gach tan,
deighBhreas, Nár, agus Lothar.



I gconntabhairt dá mbeith gein
eidir dhís nó triur, tuigidh,
do dhearbhráithribh - dáil nach mear -
go dtéid a sealbh dhá sinnsear.



An mac d'ainmniughadh ó thriur -
tarbha ó nach déin dá chiniul
ná don deighfhior budhéin, Lugh,
baoth an tagra ros tagradh.



Dí mháthair munab dual sin -
nó teora máithre - ag éinghin,
dís nó triur athar 's gach alt
dar ndóigh nocha dual d'aonmhac.



Ó nar coimpreadh dís nó triur
san mnaoi óig ba hard ciniul,
roinn don aonmhac oirdheirc Lugh
ní fhuighbhid dís don triur bráthur.


L. 203


Ós fíormhac d'oighre Teamhra
i gcruth é, 's i gceart ngeineamhna,
féch nach fearr dhaoibh agus damh
bheith dhó ar shinnsear ná ar shósar.



Mac Thrí bhFionn ó chaint, ó chruth,
's ó bhés mur luaidhtear laochLugh
- tuigsin an phuinc-si gan bhéim -
's mac corpdha do Bhreas eiséin.



Leis an tuigsi-si gach tan
táinig tuigsi na n-ughdar;
gus anois ro-seich siobhal
mac Thrí bhFionn gá ainmniughadh.



Leabhair Éirionn linn leis so
gan chead dod thagra n-aonda
's gach a dtuigfe foirm a bhfearb
ar an rí, seangLugh Sriaibhndearg.
Mac Thrí bhFionn nó Bhreis an corp
fá dtáinig uaim a n-éabhort;
an mbia budh-dheasd gá rádh ruinn
nach fuil an corp le hurlainn
anos ó rob éigion damh
urlainn airsion do thráchtadh?




Freagra an dara puinc síosana maille ré cruthughadh
a hughdarráis




Don dara ponc - ní saobh so:
tuig uaimsi, a fhir na tagra,
an modh ar a dtráchtann soin:
Connachtaigh fri Niall d'fhodhail
ag Eochaidh Mhoighe Midhe
Mheadhóin Éirionn oirdnidhe.


L. 204


Do-ní an ríoghacht posd do Niall
gér bh'óige i n-aois é ná Brian;
lór leam do dhearbhadh m'fhocail
rádh an leabhair Chonnachtoigh.



Connachtaigh, thrá, até ad neasa
d'Íbh Néill, i los cáirdeasa
- ag so rádh an leabhair leam -
d'fholuibh uaisle na hÉireann.



Bheith mar phosd do chlannaibh Néill
don dá chraoibh luaitear leiséin -
tógbhoim é mar fhiadhoin,
rádh an leabhair Oirghiallaigh.



Oirghiallaigh, thrá, até ad neasa,
d'fhóir Bhanbha, i los cáirdeasa,
iar gConnachtaibh, do chlainn Néill -
rádh an tseinleabhair eiséin.



Na leabhair-si luaidhtear leam -
sén nach do leabhroibh Éireann;
nó tuigfid cách thiar is thoir
linn co dteagoid na leabhair.



Ní do réir na haoisi amháin
cuirthear croinn ós críochoibh Fáil,
acht do réir oirbheart is gníomh,
ar chiontoibh cáich dá gcoimhdhíon.



Sósar oirbheartach do-gheibh
oighreacht do thoil an tsinnsir
's bheith do shíor 'na seilbh dá shliocht:
iad-san is croinn san oighriocht.


L. 205


Dá saoiltí nach dérna Brian
crann ós Éirinn do ríghNiall,
lé toil Dé, dál nar tubhadh
bíodh ar mh'iul a chruthughadh.



Tuigfid cách as mo fhreagra
- bíodh nach dtuigfe Tuileagna -
an ríoghacht dár bh'oighre Brian
gur aontuigh ise d'áirdNiall.



Dá chur sin i gcéill co gar
an rann tráchdtar fúinn thíosan;
Tórna an t-ughdar ór chéidleath,
do-ghén airsion ailléideach.



"Adubhairt riotsa Brian† binn,
†mac Moingfhinne an earla fhinn,
... riar Néill nó a fhreagra um chath,
isin maidin-si amárach."



Muna ndiongnadh Brian bladhach
posdchrann do Niall neartghalach,
do budhéin d'iarrfadh a riar
ar mac Luighdheach, Corc caoimhfhial.



Mar sin is éidir ó cheart
crann árd go dtoradh dtroimdhearc
do ghníomh, do réir eoluis ghloin,
do Niall ós caoimhshliocht Cobhthaigh -
an mhéid dhíobh do bhí ré a linn;
mar bá háirdrí é d'Éirinn.



Mar sin fós ceart dhúinne a rádh
co mbean sliocht Bhriain do Niall nár
ag Eochaidh, áirdrí Banbha,
Mhoighmheadhóin mhaith mhórchalma.


L. 206


Sinnsireacht Bhriain do tráchtadh
síos ré peann an bhochtbhráthar,
ar Niall mar do tráchtadh so:
réil gurab ceart an cúrsa.



Ós ... mhéadughadh anma
dhóibh araon d'iul ealadhna
do tráchtadh an tráchtadh glan,
a aithcheodh mór an mearbhal.



Dá mbeith úirshliocht Néill na n-óg
suas anos mar anallód,
a fhir thagras rinn dá dtaoibh,
ní bhéinn, ná thú, gá dtathaoir.



Neimhiongnadh leam Rí na ríogh
d'óirdneadh Néill tar Bhrian, fá-ríor!
libh más diongna a rádh sinne,
féchoidh adhoigh Mhoingfhinne.



N'fheadar - acht madh sin amháin
nó méd cinneamhna Néill náir -
créd táinic re Brian slisshean
is neart, is ceart aigesion.



Aithghin an phuinc-si adeir sibh
's féchtar linn leabhar Mhíchil,
i gcraobhscaoileadh na ríogh réidh
ann nochan fhuighbheam eiséin;
's dhá mbeith, do tráchtfuidhe lais
an ponc gan seachrán seanchais.


L. 207


Ní sguiriobh don phonc-so fós
go ndearbham d'iul co ndeaghnós
Niall do bheith 'na árdchrann theann
's gach aird, ós uaislibh Éireann,
do thoil Dé, 's tre cheart a shean;
's a shliocht dá éis mar eisean.



Tuigim go mbaoi Dia na ndúl
ag cur Néill náir i bhfortún;
gibé lé nach dtuicthear so
féchadh losgadh na ceardcha.



Féachaidh fós mar do fhéch mé
tar gach ní dál an uisce
thug Niall go a bhráithribh, ad-chlos,
Brian, Oilill, Fiachra, Fearghos,
d'fhortún Néill tar aon don druing,
dár luigh sé leis an seantuinn.



Fearta Dé ar Niall neamhthais
féchadh lé hiul dinnsheanchais:
nar bhris seacht gcatha an choimsigh
is é ar n-ég an ionbhaidh-sin?
dá eccraíd an uair fheadhma
tréna chorp do thaisealbhadh.



Congnaidh an leabhar cédna
linne níis mó ná a n-éabhradh
isin bponc-sa le Niall nár -
gibé chreidfeas dá chomhrádh.



"Cóir Anmann" na bhfear bhfiadhnach
tráchtaidh ar Niall Naoighiallach;
fáth an fhoranma - an saobh so,
a fhir thagrus an tagra?


L. 208


Tre dhaltacht Torna tuigim
ar Niall an iuil fhortuilghrinn
gur thuig an t-ughdar Tórna
an flaith go madh forórdha.



Beag do ghabh flaitheas Éirionn
acht sliocht Néill na naoi ngéibhionn
iar mbás Néill go teacht na nGall;
a iul deimhin gur dhearbhsam.



Aon do Laighnibh, láindearbh linn,
ná d'fhuil Ír nír ghabh Éirinn
feadh na haimsire a-dóbhart
gér mhór uirre an iarmhóracht.



Acht Dháithí agus Oilill Molt
nír fhaoi aon d'uaislibh Connocht,
iar Niall, le hÉirinn na ríogh
go deaghmhac rathmhur Ruaidhrí.



Acht Brian Bóromha go mbladh
nír fhaomh aon d'uaislibh Mumhan,
ris an reimheas ráidhtear leam,
sonn le hairdríoghacht Éireann.



D'fhuil Néill ós Éirinn dobhí
seisear 's dá fhichid airdrí,
do dhíon Fódla ba fadhnacht,
is dhá rí go bhfreasabhracht,
diaidh i ndiaidh beag nach uile,
d'iul na réimionn ríoghruidhe.


L. 209


Ó dorónsad crann do Niall
ríoghraidh Éirionn, thoir is tiar,
is crainn dá shliocht 'na dheaghaidh -
mur sin theas is tuaidheamhain
bheith 'na chrann do san bponc-sa
féch an claon nó an codarsna?



Ó nach iad is ughduir dhúinn,
ní lorg easbuig ná doctúir
leantar linn i seanchas sean
acht lorg ughdur is oideadh.



Gidheadh tigim mur fhiadhna
leosan i n-iul cheirtriaghla
chloinne Briain is Néill na gcath,
dhá mhac oireaghdha Eachach.



A fhir thagras go tim trén,
dúin do bhél nó bí óibhél;
ag sin duitsi, uirre, amha,
tuigsi, freagra, agus fiadhna.




Freagra i n-aghoidh an treas poinc síosana mar an
gcéidleith.




An treas ponc más claon a stair,
meinic do thráchtsad ughdair
dh'éis Mhaoilsheachloinn d'fhuil Banbha
nach baoi rí gan fhreasabhra.



Tánac fós leis an bponc-sa;
dearbh nach seanchas codarsna;
slán eolach mh'aithcheodh uime!
a dhíon d'fhiachoibh oruinne.


L. 210


Ní beag dhúinn dhá dhearbhadh so
ráidhte Ghiolla Mo-Dhuda,
ughdar ard nar chlaon i n-eol;
slán fhear nÉirionn a aithcheodh!



Ag so mur adeir an saoidh,
isin rann-sa ráidhtear faoinn;
a inchreachadh ní gníomh glan;
dhúinn is daingean a dhearbhadh:



"Tar éis Mhaoilsheachloinn shona,
mac Domhnuill mhic Dhonnchadha,
do sgar gairgbhrígh re gach dreim
nachar ghabh airdrígh Éirinn."



Ar an bponc-sa ro tubhadh,
leabhar leam gá fhiadhnughadh,
do toghadh le sgaith sgoile -
más leabhar Réim Ríoghroidhe.



Aoinfhear d'uaislibh chríche Cuinn,
iarsan bhfíorfhlaith Maoilsheachloinn
dar fhaoi le flaitheas bhFódla,
nír bho hairdrí corónta:
neamhnár don tréd go dtromghart,
uaidh a ngairm go bhfreasabhracht.



An fhreasabhra thoirneas trén
an modh ar ar thrácht Míchél;
le cách ós léir a bproigeapt,
nír dhaor do dhá uraiceacht.


L. 211


Follus go ngoirthí i mBanbha
mar so rí co bhfreasabhra:
leath Éirionn aige ó do bheith
's cúigeadh don dara háirdleith.



Deacair dhaoibh a chur ar gcúl,
dóigh gurab toghtha a résún,
an corp thrá ina dtarla
téora Fódla freasabhra.



San bhfreasabhra an chuirp ad-chím,
dearbh nár dhaorsan modh Míchíl;
gibé thagras 'na aghoidh,
sgiath an chuirp gá anacail.



Cia dhíbh so cuirfir ar gcúl,
a fhir admhas an résún,
ó tád na trí muidh-sin ann
's gan dá mhodh dhíbhsion ionann?



Leigthear lé neithibh féghthar,
i mbí breachtradh ilchédfadh,
gach ní dhíobh do bheith ar bun
iad más cédfadha úghdar.



Dod réir féin do ládh ar gcúl
an dá mhodh do thagair tú
muna dtráchtoid iad i gcairt
úghdair an tseanchois orrdhairc.



An résún mhaoidhi-si, amha,
mo rádh air isin bponcsa
's in gach ponc dár thagair tú:
féchadh cách ar ndá résún.


L. 212


Nír dhiult peand brég do nochtadh -
fada atá 'na sheanfhocal;
anos do fhíorais-si so
ar ar scríobhais-si san bponc-sa.



Freasabhracht fhlaitheadh ar bhfonn -
feasach dhúinn nach mó is cúram
ar féinigh a choimhéd sin
iná ar sheancha, co suaichnigh.



Fiu a dtáir an seanchaidh dhá rígh
bheith ag coimhéd a iuil fhír -
tuigthear linn go láincheart
tré iul árdúghdar oirdhearc.



...gh ag ollamh
in iul éigeas fuaramar
gurbé an seancha is ollamh sonn
tógbhoim air d'fhiadhoin Morann.



Tógbhaim an Morann cédna
d'fhiadhoin ar so co dédla
gur b'é an seancha suadhtha istigh
bhearbhus gach n-omh 'na choire.



... sin ná meas agad féin
ó so suas - dál co ndeighchéill -
seancha nach fisigh fromhtha
i n-iul fhiadhnach fhreasabhra.



Gach ní oile - gá dtú ris -
bheanas ré hiul an fhlaithis
fisigh ann an seancha glan
bhearbhas gach n-omh gan mhearbhal.


L. 213


Cúram a choimhéada so,
mar choimhéd chraobh na fola,
ar an seancha - ní saoth leam -
tar gach aon d'eolchoibh Éireann.



Dearmadach dhuitsi mar soin
a rádh gur mó bhí d'fhiachoibh
ar féineachois an iuil ghlic
so do choimhéad ná ar chroinic.



Ag caomhna an tseanchois má taoi,
dearbh go dtardois air tathaoir,
dar leat féin, agus tú leis,
sonna ann gach ponc dár thagrois.



Rob inmheasda ar mbeith gan chéill
riot dá n-éisdinn-si eiséin
a chur ar gcúl dhíom ó thig
's gan féchain dár ngaol treimhid.



Dar leat do-chuaidh ó tharbha
tiodal fhir na freasabhra
trés an lorg nach gérlorg glan
mhaoidhi-si i n-aghaidh úghdar.



Truagh nár leanais an lorg fíor
is é nocht gan dlaoi gá dhíon:
anlorgaireacht luaitear lat
do ghníomh ar an bhfreasabhracht.



An lorgaireacht luaidhis sonn
tuigthear eisde más mearbholl
freasabhraigh na háirdrígh dhí
's bheith co bhfreasabhracht d'áirdrí.


L. 214


Do bhrégnuigh sibh ceand i gceann
eaglois is éigsi Éireann,
i dtagra leimh nach líomhtha,
táinig róimh lér n-áirdríogha.



Saoilim go bhfuilir mar soin
id haon i n-aghaidh poboil
um ughdar is árd nglóire -
um Fhothaidh caomh Canóine,
um Eochaidh, éigeas, ardrach,
táinic leo gan fhreasabhracht.



Um Ghiolla na Naomh Ó nDuinn,
um Thánaidhe, thrá, um Chonuing,
is um Mhac Coise an áigh,
um Mhac Liag, 's um Mhac Lonáin.



... athadh beag d'iolar annsin,
d'eaglois, 's dár n-órd go dtuighnibh
deoidh i ndeoidh - dál go n-ardrath -
táinic leo gan fhreasabhrachd.



Gach ní le a dtig eaglois Dhé
atá d'fhiachoibh ort réd ré
amaille re togha - gá dtás -
aice ó bhias a úghdarás
i gcás chreidimh, a chreideamh,
nó ataoi ar eing na n-ethriceadh.



Gach rígh ó Mhaoilseachloinn suas
co Sláinghe - iul gan égruas -
romhoibh riamh isin mBanbha
dearbh nár hiarradh freasabhra;
tubha aoin díobh ar do dháil
'siad ar aon san athghabháil.


L. 215


Gach rí ó Mhaoilseachloinn síos
nach bhfuair umhlacht nó áirdchíos
co coitchionn ar feadh mBanbha
tráchtar airsean freasabhra.



Monuar! ní hadhbhar gáire
mur deir mac ar Seancháin-ne
fós mar thiodal nach tarla
ós na ríoghoibh freasabhra.



Baothghalach, an breitheamh glan,
Maoilseachloinn, saoi na seanchadh,
an tiodal leo 'na leanmhoin
ós na ríoghoibh déidhionchuibh.



... co n-iul bhfoirbhthe
mar iad tig lér dtiodail-ne
a chruthughadh nír dhual dhamh
imeasc suaidhleabhar seanchadh.



Dearbh gur bhrég nó dearmad so
a rádh nár tráchtadh an tiodal
ós cionn flaithis na dtriath trén
riamh gus an mbráthair Míchéul
is é do shíor ós a gcionn
nó fútha ag eolchoibh Éireann.



Dearbh gur chlaon seanchois mar soin
dhuitsi freasabhracht d'iarraidh
inár leabhroibh 's gan é linn
d'áirdríoghoibh Fódla Féidhlim.



Míchél d'eolchoibh ar n-oireacht
modh édrom ise an trudoireacht
sas ... taoi tromdha
modh an tseanchuis úghdarrdha.


L. 216


...dh
a fhir do-ní an t-inchreachadh,
...eadh so
cia dhíobh lé mbean mo fhreagra.



Freagra an cheathramhadh puinc co gcruthaighthibh andso



An ceathromhadh punc phromhtha
tánag leis gur lántoghtha
síos an ponc-sa mar thráchtas
an Chroinic ghlan Gabháltas.



Bheith do Thoirrdhealbhach nár thim
fiche bliadhoin ós Éirinn
acht, monuar! beithir Bhaghna
'sé bá rí go bhfreasabhra.



Giolla Mo-Dhúdo, dearbh leam,
árdsheanchoidh oirrdheirc Éireann,
fiadhoin é ar so i leabhroibh
is é i n-aimsir Toirrdhealbhaigh.



Dearbhadh ort co raibh an rí
Toirrdhealbhach Mór, mac Ruaidhrí,
go bhfreasabhra ós Banbha Chuinn
an rádh do ráidheas romhuinn.



Ní bhiu ag filleadh air - gá dtú -
is nach dtaigéumhainn san rús;
acht dho-bhér fiadhoin oile
leis dár n-eolchoibh eagnoidhe.



Muna mbí céir id chluasoibh
dóigh gur minic do-chualois
an rann-so shíos ó Lughoidh,
an seancha grinn glanchubhaidh.


L. 217


"Nír áirmheas Toirrdhealbhach Mór
ná Ruaidhrí do bhronnadh ór;
nír shaoil mé gur mhór dtarbha
áiriomh ríogh go bhfreasabhra."



I lorgaireacht iuil Bhanbha
's gach ponc sa bponc freasabhra
dar lat féin gidh maith thusa,
tuig nach measa an t-úghdar-sa.



Ó do chuirsiom iad i gcúil
leabhair nár lór linn a rúis,
'siad dhuitsi gidh aos grádha,
treabh asda co hédána.



Fearr uathadh leabhar ndearbhtha
iná mór leabhar bhus neamhghlan;
tógbhoim é d'fhiadhoin ar so
Leabhar glan Ghlinn Dha Lacha.



An rann tugais ó Dhonnchadh
uaimsi creid nach gcosnadhfadh
- aithnidh dhamh co maith a chor -
h'aithcheodh ar phonc an bhráthar.



Meisde dhúinne dob fhéidir
bheith ag dénamh ailléidigh
muna gconnmha a chúis i gceart
i bhfoirm, i n-iul, 's i n-éifeachd.



Tathaoiridh tré ainbhfios n-oll
an tí sa leith 'na lá ann,
fiadhnuise a chlaonphuinc gan cheol;
ní nach tárla do Mhícheol.



Fear a dhénta ó nach mair
ní lochtébh deaghrann Donnchoidh;
bíodh nach bhfuil nó co bhfuil fíor
é ní chuireabh i ndiombríogh.


L. 218


Gidheadh coisénabh mo rádh
nach fuil ann claon nó cleathrámh,
linn thrá ós léir i leabhroibh
aimsir fhlaithis Thoirrdhealbhuigh.



Tríocha bliadhoin - ní saobh so -
ós cionn Chonnacht d'ua Aodha,
do Thoirrdhealbhach 'na thriath theann,
ré ndul i n-urláimh Éireann.



Fiche bliadhoin ós Banbha
dó 'na rí co bhfreasabhra;
nír bhá rí é acht an fad-sa
iarsan tríocha adubhart-sa.



An caoga thrá thagrus sibh
sgríobhthar air i mór d'áitibh
ós cionn Banbha na mbrughadh
ag sin daoibh a ndeochrughadh.



Iomdha fear nár dhealoigh iad
seachnóin Banbha thoir is thiar
acht a n-ainmniughadh uile
dhó uas Éirind Iughuine
mar do-níthear libhsi anois
dár ndóigh 's ní d'easbhoidh eolois.



Do dhearbhadh a n-aboir mé
do-bhér uam iul go gcuimhne,
saoghal Toirrdhealbhoigh Teamhra,
mo thriath oirrdhirc infheadhma.



Ocht mbliadhna dég go ndeaghrath
eadh bá haois do Thoirrdhealbhach,
an ruire bá réidhe gart,
an tan fuair ceannas Connachd.


L. 219


Scríobhthar air nach bhfuair iaromh
do ré acht caoga ceirtbhliadhan;
a rádh nochar fhóbair sinn
gur chaith iadsan ós Éirinn
fo bhith go dtuicthior gur chaith
tríocha bliadhoin ós Cruachoin.



Tríocha don chaoga chana,
do thagair tú anallana,
léig thort budh-dheasda a leanmhoin
nó sín saoghal Toirrdhealbhoigh.



Do réir an bhráthar, ad-chím
nar chlódh freasabhracht don rígh -
's do réir na n-úghdar ndearbhtha
thráchtas ise ar Thoirrdhealbhach;
a chlódh nír bh'fhearr libh ná linn
a bheith saobh muna shaoilinn.



Rí co bhfreasabhra ós Éirinn
do Thoirrdhealbhach glóir bhéilbhinn
do rónais féin go foidhearc
do réir bhur ndá uraiceacht
bíodh gur bh'áirdrí do mheas tú
do dhénamh dhesean asda.



Cúil innsi nó oilén di
i n-égmhais ríogh dhá raibhe,
freasabhracht air gá hoireacht
féch an dtráchtann uraiceacht.



Léigfead do labhra fo lár;
aithnidh dhamh gur maith an fáth
coscc - créad acht deaghaithne so? -
d'aighneas choda dhon phonc-sa.


L. 220


Nár dhuit mar do thagrois féin
an chuid sheachnoim-si dheséin;
riot anos madh iongnadh so
féch uirre freagra an bhráthar
ós í sin an fhreagra cheart
d'fhírinne, d'iul, is d'éifeacht.



... dhá ndearnadh
ar na poncoibh ceitheardha,
dóigh gur thagra gan fheidhm sin
don tí nár thuig a dtuicsin.



Dearbh go bhfuil tuicsi thromdha
ar an seanchas n-úghdarrdha
... dínne nach dtuig sin
nír dhual dó gan a thuicsin.



. a ..gra gan tarbha
adhéar lé haos ealadhna
...tí dháibh a dhaineamh
nach cleachtaid bés bollsaireadh.



Na ceithre puinc nach éigeart
teagaid leo i gcoimhnéineachd
...tra bhadar ...uasda
acht mé ad chráibhthigh cogúasda.



... duine don triúr oile
deimhin gur shaoi sheanchoidhe
gan fhrideacht thuaidh 'na aghoidh
ag aoinfhior ré healadhain.



Is gach ní dá seasam sonn
atá ughdarrás agom
atú do réir mh'anma amha
im fhear fírinneach feasa.


L. 221


Ag sin fios ar n-iuil fhoirbhthe
dhuitsi, a fhir ar mbrégnuighthe
...o aimréid air
sguir budh-dheasd nó nó tagair.



Dearbh do thoghsat cách inn
dhá chur síos i bhfoirm fhírghrinn;
nach bhfuil acht fíor san bhfoirm
a seasamh d'fhiachoibh oroinn.



...thur i gcrích - gá dtú dho -
fillfead ar tús mo théma
an fhreagra bhaoth gur beag dtarbha
a treabhadh gan tuar n-ealadhna.



...lag fós an iarroidh gharma
idir fhíor-aos ealadhna
seachna iuil truim an rolla
sbuincc fán iul is édroma.



... cruimghrés úr dár fhigheas
tráicht is corp lér chuidigheas
seachnóin na bponc ro leathais
gidh créd nach iad d'inchreachois.



... d'fhéchoin an éisdfinn-si libh
ós iad nach beanfadh d'uaislibh
brégach Míchél is mé
's na Coin† chaomha †Choigcríche;
créd an rádh-sa acht rádh ráiteach
's nach ind atá earráideach?



Gach aon dínne, leath ar leath
- a bhuidhe ré Dia ar nDúileamh
's Dia dá íoc lénár n-oidibh -
san iul fíre fothraigthir.


L. 222


Creideamh ar bith bhus rochóir
féch an dtig lé tagarthóir
brós ina ghlóir searbh salach
shná shreith daosgar dearmadach.



... ccóir do ghabhois do láimh
dar leam, a bhaoithmheic Sheancháin,
's gach tagra dár thagrais rinn
tar gach aon is árd foghluim
dá bhfuil budh-thuaidh nó budh-dheas
i gcrích Fhódla na n-éigeas.



Ní dhearna an t-ollamh toghtha
Fland, an t-éigeas ughdarrdha
ná clann Bhruaideadha breachdmhas
aithcheodh oirn nó esgeaptas.



Mac, ua, iarmhua, ionnua suadh,
mac Tórna, saoi na saorshuadh,
ní dhearna, iar ndul ar leabhar,
ní dár n-iul-ne d'éileaghadh.



An bráthair dil Domhnall óg,
é 'na shaoi anos 's ánallód,
's a leithén iulmhar oile,
Conaire mhac Conaire -
ní dhearnsat tré anuille i n-eol
inchreachadh oirn nó aithcheodh.



Dá dtagradh Tuilgne mar so
tar cheart gan triall dár dtubho
lé mac a athar amhra
do bhéinn co búidh brátharrdha.


L. 223


Beag mo chás fám thubha féin
measa leam tubha Mhíchéil
's na bhfearchon d'iul gan chlaon gcuir
go rug orra mac Brannaibh.



Tuigeadh, airdshliocht Briain na bport,
ríoghraidh ceirtbhreathach Connocht,
claon dhá ndérnoinn 'na n-aghoidh,
go mbéind go méin meascamhoil.



Nír chóra d'éinfhior oile
do mhaicne Uí Mhaoil Chonaire
cosnamh a gcirt ná dhamh -
craobha cumhra na Cruachan.



Mo dhíoghrais dóibh do réir uird,
dá mbeinn le breasaireacht bhuird,
do fhédfainn a mhaoidheamh so
ar shliocht Briain uasoil aosda.



Tuigthear gur dhíoghrais seanchois
iul na n-uasol do leanmhoin
gan ní leis, 's gan énní dhe
tré shainnt, d'fhuadh, nó do oile.



Bíodh go mbéind-si ag dénamh truim
ar fhuil leomhan Leithe Cuinn,
ní dhiongnainn cheana ar chomhaidh
éntrom ar shíol gConchobhoir.



Róidhile leam énndís díobh
ná sliocht Néill náir na neirtghníomh
ós iad an dís do mhór mé
thiarain i n-aois ar n-óige.


L. 224


Mó do tháireas ar an druing
's gach sinnsior dá riachd romhuinn
ná ar ar chin ó Niall co rath,
úrmhac oirdnighe Eachach.



Gidheadh, ar ghrádh ná ar omhan,
d'eagla Dé dár ndamnughadh
nó d'ísliughadh triath ar bhfáid,
fada co ndiongnoinn earráid
as a riocht - an rádh-sa is dearbh -
i seanchus uasal Éireand.



Cur i n-aghoidh chloinni Néill
'na gceart ní cubhoidh eiséin
bíodh go bhfuil - gá dtás - an chlann
ré cian do láibh fo leatrom.



Do dheighshliocht Néill d'fhás ó Lugh
oirrcheas dúinn ceart do chosnumh
bíodh nár ghnoaoigheas orra
ar chaillios riú anallana.



Ríoghroidh Chonnachd is crú Néill
mian linn a mbeith i n-énchléith;
do nós Bhriain is Néill gach tan,
dual dóibh lé chéile congnamh.



Dóigh linn nó ní leanfaidh ceart
gibé dhíobh bú árd treiseacht
go madh árd uaidh - gá dtáthar -
sliocht na deisi dearbhráthar.



Ó tád fo leatrom uile
sliocht Briain, oighir Iughuine,
ar ghrádh Dé - an glainshliocht galach -
bíod lé chéile carrthannach!


L. 225


Ag sinn barr uaim lém fhreagra
dhóibh ar thagra Tuileagna;
ós é rom sbor is rom sbreag,
mo thlás rision is roibheag.



Tagra thoirteamhoil gan toirt
mairg dorinne dom lomairt
's gan chlúimh orm ón lá doluidh
uainn i n-úir Fachtna Ó Fearghuil.



Rann ógláchois nír fhigheas,
a dhealbhadh nír dhearbhdhligheas,
don dos lér dingeadh mo neart;
ní dhingén anos cuaidheacht.



Rann nír dhealbhas gan dochar
don tí do thriall mh'árdachadh,
Fachtna Uladh, eo Eamhna;
pudhar nach beo an bheitheardha!



Áirdrí ... tré bhioth
go dtárda dhúinn Dia dúilioch
díolgha ...c ceann i gceann
ós líonmhar na huilc ionnam.



Sé bliadhna, ceathracha cain,
míle, sé céd do bhliadhnoibh
uam go riacht na roinn-si i n-alt
chuige ó do ghabh Dia daonnacht.



Foillsighim don léghthóir, mar an gcédna gurab i modh tiughráidh
nó duarbhrollaigh déidhionaigh atád na roinn-si ó chríochnughadh
... freagartha na gceathar-phonc réimhráidhte inuas do chur an
phróis, agus an mhiotroim le chéile go huilidhe i modh duaine agus
adhbhoir, nó no cuirp agus tráchtaidh do réir ghnáthuighthe mhór
n-eolach n-ughdharrdha. Lá S. Labhrais, 1700. Finis.


L. 227


SORUIDH GO hAOS ÓG AGUS ÉATA OILÉIN
NA NAOMH.
Froinsias Ó Maolmhuaidh cct.



Soruidh go haos óg agus éata oiléin na Naomh.



Truagh daoine ar dhíth litri
iar gclaoidhe, d'fhuath, aibghitri;
an aincheas is lór do lán:
ainbhfeas is mór ar mhórán.


L. 228


Fódla liu do-chuaidh man gcioth
i n-aghaidh sluaigh a sinsior;
nír an oirfideadh an fhuinn,
foirchideal glan nó foghluim.



Ní thuig Gaoidhil Gaoidhealg féin;
ní labhraid í gan aoinbhéim;
ní léighid le cágaidh cóir;
tréigid, ní fhághaid onóir.



Beag a luadh ar na leabhruibh,
ar ghlór cheart, i gceileabhruibh;
ní breath dhaor dh'fhianuibh Fáil
an riaghuil chlaon do chongbháil.



Léughadh rainn dá n-iarr orra,
'na dteangaidh mhín mháthardha,
díomhaoin - och! ar easbhadh iad,
deasgadh na Sgot ón Scitia.



Fill anosa, a aos mh'anma,
ná bí go dian dogharmtha
's nach cian ó chathshaoirlios Chuinn
go mbia an t-athaoibhnios aguinn.



Biaidh na bruighne 'na mbotha;
'na bhfíonta, biaidh bánshrotha;
cnuic úra na ngealfhonn nglan,
i bhfearonn Dúna Dealgan.



Biaidh an Ghaoidhealg fa mheas mhór,
i nÁth Cliath na bhfleasg bhfíonól;
budh math a fian, budh gaoth grinn
's gach laoch ag triall fa tuairim.


L. 229


Deargfa treabhach a thulcha;
órfa grian a glaschurla;
ní dochar dh'Éire an t-eadh:
sochar nach éidir dh'áireamh.



Cuirfead comaoin ar Leath gCuinn
's ar iarsma Oillil Óluim -
borb, ag tréintreasgradh, na tuir,
ar lorg Féineasa Farsuidh.



Aiste dhéunta duan is dán -
geibhthear go lér im leabhrán,
os tobraibh Ruama na rath:
obair stuama an saothar.



Sin chugad, ón mbráthair mbocht,
gramatt beag, buaidh is beannocht,
le riaghuil sgol 's a samhuil,
diamhair na mboth mbródamhuil.



Son na ngothaidhe go grinn,
cumhacht chonsan Iath Fhéidhlim,
cuimhniughadh báthadh, gan bhruid,
uirdhiughadh, cágadh, caduit.



Do mheath na saoithe le seal -
aos óg is éata Gaoidheal;
do díola a lóchrann, gan luadh;
fórlann an ríoghra rothruagh.



IARLA FINE GHALL.
Froinsias Ó Maolmhuaidh cct.



A bhláith na muadh, a phlúr Phluincéd,
a Iarlaidh ghlórmhair Fhinidh Ghall,
dhaoibh ar cuiridh bhriaghmhar Brighde,
míle bliadhan 's tuille thall.


L. 230


Latiné:
Flos Procerum, Fingalle Comes, Plunchette Planeta,
Mille tibi, post hoc, Brigida festa paret.



Dhuit 'san Róimh, fáilte is fiche,
aisdeadh dhána luaidhtear linn,
a lámh an cheirt nach fann féili,
a lann an eich ghlégil fhinn.



Latiné:
Munificae iustaeque manus cantaris in Urbe
Fraenator, Cygno candidioris, Equi.



Dá dtugadh Dia dhúinn mar ghrása
faicsin t'aghaidh i gClár Chuirc,
nír bheag leann acht sin mur shaoghal,
damh 's dom dhream nír bhaoghal bruid.



Latiné:
Te si forté domi videam, nihil ampliús optem,
Nulla mihi restet poena, nec ulla meis.



Súd oruibh, os íochdar mh'ochda,
sláinte, 'Chillín chléibh mo chuim,
Mars na modh saoghalta síthe,
aondalta sgol Chríche Cuinn.



Latiné:
Deprecor ex toto binam tibi corde salutem
Ubera cui Pallas Iupiter arma dedit.


L. 231


PÁDRAIG TIRIAL.
Froinsias Ó Maolmhuaidh cct.



Glaine no cách thú mur thriath:
laige a dtrácht no Tirial;
subháilce gan céim ar cúl:
trén re dubháilce a dheachlú.



Latiné:
Nec te candidior Tyrel, nec firmior extat
Cui comes ut virtus nescia fama mori.



Buan do thionsgnamh i gClár Cuinn,
a Pháid† ionmhuin †mhic Éumuinn;
leat air sileadh meas is mó
ní feas dod chineadh claochló.



Latiné:
Coepisti, stabis, nec declinaberis hilo
cor quia Patricij sors variare nequit.



Do fhiosruigh mé a shloinne shiar
cionnas díoltar le Talía,
an bhláithbhé mhear gan mheirge,
bean an ghráiméir Ghaoidheilge.



Latiné:
Proposui nuper num possit forte Thalia
Grammatica agnomen flectere lege tuum.


L. 232


Ag roidheargadh don ghéig ghil,
budh léar mh'fhreagra ón inghin
's do budh síthbhinn ler mhó a fhios:
aoibhinn an glór dar ghéillios.



Latiné:
Cunctatur, dubitat, pallet, rubet, haesitat, alget:
Haec hilari tandem voce, Thalia refert.



"Maith" ol sí "an forainm fial;
soghairm nach traothar Tirial;
bu caraid gan bhéim go bás;
gan mhalairt é i n-aonchás".



Latiné:
Esse Tyrel dicas indeclinabile nomen
Mutari nescit: casibus ergo caret.



PÁDRAIG TIRIAL.
Froinsias Ó Maolmhuaidh cct.



A bhláith-litir lághach dá gcréidthear sibh,
Bí id láin-rioth go Banbha 's beir sgéula libh:
Giodh dhállsud luchd aimhleis mé gan fhios,
Go rug Pádruig mo dhá dhearc go hÉire lis.


L. 233


TADHG Ó RUAIRC, O.F.M., EASBOG.
An tAthair Pádraic Ó Cornín cct.



Maith do chodhnach, a Chill Eala,
a fhuinn áluinn fá n-iadh muir;
go mealair in codhnach cráibhtheach,
ua borbshlat is gáibhtheach guin!



Tadhg, mhac Briain do bhronnadh airghe,
asé in codhnach carthar libh:
tamhan cúmhra do fhréimh Ruarcach,
tar gach cléir is buadhach bil.


L. 234


Iomdha céim san chodhnach chúbhuidh,
chuir in Cuimdhe a gceann do chliar;
is fotha gráidh don úr aobhdha;
is cáidh rún 's as maorrdha miadh.



Dá leanadh in saoghal sédach,
mur gach sinnsior ór shíol sé,
dob iomdha ann damhna dúla -
abhra mall is clúghlan cré.



Ní bá dú dhó ó fhréimh Fheargna
fáilte fri dáimh, dáileadh seod,
ar a mholadh maoin do mhalairt,
- caoin in toradh - tabhairt treod.



Éigsi do riar, rogha n-égcoisg,
airdhe flatha, feidhm a ngoil,
cosnamh córa, céim gan tathaoir,
ré méin, gan anaoibh, gan oil.



Ceannas Fódhla, flaitheas Connacht
ré cruas catha, fíor go bhfuair
fine Feargna na gcolg n-ághmhar -
ar a mbord nírbh ádhbhal uain.



Nír chinn treabh do mhacuibh Míleadh
ar mhacuibh Airt a ngoil nó a ngníomh;
bráighde Fódhla fuarsad uile;
nírbh ónna gach duine dhíobh.



Feargal féigh is Ualgharg angbhaidh,
árdchlann Airt mhic Ruairc go rath -
óig re rugadh buaidh a mbiodhbhadh,
fóir chruaidh nar ciorrbhadh a gcath.


L. 235


Meirge sénta - séd go soinnmhe -
saorchlann Airt dob adhbhal sén,
do rí Breatan, bheansad d'aimhdheóin -
fearchoin a dtairmgheóin fá trén.



Is sníomh darach ré dóid anbhfuinn
áiriomh gach écht fá mór miadh
dá ndeárnadh gach aon d'fhírfhréimh Fheargna;
caomh na fíréin, fearrdha a bhfian.



Do thréig caoimhcheann Chille Eala
ar fhíorghrádh Dé - dál go mbrígh -
oidhreacht aithreadh acht in fhéile,
ré ghabh mur chéile 'na chlí.



Coluim Cille, fialmhac Féidhlim,
fuair geall féile feadh a ré,
d'fhírlean go dearbh Tadhg a dtábhacht:
bárd go n-ádhbhacht nochar ér.



Próinsias naomh is Eóin apstol,
iad fá geanmnaidh gus an uaigh -
do lean sé go dearbh in dís-sin:
gé dearg mur ghrísibh a ghruaidh.



Ar in Tréidhe ó thréig in cruinne,
críonna in rogha rug in mál;
go bhfagha sé ón Choimdhe cathaoir,
gan doilghe, tathaoir nó tár.


L. 239


Diad bheatha, a Shémuis Buitléir,
a ruire TréanMhic na ngrás!
ó do geiniodh 'mbroinn do mháthar,
Dia Athair riot gus an lás = bás?.



Fear ionaidh an ríogh i nÉirinn,
ré linn cogaidh agus síodh';
dá dtug na tiodhlaicthe móra
Críosd - córa dúinne bheith faoi.



Mac ághmhur Bhíoconta Tullaigh;
mó ná Cú Uludh Néill mhóir;
fear stiurtha na gcúig gcúigeadh -
súgradh deacair 'mholadh cóir.



Gach céim ós mo cheann is áirde
dá bhfuil aige - féirrde mé;
moighin fhairsing na gcloch n-áluinn -
m'fhilidheacht táluinn bhuaidh sé.



Tángus anois fo do ghrásaibh;
ó mo chásaibh, fuasguil mé;
gacha gluis agat taoi eochair;
neart ceart 't'fhochair - fuasguil mé!



A chéud dúic orrdhuirc na nGaoidhiol,
ó gach baoghal, fuasguil mé:
atú i láimh, dheochas éageart;
déan orm déghbheart - fuasguil mé!



Bráithrín bocht, maoth, arsaidh, easlán -
sín dhamh do dheaslámh, déan maith;
seirbhíseach dom rígh 's ní tréatúir
misi a láimh - créud úd acht saith?


L. 240


Tréatúire 'muigh 's misi 'ngeimhioll -
mór an teimhiol - fóiridh mé!
a ua na dtrénfhear ó Urmhúnn,
scríobh umúinn - fóiridh mé!



AGALLAMH IDIR MHAINISTIR
ÁTHA DARA AGUS ANAM
AN BHRÁTHAR BHOICHT
UILLIAM Ó hÍCEADHA.
Tomás Do Lóndrus cct.



Mainistir:



Uch! a Dhé dhil na mbreath gceart,
ós tú duais gacha déighbheart,
's tú thurnas eiriceacht thréan
's mhusglas fortacht na bhfíréan.


L. 241


An codladh dhuit, a Rí na ríogh,
a aoin-Mhic ochta an Áird-ríogh?
ar léigis do chóir ar gcúl,
nó ar thréigis an tÓrd Mionúr?



An bhfaice briste stiúir na mbéas,
mainistir Uird St. Proinséas
is an tár mór-so air a cloinn
ameasg bráthar Chríche† úr-†Chuinn?



Féach féin na manaigh ghlasa,
'na Serafin ar dearglasadh,
drong charas re bárr seirce
tar chách uile Do chuimirce.



An t-ord-so tug mór-ghrádh Dhuit,
ord bocht abstalda an chrábhaidh,
ord atá riamh ann fá chion -
a Dhia, ní ham a thréigion.



An paitent fuair Proinsias féin
ar mhullach Sléibhe Ailbhéirn,
le séala na gcúig gcréacht ó neamh -
badh méala gan Tú dá gcosnamh.



Oramsa, a Dhia, do thuit t'fhearg,
is nach mé do thuill díbhfearg:
tug Murchadh 's a ghárda slóigh
urchar dom bráithribh i n-aonló.


L. 242


Dís díobh marbh, dís air lámh
's an chuid eile air seacharán
is mé tar a n-éis, mo thruagh!
mar ghléas magaidh le Gall-tsluagh.



An t-uan dob fhearr im thréad,
dobhí do ghnáth dom choimhéad,
is scéal truagh dhuit, a chláir Múmhan,
a thuitim le sluagh an bharún.



Fiu a bheatha ghlan is a bhás
noch d'fhuiling sé gan uathbhás
a mholadh mar naomh thall 's abhus,
an colam caomh gan domblas.



Toil is pian is cúis dhíreach -
ós iad do-ní mairtíreach:
fuair cúis ó Dhia is toil uaidh féin
's pian ó eiricibh aintréin.



Do thuit mo rath is mo réim,
géar phárthas mé le caithréim,
i n-éinfheacht le scoith na bhfear:
níor chuibhe a thuitim i n-aonar.


L. 243


Do thuit mé ag tuitim dó:
ní bhfuilim anois acht leithbheo;
cóir dhamh tuitim maraon leis:
'gcéin mhair seisean do mhaireas.



Féach, a Choimhdhe, mar tá sinn,
dá éis, gan órd, gan aifrinn,
gan chailís airgid ná óir,
gan chruis, gan chlog, gan altóir.



Gidh aoibhinn dobhí an chora,
'na mbíodh sibh dá bhur síormholadh,
ní bhfuil, a ghrádh, acht a hionad ann -
d'imthigh mar bhláth na ngealchrann.



Mo bhráithre im éagmuis uile
's mé im fhásach nó im dhíthreibhe;
uch! nach corp somharbhtha sinn?
dá éis anocht ní mhairfinn.



Spiorad:
Scuir-se feasta, a ghrádh dod bhrón,
gidh follas fáth do dhubhróin;
bí-se foighdeach bocht go fóill,
's fillfi ortso do thionól.


L. 244


Peacadh an phobail 'na bhfuil sibh
do tharraing an t-ár oraibh;
's do ghlac Dia i n-áit a gcortha
Uilliam mar dháil íodhbartha.



Mainistreacha Chríche Fáil
atáid ag tnúth let éadáil;
dar liomsa ní nár a dtoisc
is an t-áth mar a' tuaruisc.



Ó chaill tusa do thionól,
bí do réir t'anma go deireóil;
ní dual úird duit bheith taidhbhseach,
'sé do scéimh bheith míomhaiseach.



An Róimh féin ní hé a glóir
a túir ná a páláis deargóir
acht cuirp is taise na naomh:
ag sin a maise is móirscéimh.



Mar ar thuirn Rí na cruinne
i mbroinn na hóighe glórmhuire,
níor chúirt é ná halla glan
acht teach eallaigh nó stábla.



Ó lean Proinsias is a chlann
bochtacht Íosa go coitcheann,
lean-sa an stábla is bí mar é,
it ablach fhuar fhliuch aimhréidh.


L. 245


Aithris 'dhéanamh ní náir dhuit
air áit oileamhna an Dúilimh;
féach go bhfuil an tír uile,
leat, faríor! ar aon tsloinne.



Mar bhí Proinsias féin ó chroidhe
créachtach bocht air gach aon tslighe,
budh locht ortsa, ós tú a theach,
bheith bocht is gan bheith créachtach.



Mainistir:
Cia thusa, a ghnúis dheallraidh dhuinn,
a sholais do shoillsibh lóchrainn?
's cosmhuil do ghnúis dháileas searc
le habstal nó le $patriarch.



An tú Proinsias dar tógadh mé -
íomháigh pháise an Chóimhdhe,
fioghair chuirp chéasta Mhic Dé Bhí,
pictiuir créachtach an Áirdríogh?



Spiorad:
Proinnsias na gcúig gcréacht ní mé
mar oighreacht dár dáileadh sibh-se
acht bráthair bocht mé dot órd,
ag teacht chugad le compórd.


L. 246


Mainistir:
Gibé thú do naoimh ár n-uird,
roghlórmhar sibh gan chontabhairt:
nó an tú an $Phoenix aonda glic,
nó Antóin na n-éacht n-oirdheirc?



Spiorad:
Coiste an Dúilimh nach beag mórtas -
iadson ní cuibhe comhmórtas:
scáthán ár n-úird bhearrtha ghlais,
grianán chúirte Pharathais.



Mainistir:
An don druing thú fuair martra,
Daniel 's a naomhchuideachta,
do dhoirt go léir trí Chríost a bhfuil
's dorinn na céadta míorbhuil?



'S mórán dochuaidh tar áireamh;
dorinn iad féin d'fhuráileamh,
ar chlaidheamh, ar pháis, ar ghleo,
ar phéin, ar bhás, ar annró.


L. 247


Spiorad:
ameasc an tsórt-sin bráthar
níor chuireas mo dheaghchrannchar:
d'fhuiling mise bás dom dheoin,
's do thuilleas mar chách mo choróinn.



Níor oircheas damhsa mar chách
imtheacht go críochaibh págán:
fuaras ar taobh astoigh dod mhúr,
rogha bás mar abhantúr.



Ní cheilfeam feasta cia sinn,
a mhainistir chroidhe chomainn;
ní bhiam níos mhó ad chur ag caoi;
's misi Uilliam Ó hÍceadha.



Mainistir:
A mhúirnín m'ochta is mo chléibh
do bhí gan locht ar aontaobh,
a bhráthair budh cráibhtheach meas,
a ghrádh 's a chompáin dhíleas.



Céad Deo gratias le Dia mór
mé dot fhaicsin an t-athló;
a céim is dlúithe dhamh a ghlóir,
's do chuir mo chlú agus m'onóir.


L. 248


A chinn na mbráthar sásta,
léar roinn Íosa mórghrásta,
a fhir shuairc budh líomhtha teanga,
's fuair bárr gacha fóghlama.



Béir ó líne go líne
i nÉirinn ar gnáthchuimhne;
's biaidh do mholadh go lá an Luain,
i mbéalaibh daoine go biothbhuan.



Uch! is cúis atuirse leam
ó chéile anois go scarfam;
dá ma bráthair mar chách sinn,
do lorg go bráth do leanfuinn.



Spiorad:
Gidh fíor go bhfuair mise bás
níor scaras leat ar aontás;
is fearr dhuit m'eadarghuidhe anois
ná mo chomann nuair mhaireas.



Biaidh mo dhéara agus mo ghuidhe
agad, a laoigh, go síoruidhe;
is mo chorp mar chomhartha grádh'
go n-eiséirghe mé an t-athlá.



Biaidh suidhe cléire arís id chóir,
aifrionn, ord, agus seanmóir;
is ní chlaoifi tú cogadh
's muirfir d'éis gach ionnarbtha.


L. 249


Pribhléide agus mór fearta
fuarais tar chách d'iomarca,
gur breis áille bhéaras duit
léirscrios d'fhagháil ód náimhde.



Is tú $chronicle ar n-úird,
sompla foirbhtheacht' na Mionúr,
eisiompláir naomhthachta ár reachta,
d'fhás a préimh na húmhlachta.



Is tú fós an long dhaingean
ar fhairrge $Persecution;
ó thárla do thír fá thuinn,
is tú an $Ark ar an ndílinn.



T'angcaire-si 'sí an umhlacht,
do chrann seoil an lán-bhochtacht,
seol na luinge an aibíd ghlas
do threoraigh mé go flaitheas.



'Sí cóir ghaoithe is óircheas duit
trioblóid, páis, agus díbirt;
nuair saoiltear do bheith báite,
is ann bhíos tú sabhálta.



Is leor anois a ndubhart leat;
béad feasta uait ag imtheacht;
fúigfead go bráth gleann na ndeor
is molfad, thrá, mo Chruthóir.


L. 250


Mainistir:
Uch! gidh fada leat ataoi
gan dol go flaitheas an Áirdríogh,
déana, a ghrádh, go fóill maill
is fáscadh dlúth sul scarfam.



Ní fhaca do mhac-samhla
ameasc aicme bráithreamhla;
mo bheannacht leat ar neamh anonn,
a scaith chrábhaidh na hÉireann.




A fhir abstalda, chródha, mhodhmhair, fhíoraonda,
Níl feasta do shórt, dar ndóigh i gcrích Éibhir;
Badh chneasda do ghlór i gcóir an tsuibhsgéil chirt
Is táir beannaighthe fós le sórt gach príbhléide.



A fhir abstalta, leomhanta, ro-ghlain, fhíoraonta,
Ní mheasaim gur beo do shórt-sa i gcrích Éibhir,
Ba samhuil le Pól é do ghlór mar shoíscéulach,
Air maidean, ar meadhón 's uim nóin 's ar luighe ghréine.


L. 251


Ó meallag go mór an chóip-se an bhith-bhéannaigh
'S gan aguinn 'nar ndeoig mar lón acht díol déarca,
'S gur fairsiong, mo bhrón! an ród go slighe air ndaortha,
Mairig nach geobhadh i sgód a chaoil-chéime!



Mar cheanguil tú it óige córda plíréide
Ag seachnadh stóir is glóire an tsaoghuil bhréaguigh,
Do mhartra chródha fa dheoidh i mBruidhean Chaorthuinn
Is dearbh gan ghó gur óirinn th'fhíoraontacht.



DEOR-CHAOINEADH NA hÉIREANN.
Sémus Carthún, Bráthair Bocht d'Ord S. Phroinsias
ina ghéibhionnuibh cct.



Gan bhrígh, faraor! atá mo chéatfa:
Atá mo spiorad a' dul 'sna héaga;
Atáid mo shúile 'na muir théachta;
'S iad mo dheora mo chothugha láethúil;
Níl in mo bheatha acht annró i n-éiniocht;
Tá mo chroidhe bocht dá réabadh;
'S táid mo smaointe do mo ghéur-ghoin,
Ag caoi go cráite staid na hÉirionn,
Gan sódh ná sult ag éinneach
Dá rugadh riamh ar chlár Éibhir.


L. 252


Ag so dhuitsi mo sgéul-sa,
Re n-airistir gan fuidhioll a héachta:
Do chaill-si a puimp 's a stát i n-éiniocht;
Do díbreadh tar fairrige a tréinfhir;
Atáid a teampla - mar barr péine -
Gan altóir, gan aifrionn, gan sléachtuin,
'Na stábluighe each - is truaillidh an sgéal-so -
Nó gan cloch dá gclochuibh re chéile.
Ó bhí clann Israél san Éighipt,
Faoi bhruid 's faoi dhaoirse i n-éiniocht,
Nír sgríobhadh i leabhar 's ní fhacuigh éinneach
Annró mar annró na hÉirionn:
Do díbreadh uainn aodhuirighe an tréada -
Sinn an tréad seachránach, créachtach,
Ó mhadraighe allta bheith dár léubairt
'S gan ar leighios ar láimh éinneich.
Mar' bhféacha Dia ar ar n-éigion,
'S dimhin go brách gur cailliodh Éire.
Furtuigh sinn, a Thighearna an tréin-neirt,
Do-bheir buaidh ar shluaite d'éinn-fhear;
Tóig do sgiursa do shíol Éibhir;
Cneasuigh ar gcneadhthach re do chréachtaibh
'S ná doirt oruin th'fhearg i n-éiniocht -
Ní ghéanam coirthe i th'aghaidh dá éisseo.
Is iongnadh re óighibh na hÉirionn
Balluighe a mainistreach do bheith réabtha,
A ngeanamnuidheacht féin arna tréigean
Is drúis 'na háit ag dul i n-éifeacht.
Níl iodhbairt gan cháidh i n-éin-teach:
Tombuighe briste, sculuigheacha cléire
'S gach dísleacht eile dobhí i nÉirinn
I n-ísle bhrígh dochuaidh, mo léan-sa!
Gach sean-laoch, gach leanabán, gach tréinfhear,


L. 253


Ar n-ógánaigh, 's ar mbantracht phéacach
Caoineach, gioránach, éagnach,
'Dul faoi ghall-smacht nó ar farruige ar éigin.
Ar ndúthuigh dhílios gan toradh déise,
Gan mhaoin, gan eallach acht féur léir-ghlas.
Táid ar ndílleachta anbhfann tréa-lag.
Do shiubhail gort is pláigh ar Éire
'S gach sgiursa eile darbh'fhéidir.
Ní hairistear fós fuidhioll a péine.
Gidheadh, faraor mór! is léar dhamh
Go bhfuil bogha fós an Áirdríogh gléasda
'S a bholgán saighiod faoi shaighdibh géara -
Gach saighiod díobh ar tí ar ngéar-ghoin
Ó bhunn ar gcos go clár ar n-éaduin,
Ag lot ar gcroidhthe 's a' réabadh ar bhféitheach;
Níl ball dar mballuibh nach bhfuil créachtach.
d'ímigh an ainnis oruin i n-éinfheacht:
An bocht 's an saibhir, an fann 's an tréinfhear,
An tighearna ler ghaothuigheadh na céata,
An calma neartfur 's fear a' chéachta;
Tá tuath is eagluis faoi éan-ghoin,
'S a chroich ar ghualuinn gach éin-fhir.
Ní haithne dhamhsa ní faoin spéir-si
Tá fabharthach, cairdeach lis na Gaedhluibh
Acht an fharruige amháin ar éigin
Nó an ghaoth do sheolus go ré-phort
Luingis ler dturas as Éirinn.
Sé fáth fós bhfuilid-so réidh linn
Mar mhéadmuid an mhuir lér ndéara
'S an ghaoth seachránach lér n-éimhe.
Ní fhaicmíd na flaitheamhnuis réidh linn;
Ní chluinmíd ar ngearán dá éisdeacht.
Tá an talamh tar éis ar dtréigthe -
'S an choill do-bheir dídion don éanlaith,
Gach aill, gach uaigh 's gach barr sléibhe,


L. 254


Gach cnoc, gach loch, 's gach léuna.
Tá'r gcora gan guth cléire,
Gan innte acht mná ag éimhe,
Ag tarruing a bhfolt le saobh céille,
Ag caoine go cráite dheiridh na Féine;
Tá feadáin ar n-orgán réabtha;
Do chaill ar gcláirseach a crann gléasta
Le sinnfidhe cumhuidh na hÉirionn.
Nó go bhfille tar farruige na tréinfhir,
Níl furtacht aguin acht léur-ghul,
Sgreadach, bualabas, nó éimhe.
Ní neart sluaigh, ní heasbuidh bheatha,
Ní marcshluagh Gall dar ghluais ó Bhreatuin,
Ní clíth cumuis, ní díth spracuidh,
Do chuir sluaite na hÉirionn chum ratha
'S do chuir trom-dháimh mhór ina mbailte,
Faraor, faraor! acht méad a bpeacaidh.
Siud sinn anois ins a' teallach
Ina bhféachtar gach miotal bradach,
Ghlanas an t-ór ó gach salach.
'S fíor don Sgrioptúir gach ní dá n-abuir,
A-deir gurb annró leighios ar ngalair;
Le aithrighe gheabhuim-ne maithfeachas
Is aisiog in gach ní dar cailleadh.
Ag so síos suim ar bpeacuidh:
Leatrom na mbocht, goid is bradúil,
Móide móra ar leath taca,
Ar n-anam do thabhairt don fhear is measa;
Ba treise ar n-uabhar ná ar mbeatha,
Ba treise ar bhfiacha ná ar dtacar.
Le tréatúireacht do caille Éire
'S le mí-rún na bhfear dá chéile.
Ní raibh breitheamh do bhéuradh éisdeacht
Do lucht leatruim, i n-am a n-éigin;
Deoránuigh is baintreabhacha ag éimhe,


L. 255


Gan ceart, gan smacht dá dhéanamh.
Ní rabhamar ariamh i lúib a chéile
Acht bó faoi cheangal is bó faoi réiteach;
Nír fríth umhlacht chóir ó éineach.
Carúscadh ag ceannfurt na hÉireann
An uair bhí naimhdibh ag déanamh féadhma,
Totáil i n-am a bheith ghléasda,
Ceannairrge nar bh'fhuras do réiteach;
Cuid na deise aig a' bhfear is tréine.
Is fada riamh le horchóid Éire.
Is mar so críochnuigheadh cogadh na nGaeluibh.
Fillmíd anois is athruighiom béusa,
Déanmuid aithrighe 'nar bpeacuidh i n-éinfheacht.
'S mar so táinig Israéil ón Éighipt,
Ó thigh na daoirse is ó gach éigion.
Maitheadh do Ninive gach a ndéurnaidh,
Is fós do Pheadar Críost do shéanadh.
A naoimh na hÉirionn, éirgidh go léir 'nois;
A Phádruig, budh lér beannuigh a' tréad-so,
Siud sinn díbeartha, siud sinn tréigthe;
An sméaróid múchta 's gan tú dá séideadh.
An trom do cholladh nó an mall th'éisdeacht,
Nach dtugann tú toradh ar éineach?
Mosgail, trá, ná bíodh mar sgéal ort
Nach bhfuil furtacht i ndán do Ghaeluibh.
Siud, a Phádruig m'fhiarán féin leat,
Go n-abruid naimhde na cléire
Nach bhfuil agud cluas le héisdeacht
'S nach ngoillionn gearán na nGael ort
'S dá ngoilleadh, nach bhfuighdis éura.
Gidheadh, bí linn 's bí le tréin-neart
'S biadh slán ar námhad go brách fa Éire.


L. 256


IN OBITUM P. RICARDI PLUNKET.
Pat.Darditz cecinit.



Iolar séilge mhill a' fear;
níl 'mo ghar an cé dobhí;
lóchrann lábhra Insi Breagh
bheith faoi chloich asé mo dhíth.



Amhnár bá nach damhna díth
acht bláith - gé bocht táid saoi
gan choígle, muadh i nduaruibh sean
nó foirghioll fó ó sheinnsir.



Ní feibh Risdeard saothar cóir;
mhéaduigh toirt an fhoclóir,
ag silt i mbéarla go glic
ar shliocht na dtreabh ó dtáinig.



Dligheadh an bháis fuí chuing do chuir
an bhíoth dhíosc in gach aímsir
is truagh dár cé an bheatha char
trá bhíos an tsealg 'na hiolar.


L. 257


BEIR BEANNACHT UAIM SIAR TAR H'AIS.
Tadhg Ó Ruairc cct.



Beir beannacht uaim siar tar h'ais
don Bhanbha fhairsing fhódghlais,
chum na gcompán do chleacht sinn,
lér thromchrádh ar dteacht as Éirinn.



Gluais go dian, ná meabhraigh moill;
ní tú an deoradh doichill;
biaidh sén seirce ort i gcrích Fáil;
is ná dén leisge, a leabhráin.



Aithris tiar dom aos annsa
nar luigh urchra orumsa;
comhshlán atáim air tír 's ar muir,
fam lomlán sláinte is saoghail.



Ionann damh sliabh is sáile,
Éire is iarthar Easpáine;
's do chuireas dúinte go deas
geata dlúith leis an doilgheas.


L. 258


Dothángamar go soirbh slán
le sgoith ghaoithe gan seachrán
acht leath ar suain nach deachaidh dhúinn
ó chneadaigh chruaidh an phearsúin.



Pearsún cráibhtheach Chille Fraoich,
dar chosmhuil cródhacht Chonnlaoigh,
do sgeith ar dtús air tuinn amuigh
a chnuasacht ag Rinn Rachluidh.



Do b'fhearr leis go mbeith ar ais
ag dul go hInbhear Iorrais
tráth chualaidh tairm na tuinne
's fuacht na fairge fíordhuimhne.



Giodh bhámar go súgach sáimh
ag teacht tair chuan Chnuic Bhréanáin
sgéal truaighe a theilgion faoi thuinn
air én do chuaine an Choruinn.



Ar ndol dúinn tar Chionn tSáile
i ló gréine glanáille,
níor fhéud sé tuirn re tart
's do b'é an sompla an sagart.



Ag so a chasaoid ré cách
"ó táim gan chloinn, gan chonách,
go deoidh nach dearbh dhamh fortacht,
is sógh searbh an tsagartacht.


L. 259


"Is truagh liom nar léigios thart
an saoghal mar gach sagart;
is tearc aon a d'iarfadh fallsa
san tír iarthrach oramsa.



"Bheith dhamhsa 'mo dhíol truaighe
feadh na fairge fionnfhuaire,
dom chéasadh os cionn taisde -
féuch nach fuighioll tubuiste!



"Dá mbéinn choidhche i gCúl ó bhFinn
mar atá Tadhg Ó hUiginn,
d'fhédfainn suan go seasgair ann
gan uamhan easgair orum.



"Gheabhainn an t-iasg 's an t-im úr,
gheabhuinn an phluid 's an pheiliúr;
is mé fós ba triath san teach
dá ma mhór cliar na cóisreach.



"Ní ghlacfuinn gan gluasacht as;
do dhíoghail Dia mo dhíomas;
biad 'mo bhiadh leithigh amárach -
do b'fhearr a bheith 'mo bhrománach.


L. 260


"So, a charaid, críoch mo sgéil:
dhénfad an eachtra aigmhéil" -
is céad léig air muir amach,
gan bhréig, do sguir a sgeathrach.




Má meastar dom shagart-sa a dhomáiste
'S a ndeachaidh thairis do chearca 's do ghabáisde -
'S a chuid Laidne nach béarthaoi 'bhaile gan charáiste,
Dogheabha beatha má bhíonn ceathrar gan pharráiste.


L. 262


AISLING SHUARACH MHAGAIDH.
Pól Mhac Aodhagáin cct 1708/9.



Síogaighe:



Aisling bheag ar Éire
Dochonairc mé gan ghó:
Bratach ar Bhinnéidir
Bu fíor-ghorm snódh;
"Meirg súd mhic Séamuis,"
Ar an síogaighe bréagach,
"Gasruidh Gaoidhiol dho a' géille,
Feadh an fhuinn gan bhrón."



Giollarnaomh:



"An dtáinic sé go hÉirinn,
An fhlaith chaomh óg?
Re cumhachta lóin is éide,
An fear is deisi clódh?
An dtáinic sé, nó an féidir
Go bhfuil anois i nÉirinn
A shluagh le clú re chéile,
Ag flath na bhfian - is lón?"


L. 263


d'éirigh uathna Séamuis
Go bhfeirg mhóir;
D'éirigh ruadh Bhinnédir,
An rí os Bóinn;
Do scap a shluagh re chéile,
Soir is siar go saorach,
Gur creacha críocha Méidhbhe
'Á bhána ar fad go feoir.



Dob iomdha fear i n-éigin
Do Ghalluibh, fa bhrón;
Is bean mhór ag éighmhe
ameasg na slógh;
Fir ag roith gan éadach,
Gan uiread a léine;
Ó Chumair síos go hÉirne,
'S go Clíodhna theas an gleo.



Dob iomdha airghe is tréada
Is groidh ag slógh;
Dob iomdha bean bu méirdreach
A' roith fa bhrón;
Muca caomha a' scréacha,
Uain is caoire ag méile,
Buaidhbh is laoigh ag éimhe
Re frasa caointe is deor.



Bu thruagh Goill na hÉireann
An uair-si gan tsódh,
Ar díoth crodh agus éada,
Gan a samhuil beo,
Gártha caointe is éighmhe
Ar feadh gcríoch re chéile,
Soir, siar, 's don taebh theas,
Ar easbhuidh maoin' is óir.


L. 264


Iar músgladh ar maidin dhamh,
Ní facadh na slóigh;
Aislinn shuarrach mhagaidh
Do chonairc mé, mo ghleo!
Uch! bu truagh mé im aenar ann,
A' gul 's a' caoi ag éirghe dhamh,
Gan neach dar shaoil i nÉirinn ann,
Ná san tsaoghul mhór.




- Aislinn dochonairc Giollarnaomh Ó hUallachán,
oidhche fhéil San Davidh .i. an chéad oidhche don Mhárta,
ar chnoc Bhinnéidir, 1708/9; óir dotháinic cabhlach mór san
gcuan, is dotháinic sluagh mór iongantach ós a' luingis agus triath
óg 'na thaoiseach orra, is mionn óir fhór mhullach chinn an
ríoghthaoisi; is do chuir a mheirg shuaitheantaidh shíobhruidh
fhíor-ghorm fór mhullach an chnuic mar is follus do Mhac Aodhagáin
thuas.



DOMBLASTA CRÍOCH AN CHEOIL TAIDHIUIR.
Pól Mhac Aodhagáin cct.



Leagadh leoin óir deacair éirghe;
fuair Éire críoch na gcruaidh-néide,
dar thuit a croinn 'n-am chnuasaigh,
gur corcradh gné a learg n-uaine.



Iomdha toictheach is taoiseach céd,
fear cathuidh ba caoile coimhéd,
bóichéadach, is triath-mhíle trén
thuit uainn i gcríoch na gcolg ngér.


L. 265


Dob fhada gcogadh i gcrích Cuinn;
deacair linn luaidh a gnáthleatruim:
ag athchuimhnigh créacht a cuim,
teidhm nua thinn a sean-éacht eadruinn.



Seacht míle curadh bu garg cruaidh
d'fhlaithibh Fódla na n-ógh n-armruaidh,
a raibhe dúithche gan chíos, gan cháin,
i bhflaitheas Cathuil na gcruadh-tháin.



Acht chúig chéad don fhéin nar mhaoith maith
- ní bhfuil troighch ó mhac an árdfhlaith -
dá sean-ndúchas, don fhonn ar fad,
ní bhfuair fód do chuid, a bhfíorcharuid.



Dhearbhráthair don Chathal chéadna
do leathna timchioll a throm-ghéaga
ós cionn gormlios Ghaoidhiol gan tlás
gur sgríopa buidhin na bhfraochás.



Briathra meala, comhrádh ciuin -
domblasta críoch an cheoil taidhiuir:
gan dlighe fhíor, gan reacht, gan rath,
ar comhall ag Goill na ndaoirbhreath.



Deamhuin sheanifrionn, druim ar dhruim,
shan fhíréin an domhuin dreach-dhuinn
go clár Fólla dá dtí gan ghráin
dogheabhuigh an tír gan tromtháim.



Leathat do bhuinn - gidh cruaidh an dáil -
ar mhaoin, ar chíos, nó ar chruadhcháin,
ar ghrádh, ar uamhuin, ar fhuath,
ní bhfuighe sliocht na sean-tsluagh.


L. 266


A cháirde chroidhe nach truagh ar ndíol,
I ngruaim do shíor a' sgaba déar,
Gan fháth ag aon dar n-uaisle caomh,
Ón tsluagh do díbeara a flaitheas Dé;
Gan cáirde bíd, dá ruaga 'rís,
Na suairc do shíol na Spáinneach dtréan,
Gan fáil ag saoi bheith luath i ngníomh
Ó fhuagradh Gaoidhil tar sáil 's a gcléir.



CAIRNEACH DÉIRCEACH.
Seán Ua Neachtuin cct.



Ar Phól Mhac Aodhagáin, sagart, tre bhronnain ionair
do uasal boicht, Seaán Ua Neachtuin cct.
An cairneach do bhronn ionar,
go fial miochair do gheoineach,
guidhim Dia go dílis
nar raibh a chlí gan chóta.



An fear mar Ghuaire i bhféile,
fear gan spéis i dtoice -
gan easbhuidh bíth nó éadáil,
aois is aonlá 'n'fhochair!


L. 267


An fear is frasach íocas,
ceart na haoi 's na héigsi,
tuirgionn grinn na gaoisi,
an flath ceart díreach déirceach.



Snódh gartha ionna leacuin mar rós a d'fhás,
Beol gasta chum teagaisg bhus treoir do chách,
Leodh sneachtain a chailc-chuirp gan smól, gan ghráin,
Pól easbul 'na mharthuin san bPól-so tá.



AORADH GAN STUIDÉAR.
Pól Mhac Aodhagáin cct.



Iar dtréigean an chreideamh do mhac Sheáin Uí
Chealla, agus ag cur chloidhiomh ar a shliasaid, agus dá bhuain de
ar bhfaitsin an bhráthar feartach Pól Mhac Aodhagáin, dubhairt
an Pól céadhna gan stuidéar:




Más ar chloidhiomh aithnighthear creideamh,
'Uilliam† oirrdheirc †Uí Chealla fhéil,
iomchair do bhior gan cháirde
do nós cách ré séana Dé. Etc.


L. 268


DO PHÓL MHAC AODHAGÁIN.
Seán Ó Neachtain cct c. 1704.




An tan nach raibhe acht aon tsagart go bith-shíor is
gach porráiste agus iar mbás na sagart sin, gan aon eile 'na n-áit
go bruinne an bhrátha agus tre mar tugadh Porráiste Ceille Maighnean
don Athair Pól Mhac Aodhagáin, do chan Seán Ó Neachtuin:



Na dúile ag fearadh dílionn:
tá gach maoilionn 'na lán-linn;
is blas na meala mar chaorthann
gan Pól síth-bhinn a bheith lámh linn.



Ní huch dhuitsi, a Chill Mhaighnionn;
anocht is aoibhinn do thóruinn;
do fearadh ortsa mar naomh-chim
an fhlaith ghaois-ghrinn mar chómhruinn.



Ní gcúl beag ar fóghluim Éirionn
go bhfuil géibhionn ar bhéul Phóil fhinn;
biadh gach olc budheasda 'spárn linn,
an fhlaith ó d'fhág inn - fear an mhór-ghrinn.



Fódla, an bhean, fo frasuibh deor, i ngruaim,
Gan treóir, gan cheart, gan rath, gan eol, gan stuaim;
Ón bpól ó thais ar fad go Pól a dtuaith,
Fa cheo mar bhrat ó scar mo Phól-sa uainn.


L. 269


AITHRIGHE.
Seán Ó Neachtain cct 1707-8.



Tugas duit mo uile annsacht
ón gcéad am fo bhfacuis mé;
guidh-si liomsa, a charruic chrábhaidh,
os ucht pháisi dilMhic Dé.



Misi do mheall séada saobha
an tsaeghuil thaoda, lán do bhaos;
in gach peaca colach, cáidheach,
foirne mé re fána síos.



Mairg do shearc an chruinne chealgach:
meangach, mealltach, meabhlach í;
galán geimhre gail a seirce;
léithe is teirce bheith mar bhí.



Ro chleacht misi díobha is díomas;
goirt an gníomh ro char inn;
bím do ghnáth ar thréad na drúisi;
seachna tnúith ba leisge linn.



Minic mé ar sheilg na póite;
fliuch an fómhar: cóir a chnuas;
sluicear léithe déirc is daonnacht
's cuire anma dhaoine i nguais.



Cleasaidh cluanach, cám an chruinne
's tairneach cuma, cruth is bláth;
's iomdha nathair nimhe i bhfolach
ins na tortha bheir do chách.


L. 270


'S iomdha lomra ro gheall dhamhsa:
cumann falsa, fealltach, í;
táim anois gan mhaoin, gan bhuallach:
brég a cluain - ní buan a bríogh.



Murdhúch í, caoin a cantain;
gaoth a gann-rath - anfa í
thairnios inn fo neart ar námhad;
geal a gáire 's ábhur caoi.



Loisgneach í lé lastar antoil;
fuath a hannsacht, gairge a grá;
ní raibh neach don díne dhaona
dá má dílis í do ghnáth.



Damhna dóluibh cáin na gcionta
treas ar thuillios díobha Dé;
sir-si dhámhsa aithrighe fhíre
's do dheoin Íosa, saorfar mé.



Sílim féin, dhé tá mé cinnte,
os an gCoimdhe go bhfuigh' sibh
gach uile itche is oirchios aisge;
guidhthear m'aisge cheart-sa libh.



'Athair cheirt chrábhaidh, a lámh na fial-fhairsne,
A thaithne mo láir, a ghrá mo chliabh-scairte,
Aisg-se go tráth - tá dáimh ag Dia leatsa -
Mo sheachna go bráth ar bhás i rian peaca.


L. 271


FREAGRA Ó
PHÓL MHAC AODHAGÁIN.
Pól Mhac Aodhagáin cct.




Freagra do chuir Pól Mac Aodhagáin chum Seaán Uí
Neachtuin an 26 d'Fhaoillidh, 1707/8.




Treall, don chruinne má thug h'annsacht,
fill i n-am, a dhreach mar réll;
eagla ifrinn, teach na námhad,
bás go bráth, is ceartbhreith Dé.



Má chleacht díomas, ól gan scaga,
cheol 'na cheatha, frais chiuin téd,
imirt mheallta, bréag, is abhrán -
tréig na compáin, fuath na naemh.



Mairg do shearc glóir a námhad:
sómheallta a ngealluid brég;
troid na ndeamhan, saint na colla
d'fhoirne inn i n-aill na ndér.



Mar bhfuil deabhuidh ghnáth na colla,
an saoghul i bhfoghair thréin,
fuath na ndeamhon air ar n-anam -
do-bheir oruinn cogadh gér.



Ó d'éag an stuaidh do ghoid h'annsacht,
bean na mallrosg bu maiseach gné,
d'fhás do chiall do ghlan-thuigsi,
a fhréimh don fhuil nar char séd.


L. 272


Na séada saobha mheall h'annsacht -
an bhean, an chlann is do spré -
ó scar leat an aicme mheallta,
guidh, a Sheaáin dílMhic Dé.



Guidhe misi leat, a chara,
Mac na bhfeart, Flaith na séad;
ar n-impídhe ar Rígh na Cathrach
bia gan stad re sreabha déar.



Shílis féin is dobhí cinnte
os an gCoimhdhe go bhfuighe dhibh
do shaora ar olc dá n-aisge
's neamh, gan aisioc do bheith libh.



Gan chungnamh, do chruthaigh Ádhamh,
's a chruinne bhán, Dia do chum:
duine don fhuirinn níor slánadh
gan congnamh d'fhagháil go lum.



Aithríghe ghrod, gan sgís, a Sheaáin
Uí Neachtuin bháin, go prap déin:
a bhfuil san gcruinne dá naomhtha
ní bhfuigh' neamh dhuit gan thú féin.



Déan aithríghe, lóir-ghníomh is croidhe-bhrúgha géar,
Déan osnuighe bhorb-bríomhra is úrnuighthe bhéil;
An tArdrí chruthaigh daoine re cúmhchda trén
Ní shlánuigheann neach san tsaoghul gan a chúngnamh féin.


L. 273


PÓL MHAC AODHAGÁIN
I mBRUID.
Seán Ó Neachtain cct.



Chum an Athar Pól Mhac Aodhagáin ar mbeith i
mbruid san mBlack Dog agus iomad eaglaisibh mar aon ris, do
chan Sean Ó Neachtuin:



A shearc is 'annsacht gach saoi,
dar mian inntleacht is ealuidh;
súil-fhliuch sinne 'nocht 'do dhiaidh,
gan ghrádh, gan ghreann ar gcombaidh.



Glan-réalt iuil 'na fhile thú;
do na Musaidh 's mór-chlú;
Dallán Forghaill Bhanbha bhrais
i ndán ná i bprós gan chomhmheas.



A aghaidh líomhtha eagna Fáil,
do ghrádhaigh greann roimh éadáil;
meath gan mheas don Ghaoidhilg thú
atá id bhruid - gan stiurú.


L. 274


Is fearr dhuit ná riaghal ríogh
go bhfuil san gcrúth a bhfuiltí
'nós Pheadair ba ceann don chléir,
i mbruid le éagceart shoiléir.



Sólás róileor is leat ann,
is fearr ná ór na talmhan:
cúigear frat an chóir do char
tré chreidiomh an Choimhdhe i gcarcar.



Sibhsi sisior atá i nglas
aga bhfuil iul is uaigneas,
is fearr bhar nguidhe cosnamh cath
ná míle cura cródha.



Uch! 'do dheoigh 's bhar ndiaidh uile,
a chliar chrádhbhach chat'lice,
's iomdha sin is díochra déar
ó bhar mbruid ag sleachta Lúitéir.



Tiucfuidh Sé gidh mall an teacht -
Dia foirfe dar bhfurtacht;
ar dtoil féin ní sirthe dhúinn
acht toil Dé 's a dhiamhar-rún.



Samhuil mé do óinmhid amh
'teagasg eagna do Sholamh;
ar a shon sin, is maith an mhaith,
abair a teacht ó annfhlaith.


L. 275


Uch ar uch 's m'uch go trom
bhar seisior sibhsi i ngéibhionn,
a shoilse eoluis an chreide chóir
nar fhosguil béul i n-éagcóir.



Mo ghreada géar! is creachta tréad na bPápairidh
Is scaith na cléire i gcarcar chael, gan áird, gan chaoi;
Fearta Dé go bhfeaca sé tapa tráth gan sgíth;
Leaga léir air aicme an Bhéarla chráidh mo chlí!



FREAGRA Ó SHEÁN Ó NEACHTAIN.
Seán Ó Neachtain cct.



Cum an Athar Pól Mhac Aodhagáin, freagra S. Uí Neachtuin.



An moladh uait do fhuaras
- a thabhairt do dhuairc is doladh -
bheirim air ais gan ghó dhuit,
dhuitsi dar cóir an moladh.


L. 276


Fearr a thuilleas a cháine
duine gan áird mar mise:
ag fior annamh mo chuarta
chum duine i nguais mar ibhse.



An bhean bhronnais gan léine
glacaim-se léithe feasta;
bean is seisear 'na ngeoinneach
duit do mo dheoin 'na malairt beannochta.



Mo chreach is mo leann gach am mar táir i mbruid,
A chara na bhfann nar ghann i láthair Scoit!
'N aicme chuir bang ar ghreann budh hádhbhar suilt
Easbhuidh 'na dteanntain - amhgar, gáradh is guil!



BEANNACHT BHLACK-HEAD DEARY.
Seán Ó Neachtain cct.



Beannacht Blaic-Head Díri chum na heagluisibh bhí i mbruid
san mBlack Dóg i nÁth Cliath. Seaán Ó Neachtuin cct.



Tabhair mo bheannacht, a pháipéir,
don chliar láinéagnuigh eolaigh
atá fa ghlas an Mhada
is fagh a mbeannacht-san dóinne.


L. 277


Tabhair beannacht tre dhúthracht
fhoraid Bhrúnaigh an chloidhimh;
ar son nach bhfuil mar cháirneach
's fearr ná táinte a bheannacht.



Ó nach dtuigeann an Díomsach
teanga dhílis mo mháthar,
a nGaoidhil fudar fadar
tabhair beannacht don fáitir.



Tabhair mo $blessing dósan;
innis do fós gur táim-si
tríd seisean lán $móning,
$sheding deora mar sáile.



Gheobhair $blessing 'na mhalairt;
saoilim-si is maith an connradh;
's fearr aon $bhleissing le seisean
ná míle $bleissing liomsa.



An tAthair dílis Mhac Aodhagáin -
tá mo ghéarghrádh ag tál air;
ní shaolim lena bheannacht
nach bhfuighe peacthach go Párrthas.



An flaith fír-ghlic, Ceallachán,
i mbruid is dian-chrádh linne;
tabhair-si beannacht uaidhsean
is beannacht uainne chuige.


L. 278


Ruaidhrigh, an seancha saobhdha,
ghoireas daoire dhíomsa:
daoire a bheith 'n-ionad Táffa
is leor mar ádhbhar íongna.



Más tre mar reacaim earradh,
do-bheir an flaith an tár-so,
ní bheith féin níbhus saoire
aga díol mar atáim-se.



Ar a shon so, ná dearmad
'fhagháil, mar almsa dhúinne,
lán beannacht os an tsaoi-si;
is beannacht Chríost dá chumhdach!



Beannacht go Pól Mhac Crosáin,
an flaith is fulláin crábha,
an Pól bhus cródha seasamh
mar Phól Apstoil i ngábha.



Beannacht an Phóil-si dhamhsa
fagh le hannsacht, a litir,
's ní hamhras mé go saorfa
ó uilc daondha is spiorad.



Monuar an aicme reachtmhar, réidh, ceart, cóir,
Go buan i nglas, san Mhada mhéalach mhór!
Bualadh, basgadh, lagar léir, is cró
Ar shluagh na Sacsan 's mallacht Dé go deoigh!


L. 279


BRUID FHEAR bhFÁIL.
Pól Mhac Aodhagáin cct.



Is tuirseach mo chás gach lá air deirgmhire
Tre imtheacht bhfear bhFáil gan fád 'na seilbh uile;
Ar ionarba atá, fa chrádh a ndoirbh-thinnis;
Eachtranna ag fás 'na n-áit san ngorm-inis.



Ar mbruid dorug bárr i gcrádh 's i mbochtuine
Ar gach sgrios dá dtá ó d'fhás an céd duine;
A mairionn san áit gan fagháil a sean-chreide,
Teagaisg fir-bháis =fírbháis? nó trácht ar coisruige.



Flaithe bhfear bhFáil, gan dáil a bhfaigsuine,
Ar ionarba atá ameasg Gháll na ndoirbh-thuigse;
Reachtuid ar stát, dá n-adhbha gan rochtuine
Feadh mhairfid, go bráth; ca cás is ro-dhoilghe?



Dá dtagadh dar n-adhbha ón áras ifiorndha
Na deamhuin rug ár Chloinn' Ádhaimh, adeirim-ne,
Turca, Clann Ábhramh, Fránca is Geintile,
Reacuid ar n-áit daibh 's gan fád 'ar seilbh-inne.



Oremus: Oratio:



'Athair na ngrás 'chí cás ar stuirm-ne,
Ar n-ionarba ghnáth, ar gcrádh 's ar mbochtuine,
Fóir oruinn, tráth, re lámh do thrócuire;
Sgrios leat ar stát amhuil Pháro i nDeirg-fhairge.
$Amen.


L. 280


SILVESTER LÓID, O.F.M.
[?] Tadhg Ó Neachtain cct.



Ar bhfilleadh don Athair Silvester Lóid ón Fhraingc go
hÉirinn, fáilte.




Dia bhur mbeatha go fiath Floinn,
a Leoid ionmhuin, a chléir chumainn,
a bhile cúrtha críche Cuirc,
a thagarthaigh ádhbhar oirdheirc.



A chrainn fo thoradh teas-ghrádh' nDé,
a uaidne uasail an chreide,
gi fiata h'ainim, ní headh do mhéin,
a cheannsaidh chaoimh nar thuill toibhéim.



A theachta tréan 'n-aghaidh eachtaibh Gall,
tre thonnaibh borba ag taisdeall,
ag fulang duadha is fuatha Danair
do shaoradh do chríche is do charad.



A chéile cumainn an chreide chóir,
a áilléan Éireann 's a hónóir,
a dhíoghruis dhiadha suadh is sean,
a rúnaidh éagnach na n-uasal.


L. 281


A ghille Gaoidhiol ag faire a dtréad,
dá gcaomhna is dá gcoimhéad;
a fhaol fraochta ag scrios peacadh,
a dhreach ionmhuin na hannsachta.
A thobair thart-chosga na heagna,
a fheallsamh ionmhuin na hollamhna,
a dhiadhaire dhílis Mhic h'Athar,
tú i n-umhla go n-árduighear!



A dhalta dhiadha na húmhla,
a réulta dhealra Mhíonúra,
a leinb chroidhe Phroinnsiais na bhfeart,
a chuisle chumainn na ceannsacht'.



San bhFraingc ba mór do mhuirnn;
do theachta ó uaislibh Éireann
fuair éisteacht ó rígh an fhuinn -
gean, grádh, 's ó uaislibh, urraim.



Urraim ó Dhia dhuit dá bhrígh -
aisge Éireann is a himpídhe;
d'oidhche 's do lá ó 'nocht go beacht,
naoimh is aingleibh dod fhurtacht.



Antóin naomhtha ó Phádughá
dod chaomhna is dod dhíon, a dhian-ghrádh,
go rochtain sibh dún Mhic Dé,
i gcaidreamh Mhuire, ógh, is aingle!



Gom ba fada go sroiche sin,
do ríghe i ríoghacht neimhe,
d'eagla díleachta do dhéanamh dhínn!
dia do bheatha, a mhuirnín!


L. 282


'Mhuirnín éigsi 's a chéile gráidh gach ógh,
'Mhuirnín récsibh, 'dhéighfhir do thár gach sódh,
'Mhuirnín Éireann re ar saoradh í ó chrádh 's ó bhrón,
A mhuirnín Gaedhuluibh, na céada fáilte rómhad!



Rómhad gach ceall, gach teann, gach mór, gach flaith,
Rómhat gach fann, gach clann, gach óg, gach sean,
Rómhad a bhfáilte, a gcaint, a gceol, a ndearc -
Go deoigh, a annsacht cheannsaigh, a Leoid, is leat.



Leat i gcroídh' do shíor gan bhréag, gan mheang,
A athair chaoimh na ndíleacht ndéirceach bhfann;
Beannacht Íosa dod dhíon ó dhaorbhruid Ghall!
Lá 'gus oidhche na mílte céada fáil-



Te rómhad don fód-sa Fhiacha is Airt!
A staruidh eolgach, do seola lé Dia na bhfeart
Tar taod bóchna go Fódla fa ciamhar dreach
Go teacht díbh róifhir da fóireadh, Dia do bheath'!
TÓIR AR NA BRÁITHRE.
Duine Anaithnidh cct.



Atá triúr dochtúir naomhtha léar sgríobhadh na grása,
St Augustín, St Doimnig, St Phroinnsias atá láidir;
Ó nach bhfuil beann aig na náoimh-si ar na bráithre,
Is mairig don tí chaoineamh a ndíbirt ar sáile.


L. 283


'Dhia mór na glóire, is brónach atáim-si:
Cléir mhaith na Fódhla dá seola ar sáile,
Mainistreach' dá stróca is tóir ar na bráithre;
'Aon-Mhic na hÓighe, go bhfóire tú an cás-sin.



'St. Proinnsias atá naomhtha, déan-sa caomhuinn dod cháirde,
Is ná léig féin a ndíbirt go ríoghacht bhocht na Spáinne;
Ó nach bhfuil a ndídean ag príonnsa nó ag Pápa,
Mo chreach ghéar gan Laoiseach san tír-so 'na bhráthair!



Go dé an codhla tréan-sa órt, a naoimh dhílis Phádruig?
Nó an bodhar ataoi th'éisdeacht agus Éire 'na fásach,
Is go ndéanann gach aon aca dídean dá bhráithre
Is gur cosantach thú, a Shéumuis, ar cléar ceart na Spáinne?



"SI QUAERIS MIRACULA."
Tadhg Ó Neachtain cct.




Si quaeris miracula: Naomh Bonaventúir cecinit air mhíorbhuile
Antóin Naomhtha ó Phaduá. Tadhg Ó Neachtain:




Cia rér mian míorbhuile mór
ná iongh'ntas-ghlóir d'fhaicsin, tráth -
ná d'éisteacht, fós - triallach sé
go hAntóin dé Phadughá.


L. 284


Beothann mairbh is othair tréith;
ruagann go tréan deamhuin dúr;
fós eiricibh filleann sé
for chreideamh Dé, Rí na ndúl.



Beothann etcetera aris.



Tochtann treathain an mhuir mhóir;
daoirsibh fóireann i gcás cruadh;
bheir furtacht don dól i ndéar;
íceadh é don lobhar luath.



Tochtann arís.



Baill searga slánuigheann sé;
is tearmonn é is gach brón;
gach ní caillior beir ar ais;
leanach gach neach an searc-stór.



Baill searga arís.



Óg is arsaidh gheibh ó Dhia
'n-aisge diadha, 'ngean 's a ngrádh;
an chuid eile - fágthar é
do leith an naemh d'aithris thrá.



Do Dhia an tAthair glóir bí
's don Mhac mhín, uaidh do ghin,
's don Spiorad Naomh feartach fial -
aon AirdDhia rígheas go bith.
$Amen.



Tochtann treathan an mhuir mhóir etc. arís.



V. Guidh oruinn, a Naoimh Antóin beannuighthe.
F. Go mba fiu inn geallamhna Chríost.


L. 285


Orrtha.



Guidhemís:
A Dhé, go mbí h'eagluis glonnruighe tre impidhe do naoimh
coinfeasúir, San Antóin: go beith di do ghnáth caomhnuighe
re cabhair spioradálta agus go dtuilleamhnach go sealbhuigh
sí glóir shíor tre Chríost, ar dTighearna. $Amen.



FROINSIAS WALSH.
Tadhg Ó Neachtain cct.



A shaothaibh alga Éireann uill,
so chugaibh, i gcroidh' 's i gcumann,
saothar gan tsochar 'n fhallsaimh fhíor,
ó chlár Dara na nglas gcraobh.



... ar geine an bráthair binn,
mo Phroinnsias ionnraic ionmhuin,
tug do roghain, roimh séan is sódh,
aithbheogh' fhritill Éireann algo.



Friotall robhí, mo thruagh! fó thár,
gur sgaoil seisean dlúimh an deoráin,
chuir íceadh a phinn re a créacht;
grádh gach mórdhacht an móir-éacht.



Léaghthóir diadhacht, mo ghille glé,
mo Uailseach sáir-bhinn an tseirc-ghné,
an miodh muirneach, an mhéinn gan mheing:
go raibh Dia dá anam aoibhinn!


L. 286


Cóig bliadhna déag, adeirim ribh,
don ilbhéarrlach 'tacar briathraibh,
fho chóig chóigidhibh Éireann uill,
i nduadhaibh dorrdha is i ndoineann.



Ní bréag m'fhuíghle, bhus feas mo rádh,
don tí 't-chífeas a oibreacha,
narbh fhéidir a dtiomsúgh', adeir mé,
gan duadh, dochar is doghruinne.



Doghruinn d'fhuiling an gean, gan ghó,
mar dhearc-sean Éireann ag séanódh
mós is béas is teanga, thráth,
na suadh, na saoi is na seanchadh.



Friotall Phádruic is Choluim chaoimh
bu duirbh ris an diadha dearsgochtaoi -
léigheann i mbáthadh, uime sin,
d'aithbheogh' an deorán, tré thruaighe.



'S ní mar gheall ar mhaoin nó mheas,
do ro-scaoil dlúimh a dorchadas
acht re go bhfaiceadh suadh is sean
líonmhaireacht tairbheach na teangan.



Gan í, tá Laidean lom i mbrígh
mo rádh níor dhiamhair ar an déaghshaoi
tá Béarla bocht oirisi thráth
nochtas ciall chaomhnach a chómhrádh.



Aoibhneas neimhe don ollamh úr,
don bhráthair bhocht don Órd Mionúr,
ro chríochnaigh a roith - rádh bhus brón -
sul chríochnaigh an fear an foclóir.


L. 287


Focalóir, go fíor ina bhfuil
Béarla, Gaedhealg agus Laidion;
aibeoghas inntleacht is meabhair bhaoi
'n óig, an ársaidh is an alg-shaoi.



Leachta fíor so, bhus buaine bláth
ná múiribh caomha cathracha;
glacuidh a chríochnúgh' uime sin
ó Thádhg† nádúrdha †Ó Neachtuin.
AOR.
Antoine Ó Cuilleáin cct.



Rinis agus ní dheárrnuis
maith, a Phádruic, dot shloinneadh:
créd d'fhásfadh as fréimh Dhorcha
ach gég dhorrdha gan eineach?



B 1851lsc 19L
U Anaithnid



aig seo mar dubhairt dís
brathar do ráinic chum tíghe fir do mhuintir Dorrachaidh aig iarraidh
caomhnadh air an aimsir pian-bhrúghadh na heaglaise, acht dorinne
diobhchiol rompa agus do dhíbhir uaith iad.


L. 288


Ar son an fhéile 'dhíbirt
tar éis a daoine 'challadh,
ar son a beith gan nóchar,
nír bh'fiu léith pósadh leatsa!



Ós don doicheall is dúthcha
gan cleamhnus 'dhiultadh ar bhodach,
bíodh sí agad mar chéile
ó loisg an fhéile sop ort!



Ó torchradh an t-inioch 's gur imigh fuil árd Uí Ruairc,
'S tar gorm-mhuir uile gur cuireadh Síol nDálaigh uain,
Sé stoirm an chithe chuir sinne in do dháil-se ar cuairt,
'S ní dorcha do shloinneadh ná mar chuiris na bráithre uaid!


L. 289


AODH MAC DIARMADA.
Antoine Ó Cuilleáin cct.



Níorbh'aithne 'na bheatha dom Aedh-sa acht clú
'S ní scarthaidh lé n-a thais-sin an fhéile i n-úir;
Biaidh an talamh linn feasda fón bhfér go húr
Ó chaidreamh mic Chathail 'na chré san uaigh.



Uch! ainnis ort! a Charruic, go dé do chúis -
Nó nach daighion an seasamh dhuit, a mhéirdreach shiubhail,
Ó cailleadh do nead insa bhfénix úd -
Nach sgreadair, a chaillioch, 's nach bpléusgann tú?



Ach 'sé mheasuim go ndeachaidh do chéudfa ar gcúl;
'S le caisléan do caitheadh gur chlaen-chloch thú;
Níor bhacach thú an seal sin bhí aenchos fúd
'S dá feasbaidh, bí feasda gan léim, gan lúth.



Ó b'fhada lán mara na féile id chuan,
Ní dheachaidh sé 'mach nó gur ég go nua
An fhlaith-si bhí 'n 'fhairrge i gcéim 's i gclú;
'S ó theasduigh, ní rabhart', faraer! do smúid.


L. 290


Annálach.



Naoi gceathair bain asdu, dhá aen is cúig
Don mhí dheachtaigh 's a dheachmhaigh lucht léighinn dúinn,
Míle earrach 's a seacht ar sheacht gcéud don Uan
An oidhche theasduigh mhac Cathail, mo lén! sa tSrúibh.



DEABHAIDH I LEACAIN MHNÁ.
Gearailt Ó Cuilleán cct.



'Sa leacain na mná nach gnáth i bhfeirg-chionta
'S nar pheacaigh - bhí i ndán go dtárla i bhfeill isi -
Taoi deabhaidh gach lá, gan spás, gan seirg-imtheacht,
Ag an meas a' breith báire air bhláth na feirdhreisi.



'S ní fheadar cí tá san táin-si air leirg time -
Bí an meas, dar leat, tráth air páirlidh seirbhchinne
'S a' bladar leis an mbláth 's dá rádh nach "doirbh sinne"
'S gur ab "air an athair ó dtáir-si d'fhás gan cheilg misi."


L. 291


'S mar nach meallann an pháirt, ón mbláth, a dheilbh-ghile,
An meas téid a' spáirn leis, lán do dheirg-mhire;
'S cibe hacu ba sláine ó áirghe sheirbh-thinnis
'S machtna nar fhágaibh an dáil an ghairg-chuimis.



Tig glaisi do bháith go bráth i meirg-criostal
'S nar daitheadh le Ceard na n-árd gan ceithre ligion,
Dá thagra sa táin 's dá rádh "más doirbh libhsi,
Biaidh dearca na mná nó bás 'nar seilbh inne."



Ní taisi sa táin-si lámh na ciorr-dhuibhe
'Tiacht thart ann i bhfáinne i mbárr a meirbh-mhuinge;
Arna fhaicsin don mbláth do bhánaigh is mheirbh-chrithnigh;
'S a' meas, le neart sgánnraidh, d'fhás 'na craedheargchrithre.



Is feasach as deálradh sáimh 's as soilbhire
Na glaisi gor sásta tá don chloiche d'imir,
Na dearca mar d'fhás as bárr na stoirimi-se
'Steach in a gcnáimh-thor álainn 's eagar-dhruite.
Ní chanuim mur táid as bárr mo ghoirbh-thuigsi
Do thallann, do cháil, do chrábhadh, do ghoirm, th'ineach;
Do phearsa gan smál, faoi cháin chuir Deirdre uile;
Acht, a Bheiti, 'nín tSeáin, leat slán gan feill-bhiseach!


L. 292


CONSPÓID.



Gearalt Ó Cuilleáin agus Éamonn Mhac Néill Ruaidh cct.



Gearalt:
Mur' ngéillinn-si dh'Émond 's don óig-ghasraidh
Ghléasas 's nach séanann gach bó reamhar,
Déaradh lucht Béarla 's ní sceól earraigh
Gur do réir an chroinn ghléasda bhíos ceól aca.



Éamonn:
'Ghearailt a' tséin le léightear sdair chrainn
Is fuair teasdas na dtéad nar léir do sheanNaoise,
Tá dreis agaibh féin do dhéanamh an ealaín-se
Mur' mbarradh an crann gléasda méin mhur macnáoise.



Gearalt:
Is páirt dod ghasdacht mar bhearruis mo chnúasach rann
'S le tábhocht h'aignidh gur dhallais mo Chúpid ann;
'Sé táil is dleacht dhuit bheith 'spreagadh na mús ar faill
Acht tá m'ághus baisde mar bhaisdeas an Iúdaigh a gclann.


L. 293


Gearalt arís:



Atá an dá Bhréifne aig éagcaoin 's gan bhó aca
Ó na caol-choin ón Éirne atá beo bradach;
Ní féidir go mbéidhid siad gan cheol feasda
Is an mhéid úd théid le téada dá ndeoin aca.



Éamonn:
Is díth croidhe bheir dhaoibhsi 's gach bó reamhar
Bheith gach oidhche mur an Aoine gan feoil agaibh;
Beidh grísgin sa tír-se agus feoil bheara
Agus cead caointe is ndíolaidhocht cheoil aca.



GREIM AN FHIR BHÁITE.



Sean-sagart aig a raibh parráisde - agus do b'é Bonaventúre
Mhac Alinn dob uachtrán ós a chionn agus dobhí sé ag cur sagairt
óig ann' áit. Agus do scríobh an sean-sagart chum fear comhairle
dobhí aige 'un a chomhairle d'fhagháil. Agus do scríobh an fear
comhairle chuige air ais mar leanas:



Ós deimhin liom gur chinnti air, an Pápa athair,
Thusa 'chur ón chill 's gurab innte tá d'áit feasda,
Do chionn a chuir faoi linn agus tú lán-chaite,
Go cinnte bíodh greim an fhir bháite agad.


L. 294


IASACHT LEABHAIR.
Riosdaird Tuibear cct.



Deich gcéad beannacht uaim 'bhar ndáil
i n-aonfheacht le hAodh, mo Sgatháin;
's an leabhar céadna cuir ar ais
i n-aimsir bhar mbáis, gan imreas.



Gebé mhairfios uaimsi beó
an leabhar líneach-sa do thabhairt dó;
's nar fa luighaidé do shaoghal-sa sin,
a stíobhaird an Choimhdhe chumuinn.



UAISLE THACAIR.
An tAthair Mainnin cct.



An tAthair Mainnin, bhí 'na dhuine riaghalta $et 'na fhile sa
n-am gcéadna. Bá hé budh gárdighan i Mainistir Chill Chonaill
an tAthair Antoini Ó Ruadhín Anthony Fox. Do tharla fan
tráth-so cóchruinniugh líonmhar cléire agus uaisle eile ann agus do
ghabh an tAthair Gárdighan ag maoidheamh a ghaoil air clanna
Míle go dlúth, air clanna Néill agus Síol gCeallaigh.
D'iarr cuid dona huaisle ar an Athair Mainnin dán do dhénamh
don


L. 295


Ghárdighan. "Dhénfad," ar sé, "ma bheir sé a fhocal dhamh
gan fearg da ghlaca thríd, anois nó aon uair oile." Do mhóidigh
an Gárdighan sin - agus dubhairt an Maininneach:



Sguir feasda do shíol gCeallaigh 's do shárfhuil Néill
's gan acht ballathaigh is fleasgaigh in do threibh go léir:
uaisle thacair taoi agad, a phrelaid tséimh -
mur cuirfi falar a gcapal ré súgán féir!



FILE GAN NÁIRE.
An tAthair Proinnsias Ó Doimhléin
do Ghearóid Mac Coinmídhe cct.



Gach croicionn libh dár feannadh
ar feadh gach áird san tír-si -
anois ó fuairsead leasúghadh
is maith an t-ádhbhar bríste!


L. 296


Ní feárr leat croicionn bathlaigh,
gá mbíodh a lámh san aoileach,
ná seiche Uí Néill, an barraidh,
dá ghearradh lé dimhsibh faobhrach.



Is olc do chéard, dar liomsa;
olc do pháirt lé saoithe;
is olc do dheireadh cumainn;
olc do ghléas chum maoine.



Lé géire bhur dteangan do feannadh libh uaisle Gaoidheal,
Giodh súgach chaithidís oruibhsi a maoin 's a sbréidh;
A bhunadh na mallocht nach glacadh súd 's a fhagháil go réidh,
Go bhfaghaidh sibh banbh na muice nach rugadh 's nách béarfuídhe é!



SÉAMUS Ó SIADHAIL, EASBOG.
Séamus Mhac Cuarta do chum an duan so
don Easbog Siadhal.



Iaruim bhur mbeannocht gan fheirg,
a chroidhe gan cheilg ós ceann cháich,
i n-onóir na gcúig gcroidhe gan mhairg
do pianuibh fa mheirg shíol Ádhaimh.


L. 297


Air ghrádh do mhaighistir faoi dhó,
Íosa na slógh d'fhulaing páis,
a mhic Mheilchisadeic is Eoin,
tóig ós ar gcionn fós do láimh.



An láimh sin do hongadh le hola
do réir thola Ríogh na ndúil;
i n-onóir th'intearacht 's do léighinn,
beir sinn faoi do sgéith go nua.



'Chéile Choinnire is Dúin mhóir,
'choiseóntóir na slógh go gcreideamh Dé,
'cheannphuirt air annsacht na n-órd,
'mhaighnéis óir i measg na dtréad.



Mar ghreamuigheas an t-iarann fuar
don mhaighnéis is uaisle cáil,
go gceangluidh dhaoibhsa bhur gcléir,
ag míniughadh léighinn san chlás is fearr.



Libh dá sinntí an buabhall binn
atá faoi bhur gcuim i bhfolach uainn,
chluinnfí ón tSionainn a ghlór
go Dún na Bó san taoibh thuaidh.


L. 298


Is binne bhur dtroimpéad san Róimh
's i Labháin na n-órd idir an chléir
nó i nÉirinn ag Lúitéir 's ag Seon
mhúchas an chóir le slighe na mbréug.



Colum Cille céillidh caomh,
déaghmhac do rígh Innse Fáil,
ionann sinnsior dhaoibhsi is dó:
's ag Niall an óir do sgar bhur bpáirt.



Dhá mhac do Niall na naoi dtalta,
Conall Gulban do ghabh gach tír,
is Maine ó dtáinig síol Siadhail -
is iomdha triath do lean dá ngaol.



Dothigeadh an t-aingeal, Axal árd,
a chaint lé Colum, grádh na naomh;
ós ionann stoc dhaoibhsa is dó,
lean dá nósuibh, a bhráthair na ríogh.



Fuair Colum, ó ghlac na grádha,
gach ní mar ab'áil leis ó Dhia -
fiche míle manach faoi na stiúir
i nAlbuin úir 's i nÓsruighe thiar.



Tá dúil aguinn, a cheann na n-órd,
go leanfair san ród do bhráthair gaoil;
ní bhfuighe Bachus 's ní bhfuair
ortsa buaidh, nó cathughadh an tsaoghuil.


L. 299


Leanfair-sa seirbhís do ríogh,
Athair na naomh do dhealbhuigh grian;
ó táir 'do stíobhard ag an Triúr,
go raibh bhur gclú mar is ait le Dia!



Gach uile pheacach bocht gan treoir
is tagaid dá ndeoin faoi do stiúir,
crúcaí Lúicifir nach cóir
ní heaguil dóibh nó Beilsibúib.



Beannacht air mhíle don Triath!
beannacht Dia agus na naoi n-órd!
annsacht na naomh dho shíol Siadhail
ós ceann na gcliar le coróin óir.



Beannacht an Chóimhdhe chómhachtaigh charthanaigh chaoimh,
Beannacht na n-ógh, na n-órd, na n-absdal 's na naomh,
Beannacht na hÓighe phós Sé, banríoghuin na n-aingeal,
Don phatriarc óig le dtóigfear peacaidh dár dtír!


L. 300


FÉIDHLIM Ó hANLUAIN.
Pádruig Mhac Gillionndoin cct.



Tabhair, a laoigh luinn leachta,
uaim tré dhíoghrais annsachta,
nós mná gan sgáth, caogad grinn
don éarlaimh uasal fhoirtill.



Fear dar dhual ceannas i gceart,
bile don phailm na lubhghort,
abhall far fhás air gach rinn
bláth na heagna an inntinn.



Ainm dó "Foras Feasa",
déismireach suadh n-anuise,
sgáthán, grian lonnrach sráide,
air dhéalbh-dhreach 's air chaoin-ráidhte.



Aige Helicon na sreabh mín,
níor dhiul mná na bhfionn mbos-chaoin
dalta budh dleachta go gceart
air mhéad grása, le hinntleacht.
An té dá labhruim anois
tearc 'na chonchlann 'sa n-inis
mar é air a léigheann na gcló;
dair leacht gur b'é Ciceró.


L. 301


Sagart son séimh-ghlan seirc,
leanas riaghail Melchizedek;
fear sciurtha, mhínius a cháin,
go dúr aige díbirt Shatáin.



Seanmóintidh sompla na bhfios,
air mhéin samhluim Scotus,
an tAthair Féidhlim, fort fon gcill,
dochtúir a d'árd an teampuill.



Cé hárd an iarsma ór fhás,
ní náir go nua na sheanghnás,
d'fhuil uaibhrigh Cholla na gcréach
air dteacht don fhial ó Mhuireadhach.



Dá n-áireamh ní bhiadh feasda
a ghaol le ríoghraidh Chruachana
gur lia ná meoir air gach ball
fuil rígh ón mBóinn 'na thimchioll.



'Athair Féidhlim na ndreach ndonn
's a dhreach air líogh na nglas-dtonn,
dot thaoibh acht mar labhras ceart
gabh aige mbanbhainne nintleacht.



Milis lióm labhradh do bheoil;
millsi nó míl do shéanmóir;
millseacht a $ambrosia fa seach
millseacht do théagsa ndíreach.



Dot shréad ní baoghal bás
teagasg mo churaidh i gcompás -
léaghthóir léighinn an Luain
d'fhuil éachtaigh fhéil Uí Anluain.


L. 302


FÉIDHLIM Ó hANLUAIN.
Brian Óg Mhac Cana cct.



'Thríonóid naomhtha, dhlíghis uainn
glóir is moladh gach aon-uair;
'tAthair Féidhlim saor do theacht
le íce fhíor dar bhfurtacht.



Créachta a phobuil - sgéul go bhfios -
bheir balsom dhóibh dá leigheas
air lorg Eoin Baisde go mbrígh
tré fhuagra luach na haithrigh.



'Nós Pheadair easboil áird
tá Féidhlim uasal dreach-náir,
sagart cráidhfeach geanmnaidh grinn
do mheabhruigh cruas gach léighinn.



Dochtúir mar Phól i bhfuighlibh ceart
'seanmóir na ngrás 'sa nua-reacht,
'míniugh théagsaigh gach ré feacht
'retoric, 'bhfalsa, i ndiadhacht.



Fuair cumhachta ó Rígh na bhfeart,
nach bhfuair Maoise 'sa tsean-reacht -
Abram, Aron, nó fáidh fios,
nó aingle glan-Phuirt Pháruis.


L. 303


'nGrinn-eagna feallsamhnacht fíor,
'rúin-diamhraibh diadhacht lán-tsaor,
sagart mór budh síor-bhuan téisd
do réir uird Mheilchisedec.



Mur thuilleas 'ráidhtibh béil;
Scotus 'scrúdugh' ro-léighinn;
Aristotil 'n-arguin ghlic;
an t-óg 's a' t-arsaidh 'n-eolus.



Ó thús an domhuin gan bhaos
is gach drong dá raibh i gcomhaois
d'aithribh naomha, riaghail reacht
feasach an fial na bhfóirfeacht.



Caoimh-fhoclóir na bhforas bhfios,
gan siolla dá luadh 'n-anbhfios;
prímh-léaghthóir léighinn na sgol,
péarla gan fhuath, gan antoil.



Iómdha críoch 'ngar 's i gcéin
thaisdil an tsaoi gan toibhéim
aig freachnadh mbéarlaibh na suadh
do shíoluigh ón Tor Neamhruaidh.



Na trí teora ban caomh mbláith
do rad siad dho tre mhór-ghrádh -
gach ríoghain a tallainn fa seach
do mhéadaigh tar chách 'inntleacht.



Fuair ó Chlío i ndíoghruis rúin
tuigsi gan staire ndeagh-iuil,
annáil gan aosa go beacht,
gan easbhaidh mbrígh na bhfíor-cheart.


L. 304


Melpomene oirdheirc ghlic
thoirbhir gach punc dá heolus
dá dearbh-dhalta dhiul gan fhíoch
glé-shúgh a hochta 's a geal-chíoch.



Thalia gan bhaos, gan bhéim,
ríoghuin chothuigh' na saor-chéim,
súbháilce líonmhar nár ghann
tug d'Fhéidhlim iad go hiomlán.



Euterpe gan easbhaidh eoil
'dhearsgnaoi i gcumas na bprímh-cheol
tug don chléireach chéillidh cheart -
searc is tréidhe is annsacht.



Terpsichore badh mhaith treoir
'séinim saltre le maoth-mheor
mar gach aon don bhannáil chiuin
dothug don ríoghraidh searc-rúin.



Calliope 'n iuil nar ghann
'dealbhadh duaine is príomhrann
d'fhoillsigh a healadhain féin gan chosg
don ruire 'sgríobhadh ríogh-rosg.



Urania tá caoimh i gcéill
ndúilibh lúthmhar 'sa n-áird-spéir -
tug dá dalta a n-iuil nach teirc,
'dtuigsi go léir 's a ngluaiseacht.



Polyhymnia sháimh shuairc,
buime na léigheann lán-chruaidh,
fóirfidh a heagna, teist 's a cliu,
thiodhlaic mar spré don dochtúir.


L. 305


Uaisle léighinn, féile, cruth,
'nduine náir féilidh 'n aon-ghuth -
clú cléirigh - go léir leis tug,
damhna is adhbhar easbhuidh.



Gaol gach ard-rígh líonmhar rath
suas go hÉireamhóin éachtach,
gan áiriomh claon, a líne ceart -
mílidh shíol ó Mhuiridheach,



Mhic Eochaidh Duimhlean† na n-each,
†mhic Cáirbre† na n-ór-sgiath bhfáinneach,
†mhic Cormuic† oirdheirc †mhic Airt,
mhic Cuinn chalma na gcéad-chath.



Muiridheach, Colla na gcreach,
urra an dá chríoch, a gcúmhdach,
sinnsir Uí Anluain na gcólg gcruaidh,
ard-rígh oirrthir arm-ruaidh.



Craobha coibhneasa tá i bhfios
ní fáth dhúinn a bheith dá sheanchas
's gan géag 'na thimchioll nó sreabh
acht crú ochta na Téamhrach.



Fan bpéarla-sa i dtír do theacht
tair bhóchna, saor ó ghuasacht,
tugadh gach aon dhíbh 'na mhóid
glóir is moladh don Tríonóid.


L. 306


Glóir is moladh, gan osadh, go brách 's go shíor
Do Rígh na cruinne léig chugainn tair sáile saor
'N fhíor-fhlaith shagairt nach gceilionn air chách a mhaoin;
'S 'na phríomh-árdeasboc go bhfaiceam é 'n-Ardmhach thíos!



FÉIDHLIM Ó NÉILL.
Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin cct.



Gluaise mé feasta suas insa n-astuir;
Nach air Fhéidhlim Ó Néill bhéiridh mé an chuairt!
A' t-óigfhear don fhréamh dar chóir a bheith i gcéim;
Súd é mo sgéul agus ní náir liom a luadh:
Sagart geanamhuil, barramhuil, cráfach, suairc,
Nach leigfeadh ní dhá cheart do cháirde uile uaidh;
Líontar suas na sgáluidh, 'nois dair liom is fearr iad;
Léigidh thart an tsláinte úd Fhéidhlim uí Ruaidh.


L. 307


Níl spóirt air an talamh nach dhósan budh dual
'Léir mur bhíodh air buile is a' dáimh aige air ghluais:
Ceol, póit, agas aiteas, is gártha suain,
Is gach ord 'na seolta 'teacht ina dháil gach uair;
Tráth d'éirighibh sé san gcollaigh, lobhradh sé san bpobal,
I mbriathra mheala, scrioptúir sáimh do-bheir uaidh;
Leigim dhósan feasda, is leor dham sin do theastas;
Nach é Féidhlim óg an fear atá mé 'luadh?
TUIREAMH AN BHRÁTHAR SEÁN Ó NÉILL.
Pattruig Ward cct.



Aig so tuireamh an bhráthar Shéain Í Néill mar leanas:



An féidir go bhfuighead uad aisioc, a theampoill,
In gach tréanfhear tapaidh tá 'n-imlibh do ghéaguibh,
Faoi throm-chlaidh leacuibh, gan areimh, gan éadach,
Acht 'na luathaire, gan mhothughadh, faoi rochtain na
bpiasdan,
Gan aon do threabhaigh ó ar gcéad mháthair Éubha,
Go líonmhar i dtreisi aig caitheadh a dtéarma? -
Sínte táid uile fa mhúraibh do thaobh dheas,
Gan lúth, gan phearsa, acht gér-ghuinti aig an n-éug-so.


L. 308


Ó thús air gcruthaidh, cia iomdha do éug uainn,
Do laochraidh sheasmhaigh ghabh urraim is géilleadh,
Ní ráinic ceisneach mílidh air Éirinn
Go bás na flaithe-so hadhlacadh go déidhneach.
Géagán a threabhuigh do rolla na réxe,
Plannda glan, gartha, do chineadh an Néill bhrais -
Sé d'fháig gach ionad 'sa n-oileán-so buartha,
agus dubhrón gan fhoirchionn ar Mhachaire Leighin.
A chúrsa do lean-se, i bpearsa na cléire,
Tríd gach innis 's gach oileán 'sa Europ:
An Fhrinc is an Easpáin - in gach triocha don méid-úd
Bhí 'géilleadh anallúd faoi urraim do Shéarlus -
Seal fada 'sa nEadáilti mar chomhnuigh na Céasair
Is fós tríd Sicily aig plantáil na daonnacht,
Ar úr-chnoc Pharnasus, aig stuidéar a léighinn,
Is fa dhó gur dheochuigh do Helecon craobh-ghlas.
d'éis an aistir 's a théxe bheith réidh leis,
Fuair sé bulla agus cartacht i n-éinfheacht
Ó an Pápa, athair ar gcreidimh 's ar gcléire,
'Theacht a theagasg a tsoisgél i nÉirinn
'S a mhionaigh na sgolta d'fháig Peidir ren 'fhéachaint,
Tá ar an uair-si aig Galluibh faoi bhratuibh 's faoi dhaor-bhruid
Acht aig síol-chur an chreidimh do sgrobhadh re héigceart
Trá hiompadh an Scrioptúr go teanga na Béarla.
Lúter is Henry is Elisabéta


L. 309


'S iad do chuir toiseach ar a' gcreidiomh do chlaonadh,
Do thionsgain go mbainidh a bhfearann do Ghaodhaluibh
'S do chuir Críost, ar n-athair, i gcoimheas na méirdreach.
Acht ionnus go leanfadh an creidiomh i nÉirinn
A d'orduigh gach athair ó thosach an tsaoghail-sa,
Thinic an bile ar a thurus go réim-cheart
Gur chríochnuigh a bheatha i n-oific na naomhacht';
Ó Néill, adeirim, a' t-athair ro-bhéasach,
Fréimh don n-ealtain do thinic re faobhar
Dar thrághaigh an mhara a tuilti chon féar-ghlas
'S le ar báthadh a n-eascaraid i dtonnuibh na daor-linn' -
Má áiriom mar threabhuigh an macaomh-so d'éag uain.
'S ránaigh sé ón mbile dá ngoirthear Gadélus,
Do ghléus a bhunadh as talamh na hÉigipt
'S go dtáinic re cumus go hoileán na Créta;
Is ua do shíoluigh an curadh Milesius,
Éireamhan flaitheamhuil, Ír, agus Éibhior,
A chomhnuigh sa nEaspáin, mar ghabhadar géilleadh;
agus tháinic re seachrán mara go hÉirinn;
I dToiltionn, gur sgriosadh gach curadh dTuatha Dé Dan;
Gur chlaochlódar dligheadh is ceart Innis Éalga
'S gur fhoirigh mar ainm dhi Fearantaidh Éibhir.
Níl tréanfhear tapaidh nach bile don bhfréimh sin,
Laoch ná macaomh ná aitritun éachtach
Dar dhual a shliocht a bheith 'n-araim i nÉirinn
Nach bhfuilid go huile don churadh ro-ghaolmhar:
An Reighleach ón Cabhán 's in imioll na hÉireann;
Is Ó Ceallaigh budh sheasamh i gcathaibh do Ghaodhluibh;
Búrcaigh, na flaithi bhí 'nAchruim i n-éifeacht;
Ó Domhnaill do shíolu ó Albain aoraigh;


L. 310


An Guaire, Mac Mhathuin is Dochurtach déid-gheal;
An fial Mac Guibhir ghabh cumus críoch Fhéidhlim;
Clann Channa - ní cheilfiom na mílidh láimh-éachtach,
An triucha gur chuibhidh don ghasradh-so géilleadh -
Tighearna na goilibh bhí ar a thuras re Sémus;
Mar aon re na Gearaltaigh gaisgeamhuil thréitheach,
Ghabh iarlacht treise Chill Dara 's an réim sin;
Ó Briain do threabhuigh do chinéal na réxe
'Nuas ó Niall Frasach, chaith beatha ro-naomhtha;
Ó Cuinne is Ó Conchubhair - seal Teamhair gur
ghéill dóibh -
'S an iomad nach gcanfam do uimhir a ghaoltuidh.
Mo thread-ghuin 's mo thuirsi! a chorp is a gheal-dhreach
Bheith i gcré 'na luighe feasta aig seangadh 's aig claonadh;
A ghruaidh bhí mar chorcair air lasadh gach aon ló,
Gan snuadh, faoi bheathuibh, 'na sgáthán gan éifeacht.
Sé sásamh do ghabhaim fa sgaramhain, a Dhé-Mhic:
A' bás, go bhfuil sé fa chomhair gach créatúir
'S nach sáraighionn duine san gcruinne a thréan-ghath,
Don Ádhamh-chloinn uile gan a' turus-so 'dhéanamh;
Air e bhainfhios do uimhir Shíol Éubha
Is bhéarus an bochtán, gan taisi, 's a' tréan leis.
Níl dáil aig duine ar bioth eiséirghe 'dhéanamh,
Buabhall an bhreithimh go gcluinfidh dá shéadadh.
'Sé an bás-so do loitigh gach caith-mhílidh éuchta:
Dáibhí fuair treisi anallúd ar chéaduibh;
Sampson dhá roibh cumus céad fana ghéaguibh;


L. 311


Solamh re gliocas bhuan cionas dá laochruibh;
Hector is Achilles bhí 'cathughadh re chéile;
Na Céasair ghabh flaitheas a' domhain i n-éinfheacht;
Is Nero chuir a bhunadh faoi thuile gach léansgrios;
Ní áiriom Hercules do guineadh go héigceart
'S gach sár-fhlaith do shíoluigh ó dhart-fhuil na nGréagach.
Ní hiad d'fháig osnuidh is tuirsi is géar-ghul
Ar mhnáibh 's ar bhannáil, 'sa talamh-so Éibhir,
Acht an plannda do shíoluigh ó Cholla ua Bréaghain,
An réalt a thug loinneas a gcreidimh do Ghaodhluibh,
'Sé d'fháig faoi a thuirse file agus éigse,
Claointeach, greadach, gan mheisneach, ro-thréa-lag.
Ó nach féidir aisioc do ghabháil ón éug-úd,
Cuirim guidhe gach duine dá mairionn 'na dhaigh-san:
Guidhe ón mbochtán, ón tsagart, 's ón tsaibhior,
Aig seoladh don anam go flaithios Mhic Dé Bhí.



Ó tháinic Mac Dé do réiteach coirthi Síol Ádhaimh,
Míle seacht gcéad, gan bhréag, mar cluinfir ó chách,
Dhá bhliadhain déag 'na dhaigh, is seasgad d'fhear-bárr,
An tAthair Seon Ó Néill, i gcré, gur cuireadh, mo chrádh!


L. 312


PÁDRAIG Ó FIONNAGÁIN.
Duine anaithnid cct.



Chuala mé sgéala aréir is ghoin sé mo chroidhe -
Air bhráthair 's air ghréusaidh chlaon, lag, mhallaigh', gan bhrígh -
Gur mhionnuigh sé tréas i n-aghaidh a' chreidimh tá fíor;
'S go dtug sé a chúl le dúithche fhlaithios na naomh.



Muna fiosach dhíbh é, an té thug cúl leis na gráidh
'S a sgar lena chéill, ní naomh é, file ná fáidh,
Thug cúl le Mac Dé 's don ghéig na gile gan tuar -
'Sé b'ainim dhó an tAthair Pádruig Ó Fionnagáin fuar.



Ná goiridh go bráth dhe Pádruig, feasda go deoidh,
Ach goiridh dhe Pádín gránna, deasguidh an tslóigh;
Nar thillidh sé slán ón ár, acht mailc air a bhéul!
Iseision a' sclábhuidh, náirigh eagluis shíol Ébha.



Loit ortsa, 'Phádín! d'fháig tú an sonas 'do dhiaidh;
Thug cúl le gach ágh go bráth, go dtéid tusa i gcré;
Ó thréig tú don mbainríoghuin áluinn, d'imigh do chiall -
Mar gheall air mhnaoi ghallta, preabán, is iall.



Ní cosmhuil le Pádruig Ardmhach', 'tomba na mbréug,
Ach cuileán le Mártín, banríoghan fhlaithios do thréig;
Tráth thiocfas lá gruama an Luain, a loisgfios a' saoghal,
A Pháidín na gcuarán, 's truagh liom deireadh do sgéil.


L. 313


Nachair gheall tú do Dhia nach n-iarfa bean ach an óigh
'S go gcaithfea do shaoghal go naomhtha, beannuigh', mar chóir?
Tráth thug tusa cúl le gnúis ghil Mhuire tá ógh,
Leag deamhan na drúisi crúib air Pháidín na mbróg.



Ó thug tú mionna éithe i n-aghaidh Rígh fhlaithis, is dual
Go mbeidh tú go héag 'do phéisd is duibhe ná an gual;
Má ghluaisionn tú síos, béidh míle mallacht 'do dhiaidh
Go hIffrionn a d'fhuaduigh luach chuid fola Mhic Dé.



Tráth rachfas tú síos, is dhíol' tú fearta na ndúil,
Solas ón ngréin go héug ní fhaicfidh do shúil;
Tá caraid do ghníomha i gcaortha tineadh go buan;
Bídh 'n-aice le re Iudas, 's tú féin cuileán dá chuan.



Agus beidh cnú na cuimhne ag innsin dhuitsi go dian
Gach peacadh dá ndearna tú, d'fháig tú 'bpríosún na bpian;
'N té is ionann is tú id dhiult mar thusa don ghlóir -
Gheobhair aig Lútér crúiscín nimhe ren' ól.



Ó dhiult tú do shréuda Dé 's don n-eagluis ón Róimh,
'S gur dhiult tú don té a céusadh 'ceannach a' tslóigh,
Má théid tú go linntigh tinntigh faoi Abiróin
Nó 'n-aice le Cailbhín, scallfaidh an ghreadal do thón.



A bhráthair na bpóg, is mór a d'imigh do chiall;
Thug cúl leis a' n-óigh, do sdór na gile tá fial;
Muna dtillidh tú 'n-am, is neimhneach deireadh do sgéil
. . .


L. 314


Bráithrín air fíochramh, is fíor go ndearna sé tréus,
A' plaiceadh feoil Aoine is caoimhtheach mallaigh' dhá ghléus;
Béidh fios aige thíos, is fíoghair na gorta ina ghnúis,
Ó dheamhain an chraois, gur dhaor a cheannuigh sé an drúis.



BEAN PHÁDRAIG Í FHIONNAGÁIN.
Duine anaithnid cct.



'Sí an bhean a raibh 'ndán di gráin ó bheag is ó mhór -
An leannán sin Pháidín 's gráineamhuil malluigh' a pór;
Má ghníthar a slánadh, is adhbhar sona do sgríobh:
'Sí an bhean a fuair náire í, is bráithrín casda ina lúib.



Ó thréig tú na ... caochain, chaill tú do chliu;
'S air an taobh clí don Rígh, ní maiseach do shnúdh;
Go coirigh na luaidhe, ruaicfidhear thusa 's do ghrádh -
Do leabaidh go síorraidh - dhíol do chreidiomh air mhnáibh.



Guidh Muire go dlúith is diult do chaithibh an tsaoghail,
Nó béidh tusa múchta, plúchta, i gcomra na ndaol;
Greideadh is cúradh, sgiuirseadh tinidh, is pian,
'S gan faoiseamh do Pháidín dhá chéad million bliadhuin.


L. 315


Tá mallacht na naomh is díoghaltas feasda 'na dhiaidh
Mur dtillidh tú 'ríst re bíogadh aithrigh go tréun;
Tabhair cúl leis a' mnaoi agus líon-sa gloine na ndeor
Agus beidh tusa saor go síorraidh i bhflaithios, i nglóir.



PÁDRAIG Ó FIONNAGÁIN.
Duine anaithnid cct.



Is mian liom trácht air ádhbhar tuirsi agus bróin:
'S nach truagh, bocht an cás a lán air seachrán dá ndeoin?
'Sé comhairle Mhic Dé, 'shíol Ébha, a mairionn dá
ngaol,
Gan sógh fhlaithios Dé go héug a chaill leis a' tsaoghal.



A dhuine tá éadrom, éarach, iomarcach, teann,
Thug cúl leis an té bhí 'bpéin 's a gonadh air chrann,
Glac comhairle na naomh 's ná bíodh do mhuinéal-sa cruaidh
Agus, b'éidir faoi mhí, go sínfidh thusa sa' n-uaigh.



Má chuirionn tú lón maith romhad go flaithios na séud,
Is maiseach do shnúdh-sa 'gcúirt Mhic Muire na dtréud;
Muna ndeana tú déirce, féile, is aithrigh, 'mo dhóigh,
Béidh tú gan séun, faoi léun, 's i bpionós, go deoigh.


L. 316


'Aird-rí, 'ádhbhair áluinn, chumhachtaigh, thréin,
'S a Mhic, a fuair páis a' sábháil gona shíol Ébh',
A Spiorad is áille sgáile, drithlinn, is grian,
Saoraidh mé slán air ábhéis mhallaigh' na bpían!



PLÉARÁCA AN BHRÁTHAR.
Duine anaithnid cct.



Ná luaitear feasda Móirín, nó sean-cheol air bith mar sin
Acht bíomaoid anois a' tráchtudh air ní nach raibh i bhfad ó shoin:
Níl i mbéul mná nó páisde, ó Dhroidhead Áth' go Muineachuin,
Ach mire agus pléráca Pháruic Uí Fhineagain.


L. 317


Níl baile mór nó clúideán insa taobh sin 'nar chaith sé tráth
Ag radaireacht go lúbach agus go clúinteach ag mealladh mná;
Ó léim sé as a' n-ord, 'sé dóigh liom go gcríonfaidh an crann;
Acht rug a' t-ainmhian buaidh ort, a Phádraig Uí Fhionagain.
Is maith an t-ádhbhar spóirt thú, a dhreoláin, 's do leabhar leat,
A' rádh nach bhfuil spré beo insa' Róimh mhóir nach bhfuil caite amach!
Má bhuain dóibh ganntan guail 's gan iad sduama air a lasadh ann,
Dhéanfa tú féin 's do ghúna toiteach ann, a Pháiric Uí Fhionagain.


L. 318


A Pháiric, is gan chéill duit, 's nach léir dhuit ach a' déanamh cleas;
Bhéara dhuit comhairle agus seolthadh dhuit go dé do leas:
Gluais leat 'un na Rómha is crios S. P. fo do lár go teann
Nó tachtaidh córda cnáib' thú, 'Pháiric Uí Fhionagain.



Is aontas insa n-áit do phléráca agus gúnna leat,
A' rioth air fud na sráide air pháisdigh agus gasúin bhocht';
Sguir dodo chosanairde is tabhair aire do do sheapa beag fánach
Nó brisfidhear do dhrandal gránna, a Phád Uí Fhionagain.



Nar bh'fhearr dhuit le do rae leis a' n-éill is do mheanadh beag
Nó a' dréus air phobal Dé i n-aghaidh na cléire is bean agad?
Seacht scalladh air do cháir! a phláigh, is déas a' diabhail thú féin
's do chlann;
Is tú féin a' giolla gránna, a Phá Uí Fhionagain.


L. 319


SÉAN Ó hANLUAIN.
Art Mac Cobhthaigh ro chan.



A mheic Éadhmoind ruaidh, a shaercloin an tsluaigh,
Go mbeiridh tusa buaidh ann gach áit le céim,
Mar Mhaoise thug sluaighte thríd an Mhuir Ruaidh
Chum a sgaoileadh suas ó a ngálraibh léin!
Bhí an tír-se faoi ghruaim 's gan dúil le ar bhfuasgailt
Ó cuireadh ansa tuamba mac Aodha Buidhe Uí Néill,
Go dtáinic an t-uachtaran ciallaidh stuama,
De threibh na huaisle, de phríomh-shliocht Gaedhal.



Ní raibh rí fa bhuaidh san gcrích-si, mar luaidhtear,
Ó Éireamhan shual, nó árd-fhlaith shéimh,
Nach tríotha do ghluais sé, mar dhearbhair le suadhaibh,
An falsunach suaimhneach fuair grádh ón chléir;
Tá'n phríomh-fhuil-si a' luaimneadh 's a' gríosadh, gan uaill, ann,
Mar thonnaibh den mhuir uaithne, a dheallrias le gréin,
Is gan braon di gá truailleadh, ach aig reabhradh go huaiseach,
Fa bhraoithibh caoimhe luaith-ghil oirdheirce Shéaghain.


L. 320


Mur mhac Calphuirn bhuadhaigh, tháinig, dair bhfuaisgilt,
An patriarch stuama, le a ráidhtear Séathan;
Is gur mhilse gach fuaim shnasda ghrinn eagna uadhsan
Nó an mhil a' teacht re duaile ó bharraibh na gcraobh;
Prinsa gan truailleadh Ó hAnluain do b'uaisle
De ríghthe Eamhna dair dhual dhóibh Críoch Oirthior, le céim -
Na treabhaibh bheireadh buaidh is gach conair dá ngluaiseadh
Is osadh do luchd guasachd is cabhair dá bpéin.



Bhí $eclipse is dluaimh air an teampoll, monuair!
Go dtáinic air cuairt an Gairdian Séaghan;
Na caoirigh gá ruagadh faoi dhídean na nua-Ghall,
Aig tréigbheal a n-uan 's gan fál fon tréud;
Gabhain órdha, go snuadhmhar ó cheardaibh cruadha,
Gá ádhradh suas ag Gráinne Mhaol
Nó gur éirigh an uair-si ó Shínai anuas
Mac Amrum d'fhuasgail cách as a bpéin.


L. 321


A shamhail ní luaidhthear i gcathraigh nó i dtuathaibh
Ó theastaigh uainn Guaire na mbán-ghlac réidh;
Coirn 's cuacha is cannaidh gá ruagadh -
Sé is mian leis an uachtaran ghrádhach Séaghan -
Na bochta do fhuascailt is teirce 'n-am cruadhtanais,
Mar Ioseph le sluaightibh Chanaan go léir;
'S do-níonn sé taise le truaighe, mar thuilte glas uaithne,
Ag teacht ghairm na gcuach 'nuair fhásas an féur.



Tá Ierico seo thuas ag tréigbheal a cumhacht:
'S le Jubilee a fuair sinne fíor-Act of Grace;
Is budh mheasa bhí cuaisne a braighdeanais dúinte
Ná na treabha tugadh suas go Babilon faoi thréus;
Acht Nineveh búdh uaibhrighe de chaithreacha na sluaighte -
D'umhluigh siad le fuagra Mhic Rachel go léir:
Is mur sin dhí-si an uair-si, óir béidh a ballaighe buadhach
Ó chrom sisi ón uabhar, le crábhadh an Athar Séaghain.


L. 322


Táid srotha den fhuil uachtraigh ag lasadh thríd, an uair-si,
De threibh na rígh ró-bhuadhchatha, árd-fhlaith, is cléir -
Ó Donghaile budh suailceach air faith ameasg na sluagh mear,
Den tsíol a sgabadh uadhsan - siúd gráinne den déis!
Ná saoiltear libh gur cluantóir nó braighdeach bocht a fuair sibh,
A líonfas ciste i n-uaillibh 's gan faoiseamh do aon,
Acht rígh reachtmhar, stuama, gan bhaos, gan chraos, gan uabhar:
Is bhí lic i dTeamhair uachtrach a gháirfeadh leis féin.



Níthear eaglaisigh, monuair! de na treabhaibh nach dual
Bheith 'na gceanfoirt sluaigh nó árduighthe i gcéim;


L. 323


'S ag pilleadh dhóibh anuas ó na coláistibh is uachtaraighe,
Tuiteann siad 'sa chruas ór fhásadar féin;
Ní hionann ar nGuaire flaitheamhail stuama,
A' sgabadh air na sluaightibh na máma séud -
Sliocht Cholla níodh tuarghoin i gcathaibh na gcruadh-lann,
Mar Éochaidh na mór-ruag ag árd-chur béim.



CUMHAIDH NA CLÉIRE.
Duine anaithnid cct.



Ó d'imthigh Mac an Átha do úr-sgoth na cléire
Is a' Raghallach breagh uasal bhí barrúil i dtréidhthe,
D'fhág siad againn Guaire na féile,
An tAthair Ambrós an úr-chroidhe do sgaipeadh na
céudta.



Shíl clann Wolly go gcuireadh é i ngéibhionn
Go dtáinig Humber go muirneach is na Franca go hÉirinn;
Chuir siad a gcampa i gCill Ealla na séuda
Gur bhain siad léimneach as Gallaibh 's as bodacha an Bhéurla.



Tháinig aoibh air a' ngréin is ceiliúr éan insna gleannta;
Is síothchán air Ghaodhail bhocht' insna ceanntair so go Luimneach;
Bhí mac alla i mBinn Éadair is lámhach aig Francaigh
Faoi $Protection 'fhagháil don ghárdian Athair Ambrós an déigh-
chroidhe.


L. 324


Go bhfeice sé an lá sin a dtiuca na sáir-mharcaich tréunmhar,
Buonaparte bheith i láimh leis is a ghárda air gach taobh dhe;
'S ansin bhias na seacht náisiún 'gabháil cárnadh dhá chéile,
Clann Wolly agus Cromwell a' séunadh a gcuid Béurla.



Do shamhuil ní fheiciom choidhche, a lámh na daonacht is a' réidhtigh,
Is tú chuireadh síos na Gallaidh gach lá is níor bhaoghal duit
'Láthair barra is binnsi go saorthá na céudtaibh -
$Ransom ríghthe go dtabharamaois ... as is fámaois an tAthair
Ambrós,
a' tréad-fhear.


L. 330


COMHAIRLE AN BHRÁTHAR BHOICHT.
An tAthair Uilliam Ó hÍcídhe cct.



- do Chian Ó Mhathghamhna; óir ba chómhsgoláirthídhe iad
agus dob é a mian dul san Eagluis. Gidheadh, an tan tháinidh
ám dóibh a n-órd eaguilse do ghlacadh, do chlaon Cian tré ghrádh
do mhnaoi uasail dh'áirighthe; go raibh sé 'na dhiaidh sin 'na
chaptaon ag R. Séamus agus 'na ghiuistís síodhchána i gContae an
Chláir; go ndeárnaidh Uilliam Ó hÍcídhe na ranna-so dho, 1684.


L. 331



Gabh, a Chéin, go séimh, mo theagasg uaim-se:
Seachuin, tréig an saoghal-so tá só-ghluaiste,
Meangach, bréagach, baoghalach, briste, buartha,
Cleasach, créimeach, claon, gan iomad suaimhnis.



Cidh maith do réim, do léim ce fada air ruaiteach;
Ce deas do sgéimh, cé séimh gach aiste uait-si;
Cidh blasta ód bhéal gach sgéul re hiomad suaircis -
Ní mhairfir féin sa tsaoghal acht tamal suarach.



Ná mealladh spéirbhean mhaordha bhachall-dhualach,
Ná mealladh spré ná séud ná caruid uaibhreach,
Ná mealladh gné fán spéir do thaithniomh uait-si
'S ná mairfir féin, a Chéin, acht tamall suarach.


L. 332


Meas leat féin gan bhréag i n-ionad uaigneach
Ar bheartaibh baotha an tsaoguil dhona dhuaisig;
Dá shearc mar théid na céadta i n-iomad ruathair
Nar mhair san tsaoghal fa réim acht tamall suarach.



Cá bhfuil Caesar tréan ná Hector uasal,
Ná Hercules dá ngéilleadh iomad sluaighte?
Cá bhfuil aon don fhéin ba cliste tuairisg -
Nár mhair sa tsaoghal fa réim acht tamul suarach?



Do leas más léir dhuit, déin an teagasg suairc-se;
Lean do dhéanamh déarca air feadh na tuatha;
Bí cneasda caomh ceart maordha mar ba dhual dhuit;
'S ná meas don tsaoghal go léir acht barra buartha.



An bheatha shaor más léir leat teacht 'na cuallacht,
An saidhbhrios saoghaltha tréig is beatha an uabhuir,
Beatha chlaon an tsaoghuil - do chruimh is dual sin;
'S ná mairfidh aon, a Chéin, acht sealad suarach?


L. 333


Beatha shaor Mhic Dé sí an bheatha shuaimhnioch,
Beatha théid gan traocha ar feadh na sluaighte;
Beatha bhréige an tsaoghail mar sgamall mhuar dhubh;
'S ná mairfidh aon, a Chéin, acht sealad suarach?



Tiocfa AonMhac Dé fa chuthach ruaige
Is préimh-shliocht Éabha air aon chnoc aige an uair sin;
Sé seo lá an léin, gan bhréag, ag locht an uabhair,
Nár mhair san tsaoghal fá réim acht tamall suarach.



Beid flaithis, spéartha, sléibhte, is cnuic air luasga
'S na haingil naomhtha féin air crith re huamhan;
Féach! a Chéin, créad dhéanfa tusa an uair sin,
'S nách mairfir féin fa réim acht tamal suarach?



Breath do-bhéarfa Sé go ceart dá chuallocht,
Breath do réir mar dhéinid maith nó muar-olc
Is breath ghart ghéar don dréim noch Leis do ruaigfear,
Nár mhair fá réim sa tsaoghal acht sealad suarach.


L. 334


An bhreith nach claon 'nuair éisdfid, beid i nguasacht,
Gach neach i bpéin go daor nó i bhflathas tsuaimhnis;
Is bocht an sgéul don dréim noch Leis do ruaicfir,
Nár mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach.



Sgreadfuid, éighfid, béicfid, beid ag ualfairt;
Beannacht Dé nuair ghlaofuid, mallacht buaifid;
Beid i bpéin go daor gan barra fuasgla
Nar mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach.



Air dheis Mhic Dé don dréim nar tharraing tuar uilc,
Do chaith a ráe le tréanas, trosga i gcruadh-chuilt
'S dá fhlaithis naomhtha féin go rachuid suas leis
Nár mhair san tsaoghal fa réim acht tamal suarach.


L. 335


Ceisd ort féin, a Chéin, nó cá bhfuil a dtuairisg -
Crombhel claon nó Éartoin arm-uaithne,
Mac Airt Uí Néill ná an laoch mear Murchadh uasol
Tug seal dá saoghal ar Éirinn d'iomar-ruagadh?



Cheithre chéime baoghalcha chuirfeas uamhain
Flathas, éug is tréan-bhreith 's teach an uabhair -
Ní has do phréimh-shliocht Éabha uile uatha
'S ní has duit féin, a Chéin, acht tamal suarach.



An teanga shaobh ba chlaon chum iomad ruathair
Ag darbh-daol dá créim go frithir, fuadrach;
An corp san chré tar 'éis 'na charn-thruaill chrumh,
Nár mhair fá réim sa tsaoghal acht sealad suarach.



Tabhair léirmheas séimh gan iomad buairidh
Mar bhradfaidh an t-éag a ngné 's a maise uatha,
A maith, a méinn, a dtréidhe, a dtapa a luaghaill,
'S nach mairfid féin fá réim acht tamoll suarrach.


L. 336


FREAGRA CHÉIN.
Cian Ó Mathghamhna cct.



A dhuine léigh do théx go cneasda suairc dham,
Cídh chaithios féin mo rae go hainnis buaidheartha,
Mo dhearc dá léigeadh déar go haithreach uaithe,
Do thoil Mhic Dé do bhéinn i bhflathas thsuaimhneach.



Cídh fada an réim ó Éabh go teacht don uair-si
Le holc, le pléidh, le bréig, le meisge is buaidhreamh,
Is mó do réidhfeadh Mac Dé 's gan ucht do bhualadh
Ná olc na dtréad dá mbéadh mar thuile ag gluasacht.



AITHRIGHE CHÉIN Í MHATHGHAMHNA.
Cian Ó Mathghamhna cct.



Moladh leat, 'Íosa Críosd, do sgaoil an chnead
As cochall mo chroidhe, go fíor a bhí 'na stad,
'S d'osguil arís air m'ínntin chlaon gan cheas;
'S follus do Rí na soíllsi an gníomh is maith.


L. 337


'Íosa mhilis fuair tuirse 'gus péin go docht,
Smaoin air ár gcionta 's ná tuigidh go léir ár lochd;
Och! a Mhic Mhuire, 'n té d'fhuiling a chéasa i gcroich,
Ná bí 'm choinne, lá chruinnighthe 'n tsaoghail bhoicht.



Ciar ba mhíllteach mise 's mar chuireas mé féin led thoil,
'S m'inntin uile gan tuirse air bioth claon don chol,
Mo smaoine chiontach go gcuirinn gach lae as mo thoil -
An gníomh fá choim - is gan druidim ó chéile i gcoir!



I ndíomus uile! 's is deimhin gur clé mo thosg
Nach smaoinean mise gur cruthag don chré mo chorp;
Mo dhíograis chumainn mar thugas don tsaoghal bhocht toirt!
'S ba ghnaoi liom tuitim go minic le haon i gcol.



Do shuidhin i gcuideachta is d'ibhin go haorach deoch,
Le mbínn air buile go nguirinn "ó Dhé" go docht;
Gach saoire bhrisinn, is bigill ní ghéillinn dho;
Agus is fíor go n-imrinn cuiriota claon gan rath.


L. 338


Dobhínn an iomad re duine air bíoth claonthach i bpost,
An aoirde chumais 'na ghoire nach féaduim dol;
Ó bhruighin ní dhruidin, mo bhuile! cidh tréith mo chorp;
Do ghuidhe mar dlighthear níor mhinic óm bhéul a chlos.



A Rí na cruinne ná himir do réir na n-olc
Do-ním id choinne le hiomarca géill' dham chorp;
Acht díonaig mise air Lucifer claon na gcor,
Do bhrígh na croise le dtugais Síol Éabha ó bhruid.



'Rí Pharthais do dhealbh na múrthaoi céad,
Guidhim feasda thú 's ná damnaidh im chiónta mé
Do bhrígh an ainbhfis dár tharraing in gach stiuiribh léin;
Bí im thearmann, le eagla na sgiuirsidhe géar.



Adamhaim go blasda dhuit, a rún croidhe ghéill,
Go gcaillinn ort go ganguideach i bpúncaibh claon;
Aicim ort go daingion agus dlúthaighim lé,
An bhanaltra do bheathaigh thú le húr-chích cléibh.


L. 339


Dob anamh mé chum Aifrinn i gcúrsaidhe shléachd;
'S do shagartaibh 's olc do adamhain mo chionntaighe féin;
Do dheargain le dearmad do lonnraidhe créuchd;
'S maithfheachas má gheallair dhamh, súd sinn réidh.



'Athair dhil, ná tagair oruinn cúrsaidhe 'n tsaoghail;
'S geallaim duit bheith feasda dod dhlúth-bhuidhin féin;
Do ghreadag thú le barra neimhe i gcúis Shíol Éabha;
'S m'atuirse bhochd anacrach nárbh fhiu sinn é!



TRIÚR TIOMANTA.
Reverend Father Nicholas O Daniel cecinit.



Triúr tiomanta do thoirmiosc mo shuan araoir;
Triúr cuirpe ba mhistidide cuallacht Chríost;
Triúr ifearnach chuir Lucifer ag buairt an tsaoghail;
Is sirim-si nár fhillid siad don chuan-so arís.



An diabhal nuair bhíos go claoidhte, cráidhte, fann,
Is diadha bhíos 'na chroidhe ná'n bráthair ceall:
An diabhal, arís, nuair bhíos go láidir teann,
An diabhal a mbíonn do smaointe an bhráthar ann!


L. 340


SEÓN-ANNA PRÍOR.
An tAithir Nicolás Ó Domhnaill cct.



Am eadartha 'nae 's mé tréith a' taruint don mhóin = áit in Oir.
Chorcaí?
Cé dhearcfhuinn, le fraoch, im dhéaghaidh a' freasdal acht Seón,
Gan aitios, gan sgléip, gan éadach, earradh ná stór,
Acht bachall nar chlaon, nar ghéill do Pheadar ná Phól.



d'fhiosrus féin "créad é an taobh 'nar ghabhais im chóir
'S gar sgaruis lead chéile mhaorga, bhanamhail, óig?"
d'fhreagair go béasach mé "tá curtha fán bhfód;
Táim feasta leam rae mar aon libh ceangailte i n-órd."



N'fheadar cad déarfuinn; d'fhéachus friothmhar go leor;
'S air iomal a béil níor léir liom ruibe don rón;
A mamaidh nar chaol ba tréan, an iomad don spórt,
'S do mheasus gur bhaoghal go ndéinfeach tuille nar chóir.



"Dá gcuirinn ort éadach naomhtha deirfeach dod shórt
Ní feas dom san tsaoghal créad é an taobh 'na gcuirfin tar chóir
T'ainm ní féidir d'éinne chanadh gan ghó
Acht ceachtar í-é do réir mar gheallan a cló.


L. 341


"I n-ionad í-é, dá ndéinin caraid do cSheon,
'S i bhfuirean tíghe Dé léad rae thú ghlacadh san órd,
Ba tubuistíghe an sgéal go mb'fhéidir ó chleachtuis an tseoid
Le muirinn bígh is éadaig na déanfae gan sgathamh don spórt.



"Is slím réig mar mhnaoi shéimh má glacthar thú id hógh;
Is mín séimh gan díth gléis do bhlaisfir im beol;
Is graoi glé insa duíbhrae do phreabfus sin Seon
Is beig síol naomh go haimhréig aguibh ina ndeoig."



Fóill, a shagarta beannuighthe shiubhail ón Róimh,
Mo chomhairle glacaidh acht ná ceangluidh dlúth san órd
Seon, má theanghaidh le hEanna chum súgradh is spóirt,
Comhachta Pheadair ní sgarfach le dúil 'na seóid.



SEÓN-GAN-ANNA PRÍOR.
An tAthair Naclás Ó Dómhnaild cct.



Beannocht uaim féin chúghad, 'Éamuinn, cuirim air cuaird,
Gan earradh, gan éadach, séad, gan pinginn ná luagh,
Dalta na héigse, céile is cuman na suag -
Tá daite ón ngréin 'sa taobh, gan foithin ón bhfuacht.


L. 342


Tá tais mear, tá séimh, tá saor, tá soineanda suairc,
Tá gasta, tá léir, gan bhéim, gan mhiollum, gan bhuairt;
Friotal a béil ná téad is binne - ná an chuach;
Gach siolla dá réir don Ghaoidheilge cuirean i n-uaim.



A chomharsain caraid, sin chuguibhse an síoguighe suairc:
Foghlaighe thaisdil fa mhairg fá thrí ma gcuaird
An stróire sagairt gan spaga, i n-aibíd fhuar;
Seón gan Eanna uaim glacaig is gheabhthaoi luach.



'Óig-fhir tapa do chleachtan na saoithe suag,
Tóige i n-aice an faraire mhín gan gruaim,
Ba comhfhogus labhair is amharc ar n-aighe na truadh,
Ar stróire sagairt na mairfios má bhíonn san bhfuacht.



FÁILTE AN BHREITHIMH.
An tAthair Niocclás Ua Domhnaill cct.
Fáilte an bhreithimh .i. Seán Clárach.



Fáilte dár n-árd-fhlaith, dár ndíon,
Go háras na saoithe is na suadh,
Seán Clárach, mo bhráthair, mo mhaoin,
Do sháruig i ngníomh ghlan gach suairc.


L. 343


A shláinte do thrághfainn i bhfíon,
'S gach árthrach libh líontar go fuairc;
'S le háthas ní nár dhúinn bheith bínn,
Ó tháinig an tsaoi ghlan air cuaird.



CAOINE CHAPAILL.
An tAthair Niocolás Ó Dómhnuil Bráthair d'Ord S. Proinsias cct.




- ag caoine a chapuil .i. fíor-ghearán, fíor-dheas, fíor-imtheachtach,
fíor-dhonn, darbh ainm Scafaire Preabaire; noch do
cailleadh le nimh shúl droch-dhuine, le úrchóid chnuic, le
mothúghadh mná ruadh, le breith as nó le goin síodhbhradh
buinionn ó Chnoc Tuana nó ó Chnoc Fírinne.




Cé fada mé folamh, gan chostus, gan bhuídhean air bun
'S ar bhflatha gur follus gan chothrom i gcríochaibh Luirc -
Níor leagadh, níor lomadh, níor loisge, níor chríochnadh mé,
Mo chapal - mo dhochar! - gur goineadh le síodhbhradh cnuic.


L. 344


A chnuic so theas, is dealbh d'fhágbhuis mé,
Gan rith, gan raith, gan tapa im lár, gan léim,
Gan chuid, gan chreach, fá chneas, gach lá lem ré -
Ó rugais mh'each beag leat 's gan láir dá éis.



Dá éis is dealbh mé feasda 's is uaigneach,
Gan spréidh, gan spaga, gan chapul ná a luach agam;
'Nuair a théin 'na bhathas, is tapa do sguabach mé;
'S níor bhaoghal dam leaga ná basga ná buala air bith.



Ní bhuailfeach mé 's ní léigfeach táin 'na ghaor;
Ba mhuar a rith air chnoc 's dob árd a léim;
Cuaille $whip ná spuir níor ghábha dhó é,
'S nach truagh mé 'nois im chuis is cách 'na réim.



Táid cách i ngradam, gan easbadh, go hiarbhaiseach:
Is táim-se dealbh gan taisge san iaratas;
Do bhás, a Phreabaire, cheartuig im iarsma mé,
'S mo shlán fán aindheis ó chaillios i mbliadhna thú.



I mbliadhna táim i bpráin, i bpeannaid 's i bpúir,
Mar iarsma air chách ó ráinig Preabaire i n-úir;
Níl cliar ná dáimh im dháil léar dhaithnid mé dubhach,
I gcian ó thárla Seán 's a' Mangaire Súghach.


L. 345


FREAGRA AN MHANGAIRE SHÚGHAICH.
Freagra an Mhangaire Shúghaich.



Is doilbh liom flatha gan flathas i gcríoch Fódla,
Gan chostus, gan cheannus, is Gallaibh go síothóilte;
Is doilbh liom t'shamhuil i nglasaibh air míochóthrom;
'S is doilbh liom Preabaire 'bhasga le míllteóireacht.



Do milleadh thú air fad 's is feas gur diombáidh sin;
Is d'imthig do rath air meath do ghearráin bhig,
Siollaire seang, gan stailc, nár staránach -
Sibhse níor leag i leacht ná i ndroich-bheárnuin.



I mbeárnuin, is feas ná feacus tú ná i bhféith;
Ná air lár i scairt, i gclais, i gcúil ná i gcaoth;
Ó tá gan Phreab, is asmuil dúinn go léir
Gan bhláith-each beacht ná pead bheith fúd dá éis.



Dá éis, is daithníd liom t'shamhuil ag triall 'na chuis,
Do dhéirc air sgaipe 's gan tathag id iaratas,
An tréad i bpeacadh, gan teagasg a ndiadhaire aco,
'S an éigsi i nglasaibh air easbaidh do rialacha.


L. 346


Tug riaghail don éigse, do shaothraigh teagasc na suadh,
Tug mian don chléir, 's an saoghal do sheachain is uabhar,
Do riaradh céad, do réidheadh na ceasta badh chruaidhe -
An sirriam saor, nár éimigh dealbh ná truagh.



Is truagh liom Preabaire i nglasaibh Chnuic Fírinne,
Nó i dTuaith id aice dá shlada ag síodhbhruibh;
Cuir tuaraisg Pheadair 's dogheabhair uaig luíbhne is lus
Is muar-chuid arthanna bhainfeas é a croidhe na gcnoc.



FREAGRA SHEÁIN Í THUAMA.
Freagra Sheáin Í Thuama.



Is cásmhar, docharach, doilig mé, déurach, dian,
Mar táid slicht Chormuic, Chonuill, is Chéin, le cian,
Budh ghnáth go follas aig cosnamh na hÉirionn riamh -
Fá bhráca an donuis, gan chothrom, gan réim, gan rian.


L. 347


Rian na bhflatha ní mhairean san gcríoch, monuar!
Acht iarmhar sleachta do dhalladh fá dhaoirse chruaig;
Seo an chiach tug dealbh, gan ghairbh-each díoladh, an suag;
Is dian dul Phreabaire - marbh, lag, sínte is truagh.



Is truagh, tuirseach, uaigneach liom Preabaire air lár,
An sguabaire buacach budh bharamhuil bláith;
A luas lión budh luaimneach 's budh leabhair a spás,
Ag gluaiseacht gan tuairisc ó eachra an ráis.



I rás na n-each budh mhear a lúth 's a léim,
Gan sgáth, gan stad, aig teacht 'na sgiuirse thréan,
Go ceáthfrach, creathach, creat-ghlan, cumtha, caomh,
I n-árd 's i lag, budh mhaith san gcumhangrach é.



É bheith marbh is easnamh don dúthaigh an cás -
An stéid-each sgaithimh ná stadfach i gcúrsa an ghábha,
Lé tréan-neart acfuinne a rathacha is lúth a chnámh,
Do réidheach an bealach don tsagart i bpúngc an bháis.


L. 348


Do bhás, a Phreabaire, geallaim óm chroídhe go buan,
Gan sásamh daingion, ná racha le buídhin Chnuic Tuaith,
Le hÁine chleasach ná aicme Chnuic Fhírinne fhuair,
'S gan trácht air Pheadar, go bpreabfuidh ar saoi gheal suas.



FREAGRA THOMÁIS Í GHLÍOSÁIN.
Tomás Ua Glíosáin cct
ag freagra go sgallaoideach don chléir.



M'aindeis, gan sosadh, léar gonadh mo chroidhe im lár;
Is ní capall bheith mothaighthe, gonta ag an mbruídhin is cás,
Acht danair 'nár mbrogaibh go socair 's ár saoithe ar fán,
'S ár manaigh go n-obaid a n-oific gan groidhe-each d'fháil.



Each níor iarr Proinsias, dar ghealladar réir,
'S ní mar san don chliar 'na dhiaidh rug barra air i gcéill:
Is eachrach, sriantach iad 's is faiseanta a ngléas:
Go flaitheas ag triall, sin Dia leo is rachmas an tsaoghail.


L. 349


An saoghal ní bhfuil anois ar díth eoluis,
Noch ghéilleadh roimhe d'iomad síodhbhróga;
Ní séantar linne bith na mbruidhean gcródha
I gcéill ó chuirionn friotal Uí Dhomhnaill.



'Uí Dhomhnaill aigeanta, is seasgair an gníomh bráthar
Na nóis do sheachnadh, leanadar príomhfháige;
Na bróga maide si is faisean san mío-shásta;
'S ar rón-bhrat garbh, is malairt mhaith mín-Chámbreic.



Cámbrick sciomartha is wiggana maingléiseach
I n-áit na nglibionna air fhuirinn na ngairbhléinteach,
Láimhne is $whipina i n-ionad a n-isréada,
'S ní gnáth, anois, aca duine gan maig is béabhar.



A Dhúilimh nimhe dhil, nach ait a gcúrsa!
Cé mhúinid sin gur ionad maith do chúirt-se,
Gur tú an sruth ó ritheann rath is dúileamh -
'S nach fiú leo dul 'na gcuis ar fad dod dhún-sa!


L. 350


A dhuine ro-ghlic, ní thuigim deis do scéil,
Id mhuirir go bhfuil tú anois is gur breis dod phéin;
Is iongna na friotail sin is go ndeir gach n-aon
Do ghiolla gan bhuin, mar choin nach beag é féin.



FREAGRA AN CHUIMÍNIGH.
An Cuimíneach cct.



Mo dheacair do chás, a sháir-fhir cheannasaigh shuairc,
Go dealbh mar táir, gan fagháil ar chapall ná a luach:
Preabaire ar lár, san ár, gan tapadh san uaigh,
Is mo shagart breágha sámh, gan láir ag taisteal na gcuan.



- Na gcuan nar chleacht gan each mear lúithmhar faoi,
Ar luas mar stail bhí ag flaith dob fhearr san Traoi;
Más tuaidh, más teas, tá an bhean, a sluagh nó a mbruidhean,
Do scuab uait Preab, ní ceart is Donn léad thaoibh.


L. 351


Léad thaoibh-sa, a chnuic, 'na dtug bheith fíor ar bhréig,
Ag Clíona an tsuilt, don fhuil dob aoirde i bpréimh -
Más sí do chuir tú id chois, gheabhair díoghal gan bhaoghal,
Ó Stíobhard Luirc, tá ar muir, ag toidheacht i gcéin.



I gcéin, ag tairring, go calma, chúghainn tar cuan,
Go tréanmhar, armach, lannamhar, longmhar, luaith;
Gheabhair réim i gCaiseal bheith it easbog, gan smúit, gan bhuairt,
I n-éiric Phreabaire 's is malairt, dar lióm, nach fuar.



Is fuar do scaipfidh an aicme do dhiúlta an tÓrd,
Buan, go dealbh, gan bheath-uisce, lionn, ná feol,
A muar-chuirp searg, gan tapa, gan lúth, gan treoir,
Is mo chrobhaire sagairt dá radadh as dúithche an leoghain!



Leoghan meanmnach, ceannasach, lúthmhar, óg,
Do mhór-fhuil Alban, Bhreatan, is Dhún an Óir;
Is cródha, calma chasfaidh - 'na chúirt, biaidh i gcoróin,
Is S-se ceangailte i nglasaibh 's gach búr dá phór.


L. 352


CAOINE PHREABAIRE.
An sagart arís dá chapull.



Mo mhallacht go dian diachrach do ghasaradh an chnuic!
Gan mhagadh, gan bhréag, i mbliadhna do shladadur mé;
An Preabaire ó d'éug - mo léun! ní ghlacfadh an luibh -
Is ó chaillios-sa an riabhach, 'na dhiaidh, níl seasamh anum.



Im sheasamh go dúbhach, fá smúit, do chaithim gach lá,
Gan tapadh, gan lúth, gan siúbhal, air easbudh na Seán,
'S a' Mangaire Súghach go dlúith dothagach 'nar ndáil,
A' freagairt gach cúis san gcúirt 's a' ceapadh na ndán.



Dánta, ceoil, spóirt is iomad suaircis,
Fíonta, feolta - seo an sórt do chleacht na sluaighte;
Budh mhéin beo don té gheóbhach 'nar measg an uair sin,
An dlíghe bhí romhainn dá chómhad i measg na n-uaisle.



Dá dtagadh an cúigear úd go maiseach air clár,
Ag cana 's a' sgrúda na n-úghdar do cheapadur dáimh,
Dob aite dair lióm a gclú, a n-ainm, 's a gcáil
Ná flathas na Múmhan, a bpúint 's a nglagaireacht smáil.


L. 353


Glagaireacht smáil mar chráin do chleachtaid na búir
An uair chroman air thál is na gárrtha ag a bainibh 'na lúib,
A' gearradh cnámha is ag áireamh maitheas ...
A leinibh 's a mná is a gcáirde uile bhíonn súghach.



DUAN LE BRÁTHAIR AR BHÁS A GHEARRÁIN.
Bráthair Anaithnid cct.



Is é mo chreach is mo chrá a chail mise an láir,
An cuilirin áluin éarach,
Do phreapach go hárd faoi mharcach san áth
Agus tuilte tar bhárr na gcraocha;
Do bhuaileadh sí an pháil go binn lena sáil
Is bhearadh sí an bráithrín faoi shléibhte;
Go dtagann saighiod in mo lár 'nuair chím-se a cnámha
Dá phioca gach lá gis na féacha.



Is ó chail mise an láir is fairsing í mo stáid
Is an aigne bhreágh ní staonainn
Go mbualuinn an clár is struic air a' $drawer
Agus chluiseach an tsráid mé ag glaoch air;
Tá mo chosa 'na gcrá le clocha na sráide,
'Sudar faoi mhála na déirce,
Gan capull, gan láir, gan airgiod bán
Ach sagairt is bráithre am chéasadh.


L. 354


Is minic dobhíos-sa sealad don oidhche
Im sheasamh, chuis cloig, is réalt' ann,
Go dtagadh sé im smaointe, ar uairibh meodhan-oidhche,
Go mbiadh air a dhrom sa chao amuich;
Do phreabuinn im shuidhe 's lag marbh d'fhághainn í,
Gan tapa iná brí ina géaga;
Fad mhairfe mé, arís ní leanfa mé an tslighe úd;
'S a chapuilín, 'chaoi táim réidh leat.



APOSTÁTA BRÁTHAR.
Risteard Mhac Gearailt cct.



Dán Ristird Mhic Gearailt, apostáta bráthar d'Órd St. Proinnsias
chuim an Athar Conchubhar Ó Briain.



A mhacaoimh, cé mór do mheas
i bhfóghluim 's i dtabharthus ó neamh,
is ísiol do bhréithre san gcóir
's is árd do bhéiceach san éagcóir.


L. 355


FREAGRA OILIBHÉAR MHIC GEARAILT.
Freagra Oilibhéar Mhic Gearailt.



Is truagh liom, a bhráthair fé dhó,
t'anam canncrach fá dháll-cheo;
is truagh an té bhronnas caoirigh ar Dhia
'na ghabhar duilleabhair ag an diabhal.
FREAGRA CHONCHUBHAIR Í BHRIAIN.
Freagra Chonchubhair Uí Bhriain



A ghaisgeadhuig, cé searbh do dhán,
dar do láimh, is doilig línn
gan do shúil san gcreidiomh chóir
's gan an óige i bhfoigse dhíbh.



Bláth na hóige ó theasdaig uait,
créad nár ghluaisis le guth an úird?
sguir dod bhaois, a dhuille léith,
is gaibh do chré ar dhul don úir.


L. 356


Creid an naomh-eagluis dobhí
ó theacht Mhic Mhuire go Cailbhín -
gurab í atá is bhias do shíor
gan fáil ar thuitim le hearaoid;



'S gur thug Críost do Pheadar féin
solus creidimh i n-aoin-réim,
ag lúnnradh san eagluis go deo
's gan cómhachta Ithfrinn dá chlaochlódh.



Acht muna bréag gealla Chríost
don eaglais naomhtha, a ghaisgíodhaig,
créad fár chuiris-si féin suas
don chreidiomh atá go sioth-bhuan?



'S ná meas an eaglais dobhí
an tan tug Críost an friotal uaidh
go mb'fhéidir, is eision saor,
ise do dhul éag tar uacht.



Dá ngeallair féin tar chionn do mhná
go lá an bhrátha nách déanuig bréag -
dar ndóigh, má tá ar gcumas díbh,
dul tar slíghe, ní léigfir lé.


L. 357


'S ó nách duine bréagach Críost
acht Dia fíor na ngealladh rúin,
fúigfidh an eaglais gan cháim
insa gcáil 'na raibh ar dtúis.



'S ó bhí an eaglais fulláin fíor
le teacht Lúitéir is Chailbhín,
ní ise acht iadsan do thuit
ós dóibh nách riaghail an gheallamhuint.



Ná cé thug úghdarás dóibh
athrúghadh creidimh do sheanmóir?
eolas gan chumas ag neach
ag ceartúghadh creidimh ní córach.



Miosúin míorbhuilleach ó Dhia
ní raibh aco, mar Esécíel;
slat Mhaoise níorbh'arm dháibh;
ná bachall 'na ndeas-láimh.



Is ní mó thug an naoimh-eagluis dhóibh
cumas aithchreidimh do sheanmóir;
acht iadsan ar ndul tar a chrois
's mallocht 'na dtiaruig ón eaglais.



Tuig anois, a ghiolla bháin,
ó thosach, do chreidiomh nách folláin,
gur sinne do lámhaig an chóir
's gur sibhsi ba dána san éagcóir.


L. 358


DUAN DÓCHAIS
Pádraig Ó Broin, an Bráthair, agus
An tAthair Domhnal Ó Briain Major cct.



Pádraig:



A Dhómhnaill na páirte, táim cráidhte ag an gcíos;
Tá an cheannann ag Párcar 's na gárlaigh gan bhrígh;
Cuir leitir fád láimh chúgham, ón árus 'na mbír,
An bhfuil furtacht le fagháil dom nó an bhfágfaidh mé an tír?



Domhnall:



Atá sin rena fhagháil duit is árduigh do chroidhe;
Do hiompuígheadh an cárda, atá an báire-so línn;
Atá Prusia air lár is a ghárda gan bhrígh
Is tá $Count Daun sa tár ag buaint sásaimh sa ngníomh.


L. 359


Ag teacht na féil' Pádruig gheabhair lán-chuid don bhfíon;
Is beith cupán Uí Ára air an gclár-so go bínn;
Atá Séarlus 'na shláinte is na táinte dá bhuidhin
Agus a mbratacha i n-áirde le háthas ag tigheacht.



Gibé chífeach an lá sin air chlár leathan Bhriain:
Sgrios agus fán agus ár ar na diabhail;
Iad ag imtheacht tar sáile, gan cháise, gan sgian,
Is $Te-Deum aig na bráithre le háthas 'na ndiaidh.



Tiocfa $Nuncius tar sáile ó Phápa na Róimh;
'S ní bheith acht ann go bráth chum na mbráthar do ghabháil;
Ní bheith Protustun láidir ó Árainn go Bóinn;
Agus gheobhaidh tusa an lá sin ó Phárcar do bhó.



Pádraig Ó Broin, arís:



A Dhomhnaill na n-árann, do ráidhte más fíor,
Caithfe mé i n-áirde mo bhán-hata cíor;
Racham do rás chum an tábhairne so thiar
Agus ólfamaoid sláinte Mhic Chárrtha is Uí Bhriain.



Beith teas insa ngréin agus éisg mhaithe air linn
Agus tora le naomhthacht go séanmhar air chrainn;
Beith mil air na craobhuibh feadh Éireann gan roinn
Is beidh Aifirionn Dé againn dá léaghamh in gach cill.


L. 360


Beith dearbh-shliocht Éibhir fá réim i n-ár dtír -
Agus Éiriomhóin éachtach - Ó Néill, is Magaoir;
Beith Hollister 's Séacar is Béacar gan bhrígh -
$Swadlers is $Quakers 's gach aon eile dhíobh.



Beith ministir taidhbhseach gan $cider, gan lionn,
Is sursain air Thadhg 's é dhá leadhba go teann:
"Tóig leat do Bhible it's time to be gone,
Tú féin is your wife is gan amhras do chlann."



Isé deir Gráinne le háthas i n-áirde air na cnoic:
"Dochonairc mé an lá 'na bhfuil rás air na puic
Is iad aig imtheacht tar sáile gan fásach, gan stuic:
Tá an tAifrionn dá rádh, cluinim gáir ag na cluig."


L. 361


MÓIRÍN.
An tAthair Pádraig Ó Bruin cct.



Tógfa sí athtuirse is brón díbh
An aisling dochonarc-sa air Mhóirín,
An bhanaltra bhréagach
Do tháil air gach aon neach
Ó d'imthigh a céile - mo bhrón í!



A cneas mar an sneachta bo ró-mhín;
A bas faoi n-a leaca is sí a' deoraoil;
'S a mama bheag gléigeal
Aig conairt an Bhéarla
Dá slamadh, gan traocha, gan comhnuidhe.


L. 362


'Sé adubhairt an mhac alla don ghlór chaoin
"An bhfuileann tú id chodla, 'rú, a Mhóirín?
Éirigh cois tuinne
Is dearc air an duine
Tá ag teacht chúghainn tar tuile le mór-bhuidhin".



Ansin beidh agadsa id chóithrí
Airgead go fairsing is ór buidhe
Mar chabhair do na céadtha
Tá ag cneada 's a' béaca
Dá gcreacha is dá gcéasa le mór-chíos.



Atá éanla na coille go ró-bhínn,
I n-éinfheacht a' sinim a nótaí,
Go meanmnach aerach
Dá innsint dá chéile,
Ná beith fearg Mhic Dé linn i gcomhnuidhe.



Dochuala dá shinim air cheol phíob
Go bhfuil coileach is fiolar ag deoraí,
Phiocfas na súile
As an nduine nar dhúthchas
A bheith aguin, a Londuin, 'na chomhnaidhe.


L. 363


Beith Hector is Caesar go beol-bhínn,
Bowler is Ranger a' geonaoil;
Is cairr-fhiadh 'ca air saothar
Ó Chaiseal go Béara
Go dtuitfig i n-éinfheacht an ór-luidhe.



Ansin go fírinneach pósfuidhear
An duine nár síleadh le Móirín;
Is cruinneoghaid na céadtha
Do mhaithibh na hÉirean
Go mullach Chnuic Gréine le ceol sídhe.



Tugthar chughainn $punch agus beoir ghroidhe
Is bíodhtar dá dtarruint i gcomhnuidhe;
Cuir an aindeis air cáirde
Go maidin amáireach
Agus gan a casa go bráth ná go deo í.



Gibé fhaid a bheith sgilling im phóicín,
Ní sgarfainn le cuideachta Mhóirín;
Is ólfamaid sláinte
An fhir atá i ndán di
A chuirfidh Tadhg is a ghárlaig i gcóistí.


L. 364


Atá cluiche le himirt aig Móirín:
Tuitfig an Cuireat 's ní brón línn;
Atá hAon-a-hart séidte
'S a' Rí 'dul air éigean
'S a' Bhainríoghan 'na ndéig sin dá dtóraidheacht.



Annsin do phreabfaig air bórd síos
An Cíonádh is fada faoi cheo draoidheacht;
Sguabfaig i n-éinfheacht
Na bearta le chéile
'S bainfidh sgilling gan bhaodhachas 's c'róin díobh.



Is beith cnapaí dá ndéanamh aig Seoirsín
Faoi thuairim an éadaigh nar córuigheadh;
Beidh hata maith béabhar
Air Dhomhnal na Gréine
Dá chaitheamh sna spéartha le mór-chroidhe.



Go mbaintear an bríste dá thóin síos
Don dhuine nar mhian a bheith ag ól dighe
Faoi thuairim an sgéal sin
'S tuille ná déarfad
Dá mbéinn-se gan léine, gan cóitín!


L. 365


AN DÉIRC.
An tAthair Pádraig Ó Broin .i. an bráthair bocht nó
An tAthair Uilliam Inglis cct.



Maoidhean gach n-aon a shlíghe sa tsaoghal:
Maoidhean an chléir is maoidhean a' ceannuíghe;
Maoidhean na mílte a maoin 's a réim;
Maoidhim-si an déirc, sí céird is fearra í.



CURFÁ
Sí céird is fearr í
'S maoidhim-si an déirc, sí céird is fearr í.



Air mo thigheacht, 'na luíghe, air thréad,
An bhuídhe san bhféith 's na héimhghe aig leanbhaí,
Báisteach, daoirse, is roinn air ghaoth -
Ó taoim le déirc, ní baoghal dam gharraidhe.



CURFÁ
Ní baoghal dom gharraidhe:
Ó taoim le déirc, ní baoghal dom gharraidhe.


L. 366


Is sámh dobhím im luíghe le gréin,
Gan suím sa' saoghal acht sgléip is starruígheacht,
Gan cháin, gan chíos, acht m'inntinn saor -
Nách fearr í an déirc ná céird is ealadha?



CURFÁ
Ná céird is ealadha?
Nách fearr í an déirc ná céird is ealadha?



Lá, má bhím le íota tréith,
Biad an lá 'na dhéig a' glaedhach na gcannaí -
Lá le fíon 's arís gan bhraon;
Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í!



CURFÁ
'S a' té do cheap í -
Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í!



Ólaim $punch is ólaim $tea
'S a' lá 'na dhéig sin ólaim $taddy;
Ní bhím air meisge acht uair san ré:
Mo ghrádh-sa an déirc 's a' té do cheap í!



FREAGRA.
An freagra le cailleach san gcúinne.



Ní hiongna lióm an bráithir méith
Is gach ráib don chléir go léir do chleacht í
Bheith ró-pháirteach ris an déirc
- Fáth nách caol, ó roinntear leat í!


L. 367


Dá mhéid do chumann-sa don déirc,
Do chrábhadh an tsaoghail is do thréad na haithríghe,
Ní bhfuil dáimh, mar chím, ná ríob don chléir
Ná tóghfach ré an tsaoghail is earruídhe.



Adeirim-se leis an mbráithir méith,
Cé labhran air dhéirc go sámh nó starruigheacht,
Gur beag a mheas air dhéarcach faon
Is ná tabharfach $God-save dho insa mbealach.



Ní bhfuil sagart ann cé carthannach a bhriathra ghnáth
Ná bradaire dod charaid-se, i gcéill, cé hárd,
Nách airgiod is aite leis; 's an té ná bhfághan,
Is cé flathusach an ghanna-chuid, ní hé do ghrádh.



DON EASBOG Ó BHRIAIN.
An tAthair Pádraig Ó Brain
don Easbog Ó Bhriain .i. Easbog Chluana agus Ruis cct.



Slán leat, a litir bhig bhláith;
eitil anois go mórdháil;
aithris uaim don ríoghfhlaith úr
gur bráthair mé d'Órd Míonúr.


L. 368


Rad do, re díogras croidhe,
mílte fáilte gan dimbrígh
go beginnis na dtonn dtais
a lorg gach saoir re seanchas.



Is sgéal dúbhach i gClár Luirg
teasga gach mórlaoicc ordhuirc
gur éirig mar Chonn Catha
an ghnúis uasal árdfhlatha.



Lorgaire stuagh gach sean;
tug dóibh a shearc 's a shírghean;
ríghbheach air bhláith gach luibhe
'tiomargain shuadh gach sáirfhile.



Mo-nuar! is déadhnach an cor
don bhile bhuadha bhárrghlan
caomhna na druinge fá seach,
tar éis gach tromáir nímhneach.



Cuid dá n-aois ársa gan chlainn,
dhá n-aois óig gan fonn foghluim;
níor mheabhraicc urdail re headh
i leabhraibh luirg ná líne.



Atá an "Forus Feasa" fann,
eagna na sean air seachmall;
ó dh'imthig uainn báird ár sgaile,
fás gach both gan buanfhaire.


L. 369


A bhuídhe re Dia! is éacht amhra
tú féin i dtúis ceileabhra;
tug mar cholam áirce id chrobh
an chraebh tar sáile gormshroth.



PAITEAN TOMÁIS Í MHÍODHCHÁIN DO
SHEÁN Ó ÓGÁIN.



Contae caon-thorthach an Chláir mar aon le mór-chuaird Éirionn uile.
Do réir Thomáis† mhian-tsuairc †Uí Mhíodhcháin, iodhón, ilreachtach
éigse cúirte Tuamhan agus aon do phríomh-bhreathamhain binn
dréachtach na bhfilidhe 'san ríoghacht réimh-ráidhte.



Do bhrígh go dtángadar prímh-cheap ionnraic accreidiomhach
poráiste fíor-dheaghthach Duire agus fosthaigheadh feadhma fíor-uaisle
an cheanntair uíle im láthair don chor-so, dá iarraidh go
humhal-chaoin carthannach i mbrígh phaitinn prionnsapalta
saoirse shuaimheamhuil sgóip-leathan do cheapa agus do shaor-dháil
do Sheaghan† ionnmhuin uasal †Ó Ógáin .i. bráthair bocht
binn-tsailmeach do órd naomh Próinnsias, do chuireadh, d'éis
a chuirthe go cráibhtheach i dteampoll an Tighearna, as seilbh
an phoráiste réimhráidhte le hughdarás an easbuig .i. ionnus
go gcaithfeach anís do réir reacht an déirc-úird dul a' cnósach
carthanacht na bhfíoraon ameasg na gcoimh-chinéal Críostamhuil
go fóirleathan.


L. 370



Dá bhrígh sin, aitchim air shaoithe fearuin,
air fhíor-sgoith flatha agas naoimh-chléire
ó an Laoi go Gaillimh 'san líne gairid
's ó aghlic Chaisill go splín Aeithead -
aoigheacht, gan easbo, gan maoidhiomh, do thabhairt,
ó chroidhe, don taisdiolach dí-thréudach;
le Críost do cheapadh ina stíobhard teagaisg,
gan díol acht seilbh na fíor-dhéirce.
Bo tigheasach taithnimh an tsaoi re tamal
i nDruim na Manach, gan mí-dhaonacht.
'S is fíor nár ghlasaig a chroidhe ná a gheata
roimh dhílleacht dealbh le linn béile.
Níor fríoth é 'casnamh air dhríodar deasga
ná íochtar barruile bínn réitig
acht a' leaghas gach galair do bhin an aistir;
é fíorshruith fairsing is fíor-fhéile.
Gach baintreach teasbuig tá líghe re rachmuill
i mínleach meala 's i nglínn sléibhe
is gach maoilreach seasguir tá slighe re fada,
na hadharca thachta re cruinn-réaghlaibh -
bo cuibhe dóibh creana le nighe na n-anam
is dá ndíon air lasair na daoirphéine,
mír don taisge chuir Críost 'na sealbh
do roint le teachtaire an Ríogh naomhtha.
Ní brainseach bacaig a' bruighion re caillig
's a druim i dtaca aig an ngíoséaraidhe
ná bíoma bealaig Aheel? teach racha
go ndíolan falaing 'sa maing-éaduíghe
mo chaoin-fhear cneasda, gan phuighiom, gan chealg,
tá suidhte, seasamhach, saoisgéalach,
is le fuirm faisdal bheir mílte peacach
ó dhaoirse greama na ríghphéiste.
Is fíor go radaim óm chroidhe don eaguilseach
príomh-phas, paitin, is pribhléide;


L. 371


gan cinnteas nasgaim a chíos do ghlana;
go cruinn i n-aice gach naoimh-fhéile.
Go síothach glacfaig an píosa garbh,
an lionn 'sa mbarruile síl déise
is aighidh gach earra chuir Méidheamh i dtaisge
go doimhin i n-arg na dtruimpléiste.
Lé síos ón Sgairm go binn Bunréithe
is trí chríocha Baisgion go Cill Chambers
ón Ana don Cheapaig chuig Mhaighe na gCaileach
is ó dhruím Dhúnátha go Cinn Léime,
táid saoithe sagairt is saoire teasdas
do leighisfheas anacra an chaoin-chléirig.
Is d'éis fuílioch fleadh do loinfeas peacaigh
go raoiseach rabuirneach ríghmhéideach,
cois taoibh na mara chuig seanntaighe an chladaig
is trí gach anach go nuige Deanqually
ó thuinn Líoschanuir go Glinn na Manach
is tiompoll trasna chum Tuim Gréine,
níl taoisioch teagais ná fíor-ghas flatha
ná híocfhaig acfuing go croidh-mhéinne.
Is air thigheacht abhaile do, maoidhioch le Peadar
gur saoirse ó fhlathas a chaoil-chléirchius;
i linn na laithig dá luígheach a chapall
's a dhruim a' feaca faoi thruim-ghréithre,
glaoioch dá chabhair an Linnseach tapa,
fear siabhra 'ghreada 'san mBruighion Chaorthain.
Gach neoin dothabharthas cuibhreann ranna
go saoir do chantuire an Ríogh gléigeal,
beidh caoi psailm dá nguídhe go flathas
ó chuing-bhroid mhallaighthe an tsaoghail bhréagaig.
Ó thíocht air talamh do Chríost 'na leanabh,
fá dhaoirse, a' ceannach na druinge daona


L. 372


go suídhiomh mo phaitin go díleas dearbh
fá ghrinn-ghlas dearg na bhfíor-éigse,
míle is seasgaid, seacht gcéad air dachad
do thiompoll ratha na rígh-ghréine
acht dís is gearra dheich bliadhain dá easba
go fiair a feasa na fuíghioll-réime.



IASACHT LEABHAIR.
Mícheál Ó Longáin cct.




- dá iaruidh air Sheághan Ó Mhuláin "Aodh Mac Aingil",
tug sé féin air iasacht dho roimhe sin, do chur abhaile chuige,
1805.




Sin sgaoi mbeag mbarrfhionn, do raduim go saordha sódhuil,
Don Ghaolgach ghasda sin d'easgair do shaer-tsliocht treon;
Is cidh léir dá mairionn gurb aicme iad nár aosaigh fós,
Atáid maordha, maiseach, 's gan earradh ná éadach leo.



Atáid a gcraobh-fhoilt casda 'na mbeartaibh, air néimh an óir,
'S a gclaon-ruisg ghlasa go ramhar glan péarlach beo;
Is cael-deas mala air aighthe gach béithe 'n chóip
'S a déide cailce a mbalsam-ghuib chraebh-dheirg, chóir.


L. 373


A gcaomh-chnuic ghearra nár glacadh le haenneach fós;
A réadh-chroibh leabhaire bhaineas air dhaorbhruit sróill;
...



...
Gné gach ealtan is abhalla is craobhacha cnó
Éisg air easaibh is caismirt na dtréinfhear reomhuinn.



Is léir, dá n-amharcadh Aicill, shoir, gné agus cló
Aon don bhanna-so ag taisdiol go saor id chómhair,
Go léigfeadh thairis an ainnir bheag, bhéal-tais, mhódhuil,
Trér traochadh acfuinn an draguin mhir, éachtaig, mhóir.



A shéimh-fhir chneasta tá carthannach, céimghlan, cóir,
Is léaghannta teagasg i starthaibh, i gcéill, 's i gcómhad,
Más méinn leat caradas 'cheangal re haon dom shórd,
cuir "Aodh Mac Aingil" abhaile go héasga im threo.


L. 374


IASACHT LEABHAIR.
Micheál Ó Longáin cct.




An fear céadna dochuim Seághuin Í Chaoimh go Teampoll Míchíl
isan mbliadhain 1807, fá bhás Mhíchíl Í Chaoimh,
d'éag i mBéal Átha Úbhalla, 1806; agus ag iaraidh iasacht
"Lóchrainn na gCreidmheach" air.




A Sheóin, a chara, a dhalta, 's a ghrian mo sgart,
A fhir ghleoidhte, chneasta, ler cheanglas miann is searc,
Is brón lem aigne adhbhar do liach le seal:
Ár dtreon nár mheata bheith marbh, gan rian, i bhfeart.



Óigfhear acfuinneach, arruid, iadhuin, ait,
Beodha, barramhuil, beannuighthe, briathrach, beacht,
Córach, caithiseach, carthannach, ciallmhar, ceart,
Dóid-gheal, dathamhuil, daingean, dil, diadha, deas.



Fórsach, fearamhuil, flaitheamhuil, fial go feas,
Gleoidhte, geanamhuil, greannamhar, grianmhar, glan,
Leoghanta, leabharchroibh, lannamhar, liadmhar, lear,
Móinte, meanamnach, meacanta, miann re maith.


L. 375


Cé brónach, basgaithe deasga agus rian na gcneadh,
Bheith ag beodhacht caithighthe feasda ní dhligh, ní ceart,
'S gur dóigh le a mairionn do thaithig a riaghuil 's a reacht,
I gcómhair na n-aingiol, a anam gur thriall air neamh.



Ó seoladh seachad ót aice san mbliadhain-si mé,
Gan cheol, gan charuid, gan leabhar leam riar agam,
Is cóir dhuit, 'fharaire eagnuig, chiallmhar, ghlic,
An "Lóchrann" lasmhar sin 'thabhairt air iasacht dom.



Gibé díobh sin don dís ghlan do thriallas ann,
Isé sílim go sgaoilfid dam ciall mo rann;
Saer-líne do phrímhshliocht na dtrianta dteann -
'Ua Dé dílis, déin díon dóibh agus riar gach am.



A shuairc-fhir chliste tá suireanta suilt séimh síoch,
'S do ghluais ón bhfuirrinn bhí curata cruthchaomh caoin,
Cé muar mo thuirse gan sibhsi agus mé d'aonbhuidhin,
Níor dhual cine-si file bheith diombaodhach díot.


L. 377


AOR.
Seon Mairtín cct.



Cionnus sin, a Phápa,
gad bhéir na bráithre 'marcaidheacht
's gurb amhlaidh bhí Son Proinnsias,
dair mo choinsias, a' coisiacht?



Gan chlóca maith, gan ghúna,
gan bhútais, gan spúir dhealgach,
gan bhanna mór air a ghuaillibh,
gan uabhar i dtruaill anma.



Gan bhróga air nós Polónia,
gan chnáipidh órdha ná síoda,
gan hata luach thrí bpunta,
gan céud puinte ina bhríste.



Dobhí a chóta gan lása
- cia gur mhór grásta Chríosta -
is gairtéil don tsról uaithne
faoina ghlúine go híseal.


L. 378


Gan léinidh gheal mair lítis,
gan spíosair, gan fíon Gréagach -
is fiosach dhuit, a Phápa,
cia haca an crábhadh bréige.



I gcnoc, i dtionól nó i bpuball,
neach i n-anóir nó i gculaidh -
níl fios cia hé an bráthair
ó mhac máthar ríogh Uladh.



Dá bhfanadh an bocht uaibhreach
ina dhualgas - níor mhiste -
is gan a bheith 'dréim le gach uaisle,
gheabhuinn fuasgailt mo cheiste.



CILL NA MALLACH.
Na Bráithre i gCill na Mallach do chain na rainn-si
im dhiaidh.



Fáth mo thuirse fár cuireadh mé i ngainn-iarracht
Ag lurán tsultmhar na muirearfhalt gcaischiabhach:
Sruthán pise bheir sisi do laigchliaraibh,
Siobhán mhilis, inghean Mhuiris Uí Eichthighearna.


L. 379


A chúilfhionn tsultmhar le gcuirthear na mílte i gcré,
Do ghnúis mar lile, do licne mar lígh na gcaor,
Do dhúrthacht comainn gídh thugais go deímhin don chléir,
Ár súist-ne ó d'imthigh, sin sinne faraor gan déirc.



Freagra:



Is dubhach bhur bhfriotal 's is deimhin gur fíor dhamh é;
'S bhur súist ó d'imthigh, ná cuiridh bhur ndruím le déirc;
Mo shúil-se ar Mhuire, cé sruimilte buidhe mo ghné,
'S bhur gcú-sa misi chum pise d'fháil díbh go léir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services