Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra

Title
Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Mac Domhnaill, An tAthair
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




NA DÁNTA IS NA hAMHRÁIN.



1. TUIREADH NA GAEDHILGE AGUS TEASTAS NA hÉIREANN.



Do gríosuigheadh an file oirdheirc foghluma Seán óg Ó Gadhra,
ón gCnoc Reamhar, go mórmhór do chum an Tuireadh seo do
dhéanamh, darab ainm Tuireadh na Gaedhilge agus Teastas na
hÉireann, do bhrígh go bhfuil teanga comh hoirdheirc sin leis an
Ghaedhilg fo mhí-mheas, ní hé amháin ag Gallaibh ach ag athaireacha
dílios na Gaedhilge féin, mar atá na Gaedhil bhunúsacha nach
bhfuil n-a nGaedhil acht i n-ainm amháin: óir ní Gaedheal ceart
aoinneach muna scríobhfaidh, léighfidh, agus muna dtuigfidh sé
Gaedhilg, acht mar tharbh mhaol gan scéimh na n-adharc nó mar
chrann i lubhghort gan tortha maiseamhla áilne mar ba dhual etc.
Mar sin don Éireannach do thréigeas a theanga dhíleas féin
agus do thógbhas a urbhul (erball) go huaillmhianach go tíortha
eile ag foghluim teanga coigcrícheacha neoch atá fós anbhfann
ainbhfiosach ina bhéarla dhílis féin. Amhail adeir Buchanan le
Rí Séamus .i. ag so suim na bhfocal a deir leis ina litir chuige
gus an bhFrainc: "Tu vis omnium aliarum gentium res
gestas ad radium scrutari, et omnino domi peregrinari etc."
iodhon: "Atá tu ró-ligthe chum bheith feasach forusta i ngníomha
táscamhla cinnte coigcrícheach acht fós a bheith aineolach san
mbaile .i. in do theangaidh dhílis féin."



Féach mar imdhearguigheas an t-ughdar barántamhail deagh-mheasta
so an rí mór oirdhearc cumhachtach, agus fós lánfhoghluma
.i. Rí Séamus fa mar do bhí ag tréigean a lingue
dhílis (i nAlbainn Ghaedhlach) i ndáil theangtha aisteartha, mar
sin imdheargthar Éireannaigh do thréigeas a lingue mháithreamhail,
agus luigheas le teanga eile roimpi, go cruaidh le Seán Ó Gadhra,
le Dochtúir Céiting, agus le drong eile d'ughdaraibh
barántamhla.


L. 12


Ní áirmhim iomad do phearsanaibh Eagailse, théid fo'n
bhFrainc, fo'n Spáinn, fo'n Eadainne, agus fo críocha examhla
na hEorpa ag staidéar agus ag foghluim diadhacht agus
feallsa, thigeas chugainn abhaile go bláthmhar seascair, amhail
nathair nimhe do theilgeas a shean-chraiceann san Samhradh dhe
agus do chuireas craiceann nuadh san nGeimhreadh air.



Mar sin don druing seo; caillid a sean-chóta .i. an t-iarmhar
beag den Ghaedhilg do bhí tré bhuntáiste labhartha aca, agus
tógaid in 'áit, broscar beag do theangthaibh eile nach fearrde
iad féin ná sinne. Coingbhíd an pobul i ndorchacht, óir d'easbhaidh
na Gaedhilge oireamhnach ní chraobhscaoilid an soiscéal
ná neithe eile oireamhnach don Chríostaidhe, acht re briathra
neamhsciamhacha neamhoireamhnach don ní ar a mbí ag trácht, agus
sin féin mar dheora fola ina mbéal mar bhíos an tobar, da
mba chóir a bheith ag gnáthfhéachain le teagasc subháilce agus
críostamhlacht, múchta tachtaigh d'easbhaidh theangadh choitcheann
na tíre .i. an Ghaedhilg liteardha. Cuireas an t-ughdar mar
an gcéadna ins an réim seo na ...



<lacuna san ls. annso>




Nár thaistil acht mír den tír ar aenchor
Nár léigh is nár scríobh síos i nGaedhilg
Cambrens, Camden, agus Ushérus,
Buchanan, Stanihurst, is Boétius,
Do chlaoidh go saothrach a mbréaga
Mar is follus i nDíonbhrollach a shaethair.
Do rin Cambrensis Eversus an ní céadna,
Seán a Linche ó Thuaim, an cléireach;
Do chuir Céiting gan claenad ina shaethar
Mórdhacht is cródhacht a laechradh,
Na catha do fearadh ar gach aenchnoc,


L. 13


A bhfoghluim, a gcomhroinn 's a bhféile,
A nEaspuig is cealla na Cléire,
Iomad a naomh, is líon a héigse,
Seanchus a huaisle suas tar éis sin.
Sir Séamus Ware, sás da dhéanamh,
Do scríobh i Laidin Stair na hÉireann,
Gach gabháltus is fearann a laochradh,
Gach mainistir, is talamh a dhéanta,
Gach ord dá raibh foirfe i léigheann,
Gach easpog is talamh a shéde
Is gach giúistís fuair umhlaidheacht i nÉirinn.



Do chuir Colganus, do bhárr ar gach éan-stair,
I Laidin a leabhar go gléasta;
Gan acharann gan leatrom a dtéarma,
Mar bheadh sruth mín nach caol 's nach éadtrom
Ag sile go domhain gan torann a dhéanta.
Do scríobh beathaidhe Phádruig is Cholaim na féile
Is Bhrighde an rígh-bhean naemhtha.
Is fada bhí taisteal an Chléirigh
Ar feadh gach paráiste i bhFionn-chlár Éibhir.
Níor fhág cill ná tuath ná cuas gan féachain,
Beatha a naoimh is díon a chléire.
Ná gabháltais is seachrán a féinne,
Seanchus amhra agus réime;
Is do chuireadh gluais ar cruas a shaethair
Go madh mór a shaothar ó aois a chéibhe
A scríobhadh síos go haois a laethe.



Do chuir Peter Walish an teangthach tréitheach
A stair go maiseach i mBéarla:
Gabháltus Pharthalóin an chéad-fhir;
Clanna Neimheadh 's a gcineadh tar éis sin;
Fir Bholg na gcolg bhfaebhrach;


L. 14


Tuatha Dé Danann, ba h'acfuinneach laechra;
Is Clanna Míleadh tháinig i dtír ar éigin,
Mac Cuill Mac Céacht is Mac Gréine,
I gcath Tailltean, le gaisceadh na dtréan-fhear
Éibhear Fionn Ír is Eireamhón,
Lámh ar láimh an seisear féinnigh,
Is do dhíbir as an ríoghacht a bhfréamha;
Na trí ríoghna do bhí ag na laechraidh
Banba mhórdha Fódhla is Éire
Thug a n-anmanna ar thalamh na Féinne.
Do scríobh go cumhra an t-ughdar céadna
Beatha na ríghthe síos gan chlaenadh,
A h-easpuig is ceannas a chléire
Ó Phádraig anall gus an aimsir dhéinigh;
Is dobheir Oileán na Naomh ar Éirinn;
Is do lean a stíl mar Dhochtúir Céiting.



Is i gConnacht bhí an chuideachta dhéidheanach
Bhí cumasach i dtuigse na Gaedhilge,
Do chruinnigh gan tuirse gach saethar,
Is do scrúdadh na hughdair go fréamha:
Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh scafaire an léighinn
Tadhg Ó Roduighe, scoluidhe tréitheach,
Is Seán Ó Gadhra nár sháruigh éanstair
I Laidin i Scoitic ioná i mBéarla;
Raibín ceanntrom ná meamrum aesta,
Ná litir láimhe dár tairngeadh, i n-éan-both,
Cros ná nod ná locht uirléighte,
Ceann fá eite do cheileadh an cléireach,
Ná córughadh litre ar son a chéile,
Sithrann gan mhaill i gceann a chéile,
Dubhtháin Fiontáin is féineachas,
Do bhí a bhforus focal ag scoradh gach téarma,
Má's Gréigis theann nó Eabhra a fhréamha,


L. 15


Bearla teibidhe filidhé is féine,
Is Béarla gnáthach atá ar fuid chlár na hÉireann.



Is fíor gur teanga aosta an Ghaedhilg
Ó aimsir an Tuir, mar scuir na féinnigh,
Is do chuir a chumasc an chuideacht ó chéile.
Do b'é Gaedheal mac Eathóir, fileoir tréitheach,
Do chuir scoil scafairí ar mhachaire Shéanair
Is do shaothruigh amach an Teanga Ghaedhilge.
Do chuir an triúr as Connacht mar an gcéadna
Fios na n-aistí fá gaistí géara;
An dá Rannaigheacht, Deibhidhe is Séadna,
Casbhairn, Droighneach is Rytémus,
Óglachus leanas gach aiste gan saethar,
Acht uaithne is amus, chaithfeas a dhéanamh.
Béimeanna an dána nach áil ar aenchor,
Adhmud is duain is stuaim na saethar
Sa comhad cumhra rún na hÉigse.
Duain leanbaidheacht', duain mholta, duain réidhte,
Duain chumainn, duain tseanchuis gan chlaenadh,
Duain deirigh saothar i gcrích an léighinn,
Fearacht urlár i mbí compráid idir éigsibh,
Is marbhna tar aimsir an éaga,
Cró cumuisc i gcumus an tsaethair,
Iardhamhnacht bhíos i gcrích an Réama,
Aoir, chuireas daoine i n-éagcruth
Is thógas builg go borb ar éadan.
Ogham, ainm an óigfhir do shaothruigh
Ogham cuill consaine is craebhe
Ogham puinc is ogham eunaigh
Ogham labhartha i gcantar uirléaghadh
Is ogham dúbalta ón ughdar chéadna.
Níor chóir dí-mheas ar shaoithibh na hÉireann;
Do bhí siad mórdha cródha is tréitheach,


L. 16


Is bronntach ag rannadh na féile
Bhí slabhraidhe óir i gcóir na laechradh,
Ór ar cholg is ar bhord na scéithe.
Do bhí gach ríogan líomhtha gléasta
Is fleasc óir fá bhórd a céibhe,
Péarlaidhe is oscur go brollach gléigeal,
Síoda is sróll go leór ar gaethradh,
Is bródáil óir go bórd gach séama.



Ní caipín, ná aibíd na cléire,
Ná funnsa iarainn aniar in a n-éadaigh,
Ná hata mar bheadh ar chailligh aesta,
Ná gruag thacair i leabaidh na céibhe,
Ná ag fiadhach le Diarmaid na féinne
Mar a bheadh geilt, ón sceilp go chéile;
Acht saitín bhíodh ar chailíní Gaedhlach,
Geanmnaidhe cráibhtheach lán den Fhéile.
Chuireadar nós na bhfear ar scaith a n-éadaigh,
Acht bríste rugadh go mnaoi an mhéire,
Is do chuir sí smacht gan a shamhail do dhéanamh;
Is go mbadh ceart do mhnaoi bheith fíor dá céile,
Gan costuighe a n-ogthiche fíon ná taedhradh;
Is ó ghéire an smachta do scaip na méirdrigh.
Do bhí fíon go líonmhar i nÉirinn,
Tortha go leor, feoil is éanlaith,
Plúr go húr ag na féinnigh;
Bhíodh luingeas ar imeall gach céibhe
Imirt is ól ar bhórdaibh éadain,
Buadhbhall, orgáin is bunnán séise,
Aois dána agus clársach i n-éan-ghuth;
Bhíodh fiadhach i ndiamhair na sléibhte
Is marcaigheacht ar eachraidh gléasta,
Diallaid órdha, is ór na sréantaibh,
Is lásaí óir fá bhórd an tséama.


L. 17


Bheiridís ór is cíos as tíortha tréana;
Do bhí airgead i nAirgead-ros dá dhéanamh
Is i n-áitibh eile ar fuid na hÉireann
Gidh falamh tá an aicme go déidheannach
'Sé an Dia bhí an uair sin an Dia céadna:
Do bhí na hóigfhir ag foghluim tréithe;
Bhí coláiste i gCaiseal, i dTeamhair 's ar Mhaigh Shléachta,
Is i n-Árdmacha do bheannuigh na cléirigh,
I n-a raibh Laidin Scoitic is Béarla
Teagasg ríogh agus dlighe na hÉigse,
Canóin is seanmóir na cléire:
Scoláirí go leor thar bóchna Baeghlaigh
I Muigheo fuair bórd is saeirse.



Ó tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn
Do thug leis tar bóchna go leór cléire,
Is do bheannuigh an talamh go naemhtha.
'Sé Laoghaire ba rí ar Éirinn.
Is rí Mumhan, an cumusach Aenghus
mac Natfraoich de shíol Éibhir,
Do ghlac baisteadh is beannacht ón Éarlamh.
Do bhí teagasc na Laidne ar fuid Éireann,
I n-oiléin mara 's i mbailte réidhte;
Oileán na Naomh a stíl go déidheannach
Tré mórán díobh bheith líomhtha naomhtha,
Is níl talamh go cathair Bhiénna
Nach bhfuair fearann le mainistreacha do dhéanamh
Is le teagasc na dteangtha go saethrach.



Do bhí na draoithe is saoithe na Gaedhilge
Dá cur i gcumus, 's do b'fhurus an céim sin,
Do bhí sí líonmhar líomhtha is aesta,
Do bhí sí frasach i n-eachtra is i sgéalta,


L. 18


I bpuilpíd, i bhfilidheacht 's ag béirse.
Tá céad aiste fá seach ag an éigse
Le dán díreach is laoithe do dhéanamh,
Tomhas siollaí is cúl-uaim dhéidheannach.
Ní feasach i Laidin ná i nGréigis
Leath riaghlach le riama na Gaedhilge,
Maighdean ag a bhfuil a saidhbhreas déanta;
Ní thug is níor ghlac malairt téarma,
I litir dar casadh, sé an deachtughadh céadna.



Dáimh ná gaol le draoi den éigse
Ní raibh ag na hughdair dubhradh sa réim seo
Do scríobh gan chlaon ar Ghaedhlaibh,
Acht uaisle is stuaim na dtréan-fhear.
Ní mhaireann acht aon de na saoithibh céadna,
Seán Ó Gadhra, atá gan éitir
Mar Oisín liath i ndiaidh na Féinne,
Ag cur díona ar shaothar na bhféinneach
Is ar a marbhna gan dearmad déanta.



Ó tá na staracha i Laidin 's i mBéarla,
Beidh na saoithe dá gcaomhnadh i nGaedhilg;
Is bíodh an duais ag luain na n-éigeas,
Tá fhios cia hiad i n-iathaibh Éireann.



Guidhim gach duine chluinfeas mo théma
Cuireadh Pater noster qui es in coelis
Lé m'anam do shéanadh na péine
Tá so críochnuighth' is finem feci.


L. 19


B 1697 17D
STAID NUA NA hÉIREANN 1697.



Is fada atá an ainnise ar Ghaedhluibh
Faoi mhasla ag gach aicme dhá thréine;
Ní bhfuair a dhaoine ag Maoise ar aen-chor
Leath a ndaoirse thríd an tréan-mhuir.



Leatrom tíre, is díth na laechradh,
Gan cead airm ná sailm na cléire,
Ní deas do chruth mur bhfuil do Bhéarla,
Is ní'l cead ag scoil má 's toil leat tréithe.



Is cosmhail a gcás le pláigh na hÉigipt,
Nó leis an mbroid do chuir Turgésius
Maor Lochlann, sa<n> bhfothrom dá gcéasadh,
Nó an connradh do chuir Cromaill is Értoin.



Gan choin gan each gan scaith an éadaigh
Acht dailtíní smearthaí dhá réabadh,
Cibé thogras bí<onn> ag briseadh do léasa
Is níl maith dhuit bheith ag tagradh dho réidhteach.



Cíos ríogh cíos tíre cíos cléire,
Cíos sróna cíos tóna cíos téighte,
Airgead ceann i gceann gach féile,
Airgead teallaigh is bealaigh do réiteach.



Ní glacar a mhaoin ó aon i n-éinfheacht,
Caithfidh a n-íoc 's a ndíol tar éis sin;
Ní maith a mbeo, 's ní cóir a n-éag-san
Gan cead a chorp do chur i gcoradh na cléire.


L. 20


Má's beo dhuit is tú an rógaire Gaedhlach,
Má's bás duit níl cás in do scéala;
Tá th'anam i gcreapall na péine
Mar an ealtan bhíos eadar na néallta.



Is é Rí na ríghthe is Rí Séamus,
An Pápa na bráithre 's an tréadhnus,
Rí Laoiseach chuir an chríostaigheacht fó réiteach,
Do chuir an bann so ar Chlainn Mhilésius.



Ní'l cead ag neach a dhul as talamh na hÉireann,
Acht mar urraim go gcuirfeam an chléir as;
Dá riar bí an triath agus an tréigtheach,
Sliocht Lóbuis 's a mhór-fhuil ar aen-scor.



Minic do saoradh ó dhaoirse Éire,
Tuatha Dé Danann do scaipeadh le hÉibhear;
Isé Lughaidh do leag Balar Béimeann,
Ba mhóir bruid Mhic Con is Mhic Céachta.



Is é Tuathal d'fhuascail na céadtha,
Fuair Eoghan Mór a chóir ar réidhteach;
Is é Pádraig theagaisc creideamh do Ghaedhlaibh,
Is ní fada mhair smacht Oilibhérus.



Mo thruaighe staid nua na hÉireann,
Tá a huaisle marbh sa bhFrainc 's i n-Éirinn,
Acht fuigheall beag áir atá cráidhte créachtach
Dá mbocadh ó thuinn go tuinn mar éanlaith.



Mac Mhuire na Naomh is gach rí ler féidir,
Ó's aca atá an cár do réiteach


L. 21


Mar' dtugaid saorse ón daorse do Ghaedhlaibh
Go bhfaghaid bás gan spás i n-éinfheacht;
Is abradh gach aon go mín Amén leis.
Pater noster qui es in coelis
Ave Maria, gratia plena.



CEANGAL.



Do réabadh na géaga is do bearradh na crainn,
Is na fréamha tar éis sin dá ngearradh go teann;
A Dhé dhil an féidir go bhfaicfidh a<n> dream
An spréid bheag do shéidfadh an teallach i n-am.



B 1720obc 18T



BUAN AN EAGNA.



Marbhnadh Thoirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin.



Buan an eagna óna hóradh,
ní feas céim ná comóradh;
bí a scéimh dá cur i gclídh,
nach léig di dul i ndimbrígh.



Má feallsamh nó fear dána
scrúdas oilcheas ealadhna,
sé gnás gach eolais amhra
sheolas fás gach urlabhra.



Mar sin do cheannphort an chiúil
le líomhthar gach téad taighiúir,
mar gcleachtaidh gan chlá a ghréas
léigfidh a lámh ar leith-ghléas.


L. 22


Ceol na cruite dhá dtáim dhó,
cian atá i bhFodla ar sarghnó;
mar dhuain gach draoi dhá dhoimhne,
chuaidh a haoibh i n-éagcuimhne.



Gur mhúscail suas a sealbhadh
an chraobh chumhra Toirdhealbhach,
an séanmhar faoilidh falláin,
éigne chraoibhe Ó Cearbhalláin.



Ughdar sheanma Inse Ealga,
las a lóchrainn luinn-dearga,
nach ciamhair ceo fá chroidhe
le diamhair ceol clársaighe.



Srotha meala fuaim a mheór
ag rochtain uain go haigheór,
bhíos go bláth-cheart braenach binn
's go fáilteach aérach aoibhinn.



Meanmnach a shéis i n-am óil
ciamhair i gcás gach dubróin,
suantraighe na nduan nach docht
guaillidhe buan na bantrocht.



Gach slighe sheanma dar chum
Ciothruaidh caoin nó an dá Édhmunn,
mar bhfuair bárr tar gach cuisle,
ní bhfuair tár ná tarcuisne.



Ceó mar fhágas gan aire
fá'n úr-mhaigh dtais dtalmhaidhe,
leathnuighe ceol foirfe an fhir
n-a cheó doilfe ar na daoinibh.


L. 23


Gach neach i bhfiabhrus go fann,
's créachta curadh na gcomhlann,
's go hádhbhal gach gruaidh ghreanta
ó ghruaim go hádhbhar aigeanta.



d'fhás an uaisle n-a mheadhóin,
árd-shliocht Eachach Muidhmheadhóin,
laoch dár sciamhadh tuir Theamhrach
d'fhuil na dtriath-mhac Toirdhealbhach.



Gidh thárla, Dia is a chabhair,
uain ón éag go bhfuarabhair,
mór faoi lom dá labhairt
chaoi do chom i gcontabhairt.



Gach triath i dtalamh Banbha
dá bhfuair éisteacht h'ealadhna,
fearaid frasa go docht,
sreathaid basa na mbantrocht.



Muimhnigh is Laighnigh gan locht,
ní áirmhím catha Connocht,
's Ultaigh ársaidhe do shiubhail
fád chlársaigh thruamdha thaighiúir.



Dealbh cumhadh go bhfuaim amhra
dhamh-sa d'oilcheas ealadhna,
is sochraide bhinn bhraénach
sroth-tuile ghrinn ghlan-ghéagach.



Oirfide na n-amud oile
cuireadh ar cheol clársaighe,
a bhfuinn go cruinn gan cheilt
a ruinn, a gcuing 's a gcaismeirt.


L. 24


Go mbadh buan do thaobh toraidh
fá mhnaoi is fá chlainn chúrumaigh;
ó's gairid bhar lá ón Luan,
go mairidh bhar mbladh bith-bhuan.



AN CEANGAL.



Ní bhéadh séis ar bord ná stoirm chearant n-a dhéidh,
Ná dréachta doilfe le dord na seanma ar fagháil,
Gan spéic ar coirm ná corn faoi leann ar clár,
Dá mbadh éag do Thoirdhealbhach oirdheirc Ó Cearbhalláin.



Is baéth 's is doirbh dord na mbeann-chrot mbláith
Gan féachain oraibh 's bhar lorg do leanamhain tráth;
Is, ón gCéis go Corcaigh 's go Corr-fhleisc crann na lámh,
Tá an chraébh gan roinn ag Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin.




B 1713 18T



MÓR A GCOMAOIN.



Mór a gcomaoin ar Chrích Chuinn,
an drong is abaidh, d'fhoghluim
ag scrúdadh an súil amhra
le stiúir n-ughdar n-ealadhna.



Ag tionól screaptra na suadh,
dá scríobhadh síos go hath-nuadh,
cródhacht na righthe 's a reacht,
dlighthe Fódla 's a hoireacht.


L. 25


Móide fós meastar gach fonn
aostacht a fóirne 's a fearonn,
leoghain nár ghabh guais i nglia,
do ghluais a seolta ón Scitia.



Saothar gach seanchadh gan chló,
gach ollamh ceart gan chlaochlódh,
gach file faobhrach sa dáil,
craobhagan time an tromdháimh.



Do chaomhnadar diaidh i ndiaidh
an fhírinne ar fhonn Mhaicniaidh,
ar cheist gur sompla salach
teist na n-ughdar n-allmhurach.



Bhroid eachtrann ortha go se
do dhall iarsma na héigse;
re dile dá n-iath, go glan
bí an triath 'n file agus 'n ollamh.



Ag so sompla nach beag brígh,
chaomhnus gach rolla, Ruadhrí,
Ó Flaithbheartaigh, gríobh go ngus,
do scríobh scaith-bhreatha 's seanchus.



Trí saltracha Banbha Breagh,
cartacha Chlainne Míleadh,
leabhra gabhála n-a ghar,
annála Teamhra a thacar.



Féineachus, féilire, táin,
béarla teibidhe ón trom-dháimh,


L. 26


ughdar, gach am le a dtig,
rann do scrúdadh san Scoitic.



Réimios na ríogh, bás na dtriath,
comhfhlatha na gcríoch n-imchian,
na ceatha chuir Dia do neamh,
beatha na gcliar 's a gcreideamh.



Meadh do shaothair níor scríobh neach
ó ré Chiocail no Ceasrach,
a bhflatha a bhfáil 's a bhforas,
gur scaith Gaill a ngrian-tsolus.



Teangthach is líomhtha labhra,
órthóir ionnmhair ealadhna,
péarla glan is lonnrach lí,
sunnrach, an réalta Ruadhrí.



Tá forus Fódla gan chia
id leabhar Laidne Ogygia,
do chlaoidh gach ughdar fallsa
mhúchfadh aoibh na hÉireann-sa.



Ní hallacht, ní breith le báidh,
acht rún an chirt do chongbháil,
ní grádh duaise dá dhaoire
acht bárr uaisle hórchraoibhe.



Bheir mór n-eagna díth ealbha,
deir na duarca do-dhealbha,
's gurab é bhíos n-a bhaois leamh
an aois 's a cíos do chaitheamh.


L. 27


Nó go raibh Gaedheal n-a Ghall
mairfidh do mhuirn gan mhearbhall
ag draoithe na dáimhe dhuit
's ag saoithe an Chláir seo Chormuic.



Aois Chríost mar fhiagain air,
míle seacht gcéad trí ceathair;
ní'l brígh ná sásamh i stór
acht grása an Ríogh atá ró-mhór.




CEANGAL.



A Fhlaithbheartaigh an áigh rug bárr i gcumus an iúil
'S i Screaptra na ndámh, do shnámh an tiomus ar gcúl
Ó's failleach mo dhán 's gur gearr a chuirim do chlú,
Mo bheannacht 'do dháil mar shláinte chugat ar lúth.


L. 29


B 1715 18T
U 0132



TRUAGH CEAS NA gCARAD.



Truagh ceas na gcarad anocht,
adhbhal brón chríche Connacht,
is créachtach crádh gach croidhe
fá chlár éachtach Úgoine.


L. 30


Doirbh na dúla ó d'éag an fear,
aincis a n-airm dá aifear,
neartmhar gach neach den druing
fo seach i gceartaibh comhluinn.



Cuirthear ceatha na dteinte,
d'oscladh froighthe firmeinte;
bheir mungar mara go buan
drungar na gcaladh gclach-fhuar.



Do dhíbir duille na gcraobh
bulg a séidhte na sian-ghaoth;
ó chascar na gceo seaca
bascar an t-eó oighreata.



Dursan a oigheadh i nÁth Cliath
Brian Ó hUiginn bhar n-ór-sciath;
chuir béd ar Fhéinidh Fódla
ég chléirigh na coróna.



Sciath chumhdaigh charad n-a gceart,
sás anacail ó aineart,
an dlightheóir gan car cheilge,
fileoir glan na Gaoidheilge.



Teangthach líomhtha súgach seal
de chrú Néill na naoi ngeimheal,
leanas le chéile go cruinn
ceannus, féile, agus foghluim.



Áirmhím th'uaisle san taobh oile
leantar san Réim Ríoghroidhe
tréin-fhir nár chinn faoi cháin
síol Éimhir Fhinn ón Easpáin.


L. 31


Láimh le Monaistir Mháighne
dá madh bás dár mBrian-áin-ne
badh brónach ó mhuing Muaighe
go Róbha an fhuinn fhéar-uaine.



Dá mbeith th'uaimh 's do b'oircheas sin
i gCill Chluaine do chinidh,
mór chlúin ag caoineadh an fhir
ó Bhúill go saoithibh Shligigh.



Tír Amhalghaidh na dtreas dte
mar bhfuil dúthchas bhar ndúithche,
is Cúil Ó bhFinn fá bhrón ban
go tim gach lá dá leagadh.



Dá mbadh i gcneas an Chnuic Mhóir
cuirfidhe do chorp i gcéadóir
ag uaimh th'athar is do ghaoil
dob athlamh uaill is égcaoin.



Do chéile an chlann is gach dalta
táid i nduibh-linn dhúbalta;
gidh truagh gach treoghruidhe fann,
is muar eolchuire a n-anam.



Is tearc triath nó brughadh bocht
faoi leatrom i gClár Connocht,
nach dén a ndídean do Bhrian
n-a scéith dhíona dá ndeigh-riar.



Brian Ó hUiginn óradh scol,
teagarthach trén gan omhan,
nár ghlac ó ghaol ná ó bhocht
de ghar acht braon dá mbeannocht.


L. 32


Iarraim ar Mhac na hÓighe
glóir i dteigh na Tríonóide,
sa ghlanadh mar ghréin i ngal
ó lanna phéin na bpeacach.



Do dháil dó-san Rí Nimhe
ria n-ég uair na haithrighe,
ris i ngruaidh ní gan déra
mar fuair am na haithmhéla.



Toirdhealbhach mhac Donnchadh dil,
dlaoi-dhíona ar gceirt 's ar gcreidimh,
do b'é a aithghin Brian amháin
nár fhailligh triath ná truaghán.



Cúpla díona d'fhearaibh Fáil,
sciath Chonnacht i gcéadáir;
trén mo throm-chrádh as a los
ég na gcompán ro chleachtos.



Minic fágadh fád ionchaibh
cúis is iocht ó Éirionnchaibh;
a gceart gan cham do gach fear,
gan neart ag Gall tar Gaedhal.



Do bhérmis gan báidh breith gill
do bhésaibh Bhriain Uí Uiginn;
amhghar an biadhtach bronntach
fáilteach ciallmhar cosantach.



Bérla teibidhe is tána
fuarais d'oilcheas eadhladhna
'sa comhtaradh cruaidh go ngus,
comhardadh, uaim is amus.


L. 33


Dligheadh bheos do chaomh an cheirt,
do scrúdadh go cruaidh a gcaismeirt,
go cruinn i meabhair gach mír,
suim gach leabhair 's gach libhrín.



Ó's leigheas crábhadh croidhe
fa chionta an cholnaidhe,
guidhmíd sásadh Meic Muire,
grása i dteigh na trócaire.



Do mharbhna badh dleacht i ndán
ó bheith gan chlaon gan chleithrámh;
bheir crádh 'gus dile do neach
dán mar fhile agus éisteacht.



I meadhóin an gheimhridh ghluair,
bás Bhriain Uí Uiginn arm-ruaidh,
míle seacht gcéd sa cúig dég,
dleacht dúinn an céim do choimhéd.



Iomdha mná fá mhaoith is fir
ó Áth Cliath go cuan Inbhir,
ó theasda sciath thrén na sluagh
Bia feasta ar lén go lán-truagh.



Car do ghaoil ná seas go slim,
a Chormaic óig Uí Uiginn,
mar mhac i n-ionad th'athar,
glac bhar ndiorad d'anacal.


L. 34


Ní tualaing acht d'éag is foirfe
Iomus ná ríom ró-dhoilfe,
ó's fann lucht díona na ndruadh
líomhadh mo rann is ró-thruagh.



Atá cumha is ciadh ar triathaibh Uladh na mbuaidh,
Is fir Chonnacht gan sciath sa rian ón Life go Cruaich;
Mar thuile le sliabh tá ciamhair gula ar gach tuaith
Ó cuireadh i nÁth Cliath Brian Ó hUiginn san uaimh.


L. 36


B 1703 18T
CAD É AN BRÓN SO.



Cad é an brón so ar chóip na Cléire!
Tá gruaidh-fhliuch fá buaireamh a gcéibhe,
Mar luing ar cuan 's a cuallacht rébtha
Gan stiúir gan ráimh gan bhláth gan éide.
Ní hiad amháin tá cráite créchtach,
Tá tuilte deor ón óg 's ón aésta;
Gáir bhaintreach ag tarrang a gcéibhe,
Gáir dhílleacht ag síor-ghol i n-éinfheacht,
Is ní mó a ngáir 'ná a n-adhbhar égnach,


L. 37


Is luath fuair bás i lár a shaéghail
Éimhir Ó Gadhra, bláth na cléire,
Sagart sásta cráibhtheach déirceach
Do scrúdadh na húghdair is Tollétus.
Do thuig tú an scriptúir go faébhrach
Mar ba dhual do bhuachaill tréada.
Níor chuiris glas ar mhaith an tsaégail,
Acht ar ghlacais a scapadh le daendacht;
Mná uaisle 'do chuallacht ar féasta,
Daoine móra ag ól go haérach,
Lucht ceoil i sógh mar a d'éirigh,
Scor dílleacht ar do chuid bídh gus éadaigh,
Na geocaigh fá'n spólla dhá rébadh,
Daoine aosta bhí i gcríne na laétha.
Do b'é a mhaoin gach aon do réidhteach,
Is do chuireadh i ngníomh a mbrígh dá réir sin;
Do bhí do phobul ag osnaidhe go déarach,
Mar ba ghnáthach a bheith grádhmhar fá chéile;
Ní hé amháin do cháirde ag éimhge
Is do lucht eolais go mór dot éigne.
Do b'urus liom do thuireadh do dhéanamh,
Acht barr bróin gur chlóidh mo chéadfadh,
Do gcuirinn i gcuimheas do ghaélta,
Ón gCaiseal go Mala na Céise;
Léigim tharm acht sealad dá réamhadh.
Is í an uaisle bhí i n-uachtar do mhéine,
Má's dual di suarcus is féile,
Smacht is seacht ceart is tréithe.
Truagh do chuallacht gan éitir
Neamh-maithfeach don aicme bhí éigceart;
Ní cás dhuit, is (do) cháil ar an tsaeghal so,
Mairfidh do chliú go buan tar 'éis sin.
Tá do leabaidh i measc aingeal an trénfhlaith
I radharc na glóire, i sógh mur déarainn;


L. 38


Nárab fhada go ndeacham ar fésta
Go Flaitheas mar bhfaiceam a chéile.
Míle go beacht 's a seacht de chéadaibh,
Trí bliadhna n-a dhiaidh sin i n-éinfheacht,
I dtús an Mhárta fágadh Éimhir
San gCnoc Mhór i róimh a ghaélta.



B 1713 18T
TÁ FÓDLA GO BRÓNACH.



Tá Fódla go brónach is osna n-a lár,
Ó leónadh a cóghnach tá a fuireann gan áird
Ó mhór-shruth na Bóinne go Toraidh na gceárd,
'S ó bhórd Inse hEoghain go Corcaigh na mbárc.



Tá na slóighte chois Feoire gan codladh go sámh,
Is ceo-bhrat ar do chomhgus ón gCorann go tráigh;
Gach cóigeadh gan chomhairle, mar corchradh a mbláth,
Toirdhealbhach Óg, mo bhrón-sa, Mac Donnchadha ar lár.



Ba heolgach an mór-fhlaith i rolla na bhfáidh,
Ba comhairleach i gcóraigh, ba hOscar i spáirnn;
Do bhí Hómer is Scotus n-a chogur de ghnáth,
An pól theas 's an trópic bheir solus do chách.



Do b'eól damh do nóis mhaith mar thosach ar lá,
Cóip bheannuighth' i gcló Laidne, ag moladh na dtráth;
Beoir Sieic is feoil mhairt dá scoradh ar clár,
Is ceolta na nódh-chrot dhá sporadh le dán.



Cia gheóbhas an chóir feast do chosnamh do chách?
Bia deóraidh is geócaigh is bochta gan áird;
Daoine óga gan pósadh, dá mbronnadh a lán -
Ór-chiste na nOrd, file, is cobhair na ndámh.


L. 39


Dámadh deóra rosc bóchna, ní choiscfadh ár gcrádh,
Is córa dhúinn órnaighe, is obair gan smál;
Tá Toirdhealbhach Óg fá ghlóir ag Tobar na nGrás:
Déan treóir, a Eilionóra, 'gus cosain an áit.




"SCRÍBHINN LEICE THOIRDHEALBHAIGH CHAOI<N> MHIC DHONNCHADHA.
DÁ NGOIRTHÍ RÍ NA hÉIGSE, FEAR REIDHTIGH GACH RACAN, AGUS
COUNSELLER MAC DONOGH, I mBÉARLA DHE. AGUS DO FUAIR BÁS AN
BHLIADHAN d'AOIS AR dTIGHEARNA, 1713."




Siúd é an flaith nár spailp aríomh an t-é'ach,
Siúd é an flaith do scap a mhaoin 's a spré,
Siúd é an flaith arbh fhairsing a dhlighe i gcéill
Fó líg i bhfeart, mo chreach gan caoineadh é.



Siúd é an flaith do scapadh fíon go réidh,
Siúd é an flaith thug searc a chroidhe don chléir,
Siúd é an flaith do chreach go daor an éigs,
Sínte i bhfeart, 's gan aca dho rígh acht é.



Siúd é an flaith ba bhlasta líomhtha scéal,
Siúd é an flaith ba ghasta gníomh is méinn,
Siúd é an flaith ba mhaith n-a thíoghlach féin
Go daor faoi ghlas, ní creach gan caoineadh é.


L. 40


B 1720obc 18T
U 0201




TAOIM GO FANN.



Brian Ó hEadhra cct.



Taoim go fann, 's is amhgarach chuaidh sin thríom,
Fíor-chos m'annsacht do theann-bhris uailleach baoth;
Do shín a gheall gach am ar uaisle i dtír
I bpionsa, i ndamhsa, i rainc 's i mbuaidh choisidheacht.



Má chím gan mhaill ar ball nach ngluaisidh sí,
Beidhmídh 'ar ndall 'do theannta ar chruadh-coisidheacht;
Cuirfidh Gaoidhil is Gaill 's gach dream dá mbuailfimíd
Raod gach am sa manga ar uachtar Bhrín.



Íbhfam leann 's beidh brandi ag gluasacht thrínn
Is le fír-cheart cainte is teann bhur n-uaisle i dtír;
Béidh trí mhanga anall anuas 's aníos
Ar bhur ndís ban fann 's bhur gclann ag uaillfeartaighe.



U 0123
FREAGRA SHEÁIN UÍ GHADHRA.



Tá taébh mo choise agam loite go cnáimh isteach,
'S is baeghal nach goire dham fortacht 'ná an bás do theacht;
An ghlaédh fán ngoirm ó's follus go dtáinic feast,
Gléas do phota, agus tabhair do mhála leat.



Ní léigfeam dorus ó Chorcaig go Fáinid thart,
Binn Éadair shocair, is pobal Ruadh an Átha ar fad;
Ba tréan a fothrum bhur dtoice-se ar mhnáibh a teacht
Ar thaébh gach boithe dá sporadh go bhfághaid a gceart.


L. 41


MÓR URRAIM AN ÓIRD.



Mór urraim an Óird chrábhaidh
fa Bhanbha an fhuinn fhuaránaigh;
iomdha cré faoi chánuidh dháibh,
ó ré Phádruig an phríomh-fháidh.



Ó Dhoire Choluim Cille
go Life duin Duibh-linne;
ó Phort Láirge go cuan Céise,
's go fairrge bhruaich Bhuidhréise,



Ní díth cruidh ná easbhaidh óir
do chuir ar gcúl bhar gcanóin,
acht reacht na ríghthe dá n-ord
dhíbir tar lear ar leath-bhórd.



Níor ghlac ionnlach ná glór Gall,
do seas go cruaidh an chomhlann,
Tomás Ó Gadhra gan locht,
sólás cabhra do Chonnocht.



Ó Shliabh Dhamh go Mullach Mór
's go Corrshliabh na gcrann gcomh-mhór,
bheir trátha go Caiseal Chéin
bráthair na n-aistear neamh-réidh.



Ola, pósadh is páiste,
scuab ó shagart paráiste,
níor thaisidh sin suas n-a stór,
caithid gan cruas i gcomh-ól.



Tréghnus, omhan, fuacht na rann,
siubhal saothrach na bhfearann,


L. 42


na trátha nuaidhe agus nóin,
uaire crábhaidh is canóin,



Chuir sé Seón Easbhuil ar gcúl
's a shluagh sidhthe ar a n-iargcúl;
chabhradh na tréda bhí tinn
Sanctus érach an aifrinn.



I lár na Búille bhí lán
thuit a chodladh go comhlán;
fuair géire a ghuidhe go grinn
n-a luighe ar ghéga an ghrinnill.



Míle agus seacht gcéd go cruinn,
seacht mbliadhna dég gan doghruinn,
do chéim go léir gur luagh sinn;
acht beidh do dhuain go dílinn.



Uaisle is suarcus Chloinne Chéin
tá thríbh-se is oineach aidhbhéil;
gan baoghal smúite fá stór,
acht saoghal lúthmhar lán-mhór.



Sé Tomas Ó Gadhra nár fhág an tír gan raer,
Scothán a<n> chrabhaidh chuir cnámh is brígh sa chléir,
n-a bhunnán ó an áit go háit i mbíodh a thréd
Dhá dtiomáin gach lá go hárus Ríogh na gcréacht.


L. 43


DON BHANTIGHEARNA DIOLMHÚIN CCT.



An Bhantighearna ag imtheacht go Sacsaibh: adhbhar an chéad rainn:



Is gartha an buille do thugais ar Éire shlad,
A ghrádh na cruinne ná fuirighse féin abhfad;
Tá fios agam go dimhin 's ag Connacht go léir ar fad
Lán do luinge go dtugais den fhéile leat.



An File do-bhuidheach:



Ní nár dom go dimhin bheith briste 's don Éigse ar fad,
A bhaintreabhach mhilis Loch Glinne den réimh-fhuil cheart,
Lán do luinge má thugais den fhéile leat,
Ó ané a báthadh rinnis, nó go do rinne tú léithi, a bhean?



An File buidheach sásta:



Is gartha an cheist sin do chuireas ar chraéibh na mban,
A ghrádh gach duine 's a bhuime na dtréan 's na lag,
Tá fios agam go dimhin 's ag Éire ar fad
Gur i lár do bhrollaigh do rinne an fhéile nead.



FOR MR. FRANCIS LEA, D.M.



Mór mheasaid deilbh an dána
lucht eóluis na healadhna,
gach seilg bhí gártha na gar,
námhuid an chéird nach gcleachtar.



Órthóir na heagna gach saoi
i nduais, i gcion, 's i gcumaoin;
féile agus costus dá gcloinn
fosclas frémha dá bhfoghluim.


L. 44


Fíor gur fearr duine ná días,
dearc, sa bpunc so, ar Phroinsias;
bráighe nach briste i na rún,
ciste na dáimhe an dochtúir.



Mac Eógain, fa hoide caoin,
chuir ar an bhfisic cumaoin;
sénmhar an scríbhneóir gér glic,
fileoir trénmhar sa teóric.



Seasaidh a sloinneadh go teann
clann an leagha n-a luath-pheann,
a n-ainm 's a n-eagna mar aon
do fhreagair gairm na ngeal-chraobh.



Níor chailg ó bhaithis go bonn
galar dar chlaon an cholann;
a labhra 's a lámh nach lag
bheir bárr cabhra na gcarad.



Níor ghabh duais ó dhuine bhocht
ná ó ghaol i gClár Chonnocht;
faoidheacht gairbhe a ghráidh nach gann,
tairbhe ní háil ón anbhfann.



Flaith do gineadh ó Ghráinne,
bean de phréimh na hEaspáinne;
den fhoirinn do thriall thar thuinn
ó Chian mac Oillill Óluim.



Ó hEadhra 's Ó Gadhra grinn
na feadhna amhra na himchill;
file, feallsamh, is liaigh lonn,
breathamh, is cospóir comhthrom.


L. 45


...
an fhlaith bheir buadh gach báire,
fa suairc an scaith scoláire.



Riaradh Ua gCormaic cleachtaidh,
bochtáin, dáimh, is dilleachtaidh,
an biatach nach liath a lón,
triatha agus cliar ag comh-ól.



Bí dream go saothrach ag seilg,
scoil damhsa groidhe is Gaoidheilg;
ar maidin, seólta fa seach,
Laidin is ceólta cláirseach.



Tairiseach liom-sa a leannán
ar mo chuairt go Caillteannán;
sumpla séin nach bí corrach,
an bhé thrumdha thorchorach.



Inghean Éamuinn, nár ér scol
an Búrcach nach fiar focal;
péarl cráibhtheach, nach lag luach,
ér fáinneach na bhfíon-chuach.



Caitilín crann go dtoradh,
fá chloinn umhla fhoghluma;
ag céile is tláithe gach tán,
féile nach gáibhtheach greadhán.



Gheibhinn uaidh an mhuc 's a mart
's an corn mhúchadh mo mhór-thart,
do bhárr ar an tairbhe thruim,
a lán airgid nach adbhuim.


L. 46


Go mbeiridh duine eile is dias
mar thuilleadh póir do Phróinsias;
go mair go saoghlach a stór
's go raibh an caolach comh-mhór.



Níor thóig Niall ar tós riaghail ar screaptra na suadh,
Nár chuir an t-óg-liagh go cóir iad n-a mheabhair go cruaidh;
Ór cian gach mór-thriath bhíos aige's a luach,
Sé Próinsias do-ghní cóinsias ar charaid gan duais.



MARBHNA AN tSAGAIRT RIAGHALTA FOGHLUMTHA GRIOGHÓIR MAIGNIALLUS.



Dursan dúinn díth na cléire,
don Bhanbha is tuar toibhéime;
gur damhna mór ciaigh don druing
gan liaigh a n-anmuin aguinn.



Níor chás dúinn geimhiol na nGall,
fá'n gcorp gur chlis an t-anam;
ó na mbeith fá bhaoghal dó,
bheith dhá shaoghal i n-iargnó.



Úird crábhaidh dá gcur a gcúil,
do scrúdadh psailm 's a Scrioptúir;
ag súd na liathchuin gan locht,
dár rún diamhair na diadhacht.



Mairidh fós fíorchú abhfus,
móradh na naomh Maigniallus;


L. 47


fiallach chuir foghluim i gcóir,
an lóchruinn grianmhar Grioghóir.



Srotha saora ón tobar tréan,
órthóir fromhtha na n-úr-scéal
gríobh geanmnach nach bris móid;
níor dhearmuid cnis don chanóin.



Aiceacht Ghrighóir an bhéil óir
i gceann 's i bpeann an phrideoir:
diadhaire, file, feallsamh,
bile iath-mhaighe Éireann-sa.



Féineachus, féilire naomh,
Béarla teibidhe bláth-chaomh,
follus focal, táin amhra,
mar ollamh áigh ealadhna.



Laoidhe suarca, seal oile,
Béarla foirthche filidhe,
ughdar, gach am ó dtig,
do scrúdadh rann sa Scoitic.



Srotha meala is soightheach óir
fuaim a shéise sa tseanmhóir;
dá lámhadh ag labhairt gan on
malairt na dála is dursan.


L. 48


AN RANN.



Is é Grioghóir an séanmóntuidhe seolta séimh
An phrideóir nach dileóir faoi stór an tsaoghail
Scribhneóir is dlightheóir is órtha béal
Fileóir na Trionóide is Pól na nGaedheal.



D'OILILL Ó hEADHRA.



Tá fuireann gan támh 's na gártha i Maoimleach suas,
Ón gCorann go tráigh is lár na tíre i ngruaim,
An cholann is fearr nár fhágbhaidh draoi gan duais,
Oilill Ó hEadhra ó thárla sínte i n-uaigh.



Dá molainn a cháil gan bháidh is fíor a luadh:
Bhí cosantach cáirdeach cráibhtheach críonna suairc;
Ó's fogus an bás do chách, ó bhíd i nguais,
Ag tobar na ngrás go bhfágham araon a luach.



Is doiligh liom crádh na mná, do chaoimhtheach suairc,
Ag osnaidh gach lá san áit i mbíd gan gruaim;
Tá sprocht ar an dáimh is clár-mhagh Luighne i mbuairt,
Oilill Ó hEadhra ó thárla sínte i n-uaimh.



B 1691 17D



LÁ DÁ nDEACHAS.



Tuireadh an duine uasail ró-oirdheirc Uatér Mac Philib.



Lá dá ndeachas ar Mhalaidh na Síthe,
Is mé go brónach breoidhte claoite,
Tar éis mo ghalair nír fhagus damh faoiseamh,
An tan do chualas fuaim na gaoithe,


L. 49


Ler ghluais Tonn Tuaighe is Tonn Chlíodhna,
Is Tonn Rudhraighe na murthaighe do scaoileadh;
Do árduigh a ghuth ag gach sruth dhá ísle,
Do chongnamh deor don bhóchna bhaoghlaigh,
Do líon an ceo le deóraibh díleann;
d'éag an tine gan drithle sa ngríosaigh,
Do bhí coin allta i ngleannta fíodhbhach,
Fir is mná go hárd ag caoineadh.
Is é bás mhic Philip is ciontach don taoim seo,
Uatér Chaoch an laoch, mac Maoilir;
Dá shúil ghlana, leas-ainm dhó caoiche,
Oscar i gcruas is Guaire i ndaonnacht;
Is tú an Maior fuair cáil agus aoibhneas,
I n-aice Eoghain Ruaidh rug buaidh gach tíre,
Ag déanamh creach, ag treascairt bíodhbhadh,
Ag córughadh catha 's ag faire na hoidhche.
Seal sa Spáinn i bpáirt an ríogh-fhlaith.
Do fuair tú sochar is dochar leis sínte,
Seal sa bhFrainc i gcampa bhaoghlach,
Seal ar uisge 's i gcuisne na hoidhche.
Ní facus gunna, claidheamh ná píce,
Mainnle granada ná craosach,
Gunna mór do strócadh aoltor,
Muc ná céis, bréch ná míonach,
Bumba is cairt, ná cleas an spíce,
Lúb ar sconnsa, treinse ná díogach,
Ná cleas dár mhúin Pallas do Mhíleadh,
Nár chuiris a gcumus go fínit.
Do thug Lorén dhuit céim nár bh'iosal,
Is Glócester lér thógais do dhaoine;
Le prionnsa Sacsan do cheangail tú síth-chur
Go bhfuair Rí Séarlus géill a thíre,
Arís fá onóir 's a choróin ríoghdha
Anall thríd Bhreatain go talamh mheic Mílidh,


L. 50


Mar bhfuairis fáilte i lár do dhaoine.
Do fuairis spré do bhréig an tsaoghail
Holond, céimric agus lítis,
Satín, scarlet, velvet, síoda -
Airgead is ór le n-a mbordaibh sínte.
Isé do threallamh an t-arradh ba dhaoire.
Ó bhaithis go barraibh do throighe,
Dar Pádraig, ba lán-mhaith an díol ort,
Ba tu an farránach glac-láidir sgiamhach,
Cú bunna do gach curadh do thaobh-sa;
I mian na bantracht ceannphort buidhne.
Tá Cluan Mór go brónach claoite,
Is Baile an Dumha go dubhach gan aoibhneas;
Halla na gcliar, do riarfadh mílte,
Aibhseach, arrsach, áluinn, aolta,
Beorach, béasach, béarlach, bíomhar,
Cuachach, cáirdeach, clárach, cíorach,
Duantach, dántach, dáltach, díonmhar,
Eangach, éigseach, aerach, aoibhinn,
Fairsing, fuinneogach, friothólach, fíontach,
Glaineach, gléigeal, grésach, gníomhach,
Paidreach, péarsach, péatrach, píosach,
Fán gcúpla nach diúlta roimh aonneach.
Gáir bhráthar le n-a dtrátha naomhtha,
Gáir shagart le heasport na hoidhche,
Tighearnaí móra is cóip de ríoghnaibh;
Beóir is brandí, leannta is fíonta,
Lucht freastail, mar thapa na gaoithe,
Imirt ar tháiplis, cárda is dísle,
Dailtíní ag cur daibíní ar gríosaigh,
Cuirn mhóra ag geócaigh dá líonadh;
Is mise féin do réir mo mhíona,


L. 51


Ag cur mo phléidhe ar gach aen-chuid díobha.
Do b'eólgach me ar chomhfhogus do ghaolta
I Leith Chuinn is fá Leith Mhogha na míleadh;
Síol gCárrthaigh, Síol nDálaigh, Mac Suibhne,
Ó Néill, Síol gCéin is Ó Díomsaigh,
Barraigh Róistigh, Nóglaigh Rísigh,
Le bhfuair do shinsear funn sa chrích seo.
Le Rígh Séamus, do ghléasas daoine
Gur chaill Éire tar éis a shaothair.
Níor bhuailis béim i gcéin ná i dtíortha
I n-aghaidh do chreidimh go deireadh do shaoghail.
Tá Úna fá smúit is ní hiongnadh,
I ndiaidh a céile ler chéimnigh tíortha:
An ghéag Choisdhealbhach fhoistineach aobhdha,
Gheanmnaidhe chráibhtheach, lán den daondacht.
Foighid is fearr sa chás do dhéanamh,
Beidh do chlann mhac le smacht ar dhaoinibh,
'S do chlann bhan ag scaith na laochradh,
Beidh an scológ atá dileóir 'n-a thaoiseach,
Is rath ó Dhia i ndiaidh do dhaoine.
Do bhí do dhóchus i Rígh na ríghthe,
Et in Iesum Christum Filium.
Tá Muire is a guidhe mar aon leat,
San Doimnic ag a bhfuil do thiomba déanta.
Níor chreachais baintreach ná dílleacht,
Cill ná cliar ná liath-bhocht aosta.
Nochad a haon sé chéad is míle,
Ó thigheacht Chríost i gcolainn daonna,
Go bás Mhic Philip an curadh nár chlaoite.
Uch mo léan, is déarad fínit.


L. 52


AN RANN.



Ó d'éag na curaidh mic Uisneach sa mBán-chraéibh Ruaidh,
Nó tréan-chlann Tuireann ó dtuigthear an bárr-sgél truagh
I dtréithe i n-oineach, i gcumus i gcáil fae bhuaidh
Níor éag cinn-bhile dár imigh mar Uatér uainn.



Déigh-mhac Philip ó'n Litir, do b'fheárr fae chnuas
Ó thaebh na Sionna go hIorrus na mbád le cuan;
Ní féidir cuimios a dtugais de bhláth an tsaoghail uait
Ná branaibh uile go siltear an áibhéis fhuar.
Féinnidhe fuilteach an siollaire d'fhág sé i mbuaidh
An péarla Philip dá bhfuilim mar tá sé thuar;
Rélta a chinidh nár goineadh ar sráid lé cruas;
Féach do chluiche, agus imir mar atá sé uait.



B 1720obc 18T
U 0201



CHUIR TAIDHBHRE MÉ.



Chuir taidhbhre mé i n-amhgar aréir dom chrádh,
Is dá hannsacht ní'l amhras nach n-égfuidh tráth,
A bantracht rug dealradh a sgéimh tar mhnáibh
fád balsuim gan ainbhfios do leighios mo chneádha.
S. Mc D.




U 0132



FREAGRA SHEÁIN UÍ GHADHRA.



Aithnid dhamh-sa gan amhrus an pérla mná
do scannraigh do leannta do chéim an bháis;
Plannda beag geanmnuidhe na mbaéth-chocán
do bhantracht na hEamhna, mar Dhéirdre, lá.


L. 53


Mall-ruisg ar dheallradh na gréine i gcáil,
is do bheir balsuim a labhra na céda slán;
Taoi ball don elephanta ina déd mar bhláth,
gan allta gan aibhse gan bhéim gan árd.



Bí deallradh gan amhgar 'na haél-tor brághad
do mheallfadh neach feardha dhá naemhtha tásc;
Is na seang-chnuic gan aibhse 'na taebh atá,
dar leam-sa gan amhrus, ní léar a mbárr.



Taoi rabhra na mbeann-chrot i bhféidhm a lámh,
cíodh thairngeas daimh allta 'n-a grés go bláith;
Is fannlag an plannda gach méar a fás,
cíodh cheanglas i slabhra gach baéth-mhacámh.



A seang-chorp gan an-toil, is séimhe d'fhás
os gleannta nach labhraim go hég a gcáil;
Gach aimsir is fann leat a béis do dháil,
is 'n-a teannta taoi balsuim do chréachta ghrádh.



Is dearscnaidh gan amhrus do shnaedh an Ceard
gach ball di gan ainmhe, ó thaebh go sáil;
Níl sean-reacht ná ainbhreith na Féinne áird
fád fhaill dheas, is dangnigh leat féin a páirt.



Ná sanntuigh a saidhbhreas ná a scéimh amháin,
ná plannda beag crannda, ná baéth-mhacámh;
's is scannrach an fhailmhe go léir, a ghrádh,
má cheanglair bí a slabhra ag a méin is fearr.



Bíodh leannta agus damhsa maraon 'na dáil,
is ná caintidh 'na teannta acht ar théx a grádh;
Tairbhir go feardha na céada páx;
is dearbhaim, má's faill dhuit, go mbéir-se slán.


L. 54


IS BUIDHE-CHAS BACHLACH.



Is buidhe-chas bachlach an falach a córn-fholt dlúith,
A braoithe tana, 's a leaca gan chlódh sa dún;
Is ríghin a dearca nach glaise dhuit deór den drúcht,
'S a grís-ghob meala do chanas an glór go ciúin.



A píb mar eala nár cheangail i seódaibh dúil,
'S a cích mar shneachta, nach bhfaca-sa pór is lugha;
Is mín a glaca cíodh fada na meoir ar lúth,
Is síthbhra fhalcmhar a ghaideas a gceolta rúin.



Maoth-chorp cailce, nach tana 's nach mór a chlú,
Gach taobh dhe seachtair go rachadh mo dhórn go dlúith
An ríogan mhaiseach dhá dtugas go leór mo dhúil,
Is fíor-chat-mhara nach ndeachas 'n-a heólus súd.



Níl gnaoi ar easnacha, ar alta, ná fós ar ghlún'
Ná ar throighthe tana, má meastar go cóir an chúis,
Nach daoire a maise 'ná chanas mo ghlórtha súd;
Is fínit agad, ná hathruigh go deó mo dhúil.



AN RANN.



A spéirbhean úd na gcrúbfholt bhfáinneach dtais,
'S a dhédghil dhlúith mar chubhar ar sáile ag teacht,
Má thréigir dhamh-sa cúis mo pháirte leat
Valeto ar tús ní tú chuir a báire amach.


L. 55


BEIR SCÉLA, A THEACHTAIRE.



Beir scéla, a theachtaire, ar amus an óigfhir chaoin,
Nach féidir Flaithios a thagra le glór gan caoi;
Gurb éigin peacadh do sheachnadh, mar d'órduigh Críost,
Do réir na n-aitheanta i gcartacha móra an dlíghe.



Do thréigeas aiceacht na malairte, an óige bhaoth;
Ós léi do mealladh na fearchoin ba bheoga i dtír;
Féachtar Aicil is Eachtor no slógh mac Phrím,
Caesar is Alasdrun, do smachtuigh go leór don tsaoghal.



Céile chealgach charthannach cheolmhar chaoin;
Méirdreach mhalairteach mhaiseach mhear mhórdha mhín,
Léinneach leabharchas leathanbhras lóghmhar lí,
Bhrégach bhagarthach bharrfhionn bhog bheoga bhaoth.



Féch mar ghlacas a haistear go seolta an ghrian
Ón gcéim sin Airctic go bhfaicthear an pól deas mín;
Gach rélta i bhflaitheas bí sealadh i sógh mar rígh,
Bheir féar is gainne, bheir teasbhach is reótha arís.



Na céadtha scafaire om theagasc i bhfoghluim bíd
Do réir na leabhar ón bPaidir go Port na Naomh;
Léighim caismeirt na ceasta go seolta síos,
Ní tréith mo Laidean i bhfreagarthaibh Scótuis chaoil.



Gach éacht dár aithris ar Earcuil mhear Hómer caoich,
Ar Theseus ghasta, 's ar Chastor bheith beó mar bhíos,
Ar ghréin 's ar Atlas 's ar chathaibh na slógh san Traoi,
Bí Bérla is Laidean dá cascairt sa ló mar mbím.



Dréacht de rannaibh ar amus is comharda faoi,
Do réir gach aiste dar sgagadar eolcha an dlighe;


L. 56


Na sméara gealaim is daithim an rós mar dhaol,
An daél mar eala, 's bí Peadar 'na Phól ag díol.



Ar mhéd an tartha bheir Pallas tráthnóna arís
Do ghlésfainn baraille raca nó beór gan díol,
Trénphuirt fhada dá spreagadh 's a módhanna (fuinn)
Go cléith-chas caismeartach, ceathannach ceolmhar caoin.



Léighim tharm, acht sealadh, gach spórt sa tsaoghal,
Na réidh-chnuic fhada dá dtreabhadh chum eórna bhím;
Is trén 's is tapaidh sa mbranar mo dhóide síos,
Cidh cael-cheart snasta le peannaibh mo stróic arís.



Is trén mo thagra ag an mbarra 'mo chomhairleach dlighe,
Bí Céres bhlasta agus Bacchus dham fós 'n-a ndíol;
A sé de ghlan-uisce m'ainm is eo sa daol,
Is gérghadh ar ailm do smachtaidh na hóigfhir faoi.



A Dhé na n-aingeal, a Chara na n-ógh 's na naomh,
Ná léig-se m'anam i bpeacadh go bhfóiridh dhíbh
Do chréigh na nAbstol do phearsa, cídh mór a gníomh,
'S má thréigeas h'aithne beidh aithreachus 'na dheoidh arís.



NÍ SÚGACH MISE.



Ní súgach mise do guineadh gach lá ag dul síos,
Is, cé bún mo thinneas, ní thigim gur sláinte a chríoch;
A chúl-chas mhilis is gile 's is áilne gnaoi,
Mo shnúdh do mhillis, gur guineadh go lar mo chroidhe.



A crúbfholt fighte, do filleadh go sála síos,
Is dlúithe finne dár cuireadh ar mnáibh an tsaoghail,


L. 57


Gan rúinne tuitim ar imioll i n-áit a braoidh
Is lugha 's is duibhe 's is giorra 'ná snáithe caol.



A ciúin-rosc criostail nach dtuitfe gan cháirde mí,
'S nár mhúscail sise as a dtighthe feadh ráithe arís;
A gnúis i ngile mar nix, is a lár i ngrís,
An chrú 's an lile is ag cuimeas san áit seo bíd.



Ag súd mar theinidh a bile 's a bláth-ghuibín,
'S a cúl-sa is gile 'ná an chuid sin is bán den aol;
Is (cumhang) gan giorra do rinne an Ceárd a píb,
Is úire thruime 's is fuide 'ná lámh gach laoch.



An lúth-chrobh cliste do sheinneas ar chlársaigh scaoith,
'S gach músic mhilis dár cumadh ó Adhamh aríamh;
Do chumhduigh Cupid, mar ionad a ghárda, a cích,
Nár smúinidh duine go bhfuilid san áit a mbíd.



Urchorp cnisgheal nár chiontuigh an grádh do bhaois,
I snúdh 's i ngile 's i ruimhe do sháruigh ní;
Ní bún an tslighe do dhuine ar bith an áit seo thríd
Gan lúth an churaidh, le dtuiteadh ar áth gach laoch.



Cúpla rinneadh gan chuisle gan chnáimh gan bhrígh,
Nach lúthmhar imirce ar leithne na sráide mí;
A cliú go dimhin, ní'l file ná fáidh sa tír
Fuair stiúir a chumais go huile len' áireamh síos.



Gach dúil dár milleadh le hiomad a gráidh san tsaoghal,
Mar rún di furtacht a dtinnis i sláinte arís;
Medúsa dhi-se go ngeintear i gcáil 's i ngnaoi;
Conclúsum leigim, ó's mithid go dtráth-sa scíth.


L. 59


B 1718 18T



DE NATURA.



I nGAEDHILG.



Bí an talamh ón bhfearthain ag ól go sámh,
Bí scapthach is tart air ón bpóit de ghnáth;
Dá tharraing bí an feamuine feóir gach lá
Go gcraithtear é falamh gan deór go cnáimh.


L. 60


Cia mheasfadh nár chaigil an bhóchna a sáith,
Fá easbhaidh a tarta do chlódh go bráth;
'Sí ghlacas gach abhainn 's gach mór-shruthán,
Dá gcaitheamh go ndeachaidh thar bórd a brághad.



An ghrian mhaiseach bheir amharc sa ló do chách
Chuireas teasbach i mballaibh an bhóchna i dtráigh;
Ní fada bhíos aici na seolta lán
An ghealach 's a baicle go n-ólaid a sáith.



Caithid a dtacar i spórt 's a spáirnn,
Is craithid gach canna 's gach mór-chupán;
Ní feasach mé ar talamh ná fós ar tráigh
Aicme nach nglacadh an t-ól go sámh.



Cuir spraic ar an gcanna agus ól a lán,
'S nách faicthear glan falamh dod' chóir ar clár
Cad fá gcaithfeadh gach aicme acht mo shóst-sa a sáith?
Cuir freagra na ceasta seo, a fhir eóluis áird!


L. 62


IN OBITUM DOCTISSIMI RODERICI O'FLAHERTY, ARMIGERI.



Ó d'ég an feasach Ó Flaithbheartaigh Ruaidhrí mór
Chuir Bérla is Laidion ar screaptra na ndruadh bhí cóir,
Na Gaedhil, na Danair, an Eagluis is buanaighe i gclódh,
Ní léighfeam haithghin go breathaibh an Luain faoi dheoidh.



Do léigh na psaltracha is leabhair na suadh bhí romhainn,
Béasa, flaitheas is gaisce na Muarighthe fós,
Fréimh gach sleachta sa talamh so huaisligheadh beó,
Ó réimheas cheasrach go hAnna rug buaidh faoi dheoidh.



Na Gréagaigh is Aicil Eachtor 's a chruadh-bhuidhin tslógh,
An spéir ar Atlas is Alasdruim buanuidhe an dómhain,
Caesar Marcus is Hanibal chuaidh faoi'n Róimh,
'S gach scéal ón talamh go hAirctic is fuaraidhe pól.



A Dhé na n-aingeal nach ainnis a bhuain dhínn fós -
An scél is measa sé cluinstear go nua faoi bhrón;
Ó sé do bharradh na staracha luaidhtí gó,
An Chré 's a' Phaidir len 'anam mar uaithnidhe dhó.


L. 63


B 1713 18T
DO CHAIPTÍN TÁTH.



Is iomdha gártha ag cách is éimhghe is uaill,
Is iomdha mná go cráite ó Chéis go Muaidh;
Méad an ádhbhair do sháruigh a n-éagnach cruaidh,
Caiptín Pádraig Táth mo léan san uaigh.


L. 64


Cosc a námhad, lámh nár ghéill do ghuais,
Fear ba tláth le cáirde an péarla suairc,
Fear ba sámh le dáimh, 's do bhéaradh duais,
Scaith nár sháruigh dán ná dréacht ar chruas.



Ba mhaith do cháil, i lár na hÉireann uair
I mbriseadh Landádh 's i lár Lorén na mbuaidh;
Do bheireadh do lámh ón námhaid créacht is buaidh,
'S ní bhfuighir bás má tá gur éagais uainn.



A Anápla Uí Eádhra ó thásc do chéile uait,
A phéarla bláith de shárshliocht Chéin na ruaig,
Foighid is fearr sa chás, más féidir uainn;
Is rachaidh Síol Ádhaimh i n-áit a chéile i n-uaimh.



B 1720obc 18T
DON FHILE.



Is dimhin gur mór don óige chaitheas go saobh
I n-imirt 's i n-ól i spóirt 's i rachmus an tsaoghail;
Le tuile na ndeór tá dóchus agam i gCríost
'S nach bhfuilim acht beo gan treoir 'mo leanbh arís.



Ba mhinic sa ló mo mhóide ag labhairt go baoth,
'S ní chuirinn a chóir de nós na n-aitheanta síos;
Do leiginn go leór de ghlór na heagluise dhíom,
Ag imtheacht gan seol i ród na bpeacadh faríor.



Guidhim-se ar Eóin ar Phól 's ar Pheadar na naomh,
Mo thuirse mo bhrón 's mo dheóra ghlacadh dom Rígh;
Sin m'fhuil agus m'fheoil 's mo lón i n-aithbhior mo ghníomh,
'S le croidhe na strócach fógraim m'anam do Chríost.


L. 65


Is díomhaoin don tí bhíos go failleach i dtréas
Gan fíor-chaoi go síorraidhe le falcadh na ndéar
'S go saorfaidhe gach mí-ghníomh le haithreachus glan géar
Sul sínfidhe bhar dtaobh síos i leabaidh na ndael.



MO CHOMHAIRLE DON CHOMHAIRLEACH.



(a) Mo chomhairle don Chomhairleach is glacadh a scíth
Ón ród is ón ól is ó chaismirt an dlighe;
Tá stór agat, h'óigbhean, do theach is do mhaoin,
Ní mór dhuit gach sógh feasta is dearc ar do shaoghal.



U 0201



FREAGRA THOIRDHEALBHAIGH ÓIG MHIC DONNCHADHA.



An chomhairle sin thug Seán Óg dá charaid go caoin,
Ní dóith mhaith go dteóra acht go bhfacthas don tsaoi
Gur órduigh le dóchus fir Shacsan go claon
Nach cóir do mo shórt-sa bheith ag caismirt on dlighe.



U 0132
(b) Cléireach corónach cróga céillidhe ceart
Tréitheach eolgach mórdha i méinn 's i reacht;
Aon de phór-shliocht Eoghain is Néill na gcath,
Go ndéanaidh cóir ar ndóigh de réir a shean.



(c) Pas a scríobh Seán do dhochtúir éigin. Seo an teideal
atá sa ls. "Privilegium seu Diplom. C.N.D.M."



A Chonchubhair, tá h'fhortún-sa déanta,
Ó rug tú ar do shiubhal go séanmhar;
Bain ocht dtuistiúin as fuiliughadh do mhéirdrighe,
Is patacún do mhac búir is éagnach.


L. 66


Bí 'do dhochtúir scoramhail i mbéasaibh
Faigh geal-phlúr is ceathramha caerach
Nó bagún is gambún na céise
Is leabaidh chlumhach go leathnughadh an lae ghil.



Caith tobaco is beathuisce cléithe
Is dein aithris ar labhairt gach éin-fhir
Tá do phatent gan barrughadh go n-éagair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services