Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin

Title
Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin
Author(s)
Ó Súilleabháin, Eoghan Ruadh,
Compiler/Editor
Ua Duinnín, Pádraig
Composition Date
1784
Publisher
(B.Á.C.: Conradh na Gaeilge, 1901)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



7. - IM AONAR SEAL AG SIUBHAL BHÍOS.



Fonn: "An Beinsín Luachra".



Im aonar seal ag siubhal bhíos
I dtúis oidhche i ngaortha ceoigh,
Lem thaobh gur dhearcas fionn-ríoghan,
Im ionnsuidhe go séimh ar seol,


L. 21


A céibh ar fad 'na búclaidhibh
Ag tabhairt síos ar scéimh an óir,
Go craobhach casta ciumhas-bhuidhe,
'Na fúnsaidhibh go béal a bróig.



Ba mhaordha, maiseach, múinte í,
Ba chiuin i, ba shéimh a clódh,
Ba chaomh a dreach 's a súil ghrinn
Mar dhrúcht ghlinn ag déanamh spóirt;
A déid mar chailc 'na ndlúith-chíor
Gan smúit bhí go néata i gcóir,
'S a haol-chorp seascair súbhach síothach,
Nár dlúthuigheadh le chéile fós.



Táid caora is sneachta ar lúth shíor
'Na gnúis mhín ba mhaorda, modhamhail,
A héadan leathan úr mhaoidhim
Gan smúit puinn go séanmhar sóghach;
Ba chaol a mala dhlúth-chaoin,
'S a leabhair-phíop mar ghéis ar seol,
'S a béilín blasta búch binn
Ceannsaidhe, nár thaobhuigh móid.



A spéir-bhean chneasta, chiuin, chaoin,
Cár stiuruigheadh i gcéin do shórt?
Nó an léir a mheas gur bh'ionntaoibh
Dom ionnsuidhe id ghaor im chlódh?
An tú an bhé thug searc is rún chroidhe
Don Chú ghroidhe bhí tréan i dtóir,
'S a céile ceart gur fhúig sí
Go dubh-chroidheach le géill don spórt?



An tú Déirdre mhaiseach bhúch bhinn
Do crúthuigheadh do phréimh na leomhan
Le nar traocadh flaith is fionn-rígh
Go dubh-chroidheach i n-éigin gleo?


L. 22


Nó an bhé lér cailleadh Cúrí
Gan ionntaoibh ag déanamh phóit',
Nó an spéir-bhean chneasta d'umhluigheadh
'Na smúit ghrinn ar Éirinn ceo?



Is béasach blasta búch binn,
Adubhairt sí go séimh gan gó:
Ní haon dod mheas, a rúin, sinn,
Is diúltuighim go héag don tsórt,
Is bé mé ag taisteal dúthaidhe
Go dubh-chroidheach i ndéidh mo leomhan,
Is mo chréachta ar leathadh ag búraidhibh,
Im shúghadh bhíd 'na slaod dom dheol.



Tá Séarlas mear 's a thrúip ghroidhe
Dár n-ionnsuidhe go héascaidh ar seol,
Is réidhfidh seal mo chúrsaidhe
Ag búraidhibh le faobhar gleo,
Béidh séideadh is cartadh is brughadh síor
Ar bhúraidhibh dá dtraochadh ar feodh,
'S ní léan liom lag gan lúth puinn
Gach trú dhíobh nár ghéill don Órd.



Béidh cléir na gceacht gan púicín
Ag úr-mhaoidheamh an Éin-mhic chóir,
Is éigse ceart ag tabhairt síos
Gach fionn-laoidh go néata i gclódh;
An tréad do threascair dúbhach sinn
Gan lionntaidhe, gan féasta ar bórd,
Is Gaedhil go seascair súbhach síothach
'Na ndúthaidhe go séanmhar soghamhail.


L. 23


8. I SACSAIBH NA SÉAD.



I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúthchas,
Fá bharra na gcraobh cois céidh na stiur-bharc,
Is me ag machtnamh ar éag na bhflatha is na laoch
I bhfearannaibh Chéin do túrnadh,
Le Danair i spéirling chonncais,
Dá gcabhair ciodh tréan mé i bhfionntar,
Ag fearadh mo dhéar go lachtmhar le léan,
Gan aiteas, gan réim, gan subhachas,



Do dhearcas réilteann ghréigeach, ghreannta,
Ghlé, bhí gasta, gnúis-gheal,
Banamhail, béasach, béal-tais, blasta,
Céimeach, cneasta, cúmtha,
Maiseamhail, méinneach, maordha, measta,
Aereach, abaidh, umhalach,
Na reathaibh ag téacht dob éadtrom aistear,
Taobh liom seal gur thúirling.



Ba chamarsach léi-si a céibhe dlútha,
O bhathas go féar ag slaodadh ar lúith-chrith,
A mala ba chaol, a hathadh gan bhéim,
A dearca 's a scéimh ba lonnrach;
Ba dhearg an caor ar úr-lil,
'Na leacain ag déanamh conncais,
Is ba bhlasta gach téacsa a d'aitheasc a béal
'Na spreagaireacht méar ar chiúin-chruit.



Ba samhail a déid le gné na heala
Ar fraoch na mara cubhar-fhliuch,
A mama ba ghéar nár léanuigh cleasa
Claona cama Cúipid;


L. 24


A leabhar-chrobh réidh is ró-ghlé do dhearadh
Béir is barca stiúrach,
Caismirt na gcéadta, faol-choin allta,
Éisc is ealta clúmhach.
A seanga-chorp séimh mo phéin do dhúbail,
Ó bháthas go féar go néata i gclúid chirt,
Trér shearg mo ghné is do bhalbhuigh mé;
Do leagadh mo ghéaga lútha
Do dalladh mé d'éis gach cúrsa,
Cé labharas léi go cúthail,
Is d'aithcheas don bhé a hainm 's a scéal,
A treabha 's a tréad do thabhairt dam.



Do ghlacas-sa réim tar éis a hagaill,
d'éisteas seal is d'umhluigheas,
Do charas a scéimh, a méinn 's a pearsa,
Céim nár mhasla dhúinn-ne;
Ba thapamhail, tréan, gach géag dom bhallaibh,
Faon níorbh'fada i bpudhair mé,
An tan bheartas gurab aon an bhé do ghreannuigh
Gneithe is peacadh drúise.



Freagair-se mé an tú an réilteann lonnrach
Thug fearg is maodhm na Trae gan cionnta,
Nó an ainnir thug léan is leagadh na nGaedheal,
I bhfearannaibh Chéin is Iughoine,
d'fhúig flatha is éigs' na dtriúch sain,
Faoi an amhadh go tréith ag búraibh,
Nó an gailteann i gcéin tar chalaith do léim
Ó Eamhain ag laoch 'na lonn-bharc.



d'fhreagair ní haon don mhéid sin chanais
Féin id starthaibh lúb mé,
Is ní chanfad-sa scéal do strae dod shamhail,
Géag do Chlannaibh Lúiteir,


L. 25


Danar i méinn, i gcéill 's i gcealg,
Réice is gaige ó Lonndain,
Tá i n-arm 's i n-éadach gléasta ag gearradh
Géag is fasc mo Phrionnsa.



Ná tarcuisnigh mé, a gheal-scéimh na gcúil-fhionn,
Dar an leabhar so im ghéag, ní haon dá gcrú mé,
Acht taistealach tréith tar caise le fraoch
Do stracadh i gcéin ar úrla,
Ag cabhair don té nár bh'fonn liom,
I mbarcaibh na bpiléar ar cubhar-mhuir,
Is gur scagadh mo thréad as caise d'fhuil Ghaedheal
I gCaiseal ba réacsa cúigidh.



Ó's dearbh gurab aon do récs-fhuil Chaisil
Tréimhse snaidhmeadh liom tú,
Aithrisfead féin duit éachta m'aistir,
Is scéalfad m'ainim ionnraic;
Gairmid éigs' díom Éire mheabhail,
Méirdreach chealg-chúrsach,
Thug masla 'gus béim tré chlaon le Gallaibh
Do thréid mo bhailte dúthchais.



Ó fhearannaibh Chéin is Éibhir fhionntaigh,
Tar calaith na dtéad go héascaidh sciúrdas,
Le teachtaireacht scéil ó Chlannaibh na nGaedheal,
Gur gairid go ndéanfaid conncas,
Go scaipfid gach béar do chomplacht
Na n-amhas do phréamh-stoc Lonndan
As beatha na laoch, is go gcastar i réim
Mo ghaithle 'n-a réics go Dún Luisc.


L. 26


Do tharngair éigse dréachta is feasa
A téacht go treasach trúipeach,
Lannmhar léidmheach laochda ag ladairt
Méith-phuic galla-phonncach;
A scanadh gach scéil tá a dtréimhse caithte,
Tré na gcaithfid umhladh,
Is atharrach béas ciodh léan leo a cheapadh
'gus réim do thabhairt d'úghdair.



Caithfead-sa éisteacht tré dhubh-smachta
Ar thaobh na nGalla brúideach,
Ó theagmhas féin le tréimhse i nglasaibh,
Céim d'fhúig dearbh dubhach mé;
Aithris mo scéal don éigse ag baile,
Is léigfid aiste chugham-sa,
Do scaipfidh mo léan ciodh léir le lachta
Déar gur dalladh dúr mé.



Cois abhann an tsléibhe tá an féinics fionntach
Fearamhail féiseach féastach flúirseach,
Taca re téics do scannadh go glé,
Is eagnach léigheanta ponncach
Do cheapadh gach dréacht gan dúire,
Ná dearmaid glaodhach 'na dhún sain
Is taiscfidh go séimh tú i n-' fharradh go léighfidh
I rannaibh gach céim dod chúrsa.



Do dhearbh-stoc Gaedheal 'seadh an glé-ghas gasta,
Péarla dearbh dúthchais,
d'eascair d'fhuil éigse is laoch nár mheathta
I maodhmaibh catha cumhangraigh,
Seaghán seasamhach saor do phréamh-shliocht Eachaidh,
Is é do ghlacfaidh tú i gcion,
Is tabhair do féin tar aon dom charaid
Mo bhé gan taisce cumhdaigh.


L. 27


9. Ar Maidin i ndé cois céidh na slim-bharc



Ar maidin indé cois céidh na slim-bharc
Ag machtnamh go faon 's ag déanamh smuainte,
Do dhearcas an bhé ba gheanmnach gné,
Ag taisteal im' ghaor tar taoide,
Go leanbhach léigheanta líomhtha
Lannmhar, léidmheach, líonmhar,
Is ba bhlasta a guth béil 'ná cantain na n-éan,
'S 'ná spreagadh na méar ar chaoin-chruit.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services