Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht Sheáin Uí Neachtain

Title
Filidheacht Sheáin Uí Neachtain
Author(s)
Ó Neachtain, Seaghán,
Compiler/Editor
Ní Fhaircheallaigh, Úna
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1911)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



RACHAINN FÓ'N GCOILL LEAT.



Rachainn fó'n gcoill leat,
A mhaighdean na n-ór-fholt,
'Féachain ar éanlaith,
'S ag éisteacht a gceól-ghob.



Biaidh fidil ag caoince,
Biaidh píob ag an smólach,
Londuibh 'cur dána
Le cláirsigh go ceólmhar.



Biaidh liút ag an dreólán,
Is orgáin ag céarsach,
An uiseóg 's an meantán,
'S a dteampán go gléasda.



Gealbhan 'sa tum ghlas
'S a thrumpa i n-a bhéal-san,
'Bualadh puirt damhsa,
Ré annsacht a chléibh dhuit.



Biaidh cuilm agus fearáin
Ag crónán ré chéile,
An truideóg agus an sacán,
Go comhgarach 'léimnigh.


L. 4


Cuach beag na craoibhe
Go silleach dod' fhéachain,
Gearr ghuirt is traona,
Do shíor frat, a théagair.



'Súgradh agus ag gáire,
Biaidh láimh leat an crotach,
Budh binn leat an naosga,
'S í 'maosgail 'sa tobar.



Drúchtáin na tráighe
Budh báidheach ad' fhochair,
Spideóg beag naomhtha
'Síor-spíonadh do bhrollaigh.



Márdail agus lachain,
Dár mealladh agus dár mbréagadh,
Biaidh an chorrmhónadh
Gach ló seal dár bhféachain.



Nós an ghall-trumpa
Budh binn punnán léana,
Beich ag silt meala
As crannaibh id' bhéal-sa.



Péacóg go gaibhtheach,
Lán stráice as a cleite,
Paitrisg ag crónán,
Is iomlán a cloinne.


L. 5


Biaidh an coileach frangcach
'S an gandal ag siosma,
'Féachain cia dhíobh dhuit,
Araon do ba fuisge.



Cearc fhraoich is feasain,
Ar éin-tiún 'ar dtimchioll,
Snag ag buain smalóg
As daróig go cinnte.



Cearc dhubh na coille
'S a coileach ag rinnce,
Oil, oil, a chathaigh,
Seo parthas go deimhneach.



Biaidh an filoméla
Go séimh-ghothach id' aice,
An eala bhinn ghléigeal
Ag éadan do leabtha.



Tiocfaidh dár bhféachain,
Binn-éanlaith na mara,
'S ar chomann gan éaradh,
Liom éaloidh dá n-amharc.



Iolar is píob mhór,
Is fídeóg ag faoileann,
Seamsúr ag cabhóg,
Ag aithbheódh' gach aoibhnis.


L. 6


Corr ghrian go súgach,
Fa chlúdadh a caoimhtheach,
Is iad pártach,
Ró-ghrádhach glan dílis.



An coileach feadha,
Lán grádha ort ag féachain,
Leigin a rúin leat,
A Úna nighean tSéamuis.



chífe tú an t-iolar,
Ríogh-churadh na n-éanlach,
Gé tá 'n-a phrionnsa,
'Síor-rinnce agus ag pléidh leat.



Dreoilín an doininn,
Ar th'uilinn ag damhsa,
'S an caochán cuilinn
'S a chumann gan chlampar.



An coinleann crosach,
Ag obair i dteanntain,
'Théagair agus a chogair,
So an Nodlaig sa tsamhradh.



Biaidh an mac alla
'Ar n-aici-ne ag gáiridh,
Biaidh na mná síthe
Is braoine ar a gcláirsigh.


L. 7


Biaidh an uile ní frat,
Dár mian leat á chathaigh,
'S go déoidh na díle,
Ní sgaoilfe mo pháirt leat.



Biaidh bruic is faolchoin
Dár gcaomhnadh ar ar námhaid,
Sionnaigh go dílis
Ag dídion ar n-áruis.



Biaidh buic ag damhsa,
Gan chandol ar bántaibh,
'G éisteacht ar gcainnte,
Ré annsacht ar bpárta.



chífe tú an coinín
'S a thoillín beag riabhach,
Is iosóg ag súgradh,
Mar cúpla gan fhiacla.



'Cnagadh na gcnó dhuit,
Budh spórt leat an iara,
Tathbhan mar choileán,
Gan fhiadhan gan fhiatacht.



Biaidh deallradh na gréine
Ag sméideadh go drithleach,
Orainne 'féachaint,
Tré ghéagaibh na coille.


L. 8


Drúillíní 'súgradh,
Budh ciúl leat san uisge,
Éisg agus dobhráin
Ag comhspáirn go cliste.



Ó thugas mo ghrádh,
Mó lámh agus mo ghealladh,
Éan-uair amháin duit,
A Sheagháin bhig Uí Neachtain.



Ar chomhairle mo cháirde
Mo pháirt leat ní sgarfa;
'S b'fhearr liom-sa láimh leat
Ná 'n-árus na n-aingeal.



Stóir, do bhéinn beó,
'Sé mo dhóigh, go cionn bliadhna,
Gan dadamh do ól,
'S gan lón ar bioth 'iarraidh.



Mo bhéal ar do bheól-sa,
Mo dhóid ar do chliabh-sa,
Ag éisteacht do ghlóir ghlic,
Do thóigfeadh mo phianta.



Racha mé féin leat
Gan éaradh, go súgach,
'Féachain agus ag éisteacht
Na n-éan sin ag súgradh.


L. 9


Céad fearr liom féin sin,
Ná féasta na cúirte;
'Ailleáin agus a théagair,
Súd mé leat gan diúltadh.



CAITRÍNA NIC FHEÓIRIS.



Ar mhnaoi Thaidhg Uí Neachtain.



Caitrína Nic Fheóiris an óig-bhean as áilne,
Gean croidhe gach ró-fhlaith dá móir-shearc is fágtha,
Gath thríd mo chrón-sgairt, is brónach gur sáightheadh
Le dearc naoidhe na hóige léar leónadh mo shláinte.



Mailghe gan daor-ghruig as caoine ná snáithe,
Cais-shníomhadh síoda is caoileadh do tháirnge,
Chreach sí na mílte le fíoda a gáire,
M'aicíd 's mo chnaoidheacht 'gá híomuin dár dtáthadh.



Fad-phíob mar ghéis ar an Éirne tráth shnámhas,
Ceart mín a héadan ar éan-dath 's na bláthaibh,
'Ndreach-ghnaoi na gcaorcon a béal tana thárla,
Mamaí gan sméaracht le héin-fhear dá dtáinig.



Taithigheach a géaga i ndéirce do dheánamh,
Cailc-thaobh ar aol-dath mur léithi is báine,
Gan fhaillighe, gan éaradh do ghéill dí Diána,
Ceasnuighe mo chléibh-se gan mé is í dáltach.


L. 10


Teimheal don réadla 's don ghréin ghil a báine,
Geibheal is créachtadh, bheith 'féachain a háilne,
Sgathán na sgéimhe, 'ndreach Uénus do thárla,
Lán-fháth mo phéin'-se, is fir Éireann mar táim-se.
Is i n-ainm Thaidhg do canadh so.



A THÉAGAIR 'SÉ M'ÉAG-SA.



Ar bhás Úna Ní Bhriain.



A théagair 'sé m'éag-sa
'S mé beó, do bhás,
A phéarla do phréach
Is do sgól mo lár,
'S gan réidhteach mo ghéar-ghul
Ó'm bhrón 'do dhiáidh.
Mo léir-chreach gan mé frat
Id' chonnradh, a ghrádh.



Mo théarma ar an tsaogul
Is dóigh gur gearr,
Ar th'éisi, a thréathach
Gan cheó, gan smál,
A dhéirceach na séimh-bhocht
Ba chóir do cháil.
Mo léir-chreach gan mé frat
Id' chonnradh, a ghrádh.


L. 11


Bíd éanlaith na gcraobh glas
Dár bh'eól ar bpáirt,
Go héagnach gan aon tada
Ceóil do ghnáth,
Ó thréigis mé, 'chéad-shearc
'S a stóir gan cháidh.
Mo léir-chreach gan mé frat
Id' chonnradh, a ghrádh.



Do bhéal do ba craorac,
Do ghlór ba sáimh,
Do shéimh-dhreach ar éan-dath
'S an rós a d'fhás,
Do ghlé-chorp mar ghéis ar
An bhfeóir ag snámh.
Mo léir-chreach gan mé frat
Id' chonnradh, a ghrádh.



Bhí déigh-shearc agus méin mhaith
Is cóir is dáimh,
Bhí tréadhanas is géar-smacht
Na feóla id' dháil;
A dhéigh-bhean chum tréith-bheart,
Ba treóir do chách.
Mo léir-chreach gan mé frat
Id' chonnradh, a ghrádh.


L. 12


THUG MÉ SEARC MO CHLÉIBH.



Thug mé searc mo chléibh 's mo ghrádh
d'ainnir shéimh, 's a déad mar chnámh,
A folt mar ór go bróig a d'fhás,
Dreach mar rós do sgól mo lár.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bhéo.



Míne méin agus tréithe i nglóir,
Caoine, séimhe is béasa cóir,
Féile, fairsinge, chleacht 'n-a dáil
Mé n-a heasbhaidh, 's creachta 'tá.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.



Gan bhaos gan bhréig gan sgléip a beól,
Caoin mar théada ag déanadh ceóil,
Suilbhir, socair, sochmadh, sáimh,
Mo chroidhe-se 'nocht is bocht 'n-a diáidh.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.



Dá dtógbhadh an t-éag i n-éin-fheacht sinn,
Bhéinn-se frae searc cléibh mo chuim;
Ó nach ndearna, 's gur fhág mé beó,
Biad ar feadh mo bheathadh i ngleó.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.


L. 13


Léithe, uaim dochuaidh sa bhfeart,
Mo shéan, mo shuan, mo stuaim, mo neart
Mo shult, mo ghreann as annsacht cháich;
Mo léan go héag nach fraethe 'táim.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.



Monuar 's mo chreach nár chas an bás,
Go cruaidh an glas fo neart mo lámh;
Ó dar íoga, ní sgaoilfinn é
Go bhfághainn ar ais rúin-shearc mó chléibh.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.



Dá dtigeadh an bás, gidh láidir é,
I bhfuirm duine, 'troid go tréan;
Is tuisge tuitfinn leis go lár,
Ná do leigfinn uaim mo ghrádh.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.



Is ó nach gcastar neach ó'n éag,
Mo bheannacht-sa is beannacht Dé,
Le mo ghean dá glanadh ó cháidh,
Má tá tad' do shal 'n-a dáil.
Och! ochón! ó d'éag mo stór,
Is truagh mé ar éigin 'm' éin-fhear bheó.


L. 14


A LÚSÍNA.



A Lúsína, míle mallacht duit,
Taobhuigh i n-aistir a naoidhin mo náin,
'S a Chumína chaomhnas leanabha,
I n-aois mo cheangail dobhí 'mo dháil;
Cad as nár thairgis mé mar thabhartas
I n-éis mo bhaisde do'n éag i dtráth,
Sul a d'amharcas gléas mo mharbhtha,
Sgéimh an domhain seo san aon mhacámh?



Meath ar Chlóto, brón ar Lachésis
Is Cróinseas fada do shníomh mo shnáth:
Dúr Atrosos, ochón ná dearmaid,
An seóirt as aisde dhuit, sgian 'do láimh,
Troid go gearr air, 'sí bríogh mo bheathadh-sa
Taoi re sealad claon do'n bhás;
Dob' beag nach dtaithneadh le mian mo sgairte mé,
'S i ngaoith mo shearca-sa gur sgaoil go bráth.



Ní hionann méin do Héro charthannaigh
Do léim sa bhfairrge le n-a grádh,
'S d'ainnir shéimh na gcraobh-fholt mbacallach,
Tar éis mo tharraing do thréig mo ghrádh,
Flóra samhail do'n óigh-se shearcas,
A beól 's a leaca mar rós atá,
Na cóir 's gan mhaise d'Auróra cheannais,
Tá leódh geal shneachtach ó chórn go trácht.


L. 15


A Mhacúna congnamh tabhair dhamh,
Cumhdaigh m'aigne n-a suan go lá
Ó dhartaibh Chúipid, lúbadh ghangaide
I ngnúis 's i ndearcaibh mo rúin-se atá,
Nemesis feargach, Mhegera mharbhthach,
Go ndéana argain, éag is ár
Ar Hébé an amaid leamh, mé do tharraing
Chum géilleadh 'thabhairt do Uénus bháin.



Tráth shaoileas Céres mé do chealgadh,
Préachann m'anam 's mo chroidhe go lár,
'N aice Thétis shéimh is aite liom,
Séanaim Bachus 's a mbíonn 'n-a pháirt.
'Sí mo bheatha-sa pian is atuirse;
'S trian an domhain-se taoi mar atáim;
Mo dhíth gan cheangal ag Hímen eadruim
'S mianghas fearchon Chríche Fáil.



A Dhiana dean do charthannacht,
Fáig an leabaidh i n-a mbíonn mo ghrádh,
'S léig mo lámh i n-árd a mama ghil,
I mbáine cailce go fíor atá;
Nó 's bás mo bheatha, 's cráidhte m'aigne,
Is táim gan tabhartas Mhínesbhá,
Trá, mo mharanna fágbhaim agaibh-se,
Seaghán Ua Neachtain do phian an grádh.


L. 16


ÁISLING SHEAGHÁIN UÍ NEACHTAIN.



Tar a bháis, trá, is beir mé leat
Ó shaighdibh ataoi dom' phreacadh le loit,
Do dartadh mé ré hainnir mar Uénus,
Úna bhláith chúmra na sgéimhe,
Ríoghan na bruidhne saobhtha séimh-gheal,
Thug gealladh 's gach mionna dá mb'fhéidir,
Go dtiubhradh a toil 's a corp ar aon damh
Dorinne fuath dá mór-shearc bhréige.



Is í b'áilne, ba bhreagha, ba thréithe,
Bhí a craobh-fholt ag lúbadh go péarlach,
Go cocanach, crosantach, craobhach,
Go sduabach, go dualach, go dréimneach,
Triopallach ag tuitim go féar glas,
Ar ró-dhath an óir ghlain do féachadh,
A héadan bán 'n-a chlár gan fhéasgar,
Gan chnocán gan mhulán gan bhéim air.



Acht suilbhearacht, duilbhearacht i n-éagmais,
A mailghe do foluigheadh ar éigin.
Re clúimh nachar dhúnta ar a chéile,
Gan fhaillighe, gan anaidhe, gan éaradh,
Gan diúltadh, gan dúismid, gan tréigean;
A ríogh-rosg ba claon a' féachain,
Mar fhíor-uisge i n-éan-dath 's na réalta,
A gruaidh mar an rós, a beól mar chaora.


L. 17


A smigín, a luigín 's a déad geal,
A brannra bhí i ndeallradh na gréine,
A mamaí nachar tathaigheadh le héin-fhear,
Ba sleamhan 's ba leabhar a méara,
A reang-chorp nár shanntuigh acht déigh-bheart,
A glún 's a cos ar thoil a chéile,
Chum maitheasa thaisdeal nár chéim-leasg,
Seo na seóda do león mo thaobh-sa.



'S leó do leagfaidhe gach gaisgidh dá thréine,
Dá mbíodh ann ré linn na Saesar,
Alecsander nár bh'fhann 'n-a laethibh,
Hector mór an-chródha do féachadh,
Nó Achilles, mire na Gréige,
Nó Iason aillfhear ba thréanmhar,
Thug lomradh óir gan déoin ó Éata,
Nó Lisander, Argos, Béleus.



Nó Artacsa flaith Arménia,
Tréan Uertumnus, Turnus éachtach,
Nó Ulisses, an glic ba bhéalgach,
Philodelphus ba rí 'san Éigipt,
Ríogh-mhac Phinéus, síol Agénor,
Phillipus do thuit le Emélius,
Nó Menelaus, nó Diomédes,
Nó Iícus, Lidus, Nisus, Érics.


L. 18


Nó Artacserces, Nestor, Ménes,
Nó mac Achilles, Giges, Méges,
Nó Páris áluinn, grádh geal Hélen,
Nó Conall lóimhtha, bríoghmhar, éachtach,
Nó Fionn cródha, rí na Féinne;
Ní bhiaidh mé leis an liosdacht sgéil seo
Rí ná prionnsa nó Impire éachtach,
Ariamh ní raibh, ní fhuil 's ní bhéarthar;
Do-chífeadh a súil, a gnúis ná a sméideadh,
Nach bhfuighbheadh bás dá grádh 's dá géir-shearc.



'S cá hiongnadh mise an gheilt gan éifeacht,
Bheith fa ghruig i mbruid 's i ngéibheall,
'S mé gur chuir fa bhriocht go n-éagadh,
Gan comhnaidhe Laoi ná sgíth do dhéanamh,
Go siubhlainn tríd gach tír don tsaoghal,
Go faghbháil amach ar mhair a léithide
Tar éis mo shlad ní fhacas léas di.
d'imthigh sí mar an ngaoith 's na spéiribh.



Ba truagh mo chúis nár bh'iúl damh éan-támh,
Do bhuaileas thríd gach mír ad' Éire,
Do ghlac mé long ag bonn Bhinn Éadair,
Talta Bhreatainn thart do fhéachas,
Chuadhas go Lonnduin, longphort Shéamais,
'Nonn don Spáinn mar ar fhás Milésius,
Agus don Fhrainnc fa chandol déara,
Is tré gach árd 's gach áit dá ndéarad.


L. 19


Macedónia, Ósa, Orbélus,
Sgitia, Libia, Meteléne,
Alecsandria, Mantua, Délos,
Cuan Numídia, crích na Gréige
Asia, Tracia, áit Pheléine
Ierusolima, Port Olénus,
Lá i Síria, tír Meléna,
Dasia, áit ba fásach féarmar.



Prester-Ion, Caton, Chiméra,
Dhearc mé fós Iunónia shéanmhar
Mar a raibh triúr ag súgradh léithi;
Pallas mhúinte, Iúno is Uénus,
Thug dá ndeóin ubhall óir 's a chraobh dhi;
Sin an áit i n-ar fháig mé an sgéal so
Go dtiocfadh sí gan sgíth don réim sin
Gus an gcnoc, och, och, mar éirigh
Damh-sa ar dtús i muir na hÉireann.



Súd ar a hais mo bhárca léimneach,
Luas na gaoithe thríd an téachtaidh,
Tré Charibdis, Silla is Déisis,
Tré eas Ara, Macra is Ésus,
Tré Mheander, Nair is Méinis,
Egéum-mhuir, muir Terénum,
Isteach don innse chéimnis Phelagias,
Is innti brúidhte shuanas néall beag.


L. 20


Ag éirghe as do dhearcas féin súd,
I gclár na Fódhla muighe-ghlan mhaordha,
Adubhairt do ghlór ba cheól mar théadaibh,
A Sheagháin Uí Neachtain, a shearc mo chléibh-se,
Is iarr-sa leat an flaith Egénor,
Go bhfagha cead gan stad ó Dhéilia
Mé bheith leat, ní sgarfad féin leat,
'S badh leat mo thoil, gan och, gan éigin.



Et nunc concludit musa nostrum.



FÁTH ÉAGNACH MO DHEÓR.



Tuireadh ar bhás mhná an dara Rí Séamas.



Fáth éagnach mo dheór
d'fhág Gaedheala fa cheó
Bean riartha na n-iarrach
Scuith dhiadha cheart chóir.



Flaith fialmhar na seód
Creach-fhianach na n-óg
Gan bhíodhgadh fa líogadh
M'fháth caointe go deóidh.



Ar lí ghlan an óir
Tá a dlaoi tais cas cóir
A braoithe go díreach
Ar aon dath 's an rós.



Bhí caor i n-a beól
Gan chlaonadh i n-a clódh
Acht míne agus caoimhe
Gan staonadh do stró.


L. 21


A séimh-chorp ba tais
Mar ghéis ar an eas
Ba gléigeal a géaga
A méara 's a bas.



Gan bhéim ar a snas
A héadan nár chas
Gur sháruigh na sála,
'S a trácht do ba deas.



So an Mháire ba mhó
Dá dtáinig go fóill
Acht Máire is Máire
Agus Máire nó dhó.



So an Mháire gan ghó
Rinn' bás do mo bheó
An rígh-bhean, a d'íoc súd
A chíos leis an gcró.



Frae Séamas ba mhó
Ná Caesar na slógh
An ríogh-fhlaith ba naomhtha
'Sa ba dílse don Róimh.



'Measg naomh agus ógh,
Tá an dís seo ba gnó
Sliocht Mhíleadh go híseal
Fa dhaoirse 'n-a ndeóidh.


L. 22


Bíodh fuath agus ár
Gan fuasgailt 'n-a ndáil
Ag dian-sgrios na ndaoine
d'ár mhianghas a mbás.



A dtuairisg 's a gcáil
Tá luaidhte i ngach áird
A gcaoineas, a gcríonnacht
'S a ndaonnacht do dháimh.



Ní fhuil talamh, ní fhuil tír
Dár thaisdeal an ghrian,
Nach líonta gan fuighleach,
Dá dteastas ar aon.



Mo mhallacht do shíor
Is mallacht na naomh,
Don díne do dhíbir
'A bhflaithios an dís.



Fa theimhiol, fa cheó,
Tá an spéir ins an ló,
Mná síghe, tá ag caoineadh,
Gan sgíth ar a ndól.



Tá an t-aosda, tá an t-óg
Fa chlaoidhteacht i ngleó,
Ó d'íoc súd an rígh-bhean
A chíos leis an gcró.


L. 23


'S lag géimneach na mbó,
Ar léana ní fhuil feór,
Na héin ar na géagaibh,
Tá 'n-éagmuis a gceóil.



Ní fhuil éisg ar an ló,
Ní fhuil léim ag an eó,
Ó d'íoc súd an rígh-bhean
A chíos leis an gcró.



Táid Gaedheala gan ghlór
Don taobh so don ghó,
I síor-bhruid, i ndaoirse,
Mo chnaoidhteacht, mo sgleó!



Tá traochadh ar mo shódh,
Tá sgíos ar mo sgeó,
'S na ciantaibh mar chítear,
Ar dhíbirt an fó.



'S tearc ádhbhar as mó,
Ná adhbhar mo ghleó,
Sgéal cráidthe do thárla
San áit seo go nódh.



Tá gártha i ngach ó,
Tá i gcáirdeas don Róimh,
Na Spáinne mar fágbhadh,
Léar-bháidhte, mo dhóigh.


L. 24


'S gan tábhacht mo bhlór,
'S ní fhágfad mo dhóigh,
Na grása 'tá láidir,
'S an t-Árd-Athair beó.



Léar báitheadh sa ngó
Neart Pháro na slógh,
'S rug Maoise gan díth leis,
'S a dhaoine gan chlódh.



A ríogh-fhlaith cheirt chóir
Rug Maoise as a dtóir,
Na Gaedheala 'tá taobh leat,
Tráth dídean is fóir.



Sguir díomas is spleóidh,
Lucht craosach na bhfód,
Do dhíbir go mí-cheart
Ar ndaoine 's ar nóit.



NÍ FHUIL TAITNEAMH SAN NGRÉIN.



Ní fhuil taitneamh san ngréin,
Tá éicliops fola i n-a diaidh,
Ar easaibh ní fhuil éisg,
Ní fhuil solas le cian,
Ní fhuil lacht ag tréad,
'S is éadtrom tortha na bhfíodh,
Ór tachtadh le héitheach,
Séamas posta na gcliar.


L. 25


DAONNACHT, CRÍONNACHT, CRÁDHADH.



Ar bhás an Athar Éamonn Ua Briain.



Daonnacht, críonnacht, crábhadh,
Caoineas, fáilte, fairsne,
Úmhlacht, úire is uaisle,
Tá monuar, san bhfeart so!



Fáidh ceart, fiosach, fíre,
Treóir glan, díreach, dreachach,
Siompla niamh na ndeigh-bheart,
Táid mo léan fo leacaibh.



Is príomhfhaidh próimhidh, pronntach,
Easbog, ungadh, sagart,
Sgáth na mbrannach mbuidheanach,
Táid 'n-a n-aon san bhfeart so.



Beannuighthe an bonn gan roinn,
A bhfuil sé n-a lár,
An báthas, an com,
A d'iomchair sé do ghnáth.



Is creachta go lom
Tá fuinn ghlan fhéar-ghlas Fáil,
Ó leagadh san tomba
Ar muirn, ar bhfeidhm, ar bhfáidh.


L. 26


CIA CHASGAIR AN CEANN.



Ainglióta cecinit do Gholl Mac Mórna.



Cia chasgair an ceann
Ba cheart ar an gcum,
Car-chara na bhfann,
'Sloman sochair liom.



Níor dearcadh ré súil,
Ní fhacas ariamh,
Crann seasda gach clú
Ba samhail don triath.



A cholann gan smál,
Is gleóite 's is bán,
Do sháraigh an dath,
An sneachta sa bhláth.



An rós i n-a ghruaidh,
Ba huaibhreach a dhath,
'S i ndath cheart an óir,
A chróch-fholt cham chas.



Ní fhacas a chúl
Cas-chrúbach i gcath,
Dá chois é ba phríomh,
An gníomhach ar each.


L. 27


Tráth thrasgair leis féin
Na céadtha san maoidhm,
Níor aithris mar sgléip
Gurab é rinne an gníomh.



'S le dolpha mo ghrádh,
Do fágadh san gcath,
Fir ndomhain gan í
Ní chlaoidhfeadh mo fhlaith.



Ar mhullach gan chrann,
Ba fairsing glan fuinn,
Do b'ait leis gach dream
Do lasgadh go trom.



I nós feirbe ar an bhfáith,
Ba gáibhtheach a rioth,
Do sháraigh mo fhlaith
Gach sáir-each san mbioth.



Ba cara don cheól,
An módhmhar 'n-a mhaoin,
A bhás 'sé mo bhás,
Ge táim-se mar taoim.



Ba mhilis a bheól,
Ba cóir ceart a chiall,
An sealad ba bheó
Ba fomhór an fial.


L. 28


An Coimhde níor chum
Ar fuinn an bhith mhóir,
Ba treise ná'n triath,
Ba cliarach ceart cóir.



Is aoibhinn don fheart
A chaomhnas a chorp,
Ó mhadhmadh na mbeart,
Mo chlaoidhteacht 's a chur.



Ní mhaireann mo bheó,
Is cró-lag mo chré,
Ó theasdaigh mo shearc,
Ba mhaiseach gheal gné.



Le taise mo ghrádh',
Dá dtagadh gus mé,
Ní sgarfainn go bráth,
Go ndeachainn i gcré.



Bé fíor le gach fuinn,
Mear-chonlach na gcreach,
Eas eó ain aoimh,
An gníomhach ar each.


L. 29


Ó 'IOLLAIN MHÓIR.



Ainglióta do Gholl Mac Mórna.



Ó 'Iollain mhóir na mbeart,
Monuar nach leat do lán-neart,
Mar bhí lá rochtain tar thuinn
Do Mhághnus Mór, Rí Lochlainn.



Nó mar lá thuitim Iarnach ang,
Camóg, Cas agus Cuileann,
Clann choir-chros dá chonor ain,
Do thuit leat-sa i Leadhnáin.



Nó mar bhí lá torchra an Deirg,
Ba mór dúr is díbhfeirg;
Nó an lá thuit Formáltus leat,
'S Trimánus mór na móir-bhfeart.



AR UAILL AN tSAOGHAIL.



Baois is léimhe, is uireasbhaidh céille,
Caoiche is daille, is mire gan éifeacht,
Uaill gan ghreann, is cam i dtréithibh,
Searc an duine do chumann an tsaoguil.


L. 30


An blathán fann, an treall dobhéaras,
Bhíos dá tharraing chum peacadh do dhéanamh,
Is bhéaras an t-anam go cathair na péine,
Mar a bhfuil Plúto i ndubh-bhruigh dhéaraigh.



Go géar ag faire a thaisdil do fhéachain,
Ag déanamh leabtha nach bhfacas a léithide,
Ar mhead a haindise, seal mhairfeas na saoguil,
Mar a mbéidh lasair, teas agus bréine.



Truaghas is ocras, tart agus éaradh,
Fuacht is fearthainn, is tarcuisne gléasa,
Cruas is ceangal i marthannacht ghéibhil,
Fuaim na n-anam ag clamhairt a chéile.



An uair seo is atuirseach macnas na gcéadfadh,
An chluas dochualaidh fuaim na dtéada,
Ag éisteacht déamhan ag sgreadadh 's ag béice,
'S gan dúil le furtacht aici go séarrach.



An tsúil go meangach do dhearcadh go claonach,
Ag féachaint tairsti ar ghasraibh dhéamhan,
An tsrón nach nglacadh acht boladh gan géire,
A sódh san ionad so sal agus bréantas.



An phéist, an teanga do chanadh na bréaga,
Srian ar lasadh mar bhearánaibh léithi,
I n-áit na maise do chleachtadh na géaga,
Biaidh na madaidh dá dtarraing ó chéile.


L. 31


Biaidh an corp ba toilteach tréanmhar,
Chum gach olc 's gach locht do dhéanamh,
I linntibh lasrach 's gan neart ag an éag air,
Comh-fhad a mhaireas flaithis is spéire.



Pian bhus measa nár bhean ris na céadfaidh,
É bheith sgartha re hamharc an Dé-mhic,
d'fhulaing crochadh, polladh is préachadh,
Is chuaidh san gcrann re hannsacht naedhe.



"I ndéis a n-abraim gur sheachain A léagsa,"
Déaraidh an t-anam sa n-ionad so géar-ghuil,
"Mo sgaoi mhallacht go bhfeara sí léan ort,"
A cholann chealgach, mharbhthach, éigceart.



Uaibhreach, fhealltach, chlamparach, éigseach,
A chuais na meang, na mionn 's na mbréaga,
Shuaite, thoilteanach, thógarach, phléasgach,
Mhillteach, bhanda, chrannda, phéisteach.



A thruadh gan mheasardhacht, leath-chumthach, mhéabhlach,
Fuath na maitheasa, cara gach Uénuis,
Do bhuail bealach na han-tola bréine,
Ag ól 's 'ag sgeartaigh, 's mo thart-sa gan fhéachain.



Bhí tú ramhar; níorbh'ionann 's mo ghné-se,
'N éadach dathannach, faisiuntach, gléasda,
Is mise gan fhalach le maise na ndéigh-bheart,
Anois biad farat seal mhairfead sa bpéin seo.


L. 32


Mo bhrón feasta 'haici-se go mbéad-sa,
Gan chríoch, gan deireadh, fo shileadh na réalta,
Is geataí neimhe druidthe 'n-ar n-éadan,
Mo mhíle milleadh mar leigeadh do chléibh mé.



Tríot do teilgeadh ós feicsin mhic Dé mé,
Mar a bhfuighbhinn annsacht bhanntracht' naomhtha,
Óigh is apstoil gach sealad dár bhféachain,
Sódh is aiteas, is carthannacht féasta,
Is ceól na n-aingeal, gan cheannach gan éaradh,
Ní spóirt mo theanga-sa canadh na sgéal so.



Cion nach facas le dearcadh dá ghéire,
Croidhe nár bhreathnaigh, 's nár casadh san éisteacht,
Méid na maitheasa do gealladh gan téarma,
Do lucht na n-aitheanta, easadh, 's na déirce.



Sírim d'aisgeadh ar gach neach do chloinn Éabha
Cuimhniugh' ar bhás is an tráth nach léargas,
Ifreann, flaitheamhnas, breitheamhnas déidheanach,
Is má tá aige-sean tada do chéill mhaith,
Is dóigh go stada ó pheachaidh do dheanamh.



Cuirim d'achtadh ar gach neach 'tá am' éisteacht,
Aue do chanadh, Paidir is Cré leis,
Síre flaithis is seachnadh péine,
Do Sheaghán Ua Neachtain bheartaigh an mhéid sin.



Amen.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services