Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin na Midhe

Title
Amhráin na Midhe
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1766
Publisher
(B.Á.C.: C.O.É., 1934)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AMHRÁIN NA MIDHE.
Cuid a hAon.



AMHRÁIN UILLIAM UÍ MHAOIL CHIARÁIN
alias
Uilliam Mhic Giolla Chiaráin
alias
Uilliam Uí Chiaráin.



1. CATHAIR DHROICHEAD ÁTH'.



Bhéara mé an chuairt go baile an chuain seal dá fhéachaint,
I bhfarradh na mbuachaill ba suairce 's ba féile;
Beir beannacht 's beir buaidh gé gur truagh bocht 'na
ndéidh mé,
Ciab'é neach a bhfuil a bhfuath leis go raibh cuaisne ag an
éag air.
Seinntear go luath ar gach nuastriongán 'théadaibh,
'S gur binne nó na cuacha 's nó fuaim loin is smaolaigh;
Acht feasta rachaidh 'dtuairisg thríd chuantaí na hÉireann,
'S béidh greann ag mná uaisle a bheith 'luaidrean mo
bhéarsaí.


L. 16


II.
Ag Cathair Dhroichead Áth' gheobhainn fáilte ó na céadtaibh;
Níorbh'eagal damh gábhadh nó galra ar bith éagcaoin;
Gheobhainn féasta gheobhainn fáilte seal ráithe idir
Ghaodhalaibh,
Agus fíontaí na Spáinne ins na tábhairní is daoire ann;
Gheobhainn siamsa de'n gcláirsigh bhí tráth ag Orphéas,
Nó de'n tiomna a d'fhág sé thríd dháimh aige Theséas; '
Siúd an pléisiúr gan ádhbhail is a lámh ar na téada,
Is na cléirce dá sásamh le frása a mhéara.



III.
Dá mbéinnse i dtoigh Jarom, croidhe fearamhail breagh
fialmhar,
Níorbh'fhéidir liom dealughadh go sgarfadh mo chiall uaim;
Gheobhainn ól 's gheobhainn aiteas ó'n mhacnaidh 's binn-
bhriathardha ann,
Is bhéarfainn ar m'fhallaing nár sheachtmhain liom bliadhain
ann;
Gheobhainn beóir 's uisge-beatha dhá sgabadh gan iarraidh,
Agus ceoltaí breagh frasach 'na gceathaí le siansa;
'Sé 's dóigh liom dá gcasfaidhe mé ag an ngasraí gan
íotacht,
Gur bheo mé seal tamaill gé gur meaithte 'na ndéidh mé.



IV.
Samhail Dhroichead Áth' níl le fagháil ins na réaguin,
Ó Ghaillimh go Cáirlinn, 's go hárdán Bhinn' Éadair:
Tá'n mhuir 's tá 'n tráigh ann, is fíor-áille le féachaint,
Thig luing bairc is bádaí ó'n Spáinn is ó'n nGréig ann;
Níl rum saic nó March beer 'sní áirmhim Ginébhe,
Nó'n biotaille is láidre faoi rásaí na gréine,
Nachar chinnte le fagháil ag toigh Bheárnaidh Uí Raghallaigh,
Is cuirim cúig milliúin sláinte le n-a cháirde 's le n-a
chéile.


L. 17


Tá dhá dhochtúir dhiadha d'fhíor-smior na nGaedheal ann,
De'n tsinnsear ó chianaibh do ghéagain Mhilésius.
Is binn-bhlasta a mbriathra ar an riaghaltacht dá léigheamh,
Ag síor-chuimhniughadh gach riaghail da'r fhág Dia ag síol
Éabha;
Níl imnidhe nó fiabhrán ariamh dá raibh ar aoineach,
Do lionndubh nó triamhain nó cianfaidh na gcéadfaidh,
Nach cinnte gur fialmhar ó'n dís úd a léigheasadh,
'S gur soillse iad mar na réalta nó an ghrian 'sí ag
éirghe.



VI.
Is amuigh i nDroichead Áth' le n-a n-áireamh le chéile
Tá fear féile, fear fáilte, fear cráibhtheach, fear céille;
Níl comórtas le fagháil ortha 'náit ar bith i nÉirinn,
'S go bhfuil a réim i n-uile-chás aca idir $Alderman 's
Méire:
Le héifeacht a dtáinte 'breith bairr ar gach saidhbhreas,
Le h-oidhreacht ar árdaibh agus áltain faoi shréadaibh;
Tá'n t-ór buidhe in a lámha 'na mháma is rath Dé ann,
Acht ólfamuid a sláinte 's go trásta béidh réidh leo.


L. 18


2. AGALLAMH IDIR LIAM AGUS AN BUIDÉAL.
An Buidéal.



A bhráthair, cionnus tá tú? Is olc liom do ghleo,
Ós sé'n bás a bhí i ndán duit nuair a stad tú dom' ól;
Fuair tú táinte 'gus sláinte in m'aice-se go leor,
Is chan luime lámh ar bith a tharlaidh dhuit mise chur as cóibh.



Uilliam.
Chan luime lámh nó atharrach chuirfeadh eadar mé 's tú choidhch,
Dhéanfainn dáimh agus páirt leat nach ndéanfainn le mo
mhnaoi;
Acht na saighde bhí gach lá a' dul i n-aice le mo chroidhe,
Is cách dá rádh liom gan amhras gur tusa bhí dom' chlaoidh.



An Buidéal.
Nach iomdha ráfladh rinnidh Máirtin 's nach fada tá sé
beo?
Is liacht cárta lom láidir díom a chuir sé in a sgóig;
Bhéadh a shála 'dul i gclábair a dh'easbhaidh na mbróg,
Is b'fhearr a shláinte nó a lán nach mblaisfeadh dhíom ao'
ndeor.



Uilliam.
Dubhairt a' sagart liom gan d'fheiscint agus tóigbheáil
díot,
Nó go lagóchadh mo mheisneach go mór 'gus mo bhrigh.
Breith sgaramhaint a thabhairt eadrainn ba é sin crádh mo
chroidhe,
'S mar chéile leabtha go dtógfainn thú thar mhná deas na
Midhe.


L. 19


An Buidéal.
Más é an sagart in a theagasg a d'fhuaraigh liom do pháirt,
Is gur mó a mheas orm nó'r an easbog, acht tráth bhéadh sé
in a láthair;
Béidh sgilling de luach aifrinn tar éis do bháis
Dá chaitheamh faoi n-a chosa agus do chúl-sa le lár.



3. MAIRGNE UILLIAM 'AOIL CHIARÁIN.
Bíonn sise Sighle i gcorraidhe a choidhch' liom,
Mar nach ndéanaim dí gníomh nó fóghnamh;
Mar nach gcuirim-se síol, coirce, nó líon di,
Meacainí buidhe nó pónar;
An measann sibh, a dhaoine, nach mise tá críonna
Nach mbrisim mo chroidhe le foghnamh,
'S liacht ógánach saoitheamhail a bheirfeadh $relief damh
A' teacht na féil' Michil sa' bhfoghmhar.



Dá mbeirfinn-se beo 'gus sealbhán bó
A bheith agam, nó scór de chaoirigh,
Seisreach nó dhó de chaiple breagh óg,
A bheith agam ar nós an tsaothraigh;
Mo charáiste órnach 'bheith romham sa' ród,
'S mo chulaith mhaith dhóigheamhail éadaigh,
An measann sibh, a chomharsain, go mbéadh orm brón
Corr starrógaidh dh'ól le pléisiúr?


L. 20


III.
Go dtaraidh mé an t-am a dtiocfaidh siad anall
An ghasraidh chuaidh anonn thar bóchna;
Dá dtagadh siad anall i gcóip is i gcampaidh,
Cha bhéinn do mo thiomsughadh i gcóirnéal;
Thógfainn mo cheann 's bhéadh meas ar mo chainnt,
'S cha chuirfidhe neamh-shuim in mo ghlórthaibh;
d'ólfainn-se dram agus buidéal de'n rum
Le fear ó Chluain a' Ghaill nó Bail' Óirthear.



IV.
Nuair a luighim-se síos ar mo leabaidh 'san oidhch'
Aon chodladh chan fhuighim nó cómhnuidhe,
Acht bím ag guidhe na n-abstal 's na naomh,
'S ag cur impighe ar Righ na glóire,
Gan dolaidh nó díth bheith ar leanbh nó ar mhnaoi
Dá gcómhnuigheann ar thaobh Bhail' Óirthear,
Acht an t-earradh bheith daor go ndéanfamuis an cíos,
'S ón madam go bhfuighfidhe $devotion.


L. 21


4. UILLIAM 'AOL CHIARÁIN AGUS A BHEAN SÍGHLE.
Uilliam.
Tuig-se a Shighle, sul fá bhfuair tú i ndlighe mé,
Is i gceangal fíor-cheart na cléire,
Ba sleamhain slíocaidh mo locaí cíortha,
'Snach bhfuair mé dí-mheas na maighdean.
Cha bhíonn na righte i n-arc go síorraidhe,
Is níl folc 'á déine nach laghduigheann,
Is má fuair mé claoidhteacht le congnamh Chríosta
Is gearr arís nó go n-éirighead.



Sighle.
Níl díoghbháil eolais ar aon de'n gcomharsain
Nach bhfuil tú seolta ar na bréagaibh;
Is tráth bhí tu i d'óigfhear 'á bhfuightheá cóir air
Go gcuirfeá clodh ceart ar mhaighdin.
Deir go leor liom go dtug tú órtha dhamh
A bhain mo mheabhair 's mo chiall díom,
Nó nach mbéinnse pósta ag do léitheid stróinse,
Dá mbéinn gan chóta gan léinidh.



Uilliam.
Ó chuaidh sé 'un cáinte bíodh luach na sgáinnéir
Gur buan mo cháirde-se 'gcomhnuidhe;
Ní luaidhim le ráitidh ó bhuachaill státamhail
Mo ghabhail gan táinte 'dtús m'óige.
Má's de'n áille bheith ramhar másach,
Agus oiread teampaill de thóin ort,
Níor theastuigh ás de nach bhfuil in do dháil-se,
Agus oiread máma de'n tsróin ort.


L. 22


Sighle.
Dá mbéitheá 'dtuamba, a ghaotha ghruama,
Níor dhual m'intinn bheith buaidheartha;
Tráth bhíonn tú 'dursan go mbíonn tú 'cursan.
Mar a bhéadh corr ar thaobh sléibhe.
Ó Rí tá cuimseach, cia bhéadh ag cainnt leat,
'S gur éirigh rinn-gheal ar d'fhéasóig,
'S gurbhé mian gach compáin bheith 'na shuidhe mo thimcheall
Dá mbéinn 'mo bhaintreabhaigh ghléasta.



Uilliam.
Léigh mé as m'almanac gur b'olc na h-aithearraigh,
'S nach mbíonn sé ádhmhar le déanamh;
Go ndeir na páistí liom gur b'olc a' cháilidheacht
Duit bheith guidhe bás do do chéile.
Dá mbéadh sé 'ndán duit mo chur i gclárthaí,
Sé'n réad abfheárr leat a dhéanamh
A bheith 'gol sa' gártha, sa' greadadh lámha,
'S a' fliuchadh do bhán-rosg led' mhéara.



Sighle.
Ó Rí na ngrása nach claoidhte an cás é
Do chailín sásta nó súgach
A mbíodh bróg' árda uirthi, caife lása,
Péire lámhainidh is húda,
A fuair cliú na sráide as feabhas a lámha -
'Sé fhágas anois mé go dubhchroidheach
Bheith i gceangal fáinne ag fear bhuige báine,
Is í coctha i n-áirde ar a chúla.



Uilliam.
Dá mbéitheá críonna sé ghuidhfeá Críosta
Mo leigean saor dona páistí;


L. 23


Cha chreidfeá bíodán ó shean-mhná díomhan's
Nach n-iarrfá aoibhneas acht grádam.
Dar m'fhírinne dá mbéitheá sínte
Go bhfuighinn-se caoimhtheach do d'áthrach,
Nach dtiubharadh dí-mheas do mhéad mo ghaothsan,
Acht shínfeadh síos liom go fáisgthe.



5. CEOL.



Do chum Uilliam 'aol Chiaráin tráth chuaidh a bhean Sighle
go Cúig' Uladh a cheannacht barraigh.



I.



Is fada bhreathnuigh mé ós íseal go raibh Sighle dá
mheabhradh,
A' síor-bhailiughadh gach pighinn bheag dá ndéanadh sí ar
abhras,
Ar ndúil d'éalodh léith as a' tír seo thart síos ar a heolas,
Go mbéadh sí malairteach 'sa suirghe mar bhéadh brídeóg
bheag óg ann.



II.
Rinnidh bean Phartholánus áthrach thríd shúgradh,
Is d'imthigh a bhean ó Ghearóid Iarla seal bliadhna le
lúircín;


L. 24


Is iomdha mná na gciabh-fholt ghlacadh iasacht faoi'n
tsúisín,
'S gur b'é a nós go héag gan fear tréanmhar a dhiúltadh.



III.
Chualaidh mé dá léigheamh gur éaluigh a bhean ó Dháibhi,
Is arís ó Righ na Féinne gur éaluigh sí Gráinne;
Dh'imthigh Helen le n-a sgéimh, agus Déirdre le n-a háille,
'S goidé'n fáth dhúinn 'bheith 'dréim leo? acht béid ag an
bhfear is áil leo.



IV.
Goidé'n fáth dhúinn a bheith éadmhar, 's gur do bhéasa ban
i gcómhnuidhe?
Ar bhainríoghain gur léigh mise a thréig a fear pósta.
Is cáil mhór de n-a dtréartha chan ar shaidhbhreas a bhíonn
a dtórtadh,
Acht má's d'fhear mála a dtugaid spéis béid ag éalodh sa
ród leis.



V.
Nach síleann sibhse, a dhaoine, nach iongnadh mé bheith brónach,
'S gur éaluigh sí Sighle uaim síos ins na cóigidh:
nuair a chonnaic sí mé lag claoidhte 's gur éirigh mé
prómhaidhe
'Sé b'fhearr léith mo ghaoltaí bheith 'cruinniughadh mo
thórraidh.


L. 25


6. Ó RAGHALLAIGH BHAILE MHÍLEIS.
I.
Is in Árdmulchan ós cionn Bóinne
Atá 'n t-seod a bhfuil mo mhian innti,
Is i dToigh Colláin bhíos mé i gcómhnuidhe
Gé go brónach 'na diaidh mé.
Gan ghéilleadh do na h-órdaibh,
'S gur pósadh le mnaoi mé,
d'aimhdheóin Sighle bhuailfinn na bóithre
Dá mbéadh mo stóirín beag Brighid liom.



II.
'Siad buachaillí na Bóinne
Shiubhaileadh an bóthar ar gach taoibh dhíom,
Acht níl suim acu in mo ghlórthaibh
Nó in mo chéoltaibh beaga díomhain;
Mo chéad slán le Baile Óirthear
'S do na h-óganaighibh bhreagha chroidheamhla,
'Siad a bhéarfadh deoch le h-ól damh,
'S níor spórt leo mé bheith i bpríosan.



III.
A éin bhig atá éadtrom
Ná géill do shléibhtibh nó do mhíonlaibh,
Nó do ruaimh-ghaoith 'na ngéagain,
Bhíos i d'éadan go h-aoibhinn,
Go mbéarfadh tú mo sgéala
Uaim go h-éadtrom cois íseal
Fá dhéin Bheartamoin na féile,
Agus Uí Raghallaigh Bhaile Mhíleis.


L. 26


IV.
Mo chleamhnas dá ndéantaoi
Le ingin Ríogh na Gréige
Acht m'annsacht cois íseal
Is ag Brighidín a bhéadh sé;
Níorbh'fhada liom tógbháil cíosa
Ar thaltaibh aoibhne glana aerach',
Nó ag ól sláinte mo Bhrighid bheag
Le fíor-uisge an t-sléibhe.



V.
Dá mbéadh fhios ag mo cháirdibh
Go bhfuilim sparrtha gan chaoineas
Ba ghearr go bhfághainn tárthail,
Le seinnim chláirsighe agus aoibhneas;
Thiocfadh Ó Raghallaigh gan spás chugam,
Is a lán de chlannaibh Mhílidh,
Is ní dhúntaidhe mise i gclárthaibh
Ar ghráin na gcoigcríochach.


L. 27



I.
B 1766ob 18D
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin

Céad slán do na fearaibh óga bhíodh go croidheamhail againn
tamall,
Is iad a ghabh spéis in mo ghlórthaibh agus in gach ceol beag
eile 'gcanainn,
'S iad d'fhág m'intinn brónach in aimsir féile agus faoi
Shamhain,
Ag dul i gcéin uainn ins na cóigidh, i dtús an fhóghmhair
linn sgaramhaint.



II.
Chan fhuil mo spéis ins a dhul 'un sráide, níl mo cháirde
ann acht go hannamh;
Níl mo spéis i seinm chláirsighe, cumadh dántaí, nó
ealadhan;
Níl mo spéis i ngreann nó gáire le bliadhain go Cáisg
seo chuaidh thorainn,
Is ná raibh an séan ar an neach ar thárlaidh mise fhágbhail
faoi sgannal.



III.
Chan fhuil tnú agam le lucht a' tsaidhbhris - deir a' chléir
liom nach bhfuil gar ann;
Chan fhuil tnú agam le fíon nó féasta, acht a theacht mar
bhéadh mo mhacasamhail;
'Sé d'fhág dubhchroidheach ó! mo chéadfaidh dá mbíodh seort
ar a' tsaoghal gar ann,
'Snach bhfuil triúr ar thalamh Éireann ar truagh leo mo
léan-sa nó mo leathtrom.


L. 28


IV.
Cha n-éagnóchainn a dh'easbhaidh maoin' dá mbíodh na daoine
mar ba mhaith liom,
Mar a d'fhág siad mé in mo dhíorfa agus in mo aon-fhear
bocht gan charaid;
Tá'n ársaidheacht i ndéis mo chríonadh, agus a' saoghal i
ndéis mo chaitheamh,
'S a Rí na ngrása cia ghabhas gaol liom an uair is mithid
mo chur i dtalamh?



V.
'Siúd an nós a bhí Meneláus nuair a d'éaluigh a bhái-
ríoghan le Páris;
'Siúd an nós mar a bhí Príamus nuair a sgriosadh a chathair
's a chlann mhaith;
'Siúd an nós a mbím-sa, a cháirde, nuair a bhíos gach
pártaidh déanamh 'ngearain,
Mar a bhéadh éan beag i n-áilt ar fágbhail, 's mo cheann i
n-áirde measg na bhfearaibh.


L. 29


8. SÉAMUS AGUS BÁRDAN.
I.
Goidé an t-iongnadh mé a bheith claoidhte,
'S nach maireann beo díom acht mo sgáile?
Agus ó stad Sighle agus Larcaigh díom-sa
Gur tharraing dís ar a láimh mé.
Bheirfinn an bíobla go mb'fearr damh adhlaicthe
Nó a bheith 'dréim leo mar tá mé,
'S go gcaithfead cíos a thabhairt do Shéamus,
Agus luach na dighe do Bhárdan.



II.
Nár mhór a baois dá dtiubhrainn cíos dó,
'S nach dtáinig saoire na Cásga?
'S gur fada ó bhí sé mar acht sa' tír seo
I n-aimsir ríoghtha na bpágan,
Ó cuireadh díobairt ar Bhreasal bóidhíobhadh,
Dá ngéilleadh draoithe 'gus bárdaí,
'S go n-abair daoine gur beirt dá mhaorthaibh
Tá ar aiste Shéamuis is Bhárdan.



III.
Siúd gach aon-duine ag teagradh sgéala -
Mise 's mo phéire laoch láidir,
Mar Osgar éachtach nó Conall tréitheach,
Ag leagan an té dogheibhidís fálta.
Níl gar do chladhaire bó nó caora
Cearc nó éan iarraidh láimh leo,
Nach siúd ag Séamus i ngeall an fhéaraigh,
Muna mbéid i ngéibhionn ag Bárdan.


L. 30


IV.
Mo chreach an léan a bheith 'teacht 'na sléibhte
'S mé meathta cladhartha bocht 'mo ársaidh,
'S arís 'na dhiaidh sin gur claon mo chéadfaidh
Le maorthaibh éagcóireach fásaigh.
Acht dá maireadh Ó Raghallaigh an taobh so d'Éirinn,
Cha bhéadh na sgéala mar tá siad,
Bhéadh cíos dá éileamh go claon ag Séamus
Agus meamram péine ag Bhárdan.



V.
Cha mhó an ghráin do thuill Partholánus,
An tráth do bhásuigh sé a ghaoltaí,
'S gur stiúir sé a bharca anoir ar sáile
Go cuantaibh Ealga na hÉireann:
Do shaoil sé an tráth sin nachar bhaoghal dó gábhadh,
Is nach raibh an t-árd-Rí dá fhéachaint,
Is gaolmhar do cháilideacht an dís fá dtráchtaim,
Séamus agus Bárdan i n-aoinfheacht.



VI.
A Rí na gcréachta a shaor síol Éabha,
Ós tú a léigheasas gach galar,
Bheir teas na gréine, meas ar ghéagaibh,
Gort agus féaraigh fásaigh:
Nach tuatamhail an sméideadh ghnidh daoine claona
Eadar mise, Séamus 'gus Bárdan;
Agus gibé neach dá mbféidir a bhreith san éagcóir
Go rabh mac Dé dóibh mar a náimhde.


L. 31


9. FAOISDÍN UILLIAM 'AOIL CHIARÁIN.
I.
Is meanmnach súgach lúthmhar cliste do dhiúrnóchainn
fuisgidh in mo sgóig,
B'aite liom dúsgadh, rúsgadh, meisge, a' síor-thabhairt mo
chiste do mhnaoi an óil;
d'imeórainn cluain is lúb go cliste, charnóchainn siollaí
bréag go leor,
Is má mheasann sibh féin nach tréas nó coir sin gheobhaidh
sibh tuilleadh de'n sgéal go fóill.



II.
Siúd mo mhian 'san réim do chleacht mé ar feadh an seal do
bhí mé óg,
Bheith 'naice na dighe 's a choidhch dá bhlas 's ag imirt mo
startha le mnaoi an óil;


L. 32


Na gloiní bheith líonta 's ag síor-dhul thart le taobh an
chaisg is mé i bpóit,
Ar maidin arís ag glaodhach 's ag sgairtigh amach 's gan faic
a dhíol de'n scór.



III.
Bheirinn an ruaig sin suas fá Ghaillimh in aimsir fheara
a bhéith ar phráidhinn,
Ar mo philleadh anuas cha bhéinn gan mharc'acht ghoidinn
gearran liom le fáin;
B'olc a' fear-toighe mé a' saothradh aráin, ní fearr nó
chumfainn bréag is gráin;
Is má mheasann sibh a chléir go bhfuil mé saor ó pheacadh
leanfad m'ealadhain beag féin go sáimh.



IV.
B'aite liom maighdean spéiseamhail thapaidh an bhéil-bhinn
bhlasta ar shiansán cheoil,
B'aite liom féin a bheith dhá mealladh le sír-gheallamhaint
chlaon nár chóir;
Ní chreidinn ó'n gcléir gur éifeacht peacaidh mná na bhfear
dá bhfághainn uatha póg,
Acht feasta faraor, tá mé claoidhte caithte, 's is mithid
damh stad agus leigean dóibh.



V.
Crota an ghárrdhaigh fagháil nó foirsiughadh cha dearn mé
aon chor de riamh fá aoibh;
Ba bheag orm crábha, tráth, nó paidreacha; in aimsir troisgthe
is mó ghnidhinn craos.
Níor theib mé mo lámh i gcás ó dhosgaidh, thógainn troid,
agus dheanainn bruighinn,
D'imeórainn cardaí, cháininn, sgolainn, - siúd agaibh
m'obair ó thús mo shaoghail.


L. 33


10. AITHRIGHE LIAM.
I.
A mhaighdean bheannuighthe, le'r cheannughadh síol Ádhaimh
agus Éabh',
Le'r chuireadh na tortha tapaidh' ó fhlaitheas ar bhlath do
ghéag,
A charaid na bpeacach, gé gur spadanta me, lán de'n
tréas,
Cuir impidhe ar do dhalta mo chasadh go párrthas Dé.



II.
Is ag do árus breagh, a Chríost, tá'n uile aoibhneas -
mo chrádh gan me thuas,
'San am a bhfágaim an saoghal a bheith faoi dhídion i sgáth
do chuain:
'Athair shíorruidhe, bheir dídion do gach taise a bhíos truagh,
'S a charaid Íosa, ná díbir-sa an gealtán seo uait.



III.
A Rí na ngrásta, le'r sáitheadh an tsleagh nimhe in do
thaoibh,
Do do dheóin gan amhras, ag sábhail na bpeacach ó phéin,
Nach truagh in do láthair mé, agus cáin-chíos na colna
gan díol,
'S gurbh é briseadh d'aitheanta mo shámhas i rabhairt mo
shaoghail.


L. 34


IV.
'S iomdha lá breagh, fada, deallrach chaith mé i dtús mo
shaoghail,
Agus ba bheag mo chás an t-am sin ag moladh Mhic Dé,
Acht ag sásamh na trí náimhde le creideamh cam, claon,
'S ar ucht do mháthara, a Rí na ngrásta, ná fulaing mé
i bpéin.



V.
Is anois ó tharlaidh damh mo lán-sheal a chathadh ar an
tsaoghal,
'S nach ndearna mise sár-ghníomh ar aiste na naomh,
A rí le'r báthadh sluagh Pháro, is thug talamh do Mhaois,
Go dtugaidh tú párdun 'measg gárda n-aingeal damh
saor.



VI.
Tá máthair Íosa lán 'dísleacht, searc, is mór-spéis,
Agus an t-Uan síorruidhe bhí Dia h-Aoine ar chrann na
croich' céasta;
Dá raibh a rígh-fhuil ghá spíonadh ag na deamhain, gan tréas,
'S gur tú fhéin, a Chríost, an doctúir naomhtha a dhéanamh
míle anam a léigheas.


L. 35


11. AR AN MBÁS.
I.
Dá mbéinnse féin chómh láidir tréan
'Sgo mbéinn ar an éag 'mo mhaighistir,
Dar láimh Uí Néill níl áit ar a' tsaoghal
Go bráth nach mbéinn dá dhíbirt;
A liacht sár-mhac séimh do láimh na nGaedheal
A d'fhág sé i gcréafóig sínte,
Charbh'fhearr liom féasta nó a chnámha 'réabadh
I gcás dá mhéad mo chíocras.



II.
Dá gcasfaidhe liom an bás ar thulaigh nó'r thráigh,
Ó's mise tá láidir cródhamhail,
Sé mheasaim nachar cháin damh a choingbheáil ar láimh,
Gan bharantus bán, gan órdughadh.
Gaduidhe na srán nach bhfuil neach do shíol Ádhaimh
Nach dtug seisean ádhbhar bróin dó,
Go bhfághaidh sé bás gan sagart gan bhráthair,
Gan phaidir, gan tráth, gan urnaighe.



III.
Dá bhfuighinn bog-lán mo dhoirn do bhata maith coill,
Bheith ceangailte go cinnte ar m'éirmín,
'S dá gcasadh an bás liom ba ghearr an mhoill
Go smalcfainn é thall ar an éadan.
Easnacha a chuim go bhfágfainnse tinn,
Ó's eisean dobhearfadh feidhm ar liaigh dhúinn;
'Sé adeir cách liom dá mbrisfinn a chionn
Gur ab eisean a thuill an méid sin.


L. 36


IV.
Deir siad liom daoine nach bhfuilim-sa críonna,
Is creidim gur fíor an sgéal é;
'S mo lámh i gcraos a mhadaidh dá mbíodh
Gur ab é a tharraing go mín ba réidhe;
Dá gcluinfeadh an bás cogar a ndéanaim dá dhaoradh -
Ó's bodach róbhríobach le Gaedheil é -
Ór an tsaoghail ní ghlacfadh sé mar bhríb,
Go sparrfadh sé síos i gcré mé.


L. 37


12. RAGHAILLEACH ÁTHA CÁRNN.
I.
'Sé monuar nach bhfuilim tréitheach ar nós na n-ollamh
Gaedhealach,
'S ní bhéinn gan bhiadh gan éadach ar an ngléas so mar táim;
Sheinnfinn stair ar théadaibh, is chumfainn sgabhta bhéarsaí,
Is chaithfinn seal go haereach ag Raghailleach Átha Cárnn.
An géagan de'n bhfinne le'r bh'é 's cuibhe 'bheith 'réidheadh
lucht dáin,
Bhfuil suairceas is binneas in gach siolla ó n-a bhéal bhinn
sáimh.
Goidé'n fáth do'n Midhe 'bheith 'dréim leis 's gur bharraigh
sé ar a dtréarthaibh,
An sgáinne phronnadh saidhbhreas le féile as a láimh,
'Bhfuil grádh 'gus gean na cléire aige, grádh agus gean na
héigse,
Grádh agus gean gach maighdean dá fhéachaint ar sráid.



II.
Dá bhfuighinn-se teachtaire éigin a bhéadh lúthmhar gasta
éadtrom,
Súgach fearamhail feidhmeantach 'gus tréitheach in gach cás,
'Bhfogus do-san féirín dá siubhailfeadh mar na héanlaith,
Is bheirfeadh beannacht 's céad uaim chuig Raghailleach
Átha Cárnn.
B'eagal dó chur ar meisge dá mbíodh fuisgidh ins a' tír
le fághail,
Is ariamh nár cheil a chiste is bíodh fios aige ar íotaidh cháich;
Ní lughaide gheall Mac Dé dhó de mhúrthaí breaca an
tsaidhbhris,
Ba, dúithche, caiple, caoraigh, is oidhridheacht ar áird.


L. 38


Is mar súd 'a chóir dá ghaoltaibh bheith 'dúbladh beart ar
théadaibh,
Ág ól fíon' ar hallaí glégeal le pléisiúr dá thrácht.



III.
Fiafruighim ceist go ceannsaidhe de'n Eanaigh bhíos go
meanmnach
Ag triall soir go fairge an uile am sa' lá,
An bhfuil sgéal aici le cuimhniughadh ar ghéagán na
bprionnsaí,
Na hiarlaí chuaidh ar tuinn uainn chun comport d'fhagháil?
'S gur b'é nidh adeir gach file ó Dhoire go céidh Droichead
Áth',
Ó Léim síos go Biorra, thart go hIorra, is go taobh a' Náis,
Gur b'é Raghailleach a fuair ceannsal, an saoi glan sin
Proinnsias,
An géagán 'sé i gcinnteacht faoi imleach Átha-Cárnn.
Go haereach ar a chonndar is bím imeasg mo mhuinntir',
Go n-ólfainn thart na $bumpers dá chuimhniughadh fá'n chlár.



IV.
Tá annsacht na gcéadthaí ag an tseang-mhnaoi na ngle'al
chíoch,
Do sealbhuigheadh mar chéile do Raghailleach Átha Cárnn;
Is gur brainnse í de'n bhfréimh a fuair ceannsalacht
Éireann,
Síol gCearbhallaigh Dhúin-Éile is gaol Éibhir ó'n Spáinn.
An ghéag gheanamhail Beitigh, 'sí is eagnaidhe i léighfeadh
dán
I mBéarla is i Laidin; go Gaillimh níl a léithid le fagháil;
'S go bhfuil soillse an ghath-gréine go follus in a héadan,
Is deirge na gcaor-chon 's an glé'a-lil ag spáirnn.
Constansia 'gus Bhénus, Ceasandra 'gus Heléna,
Is gur bharraigh sí le sgéimh ar an méid sin do mhnáibh.


L. 39


V.
Go mba saoghalach fada séanmhar an dís sin le n-a chéile,
An chaoin-Bheitigh bhéasach agus Raghailleach Átha Cárnn.
'Sé monuar nach dóibh bhí 'géillbheáil an Mhidhe agus a'
Bhréifne,
Faoi chíosaibh, agus sé bhaile dhéag d'fhearras-bárr;
Charbh'eagal damh bheith folamh gan mhaoin nó spré in mo
láimh,
Is d'ólfainn saic is claret le mo charaid agus méad
ar clár;
Chaithfinn seal go haéreach ar nós mo thuigse a dhéanamh,
Is bhéinn ag guidhe Dé gan mo laethe a bheith gearr;
Do bhrigh gur cuid dá dtréarthaibh furtacht a thabhairt do
Ghaedhealaibh,
Le daonnacht is le déigh-ghníomh go n-éirighidh leo an t-ádh.


L. 40


13. COMH-CHRUINNIUGHADH NA RAGHAILLEACH.
I.
Sé mheud a's fuair mé pléisiúr,
A d'fhág gan chéill mé i dtús m'óige,
Mo thír bhreagh a thréigbheáil,
Agus mé bheith i ngéibheann chois Bóinne.
Beir míle beannacht agus céad uaim
Leat síos go baile Óirthear
Chum na Raghailleach ceart-dlightheamhail
Bhéarfadh mé as príosún na Bóinne.


L. 41


II.
Tá buachaillí na Bóinne
Insa' tóir ó! mo dhiaidh-se,
Ní bhfuil suim acu im' ghlórthaí,
Ná in mo cheoltaí beaga fíobhráin.
Go mba mhíle slán do Bhaile Óirthear
Is do na Raghailligh atá ríoghamhuil
Siad dobhéarfadh deoch le hól dúinn,
'S budh mhór a' brón leo mé i bpríosún.



III.
A dhéigh-bhean ó, is tú tá éadtrom,
Ná géill do shléibhtibh ná do mhíonlaibh,
Ná don t-sneachta i gclár t-éudain,
Dhá charnadh le gaoithíbh,
Nó go n-aithriseá dhó mo sgéala
I n-aoinfheacht agus 'ós íseal,
Do Bheartamoin na féile,
'S do Ó Raghailligh Bhaile Mhílis.



IV.
Ar an taobh dheas de Loch Síleann,
Ní thig féar ann ná fásach,
Ná seisg mar budh mhian linn,
Acht a' síor-ghabhail i dtráighthe.
Ní thig cná buidhe i mbarr craobh ann,
Agus ní líonann toradh gárdín,
Ó d'éag an dís Raghailleach,
Do shliocht Mhílidh na Spáinne.



V.
Is truagh sin duine i ngéibheann,
I bhfad ó na cháirde,
Agus is mall guth an aon-uird
Dul ag ionnsaidhe a námhad.


L. 42


Atá mé féin i bpríosún,
Agus mo choimirc' air an Árd-Rí,
Agus mur dtigidh Raghailleach agus mo shábháil
'S mó dhá náire ná dhá dhíoghbháil.



VI.
Dá maireadh Maol Mórdha,
Chuirfeadh cúl air na céadta,
A shamhail ní raibh i n-aon am,
Faoi rása na gréine;
Dearbhaim féin go cinnte,
Nach mbéinn féin i bhfad i ngéibheann
Acht tá an réim seo le Gallaí
Ó d'imthigh Raghailligh agus Clanna Néill uainn.


L. 43


14. GÉAG RÁTH ÁRLAIN.
I.
'Sé mo chreach is mo léan, ar achtaibh mhic Dé,
Nach i gceann m'ocht mbliadhna déag a thárluidheas,
Agus fearanntaí saora bheith agam faoi shréadaibh,
I bhfochair a chéile ar árdaibh;
Cúirt shneachta ghle'al bheith agam faoi léigse,
Ar a' gcnocán a b'aerighe 's b'áille,
Helen is Déirdre is fóghaim iad mar chéile,
Go mb'annsa liom géag Ráth Árlain.



II.
Tá ubhall-ghort na sgéimhe ag plúr sgoith na nGaedheal,
Le gur thuit siad na céadthaí 'ngrádh léith;
Bhfuil a súil ghlas gan chlaonadh mar dhriúcht maidne ar
fhéar,
Is a cúilín deas péacach fáinneach:
Is binne guth a béil ná ceileabhar na n-éan
Bhíos ag labhairt ar laethibh na Cásg' ann;
'S nachar méanthrach do'n té gan eallach gan spré
Da'r chinneamhain dó géag Ráth Árlain.



III.
Níl aon bharún nó méire dá gcluinfeadh mo sgéal,
Ó Theamhair go sléibhte uí Mháille,
Nach dtiubhradh an réim do Mhailsigh na gcraobh,
Nó is aici tá sgéimh na háille.
'Sí'n leanban séimh í is maranta méin
'Sí's geanamhla de ghéagaibh na bhfáinne;
'Sé is ainm do'n t-séad inghean Mhichil mhic Ghabhann
Sí'n réalt gan smúid Ráth Árlain.


L. 44


15. TAILTEAN NA MBRAT.
I.
A Thailtean na mbrat na linnte agus na loch,
Ba chinnte faoi stoc ríghte -
Sliocht Chormaic mhic Airt is Cairbre na n-each,
Ceannphoirt na gcath agus laochraidh -
A' seilg faoi do chnoc bhíodh Laighnigh gan locht,
Is Ultaigh le n-a maitheas draoithe;
Is an dream sin a chleacht a bheith 'cuartaigheacht ort -
Is truagh liom-sa anocht dá ndíth thú.



II.
Corraigh suas na leomhain, chodail siad go leor,
A bhíodh againn i gcló laochraidh -


L. 45


Feargus mac an Róigh ar thoiseach an tslóigh,
Is clann Uisneach a bhí beo bríoghmhar.
Dá mbéadh fhios aca an dóigh a bhfuilmid faoi bhrón,
Agus a maireann de phór Mhílidh,
Thiocfadh Éibhir na seod agus Éireaman leo
Agus dhéanfadh siad go leor díoghaltais.



III.
A Chuchulainn nachar bh'fhann, pill arís ó'n tuinn,
Ná codail ins a' bhfonn acht éirigh;
Tabhair fabhairt ar do lann le leadradh le fonn,
Go sealaighthear leat cinn ríghte.
Tá clann Chailtín na meang le heasarluidheacht gach am,
Nó gur shladuigh siad ar maoin saoghalta;
Níl aoibhneas nó greann nó siamsa ar bith ann,
Acht feasta caoile Gall craosach.



IV.
Dá dtiocfadh Osgar agus Goll - craobha cosanta gach
geall -
I dTailtean i n-am aonaigh;
Caireall nachar bh'fhann is Conraoi le lann,
I n-a bhfochair ar an bhfonn chéadna,
Nach cladhartha do'n dream nach n-éirigheann i n-am,
Is gabhail le n-a n-airm líomhtha,
Is éiric gan mhoill a dhéanamh ar Ghaill
Fa Ghaedhil bhochta fann' claoidhte.



V.
Bhí Fiachra is Niall agus Lughaidh mhac Céin
Go súgach i riaghail Thailtean;
Fionn, rí na bhfiann, is a chompain gan chian,
Agus Conchobhar an tréan Ultach.


L. 46


I psaltair Theamhrach tá'n sgéal le haimsir na
mbliadhan
Go bhfuil dream do shíol mBriain cinnte ann;
Acht ar chuimhniughadh na bhfial is lag tinn mé 'na ndiaidh
Mar ghloim chon sa' fiadh caillte.



VI.
A Theamhair ba dual fáirgneamh gach uair
An trom leat do shuan oidhche?
Gad as nach dtiomsuigheann tú sluagh, nó cabhlach ar cuan,
A dhéanfadh marbhadh le cruas faobhair.
An cumhan leat-sa an uair bhí Clann Chearmada i mbuaidh
'S gur i dTailtin go bhfuair díbirt?
Is gur sealbhuigheadh go luath d'armaíbh as an nuadh
Le clann rathamhail shuairc Mhílidh.



VII.
A' bhean uasal ón Spáinn a gcuala mé uirthi táin,
'S a tuarasgbháil le fagháil go soillseach,
A chuan corca gan cháin mar luaidhtear le dáin
Is a dún-phort le ráidh Tailtean:
An uair sin ba ghnáth cuairt a bheith ag ar bpáirt
Faoi thuairim na háite 'gcinnteacht,
Acht fuagraim ort pláigh gruaim agus gráin,
Ó buaileadh faoi láimh Gaill thú.


L. 48


16. MAIGHISTREAS NÉILL.
I.
Is maighdean ghlan chumhra í, a dtug na cóigí dí spéis,
Agus m'annsacht thríd dhúthracht do n-a súil ghlas gan
claon.
Créd é 'n fath damh bheith i ndúil léi is a liacht cúirteóir
a chuir sí dh'éag,
'S go bhfuil grádh ag lucht dúithcheacha do ghnúis Mhaighistreas
Néill.



II.
Shanntuigh mé'n fhaoileann a bhfuil a píob mar an aol,
Agus annsacht ós íseal ag na míltibh dhá sgéimh:
'Sé dhearbhuigheas na draoithe go bhfuil trí chaogad thar chéad
In a dtuambaibh 'lig sínte do cheart mhian Mhaighistreas
Néill.


L. 49


III.
Níl aon óig-fhear ins a' tír so dá bhfuigheadh fios a méin
Nach mbéadh breoidhte lag claoidhte, is charbh'íongnadh an
sgéal:
Tá lucht an eolais dá smaoineadh gur naomh Maighistreas
Néill,
'S gur cóirdial nó íocshláinte aon phóg ó n-a béal.



IV.
Tá sé i dtairngireacht na naomh agus ins a' mbíobla dhá
léigheamh
Go dtiocfaidh cabhlach ó rightibh dheanamh díoghaltais fá'n
ngéig;
Déantar marbhadh ins na tíorthaibh le lannaibh faobhrach'
glana géar',
'S gur ar an mball go ndéanaid síothcháin tráth chíd
Maighistreas Néill.



V.
Nach iongnadh do na daoinibh d'ar friothamh leo a sgéimh
Nach n-éirigheann siad le sgaoltacht fá'n ríoghain gheal
tséimh?
B'fhearr liom ná na mílte 's dá thiomsughadh na dtéad
A bheith leanbaidheacht thríd chaoineas le taobh Mhaighistreas
Néill.



VI.
Ní féidir nach dearmad dorinne m'annsacht díom féin,
Is ó chuaidh sí measg Gallaibh go bhfuilim dearbhtha is gur
shéan;
Acht tar éis a ndearn sí 'mhealltanas, is da'r gheall
Mhaighistreas Néill,
Chuirfinn céad pont i ngeall is go ndearn sí feall orm is
tréas.


L. 50


17. NANSAIDH NÍ DHÓLÁIN.



I.
Bím i n-imnidhe 'gus i ndearmail,
'Sé d'fhág mo laethantaí go brónach,
Ar aiste Chearbhaill ar chluistin dearbhtha
Gur leagadh Fearbhlaidhe i gcomhrac;
Mar súd gan amhras bím fá'n tseang-mhnaoi
Tá líonta d'annsacht na gcóigeadh,
Is na mílte marbhán le braon dá balsam
Go léigheasfadh Nansaidh Ní Dhóláin.



II.
Is deas a gáire 's is geal a bráighe
Mar eala 'snámh na Bóinne,
'S gur léigh mé tárraoil ar a maighre ar a' dtráchtaim,
Gur bhain sí an bláth de na rósaí;


L. 51


Níorbh'fhearr i bpárlus is cíos dá áireamh
Nó bheith léithe fáisgthe dá pógadh,
I gcoillte fásaigh nó i n-inis ar sáile,
Gan luing, gan bhád, gan seolta.



III.
Is baoghalach cabhlach a theacht thar fairge
Go críocha Banba le fóirneart,
Go loisgthear Teamhair is toigh na hEamhna,
Is bailte margaidh chois Bóinne;
Béidh lanna fabhartha ag fearaibh calma
A' triall go meanmnach 'un cómhraic,
Ór nó airgead ní gheobhaid mar $ransom
Muna bhfuighdís Nansaidh Ní Dhóláin.



IV.
Ciab'é 'mbéidh sé 'ndán dó í bheith i lúb a láimhe
Cúl na bhfáinní 's na bpéarlaí,
Níorbh'eagal báis dó, 's gur b'í seo an tsláinte
Thug daoine ó ghalra bhí i n-éagcaoin;
Tá na draoithe Gallta go buan dá ráidhte
'S dá sgríobhadh i bpáipéaraibh i mBéarla
Gur ab í Nansaidh an bhean-fhlaith fuair $gift na háille
Ó Júno Palas agus Bhénus.



V.
Dá bhfághainn Ceasandra nó'n chaoin-Chonstantia,
'S gach aon dá mbantracht bheith beo agam,
Cíos na hAlban 's gan ighinn de ar dearmad,
Is é bheith cruinn in mo chómharthaibh,
Céad $fleet ar fairge lán fíona is brandaí
Síodaí is ceambraic na hEórpa,
Go mb'fhearr a chomport gan fhagháil acht roinn de,
Is a chaitheamh le Nansaidh Ní Dhóláin.


L. 52


VI.
Cíos na Frainnce is fághaim gan roinn é,
Sin 's dá dtiomsuigheann Rí Seórsa,
Na milliúin ponnta, is fághaim bheith m'Eimpireóir,
'S mé dom' iomchur i gcóistibh;
Gach siansan striongán ariamh le hinntleacht
Da'r figheadh ar instrument cheólta,
'S go mb'fhearr liom Nansaidh mo stáid chiúin cheannsaidh,
Mar thug mé fansaidh ró mhór dí.



VII.
Tá gile is báine innti ná 'n lile tarraingthe,
A' síor-thabhairt deallraimh 'na héadan;
Tá rósa an gháirlin go cinnte i mblath úr
Faoi chiumhais tláith tanaidh a béil bhinn:
Tá blas is bláth-cheart na meala do ghnáth uirthí,
Nós mar bhlaiseann na caoraí,
Ba fear bocht fáigthe a d'fhéachfadh a háille
Nach líonfadh i ngrádh 'gus i spéis léi.


L. 53


18. SLÁN D'FHEARAIBH LAIGHEAN.
I.
Go mbadh slán d'fhearaibh Laighean, ba séiseach greannmhar
a nglór;
Go mbadh slán do na smaolaigh, is na héanlaith bhí againn
ag Bóinn;
Ó tháinig mé un an tsléibhe 'sé an pléisiúr bhíos aca gach
neóin,
An chorr ghlas is an adharclóg ag éirighe de churraigh 's do
mhóin.



II.
Chan fhaicim-sa an t-iasg ar léim, ná an bradán 'sa' tsnámh,
Ní fheicim, ná na caoirigh a' méilthigh ar na machairibh bán,
Eachraidh dhá dtréineáil i ndiaidh gadhar 'dol trasna
na bhfál,
Piotruisg ná traodhan acht éan gob fada 'na n-áit.



III.
Chan fhaicim-sa na hubhlaí 'na gcúplaibh ar na crannaibh
nó i mbláth,
Ní fheicim, ná na plúmaí, mar nár dhúthchas dóibh a theacht
in bhur n-áit,
Meacainí ná rútaí ná nuaidheacht ar bith 'teacht i láthair,
Acht ag teacht mí na Lughnasa crúsach a bhainfidhe le spáid.



IV.
Chan fheicim an fheoil 'na spólaibh ins na stallaibh dhá díol,
Chan fhaicim an eorna 'na scóraibh ná an chruinneachta mhaol,
Gas pise nó pónair mar nach dúthchas dóibh a theacht in
bhur dtír,
Ná na buachaillí óga Dia Domhnaigh 'dol i n-aice na dighe.


L. 54


V.
Chan fheicim na stácaí gan bheárnadh in bhur n-agart fá Fhéil'
Eóin,
Chan fheicim, ná na pátruin mar 'a ghnáthach a bheith againn
ag Bóinn,
Chan fheicim, ná mo cháirde dom' fháiltiughadh isteach go toigh
an óil
Ná aon a dhéanfadh dáimh liom acht Dáibhidh Ó Madain is
Eoghan.



VI.
Chan fheicim na Raghailligh go haereach ar na hallaibh ag ól,
Ná an ghasraí ghlan Ghaedhealach a dhéanamh pléisiúr againn
ag Bóinn.
Tá mé faoi léan ins a' taobh seo ó sgar mise leo,
Acht rachaidh mé dá bhféachaint, má fhéadaim, teacht na
Féil' Eóin.


L. 55


19. CEOL PÓITEÓIREACHTA.
I.
Bíonn dream ann a shanntuigheas maoin airgid agus ór,
Dream eile a shanntuigheas maoin chaorach agus bó;
Dar liomsa b'fhearr roinn do gach cuid aca ól
Ná an t-iomlán a bheith caillte tráth théighid faoi'n bhfód.



II.
Dá mbéadh ceardcha gach lá agam ag déanamh airgid is óir,
Agus cláirseach in mo phárlus ag méadughadh ceoil,
Míle b'fhearr liom bheith mar tá mé gan mhaoin nó stór,
Na cártaí teacht i láthair chugam is mé a bheith ag ól.



III.
'S iomdha píochaire beag daoitheamhail gan treóir gan bhrígh,
Bhéarfadh díth-mheas do dhaoinibh fá ól na dighe;
Dar m'fhírinne 'sé shaoilim-sa, a stór mo chroidhe,
Gur daoine atá naomhtha na póiteóirí.


L. 56


IV.
'Á ndeireadh 'n Pápa go bhfuil cathughadh ins a' mbeóir nó
i ndígh,
Is a bhfuil do bhráithribh ó Cháirlinn go Scrín na Midhe,
Is fearr tá's ag Righ na ngrásta tá ins a' ghlóir 'na shuidhe,
Óir 'sé bhí 'láthair an bhainis Chánann nuair a hóladh an fíon.



V.
Deir a' chléir liom go bhfuil tréas ann braon dighe 'ól,
Le céasnughadh go n-éagfainn 'san tslighe nach mbéadh
cóir:
Fios Dé air nach ngéillim d'aon nidh dá sheort,
'S gur ab iad féin a ghnídh féasta ar fhíon 's ar fheóil.



VI.
Nach aoibhinn 's nach aereach do'n bhfear bhíos ag ól,
Cha bhíonn buaidhreadh faoi'n ghréin air nó tart ar a sgóig;
Mur b'é bruighneachas Shíghle gach lá fá'n mbórd
Bhéadh aoibhneas na n-aoibhneasa liom ag caitheamh an óil.


L. 58


B 1720fl 18T
U Uilliam Ó Briain
AMHRÁIN
UILLIAM UÍ BHRIAIN
alias
Uilliam mhic Bhriain.



20. AR INGHIN BHIATAIGH MAOINEALTAIDH.
Maigh' nEaltaí.



I.
Is in íochtar tíre atá sí, an ainnir is áille snuadh,
Ní lia sin rós i ngáirlin nó deallrach breagh in a gruaidh;
Is iomdha sin óganach státamhail a chuir sí de ghrádh in a
uaigh,
Acht rún mo chroidhe-se an stáidbhean nach léigfeadh an
táilliúr uaith.



II.
'Sí Mailidh bhán mo ró-shearc, a cúl deas ómrach fionn,
'S na diaidh a bhím go brónach is ní mór má's léar dhamh
an peann;
A béilín milis na póige a d'fhág mé breo-lag tinn,
'S muna dtionntóchar liom do ró-ghrádh béidh mise rómhat
sa gcill.



III.
A Dhia gan mé 'n Árdamach Bréig' nó na mílte léig ó
chuan,


L. 59


Nó i ngleanntaí dorcha Loch Éirne mar gcodluigheann na
héanlaith in suan,
Mar mbéadh sin nead ag an bhféaran, an iolar, a' ghéag
's a chuach,
Go gcuirfinn-se a gheasaibh ar Phoebus solas an lae
thabhairt uainn.



IV.
Bhéarfainn-se buideal fíona do'n teachtaire rachadh ar
cuairt,
Agus bhéarfadh litir sgríobhtha mar gcodluigheann sí an
aoibh-bhean shuairc,
A d'aithrisfeadh dhí 'os íseal gan lionndubh bheith uirthi nó
gruaim,
Agus go mb'annsa liom-sa a caoin-chorp nó a bhfuil ar
a' tsaoghal de bhuaibh.



V.
Is deas a d'iméorainn táipleisg is ní deise nó léimfinn
each,
Is níl aon abhainn i nÉirinn nach rachainn de léim-se thart;
Is deas do chumfainn-se bhéarsaí ar iomad de éachtaibh
mear',
Acht rún mo chroidhe-se an spéir-bhean a d'fhéachadh liom
féin mar fhear.



VI.
A ghiolla úd a chanas na bréaga go rabh mise 'g éagnach
mná,
Sgéal deimhin gur docharach an sgéal é má chuireann tú
é os árd;
Bhéarfainn-se mionnaí mo bhéil dá gcreidfidhe mé féin
'sa gcás,
Nach rabhas 's nach mbainfead go héag le Mailidh na méar
chrobh bán.


L. 61


21. MARBHNA MHÁIRE BIATAIGH.
I.



Is agam a bhí 'n spéir-bhean ba deise i gCúigeadh Laighean,
'Sa leanbh beag séimh ró-dheas;
Ba í searc rún mo chléibh thar chailíní an tsaoghail,
Is bharraigh sí ar sgéimh Fódla.
A rosg ghlas nár chlaon d'amharc 'riamh léith
Ar aon fhear ar an tsaoghal, is dóigh liom;
'Sé mheasaim ó mo chéill nach fada uaim an t-éag
Gan tárrthail ó mhac Dé na glóire.



II.
'Sí Máire an tsaoi do ró-chrádh mo chroidhe -
Bean mhánla bheag mhín bhéasach,
Mo chrádh-sa gurab í b'áilne 's ba chaomh
Ar mhnáibh deas' na dtrí réagun;
Tá an tinneas so ag teacht agus mise do mo shlad,
Is mé 'g imtheacht mar ghath gréine,
Ó sgriosadh mo nead agus rinneadh mo chreach,
Is a rún-searc, mo bheannacht féin leat.



III.
Tráth bhain damh an t-éag in uachtar Chúigeadh Laighean
Ba tuirseach an sgéal damh-sa é,
'Sgan duine ar a' tsaoghal a dhruidfeadh a béal
Agam-sa dá fréimh dhúthchais:
Ní mar súd dobhéadh dá mbéinn-se ins a' mBréifne,
Bhéadh eaglais ar gach taobh go dlúth dhíom,
Bhéadh a cáirde 'na gcéadthaibh 's a mbasa dá réabadh,
Agus croidheacha cléibhe dubh brúighte.


L. 62


IV.
Nach danardha an gníomh dá maireann dá gaol
Gan an cogadh so a choidhche a réidhteach,
Le go bpillfimís arís ar ais 'un a tíre,
'S nach mbéinn-se a choidhche im' aonar,
Ag tomhas na slighe ar gach tulaigh dá mbím,
Ó d'fhág sí mé faoi chian is buaidhreadh:
'S gur i gConndae an Ríogh do sgrúdadh mo chroidhe,
Mar nach súgach a tchím Gaedheil ann.



V.
Is in uachtar Chúigeadh Laighean do thabhaigheadh dhamh-sa an
léan,
Mar bhfuil Mailidh mo chéad searc sínte;
'Sgan duine ar an tsaoghal a bheirfeadh mo sgéal
Go Maigh nEalta nó'n taobh thíos de.
d'amharc mise uaim ó dheas agus ó thuaidh,
'Sní fhaca mé acht ruaimh fhásaigh;
Tharraing mé mo ghruaig agus sgread mé go cruaidh,
Is dubhairt na clocha gur thruagh m'ádhbhar.


L. 64


B 1790c 18D
U Pól Ó Briain
AMHRÁIN
AN ATHAR PÓIL UÍ BHRIAIN
alias
PÓIL MHIC BHRIAIN.



22. CAILÍN DEAS BHRÉACHMHUIGH.
I.
Tá cailín déid-dheas 'mo dhiaidh i mBréachmhuigh,
'Sé ádhbhar m'éagcaoin' nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh, nó i ngleanntán sléibhe,
Mur mbéinn dá bréagnadh faoi bhruach na dtom.
Mar Bhláthnaid ghléigeal le Cúroi d'éaluigh,
Tar éis gach géibhinn, go críochaibh Chuinn;
Nó mar Naois' Mhac Uisnigh fa n-a annsacht Déirdre
'S go dtriallfainn fhéin léithe 'un na Gréige anonn.



II.
Chan mar gheall ar spré nó ar mhaoin an tsaoghail seo,
A rachainn fhéin léith amach ar tuinn
Acht mar gheall ar ainnir na maoth-chrobh méar-lag,
Dá gceanglóchadh 'n chléir le na chéile sinn.
Tar éis ar n-astair ag déanamh pléisiúir,
Bhéadh deireadh an lae againn ag Helicon;
'S ar bpilleadh dhúinne ar ais go h-Éirinn,
Ní bhéadh an Eaglais Ghaedhealach i gcorraighe linn.


L. 65


III.
Goidé'n fáth dam imtheacht gan staidear a dhéanamh
Acht fánach go réimeamhail ag eolas Chuinn;
Dá mb'eol dhamh a moladh chuirfinn síos a tréartha
'S le bréithneamh breitheamh Dé go ndearnas sainnt.
Tá cúl trom daithte aici, casta, tré-fhighte,
Agus níl cás réidhtidh ar chúl a cinn;
Tá rosga glasa faoi n-a malaidhibh chaola,
'S a' rós ar aon chor i n-a leacaibh cruinn.



IV.
Tá béilín tanaidh aici, lasadh mar chaor dhearg
'S a píob, mar shliabh-shneacht, tanaidh, slim:
Tá bráighe is gile aici nó cubhar Thetis,
'S a cíocha réidh-gheal' i n-a brollach cruinn.
Saor ó pheacadh tá a croidhe gan aon locht,
Agus annsacht chéad fear i lár a cuim;
Tá gach ball di 'lig ag teacht le n-a chéile
'S macasamhailt a sgéimhe char tharraing peann.



V.
Dá bhfuighinn-se an ghéag seo chan iarrfainn spré léi,
Acht shaothróchainn féin a gcaithfeadh sinn;
Uir-easbhaidh cha bhéadh orainn in-aice a chéile,
Agus bhearfadh Céres ar ndóchaint dúinn.
A phlúir gach deagh-chroidheach ar thoiseach sgéimhe,
Má dhiúltair fhéin mé ná teana moill;
Acht fág réidh go tapaidh dhamh mo chómhradh déanta
Agus cóirigh féin mé le cré sa' chill.


L. 66



23. PÓL Ó BRIAIN AGUS AN CHAILLEACH OIDHCHE.
I.
A Phóil mhic Bhriain má phós tusa an chailleach,
Gan airgead, gan earradh, gan chaoirigh, gan bhuaibh,
'Sé bhreathnuighim in mo chéill go raibh tú ar mearadh,
Tráth b'fhéidir do mhealladh le mnaoi gan duais.



II.
Nachar bh'áidhbhealach an sgéal do Éilightheóir na heagna,
Fear a bhí ró-thréitheach ar Bhéarla 's ar Laidean,
Gean a thabhairt do'n gcréatúir do b'éisgeartha cloigeann,
'S nach féidir ar leabaidh a bréagnadh le cluain.



III.
Má ghlacann tú ar gcomhairle, a Phóil, gheobhair breith
sgaramhna,
Agus díbreóchaidh tú 'n chailleach a dheas nó a thuaidh;
Pósfaidh tú 'n mhaighdean a mbéidh sgéimh in a mhailidh,
A taobh mar an eala 's a' rós in a gruaidh.


L. 67


IV.
Cosantóir an chreidimh, mar atá reics Bhreatain,
An t-ochtmhadh Éanraoi, a ghoirfear do'n bhfear sin,
Phós sé an óige is do dhíbir sé Caitirín,
'S ná saoil-sa gur peacadh an tráill a chur uaith.



V.
Dá gcreachtheá-sa na cealla agus mainistéir na mbráthar,
'S na tíortha úd a bhánughadh ó Cháirlinn go Bóinn,
Dá mbaintheá-sa a bheathamhnacht de phríomhfháidh Árd-mhach,
Is díbir an Pápa as a áit ins a' Róimh;



VI.
Dá ndéanthá-sa an aithrighe nachar leor dhuit mar shásamh,
In do pheacaidh go bráth ins an tsaoghal atá rómhat,
An sgolaire crosta, gobaidh, cráidhte,
An chailleach chnámh-chaol chrom-chionn chróin.



VII.
Tá daoine dá ráidhte gur leanan sidhe í,
A tháinic a chur caoch-bhrat ar inntleacht Phóil;
'S dar brigh na súbhailce a sheinn fear ar phíobachaibh,
Le cumas gach draoi 's gach siansain cheoil.



VIII.
Dar láimh uí Néill ní chaithfinn mo shaoghal léith,
Dá bhfuighinn léith péarlaí, síodaí, gus sróil,
Dá ndéanfadh sí Bhirgil agus Hómer dhíom-sa,
Agus sruth na mban-sidhe thabhairt go dtí mé le n'ól.


L. 69



24. MALAIDH AEREACH SCRÍOBÓIG.
I.
Lá breagh aereach dá raibheas féin
Ag déanamh aéir is aoibhneas',
Le mo chú 's mo ghadhar 's mo ghunna 'n-éinfheacht
Fá na malaidh aéreach sin Scríobóig:
A' teacht luighe na gréine ba lag mo chéadfaidh,
'Sé mo ghoile géar a bhí faobhrach,
Gur casadh orm toigh na féile
A bhí ar an taobh deas de'n aonach.



II.
D'éirigh 'n stuair bheag mar eala ó'n gcuan,
Agus choisg go luath mo chíocras,
Leag ar bórd chugam buidéal beorach,
'S ba mhaith an sógh sin 'sé shaoilim.
Ba mhór a brón a bhéadh ar aoin-fhear san domhan,
Nach dtógfadh cómhradh na díse;
Acht anois is dóigh liom nár chorruigh Pól as
Gur chaith sé mór-chuid de'n oidhche ann.



III.
Is saoitheamhail sásta i dtoigh na tábhairne
A bhíos suidhe gach tailliúir 'san tír seo,
Paidí 'n sár-mhac a bhí saor ó chráidhteacht,
Nach gceilfeadh fáilte ar aoin-neach.
Ní mó an t-ollgháirdeachas a bhí ar Ádhamh
Nuair a rug sé ar láimh ar a chaoimhtheach,
Ná bhéadh orm féin dá bhfághainn-se iad
Le n-a gcáil mhaith a mhíniughadh.


L. 70


IV.
Dá mbéinn-se i n-éifeacht mar bhí Craésius,
I maoin, 's i saidhbhreas an tsaoghail so,
Ná mílte wéiter bheith ar gach taobh dhíom -
B'fhearr liom féile ó'n mhnaoi sin.
Agus guidhfead féin má chastar mé choidhch'
Ins an aibid naomhtha sin Chríosta,
Fá mhaoin is éadail is fadughadh laethe
Bheith ag Cillalaidh 's ag a chaoimhtheach.


L. 71


B 1795c 18D
AGALLAMH.
25. IDIR AN T-ATHAIR PÓL AGUS MÁIRE.
Máire.
Rinnidh mo chómhursain dolaidh ró-mhór damh,
'S dá dtiubhrfadh siad an leabhar cha chreidfinn é,
Nach iad a bhí 'gcomhnuidhe déanamh na foghla
Is thabhuigh sin brón is doilghios damh,
Fá'n nganndar bhí ró-dheas oileamhainte dóigheamhail,
A shiubhlfeadh an ród go hacmhuinneach:
Is dar m'anam, a Phóil, go raibh air high caul,
'S cha bhainfinn-se deor ar ghiní as.



Pól.
A Mháire ní Fhriallaigh nach minic a d'iarr mé
Ort-sa bheith céillidhe deiscréideach?
'S gur fiosach do'n tír 's do'n talamh so síos
Go bhfuil tusa líonta dhe'n mbeartamhlacht;
B'olc a luach saothair do'n nduine ar a' tsaoghal
A theacht ar shiubhal oidhche a ghaduidheacht,
'S a chasgairt go fíor go ndearna tú san oidhch',
'S gan unnsa a bhí ar a easnachaibh.



Máire.
Thug tusa h-éitheach, a dhuine atá dána,
'S dar anam m'athara is beadaidhe thú;
'S gur b'é an foghnamh a b'fhearr a dhéanfá gach lá
Mar a chumfá-sa dán do chailleachaibh.
Cha déanaim-sa stán ar maidin imbárach
Go rachaidh mé 'láthair an Athar Donnachaidh,
Sgríobhfaidh sé páipéar liom un an Phápa,
'S cha deantar dhíot bráthair nó sagart ann.


L. 72


Pól.
Imthigh go dian agus ná déana sgíth
Go ndéanfaidh tú do dhicheall de'n gcasáid sin;
'Sé d'an-ghlór gan chaoineas nach gcuireann a dhíth
Orm-sa a bheith tógbháil chailise.
Tá'n sagart sin sibhial soineannta rígheamhail,
Is orm droch-nidh nach gcreideann sé,
Acht do theastas go fíor go gcuirfidh mé sgríobhtha
Amach ins na tíorthaibh coimhthigheach.



Máire.
Och is ró-mhór do sgléip-se as do chuid Béarla,
'S ar mh'anam féin nach dtaitnigheann liom;
Sgur do do phléid, óir ní stadfad go héag
Go ndéanfaidh mé dántaí molta dhó.
An eala 's a héilín, an t-iolar, 's an $phoenics,
Is deir siad gur éanlaith maiseach' iad,
Acht mo ghanndar a bhí glé'al gur bharraigh le sgéimh
Ar a dtáinic ó'n nGréig nó Afraica.



Pól.
Och, is an-mhór an chéim a bheir tú do'n éan,
Is gur chaill sé a ghné 's a chleiteacha:
Cuir i gcomórtas é le héanlaith an aéir,
Bhíos go luinneach a' déanamh cuideachta.
Acht an uair nach féidir a thabhairt ón éag
Bímís le chéile ag itréogaidh:
Nár mhairidh sé buan aon choileán de'n gcuan
A chuidigh le luas a phiocadh é.



Máire.
Gidh go léigheann tú 'n Bíobla agus beathaí na naomh,
'Sé mheasaim-sa nach bríoghmhar d'eascaoin-se;


L. 73


'S go saoileann na daoine 'na flaithis go bhfuighir
Mar a mhínigheas tú ciall an Phater dóibh.
Acht má ghnídh tú dhíom iongantas talaidh na tíre,
Rachaidh 'un dligheadh gan tiobadh leat;
Orm droch-chliú má chuirir 'na cúis
Fágfaidh mé i gcúirt an easboig thú.



Pól.
'Sé mheasaim gur shaoil tú dithmheas san tír
A thabhughadh do dhaoinibh macánta;
Níor innsigh mé críoch an ghanndair do aon
Go ndeachaidh tú féin an-fhadálach:
Cha samhlóchainn bréag a choidhche le do léithid,
Acht go bhfacaidh mé féin dá chosgairt thú;
Is fiosach mé 'n lá a chuir tú é 'un báis,
Is cruthócha mé 'láthair an iústis é.



Máire.
Bheirfinn-se móid dhuit-se fá'n leabhar,
Acht ná bí thusa i gcomhnuidhe i gcogadh liom,
Go bhfuigh tú do dhóchain uaim-se de'n mbeóir,
Acht congbhuigh do ghlórthaí pribhéideach.
Má dubhairt mé thríd shuairceas gach nidh dá gcualais,
Char mhaith liom a luadh go follusach;
Anois iarraim párdún ort in gach cás,
Má thug mé aithis nó easonóir duit.



Pól.
Chan fhéadann tú cluain a chur orm go luath,
Is cha ghlacaim mar dhuais do bhiotáille;
Is fada tá mná na Loiste dhá rádh
Go sníomhfadh siad ádhbhar aibide damh,


L. 74


Acht ar cheasta go mbéitheá-sa i gcorraighe nó 'mbuaidhreadh
Nó go saoilfeá go mbéinn-se 'ga barraigh,
Anois bheirim párdún duit in gach cás,
Agus fágaim-se a Mháire, beannacht leat.



An Madadh Ruadh.
"Nach mise an truaighe," ar an Madadh Ruadh,
"'S gan agam acht cual do chleiteachaibh,"
Mo chuideachta fágtha thall ins a' gCoill Bháin,
Agus gan a dtarrtháil agam-sa.
Bhí mise ar mo shárughadh amuigh ar an gCarnán,
'S a' ganndar bán ag eitilleadh,
Bhí do chois ins a' tarr air agat-sa, a Mháire,
'S go deimhin níorbh'fhearr leat agam-sa é.


L. 76


B 1820ob 19T
26. AGALLAMH
IDIR AN TATHAIR PÓL Ó BRIAIN AGUS AN FUISCIDH.



Pól.
Céad slán leat, a fhuiscidh, ó shíolruigheas an mheisge,
Is iomdha sin tuisle síor-thuitim is béim
A bhaineas tú as macaibh, is uaislibh, is daltaibh,
Is chasas tú a n-aiteas a gcaithréim 's a gcéim:
Tógann tú bearran is fuaruigheann tú caraid,
Is méaduigheann tú aicid an duine bhíos claon;
An té is mó a thathuigheas tú, ghrádhuigheas is chathuigheas tú,
'Sé is luaithe a chaithfeas tú in éigean gach léin.



An Fuiscidh.
Má chlaonann do pháirt liom 's go bhfuil tú dom' fhágbhail,
Ní umhluighim faoi ghráin duit, 's gur fios do gach aon
Da'r ghéill damh, nó chleachtuigh seal míosa nó ráithe,
Gur léigheas ar gach galar mé, is cabharthóir dian.
Fuaruighim an déideadh, is méaduighim an t-éisteacht,
Réidhtighim an cliabh agus tuirse fá'n chroidhe,
'S an té úd dobheir spéis damh nó chleachtuigheas mo
théagradh,
Tógaim dólas gach cian de is bearran an tsaoghail.



Pól.
Is díomhaoin do bhriathra, 's ná labhair a léithide,
'S an iomad 'na gcéadtaibh tá gointe gan aoibh;
Nach iomdha fear gléasta a nocht tú gan éadach,
Agus d'fhág é ag éagcaoin ag taisteal na slighe.


L. 77


Bím go cinnte' sír-éisteacht le heascain' na cléire,
Dá shilt fá do ghéagaibh 's gach adhras dá mbír:
'S ní hiongnadh gur réim ghéar leat urchóid 's léir-sgrios,
Formad gach tréadhanais gan agradh na dlighe.



An Fuiscidh.
Má cháineann an chléir mé is nochtaigh mo thréartha,
'S gur mianach leo féin bheith go cinnte in mo chómhair,
'S ag cealadh 'gcuid féastaí ní thig siad dom' éagmais,
Is luinneach súd m'éadan fá onóir 's fá ró.
Admhuigheann lucht léighinn gur mé grunnda na héigse,
Agus músglann an fhéile in gach duine bhíos cruaidh,
'S an té bhíos i n-éagchruth le miorbhuille m'éifeacht'
Ó'n ngleacaidhe is tréithighe go mbeirfeadh sé buaidh.



Pól.
An eaglais má leigeann duit suidhe leo i n-aoinfheacht,
Ní mar gheall ar do ghné-se, acht an dream dochuaidh
rómhat,
I ndúil 's go mb'fhéidir leat iompodh chum deigh-ghníomh',
Ag meabhrughadh an tréadhanais i n-aice gach neóin.
Má shaoileann tú féin gur thríd d'impighe a mhéaduighear
Sruth inntleachta éigse a n-admhuigheann lucht leabhar,
Ní fheicim-se ar aon a ghlac seilbh ort nó téarma,
Acht ualach díth-chéille, 'sgan meas ar a nglór.



An Fuiscidh.
Cha fhreagraim-sa ar aon chor a mbeartaí díth-chéille,
A n-ainbhfios mí-bhéasach, is feart a ndroch-ghníomh,
A bheith ar omas 's éad ag gach neach dhíobh le chéile,
Is ruaigeas gach séan uatha gan loinnir gan aoibh.


L. 78


Gach file bhíos eolach ceileabhrach ceolmhar,
A' líonadh na gcorn 's a' sgabadh na dighe -
Nach leor sin mar chomhartha do'n dream a fuair foghluim
Nach mise mac Cónra acht Tighearna na slighe.




27. MARBHNA EOGHAIN MHIC AN ÁLTA.
I.
Tá Tír Eala faoi ghruaim 's monuar ní hiongnadh,
Gan labhairt na gcuach ar uachtar géagain,
Tá'n lon-dubh ar fuaim ag gluaiseacht thríd shléibhte
Tá oideas na ndruadh gach uair dar dtréigbheáil,
'S is annamh thig cuairt nó ruaig na gréine ann.



II.
'S is annamh thig cuairt nó ruaig na gréine ann;
Tá'n lile 's a' rós gach ló ag críonadh,
Níl meadhair nó sógh acht mór-chuid buaidheartha,
Níl ceileabhar ná spórt nó ceol ag éanlaith,
Ó d'imthigh uainn Éoghan an leomhan ba tréine.


L. 79


III.
Ó d'imthigh uainn Eoghan an leomhan ba tréine,
Mar Achilles eolach ag seoladh Gréagaigh,
Nó mar Hector na Traoi ag claoidh Mermidhdons,
Nó mar Pháris mhac Phrí ar thaoibh cnuic sléibhe,
Nó Alasdrán uaibhreach 'raibh na slóighte dhó 'géilleadh.



. . . . . . . . . . . . . . .



IV.
'S gach curadh gan ghruaim ó Chruachán Mhéadhbha,
Nó Goll mhac Móirne chródha thréitheach,
A dhíbreadh na slóighte ó phórtaibh Éireann -
Lochlannach sheolta ar bóchna baoghalach -
'S gach gaisgidheach óg eile da'r chóir a chéimniughadh.



V.
'S gach gaisgidheach óg eile da'r chóir a chéimniughadh,
Ba suairc 's ba charthannach ealadhnach méineamhail,
Gan bhuairt gan mhearadh gan cheartughadh ar aon chor,
Ó nach bhfeiceamuid feasta é 's mó 's measa liom
'éagmais -
Mo Eoghan-se a bheith 'dtaisgidh, crann seasta gach féadhma.



VI.
Mo Eoghan-se a bheith 'dtaisgidh, crann seasta gach féadhma
Is dubh-chroidheach tuirseach tá a mháthair na dhiaidh san,
Mar nach bhfeiceann sí'n mac sin 's nach gcanann sé sgéal
dí,
Níl suim aici in aiteas fá'n bplannda breagh spéiseamhail,
Ó nach dual dó go bpillfidh sé arís 'un an tsaoghail-se.


L. 80


VII.
Ó nach dual dó go bpillfidh sé 'rís un an tsaoghail-se:
Tá Stiophán, a dhearbhráthair, gan sláinte ó d'éag sé,
Tá Éamonn gan fárus 's é fágbháil a chéille,
Tá Hiúghaidh gan aoibh ag caoi is ag géar-ghol,
Ó'n lá sin a sparradh an barraidhe i gcré uainn.



VIII.
Ó'n lá sin a sparradh an barraidhe sa' gcré uainn,
Tá Siubhán is Brighid gan sgíth dá dhéanamh,
Acht na deora fa thrí ag caochadh a radharca;
Agus ó nach bhfuil aisíoc le fághail ar an deagh-mhac,
Cuirmíd céad beannacht go cathair mhic Dé leis.


L. 81


B 1801c 19T
28. A PHÁDRAIG CHLÉIBH.



An t-Athair Pól Ó Briain chum a charad ionmhuin
Pádraig Ó Briain.



I.



A Phádraig chléibh, is aithreach linn
Duaidh-bhreas, dochar, nó daoir-linn
A bheith 'do dháil, i gcionn do ré,
Tar éis aoibhréim do bhreas-ré.



II.
A shearc mo chroidhe gach aon tráth,
A leanain shuairc na naoi ngrádh,
Is cianmhar liom thú aosta, tláth,
Mar chrann gan chraobh, gan díon bláth.



III.
Tráth sínfear tú 'gus mise leat
I gcarcair chumhaing faoi úir-bhrat,
Is dóigh go ndeirfear os ar gcionn -
"So deireadh árd-éigse Éirionn."



IV.
Slán le duain na nduar ceart,
Slán le cuaine na ndruadh-bheart,
Slán le Pádraig, slán le Pól,
Slán le daltáin na mbinn-cheol.



V.
Is eagal liom gur mór an baoghal
Do leabhraibh séimh-ghuth na sean-Ghaedheal
A bheith 'mo dhiaidh-se faobhtha fann,
Mar luing ar aibhéis gan iúl-chrann.


L. 82


VI.
Acht goidé m'fháth ag leanamhaint dó
Agus sneachta ag clódh le néal-cheo,
Ruaig gach aon de'n Éabh-chlann
Go chomh-ghoin éaga 'san gcomhlann?



VII.
A chara ghaoil chaomh-chuim,
Ná léig an aithrighe ar chlaon-shuim,
Acht guidhe go bríoghmhar Rí na rann
Do choimhead saor ó'n daol-ghleann.


L. 83


B 1809 19T
29. FODHLA AG GRÍOSADH A CLOINNE.
I.
Ceistim thú, a Mhumha na ndruadh,
A shár-shliocht Éibhir na dtrom-shluagh,
An tan gur chríon sé aois mo bhládh,
Dealadh uaim-se bhur gcaomh-ghrádh.



II.
Freagair m'aith-cheas, a Chonnacht cháidh,
Na mbeoil-bhinn éachtach magh bhuan-bhláidh,
Gar ghluais na startha chnuadh bhur seann
Fá Chruachán Mhéidhbhe na n-uaill-ghleann.



III.
Ar cheann Uladh na ngleo-las céim,
Chleacht tionól Eamhna fá chaithréim,
Nar chlaon na frasa duar do luadh
Tasg-bhreas churaidh na gCraobh-ruadh.



IV.
A Laigean nua-ghlas snua-dhreach áil,
Fuair liag na héigse do chomhdháil,
Nar thréigeas searc gach aisde sigh
Bhí i dTeamhair áidhbhseach na n-árd-ríogh.



V.
Mo chroidhe, mo chliabh, mo chum, mo chnámh,
Mo rosg, mo thaobh, mo théad, mo lámh,
Mo chos, mo chéim, mo léim, mo neart,
Mo leanain Ghaedheal-ghuthach saor-cheart.


L. 84


VI.
Mé gur thréig, is mo leabhra grinn,
Ag m'uaislibh ar mhamram ní aoibhinn;
Súd sean-ghuth Eilge mian-mhil báird,
I ndochar éaga 's ar an-áird;



VII.
Fóir mo chian-ghul-sa, a fhíor-chlann,
'S mé eirc-bhliocht ársaidh tocht anbhfann;
Is tír gan tlacht gan reacht gan féile
Nach dtuigeann treabh aon mháthar' a chéile.


L. 85


B 1807 19T
30. ÁRDFIDHEAR MEANMAIN BHANBA.
I.
Árdfidhear meanmain Bhanba bhuadhaigh thréin,
Ag fáiltiughadh drithle na bhfileadh monuar i gcéin:
Aige feascor, ael-agal na ndruadh-rosc faol
Áille innis Chomhthionóil na nuadh-bhreas Gaedheal.



II.
Barc iar dtilleadh ó thonnaibh na bóchna tann,
Bráigh ar chomairc, a chara, ó chian-bhruid fann,
Buan-bhlath bile gan duille gan ain gan snuadh,
B'úr-stair linne ath-gheineadh ar nGaedhilge luadh.



III.
Cuartaigh an cruinne go huile 's a ndeallraigh grian,
Cnuasaigh feith-mhír gach leabhair is sáimh-ghuth mian,
Cuaine cumainn gach siolla dhíbh Gaedhilge tráth,
Cruaidh-ghein aiste gach aicme, ní uaill a rádh.



IV.
Duain dá gcomhal ag macraidh ba séimh-ghlan cáil,
Duais dá bhfreastal níorbh'anamh i gCríochaibh Fáil;
d'aondhacht finne tré inneach ag riar gach sluagh,
Daor-scrios Danair i ndabhaidh na n-éag-chreach buadh.



V.
Éire, 'nallód, badh dealbhach tuargach réim,
Éigse ealadha caithmhílidh buan i gcéim,
Éifeacht eagna ag freagra na ndáimh-shliocht chiúin
Éilge mhaiseach ba seasmhach i ndiaghrais rúin.


L. 86


VI.
Fódla foluidheach fasgaidheach faobhach meas,
Fialmhar fabharach cabharach tréan gan cheas,
Fáilteach fearranta fáthachseach faobhrach tais,
Feórmhar feamainneach caithréimeach buadhach breis.



VII.
Gléasfaid cruiteóirí coimh-théad i ndáil na dtriath,
Grisfear fearta bur maith-treas i nDún Áth' Cliath;
Goirfidh buime díl-fhuil tré ail-ghuth béil,
Gaedhilge frasach ré aithfhios air aiteas bhúr séil.



VIII.
Iar-ghein Mhumhan béid luthgháireach séimhidh sonn
Iar-ghaoth Chonnacht dá nIrial ó thaobh na dtonn,
Inbher Laighean ag sruth-bhorradh feoir 's foinn,
Íobh-chlann Uladh ag fo-mhíniughadh éachta Choinn.



IX.
Lóchrann soluis na n-ollamh, na mbárd 's na ndraoi,
Lón-lia tuilteach mar abhainn na nduar-bhan sidhe,
Liag a dreachtadh gan ath-chlodh ag muadh na rian,
Labhra laslann i mbreas-chomhla ar na bhfian.



X.
Mórdha muir-channach mil-mholtach mín-chruth snas,
Mian-chnó maiseach do'n ngein-chraoibh is míonla blas,
Mór-shearc cheirt-fhear fa chorcar na mbéimionn fras
Meargadh frithreach is minic na laochraí las.



XI.
Nuadh-bhliocht ghile linn-lile gé caomh a ngné
Nuadh-réalt maidne gé loinneach re deallradh lae
Nuadh-aois leinbh ag duine lag ársaidh truagh
Nuaill is binne briocht linne ar nGaedhilge luadh.


L. 87


XII.
Óirmhian úir-ghréiseach aon-fhréimheach spéiseamhail í,
Ómra ionmhasach óirdheirceach fuaim-chas í,
Órd-rós oireamhnach focalóir sáimh gach slighe,
Ong budh sosghul dá gean-treibh dar bheo dá díth.



XIII.
Parth'lan agarthach finnscoth a gréithe chleacht,
Péarla ibhir chuir Neimhidh i ngeis na reacht,
Páirt fá cholg Fhirbholg níor bhaoghalach feacht,
Prímhleach Easpáinn thug teas-ghrádh do ghléir, a dreacht.



XIV.
Réim gach rae níor chlaon i ngliadh nó i gcreach,
Righ-chrobha ghlan ghléithe céimneadh duain fá seach,
Rabhartha daor-ghuth Gaedhilge b'aol-chruth dreach
Ros meala féilteach i néal-ghleó cnuas na mbeach.



XV.
Suairceas so-chroidheach sochmhuileach séimhidh seirc,
Suaimhneas sonasach seasmhach gan ghruaim gan eirc,
Sír-ghrádh seanóir 's meabhair na n-óg gach feis,
Soirbheas follus i gcomh-dháil ar gcoimhchrích leis.



XVI.
Taosgaidh taidhgin go tarthmhar tré thuadh 'gus dheas,
Trillsean lasaidh d'fháig iris na Gaedhilge 'dteas,
Tearmaidh teanga bhúr dtealuir tré ruaig nach tláth,
Táimh-néal dealaidh 's cuir mol-choill na bpréamh i mbláth.



XVII.
Uaisle adhghlana agaibh go buan fá chlár
Uachtráin foirdhligh nach eagal go luan ar lár
Úir-chéad beannacht 's breis ion a ndáil ó Dhia
Uaim-se 'gCumann go Coimhthionóil sáimh Átha Cliath.


L. 88


B 1801c 19T



"A dhaoine uaisle, agus a dhearbhrathracha chomhléighinn,



Is iontuigthe díbh gur fada gan suim gan áird gan
mheas gan chéim príomh-theanga mur dtíre; gur fada an
trom-cheo faoi bhrataibh dhubh-néaltaí, agus cochaill


L. 89


tharcuisneach nasgtha ar urlabhairt fuaim-bhriathrach síth-
ghothach bhúr seanaidhe agus bhúr sinsire, ó aimsir uachtranacht'
righ-fhlaithis an dara Énrí go soithe an lae indiu.



Monuar géar-ghoineach! is tocht liomsa, agus dar
ndóigh le glan-uaislibh Gaedheal uile, an gleo fad-
chomhnuidheach throm-aibhseach dhaor-bhrúideamhail seo
theagbhaigh thríd tíorantas tnúmhail éadbhuain allmhuracha
a ghlac ceannsail agus fíorleanas gan chuimmse in oileán
agus in inis iath-ghlas chiabh-ghlan Éireann.



Theagbhaigh, adeirim, ar an gcanamain is líonmhaire
guth, is tuilltighe briathartha, is taitmhighe snuadh, is milse
blas, is sáimhe is caoine luighe, agus is binne fuaim, dar
threoraigh in ar bhfochair ón am fuair tionnsgain Niúil mic
Feinius Farsaidh an chead scoil do chomh-chruinnigheadh
ar Mhagh Sheanair go húracht an tráth so, agus cinnte nach
iongnadh sin do bhrigh go raibh sí gan mhilleadh gan
chomhluisg gan bhearrnadh gan chlodh astrughaidh i réim
dhá mhíle bliadhain ag aon gheinealach chuimseach gan tár
ó threibh go treibh gan time gan tláth, agus sin faoi bhuan-
teagasg gach sár-fhir léigeann-mhór lán-fhóghlumtha. Mar
dheimhniughadh fírinneach air seo is cruthadh na stair ní
headh amháin na seanachaidhe Gaedhealach acht fós mórán
dar sgríobhaidhe i dtíorthaibh eile ag labhairt mar seo -
"ón am fár chlaonadh Impireacht nó ceannus na Rómhanach
gur réab thríd thuaidh na hÉorpa an iomad do dhrongaibh
dearbh-fhuilteach agus dá thaile sin gur ghluais lucht leighinn
agus glan-eolais na dtíorrtha sin go críochaibh na
hÉireann chum a gcoimhéad ar fheall-bheart a námhad, agus
tar éis sin, réim iomad bliadhantaibh gur budh í badh
fhoghluim do ríoghachtaibh an domhain.



Gheobhaidh sibh mar an gcéadna a mór-eachtra dhochtúir
Céitinn agus Séamus mac a' Mhaoir James Ware go
raibh an t-aos dán ceoil agus ealadhan ag Cormac mac


L. 90


Airt i dTeamhar na righ; ag Corc ó ngoirtear Corcaigh;
ag Niall Frasach; ag Ó Domhnaill Doire; ag Ó Conchabhair
Shligigh; ag gach rígh réimeamhail reachtmhar, ag gach
prionnsa uasal, aibhseach, agus ag gach taoiseach tréan-
cheannus da'r shíolruigh ar threibh Gaedheil go diansgrios
go dibliughadh agus go díbirt sáir-shliocht clanna Mhilidh.



Is cruthaghadh air seo Saltair Theamhrach, Saltair Chaisil,
leabhar Leacan, leabhar Gabhála, agus an iomad de
leabhair eile air nach dtráctaim. Acht le linn na haoise
déighionnaigh, 's is dubhrónach liom a rádh, claonadh dreacht
na Gaedhilge, d'éaluigh a sgéimh, mhaolaigh a faobhar, tháinic
teimheal ar a gnúis, in aon fhocal chuaidh sí faoi smúid
dhoilgheasach ar mhodh gur féidir a rádh leis an bhfile
faobhrach géar-fhoclach Mac an Lionduinn: -



B 1733ob 18D
U Pádraig Mac Giolla Fhiondain



Go ndeachaidh an drithle faoi cheo,
'S nach bhfuil beo acht an teimheal.



B 1801c 19T
U Pól Ó Briain

Is fíor seo go deimhin do bhrigh nach maireann i láthair
acht beagán ag a bhfuil fios nó tuigse na Gaedhilge,
gidh go bhfuil i gcoimhéad agus i dtaisge aca - mar lón
mór-luach - tionnóil na ndraoithe agus sgríobhnóireacht'
na sgoltaí á meabhradh anallód.



Is fiadhnaise air seo an leabhar arsaidh seo atá sgríobhtha
le dhá chéad bliadhain, agus ní liath thionntuigh sé le haois
acht dubh dealbh-ghránna; agus is eagal liom gur culaith
chúmhaidh a thóg sé mar bhrat le brón agus imnidhe fa
dhearmad Gaoltachta na hÉireann.



Acht anois, a dhearbhrathracha, tháinic an lá grianach
comh-shoillseach chum deallramh fhollus fíor-ghlan thabhairt
do'n Ghaedhilg, agus a haith-bheodhughadh ón tsuan
mhíobhuadhach agus ón uaimh dhúnta leisgeamhail ina raibh sí
re cian aimsire. Glóir do'n Árd-righ mórdhálach nimhe agus
talmhan, nachar leig faillighe an eaglais féin, nó a sréad,
nó a bhfiréan, acht gheall dhóibh go mbíodh na bhfochair agus


L. 91


'na ndáil go foircheann an beatha, agus go tiubhradh
dhóibh gach meodhain-bhiadh riachtanach chum a slánughadh.



Nois, adeirim, tháinic an lá re linn ar riogh' reachtmhar
caoimh-chéillidhe mór-thuigsionnach lán-bhfiosach, an treas
Seóirse: gur fa buan mairtheannach lán-neartmhar i
gceannus, i gceannsail, i bhfhíor-fhlaitheas agus in árd-
ríoghamhlacht dó féin agus do n-a righealach. Le lán-toil
meanman easbuig dheastaoibh na ríoghachta, agus tré
eadarghuidhe ar n-uachtrán méineamhail, ar réalt-eolais,
ar gcraobh-chosanta, ar sgiath dhídinn, ar stiúir-eolaidhe,
ar gceann-fhear léighinn, ar bpríomh-theagasgthóir, agus
ar mbile oirdheirc Peadar Uí mhac a' Tuile atá sé fá
dheóidh ar bun agus ar ionad i gcoláiste ríoghdha Naomh
Pádraig i Magh Nuadhat.



Dá thoile seo, a dhearbhrathracha chródha chomh-léighinn,
ná leigidh fá lár na tíortha trom-mheasach is riachtanach
dibh a chnuasacht re linn múinte na teanga-sa: ná leigidh
re faillighe mur n-aimsir re fánaidh; smaoinidh gur
dualgas dibh lá éigin suidhe mar bhreitheamhain agus mar
liaigh i bhfochair barra na faoisdine, agus seasamh mur
seirbhantaidh díleas dian-ghníomhach fíor-cheart ag altóir
an Choimh-dé ag rún-diadhcht agus ag ríomhadh an
tsoisgéil do mur gcomh-chréatúiridh dá bhfuil an iomad
díobhtha, faraor, gan Bhéarla gan léigheann gan fhoghluim,
gan eolas, gan tuigse, gan inmheadhain, gan inntleacht.
Mar sin cia air a n-iarrfid teagasg? Ó! atá orraibhse.
Is dearbhtha gur mór muingiin Gaedeal bhocht na hÉireann
as eaglais na coláiste seo. Mar sin ná leigidh a ndúil
ar neimhnidh; agus is dearbhtha nach bhfuil aon nidh in mo
chumhacht-sa nach roinnfidhe ribh go subhailceach ó chroidhe.



Is deimhin go bhfuilim anois agus go mbéidh cinnte go
humhal carthannach in mur síor-sheirbhis."
Pól Ó Briain


L. 92


31. DÁN AR AN MBÁS.



An Bás.
A óig-fhir, cé gur mór do stór 's do shaidhbhreas,
Cé gur áluinn do shnuadh, 's gur mórdha d'éadach,
Gan tuirse, gan bhrón, acht i gcómhair le Bhénus,
Léig díot gach bród is gan ghlórthaí géillidh,
Agus úmhlaigh do'n leomhan thug buaidh gach tréanfhir.



An t-Óigfhear.
Cia siúd a bhuaileas nó labhras comh dána,
Mar phrionnsa sochlach, ag mo gheataí sparrtha?
Is tíoránnach beadaidhe thú, sé mheasaim, mar Paraoh,
Nó goidé fá do ghnoithe liom, aithris gan spás damh:
Mo gheataí tá daingean, is ní heagal liom námhaid,
Is ná bí liomsa seasamh nó dheanfaidh mé cáin ort.



An Bás.
Fosgail do gheataí cé daingean 's gur láidir,
Agus sgar ón méad úd da'r geineadh ó Ádhamh.
Is mé an fíor-theachtaire thigeas ó'n Árd-righ,
Is mé an fhuaim daingean a ngoirthear an bás de:
Is faobhrach mo lanna 's ní sgarann aon slán liom,
Claoidhfidh mé tusa, má's measamhail 's má's áluinn,
Má's óg, is má's másach, is má's féiceamhlach breagh thú;
Ní bhacann sin mise, is goinfead gan spás thú,
Mar rinneas le Hector, Narcissus, is Dáibhi;
Cé gur tréan agus saoghalta nó Críostaidhe chum crábhaidh,
Le mo shaighdibh gur ghoineas gach duine de'n Ádhamh-chloinn,
'S ní éistim le leithsgéal, 's béidh tú mar chách liom.


L. 93


An t-Óigfhear.
Is práidhinneach do theachtaireacht chugam-sa ó thárlaidh
Nach n-éisteann mo leithsgéal, 's nach dtugann tú spás damh,
'S mé i dtosach gach maitheas', i rabhairt na háille,
Nach fada an ré aithrighe fuair Nóah agus Ádhamh,
Matusalem, is iomad 'san sgrioptúir dá dtráchtar
Is tar éis do mhór-gheasta seasfaidh mé an báire ort.



An Bás.
Is díomhain do theagbhail, a mhacaoimh cé dána,
Ag deimhniughadh tré chleasaibh mo gheasta-sa sárughadh.
Sampson, cé gur neartmhar gan meisneach gur fhágas,
'S gach tréan-churadh leagadh is chasgaradh a náimhde;
Éist leis an teagradh dorinnidh rí áirith'
Liomsa 's gan taise nó furtacht ar fághail dó.



An t-Óigfhear.
Ceann sgáile beag beadaidhe, a n-áirmhim mar thréatúir,
Is cosamhail nach n-aithnigheann gur ceann-phort ar chéadtaibh
Mise, 's nach maireann sin neach ins an réagún
Nach n-úmhluigheann dom' aithne tráth órduigheas mé
dhéanamh.
Fág-se as m'amharc 's is fíor-ghránna an phéist thú
Nó béidh tú i ndaor-cheangal 's gan d'fhosgailt ag aon-neach.
Cuirim is gur sháruigh tú an sár-fhear sin Céasair,
Nó ar Phríamus do ghnáth 'casgradh Gréagaigh,
Nó Iósua, an rí árd fuair saor-chosg na gréine.



An Bás.
Cé gur mise an sgáile tá gránna 's in éigin,
Gluaisfir gan spás liom, cé gur crádh leat na sgéala,
Is déan do dhícheall chasgairt 's beag mo achar féin leat.


L. 94


Níl liúdaidhe nó seasaidhe san domhan mór-thimcheall,
Dá rugadh nach rachaidh faoi ghlasaibh i gcinnteacht,
Ó bhí dias Hippocrates is Galein mar dheimhnigheas,
Is an tréan Esculapius, a fuair barr maitheas' inntleacht',
Damhsa gur úmhluigh, 's is cúrsa tá cinnte é,
Gur fágadh faoi'n úir iad 's a súile na linnte.



An t-Óigfhear.
Ó nach dtabhrann tú onóir do righ nó do phrionnsa?
Do dhiúc, nó do bhreitheimh, ar bharra nó ar bhinnse?
Bhéarad mór-phreasantaí dhuit-se gan chuimse;
'Sé mo chroidhe tá lán tuirse lán dólais is imnidhe,
Fá thréigbheáil gach maitheas, gach aiteas, gach binn-phuirt,
Más mór mo chuid talta go gcuirfear san gcill mé.
Mhaise nach ciúin a tháinig tú an tráth seo,
'Snár chlaoidh tú mo cholann le tinneas nó galra,
Acht le grian na maidne, le glaine 's le deallramh,
Mar rósa úr corcrach bainte i ngáirlín:
Tá mé óg, urranta, feidhmeamhail chum spáirne,
Is beir leat duine eile atá claoidhte nó ársaidh.



An Bás.
Ní ghabhfainn-se duais ón duan-fhear sin Croéseus,
Ó thréan nó ó thruagh de mhór-shliocht-san Éabha;
Ní hé do mhór-mhaitheas san domhan do shaidhbhreas,
'S gurb'é do luach saothair i ndiaidh gach pléisiúir
Bheith cinnte 'measg deamhain 's gan osadh ar aon chor.
A óig-fhir, sguir feasta, níl gar a bheith 'dréim liom,
Óir fágfad lag meathta gan neart thú gan chéadfaidh,
Tusa a bhí ceannasach cinnsealach béilbhinn.


L. 95


An t-Óigfhear.
Bheith úmhal dhuit feasta 'sé mheasaim gur éigin,
Is díomhaoin fá dheireadh a dtearn mo ghéar-chúis;
Mo chian is mo mhilleadh mar geineadh mé i n-éifeacht.
Mothuighim na barra dá dteannamh in mo thaobh chlé,
Mo chroidhe 'stoigh dá ghearradh, 's ní fada mo théarma
Measg cealga na colna 's gan chabhair ó'n éag damh.
Tá mo shúile dá ndalladh gan amharc gan réir-sean,
Mo bhéal a bhí tapaidh ag fáltughadh gan aon-neart,
Níl lúth in mo theangaidh, 's mór m'eagal gur baoghal damh
Bheith i bpéin-bhroid faoi smaladh ag deamhain le faobhair.



An Bás.
Mar is cúis ó seo thuigeas gach duine atá céillidhe,
Má's óg is má's neartmhail go gcreaplóchaidh an t-éag é:
Airgead nó ionnmhas ní ghlacfad, nó péarlaí,
Acht is cóir ábhe guidhe chum Muire 's a Déigh-mhic,
A léigean san dún atá snuadh-mhaiseach réidh-ghlan,
I gcomhursanacht na n-órd go ceolmhar gach aon uair.


L. 97


32. SMUAIN, A MHIC.
I.
Smuain a mhic go glic ag scrúdadh dáin,
Gé mór do chéim, do réim, do chliú, do tháin,
Gé caoimh do ghné, gé glégeal áil do shnuadh,
Go mbéir i gcré gan spré, gan áird, gan luadh.



II.
Smuain gur baoghal do'n tsaoghal 'snach buan a dháil,
d'fhág saoithe tréan faoi léan ba huaill a gcáil:
Tuig ó gach aon da'r chlaon dá lúb-chleas tráth,
Tá i mbruid ag an éag gur bhréag a rún 's a ghrádh.



III.
Smuain gach am an dream ba dísle meas,
Le faobhar lann ba teann gan mhaoidheamh sa treas,
'Na luighe gan neart i bhfeart i dtruaill gan chló,
Gan leith, gan chleas, gan mheas, gan uaill, gan sógh.



IV.
Smuain go beacht ar reacht-ghlan triaith na sluagh,
Gan bhaos, gan bheart acht ceart ag cléir na suadh;
Is fíor gan bhreas is fris gan amhras é,
Dil-fháil gan cheas go breas lán airbhre Dé.



V.
Smuain fá dheóidh, mo dhóigh, nach léir cá feacht
Nó uair de'n ló bhéas gleo-ghoin éaga ag teacht;
Lean teagasg an Uain gan chluain tré ghluais do ré,
Lá cumair na mbrón, is lón gan guais duit é.


L. 98


VI.
An leabhrán so meabhairidh go lán léasach,
Tá 'cómhrádh, gan reamhrádh, go sáimh-bhéasach,
Do cóireadh gan ghó-dhreach san gclodh dhéanach
Go heolach le Eoghan† glan-†Caomhaonach.


L. 99



33. BEANNACHT.



I.
Banba buadhach seal dobhí,
Éigse luadh clú na seanchaidhe,
Annsacht cléire cliar gus suadh
Naomh-inis fhéilteach na n-ógh-nuadh'.



II.
Adhbhar éagcóir uaill ar ngoin,
Creach monuar ar meanmain:
Truagh gur táimh-néal labhra Choinn -
$Phoenics scéimh eiteach Éireann.



III.
Oideas aoil-ghuthach sáir-ghrinn,
Inbhear tréan-thuilteach fuaim-bhinn
Lóchrann deallrach na bhfras nduan,
Úghdar eagna gach searc suan.



IV.
Iol-dhuilleach buan-ghéag d'aon phréimh,
Barruigh uaithne gach árd chéim,
Reacht treorach na sámh-laoi,
Irial eolach na sean saoi.



V.
Abhall chúmhra mheas bhlas,
Inneal scaoilte na ndaor-ghlas,
Nuadh-réalt soillseach gach críoch,
Uaithne fhluitheis na n-árd-ríogh.


L. 100


VI.
Ailean uasal na mbinn-bhárd,
Drithlí laomdha na ngrinn-cheard,
Ceartaidhe ceóil gach file sámh,
Rian eolais na searc dáimh.



VII.
Och nach eiteach eiteach truagh,
Ísleacht inmhe fá dhíombuadh
Díbhse is dúinne a bheith beo
Gan eagal Éire i gceart-chló.



VIII.
Orainn uile is dleacht anois
Congnamh re chéile san iris,
Óir-chisde a n-ós cur gan locht
Innte na n-iomcháil do lomnocht.



IX.
Mhéaduigh meadhon-teas mo chroidhe,
Thréig re cian a cheart bhrigh,
Iar gclos go ngluaisfeadh tar sáil
Ois eagair Gaedheal-chló bhur gcómhdháil.



X.
Ní dheallrann grian dream acht sinn -
Oilbhéim is dluth-leanas Éirinn -
Labhra sinnseireacht nach dleacht,
Goin gach míorúin ar n-éifeacht.



XI.
Airghiméis uile fá seach -
Óir-threibh éigseach Muimhneach,
Laighnigh 'gus Ultaigh na reacht,
Gleo-chlann bhéasach Chonnacht.


L. 101


XII.
Eadradh eatorra má éirigheann 'ar measg
Ainchiall is dual a thoirmeasg;
Chuaidh ar léir mhuinghín fá lár,
Creach ar n-ainbhfios ar n-uabhar.



XIII.
Otharas oraibh ná raibh 'na chrádh,
Ró seadh íoc-lus gach aon tráth:
Cumann cumhdach an Árd-ríogh
Ar easbog a ionnraic Chorcaighe.



XIV.
Iol-mheas tsuaidh Ó Floinn b áin,
Ghreannas Ó Fithchioll, c Ó Longáin d:
Chugaibh uile go buan beacht
Cuirim mo mhíle beannacht.


L. 102


34. FEARTLAOI AN ATHAR PÓIL UÍ BHRIAIN.
Séamus Mac Giolla Choilleadh, cct.



I.
Goidé an ghruaim nó an teimheal neamh-ghlé-se
A chír, monuar, ar shnuadhaibh na héigse,
Ó chualadar luadh ar a n-uachtarán Ghaedhealach,
Pól breagh, uasal, uaibhreach, céillidhe,
Cara na sluagh san nguais bhaoghail déighionnaigh,
A chlaochladh uatha ó stuadh mhir a' téampaill?



II.
Ba sagart glan stuama é bhí subhailceach aoibheal,
Oireamhnach, uaigneach, suaimhneach, céimeamhail,
Solasach, deallradhach, ainmneach, daonamhail,
Coimhfhreagrach, eolgach, ceannasach, tréineamhail,
Deagh-labharthach, eolach, cathrannach, méineamhail.
Cosantach, meanmnach, caradach, réimeamhail.


L. 103


III.
Ba taitneamhach a shnuadh 's ba mhodhmhar eagnaidhe
Eisean ag fuagradh uaidh mar Elias
Na reachta dofuair anuas ón Aon-mhac,
Do na díormaibh a ghluaisfeadh go neamh-shuaimhneach éiglidhe,
Chuige fá ualachaibh uathmhar' dhaortha,
Gur haistrigheadh uatha é fá shuan an éaga.



IV.
Ba bhuadhach a mheabhair i meadhon na héigse,
Thigeadh chum comhdhála chuige mar mbéadh sé,
A sgaoileadh na nasga is gach deacair dó-léighte,
Ar aisde na n-abstall a bhí ann re linn Chéasair,
Do na saoithibh i gcoimhthionol re forchroidhe a chéadfaidh,
Tá ag caoi go seachantach ó chaill siad a' t-éigeas.



V.
Ní aithristear duar i laoi nó' gcróinic
Ar aon de shliocht Ghaedheil-ghlais ba soilbhir óirbheart
Nach raibh de ghlan-mheabhair aige go stuamach ró ghlic;
I n-oideas gach léighinn is gach canamhna dar seoladh
Le Neil mhac Fénius' is le mac Eochair a bhí eolach,
An t-oirghréas gan oilbhéim a bhí oiscéimneach óirdheirc.



VI.
Fuair cumhacht ón Righ mar Mhaoise earghnaidhe,
Na reachta naomhtha mhíniughadh go dearsgnaidhe,
Do na díormaibh a bhíodh san tsaoghal-sa deabhaidh,
Is réim lón shíorruidhe go fíor do dhéanamh,
Do'n uimhir a ghlac gríosadh faol is riaghladh,
Is coimeadfas a tslighe do dhírigh an sréadaidhe.


L. 104


VII.
B'é an dara Pól ag seoladh a tréada,
Is dá gcoimhead go heolach ar fhaol-chonaibh an tsléibhe?
Bíodhbha dá gcómhair nó leo ní léigfidhe,
Acht dá bhfaire re tócha ó neóin is re déide,
Go forchraidhe maidne mar Aron aoidhearach
Thug a chúram slán reis 'n-aimhdhéoin na nEighiphteach.



VIII.
Ba gheanamhail a ghruadh gach uair le féachaint?
Ba cheanamhail, uaigneach, uaiseach, néamhamhail?
d'aithneóbhaidhe ar shluaightibh uathbhach Éabha é,
Ar a dheise ar a shuairceas ar a shnuadh 's ar a dhéanamh:
A shamhail ní luaidhtear uainn san réim-se,
Acht Augustún uais-gheal a bhí suall fá daonnacht.



IX.
Tá tuirse agus gruaim ar shnuadh gach aonfhir,
Tathaidhe nó cuallaidhe luadh in a shaoghal air,
Óir choingeóbhadh sé subhailce suas is aoibheal,
I mbruigheanaibh suanaigh dó-bhrónach saidhbhir;
Dhíbreóchadh an dubhailce uatha, is réabfadh
Lionn tré n-a shuairceas ar ghruadhaibh bhuaidheartha.



X.
Ní furus, monuar, d'uaislibh na críche seo
A bheith soilbhir go luath nó dreachach a choidhche,
Ó chuaidh sé fá shuan an caomhfa d'fhág claoidhte
Maithe na Mumhan, is Connachta ríoghraidh,
Is Laigheanaigh tá suallach thug searc-ghrádh a gcroidhe dhó,
Is chongbhóchaidhe go buan aca ó roilig na ríogh é.


L. 105


XI.
Tá an choláiste snuadhmhar, loghmhar, gléasta,
In a raibh sé ar shluaigtibh 'na cheann-athair naomhtha,
I dteimheal 's i muadh is na bladhaibh réabtha,
Ó chlaochladh uaithi an laoi-réalt aoibhinn,
Bhí dicheallach, uaigneach, uachtrach, féidhmeamhail,
Is 'n-eisiompláir scolardha do mhacraidh chrích 'n Éireann.



XII.
Tá 'n eaglais, monuar, neamh-shuaimhneach, treaghdaidhe,
Ó chaill siad a' t-uasal, a n-uachtrán céillidhe,
Tháinig mar luadhmaoid le huais tré réicsibh,
Bhí ceannasach, uaibhreach, uais-gheal, réimeamhail,
Flaitheasach, luaimneach, subhailceach, daonnamhail,
'S níor sgar siad dá ghuaillibh gur cuireadh fá líog é.



An Analach.
Trí choll, le dair gan díth, míle annaid dá dtaobh chlí,
Dhá dheich i n-aondacht ghrinn, le cúig mhí acht deich lá de'n
tsuim -
Aois an triaith do dhíol ar gcáin tráth cuireadh fá líog
Pól Ó Briain.


L. 106


Is muar an easbhaidh feasta i gcríochaibh Fáil
An suairc-fhear slachtmhar gasda gaoismhar grádhach,
Dobhí buadhcach beacht i starthaibh grinn na ndáimh,
Is uasal-shagart cneasda caoin gan cháim.
Ua na bhfear nár chleacht bheith íseal táir,
Is dar dhual flaitheas fáirsing Innse Fáil,
Do ruaig na danair ghlasa arís tar sáil,
I gCluain an Tairbh, treas do chlaoidhig a mbláith.
Fuath is fala is fearg nimhe gach lá
Ag uan na bhfeart le bean mheic Caill na gceard,
Tre'r fhuaduig asde an fear ba líomhtha cáil,
Tá uaim na sean gan mheas is Gaoidheilg ar lár.
Suairceas seanchus carthanacht comhairle is ciall,
Uaisleacht aigne is fáirsinge fóghanta fial,
Buadh agus beannaidheacht eagna is eolas dian,
Dochuaidh i dtalamh gan aisiog le Pól Ó Briain.



Ad-chluinim go dtáinic sonn
Chugainn go deisceart Éireann.
Fír-fhile faobhrach re fios,
Saoi nach éadtrom san oidios.


L. 107


Pól a ainm ceart le cóir,
Aithghin dílios an chéad Phóil?
Doctúir diadhachta dian díl,
Tréadaidhe tréan an Dúilimh,
Bile beodha bríoghmhar buan,
Breitheamh blasta na saor-dhuan,
Do dheigh-shliocht Lúig Meann na n-Each
Dobhí na áirdrigh Muimhneach.
Giodh Laighneach do gairmthear de
Is Muimhneach d'iocht is d'fhéile;
Gach ríogh-fhuil rathmhar fil ann,
Dár dhúthchas teagh Chinn Chorann.
Mór a chomaoin tar chách eile
Ar an dteangain Ghaoidheilge;
Do chum gramat, lór a mhéid,
Nár frioth roimhe a leithéid.
Míle fáilte d'ua na mBriain
Go crích Éibhir na n-óir-shrian;
Iomdha neach anois ibhfus
Le'n féirrde thíocht 'na bhfogus.
Aithfir orm-sa nách = ná tabhair
A fhir iúil san ealádhan,
Ar son gach béime dá bhfuil
San mbeag-shaothar im dheághuigh.



"Do'n Athair Pól Ó Briain iseadh adubhradh an cúpla
rann seo ag breith buidheachais leis fa'n nGramat do chum
sé san mbliadhain 1809."




Cíodh fada ar lár bláith geal ár dteangan dúthchais,
Gan mheas gan tábhacht gan ceannas conganta,
Tá seabhac sámh sár-oilte is maiseach múinte
Do chlanna Táil n-ársadh do chasfaidh an cúrsa.



Beart thug bárr áthais ar feadh na Múmhan,
An leabhar breagh atá againn chum teagaisg múinte,
Is an fear do dháil an áis sin go cneasta clúmhail
Ar cheap na ngrás ngrádhmhar a dhaingion chúmhdach.


L. 108


AMHRÁIN
PHÁDRAIG UÍ BHRIAIN.
35. MAIGHRÉAD NÍ CHLÉIRIGH.
I.
Tá cailín beag stuama uaigneach breasnaidhe
I mbruach an mhachaire fásaigh,
Agus iomlán a gruaige gur bhuaidh go deimhin
Ar a' bhfolt a d'fhuaduigh Iáson:
Tá sé cuachach, casta, dualach, fighte,
Anuas léith' go dtí n-a bhásta,
'Na troillsigh snuadha thar a guaillibh níos gile
Ná géis fá imeall tráighe.



II.
Tá a haghaidh comh h-úr le gnúis an leinbh
Dá ngoirthí tráth dhí Blánaid,
'S a mailidhthe dhlútha os cionn a súl níos glaine
Ná driúcht i mbruithneas Beáltaine;
Mar shneachta ar ghrís tá a leaca chaoí',
Ag taisbeanadh thríd gach áthainne;
Ó n-a béal dá bhfuighinn a méam cois íseal
Ó phian go sgaoilfeadh a grádh mé.


L. 109


III.
Tá rotha a déad comhthrom ceart réidh,
Mar ómra a' leasughadh ceárdan,
In a gcarcair shéimh nach bhfeicthear acht 'a réir
Mar tógthar a méin chum gáire:
Fuaim a fuinn go mba bhinne dá roinn
Ná órgáin, trumpaí, 's cláirseach,
Mar chubhar ar tuinn 's gan fóthragadh ann,
Tá a píob, 'ar liom, 's a bráighe.



IV.
Tá maoth-chroidhe na féile in a brollach glé'al
Faoi chneas mar an aol is báine;
'Sa cum seang déanta ar shlighe nach bhféadfadh
Neach faoi 'n ngréin a cháineadh.
Dá gcasfaidhe í ar mhalaidh Ída
I bhfochair na dtrí mbá'rioghan,
Ise go bhfuighfeadh an dearg-ubhall ríoghdha,
Le gur sgriosadh an Traoi ó Pháris.



V.
'S anois má's mian libh fios cá hí
Atá mar chraobh faoi bhláth deas,
'Sí Peigidh an fhaoileann nár thuill díombuadh,
Aithneamhail, saoitheamhail, fáilteach.
Tá a sloinneadh arís ar gach aon
A gheibh cumhachta fíor' ó'n bPápa;
Agus guidhim-se an Rí tá i gcathair na naomh
go bhfághaidh sí saoghal is sláinte.


L. 110


Suirghe Phádraig Uí Bhriain.



A placid young maid was the occasion of my futility,
Le gur astraigh mé is sgafta réidh le n-a fuadach liom í;
..............................................


L. 111


Gidh 'bhfogus damh féin char léar damh iad ó dhuibhe na
hoidhch',
Is leig mé cuisle mo chléibh go séimh isteach un a toigh."




"I am hated with malignity
Fá'n ngníomh a rinn mé, gidh nach tréas é ar fhearaibh a
choidhch',
Tis often the case with the greatest of quality."



Deir sé gur rún leis annsin: -



"Fad a mhairfeas an saoghal cha dtéidhim dá farradh arís,
Is go síntear mé i gcré chan fhóghann cléir mo cheangal
le mnaoi."



Char chongbhuigh sé a rún, mar is follus ón chéad amhrán
eile.



36. MOLADH HANNA NÍ CHROSÁIN.
I.
Tá géag dheas chailín 'mo dhiaidh i gCréamthainn,
'Sé ádhbhar m'eagcaoin' nach bhfuil sí liom
Ar uaigneas coilleadh nó i ngleanntán sléibhe,
Mar mbéinn dá bréagnadh faoi bhruach na dtom.
Ní mar gheall ar fhortún a rachainn ar aon chor,
Thríd na réagúin nó 'mach thar tuinn,
Acht mar gheall ar ainnir na maoth-chrobh méar-lag,
Dá gceanglóchadh 'n chléir le n-a chéile sinn.



II.
Créad é an fáth damh imtheacht gan staidéir chéille'.
Acht fanacht go réimeamhail i n-eolas Chuinn;
Dá mb'eol uaim a moladh chuirfinn síos a tréartha,
'S ar breathnughadh a déadaí go ndearnas sainnt;


L. 112


Tá folt donn daithte aici, casta tré-fhighte,
'S gan easbhaidh réidhte ar chúl a cinn;
Tá a rosga glasa faoi n-a malaí chaola,
'S a' rós ar aon chor in a leacaibh cruinn.



III.
Tá beóilín tanaidh aici, lasta caor-dhearg,
'S a gnúis mar shliabh-shneachta maiseach slim;
Tá bráighe is gile aici ná cubhar Thétis,
'S a cíocha réidh-gheal in a brollach cruinn.
Saor ó pheacadh tá a croidhe gan aon locht,
Agus annsacht chéad fhear i lár a cuim;
Tá gach ball dí uilig a' teacht le chéile,
Is macasamhail an spéir dheas níor tharraing peann.



IV.
Dá bhfuighinn-se Hanna cha n-iarrfainn spré léith,
Agus thuillfinn féin a gcaithfeadh sinn;
Ní bhéadh orainn uireasbhaidh i n-aice a chéile,
Agus bheirfeadh Céres ar ndochain dúinn.
'Sí sgoith na gCrosan í ar thoiseach sgéimhe,
Má dhiúltair mé 'nois ná déana moill,
Acht fágh réidh go tapaidh dhamh mo chómhra déanta,
Agus cóirigh féin mé le cré san gcill.


L. 113



37. AGALLAMH
IDIR PÁDRAIG Ó BRIAIN AGUS A BHEAN.



Pádraig.
Éistigidh, a chomharsain, is cluinfidh sibh dán beag,
Racan a tharlaidh teacht abhaile as a' Droichead:
Sé'n nidh adubhairt Paidi go tapaidh le Máire
Nach bhfágfadh sé árus, nó 'n bhaile choidhch' léith,
Acht go saothróchadh sé sgilling 's go gcaithfeadh ar chlár í,
Nidh mar ba ghnáth is ba chóir do mo léithid.
Sul fá mbéinn-se faoi sgannal ag bean nó ag páistibh,
Rachainn thar sáile 's cha phillfinn go héag.



Máire.
Nach mb'fhearr damhsa oibridhe a d'imtheóchadh na sglábhaidhe,
Agus bheirfeadh dhamh a pháidhe i ndeireadh gach lae,
Nó stócach bacaigh a d'iomchróchadh a mhála,
Agus roinnfeadh le mo pháistibh a gcruinneóchadh sé de
dhéirc,
Ná do léithid, a dhruncaire, a thathuigheas toigh tábhairne,
Agus imthigheas 'do ráca dona gan séan;
'S nach bhfuil pighinn dá dtuilleann tú le saothar do láimhe,
Nach gcuirir le fánaidh do sgórnaighe é.


L. 114


Pádraig.
Is fiosach do'n tír nach mar sin atá mé;
Bím seachtmhain is lá nach mblasaim aon bhraon,
'S nuair a shuidhim 'na gcuideachta bím fear mar chách ann,
Is char chleacht mise cráidhteacht i dtoiseach mo shaoghail.
Bhí mé ar chuantaibh coimhthigheach i bhfad ó mo cháirdibh,
'S a d'ainneoin mo námhad tháinig mé saor:
Má théidh tú ar mire, 's má's ionann leat 's do bhás é,
Ólfad leann Márta agus gloiní a bhíos daor.



Máire.
Má bhíonn tusa tamall go seachnuigheann tú an áit sin
A n-óltar ann cártaí is gloiní bhíos daor,
Muna mbéadh agat-sa sgilling nó dhá phíghinn,
Cha dtaobhuigh tú 'n lá sin fá naigin dighe géir'.
Is má bhí tusa tamall le luingeas is bádaibh,
Chan fhacas luach potáta agat 'na dhéidh;
'S muna n-arthaigh tú d'fháisiún, 'sgan a bheith mar tá tú,
Tóg leat imbárach abhaile chuig do mhathar.


L. 115



38. THIG CIAMHAIRE AR MO CHUIMHNE.
I.
Thig ciamhaire ar mo chuimhne 's mo chiall mhaith gur imthigh
Le triamhain fá'n oilean a d'fág mé 'mo dhéidh;
Mar mbíodh cléir ann go follus a' léigheadh 'gcuid leabhar,
Chum Gaedheil bhocht' d'ullmhughadh le grása Dé.
Teacht réim-theas an earraigh bíonn an saorclan ag borradh
Faoi ghéagán ar thulaigh, 's i dtárr gach cloidhe;
Ag teacht féile na Nodlag, dá bhfuighinn réidhteach ó'n
gcogadh,
I nÉirinn ag an Obair lámh leo a bhéinn.



II.
Is clúiteach 's is fearamhail, múinte, na feara,
Súgach, seanamhail, sásamhail, fial,
Bhí san dúithche úd a thathuigheas gan diúltadh gan choimhthighios,
Mar raibh súgradh gus aiteas le fághail in gach sgéal.
Deir na h-úghdair gur báidheamhal iad ar úir-shliocht an
domhain,
'S dá siubhailinn an talamh le deallramh na gréin':
A shiúr dhil na mbeannacht umhluighim dod' onóir,
Agus stiúir mé ar aithreachas árd do'n Tríon'.



III.
Tar éis gach fabhall i dtrom-chladh na mara,
Is foillseach ó sgaras le cuan Áth-Cliath,
Na linnte bhí in m'amharc le n-innsigh gan mheabhal,
Mar Fhionn a bhí i dTeamhair ag cuimhniughadh na bhFian.
An geimhreadh gur chaitheas agus iomlán an earraigh
Gan chomphort san athrach a d'fhág mé faoi chian;
Ar a' gcontabhairt le n'aithris do lucht coimhdeacht' gach
ionad,
Go mbéad fá Chingcís ar Mhalaidh gan amhras a' triall.


L. 116


IV.
A Rí mhóir na n-aingeal a riaghaluigheas gach duine
Ó'n mbliadhain úd do cumadh Ádhamh de'n gcré,
'S gur le do dhiadhacht a bhainis as a thaobh deas i gan fhios
An bhean 'riamh nár geineadh i n-oidhridheacht Éabh';
Thug tú 'n ghrian dúinn mar choinnil, 's na réalta go
luinneach,
Chum sgéala go bhfuilir ró-ghrásamhail fá'n t-saoghal;
Acht a Rí d'fhulaing peannóid agus piantaí da'r gceannacht,
Má tá mo thriall-se go Plimouth go sábhlaidh tú mé.



V.
Shaoil mé gur fanamhóid briathra gach seanóir
A bhéadh fiannaidheacht ar shamhail árus na bpian;
'S gur le fiabhrán do chanas le frithidheacht gan aithrighe
Ar gach taobh do na bealaigh a ngluaiseóchadh 'n srian.
In aimsir dúbhlacht' gan earradh, gúna bheith thorainn,
Lúbthaí ina hammóig - nidh nachar mhian -
Imeasg brúidí gan árus, muchta in gach galar,
Dar mo chúbhais nidh nár b'ait é le Pádraig mhac Briain.


L. 118


39. AN PÍOSA SUAIRCIS.
I.
An píosa suaircis a chuir tú 'nuas chugainn
Ó Maigh an Fhuada go Gráinseach na Gaoith',
Thóg sé gruaim de gach aon tráth chualaidh
Go raibh tú buan-seasta i dtreóir 's i mbrigh.
A chroidhe gan truaill-bheart is duit ba dual cheart
Ar fhlaitheas Thuath-Mhumhan agus fagháil gan mhaoidheamh,
Ba tréan do ghuaille le náimhde ruagadh,
Is do lámh i n-uachtar i ngárda claoidheadh.


L. 119


II.
Tá sinn subhailceach fá chluistint uait-se
Go dtiubhrfair cuairt in ar n-áit arís,
Do choinne an uair sin béidh fáilte ag sluaightibh
'S mé leat a' comhluadar má's áil le Críost.
A stoc na huaisle a fuair tiodhlcaidh buadhacht'
Agus caithréim uachtrach in gach áit dá mbír,
Go bhfeicfead thuas ort an aibid uasal,
'S tú 'míniughadh cruaidh-cheiste i nglórthaibh caoin.



III.
A chiúin-bhean uasal go luath dá ngluaisfá,
'S mo ghríosadh suas chum startha ceoil,
Dá bhfuighinn thú, a chluanaidhe, ar bhruach an fhuaráin,
Agus deoch naoi n-uaire de'n tsruth le n'ól;
Bheirfinn duais duit dá nglacfá uaim í
Culaidh uaithne 's a leith de'n ór,
Ar ndúil i bhfoghlaim go mbéinn comh stuama
Go gcuirfinn cual bheannacht suas chuig Pól.


L. 120


AMHRÁIN
BHRIAIN RABHAIGH UÍ CHLÉIRIGH.
40. RÁFLA AN SMAOLAIGH.



I.
A stáid chiúin chéillidhe, mo chrádh géar 's m'éagcaoin,
Nach n-athruigheann tú do mhéin mhaith is fághail réidh un
a bheith liom,
'N áit nár ghearr linn ar laethe, chois trágha ag sír-fhéachain
Ar áille na n-éan beag a' seinnim ar an tuinn;
Ag trácht ar gach sgéal beag a b'fhearr gearradh laethe,
Mar a dtig deallradh ó'n ngréin ag tóigbheáil cuisne
de na glinn,
'S muna dáimh leat an réim sin céad slán leis an gcéill
mhaith,
Agus d'fhág tú gan aon mhnaoi mé feasta le mo linn.



II.
A phlúr gach maighdean, glac dáimh le mo ghéagaibh,
Sul fá leigfidh tú i gcré mé nó ar leabaidh leis na
mairbh;
Sul fá bhfásaidh an féar glas tríd cheart-lár mo chléibh-se,
I gclárthaibh fuaighte go daingean faoi throm.
I gcás nachar bh'ionngadh fhághail do mo léitheide
Le dánacht na réime do léigeas le mo cheann,
'S liacht sár-mharcach Gaedhealach d'árd-fhuil na Bréifne
Fághail bháis le héad fá do dheilbh, ag dul i gcill.


L. 121


III.
'Sé do chaoin-chum glé'al is do bhrághaid mar an aol
d'fhág caochadh ar mo radhairc do mo dhalladh gach am,
Agus claoidhteacht ó'n éag ar mo chroidhe 'stoigh dá
réabadh,
Tráth smuainim thú bheith réidh un sgaramhaint liom.
Ba íocshláinte shéimh liom aon phóg ó do bhéal bhinn,
'S dá bhfághainn í go réidh níorbh eagal damh bheith tinn,
'Sná bí 'do cheannfáth le mo shíneadh ins a' léine
Ariamh nár sgar le haoin-neach dá ndeachaidh faoi n-a
chuim.



IV.
A mhaise gach bantracht ná ceil orm d'annsacht
Agus mé ar ghoin bheith anbhfann lag claoidhte
Furtuigh orm in am sul fa dtiocfaidh orm an t-am
A bheith i dTulaigh na bpancan sínte.
Acht muna bhfuigh mé toil m'intinn' gan ghéillbheáil do
choimrighe
Na cléire in gach punnc dá míniughadh,
Na ríoghachtaí gan toirmeasg go siubhailfead ar a'
gcontabhairt
'S anonn thar a' tuinn ins na ciantaibh.



V.
Thig dáimh 'un éisg ar bharr an tuile léimnigh,
An sugh-talmhan is a saorclan a' fréamhadh faoi n-a
bhonn,
Fál cnudh 'gus caora 'a fás an uile taobh dinn,
Ar lámha fá n-a chéile faoi dhuilleabhar coill'.
Bláth gach aon luibh a' fás agus a' fréamhadh
Go laghach le n-a chéile bonn ar bhonn,
Agus ráfla 'n smaolaigh i mbarr na dtor a' léimnigh
Go laghach le n-a chéile ó thom go tom.


L. 123


41. RÓIS BHEAG DHUBH.
I.
Go dtagaidh néalta ins na spéirthibh le go stróicfidhe cnuic,
Is tuile shléibhe 'na dtulte tréana go ndóirtfeadh fuil,
Ar ndúil go réabthadh Carn Sadhbha, is na móinte 'lig,
Go bhfághainn amharc éigin sul fá n-éagfainn ar mo Róis
bhig dhuibh.



II.
Is duine éadtrom gann i gcéill mé ar nós fear meisg',
'S ní fhéadaim codladh dhéanamh acht an bhreóidhteacht dom
ghoid;
Tráth bhraith siad mé bheith tréith-lag, gan treóir gan mheas,
Tháinic an ceithearnach fá bhun a' tsléibhe agus thug mo
Róis bheag leis.



III.
Mhearaigh tú mé, a bhradóg, 's nár budh feirrde dhuit,
Agus m'anam istoigh i ngeall ort, 's chan indé nó 'ndiu;
D'fhág tú lag anbhfann mé, gan ghné gan chruth,
Is rinn' tú feall orm, a chaoin cheannsaidhe tá gléigeal
dubh.



IV.
Nach bocht a' réim a ghlacas féin ó 'ndé go 'ndiu,
Trasna 'n tsléibhe in a déidh-san mar seoladh damh,
Caol na hÉirne a thug mé léim, gidh gur mór an sruth,
Is gur 'mo dhéidh ag Carn Sadhbha bhí mo Róis bheag dhubh.



V.
A Róis bheag, dá mba liom thú do b'aoibhinn duit;
Is deas a chealgfainn do leanbh bán dá mbéadh sé 'gol,
Dá mbéinn agus tú i nAlbain ó 'ndé go 'ndiu,
Is sgéal dearbhtha nach bpilleamuist araon gan ghuth.


L. 124


VI.
Arm na hÉireann is bíodh ag géilleadh damh in órdughadh
'lig,
'S gach stair dá léightear a' teacht le chéile ar chrodhacht mo
chuirp,
Clumh na néanlaith i gciumhsaibh gléigeal ag mo shlóighte
ar muir -
B'fhearr a' spré liom bheith 'siubhal a' tsléibhe le mo Róis
bhig dhuibh.


L. 125



42. PÁDRAIG MHAC AN TSUINÍN.
I.
Tá grádh agam ar chailín beag breasnaidhe glan
saoitheamhail óg;
Ó's grádh chuaidh ó cheilt é, níl fhios agaibh cá hí go fóill:
Acht nuair nach bhfuil agam ar son mo dheiscréid' acht piantaí
's brón,
Sgaoilfidh mé na geasaibh, is chan fheiceann sibh mé a choidhch'
níos mó.



II.
Nach truagh mise 'g imtheacht go neamh-chorruigheach, 's gan
m'éadail liom,
'S mo chroidhe bocht a' fuireach faoi n-a brollach geal a'
léimnigh 'nonn,
A' léigeadh mo dhubh-bróin mar chuideachta ar thaobh gach
gleann,
Mar éagcaoin na bhfionnóg i gcúl na dtumóg tar éis a
n-éanlaith' chaill.



III.
Le n-a chomhrádh caoin luinneach neamh-cheasnuigheach ar
phiantaibh an ghráidh,
'S go léigheasfadh sise coimhthionól le n-a hintinn go neimh-
dhíoghbhálach;
Má tá sé in mo chinneamhain bheith ar buile dá díth 's gan
a fághail,
A Dhia, gan mé in mo shionnach go ngoidfinn í liomsa 'na
támh.



IV.
Gach aon le'r mian fios fhághail cia mise a thug spéis do'n
tseoid,
Tá fáilte ag bhúr ngliocas a bhaint as a' bhéarsa so
romhaibh:


L. 126


An Marta 's mó doineann dá dtáinig 'ná bhí 'riamh go
fóill,
Lá fhéil' Pádraig a bheith 'na shoininn 's gheobhaidh sibh
m'ainm-se 'mach réidh.



V.
Is fiú ór an chéad litir do n-a hainm in gach tír 'san
domhan,
'S go dtarraingéochaidhe claidhmhte na thimcheall ag cléircí
ar bórd;
Ní dual aifreann maidne gan a hainm a bheith ar thaobh
de'n leabhar -
Siúd ceist orraibh cia mise, nó cia hise 'nois ó héisteadh
'n ceol.


L. 127


AMHRÁIN
PHEADAIR MHIC UALGAIRG.
43. TUIREAMH PHÁDRAIG MHIC AN TSAOI.



A Phádraig úr-mhic, ba cliú do Ghaedhealaibh,
Do sheasamh, do shiubhal, do lúth 's do thréine,
Do sgéimh gan smúid a b'úire féachaint;
Is claoidhte tá'n dún-sa 's gach cúigeadh do'n réagún,
Ó cuireadh san úir thú i dtús do thréine;
Bhéadh Pádraig stór-mhac da'r bh'eol dó féile,
Réidhteach gach slóigh i n-ór 's i n-éideadh,
Pronntóir seód, ba chóir bheith i gcéim mhór,
In uachtar Fódhla ag órdughadh laochraí
Ag caitheamh na sról-bhrat de na seórtaibh ba daoire,
Is ó cuireadh san úir é is dubh-chroidheach céadthaí.
Ba hé súd an gruagach bheirfeadh buaidh ar laochraí
Le lannaibh ar luas i gcruadhas na mbéim-chath,
Mar Chonall a ruagadh an sluagh sin Mhéadhbha,
Nó mar Chonnlaoch na mbuaidh nachar truailliughadh i
ngéibhionn,
Brainnse ró-cheart nachar threóirigh claon-bheart,
A shíolruigh go mórdha ó phór Mhilésius.
Sé luadráin a bháis do chrádh na céadthaí,
'S d'fhág go leor dá ghaoltaí 's a gcroidhe dá réabadh,
A' silt na ndeor go mór fá'n éagcaoin;
Gach bantracht óg na sról-bhrat gréagach,
A' triall ins a ród go brónach tréith-lag,
A' greadadh na mbos 's gan tocht ar aoineach,
Ó cuireadh Pádraig mhac an tSaoi 'na luighe faoi liagaibh.


L. 128


Is deimhin go bhfuil tuilleadh ar buile do'n tréan-
fhuil -
Síol mBriain na bhfolt-óir nachar leonadh i nÉirinn,
Acht i gcaithréim 's i stró go rómhail séanmhar,
Agus prionnsaí cóigí dóibh ag géilleadh -
Tá 'gcroidhe mar Oisín ar lorg na Féinne,
Ó d'imthigh an mac so faoi leacaibh i gcré uainn.
Ó Néill na slóigh 's go leor de'n réim sin,
'S gach brainnse caoin do shíol Mhilésius,
Dá raibh a ghaol go fíor ó fréimh leo.
Gach bantracht ró-cheart faoi chóiriughadh gléasta,
A' triall faoi ghleo, silt deora, ag géar-ghol,
Ó dhún an bháis a raibh i gclárthaibh an déagh-mhac,
I dtús 'aoibhnis agus áille a bhreaghthacht 's a thréine,
I dtús na maicne ag asdar dá fhéachaint,
I dtús na marcshluagh ag teacht un a théaghlaigh,
I dtús gach maitheas le treise 's le tréine,
I dtús gach bantracht na mall-rosg réidh-ghlas,
Atá go cinnte foai ghleo na dhéidh-san,
Ó dúnadh mo ghaisgidheach i dtaisgidh faoi liagaibh.
Le Naoise chuaidh a sgéimh, a mhéin le Guaire,
Bhí áille Narciussus le feicsin 'na ghruaidhe.
Ba chóir é bheith sgríobhtha i leabhraibh 's i nduantaibh,
Gur do fhír-shliocht na righte é ag claoidh lucht uabhair -
Pádraig mhac an tSaoi an mílidh buadhach,
'Sé crádh na mílte é bheith sínte i n-uaigh.
Ós ceann a chláir bhí a lán ag caoineadh,
An sean 's an t-óg le brón ag síor-ghol:
'S measa liom a mhathair 'na dhéidh ná na mílte,
Is í ag sgriúdadh géar fá'n éagcaoin chéadna.
An mílidh carthannach a bhí ealadhnach eolach,
Méineamhail marthannach, a fuair treise agus cródhacht
Tá a dhearbhraithreacha go deimhin ar buile fá'n óig-fhear


L. 129


Agus feasta cá hiongnadh a gcroidhe bheith leonta,
Ó fágadh Pádraig mhac an tSaoi sínte i gcomhnra.
B'é súd croidhe na féile le méin mhaith bhuadhach,
Cliúiteach céillidhe réimeamhail stuama,
B'a mhian gan leisg bheith déanamh taise le truaighe,
An macaomh méineamhail 'bhí tréarthamhail suaimhneach:
d'fhág sé Gaill agus Gaedheil 'na dhéidh faoi ghruaim mhóir,
Ó chuaidh sé a mhéadughadh na cré, 's dá fuaradh.
Bá é súd crann seasta ar thoiseach na gcéadthaí,
Mar Gholl nó Osgar bhéirfeadh osadh i ngéibhionn,
Nó mar Hector go dian ag claoidh na nGréagach,
Nó mar Pháris éachtach chuaidh le bainríoghan na sgéimhe,
Nó mar Chaoilte ba lícthe 's ba cliste de n'Fhiannaibh,
Nó mar Dhiarmaid donn a mheallfadh gach maighre,
A sgaoil na glasa 's thug feara as géibhionn:
Mar súd do Phádraig, 'sé a bhás do bhuadhair sinn.
Tá Éadan na Guileadh ar buile 's ar buaidhreadh,
An Chopanaigh shuairc 's a snuadh dhá tréigbheáil,
Gan chuachaibh coilleadh, nó ceileabhar na n-éan ann,
Nó cláirseach le binneas is seinm ar théadaibh,
Ó dúnadh mo ghaisgidheach i dtaisgidh faoi liagaibh.
Beannacht ar gcreidimh leis an déagh-mhac go deóidh,
Beannacht síl Ádhaimh, na n-abstal, 's na n-óigh,
Beannacht na n-aingeal is beannacht na cléire,
Míle beannacht le n-a anam gach lá dá théagradh.



Annalach.
Míle ocht gcéad 's an ceathair ar fhichid na dhiaidh -
Réir leabhar na naomh dá rádh linn -
Aois Íosa mhic Dé go hoirid an lae,
Is deimhin go léir a dtráchtaim,
Go ndeachaidh Pádraig mhac an tSaoi faoi liagaibh 'na luighe,
Déagh-mhac a chlaoidh an bás uainn.


L. 131


44. FREAGRA
DO CHEÓL PHILIP MHIC DEALGÁIN.



I.
Nachar bhfurus duit a thuigbheáil acht gur tráill gan
léigheann thú,
Gan oideas, gan eolas, gan mheabhair, gan bhéasa,
Nach é Tadhg Ó Conalláin a thoisigh ar Ghaedhilg,
Acht prionnsa fuair cliú mhór - Niúl mhac Féniuis.



II.
Dobhí i bhfad dá teagasg re treise san Égipt,
Sul fá dtug Maoise clann Ísrael as géibhionn.
Ní fiosach do'n gcomharsain goidé 'n cóigeadh a thréig tú,
Acht go dtáinig tú 'na measg le do mhaistreadh Béarla.


L. 132


III.
Ar an ndúil go gclaoidhfeá croidhe na nGaedheal ceart,
Acht a phortáin gríbe, is a' líonadh bhéidh siad,
Le treise, le stát, is ag árdughadh an léighinn so;
A Dhealgain ghruama a thug fuath do'n nGaedhealtacht.



IV.
Is gearr an t-am uait go mbéidh fuath ag an gcléir ort;
Shaoil tú gaisgidhigh agus gruagaigh shubhailceach Ghaedhealach
A chur faoi smúid, le do rúsgadh Béarla,
Ag déanamh do dhíchill a chur claoidh ar a' dtréine.



V.
A scaltáin a ghluais ó chuasán sléibhe,
Dá aithris do'n tír go bhfuil tú ar thaobh na cléire,
Acht dá mbéadh fhios ag Gallaibh air ar chuir tusa' thréas ann
Dhíoghalfaidhe le cnáib an pháidhe go léir leat.



VI.
Is tú an t-arc aníos ó íochtar Éireann,
Nó d'fhás ó'n tsiabhradh atá ag sidhe na Céise,
A thriall go dtí sinn le do bheirtín bréige,
Agus shaoil tú gleo chur ar phór Mhilésius.



VII.
Acht i n-aimhdheóin do ghliocais is duine gan chéill thú,
Béidh na déigh-mhic gach tráth ag árdughadh a gcéim mhór;
A dhosáin chluaisigh is gruama d'éadan,
Is glas agus is uaithne do shnuadh is do ghné 'lig.



VIII.
A mhic Sgeacháin scallta bhí feannta faobhthaidh,
A tháinig 'do stráinséir 's tú 'g iarraidh déirce,
Níl fhios goidé'n tír a dtáinig tú i scaol na sgéin' as,
Acht gur shéid tóirneach na gaoithe ó Chaisleán Séain thú.


L. 133


IX.
Fuair tú fosgadh agus áitreabh ó Ghaedhealaibh,
Gur éirigh tú dána ar lámha na dtréan-fhear,
Nó gur ghlac tusa láimh a bheith 'cáineadh na Gaedhilge,
'S na déigh-mhic atá dá teagasg le treise 's le tréine.



X.
Tá na ciseáin 'lig líonta do na sítigh céadna,
Agat-sa, 'mhic Dealgáin, a chóigcríchthigh bhréagaigh,
Ní do'n ádh dhuit baint leis na tréan-fhir,
Tiocfaidh pláigh agus gorta sgrios agus léan ort.



XI.
Níl tír nó áit a dtráchtar ar do luadráin
Nach mbíonn fir agus mná go hárd ag cruadh-ghol,
Fá'n nGaedhilg na séad atá ó'n nGaedheal Glas anuas
ann,
Go bhfuil sí dá cáineadh ag an tráill gan suairceas.



XII.
An té d'amharcfadh go dlúth ins na húghdair Ghaedhealach'
Dogheobhadh sé síos go fíor le léigheamh ann
Nuair a tháinig Partolánus slán go hÉirinn
Go raibh sí 'na bharcaibh ó'n Spáinn 's ó'n nGréig leis.



XIII.
Ins an am sin ní raibh focal againn de'n Bhéarla
Nó gur ghlac tusa 'láimh é, is tráill gan chéill thú,
Bheith 'g ísliughadh na sár-mhac, 's ag cáineadh Gaedhilge,
Acht guidhidh siad an bás duit, an bás fuair Hérod.



XIV.
Nó Alasdran mhac Philip dar uaidh na cuileógaí éadan,
Nó mar Nimrod an fiadhaidhe a chuaidh i dtréas mhór,
Nó mar cuireadh an rí Nebuchadnéasar
Le hórdughadh an aingil ag ingilt ar an bhféar glas,


L. 134


XV.
Ar feadh seacht mbliadhna gan chiall daonna,
Dá mbéitheá san gcruth sin ba ró-bheag an sgéil é,
A chóigchrícheach bhacaigh tá 'g imtheacht le bréagaibh,
A díbreadh le d'olcas ó íochtar na hÉireann.



XVI.
Sul fa dtiocfaidh ort an bás 'na fhágbhas tú'n saoghal so,
Atfaidh do theangaidh 's béidh do chogus dá réabadh,
Pléasgfaidh do shúile, is do cheann in a dhiaidh sin,
Is cha dtig leat aon fhocal a chumadh de'n mBéarla.



XVII.
Go lá do bháis ná raibh ádh nó séan ort,
'S nuair a chuirfear san uaigh thú cha bhíonn gruaim do
dhéidh-se,
Acht atá sgéal eile is measa nó'n méid sin,
Tiocfaidh Cerberus go dtí thú, a dhaoi-mhic Sgeacháin.



XVIII.
Agus iarrfaidh sé ort 'theacht le do bheairtín bhréagach;
Cha leigeann sé do bháthadh as a' mbád má's féidir;
Bhéarfaidh Charon slán thairis an átha go léir thú,
Go ríoghacht na ndeamhan i measg lasracha géara.



XIX.
"Tapaidh, deifrigh, agus ná déan pléid liom,
Chuir mo Dhia do choinne mé go gcuirfidhe thú 'ngéibhionn."
Nuair chonnaic Plúto ag teacht é, 'sna ciseáin air fuaighte,
D'fhosgail sé a mhór-chraos, agus léig sé béic as.



XX.
D'fháiltigh Conán roimhe, agus Bhulcan a' bhéil duibh,
Acht leag Cúchulainn é le bois ins an aghaidh:
"Glac sin," ar sé, "s ná bain leis an Ghaedhilg
Má gheibh tú ar ais in do chlódh le haon-bheart.


L. 135


XXI.
"Tá sé dhá mhíle bliadhain ó bhí mise ar an tsaoghal sin
Mé fhéin 's mo bhunadh dá ngoirthear 'n Chraobh Ruadh;
Sí'n Ghaedhilg bhí againn dá labhairt le chéile,
Agus fós ag gach duine da'r geineadh in Éirinn."



XXII.
Agus so dhuit do chinneamhain, in ifreann a' sgréachaigh,
Mhic Sgeacháin na gciséan bhí 'g imtheacht le bréagaibh,
Gan foirchionn gach chríoch ag caoi fá d'éagcaoin -
Bíodh sin mar sin agus tá sinn réidh leat.


L. 141



45. SEOLADH AN SPAILPÍN.
I.
Nuair a rachas tú go Cill Maighnenn pill ar ais go Bail'
Órrthaidh,
Gearr amach Laoide agus síos fá n-a bóithribh;
Nuair a bhéas tú 'gCrosa Caol' glac sgíthisde in do
lóisdín,
Is ag éirighe dhuit ar maidin cuir bealadh in do bhrógaibh.



II.
Béidh tú ar an ród díreach a' teacht aníos go Bail' Lóibín,
Nuair a bhéas tú ag an Dísceart béidh tú fá mhíle de'n
Tóchar:
Muna beith go bhfuil mé ramhar téagarta le hithe na feola
Shiubhailfinn-se leat tamall go gcuirfinn thú ar an eolas.



III.
Acht nuair nach dtig liom asdrughadh bheirfidh mé dhuit
comhairle,
Déana moill in gach bealach is bí 'fiosraigh nidh nach cóir
dhuit;
Nó deimhnighim dhuit, a spailpín, más mór do ghláibéid
sróna,
Nach mbíonn tú 'n Achadh na Muileann go gcuirthear bail
ar a' bhfoghmhar.



IV.
Ná téidh ún na Midhe móire níos mó agus gabh láimh léith,
Glac leathad do dhá chois d'fhearann Uladh 'gus bí sásta;
Nuair a rachas tú go Dún Binne bí ceileabhrach le mnáibh
ann,
Agus abair gur fleasgach ealadhanta thú a bhrostfadh
port ar chláirsigh.


L. 142


V.
Fág do chorrán buana ag gearradh fraoich ag an Tachairt,
Congbhuigh adharc a' bhealaigh 's ná sgar ar d'anam le do
mhála;
Sul fá mbéidh tú 'n Achadh Muileann b'fhéidir gur minic
a mhaith duit lán é
Is má gheibh tú meall nó millin in do ghoile cuir do
sháith de.



VI.
Is cosamhail thú le duine a mbéadh seachrán mór i ndán dó,
'S dá mbéinn-se, mar adubhairt mé roimhe leat, nó tréan
mar a b'áil liom,
d'fhágfainn thú ar a' gcasán a bhéarfadh thú go Port Láirge,
Ar an ndúil go gcasfadh fear leat bhéadh lúthmhar licthe
láidir,
A bhéarfadh thart go Sligeach thú má's a' triall abhaile atá
tú.



VII.
Is tú an fear is trioblóidighe casadh orm le trí ráithe,
Má théid tú uainn go Gaillimh is neach nach bpilleann
slán thú,
Aithneóchaidh feara Chonnacht gur ab é Cúigeadh Uladh
d'fhág tú,
Cuimhneóchaidh siad fearg Chonaill ort 's cha bhíonn osadh
ar bith 'ndán duit.



VIII.
Acht má's mian leat a ghabhail abhaile déan a aithghiorra gan
sárughadh,
Fág Luimneach ar do dheis-láimh agus codail i gCeann
tSáile;
Ag teóirinnte an dá chuigeadh bí súgach gan ádhbhar,
Agus congbhuigh an leaca chríon sin ort slíocaidh agus
bearrtha.


L. 143


IX.
Nuair a bhéas tú ag Bail' Shláine béidh tú féin ar a' ród
cheart,
Ó'n tSráid Bhaile ún an Iúbhair lean do chúrsa gan áireamh;
Nuair a bhéas tú 'mBéal Fearsaide téidh 'mach ann fá'n
tráighe,
Agus siubhail thart Sliabh gCuilinn, Muineachán, is Árdmhach.



X.
Siubhail thríd shléibhte Chuailnge agus suas as sin go
Cáirlinn,
Nuair a rachas tú go Doire ná bí gan fhios acht goir na
gárda ann;
Abair leo go deimhin go ndéana tú teine síos go lár de,
Muna seolfaidh siad thú 'un na Banna mar bhfuil na fir
a bhfuil do páirt leo.



XI.
Tiocfaidh dís anuas ort, críon uaithne mar tá tú,
Seolfaidh siad 'san tslighe thú cómh díreach le snáithe;
B'é Cruachán ba tír dóibh 's i mbruidhin Eochaidh d'fhás
siad,
Aithneóchaidh siad go fíor gur dá ngaol agus dá
bpáirt thú.



XII.
Leis sin d'amharc an fear claon orm le n-a radharca go
dána,
Is dubhairt, "Ceist agam ort, a Chléirigh, bhfuil d'eolas
comh fáirsing,
Ó thug tú eolas gach tír dhamh sgríobhfad é ar pháipéar;
Acht an bhfuigh mé abhaile choidhche go siubhailfidh mé 'bhfuil
ráidhte 'gat?"


L. 144


XIII.
Ó chuir tú 'n cheist sin go dtí mé, 'fhir chlaoidhte thú tá
fágtha,
Ó Bheinn Éadair go Daimhliaga caithfidh do spága a
mhársáil;
A' teacht ar ais duit arís codail oidhche ag Cnoc Phartholáin
Tá míle ó loch Éirne ar an taobh thall de'n mBáinsigh.
Ag dul un a' hEasa Ruaidh dhuit bí buan in do rása,
Is téidh ó sin go Achadh na Muileann 's nár phillidh tú go
bráth as.


L. 145


Dá mbéinnse i nAchadh na Muileann ba chuma liom oidhche nó lá
........................................................
Is nár thugaidh mo dhá chois mé ó Achadh na Muileann 'un na Midhe
móire go bráth.



A spéir-bhean is gile is is binne guth cinn agus béil,
Má's mianach leat fuireach nó go n-aithriseá mé go fíor duit é,
Tá saidhbhreas 'na tuilte, talta, agus maoin mo dhéidh,
Agus féadann tusa aithniughadh nach easbhaidh thug sa'tslighe seo mé,
Acht críonnacht a chruinniughadh agus 'amharc ar gach tír go léir -
Sé réab mé ó na glasaibh bhí orm ag mo mhuinntir féin.



Geallann sé duithe fósta "go dtug sé a chúl leis an Mhidhe mhóir,
le baint fhóghmhair, agus le harm meathlaidheachta"," agus "nach
bhfeiceann Dia nó duine" é san arm sin "ó so suas go bráth".




L. 149


AMHRÁIN
PHEADAIR DHUIBH UÍ DHÁLAIGH.



46. CEOL DO NA MAIGHISTRIBH GALL-GHAEDHEALACH.



A ghlacann tuarasdail nó bríb ó chuallacht bhrocach,
éiriceach Shráid Chill Dara i mBaile Áth' Cliath ar son an
Bíobla gallda do léigheamh.



I.

A mhaighistrigh gaedhealach a ghéilleas do Shacsanaigh,
Tá sibh bhúr gcodladh 's is brónach bhúr sgéal;
Do thréig sibh mac Dé is do shéan sibh do Chatoilicigh,
Is dhiúlt sibh do'n eaglais tá ar lorg na naomh.
Is díolaidheacht bhréige, mo léan, do cheannuigh sibh,
Tairbhe an tsaoghail do chuir ar an tseachrán sibh,
Ghlac sibh an bhríb dothug mac na mallacht díbh -
Tá sibh bhúr gcodladh 's is brónach bhúr sgéal.



II.
Ní thig libh a shéanadh nachar éag Sé ar Slánuightheóir,
Is d'fhulaing a chéasadh le hiomarca pian,
Chum sinne do shaoradh ó bhréagaibh an aidhbheirseor',
Ó chlaonta na colna, 's ó chealgaibh an tsaoghail.
D'fhulaing sé an méid sin go céillidhe carthannach,
Is d'fhosgail an tslighe go ríoghacht na bhflaitheas duinn,
Ní le piostil nó bríb do réidhigh sé an bealach duinn -
Tá sibh bhúr gcodladh 's is brónach bhúr sgéal.


L. 150


III.
D'achtuigh Sé an eaglais, is thug Sé di cumhachta
An poball do threorughadh go flaitheas na bhfial;
Agus gheall Sé go mbéadh in a haice go trócaireach,
Dá riaghladh 's dá seoladh go foircheann an tsaoghail.
Do gheall mar an gcéadna nach mbeirfeadh na geataí sin
Ifrinn ró-bhréagach thaodach tharcuisneach
Buaidh nó béim ar an eaglais ró-bheannuighthe -
Dearbhuigheann naomh Matha gur fíor mo sgéal.



IV.
Deir Sé linn éisteacht is géilleadh a thabhairt dí,
Agus umhlughadh do'n chléir-cheart a d'órduigh Sé féin,
Nó béidhmid faoi léan mar édinigh 's puibliceain,
Gan suaimhneas gan síochain gan ghrása gan séan.
Dearbhuigheann naomh Pól ag sgríobhadh ún Timotaidh
Gur b'í 'n eaglais so columan 's daingean na fírinne,
'Snach mór an díth-céille dhíbhse diúltadh dí -
Tá sibh bhúr gcodladh 's is brónach bhúr sgéal.



V.
Má tá an Spiorad Naomhtha dá seoladh 's dá stiúireadh
fós -
Agus béidh mar do gealladh go foircheann an
tsaoghail
Ar seachrán ní théidh sí, 's ní fíor go ndeachaidh fós,
Acht 'na tórsa ghlan shoillseach gan mhearadh gan bhaoghal.
Tá fhios agaibh féin nach mbréagnuighthear an fhírinne,
Ar a shon sin do thréig sibh cliair na síochana,
Tráth ghlac sibh an bhríb ó'n mbréan-bhrosg bhíodanach -
Tá sibh bhúr gcodladh 's is brónach bhúr sgéal.


L. 151


VI.
Deir na Séantóirí bréagach' nach bhfuil le déanamh dhuinn
Acht an bíobla do léigheamh 's ar seoladh inn féin;
Acht deir Críost linn géilleadh is éisteacht cheanamhail
A thabhairt do'n eaglais, nó béidhmíd faoi léan.
Adeir linn ag Lúcas 'san deicheamhadh caibidil
An té éisteas an chliar gur leis-sean do éisteas sé,
'San té tharcuisnigheas iad gur ab Eisean do thréigeann
sé -
Tá sibh bhur gcodladh 's is brónach bhúr sgéal.



VII.
Dobheirim díbh comhairle ciallmhar carthannach,
Filleadh gus greamadh do chumann na naomh,
'San eaglais tá fiúntach cumhachtach geanmnach
Cabharthach caithréimeach ceanamhail caomh;
Mar mbéidh sibh i gcomhluadar aingle is absdalaí,
Pátriairc naomhtha, is fíor-chonfeasóirí,
I gcuideachta Críost, an Rí do cheannuigh sibh,
Is deirfidh mé an uair sin nach brónach bhúr sgéal.



VIII.
Moladh do'n Athair atá grádhmhar déigh-reachtach,
Déagh-chomhairleach déagh-chumhachtach déagh-chúngantach
tréan;
Agus moladh do Íosa an righ-mhac déagh-achtach,
Déagh-shomplach déagh-lochrach déagh-chleachtach glé'al;
Moladh do'n naomh-Spiorad fír-ghlic faisdinneach,
Teagasgaidhe fíor agus ceann na n-Eaglaiseach;
Agus moladh do'n Tríonóid naomhtha tuigsionach -
Cá bhfuil an Maighistir nach ndeirfidh "Amén"?


L. 152



47. ÉIRIGH, 'GHRÁINE MHAOL.
I.
Tráth luigh mé síos aréir,
Free from care in a silent room,
Sé tharlaidh dhamh-sa an spéir,
And she arrayed like the silver moon.
Go faiteach tréith-lag claon
She said, "Young man, pray now arise,
Agus sgríobh síos cupla bhéarsaí
For those ravening wolves in sheep's disguise."



Agus éirigh 'Ghráine Mhaol,
And exterminate this heresy;
Tabhair lámh le Dómhnall cléibh,
To gain Erin's sons their liberty.


L. 153


II.
Go cladhartha labhair mé léithe-se -
"O bright angel of the gentle throng,
Char léigh mé sgríbhinn dhiadha,
So I'm unable to write the song."
"Glac misneach," ars an mhaighdean,
"But take care and my secrets keep,
Agus sgríobhfaidh tú go méidhreach
What will bring to shame those straggling sheep."



III.
"A chomharsain dhílse chléibh,
Lend an ear to my verses few,
Agus éistighidh le mo sgéal-sa,
While I relate my tale to you.
Tá mo chroidhe 'stoigh i bpéin-bhroid
For my brethren's negligency,
Mar nach gcluineann siad an chléir,
The true means of their sanctity.



IV.
"Nach buadhartha bocht an sgéal
That they forsake the Holy Lamb,
'S gur b'iad so briathra a bhéil -
"I'm the way and the life of man."
Gan fuil is feoil mhic Dé
I am afraid there is no hope at all;
Is in bhur n-aghaidh má bhíonn an Mhaighdean
Her Son will remain deaf to your call.


L. 154


V.
"Ins a' tríomhadh caibidil déag
Of St. Paul to the Corinthians,
Deir sé "béidh agaibh fáidhe bréige"
But beware of their false sentiments:
Tá lán dúil ag na héiricigh
That you'll take their words for orthodox
Do na slóightibh ag innsigh bréaga,
Like their leader Luther the wily fox.



VI.
Anois sé deirim féin libh -
Beware of their deluding snares
Tá sgapthaí ins an bhféar glas
To trap and leave you in despair.
Mar gheall ar mhaoin bhoicht shaoghalta
You have strayed from Christ's holy flock,
Mar rinnidh Iúdas na mbréag,
When he betrayed the Son of God.



VII.
An dall atá bhur meabhair
To all before you well believed?
Nó nach gcualaidh sibh go leor
Of the truth and laws of Christ's holy creed?
Chaill sibh féin an t-eolas,
Since you cast your former pilot over deck,
Agus golfaidh sibh go fóill é
For leaving that ship that can't be wrecked.


L. 155


VIII.
A chidnappers Bhaile Áth-gan,
So hardened in false doctrine,
Nach síleann sibh gur náireach
To be partners with the swaddlers;
Déanaidh aithreachas mar Dháibhí,
Who made the psalms when under ground,
Nó béidh náire ar bhur gcnámhaibh
If to write again I do sit down.



Agus éirigh 'Ghráine Mhaol
And exterminate this heresy;
Tabhair lámh le Dómhnall chléibh,
To gain Erin's sons their liberty.


L. 156




48. ÉIRE MO MHUIRNÍN, SLÁN LEAT GO BRÁTH.
I.
Ba huaine glas na mullaigh áit ar hoileadh iad mo
shinnsear,
A Éire mo mhuirnín, slán leat go bráth;
Bhí suaimhneas ag ar mbunadh, cé gur cumhangán gann ar
roinn de,
A Éire mo mhuirnín, slán leat go bráth;
Acht fá dheóidh tháinic a' t-am nach rabh greim againn ar
léigse,
Is ba mhian liomsa fuireach mar ar rugadh mé 's mo
ghaoltaí,
Och b'éigin damh-sa imtheacht, is mo cháirde uile thréigbheáil,
A Éire mo mhuirnín, slán leat go bráth.



II.
Gidh gur umhlaigh mé do'n reacht-san ní raibh faisceadh
faoi mar chóir damh,
A Éire, srl.
Mo mhór-chumhaidh! mo theach beag chím 'na dhearg-lasrach
dóighte,
A Éire, srl.
Is b'éigin damh-sa imtheacht ó mo ionad 's ó mo lóisdín,
Ar teicheadh thríd a' domhan im' dhonán bocht 's mo
dheóraidhe,
Tá mo chroidhe 'stoigh ga ghearradh mar a sgaradh mé ó'n
bhfód-sa.
A Éire, srl.


L. 157


III.
Lé cáilidheacht fhíor-ghlan do'n gcríoch-sa bhí mé seasmhach,
srl.
I ngrádh le mo thír is ba mhian liomsa a leasadh, srl.
Bhí mo chuideadh le hÉirinn 's go n-éagfainn dá cosnamh,
Tráth threisigh siad na hÉiricí ba léir dóibh mé ag osnaidh,
Ar son mo chreidimh b'éigin damh teicheadh gé gur leisg
liom, srl.



IV.
Fuair mé caraid i dtaobh' thuaidh gé gur fuath bhí d'ar
sinnsear, srl.
Tá'n fhala briste uainn is tá snuadh shíor ar m'intinn, srl.
Thíos is thuas atá mo lámh, thoir is thiar atá mo chroidhe-se,
'S a choidhche ná bíodh muid dealuighthe le cam-chluiche ar
mbíodhbhaí,
Acht grádh thabhairt dá chéile 's gan a tréigbheáil go
síorraidhe, srl.



V.
Acht éist! cluinim gotha, is tá m'aigne ag éirghe, srl.,
Tá caradas 'gar dtathughadh agus faladas d'ar dtréigint,
srl.
Tá sinn líonmhar i ndaoinibh, is bheir líonmhaireacht tréan-
neart,
Bíodh ar n-intinn a bheith saor is támuid saor an uair
chéadna,
Is ar ndeagh-chlann 'san tír-sa 's ar bpríomh-laochraidh i
gcéim-cheart, srl.



VI.
Ba ró-fhada ar nguaiseacht 's ba truagh-lag ar
n-éagcaoin, srl.
Le croidhe mór só-ghluaiste is dual duinn sin uile
réidhteach, srl.
Is gan umhlughadh níos faide dhóibh go crith-eaglach i
ngéibhionn


L. 158


Acht le lámh luath, rún aigeantach, dlúith-cheangailte le
chéile,
Dá mbualadh 's dá ngreadadh nó go sgriosamuid ó'n
tsaoghal iad,
A Éire mo mhuirnín, céad slán leat go bráth.


L. 159



AMHRÁIN
SHÉAMUIS UÍ THOIMHLEAIN.
49. AN BÁS AGUS AN CLÁIRINEACH.
I.
Tráthnóna liom fhéin tháinic an bás fá mo dhéin,
'S nuair a chonnaic mé a éadan 'sé chreathnuigh mé:
Bhí a chnámha go léir ar a gcoirr, is iad géar,
Is chuir sé fuil in mo éadan má's tanuidhe mé.
Bhí a fhiacla ar a gcír, gan phuisin go fíor,
Bhí a leaca 's a smaois éagsamhalta,
Nuair a d'amharc sé aniar dhruid mise uaidh siar,
Is annsin rinne sé gáire sár-aidhbhéalta.



II.
Tháinic glór ar a chliabh mar anfadh ar shliabh,
Is bhí cubhar le n-a fhiaclaibh meirgeach',
Dubhairt sé le n-a bhéal "an Gall thú nó Gaedheal,
Mahomatach, Hindú, nó Éiriceach?
Nó ar ghlac tú leis an dream sin, sean-Liútar cham,
A fuair cogar faoi chuim ó'n an-spriod?
Is mór m'eagla go fíor go bhfuil siad, faraor,
Na mílte thart siar ag an sean-spriod."


L. 160


III.



"Is cláirineach mé atá i ndeireadh mo lae,
Agus bhí mé seal aerach, earráideach;
Aid'ighim do'n t-saoghal go rabh mé gan chéill,
Is tá 'fhios ag Mac Dé gur bharraigh mé.
Acht an creideamh sheol Críost tá sé agam mar bhí sé,
Níor mealladh le bíoblaibh Galla mé;
Leabhair uaisle na mbréag cha chreidim go h-éag,
Go síntear faoi cré ins an talamh mé.



IV.
"'Nois, a bháis bhuirb chaoil, sin mar chaith mé mo shaoghal
Agus b'fhéarr duit suidhe síos go gcaithfidh mé
Tarraingt nó dó as mo phíopa le ró,
Agus innsigh, má's féidir, cá rachaidh mé.
Ná h-abair níos mó, acht leig uait an bógha,
'S ná labhair cómh fiadhta feargach;
Má imthighim-se fhéin ná bíodh sinn i mbruighin,
Acht seo dhuit mo phíopa is dearg é."



V.



Labhrann an Bás.




"Maise, dheanfaidh mé foighid, mar is deas liom do
phléid,
Agus glacfaidh mé tréat mar b'annamh liom;
Agus caithfidh mé toit le duine gan locht,
A labhras cómh h-aerach greannmhar liom.
Tá mé 'bhfad ar an t-saoghal ag cur cailleacha i sgaoll,
Is tú'n chéad duine 'riamh thug cuireadh dhamh;
A chláirinigh chléibh, suidh síos le mo thaoibh,
Gheobhaidh tú fad do lae is cha chorruighim thú."


L. 162


50. AN PÍOPA BRISTE.
Thuit mo phíopa ar an talamh.
Briseadh é, is tá mé follamh;
Bhí sé 'gcómhnuidhe ródhmhail, réidhtigh',
A choidhch' níos mó chan fhóghaim a léithide;
Bhí sé díreach, slíocaidh, sleamhain,
Chá bhfuightheá a léithid ins a' domhan.
Dubhairt Paidi Mhac Ramhna is Tam Mhac Cléirigh
Nach rabh a léithid faoi na spéirthibh,
Is chá bhfuightheá beirt, dá siubhailfeá Éire,
A líonfadh is a chaithfeadh leis an bpéire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services