Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean de hÓra

Title
Sean de hÓra
Author(s)
de hÓra, Seán,
Compiler/Editor
Mac Cumhghaill, Brian
Composition Date
1718
Publisher
(B.Á.C. : O.S., 1956)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



L. 13


A ghéis ghartha ghléighil, a bhé mhaiseach bhéasach,
A chraobh chneasda chéimleasc de mhaithibh Shíol Táil;
A aon lasair sgéimhe na n-aolbhan le chéile,
A bhéil tana an déidghil na labhartha sámh.


L. 15


Dochuala sgéal do léan an croidhe agam,
Do bhris mo chiall 's dhá dtrian m'intinn,
Phoenix de'n tréan-fhuil dob' aoirde
Sínte marbh, cidh dealbh le h-innsin!


L. 19


Má chuirfidh tú mo chuid gabhar i ngabhann nó i bpónta,
Baistfidh mé "poll odhar" ar Chlann Mhathghamhna.



B 1860lsc 19L
U Anaithnid



Dé bheatha-sa a Sheáin, cé'n chaoi a bhfuil tú?
d'fhreagair Seán í mar seo:



Atáim im' scrúille bhocht shúighte 's mé críona lag,
'S an leamhnacht seo is duthchas dom riamh do bhlas;
An t-Úr-Mhac dod' chumhdach agus Rí na bhFeart,
'S ná stiúraigh mo ghamhna fá'n sliabh amach.


L. 20


Fear ó'n iarthar mé atá ag triall chun aonaigh,
Teach gan chuireadh gan iarraidh ní dheaghas riamh d'á éileamh;
Níor mhaith an biadh a bhí ann agus riaradh caol é,
'S mí ní mhairfinn féin fé riar na cléire.


L. 21


Táim ag éisteacht le fonn gharbh Bhun Abhann,
Ag tarraingt ar throm-chlagarnaigh.


L. 22


Gabhaidh gan spás aithghearr gach comhghair
'S go ceardchain Sheáin de Hóra;
Geallaim go bhfágha sibh arán 's feoil uaidh,
'S baraille lán de thál nuair gheobhfaidh.


L. 24


Seán de Hóra



Is géag de'n bhile ghlórmhar



Is géag de'n bhile ghlórmhar
An deoraidhe seo i gCill Bhriocáin
Do chuir Mac Dé 'nár mbóthar
Le comhachta ó Rí na nGrás.
Is beannuighthe an bhean óg í
'Nar fórmuigheadh 'na broinn an bháb;
Craobh na finne Fódla,
Ag ól srotha cíocha Táil.



Bíonn hussa is míle i n-éinfheacht
Ag saor-chlanna saoithe ag ól;
Dá gcur i nglinntibh spéartha,
Roimh Shéarlas mac maith don leoghan.
Bíonn punch is fíon dá dtraochain
Re chéile agus díleann bheoir;
Cnámh na dteinte croidhearg
Go haerach 'na soillse romhainn.



Cuir i gcliabhán óir é,
Tabhair póg dhó agus lacht 'do chíoch;
Suidh 's gaibh huiseodh dhó
Go ceolmhar 'sgo blasta binn.
Racht ná leig go deo air,
'Ná deoir le n-a dhearca síos:
Bráthair ceart Bhriain Bhóruimhe,
'Chuir fódla faoi smacht an dlighe.


L. 25


Is bráthair Bhriain Mhic Bhruadair
I n-uaisle na sean dobhí;
Is bráthair d'iarla Tuadhmhumhan é,
'San uair seo, Innse Uí Chuinn.
Bráthair chliar an tsuaircis,
'San gruagach, 's an flaith ó'n nDabhaich,
Thug bárr an tighearnais uaibhse,
'Chuaidh uainne go harm Laoighis.



AMHRÁN NA nUBH



Mise stócach Sheáin de Hóra,
Gabha na féile;
Is ionann i gcló mé 's Goll Mac Mórna,
I neart 's i n-aeirde.



Muna bhfaighead stór des na hubhaibh móra
Chun tóir na féise,
Ragad chun chomhraic libh ar an nóimint,
Is cuma liom 'bé agaibh.



Uain na ceardchan gheobhaid i dtráth uaim
A thuilleann mo bhuidheachas;
Sceana chun bearrtha, ingnidhe meádhta,
Agus fleasc chun méise;


L. 26


Fleasc chun túirne 'mbeadh scriú uirthi -
Agus ní ceann Gaedhealach;
Sin dhá chúpla cearc sa chúinne
Ag breith 's ag béicigh!



TRÁCHT I NDIAIDH AR SHIOBHÁN NÍ BHRIAIN.



Trácht i ndiaidh ar Shiobhán Ní Bhriain
Gan spás anois is mian liom,
An stáidbhean fhial gan cháim gan chiach
Dob' fhearr i n-iarthar Éireann;
An mhánla chiallmhar áluinn diadha,
'Sí sgáith-gheal grian na h-éigse,
'S do bhláth na dtriath dotháinig fó n-ár ndein
d'árd-fhuil chliar is récsa.



Tá gaise de'n rós ag taithneamh 'n-a clódh,
An iorradh-gheal óigh Bhrianaigh,
'S lasadh gan feodhadh mar sneachta ar nóin
'N-a leacain ghil óig ghrianmhair;
'N-a ballaibh níl deor ó bhathas go feoir
Acht srotha de phór na n-iarlaí,
'S is dalta í 'fuair scóip meanman 's spóirt,
Caraid 's óige shianmhar.



Is binne guth a béil ná seinm chruit téad
Nó laoithe aigeanta an tSamhraidh;
A píb mar aol, a clí dá réir,
'S is mín geal a déid 's is dlúth dheas;
A righin-rosg réidh, a dlaoi mar sméir.


L. 27


Síos gach léim go drúcht léithi
Go taidhbhseach, craobhach, boillsgeach, péarlach,
Soillseach, dréimreach, búclach.



Is riaghalta mo sgéal i dtéarma na nGaedheal,
'S d'fhiafrainn é léigheamh do'n dúithche,
Na Brianaigh is aeirde i gcliar-fhearaibh Éireann,
d'iadhadar le chéile an cleamhnas;
Do shéanadar claon, d'iarradar cléir,
Grian-sgoith na Récs nár múchadh;
A Dhia go rabhaid séimh séanmhar le chéile
Is rian sleachta tar éis an chúpla.



AN FEIRMEOIR GAEDHEALACH



Treabhfaidh mé romharfaidh mé is cuirfidh mé an eorna,
Agus bainfidh mé an foghmhar go héasgaidh;
Beidh mo shoiléar ar chomhgar, is mo bharaille beorach,
'S beath-uisge 'dóthain na gcéadta.



Beidh an londubh is an smólach ag síor-sheinm ceoil dam
Ar maidin 's mé ag seoladh mo chaorach;
Is níl aon teach ósta ná ólfaidh mé coróinn ann
Nuair dhíolfaidh mé bó ar an aonach.



A chomharsain mo chroidhe istigh druididh aníos liom,
Agus geallaim-se díbh-se nach bréag é,
Mara mbeadh síolchur go mbeimís-ne claoidhte
Gan blaiseadh na dighe ná béile.


L. 28


Lucht peiribhig cíortha is na gcnotaí síoda,
'S caille bheag bhuidhe go mbíonn tae 'ci,
Go mbeidh lóisdín na hoidhche le fagháil ag mo thigh-se
Ag stróinsibh 's ag maoirthibh gan éileamh.



Thar sáile mar théidheas siad ní rachfad lem' ré ann,
Leanfad mo chéachta 's mo bhrácha;
Beidh olann mo chaorach dá chaitheamh mar éadach,
'S nach geal bheidh mo léine ag mo ghrádh geal.



Bím sealadh ag aodhaireacht ar chnuic 's ar shléibhtibh,
'S ag caitheamh mo raol i dtigh an tábhairne;
'S gach feirmeoir Gaedhealach ar thalamh na hÉireann,
Fá thuairim fad-shaoghail chum ár sláinte!



Gach sgafaire súgach chun punainn do rúsgadh,
Agus bruinneall dheas mhúinte do bhréagadh,
Druididís liom-sa go ndéanfaimíd cunntas,
Mar is duine gan amhras de'n tréibh mé.



Bím sealad im' ughdar, im' rí, is im' phrionnsa,
Agus timcheall an bhúird seo ní staonfainn;
Is an cóbach gan múineadh ná hólann an lionn liom,
Cuirfear ar gcúl é agus féar leis!


L. 29


Mise Seán de Hóra



Mise Seán de Hóra,
Liobar an lópa ón tuinn;
Tá i n-éinfheacht liom triúr stócach,
'S ní mór dóibh a ndóithin bídh;
d'ólfaidís lionn Chláir Fódla,
Agus bainne bó na ríoghacht';
Éirigh suas a stóirín
Agus oscail dóirse an tighe!



ATÁ GEASA TROMA DRAOIDHEACHT' ORM



Seán:



Atá geasa troma draoidheacht orm choidhche an fhaid mhairfead beo,
Mart na Nodlag aoibhinn sínte ar an gcroich mar stór;
Ó mheath an croidhe sa bhuidhe orm 's an ciar dubh gan bheith i bhfeoil
Beidh an dreoilín agam i ndíol leo i gCluainíneach go greanta ar bórd.


L. 30


Cé go bhfuilim croidhlítheach, fairíor! le fada 'cogaint cnámh
Ná tuig-se a fhleasgaigh dreoilín gur dóith duit mé chur chun ráis;
Dá dtéightheá ar fad don Róimh aoird le mórdhacht na ngealta fán,
Leanfainn thú i ngach ród díobh go gcuirfinn thú ar nasg an bháis.



An Dreoilín:



Seo mé id' radharc i gcomhnaidhe go ró-bhinn ag magadh fút,
I Mullach Chróin im' chomhnaidhe, mo spéis níl id' sheana-ghnúis;
Lean ded' ghaibhneacht a óglaoich, toigh í is ceap do chrúdh,
Ná meath am' fheill-se ag fosaigheacht i bpórsaí, nó 'braith ar lionn.



Seán:



Fuire liom a thóiridhe, doghéabhair laoidhthe suilt ó Dháimh,
Spreagadh puirt mar cheol-sidhe 's deoraidheacht le codladh sámh,
Blaiseadh gacha sóirt bídh, b'fhéidir fíon 's punch de ghnáth
'S bheith ad' pheata i gcomhnaidhe ag óg-mhná na mbacall mbán.



An Dreoilín:



Créad d'iarrfá a shionnaigh stuacaigh as Cluain chluthair
aoibhinn réidh,
I n-a bhfuil gliadhaire cuthaigh suairc ann mar Guaire ó n-ar
shíolraigh an laoch;


L. 31


Triatha 's bilí buaidh-bheart, uaisle de'n tsíol gan bhéim,
Do riarfadh feara Fódla ar fad, gluais leat 's chífir é.
Cad deir tú le Mac Domhnaill 'fuair mórgacht chríoch Uladh, go léir.
Nó i n-Albain cé mór iad tá an choróin air dhá bhrigh na Réx;
Ná dearmad go deo an bhean de phór-shliocht na righthe Gaedheal,
Brian Bhanba agus Fódla fuair mórgacht chun cíos do ghlaodhach.



Seachrán ort, ní heol duit an comhghas idir chliar ná laoch,
Is gur dearbhráthair fola is feola Mhathghamhna an rí-fhlaith Brian;
Led' iomarbhádh leig domhsa, ní dóith dhuit mé a riaghail ná rígh,
Is go bhfuil seacht sáith ríogh Sheoirse mar nóchar de chliamhain am' laoch.



Atá mé i bpéin le bliadhain nó dhó.



Atá mé i bpéin le bliadhain nó dhó
Le dianghrádh grianscoith fial-bhan óg,
Tá dorta siúd anonn trím' phór,
'S ní leighisfeadh leagha na bhFiann mé.


L. 32


Leagha na bhFiann 's ar shiubhail ó Ádhamh,
Ní leighisfeadh siúd mo phúdhair 's mo chneádha,
Gan luighe go dlúth lem' rún gach lá
I lúib na mbachall bpéarlach.



Is péarlach búclach fionn a dlaoi
Ag téacht 'na lúib go drúcht léi síos;
An bhé dheas mhúinte iarla is í
De phréimh-shliocht cheap na Boirne.



'S an mhúirnín bhán dá mb' áil le Críost,
Go dtiocfadh an stáidhbhean mhánla ghrinn,
Chugham im' dháil go bráth dá dtigheadh
Ní leigfinn í chun uaignis.



Is uaigneach mé i bpéin gan suim,
Gan suairceas scéil ná aonrud grinn,
Am' buaidhreadh céille, ag téacht ar baois,
An tráth smaoinighim ort-sa a réilteann.



'S a réilteann mhánla bhreagh gan phoimp,
Mar ealain bháin ag snámh ar linn,
A malaí tá mar snáithe pinn,
'S a dearca mar an iubhair-chraoibh.



A chraoibh de'n tsárfhuil árd i ngníomh,
Dob' fhearra cáil i dtábhairne an fhíon


L. 33


I gcaismirt áracht áigh na gcloidheamh,
'S nár meathta sise an stuaghaire.



An dtiocfá liom-sa go coill na gcnó,
Mar a bhfuil na h-éin ag déanamh ceoil,
An lon 's an chuach ó ló go ló
Ag iomdhaidh leis an gcéirsigh.



Ní cheilim do cháil a stáidbhean óg,
Gan t'ainm a rádh go h-árd don tslógh,
Gur tú Anna† an chúil-bháin is áilne snódh
†Ní Mheic Dhonnchadha na slóighte.



Tá cuire le fagháil ó bhláth na laoch,
'S ní cuire beag gearr é lá ná mí,
Acht cuire go bráth ó'n rábaire ghroidhe
'Tá ceannasach fíonamhail fáilteach.



IS TUIRSEACH CLAOIDHTE



Seán:



Is tuirseach claoidhte taoim-se ó bhád na seol,
I srianntar taoide taoibh le Árd na h-Óighe,
Am' thúrna ó tuinn go tuinn ar lár an scóid,
Ar chúl mo chinn 's mé adh iarraidh snámh go feóir.



Curfá:



'Sé mo chreach 's mo dhíth gan mé 'rís im' bhuachaill óg,
I dtúis an tsaoghail 's an aois bheith bhláthmhar óg,
Go siubhalfainn Tír Fó Thuinn is clár na Rómha
Le Siún Ní Gríobhtha an righbhean áluinn óg.


L. 34


Siún:



Is tuirseach claoidhte 'taoin tú lán de phóit,
'S gur i gcomhair na dighe ba bhinn leat sádhadh go deo;
Má d'fhúig tú thíos mo chíos i dtábhairne an óil,
Sin cúl mo chinn leat choidhche a Sheáin de Hór'!



Curfá.



Seán:



A rúin mo chroidhe-se, bí-se fáilteach rómham,
'S ionntaigh liom de bhrigh go dtángas beo;
Níor chaitheas cíosa bruighean le gártha gleo,
'S bhéarfad curfá an Bhíobla dhíbh ná dearnas ól.



Curfá.



Siún:



Ná spailp-se an Bíobla acht cuimhnigh ar bhás an tslóigh,
'S gan púnc de'n fhírinne id' chroidhe-se tráth a Sheoin,
Acht leabhair 's laoithe baois is bláirniocht mhór,
'S tabhair cunntas díreach cruinn cad fáth do bhrón.



Curfá.



Seán:



Dobhéarfad cunntas díreach dhíbh cad fáth mo bhrón,
'S cad d'ionntaigh sinn arís ar Árd na h-Óighe,
Gur bh'í Cupid chaoin Liosdaoin nár cáineadh fós,
Gur siúd trém' chroidhe-se saighead d'á grádh go deo.



Curfá.


L. 35


DÉANTAR, DÓIGHTEAR TEINTE TEODHA DHÚINN.



Fonn: An Londubh



Déantar dóightear teinte teodha dhúinn
Líontar ar bórd chughainn tuille de'n fhíon;
Seinntear ceol dúinn, píob 's hautboy,
Binn-chruit órdha is fidil a' chroidhe.
Suidheam is ólam thart ár ndóthain,
Tá sgéal maith nódh 'gam nach doilbh dar línn,
Go bhfuil an rígh-ghas mhódhmharach i bhfarradh Mhic Dhomhnaill,
'S gliadhaire Mhic Mathghamhna i gcuideachtain bhinn.



Fáilte is céad cuirim tráth roimh Shéarlus;
Ádhbhar an tréinfhir is fearr san ríoghacht;
Ráib leabhair léidmheach d'árd-fhuil Mhilésius,
Ba mhór-scoth na h-Éireann curadh bárra ár gcrích.
B'é thárla gan aos é is árrachtach a ghéaga,
d'fhás 'na bhuinne glan go lannardha groidhe.
Ar lámhach na bpiosdal 'thug bárr leis go craorach
'Sní thaise dom laoch ar chaismirt an chlaidhimh.



In iarthar Fódla tá an gliadhaire cródha,
An Hector óg, an suairc-fhear grinn;
A Dhia b'é an ghlóire é ag fiadhach tráthnóna
Go srianmhach, séadmhar, ceolmhar, binn;
A dhiallait órdha ar chiar-each modhmharach,
Dobhéarfadh leomhanta luaith ar an ngaoith;
'Sar gliadhairí greanta Fódla bíonn Séarlas rómpa,
Is fiadh na mbeanna móra ag sgórnain 'san líon.


L. 36


AR PHÓSADH MHÁIRE NIC DHOMHNAILL CHILL CHAOI



MUIRCHEARTACH MACH MATHGHAMHNA NA CLUAINÍNEACH



Sgéal nua dochualas ní mór dúinn a sgríobhadh,
Gur sginn uainn uaisle Tuadhmhumhan gan seachmall,
Plannda na sguab-fholt ó chuan Chill Chaoi aniar
'Na luighe 'sa Chluain, gura buan a mhairfidh;
Tá éaghmuis ar Stamer, nach maith leis an roinnt,
Réalt an tsolais bheith dorcha ón tsoillse;
Céard é sin do'n bhuachaill 'fuair aithghearradh 'na thimcheall,
Dorinne imirt go luath, 'sní dual go gcasfaidh.



Gléastar dúinn teinte cnámh, líontar gach corn glan,
Go n-ólaimid sláinte na mná gan chealg;
Plannda do shíolraigh ó'n fhíor-fhuil Mhilesius,
A samhail le fagháil ar áilne is deacair;
'Sí Máire inghean tSéarlais, péarla an chúil fhinn,
Is deallraidhe a haol-chrobh 'ná eala ar an dtoinn,
Is fearr ná an Lomar Órdha ghnóthaigheadh le Iason,
Dochuaidh ar Ó hEághra go bráth gan casadh.



Is clú ceart do'n Mhumhain í, lonnradh thar bhéithibh,
'Sí plúr na mban maordha í ar mhéinn 's ar mhaise;
Gur iomdha flaith ionnraic bhí a súil léi mar chéile,
Cúpid tar éis bheith tréigthe 'síor-dhearcadh;
Tá an báire go réidh léi gan buidheachas do'n tsluaigh,
Tá bláth na subh-chraobh ar an dtaobh dheas dom leoghan,
Fágaim faoi Guilion an cúpla le chéile
Is cinn díobh bheith saoghalach, séanmhar, sleachtmhar.


L. 37


Is maordha an chéile fuair marcach na Cluanach,
Is ionmhuin dó choidhche í gan díth gan deacair;
Sólás i gcomhrádh 's i gceileabhradh le chéile,
Ní doichill, ach sógh bheith go buan 'n a farradh;
Níorbh'é sgéal Chonaill Ghulbain d'fhan uair ar an mbeinn,
Tráth chaill an bhean mhórdha le codladh dubh draoidheacht',
Ní hé sin do'n leoghan ó mhór Chinne Léime,
Níor leig an bhean leo, cé gur mór a ngaisce.



Ag Cill Chaoi cois feorann bhí gleo mór is teinnte cnámh,
Cáirdeas Saint tSeorsa ar an ógmhnaoi ghasda,
Guidhim leis na h-óig-fhir thug leo í ó thír na laoch,
Thríd an mhuir mhóir gan bhrón gan bascadh;
Lean seisear 's míle iad 's Donn Fírinneach na Daibhche
'Cur dubhslán ó chroidhe ortha, 's a síor-chaitheamh saighead, -
Gur éirigh mo choileán seacht gcaisleáin ar aoirde,
Gur fhág aca slán 's na gártha beannacht.



Tá aoibhneas 's ceo meala ar bharraibh crann sléibhte,
I ndiaidh na h-ógmhná is ró-bhreagh lasadh;
Draoithe re mórdhacht, commóradh le h-éanlaith,
Go binn bog beo do onóir do'n ghile fhinn;
Tá cuallacht Mhic Mhathghamhna ag sgairteadh dá bhrigh sin,
Dochualas gan mhagadh gur leathnaigh a gcroidhe;
Níor chualas gan mhagadh gur leathnaigh a gcroidhe;
Níorbh'fhiuntach dá ndóighdís le mórtas leath Éireann,
Fíon saic d'ól 's beóir do roinnt.



Nach aoibhinn don Tuadhmhumhain gur ghluais an gheal-chraobh ann,
Plannda nár chruaidh 's nár dhual dí casadh;


L. 38


'S gur síneadh í chughainn anuas ó chlanna Gaedheal glas,
Isí an ghlóire mhór í ar chuallacht fhada;
Is úr fairsing Gaedhealach í, déirceach gan phoimp,
Sásamh na gcéadta, dá riar mar thíghid -
Báintreibh 's sluagh bacach chuairtigheas críoch Éireann,
Lucht galair gan treoir, easláin 's dallaibh.



Mo ghrádh-sa an té tháidhbhrigh ar Mháire Nic Dhomhnaill,
Dá caidreadh gan bhrón ó neoin go maidin,
Go mb'fhearr í 'na daidhbhreas ná saidhbhreas na Fódla
Le púicín mná cróine ó bhórd Chille Dara;
Tá méinn innti 's mórghacht 's fóirthint don tír,
Scéimh-chruth i gcló fola, dóithin mhic ríogh;
Níl árd-fhlaith dá shaidhbhre nó dá mhéid san Roinn Eorpa
d'fheicfeadh a cló nach nglacfadh í i n-aisge.



Is péarlach a trom-fholt i mboghaibh fionn' meadhardha,
Ag sleabhcadh 'na deabhaidh ó bhonn go baitheas,
A h-aol-chrobh is leabhaire, 's a ceann snoidhte caoldeas,
A héadan tais modhmhail, 's a fabhraí deasa,
Is suairc glan a déighdhearca mar fhéar ghlas ag téacht,
Mar lonnradh na gréine tré léar-ghloine 'triall;
Is breagh grinn a labhrann sí 's is foghlumtha a béasa,
Dar fearta na Naomh 'sí togha na mban í!



Mo ghrádh-sa mo Chaesar, 'thug Phoenix gan sgíth leis,
Is í mar ré gan néal gan sgamall,
Go dtug solas a céibhe soiléir sa tslighe díobh
'S fíoghar na gcaor a téacht i n-a leacain;


L. 39


Is cóir dúinn a áireamh gur dalta í 'fuair meadhair,
Siúir dhílis ghairid do Bhrian Banba an t-oidhre,
Rí ceart Chláir Éibhir 'chuir léirsgrios 's díbirt
Choidhche ar na Danair, cia dhéanfadh air aithris?



Is plannda, is glóir í nár feoghadh le siantaibh,
Do shíolruigh ó phór na leoghan 's na ndragan:
Sir Donnchadh cródha, Sir Domhnall, Sir Éadbhard,
d'fhuil Ír mhóir í 's d'fhóirneart Alban;
Is breaghtha í ná Méadhbh na séad 'chaitheadh saighead',
Ná an bhánchnis sin Helen 'thug léirsgrios na Traoi;
Is dí-si ba chóir an t-Ubhal Óir a fuair Bhenus,
Nuair sháruigh sí i n-úrchló Juno agus Pallas.



Ba dheallrach an cliar úd le Fianna na hÉireann,
Fá íochtar Chinn Léime i réim 's i ngaisce;
Nár mhór leo a raibh thiar díobh ná Piaras Mac Léisigh,
Ba chóir dóibh bheith buidheach tráth claon ar mheathtacht;
Ba thréan an Cúchulann díobh Éamonn Ó Briain,
Ba bhaoghal díobh a phiostal, nó gur staonadar siar,
Caesar na Gréig-fhola 'steallfadh na céadta,
Hector teann tréan chun piléar do ghreadadh.



Bhí sgoilte na gaoithe im' ríoghmharcach éadtrom,
Dodhéanfadh díobh gríosach go luath ar thalamh;
Do ghoinfiodh an croidhe aca le cruaidh-fhiodh caol-dair,
'S nach n-iarrfadh cloidheamh ná teinte airm;
Fear an Daingin 'sé mhaidhm ortha, fíor-churaidhe an sgléip,
Do leagfadh trí dhís díobh le haon dorn dá chléith,
Séamus† geal inntleach, groidhe-fhear sin †Éames,
Do chuirfeadh gan phíob iad ag rinnce ann treasna.


L. 40


AR MHUIRCHEARTACH MAC MATHGHAMHNA NA
CLUAINÍNEACH AGUS AR MHÁIRE, A BHEAN.



Ghluaiseas féin is maighre suairc,
Ó'n taobh ó thuaidh chois taobh na ngeal-liag,
As sin siar go Rinn na gCuach,
Ó íochtar Tuadhmhumhan go Béal Átha Seanduin;
Mar is annsin a cluintear adharc is uaill
'Cuirfeadh im' shuan mé i ngéagaibh faillighe;
Cia fheicfinn-se i dtosach soillse an tslóigh
Acht Muircheartach Chluain ba thréan i ngaisce.



Is é is deise do shuidheadh ar dhruim eich ruaidh,
Mo thaoiseach óg, ba theann an gaiscidheach;
'S go nglanfadh thríd dá aoirde an badhbhdhún,
'S go mbíodh na slóighte 'n a dhiaidh ar bonnuighibh;
Ba dheallraidhe é ná fíodhbhach ar nóin
Ag cóimhling leo ins na tréanaibh reatha,
Trí ceart míle bhíodh mo leoghan
Sínte rómpa 's an fiadh ar bheannaibh.



Ba gheal a píob 's a clí mar aol,
A caoin-chorp séimh 's a béilín tanaidhe,
A mala caomh ar thaobh an tsléibhe,
'S b'aoibhinn geal a péidhre mamaí;
Do léim 'na diaidh an ríogh-ghas óg
Do sheas an troid go módhmhail maiseach,
Nó go dtug sé d'isi lámh 's póg,
Ba bhinne i nglór ná ceol na n-ealaí.


L. 41


GLÉASTAR SIN CÓISIR



Gléastar sin cóisir do Sir Eduard Druim Ólainn,
'S do Bhurton bhreagh órdha na lásaí;
Na Hicmans is dóigh liom gur cuideachta chóir iad,
Má thigid ag ól linn géabhaid fáiltí
Ó'n laoch leabhair óg úd dá ngoirthear Mac Domhnaill,
'Tá ag feitheamh ar spórt d'fhagháil i dtráthaigheacht;
'S an fiadh-so 'tá 'gabháil dúinn ag milleadh ár gcuid eornan,
Is thóg sé uainn mór-thoradh ár ngáirdín.



Cia chidhfeadh an leabhar-ghas go meidhreach ar sheang-each,
Do shíolraigh anall chughainn thar sáile;
Is fiadh mór na mbeanna ó íochtar na ngleannta
Ar thaobhchnoic is é a feall-rith an fhádhail-ghrinn.
Na saoithe eile i dteannta aige suidhte i gclampar,
Seacht míle 'na dhiaidh ann 'sna fásaibh;
'S go gcuirfinn mo gheall as an righ-mharcach ranntach
'San gcóimhlíon go ndallfadh an dá chríoch.



Mo chara-sa an t-úrghas thar fearaibh na cúige,
Ba cheannasach cabharthach den láin-ríoghacht;
'Tá maiseamhail, múinte, lannamhail, lúthmhar,
Mac Domhnaill an t-óigfhear is áilne gnaoi.


L. 42


Ar bhínnse na cúirte, nuair 'shuidheann sé faoi phúdar,
Bíonn Galla-choin ag comhrádh le sgáth roimhe;
Go mairidh don chlú úd thug barra na Mumhan dó
'Sgo gcasadh ó Lonndain chughainn slán-bhríoghach.



A shliocht Fhéidhlim Mhic Sheoirse éirigh le Ióseph,
Agus adhantar libh mórtheinte cnámh síos,
Go bhfagham ar na bórdaibh gan mhoill ar an nóiméad
Neart fíon' agus beorach ó'n Spáinn aoird.
Bímídne go modhmharach, go haoibhinn, caomh, ceolmhar,
Le meidhir agus mór-shult gan cháirde;
Suidheam síos agus ólam sláinte Mhic Dhomhnaill
Chille Chaoi, na seoda ó'n dtráigh mhín.



A SHEÁIN MO CHLÉIBH



A Sheáin mo chléibh, beir beannacht 's céad
Go Máire na mbánghlac, nach rathmhar léi an chraobh;
'Bhfuil a brághaid mar an aol, ní taise d'á déid,
Is fionn fáinneach gach taobh tiugh d'á céib.



Is déarach mé ad' dhíth im' aonar im' luighe,
Gan spré agam ar aon ghort ná tréada le maoidheamh;
Acht an spéirbhean seo chínn ar bh'aoibhinn i ngnaoi,
Tabhair faoiseamh ó'n bpéin dom do léarghuin mo chroidhe.



Is déarach mé id' dhéidh-se im' aonar gach lá,
Na saeghada so 'om thraochadh 's im' scéim níl aon sgáth;
A bhé mhilis mhánla ná h-éimhigh mo pháirt,
Aontuigh liom féin seal, 's réidhtigh mo chás.


L. 43


Ar a téarnamh id' dháil go bhfeicir i tráth,
Éilim ort gan géilleadh d'á gaethe-ruisg sámh,
Nó is baoghal duit go bráth bheith i ngeibheann mar 'táim,
Ó'n té úd n-ar leigeas mo chéad-searc thar mnáibh.



SIÚD MÉ ANIAR ÓN DTRÁIGH SEO.



Siúd mé aniar ó'n dtráigh seo i n-iarthar chrích an Chláir,
Ag triall ort-sa a ráib na féile:
An sagart riaghalta sámh, an t-Athair saonta Seán,
An fiadh ceart de chnámh-shíol Aodha ghil.



Míneochad dó mo chás mar táim i bhfad i bpráinn,
Gan faoisdin Cásg' a dhéanamh,
Mar gheall ar bheith im' stráic 'blaiseadh dighe go gábhach
'S nach áil leis an riaghal' chéirde.



'Sé an sagart séimh gan mheang 'bhfuil tuile daonacht ann,
Thug an fhéile fonn is tréithe;
Go dtáinig go faon ar réic bhocht go bladhmannach ag téarnamh
Ar ghann-thíomtha Satan.



Is cíocrach mé ar aibhdheann dodhéanfadh suilt 's greann,
'S do léighfeadh stair as leabhra;
Is fíor, do thuit mo chrann-sa, léithe ar fad im' cheann,
Do réighfeadh punch 's lionn-deoch.


L. 44


A Athair dhil mo chroidhe de shleachtaibh Éibhir Fhinn,
Do shíolraigh ó chlainn Mhilésius,
Créad dodhéanfair linn nó an ngabhair mé d' líon,
Nó an cuibhe leat mé choidhche d'éisteacht?



Féach mar shéan fó trí Peadar pearsa Chríost,
Gur glacadh é 'rís sa naomh-bhrog;
Dá bhrigh sin caithfead síos mé féin le neart aithrighe
Id' fhiadhnaise ó chroidhe shléachtaigh.



A stór ghil na rún, beannaigh mise ar dtúis,
'S fíoghar na Croise fuíg ar m'éadan;
Admhuighim duit a Dhia 's do Mhuire naomhtha id' dhiaidh,
'S do Mhicheál, árd-aingeal éachtach -



Do Pheadar is do Phól, na hApstoil agus Eoin,
'Gus na naoimh eile leo d'aondul,
Gur pheacaidh mé im' smaointe, im' bhréithre 's im' ghníomhartha
Fó thrí ós comhair gach éinne.


L. 45


AG MOLADH AN ATHAR SEÁN Ó HEICHIR



Is árd do léim a ghrinn cois trágha ann 'do shuidhe,
Milésius árd de'n chliar dob' fhearr, dob' fhéile
cáil 's gníomh;
Is é mo Sheán do mhaoidhim, fear óg nár tláth i mbruighean,
Do stríocfadh námhad 's dodhéanfadh éacht le coll dár fhás i gcoill.



Ní caille chas chríon é mo ghliadhaire tréightheach binn,
Acht géag glan cédar soillseach, córach, fáidheamhail, léigheantamhail,
grinn;
Dá bhfaghadh le h-aon-toil Chríost réidhteach do réir a chroidhe,
Dob' fhearrde críocha Fáil bhreagha ó'n sáirfhear ghléigeal
ghroidhe.



Is groidh-fhear é gan bhréig doraghadh ar lámhach na bpiléar,
Nó ar dhreas de'n chlaoidheamh le farairí dá dtreine goin nó éacht;
Aire dhíbh go léir, a dhrong an aigne thréin, ná feargtar libh mo laoch,
'S go bhfuil fuil na righthe go neartmhar íoghmhar ar lasadh tríd 'na chaor.



Tá caor 's liath' na ghruadh 's níor theastuigh croidhe geal uaidh,
Is gasda líomhtha a ghéag ar bhínnse, is ceart a ghnímh 's a stuaim;
Tá an fhuil Bhrianach Thuadhmhumhan d'á aeirde d'éirigh suas,
'S go bhfuil cuisle mhór ó Chlainn Mhathghamhna a rith 'na phór
ar luas.


L. 46


Níor luaithe rith chaol-each ráis, nó fós sluagh sidhe Chnuic
Mheagha
Ná mo Chaesar, mo Sheán, an sagart séimh ceart sámh,
A tíocht go haoibhinn árd ag cóimhlint leis an mbás,
Go h-ollanuigheann roimhe an fear breoite tinn 's baisdeann
choidhche an bháb.



'S ar bhur mbábúin óg' níos mó ná tráchtaigh lem' leoghan,
'Sé mo shagart groidhe nár thug an tsainnt ó'n bhFrainnc go
hÉirinn mhóir,
Ní buidheachas liom ar mo leoghan gan é bheith caol nó direoil,
Acht bheith rathmhar íoghmhar mar bhí an sinsir a scaipeadh fíon 's
feoil.



Feoil, fíon 's lionn, le hiomad im 's plúr,
Bhíodh ag a ghaolta mar bhí Ó Nualláin, Ó Néilleáin, Ó
Heichir Fionn;
Síolchoda ar mhaithibh Mumhan, Boirne aladh thar truich,
Flaith na féile do riarfadh é ó shoin is é bhreith le clú.



Is clú 'na ndiaidh siúd Seán Ó Heichir fionn fíorbhreagh,
'S é mo shagart suairc chomh tais chomh binn le cuaich;
Dá dtagadh uair le práinn nuair luigheann a namhaid le gábhadh
Is é an groidhe-fhear sámh ag tíocht mo leoghan do chabhair dóibh
a gearradh feoil 's cnámh.



'S is cnámh onórach é dob' aoirde i gcló na laoch
'Lean ar an gcliar i bhfochair Bhriain ag síor-choscairt Danes;
Is fada mór í a réim do shliocht Ádhamh agus Éabha
Nó go dtáinig Riaghal ó Chromail chlaon do threasgair triocha
Gaedheal.


L. 47


ÁR n-ATHAIR ATÁ AR NEAMH



Ár n-Athair atá ar Neamh, 'Athair na bhfeart,
Do dhealbhuigh teach na soillse aoibhinn;
Go naomhuighthear t'ainm a Dhia na bhFlaitheas,
'Éasga tailibh ar neóil aoibhinn.



Go dtighidh do Ríoghacht, a thaisce mo chroidhe,
Do cheannuigh go daor sinn-ne.



Go ndéanam do thoil, a choimirce na mbás
d'fhúig go docht an choróinn spíona.



Ár n-arán laetheamhail agus ár bpáirt neitheamhail,
A Mhaighre aoibhinn le glan intinn,
Tabhair dúinn indiu, 'rún umhail dhil,
Agus dúil san chirt a Rí na soillse.



Maith dhúinn ár gcionnta, a shearc-rún ionnraic,
'S ár n-anam ar chionntaibh cuimhdigh,
Mar mhaithimíd do chách doní cleasaighthe gnáth,
Beartaighthe 'gus gráin rúin díoghaltais,
Doghní cionnta 'nár n-aghaidh, le drúis 's le sainnt,
A Dhúil dheagh-fhuil an Mhúir Líonmhair.
Ná léig sinn i gcathú i bpian shíor 'ná i bhfad-chumha,
'S ar ghach baoghal bí a' neartú linn, a Íosa!



Amen, a Shoillsigh shír 'goineadh go doimhin id' Chroidhe
Le deamhnaibh 's le saigheadaibh nimhe chlaoidhte.


L. 48



IM' SHUAN ARÉIR



Im' shuan aréir im' aonar bhíos
Ag éisteacht fuinn le téacht na muraí
Dochuala mé idir bhéithibh sidhe
Scéalta binn' gan bhréag nach olc linn;
Gur ghluais anall go Dún na nGall
Sciúirse scannra céadta cogaí,
'S truagh-lucht Béarla tar éis dá sníomh,
'Na séibigh sínte ó'n maor 's a choraí.



Cluas le héisteacht tréith dobhíos
Taobh le hAoibheall fé bhun muraí;
Dochuala as béal na naoi mban sidhe
Bheársa grinn gan aon rud doilghis;
Gur ghluais 'na shaighead ar fuaid Carlisle
An buachaill saidhbhir, saothrach, sonaí,
Gurab' é mac Séamuis é go fíor,
Séarlas Stíobhart laoch na gcogaí.



'Sé dubhairt Déirdre i n-éinfheacht linn,
'S a céibhe scaoilte léi go bonnaí,
Gur follus d'Éirinn réim is scíth,
'S Phoenix fíor 'tá tréan i bhfoluigheacht:
"Goinfid slógh na mbéimeann mór
I n-éiric ceóil is craos na ndeoch-fhíon;
Cé dhó is baoghal? Ní Gaedhil acht Gaill
Dobhéarfaid díol do phréimh na dtorthaí."


L. 49


Adubhairt an stáid-bhean mhánla mhín
Ar bháin-lios aoibhinn taobh le Loch Laoi:
"Déantar tráth dhúinn gártha grinn,
'S cnámha teinnte ar árdaibh cnocai;
Fagham ar bórd fíon is feoil,
Bíom ag ól gan traochadh ag deocaighil."
Siúd ort, a Áine, sláinte an Ríogh
Atá ar tuinn ag téacht le borruigheacht.



Dochonnac Méibh do léim thar abhainn
I bhfaobhar 'si bhfonn 'si dtréine ag cosuigheacht,
A hiorra gléigheal léi go bonn,
'S laochra an domhain 'na déidh le dolluí;
Ba léir a bonn ar thaobh Chnuic Gamhain,
Ag déanamh damhais 's ag glaodhach na ndromaí,
Ag tabhairt dí, 's ní héigheamh gan adhbhar:
"Tá an laoch seo ag labhairt i mbéal ár srothaí."



Tiocfaidh Clare i réim arís,
Chomh tréan le tuinn fá'n laoch seo ag corruighe,
I bhfuinneamh éascaidh ag réabadh roimhe
Le faobhair-neart chloidheamh is caortha cogaí;
Ba shúgach leabhair a thriúp 'na dheabhaidh
Ag dúiseacht creabhar gan traocadh a toraí,
'S a gcuid den tsaoghal dobhéarfaidís
Ag saoradh a gcinn, dá mb'é ba thoil linn.



Is fada sinn, fairíor, ar buairt,
Ar splannc an fhuar-chnuic aoird gan foscaí,
Fá ghoimh na síne an taoibh adtuaidh,
Ag caoi go cruaidh, ag éigheamh 's ag osnaighil,


L. 50


Ag súil lem' ghamhain thar srúill anall
Ó Lonndain ghallda an Bhéarla ghortaí,
Go seilbh aoibhinn chrích' an uabhair,
'S an bhean uasal Éire donaí.



Aitchim féin is éighim ar Chríost
Nár théighead don chill i gcré fó bhun líog,
Go bhfeicfead méirligh an Bhéarla bhinn
Ar thaobh na gaoithe ag téacht don droichshín.
Aer na ngleann 's na néallta i dTeamhair
'S Gaedhil ag damhsa ar fhéar ghlas talmhaí,
Iad siúd tréith i bpéin mar bhím,
Ar dhéirc bhig cinnte sléibhe 's bogaí.



Cuir i gcrích an ríoghradh chuain,
Sceinn go luaimneach éasca, brostuí,
Go fearann Fhinn, go h-Inse Aodha Ruaidh,
'Nar bhinn leo t'uaill i bhfraoch na gcogaí;
Féach 'nár ndeabhaidh 's léim thar abhainn,
Nó déanfar foghail 's caortha loscaí;
Is fada sinn ag guidhe fád' thuar,
'S mo mhíle truagh na Gaedhil má loiscfighir.



AG MOLADH AN ATHAR DOMHNALL Ó BRIAIN.



Taidhreamh taithneamhach d'eirigh i leabha liom,
Is deimhin do sgartas le sóghmas;
Gur tháinig an preabaire modhmharach, meanmnach,
Aidhbseamhail, amarcach, ómrach,


L. 51


Le saigheada na draghan luirc d'fheill thar leathan-mhuir
Croidheamhail cathach 'cur comhraic;
Ó Briain is ainm dó do shaigheadfadh fanatic
'S ní dheighil a bhratach ó Dhomhnall.



Do shiubhail mé Banba ó thús i mo leanbh
Ag sgrúdú gach aisde dár fhéadas,
Gur i gclúid na dragan ba rún liom ceangal
Go dlúth dá ngeallfadh mo Dhia dhom;
Mar chinn an tAthair ó thús na beatha
Ar fhionn-chruit flatha nó biataigh,
Mór-iorradh scaiptheach gan diultadh a ghlacfadh
Cine do sgagadh de'n Bhrianfhuil.



Dá mb'eol dom aithris mar Óbhid blasda,
Nó Hómer ceangalach cúrsach,
Nó fós mar Bhirgil nár dhóith fó dheire,
Gach sórt nach deirim do sgrúdfainn;
Bhíodh tréithe is aisde go deo le n-aithris
Is beoghlic a chanadh na hughdair
Ar an rós nach aindeis, 'sé Domhnall a ainm,
An t-óg 'fuair gradam nach múchtar.



A ghrianfhlaith mharcaigh Uí Briain do threasgair
Fiadhaile a mhaslaigh ár ndútha,
'S gur ó chliar an dearg-áir 'tá riamh i gceannas
Go srianach seasamhach trúpach;
Is fíor re n-aithris do réir gach teastais,
Gur thriall a bhratach ó Dhomhnall;
Go lá Sliabh na h-Aithne bheas dian ar pheacaigh,
Sin riar bhur n-anam-se spionnta.


L. 52


Tá diadhacht na gceachtan' fóirlíonta reatha
Ó Rí na bhFlaitheas ag Domhnall,
Gur fó chuim A bhraite ba dhian ar pheacach
Thug daoil chomh daithte le hómra;
Gach smúit dár bhailigh ó Ubhal na hAithne,
Gach drúis 's easba nach eol díbh,
'S le congnamh na n-aingeal nár thionnsgain gangaid,
Buaidh-fhiadh chomh taithneamhach le lóchrann.



I dtuaith na bhflatha ó thuar na ranna,
I mbruach na Sionainne is áille,
Tá an cruadh-ghas tapaidh de chuan na ndragan
Nár dhual bheith meaithte ná sgáthmhar;
Tá uaim 's aisde aige i nduanta seanchais,
Is suairc an sagart le cách é;
Tá buadh níos fearra aige i bhfuasgailt na n-anam
'S go buan go mairidh 'na shláinte.



AR BHÁS UAISLE NA CLUAINÍNEACH



Is dursan an duan, monuar! le hinnsint,
Bláth na n-uasal go fuar fá líogaibh;
Cnú na leoghan ba mhó ar shliocht Mhíleadh,
'S is cumha do'n chóig' an treon bheith sínte!



Sínte ó d'fhág an bás an seabhac fial,
Is díth do chách go bráth é dhul i gcriadh,
I nInis Fáil níor fhág againn 'na dhiaidh
Fear dob' fhearr deaghcháil chum sluagh do riar.


L. 53


Ag riar gach maitheasa níorbh'fhada leis a shaoghal choidhche,
'S a ghlaca geala ag freastaladh na bhfaon ndítheach;
An drong taisdiolach 'na ndreamaibh ag téacht timcheall,
Ag fagháil tabharthais is beatha suilt i gCluainíneach.



Cluainíneach bhí roimhe seo sealad faoi bhláth,
Anois níl crainn ann, níl luibheann ann 'ná toradh le fagháil,
Níl fíonta ann, níl saill ann 'ná eachraidh ráis,
'S mo dhíthchreach an ríoghain 'sa cuideachta bhláith!



Bláth na mbrídeach an fhaoileann gheanamhail mná,
De threibh taoiseach na Craoibhe 's i ngaisce rug bárr,
'S d'fhuil ríghthe na Muimhneach 'seadh d'easgar an bháb,
'S a dís mac i gCríoch Luirc ní raibh a samhail le fagháil.
Fagháil amharca níl againn-ne go críoch ár saoghail,
Ar mharcradh chomh taithneamhach i ngnaoi 's i sgéimh;
I gcló aingeal as Flaitheas bhí suidheamh na laoch,
'S is doilbh liom Clár Bhanba bheith ag caoidh 'na ndéidh.



'S i ndiaidh na bhflatha do chleachtadh 'na dtimcheall cliar,
'S i ndiaidh na leanbh nár chealgach croidhe 'na gcliabh,
'S i ndiaidh na ndragan lán-chalma ó Chill Áirne aniar,
Tá deora fola dá bhfrasadh ag mná sidhe na gciabh.



Ciabh-sgaoilte na ndlaoithe ar dhath luisne do'n ór,
Ghluais ríoghana sidhe ba dheise ar bith cló,
'S na Sirens ón dtaoide i gcuideachtain leo
Ag géar-chaoineadh na buidhne a d'imthigh ar feodh!


L. 54


Ar feodh san uaig dochuaidh an rígh-mhíleadh,
Do'n dearóil is truagh is tá na huaisle ag éagcaoineadh,
Tá ceo go buan ar Thuadhmhumhain 's beidh choidhche
Ó threoraigheadh uatha an suairc-fhear glan-ghníomhach.



Ba ghníomhach é an taoiseach 's i ngaisce lá an ghleo,
'S a chloidheamh glas i n-a aoil-chrobh ag treasgairt an tslóigh,
A fholt dlaoitheach 'na bhfínnsidhe casda mar ór,
'S a rinn-ruisg mar oighre go criostalach beodha.
Ba bheodha-ghríosach na caortha ag taithneamh 'na ghruaidh,
'S an caoinlile tríotha ag fagháil treise 's buaidh;
Nuair shuidheadh ar each rinnceach 'sa tseilg go buan,
Dob' aoibhinn an radharc é i dtosach an tsluagh.



Sluagh triatha gan fiadhaile bhíodh 'na fhochair ar bórd,
Duain bhriathra bhinnchiallda dá n-aithris do'n chóip;
Geoin bhiadhtach an fhial-bhrogha ag caitheamh gach sógh
'S gáir fiagaidhthe rianacha 's cruitirí ceoil.



Ceol aerach na ndréachta 's reacaireacht an domhain
'Sgríobh Céitinn ar Éirinn agus Leabhar na Mumhan;
Na héigse go léigheanta dá seanchas dúinn
Gur géag ghlan den cédar thug fosgadh do'n dún.



I ndún féastach na féile ba mhinic 'na suidhe,
Naomh-chléire is iad gléasta i gculaithe Chríost,


L. 55


Céasadh Mhic Dé aca dá aithris mar bhí
Is an séimhfhear go héigneach dá bhfreagairt 's ag guidhe.



Tá guidhe an Phápa is na mbráthar led' anam do shíor,
A fhir chráibhthigh do ghráidh an Creideamh id' chroidhe,
A Dhia láidir led' ghrásta 'chúm muir agus tír,
Beir é i n-áirde gan cháirde go Flaitheas gan teimheal.



AR BHÁS SHÉARLUIS MHIC DHOMHNAILL



Is léir-sgriosta daor-ghonta duairc
An sgéal seo dochuala idir tháint':
Gur éag an flaith éagnaidhe gan ghruaim,
Dob' fhéile 'ná Guaire le rádh.
Is méala ar feadh Éireann 'sis truagh,
An laoch leabhair uasal d'fhagháil bháis,
Ár Phoenix 'sár Caesar i dTuadhmhumhain,
Sir Séarlus gur scuabadh ó mhná!



Táid mná fionna ag gárthadh 's ag éigheamh,
'S na tála sruith déar leo go truagh,
Tré bhás an fhir áluinn gan bhéim,
Dob' fhearr fuirm, méinn agus stuaim.
Tá a mháthair go tláth as a céill,
Is Máire inghean tSéarluis is truagh;
'S ní taise do'n stáid-bhruinneal tséimh
An bháin-chnis, a chéile, 'tá ar buadhairt.


L. 56


Is buaidheartha 'tá a chuallacht 'na dheoidh,
Gan suaimhneas leath-nóimeant d'á saoigheal,
Ag cruadh-ghol 'sag buan-tsileadh deor
'Na dtruagh-gháiridhe dóighte go croidhe.
'Sé an t-uaigneas 'san bhuaidhreamh do'n chóip,
Gan fuasgailt Mhic Dhomhnaill 'san tír,
Is nach truagh san i dTuadhmhumhain mo leoghan,
Dá fhuadach as a óige fá líog.



Fá líogaibh ar feochadh, is díth,
Mac Domhnaill de'n ríogh-fhuil is fearr,
Do shíolradh ó mhór-chlanna Míleadh,
'S do chomhnaigh i dtír dhil, an Spáinn.
A shinsear ba chródha le maoidheamh -
Bhí coróinn ortha i ríoghacht Alban áird;
Níl teora le mórdhacht a ghaoil,
Flath-chomhgas gach ríogh-churadh b'fhearr.



B'fhearr dhúinn, a Dhia! gan bheith beo
Le cumha 'ndiaidh an óig-dhuine ghrinn,
An sár-fhear do riaradh na sloight'
'S ár mbiadhtach a d'fhóireadh ar mhílt'.
Ní truaillidh na fiadhaile de'n chóip,
An ghrian-fhlaith ba ró-ghile croidhe,
Bráthair gach iarla ba mhó
De'n chnámh sin Bhrian Bóruimhe le suidheamh.



Is suidhte fuil Bhrianach im' leoghan,
Ó inghean Chriostóra, Beití,
Thug croidhe dhó chum triall ar ghach spórt
Ag síor-chaitheamh óir agus fíon';


L. 57


Is taoiseach glan fial é de'n phór,
De'n chraoibh úd is mó teist 'san ríoghacht,
Dá bhrigh sin is diacrach an sgeol,
Flaith ríoghdha d'á shórt dul i gcill.



An chill úd 'nar cuireadh mo laoch,
Is mairg do thaobhaigh í riamh;
Maille le hainm gach naon
De'n mhaicne bhéasach Uí Bhriain.
Innseann an tairngreacht féin
Nach rathmhar dothéigheann sí do'n chliar;
Gach a shuidheann ar an bhfearann de'n phréimh,
Ag casadh 'na ndéasacha fiadh.



Ar an bhfiadh úd ná tráchtam go héag,
Ach labhairt ar Shéarlus gan mheang,
De'n ghrian-fhuil sin Teamhrach na réx,
'S an leathan-ghuirt aerach nár ghann;
Fial-bhráthair na Matthews ba thréan,
'S ba ghradamach i n-éirleach na lann,
Iarla Chill Dara na séad,
'S an Ridire Gréagach ó'n nGleann.



I ngleann aoibhinn Theamhraigh gan duais,
Ba dhual dó fallamhnacht méinn;
Crann soillse, plannda aoibhinn buadhach,
Dochuaidh i rith aoirde an léighinn;
Lann líomhtha sgannruightheach lucht uabhair,
Lucht bruighne, lucht buaidhrimh is pléidhe
'Sé an feall nimhe é i gcantaoir 'san uaig,
Mo ghruagach d'fhuil aoirde na réx.


L. 58


Níl ríogh-mhac san Eoraip dá mhéid
Do sháróchadh é i méinn 's i ngeal-chroidhe:
Dá mba dhóith leo gur mó féile é ná an saoghal,
Ní háil leo gan tuistiún do mhaoidheamh
Níl suidheamh aige i n-ór-cheart na réx
Do thárla gan traochadh thar tuinn,
Dá roinnt idir óg agus aosd',
Dá onóir is daonnacht 'san ríoghacht!



Ríoghacht Inis Fódla na bhfíoraon
Ba ghearr ag mo laoch mear 'san mbeoir;
Ní i dtír moltraigh i gcéin
Na ngalla-phuic méith an choirp mhóir.
Ní hionann é is gach uile réx
I ngradam is i réim i gClár Fódla,
Ag triall thart thar sáil' i gcaithréim,
Ag neartughadh le méirligh 'sa gc'róinn.



Coróinn aoibhinn Flathas na Naomh
Mar thabharthas ó Aon Mhac na nGrás
Go bhfaighidh an fear fírinneach é
'Tá tabhartha do'n daonnacht de ghnáth;
Tá'n bóthar glan díreach go réidh
Gan dabhta ag Séarlus le fagháil,
Coróinn cheart is Ríoghacht i gcaithréim,
'S leabhar-mholadh Dé Ghil go bráth.



Go bráth, Ó! ní heol dom cá bhfaghainn
Fear fóirthint ná feidhm mar mo laoch,


L. 59


'Bhíodh gáir i n-a dhóirse aige daill,
'S geocaigh ag creimirt 'sag pléidhe;
Ba ghnáthach 'na dheoidh an lucht leighis,
'S go deo deo níl moill ar a dhéirc,
Árd-Neamh na Glóire go bhfaighid,
Is trócaire go bhfaighimíd go léir!




A RÚN NA GCUMANN



A Rún na gCumann diúltaigh do'n diabhal go bráth,
'S ná creid friotal ó'n duine sin ar uair do bháis;
Dar Crann na Croise ar ar fhulaing mo Thighearna an Pháis,
Ní cléir dlistineach an ministeir do Dhia na nGrás.



AG MOLADH ÉAMOINN CHOIMÍN



Tagann le fonn go tigh togha na bhfear bhfionn,
Seabhac na Ceathramhan Caoile,
An sgafaire, cabharthach, tabharthach,
Bronntach, fearamhail, séanmhar;
Níl sé san domhan ar dhruim na talmhan
Ag foghluim ceartughadh dlighe ar bith,
Aon fear eile thoghfainn ag labhairt dom chneasughadh
Dom' thabhairt ó'n gcúirt úd Innse.



Ó Inis Chluain Rámhfhada go teorain
Maireann clú an fhirín fhásda;
Cá bhfuil a shórt ar bhórd na gcóraidhe
Nó an eol díbh aon níos fearr ná é;


L. 60


Tá miotal an leomhain ann cródha is coinbhrigh,
Spóirt níl uireasba de ghnáth air;
Gile na glóire i gcló na h-ainglidheacht,
Rós i luisne neamhdha.



Is neamhdha caoin a ghnaoi 's a phearsa,
Is binn 's is blasda a bhréithre
Go h-áluinn saoitheamhail a tigheacht gan ghangaid
Ná gan chealg d'éinneach.
Grádh lem' chroidhe an Coimíneach greanta,
Líomhtha lannach leigheanta,
De chnámh na saoithe Mílidh thar lear
'S de shíol cheart cheap na Gréige.



Tá an Ghréigis mhór 'na phór ar lasadh,
Agus ceap na hAlban aerach;
'S is cíochrach leo i gcomhlain catha,
Is é 'baint barra sgéim díobh;
Is tréan i ngleo fuil mhór na Sacsan,
Ní dóith dhíobh fearg Éamoinn
Ag téacht i bhfórsa ar nós na mara
Ag teorain sean-Mhalbay thiar.



Ag Malbay thiar tá an grian-fhear greanta,
Fial, fliuch, fairsing, saorthach,
Plannda fíor gan chealg gan ghangaid
Ná masla 'thabhairt d'éinneach;
Is flaith 's is triath é dian i gceannas
Chum fiacha fada a réidhteach;
Bail ó Dhia air, guidhim séan 's raith,
Ar Éamonn leabhar léigheanta.


L. 61


DO Ó DONNCHADHA NA FLEISCE



An gcuala sibh an sgéal beag nuadh atá againn-ne,
Gur ghluais chughainn cóip an óir 's an airgid,
Ó Donnchadha mór ó bhórd Ghleanna Fleisce,
Le beith pósda i gCarraig an Chabhlaigh;
Áilne an domhain 's is breaghachta gnaoi
Go dtáinig chughainn toghadh 's rogha an leoghain;
Ba chosmhail le Fionn Mac Cumhaill an preabaire
I dtosach an tslóigh ag siubhal go rachmhasach;
Is fear é dar liom ós cionn a bhfacamar
d'óigfhearaibh greanta 'bhí i ngrádh léi;
Is gairid go dtéighidh sí go hoidhre Ghleanna Fleisge,
An fíorfhlaith fialmhar, fiallach, fialmhaiseach;
Marcach maith tréanmhar, taidhleach, tacaireach,
Croidheamhail, geanamhail, grádhmhar, gaisceamhail;
Is ró bhreagh tásc a ghadhar 's a eachraidhe
Ag imtheacht 'na saighead' i ndiaidh na ngarbh-chnoc,
'Leanamhain groidhe-phoc go meidhreach meanmnach
Tríd na mallmhuire báidhte.



A SHÉARLAIS ÓIG, A GHRÁDH UÍ DONNCHADHA.



A Shéarlais óig, a ghrádh Uí Dhonnchadha gan cháim
Bail ó Rí na nGrás dod' chumhdach,
Go mba slán tú idir gach láimh dá siubhalfaidh ort id' dháil,
'S nár bhainidh sin go bráth droch-shúil duit.
A oidhre an Ghleanna bhreagha de shíol na bhflatha b'fhearr,


L. 62


I gCiarraighe ar fad le rádh gan amhras,
Is tú an brainnse is gile bláith go fírinneach ag fás,
Id' fhíor-leanbh áluinn cúmtha.



Is cúmtha an gas gan ghó mo dhalta maiseach óg
Is greanta cruit is clódh i ndathamhlacht,
Is lasair mar an rós 'na leacain ghil gan feodhadh -
An lili deas gan cheo smúite;
Is glaise dearca an leoghain 'ná drúcht na haile ag neoin,
Is Cupid chleasach chórach ionnta;
A dlaoithe mar an ór ag bailechrith go feor,
'S is mil ar fad a bheoilín chúmtha.



Tá an chúmthacht ann le suidheamh, finne is gile ó Chríost,
'S a gheanmnaidheacht a rionnt leis suaimhneas;
Goirim É agus guidhim, go mairidh sé le haois
A chúig fithchid bliadhain faoi shuairceas;
Aitchim féin ar Dhia go bhfeiceam é san bhfiach
I dtosach ar an gcliar ag gluaiseacht,
Srian is diallait ómra, is each breagh bríoghmhar beo faoi,
Is garbh-fhiadh aige ar sgórnain buailte.



Go mbuaile an namhad an té nach anmhail leis mo laogh
Do shiubhail ó mhaithibh Éireann d'árd-fhuil;
Fé mar deir gach n-aon Ó Dhonnchadha na Séad,
I nGleann cúmtha gléir an sárfhear;
Mac Cárthaigh Mór na dtréad, sinsir Inis Éilg',
Is Ó Cheallacháin na féile an t-árdfhlaith,
'S Ó Súlleabháin 'na ndéidh do bhronn a shúil don éigs'
'S Mac Giollachuda an laoch nár cáineadh.


L. 63


Níor cáineadh treabh an leoghain i dtigh na tábhairne fós -
Ba cheannasach an chóip sa Ríoghacht iad;
Is iad nár bhailigh stór le ceachaireacht go d'reoil, -
Do sgaipeadar an stór sa bhfíon-saic;
De bhrígh gur mac é an leoghan de shíol 's de cheap na dtreon
Ba ghradamach ar bhórd an bhínnse;
B'fhiú é mholadh i gcóir le hanafadh geal spóirt,
Go n-a rathaibh cearta imeasg cáirde.
Lean cáirde a fhuil 's a sgéimh ann sinsir cumais tréin
I n-ar shíolruigh an ríogh-ghas modhmhar;
Ní thagann liom gur bhreágh a sheanchas do léigheamh,
Tá a charaid go léir chomh mór san;
Mac Mathghamhna is fearr, an croidhe geal aoibhinn tá,
Is an Brianach cuthaigh táscach cródha,
Is Iarla lannach sámh Chill Dara dhil an stáit -
'Sé an Gearaltach ó'n nGréig órdha.



Is fiú ór glan buidhe gach ruibe i gcoróinn a chinn,
An phór chrothach dhlaoitheach phéarlach;
Is leabhair a ghéaga slím go bonn gan chréim ag sníomh,
Is é ádhbhar an fhir ghroidhe na Chaesar;
Seabhac an Ghleanna bhinn mo dhalta grádhmhar grinn,
Dotháinig as tír Loch' Léin chughainn.
'Sé an rabharta i gCluain an Fhín d'á bhanaltrain le maoidheamh
An crobhaire maiseach líomhtha de'n tréanfhuil.



Tá fuil na gcoileán ngrinn ó bhaile Thomáis thíos
'Na leacain ghil aoibhinn aerach;


L. 64


Is bráthair gaoil do thall na ridirí ó'n nGleann,
Is ní dearmad linn clann Sir Éadbhard.
Na h-iarlaí againn ba mhó i gcríocha Chonnacht beo,
'S i dTuadhmhumhain ba mhór éaghmais,
'S gach cliar againn dá shórt ba charaid iad don leoghan,
Is Brian cuthaigh borbh an éirligh.



Éirleach mór doghníodh na laochra fíoradh roimhe
I dtréan-chogadh namhad na bpléaraibh;
Fé mar b'eolach dhíbh, Mac Domhnaill mór an ríogh
Ó Albain 's ó chúige i nÉirinn.
Tighearna an Chláir, mo bhrón, d'imthigh uainn thar bóchna,
Is Ó Seachnasa an úr-Ghuirt aolbhaigh,
Nach maith iad uile an chóip 's na dragain meara beo,
Ó n-ar shíolruigh mo rún Séarlas.



AITHRIGHE SHEÁIN DE HÓRA



A Mhic Mhuire na nGrás do cuireadh chum báis
'S d'fhuiling an Pháis pheannaideach;
Do cheannaigh Síol Ádhaimh le hallus do chnámh,
Fola 'gus cneadha dearga.
Freagair mé, a ghrádh, - beir m'anam i dtráth
Go Parrthas lán-ghradamach,
Ag caitheamh an tsóláis fhada-ghil bhreagh
Idir Apstoil 's Árd-Aingealaibh.



Freagair mé a Chríost - a charaid mo chroidhe,
An charraig seo im' chlidh, corruigh í;
'S óm' dhearca leig síos srotha aithrighe,
Dobhéarfas go Crích Fhlaithis mé;


L. 65


Mar is peacach mé bhí scannalach síor
Droich-bheartach, fíor-mhalluighthe,
Is ná tagair-se baois-bheartaibh an tsaoighil
Ar m'anam le linn sgartha liom.



Sgreadaim 's éighim - aitchim go séimh
Ar Mhuire 's a hAon-Mhac calma,
Teacht sealad fá dhéin m'anma 'phléidh,
Is a chosaint ó'n mhaor mhalluighthe;
Deisgiobail Dé is a gcaraid go léir
Dom' tharraing 'san réim bheannuighthe;
Mo bhearta ar an saoghal cealghach, claon,
Gangaideach, baoth a mhaitheamh dam.



A Dhia 'tá thuas, féach anuas
Is réidh mo ghuais anabuidh,
is léig mé ad' Chuan ghléigeal, suathain,
Naomhtha, buain-tseasamhach.
A Dhia na mbuadh, déin dom truagh
Ar theacht don uair mharbhthaigh,
Is ná léig mé uait féin le fuath,
I bpéin le sluagh Acheron!
Is deacair dom labhairt leatsa gan dabht
Ag tagairt ar chabhair chalma,
'Sgur fada mé ag treabhadh treasna le fonn
I gcoinne do mhodhmhail-aitheanta.
Níl ins an domhan fairsing, mo lom!
Peacach le toghadh is measa loit
'Ná mise 'tá bodhar, balbh, im' lobhar,
Ceangailte 'g an dream mhalluighthe.


L. 66


Ní lia le rádh gainimh ar thráigh,
'Ná drúcht ar bhárr glasra,
Na peacaí le suidheamh ar mh'anam, fairíor!
Ceangailte im' chroidhe chalcaighthe;
Is mór liom a dtrian romham 'san tSliabh,
Ach ní fhóghnann ciach, eagla,
'S gur mó le léigheamh Grásta Dé
'Ná a ndearna an saoghal d'ainbhfios.



Molaim-se Dia thar a bhfaca mé riamh,
Is Muire bhain-tighearna aitchim-se;
Peadar is Pól is na naoimh eile leo,
Is tusa gan ghó a Athair dhil;
Admhuighim dóibh - do Mhichil agus d'Eoin,
'S do na hApstalaibh ró-bheannuighthe,
Gur pheacuigheas dom' dheoin am' smaointe go mór;
Am' ghníomhartha 's im' ghlór labhartha.



An t-uabhar ar dtúis, an tsainnt 's an drúis,
An craos is an rún feargach;
Formad an tsaoghail is an leisge go léir
Ní sgarann liom féin aga ar bith:
Nach mairg do'n té mhaireas mar mé
Ins na seacht bpeacaí claona marbhthacha,
'S nach dána an gnó do dhuine dhem' shórt
Tagairt ar choróinn Fhlaithis d'fhagháil.



I n-éadóchas tréith le Parrthas Dé
Is mairg dothéigheann dearbhaim,
'S go nglacann an tréad sgaipightheach tar éis
Dá fhaid a bhíonn strae fada ortha;


L. 67


An peacach is mó coirtheacha beo
Ag briseadh A mhór-aitheanta,
Ach 'chasfadh le deor aithrighe doibhróin,
Osgalfar dóirse Flaithis dhó.



Féach mar do shéan Peadar Mac Dé
An tam lagaigh an tréad malluighthe é;
'S nuair d'aistrigh sé ó n-a chreathaibh aidhbhéil
Gur glacadh san Ríoghacht Bheannuighthe é.
Nach feasach don tsaoghal fhairsing go léir
Gur peacach ar strae í Magdalen,
'S dá cuirptheacht é a beatha le léigheamh
Go dtug sileadh na mbraon Flaitheas dí.



Ár n-Athair atá ins na Flaithis go hárd,
Go naomhuighthear tráth t'ainm-se;
Go dtigidh Do ríoghacht, do thoil ar an saoghal,
Mar déantar i gcrích Pharrthais:
Ár n-arán laetheamhail tabhair-Se dúinn,
Is maith dhúinn ár gcionnta ainbhfis
Mar mhaithimíd do chách, is na léig sinn i dtlás,
Acht saor sinn ó bhás anabuidh.



A Mhuire, 'tá lán de thuile na ngrás,
Tá'n Tighearna, a ghrádh, maille leat;
'S is beannaighthe atá i bhFlaitheas thar mhnáibh,
Go naomhuighthear tráth t'ainm-se:
Is taithneamhach an radharc toradh do bhroinn',
ÍOSA dá roinn eadrainn;
Anois agus riamh, 's i n-am ár bpian,
Go rabhair, a Dhia, ag seasamh dúinn!


L. 68


CAOINE AR BHÁS SHEÁIN DE HÓRA



Séamus Mac Consaidín do chúm.



Is é do bhás a Hóraigh ghreannmhair
D'fhúig atuirseach na táinte id' dhéidh,
Gan ráidhte spóirt ná uaisle suilt,
Mar chleachtadar gach tráth id' réim;
Níl fagháil ar sgéal ná ar aiste againn,
Is anbhfainneach lucht dánta is dréacht,
Tré thásc mo leoghain is eagal dúinn
Gur chailleamar an Dáimh go léir.



Is ádhbhar bróin is mearbhail,
'Nár bhfearannaibh 'dir tuaith 's cléir,
'S gártha gleo le rachta guil,
'S stracadh fuilt le buaidhreamh saobh;
An sáir-fhear spóirt ba cheannasach,
Ag freastal suilt i dTuamhain aeird,
Go tláth i gcomhrainn ceangailte,
Gur leagamar go fuar i gcré.



Sin árd-shliocht Fódla seachmhallach
Ar dhearmad cár shíolruigh a gcréim,
'S táin de phór na Breataine
'Na mbailte puirt go fíor i bpréimh;
Gan bláth na neolach gceannasach
Go hacmhuinneach ag innsint scéil,
Is an fáth ar seoladh galla-phuic
I bhfearantas na saoithe Gaedheal.


L. 69


Cé thárla an Hórach seasamhach
I n-aigeantacht 's i dtabharthas tréan,
'S i gclár na gcóda seanachais
Gur bhreathnuigh mar do phlannda Gaedhil;
Níor cháin direoil go tarcuisneach
Ar thairbhe ná ar thabharthas chlaon,
'S níor thárthuigh stór ná taisce ar bith,
An cheachaireacht níor shanntuigh sé.



Ar chlár an óil go racmhallach
Ag spreagadh suilt dobhíodh na laoch
De ghnáth le spórt ag radaireacht,
Is gasra de shíor 'na dhéidh;
Níor árduigh gleo ná achrann
Le hainbhfios ná coimheasgar sgléip,
Is ba ghrádhmhar córach leanabhach
I gcaidreamh go críoch a shaoghail.



Do cháil, a Sheáin, níor chealgach,
Ba charthannach do chroidhe gan mheang;
An t-álmhach direoil níor thaithneamh leat
Is ar dhanaireacht ní bhíodh do ghreann;
Má's fearrde an ród go Parrthas
Ó bheartaibh uilc bheith síoch gach am,
Atá mo dhóth' id' anam-sa
Gan achrann go sgaoilfear ann.



Is daor an slad le héigean chreach,
An taobh do chleacht an sáirfhear grinn
Do shaothruigh meas gan chlaon gan chleas
I gcéin 's i ngar, i gcáil 's i ngníomh;


L. 70


Gáire is gean na mbé gan snas
Le héigean searc dod' ráidhte grinn,
An t-éag do leag go faon gan phreab,
Gan teacht ar ais go bráth arís.



Is dealbh sinn-ne feasta anois
I mbaille-chrith go faon gan teann,
Ó scaradh linn le feartaibh nimhe
Fear na bhfriotal saor gan mheang;
Dalta geal gan easbaidh ar bith,
'Fuair lachta cnis na naoi mban seang,
Bheith ceangailte faoi gharbh-lic,
d'fhág aicme suilt mar mé gan ghreann.



Ó scaradh linn ár seanach suilt,
d'fhág ceannaphuirt ár nEigse fann,
'S go meastar linn le heasbaidh an fhir
Gur chailleamar gan bhréag ár dteann;
Aitcheam uile ar Dhalta Mhuire,
An Mac a d'fhulaing céasadh ar chrann,
A anam sin do thabhairt saor
Ó pheaca ar bith go tréad na rann.



CAOINE AR BHÁS SHEÁIN DE HÓRA



Séamus Mac Consaidín do chúm.



Tásc dearbhtha gur chailleamar an Hórach grinn
d'fhág atuirseach ar mearbhall go brónach sinn;


L. 71


An fáidh aigeanta ba chabharthach is ba chórach caoin
Ar dáil tagartha chun ranna suilt is spórt sa' tír.



A thír Thuadhmhumhain, is uaigneach 's is dealbh atáir
Ar díth suaircis gan suaimhneas mar chleachtais de ghnáth;
Is díol truaighe thú 's do chuallacht dá gcreacadh gach lá,
'Sgan puinn d'uaisle na suadha go gairid le fagháil.



Níl fagháil ar aiste againn feasta ná ar laoithe suairc,
Is fánach eadrainn é ceannphort saoi na suadha;
Táim ró-eaglach gur mheathadar san tír, monuar,
Mo Sheán, mo dheacair, ó leagadh gan bhrígh san uaig.



I n-uaig fó liag sínte i ndaingean chumhdaigh
Tá an suairc-fhear grinn ba líomhtha d'aistí subhchais,
Ba shuaimhneach síoch i ngníomh 's i mbeartaibh ionnraic,
Ó chluanta an tsaoighil gur scinn fé bhearta an Dúilimh.



A Dhúilimh, aitchim ort, freagair mo ghuidhe go buan,
Mo ghlúine feacam ag agall id' líon gan chluain;
Gnúis an anama sgaradh lem' saoi gan ghruaim,
I gcúirt na n-aingeal go nglacair de shíor ar cuaird.


L. 72


FEARTLAOI SHEÁIN DE HÓRA



Tomás Ó Míodhcháin do chúm.



Adeirim gur dianchradh is iargcás deirgchioth deor,
d'éis d'fheicsint na bhfial-dámh mianbhreagh fileata ar feodh;
Deire na bhfian-mbárd gcian-tásc druidthe fé fhód,
An soilbhfhear séanrádhach grian-tSeán† oinigh †de Hór'.



BARÁNTAS THOMÁIS PAOR DO SHEÁN DE HÓRA



Conntae an Chláir mar aon le mór-chuaird Leatha Mogha go huile.



Maille le Tomás Paor, aon d'árd-mhuinntir na h-árd-Leatha
réamhráidhte.



Ag seo trom-chasaoid agus géar-mhilleán sagart agus
mhuinntir Dhúnátha ar Sheán de Hóra .i. sgollóg sgalluightheach,
coirptheach, cinnliath, crosda, cabluath, dubhach, doimhin,
dothoghasta, dona, driantánach, eascaoin, éagcórach, feargach,
fírchrín, féasógach, gruama, gortach, gliomach, géagach,
lúbach, lasnach, lubarnach, d'éalaigh gan chead gan cheileabhra
go rúnda ó'n ríoghbhainis dobhí dá chaitheamh i nDúnátha
réamhráidhte, gan fios a shiubhail ag na fialbhuidhne ó shoin i
leith. Agus ó rith sé agus d'éaluigh den lucht réamhráidhte
sin fuaireamar anocht sgéala ó lucht innste na sgéal, ó
lucht taisdil na ród, agus ó lucht léighte na leabhar é bheith
do shíor ag árd-mholadh Clanna Daoithe mar atá síodhmhaoir,


L. 73


ineallaraighe, Sagsanaigh, bodóglaigh, samharthaidh agus gach
daor-aicme eile, ar a bhfuil mallacht ár sinnsear ó roimh
aimsir na hAirce, de shliocht Chéin agus Chairbre Chinnchait,
dorinne feall ar fhíorchlannaibh Éireann, go bhfuaireadar
furtacht i n-aimsir ó Oliver Cromwell ar baineadh de
ríoghacht Chormaic, agus ó shoin anuas go bhfuilid ag dul i
bpoimp agus i n-amarghail, agus ag tabhairt tarcuisne dos
na fíoruaislibh agus dos na h-éigsibh feasacha fíreolacha
mar aon leis na filí breiléasacha ar na hadhbhraibh sin,
a laiseadh faoiseamh.



Agus órduighimíd do ghach fó-chonstabuil, 's do ghach
báille, agus go speisialta do'n Athair Séamus Ó Chonchubhair
agus comhghaiscidhthe eile, breith ar an straeire seo
agus a cheangailt i gcuibhreann le potóga muice, agus a
thabhairt chugham-sa go Móibhín thuas, nó do láthair éigin
den Dáimh.



Go mo dheaghlaíl, as dorinne, an dlighe tugtha fóm'
láimh ar mo shéala, an ceathramhadh lá déag de Mhárta,
Aois Chríost 1776.



De bhrigh gur mhóidigh triúr de'n choisde annso im' láthair,
Go ceart díreach fá bhrígh an Bhíobla an ceathramhadh lá déag
de Mhárta,
Óir d'éalaigh an Hórach ó'n gcóisir go míshásta,
Mar bheadh sladaidhe nó mar ghadaidhe go fíor-náireach.



Is fíor gur théarnaigh go mí-mheasach Dúnátha,
Is a liacht crúsca dobhí gan diúgadh ag na flatha;
Fad-thaisdeal ort fár éalaigh go mí-mhúinte
Gan innsint don lucht choisde fáth do thaisdil.


L. 74


Acht taisdeal ort 's tóraidheacht go rúnda,
Gan comhnaidhe ar fad sul do sginnfá thar na triucha;
Éalóchair gan do oidhche codladh i naon tigh
Ach bior buailte go bhfaighidh tú do sgríobfaidh.



An tAthair Séamus Ó Chonchubhair na sgéala thug don chonstábla,
Fios an ghéig sin uaim chun an mhéirligh do thabhairt dom' láthair,
Dá lorg aníos ó Léim Laoch thíos cois na bóchna
'Sa leansuin ó Cheann Léime go críoch Bóirne.



Mágha, cluana Chonnacht a lorg go sár-mhaith,
'S i n-áitighe bhíonn a thiathighe cuirtear gárda ann;
Ar ghabháil suas díbh bí ar a thuairisg i mBéal Átha,
Mar a bhíonn sé a rílleáil le maolruamháin de mhnáibh tábhairne.



Nocht do Thomás† chaoin †Ó Míodhcháin atá san áird thoir,
Athair Mhic Domhnaill atá ar comhghar bíonn sa ráfla;
Bí ag cuardach i nUibh Bhreacáin ar eagla an chóbaigh
Dul do leath-taoibh guirt nó garaidhe i n-aon bhóthar.



Cuir ar fógairt an fíor-lóbach i ngach aon phobal,
Is ná fágadh cóisir ná teach ósda gan a lorg;
Ná bíodh bothán ar Shliabh Challáin libh gan spiúnadh
Ar eagla an domhain go luigheadh i n-aon chúinne.


L. 75


Gaibh go h-éasga soir tré sléibhte fraoich dhúin Eachtgha,
Is bí ar a thuairisg le croidhe suaircis ar na bealaí;
Tá an chliar fábharach i ngach áit dhíbh ar feadh na Deóise,
Chun a lorg gidhbé áit a bhfaighid dóith air.



Cuartuigh gleannta, cnuic, is aillte na Móthara dlúigthe,
Cuairtidh dúnta na n-uaisle n-órdha, coirighthe 's mongtha,
Cuairtidh go dlúth fé dhó idir an chubharacht agus am' dheiseacht,
Cuairtidh múrtha is fuaráin go géar is go ró chlisde.



Ná fág srothán ná bruach locháin, fiodh ná gaortha,
Ná fós liosán ná cuas smiotáin gan ionghaobha;
Ná fágaidh póirse tighe ná comharsanacht Poll na Spiaraí,
Ná fós seomra gan í thoraidheacht, ná cúil hiarta.



Ná fág siabhán ná clúid-chliabháin ná nead circe;
Dá réir t'órduighthe go léir, cuairdighidh na Pluic Pute,
Ionnsaighidh an comhgar ó Ghleann Ómra go Clár Thuadhmhumhan,
Má ghaibh an lómach ins an ród ghéabhair a thuairisg.



Seachain an cladhaire nó rithfeadh gan mhoill ort thar na srúillí,
Má gheabhair radharc air coinnimh-se greim air ceangailte cúil air;
Ná glac bannaí ná fós tacaidheacht ar an Hórach
Go ndéanaidh aithrighe is teacht fá smacht dlighe mar is cóir dó.


L. 76


Ná glac duais ná breab, ná fós aon leathsgéal,
Gan a thabhairt leat ceangailte go cruaidh craiplighthe;
Críoch do chuaird ach oidhche coimeád annso ar an mbaile,
Cois na feórann tré gach bóthar go croich Thaidhg Pheadairín.



PAS CHONCHUBHAIR UÍ MHADAGÁIN



A Chonchubhair† ghroidhe †Uí Mhadagáin go mbeannuighidh
pearsa Dé dhuit,
Iompuigh chugham do chúis a ghrádh, 's corruigh í má fhéadair;
Anois ó chím gur lag ataoi is do chine bhocht gan faoiseamh,
Siubhail an tír go ragarnach id' bhacach aoibhinn aerach.



Seachain-se Tadhg Chathail ort nó Pádraig† fada an sméirle
†Ó Fearghaile gan dearmad ná leig i bhfad t'arrears leis,
Tóg do chíos go hacfuinneach in aimsir gacha féile
Is brúig i gcéin le bachallaibh má dhiúltiughid a ndéirce.



Tá croiceann gabhair is canainí an leasuighthe ag an bPaorach,
Is maith an t-adhbhar le hamharc air 's chun taisilí do dhéanamh;
Tabhair cúpla scriú maith daingean air 's strac le neart de ghéaga,
Is glaodh "cúl gabhair" mar ainm ar éinne 'raghadh dá phléidhe leat.


L. 77


Tá bacach mór i mBoirinn thuas ar bh'ainm do Conn Ó Maonaigh,
Atá lán chomh cruinn fá'n imeall san 'déanamh ar Thuaim Gréine;
Sguaib gan mhoill ó'n iaspar sin 's caith sa digh an sméirle,
Is dein ar aghaidh go Luimnigh is gheobhair rabharthaidhe léine.



Tá saor maith cruinn i Luimnigh, éirigh chuige is réidh leis,
Faigh peidhre maidí croise uaidh is gheobhair ar seacht is raol iad;
Robáil daill is cuimil leo, is fuirsigh iad tré chéile,
Bain mála an daill de chuid aca as a bpócaí caithréimeach'.



Dein-se ar aghaidh gan seachmhall go dtí an tAthair Séamus,
'S ordóchaidh sé dhuit dramanna de gin 's brandy craorach;
Féachain iad, de'n Luddyes díobh, ar eagla do chréachta,
Buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú 'shaoradh.



Thar abhainn na mbarc má thaisdilir ná glac-se beagán déirce,
Gan tabharthas breagh do thabhairt duit - culaith maith éadaigh;
Labhair go dána garbh leo is tóg do staf chun éirligh,
Buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú 'shaoradh.



Faigh cliathán áluinn muice uatha is leath an mhairt i n-éinfheacht,
'S ag teacht do'n Cháisg ní tur a bheir má dhéanfair gach a déarfad:


L. 78


Líon-se mála an eirbaill is beidh teireadh glan sa' mhéid sin,
Is sginn go rábach feileamhnach gan meisge ar bith am' fhéachaint.



Tiocfaidh bruighean dá dheasgaibh sin de bhárr bheith dá n-éileamh;
Is bíodh do chlaidheamh id' ghlaic agat le heagla na méirleach
Ní cáil duit bheith go hathtuirseach má dhéanfair gach a déarfad,
Ach buail is cáin is bagair iad is geallaim-se tú 'shaoradh.



Is fuadar bruidhne an aiste seo agus dortadh fola i nÉirinn,
Cogadh brútach marbhthach mar bhíodh ag Cromwell éachtach;
Is mór an tuar le n-a mhór ar mhullach chnoic an éirghe,
'S nár bh'fhearr leo cloidheamh chun troda aca ná pocaí dá bpléascadh.


L. 83


An dtiocfair liom go coill na gcnó
Mar a bhfuil toghadh na n-éan ag déanamh ceoil,
An lon 's an chuach ó ló go ló,
'S an smóilín uasal, uaibhreach, óg
Ag iomdhaidh leis an gcéirsigh.


L. 86


Dochuala sgéal do chráidh go croidhe mé
'S uaill-ghártha ag táinte gan choimse,
Mná fiana báinleasa ag caoineadh
Ó léim na Con go portaibh Luimnighe.


L. 95


Aithne bheirim do ghach cine
Bheith buan seasamhach le na rae,
Ar ór na cruinne na clis ar charaid
'S ná bí fuar ann do dhuine féin -
Is uaigneach áras coigcríoch,
Ní milis teanga coimhthighe,
B'fhad ó ghaol ná bíodh go bráthach
Óir 'siad is dísle comhdháil -
Is maol guala gan bhráthair
is mairg a bhíos gan dearbhráthair
I naimsir an ghlóir bhuirb
Is mall guth 'naon óird.


L. 101


Tonn Malbay dá shuidheamh,
Gur baoghal don domhan mór thimcheall
Seabhac mear tréan Chill Díoma.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services