Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Rainn agus Amhráin

Title
Rainn agus Amhráin
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1700
Publisher
(B.Á.C.: Brún agus Ó Nóláin Teor, 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sé is léir liom uaim.
Agallamh eadar Shéamus Mhac Cuarta agus
Aodh Mhag Oireachtaigh.



Mac Cuarta:
S é is léir liom uaim gurab oighre ar Ghuaire,
ar fhéile, ar uaisle, ar eolas,
Mac Dáibheid nach gruamdha ar éisteacht duain,
le ' n-éirigheann cruas chum crodhacht';
Géag-fhear suairc ban sgéimheach ó thuaidh
gach maighre ar uaisle ar Eoghan,
Lucht tréaghdtha gach sluaigh Brian léimneach 's Tuathal
's Ó Féagáin luath nach leóntar.




Mag Oireachtaigh:
Ó Néill ba dual bheith i n' oighre ar Ghuaire,
bheireadh buaidh gach comhraic,
Nó Górdun Ruadh dá ngéilleadh sluagh,
d' imthigh soir uainn thar bóchna;
An Cheatharn bhocht fuar a mbíonn ortha an ruag
aba chóir a bheith a' bualadh nó a' romhar,
Gá dtarraing anuas mar cheann-phuirt sluagh
' n-áitidh dhaoine uaisle Fódhla.




Mac Cuarta:
Nach cumasach dhóibh 's gan cuideadh dá gcomhair
bheith i gcogadh gach ló le ríghthe,
'S gurab iomdha neart slóigh a cailleadh dar bpór,
's gan duine theacht beó as gach triúr dhíobh;


L. 3


Ní'l ach ceathrar ag Eoghan chum sgaithte sa ngleó,
's gurab ortha bhíos tóir na dtíorthann;
Fir Shacsan 'na ndeóigh 's gach atúrnaidh is mó
chun na h-aicme seo chlódh 's nar chríochnuigh.




Mag Oireachtaigh:
Ní'l cumas ag Eoghan le Billy 's a shlóighte,
muna ngoide sé bó nó caora;
Béidh a cheathrar 'na bhfeóil ag Gallaibh go fóill
i n-áitidh a gceóil 's a n-aoibhnis;
Ní raibh insa tóir 'ar basgadh go leór
ach macnaidh na seód Ríogh Síomus;
Cha stopann siad slóighte ach a' seachnadh na ród,
a' déanamh sladtha ar chró gach íocaidhe.




Mac Cuarta:
'S a bhuachaillí an tsléibhe, cuidighidh le chéile
's cuinnighidh mur n-airgneach uaignis,
Go dtiocfa na Gaedhil le guidhe na cléire
'ar thonnaibh i gcéin ' gar bhfuasgailt;
Leanaigidh béasa ghoile chlann Dáibheid
's cluinfidh Síol Néill mur dtuairisg -
Go mba cumasach tréitheach curaidh an tSéin
' teacht chugainn le céim go Cuaile,




Mag Oireachtaigh:
Bodaigh gan chéill ag imtheacht i dtréas
dá gcur i gcéim daoine uaisle,
'S an iomadaidh bréag dá chumadh 'na ndéidh
mar gheall ar mhéadughadh duaise;


L. 4


Is iongnadh liom féin 's é tuigseach i gcéill
nach d' ollamh ar éigse i n-uachtar ?,
Nuair nar innis sé an chéim ba chuibhe dá léithid,
bheith ag imirt a dtréartha ar luaiste.



Mac Cuarta:
Tá ceathrar gan fhuath dar gabhadh fó bhuaidh
do sheabhacaib suaichnidhe is áille,
Eoghan gasta bheir cuairt na n-atúrnach uainn
' tabhairt astar is duas ó náimhde;
Brian barramhail 's Tuathal lucht sgabtha gach
sluaigh
nach dtilleann ó chruas gach gábhaidh -
Go mba caithreimeach buan bhainfid carthannacht
chruaidh
as Gallaibh ó thuaidh dar gcáirde.



Mag Oireachtaigh:
Tá ceathrar gan stuaim nach léigheann litir ná duan
de ghrágairí gruamdha gránna,
Eoghan bacach gan snuadh ' tá 'na pheacach ar
shluagh,
théid i bpollaibh le luas na Galltacht';
Brian bradach is Tuathal, lucht sgabtha gach
sruain
nach dtig folláin ó shluagh na námhad -
Go mba fada 's go mba buan a gheobhaid tuirtíní
cruaidhe
eadar chailleachaí Chuaile is Cháirlinn!


L. 6


IV.
Ceist agam ort.
Agallamh Shéamuis Mhic Cuarta agus Chúirt Bhaile Shláinghe,
nó Cúirt na Féile.



Mac Cuarta:
Ceist agam ort, a chúirt na féile,
cár ghabh m' fháilte?
'S go bhfaca tú mise i n-aois gan chéill
ar thaobh do shráide.



An Chúirt:
What is that you say ar an staedhire,
nó goidé fáth d' adhbhair?
I cannot understand your Gaelic
agus labhair go Gállta.



Mac Cuarta:
Ní'l ach mise ' tá a' fiafruighe sgéil
do dh' éadan bádhúin;
Cá ndeachaidh na Fiana a bhíodh do t' riar
nó meidhir na clársaighe?



An Chúirt:
Is gníomh gan chéill do-ghní sibh Gaedhil
díbh féin sa tráth sin,
Bheith a' pronnadh bhur gcíos' ar chaoin na dtéad
's dá spréidheadh ar lucht dántaí.



Mac Cuarta:
Gidh nach fiú pighinn leat caoin na dtéad
nó réidhteach dántaí,


L. 7


Dothigidís cléir ó thír ó chéile
a léigheadh na páise.



An Chúirt:
Gníomh eile gan chéill bheith a' maoidheadh bhur
gcléir'
ar léigheadh na páise -
Ba bhinne liom $prayers dá míniughadh i mBéarla
as bíobla Gállta.



Mac Cuarta:
Is iongnadh sin 's gurab iad ar gcléir - inne
a ghéilleas don bPápa,
'S go dtiubhradh siad braighe as piantaí daora
de léim go Párrthas.



An Chúirt:
Goidé an sgrioptúir ' nar léigh tusa
a léithid sin de rádhmhaill?
Nó cá huair a thug Críost cumhacht do bhur gcléir
a bheith a' méadughadh grása?



Mac Cuarta:
Ins a' gcúigeadh caibideal ag Naomh Séan,
má léigh tú san áit sin,
Gheabhaidh tú ann sgríobhtha guidhe na cléire
's ola roimh an mbás ann.



An Chúirt:
Cá fios duit - se sin 's nach bhfuil agat léas
ar léigheann nó ar a áthrach?


L. 8


'S go mbíonn tú go cinnte ag innsigh bréag
's go n-éisteann cách leat.



Mac Cuarta:
Gé nach léir damh líne a léigheadh
i mbíobla Gállta,
Tuigim a' Ghaedhilige is guidhe na cléire,
's do-ghním gnáthas de.



An Chúirt:
Nuair nach gcreidfidh tú fíor nó bréag uaim,
bí mar ' tá tú,
Nó téigh mar' bhfuil Gaedhil i n-íochtar Éireann,
's fan ' do sglábhuidhe.



Mac Cuarta:
Sibh - se ar éigin an síol sin a' Bhéarla
d' fháig Gaedhil 'na sglábhaidhe'e -
A gcíos, a spré, a maoin 's a n-éadáil,
gur libh - se a thábhacht.



An Chúirt:
Le faobhar cloimhte, le géar-lannaibh,
's le neart lámha,
A bhainfeamuid cíos is maoin do Ghaedhealaibh
's géillfear do Ghálltacht.



Mac Cuarta:
Tchífidh sibh i n-Éirinn aimsir éigin
's béidh ann áthrugadh;
Deir na naoimh 's na fíor-chléirigh
go sgriosfar Gálltacht.


L. 9


An Chúirt:
Gach uair a dtug muinn buaidh ar Ghaedhealaibh,
bhíthear dá rádh sin,
Ach béidh sibh go cinnte faoi nar ngéar-smacht
's cha dtig Spáinnigh.



Mac Cuarta:
B' fhada bhí poball Israel san Éigipt
i mbruid ag Pháro,
Nó go dtug a' t-Athair Síorruidhe 's Maois leo
saor iad
thríd an lán-mhuir.



An Chúirt:
Cá huair a rinn' muinne díoghaltas ar Ghaedhil
mar do-rinne Pháro?
'S nár fháig sé aon mhac mí gan éag
don tsliocht sin Iácob.



Mac Cuarta:
Is fuide muinne faoi smacht lucht Béarla
ná poball Aáron -
Ar feadh dhá chéad bliadhan i n-aois ó chéile
gan riaghail chrábhaidh.


L. 13


VII.
Faoi mhalaigh Shliabh Crúb.
Agallamh Shéamuis Mhic Cuarta agus Phádruig Mhic Ghiolla
Fhionndain.
Mac Cuarta:
Faoi mhalaigh Shliabh Crúb má bhainim - sa fúm
Béidh orm - sa cumhaidh fá m' átharach,
Mar nach bhfuil agaibh dh' usáid ná beatha ins a'
dún so


L. 14


Ach a' rácáil 's a' rútáil photátaí;
Ní hé sin an cleachtadh a fuair mise ins a' dún,
Dá dtigeadh chun snuadha gach gráinne,
Ach cruithneacht agus plúr acu - san le cliú
Dá sgabadh agus úir-leann Márta.



Mac Ghiolla Fhionndain:
Tá fosgadh ag an Chrúib is cha mhinic linn siubhal,
'S ní ithtear ann plúr gan annlann -
Ní sheasann tusa cliú do na bodaigh sin ó Lúgh'
'S gurab é dúnadh a gcuid dorsa a b' fhearr
leó.
Nach cuimhin leat sa dún so ubhlaí 'gus plúmaí
Agus talta breágh' úra na h-áite?
Seasann siad a ndúithche go fearamhail le cliú
'S ní thugann siad cúl dá náimhde.




Mac Cuarta:
Tá ubhlaí go deimhin ins a' dún so le feicsin,
'S is cumhain liom go bhfaca mise an méid sin
Ach is dóigh nach cosmhuil Teamhair le 'n fhód do
bhur gcuid fearann
A mbíodh laochraidh is macnaidh ar féasta ann;
Feara Éireann dá dteagmhochadh i n-éinfeacht
fán áit thíos,
'S iad ag cur guaill' le n-a chéile,
Ní'l a'n réagun san chruinne nach ndéanfadh
siad a lagadh,
Gidh gur claoidheadh iad i gcathaibh 'na
dhéidh sin.


L. 15



Mac Ghiolla Fhionndain:
Labhair le céill is na canaigh thusa bréag,
'S ná déana - sa éagcaoin gan ádhbhar;
Bíonn arán glan glé-gheal i n-aice ban sléibhe,
Uisge beatha daor agus March beer;
A' teacht aimsir' na féile bíonn cruinniughadh ar
an gcléir ann
'S gach aon díbh ag déanamh crábhaidh,
Bíonn clársach na dtéad a' seinnm le n-a dtaobh,
'S lucht ealadhan ag síor-chur dántaí.




Mac Cuarta:
Clársach ná ceól chan fhaca mé go fóill
Ag bhur dtulaigh gidh gur mór le n-a ráidht é,
Ach cáfruith mar shógh bhíos agaibh - se gach neóin
'S an brochán dá ól de na sgálaí;
Potátaí ar bórd gan arán gan fheóil,
Sé mheasaim gan mórán annlainn;
An bainne reamhar cóir, cha bhíonn agaibh ar
dóigh,
Ach dá mhaistreadh 's ag ól na bláithche.




Mac Ghiolla Fhionndain:
Níorbh' fhuráil dúinn-e potátaí bheith againn is
cáfruith
Tráth thiocfá - sa ' do shrádaidhe 'un ar dtíre,
Cupán de go sáimh go bhfuigfeá in do bhrághaid,
'S nach ndíolfá do cháin a choidhche;
Ní'l a'n sgulcaire in d' áit nach bhfuilingeochadh
an bás,
' Sul fá dtiubhradh siad sásamh i mbiadh uatha;


L. 16


Bíonn plúr gach gráinne libh 'un na sráide
A' sgagadh 'gus ag sgáineadh an chíosa.




Mac Cuarta:
Labhair le céill 's ná canaigh thusa bréag -
Nach minic a bhíos bhur dtriall 'un ar dtíre?
Bhur gcuid corrán ar bhur sliasaid 's bhur sgata
ban taobh thiar díbh
Ag tacar is ag déanamh an chíosa;
Breacanaí dá dtriall níor chleacht mise ariamh
Ach an builín a mbéadh díoladh féasta ann
Chan comórtas bhur sliabh leis an talamh a chum Dia
A dtagadh gach dias ar a mhéad ann.




Mac Ghiolla Fhionndain:
Ta talamh breágh aoibhinn againn ar gach taobh,
A bhfuil fosgadh ann is díon ón mbáistigh,
'S nuair a dhearcamuid síos gur geile é ná an
t-aol -
Sliabh gCuilinn breágh na séad go h-áluinn;
Le linn cogaidh ná síothchán' níor ghlac sé riamh
sgaol
Ach 'na sheasamh go díreach láidir;
'S iomdha sin rí thainig chuige le $fleet,
'S ní thug sé do aon díobh ach fáilte.




Mac Cuarta:
B' olc an áit do rígh a theacht chugaibh - se le $fleet,
Ar cuireadh 'un bhur mínleach sléibhe,
'S nach bhfuil sneachta ná síon dá dtig ar an
tsaoghal,


L. 17


Nach mbíonn agaibh seal míosa ar céilidhe;
Nuair a dhearcaim oraibh síos bíonn gruig oraibh
aníos,
'S gach aon díbh ag teicheadh ó n-a chéile;
Chan iarrfadh sibh do aoibhneas ná aiteas ins a'
tír so
Ach a' ruagadh cearca fraoich 's a gcuid
éanlaith.


L. 19


IX.
Is fada mé ' mo luighe.
"Marbhnaoi Shéamuis Mhic Cuarta do cumadh leis féin ar uair
a bháis i gConndae Lúgha'."



Is fada mé ' mo luighe i Lughmhadh,
' mo sgraiste brúighte - mo mhíle crádh!
Dúisighidh is cruinnigidh na seabhaic lúthmhar',
's iomchraigidh an t-úr-mhac i gcaol na
gcnámh.



Dís is ochtar a theastuigh uaim,
' tá 'na luighe go suaimhneach sa mBaile Nuadh,
Mar a bhfuil Mairghread is Ruaidhrí 's Brian, mo
chuallaidh,
's déantar uaigh dhamh ar ghar an triúir.



Síntear síos mo thaobh le Ruaidhrí,
mar a bhfuil mo chuallaidh, Brian Bán,
'S tá siad an dís ann 'na luighe ar uaigneas, -
cuir idir fuacht mé 's cor don gclár.



Cha bhíonn Róis ann nó an dá Éamonn,
agus ar son Mhairghreada, char chlaonaigh
páirt;
Tá an dá Bhrighid ann le taobh a chéile,
's cha bhíonn siad ag éad fá mo chur san áit.



Is iomdha $petition a chuir mé sgríobhtha
ó mo ghaoltaí go dtí do pháirt,
's ar ghrádh na buime d' oil thú, a Chríost,
ó 's leat - sa an díotáil, ná h-agair cáin.


L. 20


X.
Ráfladh an Smaolaigh.
Brian Rábach Ó Cléirigh cct.



A stáid chiúin chéillidhe, mo chrádh géar 's
m' éagcaoin,
Nach n-áthruigheann tú do mhéin mhaith a's
fagháil réidh chun a theacht liom,
I n-áit nar gheárr linn ar laethe a chois trágha
ag síor-fhéachain
Ar áille na n-éan beag a' seinnm ar an toinn,
A' trácht ar gach sgéal beag a b' fhearr a' gearradh
laethe,


L. 21


Mar a dtig deállradh ón ngréin a' tóigbheal cuisne
de na gleinn,
'S muna dáimh leat an réim sin, céad slán leis an
gcéill mhaith,
'S d' fhág tú gan aon mhnaoi mé feasta le mo
linn.



A phlúr gach maighdean, glac dáimh le mo ghé-
agaibh,
Sul fá léigfidhe i gcré mé nó ar leabaidh leis
na mairbh,
Sul fá bhfásfaidh an féar glas thríd lár mo chléibh
I gclárthaí fuaighte go daingean faoi throm;
I gcás nár bh' iongnadh a fhagháil do mo léithide,
Le dánacht na réime do léigeas le mo chionn,
'S a liacht sár-mharcach Gaedhealach d' árd-fhuil
na Bréifne
A' fagháil bháis le h-éad fá do dheilbh, 's a' dul
i gcill.



Sé do chaoin-chum glé-gheal 's do bhrághaid mar
an aol,
d' fháig caochadh ar mo radharc do mo dhalladh
gach am,
Agus claoidhteacht ón éag ar mo chroidhe ' stoigh
dá réabadh
Tráth smuainim thú bheith réidh chun sgaramhain
liom;
Budh iocshláinte shéimh liom aon phóg ó do bhéal
bhinn,
'S dá bhfaghainn í go réidh, níorbh' eagal
damh bheith tinn,


L. 22


'S ná bí ' do chionnfáth le mo shíneadh ins an léine
Ariamh nár sgar le h-éinneach dá ndeachaidh
faoi n-a cuim.



A mhaise gach bantracht, ná ceil orm - sa d' annsacht,
'S mé ar ghuin bheith anbhfann lag claoidhte;
Furtaigh orm i n-am sul fá dtiocfaidh orm an t-am
Bheith i dtulaigh ine bpancán sínte;
Ach muna bhfuighe mé toil m' intinn' gan ghéillbheal
do chuimhreach
Na cléire in gach punc dá mínighid,
Na ríoghachtaí gan toirmeasg go siubhailfead ar
a' gcontabhairt,
'S anonn thar a' toinn ins na cíantaí.



Thig dáimh an éisg ar bhárr an tuile a' léimhnigh,
An sugh thalmhan 's an samharclan a' fréamhadh
faoi n-a bhun,
Fál cnú agur caora a' fás an uile thaobh dínn,
Ar lámha fá n-a chéile faoi dhuilleabhar coill;
Bláth gach aon luibh a' fás agus a' fréamhadh
Go lághach le n-a chéile bonn ar bhonn,
Agus ráfladh na smaolach i mbárr na dtor a' léimnigh
Go lághach le n-a chéile ó thom go tom.


L. 26


XIII.
A Ghaoidhilge mhilis.
Peadar Ó Doirnín cct.



A Ghaoidhilge mhilis is sáimhe fonn -
mear, mór, láidir mar réab na dtonn;
níor chóir do labhairt i bhFodhla am,
's ní bhíodh do bháird-mhil i nguais a gceann.



Ní fhuil aon teanga sa mbeatha mbreas
chómh líonmhar áluinn ná chomh caomh deas;
gidh aimsir fhada faoi smacht an-teann,
táir cinnte i státa gidh do cháirde fann.



Ó chlann an Bhéarla is mór an duadh
thainic chugad le reachtaibh cruadha;
do sgriosadh sgríbhinne is leabhra grinn,
's is mór an t-iongnadh go mairir ionn.



An t-Amhrán.
Ghlac eagla áidhbheil clann na Galltachta
Go bhfiosfadh an Fháil-treabh a ndíne fíor,


L. 27


'S go lasfadh meanmna in gach uile pháiste
Ar sgriosadh a athar gan táin sa tír.
Do loisgeadh teampaill is leabhra bána,
'S mo mhíle crádh fós gach saoi-cheap fréimhe,
'S d' aindeóin a ngliocais, táir cinnte i státa,
'S go Luan an Bhrátha, béir, mo mhúirnín
féin.


L. 33


XVI.
Triamhuin na máthara fó 'n leanbh.
Peadar Ó Doirnín cct.



Nach mairg dhamh ad' éis,
A leanbáin na gcraobh!
Bhí aoibh ort le do mháthair,
A leanbáin mo chléibh!
Is cumhain liom do gháire,
Nuair a stialladh ó mo lámha thú,
d' aimhdheóin do cháile - se,
A leanbáin mo chléibh!


L. 34


Cá ndeachaidh ar gcáirde,
A leanbáin na gcraobh!
Táid 'na luighe gan áird,
A leanbáin mo chléibh!
Táid uile ins an uaigh, -
Na curaidh chalma cruaidh'
Ghéanfadh ár an tsluagh dhuit,
A leanbáin mo chléibh!



Tholl siad do lár - sa,
A leanbáin mo chléibh!
'S tú in mo lámha,
A leanbáin na gcraobh!
Do goineadh mo chlí,
Óir chuaidh an gath go ndith ?
'S do ling fuil do chroidhe,
A leanbáin mo chléibh!



Do-chonnacas do dhaor-phian,
A leanbáin na gcraobh!
Ni aithrisim mo phian - sa,
A leanbáin mo chléibh!
Do throid mise leo -
Níor shuim liom mo bheó -
Thoghfainn bás sa ghleo,
A leanbáin mo chléibh!



Do cheangail siad le crann mé,
A leanbáin na gcraobh!
Ionnus go bhféachainn th' an-chruth,
A leanbáin mo chléibh!
Bhí tú ar bhárr an phíce,


L. 35


'S do-chuala mé do chaoi - se,
'S do réab sin mo chroidhe - se,
A leanbáin mo chléibh!


L. 39


XX.
A Thailltin na mbrat.
Uilliam Mhac Ghiolla Chiaráin cct.



A Thailltin na mbrat, na linnte 's na loch,
Ba chinnte faoi stoc ríghte -
Sliocht Chairbre na n-each 's Chormaic mhic Airt,
Ceann-phuirt na gcath agus laochraidh;
A' seilg faoi do chnoc bhéadh Laighnigh gan locht
'S Ultaigh le n-a maitheas draoithe,
'S a' dream sin a chleacht a bheith cuartuigheach
ort,
Is truagh liom - sa anocht dá ndíth thú.


L. 40


Corruigh suas na leomhain, - chodail siad go
leor -
A bhíodh againn i gclódh laochraidh -
Fearghus mhac Róigh ar thoiseach an tslóigh
'S clann Uisneach a bhí beó bríoghmhar;
Dá mbéadh fhios aca an dóigh a bhfuileamuid
faoi bhrón
'S a maireann do phór Mhílidh,
Thiocfadh Éibhear na séod agus Éireamhon leó
Agus ghéanfadh siad go leór díoghaltais.



A Chúchulainn nár bh' fann! pill arís ón tuinn -
Ná codail insa' bhfonn ach éirigh;
Tabhair fabhairt ar do lainn lé leadarfaidhe
cuim,
Go sealaighthear leat cinn ríghte;
Tá clann Chaillitín na meang le h-easarluigheacht
gach am,
Nó gur shladuigh siad ar maoin shaoghalta;
Ní'l aoibhneas nó greann nó siamsa ar bith ann,
Ach feasta caoile Gall craosach.



Dá dtiocfadh Osgar agus Goll, craobha cosanta
gach geall,
I dTailltin i n-am aonaigh -
Caireall nár bh' fhann is Cúraoi na lann
'Na bhfochair ar an bhfonn céadna -
Nach cladhartha don dream nach n-éirigheann i
n-am
'S gabhail le n-a n-airm líomhtha,
'S éiric gan mhoill a dhéanamh ar Ghaill
Fá Ghaedhil bhochta fann' claoidhte!


L. 41


Bhí Fiachra is Niall is Lughaidh mhac Céin
Go súgach i riaghail Thailltean,
Fionn, rí na bhFiann 's a chompain gan chian,
'S Conchubhair, an tréan-Ultach;
I Saltair Theamhrach atá an sgéal le h-aimsir na
mbliadhan
Go bhfuil dream do shíol mBriain cinnte ann,
Ach ar chuimhniughadh na bhfial is lag tinn mé
'na ndiaigh,
Mar ghlaim chon 's an fiadh caillte.



A Theamhair ba dual fargnadh gach uair,
An trom leat do shuan oidhche?
God as nach dtiomsuigheann tú sluagh nó cabhlach
ar cuan
A ghéanfadh marbhadh le cruas faobhair?
An cumhain leat - sa an uair bhí clann Chearmada
i mbuaidh
'S gur i dTailltin go bhfuair díbirt,
'S gur sealbhuigheadh go luath d' armaíbh as an
nuadh
Le clann rathamhail shuairc Mhílidh!



Bean uasal ón Spáinn a gcuala mé uirthi táin
'S a tuarasgbháil le fagháil go foillseach,
A cuan corc gan cháin mar luaidhtear le dáin
Insa dún-phort le ráith Tailltean;
An uair sin ba ghnáth cuairt a bheith ag ar
bpáirt
Faoi thuairim na h-áite i gcinnteacht -
Ach fuagraim ort pláigh, gruaim agus gráin,
Ó buaileadh faoi láimh Ghaill thú!


L. 42


"An uair a thárnig na Gárners asteach ar Thailtean
agus chaill na sean-leanmhantaidh é, do chum
Uillíam Uil Chiaráin an ceól réimh-ráidhte."



XXI.
Cathair Dhroichead Átha.
Liam Mhac Ghiolla Chiaráin cct.



Bhéarfaidh mé cuairt go baile an chuain seal dá
fhéachaint,
I bhfarraid na mbuachaill ba suairce is ba féile;
Beir beannacht 's beir buaidh gidh gur truagh
bocht 'na ndiaigh mé
Cibé neach a bhfuil a bhfuath leis, go raibh cuaisne
ag an éag air;
Sinntear go luath ar gach nuadh-striongán ' théadaibh
'S gur binne nó na cuacha 's ná fuaim a' luin 's
a' smaolaigh,
Ach feasta rachaidh a dtuairisg thríd chuantaí
na h-Éireann,
'S béidh greann ag mná uaisle a bheith a' luaidrean
mo bhéarsaí.



Ag cathraigh Dhroichead Átha gheabhainn fáilte
ó na céadtaibh -
Níorbh' eagal damh gábhadh nó galra ar bith
éagcaoin;


L. 43


Gheabhainn féasta, gheabhainn fáilte, seal ráithe
idir Ghaedhealaibh,
Agus fíontaí na Spáinne ins na tabhairní is
daoire ann;
Gheabhainn siamsa de 'n gclársaigh bhí tráth ag
Orphéas,
Nó de 'n legacy d' fháig sé thríd dháimh aige
Theséus;
Súd an pléisiur gan ádhbhail is a lámh ar na
téada
'S na cléirce dá sásamh le frasaíbh a mhéara.



Dá mbéinn - se i dtoigh Jerom, croidhe fearamhail
breágh fialmhar!
Níorbh' fhéidir liom dealughadh go sgarfadh mo
chiall uaim;
Gheabhainn ól is gheabhainn aiteas ón macnaidh
is binn-bhriathardha ann,
'S bhéarfainn ar m' fhallaing nár sheachtmhain
liom bliadhain ann;
Gheabhainn beóir is beath-uisge dhá sgabadh gan
iarraidh,
'S ceoltái breágh' frasach' 'na gceathaí le siansa;
Sé is dóigh liom dá gcasfaidhe mé ag an ngasraidh
gan íotacht
Gur bheó mé seal tamaill gé gur mheaithte 'na
ndiaigh mé.



Samhail Dhroichead Átha ní'l le fagháil ins na
réagúin
Ó Ghaillimh go Cáirlinn is go h-árdán Bhinn
Éadair;


L. 44


Tá an mhuir is tá an tráigh ann is fíor-áille le
féachaint -
Thig luing, barc is bádaí ón Spáinn is ón nGréig
ann;
Ní'l rum, saic nó March beer is ní áirmhim
Genéva,
Nó an biotáille is láidre faoi rásaí na gréine,
Nár chinnte le fagháil ag toigh Bheárnaidh Uí
Raghailligh,
'S cuirim cúig milliúin sláinte le n-a cháirde 's le
n-a chéile!



Tá dhá dhochtur dhiadha d' fhíor-smior na nGaedheal
ann
De 'n tsinnsear ó chianaibh do ghéagain Mhilésius:
Is binn-bhlasta a mbriathra ar an riaghaltacht
dá léigheadh
Ag síor-chuimhniughadh gach riaghail dár fháig
Dia ag síol Éabha;
Ní'l imnidhe nó fiabhran ariamh dá raibh ar aon
neach
Do lionndubh nó triamhuin nó cianfuidh nó céadfaidh
Nach cinnte gur fialmhar ón dís úd a léigheasadh
'S gur soillse iad mar na réalta nó an ghrian 's í
ag éirghe.



Is amuigh i nDroichead Átha le n-a n-áireamh le
chéile
Tá fear féile, fear fáilte, fear cráibhtheach, fear
céille;
Ní'l comortas le fagháil ortha ' n-áit ar bith i n-Éirinn,


L. 45


'S go bhfuil an $sway i n-uile chás aca idir $alderman 's
méire
Le h-éifeacht a dtáinte a' breith báirr ar gach
saidhbhreas,
Le oidhreacht ar árdaibh agus áltain faoi shréadaibh;
Tá an t-ór buidhe 'na lámha 'na mháma 's rath
Dé ann -
Ach ólfamuid a sláinte 's go drásta béidh réidh leo!



XXII.
Nansaidh Ní Dhóláin.
Liam Mhac Ghiolla Chiaráin cct.



Bím i n-imnidhe 's fosta i ndearmail,
Sé d' fháig mo leanntaí go brónach,
Ar aiste Chearbhaill ar chluistin dearbhtha
Gur leagadh Fearbhlaidhe i gcómhraigh;
Mar súd gan amhras do bhéinn fá 'n tseang-mhnaoi,
Tá líonta d' annsacht na cóigeadh,
'S na mílte marbhan le braon dá balsam
Go léigheasfadh Nansaidh Ní Dhólain.



Is deas a gáire 's is geal a bráighe
Mar eala a' snámh na Bóinne,
'S gur léigh mé tárruighil ar an maighre a dtráchtaim.
Gur bhuain sí an bláth de na rósaí;
Níorbh' fhearr i bpárlus is cíos dá áireamh
Ná bheith léithe fáisgthe dá pógadh,


L. 46


I gcoillte fásaigh nó i n-inis 'ar sáile
Gan luing, gan bhád, gan bhárc, gan seólta.



Is baoghalach cabhlach a theacht thar fairrge
Go críocha Banba le fóirneart,
Go loisgthear Teamhair is toigh na h-Eamhna
Is bailte margaidh chois Bóinne;
Béidh lanna fabhartha ag fearaibh calma
A' triall go meanmnach chun cómhraic;
Ór nó airgead ní gheabhaid mar $ransom
Muna bfuighdis Nansaidh Ní Dhólain!



Cibé a mbéidh sé i ndán dó í bheith i lúib a
láimhe,
Cúl na bhfáinni 's na bpéarlaí,
Níorbh' eagal báis dó 's gurab í seo an tsláinte
Thug daoine ó ghálra bhí i n-éagcaoin;
Tá na draoithe Gallta go buan dá ráidhte
'S dá sgríobhadh i bpáipeirí i mBéarla
Gur ab í Nansaidh an bhanfhlaith fuair giofta
na h-áille
Ó Júno, Pálas is Vénus.



Dá bhfaghainn Ceasandra nó an chaoin - Chonstansia,
'S gach aon dá mbantracht bheith beó agam,
Cíos na h-Alban 's gan pighinn de ar dearmad,
'S é bheith cruinn in mo chórthaibh,
Céad $fleet ar fairrge lán fíona is $brandy,
Síodaí is ceambraic na h-Eórpa,
Go mb' fhearr a' chompórt gan fhagháil ach roinn
de
'S a chaitheamh le Nansaidh Ní Dhólain.


L. 47


Cíos na Fraince is faghaim gan roinn é,
Sin 's a dtiomsuigheann Rí Seórsa,
Na milliúin ponta is faghaim bheith ' m' eimpire
Is mé dom' iomchar i gcóistí,
Gach siansan striongan ariamh le h-inntheacht
Dar figheadh ar $instrument cheólta,
'S go mb' fhearr liom Nansaidh, mo stáid chiúin
cheannsaidhe,
Mar thug mé $fancy ro-mhór dí.



Tá gile is báine innti ná an lile tarraingthe
A' síor-thabhairt deállradh 'na héadan;
Tá rósa an gháirlín go cinnte i mbláth
Faoi chiumhsa tláith' tanaidhe a béil bhinn;
Tá blas is bláth cheart na meala do ghnáth uirthi,
Nós mar bhlaiseann na caora;
Ba fear bocht fáigthe a d' fhéachfadh a h-áille
Nach líonfadh i ngrádh is i spéis léi.



XXIII.
An Bás.
Liam Mhac Ghiolla Chiaráin cct.



Dá mbéinn - se féin chómh láidir tréan
go mbéinn ag an éag ' mo mhaighister,
Dar láimh Uí Néill, ní'l áit ar an tsaoghal
go bráth nach mbéinn dá dhíbirt;
A liacht sár-mhac séimh do láimh na nGaedheal
a d' fhág sé i gcréafoig sínte -


L. 48


Charbh' fhearr liom féasta ná a chnámha réabthaí
i gcás dá mhéad mo chíocrais.



Dá gcasfaidhe liom ar thulaigh nó ar thráigh -
ó 's mise ata láidir cródhamhail -
Sé mheasaim nar cháin damh a choinneál ar láimh
gan barantas bán gan órdughadh;
Gadaidhe na srán nach bhfuil neach do shíol
Ádhmha
nach dtug seisean ádhbhar bróin dó -
Go bhfaghaidh sé bás gan sagart, gan bhráthair,
gan phaidir, gan tráth, gan urnaighe!



Dá bhfuighinn bog-lán mo dhóirn de bhata mín coill
bheith ceangailte go cinnte ar m' éirmín ?,
'S dá gcasadh an bás liom ba ghearr an mhoill
go smalcainn é thall ar an éadan;
Asnacha a chuim go bhfaigfinn - se tinn,
ó 's eisean a bheireadh féidhm ar liaigh dhúinn;
Sé deir cách liom dá mbrisfinn a cheann
gur ab eisean a thuill an méid sin.



Deir siad liom daoine nach bhfuilim - sa críonna
's creidim gur fíor an sgéal é,
'S mo lámh i gcraos an mhadaidh dá mbíodh
gur ab é a tarraing go min ba réidhe;
Dá gcluinfeadh an bás éagcóir 'á ndéanaim dá
dhaoradh,
ó 's bodach ró-bhríobach le Gaedhil é,
Ór an tsaoghail ní ghlacfadh sé mar bhríb
go sparrfadh sé síos i gcré mé.


L. 49


XXIV.
A Ghalien thairis.
Art Mhac Cobhthaigh cct.



A Ghalien thairis, thainic chugainn ar chuairt
anoir,
Go clár chríoch an Fheadha chun cabhair lucht
duadh 's cneadh,
An bás, gé neartmhar, má ghabhann chun cách
do ghoin,
Siúd Dochtúr Caomhánach agaibh chun comhraic
leis.



Ní'l clí san eagna dar theagasg mac Dáibhidh mil,
Cato an chumais, Virgil, nó Homer glic,
Nó Niúl a chruinnigh ar mhalaigh Mhagh Shénaar
sgoil,
Nach bhfaghthar gan tiobadh ag sileadh thríd
bhárr a chroibh.



Is tú an balsam bhí ag cloinn Esculapius thoir,
'S bhí ag Maoise i dtaisgidh gur léigheas sé an
Gaedheal Glas leis
Chun claoidheadh gach aicide leanas síol Éabha
anoir,
Ó léigheas tú an chneadh úd a bhuainfeadh as a
céirín a shult.



An t-Amhrán.
A Dhochtuir na séad, is féile dá bhfacas go fóill,
'S gur gheall mo léigheas is gan de shaidhbhreas
agam ach ceól;


L. 50


Dar flaitheas Uí Néill! má gheibhim - sa ciste nó
stór,
Béidh canna 's cúig céad a' géilleadh dhuit - se de 'n
mbeóir.


L. 52


XXVI.
A Rí na ngrása.



A Rí na ngrása, nach claoidhte an cás é,
An díbirt árd atá ar Ghaedhil bhocht'!
Faoi bhruid gan sáimh-cheart gach uair do ghnáth,
'S gan fios a gcáin ag aon neach;
Nach cladhartha an cás dá bhfuil beó dar náisiun
Nach dtig le tárrthail ar Éirinn,
Atá 'na sglábhuidhe ag an mbunadh Gállta -
Ní mór a d' fháig do thrí caogad.



Ní chreidim - sa ó chách dá mbíodh fios san Spáinn
Ar bhruid nó ar chrádh na h-Éireann,
Nach dtriallfadh 'ar sáile na mílte barc
De laochraidh dána chun éachtais,
A bhainfeadh sásamh amach fó Eachdhruim
'S fó ladar a gcáirde le h-éagcóir;
Faoi chruas is ghábhadh go mbéadh Clann Chalbhin
Faoi ruaig ar sgáth mar Thuatha Dé Dain.



Dá mairfeadh ar sinsir i n-áitreabh cuimseach,
A bhíodh 'na gceannphuirt sa réagun,
Bhéadh go cinnte acu réidh an chómhraic,
Laochraidh sonnta faoi sgiathaibh;


L. 53


Ach tiocfaidh an t-am arís a mbéidh sinn teann ann,
Má 's mór ar n-anbhfainn' 's ar n-éagcaooin,
Tráth thriallfas anall na mílte Francach,
Íocfaidh siad a n-anró, lucht an Bhéarla.



Dá mairfeadh i bpáirt linn clanna Dáilgidh ?,
Síol Chonaill Chearnaigh i n-éinfheacht,
Ní chuirfidhe 'un báis gan choir gan fáth-cheann
An iomad do 'n tláith-shliocht sin Éibhir;
Ach ghlacfadh 'na lámha na lanna láidre
Agus ghéanfadh ármhach ar éiricigh,
Mar do-rinne Maoilsheachlainn ag casgairt gárdaí
'S ghabh an Commander Euturgésius.



S é mo chreach 's mo dhólás nach maireann Eoghan,
Ó s é sheasfadh ró-cheart do Ghaedhealaibh;
Cha bheadh cíos nó tóir ag gasraidh Sheórsa
Ar aon don bpór sin Mhilésius;
Ach mo bhruid! sé is dóigh liom dúinne gur
h-órduigheadh,
Agus go bhfuil mór-dhíomdha Dé linn,
Mar a bhile Sodom is le Gomoradh,
Gur téarnadh i ndóghadh 'gus i léan-sgrios.



Mar an tsliocht sin Iácob 's Naomh Ábraham
A bhí i mbruid ag Pháraoh san Égipt,
Tá sinne do gnáth anois i n-Inis Fáil
'S gan modh le fagháil ag aon dínn;
An measann sibh go bráth an dtiucfaidh an lá
Le go bhfuigheadh sinn sásamh beag éigin
Ar bhodaigh Ghállta ' tá i n-éis ar gcrádh'
Le cíos, le cáin 's le géar-smacht!




L. 55


XXVIII.
Cia thú féin.
Seón Ciomhán cct.



Cia thú féin, a mhacaoimh mná?
innis damh - sa ar ghrádh Dé;
dílis mise, maith mo rún -
Cá tír duit - si nó cia thú féin?



Iarraim d' athchuinghe ort,
a ghnúis aobhdha, a fholt mar ór,
ar ghrádh h' oinigh, tuig thú féin,
eidir chruth, chéill is ghlór.



Má's as do dheilbh ' tá do dhóigh,
nó as uaisle an phóir a bhfuil sibh,
má's saidhbhrios, maith, nó maoin,
abair féin nach bhfuil tú glic.



A Dhia nimhe na naoi ngrádh!
a mhacaoimh mná na mbas n-úr!
An dtáinic do léithid ariamh!
Cá tír dhuit nó cia thú?



Má's áluinn leat do ghruaidh gheal,
geal an sneachta, beag a luach;
tá an buathfullán buidhe fós,
má's buidhe nó an t-ór do ghruag.



Má's dearg riot do leaca shaor,
lór deirge na gcaor gcon;
má's dubh riot do mhala mhín,
duibhe nó í líth na lon.


L. 56


Má's glas riot do shúil mhall,
glaise nó sin bárr an fheóir;
bídh guth ceóil bhinn ag an gcuaich,
má's binn riot fuaim do bhéoil.



Gach duine cruaidh lán do mhaoin,
cuma liom do mhnaoi nó d' fhior;
ag sin agaibh mar gach ní
ainm an tí do sgríobh - UMNON.



Cuir i gcionn do námhad féin,
h' ainm is do shloinneadh cibé fáth;
ní thugfidh a bhfuil i n-Áth Cliath,
cia thú féin, a mhacaoimh mná.


L. 57


XXX.
Cia hé an fear.
Eireamhon ó Dochartaigh agus Maghnus Ó Domhnaill cct.



Éireamhon:
Cia hé an fear a bhias agat, a inghean Mhórdha?
Nó an nglacfa tú annsacht chríon dóighte,
Chrapas mar ghearr-fhiadh i ndíg eórna,
'S gur ab é samhail dhamh sean-duine ar dhíth
feóla!



Maghnus:
An díol fir leat miallachán mór, musach,
Fiacalach, riabhach, is é crón, rucach?
M' fhiacla ins na cianta fá n-a srotha ronna -
Is díbheach mé ciar-dhubh is mo thóin giobach.



Éireamhon:
Is breágh sin fear láidir is é mór giobach,
Mar tá tusa, ' do chneamhaire ró-bhrionnach;
Is mise an ghráin dubh a tarraingeadh tré ghual
salach,
'S mo lámh aige báin-chneas na gcuach silteach.


L. 58


Maghnus:
Is lághach breasnaidh déanta thusa, beó tapaidh
S é Maghnus an tráill fhada mhór bhealthaidh;
Mo chrága mar ghrápa 's mo mheóir chama,
Bhíos ag rácáil potáta as gach ró-theallach.



Éireamhon:
Ní gránna fear tábhachtach dóid-reamhair,
'S go ndéanfadh gach spág leat - sa cró eallaigh;
Is mise an snámhaidhe bocht cráidhte 's gan béas
ionnaim,
'S mo chámha mar thráithnín i meodhan earraigh.



Maghnus:
Ara, ' Éireamhoin bhréagaigh, ' tá ar ghnaoi Absol,
'S mo ghné - se mar Éasop ba daor dearcán,
Ó 's tú Naoise na sgéimhe le taobh m' fhaicsin',
Nach sin Éire agad 's gan mo Dhéirdre do chlaonadh
uaim!



Éireamhon:
Tá a shár-fhios ag an bpáiste thug móide feasta
Le lán-fhear deas áluinn na neóil-cheasdann,
Gur gráince mé nó Maghnus mear mór misneamhail, -
Tá an t-ádh liom nó is námhaid damh a' tseóid
bhreasnaidh.



Maghnus:
Is míle gráince an fear Maghnus dubh ná thusa,
Na tá fhios aige cách uile an mhóide thug sise,


L. 59


Gur i ndán don fhear ghránna so is cóir dhí - se -
Iodhan, pátrún na h-áille bheith 'na stóir-chiste.



Éireamhon:
Tréigfidh mise mo thréartha is mo lúth goile,
'S leigfead fá shléibhte mé i dtús mire;
A ghéag dheas na méar lag is lugh' cionta,
Béir seal ag an daor-fhear a' tnúth gloine.


L. 60


XXXII.
Beannacht leat - sa, a leabhráin.
Risteárd Taath cct.



Beannacht leat - sa, a leabhráin, uaim,
gidh iomdha cruaidh-cheist thríod go lár,
ó thús Genesis anuas
go teacht an Uain nó gur fhulaing páis.



A leabhair Iób is na n-aithreach naomhtha,
a leabhair Mhaoise dar labhair fáidh,
a leabhair Aron is Dháibhidh an rí,
a sgatháin chríonnacht' ar ar shíol ó Ádhamh.



Aithris do d' mháighistir go glic,
a leabhráin bhric, go raibh tú i Lúgh',
go dtugais damh - sa sgéal ó Ádhamh,
cia an lá do bhlas an t-ubhall.



Uilliam mhac Ghuaire na bhfleadh!
guidhim leis go raibh sé slán;
Cluinim uadh go bhfuil sé maith,
mar bhí an rí ór chin sé i bpáirt.



Is fearr a dhiadhacht nó sin,
mar chiallaigheas go cneasta an pháis,
ag biathadh na gcaorach is na n-uan,
dhá dtarraing le cruas guil ón cháin.



Gol is gáire is grádh do Dhia.
ag riaghail mhic Dáithí -
an t-Athair 'Liam Ó Cléirigh gan bhród,
nár thuill brón na mbocht fó nidh.


L. 61


Mar bhí Colum, ceann na gcliar,
do-ní an t-Athair 'Liam san mbarramhuil mhór,
bheith a' biathadh bocht mar gheall ar Dhia,
's a' leanamhain briathra beannuigh'e Phóil.



Grádh do shoisgéal Mhatha is Eoin,
grádh dá dhéoin do mholadh Dé;
grádh na n-easbog air 's na n-órd,
's grádh na comharsan, Gall is Gaedheal.



Do-chuala mé ón laoch gan cheilg -
's sin dá dhearbhadh eadar a lán -
gur binne é ag rádh na salm
nó guth orgáin Inse Fáil.



Bhí do leabhrán agam uaibh,
seal ar cuairt in m' aice i Lúgh';
níor bhain fearthainn dó nó fuacht,
is cha dteachaidh luach na h-ola ar gcúl.



An t-Amhrán.
A leabhair le Dia 'na bhfuil ciall is gliocas na
bhfáidh,
Tabhair don Athair 'Liam go riaghalta mo bheannacht
le grádh,
'S aithris do shíor dá dtriallfadh chugainn fó
Cháisg,
Go bhfuigheamuis - ne biadh don bhfial 'na choinne
fó chnáimh.


L. 62


XXXIII.
Fáilte rómhad.
An t-Athair Liam Ó Cléirigh cct.



An t-Athair Liam:
Fáilte rómhad ón áird aníos,
a leabhráin na naomh 's na bhfáidh;
cá rabhais uaim - si le seacht mí
ó d' fháig tusa an tír as mo láimh?



An leabhar:
Ó thoirbhir sibh - si mé don chaoch -
seanóir críon atá i ndiaigh an áir -
nó go dtug leis mo theist go Lúgh',
's gur chómhnuigheas i gcúirt a' Bhriotáis.



D' fhanas ag Risteárd i Lúgh'
ó shoin i lúib na leabhar mbán,
astoigh i n-a library gan chian,
nach bhfaca mise riamh ní b' fheárr.



Níor fháig fiú na litre dhíom
nar rannsaigh an tsaoi thríd mo lár;
níor bhris duilleóg in mo bhruach,
's níor léig fuacht nó teas ' mo dháil.



Libh dá gcleachthaoi, a shagairt óig,
Library mhór Mhaighistir Taath
do Ghaoidheilg is milse faoi 'n ghréin,
d' fhanfadh sibh dá léigheadh go bás.



Seanchus ar Ghaoidheilg na ríogh
ó Éirne na gcraobh go Droichead Áth',


L. 63


i ndiadhacht, i seanchus, nó i stair,
ní'l fear a mheas 'na measg le fagháil.



Is aige tá plúr na mban gan chruas
i n-umhlaigheacht, i n-uaisle, 's i gcáil,
i ndiadhacht 's i riaghaltacht chiúin,
an fhial-bhean is múinte do mhnáibh.



An t-Athair Liam:
A leabhráin dhiadha, ná bí liom,
dom' chur leó i dteinte gráidh
le Ráth Naoite nó le Lúgh'
's a bhfuil do chúram ar mo láimh.



Tá dís laoch nach leanann bród
i Ráth Naoite na gcórn 's i Lúgh',
Séamus a' deagh-chroidhe gan mhairg,
'S Risteárd nach áil ceilg nó cluain.



Dá dtéighinn síos 'na measg ar cuairt,
cia chúimhdeochadh dhamh thuas mo shréad?
's dá n-imthigheadh caora ar seachrán uaim,
go mbéinn - si a' fuachas ag 'ul 'na déigh.



Ach a' teacht a' tsamhraidh i ndiaigh na Cásg,
dá mhéad mo phráinn' - si rachad síos,
d' fhéachain na n-uasal is cliúitighe táin,
nó go bhfuigheam triall ag an dá shaoi.



An t-Amhrán.
Rachad - sa ar cuairt go suailceach, aigeantach,
grádhach,
A dh' amharc na h-uaisle gan ghruaim ar a gcloisim
thú a' trácht,


L. 64


Nó go labhrad le buachaill stuama ar a philleadh
ón Spáinn,
Mac Risteáird thug buaidh na n-uachtarán i Seville
'ar sáil.



XXXIV.
Dán an Bhotháin.



Don mbothán is deacair buaint,
is mairg a théid dá dhéoin 'na pháirt;
ceird is doilghe dar chum Dia,
má thairgir a riar é go bláith.



Soilléir gach lá dá dtig,
é bheith ar easbhaidh an bhig 's a' mhóir;
súil le furtacht nach bí i ndán -
don mbothán tráth is deacair buaint.



Bean bheag bhorb mhío-tharbhach,
is sgaoith gharlach is doirbh mian -
is mairg dar cuideachta an drong
i n-éadach lom is iad gan bhiodh.



An t-Amhrán.
Do-rinne an bothán bochtán bocht buartha dhíom,
Do-rinne lasrán fír-ghreadáin luaith dom chroidhe,
Do sgab sé mo sgathfantas suas is síos,
Agus is é donán gach fearann dá mbuaileann faoi.


L. 66


XXXVII.
An Abhainn Dubh.
Feardorcha Ó Faircheallaigh cct.



Tá an abhainn seo thuas i gcogadh liom go mór
'S ní miste léithi a luadh, sé shílim;
Adeir sí liom gan ghruaim: "má's toil leat, fan
uaim,
Nó is aithreach leat do chuairt thríom - sa;
Muna ngeabhaidh tú suas Ceannadas na gcuach
'S timcheall ar bhruach Laoighde,
Ní bhfuighe tusa a rogha tharm - sa gach uair
Feasta go bruach Faoillidh."


L. 67


Ná bí aibhseach liom nó dearbh 's gur shíolruigheas
ón dream
A bhí timcheall ort le linn Laoghaire,
Nó an cumhain leat an t-am bhí Art agus Conn,
Cormac is Eogaoin líomhtha,
Cairbre na long ag seilg fá do ghleann
le na nuadh-bhrataibh dearg' aoibhinn?
'S a rúpaigh na meang, a shiubhlas go cam,
An bhfuil dúil agat i ngreann draoithe?



Fa iomdha meirge meann a nochtadh faoi do ghleann
Agus snuadh-bhratach dearg aoibhinn,
Ag an treibh sin nar bh' fhann i n-am féidhme na
lann
'S bhí éachtach i n-am gníomha,
'S sliocht Chailitín na meang le na n-easarluigheacht
gach am
Ag tréaghdadh sin Clanna Mílidh,
'S nach iongantach nach bhfuil greann agat ar
aon neach den dream
'S nach mealltar thú le cam-bhríoba!



Ní ghéanfad - sa ceól, ealadhain ná spórt
Dhuit - se níos mó, a bhríobach,
'S nach bhfuil sin ar an domhan nach dtuigfeadh
mo ghlór,
Sealad de ló nó oidhche;
Monuair! táid na leómain tarsna san ród
Idir mé 's an pór céadna,
'S a bhársach gan dóigh, nach dtuigeann mo ghlór,
Nár mhairidh tú an stró líonta!


L. 69


XXXIX.
An chraobh chumhra.
Seafruidh Ó Ruairc cct.



An chraobh chumhra uaim don tsaoi,
do Thadhg† shuairc †Ó Roduigh;
an béarlóir líomhtha, an lannóir glic,
sgrúdthóir prímhcheart an bhéarla Sgotic.



File, feallsamh, breitheamh binn,
ní feas san am - sa a chéile i nÉirinn;
ughdar nach faiteach i leith an cheirt
is cú cráidhte gach éigceirt.



Ní le báidh mo bhreith mar sin,
ní sonn acht fear mar chách san gcás - sin;
an chraobh dhó - glóir gach dé
i gcrích Fódla móir-cheirt Iugaine.



An t-Amhrán.
An chraobh ghlas tá dhíbh - se ó fhearaib chrích' Fáil,
A chara mo chroidhe,
Saoilim gur díleas díbh a faicsin ' do láimh,
Má's maiseach leat í;
Bíodh saoithe is draoithe ag tagra 'na dáigh -
Cead aca do shíor!
Taoi an mhíor leat don sgríb - si ó 's muireach ar chách -
Go mairidh tú an chraobh!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services