BÚRDÚIN BHEAGA
Ná caigil 's ná cath ar fad do sholáthar,
Taisg chun caite, is cath chun cimeáta;
An té chathas go leamh beig i n-easba gearánach,
'S an té chathas mar ghlacas, 'sé beart is folláine.
Molan an saol an té bhíon grámhar cóir,
Is molan an chléir an té bhíon páirteach leó;
Dar solas na gréine! isé mo rá go deó
Go molfad-sa féin gan bhréag an t-áth mar gheód.
A lucht taisgithe an airgid 's an ghann-bhí ar bórd,
Is eaglach d'úr n-anamnaibh gur cam-shlí gheóid;
Ní taise as don aicme sin do bhronn puinn óir,
'S do sgaip a gcuid go rabairneach i mbrandaí is beóir.
Níl daonnacht i nGaeulaibh mar d'imigh a mbáth,
'S mar do thréigeadar an fhéile 's an creideamh do b'fhearr;
Ní bhíon géille d'aenneach gan gustal 'na láimh,
'S ní bhíon gaol ag aenne le duine gan áird.
Deoch gan dram is lag an t-ól, dar linn,
Ach deoch is dram 's a dteacht ar bórd do shíor;
Ní deoch gan dram, 's ní dram gan ól na dí,
Ach deoch is dram is deas an t-ól an dís.
Dáilean piunt beag piunt dá éis gan mhuill,
'S gur gnáthach piunt ar phiunt ag glaoch arís;
A chrá don phiunt ghlas chúng le dtraochtar buíon,
Gan lámh, gan lúth, gan chúnamh céille ar baois.
A óigfhir ghrinn, ná bí-se it óileánach,
'S don Róimh má thír-se, bí-se id Rómhánach;
Nú pé ar bith tír 'na mbír-se ag ól táirne,
Ar nós na buíne bí-se nó-bhearrtha.
Ó raideas-sa grá do ghrá mo chroí, fáríor!
Is gur cheangail a grá mo ghrá na chlí fá dhíon,
Ní ghabhaim, le grá dhi, grá do mhnaoi ná mhaoin,
'S ní mheasaim gur grá mo ghrá má bhíon grá tríd.
Is meata don bhás gan bás do shíor-shá im chroí,
Ní heagal dam bás, mo bhás ní díobháil dí;
Do b'fhearra dham bás ná an bás gach aon-lá 'om shnuí,
'S go measaim nár bhás mo bhás is í dár gcaoi.
Tá buige agus gile agus finne agus fuaire id chorp,
Mire agus muille agus gluise gan gruaim id rosg,
Truime agus cuime agus cuise agus cuan it fholt;
Do chuiris, do mhillis, do bhuinis dem shuan me anocht!
Tóir fé neara n-ar mealladh tu, a ógáin fhinn,
Ón nglór binn blasta do chanaid na hógmhná linn,
Is fós go bhfeaca-sa i meamram nó fá sgríobh
Gur óna gcaidreamh is measa ar bith mórán díobh.
Do bhrí a dteagaisg, gach amaid, bíd mí-eólach,
'S is fíor ná gabhaid le malairt na slí ar tógadh;
An dlí do leanaid 'sí an bhanaltra chínn rómpa,
'S do chím an t-athir 'na leanbh ar díth eólais.
A fhir iaras go ciallmhar do shaora i mbaol,
Gaibh riaghail, lean briathra Mhic Dé 's na naomh;
Más mian leat bheith diaga, ná géill don tsaol;
Dhá thiarna do riara ní héidir d'aon.
Non licet in hac vita bheith parcus duairc,
But briefly still giving as spaga an chruais;
A Íosa, a los piden do-bheir talainn uait,
Déin maoineach ar an saol so don tsagart chruaig.
Is trua don duine ná tuigean a chúrsa féin
Is fuaire an inid a gcuirfear fé chúdach é,
I n-uaimh chaoil chumhaing gan chumas do a únfair féin,
'S a chuallacht uile, tráth chuirfid, go bhfúigfid é.
Féach gur cré do bhaoth-fholt casta go sáil,
Is féach gur cré do bhéal, cé dearg a sgáil;
Féach gur cré do thaobh mar ala san tsnámh,
Is féach gur cré go léir do thaise mar bhláth.
Níor thuig an sáthach sámh an t-ocrach riamh,
Is ní raibh lán nár ghnáthach folamh 'na dhiaig;
Ní bhíon grá age mná do ghrogaire liath,
Is ní fhágan bás dá áille duine gan triall.
Uar ná puimp ná bíodh ar dhuine as a stór,
Is duairc ná bíodh má bhíon gan pingin 'na dhóid;
Dá uaisle rí, 's a ríocht bheith tuilte don ór,
Ní buaine bhíos ná an sguínse d'ibheas a lón.
Mo thrua na daoine bhíos i n-iumaig gan chóir,
'S an uaig dá líona dhíobh go minic san ló;
Ní luaithe 'on chill an fíthal fuirithe dreoil
Ná an muar-fhear groí, nú an naoidhean linbh bhig óig.
Ní bhfuaras fíor ó dhraoithibh gliuca ar bith fós
Aon tuairisg chruinn cé an tslí 'na ngabhaid na slóig,
Fuair bás gach laoi ó aimsir ghinte gach sórt;
Mo nuar-sa sinn gan mhuill ag imeacht 'na ndeóig!
Is feasach dúinn, a Athir na gcúcht, do chéasa i gcrann,
Is gur tharraing tú as áite dú go léir do chlann;
Ar ndamnú fé shearbh-úl 's gan éifeacht ann, -
An peaca súd, is me sgata glún ó Éava anall?
Is díomhaoin gach prímh-rí dá dtárla riamh,
'S is díomhaoin gach rí-bhruíon dá áille niamh;
Is díomhaoin, 's ní síorraí, táinte is triath,
'S is díomhaoin gach aoinní dá sháimhe ach Dia.
Nách ait an nós so ag mórchuid d'fhearaibh Éireann,
D'at go nó le mórtas maingiléiseach!
Cé tais a dtreóir ar chódaibh Galla-chléire,
Ní chanaid glór ach gósta gairbh-Bheárla.
- Dáiví Ó Bruadair
Ní hí an Éire-seo an Éire do bhí anall-ód ann
Acht Éire lucht Béarla agus anstró Gall,
Éire gan éifeacht, 's í i n-anró fann,
Éire gan Ghaelig, 's is searbh léo rann.
A fhir thaistealas an leathan-mhuir le grá chlú an léinn,
Is tarcaisne le casa leatsa, lá is tú i gcéin,
Tu i n-ainbhios do phaidre, 's is nár súd, féach,
I dteangain mhilis bhlasta bhuig do náisiúin féin.
Thar faraige dá ndeachair-se 's gurab é an cúrsa é,
'S go gcasfar tu idir ghasra na lán-phunc léinn,
Is tarcaisneach, is athiseach, 's is gráinniúil baoth,
Gan tu freagarthach i dteangain chirt do náisiúin féin.
Mo chíos ó Bhéara léigig chúm i dtráth, -
Spíosra an éisg, mar aon le liunn ón Spáinn;
Cé shílid céata gurb im Shéamas Búrc atáim,
Tá sgríte im eádan gur mé Ó Súil-amháin!
- Séamas Búrc fear a bhí ar leathshúil cct.
Ná ceangail do shearc ar fad id sparán bheag,
'S gan agat ach sealad gar san ghlas-áit seo;
d'eagla na heasba is math bheith cimeátach,
Is ní abraim leat bheith leamh ná spadánta.
An dial nuair bhíon 'na luí go tráite fann
Is diaga bhíon 'na chroí ná bráthir ceall.
An dial arís nuair bhíon go láidir teann
Don dial a mbíon do ghníortha an bhráthar ann!
Ó mealladh le mnaoi Dáth Rí agus Salomon glic,
Samson 's na mílte saoi ba chalm i nguil,
'S ár n-athir do suíodh go haoibhinn i bparathas thuir,
Is Peadar, - a Chríost, cá díon dár bhfearaibh-ne dul?
- Doncha Mác Cártha.
Is an ait ní chím, 's is clamprach é:
An fear do bhí líonta do ghreann iné
Ar gad ag mnaoi chríona i ngeall le spré,
'S nách feas nách í shínfeadh a cheann i gcré!
Is mór an tubaist nár fhiosra mé 'Cháto riamh,
Nú d'Óvid file bhí go hullamh chun mnáibh a riar;
Ar nós an linbh ná hithean 's nách f'láir leis bia,
Ní beó sibh gan fir, is ní háil libh iad!
Ní sult leó muicfheóil ná fíon mar chuid,
Ní sult leó puirt cheóil na saoithe glic,
Ní sult leó bruit shróil ag caomhna a gcnis, -
Gan fir fós ní sult leó ní san mbith.
Ó do cinneadh duit mise dhol i dtós do rúin,
Ná déan siosma liom, innir na n-órfholt ndlúth;
Ós ionann a dheoch nimhe 's a bhólgam súd,
Tabhair an chuinneal mar thugais an t-órlach dúinn.
An conchlann 'nar goineadh sibh, a stóir dhil thiar,
Is orm-sa thug otharas ná fóirfig liaig;
Dá dtograinn bheith soilbhir, is móide ár bpian
Ót orchar, a bhrolla-ghil, 's gan tóir id dhiaig.
An osna san thug torrach me, níl deóra im chliabh,
Do chuir seochada go follas me go ló na liag;
An Nollaig dam ní sollamain, ní spórt mo mhian,
Ach srotha guil is deocha dham, is brón mo bhia.
Ní gránna na cáile 'nar chuiris do dhúil,
'S ní ráinig i ndán duit an tubaist id chiunn,
'S ní sámh liom an lá san ná ficim do ghnúis,
'S ní nár duit, a Mháire, mar chuirim do chlú.
Is iungna an toisg 's an cor 'na bhfuilim i bpéin, -
Mo thuisgint óm thoil, 's mo thoil ag dridim óm chéill;
Ní tuigtear dom thoil gach locht dom thuisgint is léir,
'S má tuigtear, ní toil lé ach toil a tuisgeana féin.
A Bhuime na mbocht, ón locht 'na bhfuilim beir mé,
Túir tuigse dom thoil, nú toil dom thuigse, is beam réig;
Ós imeacht le holc dom thoil, ná ligtear me lé,
Ach cuirig mo thoil led thoil 'na hinead, a Dhé.
A Rí na gcréacht fuair éag i mbarr an chruinn,
Is croí do chléibh dá réaba le láibh an Duill,
Fuil do thaebh ag téachta ar lár 'na linn, -
Ar sgáth do sgéith beir féin go Párthas sinn.
A Íosa, 's a Naoimhsprid, is a Athir, is a Uain,
Thug fíorfhuil do thaoibh ghil dár gceannach go cruaig,
Bí 'om dhíon-sa, bí 'om chuinleacht, bí 'om fhaire gach uair,
Más luí dham, más suí dham, más seasamh, más suan.
Íslig mo dhíoltas, m'fhearg is m'fhuath,
Is díbir na smaointe mallaithe uaim;
Lig braon beag ód Naoimhsprid bheannaithe anuas,
Do sgaoilfig an croí seo tá 'na charraig le cruas.
Smaoin ar Pháis na sleá má fhéadan tú,
Is sgaoil 'na dheáig na gártha céata cú;
Is míle fearr go brách ná an béal ar siúl
Croí glan cráifeach náireach déarcach úl.
Bás is taithneamh le sagairt is santach cáil,
Is gnáthach brasaire cabanta i dteannta fleá,
Na táinte i ngalar is fearra gach am le leá,
Is ár ar spadaibh is aite mar ghreann le cách.
Ní cháinim duine, 's ní thugaim mo shlán fé aon,
'S má cáintear mise ní thuigim gur nár dam é;
Tráth bhíd sultmhar, ní sultmhaire cách ná mé,
'S níl cáil i nduine nách duine don gcáil sin mé.
Do threasgair an saol is shéid an ghaoth mar smál
Alastrann, Saeusar, 's an méid sin a bhí 'na bpáirt;
Tá an Teamhair 'na féar, is féach an Traoi mar tá,
Is na Sasanaig féin do b'fhéidir go bhfuídís bás!
A shíogaí chruinnithe, a dhuine na dtréithe gcóir,
Do chítí an ula 'na bhfuilid na céata ag dreó:
Na míltí duine acu i n-iumaig ag déana an stóir,
I ndíog-chlaí an ghuta atáid uile, gan chéill gan cheól.
Féach an ceann 's gan ann ach áit na súl,
Féach an drandal mantach beárnach úd;
A fhir úd thall, cé ramhar, cé álainn tú,
Beig do cheann gan amhras lá mar siúd!
Is comhdhána ar phálás na ríthe an t-éag,
Is ar bhotháin na mbochtán dar díol an déirc;
Níl macámh dá sgafánta gníomh is gné
Ná trustálfa an tíoránach síos fé chré.
Le leigheas cé chathas mo bheatha go fíor-ársa,
I radharc gach galair 's gach anaithe síor-gháifeach,
Is deimhin ná feaca-sa galar chó díobhálach
Le deadhailt na gcarad is sgaipe na bhfíor-cháirde.
I n-am na gorta nách crosta na tréithe sin, -
Gur damhsa is obair don phobal sin fé Philib,
An Francach obann gur soilbh do shéidean guth,
An Gall go ngoilean, 's go gcollan an tÉireannach!
An Laighneach soilbhir solasta súgach sámh;
Is binn an Connachtach oirfideach, clú na ndámh;
Is groí gan sosa i n-am troda an tUlltach grách;
I ngníomh 's i bhfocail is follas an Mhúin i mbláth.
An Laighneach soirbh-ghlic corach, do lúbaibh lán;
Is cainteach Connachtach, conablach clamhach gan cháil;
Bladhmann foclach folamh san Múin do ghnáth;
Saint is formad obair an Ullta, is gráin.
Íbhráthach gránna na ndragún liath,
Gleann-chárthaig nár fhás ann an t-arúr riamh,
Na hárdchnuic ghránna san Dheasúin thiar, -
Trí háite d'fhág Pádraig gan beannú riamh!
Íbhráthach álainn na bhfear úr bhfial,
Gleann-chárthaig 'na bhfásan an t-arúr fia,
Na hárdchnuic bhreátha san Dheasúin thiar, -
Trí háite d'fhág Pádraig le beannú ag Dia!
d'aimsig fear mar mharc dá tháirne craobh,
Géag úr ghlas tug lais don chárthann chaor;
Díolann a bhean go beacht i gcárta chaol
Liunn ar dhath 's ar bhlas an stáca féin!
Ní chreidim go brách gach ráfla d'á n-abran an chliar,
Ach ólfa mé lán mo bhrád mar rinne mé riamh;
Tráth thiucfas an bás im dháil-se, caife mé triall,
'S rachaidh an t-anam gan spás san áit a dtoileachaidh Dia.
Ní ghéillfinn-se d'aenne, dá uaisle glór,
Gurab aon-olc do néun meisge ach luaigheacht mhór,
Is go séidean sí i n-aonacht le buadhacht chóir
Féile san té do bhíos cruaig go leór.
A dhuine atá brúite túirseach marbh tráite
Ó ibhe súlaig úl is leanna láidir,
Cuir-se chút, más funn leat teacht id shláinte,
Ruibe do chlúmh na cú san larnamháireach.
A ghrá ghil, do b'fhearr dhuit a gearra dhíot féin,
An lámh san is gnáthach ag tabhairt dí id bhéal,
Sarar fhágais a bharr ag an ainmhí i gcéill
Nár sháraig a sháth ach mar ghabhas íota é.
Nách mór an donas don Donas do bhíos 'om chrá,
'S gur leór mar dhonas don Donas mar bhím do ghnáth!
Ó sheól an Donas gach donas do shíor im dháil,
Cá ngeóig an Donas chun donais nuair gheód-sa bás?
Ní insan ainnise is measa linn bheith síos go deó
Ach an tarcaisne do leanas sinn i ndiaig na león;
Má tá an tAthir-Mhac mar an eaglais, níl brí 'nár ngnó,
Is ní fearra dhúinn an t-aifreann ná suí ar an móin.
- Eón Rua Ó Súileabháin.
An té bhíos sona socair ina áras féin
Faghan sé póg mhilis ó gach duine, agus fáilte lé;
Ach an té bhíos folamh gan urra, gan áird, gan spré,
Is mór sa tsolas 's is toirteach le cách a mhéad.
Do fuaras-sa tuairisg le gairid anall
Go raibh fuadar chun gluaiste fé aicme na bhFranc;
'S an buachail mear stuama tríor bhearras mo cheann,
Dom thuairim-se buaifig ar Ghallaibh ar ball.
Céad léan agus anggar ar an ndram san lér mealladh sinn,
Ná táinig dár bhfóirthin thar bóchna mar ghealladar;
Do bhearramair ár ngruagaibh, 's do bhíodh bruit uaithne
agus gheala orainn.
Is ní ar iaraig do bhíodh ár bpící i n-am cuíonsgair is catha aguinn.
Is ainnis mo ghnó 's is ró-bhocht dealbh mo shlí
Ag teagasg na n-óg 's nách fónta mheasaid mo dhíol;
Geallaim-se dhóibh, gach lóma fleasgaig san tír,
Gur fada go ngeóig mo shórt-sa eatartha arís.
Gé hainnis mo chóir 's gan feóirling agam don chíos,
'S mo charaid, ochón! ar feó fé leacaibh 'na luí,
Dá dtagadh an tóir fé'n dtóin ag grathin an fhill,
Is faiseanta an cóta gheóinn-se, hata agus cluíomh.
- Mícheál Óg Ó Longáin.
Cé táim dúch túirseach, 's an oíche ag teacht,
'S mo chúl fúm ar smúdar tuí nách math,
Tá mo shúil le húr-Mhac Rí na bhfeart
Go mba slán súgach im dhúthig arís do rach.
Cé cuireadh ar Ghallaibh bheith gangaideach diachrach,
Le duine dá gcaraid tá cneastacht is ciall acu,
Níl cimilt le hachrann fada 'na n-iarachtaibh,
'S gur le hiumad na mbearta do glanadh don iarthar me.
- An tA. Uilliam Ó Hiarlaithe.
Is milis sméara ón ngréin, más dubh é a ngnaoi,
'S is dearg géar iad caora an chuilinn chaoin;
'Sí an mhéinn mhath péarla an uile ní,
Is bíodh an sgéimh ar an té ar ar cuireadh í.
Is mairg nár fhreagair an calm 's an caoin-trá,
An fhaid do bhí an teanga gan lacal gan baol báis;
Is mairg nár theagaisg an leanbh 'na naíonán,
'S nuair chruan an tslat gur deacair í shníomh slán.
M'atuirse gan airgead is ór agum,
'S a bhfuil do chearcaibh ar an mbaile seo rósta agum,
Ainnir an déid chailce agus í pósta agum,
Is mar bharra air sin go bhfaghadh m'anam-sa trócaire.
- Cearúl Ó Dála.
Duine gan stór ní mór a charaid san tsaol,
Duine gan stór níl cónggas aige ná gaol,
Duine gan stór a ghlór ní meastar i gcéill,
Agus duine gan stór, dom dhóth, is ainnis a chéim.
'Na chuinne san ród má seóltar acfainneach baoth,
'Na chuinne san ród má seóltar pearsa don chléir,
'Na chuinne san ród má seóltar sgata dá ghaol, -
Trí uireasba stóir ní dóth go n-athantar é.
Dá rithadh gach ród mar órdaig teagasg na naomh,
Dá dtuigeadh gach cló mar Óvid gasta na ndréacht,
Dá dtigeadh don phór ba chróga gairm ar Ghael, -
A ghustal más dreóil, in' óinmhid meastar é féin.
Ba thuigseach don chóip ghlac meón ar bheartaibh an tsael
A ghiorracht mar lón, 's an brón go leanan tar a éis;
Dá thinneacht a stór don ór, a ngradam, 's a spré,
Pingin de leó, dom dhóth, ní taisgfear i gcré.
Ní misde sin dóibh, ní fóirthint anma é;
Rí Nimhe na n-órd ní dóth é bhreaba le séad;
Ní gile leis treód an óir do thaisge go daor
Ná an t-uireasbach dreóil do gheódh a bheatha le déirc.
Uireasba oidis bheir dorchadas tlás is ceas
Ar thuille agus ormsa i bhfogas don táin nár cheart,
Mar do rithadar bodaig i mbrogaibh na dáimhe isteach,
Is do bhuineadar solas na sgoile do chách ar fad.
An bhochtaineacht ní mholaim is ní cháinim í,
Ach 'sí an bhochtaineacht do ghortaig is do chráig mo chroí;
Níl sagart aca, easbog, ná fós pápa dhíobh,
Do mholfadh í, nách aca-san do b'fhearr liom í!
An té a bhfuil a ithala tirim, 's a chruach ar fóir,
Tréada aige, muclach shuille, agus muarchuid bó,
A ghaol ní thuigean go bhfuilid i bhfuacht gan lón,
Is aeur na tine ní thugan don trua gan treóir.
Tarcaisne is táir ar láimh an bhiataig bíon,
Is nea-chion um dháil ar chlár gan bhia nuair bhíd;
Seanfhocal fáig nár sháraig cliar na gcríoch
Gur fearra an mhath tá ná an dá mhath riamh do bhí.
Go sgaraig an lacha le linn do shnámh,
Go sgaraig an ala le a cluimhreach bán,
Go sgaraig an madra le crim na gcnámh,
Ní sgarfaig an ghangaid le hintinn mná.
Dá sheandacht pápa, bráthir, naoimh is cliar,
Dá fheabhas a gcáil le fáil, 's ó mhnaoi do thriall;
Dram do b'fheárr ná mná le'r linn níor biadh,
'S gur le greann do Mháire tháinig Críost 'na cliabh.
An fhaid bheas do lámh sínte, ní bheig col leat,
Ní bhfaghaig cléir ná éigse locht ort;
An tan bheir suas ólfar deoch ort,
Is an tan bheir síos luífear cos ort.
Ná leath do bhrat ach mar fhéadfar a chúdach;
Ná hagair beart ar neach nea-chiuntach;
I n-am na bruide braifear an cúnamh,
Mar ná faghan lámh iata ach dorn dúnta.
Ná tabhair cúl le cóirle ar mhatha leat,
Is ná bíodh, má fhéadair, aenne i n-arraid leat;
Ná tréig an bhuíon bheas ar tí do mhathasa,
Is ná dóig an athbhuaile ar eagla gur chruaig dhuit casa
uirthi.
Ná ceangail páirt leis an té bheas imearthach,
Ná cuir puinn dod stór i ngnó ná tuigfear duit;
Breithnig an abha sara dtéir 'na cuilithe,
Mar is fada is ciach iarsma dro-bhirte.
Bailig stór duit féin má fhéadair,
Fuilig go dlúth é gan spiúna ar aonchor;
Nuair a thiucfaig an chríne is cách 'od thréigean,
Isé do chabhair é i n-am an éigin.
Má théir ar gcúl gan tnúth le téarnamh,
Ní bhfaghair cuire chun flea ná féasta;
Tréigfig do ghaoil 's do bhuíon go léir tu,
Fós tréigfig do bhean is do chlann féin tu.
Ná tabhair do stór i dtaisge dod chluinn;
As deagh-rún mná ná bíodh do mhuinín;
Go ngabhaitear don tuaig i mbaic a mhuiníl
Ar an té thúrfadh a chuid do mhac ná inín.
Ná tabhair cumann do mhnaoi thar tír má luaitear leat,
Go mbeig fios cé'r díobh a buíon is tréithe a fear,
Go nochtar go cruinn a gníortha, a séan 's a rath,
Mar is gnáthach taibhseach adharca na mbó thar lear.
An bhean thar lear, bíon aici soibhreas úr,
An bhean thar lear, bíon aici taibhse is púint;
An bhean thar lear ná glac gan radharc do shúl,
Ná ba thar lear, mar is fada a n-adharca súd.
A fhir a chleacht a dheas san áit a mbím,
Ná tabhair gean ar mhaise ná ar áille 'o mhnaoi,
Go ma fiosach duit an ceap ó dtáinig sí,
'S go mbíonn meas gan bhlas mar bhláth ar chraoibh.
B 1832lsc 19T
Ainnise an tsael go ndéinig díomsa spreas
Má fheadar i nÉirinn cé'cu dhíobh mo leas:
Ainnir chiúin tséimh na gcraobhfholt gcíortha gcas,
Nú aimid gan chéill 'na mbéadh aici caoire is ba.
Freagra Eóin Ruaig Í Shúileabháin:
Atá eatartha araon an méid seo chím-se, is feas,
Go mb'fhearra liom bé na gcraobhfholt gcíortha gcas
Ar leaba lem thaobh, nú ar aonach taoibh liom seal,
Ná baile is leath Éireann 's a mbéith le straoille leamh.
An bhean ba mhéinn liom féinig maoifead leat:
A beith súgach léunta caomhnach caoin tais ceart,
Bean gan chlaon, gan sgléip, gan phuimp, gan chleas,
Is pé méid é a spré, ní ghlaofainn choíche a leath.
A fharaire shéimh, nár thaobhaig puinn don tsnas,
Ná mealladh an saol tu féin, ná laoithe ban;
Beig an cheanann go tréith, an mhaol, an bhuí, 's an bhreac;
Sin imithe an spré, 's an léibis snuimthe leat!
Más fíor, is daonnacht go fóil do chleacht ;
Is gníomh deacair a sníomh mar fheós an tslat;
Ná bí leis an mnaoi sin do chóig thar smacht;
A n-íobhaid lucht íorpais is móide a dtart.
Ná cuir tácht go brách i n-intleacht ban,
Ach mar do bheadh tráig a' trá, nú taoide a' teacht,
Nú mar do bheadh cág lá Márta ag síorchur as,
Óir bíon a ngrá dhá n-áit nú trí gan stad.
Dá mbeadh agam an ceann lé'r mheabhraig Hómer stair,
Farais an bpeann ba theann ag Óvid seal,
Do chaifinn an ceann 's an peann, cé'r mhór a leath,
Sar a n-aithrisfinn cam is feall is fóirneart ban.
Annsacht mná go brách ná claíodh do chiall;
Is fann a ngrá, 's is fánach síleach iad;
Mo cheann do phrás dá ndáile míle blian,
Ar cham na mná ní thráchtfadh díbh a thrian.
An freagra air sin:
Annsgrios nád ort, a fháige bhuí gan chiall;
Do labhair ar mhnáibh i gcás nár thuill a dtrian;
Is ceannsa páirteach grámhar muinteartha iad,
Is gur le greann ar Mháire thárlaig Críost 'na cliabh.
Sláinte na féile 's na dea-chroí,
Sláinte an té réfeach mo cheasnaí,
Sláinte mo chéile is mo leanaí,
Is mo shláinte bheag féinig nár mheathlaíg!
Is annamh thig coga gan gorta agus fóirneart cluímh,
Is annamh thig cogar gan focal nú dhó 'na chrích,
Is annamh thig osna gan doilbheas mór san chroí,
'S is annamh thig sonas gan donas in' órlaí tríd.
Níl gort socair nach fogas dó móinín fraoich,
Níl gleann domhain gan abhainn ag góil thríd síos;
Tá an rotha 'na shodar 's gan cónaí faoi,
'S ní bhíon sonas gan donas in' órlaí thríd.
Is fann mo chroí-se a' caoine uaisle Fáil;
Tá Teamhair na rí ar díth a huachtarán;
Gabhla dín na críche is trua mar táid,
Is clann na ndaoithe a' síne suas 'na n-áit.
A chara mo chléibh do léus na seanúdair,
'S is tapa do réus gach daercheist dheacúlach,
Tabhair dam sgéal, do réir do bharúlach,
An fada bheid Gael fé ghéarsmacht allúrach.
- Seán Mac Glanchaí.
A fhir ghasta dhil fhéil is tréitheach dea-mhúinte,
Is dearafa an sgéal, dá bhféadainn cneasú ar bith
Do thabhairt go haosg do réir do chearúil ghlic,
Gur tapa do réifinn gné do dheacúlach.
Ná marbh tu féin go léir i gcathú an chlis,
'S ná lagaig do mhéinn go héadmhar anúinneach;
Seasaimh go géar gan géille d'allúrach;
Is gearra bheig féinnig Dé dá smachtú dhuit.
Ní mheasaim gur laochra thréanmhar chleas-lúfar,
Sparainn, ná éacht, ná bréithre seanúdar,
Do sgaipfeas as Éirinn Fhéilim allúraig,
Ach fearta Mhic Dé, nú é dá gcart-mhúcha.
- Uilliam Mac Cairteáin an Dúna.
Sin a haon, Loch Léin gan daingean ar bith;
An tarna haon, gan tréine i nGearaltachaibh;
An tríú haon, gan géille i nDúth-alla dom shliucht;
An ceathrú haon, beig Éire ag Sasanachaibh;
An cúigiú haon, is claon 's is cleasach a gcuir;
An séú haon, is baol don Eaglais sin;
An seachtú haon, beid tréathlag marbh ar muir;
'S an t-ochtú haon, beig Gael ag seasamh an chnuic.
An naeú haon, beig Éire dearg le fuil;
An dethú haon beig gach aon ag seasamh a chirt.
- Mac Amhlaoibh Maoileachlainn Óg.
Nós do chlaoig na mílte i nÉirinn áin, -
Ceólta, rince, bruíonta, plé agus mná;
Cónggas tíre, draoithe, éigse is dáimh;
Is ól na buíne dhíol as aon-sparán.
Seo mar a dúirt an tAthir Dónal O Nia le lucht dreoilín do
bhí a' baint airigid de Lá 'le Stiana:
Fanaig is gheófaí dreóilín ciallmhar glic,
Do thiucfaig le slóití mórghroí aniar 's anuir,
Do chuirfig an cóir-rí i gcróin trí rial fé chion;
Sin brise ar na Seóirsí, is fógraím iarsma ortha!
Seo mar a dúirt an duine do bhí a' teithe ó lucht na bhfiach:
Dé Domhnaig tig cabhair chúinn is grása ó Dhia,
Bíon an Domhnach i bhfabhar is i bpáirt lucht fiach;
Dé Domhnaig níl beann agum ar mo náid im dhiaig;
'Sé mo lomchreach nách Domhnach gach lá san mbliain!
Seo rann adúradar na filí do dhuine do mhuintir an
Fhiulair, an uair do thug sé snaoisín dóibh as a mhuileann
fada buí:
Ní hiungna aon iungna 'á bhficim a theacht chun críche,
Is ní hiungna sinne do thitim le Gallaibh choíche;
Ní hiungna Muisire 'á rithadh i bhfad thar taoide,
Is go bhficim-se fiular i muileann a' cathamh snaoise!
A dhuine na dtréad 's na séad do chruinniú go beacht,
Is tuice dhuit féin san tsaol ná mairfir ach seal;
Alastrann tréan, chuir éacht san chruinne go ceart,
Níor tugadh don chré dho iar n-éag ach uiread le fear.
Le grá do Bhairín do tairngíodh cuíonsgar géar,
Le grá do Bhairín théun fear dlí ar binse a' plé,
Le grá do Bhairín do treasgraíodh mílte laoch,
Is le grá do Bhairín cheartaím laoithe i gcéill.
Do ghrá Onóra théid mórfhlatha i luing thar lear,
Do ghrá Onóra agus mórgacht théid ríthe i gcath,
Do ghrá Onóra do leónadh sliucht Chuinn is Airt,
Is do ghrá Onóra táim breóite is mo chroí dá shlad.
A cholann lofa chodalas do shean-sháth féin
I bhflocas bhog, gan osna leat trí fheargchás Dé,
Nár dhona dhuitse dorta a fhola i n-aisge 'á dtéudh,
Is go ngoilfeam-na go follas ar an gcnoc Lá an tSlé?
A lucht taisgithe is cruinnithe, is chuireas úr mian i maoin,
Do ghlacas go cunnail, 's do dhrideas is d'ias úr dtruinc,
Is eagal go dtiucfaig fear buile 'núr ndiaig do thaoisg
Do sgaipfig 's do chuirfig sin uile suir siar le gaoith.
Is fada don té atá i n-éadach purpair is sróil
Dá mhealla ag an saol 's a' tréigean dlithe na nÓrd!
Is dearbh an sgéal, a fhir dhéanta tiumarga stóir,
Go sgaran an t-éag le chéile an duine 's an t-ór.
A dhuine gan chéill, níl léis ar h'uain agut,
Is fios do shael ruim ré ní bhfuarais-se;
An fear do bhí iné go léimreach luaimneach.
Tá a shean-oire cré air is é san uaig iniubh.
A lucht chleachtas an phóit go mór is feóil Aoine,
'S gach iomlat spóirt ó bhórd go leabaig aoibhinn,
Flathas na Glóire más dóth gur gealladh díbhse,
Mealladh go mór iad órd na gCaipisíneach.
Do-chím gur tubaisteach turas an óil seo ghnáth,
Do-chím na hiosgadaibh uireasbach fórlag tláth,
Do-chím an duine le duille gan treóir sa tsráid,
'S an tríú duine gan focal 'na bheól ar áird.
'S a Chríost, cár mhisde sin titim le crógacht lámh,
Nú le gníomh uiriric chuirfeadh me ar nós an bháis?
Ach duine le duille le hiumarca an ólacháin,
Gan siúl, gan mire, gan friotal, is dreóil an cás!
Gé fairsing do bhriatha, is cliathchúng druite do dhórn;
Ar neamh má théun fial, ní iarfa tusa bheith leó;
Na heasbail ariamh níor iaradar ciste ná stór,
'S má gheibh Antaine Dia, is gan chiall a bhí Peadar is Pól!
Gé'r mhór gradam na n-easbal i gcóisir Dhia,
Pól ná Peadar ní dheachaig i gcóiste riamh;
Eóin ná Marcas níor leagadh fé bhórdaibh iad,
Ag ól beathuisge, is pastaithe teó mar bhia.
Imeóig an seanóir atá cráite liath,
Imeóig an fhuiseóg is áille ar sliabh,
Imeóig an duine óg 's a cháil 'na dhiaig,
Imeóig a bhfuil beó 's dtáinig riamh.
Bíon an bás ag téacht id dháil mar fhaolchuin ort,
'S gach daoirbheart smáil dá ndéinir gáirfid éigneach ort;
Rí na ngrás ag éisteacht tá 's ag féachain ort,
Is cuimhnig lá na sé mbeagchlár, na cré, 's na gcloch!
- Mícheál Óg Ó Longáin.
A dhuine, cé thú atá ag siúl le sotal san ród?
Faire, túir súil ar t'úir, 's bí ag sile na ndeór;
Do bhí mise mar thú, 's mo chúl go truipealach bórr,
Is be tusa go dlúth fé chlúid na gclocha mar stór!
A Mhuire Mháthir na n-uile ghrás, do shaothraig neamh,
d'fhuiling páis is nimhchion d'fháil san Éigipt seal,
Ar ndul do chách go tulaig láthair lae na mBreath,
Ón uile ghá go hiumlán me féin beir leat.
A fhir dhéanta pléide le bruinnealaibh stáit,
'S a théun i n-éagaibh dá nduinne-dhreich náir,
Do-bhéarair, má dhéinir an tsuirghe, dáil,
Lá Aonaig Shléibhe, don Chuimdhe cháig.
A théagair, is duit do-bhéarainn mo mhíle grá,
Is ód ghéirshearc nách féidir dam Críosta d'fháil:
A Dhia ghléil do bheir reulta agus grian ar áear,
Ná léigtear gach aenneach mar mbíon a ghrá!
Nách lách adeir páiste na maothchrobh réig,
Ag fásga a dhá láimh is dá shíorchur i gcéill,
Ag cuir sgáth ar an ábhar fá mbíon sí i bpéin:
"Croí cráite air, is láidir an snaoisín é!"
Cóirle charad glac, a ghéag mo rúin:
Má póstar fear leat brath a thréithe ar dtúis;
A mheón, a mheas, a ghean, a ghaol 's a chlú,
'S a ghnótha deasa, gaibh mar chéile chút.
Má phósair fear le gean dá éadach úr,
Dá bhrógaibh deasa daite daora dú,
Dá chóta math, dá each, dá bheuvar clúimh,
Cá ngeóig do shearc, a bhean, nuair éagfaid siúd?
Beig an cóta math gan rath, 's an beuvar clúimh,
'S na bróga deasa caite reubtha ón ndrúcht,
Is breóite an t-each, gan phreab, gan léim, gan lúth,
'S an lóma leamh 'na spreas 'na n-éamais siúd.
Mo thoil-se an toil thug toil ghlan díbh go léir;
Má's toil led thoil mo thoil be sí dod réir;
Ba thoil liom toil ód thoil chun luí led thaobh,
I dtoil dod thoil, a thoil mo chroí 's mo chléibh.
A óig, ná creid aon fhear dá shéimheacht glór,
'S a chórá fras ná meas go mbéadh go cóir;
Móide seal is gealla bhéarfaig dóibh,
'S nuair gheóig a thoil beig col 'na ré aige leó.
Mo theagasg má ghlacair, bíodh agat, is cuimhnig fós
A liacht fear tapa do treasgradh claoite i ngleó;
An t-éan bhíos agat i dtaisge fé dhíon id dhóid
Ná tréig ar a amhail tá ar bharra na craoibhe 'od dheóin.
Ná tarcaisnig caraid thar charaid má bhíd gan stór;
Seachain lucht bladair, cé leanabach bhíd i gcló;
Féach, tabhair h'aire, agus machtnaimh an tslí 'na ngeóir;
Gach nduine gan chealg do bhraifir, treaibh díreach dóibh.
Ní d'athanta na heagailse an fial, más lag,
Is an t-eagnach, más dealbh é, a bhriathra is leamh;
Gan airgead níl maise ar bith ná mian i neach,
Is an fleasgach tur, más tairifeach, is ciall é ar fad!
Bean fhonnmhar ag fear fannlag ní ghlacan sí riail;
Isé annsacht na hantoile mhearaíos an chiall;
Is árd glam na mallchon an tráth chaillean sí an fia,
'S tá cead cainte ag fear chaillte na himeartha riamh.
Bronnaim-se m'anam don dalta san Mháire, Críost,
Is bronnaim mo mhathas do na lagaibh atá 'na dhíth;
Bronnaim mo mhallacht don deamhan atá ar mo thí,
Is bronnaim mo chalann don talamh ó dtáinig sí.
Ní tréan mo labhairt, 's ní mheasaim gur cúis náire é;
Is éan bocht sgaite mé, ó chailleas mo chúl báire;
Níl pian, níl peannaid, níl galar chó trum cráite
Le héag na gcarad nó sgara na gcumpánach.
Difficilis, facilis, iucundus, acerbus es idem,
Nec tecum possum vivere nec sine te.
- Martial.
Fear nimhneach greannamhar athiseach éagsúlach,
Dar Míde! is deacair bheith farat ná sgarúin leat.
In all thy humours, whether grave or mellow,
Thou'rt such a touchy, testy, pleasant fellow,
Hast so much wit and mirth and spleen about thee,
There is no living with thee nor without thee.
- Addison.
Ní caití snaois, ní bhíodh té acu ar bórd,
Ná brata síoda choíche ag séide a srón,
Ná fean ag mnaoi chun gaoithe théacht 'na cóir,
An tan do bhíodar Gaoil i nÉirinn beó!
- Diarmaid O Súileabháin.
A óigbhean deas, ná meas gur mór do chiall
San nós san leat nár chleacht do phór ariamh;
Bólacht bhleacht do b'aite leó ar sliabh,
'S ní cóta breac ar phlaic a dtóna thiar.
A dhuine gan chéill, is baoth an colla do-nír,
'S a ghiorra ó dhul gréine fé go mblosgan arís;
Ná cluinir na héin ag glaoch 's ag mola do Chríost,
Is duille na gcraobh go ndéinid croma dho síos?
Lá 'le Póil má fhónan grian go glan,
Beig grán go leór 's gach sórt sa bhliain go math;
Más lán do cheó bheas mórchnuic thiar is theas,
Deir fáig an sgeóil gur cóir don bhliain bheith tearc.
Más lán-tsiuc mór nú feóithne dian ag teacht,
Beig Márs go treón is gleó aige i gcian 's i ngar;
Más báisteach mhór um nóin, 's an sliabh go glan,
Beig ár go leór go ndeónaig Dia dho stad.
An ghaoth adtuaig bíon sí cruaig, agus cuirean sí fuacht ar dhaoine;
An ghaoth andeas bíon sí tais, agus cuirean sí rath ar shíolta;
An ghaoth aniar bíon sí fial, agus cuirean sí iasg i líonta;
An ghaoth anuir bíon sí trim, agus cuirean sí siuc ist oíche.
I bhflathas 's i réim beam féin go cliste gan mhuill;
Ceannas gach aonrud bhéarfam fuinte dár gcluinn;
Na baineannaig aeurach léifid cruinneas gach slí,
Is uireasba an léinn gurb é ár gcine do mhill.
Teasgasg gan bhéim isé do chanaim-se dhíbh;
Paidear is cré 'núr mbéal bíodh agaibhse shíor,
Sgaipig an déirc gach lae go carthanach caoin,
Is athanta Dé ná reubaig; fanaig go mín.
Lóchán gaoithe an saol so; a rath ná pós;
Córá caoin gach naoimh ghil glac mar stór;
Brónpháis Chríost do chaoine is math an nós,
Is go mbeig do chroí gan bhrí, gan phreab, gan glór.
Le húrnaithibh múchtar fearg Mhic Dé,
Le húrnaithibh fúigtear an t-anam gan bhéim,
Le húrnaithibh múintear mathas gach béas,
Is le húrnaithibh músgaltar aingil is naemh.
Measaim gur baothnaisg d'aenneach greann ná grá
Do thabhairt do ghréithibh aeurach bantracht árd;
Gradam an tsael go léir níl ann ach sgáil,
Tagan 'na laomaibh is daoran dram mar chách.
Crá don tsaogal bhréagach mhalartach,
Chealgach chraosach thaodach anacrach;
Is eagal don té do bhéarfas aire dho
Cealg ón bPéist mar Éava i bparathas.
Crá don tsaol bhréagach is gangaideach cáil,
Is crá don té ghéillfeadh dá rachmas go brách;
Sgáil bheag bhaoth éadrom ná mairean ach spás,
Mar bhláth na gcraobh léigtear le fearthainn ar lár.
Isé an rince do ghríosan cuisleana an chuirp,
'San rince isea smaointear turainn gach uilc,
'San rince isea chítear buile agus bruid,
Is le rince théid mílte go hifreann dubh.
Ní math cathir gan faire 'na púirteanaibh,
Ní math leaga ná masla do chúilionnaibh,
Ní math fearthainn ná sneachta do phúdarlach,
Is ní math maga do labhairt i gcúis ar bith.
Gliucas is eagna thaithnean le Dia na ngrás,
Sinnim na bpaidear, is sailm 'na ndiaig do ghnáth,
Fuireann na heasba do fhreagairt 's a riar i dtráth,
Is cuinibh ód dhalta feag tamail a mhian 's a ghrá.
Cuinibh an ceartas 'na sheasamh i riail go brách,
Cuimirc na hathanta theagaisgid cliar is fáig,
Cuirig do mheabhair ghluin eagla Dhia 's a ghrá,
Is ní thitfir i bpeaca na gcealg, a chria-chorpáin.
Ná tréig flathas an anma ar chraos an chuirp,
Is bí go measartha geanmnach déarcathach;
Ní leat faice dá nglacair don tsaol so an chuir,
Ach bheith dá amharc feag sealaid mar thraochas muir.
Le fírinne claoitear aicme na mbréag,
Le fírinne chaoinid na deamhain i bpéin,
Le fírinne tuilltear flathas Mhic Dé,
Is le fírinne bhíogaid aingil is naemh.
Bíodán cailleach ní math an cóluadar sin;
Aonbhás carad an galar is truaighe ar bith;
Ní dual searrach ar mhachaire cruaig gan rith,
Is ní dual cailín gan aire aici ar bhuachail fir.
Is deórach gach nóin me ag taisteal na slí,
'S mo dhóchas go brónach i gceastaibh an tsaoil;
An bhean do gheóinn-se le pósa ní thaithnean sí linn,
'S an nóchar ba mheón liom ní ghlacfadh sí sinn.
Do dheasgaibh mná tháinig peaca an tsinsir,
Do dheasgaibh mná breátha cailleadh Naoise,
Do dheasgaibh mná tháinig lasa ar Thraoi thuir,
Is do dheasgaibh mná táim-se seal 'om dhíbirt.
- Eón Rua Ó Súileabháin.
Siúd é an nós dar ndó nár thaithnig liom riamh:
Taibhse ar stróinse crón do chaile gan chiall,
Meidhir is mórchuid stóir ag fleasgach neamhfhial,
Agus bia ar bórd is óinmhid smeartha dá riar.
Is fuath liom sgéilín baoth gan tóin gan cheann,
Is fuath liom baothlach tréith gan spórt gan ghreann,
Is fuath liom cléireach caoch gan treóir gan mheabhair,
'S is fuath liom éadach daor ar chóbach chrom.
An tamall im ghlaic do mhair an ghlé-phingin,
Ba ghreannamhar gart, dar leat, mo thréithe-se;
Do labhrainn Laidean ghasta is Béarla glic,
Is do tharrainginn dais ba chleas ar chléireachaibh.
- Dáiví O Bruadair.
Is daorcheist ar lucht léite na n-údar sámh
Cé acu dár baogal i bpunc an bháis:
An té léigeas an saogal chun siúil do ghnáth,
Nú an té sin do dhéanfadh a dhlúthchimeád.
An freagra.
Réifead-sa an daorcheist, ós chúm atá, -
An saogal do léigean ar siúl is feárr;
Déirc, daonnacht, féile agus clú cimeád,
Is téim-se féd shaora-sa i bpunc an bháis
Níl fánach ná sáirfhear ar uaisle Gaíol,
Bráthir don dáimh ghlic ná suaircfhear groí,
I gcás go mbeadh láithreach gan luach na dí,
Ná beadh fáilte age Seán† geal †Ó Tuama ruimhe.
- Seán Ó Tuama.
Eón an Mhéirín .i. Vá Cártha cct., ag labhairt le táiliúir i
dtig Eóin Í Challanáin.
A shéimhfhir chumainn ar chulaith le mbuailtear sgim,
Ná léig mo shuimneach liubarnach uait arís,
Ach déin a sgiota gan timheal, is fuaig go caoin,
'S id shaothar uile ní thugaim ach duain mar dhíol.
Eóin O Callanáin, .i. an dochtúir, dá fhreagra:
Is cian ó d'imig lucht cruinnithe cód is grinn,
'S a dtrian ná tuigid an fhuireann so is eólach díbh;
I ndiaig do fhriotail mara dtugair-se dhóibh ach laoi,
Go mbiaig do chulaith mar ghiulla na bhfeóirlingí.
Fiche 's a dathad 's a ceathair 's a trí is aos dam,
Ag fuirse 's ag grafa, 's ag casa le cloí dhéanamh,
Ag fitheamh le hatharach beatha do dhruim sgéalta,
Chun gur thiteas im sheanduine dhealbh gan lí-lé agum.
- Uilliam Aeurach Ó Conaill.
Ag tuilleamh mo bheatha do chathas aois mh'óige,
Go dithansach mar ba dleacht ag fíóireacht,
Gur imig mo neart tar nais chun míthreóire,
Is le duille mo dhearc gur sgaip mo sgrínneóireacht.
- Dónal Liath Mác Cártha.
Seo rann adúirt Consailéir Long d'Ó Chaoimh an uair do
chaill sé Gleann-an-phriacháin. Agus iad ag teacht ó
Bhleá-Cliath, do chuireadar a gcapaill ar pháirc, agus ar
maidin arna mháireach do fuair an dlíthóir dhá phréachán
ag éirí a cluais capaill Í Chaoimh, agus é marbh
gan phreab. b'é Gleann-an-phriacháin fearann Í Chaoimh.
A fhir chalma ghasta do sheasaimh le Guill go deó,
Ní baol duit feasta an ainnise, níl slí aici id chóir;
Ainm na mbailte do baisteadh dod shinsear rót
I mullach do chapaill do gheabhair, nú ní bhus mó.
Ní fheadar cé chan an rann so d'fhear do shíol gCaoimh
Ghleanna-an-phréacháin do chaill capaillín do bhí aige.
A fhir urramaig ghasta, ruim Ghallaibh ná bíodh do speóis,
An tubaist ní heagal duit feasta, níl slí aici id chóir;
Cine na bhfearann do chleachtadh do shinsear rót
A' piuca do chapaill do gheabhair, nú níosa mhó.
Mar do chonnaic sealúdóir an chapaill mar sin é, dúirt sé
féin an rann so go hiargnóch:
A shaoi ghluin d'fhág ar lár i n-anró me,
Ag sníomh mo chnámh do bharr na gcambhóithre,
Ó chríochna an bás do cháil san neantóig ghluis,
Bíodh mo shlán fé'n mbáille i ngealltóireacht.
A Rí na cruinne bheir luinnir san ngréin go moch,
Dílte troma agus tura dá n-éis go grod,
Sgríobhaim chugat mo chulpa, agus féachaim ort,
Is ná lig titim níos fuide dham féin san olc.
A Rí, don tsleig do leig na doirse dhéanamh,
Do bhí idir bheirt le creit na croiche céasta,
Ní díol duit leis ár mbeith i gcrothaibh saolta,
Ach gur baoch duit beag 's a bheith óm olcas d'fhéicheamh.
A Dhé na n-aingeal do dhealbhaig tuile is taoide,
Ós léir dhuit m'aigne 's gurab agat atá fios mo smaointe,
Dá réir sin math dham gach peaca dom chiontaibh daoirse;
In' éiric glac-sa gach peannaid dár fhuiling Íosa.
- Seán Bráthir Mac Gríochair.
A thréinMhic do céasadh tar cheann ár n-olc,
'S do thréig t'fhuil gur éag ar an gcrann do chorp,
Mar d'aomhais, a Dhé, sin, gaibh leamsa an bocht,
Tar mhéid ar léigis-se leam do lot.
Peaca na sinsear, uar is díomas, feall is cinnteacht, craos is ól,
Creacha na mbochtán, cealla do robáil, fórsa agus furáil,
puimp is próis,
Easumhla d'órdaibh, síorbhrise pósta, iumpó na gcóta i
n-aghaig dhlí Phóil,
Do dhíbir ár bhflatha, do bhain díobh a mbeatha, d'fhág
sinn ar leatrom fé sgíos is fé bhrón.
Geallaim-se féin gan bhréig, is m'eighrí cuirp,
Duitse is dod phréimhshliucht féin 's dá n-eighrí sin,
Dathad geal reul gan phlé, gan chuim dlí ar bith,
Fé Throsga na Naomh i n-éiric díolaíochta.
Dá mbeadh rósta ar bórd is fíontaí ag cách,
Arán cróch go leór, nú fígí a sáth,
Ceann gach sóirt do nós mar líontaí clár,
Anois, dar leó, ní só gan snaoisín d'fháil.
A Dhoncha, dá mba Doncha thu mar tá do shiúr
Fuar lomanochta lochartha, lán do chú,
Gan socracht ná codaithe le fáil id dhún,
Dar Gobnait! ba Doncha gan fáilte thú.
Iumad marthain ní feacathas riamh ag neach
Treasgairt ón Athir ná leanfadh 'na dhiaig gan stad;
Aoibhneas ná rachmall ní mhairean ag triathe ach seal,
Is do mealladh an fear san ná bainfeadh an t-iasacht as.
An té mholas an éigse, féach go mairean go deó,
An fhaid cloisfear géag ná craobh ná fearthain ná ceó,
Solas i reultaibh aer, ná i bhfaraige deóir;
'S níl ach dorn do ghaethibh gréine taisge na seód.
Dá chluthaire éadach féach go ngearratar fós,
Bristear an péarla, is téun i gcathamh an t-ór;
Friotal na héigse i mbéalaibh mairean go deó,
'S níl ach dorn do ghaethibh gréine taisge na seód.
Ar ndul do Thadhg mac Tomáis Í Iarlaithe, do Dháth
mac Pádraig Í Iarlaithe, agus do dhuine nó dís eile isteach
go ti' táirne i Machromtha lá, do shuíodar san teach n-óla,
agus tug an t-óstaer cnagaire lán do bheóir éigin chútha, gur
lig i bhfianaise Thaidhg mc Tomáis é. D'fhéach an duine
uasal air, agus d'fhiafraig go feargach créad nó cé an rud
gránna san, agus leis sin do tharraing a chluíomh as a
thruaill, agus do bhuail an t-árthach beag bocht direóil gann
gortach san, go ndeárnaig dhá leath dhe. Is ansan adúirt
Dáth mac Pádraig an rann so: -
Ní habhar gan chúis, dar liumsa, cnagaire Sheáin
Do bheith treasgartha brúite múchta marbh ar lár;
Gairmthear chúinn an piunt, 'sé caraid is feárr,
'S a chathamh go húr ag súil le fairsinge an cháirt!
A fhir cheannsa ghlic, ná tuig gurab aon onóir
Fallsacht cuir do mhic nár aosaig fós,
Greann gan sult do dhuine chaoch dom shórt;
Sin meallta me, agus riot-sa an bréid 's an ceól.
- Doncha Dall Ó Laere.
Ó sméid mé ar ghile na lile do phór na Niall,
'S ó d'fhéach mé a gluine go minic lem beól 'na dhiaig,
Is ó d'éist mé a drithle-ghob milis is ceólmhar sians,
Mara dté mé ar mire, go dimhin is mór mo chiall!
Is leat síorraíocht mo shíorghuí, mo phaidir 's mo chré,
Is leat príomhríocht mo chroí choích' go ndeacha mé i gcré,
Is leat díslíocht gach aoinní dá n-abair mo bhéal,
Is leat Síogaí bocht síofraí Corra-sratha go héag.
Ár bhfinnbhean uasal shuairc do b'áille lí
Le goibhneacht uainn ó chuaig do b'fheárrde an tír;
Tá cill is tuath go muar dá rá, is dlíd,
An t-im 's an chruaig go bhfuair a dtáth ag Bríd.
A bhean a fuair sáth gach mná do thogha na bhfear,
Ó Seachnasa an áig is sármhac thiarna an Ghuirt,
A mhala gan náire, is nár mar d'éirig duit, -
An tsrathar i n-áirde i n-áit na diallaite ort.
Iníon Tiarna an Chláir do bhí pósta ag Ó Seachnasa,
agus phós sí Ao Buí O Cealla, .i. a buitiléir féin, tar éis
bháis Í Sheachnasa.
Mo chóirle gaibh go ceart má taoir i gcéill:
Ná pós an amaid leamh le suim 'na spré;
Tóg-sa bean is aithnid duit ó phréimh,
Is 'nar cóir a mheas a teacht do mhíntreibh réig.
Tá dís bhan a' síorchur buartha im cheann:
Táid caoire is ba ag mnaoi acu, is cruacha, is clann;
Tá rosg rín ag mnaoi acu, uaisle is greann;
'S an fios díbhse cé dhíobhsan mo nuachar ann?
An freagra.
A shearc mo chroí, má taoi led nuachar ann,
Bac-sa dhíot an chrínbhean chruaig 's a clann;
Gaibh go fíor le mnaoi na sguabfholt gcam,
'Na bhfuil a dearca mín mar fhíoruisge fhuar i ngleann.
Cá feárrde mé gan bheith clé ar ghunna dá lua,
Cá feárrde mé gur me léifeadh gach seana-phár cruaig,
Cá feárrde mé mo bheith laochda ar ghaisge lá an tsluaig,
Is nách áil le béth anois mé gan talamh d'fháil uaim?
Faid mhairfeas do shéan is é dá chathamh go hárd,
Do charaid is tréan 's go léir ar lasa dod ghrá;
Ach an tan sgaipfeas do thréad 's go mbéig fios t'ainnise
ag cách,
Ní bheig taise dhuit féin ná aon do ghlacfas do pháirt.
Mícheál Óg Ó Longáin cct., ar mbeith dho ag múine
Gaelge i gCorcaig san mbliain 1816.
Gach sáirfhear caoin croí-gheal is cneasta ar bith méinn
Le'r bh'áil an tslí dhíreach chun teanga na nGaeul,
Tháinig saoi taoibh libh don bhaile seo aréir
Do dháilfig í dhíbh is ná measan bheith daor.
Le léithe mo chéibhe is le duille mo dhearc
Is féidir a léirmheas go bhfuilim ag meath;
Ní léitear liom veursa ná siulla 'na cheart,
'S is méala don Ghaelge mar sguireas le seal.
- Mícheál Óg Ó Longáin.
Duine uasal do mhuintir Iarlaithe cct., ar n-a ionnarba
as Baile-bhúirne le fóirneart allúrach.
Tá mo chosa ró-theinn, is a leigheas ag an Aonmhac,
'S me gan chostas gan eighreacht, gan soibhreas gan séada,
Mar bheacha nuair cailltear idir chadhain, mhil, is chréithre,
'Na gcathid a dteaghlach le doibhreas do shéana.
Araoir im leaba is me atuirseach tréith im luí,
Do bhíos trí ainbhios sealad ag éad le Críost,
Thug cíos gach fearainn do Ghallaibh i n-aolghort Fhluinn,
Agus Gaoil dá leaga, dá gcreacha is dá gcéasa shíor.
Do bhíodar tamall go carthanach déarcach caoin,
Ba bhinn a manaig, a n-easbaig 's a gcléir ag guí;
Más fíor gur peaca thit artha rin faolchuin díobh,
A Chríost, cé an Saxanach seasgair nár reub do dhlí?
- Doncha Dall O Laere.
Tadhg Ó Ríordáin Tadhg na Súl mBeag cct., ar mbeith
do sgata do mhuintir Ríordáin i bpríosún Chorcaí.
Is dúch liom an cúnggrach 'na n-airím iad,
Na húirfhir ón Rúsgaig do bheathíodh cliar,
An chumplacht nár dúnadh a ngeataí riamh,
Is nár túrnadh i súgra ná i ngleacaíocht sgian.
Doncha Dall O Laere cct., ag freagra.
Is cúis mhath nár dúnadh a ngeataí riamh
Is nár túrnadh i súgra ná i ngleacaíocht iad, -
I bhfiuntar an phúdair ní bhfachtaí iad,
Is úrmhairt thar triúcha do bheathíodh iad.
Iar sin do bhuail Tadhg Doncha, go ndúirt Doncha an rann:
Mo thurainn faid mhairfead, mo dhaithnid, mo léan, mo threaghaid,
Mar d'imig na dragain ba calma tréan i maidhm;
Ná dridid thar caise 's ná tagaid fém ghéin le meidhir
d'fhúig brise mo bhathis i n-aisge leat féin, a Thaidhg.
Doncha Mór O Ríordáin cct. do Dhoncha Dhall O Laere,
ar n-éag do chapaillín do bhí aige. Is cosúil go ndineadh
sí inead giulla agus capaill do.
Dar Gobalach, is doilig liom do láir go lag,
A bhodaig seo nách follasach an lá dod dhearc;
Dá soicheadh sinn an cothram so tar sáile ag teacht,
Níor dheocair duit bheith soilbhir go sásta ar each.
An freagra le Doncha O Laere air:
A dhuine cad b'áil leat a rá go mbéinn-se suas,
Is ar imig thar sáil dom cháirde ó Éirinn uair,
'S an tubaist gur fháisg a lá go léir im buaic,
Mo ghiulla is mo láir d'fháil bháis i n-aonacht uaim.
A shiullaire shultmhair, cé thugais do bharúil fúm
Gur duine beag guinideach mise nách geanúil gnúis,
Dá gcuireadh an uireasba thusa chó ceasnúil lium,
Tu fhiscint im chulaith ní thuigim gur dhathúil tú.
- Doncha Dall O Laere.
Ar bhás Dhoncha Dhuill Í Laere.
Tá fé'n lic seo duine caoin gan ghruaim,
Fáig is file suilt is saoi ghlan tsuairc;
Grá agus cumann thug do cill is tuath,
Is ní bás do rug é ach dul ar aoibhneas uainn.
- Pádraig mac Dáth Í Iarlaithe.
Tadhg na Súl mBeag adúirt do chórsain do féin, .i. Muircheartach Ó
Buachala, a fuair bás i gCluain-droichid.
Bás an chuirp do chuiris díot, mo nuar!
Bás do sguir do bhruid, cé linn is trua;
An bás ní fhicfig thusa choíche i nguais;
An bás ní thiucfa id ghuire, shínis uaig.
Epitaph nú feartlaoi Philib McCéacháin, liaig mhath do
bhí i gcuntae Luimne.
Ag so an t-inead 'na bhfuil Pilib mac Seáin 'na luí,
Fear ná crithfeadh ruim dhuine dá ghráinneacht gnaoi
Ba lia cuir agus clis chun an bháis do chlaoi;
Ach d'imig sin uile 's ní thiucfaig go brách arís.
Tadhg Ó Dála dan Athir Lúig O Coileáin, cct.
A athir gan chealg 's a shagairt is feárr san domhan,
Bíodh gur gheallas bheith farat céad lá ná rabhas,
Isé deir lucht seanchais fhada le háiteamh leabhar
Gurb é an té is annamh do thagan gheibh fáilte is cabhair.
Conchúr Ó Dála do Pheadar O Fhéithín.
A Pheadair a ghrá, tárthas duit triall im theach;
Ba mheabhair liom trácht tráth leat ar thriathibh gas,
Gach faraire áig álainn ba dhian i dtreas
Is ba thaca le fáil ábhair i gcian 's i ngar.
Táid leabhair a lán láimh liom do bhriathraibh lacht;
Seanchas fáig, dánta is diamhair ceacht,
Do gheabhair, más áil leat sásamh do mhian is ait,
Is ní tamall do lá bheag bheárnach ach bliain ar fad.
Beannacht Mhíchíl Í Longáin chun Seáin Í Choileáin go
Míorus i gCairbreacha, 1806.
Ós duine thu, mar thuigim-se, atá léunta suairc,
Tuisgeanach i luithibh suilt 's i ndréachtaibh suag,
File math do chuirfeadh siulla i gcéill 's i n-uaim,
Id chuideachtain níor mhiste liom dá dtaosgfainn cuach.
Dónal na Buile cct. do bhodach sheasgair shámh agá
raibh Doncha Mhác Cártha, .i. Doncha Bhaile-é, ar uiliúin;
agus mar da ghlaeg Dónal d'fhéachaint an linbh uasail, ní
greim ná deoch do shantaig an bodach do thairisgint do ach
a fhiafraí dhe "Créad sgéal ón gcoga?" go ndúirt Dónal
an rann:
Ní hé an coga so is doilig liom ná táinig fós,
Ná torchra na mborbchon do b'ábhrach sgóp,
Ach toircheas mná brolla-ghil ó árdChloich Reó
Id dhoras-sa, a bhodaig, agad chráin dá deól.
Piaras Mac Gearailt cct. d'Éamann do Vál an tan bhain
Fréní a bhróga dhe ar bhóthar Bhleácliath.
Is brón liom an sgeón so do ghlacais, Éamainn,
Mar chóbach gan chrógacht gan neart 'na ghéagaibh;
Ba dhó liom, dom dhóchas, gur cheap le céad tu,
'S gan do bhróga do sheóla 'na ghlaic chun Fréní.
Freagra Éamainn.
A óigfhir nách fólta do chanas veursa,
Ní dreoileacht nea-chróga do bhain dom féinig,
Ach rógaire ar bóthar do ghread le p'léir me,
Is nár mhó leis sin feóirling ná anam Éamainn!
Tá giulla gan chiall ar sliabh i leith bheith Gaeulach,
Ag imeacht thar riail 's ag séana an chreidimh aosta,
A sheana-chab liath go dian ag spalpa an éithig,
Is ní duine é ach dial atá iata i gcolainn daona.
Túir aire chruinn dod phaidrín 's dod ghnáthphaidir;
Ag drideam taoi le hucht na haoise; is geárr mhairfir;
Beig do chorp go claoite caite i gcill i lár leachta,
Agus brosna cnuimhe agus daradaoil ad lánstraca.
- Uilliam Mac Suibhnne.
Creid an creideamh chreideadh sló na sléacht,
Is creid gan cheist an creideamh cóir ón gcléir;
Aon gheilt nár chreid do chreideamh beó na naomh,
Ná creid go mbeid i seilbh ghlóire Dé.
- Diarmaid Ó Longa.
A Íosa! a linbh, a ghiulla bhí thall san Róimh,
Cé dhíobh is gliuca isna dlithe seo mheabhraig Pól:
Lucht fíona d'ibhe le briosga go n-anlann cróch,
Nú na naoimh do huileadh le huisge i ngleanntaibh ceóig?
Bíon roinnt don chré, do réir a míonaig,
Bheir cruithneacht mhaol is grépí fíona;
Cuid eile ná tugan ach féar is fraochlach;
Agus mar an gcéanna do na daoinibh.
Dá n-innsinn eachtra an Mhadra Mhaoil im sgéal,
Nú críoch na bhflatha do bhí ag Clann Baoisgne i bhFéin,
Nú suíomh an chatha le'r cailleadh na mílte laoch,
Le haon mhac fleasgaig ar talamh níor bhinn mo sgéal.
Doncha Caoch Ó Mathúna cct., mar dúradar daoine éigin
gur Shasanach é, ó n-a chlos ag labhairt Béarla ar mharga
Chorcaí.
Tá an uiread san tarcaisne ar bhreathibh na binn-Ghaoilge
Gur milleadh mo theanga le caisfhriotal Guill-bhuíne,
Ionnas go meastar le haicme do chluinn Mhílig,
Dar Muiris, gan mhaga, gur Saxanach tintí me!
Sirim-se an tAthir 's an gheala-Sprid caoin Naofa,
Go dimhin dá gcabhair gan dearmad guím Íosa,
Sgrios ar na Gallaibh, 's a mbeatha go ndíbríthar,
Ar chuma go leanfainn-se teanga mo phrímh-shinsir.
Is ise ba bhlasta 's ba chneasta 's do b'fhírlíofa,
Do b'uilte, do b'aite, 's ba tapaig i mbrí bhinn-ghuib,
Ba shnuite, ba shnasghluine ag racaireacht gaois-laoithe;
Ní hionann is glafarnach mhallaithe ár bhfíor-naoide.
Má tá gur chathas seal dom aois aeurach,
Is gur ghnáthas stair ar racht na bhfíor-Ghaeul so,
Mo cheárd ó mheath le malairt dlí i nÉirinn,
Mo chrá go rach gan stad le brívéireacht!
D'aithle na bhfile dár bh'ionmhas éigse is iúl,
Is mairg do chonnaic an chinneamhain d'éirig dúinn:
A leabhair ag titim i limhe 's i léithe i gcúil,
'S ag macaibh na druinge gan siulla dá séadaibh rún!
- Dáiví Ó Bruadair.
Is túirseach mé don mhéid seo sgríobhaim-se,
Mo dhúthracht cé ná téun ar díth bisig;
Mar dúirt an té nár thréig mo dhíograis-se,
"Bú, bú! hé, hé! ná déin do chroí bhrise!"
Fínis dár sgríobhas ariamh go fóil,
Is fínis don aoilchnis na bhfiarfholt n-óir;
Fínis dá-ríribh dár bhfiabhras bróin,
Is Críosta dár ndídean ar Shliabh Síóin!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11