Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Chearbhalláin

Title
Amhráin Chearbhalláin
Compiler/Editor
Ó Máille, Tomás
Composition Date
1738
Publisher
(Londain: I.T.S., 1916)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



MÁIBLE SHÉIMH NÍ CHEALLAIGH.



Ciabí a mbeith sé i ndán dó
A lámh dheas fháil faoi n-a ceann,
Is deimhin liom nárbh eagal bás dó,
Choidhche go bráth ná ina bheo bheith tinn.
A chúl deas na mbachall fáinneach, fionn,
A chum mar an 'ala is gile a' snámh air a' tuinn:
Grádh agus spéis gach gasraidh Máible shéimh Ní Cheallaigh,
Déad is deise leagadh i n-árus a cinn.



Níl ceol da bhinne fós dár sinneadh
Nach dual di a thuigse is a rádh in gach céin,
Tá a gruaidh mar rós a' dtrithle, is buan 'na comhursa an lile,
A rosg is míne ghlaise ná bláth na gcraobh.
Is gurb é deir ollamh molta Chlár shíol Néill


L. 110


Go gcuirfeadh na corra a chodladh le sár-ghuth a béil;
Níl amhrus liom ann, a shúil bhreágh loinneach,
Acht óltar linn go grinnioll do shláinte mhaith shéimh.



Ó d'éagadar na mná mánla
Air a dtráchdaidís an domhan go léir,
Measaim nach bhfuil 'na n-áit againn
Acht Máible a' seasamh a gcliú ins gach céim.
Annsacht gach duine i gcáiligheacht a's i gcéill
Is áthamhuil don fhilidh a fáil ón déis,
Cúl na gcraobh is finne, lúb na dteád is binne,
Snuadh na géise gile a bráigh 'sa taobh.



Níl aon dá bhfeiceann an tsaoi-bhean mhaiseach,
Nach n-éirigheann mar na geilte i mbárr na gcraobh,
A's an té nach léar dó an choinneall lán de spéis an leinbh,
Sí is fearr tréithre a's tuigse do náisiún Gaedheal.
Sí is deise bos, cos, lámh agus béul,
'S a péire rosg agus a folt a' fás léith go féar,
Tá 'n báire so linn ó Árainn go Glinn
'Nois ó fuair mé an fhaill is áthamhuil dam é.


L. 111


Nach mór an dí náire don sdáid-mhnaoi
Is breáchda air bith guth,
Le mhéad a's 'ní sí gáire
Fá'n ádhbhar d'fhágaibh mo chroidhe-sa dubh.
A bhruinneall mhaiseach ins gach cathair,
Na bhfolt casta air dhath a n-óir,
Is tú réalta an tsoluis i mbéul gach pobal,
Réab thusa agus euluigh liom.



MÁIRE NÍ'C GHEARAILT,
ban-tighearna mhic dhiarmada.



Is í Máire Ní'c Ghearailt a's a chéile, ruan mo chroidhe agus mo
chéad-searc,
Agus a samhail ní léur dham san tír so,
Agus gur i seomra na séud chomhnuigheas a' deigh-bhean
A riarfas do na céadta mílte.
Lámh an einnigh agus a' réidhtigh, a chroidhe geal na féile
Sgapfadh an saoghal le daonnacht,
'S go bhfuil dealradh ón ngath gréine ina malaidh go cláon,
Agus ceó meala air a' taobh aig a mbíonn sí.



In a bhfaca mé riamh d'eallach ná mhaoin
Is de do shamhail do mhnaoi do-bhéarfainn:
'S gur gile a dhá cích ná an sneachta air an gcraoibh
A ceapadh as ceart-lár a cléibh-si.


L. 112


Budh bhinne liom an lá bhéidhinn a' comhradh leis a' deigh-mhnaoi
Ceartughadh dhí dánta agus Gaoidhlic,
Seach a bhfuil mé radh sé mo chreach agus mo chrádh
Mar chonairc mé le dhá bhliadhain deug thú.



Go síntear mé san gcré nó i gcomhra chaoíl
Nó insa nglais-léine fáisgthe,
Go sgaraidh na réalta 's a' ghealach ona chéile,
Ní chuirfe sin i gcéill mo ghradh dhuit.
A bheul tanaidh mar an áol, b'fhearr maise agus méin
Dha dtiocfhaidh air an tsaoghal so nó a dtáinig,
Mo chreach agus mo dhith nach bhfuil mé 'mo cholm air a' gcraoibh,
Agus mé i n-aice leat gach lá mar a' gcéirseach.



Nach ádhmhar an áit ar tharlaigh mo lóisdín,
Le dhá bhliadhain déag agus a' tráth so,
Aig Mac Diarmada an tréan-fhear d'ard-fhuil na righthe,
Agus ní áirmhim a bhantighearna, Máire.
Bhí mo mhian agam gach lá agus ól fíon' air chlár,
A' seinnm air chlársaigh agus air théudaibh,
Go mbudh fada buan an dís sin do ard-fhuil na ríghthe,
Tháinig chugainn anoir ón Spáinn-fhear.



ÉAMONN UA CORCÁIN.



Nach é Éadúrt Ua Corcáin an furránach gléigeal,
An leomhan breágh soineanta, suileabhar, céillidh;


L. 113


De ... uaisle grinne do geineadh ó Ghaodhalaibh;
A's nach saoitheamhail, cuideachtamhail, einneachamhuil,
tréitheach é.
Air a chuairt un na háite beidh báire air gach machaire,
Ólaim a shláinte, grádh mo chroidhe an preabaire,
Cia bhfuil fear a bhártha on nGráinnseach go Gailionn
Bhéarfas gleo do na páistí agus árus do shean-daoíne.
- Hombo.



Beidh againn spóirt, feoil, agus beath-uisge,
Airgiod, ór agus dódracha caipirí,
Gin, rum, fíon, pórtar, cóisir naicidigh
Beidh téadraí dhá ndó' a's ní bheidh brón a choidhche feasda oruinn,
A's nach é Éadúrt an tréan-fhear budh tréithigh bhí i Luimneach,
Ceannphort gach réite sé d'fhéuchadh i gcomhrac íad
A shamhail níl a n-Éirinn á's dá ndéarfuinn-se Lonnduin,
Agus cuideachuin Dé leis an dé-mhac sin Hanraí.



FEIDHLIM Ó NÉILL.



Gluaisfe mise feasta súas innsa n-aistear,
Nach air Fheidhlim Ó Néill bhéarfa mé an chúairt,
An t-óigfear do'n phréimh dhár chóir a bheith i gcéim,
Súd é mo sgéal agus ní náir liom a luadh.


L. 114


Sagart geanamhail, barramhail, cráfach, súairc,
Nach leigfeadh neach dhá cheart dá cháirde uile uaidh,
Líontar súas na sgálaí 'nois dair liom is fearr iad,
A's léigidh thart an tsláinte úd Fheidhlim Aodha Rúaidh.



Níl spóirt air an talamh nach dhó-san budh dúal,
Léir mar bhíodh air buile is a' dáimh aige air ghlúais,
Ceol, póit a's aiteas agus gártha súain,
A's gach órd ina sheólta teacht ina dháil gach uair.
Tráth d'éirigheadh sé san gculaith, labhradh sé san bpobal,
I mbríathra meala scrioptúir sháimh do-bheir uaidh,
Leigim dó-san feasta, is leór dham sin do theasdas,
Nach é Feidhlim óg an fear atá mé a luadh.



CAIPTÍN MAC GEARAILT.



Má fíafruighthear dhíom cia rachad tríallfa mé go Mainionn,
'Féachaint an staraighe is aoibhne cáil,
Mur tá sa réagún sin Fainní, inghín deas 'ic Gearailt,
Planda is binne ghrinne agus is dísle do mhnáibh.
"Sé shíleas gach barún tíre agus talaimh,
Trá nach mbím dá ngar go bhfuigheadh siad-san bás,
Arís trá bhím 'na dtaithigh éirighidh a gcroidhe 'sa n-aigneadh,
Agus deir siad liom de phreib go mbíonn síad slán."


L. 115


Sí $Phénics na finne an péarla breágh leinbh,
A's féuchadh gach duine an cás mar is cóir,
Gur ina héadan tá'n lile geimhreadh 'na gile,
A's tá gach ní 'breith buille agus 'breith bárr air an rós.
Féucha mé mo ghliocas léir mar tá m'oideas,
Éiríghim agus ní abraim ní acht an chóir,
Líontar suas na cannaí, súd fa thúairim Fainní,
Sláinte Chaiptín Gearailt a choidhche dobhéam a ól.



PLÉ-RÁCA AN STAFARDAIGH.



Más tinn nó slán do thárla mé,
Ghlúaiseas trá agus dob' fheárr-de an sgéal,
Air cuairt 'un Seoin 'un sócamhuil fhágail,
An Stafardach breágh sáimh nár ghnáth ghan chéill.
Is i dtaca an mheodhain oidhche bhíd sinn ag ól,
Agus air maidin aris an cordíal,
Sé mheasaim ó chéill mhaith gurb é súd an gléus.
Le Cearbhallán caoch a bheodhachan,



Seal air misge, seal air buile,
Reubadh téid agus a' dul air mire,


L. 116


An faisiun sin a chleachtamar,
Ní sgarfam leis go deo,
Insighim féin díbh é agus aithrisidh don tsaoghal é,
Más maith libh bheith saoghalach bígidh a g ól.



Go mbu fada buan sáoghalach a bhéas tú beó,
A aon mhic Sheóin mhic Thomáis bháin,
Spalpaire an úr-chróidhe d'fhillfheadh air an tsúgradh,
A's go bhfuil na cúig cúigí lán do do ghrádh.



Fear is grinne i gcéill 'sa dtuigse,
Chuirfeadh na cléirc' go léir air misge,
Is ionmhuin leis an tsaoghal é,
Agus go dteannfuinn lé mo chroidhe é,
An Stafardach breágh síonsamhail,
Is gurb é a mhían bheith a g ól.



So sláinte gach óigfhir lér mhían a bheith 'g-ól,
Is ní áirighim an Stafardach óg tá súgach cóir:
Fear bréagh flaitheamhail a scapadh fíon agas beóir,
Go mbu bhúan é i bhfad, an ard-fhlaith gan smúid,
Is aoibhinn dá thír é, tá gean agus grádh an tsaoghail air,
Sé ceannphort gach síonsa an mac óidhrígheacht sin Sheoin.


L. 117


SEÓRSA BRABSTON.



A Sheórsa Brabston, go maire tú saoghlach slán,
Grádh gach duine a's a leinbh budh aoibhnigh cáil,
Lámh an einnigh dhár bhfurus dúinn fíon a dh'fháil,
Is gártha an chuideacht san ionad a mbíonn do ghrádh.



Hí hó! súd é an preabaire,
Hóm-bó! plúr na scafairí;
Spóirt, gleo, cóisir naicidí
Feoil, beóir, ceol agus ceapairí.



Clársach fideléir, gáir aig píobairí,
Sé báire conairte é i lár a thíre 'sdigh,
Bárshlat Ghailionn é, grádh mo chroidhe-sa leis,
Sár-mhac dathamhail é, carthannach, fírinneach.
B'fhearr liom ná búailigh a's ná ór ríogh na Spáinne,
Eachraidh a's cóisdí na Róimhe agus a' Phápa leis,
Agus ná Dún mhór Mhac Fheórais a's Nóraill Mhac Raghnaill,
Beith ag amharc air Sheórsa 'tabhairt óir 'na mháma uaidhe.



Hí hó! súd é an siollaire,
Hom-bó! dubhshlán duine faoi,
him-jam, plancstaí, merriment,
Sing, dance, drink his health about.



Is sáimh agus soineanta é, tá sé cúirtéiseach,
Sé bláth a chineadh é, racham dhá dhúithche leis,
Táinte sonais air, ádh agus einneach air,
Agus bárr maith uile breagh go dtuitidh air.


L. 118


MÁIRE AN CHÚIL FHINN,
Bantighearna Eoin Uí Ruairc, Flaith Bhréifne.



Síochán air dtús ort, a chúl chas na gcraobh,
A phlannda don árd fhuil ón gcuan sin Loch Cé,
Níl cuan, níl caltha, níl áit ar bith ina dtéidhim,
Nach é chluinim aig a' ngasraidh gurab í Maillí a rug a' chraobh.



Ón tír so uile gan roinn le n-a dísleacht agus grinn,
Gidh gur mheara tú na cóigí le do chlúanaidheacht bhinn,
Níl ní air bith is fearr ná an réidhteach agus déanamuid é in n-am,
'S an méid a bhí eadrainn sa gcúis sin bíodh sé múcta le lionn.



Siúd í slainte mhná Eóin Uí Ruairc,
Líontar dhúinn thart lán an óir fágcuairt,
Ól go tapaidh é, óbh óbh! agus léig thart é,
Ní fhágfa mise an áit so seal míosa ná ráithe
Go ndéana mé síochán le saoi na mbriathar grinn.



A Mhaillí an fhuilt fhinn, léig an uair so anois liom,
Bhéarfad bannaidhe maithe cruadha dhuit do thúaith ná do chill,
Nach gceilim féin ar d'aisdidhe léir-mheisnigh mo chinn,
Nísa taoisge ná bheith d'fhiabhrán liom thriallfuinn thar toinn.



Is air a' gcúan so Loch Aillionn a chomhnuigheas an stáid,
Bhfuil a cum glan cailce mar an 'ala air a' tsnámh,


L. 119


Níl sin air talamh séoid air bith is taithneamhaigh,
Sí is deise sí is áille sí is breaghachta ins gach am,
'S gurab í cíonaídhe ban Fáil uilig í, Máire an chúil fhinn.



BRIGHID NÍ'C FHEORAIS



A théagair agus a chuisle, ná tréig-si choidh' mise,
B'fhéidir go dtiucfadh grásta ó Chríost,
Go mbéinn-se agus tusa i n-éanacht gan tuirse,
A's nach tú d'fhágaibh osna thrí lár mo chroidhe.
Ní fhéadaim-se codladh aon oidhche go socair,
Acht a' smuaineadh ort-sa do ló agus do oidhche;
A's lér mo bharamhla is tú an féirín fuair Paris,
Ó Bhénus air ar sgriosadh go bráth an Traoi.



A Bhrighid bheag dheas, a bhéilín meala,
Lé'r baoruigheadh leat-sa fearaibh Chrích' Fáil,
A's gur éifeachtaighe gach stair dhá léightear dhúinn air dheise:
Venus, Juno, Apollo, a's ná Déirdre an áigh.
A sgéimh súd 'sa maise i n-éanacht gan easbhuidh
Is léir liom go deimhin gurab agad-sa atá:
Méara crúaidhe deasa is tréithigh a shinneadh,
An réidh-phort cliste air chaoin-chruit sháimh.


L. 120


Tá na céadta fear cliste i n-éclipse air misge,
Sgéul é nach gceileann fáidh ná draoí,
An méid úd gan easbhuidh 'g éagnach a leathtrom',
Fá bhé dheas na mbachall bán agas buídhe,
Sí géagán na mban í, bréagán na bhfear í,
Géag aig a mbíonn taithneamh, cáil agas gnaoí,
Mhéadaigh ar smál agus laghduigh ar ngean,
Do dhiaigh-se le seal ó d'fhágaibh tú an tír.



Tá m'intinn air mearbhall agus m'intleacht dhá dhalladh,
Le trom-chian ré fada do ló agus dó oídhch',
I ndiaigh do bhinn-bhriathra blasta, na gcruinn-chíocha geala,
Na gcíabh-fholt breágh daite is breáchta ar bith píob.
Do ghrís-leaca tanaidh bhéarfadh fáothughadh do lucht galair,
d'fhágais pían mhór air fhearaibh tráth do do dhíth,
Más binn libh le n-aithris sí an fhírinn a chanaim,
Nach aoibhinn don talamh air ar tharla sí, Bríghid.



Sí Venus na finne an péarla maiseach leinbh,
Agus feuchadh gach duine an chúis mur is cóir,
A's gur ina h-éadan tá'n lile, geimhreadh na gile,
Dréim an tsaoghail ré buile, spairnigheacd ris an rós,


L. 121


Feuchaigid sibh-se comhrac na deise,
An báire ní chaillfidh an rós dá deóin,
Buaidh ní thiubhraidh an lile, a Dhia nach cruaidh an imirt,
Gluaistear ris a nglaise, a gruaidhe, mar an rós.



SEÁN Ó HAIRT



Racha mise suas an uair seo gan bhréig,
Mar a bhfuil an sagart geanamhuil, barramhuil de uaisle Gaodhal:
Fear óg, saoitheamhuil, tapaidh, fear lé'r sgaoiltear gasraidh,
Is air Sheán Ó Airt ó cheart a labhraim féin.



Fear don aicme scapadh fíon go réidh,
Agus líonfadh thart go fras do mhac a' cheoil a's léighin,
Dá mbéinn sa Róimh mar b'ait liom, a's bíodh mo bhóta ionghlactha,
Is fíor go ndéanfainn easbog mór dhíot féin.



Stíobhard ceart air Mhac na glóire é féin,
Go mbu bhúan é i bhfad is mac don ord é go léir;
Níl fear, níl bean, níl leanbh a bheith air easbhaidh teagaisg,
Nach leigheosadh a n-aicíd le glór binn a bhéil.


L. 122


Agus is léigheas do phreab air aicíd glórthaí a bhéil,
A phléaróid dheas, is maith do bhóta thoil Uí Néill,
Níl sin uair na trá dha bhfuighinn úain air chách,
Nach n-ólfainn suas gan spás do shlainte bhreágh shéimh.



BLACKY.



Ní shníomhfa mé barrach ná líon,
Ní bhainfe mé choidhche dhá shórt,
Ní ghuidhe mé absdal ná naomh,
Acht mallachtaí do oidhche agus do ló,
Mo ghlúine aig sagart ní ísléad,
Acht mar súd a choidhche go deó,
A's ciabí ghoid Blacaigh san óidhche,
A pheacadh a choidhche fá n-a scóig.



Chuaidh mé go Sacsanaigh an Bheárla,
Agus thugas go hÉire an chúairt,
Ní bhfuair mé mac-samhail mo chré,
I mbaile dhá dtéidhinn 'un cúain.
An tobac is measa fán ngréin,
A's cuir ina bhéul é suas,
Chuirfeadh sé deatach go haér,
Agus blas meala air gach aon toit úaidh.


L. 123


MÁIRE NÍ 'gUIDHIR



Mó léan is mo chrádh gan mé is mo ghrádh,
I ngleanntán áluinn sléibhe,
Gan neach dar gcáirde bheith lé fáil
'n áit air bith dár ngaobhar.
'Rí na ngrás, god 'ní dhom trácht ort,
A chiúin-bhean náireach bhéusach,
A's gurb é do ghrádh-sa tá thríd mo lár,
Ina shaigheadaibh cráite géara.



Moch air maidin ghlúaiseas a n-ainnir,
Agas a cúilín a' casadh léithe,
Mur rósa drithleann tá sgéimh an leinbh,
A's gach ball dí teachd ré chéile;
A taobh mar an gcriostal, a béilín milis,
Dair liom budh bhinne na guth téuda,
Is séimh a leaca, a brághaid mar a n-ala,
Agus a grúaidhe air dhath na gcáor-chon.



Luim' a's léan agas díobháil chéille,
Air bhúachaill éadrom ró-dheas
d'íarfadh spré air bith ré na sháich a chéile,
Acht síneadh síos dá pógadh.
'Ar brígh mo bhaisde b'fhearr liom agam
Cailín geanamhuil spéireamhuil,


L. 124


Ná lán na leaptha do stróinse caile,
A's nár bheag a díol den fhoghnamh.



PÓL MHAC AINDRIÚ.



Mac Cába cct.



Céad míle fáilte roimh fhear ólta gach sláinte,
A's god-é sin don té sin atá i Lonnduin,
Fear bhréagadh bean mhánla, fear feasach air gháire,
Fear a léimfeadh go láidir air phleancadh.



Fear íoca ar son fíona a's a dhórtadh sa ngríosaigh
Mar n-óladh gach aon aca $bumper;
Sé an marcach, an daimhseóir, an pionsóir, an cainnteoir,
An plandóir gan amhrus air chabhlach.



Sé lóchrann na tíre é, ó Mhumhain go Dún Fhaoine,
Ó bhun Chnoc na Síthe ná go Málainn,
Ó Chorcaigh go h-Aintrim a's go geataí Chluan' Tamhnuis,
Agus go losgar na dranduill nach n-ólfadh.



PÓL MHAC AINDRIÚ.



Ceist air fhearaibh Éireann i mBéarla ná i nGáodhleig,
Ná na h-eolgaigh a léigheas a h-ughdair:


L. 125


Fear dhéanta na n-uathfás, fear tréan ar gach cruadh-chás,
An dé-mhac le luaidhtear gach stáid-bhean.
Fear rúsga gach báire, fear tréan nach bhfuair náire,
Sé is súgaigh agus thig slán as gach gleáradh,
Go bhfuil a spiorad chó cródha ré Goll mór mhac Móirne
Ní fhéadann fear spóirte air bith a shárughadh.
Sinntear na ceólta agus líontar na stópa,
A's béidh sinn ag ól leis gan amhrus:
Nach do Phól bhreágh Mac Aindriú horduígheadh ó lán-cheart,
Cead síonsa agus spóirte gach aon-lá.



PEIGÍ NÍ CHORCÁIN.



Is nach aoibhinn don scafaire bhéus dá mealladh,
Planda leinbh na mín-chrobh bán,
Sí grádh agus spéis do úaisle grinne, cailín suairc na
gruaige finne,
Súd é mar deirim a's nach orthí is mian liom tráchd.



Dá mbeith an réim so linn aig gáodhlaibh mar budh chleachtach
Ní fhéadfamuis-ne codladh do oidhche ná do ló,
A shúil bhréagh mhómhail mhór na glaise, a bhéilin ceólmhar,
oide gach tuigse,
Peigí dheas na bpéarlaí, séan ort agus ádh.


L. 126


A chumhal na bprionnsaí Spáinneach, lúb na dtrilsí fáinneach,
Moch líontar fíon dúinn agus bíodh-muidne choidhche
a sláinte dá ól,
Nach méanra dár gcineadh an t-áilleacán leinbh,
Fuair barr sgéimh na cruinne, nach í is coinsiasaigh cáil;



Craobh an áigh a's í fá bhlá uile, gruaidhe gan smál sí is finne ghrinne,
A lúb an tséin, a phlúr na nGaodhal in-uaisle i gcéill 's i gcuimhne,
Nach shin prionnsaí as gach réagún i gcampa re chéile,
Fá'n ainnir gheal shéimh Ní Chorcáin.



SEON JOHN.



A óig-bhean mhín, fóir orm, déan fóill, na síl, och! mo chur
don tsaoghal,
Is leor mar taoim creapailte aig an mbás,
Nach mé tá gonta, greadhta, sgearta,
Aig saigheadaibh ó do ghrádh.



Ó rinne tú an feall agus nach dtiucfa tú liom,
Mar dubhras riot air maidin, síos fán ngleann,
Sgaoth bhuan mhallacht agus cruaidh-fhortún deacrach,
Mí ní mhairfead is mé Seón John.


L. 127


Óig-ghas na ndlaoi ór-chasta buidhe,
Is brónach atáoim toiteartha gan bhrigh,
Mar bhíos gach uile dhuine as eolus na sligheadh,
Nach mé tá 'moladh cruithneacht' ór-bhuidhe an ríogh.



Tá tú binn, súgach, geanamhail, grinn,
Múinte, maiseach, rathamhail, maórga dair liom,
Is tú mían gach maise, is tú riar gach flatha
A righ-bhean, is leat an t-ubhall gan roinn.



Dair a' Domhnach má 'nír béad-sa go bráth,
I gcomhgar na slígheadh mar mbíonn a' torrann fán,
Mo luíghe, mo shuidhe, mo sheasamh ag éisdeacht na n-árd,
Faire, faire fúd, a mhaighdean bhán.



A's go mbéinn-se trí oidhche gol sínte air sdól,
Chugad agam gach am, och! go moch ná go mall,
Agus nach aoibhinn an fhaill,
A shiúr 'nach rachfuinn leat anunn thar a' tuinn.



CAITRÍONA CROFTON.



A stór na mbeach is ro-bhreáchta blas ná'n bheoir i dtaisge i gcumhdach,
A's gurb é do phóigín meala dhéanfadh óg don tsean go
cróganta, cliste, lúthmhar.


L. 128


Níl cóir, níl ceart dár orduigh bean ré bríathra, maise ná múnadh
Nár thóig mo shearc-sa ina h-orla i dtaisge sí an seóide í
lé'r cailleadh na cóigí.



Nach mian liom trácht air sgéimh na mná, shíolraigh ón árdfhuil ónórach,
A's gach dlaoi a' fás dá troillséan tláth mar scairf dó sgáinní
ór-bhuidhe.



A ghnúis gheal, náireach, chiallmhar, chráfach, shúgach, shásta,
shitheoilte,
A's go bhfuil saighead dod' ghrádh dul thríd mo lár, mo
léigheas níl aig leágha ná aig dochtúirí.



A phlúr na meala shíolraigh ón n-einneach, is tú thug treise
air Gháodhlaibh,
A's do ghnúis dheas mar an gcriostal ná'n chailc air phlátaí
péatuir.
Gan tú agus mé a lile air chúanta Shligigh, chúig na sé fichid do
léigibh,
An t-ubhall so dhuit-se, a chnó gan mhilleadh, is tú tús gach gile
ó Bhénus.



'Óigbhean shéimh, a phlúr na nGaodhal dár dhúthach an céim dob'
áirde,
Is tú b'fhearr méin a sduaim 'sa gcéill ná Juno, Venus, agus
Pallas.


L. 129


A shiúr Ríogh Gréag gan tú agus mé i nDún Uí Néill ná i
Nárdland,
'Súgach a bhéinn gan cúmhaidh fá'n tsaoghal a's gur ar dtús
bhí Ádhamh agus Eubha ann etc.



MÁRTAN MAC GIORRA.



"Tá fáilte rómhaibh uile, tá dhá chéad air misge,
Agus cúig chéad ann;"
A's gur aige bhí an féasda b'fhearr a bhí i n-Éire,
Bhí cócairí tréitheach' ón Spáinn ann.



Bhí cáca plúir déanta a raibh naoi dtonna déag ann,
A's dair liom nár bhféidir a cháineadh;
Agus bhí uaisle na h-Éireann a's na Fraince le chéile ann
A's bhí an méid sin air féasda i dteach Mhártain.



Bhí grósa naói míle do lachuin an oidhche sin,
Gan easbhuidh gan íongnadh air bórd ann;
A's naoí gcéad sicín míosa i n-ordúghadh ó'n ngríosaigh
Bhí pean agus trí fichid a' bruith feola ann.



Sé ard-fhlaith is tinne do tharlaigh sa gcruinneadh,
Bhí ceólta dá seinnm le pléasúr,
Uile-ghardas agus bhinneas a's táiplis dá h-imirt,
Do'n áilleacán leinbh dá bréagadh.


L. 130


Air cheann an bhoird éadain bhí cláret agus Geneva ann,
Uisge beatha don tsáoghal a's beoir Mhárta ann,
Ní raibh maith insa méid sin gan fíon dearg ón nGréig ann,
Agus $Shrub sic má 'sé b'fhearr le n-a sásadh.



Is mór an t-íongnadh nachar báitheadh na mílte,
Leis an tuile bhí 'g éaloghadh ré fánaidh,
Agas chúig mhíle óigfear i n-ordughadh go ró-lách,
Mo chreach agus lucht buclaí gan fuigheall ann.



Dul insa ród don gcuideachta mhómhuil
Bhí coinnleóirí órga ina láimh leó,
Bhí Síle dá dtreórughadh air chríonnacht a glórtha,
A's í a' feitheadh air mhór-chlanna gallda:
Sgriostóirí na Fódhla thóig daoirse sa n-eórna,
Lér h-óladh don mbeóir i dteach Mhártain.



IARLA MHAC ÁDHAIMH .



Togh do mhian agus seol do chiall,
Mar d'ordaigh ríamh na draoithe b'fheárr,
Labhairt gan chían leis an óig-mhnaoi chiallmhar
Do shliocht na n-iarlaí chuaidh le dáimh.


L. 131


Gan bhrón ná ath-tuirse choidhche 'na h-aice,
Is fíor gur geanamhuil a píob 'sa leaca,
Anna, inghin Mhánuis, sár-mhac Ruaidhrí,
An árd-fhlaith shúgach nach n-umhlaigheann brón.



Ní bréag a bhfuil mé a' rádh leat,
A chúl na lúb agus na bhfáinní,
Is geanamhail a béul, a déad 'sa súile,
Is lér liom gur súgach a glór.



Is cóir dhamh smuaineadh gurb óigfhear críonna,
Shanntuigh inghin a n-Iarla Mhac Ádhaimh ;
Mórga, síonsamhail, cróganta, croidheamhuil,
An leanbh breágh dílis chuaidh le dáimh.



Hanraí mac Shéarluis', sé tá r m'aire,
Dhá mbudh dual bheith tréitheach, méanmhar, tapaigh,
Thug ó na ríogha gach síonsa dá ngluaistear,
Is dual d'inghin na ndraoithe is fearr.



d'ólfainn do shláinte dá mbeith fíon in mo láimh-se:
Go mbeannuighe Dia an días sin,
Anna agus Hanraí; lastar an píopa
A's líontar an dram.


L. 132


TOBÓID PADHTON.



Tá cailín aerach aig Tobóid Padhton,
Ghoid mo ghné uaim a's mo shnuadh;
Air casadh a céibhe, a rosg mar fhéar ghlas,
Go gcuirfeadh sí na céadta i n-uaigh.



Bíonn sí seal mar Bhénus seal mar Dhéirdre,
Lán don fhéile mur bhí Guaire:
Thar mur déarfainn mallacht Dé dhuit,
Mur leaga tú do bhéal tanaidh anuas orm.



Air éirígh dhamh-sa maidin drúchta,
Le ceiliúr cumhrtha na n-éanlaidh,
Facthas damh-sa, léir amharc súla,
Go bhfaca mé mo chéad-searc.



Mur dtige tú a's gealladh dhamh-sa,
Gur tú bhéas agam mar chéile:
Bath na Mumhan a's a bhfáil na gcúplaí,
Nach nglacfainn thú roimhe mar fhéirín.



A Bhrighid óg bhéasach na mbachall carn,
Is dubh-chroidheach táim' do dhiaidh-se,
A's gurb é do ghrádh-sa tá thríd mo lár
Ina shaigheadaibh cráite géara.



A mhéin is áille, god do-ní dham trácht ort,
A's nach n-innéasainn go bráth leat do thréathra,


L. 133


A chraobh a n-áigh is ro-chumhrtha bláth,
Fortaigh ar mo chás má fhéadair.



A Bhríghid óg mhánla, tabhair dham do lámh,
A's tearraigh trá do m' fhéuchaint;
Gur tusa an stáid-bhean chuir na mílte 'un báis,
Agus go dtug tú bárr air Bhénus.



AN TSIDH BHEAG AGUS AN TSIDH MHÓR.



Imreas mór tharlaigh eidir na ríogha,
d'fhás ón dá chnoc síthe:
Sé dubhairt an tSidh mhór go mb'fheárr í féin,
Fá dhó go mór ná'n tSidh-chnoc.



Ní raibh tú riamh chó úasal linn,
I gcéim dár ordaigheadh i dtuaith ná i gcill,
Beir uainn do chaint, níl suairceas ann,
Coinnigh do chos agus do lámh uainn.



Trá do chruinnigheadar 's ansin bhí an bualadh teann,
I measg na machairí anunn 's anall,
Níl duine dár tharlaigh ariamh ón mbinn,
Nár chaill a cheann sa n-ár so.



Páirlidh! páirlidh! failtighim daoibh,
Sin agaibh a' námhaid ó Charn Chlann-Aoídh,
Ó bhinn Ach-Chlúain na slúaite díobh,
A's a cháirde grádhach, bídh páirteach, etc.


L. 134


PLÉ-RÁCA PHADHTON.



Láimh leis an gCéis tá'n siollaire sásta,
Tobóid óg Padhton isé tá mé rádh:
Is uasal 's is saoitheamhuil is grúagach 's is gnaoidheamhuil,
Ní léigfeadh sé a mhasladh choidhche air cáirde.



Go mbu búanach é agus saoghlach ina shláinte,
Ó fuair sé buaidh air a námhuid:
Dá sgiúradh dá ngreadadh dá mbúaladh a's dá lasgadh,
Más le cloidheamh bata nó lámha.



Bromaígh dhá gcíoradh do ló agus do oidhche,
Agus bhainfeadh as buic dhíomasach' léimneach;
Na céadta fíona dá n-óladh na saoithe,
Sé Tobóid óg Padhton do dhíolfadh.



SEÁN Ó DÉIGNEACHÁIN.



Bhí mé trí ráithe i gcathair na hEasbuirne,
A' síor-ól sláinte Sheáin Uí Dhéigneacháin;
Ní air bhláich acht a' carnadh fíona a's saic,
Tabhairt óir na mháma do mhná agus do phíobairí,
Bhí mé seal don tsaoghal a' déanamh alicmeata,
Faoi bhun géige craoibhe firdhrise,


L. 135


Budh bhreágh mo ghléus, bhíodh méad mar phuinse aguinn,
'g ól sláinte an té nach dtréigfeadh a mhuintireas.



Nach sguabach, fáinneach, bláth-dheas, clannógach,
Dualach, dealrach, barr-chas, camógach:
Trá suain do chách is gnáthach a bheith trioblóideach,
Fá do ghradh-sa táim cráite agus ní brionglóideach.
'Ainnir an chúil óir, chuir smuit air go leór,
Do shúil ghlas, do dhéad cailc' a's do chúl fras go bróig,
Air dhúithche Uí Mhairinn má's cúis í a mbeith gar ann,
Tá mo shúil a choidhch' riot-sa go bhfághá mé dóigh, etc.



SEABHAC BHÉAL ÁTHA SEANAIDH.



Is truagh gan mé a's géag na bhfáinneach,
Air oileán na gcraobh nó láimh ré Árainn,
Gan duine bheith dár gcóir dh'oidhche ná do ló,
Acht feidil air bórd aguinn agus táiplis.



Gan neart aice fuireann dh'árdughadh,
Ná áoinneach do chuirfeadh focal inna dáil sin.


L. 136


Go moch agus dh'óis íseal bhéinn-se dá mealladh,
A's dá beathúghadh lé fíon na Spáinne.



Tá sgáth na h-éclipse innsa n-áit so,
Lán de chéill a's de bhriathra sásta,
Nach ndeárna stór ariamh go fóill,
Acht an t-ór a phronnadh 'na mháma.



A súil mar dhrúcht ré dealradh,
Cosmhail í lé naomh as Párthas;
Dair liom féin gur tú réalta na maidne,
A's tá gach duine i ngrádh leat.



Siúd í an féirín deá-mhná áille,
Ó Chonair Uí Raighlle go Sléibhte Uí Mháille,
An ríogh-bhean óg is aoibhne glór,
Nach air inghin Uí Mhórdha thráchdaim.



Gaol na mBríanach láidir,
Ós íad nach leigfeadh a gcíos air cáirde:
Planda an tséin a's na gcraobh-fholt daite,
A's nach tú atáim a ráidhte.



Nach méanra don té d'fhéadfadh a mealladh,
Géag na mbachall fáinneach,


L. 137


Gaol na ríogha anúas ó Theamhair,
Shíolraigh ó Chonall Cheárnach.



Molaim thú féin fá'n réim sin ghlacais,
A dhé-mhic thapaidh Mhánuis,
Is tú seabhac na h-Éirne a's Bhéul Áth 'Seanaidh,
Is mían croidhe gach mná thú.



Sé an sneachta bhí i lár do chléibh do chlaoi mé,
A chiuin-bhean bhéasach do réub na mílte:
Croidhe gan chruas tá lán don trúaigh,
A's líonta súas don gcaoin mhaith.



A ghile gan ghruaim gan mhío-staid,
A mhilis-bhean úasal chaomhúil,
Rachad insa n-uaigh mar budh dúal do m'aicme,
Mur dtige tú seal go dtí mé.



Tá a cum gléigeal mar ghné na h-eala,
Ag éirghe insa tsnámh,
A's a dá fholt chráobh-ghlas a' fás go talamh,
A's a mbárr a' casadh na bhfáinní.



Thug sí bárr sgéim air mhnáibh na cruinne:
Ó Venus as ó Dhéirdre,
'Sé shilim féin gurab í réalt na maidne:
A's go mbíonn gach duine i ngrádh léith.


L. 138


Tá cuach Bhinn Éadair ag éaló linne,
Síos 'un a' Bhealaigh Mheánaigh,
A's seabhac na hÉirne teacht dár gcoinne,
I n-imirce luath na Bealtaine.



A mhúinte bhéasach, a shéimh-bhean shoineanta,
'Sí cuach ó na pilleadh is áille,
Níl éan insa domhan is binne glór,
Ná cuach air bhile an gháirdín.



COIRNÉAL NUINSEANN.



Fáilte romhat, a spéir-bhean fa'n taobh so don chló,
A Bheittí inghín Shéamuis le mbéidhmuid ag ól,
Air do chuairt bhreágh go haerach, beidh slúaite go léir linn,
Gloiní dhá réubadh agus téadraí dá ndó.
Is mían le n-uile dhuine insa tír so dul air buile,
Laghdochaidh ar mbrón agus méadochaidh ar ngleó.



'Ainnir dheas na gcuach na, ndual a's na ndlaoi casta,
Tháinic fá n-ar dtuairim an uair seo ón Mídhe air fad:
Is tú maighre an chúil ómra agus a' gréagan sa tseómra,
Bréagan Naomh Proinsías, nach í is coinnsíasaidh cáil.
Súd mar táim féin duit, a dhé-bhean is binne ghrinne glór,
Lán do do spéis taoim a gheúg na bhfolt fáinneach.


L. 139


Nach í is righne rosg a's is aoibhne bos, píob agus fos,
Agus nach n-ólfainn fa thúairim do shlaínte,
Líon súas na $bumpers tabhair deoch gan chundar dhúinn,
Má tá nach iomchubhaidh an cleas, téamuid-ne i gcuntabhairt leis,
Méadochaidh ar ngleó agus beidh sláintí dha n-ól,
Aig a' Nuinnsionnach bheusach as Luighne na só'.



BEAN CHROFTON.



Is mian liom trácht air óig-mhnaoi,
Agus dair liom féin gur chóir sin,
Madam Crofton súgach geanamhail,
Bean lé'r bh'ionmhuin ceól.



Sí do líonfadh an dram dham,
Gach oidhche gach uair a's gach am ceart,
Leanbh deas na gcam-dhlaoi,
Is úasal agus is ceansa cáil.



Mar tá Beiti shéimh na gcraobhfolt daite,
Is geal a píob, 'sa brághaid gheal,
Is deas a déad, is séimh a leaca,
Sé déarfadh síol Eubha,
Gur binn beacht, grinn ceart a chanas sí gach ceól.



Cailín báidheach, cráfach, cliútach,
Bean lérbh fhearrde a cáirde súgach:


L. 140


Ní bhfuighe éinneach bás don tart,
Bhéas a choidhche dá cómhair.



Is fíor gur naomhtha an duine
Fuair mar chéile ise;
Sábháil Dé air an gcúpla shéimh,
Gach oidhche a's gach lá.



SEÁN GLAS.



Dá bhfeicthá-sa Seán Glas a's é dul un aónaigh,
Agus gradh gach leinbh i mbrollach a léineadh;
Sé deir bean ba dheise "dá bhfeicinn é i n-éanachd:
Go bhfágha mé mo mhilleadh gurb é súd mo chéile,"
A's a chailíní an tsléibhe, sin agaibh Seán Glas.



Ní ughdar gan dánta ní cláirseach gan teuda,
Níl easnamh inna chnámha gan bhearnadh le bréaga,
Níl ann acht fámuire fágadh gan chéile,
Má bristear a chnámha níl fá dhó a sheunadh,
Is a cáilíní, etc.



Dá bhfeiceadh sibh Sailí agas í dul an aonaigh,
Bróga daite agus napuran gléigeal.
Sé is samhail di Bhénus géag na rosc glas,
A's a gruaidhe le lasadh agus a leaca mar na caora,
Is a chailíní, etc.


L. 141


ÉAMONN DODUEL



Go mbu slán duit fá bhruach an chuain,
Mur bfhuil an suairc-fhear Éadurt
Doduel sáimh nach gnáth fá ghruaim,
Oidhche ná ló,
Comhrádh sáimh a's ráite cliste,
Chuirfeadh sé cách stáll air misge;
Is móide m'ádhbhar aig mársáil aige,
A's déanfad go bráth.



Croidhe gan sdró i stuaim 'sa dtuigse,
Planda uasal, lúthmhar, meisneamhail,
Súd mar tá sé, fáilteach, súgach,
A's go bhfuil an chóige lán dá ghrádh.
Nach mór an sgéal é luíghe leis féin,
A's na mílte spéir-bhean mhúinte bhéasach
Súil ré Éadurt theacht dá bhfeuchaint
'Tabhairt pléasúir dóibh.



SEÁN MAC ÉADUIRT.



Fáilte romhad go Kingsland, a bhinn-bhean na bpéarlaí,
A's a phlanda an chúil chraobhaigh ré mbéidh an tír sásta,
Is deise í ná Bhénus, is gile í na Déirdre,
Sé is ainm di géag na bhfolt fáinneach.


L. 142


An gcuala sibh na sgéala gur pósadh ré chéile
An lánúin bhreágh, bhéusach bhéarfas pléasúr dá gcáirde,
Mar tá Seón óg Mac Éaduirt nach só' iad i n-éanacht,
Go mbuanaigh Mac Dé saoghalach slán iad.



CUPÁN UÍ EAGHRA.



Dá mbéinn-se amuigh i n-Árainn,
Nó i n-Árland na séud,
Mar ngluaiseann gach sár-long
Le cláiréad a's le méad,
B'fhearr liom mar shásamh,
Agus fághaim é dam féin,
Cupán Uí Eaghra
Agus a fháil lán le mo bhéal.



God-é b'áil dam dá chur i gcéill,
A's a liachta ádh maith na dhéidh,
A's gurbé deir ollamh na h-áite,
Dair mo láimh-se ní bréag:
Toirdhealbhach Bhriain ádhmhuil,
Tearraigh tráth fá mo dhéin,
Go n-ólam as an tsár-chupán
Sláinte bhreágh Chéin.


L. 143


BEAN UÍ EAGHRA.



A ghéag dheas, mhaiseach, mhúinte.
Aig a n-umhlaigheann duit - ní bréag
Righ-mhic na Mumhan
A's fir shúgach Chóige Laighean:
Sé faision na cúirte
Bheith 'cur umhlaigheacht dhuit i gcéill,
A's go rithfinn air mo ghlúine
Dod' chúiteadh, a bhean shéimh.



PLÉ-RÁCA AN RUARCAIGH.



Líon an soilér mé' dhúinn tá lán don mel a's don bhfíon mhaith
Go n-ólam sláinte an Ruarcaigh air a' gCeathramh Chruinn
mar taoí,
Sliocht na bhfírean aigeantach sgoilteadh barr don ngaoith,
I n-éan mhodh amháin mholaim é, mar an brubh tá air a' gcráoibh.



Ghluais Ó Ruairc a's a shlúagh a' seilg fa Ghleann-na-smól,
A's a chonairt dobhí beul-bhinn dob' ard a ngleam a's a ngleo,
Bhí óamra air fhearaibh fíaigh ann a's íad falaighthe lé lásaí óir
A's búdh é féin ardrí Chonnte Liathtroma dá seasaidhe dhó ceart cóir.


L. 144


Fuair na Ruarcaigh onóir i bPárthus a's tá 'n ghlóir dóibh ann dá
léigheadh,
Sliocht na bprionnsaí Caitliocach is mó fúair cliú agus céim:
Fíor-scaith mhullaigh Chlanna Míle, mar sé a n-aithne atá mé
sgríobh,
Is díobh Frainc Ó Ruairc, an aghaidh ghlan, thug barr-shlat air
uaisle Gaedheal.



Ard-leomhan na Ceathramhan Cruinne gur mathraigheamh sic dho
gach céim,
Brainse don fhíor-fhuil thug buaidh air scaith na nGaodhal;
Sé chanas gach ollamh go raibh ríogha aige i bpáirt,
A's ó d'éag sin, Guaire, i nÉirinn sé Frainc Ó Rúairc tá i
n'áit.



A Néill óig Uí Ruairc, fuair ceannas i dtús gach slúaigh,
Lé do sdúagh-eachraidh rúadh 'sa ndealradh air dhath a n-óir;
Choinneadar cliú na hÉireann a's bhúailidís Sacsanaigh fá dhó,
Níl ceárd don ríoghacht dár ghlúaiseadar nach n-orduighthear onóir dóibh.



Tá a gcuid sríanta rite d'airgiod a's cruidhthe a n-eachraidh
buailte d'ór,
A gcuid diallaideach tarnaighthe ré sgáinní don bhúidhe-shróil;
Tá láracha air stáblaí geala aca léis buaidh ón Spáinn do thabhairt,
A's dh' inneóin a bhfuil beo agus marbh thug Ruarcaigh an
chráobh leo.


L. 145


COIRNEÁL Ó hOIREAMHAN.



Racha mise súas air cuairt gan spás
Fá dhéin an ór-fhlaith uasail sháimh:
Coirnéal Iúrún fá bhrúach na trághadh,
Sé sin Seón gan amhrus.
Coirnéal Iúrún a réubádh balla,
Is minic a féuchadh é a' réiteach bealaigh;
Líontar dúinne canna leanna
Ná go n-ólam súas a shláinte.



CAITRÍONA NÍ NÉILL.



Och! och! a chúilionn, na rosca socair, suaimhneach,
Lé'r bhrosdaigh tú gach lúath-bheart thrí lár ó! mo chroidhe,
Nach bocht, bocht an chúis dam bheith anocht mo dhúsacht,
A's gur ro-mhoch a dhúsaigh tú mé i lár a' mheódhain oidhche.
'Líachtaigh coirpe cruite cluantach an fheill truaillidhe
dlúth-chais,
Lé'r choisg tú orm súgradh, gáire agus gnaoi,
A's gurb é do chruth sleamhuin, snua-dhaite sgoilt meabhair m'úaisge,
Anois más 'un rún dhuit mé, a ghradh geal mo chroidhe.



Tuig-se féin, a sduagh-bhean, nach ionann duit duine uasal,
Agus bodach a mbeith grúaim air gan chaint ná gnáoi,


L. 146


Caiple ná bó'aibh, ní bhíonn siad búan,
Nuair théas an fuacht 'na shean-rith fríth.
Ní beag súarach saidhbhrios na húaire so,
Ainnir na gcúach-fholt is ró-bhreágh gnaoí,
Ní hé sin féin don úaisle ní heagal teacht anuas dhi,
Go dteaga cluiche crúaidhe na nGall dá gcláoidh.



CITI NÍ EAGHRA.



Is gadaigh é an bás a's chráidh sé croidhe dá chruas,
Mise in mo lár gur fhágaibh chó dubh leis a' ngúal:
Níl ionnam acht sgáile mar tarnóchaidhe duine as a n-úaigh,
Feasda le mo ré, tá mé lán don ngean air an bhfuath.
Dá bhfeictá í indé a's í 'léis an bás dá claoidh,
I gcómhnra ghlan, cháol, réidh ó láimh an tsaoír:
Cum geal caoin gan sméith ná smál air a 'tsaoghal,
'Sa brollach geal, gléigeal mar séidfidhe sneachta le gaoith.



Aon amharc amháin dá bhfághainn air Chití na gcúach,
A's a fáil faoí na láimh agus spás budh giorra ná uáir
...
Agus cead troide ris an mbás go bráth ní leigfinn í uaim.
Is iomadh bean bhán d'fhágaibh a fallainn na diaigh,


L. 147


Ó mhullaigh an chnuic árd go bárr an mhachaire réidh,
Nílim-se slán a's go bráth ní abraim go mbéidh,
Ó choinic mé an lá i n-ar fágadh Cití sa gcré.



Is iomadh bean mhánla air árd an chnuic údaí thuas,
Bhfuil a folt tarnaighthe 'sa lámha greadta go cruaidh,
Faoi Chiti Ní Eaghra, an stáid-bhean bhí soineannta, suairc,
Mo mhallacht don mbás rug ainnir na ngil-chíoch úainn.
Tá'n t-aer air buile a's an tSionainn go léir fa ghrúaim
Fa éag an leinbh bhí soineannta sáimh bhí súairc:
Craobh a n-einnigh ó Innis go Beárnúis Mhóir,
Sé mo léan é mar d'imthigh sí, Citi Ní Eaghra uaim.



NANS NÍ AIRT.



Sé mo chreach a's mo dhíth nach bhfuilim a' gníomh,
Mar Hector mac Priam budh tréine,
Ná mar Alastrun an rí fuair ceannas os gach crích,
Agus do ghaisge an tsaoghail bhain géilleadh.
Is dearbhtha an gníomh gurab agam a bhéas sí,
Ó a maireann fá luíghe na gréine,
Agus nach peacadh dhuit, a naoí, lér chuiris fá shlighe
Í, an taithneamh thar na mílte péarla.



Paris tráth bhíos air mhalaigh Shléibh Gaoil,


L. 148


A's é a' faire air gach aon dá thréada,
Go bhfaca sé an tríar ban chuige san tslíghe,
Siubhal chuige thrí lár na spéartha.
Anna dá mbeidheadh 'na seasadh insa tslíghe,
Agus í bheith inna léinidh,
Go seachodadh dhí an dearg-ubhall sidhe,
Bhainfeadh an t-anam don mnaoi dár Bhénus.



Breathnuigh, a naoí, gur cleasach é an sáoghal,
A's má mealladh thú dhíol mé in d'éiric,
Mo mhalairt-se má 'nír béidh mallacht na naomh,
Do mhnáibh go búan dó dhéidh-se.
A Mhuire, cia'r bh'íongnadh dá n-imíghinn un sgaoil,
A's a bheith 'g eitiolla' mur 'nídh na héanlaidh,
A's gur fá n-a samhail do mhnaoi throid an dá laoch,
Cúchulainn agus Cúrí re chéile.



Air a n-ainnir a d'fhás na ramhar-fhoilt bhreágh'
Dhéanfadh fasgadh agus sgáth do chéadta,
Seasadh gan staon, is glaise ná'n féar
A rosc, 'sa malaigh mur an snáithe is cáoile.
Laige chrobh atá gan alt air bith ná cnáimh
Baint mhaise do bhlá na sméara,
A's go gcaille mé an lámh dá ngabha mo pháirt,
Go rachainn don Spáinn dod' bhréagadh.


L. 149


Beannacht leat arís gidh ní sgaradh leat atáoim,
Air fhlaitheas nach sgríobhaim bréaga,
Acht gach fáidh agus draoí bheith sáraighthe dhíot mar táoim,
Mar sganraigh tú a sgéimh 'sa ngníomh iad.
Constantia a' taoim sic agus Cynthia arís,
Penelope, Bláthnuid agus Déirdre
A's ó tá m'anam riot i bpéin is truagh nach bhfuileam air aon
Air hallaí mar chlann ríogh na Trácia.



Is duine mise bhíos le seachrán an tsaoghail,
Agus dearbhaighim go mbím seal báortha,
Easbhuidh an dá láoch atá i dtalamh faráor,
Thiomáin mé don taobh so do Éire.
Acht mo mhallacht a choidh' don tsagart so thíos,
Sé chuir mise 'déanamh pléidhe,
Le Anna más fíor níor thaitin mo ghníomh,
Mar d'aithin sí míle bréag ann.



PLÉRÁCA AN PHLAINCÉADAIGH.



Sé Séumas óg Plaincéad, prontóir an-fhíona,
Fúair oideas air spóirt air cheólta a's air aoibhneas,
Air Laidin a's air Bhéarla a's air Gháoidhléic bhreágh líomhtha,
Grádh na mban óg é an t-óigfhear saothamhuil.



Is fearr ná sin féin a mhéin a's a mhaitheas,
Guaire mór thug búaidh ins gach $action,


L. 150


Go mbu fada sáoghalach beó é gan bhron air bith ná easbhuidh
An ard-fhlaith mhór bhéurfadh ól fada do ghastraídh.



A' gcuala sibh tréathra an tréan-mharcaigh shúgaigh
Mar tá'n Plaincéadach gléigeal, bréagh, éadrom, lúthmhar,
Sé dubhairt gach maighdion bhéusach a mbíodh na céadta dhi
ag umhladh
Mo léan gan mé a's tú mar aon air ar nglúine.



BRIGHID NÍ'C FHEORAIS.



Mo chreach! mo dhíth a's mo sgalladh croidhe!
Gan mé mo rígh mhór air Éire,
Ní i ngeall air mhaoin ná saidhbhreas sáoghalta,
A's ná cáoirigh míne 'na dtréada,
Acht i ngeall air chaoin-bhean na mbachall buidhe tais,
Bu deise gnaoi agus feuchaint,
Dhéanfad marbhadh daoine agus sladadh tíortha,
Mar bhfagha mé Bríghid óg le bréagadh.



A Rí na ngrásda nach cruaidh an cás sin,
An ghaoth 'sa' bháisteach bheith in m'éadan,
A's nach dtugann an stáid-bhean gean ná gradh dham,
Mur bheir mná mánla dhá gcéile.
Acht tá cách dhá rádh liom go bhfuil fear san áit so,
Is míle feár léith ná mo leithéide,
A's ós mar súd atá sí cuirim cúl mo láimhe,
Le cumann geárr ban Éireann.


L. 151


A Rí na ndúl nach gartha an chúis so,
Chuir an bhean bhreágh uasal i gcéill dom,
Bhain mo shnuadh dhíom agus mo lúth,
Agus mo choiscéim lúthmhar éadrom.
Mo léan! a shiúr bheag, gan mé a's tú,
Fa choillte dlúth' na hÉirne,
A's gan de leabaidh fúinn acht féar a's drúchta,
Agus duilleabhar cúmhrtha mar éadach.



SÚSAÍ NÍ CHEALLAIGH.



Is i mbarúnta Bhaile Átha Lúain,
Tá'n chiúin-bhean bhreágh bháor mé,
Súsaí shéimh Ní Cheallaigh,
Plúr na mban Gáodhlach.
Is righin-réidh a rosg, is ro-bhreágh a folt,
Agus is seang, singil a cum gléigeal;
Ní bréag ná stair adúbhras leat,
A Shúsaí dheas na bpéarlaí.



Ciabe bhéith sa n-áit a gcomhnuigheann an stáid,
Dob 'fhogus dó a sháich sgéala,
Cruthúghadh breágh air a bhfuil mé 'rádh,
A's go leór nár thráchdas féin air.
Ciabe chífeadh air lár obair a dhá láimh,
A Mhic Muire nár bhreágh an t-aér é:


L. 152


A's níl sin sompla dá áille i dtalamh ná i dtráigh,
Nach dtairneochad sí i lár éadaigh.



BEAN CHÓL.



Is síothamhuil 's is sáimh í is aoibhinn gach lá í,
Planda an tséin nach léar dhith acht spóirt,
Maighre na súl glas, péarla na lúb cas,
Is léith dúisightear an chúirt so ó bhrón.
Cúl na mbachall casta, fáinneach,
Mian gach duine an stáid-bhean chóir,
Is éifeachdach binn í is léidmheach 'un grinn í
Súd í an leanbh shíolraigh ón aicme, san árd-fhuil mhór.



Léir mar deir gach duine éifeachdach i n-inntreacht,
Is tréitheach's binn beacht, grinn ceart a glór,
Madam Cole scafánta í, grinn agus galánta í,
Sí mo mhían thar na mnáibh í.
Níl duine air bith bhíos tinn insa n-áit so,
Mara mbeith sé caillte ó nádúir,
Nach leigheastar insa gcúirt é le tuigsean a chúise:
Líontar glaine a's bíodh 'na haice a sláinte dá hól.


L. 153


BEAN AN LEANNA.



A $landlady na páirte,
Tá'n bás in mo chroidhe ré tart,
Beannacht ríogh na ngrásda dhuit,
A's tabhair cárta eile líontaí 'steach,
Seo $guinea don ór is fearr dhuit,
A's bain féin do reicnáil as,
Súd fa thuairim sláinte
Chúil álainn, mo chailín deas.



A's nach lách, aigeanntach, aérach,
Ghabhas mo ghradh-sa súas an gleann,
Chuala mé liút dhá séideadh,
In m'éisdeacht mar bhí sí binn;
Thóigfeadh sí croidhe bheith báortha
Le guth éadrom a's le glórthaí binn',
Nach truagh leat mé bheith aonruic
Liom féin a's mé air chúl mo chinn.



MARBHNADH OS CIONN MNÁ FEADHMAIDH GORTAIGH
BRIDGET WALDRON LE CEARBHALLÁN.



Gairim a's guidhim thú, a laech, 's na leig Brighid amach,
Nó géarochaidh sí ar ndeoch 's náireochaidh sí ar dteach.
Is iomdha saoi gan locht a dtug sí a bhás le tart,
'S anois ó tá tú i bhfeart: damnadh síorruidhe ort, 's tart, tart, tart.


L. 154


FAINNÍ NÍ CHEALLAIGH.



Is fearr an chiall dam tríall dá taithigh,
Ná bheith air sliabh i lár na lathaighe;
Go bhfeicinn snuadh na hóige,
Fad sarra Uilliam Uí Cheallaigh.



Líontar dhúinne canna beorach,
Go n-ólam sláinte Fainní,
Nuair éirigheas sí go moch air maidin,
Leigheasas sí na mílte peacach.



Nuair a chífid clár na h-éadain ná rud beag dá sgéimh,
Tá múnadh maise, agus mein aice,
A's amharc maiseach, maordha,
Aig an dé-bhean is aoíbhnigh cáil.



Cuach na meala, gruaidhe le lasadh,
Sí tá múinte, maiseach, mómhail,
Do sgéimh gur mharaigh na mílte air talamh
A's dá gcuala do bhinn-ghlór.



Súd í an síogaidh leinbh is úaisle,
An lóchrann naomh a's a chraobh ó fhlaitheas,
Sí is aoibhnígh béul agus déad na meala,
Seóide chum an Tighearna lé sólás agus lé grádh.



Fuair buaidh air fhéile, buaidh air Venus
Dúal di an chraobh 'sa' lóchrann,
Mar $Nightingale air thaobh na gcraobh
Tá i bpárthas na glóire.


L. 155


Is mór an ghlóir don tír í,
Don domhan go léir a chí í,
Planda mór don tsiansa í
Shíolraigh ón daonnacht mhór.



A Chupid bheusach, mharuigh na céadta,
A phlancadh an téad go ceólmhar,
Tá do chliú a's do bhéusa os cionn gath gréine,
I sgéimh a's gach ní mar is cóir.



GRAESI NUINSEANN.



Is mian liom trácht air bhláth na finne,
Grace an ainnir is múinte,
Is í rug barr i gcáil 'sa dtuigse
Air mhnáibh breagha glice ó! na cúigeadh.



Ciabe bheadh na h-aice dh'oidhche 's do ló,
Níorbh eagal dó atuirse choidhche ná brón;
Ag an óg-mhnaoi shéimh is áille méin,
Is í cúl na gcraobh 's na bhfáinní.



A taobh mur aol, a píob mur ghéis,
A gnaoi mur ghréin a' tsamhraidh,
Nach tapadh don té dár gealladh mar spréidh
Bheith aici-si, géag na gcam-dhlaoi.


L. 156


Is suairc 's is sáimh do ráite geanamhuil,
Is áluinn deas do shúil ghlas,
Sé chluinim gach lá aig cách dá aithris,
Gur fáinneach cas do chúl tais.



Siúd mar adeirim leis an óig-mhaoi shéimh,
A bhfuil a glór níos binne ná ceol na n-éun,
Níl sians ná greann dár smuainigh ceann,
Nach bhfaghthar go cinnte aig Gracey.



A lúb na séud is dlúth-dheas déad,
A chúl na gcraebh 's na bhfáinní,
Gidh ionmhuin liom féin thú sdadaim don sgéal,
Ach d'ólfainn gan bhréig do shláinte.



SLÁINTE AN UISGE BHEATHA.



Sláinte an fuiscí tá fial, breágh, folláin,
Is iomadh croidhe marbh do thógfas sé,
Ón rígh go dtí an bacach budh mhían leo bheith i n'aice,
Dhá mhéid a dtaithighe budh mhóide a spéis.



"Fóill," arsan chailleach a's í 'g éirghe air maidin,
Triall un a n-Aifrinn na a dul go dtígh Dé,
"Mur mbeith agam acht píghinn bhéarfainn air naigín
So dhuit mo phaidrín air lán mo bhéil."


L. 157


Dul thríd an gcorrach dhuit, bain faoí go socair,
Ní fearr dhuit a'r fhlocais na' air leabaidh do luighe;
Do luíghe insa lathaigh ó oidhche go dtí maidin,
Ól gloine fuiscí a's bí slán na dhíaidh.



ÓL-RE CHEARBHALLÁIN.



Sul má n-éirighe tú ar maidin bíodh do dheas-lámh úait sínte,
Mur bhfuighe tú do bhuidéal de'n bhiotáilte bhríoghmhar,
Sul má ndéana tú do choisriogadh cuir greadóg fá do chroidhe dhe
Más maith leat sa tsaoghal-sa bheith búan folláin beó.



Éirigh go tapa agus fáisg ort do bhríste,
Ná fan le do bhearradh do ghlanadh ná do chíoradh,
Nó go gcuire tú bog-tharraing fá do sgairteach 's do phíobán
Den fuiscí mar $nectar a choisgeas gach íota,
A's ó mhaidin go hoidhche chuireas ceiliúr in do ghlór.



Má tá moille radhairc ort nó dursanacht in do chluasa,
Gúta in do chosa ná arrainneach' in do ghuailleach',
Dóich in do ghaile nó gread-losgadh fúail ort,
Ól thusa trí h-uaire deoch fuiscí san lá.



An bhiotáilte bheannaighthe choisrig naomh Pádraig,


L. 158


Cé chuirfeadh é i gcomórtas le fíonta na Spáinne;
Le Burgundy na Fraince nó Hock na hAlmáinne
Rum, brandaí, genebha, fíon saic dhá dtiocfadh thar sáile,
Ós ócáid mhór bháis iad a loisgeas ar gcroidhe.



Is íoc-shláinte an fuiscí leigheasas agus shlánaigheas
Gach tinneas agus aicíd dhá leanann síol Ádhamha:
Nil úsáid le dochtúr ná le póitecéirí gallda,
Acht ól thusa lán sgála dhe, gach maidin 's gach neóin.



Glanfaidh do rosg, béir aigeantach úr-chroidheach
Meanmnach cliste 's ní chuirfidh fuacht ort,
Annsin gheobhair codladh, socraidheacht a's súaimhneas,
Ní thaobhfa thú aicíd, tinneas nó búaidhreadh
Go mbí tú deich n-uaire chomh sean leis an gceó.



BEAN AN TRINSIGH.



Is mían liom labhairt ar ógh-mhnaoí shúairc,
Is uaisle gheanamhla gnaoi agus cáil;
Dobhíos insa mbaile tá aig cúan Loch Ríach,
Táim buidheach mar casadh mé láimh léith.



Is aerach 's is tréitheach an mhaighdean bhreagh, sgafánta,
Grádh croidhe na h-Éireann an péarla deas, galánta:
Ólaigidh go tréun 's ná déanaigidh faillighe
Faoi thúairim Fanny inghin Dáibhidh.


L. 159


Siúd í an eala tá aig taobh a' chuain,
'S na sluaighte fear dol a dh' éag dá grádh;
So Fanny dheas gheanamhail na ndlaoi 's na ndual
Fuair buaidh go minic le h-áille.



Nár fhága mé an saoghal ó! go mbí mé go ceannasach,
A' damhsa go haerach a's mé air do bhanais-si;
Fuagraim an té sin a d'iarrfadh choidhche spré leat,
A phéarla leinbh na mbán-ghlac.



BETTÍ NÍ BHRIAIN.



Atá stáid-bhean mhódhmhar i láimh le Bóinn
Mar deireadh gach eólaidhe sár-mhaith:
Sí Bettí Ní Bhriain í, ainnir na gciabh í,
Cailín is dísle gáire.
Cia fiú mé bheith beó mar bhfágh mé póg,
Ó n-a béul mar rós i ngáirdín.
Dearbhaim gan bhréig dhuit dhá mbeitheá san Éigipt,
Go rachainn féin a dh'fheuchainn na háille.



A chiúin-bhean ghrianmhar, dheallmhar,
Siúr Uí Bhriain agus Uí Chárrtha,
Ciabe shuidhfeadh le n-a taobh agus phógfadh a béul,
B'fhogus dó-san saéghal agus sláinte.
Chuir mé dúil i gcúl na lúb,
Lé ar chailleas mo lúth agus mo shláinte;


L. 160


Comhnaidhe ní fhághaim a dh'oidhche ná lá,
Gan a bheith go síorruídhe láimh leat.



A Bhettí na gciúin-rosg, a mhearaigh gach cúige,
A bhfuil na mílte fear i ngrádh leat:
Saidhbhreas na Gréige agus fághaim é ar éan chor,
Go nglacfainn leat mar rogha agus a bheith dáltach.
A phlannda do árd-fhuil agus a shiúir na righthe,
A bhfuil an saoghal i ngean agus i ngradh leat,
Gur samhail thú do Dheirdre, cumann ban Éireann,
A lile a rug buaidh air áille.



CUMHAIDH EOIN UÍ RUAIRC, PRIONSA NA BRÉIFNE.



Dochonnairc mé árus fial agus cuideachta sháimh dhá ríar,
Eaglais a' gárrtha i gclíar go minic agus iad ag ól,
Do shamhail ní bhfaigheam níos mó ón tSionainn sa tslighe go
Bóinn,
Budh geanamhail do mhian air an tsaoghal 's go raibh tú ag Mac Dé sa
nglóir.



Agus tar éis ar éirigh fós do Bhréifne mo léan é! mo bhrón!
Tairgfidhe thigheacht ón sgéula go dtáinig an t-éug air Eoin.
An déigh-mhac Aodh' Uí Ruairc le a gcruinnígheadh na saoíthe an
suairc,
Loch Aillinn lé cumhaidh ad' dhiaidh, ní chomhnuígheann na h-éisg
air cuan.


L. 161


Nach truagh ad' dhiaidh faoi bhrón, eaglais, lucht léighin agus ceóil,
Dearbhaim do bhíthinn na sgéula gurab é phronnfadh na seuda dhóibh;
'Nois an uair nach bhfuilir in do bheo ní cheilfe mé choidhche
an chóir,
'Sé deirthí leat croidhe na féile 's dar go deimhin níor bhréagh sin,
a Eoin.



An tráth labhraim air do cháirdí súas an aicme bhí árd lé buaidh,
Is deighin sic go mbeidhinn féin a' trácht air an iomad
nár náir le luadh.
Dá maireadh fuil árd Uí Ruairc d'imthigh thar sáile uainn
Is fada do cluinfídhe éacht do bháis andeas agus gach árd adtuaidh.



MARBHNADH CHEARBHALLÁIN AIR BHÁS A MHNÁ, MÁIRE NÍ'G UIDHIR.



Intleacht na h-Éireann na Gréige 's na Róimhe,
Bíodh uile i n-éinfheacht i n-aon bheartín romham-sa:
Ghlacfainn mar fhéirín thar an méid sin de na seodaibh,
Máire ón Éirne a's mé féin bheith dhá pógadh.



Is tuirseach tinn tré-lag mé féin gach tráthnóna,
'S air maidin ag éirghe mar d'eug uaim mo nuachar;


L. 162


Dá bhfághainn anois treuda 's gach saidhbhreas dá nósadh,
Ní ghlacfainn na dhéidh sin aen bhean le pósadh.



Fuair mé seal i n-Éirinn go haerach 's go sóghamhuil,
Ag ól le gach tréan-fhear bhí éifeachtach ceolmhar,
Fágadh 'na ndéidh sin leam féin mé go brónach,
I ndeireadh mo shaoghail 's gan mo chéile bheith beo agam.



M'intleacht mhaith aerach ní fhéadaim a chumhdach,
M'intinn na ndéidh sin is léir go bhfuil smúiteach,
Go deimhin id' dhéidh-si ní fhéadaim a bheith súgach,
A Mháire na céille insan tsaeghal bhí go cliúteach.



UAILL-CHUMHA CHEARBHALLÁIN OS CIONN UAIGHE MHIC CÁBA.



Is truagh sin mise agus mé tuirseach i ndiaidh mo shiubhail,
Air uaigh mo charad agus mé folcadh na ndeór go búan,
Ní bhfuair mé agam, sé do lagaidh air radharc mo shúl,
Acht cruaidh-leac dhaingean agus leabaidh don gcré bhí cúmhang.



Ní Cathaoir mo Chathaoir mar chathaoir na ndaoine;
Ní cathaoir mo Chathaoir mar chathaoir na rígheadh,
Níor rugadh ariamh éan Chathaoir ó túsuighead an díle,
Cathaoir air bith mar mo Chathaoir; ba í cathaoir bhreágh an
tsiamsa í.


L. 163


Ba tú seabhac na hÉirne agus Déirdre de Chlainne Bhaoisgne;
Ba tú bradán ruadh Loch Éirne sé mo léan thú bheith sínte.
Rún-searc mo chléibh thú mar dubhairt Déirdre le Naoise
Nó an dtiocfá dom' fhéachaint lá éigin de'n mhí seo?



Ní tréan mo labhairt a's ní mheasaim gur cúis náire é,
Och! is caidhean bocht scaite mé, chailleas mo chúl báire,
Níl pian, níl peannoid, níl galar air bith comh crúaidh cráite
Mar éag na gcarad ná sgaradh na gcompánach.



B'fhuras aithne damsa go raibh tú do mo shéunadh
Nuair fuair mé do leitir agus í gan séala,
Acht má tá sé sa gcinneamhuint go sgarfam ó na chéile,
Ní bhfuair mé ariamh leagadh nach dtiucfadh liom éirghe.



SGOIMHLÉARACHT MHIC UÍ CHEARBHALLÁIN ANNSEO I N-AGHAIDH
CHATHAOIR MHIC CÁBA.




Rath do cheirde féin ort, a Chathaoir mhic sean-Chába, agus
isé ceird
do mhaoidhim ort cleathaireacht agus stucaireacht: nár ghlac sugradh
níos fearr ná ghlacais, óir isé dob' intinn damhsa spóirt do
dhéanamh dhe idir mé agus tusa don tír. Óir nár ghlacais mar sin
é, feuch mar dorachas duit:




Fuair Mac Cába duais a dhána,
I nós gur file uaim gan failligh
mac na caillighe chuaidh air mire,
Righ-bhoc bhainse, ceann gach beinse,
sé mac Cába,


L. 164


Leibhce an giolla-sa, oighre cinnte,
gránna an rása.
Is airde sgal uaidh in-aimsir fhéusda
is é air misge
Os cionn cláir ná galltrum gallda
do dhruim uisge.
Is bréag é mur dubhrais gur ghnáth buan
riamh faoi thart mé,
Cuimhnigh, a stócaigh, gidh mór ólaim,
nár cuireadh i sac mé.
A chleathaire shonnta, le stair gach conndar
faoi ól leanna
Nach raibh feorlinn riamh 'do phóca ná luach canna.



AN t-AMHRÁN.



A Mhic Cába ó nach áil leat-sa suairceas grinn
Ach cáineadh nach n-áirmhighthear i dtuaith ná i gcill,
Bheith sásda isan adhbhar do luaidheadh linn,
Bíodh náire ort, a sglábhaidh, faoi ruaig do phinn .



AN TRIÚCHAINN.



Gluais, a Neillí, as teanam i n-éanacht,
Go dtéidheam mar aon fán Triúchainn síos,


L. 165


Mar bhfuíghmuid ubhla breágh cumhrtha air ghéag ann,
Agus cnó buídhe máola i mbarraibh craobh.



Is cailín bocht mé gan chuid gan cháirde,
I bhfad ón n-áit aig air h-oileadh mé,
I nDruim a' Mhuilinn air bheagán fághltais,
Agus is beag mo bhinn air do cheanna días.



Ní bean mhire mé ná maighdean úailligh,
Ní áiríghim úachaid rachadh ó chlainn,
Acht cailín barramhuil do scaith na h-úaisle
Tá dom' ruagadh anunn 's anall.



Bíonn leabaídh ghlas aguinn don duilliúr fhéile,
An lon 'sa' chéirseach le n-a taobh,
An míol buidhe beag air a chosaibh a' leimne',
Agus gadhair bhéul-bhinn fionnáil sic faoi.



Bíonn a n-eilit mhaol 's a laogh a' súgaoíl,
An Charaidh a' búirfeadh aig teacht fán ngleann,
Bric a's bradán dá ngabhail na gcúplaí,
Samhail na Triúchainn' ní feas dam ann.



Is iomdha bodach agus caile grúama,
Insa duan so anois lé fáil,
Gan mhoth, gan urraim, gan mheas ná múnadh,
Sí Tír-a-Rúain atá mé a' radh.



A Lúcáis ghasta, ná maslaigh an Triúchainn,
Tá sí clúiteamhail, fairsing, fíal,


L. 166


Fuair sí treise air do Thír-a-Rúain-se,
Deir gach ughdar ón díle anúas.



Mo mhíle slán leat, a thír, a Thriúchainn,
Gidh is fada uaim thú a's mise i gcéin,
I n-aimsir sgine ní bhíonn do gheataí dúinte,
Acht fairsing, flaitheamhuil a's doirse réidh.



MARBHNADH UILLIOC A BÚRCA.



Dhá mbéidhinn féin thíar i nGlinnsge,
Budh cinnte dhamh bheith air mearughadh meisge,
'S anois ó tharla mé ag ól an n-uisge,
Go mbudh céad slán do ghnás Sir Uillioc;
Leigfead fead go binn, binn,
Do ghoireadh air bheoir 's air lionn dúinn:
Mar rabham beo acht seachtmhain eile,
Bíom ina aice arís ag ól.
Is measa liom ná eug an eallaigh
Teacht an earraigh i gcluinniocán,
Gan a bheith an uair so thiar 'na theach-san,
Aig éisteacht le spóirt.



Nár bh'fearr a' chiall dúinn triall 'na thaithigh,
Ná bheith air sliabh dhúinn i lár na lathaighe;
Uadh bódh! a dhuine chroidhe, 'sí an mharsáil chóir:
Seal beag eile ranntuidheacht,
Seal beag eile 'canndaireacht,


L. 167


A reubadh téud 's a caitheamh tobac,
's ag ól na gcupán leó.
'Uilliam Uí Cheallaigh, éirigh go tapa,
Agus líon dúinn galún beorach,
Go n-ólamuid slainte bhreágh Sir Uillioc,
Is fearrde sinn a ól.



Nach mór an t-eucht sin bás Sir Uillioc,
Dísleacht na huaisle, mo leun, mo chruadh-lot,
An n-árd-fhlaith uasal bheith sínte i gcré gan chuideacht,
An áit a mbíodh sgaoth do lucht siamsa tarraing anall,
Baintreabhach agus dílleachtaidh tigheacht i dtír air gach lá,
Agus go mbudh cosmhuil air a' tsaoghal é le naomh a gheobhfadh bás.



MARBHNADH CHEARBHALLÁIN.



Mac Cába cct.



Mo bhrón! mo mhilleadh! mo thinneas 's mo bhuaireadh trá!
Do cheol-chruit mhilis gan bhinneas fá ghruaim mar tá.
God' dhéanfas aiteas don ghasraidh ná ceól go búan
Má's fíor é a charaid gur cuireadh thú i gcónra chruaidh.



Trá éirighim-se air maidin a's dearcaim air an tír faoí chiach,
Agus suidhim air na cnocaibh go bhfeicim an dubh aniar.
A aon-Mhic Muire, fortaigh dom chúis a's riar,
A's go ndeárnadh loch fola do amharc mo shúl do dhiaidh.


L. 168


A Rí na gcarad, nach aisdeach an cúrsa é,
A' luighe dhom air mo leabaidh ní chodluigheann mo shúil aon néull.
Tá na pianta deacrach' dul trasna thríd lár mo chléibh,
Agus a Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin, is diomuadh liom thú
sínte i gcré.



Sgríobhaim 'un Naomh Doimnic, 'un Naomh Proinsias a's Naomh Clára,
A's air a bhfuil ann do naomadh air dhídean na caithreach neámhdha:
Go raibh ro-chumaoin faoilte do anam Thoirdhealbhaigh ina n-árus,
Agus a liachtaí port saothamhuil do sheinn sé air an gclársaigh.



DÁ MHOLADH FÉIN.



Ní bhfuil mo shamhail do shíol Éubha,
ní ar shon mé féin dá rádh;
ar mo mhionna ní dhéanfad bréag,
ní feicfear mo leitheid go bráth.



Is uaim is binne gach sgéal,
's mé an fear fuair céim ó mhná,
's mé is deise i gcumas méar,
ní bheidh choidhche mo shamhail le fághail.


L. 169


Is milis gach glór ó mo bhéal,
is neartmhar mé féin ar shráid,
i n-am bruighne 's mé bhíos tréan,
leagfuinn chúig chéad gan spás.



Chonairc mé Gaill agus Gaedhil,
do chonairc mé éachta lámh;
go gcrochtar mé fhéin lé téid
mo shamhail sa tsaéghal má tá.



'S dathamhail mo chúl 's ní bréag,
's geanamhuil mo bhéal is mo lámh;
's gile ná an sneachta mo dhéad,
is deise ná an ghéis mo bhráigh.



Is drithle mo ghrúaidh ná an cháor,
is leithne ná an spéir mo cháil,
is glaise mo shúil ná an féar,
is treise mé féin ná cách.



Is mé is farránta sgafánta i slighe chórta,
is mé an marcach breágh galánta fíor-orodhgha sic
sluagh danair in m'aicce ní mian leó-san,
seach mur mheasaid gur baoghal dóibh-sion.



Torr Ua Cearbhalláin cc.



FÁILTE.



Fáilte dhuit in mo dháil,
Gruaidh chorcra nachar lamh dáil,
A ghéag chumhra is áluinne dreach,
A fhuil uasal Carlanacht sic.


L. 170


DONNCHADH Ó CONCHUBHAIR.



Go mbu slán beó bliadhnach é,
mian croidhe gach uile dhuine:
an t-óigfhear bréagh súgach,
do chliú na bhfear lúthmhar mear.



Shaoílfeá air uairbih
gur míne é ná an t-úan,
a's níor bhfada uait a ghlórthaí,
nó inntleacht nó eólus.



Ach mórtus gan tlás
mar ba chóir dhó ó n-a cháirde:
leig dhó go fóill,
as ní dhéarfam níosa mó.



Is súgach a theaghlach,
is tréitheach 's is cliúiteach,
A's bhí fáilte aig fearaibh Éireann,
gach éan am na dhún-sa.



Le Gaedhilg, le damhsa,
le Béarla gach aimsir,
ól choidhche 'na dteanta,
Agus ceólta dhá bplancadh.



Agus éigsi dhá gceannsadh,
le greann a's le cluainireacht,
fáth mo chúise-si,
a shásadh san gcúrsa-sa.



d'ólfainn-si a' sgála,
faoi thuairim do shláinte,


L. 171


a's ní lúgha liom le Máire,
gan aimhreas ní bréag.



Ó tá sé go lán-chóir
's nach í an ghlór a dearnamar sic,
a Dhonnchaidh Mhic Cathail óig,
Céud fáilte romhad.



MÁIRE NÍ RUAIRC
bean Uí Chonchubair Bhéil Átha na gCárr.



Is mían liom trácht an uair-si ar Mhallae na ráite súairce,
Leanbh na dtáinte dúal fuair gach tuigsi go h-árd;
Lili bhí a' spáirn go crúaidh le drithle gan smál, na grúaidh,
'S gur binne í ná na gártha cuach gach uair san lá.
Súd comhrádh sáimh na suadh, trá bhídis cách dhá luadh,
Go sgaoilfeá dáimh ó ghruaim le suairceas ro-sháimh;
Ní bhfuighe mé támh nó súan nó go dtéighead 'na dáil air cuairt,
An ainnir do árd-fhuil Ruairc fúair buaidh ins gach áit.



BETTÍ NÍ'C NÉILL.



Mo chuairt go Baile Í Sgannláin,
Is fearrde mé i gcéill 's i dtuigse,
Air leanbh dheas na mbachall cas,
Do árd-fhuil Néill.


L. 172


Is geal a píob 's is cáol a mailigh,
Betí bhíos le táobh na mara,
Shíolraigh ón aicme sin
Do shár-fhuil Ghaédheal.
An uaisle is fearr 's nach dtarlaigh i gceasnaoí,
Bíd go brath i ngrádh le Betí,
Dar leam ní nár, is deas a lámh,
'S is bán atá a déad.
Dá mbéinn 'mo phrionnsa nó rí na Fraince,
Nó mar Shéarlus Emper bhéinn a' caint léith,
Is b'fhearr leam agum í,
Nó stór a' tsaeghail.
Is breágh do chúl, 's is sáimh do shúil,
'S is mór mo dhúil in do chomhrádh ciúin,
Ach líon suas a' copán,
Agus ól orm féin.



MÁIRE NÍ NÉILL.



Sí Máire, inghean Hénrí, chuir barr air chliú Gaedheal,
Le n-a céadfaidh gan táire gan tláithe gan chlaén;
A dhá rosg bhreágha áluinn do h-áirimheadh insa sgéimh,
Mar diamonds i bhfáinní 'cur deálradh air gach taébh.



God éirigh do gach sáir-fhile dár fhás i gcrích Néill,
Nach bhfacthas dóibh trácht fós air a' gcás so 'chur i gcéill;


L. 173


Acht a' té raibh sé i ndán dó níl fáth leis ach é,
'Nois glóir mhór don Áirdrigh bhí an t-ádh sin orm féin.



A bheith a' moladh na mná-sa nó dá cáineadh insa réim,
Mar 'tchífidhe do mo cháilibh insna cásaibh dobhí tréun;
Ó tá sé mar atá sé, 's nach n-áthraighthear choidhche an sgeul,
Go deimhin tá mé i ngrádh leat 's ní náire leam é.



Níl uaisle dhá dtárluigh ó Ádhamh nó ó Éubh,
Na prionnsaí do b'fhearr a bhí sa Spáinn nó sa Ghréig,
Nach bhfuil fúaite trí tháithirne, trí shnádhma in gach céill,
Dhá stiláil go h-áluinn aig Máire Ní Néill.



Is iongantach a' t-ádhbhar 's is áidhbhéil a' sgeúl,
Nach dtóigfidhe thú in-áirde cho h-árd leis an ngréin,
Síol Néill a's síol nDálaigh síol gCártha is Clanna Céin,
Dobhíd uilig a' spáirn in do dhá leacain shéimh.



Tá do chéadfaidh ro-shásda aig síol Ádhaimh agus Éabh,
A's bhí lonnradh na h-áilne in gach sgáineadh do do chéibh.
Ciabé d'éugfadh le grádh dhuit-si, a stáid-bhean na séud,
Ní chreidfinn-si ó'n Phápa nár bhás glan dó é.



Mur mbeith an ghile tá ina bráighe agus sásdacht na taébh
'S dá rosg is áille ná bláth glas na gcraebh,
An Rós a's a bháine 'cur a láidireacht i gcéill,
Go deimhin bu bhean ghránna í súd, Máire Ní Néill. finis.


L. 174


Ó CONCHOBHAIR FÁILGHEACH.



A Uí Chonchubhair, míle slán leat, ní sgarfuinn féin go bráth leat,
Muna mbeith go ndeachaidh a' saoghal air mire 's nár fhéud
mé bheith láimh leat;
Ní chuirfinn féin i n-iongnadh ort, a ghaol na rígh 's na bprionnsaí.
Feabhus do bheusa a's feabhus do ghleusa, sgeul so tá ro-chinnte.



I bPáirís a's i Lonnduinn atá fhios cia he' gan chonntabhairt
In gach cúirt fuair cliú agus gean úadh thríd a' nglóbe,
Óigfhear tapuidh sgaoileas tart go saoghluighe Día gan chían é i bhfad
An-árd-fhlaith shéimh is féarr-de Gaoidhil go mbu bhuan é beó.



Mo shearc 's mo rúan 's mo ghrádh go búan an té thug clú don náisiún,
Rinne sé gníomh nach deárnaidh daoine ó d'imigh an naomh úd Pádruic.
Is deas a bhéul a dheud 's a rosg, a's fuair sé géilleadh thall
's ibhfos
Budh dual dó ó dhúthchas ceart na gcúigeadh, siúd mar a thráchtaighim é.



Is Gall é 's is Gaéidhiol é, 's is Gréugach agus is Francach,
A's bhí cailíní na h-Éireann air baédhreadh dhá annsacht,
Gach baintighearna óg ó Bhóinn go Doire mar bhfághaidh
Ó Conchubhair rachaidh air mire,
B'fhearr leó go bhfaicfeadh é go dtiubhradh dhó póg.


L. 175


AMHRÁN EILE DON FHEAR CHÉADNA.



Is iongantach an chúis í a's is nuaidheacht sa tír:
Ó Conchubhair a' ceannach dúithche 's a' Cútach dhá díol.
Má leantar don chúrsa so, a réir mur cuireadh tús air
Béidh Gaedhaluibh go súgach sa gcúigeadh so arísd.



Is breágh so le n-a innsin, Deo Gratias táim cinnte,
Is ro-shásda tá m'intinn fá'n tráth-si;
Líon suas na sgálaí a's ólaigidh a' tsláinte úd
Uí Choncubhair óig Fháilghe is ceúd fáilte.



Tá fáilte agam féin romhad, a thréinfhir na seód,
As Lonnduin a' Bhéarla go hÉire bhréagh an spóirt,
An léidéir breágh gaédhalach fúair céim ón uile dhuine,
Slán gan tubuiste go bráth dhó.



AN COMHAIRLEÓIR SEÁN Ó CONCHUBHAIR.



Sin chugaibh é an sgafaire súgach, sásda,
Seán Ó Conchubhair anuas as Fáilghe,
A gcluin sibh me a chailíní, cumhdaigh' bhar ngarastúin,
Is gearr go dtugaidh assált air.
Ógánach aerach gan tlás é,
Conrait a's gadhair a's cláirseach.
Sé súd a mhían-sa do phléisiúr a' tsaoghail-si,
As cailín deas sgiamhach ar láimh leis.


L. 176


Is suairc agus is saoítheamhail is uasal agus is aoíbheamhuil
An t-óig-fhear le ndéantar plé-ráca:
Ólaigidh a shláinte le fíonta na Spáinne,
Ní cóir go gcuirfidhear air cáirde é.



MAITIÚ PLUINCÉAD, TIGHEARNA NA MIDHE.



Go Baile an Talúnaigh rachad don réim-se,
Mar a' bhfuil a sgafaire is geanamhla cáil,
An Tighearna breághdhá súgach do fhréimh-shliocht na n-úr-mhac
Choinnigheas a' tsúgradh go buan choidhché air fághail.



Ní fearr a sgapas an fhairrge a saidhbhreas,
Ná an tighearna Maitiú le fearaibh na hÉireann,
Bí bocht nó bí saídhbhir, is cuma cia hé féin,
Acht gheabhaidh sa teaghlach-sa fáilte.



Buidéal agus bumpars gan chunntas go rabairneach,
Fíon agus $brandy dhá phlancadh go h-acfuinneach,
Siúd ort! do shláinte! agus sgaoil thart dh' ós árd í,
'S is aoibhinn an áit a bheith láimh leis.



SEÁN HARLÓ.



Dobhí mé Lá Márta a's mé air shráid an Droichid Mhóir,
Cia casfaidhe orm an lá sin acht Seón Harló a's é ag ól,


L. 177


Thug sé buidéal do fhíon Spáinneach dham lán in mo dhórn,
A's nár bh'furus dham a rádh an lá sin, go mbudh fhearr é ionná
Cian Óg.



Bhí mé, lá breágh, i dtigh an tábhairne ag ól
Tháinic misge mhór sganrach orm a's rámhaillíghe mhór,
Is truagh nach glas pláta bhí fáisgthe air mo sgóig,
An uair a chuir mé Seón Hárló chómh h-árd lé Cian óg.



Cuirim sgread chráidhte ort, a Sheóin Hárló a' mhíl mhóir,
A sglábhuídhe bhodaigh ghránna, a bhfuil an cnadán in do sgóig,
An uair a bhíodh do sgála cáfruidh agad agus tú bheith 'gá ól
Bhíodh cláiréad a's fíon Spáinneach 'gá ól ag Cian Óg.



MÁIRE BRÚN.



Tá do gháirdín pléisiúir gan ubhall gan sméara,
Gan cnó gan cáoraí ná áirní,
Gan cuach, gan traghnach, gan oiread an éinín,
Shinnfeadh air théud ná air chláirsigh.
Nuair a mhothuighim féin do chóistí dul tharm insna bóithrí,
Tig lionndubh ro-mhór orm a's buaidhreadh,


L. 178


Fá do chuid eachraidh breágh mómhar bheith aig imtheacht
fá na gclócaí,
A's do leanabán bog óg ag cruadh-ghul.



Cuirim féin an triúr sin fó choimirce a's air chumhdach,
Ard-ríogh na ndúl tá i bpárthas,
Mur bhfuil Ruaidhrí, an chraobh-chúmhra a's an stáid-bhean do
na Brúnaigh,
Sé is ainm don gcúilinn Máire.
A samhail dar mo chubhais daóibh, ní fhaca mé sa dún so,
Tá an chraobh léi ó Mhuaidh go Cionn tSáile,
Go mbu fada a's go mbu bhuan bhéas oighre na dúithche so
An Cornel cliútamhail Pálmer.



Tá an ghealach a's an ghrian le fada air a dtríall,
A's caitheadh dhá dtrían dá ndeallraidh,
Tá do leanabán na gciabh 'na sheanduine liath,
A's cúl air iasg an tsamhraidh.
Dhá mbeith na machairí mar bu dúthach nó coillte breágh dlúth
Tá gan fasgadh air bith fútha ná bláth orthú,
A's tá do chuid beachadh breágh a' súthadh a gcuid mealadh le
cumhaidh,
Ó d'imigh Máire Brún táim fágtha.



Thigeadh binneas in mo mhéaraibh a' sinnm air na téudaibh,
An uair dochínn féin an spéir-bhean de Bhrúnach:
A's go mbíodh sonas a's an séun ar dhuine ar bith sa tsaoghal-sa,


L. 179


d'fhéachadh sa taobh a mbíodh an chúilionn.
Cróidhe geal na féile, lámh an einnigh a's an réidhtigh
Sgapfadh dhá mbu léi-si an saoghal so,
A's gurab aici atá an chraobh ag dul síos insa gcré,
Agus dar go deimhin daoíbh ní bréug adúbhras.



Deireadh lae, Dia Máirt, chaill Connachta an sbháidh,
M'anacuir! is cráidhte na sgéula,
A's go bhfuil an Squire Palmer feasta gan a Mháire,
Hata air a's atáim-se fá bhuaidhreadh.
Shiubhail mé ceithre ceárdaibh na Frainnce agus na Spáinne,
Sasana thall agus Éire,
Do shamhail níl le fághail feasta ná go brách,
Agus mo bheannacht go Párthas náomh leat.



Tá an 'ala air an gcuan chómh dubh leis an ngual,
Agus a cuid cleitiú anuas léi le fánaidh,
Gach ribe dá dual air sileadh léi anuas,
Agus a Mhuire, nach truagh a h-ádhbhar.
"Mo bhrón!" arsa'n chuach, agus í air creathadh le fuacht,
"Nach cuma dham cé'n uair a labhraim,
Mo chreach a's mo chumhaidh, mur d'imigh Máire Brún,
Nó go sinnim dhi cumhaidh an tsamhraidh."



Tá Clár bán na Bó gan fruídh ó leagadh í an chraobh,
Tá an donas air an taobh sin do Éire,
Cad a dhéanfas lucht síonsa nó leatruim an tsaoghail-sa,
Feasta cia bhfuighe siad téagar


L. 180


Lucht freastail a bhíodh againn air bhochtaibh agus air dhílleachtaibh,
Tabhairt airgid dóibh bidh agus éadaigh,
Dia Sathairn, mo dhíth! a d'fhága sí an saoghal,
A's ní thiocfa sí a choidhche dhár bhféachaint.



BRIGHID NÍ'C FHEÓRUIS.



A Bhrighid bheusach, is duit an bhéarsa agus creid an méid úd a dhearbhaim,
S dar by my faith é bím-se tré-lag, 's truagh nach léir leat-sa m'angar,
'Súd an gléas a mbím do dhéidh-sa, a chúl na bpéarlaí mar ómra,
'S go dtig lasadh an ghéar-ghráidh thrí mo thaobh clé chuireas mo
chéadfaidh i ndimbrigh.



Dá bhfaghainn-se í bu deas mo luighe bheadh mo chroidhe istigh
aig éirghe,
Mo shearc 's mo mhian a' teacht 'na h-oidh' sí an choinneall í ina
léine.
Ní fhacas féin ar feadh mo shaoghail insan aicme dhaoine so i
nÉirinn,
Ach mo leanbh saoidheamhuil, breagh, barramhuil, caomhuil, baby caoin
deas na bpéarlaí.


L. 181


'Sé mo chreach, a ruain, gan mé agus tú i gCóige Mumhan i
n-éinfheachd,
Nó thíos sa Triúcha ar choillte dlúth, agus gan fios ar rúin a
bheith aig aoinfhear.
A mhian na sugh ar maidin drúcht', cna agus ubhlaí na dhéidh sin,
As gan de leabaidh fúinn acht féar a's drúcht agus duilliúr cúmhra
mar éadaigh.



Thug mé an cúrsa go Cóige Mumhan a' cur mo chlú mhaith i gcéill
dóibh,
Ba mhaith mo dhúil i sceith na n-ubhall an ghastre shúgach
ghaodhalach;
Ar filleadh dhamh-sa ó Raite Mumhan agus mé ar a' taobh-sa eile
d'Éirinn,
Bhí neart a's lúth agus frasa fúm do mhían mo shúl le n-a
féachaint.



A bhéilín páirteach is binne ná, an chláirseach tabhair ón mbás mé
más féidir,
A's so mo lámh duit go bhfuil mé i ngrádh leat agus nach ndéanfainn
d'athrú ar éan-chor.
Mar an eala bhán ar an Loch a' snámh atá píoba agus brághaid
mo chéad-ghrádh,
'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé leat fáisgthe i ngleanntán
fásaigh nó sléibhe.



'Sé mo chreach arís nár admhuidh Críosta mo bheith mar righ seal ar
Éirinn,
Agus ní mar gheall ar mhaoin agus ní mar gheall ar fhíon agus ní mar
gheall ar shíoda ghréagach,


L. 182


Ach mar gheall ar níghin na mbachall-dlaoi a b'fhearr gnaoi
agus béasa,
Déanfad creach i dtíortha agus marbhadh daoine de mur bhfágha
mé Brighid le n-a bréagadh.



NEILLÍ PLUINCÉAD.



'Nellí an chúil chraobhaigh, a bhfuil do dhá shúil ar dhath an
fhéir ghlais,
'S tú féachaint gach lá, a's ní bréag a bhfuil mé a rádh,
Gur tú, a ghaoil na bhfear éachtach ó Ardamacha bréige sic
Fuair clú mhór ó Ghaodhalaibh le tréine do lámh.



Gidh nach maireann insa tír-sa ach thú do do ghaolta,
Ní ísleóchainn mo ghlór d'éan neach dhá bhfuil beo;
Dar mo láimh is duit a thug mé annsacht a cheansaigheach a' tslóigh;
Nír chuma liom god-é 'deirinn le do bhéal tanaidh mar an rós,
Ach cead fháil suidhe síos le do thaobh nó go mbeinn is tú ag ól.



Dar a n-abraim, 's ní bréag, le bán-chrios an uicht ghléighil,
Is tú is éafachtaigh note air bhéarsa agus air phrós,
Air a bhfuil a' taobh-si uile don réigiún 's tú féin a fuair a
bhuadh ,


L. 183


Ach a cheansaigheach chiúin chéillidh más léir leat-s 'an spóirt,
Dar an lámh-sa má fhéadaim ní bheidh tú gan ceol.
Dá gcloisinn uait sgéala ghluaisfinn dod' fhéachaint,
Dá mbeitheá insa Spáinn a phéirlín an chúil bhreágh,
A bhfuil do ghrís-ghruaidh ar dhath na gcaora dhár dhual
maitheas agus féile,
A's thug tú buaidh in gach réigiún ar na céadaibh do mhnáibh.



CATHAOIR MAC CÁBA.



Cearbh: Níl sa tír so aon achta dlighid ar bith nach leis an
draoi úd a thárla,
An t-acht a bhí ó thús an tsaoghail le mo chroídhe-sa gur
cráidhte;
Thart fá shlíghe dá gcastaí dhi mé is cinnte go náirfinn,
Déanfad marbhú daoine nó creachadh tíre mur bhfágha mé arís Mac Cába.



MacC.: Guibhim-se naomh Labhrás naomh Antoine a's Naomh Doimnic,
Agus gach naomh eile fó dhídean na caithreach neámhdha.
Le Toirdhealbhach caoch cleasach a sheachaint ar a námhuid,
Is a liachtaí port milis do shinn sé air a chláirsigh.


L. 184


Cearbh: Cuairt úd a thugas is aithreach mé léis mo shiubhail,
Air uaigh mo charad lér chaill mé radharc mo shúl,
Ní bhfuair mé agam a's mé folcadh na ndeór go húr,
Ach cruaidh-leac dhaighean a's leabaidh don gcré bhí fuar.



MacC.: Ó nach maireann do na naomha acht fíor-bheagán,
Dhá maireadh síol gCéin ó d'éug clann an dámhadh,
Dhá maireadh síol Éibhir, síol Néill a's gach síol dob 'fheárr,
Ní bheadh flaitheas 'na shuidhe gan Toirdhealbhach a bheith 'na
ndáil.



Cearbh: Ní cathaoir mar gach cathaoir an Cathaoir seo chaoinim,
Ach Cathaoir bu seasmhaighe ná cathaoir na ríoghadh;
Níor shuidh sé ariamh i gcathaoir ó geineadh a' cineadh dáonna,
Cathaoir mur mo Chathaoir, sí cathaoir an tsiamsa.



Má 'ní tú cumann le duine na h-éirigh as,
Is lách an rud a' cumann acht a chonghbháil go díreach glan,
Is mealltach an cumann lér chaill mise mo shnua a's mo dhath,
A's gur fíor-ghránna an cumann nach maireann ag dias acht seal.


L. 185


MacC.: Cumann na gcumann le a gcumann gach sgéimh fó chíos,
Cuir do chumann le mo chumann agus a bhrínol sic más feídir
snaidhm,
Óir is feárr do chumann ná an cumann thug Déirdre dho Naois',
A's a bhláth na n-ubhall - mo chumann-sa go héag ná sgaoil.



Tá gean agam féin ort a's ní fhéadaim gun a fhoillsiú dhuit,
A's a charaid mo chléibh, déantar an urnuighe dhuit,
Níl mo chroídhe i bpéin acht mur bheith éinín ag ar crádhadh a
neid,
Agus m'anacair ghéur, ní mé féin d'órdaigh dhuit.



Tá grádh a's tá grádh a's tá grádh agam féin ort,
Ní héan mhíle amháin tá grádh ag Mac Dé ort,
Mo chúig mhíle grádh thú i gceart-lár mo chléibh-sa,
A's grádh gach uile ghrádh tá mo ghrádh géur go h-éug leat.



RÉALTA NA MAIDNE.



Go Craobhaigh choidhche má theidheann tú,
Dearc air mhnaoi na bpéurlaí,
Doirionn bhán na maol-rosg,
'S ní baoghal duit an bás.
Bu deise a cum ioná an n-áille.


L. 186


Gan ghrúaim gan chruas gan chráidhteacht,
A's a malaigh chaol tá tarrainghte
Ó nadúr gan stró.
Bu ghile a píob a's a brághaid,
Ioná an sneachta a's é dá chárnadh,
A's ná an lili dothug bárr maise,
Is breaghachta ná an rós,
A dhriúcth na maidne is áille,
'Gus a' ghrian faoi smúid gur fhágbha tú,
Aig eirghe air na hárdaibh,
Gach sár-mhaidin cheó.



Is claóidhte bocht atáim-se,
Im' luidhe, air easbhuidh sláinte,
Agus mo leigheas ní bhfuil le fághail,
Aig aén liaigh dhá bhfuil beo.
Atá mo chroidhe dhá stialladh,
Mar ord a' gabhail air iarann,
Fóiridh orm-sa, a Dhia,
Nó ní bhéidh mé búan beó.
A bhéul tá tanaidh dílis,
Ná déun súd orm choidhche,
Tabhair póg nó dhó dh'óis íseall dam,
Mar leigheas air mo phéin.
Má ghní tú siúd gan amhras,
Fhad a's mhairfeas saeghal a's aoibhneas,
Ní sgarfa mise choidhche leat,
A chumann geal 'sa ghrádh.



Mar dhriúcht air mhaidin shamhraidh,


L. 187


Buaileadh orm í m' annsacht,
Mar réalta na maidne aig éirghe,
Le héirghe an laé.
Sí plúr agus bláth na sgéimhe í,
'S gile ná sneachta na haon-oidh',
Ná an 'ala bhán go h-éudtrom,
Aig éirghe air an toinn.
A ruain mo chroidhe agus m' annsacht,
Ná tuig-sa nach bhfuil mé i ngeall ort,
Dá gcailltí an Róimh 's an Fhrainc leis,
Éulaigh liom gan spás.
A ruain mo chroidhe tá carthannach,
'S a ghrádh gach súl' dá bhfaca thú,
Mur n-éuluighe tú liom thar fairge,
Ní bhéidh mé buan beo.



Chois Fhéile go bpógfainn thú,
A stór a's a bheith réidh leat,
Searc a's ruain mo chléibh thú,
Seach a bhfaca mé de mhná;
Go rachainn seal thar Bóinn leat,
Nó air chóstaí na hÉigipt,
'S dóigh liom féin go h-Éirinn,
Ní fhillfamaois go bráth.
Shínfinn síos gan léine,
Le do chum tá cailce gléigeal,
Bhfuil na mílte fear ag éud,
Agus ag iomadh faoi do ghrádh.
Sé mo mhíle creach nach bhféadaim,
Do chroidhe gan locht a bhréagadh,


L. 188


Agus m' intinn féin go léigfinn leat,
Aig éirghe gach lá.



MARBHNADH THOIRDHEALBHAIGH MHIC DHONNCHADHA.



Sí do chumhaidhe-se gach lá a mhéudaigheas mo dheor,
Tá na cúirtí faoi smúid ó dúnadh ort fód;
A ard-fhlaith na seód fuair sáir-chliú ins gach ród,
An tráth chuala mé do thásga níl acht sgáile dhíom beó.



Atá gach ard-fhuil faoí bhrón, ó Éirne go Bóinn;
Cia racha na saoithe, lucht léighin nó lucht ceóil?
d'fhág tú Connachta faoi bhrón agus Conntae Liatruim go deó,
'S tá an réim so le Gallaí ó d'éug Toirdhealbhach óg.



Tá Tighearna Mhuigh' Eó 's gach tighearna eile faoi bhrón,
Agus tighearna Loch Glinne a' sile na ndeór,
Tá Tír Chonaill ní'sa mó 'gus Siól nDálaigh go deó,
Fád' bheul binn, frasach, faobhrach a bheith dúinte faoi fhód.



Sé do shaoghal nár bhuan d'fhág siansa faoí ghruaim,
I bhfad ó na daoine i gCraobhaigh bu dual.
Ó a Mhuire nach í an truagh a's a liachta dílleachtaidh i ngúais
Ó d'imthigh sé, an ard-fhlaith tá sínte i mBaile an Dúin.


L. 189


BÉILÍN PÁIRTEACH.



Tá a cíabh mar ór air an fhaoíleann óg, 'sa gruaidh mar rós i
ngáirdín,
'S gach dlaoí mar eómra go beul a bróg léith 's tá sgéimh na Fódhla ag
an staid-mhnaoí.
Is milse a póg ná mil na h-Eórpa 's ná a bhfuil de thortha sa
ngáirdín,
B'fhearr liom pósta gan mhaóin gan stór léith ná ag inghín Ríogh
Seórsa agus fághaim í.



A bhéilín páirteach is binne ná 'n chláirseach, tabhair ón mbás
mé más féidir,
So mo lámh dhuit go bhfuil mé i ngrádh leat, 's nach ndéanfad
d'árthach mar chéile;
Mar an 'ala bhán air a' taoíd a' snámh, tá píob a's bráighe
mo chéad-searc,
Sé mo chreach 's mo chrádh gan mé 's tú dáltach i ngleanntán
fásaigh nó sléibhe.



Bu dheas ar ngléus a bheith dul 'un féasta,
Mar mbeadh seinnm air théudaibh agus ceólta.
'S bu dheas a' gléus a bheith air hallaí glé-geala,
A's fíon go meidhreach dhá ól ann.



SINÉAD NÍ MAOLMHUAIDH.



Bheurfa mise cuairt air stuairín na mbachall,
Is suairc a's is geanamhail a cáil agus a gnaoi,


L. 190


Inghean Maolmhúaidh na sleagh agus na lanna
Dar dhual ó cheart a bheith árd i ngníomh.
Tá a gaol le Treasach agus Brian Mhac Eochaidh,
An planda is sochmaidh agus is áille gnaoi,
An péarla is binne ó thaobh na Sionna,
Líontar dhúinn an ghloine is fearr-de dár ngníomh.



Siúd mar déarfainn le géag na bhfad-dlaoi,
Scéimh na n-ealaí a lámh agus a píob,
Is binne guth a béil ná éigse agus ealadhain,
Sgéul nach gceilfead air fháidh nó draoi.
A shiúr Uí Néill agus na nGaodhal air fad,
Deun féin mur chleacht do cháirde gaoil,
Ná cluinim go mbeidh braon san tsuiléar do dhéidh
Nach n-ólfam go léir fá do shláinte san tsaoghal.



A Shinéad Ní'n Liam, bí fial agus bí fras,
Gníom mic caiptín dána i ngleo,
Planda thriall gan chian ón aicme,
Thug rian agus reacht dod' náisiún romhad.
Dá dtigeadh liom i mbliadhna do riar le eallach,
A mbriathar nach gceilfead ort lionn ná beóir,
A charaid na gcliar, druid aniar agus tabhair deoch dhamh,
Is deimhin dhuit anocht gur fearr-de an ceol.



A chiúin-bhean shéimh na gcraebh-fholt cas,
Do ghné agus do dhreach mur sgáile an rós',
Dá dtigeadh liom féin do chéimniú i gceart,


L. 191


Ní breug go mb'ait liom trácht ort fós,
Chreidfinn na sgéala dá bhféadainn aithris
Air eucht agus air neart do cháirde romhad,
Aistrigh fá mo dhéin agus bíodh an ghloine le do thaobh
Nó go n-óla tú féin agus mé sláinte Sheoin.



CAITRÍONA NÍ'AC AONGHUSA.



Tá uaisle na h-Éireann so a' méadú gach spóirt
A' dúil leis an spéir-mhnaoi, siúd í inghean Airt óig;
Ach siúd mar deirim féin leat, a chuil deas na gcraobh cas,
Dhá mbu rí mé féin air Éire bhéinn a' dréim le do phóig.



Ach ó tá sé mar tá sé, 's nach n-athruighthear choidhche an t-ór,
A Chití na mbán-chrobh suidh i láimh liom agus bí 'g ól:
Cé ar bith óig-fhear breágh cliútach a bhfuil i ndán dó bheith' súgradh,
Le bán-chnios na n-uarléag 's na súl glas mar an reó.



Ar ndó' ní baoghal báis dó ná brón choidhch 'bheith láimh leis
Mar dhuine tá sáruighthe ó nádúir go deó,
B'fhearr liom ná an méid úd í, saidhbhreas na gcúigí,
Go mbéinn féin gan brón croidhe seal súgach leat ag ól.


L. 192


CATHAL MAC DIARMADA RUAIDH.



An truagh leat do dhiaigh faoi bhrón,
Do chéile, a Sheurlais óig,
Gan ith gan oth acht ag osnadh i gcionn gach lae agus i dtuirse,
Och! och ón! mo ghrádh,
Tá mo chroidhe istigh lán de chrádh,
A's ní h-iongnadh liom dair m'fhírinn í do dhiaigh bheith claoidhte,
'S gur léithe sgar togha na ndaoine, an saor-mhac sáimh.



PLÉRÁCA MHIG UIDHIR.



Bhéarfad cuairt go luath un tíre,
d'fhéachainn planda de dhream na ríghthe,
Duine le'r bh'ionmhuin ceol d'oidhche 's do ló,
Cú Chonnacht cródhach, cliúteach, cosantach, pronntach, fáilteach!



Is leis bu mhian ceolta sidhe, lucht óla fíona,
A's gach uile dhream bheith 'na aice-sean:
Seo a fheaghair, cúirteóir sáimh é
A's curadh gan tlás i n-aimsir ghleó.



AN CÍOSÓGACH ÓG.



Bhí na slóighte cruinnighthe air áird gach mullaigh,
I lár na dtrúpa na ndrithlí 's na seód,
Bhí drum, drum, drum ag dromaibh ann,
Táiplis imeartha, cláirseach, fuireann a's dulcimer ceoil.


L. 193


Na cupaí 's na cártaí lán ag gabhail timchioll,
A's bu eól do gach duine díobh imirt le spóirt,
Súd sláinte an leinbh bharruighthe an chinidh,
Fíor-ghrádh na macraidh an Cíosógach óg.
...
Fear ólta an chupáin é, fear tóigthe racain,
Dhéanfadh óig-mhná a mhealladh dá dtagadh dhó air faill;
Níl triúr dá shamhail ó Mhaighe go Teamhair,
Croidhe úr is fairsinge a sgabadh an fíon.



SEÁN Ó RAIGHILLIGH.



Tóigthear mo sheólta agus gléastar mo chomhalta liom,
Síos go Baile Órtha isna ródaibh fá'n chuan;
Seán Óg Ó Raighilligh is air a bhéas mise ag trácht,
An t-oigfhear breagh Gaedhealach a dhéanfadh plé-ráca.



Gan sgíste gan chómhnuidhe ag tabhairt fíona agus beórach dá cháirde,
A's air bhuidéil nó air bhumpers ní ortha bheadh cunntas,
Acht a chead ag gach sgafaire suidhe suas 'na aice go sásta
Sáimh le cumas a Bhéarla 'sa Ghaeilge, gan cháinteacht.



Siúd é mo sgéal-sa air an óigfhear is tréithighe,
Gurb' é a dhéanfadh $punch breágh san dún sin,
Is é 'deireadh an Raighilleach le Gallaibh a's Gaedhlaibh:
"Tigidh gam' fhéachaint agus céad míle fáilte.


L. 194


An thráth bhím-se liom féin, ní spéis liom-sa gáire,
Bu dem' mhian-sa dá bhféadainn lucht pléisiúir bheith láimh liom;
Líontar na sgálaí den phuncha bhreágh láidir:
Óir isé an ní é nach gnáth a bheith air cáirde."



Is súgach 's is aerach é, is múinte 's is meidhreach é,
Is deimhin muna n-éagadh go méadóchaidh an racan,
A's béidh mé má fhéadaim ag ól le mac Éadhmuinn,
Nó is iongnadh an sgéal é gan amhras.



INGHEAN RUAIDHRÍ ÓIG.



Beir beannacht uaim siar mar ghabhann an ghrian,
Un ainnir' óig' gan chían nach gnáthach faoi ghruaim,
Leanbh na gciabh na mbachall cas a's é fíar,
Sí searc agus mían na gcliar í, inghean Ruaidhrí óig.



Tá cúl fada, famonnach, fáinneach léi,
Súil deas is glaise cáil ná féar,
Ráidhte gach file áit a n-éirigheann an ghile:
Ait a béal agus a déud ag cur cluain ar an rós.



Ní dúthaighe dhon lacha snámh ar an toinn,
I gcúrsa ceirt ná ise 'na gártha ceóil,
Is súgach 's is sáimh an chúilionn gan smál,
An ainnir shuaimhneach ón dáil dá ngluaiseann ól.


L. 195


Is tréitheach, dar linn, le céadaibh an ghrinn,
An péarla geanamail binn is oirdheirce cáil,
Béal tanaidh binn a léigheasadh gach tinn,
Ina héisteacht is cinnte fóirighint d'fhághail.



Ní h-iongnadh liom-sa an té bhíos le n-a taobh d'oidhche agus do ló,
Bheith saor choidhche ó ghalra, a shaeghal a bheith fada,
Cúl deas na mbachall dlúith agus é 'casadh
Is mór an t-ádhbhar aitis thárla dhó.



Bhí, gach uair, a gruaidh mar dhealradh an róis,
Gnúis gan ghruaim ag luathú cách un spóirt,
Ní léir linn ach greann, agus déanamuis é in-am,
Líontar dhúinn an dram, agus béidh an rann go cóir.


L. 196


AMHRÁIN A TAIRNIGHEADH AS LEABHAR MHIC UÍ CHOINNIALLÁIN.



TOIRDHEALBHACH MAC DONNCHADHA.



Shiubhail mé go leór, 's ní shiubhailfead níos mó,
Ó Bhaile Áth Clíath go Gaillimh, is go geataí Dhún mhór:
Súd an mheur a raibh an ceól, súd an ceann a raibh an glór,
Tá an réim so uainn feasda, ó d'eug tú, a Thoirdhealbhaigh óig.



Dá mairtheá ins an dún, is tú a sheasfadh ar gclú,
Agus chuirfeá go tapaidh cúis mheangach air gcúl,
Dá gcluineadh an rí úr do theasdas nó do chlú
Bheadh sé tinn deacrach ag sileadh na súl.



Is tú dob 'fhéile, is dob 'fhearr is tú réidheadh gach gábh
Agus d'fhuasgladh, ón mbéinnse, lucht géibhinn ó cháin;
Sgeul dubhach le rádh, gur éag tú go brách
Go gcuirteá lucht éigin fó gheursmacht ó do láimh.


L. 197


MÁISTREÁS PLÉAMANN, INGHIN T. BUIRGIE



Ó COINNIALLÁIN.



Bhéarfa mé cuairt air an óig-mhnaoi bhéasaigh,
Ní anan sic dúinn féin a leithide le fághail:
Cailín geanamhal fuair cion ó shíol Éabha
Is air Shinéid, gan bhréig, a thráchtaim.



Más tinn a bhír, déanfa sí leighios duit,
Le binneas ina beul, is le féile ina láimh:
Mhuire! Mhuire! faire, faire! a Mháistreás Pléamann,
Is agad a bheadh an céile dá mbeith Áirdsí slán.



Féachadh gach uile dhuine god-é súd adeireamuid
Is amhgar liom pféin an sgéul a chur dh'ós áird:
A Mhuire, Mhuire! faire, faire! Mháistreás Pléamann,
Is agad a bheadh an céile dá mbeith Áirdsí slán.



DHÁ UILLIAM DÁIBHIS.



Ó Coinnialláin.



Tá dhá Uilliam Dáibhis insa n-áit-se:
Uilliam atá ro-chríonna,
Uilliam atá cliste air dhéanamh cisde,
Uilliam nach gcuirfeadh subhchas air dhaoinibh.
Mur dtugadh sé dhuit ach gas beag sgaillúin
Bheadh sé dhá ghealladh mí dhuit:
Dá dtéigheadh ina chóisde leat un na Róimhe
Ní thiubhradh sé bóicín díghe dhuit.


L. 198


Do chuir sé ganra agus dhá chirc Fhrancach',
Go h-aonach Thighe Teampla i n-éinfheacht,
Is d'iarr sé a ndíol air dhá naoi bpingne
Chum congnamh cís na féile.
Mo chreach, is mo leun, is mo tholladh go héag,
Nach bhfuil an t-ór atá i seilbh Uilliam chríonna
Thíos i bpóca Uilliam is óige,
Sé bhéarfadh beoir agus fíon duínn.



Sé Uilliam óg cáirdeamhuil an úr-fhlaith shásta
Nach ndéanfadh aithris air bhrídeach,
Do-bhéarfadh fáilte do shluagh chríche Fáil
Dá mbeadh air easbhuidh dídin.
Marc ní fháisgeadh i gcarcar láidir
I bhfad ó ghrán sic is ó mhínleach,
'Sé bhronnadh a sháith air phobal Phádraic,
Do bhiadh, do cheól, is do shiansa.



B'fhearr an chríonnacht do Uilliam eascoinn sic
Gean is grádh na ndílleacht
Ná saidhbhreas saoghalta do bhuaibh 's do chaoiribh
Nach maireann do dhaoinibh choidhche.
Is ceart an chóir, a bhrosduigheas Pól
Maith don gcomharsa a dhéanamh,
'S gur saidhbhre an grádh ar námhuid fhághail
Ná táinte is maoin an tsaoghail-se.



COR RINCE, NÓ GHIG JIG.




Fáilte dhuit féin go hÉirinn,


L. 199


Inghin na seud 'sna bpéarlaí
Tháinic anall ón bhFrainc,
Gheobha tú ceol is rinnce.



Tá sé cinnte, níl fath caint air,
Ólfam beoir is lionn leat,
Go Caisleán Nuinsion tá mo thriall-sa,
Go mbu seacht fearr go brách i mbliadhna thú,
Slán gan cheo, go deo, thú 'Sheóin.



RIOBARD MHAC A' TSEABHAIC.



Ó Coinnialláin.



Go maire tú do phósadh,
Sgeul is fearrde cóigeadh,
Maoin is táinte, saoghal is sláinte,
A bhéas agad-sa i gcomhnuidhe,
A Riobaird mhóir, mic Seoin mhic Éadbhaird,
Is uasal tréan do cháirde,
Is mór do ghaol 's gach áit dá mbír,
'S ní bréag sin do rádh anois.



Dá bhfághainn ó m'inntleacht,
Do sheinnfinn ceól duit,
Bheinn-se cuimhneach, cainteach, ceolmhar,
An t-ógánach béasamhuil, tréitheach,
Lattaineach, gréagach, i mBéarla 's i múnadh,
Nach é súd plúr na finne,
Mian croidhe gach uile dhuine,
Saoghal fada geanamhuil aige le séan.


L. 200


COMHAIRLE DHEAS SHEÁIN UÍ NÉILL.



Comhairle dheas thug Seán Ó Néill,
Do gach neach dá mhuintir féin,
Gan casadh choidhche innsa tslighe,
Le Séamas buidhe na mbreug.



Bíonn sé anúnn is anall fán gcorach,
Bíonn sé aníar is síar fán mbogach,
Bíonn sé a' teacht i gcomhnuidhe mall,
Ag iarraidh cuim air Ghráinne bhig.



Mná is fir na Fraince,
Ibheas fíonta is leanta,
Mo chomhairle dhaoibh má's mían libh bheith cneasda,
Gan bheith i bhfad i gcampaí.



Is fuath orm seanóir liath gan dúithche
Lán do dhúil bheith suiridheacht cailín,
...
...



Fágh mar roghain cíall is ciúineas,
Ná tóig congháir air urlár cúirte,
Smuainigh air lasgáil Éamoinn mic Geachráin,
Ná bhí air seachrán i n-aimsir chúitighthe.



Slán breágh don fhionnóig,
Is do phéarla na gclannóg,


L. 201


Is d'uaislibh na gcamóg,
Is ro-mhór greann.



EADHÚARD CROFTON.



Ó Connialláin.



Sláinte Sur Eadhbhaird sí fhéadas gach uile dhuine a ól,
Is fearr dhúinn a h-ól le leanntaibh go líonmhar,
Is le fíontaibh go dlúithcheart,
Sí is fiúntaighe, is clúitighe,
Dhá bhfacthas go fóill,
Ní fearr le gach ó í sic,
Ná go ro-mhoch ag éirghe dhó,
Ag ridire an chinn chródha,
Ó Mhóta na hAghnaidhe air fad.



Is binn liom le dúracht, bheith trácht air an-úrflaith,
Go deimhin sin dhúinne i gcórn brandaigh,
Is gur b'é adeir an saoghal uile,
Tráth ba mhian leofa dul air buille,
Pairlement! fuagraim í an pharlement!
Air gach éan aca nach mbeith ól aca,
Greann, ceolta nó fíor-aitis,
Ag a mbeithmis ag gluasacht gach lá leis,
Feuchaint go mbeithmis-ne air damhaireacht,
Nó air feidir dhúinn bheith i n-eagmuis ar gcáirde
Trath ghluaisir anois, a uaisle is deise ghlice
Air cuairt go dtigidh cuacha an tsamhraidh.


L. 202


AODH Ó CEALLAIGH.



Bhí mé lá dul go Beul Atha Feoráin,
Go tigh Aoidh na féile móire,
Níl sin duine nár ghlac mo chomhairle,
Nach raibh brúite briste brónach;
Why Sur, a Sheáin Uí Cheallaigh,
Sgaoilim leat san ól é,
Is trath bhéas cách go sáimh gan buille,
Nár mhaith an áit air thárla mise,
Sé dubhairt sé liom do Bhéarla bhriste,
Pray what do you mean, sir?
Behave yourself civil.
Ibh do dhóthain is ná bí air misge,
'S nár amhlaidh sin ba chóir é,
Nár bhfearr an chiall dam triall da thathuighe,
Ná bheith air sliabh etc.


L. 205


B 1714c 18T
PLÉARÁCA NA RUARCACH.



Pléaráca na Ruarcach dochuala gach duine
Dá dtáinic a's dá dtiocfaidh a's dá maireann riamh beo:
Bhí seacht bhfichid muc, mart agus caora
Dhá gcasgairt don ghasraidh gach aon lá.



Bhí na páil uisge bheatha ann a's na meadracha dhá líonadh,
Aig éirghe dúinn air maidin, is aguinn bhí an spóirt:
"Briseadh mo phíoba-sa," "slaideadh mo phóca-sa,"
"Loisgeadh mo bhríste-sa," "goideadh mo chlóca-sa."



Chaill mé mo bhairéad, m'fhalluinn agus m'fhiléad,
Ó d'imigh na gairéid mo sheacht mbeannacht leo;
Seinn suas an pléaráca, seinn spreac air an gclársaigh
An bucsa sin, 'Áine agus sgálóg ré n-ól.



Tá lucht leanamhn' na Ruarcach a' crathadh a gcleiteach,
Trá chuala siad torann agus trom-phléasg an cheóil,
Gach aon acu ar maidin aig éirghe gan chaisreacan,
Strachailt a gcuid ban 'na ndiaidh insa ród.



Nach láidir an seasamh don talamh bhí fútha,
Gan pléasgadh ré sodar agus glug ins gach bróig;


L. 206


"Do shaoghal agus do shláinte, a Mhaoileachluinn Uí Éanagáin,
Dair mo láimh, is deas a dhaimhsigheas tú, a Mharsaill Ní
Reideacháin."



"Súd ort! a mháthair," "go raibh maith agad Phádraigh,"
Caith thusa an sgála sin suas in do sgóig,
Craith dhúinn an tsráideóg sin, sgar orthí an cháitheóg sin,
Buail kick insa n-ól agus práib insa n-ór."



Seinn suas an pléaráca, seinn spreac air an gclársaigh,
An bucsa sin, 'Áine agus sgálóg ré n-ól.



A Rí na ngrásta! dá bhfeictá-sa an ghasraidh,
Líonadh a gcraicne agus a' lasadh ré póit,
Bhí cnáimh righeadh bacaird air fad in gach sgín acu
A' polladh, a' gearradh go leór, leór, leór.



"Thug tú éitheach," a bhodaigh," sé m'athair a chuir
Mainistir na Búille suas,
Sligeach a's Gaillimh agus Caraidh Dhrom' Rúsca fós,
Iarla Chill Dara agus Biadhtach Chluain-Eilte,
D'ail agus d'altrom mé, agus fiosraigh de Mhór."
Seinn suas, etc.



A Rí na ngrásta! god é thóig an pléaráca so,
Ars a n-eaglais aig éighre 's a' bagairt go mór,
Ní hí an speirgeas caisreactha bhí ag gach aon acu
Acht bata mór cnapach, bog-lán dorn.


L. 207


Trá shíl siad na caibhilíoraí do chasgairt a's do chíoradh,
Fágadh an sagart 'na mheall casta fán mbord,
d'éirigh na bráithre a' tártháil na bruighne,
Fágadh an t-Athair Gáirdín air a thárr insa ngríosaigh.



Ó bhí mé i gCionn tSáile ná i n-Innis Chluan Mágh,
Ná 'glacadh na ngrádham ón bpápa sa Róimh,
Gurb iad na Seven wise Masters bhí air a thráth ann,
'G ithe na potátaí láimh ris an tigh mór.



ANSACHT NA N-ANSACHT.



Thréig mé lucht Béarla agus buclaí bróg,
Agus thréig mé gaoil fola a's a maireann díobhtha beo,
Air shúil le Dia go mbéinn a's tú lá an aonaigh a g-ól,
A's gur tú an chéad fhear air léig mé mo chumann leis go hóg.



'Ansacht na n-ansacht, teanum agus triall,
So mo lámh air do bháin-chrios a's ná fuilinn mé i bpian;
Mo chradh croidhe go snámhfainn an tSionainn ó! do dhíaidh,
A's go dtug tú bár' maise air mhná deasa Bhaile Locha Ríach.



A shúil is glaise ná uibheacha na bhféarán tais,
A chum is gile ná'n sneachta a's é dá charnadh go mion,
Cúilín triopallach tá fite mar an t-ór-shnáithe cas,
A's dhá chigh chruinne gheal' nár milleadh riamh le láimhsiú na
bhfear.


L. 208


AN BUNNÁN BUIDHE.



A bhunnáin bhuidhe, sé mo léan do luidhe,
Is dona an ní lér cailleadh thú,
Ní easbhuidh croidhe ná díobháil bídh,
Acht uireasbhuidh na dígh seo mharuigh thú,
Sé an gléus a mbíthea ar feadh do shaoghail,
Gach a bhfuíghtheá do sgagadh thríod,
Acht anois tá'n digheadh ort a's tú do luidhe,
Sé mo léan do bhás a phreabaire.



'S a bhunnáin bhuidhe bhoicht, mo léan do luidhe,
A's do bhráigh bhreágh ghléigeal tá faoí bhruach na trághadh,
Cos do sgóige ar dhath an óir bhuidhe,
A's do leacaí ró-gheal faoi bhruach na trághadh.
Dhá gcuirteá sgéala air bith faoi mo dhéin-sa,
Thiocfainn do t'éiliughadh dhá uair roimh lá,
Bhainfinn géimneach as leac Loch Éirne,
D'fhliuchfainn do bhéal agus do chroidhe in do lár.



Ní hé an lon-dubh ná'n smólach atá mé a chaoineadh,
Dair a maireann, ná'n chorr ghlas,
Acht mo bhunnán buidhe tá lán den gcroidhe,
A's gur cosmhuil liom féin a shnuadh sa dhath.
Ní bhíodh sé choidhche acht a' síor-ól na digh,
Agus deir siad go mbím air a' nós sin seal,


L. 209


Níl braon dá bhfuighead nach leigfead síos,
Air cheist go bhfuighinn-se bás don tart.



Sé dubhairt mo stór liom leigean don ól,
Nach mbéinnse beo i bhfad nó i ngearr,
Sé dubhairt mé léithe go dtug sí éitheach,
Go mbu fad air mo shaoghal an deoch a dh'fháil.
A' bhfaca sibh éan an phíobáin réidh,
A' dul i n-éag don tart air ball,
A chomhursa chléibh, fliuchaidh 'ur mbéul,
Ní bhfuighe sibh braon i ndiaidh 'ur mbáis.



BRIGHID NÍ MHÁILLE.



A Bhrighid Ní Mháille, is tú d'fhág mo chroidhe cráite,
Tá arrainneacha báis thríd ceart-lár mo chroidhe,
Tá na mílte fear i ngrádh le d'éadan ciúin náireach,
A's go dtug tú bárr breáchta air Thír Oirioll' más fíor.



Maidin chiúin cheomhar dár éirigheas amach sa bhfómhar,
Cia casadh sa ród orm acht stór geal mo chroidhe,
Nuair a dhearc mé air a bróga sgárdas fuil shróna,
A's fuair mé naoi bpóga d'fhóir air mo shaoghal.


L. 210


Níl rud air bith is áille ná grían os cionn gáirdín,
A's ná rósaí breágh fhásas amach as a' gcraoíbh;
Mar súd bhíos mo ghrádh-sa le deise agus le breáchta,
Cúl tiúgh na bhfáinní a bhfuil mo ghean ort le blíadhain.



Buachaill deas óg mé tá triall un mo phósta,
Ní búan i bhfad beó mé mar bhfágh mé mo mhían:
A chuisle 'sa stórach, fágh réidh is bí róm-sa,
Ceann deireannach de'n Domhnach, air bhóithrí Dhruim-shliabh.
Is mise tá thíos ris a' bpósadh so a dhéanamh
Ní chodlaighim an oidhche acht ag osnaíl go trom,
Nár fhága mé an saoghal so gur raibh mé a's tú a fhíor-chrios,
Air leabaidh chlúmhach sínte a's mo lámh fáoi do cheann.




SEORSA BRÚN.



A Sheórsa Brún, is dubhach a d'fhágais mé,
Mo Luíghe san uaigh, as gan cumhdach mná orm féin,
Fuil dá sgaoileadh damh-sa i dtús a's i ndeireadh gach lae
A's a inghin Mhic Suibhne, a ruain ghil, tárthaigh mé.



Ghluaiseas anunn, dair liom, fán trá so indé,
Fán gcoill chruim go cinnte dob' árd mo léim,


L. 211


A's mo leabhrán grinn aig innseacht fá' gach sgéil,
Is eagal liom gur mhill do ghrádh-sa mé.



Sí Mailréad an ainnir shéimhid is caoine glór,
Is binne béul ná guth na dtéada a's ná na saoíthe ceoil,
Is gile taobh ná'n eala shéimh théid air linn gach ló,
Agus a mhaiseach bhéusach, ghasta, thréitheach, aoibhinn, óg.



Cía nár dham féin bheith go dubh-brónach,
A's grádh mo chléibh aig an Éifideach cam-shúileach;
A cúl breágh séimh agus é 'na leath-lúba,
Agus go dtug sí éitheach i ndiaidh a geallamhn' dham.



Dul eidir an dair 's an craiceann, 'sé mheasaim gur cruaidh an céim,
Dul eidir mé agus ruan-searc a's grádh mo chléibh,
Air chuir mo láimhe thairstí, air maidin, le bán an lae
Fuair mé an staraighe dubh a' gleacuígheacht le grádh mo chuim.



MAILRÉAD NÍ TSUIBHNE



A Mhailréad ghléigeal, ní céile dhuit an leaduidhe buidhe,
A chum séigeanta, breagh, séimhigh, is gile ná'n ghrian;


L. 212


A ghile is deise agus is breáchta air bith méin,
A's gur tú d'fheuchadh mar réulta na soineannta aniar.



Cia 'chím agam thrí bharr lasrach acht an déud-gheal chúmhang,
Lán don gcórtus a's don bpór mhaith gan mheang,
Bhí naoi n-ór-fhoilt léithe gun alt a' casadh go bróig,
A's dair liom féin go raibh a h-orla mar an t-ór leághta.



Tá fleasgach air a' mbaile so de bhuachaill óg,
Is moch air maidin chraitheas sé postaí an tseoil,
Is deas an gléus a meallann sé cailíní óg',
Le sgeana glasa a's forcanna agus fáinní óir.



Tá réalta air a spéir a's gabhann sé dán,
A's tá éclips air na spéartha ó oidhche go lá;
A ainnir shéimhigh a dtugus féin duit gan roinn mo ghrádh,
Searc mo chléibh thú, a Mhailréad Ní 'ac Shuibhne ón bhfán.




HEANRAÍ BRÚN NÓ MAILRÉAD NÍ TSUIBHNE.



Thóigeas mo sheolta ar imeacht aréir,
Agus seoladh mé 'un seomra gan oiread a n-éin,
A óig-bhruinneall mhómhar do mharbh lag mé,
A's díth comhairle ar an té d'ordaigh dhamh codladh liom féin.


L. 213


Ghlúaiseas liom air intinn ard gan chéill,
Un a' tuim a's gan ann acht áit a n-éin;
Dair a leabhrán grinn léir innsigheas fá mo sgéil,
Is báoghlach liom gur mhill do ghrádh-sa mé.



A Mhailréad óg na n-ór-fholt fite go féar,
A's na dtrillsí óamra ar ndóigh is tú is deise fán ngréin.
Fuaras póg ó mo stór-gheal is mé ag imeacht i gcéin,
Agus naoi dtrá beó gan lón do choinnigh sí mé.



Tá grís-bhéilín claon-tréitheach, binn-bhriathrach, sáimh-ghlórtha,
Aig an mnaoi bhéusaigh, ríméadaigh a chlaoidh mé go lán-bhreoite,
Tá buídhe-phéarlaí dá dlaoi léithe aig an mnaoi bheusaigh, bhreagh,
mhómhair,
Síos léithe mur luídhe gréine air thaobh sléibhe trathnóna.



Aon tseachtain déag gan bhréag a's dá fhichead lá,
Chaith Mac Dé a cur sgéimh air dheilbh na mná,
Gan cham gan chlaon gan aon smál peacaidh ó Ádhamh,
Acht mur bheith sé féin mur chéile a' brath air a fáil.



Tá dhá dhearc mhalla ghlasa fó chasadh folt mór .... gcabhaíghidh



A's a péire cléaca na mbachall cam tréan trai...-ar is ró-bhreágh a
sríth,


L. 214


A ceithre beanna geala cailce a gruaidhe 'sa leaca ar nós bhlá an
fhraoigh,
A's gur mur a n-ala air uisge mainne thuit mo shearc a's ro-ghradh
orthí.



Mo chreach mo dhith mo mhíle thruagh a's mo shlad,
Nach leat-sa bhím-se sínte ar luachair ghlas;
Ainnir mhín tá cáodhamhail, múinte, deas,
A's go meallfadh sí na mílte cúach dá nead.




AN BREATHNACH.



Fáilte dhuit sa dún so, 'inghin Choirnéul Fuadaigh,
Réulta tháinic o-dtuaidh oruinn a's snuaidh ceart thar mhnáibh:
Bhfuil a cneas mar sneachta i n-úaigneas a's a' ghrian a' lasadh
suas leis,
Gach ciabh bhreagh, chasta, chuach-bhláith a' sgúabadh go lár.
An fhialmhar mhilis, uasal, chiallmhar, chliste, gruaidh-dhearg,
A's gach bríathar dá silfeadh úaithe go bhfúasgladh dá lán,
Níl tréan ná barún uasal ná tighearna beannach, buacach
Dá bhfacaidh riamh an stuaidh-bhean nach bhfuil búailte le grádh.



Sí $Phoenics dílis ultach, péarla maoidh-gheal, muirneach,
Siúr bheag Naoíse ré a bpronntar na trom-cheatha air ghrádh
A bhfuil snúadh na gcaor go soillseach i dtús a h-aéir go
cuimseach


L. 215


Buaileadh i gcruth a's i gcuim cheart ré fionn-sgarúin bhán,
Tá súairce, úaisle a's inntreacht as buaidh gach slúagh de mhilseacht,
God b'áil liom féin dá innsin inna h-intinn thar mhná,
A's gur dhubhairt an chuach bheag, dhualach, threilseach go mbu
bhuacach thusa, a Welshach,
Go súaimhneach, subhailceach, binn blasda os cionn gach leabhar bán.



Fáilte is fiche don lánúin, don leanbh fionn-bhán deas fáinneach,
A bhfuil sáich ríogh na Fraince insa bpáisdín re sgéimh,
Mar Narsusas ná mar Áille ná Absalon mac Dáibhidh,
Ná Paris mac Priamus thug ban-ríoghan ón nGréig;
Sgathán diachta ón mbár-shlait tháinic eatorú 'rís, an blá ceart,
An brainnse fíor ón ngáirdín le n-ardóchaidh an séan,
Go gcumhdaigh Rí na ngrásda mac na míosa slán duit,
Go dtigidh aois is fás dó le bárr maise is méid.



Sé Máistir Walsh an tréan-mharcach ghallda, chroidheamhuil,
ghaodhalach,
Nár thuill sin diomúadh aon-duine ach' méadú gean agus grádh,
Bhfuil dán gach mí a' dréim ris ó d'fhág sé tír na féile,
Tá lán laoch aig éad leis lé na thréathra ins gach cás.


L. 216


Go bráth a fhionn-fhlaith bheusach 's a bhlá nach shín an chéir
ort,
Agus a bhfuil an dé-bheart dhuit i ndán,
Céad fáilte don taobh so dh' Éire don lánúin ríoghamhuil,
réimeamhuil,
Go n-árduighe Críosd céim leo agus saidhbhreas na ngrás.



RÓISE NÍ RAIGHILLIGH.



Mac Cuarta cct.



Tá sgoith na luachradh a' fás go buacach le h-adarcaibh na mbó,
Coirce dualach ar thaltaibh truagha a' fás faoi dhó.
Clann na suairce níl gar dhá luadh linn air an tsráid seo níos mó,
Is go bhfuil na cuacha air na crannaibh uaisle a' sár-sheinnm cheoil.



Is aig mo chaoin-Róise tá na naoi n-ór-fholt 'mín-chornú
agus na frasa léith go féar,
Faoi na ndíol comhgair ins gach dlaoi ór bhuidhe, síos go
bróig léith is íad a' casadh mar théad.
Tá'n ní is cóir aice do chlaoidh na cóigí do na naoi rósta is
breáchda ná'n sgéimh,
Sí is ro-ghile píob mar an lile, a cíghe comh-chruinne, a hucht,
corp a's a cliabh.


L. 217


Mo Róise bhéusach don phór Raighilligh, don ór ghréagach budh
corcaraigh grúaidh.
A folt nua-dhéanta agus a sgéimh is gach dlaoi bhreágh léith
tiompchioll a gruaidhe,
Sí is maorga don rós cáor-chorcra d'fhágaibh daoine faoi smúit,
Do spéir-ghasraigh don bheoir mheur bhlasda, a bhéilín
séuntach an leigfe tú mé i n-uaigh.



A ghile mhúinte budh deise snuadh air bith agus nár pheacaidh lé beó,
A dhrithleann úr-bhuídhe shileadh drúchta meala air gach táobh.
Is milis cumhrtha na tuilte úd aig na deadha dhá n-ól,
Nó an leigfidh an chiúin-bhean dall gan tsúil fa na brata dhá deóin.



Dá bhfeictá an fhaoileann maidin aoibhinn agus í a' snámh air a' tuinn,
A brollach sgaoilte mar shol líonta a's mar bhlá bán na dtom
An eala ghléigeal níor chuibhe léith gan mo pháirt-sa roinn,
A's codladh aon n-oidhche ní bhfuaireas féin le ráite fhada agas suim.



Tá géag úr aice dá mbu léar dhúinn í air bháine an domhain,
A's céad cúrsa an gach fréamh chúil léith agus fleasga don ór,
Tá sgéimh shé gcúige aig an spéir mhúinte an bhéil chumhrtha
nár pheacaidh go fóill,


L. 218


Sé mo léan dubh-chroidheach ní mé is rún di mar shéad súgaoíl
ná bheith aice i n-am ceóil.



A chíoch mhaiseach, bheir saor-thaithneamh agus spéis don ngreann,
Go bhfuil díol ceathrar ins gach dlaoi bhachallach bhíos a'
casadh leat ó fhréimh go bonn,
Tá píob sneachta aice a's cíocha ganna chlaoideadh sgata
dhe fhearaibh eidir Ghaedhil agus Ghaill,
Ná'n díth leat-sa mé bheith caoch caite mo luighe go deacrach dul i
n-éag do do gheall.



ÚNA NÍ CHONCHOBHAIR.



Is fada ó fuair mé faill air chailín bheag sa ngleann
A's na dhíaidh sin gan a fáil ré pósadh,
Ní dhuit a thug mé grádh, mo chreach, mo bhrón is mo chrádh,
Acht don mnaoí úd nach raibh i ndán go deó dham.
Ní hé mo chumann bhí gearr, d'fheallfadh ort go bráth,
Nó go síntear mo chorp-sa i gclárthaibh cónra,
A Úna Ní Chonchobhair bhán is mithid dam sgeula fháil
A's a liachtaigh teachta beag lách in d'eolus.



Agus thug mé grádh mo chroidhe do chailín óg sa tír,
A's nach orm a bhí díth na céille,
A's gur feasach don tsaoghal agus an baile aig-á n-a mbím,


L. 219


Go leanfainn grádh mo chroidhe dhá bhféadainn.
'Nois ó d'athruigh tú claontaí is gur bhain fear eile dhíom thú,
A stóirín tá mo chroidhe dhá réabadh
A's fhad 's mhairfeas mé beo choidhch' ní racha mé 'un do thighe,
Agus ní bhreathnócha mé 'sa taobh a mbéidh tú.



Is moch agus air neóin a ghuilim-se mo dheor,
Agus aig osnaoíl go ro-mhór i ngeall ort,
Agus go bhfuil a fhios aig righ na ndúl gidh nach dtuigeann tú, a stór,
Go dtug mé go hóg mo ghean dhuit.
Dá dtéinn-se anunn don Spáinn a's a theacht abhaile slán,
Ní thiubhrainn do ghradh do aon-mhnaoí
Tá mo lionn-dubh re n-ól is ní fada bhéas mé beó
Gídh nach misde liom gach só' dhá bhfuíghe tú.



A chuid 'an tsaoghal 'sa stór ó is mé nach mbéidh i bhfad beó
Mo bheannacht le mná óga na tíre,
A phéarla an bhrollaigh bháin budh deise crobh dhá lámh,
A's a gruaidhe dheas ar dhath na gcaoraí,
Leaca mhín bhán mar sneachta air thaobh rátha,
Nó stúagh bheag air mhalaigh sléibhe,
Sé mo chreach a's mo chradh gan mé is tú aig eirghe laé,
Fá choillte breagh dlúth' na hÉirne.



Is rí-mhór m'fhaitchíos féin nach bhfuighe mé malruit sgéil,
Ón teachtairín is géire cunntas,


L. 220


Níl ach lettir i ndiaidh an éag' dhamhsa bheith do dhiaidh,
Agus ní mhaithfe mé mo phian go deo dhuit:
...
...
Agus a stóirín gheal mo chléibh cuirim beannacht leat a's céad
Lá nach féidir linn a chéile a phósadh.



Amhrán eile.



A ógánaigh óig mar réalta thríd an gceo,
Lér thug mé mo ghean go mór dhuit,
A's gur gheall tú bheith róm aig coillte na gcnó,
Go gcuirfeadh sinn ar gcomhairle i n-éanacht.
Tuig, a mhíle stór, nach bhfuil peacadh air bith cho mór,
Is measa agus is mó le déanamh,
Ná maighdhean dheas óg do mhealladh lé póig,
Agus fealladh orthí go deó na dhiaidh sin.



Ná tuig agus ná síl mise a mhealladh ó! le bríob,
Ná le an-toil an tsaogail bhréagaigh,
A's go bhfuil sár-fhios aig do chroidhe,
Go dtáinic sé dom' aois leigean dom' dhíth céille.
Dob' fhearr liom mo luíghe ráithe fhada agas mí,
Air leabaidh liom féin gan aon fhear,
Ná do leanbh bheith le mo thaobh faoí m'asguill insa n-oidhche,
Agas tusa aig do mhían dá bréagadh.



A radaigh ó! na rúan an aithreach leat go búan,
Mar chuir tú le búaireadh an tsaoghail mé,


L. 221


A's gur chuir tú do dhúil i n-airgead na Múaidh'
Agus i seafaidí dubha an tsléibhe.
Bfhearr liom go mór seasamh búachaill óig,
Ná sealbhán bó air thaobh cnuic,
Sé d'imeóradh air pheann a's cluiche cruaidh na ngeall,
Agas a shiubhailfeadh an saoghal go réidh liom.



Dul i luíghe don ngréin! mo chreach, mo dhíth go géar!
Is mise bhíos i bpéin a n-uair sin,
Go mbu samhail dam indé an té sínfidhe insa gcré,
Is a Mhic Muire nach mé an truaighe.
Mo chairde uile go léir, cuid aca nár fheád,
Gur thugadar géar-fhuath dham,
Gan do fhocal ina mbeul acht ó mhill tú thú féin,
Fuilinn ó! dá réir búaireadh.



Is agamsa tá'n máistir is measa air bith lé fáil,
Gidh gur soineanta tláith a éadan,
Chuirfead sé mo cháil go fada a's go gearr,
Gidh go mb'fhurus mo chás a réiteach.
Dá mbeith an chaora dhubh sách slán, is an madadh ruadh sách lán,
Ní cosgóraidhe go bráth an tréad sin;
Air m'focal duit, a Sheáin, go bhfuil a' ghangaid isna mná,
Is codail féin do sháich dhá n-éagmhais.





L. 222


AN CHÚILIONN.



Dá bhfeictá-sa an Chúilionn agus í 'siubhal air na bóithrí,
Aig ionnsaigh na húr-choille a's an drúchta air a bróga;
Sí mo shearc í, sí mo rúan í, a's ní bhfuil tnúth aice le óige,
Agus go dtug sí bárr múinte air chúig chóige na Fodhla.



A mhuirnín a's a annsacht lér mheall tú mé i dtús m'óige,
Le do chlúanaigheacht bhinn bhríathrach gur gheall tú mo phósadh:
Má thug mo chroidhe gean duit agus dair liom go mbu leór sin,
Is mór táim dul i lionn-dubh nuair nach liom thú trathnóna.



Éirigh do shuidhe, a bhúachaill, agus fágh dhom mo ghearrán,
Nó go leana mé an stuaidh-bhean úd suas air na cnocáin;
Tá sí dhá síor-luadh liom ó bhí sí na leanbh bán,
Is go mbu bhinne liom í naoi n-úaire ná na cuacha a's na horgáin.



A stór gheal mo chroidhe, bí dílis agus daingean,
Ná tréig rúan do chuim i ngeall air a bheith falamh,
Bhéarfainn dhuit-se an bíobla a bhfuil faoi agus thairis
Go dtiubhradh Día dílis ar sáich dhúinn lé caitheamh.


L. 223


Má thug mo chroidhe grádh dhuit a's gur tú áille gach solais,
A's m'inntinn sách sásta leat, a ghrádh geal na gcumann;
Páirt mhór do mo chruatan a's mé a' cruadh-ghul go daingean,
Faoí mo leannán breágh úasal do lúaidheadh liom na leanbh bán.



Dá bhfeictá-sa an Chuilionn agus a cúl leis a' tuinn,
Fáinne óir air gach méur léith a's í réiteach a cinn,
Sé dubhairt caiptín Rígh Séumas is a' $mate bhí air a luing,
Go mb'fhearr leó aca féin í ná Éire gan roinn.



I mBeul áth-na-gCarr atá an stáid-bhean bhreágh, mhómhail,
Thug sí bárr sgéimhe air chúig chóige na Fódhla,
Bíonn cuacha i mbárr crann ann gach maidin agas trathnóna,
Is go mbu bhinne liom ná na horgáin bheith tiompchioll a seómra.



An cuimhin leat-sa an oidhche bhí mé agus tusa
Faoi bhun an chrainn chaorthainn agus an oidhche 'cur chuisne:
Ní raibh fasgadh ón ngaoíth aguinn ná dídean ón bhfearthainn,
Acht ar gcótaí a chur fúinn agus ar ngúnnaí 'chur tharainn.



ÚILLEACÁN DÚBHACH Ó!



Dá dteagtá-sa liom-sa go Contae Líatruim,
A's a úilleacán dúbhach ó!


L. 224


Bhéarfainnse mel bheach agas bainne fiadh dhuit,
Agus úilleacán dúbhach o!
Bhéarfa mé aer na long na seól 's na mbád,
Faoi bharraibh na dtum agas sinn a' filleadh ón tráigh;
Ní leigfinn an brón a choidhche do do chóir,
A's gur tú m' úilleacán dubhach ó!



Ní racha mise leat a's níl gar dhuit dom' iarraidh
Is úilleachán dubhach ó!
Mar nach gcoinneochadh do ghlórtha beo gan biadh mé,
A úilleacán dubhach ó!
Míle fearr liom bheith choidhche gan fear,
Ná bheith 'siubhal an drúchta is na bhfásaigh leat,
Níor thug mo chroidhe dhuit grádh ná gean,
A's ní tú m'úilleacán ná mo stór.



Chonaic mé a' teacht agam í i lár an tsléibhe,
Mar réalta thríd an gceo,
Bhí mé a' caint a's a' comhrádh léith,
Go ndeachamar go páirc na mbó.
Shuidheamuir-ne síos i lúib an fháil,
Go dtug mé dhi sgríobhtha faoí mo láimh,
Nach bhfuil coir dhá ndéanadh sí nach n-íocfainn a cáin,
A's úilleacán dúbhach ó!



Mo chreach is mo chradh gan mé fáisgthe síos leat,
A's úilleacán dúbhach ó!
Air leabaidh chaol árd ná air chárn taobh dhe,
A's úilleacán dubhach ó.
Gan duine air bith i n-Éirinn bheith láimh rinn sa n-oidhche,


L. 225


Acht a' súgradh agus a' gáirí lér mar budh mhian linn,
A Dhiá nach cruaidh an cás é mar bhfagh mé mo mhían,
Air an úilleacán dubhach ó!




CO. LIATROMA.



Go mbudh mhíle slán do Chontae Liatruim,
agus úilleacán dubh ó!
Agus an dara slán do Chabhán Uí Raghallaigh,
agus úilleacán dubh ó!
Ós annsin féin dogheobhaidh an plúr agus a' lionn,
Agus ceiliúr na n-éan faoi bharra na dtom,
Cead a bheith ag ól le do reógh-gradh air faill,
Agus úilleacán dubh ó!



Ciab'é 'tchí thú, a phrionsa na Bréifne,
agus úilleacán dubh ó!
Lucht na sgiath breac na n-each agus an n-éide,
agus úilleacán dubh ó!
Mac Muirréidh air dtús, a shógh na Bréifne,
Ní áirmhim gach tréan-fhear uasal faoi a n-arm 's a n-éide
Ní bhfuil gleo air bith dhá mhéud nach mbéarfadh búaidh,
agus úilleacán dubh ó!



Gidhb'é tchí thú air a láimh dheis,
agus úilleacán dubh ó
Mac Gabhrán na gcliar, an fial dofuair an suáidhe,
agus úilleacán dubh ó


L. 226


Ól dá dhéanamh 's a' saoghal dá chárnadh,
Céolta sídhe a's Gaelic ársa,
Má tá flaitheas air a' tsaoghal budh leur dhó an tsaoí sin
agus úilleacán dubh ó.



Atá an breac agus a' bradán ann i nglacán gach sléibhe
agus úilleacán dubh ó
An eilit mhaol 's a' fiadh breach a' léimnigh
agus úilleacán dubh ó
Budh bhinne liom go mór ná ceól na dtéudaí,
Gach maighdion dheas óg i gcóiriúgh Ghaedhalach,
Folt go bróig mar ómbra léi,
agus úilleacán dubh ó!



Tá an chláirseach chiúin agus argáin a' seinnm gach tráth ann,
Agus úilleacán dubh ó!
An ghrian a' damhsaidh go h-árd air na spéarthaí
Agus úilleacán dubh ó.
Clanna ríghthe agus ró-fhlatha ón Fhrainc agus ón Spáinn,
A' tigheacht go Contae Liatruim un oideais a dh'fhághail,
Eadar Fhéidhnach agus Caisleán na Bréifne, sí Éire fuair a'
suáidhe agus úilleacán dubh ó.



Ní racha mise leat-sa agus níl gar dham féin gan insean
agus úilleacán dubh ó
Nó go raibh an Tighearna San George linn abhaile as Lonndain
agus úilleacán dubh ó
Gradh na h-úaisle, grádh na féile,
Gradh na tuatha agus gradh na cléirgc,
Gradh gach aicme ó leanbh go léithe,
agus úilleacán dubh ó.


L. 227


COMH-CHRUINNIUGHADH NA RAGHAILLEACH.



Liam Ruadh Ó Maoil-chiaráin cct.



Sé mheud a's fuair mé pléisiúr,
A d'fhág gan chéill mé i dtús m'óige,
Mo thír bhreágh a thréigbháil,
Agus mé bheith i ngéibheann chois Bóinne.
Beir míle beannachd agus ceud uaim
Leat síos go baile Óirthidhean
Chum na Raghailleach ceart-dlightheamhail
Bhéarfadh mé as príosún na Bóinne.



Tá buachaillí na Bóinne
Insa tóir ó! mo dhiaidh-si,
Ní bhfuil suim acu im' ghlórthaí,
Ná in mo cheoltaí beaga fíobhráin.
Go mbu mhíle slán do bhaile Óirthidhean,
Is do na Raghailligh atá ríoghamhúil
Siad do-bhéarfadh deoch le hól dúinn,
'S budh mhór a' brón leó mé bheith i bpríosún.



A dhéigh-bhean ó is tú tá éadtrom,
Ná géill do shléibhtí ná do mhínleach,
Ná don tsneachta i gclár t-éudain,
Dhá charnadh le gaoithí;
Nó go n-aithriseá dhó mo sgéula
I n-aonfheacht agus dh'ós íseall,
Do bheartughadh na féile,
'S do Raghailligh an Bhaile Mhínlich.


L. 228


Air an taobh deas de Loch Síleann,
Ní thig féur ann ná fásach,
Ná seisg mar budh mhian linn,
Acht a' síor-ghabhail i dtráighthe.
Ní thig cná buidhe i mbarr craobh ann,
Agus ní líonann toradh gárdín,
Ó d'éug an dís Raghailleach,
Do shliocht Mhílídh ón Spáinn.



Is truagh sin duine i ngéibheann,
I bhfad ó na cháirde,
Agus is mall guth an áon-uird
Dul ag ionnsaídhe a námhad.
Atá mé féin i bpríosún,
Agus mo choimirc' air an Árd-Rí,
Agus mar dtigidh Raghailleach agus mo shábháil
'S mó dhá náire ná dhá dhíoghbháil.



Dá maireadh Maol Mórdha,
Chuirfeadh cúl air na céudta,
A shamhail ní raibh i n-aon am,
Faoi rása na gréine,
Dearbhaim féin go cinnti,
Nach mbéidhinn féin i bhfad i ngéibheann,
Acht tá an réim so le Gallaí
Ó d'imthigh Raghailligh agus Clanna Néill uainn.



MEADHBH NÍ MAOLMHUAIDH.



Tá grádh agam air mhnaoí a's do chráidh sí mo chróidhe,


L. 229


Agus nach náireach an gníomh do shéunadh,
Go mb'fearr liom mo luíghe láimh léithe sa n-oidhche,
Ná 'n-áit air bith i gcrích Éireann.
Nach mé do-rinne an gníomh d'fhágaibh mé caite críon,
Gan radharc in mo shúil ná léargus,
A Rí tá i gcathair na naomh, fág mé scaite arís,
Seal air fud an tsaoghail le pléasúr.



A mhuirnín deas na gcornín cas
Tá turlaing air gach taobh dhíot;
A's a shúil bhreágh ghlas mar dhrúcht air an bhfaith'
Agus a ghruaidhe air dhath na gcaorchon.
A béilín tanaídh, déad mar an gcailc,
A's a taobh mar an sneachta sléibhe,
Caol deas a malaigh is séimh a leaca,
Agus is méanra don bhfear a bhréag í.



A chuisle agus a stór, gluais liom insa ród,
Air neamh-chead da maireann dod' mhór-ghaolta,
Gan airgead ná ór, maoín ná stór,
Acht falamh gan fiú a n-éadaigh.
Maidin ná neóin ní sgarfad leat go deó,
Acht a' súgradh air a' nós chéadna,
Air chunndar ó go deo nach dtiucfadh oruinn brón,
Air mhalaigh cnuic ná air shlíabh mhór Fhéidhlimh.



Tá mo chroidhe dhá shlad, ní aithnighim cáora thar mhart,
Ré bliadhain mhór fhada fá bhuaireadh,


L. 230


Codladh ciúin ná ceart ní fhághaim ó mo shearc,
A's a Mhuire nach mór an phian sin.
Dá mbeadh sí 'na lon dubh seal fá bhruach na dtom,
Agus mé féin bheith a' faire an chliabháin,
Ghabhfainn í in mo thrap sul má dtéigheadh sí i bhfad,
A's ní móide go ndéanfainn díobháil.



Racha mé anunn agus ceannócha mé long,
A's cuirfe mé air a n-Éirne í,
Ní leigfe mé éinneach ann gan sgilling as a' gceann,
Acht amháin so mar dtéidh Meabh gheal.
Imeochad 'mo cheannuighe sna sic radaireacht le mná,
Agus ólfad a lán air aontaí,
Dá ndéanainn dubh don mbán agus caisleán ann gach lá,
Níl maith annsin mar mbréagainn Meabh gheal.



Dhá dteidhinn-se riot siar go talamh Uí Bhriain,
Bheith mo cháirde mo dhiaigh baortha,
Mar nach dtáinic mo chiall a's nach feasach dhamh ariamh,
Ceannach ná diól do dhéanamh.


L. 231


Dob' olc mo ghnotha air sliabh falamh riot gan bíadh,
Gan aguinn acht an fiadh fáobhrach,
A's a dtáinic róm aríamh go nguilfinn fá mo dhéidh,
Nach gcaithinn-se riot bliadhain do laéthaibh.



Go raibh míle slán do Mheibh Ní Maol'uaidh,
Sí an dé-bhean dob'fhearr dísle,
Sí nach dtiubhradh a lámh do fhear ar bith lé spáirn,
Agus d'fhanfadh air a' ngrádh dhíreach.
Is méanra mar tá Maolra Mac Smáil,
Is aige atá bár aoibhneas',
Aig a' ngeug-bhruinneall bhán nach dtréigfeadh a grádh
Dhá séideadh an lá gaoíthe.



Anois béidh cead éagnach aig cách, ó is éigin dúinn a rádh,
Agus cead béicíghil go hárd aig coilltibh,
Sgéal a chuaidh dh'ós ard, béidh fir agus mná,
A' géar-ghul agus gártha caointe.
Béidh Meabh Ní Maol'úaidh agus Maolra mac Smáil
Taobh 'stigh do spás míosa,
Gan geallamhuin ón bpápa ná chléirc ná nótra,
Acht air chaol-leabaidh sháimh sínte.



BRIGHID ÓG NA gCUMANN.



A Bhrighid óg na gcumann, ná tuig-se gur súgradh é,
Má thug mo chroidhe gean duit ar a mhalruith ná diúltuigh mé;
Má shíl tusa mé a mhealladh, a ainnir, le glór do bhéil,


L. 232


Gur buan mo mhallacht dá maireann do mhnáibh do dhéidh.



Nach mise an truagh-Mhuire a's mé tuitim i ngrádh le mnaoi,
A's a grádh a bheith ag fear eile, a's a Mhic Muire nach mé
grádh gan bhrígh,
Cé bé air bith duine bhfuil sise dul a dh'éug dá dhíth,
Sé mo mhíle creach mhaidne nach mise tá ina ionad i lár a croídhe.



Ní bhfuil insna mná so lé a dtráchtann na draoithe go léir,
Ná insa mnaoi úd a' bhí ag Párus lé'r básuigheadh a dá mhíle agus
céad,
Níl ins gach uile áilleán acht mur bheith sgáile lé taobh a sgéimh,
A's a Bhríghid óg na mbán-chrobh, is tú d'fhágaibh fá lionndubh
mé.



Tá dúithche bhreágh ag Bidí fó imeall na trághu so siar,
A dtig ubhla ar crannuibh a baintear fá dhó sa mbliadhain,
Tá na cótig sic breágh mealadh ag na beachaibh ar gach fód don tsliabh,
A's siúcra donn craithte air a nglacann Bríghid óg don mbiadh.



Beir sgéala un na bruinnill' fó imeall na trághu so siar,
A's aithris di go gcluinim go gcumann sí dán más fíor,
B'fhearr liom-sa ná sinnm cídh go dtiginn air a' gcláirsigh chaoín,
Go mbeinn-se seal tamuill a's mé ag iomadh fó na ban-chnios mhín.


L. 233


Tá rosaí mar na lilí a's iad ag iomadh fá bhórd a béil,
Agus sgéimh na duibhe ag a' mbruinnill is áille méin,
Tá a h-ór-fhoilt bhreágh dhaithte a's iad a sguabu 'na lúba léi,
Cí gur caol deas a dhá malaidh tá a leacaí mar an ómra cláon.



A's a Bhidí Sheáin Mhurchadh, molaim thú air mhnáibh an tsaoghail,
A's tá díol an Duke of York inntí air fuil agus air breághcha méin,
Tá a gruag 'na trí dualaí a's í fighte 'na troillseáin óir,
Agus an té a bheith gan amharc go dtiubhradh sí an tsoillse dhó.



Is milse póg Bhidí ná uisge Loch Éirne ar fad,
Agus ná sgoth na mine cruithneachta fuinte as úir-mhil mheach,
Is gile í ná an eala a's í na luigheadh ar nead,
Agus le do rós-bhéilín mealadh a chealg tú na céadtha fear.



Is truagh gan mé i Sasana 'gus cheannóchainn duit gáirdín ubhall,
Chuirfinn long ar an bhfairge sealad ag foghluim siubhail,
Casadh ó Shligeach dhom agus lideadh ar bith a fhághail den chóir,
Ní chomhnóchainn fá bhealach go mblaisinn de phóg mo stór.



BRÍGHID ÓG NA GCIABH.



A Bhríd óg na gciabh, cuirim do chuimrighe air Dhía,
Réitigh domh an bealach, a's ná fuiling mé i bpían,
Nó gabhfa mé fó'n sliabh mur a gcomhnuigheann an fiadh,


L. 234


Ag déunamh lionndubh fó na gleanntaibh, is leat a chaill mé mo chiall.



Tá gradh agam air mhnaoí a's do chráidh sí mo chroídhe,
Budh bhinne liom í naoí n-úaire ná'n chuach air a' gcraoibh,
A's ná lon dubh an bhéil bhuidhe agus an chéirseach le na thaobh:
An smóilín binn bréagach do ghéar-loisg mo chroidhe.



Dhiúltuigh mé go leór do lucht síoda agus sróil,
Don muislin bu daoire agus na bhfáinní buidhe óir,
Ní leó bhí mo dhóigh acht leat-sa a mhíle stór
Siúr-ghaol an Iarla Antruim sí planda den fhuil mhór.



Shiubhail mé go leór, a's ní shiubhailfead níos mó,
A raibh ó Chorcaigh go Gaillimh as go geataí Thuath mór,
Do shamhail níl le fághail sa bhFrainnc ná sa Spáinn,
Tá sáith an ríogh mar chéile innte péarla an chúil bháin.



Tóg suas do phúicín, cuirim súgaighil ort, a spéir-bhean,
A's do neamh-dheóin an bhodaigh thuataigh béidh mo dhúil leat go
lá an tSléibhe:
Béidh tusa liom-sa, a mhórnín, nó fágfa na Gaill Éire,
A's a ghéagán na súl glas a's gur gile thú na an gath gréin.



Agus is fada mé sa gclúid, dho mo mharbhú a's dho mho bhrughadh


L. 235


Ag mná dubha ag mná donna ag mná fionna a's ag mná ruadha,
Agus níor leig mé mo rún le éan bhean acú siúd,
Ach mo chailín binn tréitheach.
- Agus níor leig mé, etc.



Brón ort, a láir bhán nach nguileann do sháith,
Fá mharcach an chúl dualaigh bhíodh thuas ort gach lá,
Agus a thiubhradh dhuit do sháith de chúl coirce bháin,
Agus stáblaí fada gléigeala le bheith ag aer ann gach lá.
- Agus a thiubhradh dhuit do sháith, etc.



I gCunga tá mo mhían de mhná óga an tsaoghail,
. . .
Agus níor leig mé mo rún le éan bhean acú siúd,
Ach mo chailin binn tréitheach - isí Máire an chúl duinn.



AN TRÍOMADH AMHRÁN DO BHRIGHID NÍC FHEORAIS.



Air bhraoch na tuinne bhaoraidh tú mise,
A's gheall tú go dtiocfá róm sa tsnámh,
d'éirigh mo chroidhe cho h-ard leis an ngaoith,
A's má thuiteann sé arís ní éireóchaidh go brách.
Nach náireach an gníomh do do shamhail de mhnaoi
Go dtairgfeá na mílte fear a chur 'un báis,
A's go bhfásaidh an bláth buidhe frí lár mo chónra aníos,
Do mhalruit-sa ní dhéanfad a choidhche ná go brách.



Tá na róid so a' gealadh roimh an ainnir,
Agus rósaí a dá leaca b'áille a bhí i mnaoi,


L. 236


A grís-bheul mealadh a gruaidh ó! lé lasadh
A chum seang sneachta ab' áille bhí i mnaoi.
A ruain agus a thaisge, triall thusa liom feasda,
Go dtéighmuid amach go Conndae an Ríogh,
A's nach bhfuil áit air bith air an talamh b'fheárr liom ná i
d'aice,
Nó air an mbaile úd le do thaobh.



Sgaoilim-se anocht le gaoith agus le sioc,
An té déarfadh nach tusa mo chúig mhíle grádh,
Nuair éirighim amach ós árd air na cnuic,
'Sé shílim gur tú an ainnir is áille fán ngréin.
Sé deir lucht feasa gur tú mo leath leabtha,
Is cinnte nach gan malruit sláinte dhom é,
Nuair a bhéas buachaillí deasa sínte dubh i dtalamh,
Béidh mise air leabaidh le grádh geal mo chléibh.




AN STÁID-BHEAN.



An truagh leat, a stáid-bhean, duine a bheith i ngrádh leat,
Fir a' dul un báis mar bhfáighdis do phóg,
A annsacht is tú is breáchta, a chansal is áille,
Dhá dtiocfaidh do mhná deas' ná dhá maireann go fóill,
Rachainn don Spáinn riot, a mhaighre na mbán-chrobh,
Níor bhfearr liom i bPárthas nó i láimh leat a's mé 'g ól.



Iarraim air an Árd-rígh go bhfeice mé an lá sin,
A mbéad ag an stáid-mhnaoi 'na h-aice agus mé 'g ól,


L. 237


A chiúin-bhean is áille is deise thú agus is breáchta,
Ná Déirdre an óg-mhnaoi úd le ar thuit Árdan óg.
Feasta beidh mo dhúil leat, mo colladh nó mo dhúiseacht,
A's d' imeochadh mo smúid mur bhfághainn ach do phóg.



Tá dhá chigh nár féachadh i n-uachtar a cléibhe,
Cúm seang gan éan locht is dísle de na mná,
Is deise í ná Venus is gile í ná an faoilleán,
A's mharbhochadh sí na céadta le hamharc a súl.
Fuasgail ón bpéin seo mé agus coinnigh agad féin mé.
So póg dhuit a cheud-ghradh agus cuir tharm do lámh.




TURUS LÁ AN AONAIGH.



Sé mo thurus lá an aonaigh mhéadaigh air m'aicíd,
'g ól leis an staraighe lúbach,
Gan chodladh gan chomhnuidhe táim ré fada,
Agus mé tinn tuirseach brúite.
Táim air misge gan aon bhraon fuiscí,
Acht fíon agus mel dá shuathadh,
A ruain mo chléibh, chuir na céadta i n-aicíd
Leigfinn-se páirt do mo rún leat.



A chiúin-bhean tséimh, bím leat réidh
Nuair nach dtáinicis i n-am agam,


L. 238


A's gur shíl mé féin go mbu liom féin thú
A Mhic Muire nach tú a rinn' an feall orm.
Mo shnuadh, mo ghné, mo lúth mo léim,
Gur chaill mé leat a's mo chaint mhaith,
A's má bu fada an oidhche réir níor chodail mo shúil néall,
Acht mo láimh dheas faoí do cheann-sa.



A stór na mbeach 'ní óg den tsean
Bhfuil naoi gcornín casta dlúith ort,
Mar lon-dubh do ghrúag, a's do ghruaidhe mar an lile
'Ruagadh na gile ó chéile.
A stuagh na ndual a's na gcuach-fholt daite
Thug buaidh air dheise air Dhéirdre,
A's go dtáinic Cuphid 'nuas air cuairt chugainn,
Uair agus fiche dá bhféachaint.



A Nansaí phéacach, péarla an chumainn
A dhéad is deise gáire
A's gur dhuit thug Bhénus sgéimh na cruinne
A's an méid sin tilleadh grádh dhuit
Tá do ghruaidhe mar na caora 'réir a ngile
I n-éadan a leinbh tá cruinn deas
Sé mo léan nach bhfuil cúig bhaile dhéag chois cuain
I n-éag 'sa nguais fán mbanríoghain.


L. 241


BEAN AN LEANNA.



Tá bean ruadh air a' mbaile so i n-aice na ceártadh,
'Síor-dhíol leanna reaca a's a' creachadh daoíne áiridh';
Dá n-ólainn-se mo rapar agus paiste den gcába
Ní bhfuíghinn bráon air maidin i n-aisgidh ná air cáirde.



Is mairg a mbíonn póca air a's a thóin bheith falamh,
Tart air a sgóig agus é triall go tígh an leanna.
Tráth shíl sí mo lón a's mo stór a bheith caite,
Bhí táirni sean-bhróg in mo phóca go ceolmhar dá gcrathadh.



d'éirigh mé air maidin 'mo sgraiste as a' ngríosaigh,
A's d'iar mé air bhean a' leanna mo channa do líonadh;
Níl braon agam air maidin a's téirigh abhaile go faoithche,
Téithe mé air maidin agus tearaigh Dia h-Aoine.



d'ólfainn agus d'ólfainn agus d'ólfainn do shláinte,
A's dá mbéinn air bhord luinge d'ólfainn ní b'fhearr í,
Dá mbéinn-sé mo bhean altram' d'ailfinn do pháiste,
Chuirfinn crios ceangail air agus bindiollán fáisge.


L. 242


CUAICHÍN BHINN ÉADAIR.



Tá cúach i mBinn Éadair a's ní fhéadaim féin a mealladh,
d'éulaigh sí seal aréir liom a's níor fhéad sí theacht air fad liom;
Chuaidh sinn re chéile 'déanamh réitigh go tígh an tsagairt,
Ní raibh an t-airgead fá réir againn agus b'éigin dúinn filleadh abhaile.



A chuisle agus a stórach, tigheacht an Domhnaigh dá mbeitheá agam,
Thairg tú mó phósadh agus thóig tú roghain tharm,
Budh cuideacht a's budh comhluadur thú trathnóna agus air maidin,
Deir mo dhaoíne go mb'adhbhar bród duit mé bheith romhad go tígh an leanna.



Budh mhaith an fear foghanta mé i dtús an fhómhair a's a n-earraigh,
'Baint do chuid eorna a's dá cóiriú 'na bearta,
B'fhearr liom-sa cailín óg agam chóireochadh mo leabaidh,
Ná saidhbhrios ríogh na Fodhla a's mo phósadh re baintreabhaigh.



Budh mhaith an fear spáid 'mé, fear láighe agus slúaisde,
Mo shúiste bheith in mo láimh agam air an urlár is mé a' búaladh,
Fágfa mé na Máirí insa tsráid so 'na gcíar-thuathfaill,
A's ealóchad re cúilín bán deas ó sí d'fhágaibh m'intinn búartha.



Déanfa mé m'fhaoisdean gó lách críostamhuil leis an sagart,
Dul i luighe dham insa n-oidhche is aig éirghe dam air maidin,


L. 243


Ó cailleadh Caitríona craobh dhídeana mo chloinne,
Tá mo chónra dhá déanamh a's mná mó chaointe i bhfad ó bhaile.



CITÍ NÍ'AC AODHA.



A Chití na gcuach, an truagh leat mise bheith tinn,
A's nuair a chluinim thú do do luadh go ngluaiseann allus mo chuim,
Tuiteann mo ghruag ina dúala ó mhullach mo chinn,
A's déuntar dham úaigh an uair úd a sgarfas tú liom.



Is fada mé féin a' déanamh leanna sa gcoill,
Níor bhfurus dam é a's gan aon ghráinne bracha agam ann.
Duilliúr na gcraobh a's iad a déunamh fasgaidh os mo chionn,
Agus seacht m'anam déag thú a' féachaint orm anall.



A Chití bheag bhán, tabhair spás dam go dtigidh anFhéil'
Eóin,
A's go bhfuil na daoine dá rádh gur air mo láimh a bhéus tú go
fóill,
A chúilín triopallach, fáinneach scáinteach, fite mar ór,
A's go bhfuil an Raighlleach dá rádh gur tú a ghrádh má leanann
tú dó.



Tabhair leitir uaim sgríobhtha síos go dtí Calbhach Ó Néill
A's un a' tsagairt Mhac Aodha, fear a' chroidhe, sé chreidfeadh
mo sgéal,
Go bhfuil mé mó luighe re mí air leabaidh aig a n-éag
Is Cití Ní'c Aodha le gach aon mar thogair sí féin.


L. 244


AN CORR-SHLIABH.



Is lách an Corr-shliabh i dtús an gheimhridh,
Ní bhíonn leac-oighre orthí ná sneachta búan,
Is ceólmhar troighne, an chuach 'sa lon-dubh,
Fá bharraibh na dtom 'sa duilliúr árd,
Is binn guth gadhair ann i dtóruigheacht eilte
Bíonn an fíadh sa n-aimsir dul un siúbhail,
A's gur as so go cinnte thig sruth glan aibhne,
Tig bradán fionn-gheal ann a's breac air lúth.



Ní air shliabh ná air mhínleach bhíos mo mhían-sa,
Acht air thalta míne a dtig meas is blá,
Bíonn an chuach a' glaoch ann air bharraibh craobha,
Tig cruithneacht mhaol ann agas coirce bán.
Bíonn an bheach go críonna ann a's a h-árus déanta,
Agas mel dá táomadh go moch aig mná,
Sin uile i n-éagcáoin ort-sa, a chéad-searc,
Dá measainn féin go mbeith maith dhúinn ann.



A's gur tú do réab mo chroidhe ó chéile
A's d'fhágaibh na neulta só thrí mo cheann,
...
A chiúin-bhean bhéasach na malaigh caola,
Na gcuach-fholt aerach tá fáinneach fionn,


L. 245


Tearraigh dam 'fheuchaint, a ruain a's mé i n-éagcruth
A's béidh beannacht De dhuit go deo dá chionn.



Sé fá mo bhuartha nach bfághaim faill úaire ort,
Sa ngleanntán uaigneach aig a mbíonn mo ghrádh
Mar bhfuighinn mel air lúachair ann, im agas uachtar
Teacht don fhuacht bíonn na bath dá ndáir.
Ní bhíonn gaoith adtuaidh ann ná sneachta búan ann,
Tá caltha agus cúan ann aig luing a's aig bád,
Tá tuilleadh búaidh ann níl turas Cruaiche ann,
Dá sínteá síos le do chailín mná.



A ainnir cheannusach na mbriathra sásta,
Ní fear láighe ná corráin mé,
Níl mé eolgach air rómhar gáirdín,
Agus is olc an mártaigh sa n-earrach mé,
Ní chuirfinn punann air chruach ná air stáca,
A's ní chaithfinn gráinne don tsíol a gcré,
Ní chasainn súiste, dair mo chúis, ná ráca.
...



SEÁN MHAG RAGHNAILL.



A Sheoin Mhig Rághnaill is fada amuigh thú,
Na digh' so a fúaradh, is ró-fhád go dtig tú,
Mo chroidhe in mo lár gur fhága tú dubh é,
Fá bhruach na coille craobhaigh'.


L. 246


'Nansaí bhán, a bhláth na n-ubhall,
A phíob mar a' géis, a spéir-bhean chiúin,
Mo roghain air an tsaoghal, gan bhréag, is tú,
Acht Marsaill Ruadh Ní'c Aógáin.



Bhí mé thoir agus bhí mé thíar,
A's bhí mé i gceart-lár Bhaile Á' Cliath,
Samhail mo chailín ní fhaca mise aríamh,
Acht Nansaí dheas na bpéarlaí.



Cia an t-íongnadh dhamh-sa dhá dtéinn un sgaoil,
Ná dhá n-imíghinn mar na h-éanlaidh fá bharr na gcráobh,
Faoi mo ró-ghrádh féin agus mo cháirde gaoil,
Agus a' seunadh nach bhfuil mé pósta.



A dtús an tsamhraidh budh lách an spóirt,
Bheith fá bhruach na mbanc dá mbaintear an mhóin,
Bróga breaca agus lionn go leor,
Fá dhídion na coille craobhaigh'.



NA GAMHNA GEALA.



'Siad mo chuid gamhna na gamhna geala,
D'íosadh an féar a's nach n-ólfadh an bainne,
Shnámhfadh siad anunn a's anall air a' tSionainn,
A's níorbh'fearr leó an tráigh acú ná'n lán mara.



Bheirim mo mhallacht don tsagart do phós mé,
A's an darna ceann dona bailte móra,


L. 247


Ní a' cur maoil air chártaí chleacht mé i dtús m'óige,
Acht cead rinc' air an tamhnaigh a's na gamhna do sheóladh.



Níorbh'fearr liom an fhlocas fúm ná'n luachair,
A's níorbh'fearr liom coiléar dubh orm ná'n bhuarach;
Ceólta an domhain a's seinntear in mo chlúasa íad,
Budh bhinne liomsa géimneach na ngamhna sa mbúailigh.



Is beag mo dhúil in do rúmaí geala,
Do leapacha clúimh ná'n do phárlúis dheasa,
B'fhearr liom agam cruinn-teach beag samhraidh,
Poll bheith air an sgraith a's mé a' faire na ngamhna.



Tiucfaidh an geimhreadh agas greadfaidh an t-earrach,
Agus séidfíghear an sneachta go domhain insna gleannta
Tiucfaidh éag air a n-eallach agus feannfaighear na gamhna,
A's a charaid mo chléibh, ná cuir spéis air bith iontú.



Má thigeann an geimhreadh lasfaidh an Mháirt,
A's ní shéidfidh an sneachta go domhain insna gleannta,
Ní thiucfaidh éag air a n-eallach is ní feannfaighear na gamhna,
A's ó ól an bhainne reamhair is olc a chuaidh an dram dham.



NA DAILL BHÁNA.



Tá na daill bhána a' fuirseadh an bhogaigh,
Aig iomchar na holla ní orthú bhí an tuirse,


L. 248


Is cinnte nár mhór dhóibh cúig chéad bodach,
Aig iomchar oltaí go láidir.
Chuaidh Tomás aig iarraidh lán a' stoca,
Dubhairt Brían le Uilliam: tá tú gairgeach,
Ní thú chuaidh aníar a' sliabh a' sodarnaigh,
Gleannta corracha agas lán an phuca leat - adhbhar pluide.



Bhí cnapstaca air Uilliam taobh thíar de a' bogadaigh,
Is cinnte budh doiligh a bhearnadh;
Sé dubhairt Muintir Fhaoíne, béam fá Nollaic ann,
Cruinniú na bríoba agus gleus maith cosanta,
Níl cailleach dhá chaorach a mbéidh punt olla aice,
Nach ngabham roimpe air an dorus,
A's nach gcuirfam a chodladh.
Le dhá mhaide croise.



Béidh bacach nó días aig iomchar oltaí linn.
Go dtigeam air ar n-ais go Dún Pádruig,
Aig dul aníar dhúinn Béal Átha Dorcha,
Thóigeadar bruighne a's briseadh a luirgne.
Is eidir na cáocha bhí an cíoradh colgach,
Roinn na holla is acú bhí an cogadh,
Chuaidh teitheamh air Bhrían i ndeireadh na troda,
Agas bhí síad sa mbogach dá mbáthadh.



I mBaile-easa-cáoraigh cheannaigh mé feidil,
Bhí poll air a feirbh a's budh cosmhuil le greidil í,
Mar bhí mise caoch níor dhearc mé air a feirbh,
Go dtáinic mé air m'ais go Dún Pádruig.


L. 249


Níor smúaintigh mé riamh air a' mnaoí bhí sa mbaile agam,
A's a fheabhus a's bhuailfeadh sí cuairt mhór do bhata orm,
Luach a' tsíoda d'ól mé i gCill Ala, sgéigeacha cáorach
ní dhéanfadh 'na leabaidh mé,
Is truagh nach bhfuil mise báite.



Aig dul aníar dhúinn aig ionsaigh na dtulacha,
Tharnaigheadar cuaillí móra, daracha,
Thugadar briseadh i lár an mhachaire,
Cailleadh an Rí, Seán caoch a's a cheannaire,
Is fágfar a holann aig Máire.
Mo chreach a's mo dhíth nach bhfuilim thíos i Sligeach,
Nó i bpríosún Lifer a bhí mé gan coir air bith.
...
...



MÁM AN CHEÓ.



Tá'n Luinnseach fada agas mé a' dul i bpáirt,
A's ní fada go dtreabham Mám an cheóidh,
Cuirfeamuid cruithneacht agus eórna mhór,
Agus ní béidh-muid chó dona a's támuid.
Shíneamur seisreach an dara lá de Mháirt,
Chuir an Luinnseach fead as a chúalaidh a lán,
Scap na capaill anunn 's anall,
A's chuaidh ar gcéachta i dtalamh go ró-mhór.


L. 250


Bhris an bonn a' béim 's an clár,
d'imigh na h-anlaí amach as mo láimh,
Treabhadh gach aon dó féin sé 's feárr,
A's ní racha mé lá 'choidhche i gcomhar riot,
Ná déun-sa sin, agus fan mar táir,
A's glac mo chómhar aon bhliadhain amháin,
Tóigfeamuid fál air gach taobh don Mhám,
Agus ní racha mé lá choidhche 'g ól uait.



Eist, a Eimhir, a's leig do do ghreann,
Sé a ndéanann tú de mhaith dhúinn a ndéanann
tú de chaint:
Dá mbeith fasgadh air an mbaile is maith gheobhainn thú ann
Agus mise air a' gcnoc do mo phréachadh.
Dá mbeith mo chéachta i gceann a n-fhóid,
Is i dtigh leanna reaca do-gheobhainn thú 'g ól,
Do chúl ré balla a's tú 'stácadh ceóil,
Agus ní chuirfeadh sin Sailí a' gáirí.



Sgríobhfa mé leitir 'un a' Mhuilinn Chearr,
I gcoinne gléus treabhtha nach raibh ríamh sa n-áit:
Soc agas coltar do-réubfas bán,
Threabhfadh corraigh agas móinte.
Sin í an chaint agas cía bhfuil an chaoí,
A's nach mithid don Mhám bheith curthaí lé mí;
Nach mhithid don Mhám bheith curthaí lé mí,
Lé fhad a's go ndeachaidh aon ghráinne ann.


L. 251


Níl fhios cia acú is fearr lúas ná maill,
Síos an logán suas an gleann,
Tá paráiste Leacan taobh thall den Mhuaidh,
Béidh cúpla sac linn i gcomhnaidhe.
Ceannóchmuid eorna a's síol i bpáirt,
Béidh adhbhar bleithigh aguinn féin dá bhárr,
Béidh adhbhar bleithigh aguinn féin dá bhárr
A mhairfeas go mbaintear an mhóin dúinn.



Nuair bhainfeamuid an mhóin déanfamuid lionn,
Bhéarfamuid deoch don té is feárr bhéas linn,
Acht má 'ní tú mo chomhairle ceannóchmuid still,
Agas béidh dram aguinn féin i gcomhnaidhe.



CAITLÍN TRIALL.



Is mian liom trácht air gach ní lé stúaim,
Is mithid dham trácht air Chití na gcúach,
'Sí an planda breágh leinbh tá saothamhuil súairc,
Agus a samhail ní fhaccas ariamh air tuaidh.
'Sé mo chreach mhaidne nár fágadh mé
Air bhruach Loch Aillionn, le fáinniú' an lae,
Air shúil go bhfuighinn amharc air Chití na gcraobh,
Mar chúala mé teasdas breáchta a sgéimh.


L. 252


Sé mo léan géar mar choinic mé dubhach ná peann,
Ná do chúl breágh triopallach, fáinneach, fionn;
Dhá dtóigeadh an tighearna easbuig so lámh os mo chionn
Bhéarfuinn-se Cití, an staíd-bhean, thar sáile liom.
Is gile í ná'n ala agus is deirge í ná'n ghrian,
Is binne í ná a gcúala mé do cheolta ariamh,
Níl aon teach leanna reaca fa'n tsráid só síar,
Nach n-ólfa mé sláinte Chaitlín Tríall.



Is truagh nach bhfuil mise agus Cití ar faill,
Fá chúl an tuim chuilinn go n-ólamuis dram,
Air shúil ré Día dílis go dtógfuinn a croídhe,
Is go dtiúbhrainn abhaile ó n-a máthair í.
Léigh mé do leitir amuigh air an tslíabh,
Bu bhinne í ná iomad de cheólta sídhe;
Páirt mhór de mo chrúatan gur leat chaill mé mo chiall,
Agus is mór i n-aghaidh d'anam é, a Chaitilín Tríall.



Is deise í ná'n ala ag gabháil na sligheadh,
Is gile í ná'n sneachta air bharra na gcraobh,
Sí réalta na maidne í i measg chailíní an tsaoghail,
A's nach aoibhinn don bhfear fuair Caitilín Tríall.
Tá'n saoghal so cleasach is an úaigh fá réir,
A's an té nár ól deór ó Shamhuin marbh ó réir;
Nuair nachar ghlac mise ariamh píghinn do do spré,
M'fhocal dhuit go bhfliuchadh an píobán réidh.


L. 253


DÁ BHFÁINN-SE BEAN SA TÍR.



Mac Cába cct.



Dá bhfáinn-se bean sa tír a mbeith eallach aice a's maoín
Cáraoid mhór bhath agas chaoraigh,
Chuirfinn bó acú sa gcíos a's bó eile air a h-íoc,
Agus bó eile air a cúl go tré-lag.
Dá mbeith aon bhó agam díobh cía bhfuighinn dóibh teach ná dídean,
Acht imeacht arís lé pléasúr;
Chómh-fhad is mhairfeas mé beo choidh' ní gabhfar insa líon mé
Agus a fhusacht dam an sáoghal do phléascadh.



Lá breágh dár éirigh mé ag áirdeall go géar,
Air ainnir na gcraobh cúmhrtha,
Dhruid mise léith go bpógainn a béul,
Air shúil go mbéinn léith cúiteach,
Níorbh'áin léith-se é go bhfaghadh sí orm leus,
De láthair an tsáoghail 's i n-úghdar,
Acht sganraigh mé féin air fhaitchíos go mbéinn,
'Mo chrann dubh agus mé fa'n tsúighe.



Dá bhfáinn-se cailín caoin a mbeith eallach aice a's maoín,
Shínfeadh liom síos gan chonndar,
Gan tráchd air eaglais a choidh'i gcás mo cheangail díobh,
An dream is measa dlígheadh dair liomsa.
Súd é an gléas a mbím a g-ól mo chárta dígh,
A's dá íoc amach gan chundas,


L. 254


Má thigeann gláoch air a' gcíos mo nóta ní bhéidh thíos,
Mo bhó ná mo laogh sa bponnta.



Dá n-ólainn-se fíon lé mór-ghean air mhnaoi,
A's dóirtim fuil chroidhe a's mo chléibh dhith,
Sé is dó' liom faráor gur stróinse dhon tír,
Gheobhuinn insa n-oidhche dhá bréugadh.
Air mhór-chlog na Mí' ní phósfa mé í,
Is eól dom a lán d'á dtréartha,
Air eagal go mbéinn mo cheólán gan bhrígh,
'Strócadh mo chinn a's a g-éad léith.



MÓUDA NÍ DHÚBHDA.



Sí Móuda Ní Dhúbhda an planda maiseach, múinte,
Is meabhlach a súile agus a gáire,
Sí bláth na n-úbhla cúmhrtha í, a's na gcnó tá milis, dúinte,
Is fada mise i gcumhaidh dá grádh-sa.
Mo léan! gan mé a's tú amuigh i gCúige Mumhan
Na gcoillte dubh dorcha fásaigh,
Sheinnfinn-se tiúin duit air bhárr mo fhliút,
Budh bhinne ná na cuacha air na fálta.



Má théann tú 'g iarraidh céile téirigh go $Sign na Gréine,
Is annsin gheobhfa tú sgéimh gach áille,


L. 255


Gheobhfa tú féirín ó Shúsaí bhán Inghín Shéamuis,
Maighre na grúaige báine,
Sí is finne ghile ghléigeal' ná'n ala tá air a n-Éirne,
A leaca dhearg shéimh agus a bráighe gheal,
A's gur air an taobh so dhe mhalaigh shléibhe tá sáich an Rígh
do chéile,
A's gur cailleadh na céadta dá grádh-sa.



Tá Búrcaigh agus Brúnaigh a's ní áirighim clann Mhulrúanaidh,
Agas muintir chóige Mumhan a' cur slán leat,
Lucht fearainn agus dúithche, iarlaí agus diúicí,
A's an méid sin a' caoidhe do do ghrádh-sa,
Dá bhfáinnse ó Rígh na ndúl cead amhairc air a gcúilinn,
Rachainn air mo ghlúine go Droichead Átha,
A's buaidh na gcúig chóige lé maise agus le múnadh,
A's gur aig Móuda Ní Dhubhda atá sé.



Tá bunadh chóige Laighean a' dul air cuairt fá dodhéin-se,
A mhaighdion, go meidhreach amárach,
Mar tá Eústásaigh a's Mac Murchadh na méith-mhart,
A's an méid sin uile i ngrádh leat.
Go leor do Mhuintir Chuileannáin ó shléibthe Dhún-Dealgan,
A's ní áirighim na fir chalma ón Triúchainn,
A's a bhfuil ó Shlíabh na Céise go Droichead Lios na nGearaltach,
'Tarraint air Mhóuda Ní Dhúbhda.


L. 256


TOMÁS DIOLÚN.



Mo chreach! a Thír a- Rúain, ó d'imigh do mháighistir uainn,
Tá bochta fá chrúba námhad,
Fear smachta lucht cumhachta a's nach ngéillfeadh dhá ndúithche,
Crann seasta gach cúis a's gach adhbhar.
Le tuirse a's le cumhaidh chuaidh mel bheach air gcúl
Is níl meas air abhal-'uirt gáirdín,
'Sa chraobh chosanta na cóige cia sheasfas ceart dúinne,
Ó d'imigh tú uainne go Párthus.



Tá Gaill agus Gaedhil gan fasgadh dhá gcéill,
A's a' Charraig fá éclipse báite,
Do hallaí bhí gléigeal cho dubh leis na sméara,
A's ní fheiceamuid éan insa ngáirdín,
An ala 'san $Phoenix a' lon-dubh 'sa' chéirseach
Bhíodh agad-sa a' déanamh áilleáin,
An tír so gur thréig siad 's a' chuach bhinn gur éist sí,
Ó cailleadh fa shléibhte ar gcúl báire.



A' gcuala sibh trácht air Hector bhí láidir,
Air Chonall an áigh agas Céasar,
Nimrod bhí tréan, Cuchulainn agus Ajax,
Ná'n rí sin Phároah bhí i n-Égipt.
O chosgair an bás an láoch sin gan spás,
Ní mó liom ná breán a n-éagmhuis,


L. 257


Acht Tomás óg Diolún d'fhága' sinn claoidhte
Sé lasgadh gan faoíseadh lucht an Bhéarla.



Fíor-scaith na leomhan do threibh gheal Thuath mór,
Agus fíor-sméar, ar ndóigh, don fhuil áird é,
Gaol na bhfear tréan bhí soineanta, séanmhar,
Fuair treise agus céim ins gach bearnaidh.
A cheannphoirt na nGaedheal, ó d'imigh tú féin,
A's gur i bhflaitheas Mhic Dé tá d'árus
Tá bochta go tré-lag fa thuirse agas ghéur-smál
Ó chaill sinne cráobh na bhfear mánla.



Lé tuirse a's lé cumhaidh ní feas dam cia híad,
Nach nguileann fá phíanta cráite,
A's go talamh na bhfían ó d'imigh an fíal-fhear,
Cia sheasfas mar sgiath ar gceann-feadhna.
Aois sin Mhic Dé bhí sgríobhtha gan bhréig,
Míle seacht gcéad go lan-cheart,
Trí fichid bliadhain agus seacht samhradh na díaidh
Gur cailleadh fá shliabh ar gcáirde.



Tá Mullach na Sidhe aig osnaoíl a's a' caoí,
'Sa' Charaig so líontaí do dheóra
Duilliúr na gcraobh a' tuitim gan gaoíth,
A's gach maidin mar chíofá an trathnóna.
An chuach bhinn a bhí, tuilleadh a's dhá mhí,
'Seinnm go caoín agus go ceólmhar,
A's ó d'éag ar gcraobh dhídin acht d'imigh sí,
un sgaoil uainn,
A's ar mallacht go tír Uí Dhomhnaill.


L. 258



FAOISDIN UÍ CHASAIDE.



Ó Casaide cct.



Treabhadh i ngardha, fál ná fuirseadh,
Turn ní dhearnas ariamh go fóill,
Níor stop mo lámh ó aon chás duscamhach,
Tóigim troid i dtigh an óil.
I n-aimsir ghrabha is lugh' deirim paidreach',
I lár an troisge is mó 'ním craos,
Imrighim cárdaí, cáinim, ceilim,
Súd í m' ealadhain ó thús mo shaoghail.



Is truagh mo sgéul, ' tigheacht a n-earraigh,
Níl mo theach i gcaoi ná i ndóigh,
Dalladh mé a's ní léar dham an bealach,
Is truagh mo shamhail i bpíanta bróin.
Cíos an Ríogh ná'n t-airgead teallaigh,
Ní nár íoc mé ariamh go fóill,
Acht déanamh gach slighe 'un pighinneacha a thacar,
A's dá gcur i dtaisge i dtígh an óil.



A Mháire, a chuisle, a bhlá gach finne,
Lámh an einnigh aniar ón áigh,
A bhéul is binne ná'n chúach air bile,
d'fhága tú mise i bpianta báis,
Ní léar dham réalta, grían ná gealach,
Le méid mo ghean ort, a chluanaidhe mná,
'Spéir-bhean mhánla mharuigh tú air fad mé,
Is truagh gan d'fhallainn fúm go lá.


L. 259


Do b'aitigh liom-sa bheith pógadh mo chéad-searc,
Agas a' scapadh mo chisde léith gach lá,
Mo lámh ina brollach a's mé dá mealladh,
Béilín meala a's a grúaidh mar an rós.
A chailín an tigh' bhfuil an choinneall lasta,
Is mithid scur agus leigean dó,
Má mheasann tú, a Bhríain, go bhfuil mé saor ó pheacadh
Fillfad air a n-ealadhain chéadna fós.



BRIGHID NÍ BHEIRN.



Ó Casaide cct.



A stáid-bhean bhreágh dhá dtug mé grádh,
Mo chreach! mo chradh! nach liom-sa thú,
Nach bhfuil ó Phárthus ní lé fáil,
Bhéarfadh lá do fhortacht dhamh.



Mar bhfágh mé páisde a' bhrollaigh bháin,
A's gur gile a bráigh ná 'n ala air tuinn,
A mín-chrobh méar do sheinnfeadh air théad,
Ós aig an spéir-bhean go cinnte tá.



Mar bhfád ré bréagadh a n-óig-bhean t-séimh,
A chlaoidh go géar mo chroidhe in mo lár,
Racha mé i n-éag seach fearaibh an tsaoghail,
A's a Dhia nach mé an t-amadán.



Is truagh gan mé a's rúain mo chléibh,
I ngleanntán sléibhe ná i n-alt chois cúain,


L. 260


A's gan neach dár ngaobhar ó dheas go hÉirne,
Acht cúach na gcráobh agus í 'seinnm cheoil.



Ó! dhá mbéinn, d'aithreósainn sgéul,
Go bhfuil mé i bpéin i bhfad dod' dhíth,
A's a Rí na gcréachta nár fhága mé an saoghal,
Go raibh mé a' bréagadh grádh mo chroidhe.



A chúl na lúb, triall feasta 'un siubhail,
Agus tóig an chumhaidh so arís dhíom féin,
A's gur leigeas mo rún lé do bhéilín dlúith,
Agus m'ansacht thú thar mhnáibh an tsaoghail.



Mo léan! a shiúr, gan mé a's tú,
Fa choillte dúinte i bhfad ón ngréin,
I gcóige Múmhan dhá mbéinn a's tú
Go gcuirfinn do chlúanaigheacht duit-se i gcéill.



BÉAL ÁTHA H-AMHNAIS.



Port Ghordon.



Ó Casaide cct.



A mhíle gradh, ná bíodh ort gráin,
Fá do bheith daltach liom-sa,
A's gur dual dam bárr na cóige fháil,
Is ó mhná ní fháim-se diúltadh?



Is liom thú féin, upon my faith,
I n-ainneoin chléirc na cóige,
A's a chúl na gcraobh más roghain leat mé,
Umhlaigh agas béidhmuid cúiteach.


L. 261


Do bhraoithe ganna a's do phíob gheal bhreágh,
Do ghruaidhe le lasadh is do mhín-rosc lách,
Do leaca chaoin a's do rosc mar aol,
A's air dhath na gcaor do ghruaidhe atá.



Do chraobh-fholt daite mar eite a n-fhíaigh,
Scaptha, sgartha leat-sa síos;
Gluais gan spás le fúad mar táim,
Go dúithche shéimh na n-Ultach.



God-é 'n fá mo phléa re mnáibh an tsaoghail,
A's dá bhfásgadh re mo chroidhe isteach,
Cumadh bhéarsaí is dánta Gaedhilge,
Agus an lá na dhíaigh sin díomhaoineach.



Mo lámh air chéachta ná'r spád ghlan ghéar,
Ná'r ghréap a's mé spréidheadh a n-aoiligh,
A's nár bh'fearr dham féin bheith daltach léithe,
Ná spairn le cléirc an tsáoghail-se.



Och! och ón! is mé ceann gan chéill,
Nach ndearna comhairle mo mháithrín féin,
Is gurb í dubhairt gan amhrus liom san am sin,
Beul Átha h-Amhnuis seachuin trá.



Nár bh'fearr dham féin dul don Spáinn,
Ná bheith aig an gcléirc so choidh' fa cháin,
A bhuachaill, téidh air do dhóchus féin,
Fá dhídean sgiath na n-Ultach.


L. 262



DÁ MBEITH CRODH AIG AN GCAT.



Dá mbeith crodh aig an gcat is deas a pógfaidhe a bhéal,
Níl, mo chreach! ná aig an té ar chóir dhó-san é.
Tá inghin na caillighe giobaighe pósta ó 'réir,
A's a liachtaí óig-bhean dheas gan fios cía shiubhailfeadh léith.



Chuirfinn, chraithfinn, scapfainn síol insa gcré,
A's sheolfainn na bath fán n-eanaigh is milse air bith féar,
Chuirfinn crú air a n-each is deise do shiubhailfeadh an féar,
Agas d'éolochadh bean le fear nach ndéanfadh sin féin.



A cháirde gaoil, caoínigidh i mbáireach mé,
Fá mo thabhairt don mnaoi a's gan m'intinn sásta léith,
I ngeall air mhaoin bheag shaoghalta nár bh'fearrde mé féin,
Trí bath, caora, a's síofrach mná dona gan chéill.



Shiubhail mé corraigh, bogaigh is móinte fraoígh,
Thart go Baile an Tobair is go Párthas na naomh,
Shiubhail mé an méid sin uile do dhá oidhche agas laé,
Air shúil go bhfuighinn mo thoil uirthí a's sháraigh sí mé.



A's a chailín deas, do leas nár dhéana tú,
A chrann gan rath bu mheasa féachaint air bith súl,
Nuair thig do chuid bath abhaile a' géimnigh un diúil,
Ná raibh tú i bhfad aig d'fhear go n-éaga tú, a shiúr.



A Mháire, a chuisle, a bhean is áille air bith méin,
A's go dtug tú buaidh air mhná do chinte uile go léir,


L. 263


d'fhága tú mise a' sileadh na súl gach lá do dhíaidh,
A's gurb' í a n-úaigh mo leabaidh nuair a fhágfas tú mé.



B'fhurus aithne dhamh-sa air bhaint na lúachra aréir,
Go dtug mo mhuirnín bodach grúama orm féin,
An ní is éadrom leatsa is trom an t-ualach ormsa é,
A's gur minic bhain duine slat a bhuailfeadh é féin.



A MHÁIRE, A CHUISLE.



Ó Casaide cct ?



A Mháire, a chuisle, a bhláth na finne, géag a n-einnigh
aníar ón n-ár,
Béal is binne ná'n chuach air bile, d'fhága tú mise i n-íargnó báis.
Ní léar dham coinnioll, clár ná fuireann ó do mhisge, a raé bheag mná,
A stáid-bhean mharthan, mhéudaigh tú air m'arainn, ó gan d'fhallainn
fúm go lá.



Shiubhail mé Ardach' a's go Cionntsáile, go Droichead Átha
a's air m'ais arís,
Go Ceatharloch a's go Dún Pádraig, samhail Mháire ní fhaca mé.
Cóisdí árda air eachraidh bána, marcshlúagh ghallda a' troid
fán mnaoí,


L. 264


Ó d'imthigh tú a ghrádh, go dtige tú slán, a's go ndéanfadh
do sgáile solus gan grian.



Iomarcaidh cómhairle bhí air a n-óig-mhnaoi d'fhágaibh an dólás
mór so air mo chroídhe,
Mur bhlá nóinín d'fhás air mhóinín siad na rósaí dearg agus buidhe.
Gach aon dlaoi ór-bhuidhe dá folt ómra, a's iad aig tuirling léithe síos,
'Ar bhás a bhfuil beó agam, is tú do bhreóidh mé, a's d'fhágais
arainn thríd mo chroidhe.



Sí Máire go deimhin an planda leinbh is séimhigh dheise dá
bhfuil lé fáil,
A píob mar an lile, a súil mar an criostal, a gruaidhe is
deirge ná rós dá bhreácht.
Dochtúirí na cruinne a's a gcruinniú uile, nár mhór an cumas
a gcur air fáil,
Ní leigheosadh a n-arainn tá dul thríom trasna, acht póigin
mheala ó do bhéilín tláith.




BEAN DUBH AN GHLEANNA.



A bhfaca tú nó a gcuala tú an stuaire do b'áille gnaoi?
I ngleannta dúbha a's mé i n-uaigneas gan suaimhneas do
lá ná d'oidhche.
Béilín caoin an tsuan-roisg do bhuair mé 's do chráidh mo chroidhe,
Mo bheannacht féin go buan gibé cúan nó áit ina mbí.


L. 265


Atá sé sgríobhtha i bprionda, do chom seang 's do mhala chaol,
'S do bhéilín tanaidh faoi sin nách sílfinn do 'neósach bréag,
Do chrobh is gile 's is míne ioná an síoda 's ná clúmh na n-éan,
'S is buadhartha cráidhte bhím-se nuair smaoinighim ar sgarúinn léi.



Nuair a dhearcas í do théidh mé le géar-shearc dá gnaoi 's dá snó,
A miona-chíocha gléigeal' a déid dheas 's a dlaoi-fholt óir
Ba ghile a dreach ná Déirdre chuir laochraidh na Midhe air feodh,
'S ná Blánaid mhín na gclaon-rosg le ar traochad na mílte treón.



A phlúr na mban, ná tréig mé air bhaothlach le saint dá stór,
Gan chlú gan mheas gan bhéusa, ach blaedhearacht a's bruidhean a's
gleo,
Is ciúin do shinnfinn dréachta breagha Gaedhilge dhuit oidhche
an fhómhair
'S do sgrúdfainn stair na Féinne go léir-cheart 'sna Míleadh mór.



MÁIRE NÍ' CANNA.



A Mháire Ní Canna, glúais thusa liom féin,
A's gheobha tú céad fáilte,
Gluaiseamuid ar aon as Connachta na mbréag,
Agus téam thar bhéal Bhearnuis.


L. 266


Gheobha tú méad, beatha-uisge bhéas daor,
Coffee má 'sé is fearr leat,
Rum agus tea a's fíon as a' nGréig,
Agus urad Loch Cé do $bhrandy.



Ní racha mé anunn ná go Sligeach na long,
Is fada liom uaim Bearnus,
Tá mo cheann tinn le a gcanann tú dhe ghreann,
Ní bhfuíghe tú air faill Máire,
A staruidhe na lúb, ná bain thusa fúm,
Seachuin ort mo chlúid fhásaigh,
Air m'fhocal duit air dtús, nach measa liom thú,
Ná'n fear atá air chúl ceárda.




CHUIR MÉ MO GHARDHA.



Bairéad cct.



Chuir mé mo ghardha, a's níor éirigh sé liom,
Bhí mustard go leor ann a's bláth buídhe os a chionn,
Ní bhéarfad sé fiú an ghráinne ná eórna a dhéanfadh lionn,
A's gurb é síor-ól na gcártaí d'fhágaibh an bothán so fann.



'Sé deir an chléirc liom nach ndéanaim a' ní tá cóir,
A's na dhiaidh sin nach ngéillim do Pheadar ná do Phól,


L. 267


Gean Dé orm go dtréigfead a ndlígheadh níos mó,
A's gurab acú féin bhíos an féasda air fhíon a's air bheóir.



Tacar ná pacar ní dhéanfad go bráth,
Níl pighinn dá nglacfad nach gcaithfead go fíal,
Sé dubhairt Peadar asbul leis an Eaglais más fíor,
Go bhfuilead uile saor ó pheacadh, lucht ólta na dí'.



Dá mbeith a' chláirseach in mo pharlús a's í seinnm cheoil,
Agus ceártaí insa gach coirnéul a bualadh óir,
Nach míle fearr liom mar tá mé gan maoín ná stór,
Mo chárta in mo láimh agam a's mé 'síoraidh a g-ól.



Tá dream insa tír so shanntuigheas maoín airgid agus óir,
A's dream eile 'na dhiaidh sin a shanntuigheas maoin chapuill a's bhó,
Nár bh'fearr dóibh cuid do roinn de a's an chuid eile a ól
Ná an t-iomlán bheith caillte trá dorachaidís fán bhfód.



TÍR A-RUAIN, FREAGRAD AIR AN TRIÚCHAINN.



Lúcás Gasta cct.



Níl bean bhuile ná maighdean uailligh,
Ní áiríghim uachaid rachadh ó chrích,
Thiucfadh aguinn go tír an tsuaircis,
Nach gcuirfeam uachtar air a mbainne cíoch.



A Thír a-Rúain, na bhfearann sálmhar,
Bidh cruithneacht áluinn ann agus breac air lúth,


L. 268


Sí tír na meala í a's na gcailín mánla,
An tír is áille dá bhfaca tú.



Shiubhail mé síar a's aníar chois Éirne,
A's níor chuireas spéis i ndúithche an Dúin,
Sguir feasda dod' Thriúchainn bhréige,
A's tá cliú na féile aig Tír a-Rúain.



Tá muic-fheoil shaillte a's mairt-fheoil bhríoghmhar,
A's im go teannta air mhíasa dlúith,
Ceolta cruit' agus beart air tháiplis,
Teach Mhuiris Mhac a' Bháird i dTír a-Rúain.



PLÉRÁCA UÍ ANLAIGH.



I gCruinn-choill a g-ól tá'n t-óigfear soineannta,
Múinte, mómhar, ceólmhar, clifeartha,
Is ro-mhaith a stróic air chóiriú' wiganna,
'Nós mar thuigfas tú plancstaí,
B'aitígh leis rúma dlúth gan solas ann,
Dul faoi n-a ngúnnaí, hoopaí air fhlucais mhaith,
Chuirfeadh sé múchadh air gcúl go follusach,
Agas clúmhach dá bhogadh lé h-an-neart.



Duine uasal breágh síansúil é, is uadh sin do shíolraigh sé,
Ruairí deas díreach Ó hAnlaigh,
Craobh mhullaigh an tsléibhe, shéimhigh, shubháilceach,
An séan go dtigidh i n-am air.


L. 269


A shamhail níor feas dam i dtír ná i dtalamh
Ón áit úd thíos arís go Gaillimh,
Is aige tá'n chraobh, go míle mairidh
Ó Mhumhain go Sionainn a's go hAintrim.



Bhéarfaidh an tsáoi shuairc pléasúr uile dhuinn,
Ceol agus spoirt, damhsa agus imeartha,
Béidh ór na Gréige dá roinn gan tuirse aige:
Súd fá thuairim a shlainte.



NANS NÍC GEARAILT.



A Nancy na gcrobh, nar fhága mé an saoghal,
Go bhfeice mise an séan agus a' t-ádh ort,
A's go mbu mhilse liom do bhéul ná mil air an sugh-craobh,
A's ná fíon na Gréige gan amhrus.
B'fheárr liom-sa féin bheith sínte le do thaobh,
Dhá mb'fhada nó dá mb'fhuar an geimhreadh,
Ná bean eile d'fháil réidh fá n-a cuid a's fá n-a spré,
Ná a bhfuil ó Loch Raé go Luimneach.



Aithris don stáid-mhnaoi go bhfuil mise gan árus,
Leis an iomad grádh air a' bhféirín,
Aithris di arís go bhfuilim-se dom' chlaoidh,
Leis an arrainn tá frí mo thaobh deas.
Aithris dá súil ghlais, aithris dá cúl cas,
Aithris dá lúibín atá dúalach,
Aithris dá ceann a's dá teangaidh tá binn,
Gur ghiorraigh sí go mór air mo laethibh.


L. 270


Is fada a's is fánach mé air easbhuidh mo shláinte,
Eidir an nFhrainnc agus Éirinn,
A's ó Chorcaigh na gcuan, a's ó Shligeach tá i bhfad suas,
A's gurb í thug buaidh air an méid sin.
A Mhuire agus a Chríosd nárbh aoibhinn an saoghal dom,
Mise agus í bheith i n-éineachd
Air leabaidh sa bhfuacht a's mé dhá teannadh liom suas,
Nó go gcuirinn-se mo chluain i gcéill di.



Is iomdha sin oidhche chaith mé ag dorus do thighe-sa,
A's mé ag sír-innsin sgéal do do bhéilín,
A's fios ag do chroidhe god-é mar chodluighinn an oídhche,
Ag osnaighil a bhínn agus a' géur-ghul.
A phlanda bhreágh an tsíonsa, a bhalraigh an fhíona,
Nach ndearna ariamh spíd ar éan-chor,
Nó an dtiubhrfá dhom sgríobhadh fó do láimh síos,
An dtiocfá choidhche dom' éiliú.



d'éirigh mise féin sa meádhon-oidhche aréir,
A's bhlais mé dhá béilín beag siúcra,
An ainnir gheal tséimh mar is aice bhí a' chéill,
Bhí leisg orthí an tígh a dhúsacht.
Dar lámh an té nach ndearna ariamh bréug,
Ní raibh mé léi acht a' súgradh,
A's níor chodail mo shúil néall má b'fhada an oidhche aréir,
Acht síor-chur mo sgéal i n-iúl di.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services