Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tóruigheacht Gruaidhe Griansholus

Title
Tóruigheacht Gruaidhe Griansholus
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
O'Rahilly, Cecile
Composition Date
1679
Publisher
(Londain: I.T.S., 1924)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tóruigheacht Gruaidhe Griansholus,
inghean Rígh na h-Antuaithe, annso
síos, 20 Sep., 1679.



Lá n-aoen dá roibh Cúchulainn suaithnighe seang séimhghlan
mac Subhalltaigh air faithche a dhúine agus a dheaghbhaile féin
.i. Dún donnglongach Dealgan, agus do fhéach an ceathairáird
uaidhe gacha ndíreach, mar atá siar agus soir, bho dheas agus bho
thuaidh, agus do chonnuirc críoch chaomháluinn Chuailgne uaidhe,
agus ba hí sin fonn tíre dob' annsa le Cúcholainn isin domhan, óir
is amhlaidh atá an tír soin 'n-a suidhe .i. an ádhbhéis chainteach
chubhrach chasaoideach agus an sálmhuir siobhlach súlbhorb
air thaoibh dhi agus sléibhte árda aibhseacha úraoibhne lán do
shrothaibh fionnchubhracha fíoruisge agus do ghleanntaibh
taithneamhacha taobhuaine agus do mhínchoilltibh ciumhsacha
comhchomhthroma air an taoibh oile dhi, agus ba mór imorro
fiadhach ballacha beannárda, bruic agus tuirc agus totháin na
tíre soin agus ba líonmhar a h-iasg agus a h-éigneadha agus
a maighreadha taithneamhacha tárrgheala agus éagsamhlacht
gacha cinéil fiadhuigh agus iasguidh air cheana ó sin amach. Agus
air bhfaicsin na críche do Choingculainn, do ghabh fonn sealga
agus fiadhuigh é, agus do aigill a ghiolla, eadhon Laoi mac
Rianghabhra, agus is eadh adubhairt:



"Maith, a Laoi," ar sé, "innill agus ionráin m' airm agus mo
chleasa diuraice go ndeachainn do thseilg agus d'fhiadhach do
chríochuibh cnuastorthacha Cuailgne aniudh."



Gabhas Laoi aig ionráin agus aig inneall na n-arm agus na
n-iolfhaobhar agus na gcleas lámhuidh air cheana. Agus an feadh
ro bhaoi Laoidh aig eagar agus aig órdughadh na n-arm, gabhas
Cúchulainn aig taisteal roimhe re ciumhuis an chuain chaintigh
chubhairbháin, agus brosna do bhearaibh cinnghéara cuilinn aige
re diuraiciugh na n-én agus na n-ealtan n-éagsamhal n-aidhearrdha;
uair is leis na birínibh sin fa gnáth le Coingcuailgne gach én agus


L. 4


gach ealta aidheardha do dhiuraiciugh. Agus tárla do Choingculainn
an uair sin gur chaith na beara cuilinn uile acht aon bhior
amháin, óir is í conair i n-ar ghabh Laoi go Sliabh Fidhit agus go
Sliabh Feáidh, óir do shaoil gurbh'í sin conair i n-ar ghabh
Cúcholainn, ionnus nach dtárla dhá chéile iad air énchor.



Iomthúsa Chongculainn annso, air mbeith 'n-a uath agus
'n-a aonar dhó agus gan d'arm nó d'iolfhaobhar aige acht aon bhear
cinnghér cuilinn, do chíudh an curach ceannárd cliabhfhairsing
chuige gacha ndíreach fan ábhéis aidhbhseach eochairghuirm, agus
trí seoilte áille eagsamhla air, eadhon seol uaine i n-a thosach agus
seol dearg i n-a lár agus seol tana taobhghorm i n-a dheireadh.
Agus air dteacht a dtír do'n gcurach, an tan do shaoil Cúchulainn
iolar curadh nó cathmhíleadh do thoigheacht as, ní táinic as acht
aon mhacaomh miadhach maiseach míndhealbhach mná dob'fhearr
inneall agus égcosg, dreach agus deilbh agus dénamh do fhearaibh
nó mhnáibh na cruinne go comhiomlán. Beannuigheas an inghean
dó go mín macánta agus do fhreagair Cúcholainn san gcumaoin
chéadna dhi.



"Maith, a óig-mhacaoimh," air an inghean, "déna eolas damh
mar a bhfuil an Cúcholainn oirdheirc, agus do bhéara ór agus
airgead agus iolmhaoine dhuit dá cheann," air sí.



"Is aithne dhamh-sa an fear sin," air sé, ".i. an Cúcholainn
oirdheirc, agus do dhéna eolas duit-si," air sé, "acht go n-innsir
dhamh cia thú féin nó cá tír dhuit nó créad fáth do thurais
aig iarraidh an Chúcholainn adeirthaoi, agus ní iarrfa me do
cheannach ort tar ceann eolas do dhénamh dhuit acht sin," air sé.



"Inneósa me sin duit," air an inghean. "Gruaidh Ghriansholus,
inghean Rígh na n-Antuaithe m'ainm," air sí, "agus air
mbeith dhamh a ndúnadh agus a ndeaghbhaile m'athara .i. Rí
na h-Antuaithe, do chuaidh mo theist agus mo thuarasgbháil fo
imlibh iarthair an domhain," air sí, "agus tángadar clanna rígh
agus ró-thighearnadh an domhain dom' fhéachain agus dom'
thsuirghe, agus ameasg gacha dtáinic ann, táinic Iollainn
Ang-ghlonnach mac Iarla Cathracha mBlis dom' fhéachain agus
dom' iarraidh mar mhnaoi agus mar bhanchéile dhó féin. Agus is
amhlaidh do bhí an fear soin, do bhí sé n-a mhacaomh óg amhulchach,
agus do rug sé bárr deilbhe agus dénaimh, inneall agus
égcuisg, air fhearaibh a chomhaimsire, agus is é dob'fhearr lúth


L. 6


agus lámhach agus lánchoibhleadh, gal agus gaisgeadh agus
gníomhéacht, do chlannuibh rígh agus ró-thighearnadh iarthair
dhomhain, agus tug tuile tromádhbhal seirce agus síorghráidh
dham agus tugas-sa an céadna dhó san. Agus do naisgeadh dhó
mé agus do h-órduigheadh lá dháirighe chum ar bpósda, agus do
chruinnigheadar clanna rígh agus ró-thighearnadh iarthair
dhomhain air aon láthair go dún agus go deaghbhaile Rígh na
h-Antuaithe do chomhmóradh Iollainn Ang-ghlonnaigh agus na
mórchorma soin. Agus air ndol dom' theist agus dom'
thuarasgbháil-si fo iarthar dhomhain amhail adubhramar, tárla
go gcualaidh Garuidh Garbhghlúineach mac Rígh na bhFear
Morc luath agus iomrádh mo sgéimhe agus mo dheaghbhéas, agus
níor comhnuigheadh leis nó go ráinic baile Rígh na h-Antuaithe,
fear mar chách, agus air dtiacht don mbaile dhó, cuireas sgéala
d'ionnsoighe an rí .i. m'athair-si, misi do chur chuige gan mhoill
nó go loisgfeadh agus go n-airgfeadh an chríoch agus an chathair
go comhiomlán agus go muirfeadh an rí agus gach a ngeabhadh
a pháirt, maille re n-a chloinn agus re n-a theaghlach. Agus is
amhlaidh atá an fear soin .i. Garuidh Garbhghlúineach, atá dhá
fhichid fiodh air áirde ann agus deich bhfiodha air leathad a chuirp,
agus fir na talmhan do chur air aon mhaighin, ní bhfuilid ionchaithigh
ris air a áirde agus air a uathmhaire, air a mhéad agus
air a mhímhaise, air neart a chuirp agus air líonmhaireacht a
cheard agus a ealadhan draoidheachta agus diabhlaidheachta,
óir is aige do h-oileadh é .i. aige aitheach aibhseach urghránna darb
comhainm Neachtain Uathmhar mac na Talmhna; agus is uime
goirthear an t-ainm sin de, do bhrígh go nach feas athair nó máthair
dhó acht a gheineamhain as innighibh na talmhan, agus ní
mó beann tsléibhe nó mhaoilinn mórchnuic nó gach alt agus gach
áighde don aitheach sin, agus fa samhail re fiodh cluthmhar
coilleadh an tromfholt diabhlaidhe dathghránda atá fair. Agus
ní dhénaid airm náid iolfhaobhair díth nó díoghbháil dhó, óir dá
dteagmhadh dhó go nguinfeadh airm náid iolfhaobhair é, comh luath
agus do thuitfeadh chum láir agus láintalmhan do ba sleamhain
slánchréachtach é agus do thiucfadh a neart agus a bhrígh féin
ann arís iar n-úir, ó n-a bheith air n-a gheineamhain as innighibh
na talmhan amhail adubhramar. Agus bíonn an t-aitheach
diabhlaidhe dathghránna sin aig ithe feóla curadh agus cathmhíleadh
mar phruinn agus mar thomhalltas.


L. 8


"Dála Rígh na h-Antuaithe agus Iollainn Ang-ghlonnnuidh mic
Iarla Caithreacha mBlaisg, air rochtuin na séal soin dá soighin
ó Gharuidh Garbhghlúineach, do suidheadh comhairle acu agus is
é ní air ar cinneadh leó, ó thárla clanna rígh agus ró-thighearnadh an
domhain air aon láthair aca, cathughadh agus comhrac do thabhairt
do Gharuidh suil do fhaomhughdís misi dhó, uair dob' fhearr liom-sa
m'iodhlacadh beó a mbruinn na talamhan nó mo thaobh do
shíneadh leis aon uair do ló nó d'aoidhche. Acht atá aon
ní cheana do chomhraiceadar clanna rígh agus ró-thighearnadh an
domhain lámh air láimh re Garuidh, agus an chuid dhíobh nár thuit
leis a bhforcheann an chomhraic, do chreapuil agus do chruaidhchuibhrigh
iad agus do chuir ceangailte mar sin iad d'ionnsoigh
Neachtain Uathmhair go Cathair an tSrotha Theintighe, áit a
bhfuilid fa dhaoirsi agus fa dhochar a gcarcuir talmhan aige, agus
is é Iollainn Ang-ghlonnach an duine deaghnach do chuir sé ann.



"Air n-a fhaicsin damh-sa gur creapladh agus gur ceangladh
clanna ríogh agus ró-thighearnadh an domhain do bhí aig cathughadh
air mo cheann, agus go h-áirithe mo shearc agus mo shíorghrádh
d'fhearaibh an bheatha .i. Iollainn Ang-ghlonnach, agus gan
súil agam re n-a fhaicsin go bruinne mbrátha agus mbeatha,
do bhean mé ciall do chabhair, agus is eadh do rinneas, élodh as
dúnadh agus as deaghbhaile m'athara, agus ní taosga d'élodh mé
nó fuair Garuidh Garbhghlúineach sgéala uaim, agus do lean mé
agus atá air mo lorg ó sin ille, ag fagháil sgéal uaim do dheóin
agus air éigin, agus ní fhuair mé rí nó flaith do gheabhadh mo
chumairce a n'aghaidh. Agus air mbeith aig taisdeal gach inse
agus gach oiléin mar sin, do chuala mé luadh agus iomrádh air
Choingculainn, gurbh'é an t-aon nduine d'fhearaibh an
bheatha do ba dócha mo chumairce do ghabháil do láimh a n-aghaidh
Gharuidh. Agus dá bhrígh sin tánac fa n-a thuairim
agus dob'áil eolas d'fhagháil uait-si, agus aig sin mo sgéala duit,"
air an inghean. Agus do rinneadar an laoidh eatorra:




Innis dúinn, a mhacaoimh óig,
Do gheabhair ór is seóid fa seach,
Cá h-áit a bhfaicfe an curadh cliach,
Cúcholainn na sgiath mbreac.


L. 10


Innis dúinn, a mhacaoimh mná,
Ná ceil do rún, dáil go bhfeas,
H'ainm bunaidh, nó créad dob'áil
Leat do rádh re Coin na gCleas.



Gruaidh Ghriansholus m'ainm baisdeadh,
Aig taisdeal gach críche go nuaidhe,
Inghean fós go fíre
Mé do Rígh na h-Antuaithe.



Do charas a dtús m'óige
Macaomh fa h-eólach teiste,
Iollainn Ang-ghlonnach gan diamhair
Aon mhac Iarla Caithreacha mBlaisge.



Teist mo dheilbhe nuadh-ghloine
Do chualaidh an Garbhghlúineach,
Mac Rígh na bhFear Morca,
Fa docra an fear 's fa faobhrach.



Dhá fhichid fiodh air áirde,
Fa h-ádhbhal an teist air éin-fhear,
Is deich bhfiodha 'n-a chompar,
Fa glonnmhar a dheilbh 's a dhénamh.



Táinic go crích na h-Antuaithe,
La dá anbhuain chugainn,
'S do iarr misi mar chéile
Nó cath air chéadaibh umam.



Saor-chlann ríghthe an domhain
Do bhádar umam go h-énfhear,
A n-aghaidh an Ghairbh Ghluinigh,
'S do chuibhrigh iad a n-éinfheacht.



Go Cathair an tSrotha Theintighe
Air cuimrighe Neachtain Uathmhair
Do chuir iad-so agus Iollainn,
Do bheir sin sinne go h-uaigneach.


L. 12


Ó'n ló sin gus an uair si
Atá an fear uathmhar aigmhéil
Air mo lorg ó'n tír go chéile.
Aig sin mo sgéla, a mhacaoimh.



Fa thuairim Chon an Chleasraidh,
Táim aig taisteal gach tíre,
A mhacaoimh an ruisg phérlaigh,
Aig sin mo sgéla fíre.



Cá h-áit a bhfuil a dhúnadh,
An Cú nach diúltann duine,
A mhacaoimh an chúil dualaigh,
Fionnaim uait, is innis.



Innis.




A h-aithle na laoidhe sin, do bheir Cúcholainn silleadh so-
dhealbhach dá shúil air an bhfairrge, agus do chí an long
luchtmhar lánaibhseach ba mó nó maolchnoc nó mór-shliabh gacha
ndíreach chuige, agus air dtiacht a gcomhghar do thír agus do
thalamh do'n luing, do éirigh aon óglach uathmhar aigmhéil
dubhghorm diabhlaidhe dathghránna ba mó nó ar bh'fhéidir a
thuarasgbháil do thabhairt, a gcurr-thosaigh na luinge, agus fa
guirme ná síthán sléibhe é, agus fa báine iná búgh a dhá shúil,
agus ba fuide ná seol-chrann luinge móire gach láimh dá lámhaibh
dubhghorma dathghránna. Agus do ghabh lorg-fhearsad
imreamhar iarnaidhe air a raibheadar caoga ubhall d'iarann
aithleaghtha agus eithre curaidh nó cathmhílidh ionn gach ubhall
díobh i n-a láimh, agus tug buille bódhbha borbneartmhar do
cheann na luinge don gcaraic cheannáird chruaidhghairbh
chloiche do bhí air a chomhair agus do chuir as a h-áit agus as
a h-ionadh í, agus do rinne cuan cubhrach comhfhairsing agus
slighe réidh ro-fhosluice do luing asteach, dá ngoirthear Cuan
comhfhairsing Cárlinn aniugh. Agus tig a dtír a gcéadóir, agus
air dteacht a dtír dhó, tug buille bríoghmhar borbneartmhar do
bhárr a throighe a gceartlár ochta agus úrbhruinne do
Choingculainn, gur cuireadh naoi gcéimionn uadha é. Agus
gabhas an inghean air bhárr a bhaisi, agus téid i n-a luing
iaramh, agus tógbhas a sheolta, agus seolas air ais a bhfrithing
na conaire céadna.



Dála Chongculainn, air n-éirghe as an luidhe sin dó, agus air
bhfaicsin gur rugadh an inghean uadha, agus gur imthigh an


L. 14


fomhóir gan comhrac gan cathiorghail, do mheas go bhfuair féin
masla agus mí-chlú agus gur cailleadh a gheasa, óir ba de gheasaibh
Chongculainn gan a chéile comhraic do dhol falláin uadha. Agus
do mheas go bhfuigheadh fir Éireann sgéala ó'n masla sin do fuair,
agus go h-áirithe an cathmhíleadh do rug an inghean uadha, agus
is eadh a thárla dhó gur mhearuigh a chiall agus a chéadfadh
agus gur fhiaradar a shúile agus a bhéal agus gur sgar a chéadfadh
dhaonnuidhe leis, ionnus go ndearnadh fomhóir fuathmhar fíorghránna
dhe, agus tug aghaidh fon tír asteach amhlaidh, agus ní
thárla duine nó beathach leis nach dénadh míreannadh beaga
buanréaptha agus iodhbuirt anabaidh adhmhillte agus cumhthach
casgartha cnáimhgheartha dhíobh, ionnus go roibheadar tuatha
agus tíortha, cruidh agus ceathra agus daoine, aig teitheadh roimhe.



As í sin uair agus aimsir fa dtárla Eimhear inghean Fhorghuil
Manach .i. bean Chongculainn, agus bantracht Dhúine Dhealgan
mar aon re macaibh Chonchubhair rí Uladh .i. Cormac
Conloingeas agus Laoghaire Buadhach agus Dubhach Daol-Uladh
agus Furbhaidhe Fearmeann agus Cumhsgraidh Meann-Macha,
maille re macraidh shíthe na h-Eamhna uile, aig áineas agus
aig cluithche air faithche Dhúine Dealgan. Agus do chonncadar
an fomhóir aig díthláithriughadh na tíre amhlaidh sin, agus tug
Eimhear aithne fair, gurb'é Cúcholainn ro bhaoi ann, agus
adubhairt:



"Truagh sin!" air sí, "is é Cúcholainn súd, agus do imthigh
iomlaoid gaisgidh air aniugh, agus do cailleadh a gheasa, agus
táinic iorr a shaoghail, agus millfe sé Éire suil fa coisgthe a
fhearg agus ba marbh é féin do racht na feirge."



"Créad is indhénta ann sin?" air Laoghaire Buadhach.



"Ro-fhidir-se sin," air Eimhear. "Is geis do Choingculainn,"
air sí, "bean do fhaicsin nochtuidh, agus beanuid na mná a
n-éadach agus a n-earradh dhíobh, agus tiaghuidh a bhfolach
a bhfás-bhruach na h-abhanna, agus mar do chífeas Cúcholainn
sibh-si, geabhaidh an athghoirid tré dhoimhneach an inbhir do
chum bhur marbhtha, agus air mbeith san aibhinn dó, éirghid
na mná nochtuidh 'n-a choinne, agus mar chífeas seision nochtuidh
iad, dúnfaidh a shúile agus do bhéara a chúla leo, agus má chomhnuigheann
isin uisge amhlaidh sin, múchfaidhthear a theas agus
dásacht na feirge ann agus tiucfaidh cáil dá chéadfadh chuige,
agus muna gceannsaighthear leis sin é, ní bhfuighthear a chosg


L. 16


nó go millidh Éire agus go sgingidh a anam as féin tré
dhásacht."



Do ghníthear amhlaidh sin, agus tiaghaid na mná nochtuidh faoi
bhrúgh an inbhir, agus tiaghaid Eimhear agus an mhacraidh air
úr an inbhir. Agus air bhfaicsin na macraidhe do Choingculainn,
tug ionnsoigh dhian dhásachtach agus réim rachtmhar ró-reatha
do-chum an inbhir, agus tiaghuidh a ndoimhneach na h-abhanna
amach nó go ráinic an t-uisge clár uachtarach ochta agus úrbhruinne.
Éirghid na mná as an bhfolach a raibheadar, dísgir dearg nochtuidh
'n-a choinne agus 'n-a chomhdháil. Agus air bhfaicsin na mban
nochtuidh, do ghabh gráin agus aithmhéile é, agus dúnas a shúile
agus tug a chúla leó, agus do chomhnuigh isin uisge, agus
do ghabh aig ól an uisge i n-a bhéal agus i n-a chuisleannaibh agus
i n-a altaibh, ionnus go madh léir an ghaineamh agus an grinneall
grianach, go nár léig bann don abhainn thairis síos nó suas nár
ól agus nár shúgh chuige tré mhéid a theasa agus a theannála, air
mhodh gur múchadh agus gur báthadh an déine agus an dásacht
do bhaoi ann, agus go dtáinic taom dá chéadfadh chuige agus gur
ghabh náire mór agus aithmhéile é agus imthshníomh fo n-a ndearna
do dhíthláithriughadh seachnóin an laoi roimhe sin. Agus do
chí Eimhear ameasg na macraidhe, agus tig a dtír chúiche, agus
doirteas frasa diandhíochra déar, agus nochtas dáibh go soilléir
gach ar éirigh dhó, agus mar do cailleadh a gheasa, agus amhuil
do mheall Laoi fon' armaibh é, agus go raibhe a dheimhin aige
nárbh'fhada téarma a shaoghail. Agus do ghabh Eimhear aig
gabháil sgéal de agus do rinneadar an laoidh eatorra:




A Chú na gCleas suaithnigh,
Créad ruaimhnigheas do rosg rinn-ghlan?
An dtárla dhuit ní éigin
Do bheir do chéadfadh air mearbhall?



Tárla dhamh is mé m'aonar
Air faobhar an chuain chubhraigh,
Aon bhean dob áluinn muilghe
Nárbh'áil suirghe an Ghairbh Ghlúinigh.



'N-a diaidh fa fheirg air sáile,
Do bhí Garuidh nárbh'áloinn snuidhe,
Do rinne tré cheartlár cairrge
Slighe do lán-bhárc luinge.


L. 18


Air dteacht a dtír a gcéadóir
Do Gharuidh fa h-éagcóir inneall,
Do rug uaim air fhairrge,
'S mé a bhfeasfaidh m'arm, an inghean.



Mo chéile comhraic uaim-si,
Gus an uair se riamh ní dheacha,
'Eimhir an chrotha nuadh-ghil
Do bhris, monuar, mo gheasa!



Do rug air mearbhall eachtra,
Laoi do chleachtadh a n-áireamh,
Uaim, monuar, gan fheasa,
M'airm 's mo chleasa lámhuigh.




A h-aithle na laoidhe sin do ghabh Eimhear agus Cormac
Conloingeas agus Laoghaire Buadhach agus an mhacraidh
air cheana, aga chomairliugh agus aga chur a gcéill dó gan acht
deimbrígh do dhénamh dhe, agus do mhealladar leo é go Dún
Dealgan, agus do canadh ceol agus oirfide dhó, agus do dháileadar
corm agus comhól air. Gidheadh, ní bhfuaradar uadh áine nó
aoibhneas do ghlacadh chuige.



Dála Laoidh do bheirthear ós áird annso: air bhfaicsin dó
nach dtárla Cúchulainn leis, do ghabh aig taisteal an tsléibhe
seachnóin an laoi, agus mar do rug neóin agus deireadh an laoi
air, do thriall air ais go Dún Dealgan, agus air dteacht don mbaile
dhó, do h-innseadh dhó gach ar éirigh dá thriath agus dá thighearna
tré n-a bheith a bhféagmhais arm agus iolfhaobhar; agus is eadh
do rinne, fios do chur air Laoghaire Buadhach a bhfód fo
leith agus a ghuidhe agus a atach fa shíth d'fhagháil ó
Choingculainn dó, uair do bhí lán d'uamhan agus d'imshníomh
roimhe.



Téid Laoghaire mar a raibhe Cúchulainn, agus nochtas dó ó
thús go deireadh gach ar éirigh do Laoi, agus gur tré iomlaoid agus
tré ainbhfeas tárla dhó sgaradh ris. Acht cheana air impigh
na n-uasal do fhaomh Cúchulainn síth agus so-charthannacht do
Laoi, agus tugadh Laoi do láthair iar sin, agus adubhairt
Cúchulainn:



"Maith, a Laoi," air sé, "dob'annamh leat-sa riamh roimhe
cailleadh orm-sa, agus ba mionca leat mo bhrosnughadh do chum
áigh agus iorghaile, agus créad tug dhuit mo ghaisgeadh do sheachna
oram?"


L. 20


"Ní h-annsón, a Chúchulainn," air Laoi, "ní thiucfaidh én
ní dot' aimhleas as ar éirigh duit aniugh, óir gidh líonmhar do
ghaisgeadh agus gidh h-oirdhearc h'alla agus h'árd-nós seachnóin
Éireann, ní dheachais amach as Éirinn fós re n-a mbiadh fios
agus fíor-eolas aig fearaibh dhomhain ó do mhór-ghníomha guile
agus gaisgidh. Agus ní bhiadh tú ní bhus sia mar sin, óir ní
bhfuil isin gcruinne acht ceithre ranna cudroma ceartchomhthroma,
agus sírfe sinne gach rann díobh nó go bhfagham an Garuidh
Garbhghlúineach sin agus go ndiogheóla tusa h'anfhorlann air,
agus fós go rachaidh do chlú agus h'árd-sgéala air feadh na cruinne
ó n-a liacht gal agus gníomhéacht do dhéntar leat aig iarraidh
Gharuidh. "



"Beir buaidh agus beannacht, a Laoigh," air Cúchulainn, "as
comhairle deagh-laoich re h-ucht feadhma sin, agus is í do dhénam,"
air sé. "Agus gabh thusa lámh air inneall agus air ionráin m'arm
agus mo chleas nimhe, agus ullmhuighthear mo long leat .i. an
Bhreac-bháirc."



Agus is amhlaidh do bhí an Bhreac-bháirc: is í long is fearr
do bhí san domhan í, óir is do fhuigheall na h-airce í .i. an
long do rinne Naoi mac Lamhíeach re h-ucht na díleanna air
impidhe an Dúileamh. Agus is é do rinne an Bhreac-bháirc .i.
Fiontain mac Bóchna mac deirbhshiéra Naoi mic Lamhíeach, agus
tug leis go h-Éirinn í, óir is é Fiontain an chéad duine
táinic go h-Éirinn ariamh. Agus ba do bhuadhaibh na Breac-
bháirce nach luidheadh draoidheacht nó diabhlaidheacht air aon
neach inte, agus nach dénadh tonn nó tréan-tuile a h-inghreim,
agus gur comhionann do shiubhlugh sí muir théacht, muir
theintighe, muir n-Iocht agus gach muir shoimtheachta oile;
agus gach cuan no gach caladh rér mhian le Cúchulainn a fagháil
aige, do gheibheadh ann í gan fhuireach. Agus is í long fa
luaithe fa'n domhan í, agus do bhádar buadha iomdha oile urrtha,
agus tárla dhi bheith aig Fionn mac Cubhaill a ndiaidh
Chongculainn agus na gcuradh.



Acht cheana ro ghabh Eimhear agus an mhacraidh shíthe
aig toirmeasg an turais sin uime, agus níor ghabh-san toirmeasg
uatha, acht ro ghabh aigneadh agus árd-intinn, uaill agus uabhar
agus méad meanman chuige. Do chuir a thuirsi agus a imthshníomh
air díbeirt uadh agus do fhuráil air Laoi arís na h-airm
agus na cleasa nimhe uile do chur a n-eagar agus a n-órdughadh,


L. 22


agus a shleagha agus a chraoiseachadh d'fhionnabhuirt re nimh
amhail fa gnáth do dhénamh re h-ucht áigh agus iorghaile.



Bíodh a fhios agad, a léightheóir, go raibheadar ocht gcleasa
dég aig Coingculainn re h-aghaidh diuraice agus lámhuidh, dá
ngoirthaoi na cleasa nimhe, agus nach frith a n-ionnamhuil aig
curadh nó aig cathmhíleadh roimhe nó a ndiaidh Chongculainn
acht aige féin amháin. Óir is amhlaidh fuair Cúchulainn na
cleasa sin ó na ban-ghaisgidheachaibh aig a raibhe air foghluim
.i. Sgathach agus Uathach agus Aoife agus Banríoghan
Droichead an Allta, neach do rinne féin a bhfoghluim a
bhforthuaith ifrinn. Agus is amhlaidh ro bhádar na cleasa nimhe
so, níor dhídean arm nó éideadh nó daingneach air bioth ortha agus
comh luath agus do ghuinidís an duine, do fhilldís arís a
lámhuibh Chongculainn uile, acht amháin an Ga Bulga. Agus is
amhlaidh mar do bhí an Ga Bulga, is í Aoife tug dhó é. Cé go
n-abraid daoine gurb'í Banríoghan Droichead an Allta tug dhó
é, ní h-í, acht Aoife. Agus is do chroiceann péisde as
ifreann do rinneadh é, agus ní theilgthí an Ga Bulga nó go
mbíodh uisge go nuige iomlegán air an tí do chaitheadh é, agus is
as laghuir a choisi deisi do chaitheadh an Ga Bulga agus ní
bhíodh acht aon rinn air nó go gcaiththí é, agus an tan do
theilgthí é, do líonadh amhail anál a léas, ionnus go mbíodh
deich ranna fichead air aig dul a gcorp an duine, agus ní ghabhadh
luibh nó leigheas nó íce greim do chréacht an Gha Bulga,
acht do líonadh an corp do nimh nach frith cabhair nó fóirighin
di, agus dá ndeachaidh an duine san talamh síos nó san aiér suas
ní sheachónadh an Ga Bulga. Agus níor dhídean talamh nó uisge,
cloch nó crann, airm nó éideadh air. Agus leis an Gha Bulga do
thorrnadh agus do theasgadh Cúchulainn gach curadh agus gach
cathmhíleadh do bhíodh do-iongabhála air chluithe an átha.
Agus dá bhrígh sin, is air chluithe an átha fa doilghe leo coimhmeasgadh
re Cúchulainn, óir ba feasach iad nár thearnó dhóibh ó
Chúchulainn air an gcluithche sin; agus ní bheantaoi an Ga Bulga
as dhuine nó go gcasgarthaoi go méad n-órlaigh chuige é.



Agus fós do bhádar dhá charbud aig Coingculainn nach raibhe
a n-ionshamhail aig rí nó aig flaith oile .i. an Carbud Searrdha
agus an Carbud Séanta. Agus is amhlaidh mar bhí an Carbad
Séanta, do bhí sé édtrom eadarbhuaiseach, óir ba lúthmhaire é ná
én


L. 24


aidheardha air eitioll, agus d'fhuilngeadh gach each é, agus is
leis do thimchiolladh agus do chuartoigheadh Cúchulainn faobhar
agus ciumhsa na sluagh an tan do bhíodh aig diuraiciugh chleasa
an tábhuill, faobhar-chleas, cleitín-chleas, cleas air lúth nó an
deil-chleas. Acht cheana ní mar sin do bhaoi an Carbad Seardha,
acht do bhí trom tairpeach, agus ní fhuilngeadh eachradh air
dhomhan é acht an Dubhshaoileann agus an Liath Macha .i. dhá
each Chongculainn. Agus ní raibhe fonna nó rotha nó fearsad nó
clár nó ceangal nó tairne ann nach raibhe lán do nimh agus nach
coimhionann do dhénadh marbhadh agus sleagha nó iolfhaobhair
eile. Agus is ann do bhíodh Cúchulainn an tan do bheireadh
torann-chleas céad, nó torann-chleas cúig gcéad, nó torann-chleas
deich gcéad, air mheadhón na sluagh. Agus leis do sgannruigheadh
agus do sgaoileadh iad. Agus do bhádar an iomad do ghaisgeadhaibh
oile aige leith amuigh dá ndubhramar, óir léightear air go
dtéighdís daoine a néall agus a dtaisibh air bhfaicsin ghráineamhlacht
chleas agus arm Chongculainn.



Dála Eimhear annso agus na macraidhe, air n-a fhaicsin
dáibh nach raibhe Cúchulainn aig tearnó ó'n turas so, do chuireadar
fios go h-Eamhain Macha air cheann Chonchobhair agus
Fhearghuis agus Chonuill Chearnaigh, dá dtabhairt do
thoirmeasg an turais sin uime, agus tángadar gan mhoill agus do
ghabhadar dá atach um fhuireach nó um Chonull agus Fearghus
agus Laoghaire Buadhach do léigin leis dá chumhdach agus dá
chomhairliugh, óir ní raibhe Cúchulainn acht cúig bliadhna dég
d'aois an tan sin. Agus do ém Cúchulainn ceachtar dhíobh,
acht is eadh adubhairt, dá n-éirgheadh ágh nó iorghail leis
gurb'air féin ba mhaith leis a h-alla agus a h-árd-nós do
bheith, agus dá madh duine nach dtearnóbhadh é, go madh lór leis
é féin do thuitiom ann agus gan a bheith ciontach re bás na
druinge ba hannsa leis d'fhearaibh dhomhain. Agus ro
fhuagair do Laoi gach én ní do bheith ullamh inimtheachta aige
a mocha na maidne air na mhárach.



"Ni annsa, a Chúchulainn," air Laoi, "atá do ghaisgeadh uile
ullamh infheadhma air do cheann agus atá do charbad inillte
agus do shleagha rinnighthe agus do chleasa cóirighthe, agus ná
gabh tearnó ó'n turas," air sé, agus do rinne an rosg ann:


L. 26



A Chú na gcleas muirneach,
Narb' cuimhneach do mhearbhall,
Gabh aigneadh is uabhar,
Cuir uamhan re t'armaibh.



Do shleagha go rinne
Is do chleasa go ngráin,
Táid ullamh is innill
Chum beathugh na mbádhbh.



Ná tearnó ó'n turas,
A Chú na sleagh tana,
Síorfeam an chruinne
Go bhfagham an Gara.



Ceithre ranna fó'n spéire,
Éirigh d'á dtaisdiol.
Bu lom-lán an domhan
Ó thormán do ghaisgidh.



Biadh uamhan air ríghthaibh,
Biadh draoidhthe fo gheasaibh,
Ó n-a liacht do na sluaghaibh
Bhias buartha ó do chleasaibh.



Biadh caróin go cíocrach
Mar chífid na gona
'S biadh gártha na mbádhbha
Aig tárfas na fola.



An Garuidh go glonnmhar,
Traoighfir a bhurba,
Is Neachtain gé h-uathmhar,
Tuairgfe an Ga Bulga.



Conall nó Fearghus
Nó Laoghaire na mBéimionn,
A Chú na gcleas ndeacair,
Ná beir leat as Éirinn.


L. 28


Is lór liom mar dhídean
Air chúla do sgéithe,
Fir domhain air h'aghaidh
Is tú a meadhón an éidigh.



Do chleasa go nimhe
Go n-inneall air lúth,
Táid ullamh go cinte,
Éirigh iontabh, a Chú.



A Chú.




A h-aithle na laoidhe sin, do ghabh Cúchulainn lámh air
imtheacht agus do chuir Conall Cearnach a dhá each féin leis
re h-ucht an Charbuid Shéanta .i. an Cróincheann Ceannfhada
agus an Deargdhrúchtach. Agus is iad sin dhá each is fearr
do chuaidh a gcarbad ariamh, leith amuigh don Dubhshaoileann
agus don Liath Macha. Agus téid Cúchulainn dá luing, agus do
ghlac a chead aig cách, agus ceileabhras do Eimhear, do
Chonchubhar, do Chonall, agus d'Fhearghus, agus do na
curadhaibh air cheana, agus ba dubhach dobrónach bhádar cách go
coitcheann a n-alt na h-uaire sin, agus go h-áirithe Eimhear,
óir ní mó an dúil do bhí acu tearnó dhó nó gan tearnó.



Air ndol ann a luing annso do Choingculainn, do thógbhadar
bocánaigh agus bádhbha agus geilte glinne agus deamhain aidhéir
gárrtha aidhbhle urghránda ós a cheann air gcloistin
ghlonnbhéimneach na n-arm agus nuallghrith na gcarbad agus
coigeadal na sleagh agus sgread-gháir na gcraoiseach agus
deacraidheacht na gcleas agus dlúth-chomhrádh an churaidh agus
an chathmhílidh re n-a ghiolla, aig órdughadh agus aig eagar
na n-arm agus na n-iolfhaobhar. Ciodh tráchta, tugadar tús do
mhuir agus deireadh do thír agus do rinneadar iomramh édtrom
urmhuisneach, agus ní h-aireistear a bheag dhá sgéalaidheacht
feadh cian cicíse ro bhádar air sál agus air fairrge. Agus
a gceann na ré agus na h-aimsire sin, do fhéch Laoi as
crannóig a luinge agus do chí fosgadh áluinn oiléin agus taobh
taithneamhach tíre uadha agus cuan cubhrach ciumhasghorm, agus
feadh radhairc ón tír amach a lán do longaibh agus do
luathbhárcaibh ar an gcuan sin. Agus innsios Laoi sin do
Chúchulainn.



"Seol-sa an long d'ionnsoigh an chuain sin," air Cúchulainn.



Seolas Laoi an long tré cheartlár an chabhlaigh gan tilleadh


L. 30


gan toirmeasg nó gur ghabh leathad a taoibhe do'n trácht gheal
ghainimhe. Éirgheas Laoi do léim luchtmhar lánaibhseach do
chrannaibh a chraoiseach gur ghabh leathad a dhá bhonn don
talamh ghlas ghorm-fhéarach, agus tairngeas an long a dtír. Agus
tig an cathmhíleadh amach aisde. Agus air dteacht a dtír dháibh,
is eadh do chonncadar, na cnuic agus na céideadh agus na moighe
réighe ró-fhairsinge lán do shlóitibh agus do shochraidibh agus
do bhuidhnibh agus do bhéinneadhaibh armtha éidighthe innillte
infheadhma agus do ghreadhaibh glana gníomhéachtacha agus do
phuiblibh áillne égsamhla, ionnus go saimheóladh duine go
raibheadar ríghthe agus ró-fhlatha an domhain cruinn air an
aon láthair soin.



"Ní annsa, a Laoi," air Cúchulainn, "is do na sluaghaibh so
fhoghnas an cabhlach fil ar an gcuan, agus cá fios nach é
Garuidh Garbhghlúineach fil ann, agus maithe fhear ndomhain
uime. Agus, a Laoi," air sé, "tógtar mo phuball re h-ucht na
sluagh go bhfeasuim cia h-iad fil ann."



Tógbhas Laoi puball áloinn iongantach do bhánshról mhaothlag
air n-a thuighe agus air n-a thégar do chluimh géise
gealochtuidh, agus do thóguibh búird agus beinnseadha ann agus
do chuir na h-airm agus na h-iolfhaobhair re sleasaibh an
phubaill, agus adubhairt Cúchulainn:



"Maith, a Laoi," air sé, "cóirigh iomdhadh agus árdleabadh
dhamh go gcodlainn támh, óir atáim sgítheach do'n bhfairrge,
agus déna-sa faire agus foraire dhamh go nach dtigeadh én ní gan
airiugh oruinn."



Acht is iad slóigh agus sochraide ro bhaoi annso .i. Ciabhán
Cúilfhionn mac Rígh na h-Almáine agus slóigh na h-Almáine
léirthionóilte aige re teacht go h-Éirinn, do dhíoghuil
Eochaidh Édrocht mic Rígh na h-Almáine .i. dearbhráthair
athara do Chiabhán do thuit re Conull Cearnach an tan do bhí
aig tabhach árdchíosa an domhain goirid roimhe sin. Agus do bhí
an Ciabhán so, an tan do thuit Eochaidh re Conull, aig
foghluim gaisgidh aig Abhurtach Thíre Tairngeire. Agus air
dteacht do'n mbaile dhó, do h-innseadh bás dhearbráthara
athara dhó, agus amhuil mar do rug Conall árdchíos na
h-Almáine leis go h-Éirinn, agus do líon fearg agus
dásacht ann, agus do thionóil agus do thiomsuigh


L. 32


sluagh taibhseach tromádhbhal re dteacht go h-Éirinn, agus do
bhádar ullamh inimtheachta aige air an láthair sin.



Acht cheana, air n-a fhaicsin do Chiabhán agus dá mhuintir
an pubal anaithnigh iongantach do tógbhadh air a n-ammus
agus an bréid suaithnighe snáthrighin sróil do sáitheadh a ndorus
an phubail .i. meirge Chongculainn, agus do bhádar trí
h-anmanna urrtha .i. Múir Manannáin agus Sguab Ghábhaidh agus
Bearnadh Buidhne, agus is é Manannán tug an mheirge so as Tír
Tairngire chuige, do ghabh iongnadh agus uathbhás iad. Agus
cuirios Ciabhán giolla dá mhuintir d'iarraidh sgéal cia
ro bhaoi ann. Téid an t-óglach go doras an phubail agus
tagbhuidh Laoi dhó agus fiafruigheas de cé ro bhaoi san bpubal.



"Macaomh óg amhulchach," air Laoi, "as Éirinn, atá aig
taisdiol na gcríoch re foghluim gaisgidh agus gníomhéacht."



"Muna bheith gurb'as Éirinn dó," air an t-óglach, "do
gheabhadh tuillmhe agus tuarasdal óm' thighearna, agus as deimhin
liom," air an t-óglach, "gur bás imeóras fair tré bheith as
Éirinn dó."



"Créad an mhiosguis sin aige d'Éireannachaibh," air Laoi,
"seach drong oile?"



Nochtas an t-óglach do Laoi ádhbhar a mhiosguise
d'Éireannachaibh agus tionóil an tsluaigh.



"Maith, a ghiolla," air Laoi, "éirigh-si air h-ais agus
innis do mhac Rígh na h-Almáine gach a gcuala tú."



"Cá h-ainm an t-óg-mhacaomh?" air an t-óglach.



"Ní inneósad sin," air Laoi, "nó go madh ceadach é féin
díom."



Téid an t-óglach air ais agus fiafruigheas Ciabhán sgéla dhe,
cia ro bhaoi ann.



"Macaomh óg amhulchach," air sé, "is áille do'n druing
dhaonda agus is as Éirinn dó, agus dá madh aon rí air an
domhan, atá a dhiongmhála do mhac ann, air dheilbh agus air
dhénamh, air óige agus air áille, agus fós ní bhfuil ionnamhail na
n-arm agus na n-iolfhaobhar atá san bpubal úd aig rí nó aig flaith
fo'n gcruinne gceatharrdha," air an t-óglach.



"Tiaghaid amach naonmhar laoch," air Ciabhán, "agus
tugthar an macaomh úd creapailte cruadhchuibhrighthe chugam,
agus má gheibhmíd uadh seóladh agus eólas do dhénamh dhúinn


L. 34


a n-Éirinn, do bhéaram cáirde a anma dhó agus fós do bhéaram
tuarasdal dó, agus muna bhfóbraidh sin, muirfidhthear linn gan
cáirde é."



Tiaghaid amach annsin naonmhar laoch láidir lánchalma
agus iad armtha éidighthe innillte, agus tigid chum an phubail.
Agus air n-a bhfaicsin do Laoi, téid a n-arm agus a n-éideadh
agus gabhas dhá shleigh do shleaghaibh Chongculainn .i. an
Chúrsach Dhearg agus Seóladh Rinne. i n-a láimh, agus téid 'n-a
gcoinne agus 'n-a gcomhdháil. Fiafruigheas fear dhíobh:



"An tusa an t-óg-mhacaomh as Éirinn?" air sé.



"Ní mé," air Laoi, "acht is mé a ghiolla, agus créad dob'áil
libh-si leis?"



"Dob'áil," air an t-óglach, "a bhreith creapailte cruadhchuibhrighthe
a láthair mic Rígh na h-Almáine."



"Ní bhéarair cheana," air Laoi, "óir ní furas a chreapall re
beagán buidhne."



"Muna ngéillinn do bheith ad'ghiolla nó at'ara," air an
t-óglach, "do ghuinfinn do chraoidhe tré mhéad h'easurrama."



"Goinfe misi thusa," air Laoi, "óir ní cuibhe le mo thriath arm
do thógbháil a n-aghaidh buidhne comh beag ribh-si."



Agus leis sin tug sáthadh do'n Chúrsaigh Dheirg air an
óglach gur chuir feadh láimhe laoich dhi amach do'n taoibh araill
dá dhruim. Agus diuraiceas Seóladh Rinne air an dara fear ionnus
gur threaghd a chraoidhe i n-a chliabh. Agus téid fo'n mórsheisear
oile le n-a chlaidheamh toirteach trombhuilleach amhail seabhac
fo mhion-ealtain, ionnus go ndearna cumhthach cnáimhghearrtha
agus míreannadh beaga buanréaptha dhíobh, acht aon duine do
chuaidh a raon madhma agus mór-theitheadh uadh agus a leath-lámh
agus a leith-shúil d'easbhuidh air. Agus air dteacht do
láthair Chiabháin Chúilfhinn do'n óglach, fochtas sgéala dhe.



"Sgéala móra olca agam," air an t-óglach, "óir ní thearnó
aon neach do'n fhuirinn úd acht misi ó ghiolla an chathmhílidh
fil annsa bpubal, agus má atá an cathmhíleadh comh díbheirgeach
ris an ghiolla, ní furáil cath eagair do chur dá ndíthláithriugh."



"Tiaghaid amach céad laoch láidir lánchalma," air Ciabhán
"agus tugthar ceann na deise úd chugum muna bhfuilngid a
gceangal," air sé.


L. 36


Trialluid an céad laoch sin innillte órduighthe fa thuairim an
phubail, agus air n-a bhfaicsin do Laoi, ba leasg leis
Cúchulainn do dhúsacht, óir níor mhaisi leis sgéal meathtacht
nó mí-laochacht do bheith aig Cúchulainn air, do bhrígh gurb
fear comhlainn céad Laoi agus gur a gcomhrac aoinfhir do
chlaoidh Cúchulainn é roimhe sin, agus go dtug bith-
mhuintearas air féin do Choingculainn mar ghrádh air a
ghaisgeadh agus air a dheagh-bhéasaibh. Agus is eadh do rinne,
gluasacht 'n-a gcoinne agus n-a gcomhdháil go dána
díbheirgeach agus go meardha mearuallach. Agus air dteacht do
Laoi a gcomhfhogus dóibh, do leigeadar uile sgaoithe dá
sleaghaibh tana trénfhaobhracha agus dá gcraoiseachaibh cadad
crófhairsinge air. Acht cheana iomghabhas Laoi na sleagha agus
na craoiseachadh uile a gclár na tromsgéithe dualaighe daingne
datháillne, agus as a h-aithle sin téid i n-a gceartlár anonn
air mheadhón agus gabhas aga leó agus aga leadradh, aga gcasguirt
agus aga gcnáimhghearradh, ionnus go ma mó ba samhallta re
h-ársaigh iorghaile nó re cathmhíleadh catha nó le dragún
dásachtach é nó re giolla nó re h-ara. Acht cheana ba h-é
críoch agus forcheann na h-iorghaile sin gur thuit an céad
laoch lán-chalma sin re torann-chleasaibh Laoi air an láthair
sin, acht madh duine annamh do chuaidh a raon madhma agus
mórtheitheadh uadha.



As í sin uair agus aimsear far dhúisgigh Cúchulainn as a
chodhladh, agus do chí na cuirp chiorbhuighthe agus na colla
cnáimhghearrtha agus na sruthlinte fola fo dhoirsibh an phubail,
agus Laoi aig tacar agus aig tiomsughadh a n-arm agus a n-éideadh
agus a n-iolfhaobhar.



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "cia do rinne an cumhthach
cnáimhghearrtha agus an iorghail ainshearcach so do chím?"



"Ní annsa, a Cúchulainn," air Laoi. "Ciabhán Cúilfhionn
mac Rígh na h-Almáine fil annsúd," air sé, "go sluagh líonmhar
maille ris, re h-ucht dul go h-Éirinn do dhíoghuil Eochaidh
Édrocht mic Rígh na h-Almáine .i. dearbhráthair athara dhó
féin do thuit re Conall Cearnach feacht n-aill air mbeith do
Chonall aig tabhach árdchíosa an domhain. Agus air gclos do
Chiabhán Chúilfhionn gurb as Éirinn duit-si, do chuir
naonmhar laoch annso dot'bhreith-si creapuillte
cruadhchuibhrighthe i n-a láthair féin. Agus mar nár mhaisi
liom-sa thusa do dhúsacht a n-aghaidh


L. 38


buidhne comh beag agus sin, d'fhéachas féin mo lámh orrtha
agus do thuiteadar liom acht aon fhear do chuaidh a raon madhma
uaim agus a leithlámh d'easbhaidh air. Agus as a h-aithle sin,
tángadar céad laoch armtha innillte agus ní roibh foill nó uain
agam-sa thusa do dhúsacht agus h'airm d'innioll, óir do bhiadh siadsan
ort níos taosa nó thiocfadh dhíom do ghaisgeadh d'inneall duit.
Agus is eadh do rinneas dul ar cheart-mheadhón chuca agus mo
ghaisgeadh d'fhéachain orra, uair do b'fhearr liom mé féin do
thuitiom ná thusa do chur a mbaoghal agus tú a n-éagmhais h'arm.
Acht a cheana ní dheachaidh a bheag as díobh, agus an méid do
chuaidh, ní bhfuilid gan inibh ortha leanfus dóibh go forcheann a
saoghail."



"Beir buaidh agus beannacht, a Laoi," air Cúchulainn, "agus
is gníomh deagh-laoich re h-ucht anfhorlainn sin, agus mar do
rinne tusa faire an laoi aniugh dhamh-sa do dhén-sa faire na
h-oidhche 'nocht agus an laoi amárach duit-si agus, a Laoi,"
air sé, "innill an Carbad Séanta agus cuir seol édtrom air go
dtimchiollainn na sluaigh agus go dtugainn árd-mheas orrtha,
agus fós go ndeargainn mo lámh, óir is geis damh-sa bheith aon
lá air bhrúgh námhad agus gan fuil do dhortadh, agus ro fheadamar
fós nach beag-bhuidhean thiucfas an treas feacht chugainn."



Gabhas Laoi lámh air an gcarbad d'inneall.



Acht cheana air ndol do láthair mic Rígh na h-Almáine do'n
fhuirinn d'imthigh ó Laoi as an chathláthair roimhe sin, fochtas
sgéala dhíobh.



"Sgéala móra olca aguinn," air siad, "óir ní tearnó aon duine
do'n chéad laoch acht sinne nár thuit le h-ara an chathmhílidh
atá san bpubal."



"Ro-fheadamar," air Ciabhán, "má atá dá réir sin do mhór-
ghníomhaibh san gcathmhíleadh gur deacair fear choisge a
dhíbheirge d'fhagháil, agus gairthear Cuirrín Craoisfhiaclach
cugam," air Ciabhán, .i. aitheach aibhseach urghránda do bhí
air theaghlach Chiabháin. Agus is amhlaidh ro bhaoi an t-aitheach
sin, níor mhó fear do'n Ádhaimh-chloinn ná é, agus ní raibhe aon
easna ann acht a chom 'n-a aon chlár dhaingean doibhriste do
chnáimh, agus éideadh cadad comhdhaingean do dheargumha
uime air nach deargadh airm náid iolfhaobhair, agus cathbhárr
cruaidh comhdhaingean do'n mhunadh chéadna, agus níor cheist


L. 40


leis gacha líonmhaire do bhiadh aig tuargain a chuirp a n-aoinfheacht
tré dhaingne a éididh agus tré neart a chuirp. Agus is é
arm iombhuailte do bhí aige re h-ucht áigh agus iorghaile, omna
dairbhre darach air n-a thrénthairring as a fhréamhach agus air
n-a bheó-sgathadh da bheangánaibh agus do bharraibh gan
snuidhe gan saoirseacht, agus is é bhí re h-aghaidh múir agus
balladh cúirte agus cathrachadh agus caisléin do bhriseadh, agus re
h-aghaidh slóigh agus sochraide do bhriseadh agus do bhuan-réabadh
aig Ciabhán Cúilfhionn.



Tugadh an t-aitheach do láthair agus adubhairt Ciabhán:



"Maith, a Chuirrín," air sé, "éirigh d'ionnsoigh an phubail
úd agus muna bhfuilghe an cathmhíleadh fil ann a chreapall agus
a chruadhchuibhriughadh, déna mion-bhrughar dá chnámhaibh
mar aon re n-a ghiolla, agus tabhair an dá chionn chugam-sa annso
a n-eiric an díthláithriughadh do rónsaid air na sluaghaibh."



Gluaiseas an t-aitheach agus an t-omna mar arm urdalta
aige, do chéimionnaibh troma toirteamhla fa thuairim an phubail,
agus airigheas Laoi aig teacht é.



"Maith, a Cúchulainn, atá aitheach aigbhéil uathmhar chuguinn
annso is mó agus is gráineamhla do'n druing dhaonda, agus omna
mór-ádhbhal air a ghualainn, agus ní h-ionchomhraic curadh nó
cathmhíleadh fris, agus créad is indhénta duit, óir ní bhiadh an
carbad innillte suil roichfeas sinn?"



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "ná h-uamhnaighthear thusa
dhe sin, acht gabh aig inneall an charbaid agus rachad-sa a gcoinne
an aithigh agus dingeobhad dhíot é go madh h-innillte an carbad
agus go madh h-ionfheadhma na h-airm."



"Truagh sin!" air Laoi, "do dhéna an t-omna fil aig an aitheach
mion-bhrughar dhíot an tan nach biadh misi aig stiúradh an
charbaid umad."



"Nach feasach thusa, a Laoi," air Cúchulainn, "go marbhuim-si
an énlaith aidheordha air eitioll agus fiadhach na fiodhbhadh
air a rith agus iasg an inbheir air snámh tré mhéid mo lútha agus
mo lúthmhaireacht, tré luas mo láimhe agus tré áirde m'aigeanta
agus ciodh dhamh nach dingeobhainn an t-aitheach re mo chleasaibh
lámhaidh gion go mbeinn taobhtha mar armaibh friú?"



Iar sin téid Cúchulainn a gcoinne agus a gcomhdháil an aithigh,
agus gan d'arm leis acht a chlaidheamh agus dhá shleigh agus


L. 42


dhá chleas do na cleasaibh nimhe .i. an t-ubhall-chleas agus an
cleitín-chleas. Agus air dteacht a gcomhgar a chéile dáibh,
adubhairt an t-aitheach:



"Cá leith a dtéighir, 'fhir bhig?" air sé.



"Do ghabháil sgéal díot-sa," air Cúchulainn.



"Do mhuintir mheic Rígh na h-Almáine misi," air sé, "agus
dol do dhícheannadh an chathmhílidh atá san bpubal atá
mé, muna bhfuilnge a bhreith ceangailte do láthair."



"Ní fhuileóngaidh a cheangal go deimhin," air Cúchulainn,
"d'eagla comhraic, agus do bhéar-sa comhrac dar a cheann duit
annso nó go ndeachaidh féin i n-a armaibh," air sé.



Leis sin maoidheas a ghean gáire air an aitheach agus adubhlairt:



"Dar mo bhréithir ámh," air sé, "ní miadh nó maisi liom do
leithid do ghuin, acht dá ngabhthá fosdógh agam, do bhéaruinn
tuarasdal duit agus airm agus éideadh an churaidh atá san bpubal
acht suil a cheann do bhuain de, óir measuim gurb aige bhíos tú
agus gur tú do dhíláithrigh an bhuidhean laoch ó chianuibh."



"Aig so cuid dá armaibh," air Cúchulainn, "agus ní
féidir duit-si a mbronnadh nó go ndícheannair misi air tús."



Agus leis sin cuireas Cúchulainn a mhéar a samhnuidhibh na
sleighe agus do bheir rogha an urchair gan chaime, gan chlaoine,
air an aitheach a gceartlár ochta agus éididh, agus ní dhearna do
dhíth nó do dhíoghbháil dó ris an urchar sin acht mar do bhuailfeadh
a n-éadan cairrge ceann-ghairbhe cloiche í. Air n-a fhaicsin
sin do'n aitheach, gabhas an t-omna i n-a dhá láimh ós áird a
ghualann agus do bheir buille borbneartmhar d'ionnsoigh
Chúchulainn de, agus do bheir Cúchulainn éirghe édtrom énamhail
air, do sheachna an omna, ionnus go ndeachaidh an buille fo lár
agus go ndearna uaimhchlais is an talamh i n-a mbiadh céad
laoch fo n-a n-armaibh a bhfolach.



Air n-a fhaicsin do Choingculainn nach dearna an tsleagh
créachtghuin a gcorp an aithigh, innleas an t-ubhall-chleas air a
gceartlár aithche agus éadain, ionnus go rug an meall cruadha do
bhaoi air cheann an ubhall-chleas a chomhthrom féin d'inchinn
an aithigh tar chúl a chinn siar seachtar. Agus níor fhoghain
sin dó acht innleas an cleitín-chleas air a gceartlár ochta, ionnus
gur bhris an t-éideadh cadad comhdhaingean do'n deargumha bhí
air a bhrollach agus gur threaghd fréamhach a chraoidhe agus a


L. 44


sgamháin do'n urchar sin, agus gur thuit faon fotharsna marbh,
agus go madh samhalta re múr nó re mór-chathair air na thrasguirt
re soighnén teintighe an trost agus an torann do rinne an
fomhóir fíorghránna aig dul chum láir agus lántalmhan dó. A
h-aithle an mhór-éachta sin, iompoidheas Cúchulainn mar ar
fháguibh Laoi aig inneall an charbaid, agus do gheibh an carbad
innillte agus na h-airm infheadhma air a cheann aig Laoi.



"Dar leam, a Cúchulainn," air Laoi, "do thuit an t-aitheach
do thoradh do luath-lámhaidh."



"Do thuit, go deimhin," air Cúchulainn, "agus atá súil agam go
dtuitfe mac Rígh na h-Almáine go n-urmhór a shluaigh liom
um thráthnóna, óir is lúgha an dioghbháil d'fhearaibh Éireann
a dtuitiom linne annso nó a ndol go h-Éirinn agus mórán díbheirge
do dhénamh ann suil do coisgfidhe iad."



"Maith, a Cúchulainn," air Laoi, "gabh umad do threalamh
áigh agus iorghaile, óir is innillte infheadhma an carbad agus do
ghaisgeadh air cheana."



Leis sin gabhas Cúchulainn a léine shreabhnaidhe do bhánshról
mhaothlag ma a gheilchnios agus gabhas a chotún eangach
órchiumhsach do'n tsíoda dearg-bhuidhe air uachtar na léine.
Gabhas dhá assa édtrom anbhanna do'n tsíoda gorm-uaine ma
a cholpthaibh ríogha rómhaiseacha. Gabhas a dhá nuadhbhróig
ndonnleathair air na gceangal agus air n-a gcórughadh do'n ór
aithleaghtha áluinn ma a ghealthroighthibh. Gabhas a sheacht
léinte fichead cíorrtha clártha comhfhuaidhte fa díon air
ghuin gaoi agus gealchuilg, air uachtar an chotúin. Gabhas a
fhuathróg niomhdhaingean ndonnleathair do chroicnibh seacht
ndaimhseach air n-a h-eagar agus ar n-a h-úrchuma do líoguibh
lánshoillseacha longmhara, fa díon air bhirínibh agus air bhiorrannaibh
agus air chréachtghonadh sleagh agus craoiseach, air
uachtar na léinteadh sin. Gabhas an lúireach mhórdhrolach
dhualach do'n ór chuanna cheardamhail, dlúith daingean tiugh-churrtha
fada fosgadhach fáinneadhach air n-a ceangal agus
air n-a ceart-chórughadh do lámhaibh suadh agus saor-cheard, fa
díon air ghuin gaoi agus claidhimh agus gealchuilg, sleagh agus
craoiseach agus géar-rann, air uachtar na fuathróige sin. Gabhas
an sgabal eangach órchiumhsach ma a ghealbhrághuid agus an
muince cadad cruadhdhaingean do'n airgead aithleaghtha air


L. 46


uachtar an sgabail sin. Gabhas an Síth-bhárr Manannáin .i.
cathbhárr soillsigh suaithnigh solusmhar tug Manannán as Tír
Tairngire chuige, lán do chlochaibh buadha agus bisigh thíre
h-Aifrice, mar atá diamond, tofás, berol agus ónix, agus i n-a raibhe
dealbh an iomad mbeathach n-égsamhail n-uathmhar, ma a cheann.
Agus gabhas a dhá lámhuinn chadad chomhdhaingean don chruadh-iarann
dhaingean dhoibhriste ma a ghealdhóidibh leabhra lán-láidre.
Agus air gceangal a chuirp i n-a chathéideadh amhlaidh
sin, éirgheas go h-aigeantach uaibhreach uaillmhear i n-a charbad
agus suidhios a gceart-mheadhón na n-arm agus na gcleas agus
na n-iolfhaobhar. Agus ní raibhe sin air dhruim domhain curadh
nó cathmhíleadh nó ársuigh iorghaile d'fhuileóngadh nó d'fhéadfadh
suighe nó seasamh a meadhón na n-arm soin acht Cúchulainn
féin amháin, air aidhbhle na nimhe agus air urghráine na gcleas
agus air ghéire na sleagh agus na rann agus na gcolg, óir níorbh'
eólach neach air talmhain i n-a n-iomlat acht eision féin
amháin.



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "tabhair an carbad a
dtiomcheall na sluagh go mbeirinn árdmheas ortha."



Do rinne Laoi amhlaidh sin, agus tug Cúchulainn tuairim
agus árd-mheas air líonmhaireacht a gcuradh agus a gcathmhíleadh,
air a n-eagar agus air a n-órdughadh, air inneall a n-arm agus a
n-éideadh, agus air dheilbh agus air dhénamh na dtaoiseach agus
na gceannphort. Agus as a h-aithle sin fostus an carbad air
bhrollach na sluagh.



"Anois, a Laoi," air Cúchulainn, "tabhair taobh clé an charbaid
fris na sluaghaibh nó go n-imrinn mo thoronn-chleas ortha."



Do ní Laoi amhlaidh agus do bheir seol édtrom agus brod
forsan n-eachradh, ionnus go madh samhalta le h-iara aig léimnigh
idir chrannuibh fiodharda fiodhbhadh an carbad agus an curadh
an tan sin. Agus do thógbhadar na bádhbha agus na bocánaigh
agus na geilte glinne gártha gránna gráineamhla 'na thimchioll aig
súr agus aig fáistine na fola.



Is annsin ro thóguibh Cúchulainn na cleasa ána iolordha
anaithnigh neach ro fhoghluim aig Sgathach agus aig Uathach
agus aig Aoife, agus air bhfaicsin na gcleas sin dona slóghaibh do
ghabh gráin agus uamhan iad, óir ní fhacadar a n-ionnamhail
riamh roimhe aig curadh nó aig cathmhíleadh air dhruim domhuin.
Agus do bheir Cúchulainn torann-chleas dheich gcéad ós áird


L. 48


ionnus go dtug trí luathchuarta 'na dtimchioll agus gur thuit
deich gcéad i ngach én chearna do cheithre cearnaibh an tsluaigh
gach én chuairt do na trí chuartaibh sin leis, óir is amhlaidh ro
bhádar aige, amhail bó-eallach i ló éibhill a ngardha dhaingean
dhoibhriste, gan dul as acu do mhuir nó do thír. Air loit
na sluagh amhlaidh sin, tig air a mbrollach arís agus féachas orra
agus adubhairt:



"Maith, a Laoi," air sé, "ní-sum-sáitheach do chathiorghail
fós, agus seol an carbad air mheadhón na sluagh, óir as a meadhón
na sluagh atáid na h-ársuigheadh iorghaile, agus as mian liom
mo dhíbheirg d'imbhirt forra go nach beith dís dom' chomhthuargain
a n-aoinfheacht re mac Righ na h-Almáine iar n-uair."



Seolas Laoi an carbad air mheadhón na sluagh agus gabhas
Cúchulainn aig leó agus aig leadradh, aig casgairt agus aig cnáimhghearradh
na gcuradh agus na gcathmhíleadh fa ceannphuirt air
na sluaghaibh, óir do bheireadh aithne forro tré innull a n-arm
agus a n-éideadh agus a n-égcuisg.



Ciodh trácht, nó go n-áireómhtar duille feadha nó gaineamh
mara nó ranna nimhe, ní h-áireómhthar ar thuit le Cúchulainn
do'n ruathar sin, óir ní thearnó do na sluaghaibh acht madh beagán
do chuaidh a raon madhma agus mór-theitheadh go Cathair na
dTrí mBeann .i. baile Rígh na h-Almáine do bhí air chúlaibh na
sluagh, agus ní raibhe én neach dár imthigh dhíobh gan easbhaidh
leath-choise nó leath-láimhe nó leath-shúl nó créachtghuin
bhásamhail éigin oile air ó Choingculainn.



Air gclos iomorro do Chiabhán Chúilfhionn mac Rígh na
h-Almáine, na h-ára agus na h-easbadhadh tugadh air na sluaghaibh,
agus díothláithriughadh a mhuinntear agus a dheagh-laoch, agus
toirmeasg a thurais, gabhas mire agus dásacht, fearg agus forrán,
náire agus aithmhéile é, agus ní mór nár óbair bás fóiréigineach
do thabhairt dó féin tré racht feirge ó n-a bheith air lear as measg
a mhuinntear an tan sin. Acht cheana fógras dá ara a charbad
d'innioll gan mhoill, agus do rinne an t-ara amhlaidh sin,
agus an tan fa h-innillte an carbad, éirgheas Ciabhán ann. Agus
fa díbheirgeach an fear táinic ann, óir fa h-é sin an t-ársuigh iorghaile
agus an bráth biodhbhadh agus an t-órd urlaidhe agus an tonn
iombáite agus an dragún dian dásachtach agus leomhan
léidmheach lánaigeantach .i. Ciabhán Cúilfhionn cosgarthach
cathbhuadhach mac Árd-rígh na h-Almáine. Ciodh trácht tig
amach


L. 50


as an gcathraigh fó'n tuairim sin, agus each léidmheach lán-aigeantach
cubharbhéalach buacach beannárd bánghlégheal
uchtleathan inginchruinn árdbhlénach a gcuing thosaigh an
charbaid agus a h-ionnamhail oile isin gcuing dheiridh dhe.



Agus air bhfaicsin an áir dhó agus Chongculainn aig inneall
agus aig iomlat na gcleas nimhe fa n-a urchomhair, tug brod
forsan gcarbad agus do bheir baothléim bódhbhdha bárraigeantach
amhail siothadh gaoithe síorghéire siobhlaighe a gcoinne agus a
gcomhdháil Chongculainn, agus do bheir Cúchulainn an céadna
'na choinne-siomh, ionnus go madh samhalta re dhá shoighnén
thréan theintighe air n-a séideadh re tóirneach tréan-neartmhar
as fraoichibh na fiormainte, ionnsoigh agus comharrceis na deise
curadh sin. Agus air rochtain a chéile dáibh, tugadar sáithte
santacha sárluatha dá sleaghaibh sliopa slinnghéara agus dá
gcraoiseachaibh craosacha crófhairsinge a gcorpaibh agus a
gcneasaibh a chéile, ionnus gur briseadh agus gur brúghadh na
ceinnbheirte, gur tolladh agus gur treaghdadh na lúireachadh,
gur sgoilteadh agus gur sgabadh na sgiatha, gur réabadh agus gur
briseadh na cotúin agus na máinleadha agus na díonchraosa air cheana,
agus gur maoluigheadh na sleagha agus na craoiseachadh
agus na h-airm dhiuraice, agus gur sgaoileadh agus gur sgannruigheadh
a gcorpéideadh cumhdaigh uile agus go ndeachadar na
cleasa as a n-eagar agus as a n-órdughadh don torann-ruathar sin.



Ciodh trácht, is mairg curadh nó cathmhíleadh 'n-a aonar
nó buidhean anbhann égcruaidh, nó file nó fear dána, do
thairgfeadh eadrán na deise curadh so do dhénamh a n-alt na
h-uaire si!



Acht acheana, ria dteacht d'ionnsoigh an chomhraic do
Choingculainn, adubhairt re Laoi:



"A Laoi," air sé, "má's orm-sa bhus anfhorlann san gcomhrac,
déna-sa mo ghríosadh agus mo ghlámhadh agus olc do rádha
liom, ionnus go ngabhaidh náire agus aithmhéile mé; agus má's
mise chingfeas air Chiabhán, dén moladh agus maith do rádha
liom, ionnus go madh móide m'uaill agus m'árdaigneadh é."



Dála na gcuradh annso, air mbriseadh na sleagh agus na
gcraoiseach agus na gcathbhárr agus na lúireach agus an chneis-éididh
air cheana, tiaghaid a muinighin na gcolg agus na gclaidheamh
trom tanafhaobhracha, agus do ghabhadar aig tuargain


L. 52


agus aig treaghdadh, aig tolladh agus aig tairring, aig leó agus
aig leadradh, aig snaoidhe agus aig sliosadh, aig casgairt
agus aig cnáimhghearradh a chéile, gan taisi gan trócaire, ionnus
go mbeireadh cách dhíobh mar thoirt mheic míosa do mheallaibh
fola agus feóla agus do chaobaibh cró, do ghuaillibh agus do
shlinnénaibh agus do shliastaibh a chéile, agus gur tholladar corp
agus cneis agus compar a chéile, agus go raibhe a bhfuil 'n-a
sruthlintibh cubhracha casaoideacha fágbháil a gcorp agus
a gcneas.



Ciodh tráchta, níor mhiadh nó maise le Laoi an t-anfhorlann
do chonnuirc air a thriath agus air a thighearna, agus adubhairt:



"Dar leam, a Chúchulainn," air sé, "ní thig dhíot an
cathmhíleadh atá at' aghaidh do dhíláithriughadh, óir do chím
gur threaghd agus gur thuairg thú amhail threaghdas rób omna,
agus do thimchill thú amhail thimchiollas féil fiodh, agus do sgaoil
h'airm agus h'éideadh amhail sgaoileas grian cith, go nach bhfuil
do ghaol re gal nó re gaisgeadh go mbruinne mbrátha agus mbeatha,
agus go rachaidh do mhasla agus do mhíchlú fo cheithre h-áirdibh
an domhain agus go h-áirithe go Dún Dealgan agus go h-Eamhain
Macha, a shiorraide siabhartha siubhlach," air sé.



Air gclos na mbriathar sin do Choingculainn, gabhas náire
agus aithmhéile hé, agus éirgheas a luas na h-áinle agus a
ndreimhne an dragúin agus a neart an leomhain, agus gabhas
an t-ubhall-chleas i n-a láimh dheis agus an tábhull-chleas i n-a
láimh chlí, agus innlios iad araon a gcomharrcís a chéile fo dhá
thaobh an charbaid, air Chiabhán, ionnus gur bhris agus gur
bhuanréab an dá chlár chadad chomhdhaingean do'n deargumha
do bhaoi do'n leith amuigh agus an dá bhuadhchloich mhór
a méid cloiche muilinn do'n chriostal chaoingheal do bhaoi a
leith astigh a ndá thaobh an charbaid, agus gur thuit an carbad
go lár agus go lántalmhain, agus go dtáinic an chuing dheiridh
dhe fo cheann mhullaigh an eich dheaghanaigh. Leis sin léimeas
Cúchulainn as a charbad, agus lingios air mhac Rígh na h-Almáine,
agus iadhas an dá láimh ríoghdha rómhaiseacha 'n-a thimcheall,
agus trasgaras go lár agus go lántalmhain é, agus ceanglas go
daor docrach agus tógbhas ós áird a ghualann as a haithle sin é,
agus fágbhus air bhéalaibh Laoi air chuing thosaigh an charbaid é,


L. 54


agus seolaid d'ionnsoigh an phubail. Agus air dteacht do'n
bpubal dáibh, adubhairt Cúchulainn:



"Maith, a Laoi," air sé, "toirling agus díthcheann mac Rígh
na h-Almáine."



"Ná déna amhlaidh sin," air Ciabhán, "óir is lór duit buaidh
mo chosgair do bhreith agus gan mo dhíthcheannadh. Agus
fós do dhéna umhla agus urraim dhuit, agus do bhéra cíos-cháin
agus gialla duit, agus coisgfead comhrac curadh agus cathmhíleadh
gach áit in budh áil leat ó so amach go bráth, óir ní masla nó mi-chlú
liom orm féin umhla agus urraim do thabhairt dot' chomh-maith
do ghaisgidheach."



"Dá dtugthá cuir agus ratha dhamh," air Cúchulainn, "re
cóimhlíonadh gach a naisgfinn ort, do bhéaruinn cádhas h'anama
dhuit."



Tug seision grian agus éasga agus ranna nimhe agus talmhan
do Choingculainn re comhull agus re cóimhlíonadh gach a
naisgfeadh air. Leis sin sgaoileas Cúchulainn dó, agus adubhairt:



"As é ní do naisgim ort," air sé, "dul go h-Éirinn, gan
slógh gan sochraide, agus a innsin a nDún Dealgan agus a
n-Eamhain Macha an toisg agus an turas do bhaoi fúd re dul a
n-Éirinn do dhíoghail do bhráthara, agus amhail mar do thoirmisg
an Cúchulainn oirdhearc sin umad, agus mar do claoidheadh leis
tú; agus h'airm agus h'iolfhaobhair do thoirbheirt dom' oide
gaisgidh-si .i. Conull Cearnach mac Aimheirghéin; agus fós trí
clocha do bhreith leat as críochaibh na h-Almáine do mhéadughadh
an chlocháin atá idir Eamhain Macha agus Árd Soileach atáthar
do dhénamh do'n áirdchíos do thabhaigh Conall Cearnach air
chríochaibh an domhain an tan do thuit Eochaidh Édrocht .i.
do bhráthair-si, leis, darb' ainm Clochán na gCuradh aig
Eamhain Macha; agus aig sin na neithe naisgim ort," air
Cúchulainn.



Tug Ciabhán cuir agus ratha leis sin do chomhall dó, agus do níd
síth agus caradradh re chéile go caoin carthannach annsin, magus
gluaisid a n-éinfheacht go dúnadh Rígh na h-Almáine. Agus
do fháiltigh an rígh agus a theaghlach roimh Coingculainn, agus
fa buidheach dhe iad tré chaomhna do thabhairt do Chiabhán,
agus do freasdladh agus do friotheóladh go h-onórach é. Agus
nochtas Cúchulainn dáibh gur lorgaireacht air Gharuidh
Gharbhghlúineach, mac Rí na bhFear Morc, agus inghean Rígh
na h-Antuaithe do bhí sé taisdeal an domhain.


L. 56


"Truagh an sgéal innsios tú, a mhacaoimh óig anaosaigh!"
air an rí, "óir is snámh a n-aghaidh easa, agus tuargain darach
do dhornaibh, agus cur ghainimhí a ngad agus lámh a nead
naithreacha neimhneach nimhe, do churadh nó do chathmhíleadh
san chruinne cheathardha tóruigheacht nó lorgaireacht do dhénamh
air an bhfear sin nó air a dhearbhráthair oile .i. Fearghus
Fiodhárd, mac Rígh na bhFear Morc. Agus gidh h-aidhbhéil
tuarasgbháil Gharuidh," air sé, "ní bhfuil acht cluithe agus gáire
ann a bhfochair Fhearghuis. Óir is amhlaidh atá Fearghus, an
aoidhche do rugadh é, do chuaidh a mháthair go forthuaith ifrinn
leis agus tug trí tumtha air a bhfódhomhain shrotha Stix, agus ní
dheargann airm náid iolfhaobhair air én neach dá dtumthar annsin
go bráth, agus ní mó dheargus air Fhearghus acht aon bhall amháin
agus ní fhidir neach dá mairionn cé hé an áit i n-a chorp i n-a
bhfuil an ball sin acht é féin agus a mháthair. Agus fós atá sleagh
aige do rinne Balcán Gabha dhó agus do rinneadh a fabhairt a
sruth domhain dubhdhorcha ifrinn, agus ní ghabhann luibh nó
leigheas nó íce greim d'éin chréacht dá ndénann an tsleagh sin
acht risin tsleigh féin do thungadh trí h-uaire ris an gcréacht do
ní sí, agus ní bhfuighthear an leigheas sin go bráth. Agus mar
sin ní thig én neach ó lámhaibh Fhearghuis."



"Cá h-áit i n-a bhfuil an fear sin anois?" air Cúchulainn.



"Atá," air an rí, "a gcathair na Salerna .i. a mbaile Rígh
na Sisile, agus é tar éis mac oighreacht Rígh na Sisile do
dhíthcheannadh, agus an rí féin agus a mhac óg agus a inghean
áluinn darb' ainm Clephanta a mbruid agus a mbraighdeanas
aige. Agus fós atáid mórsheisear aitheach aibhseach
urghránna aige re h-aghaidh deabhtha agus díbheirge agus
tabhach cíosa agus cána, agus re h-aghaidh iodhbuirt anabaidh
anchumach do dhénamh do gach taisdiollach agus do gach
taighleóir anaithnidh dá dteagmhann riú. Agus ní h-ionchomhraic
duine air dhomhan ris na h-aitheachaibh sin, air a méid agus air
a láidre. Agus atá droichead air an gcaolmara atá aig cathair
na Salerna, agus ní bhfuil eadh n-órlaigh dhe gan ceann curaidh
nó cathmhílidh air do thuit le Fearghus agus ris na h-aitheachaibh
soin. Agus is eadh do mholuim-si dhuit-si," air an Rí, "filleadh
go h-Éirinn arís, agus cíos-cháin na h-Almáine do bhreith
leat


L. 58


innte, agus gan dol níos sia, óir gidhbé h-acu re n-a
dtaigeóbhtha tú, Garuidh nó Fearghus, ní thearnóbhair uadh,"
air sé, "acht mar fhear mar chách."



"Luidhim fom' armaibh gaisgidh," air Cúchulainn, "nach
geabhainn ríoghacht an domhain, ó luidhe go h-éirghe gréine,
gan amharc d'fhagháil air an bhfear sin air nach deargann airm,
óir atá súil agam go ngoinfid m'airm-si é."



Ciodh trácht, do chaitheadar a roibh rómpa go maidin re
h-ól agus re h-aoibhneas agus re ceangal síodha agus caradraidh,
agus air n a mhárach, éirgheas Cúchulainn a mochdheaghail na
maidne, agus fógras do Laoi a long d'ullmhughadh agus na h-airm
agus na cleasa do chórughadh. Do rinne Laoi amhlaidh
sin go h-athlamh iméasgaidh.



Dála mic Rígh na h-Almáine, éirgheas mar an gcéadna agus
gabhas lámh air dhul go h-Éirinn do chomhall a ghealladh do
Choingculainn agus ceileabhras do'n rí agus do Choingculainn.
Agus ní h-aithristear a sgéalaidheacht go ráinic Dún Dealgan.
Agus do gheibh Conull Cearnach agus Fearghus roimhe ann, agus
nochtas a thaisg agus a thuras dáibh, agus toirbheireas airm do
Chonall amhail ro naisg Cúchulainn air, agus nochtas dála
Chongculainn dóibh ó thús go deireadh, agus amhail ro thriall
a ndáil Fhearghuis Fhiodhfhoda. Fa tuirseach iomshníomhthach
iad uile um an turas sin, óir do bheanadar ciall dá fhaicsin go
bráth, agus dá bhrígh sin ní fhuaradar Eimhear do chosg dá
h-eólchaire. Agus rugadar Ciabhán leó go h-Eamhain Macha
agus do freastaladh go h-onórach ann é, agus do chuir na trí clocha
re n-a lámhaibh péin a gClochán na gCuradh. Agus do fhan
seal fada a bhfochair Chonchubhair agus na gcuradh. Agus do
imthigh uatha annsin go síthchánta socharrthannach, agus do
gheall sgéala Chongculainn do chur chuca, an méid dob' fhéidir leis.



Dála Chongculainn do bheirthear ós áird annso: air
bhfágbháil baile Rígh na h-Almáine dhó, níor comhnuidheadh
leis nó go ráinic baile Rígh na Sisile, agus gur ghabh cuan agus
caladhphort air amus an droichid air a roibheadar na cinn anáirde.
Agus tig as an luing a gcéadóir agus adubhairt re Laoi:



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "innill an Carbad
Seardha gan mhoill, agus tabhair seol díoghalltach draoidheachta
fair, óir is deimhin liom go bhfuighe mé tromdheabhadh agus go


L. 60


ndoirtfidhear mo chrú isin gcrích so a dtángamar, óir do chonnuirc
mé fís agus aisling aréir do chuir uamhan agus eagla mór orm,"
air sé.



"Cá h-aisling sin?" air Laoi.



"Tárfas damh," air Cúchulainn, "go dtáinic athair nimhneach
nimhe chugam, agus gur chréachtnuidh mé a n-iomad d'áitibh,
agus go dtángadar buidhean do bhreacaibh geala as Loch na Séad
as a h-aithle sin chugam agus bolgum d'uisge Loch na Séad a
mbéal gach én bhric dhíobh, agus gur chuireadar an t-uisge sin
is na créachtaibh, agus gurbh'fhalláin iad a gcéadóir, agus go
dtáinic an athair nimhe fa duibhe iná gual gabhann chugam an
dara feacht, agus gur sháith a h-earr ann mo thaobh, agus gur ghoin
mo chraoidhe do'n tsáthadh sin, agus nachar ghabh an chréacht
sin aon bhraon do'n uisge ó na breacaibh, agus an tan do thairginn
an athair nimhe d'ionnarbadh uaim rem' armaibh, go sleamhnaidís
dhi amhail do dhruim easgaine sliopa sleimhne, agus leis sin do
dhúisgigh mé, agus atáim lán d'uamhan agus d'imeagla ó sin
ille," air sé.



"A Chuagáin," air Laoi, "ná h-uamhnuighthear uime sin thú.
Óir ní bhfuil ann an bhfís agus an aisling acht buaidhreadh na
leantach agus tábhaiste na ndeamhan eadarbhuaiseacha aidheoirdha,"
agus do rinne an laoi ann co n-eabairt:




Aisling atchonnuirc aréir,
Ní mór, gan bhréig, nár shaobh mo chiall,
Athair nimhe fa ghéire greim
Bheith dom' chreim a bhos is thsiar.



A Chúchulainn na sleagh gcruadha,
Ná h-uamhnaigh re feadh físe.
Do bheir na leanta buartha
An iomad uamhain re h-ucht Naoise.



An athair nimhe do chonnacas,
Aig glomradh mo thaoibh séimhe,
Ionann, a Laoi, gan spleidhe,
Is Fearghus na sleighe géire.


L. 62


Fearghus na sleighe géire,
A Chú na mbéimeann neartmhar,
Do chleasa nimhe go mbuadha,
Traoighfid a uaill cé deacra.



Óm' chleasaibh nimhe go bhfaobhar,
Ní shaorfigh neach air talmhain,
Acht Fearghus an chrotha chrosta,
Fuair a bhaisdeadh aig deamhnaibh.



Dob' annamh riamh gus an uair si,
A gcathaibh fa cruadhach treasa,
Thusa aig ceasnuigh re h-armaibh,
A Chú nach anbhann cleasa.



An ceasnuigh adeir re h-armaibh,
Nó re neach air talmhain uile,
Ní dhearna misi 's ní dhénad.
Mairfe mo sgéala má thuitim.




A h-aithle na laoidhe sin, gabhas Laoi lámh air an gcarbad
d'innull. Agus is í sin uair agus aimsear fá dtárla an mórsheisear
aitheach adubhramar 'n-a seasamh air cheann an droichid, aig
dénamh aonaigh agus oireachtais fó na ceannaibh agus d'fhéachain
an gcluinfidís nó an bhfeicfidís taisdiollach nó taighleóir coigchríche
aig teacht do'n gcrích nó do'n gcathair. Agus is eadh do chíid
an meirge suaithnigh snáthrighin sróil dá nochtadh, agus
an carbad áluinn oirdhearc dá innill, agus an eachradh léidmheach
lánaigeantach aig briseadh a gcuinge agus a n-aradhnach air a
fhad leó nach roibheadar dá léigean do dhénamh áigh agus
iorghaile, agus na cleasa uathmhara anaithnigh dá dtabhairt ós
áird, agus na drithle deirgtheineadh aig éirghe do na craoiseachaibh
agus do na sleaghaibh air fhad nach bhfuaradar a
múchadh a bhfuil nó a bhfolruachtadh. Ciodh tráchta, fa
machtnuigh meanman agus fa h-iongnadh ádhbhalmhór leo cia
do churadhaibh nó do chathmhíleadhaibh an domhain do lámh
teacht annsin, gan chead d'Fhearghus Fhiodhfhoda, mac Rígh
na bhFear Morc.


L. 64


Tigid amach annsin, go dian díbhriceach, dias do na
h-aitheachaibh agus dhá lorg-fhearsad iaruinn air a nguaillibh.



"A Chúchulainn," air Laoi, "tabhair congnamh dhamh an
carbad agus na h-airm d'ullmhughadh sul tiocfaidh an bhuidhion
uathmhar úd chugainn agus tú gan arma."



"Ní thiobhra," air Cúchulainn, "acht dingeóbhad iad-súd
dhíot an feadh bhiadhair-si dá n-ullmhughadh."



Gluaiseas Cúchulainn 'n-a gcoinne, agus air dteacht a gcomhghar
a chéile dháibh, adubhairt fear dhíobh:



"Cia dhá bhfóghnann tú, a óig-mhacaoimh?" air sé.



"Do'n chathmhíleadh táinic as an luing," air Cúchulainn.



"Cá h-ainm é?" air an t-aitheach.



"Cúchulainn oirdhearc mac Subhaltaigh," air sé.



"Créad brígh a thurais annso?" air an t-aitheach.



"Do chomhrac re Fearghus Fiodhárd," air sé.



Leis sin maoidheas gean gáire air an bhfomhóir, agus
adubhairt:



"Dar mo bhréithir, ámh," air sé, "is cosmhail nach
raibhe sgéala aige ó Fhearghus nó uainne an tan do tógadh amach,
óir tuairgfe misi a chnámha leis an loirg-fhearsuid so agus cuirfead
a cheann air an droichead, fear mar chách. Agus créad do ní
tusa ris na h-armaibh sin?" air sé.



"Ní bhia tusa a bhfad gan a fhios sin agad," air Cúchulainn.



Agus leis sin innleas Seóladh Rinne air, agus aimsios a gceartlár
a chraois-bheóil é, gur theasg an tsleagh a sgamhán agus fréamhach
a chraoidhe agus a raibhe roimpe go caol a dhroma, agus téid
amach feadh láimhe laoich air chaol a dhroma. Agus innleas an
Chúrsach Dhearg mar an gcéadna air an dara fear a n-íochtar
a chuim, go ndearna dhá n-ordain chudroma chomhroinnte dhe
do'n urchar sin. Air bhfaicsin an mhór-éacht sin do'n gcúigear
oile bhaoi air an droichead, rithid a ndáil Chongculainn, agus nior
chuma leó cia h-acu no bhéaradh a chosgar.



Acht cheana, tárruigheas Cúchulainn a thsleagha, agus triallas
'n-a gcoinne, agus diuraiceas an dá thsleigh a n-aoinfheacht dá
dheis agus dá chlí ortha, gur thorchair dias dhíobh do'n deagh-urchar
soin. Agus téid fo'n triúr oile le n-a chlaidheamh, agus
gabhas aig a luathleadradh go ndearna biadh bádhbh agus


L. 66


brain-eón díobh, noch fa gnáth leis. Agus filleas air Laoi h-aithle
an mhór-éachta sin, agus gabhas a earradh agus a éideadh uime
agus téid 'n-a charbad. Agus tiaghaid air an bhfaithche do
bhaoi aig ceann an droichid.



Ciodh trácht, ní fada do bhíodar ann an tan do chonnacadar
an carbad agus an curadh dá ndionnsoigh fa mó agus fa h-aidhbhle
do'n druing dhaonda. Agus fa samhalta le múr nó le mórchathair
aig tuitiom go lár agus go lántalmhain, an torann agus
trost do bhí aige an gcarbad re bárr déine agus dásachta a
n-arrceis Chongculainn do dhícheannadh.



Ciodh tráchta, air bhfaicsin Fhearghuis do Choingculainn,
do thóguibh cleasa ána iolarrdha fa n-a urchomhair nár rothóguibh
a n-aghaidh curaidh nó cathmhílidh oile riamh roimhe sin.
Gidheadh, fa díomhaoin dó, óir air gcaitheamh a shleagh agus a
chraoiseach uile do Choingculainn ris, is eadh do nídís, éirghe dhe,
gan díth gan deargadh, amhail gurb a n-éadan cairrge cruaidhe
ceannghairbhe no bhuailfeadh iad. Agus air n-a fhaicsin sin do
Chúchulainn, do innill na cleasa nimhe uile a ndiaidh a chéile
air, gur bhris agus gur bhrúgh a éideadh agus a earradh, cuinge
agus córugh agus ceangal a charbaid. Gidheadh, giodh má beag
deargadh air, ní dhearna Cúchulainn é fris an ré sin, acht mar
do bheith aig tuargain darach dá dhornaibh. Acht cheana,
níorbh'é sin an comhrac cudroma nó an imirt chomhthrom, óir
do bhí do neartmhaire bhéimeann Fhearghuis, agus fós nach dtug
Cúchulainn uidh nó aire do chúmhdach a chuirp re déine agus re
dásacht agus re díbhrice d'ionnsoigh Fhearghuis, gur créachtnadh
agus gur gonadh, gur tolladh agus gur treaghdadh, gur ciorrbhuidheadh
agus gur gearradh, corp agus cneas agus craoidhe
Chongculainn. Óir is eadh do rinne Cúchulainn an fad sin, níor
fháguibh méid n-órlaigh do chorp Fhearghuis, an méid do bhaoi,
fa éideadh dhe, nár amuis sé re cleas éigin dá chleasaibh nimhe,
aig iarraidh an bhaill do chuala sé do bheith ionghona i n-a chorp.
Gidheadh, ní thárla an ball sin air. Agus an feadh do bhí
Cúchulainn dá dhénamh sin, do rinne Fearghus guin ghalann
agus lathair leadartha dá chorp, ionnus gurbh'é clártha
a charbaid do bhí aig congbháil a chuirp agus a bhall a n-aice a
chéile, agus go mbeirdís na brain-eóin aidheardha mealla troma
tábhachtacha, a néallaibh nimhe agus a bhfroichibh na firmainte,


L. 68


dá chuid fola agus feola. Ciodh tráchta, ro bhádar air an
gcomhthuargain sin ó úrthosach na maidne go fuineadh néill
nóna, ionnus gur bho meirtnigh mílúthmhar a n-eocha, agus
gur bho sítheach sgáthchurtha a n-aradh, agus gur bho briste
buanréaptha a n-earradh agus a n-éideadh.



Is annsin adubhairt Fearghus:



"A ghaisgidhigh anaithnidh," air sé, "dá dtugthá do
choinghioll re tagmháil damh annso a mocha na maidne amárach,
do sguirfinn do'n chomhrac sa go lá, óir ní thárla curadh nó cathmhíleadh
liom ariamh do sheasaimh an fad sin liom, acht thusa
amháin."



"Ní air tí do sheachna tánac annso," air Cúchulainn, "óir
cé nach dtáinic dhíom do dhíthláithriughadh aniugh," air sé,
"suil tiocfas meadhón laoi amárach, cuirfead do cheann isin áit
a raibhe súil agad-sa mo cheann-sa do chur .i. air an droichead."



"Is mór an gealladh sin," air Fearghus, "má níthear a mhaith
dhe."



Is amhlaidh do bhí Cúchulainn, níor léig meathtacht nó
mílaochdhacht dá chóir fris an ré sin.



Dá gcuirthá a n-iongnadh, a léightheóir, cionnus do thuig
an dias anaithnidh ain-iúil si teangtha a chéile, bíodh a fhios agad
go raibhe teanga air siubhal go coitcheann idir na cineadhachaibh,
an uair sin, nach raibhe díleas aig cineadh air bith, darbh'ainm
an Bérla Teibhidhe, amhail mar atá Laidean anois; agus
gan chontabhairt gurb' í sin teanga i n-ar labhair an dias so re
chéile an tan sin.



Acht acheana, tugadar an dá ársaigh iorghaile si a ndá chúla
re chéile, agus téid Fearghus gan fhuiliughadh, gan fhordheargadh,
do'n gcathraigh, agus téid Cúchulainn go créachtach crólinteach
do'n bpubal, agus fa samhalta re sruth garbhghlórach aig dul
tar clochaibh átha nó inbheir na sruthlinte fola do bhí aig fágbháil
a chuirp agus a chléibh. Agus air dteacht do'n bpubal dáibh,
adubhairt Cúchulainn re Laoi:



"Maith, a Laoi," air sé, "gabh mo chlaidheamh agus bean
mo cheann díom," air sé, "óir ní bhiadh mé beó tiacht na maidne
air énchor, óir do fíoradh an aisling orm anois. Agus éirigh thusa
ann do luing, agus beir mo cheann agus mo charbad agus m'airm
leat go h-Éirinn, go nach maoidhfear mo chosgar ris an bhfómhóir
úd air nach deargaid airm. Agus is deimhin, dá madh duine


L. 70


air a ndeargfadh airm hé, nach biadh tiacht aige óm'armaibh-si.
Agus tabhair mo bheannacht d'Eimhir agus d'Fhearghus agus
do Chonall agus dom' cháirdibh air cheana, agus do gheabha tú
moirn agus onóir uatha go bráth air son mo sgéala-sa do bhreith
cuca," air sé.



"Truagh sin, a Chuagáin!" air Laoi, "luidhim-se fo na déibh
adharrdha," air sé, "nach geabhainn-si ríoghacht an domhain
d'fhagháil, gan chogadh, gan chathugh, dhamh péin agus a cheann
do bhuain do'n tí rér shiubhail mé muir agus tír, agus is annsa
liom d'fhearaibh nó mhnáibh na talmhan. Acht is eadh do
dhénad, anmhain go dtí Fearghus amárach do bhuain do chinn
díot-sa, agus go ndéna mé comhrac fris ionnus go mbeanfair mo
cheann díom péin agus go gcuirfidhthear a n-aoinfheaeht
re do cheann-sa air an droichead é. Óir is fearr liom sin ná a
bheith beó tar h'éis agus go ndáilfidhe maitheas na talmhan
dhamh."



"Maith, a Laoi," air sé, "ó nach bhfaomhann tú mo chomhairle
do dhénamh ann súd, féch an dtíosadh dhíot stad éigin do bhuain
as na sruthlintibh fola so aig dul as mo chréachtaibh, ionnus
go mbeinn beó go maidin agus go ndeachainn ann mo charbad
amárach, óir dob'fhearr leam nó maitheas na talmhan mo cheann
do bhuain díom a gcathláthair iorghaile a bhfochair a bhuain
díom air mo leabaidh, óir adéradh Fearghus annsin gur do
chomhrac aon laoi do thuit mé leis, mar gach neach oile dár thuit
leis ariamh."



"Truagh sin, a Chuagáin!" air Laoi, "cionnus do stadfuinn
na sruthlinte atá aig tiacht as do chréachtaibh amhail eas
abhanna, agus go n-áirfinn féar na talmhan tré lár do chuim agus
tré san n-áladh atá a seang do thaoibh ó'n tsleigh nimhe."



Agus do rinneadar an laoidh eatorra co n-eabairt:




Créachtach anocht do thaobh,
A Chúcholainn nár fhaomh feall,
Srotha linteacha is corcra crú,
Táid go dlúth aig sileadh ann.



Cuir-si luibhe re mo chréacht,
A Mhic Rianghabhra na n-éacht ndlúth,
Dom' leigheas ó nimh na n-arm,
Sul bhus marbh misi is tú.


L. 72


Cionnus do dhénainn leigheas do mharbh,
A Chúchulainn na n-arm ngér?
'S gur léir dham tríd do chom
Duille feadha, fonn is fér.



Aon chréacht ádhbhal a da chliabh,
Ní fhaca ariamh créacht mar í,
Mar shruth chubhrach aig dul tar áth,
Is eadh atá an tuile tríd.



Créacht oile a seang do chúil.
Ní fhaca súil créacht bu mó,
Mar bhuinne dhian tar eas árd,
Is eadh atá fuil dá fó.



Gabh mo chlaidheamh is neartmhar béim
Nó an colg déad is cuimseach cuing.
Is teasg mo cheann, cé mór an béad,
Is iomchuir é leat ad' luing.



Iomchuir leat ann do luing;
An ceann, a Laoi, fa h-ionmhain leat,
Fearr nó mo chosgar do mhaoidheamh, tráth,
Re Fearghus árd is ádhbhal neart.



Air maitheas an domhain go léir,
A Chúcholainn dár ghéill gach tír,
Do cheann ní fhaicfear ann mo láimh
Tar éis go bráth a bhuain díot.



Tiucfaidh Fearghus tairptheach teann,
Iarrfa ceann nó comhrac dlúth,
Misi is Fearghus san treas,
Roinnfighear eadruinn cleasa lúth.



Do cheann díot-sa agus díom
Beanfaidh Fearghus, brígh mo rúin;
Iodhlaicfior misi ionnat' fheart,
Bu h-ionann leacht dhuit-si is dúinn.


L. 74



Acht acheana, haithle an truagh-chomhráidh agus na
h-eólchuire sin idir an dias rérbh'annsa a chéile san domhan,
gabhas Laoi sgaraoide sgiamhghlana agus bratacha lánleathna
lín, agus do ní strócach agus stialla dhíobh, agus do chuir canach
agus cneasugh a mbéal na gcneadh agus na gcréacht, agus do
bhean stad as na sruthlintibh. Agus do chóirigh iomdha agus
árdleabadh, agus do chuir bruit thana thaobhéadtroma do'n
tsról mhaothlag ortha, agus do chuir an curadh créachtghonach
crólinteach urtha, agus tug digh do mhiodh sho-óla agus
d'fhíon bhríoghmhar bhlasta dhó. Agus do ghabh péin earradh
áigh agus iorghaile uime, agus do bhí aig faire agus fuar-choimhéad
a dtimchioll an phubail, a n-oirchill na maidne, ionnus go ndénadh
comhrac agus cathiorghail re Fearghus tar cheann a thriath agus
a thighearna.



Ciodh tráchta, ní dóibh leanas an stair seal oile, acht tráchtfum
beagán annso air na cáirdibh síthchuireadh do bhaoi aige Coingculainn
a n-Éirinn. Óir is amhlaidh ro bhí Cúchulainn, ní raibhe
síoguidh nó síthchaire a n-Éirinn, agus go h-áirithe is an gCóige
Ulltach, nach roibh 'n-a gcaraid agus 'n-a gcompánachaibh aige,
do bhrígh go dtugadar seirc agus síorghrádh dhó air fheabhas a
eóluis agus a intleachta a n-ealadhnachaibh doilfe draoidheachta
agus a gceardchaibh goile agus gaisgidh, agus air fheabhas a
choinghill, agus air a réidhe aig bronnadh óir agus ionnmhuis.
Dá bhrígh sin, do bheirdís congnamh agus cuidiugh dhó re h-ucht
n-éigin agus gábhaidh, agus do nidheadh seision comhairle agus
cuideachta leó, mar is follus isin stair atá fírinneach .i. Seisreach
Bhreisligh air Thánadh Bhó Cuailgne, mar a raibhe Cúchulainn
ó'n Deardaoin roimh Lá Samhna go Céadaoin roimh Fhéil Brighde
re h-ucht bhfear n-Éirinn, gan aon néall do chodhladh acht an
méid do nidheadh re n-a chionn do léigean air a dhorn agus a
dhorn air a ghlún, nó go dtáinic fear dá cháirdibh síthchuireadh
chuige, agus gur choisg na sluaigh feadh trí lá agus teóra h-oidhche,
ionnus gur chodail Cúchulainn a lór-dhaothain fris an ré sin.
Agus fós do bhí Dolbh agus Onndolbh .i. dhá shíogaidh,
aig congnamh re Cúchulainn a n-aghaidh Fhir Dhia ar Áth an
Chomhraic, nó gur mharbh Fear Dia iad d'urchar do thsleigh air
ghualainn Chongculainn. Agus mar an gcéadna, an síogaidh do
bhaoi aig congnamh re Fear Dia, do shnaidhm í féin a ndeilbh
easguinne fa chosaibh Chongculainn is an áth, nó go dtug Fear


L. 76


Dia teóra tromghon air an feadh do bhaoi aig ionnarbadh na
h-easguinne dhe. Agus mar sin níor chóra dháibh cabhair do
thabhairt an uair sin dá leannánaibh ghaisgidh ná a thabhairt
anois do Choingculainn re linn an mhór-éigin si.



Dála na síthchuireadh annso .i. Sithmhall Síthe Múidhbh,
agus Carrthann Chasdhubh ó Chnoc Meadha a Laoighis, agus
Gáire Gréine ó Dhún an Áine idir Eamhain Macha agus Abhann
Mhór; Iollainn agus Iollánach ó Dhún Lir; Cuirrín Cosluadh
ó Shliabh Fuaid; Dímhall Shléibhe Truim; Saoileanach Locha
Saoileann; Sgalghaire Shléibhe Mis; Eibhlinn Bhiorra ó
Shliabh Cuillionn, agus dream oile nach iad réirbh'ionmhain
Cúchulainn, air bhfeas agus air bhfaisnéis dáibh tré n-a
n-ealadhain draoidheachta Cúchulainn do bheith isin n-airc
bháis si, do chruinnighdear ar aon láthair aig Fionncharn na
Foraire air Shliabh Fuaid, áit raibhe Finghín Fáidhliagh,
eadhon liagh Chongculainn féin agus árd-liagh fhear an domhain.
Agus is amhlaidh do bhí Finghín, do aithneadh sé, air bhfaicsin
na cneidhe, créad an cinél airm do nidheadh í, mar atá sleagh nó
colg nó claidheamh nó craoiseach, nó an duine óg nó ársaidh nó
cruadh-laoch do nidheadh í, agus do aithneadh air an gcéad
fhocal do thigeadh air bhéal an othair an dtíosadh nó nach
dtíosadh, nó cá fad an ré do bhiadh gan dol.



Acht cheana, air gcruinniughadh do na síthbhroghaibh air aon
maighin, do nochtadar a ndála d'Fhinghín, agus do thógbhadar
Finghín leó a néallaibh nimhe a gcuideachta na gaoithe glanghéire,
agus níor comhnaidheadh leó do'n árdeitioll sin nó gur
thoirlingeadar a ndoras an phubail, air mbeith do Laoi aige
cur aghartán fir ghonta fri Coingculainn. Agus air dtoirling
dáibh, adubhairt Finghín:



"Maith, a Laoi," air sé, "cionnus atáthar agaibh?"



Dearcas Laoi go tuirseach tromaigeantach air an óglach agus
adubhairt:



"Dar mo bhréithir ámh," air sé, "dá mbeinn a n-Éirinn, do
shaoilfinn gur tú Finghín Fáithliagh."



"Is mé Finghín," air sé, "agus tánacas maille re na cáirdibh
síthchuireadh do chabhair Chongcuailgne."


L. 78


Air gclos na mbriathar sin do Laoi, tuiteas a dtaisibh agus
a dtromnéallaibh re bárr luinne agus luathghára. Druideas
Finghín fris an iomdhadh agus suidheas air colbh na cearchuille
aig Coingculainn, agus adubhairt:



"Maith, a Chuagáin, a Chúchulainn, cionnus ataoir do'n
chur sa?" air sé.



"Dá madh do mo cháirdibh thusa," air Cúchulainn, "do
bhéruinn sgéala dhuit uime sin, agus ó nach eadh, ní cuibhe liom
sgéala do thabhairt gan deabhadh dhuit."



"Dot' cháirdibh misi." air Finghín, "eadhon Finghín
Fáidhliagh, agus do cháirde síthbhrogha as Éirinn táinic
dot' chabhair," air sé.



Agus leis sin, luigheas Finghín air agus pógas do dil díochra
hé, agus suidhid na síthchuireadh air gach taoibh dhe agus do
níd fannghul gearánach géarthuirseach. Éirgheas Laoi as a
néall, agus air n-aithne Fhinghín dó, iadhas a dhá láimh
uime, agus toirbheireas teóra póg dhó, agus cíios tromcheatha
diandhíochra déar.



Acht cheana, téid Laoi fa shlinnénaibh Chongculainn agus
tógbhas 'n-a shuidhe isin iomdha é, agus nochtas Finghín an
sgiamhchorp seangchomach agus do ghabh aig féachain na
gcréacht.



"Féacha leat an chréacht sin ann mo ghualainn chlí," air
Cúchulainn.



"Créacht sleighe go slis so," air Finghín, "agus ní bhfuil
domhuin agus is ionleighis í."



"Féach leat an chréacht a n-ubhall mo bhrághad noch atá
aig toirmeasg m'anála agus m'urghill orm," air sé.



"Créacht gaoi go rinn," air Finghín, "níor ghoin acht feoil
agus féatha agus ionleighis í."



"Féacha leat an chréacht ann m'asguill," air sé.



"Créacht cuilg go ngoimh," air Finghín, "agus ionleighis í."



"Féacha leat an t-áladh mór a mbéal mo chléibh," air sé.



"Créacht sleighe nimhe as ifreann so," air Finghín, "agus do
ghoin an sgairt agus an sgamhán, agus ní fhóireann luibh ná
leigheas í acht ris an tsleigh chéadna do thungadh trí h-uaire
ria," air sé.



"Féacha leat an t-áladh mór a seang mo thaoibh," air sé.


L. 80


"Créacht na sleighe céadna so," air Finghín, ".i. sleagh fuair
a fabhuirt a bhfódhomhain shrotha Stix a n-ifreann, agus ní
tualaing luibh ná íce dá furtacht acht ris an tsleigh chéadna do
thungadh trí h-uaire ré. Gidheadh," air Finghín, "do dhén-
sa caoin-chneasugh orrtha go nach béaruid thusa go moch, agus
do dhéanad glanleigheas dot' chneadhaibh oile uile, go madh
h-ionchomhraic thú arís."



"Truagh sin!" air Cúchulainn, "ní iarfuinn-si do shaoghal nó
do théarma," air sé, "acht go dtíosadh liom dul ann mo charbad
arís agus cathiorghail do dhénamh re Fearghus go nach air
mo leabaidh beanfaidhe mo cheann díom."



"Bú h-ionchathaigh," air Finghín, "gidheadh, is baoghlach
cathugh a n-aghaidh an tí air nach deargaid airm."



As a h-aithle sin, do bheirid na síthbhrogha luibhe bocacha
bárrghlasa agus íce agus íocshláinte air chumas Fhinghín.
Agus do chuir Finghín an íocshláinte agus smearamair agus
ollughadh cumhra cneasuidhe ris na cneadhaibh, ionnus go madh
sleamhain slánchréachtach iad uile, acht amháin an dá áladh mhóra
do rinne an tsleagh nimhe, agus do chuir Finghín cneasugh
caoinleighis riú, ionnus gur stad na sruthlinte agus gur
thraoithigh a nimh-loit, agus do chuir fleasg daingean deargumha
leith amuigh a dtimchioll a gheilchnis ionnus nach dtonnfadh na
cneadha re feidhm nó re fóirneart. As a h-aithle sin, dáilid
fíon agus miodh agus deocha dianchabharracha air, do neartughadh
na fola agus na bríghe ann, agus do rugadar as go maidin amhlaidh
sin, lán d'urgháirdiugh meanma agus aigeanta.



A mochdheaghail na maidne air na mhárach, éirgheas an
curadh cathbhuadhach congháireach cathiorghalach créachtghonach
.i. Cúchulainn oirdhearc, ioldhealbhach, iolbhuadhach
mac Subhaltaigh, amhail mar do bhiadh gan ghuin, gan áladh, agus
do cheangail a chorp i n-a chathéideadh catha agus
cruadhchomhraic, agus do fhuagair do Laoi an carbad d'inneall,
ionnus go mbiadh aig áth an chomhraic suil do thiucfadh Fearghus,
ionnus nach aitheónadh meathtacht nó mílaochdhas air.
Do ghní Laoi amhlaidh sin, agus téid Cúchulainn is an gcarbad
agus adubhairt:



"Maith, a Laoi," air sé, "dá dtigeadh díot-sa an Ga Bulga
d'innull dhamh-sa aniugh suil do goinfidhe ris an tsleigh
nimhe


L. 82


mé arís, do ba dhóigh go ngoinfidhe Fearghus, gan fhéachain dá
chneas-chumhdach."



"Do dhéna mo dhíthcheall," air Laoi, "agus gurb'eadh dhénas
tusa," air sé, "béimeanna agus lámhach sleighe Fhearghuis do
sheachna agus d'iomghabháil nó go madh h-innillte an Ga
Bulga, agus má fhéaduim-si, ní ba fada an mhuill ort é."



Ciodh tráchta, ní cian ro bhádar ann an tan do chonncadar
an t-ársuigh iorghaile agus an deabhthach díbheirgeach agus an
fomhóir dubhghorm dathghránda dá n-ionnsoigh .i. Fearghus
Fiodhárd mac Rígh na bhFear Morc dá ngoirthear Moróco
aniugh. Agus do ghabh do bhéimeannaibh borbneartmhara básamhla
agus do sháithtibh síornimhneacha síorluatha sleighe air
Choingculainn, óir níor mhiadh nó maisi leis mar do chonnuirc
Cúchulainn lán d'uaill agus d'aigneadh aig teacht an dara
lá a ndáil comhraic chuige, mar nach bhfacaidh curadh nó
cathmhíleadh dár chomhraic fris ariamh roimhe sin.



Acht atá aon ní cheana, ro imghabh Cúchulainn a bhorbbhéimeanna,
ionnus nár léig guin gaoi nó claidhimh nó cuilg nó sleighe i n-a
chorp nó i n-a chneas, nó go ndeachaidh Laoi agus
na síthbhruighe isin gcaolmara air cheann an droichid, agus go
ndearnadar cara agus forghabháil ann, agus gur fostadh an sruth
agus go raibhe 'n-a dhubhlinn dhorcha dhubhdhomhain, agus gur
innill an Ga Bulga agus gur fhuagair do Choingculainn a
fhreastal, óir fa geis do'n Gha Bulga roighne robhaidh do
thabhairt roimhe, go ndubhairt Laoi:



"Léig dhíot do chleasa lúth agus lámhaidh, a Chúchulainn,"
air sé, "agus fomna an Ga Bulga. Fomna, fomna an Ga Bulga,
a Chúchulainn chleasamhnaigh chathbhuadhaigh, agus dionguibh
dhíot an cathmhíleadh atá at' aghaidh."



Agus adubhairt an laoidh ann:




A Chúchulainn chathbhuadhaigh,
Dá ngéillionn na tíortha,
Seachain cleas Sgathaighe,
Lés fomna cleas Aoife!




Leis sin lingeas Cúchulainn as a charbud agus téid gus an
linn, agus cuirios na h-asa áluinn órdhuighe dá ghealcholpaibh,
agus seasmhas a n-ionadh urdalta. Agus air n-a fhaicsin sin
d'Fhearghus, do shaoil gurb' aig teitheadh roimhe do bhaoi


L. 84


Cúchulainn, agus leanas go bruach an inbheir é agus an tsleagh
nimhe air dearglasadh i n-a láimh. Iar sin innleas Cúchulainn
an Bán-gha básamhail Bhulga as laghar a choisi deisi a gceartlár
a aithche agus a éadain air. Agus is amhlaidh ro bhaoi Fearghus,
an tan do rugadh é, do tug a mháthair trí tumtha air a bhfódhomhain
shrotha Stix, ionnus nach raibhe eadh n-órlaigh ann a chorp
air a ndeargfadh arm, acht amháin fíor-bhárr a thsróna air nach
ráinic an t-uisge an uair sin.



Dála an Gha Bulga, ós air nár dhídean draoidheacht nó
diabhlaidheacht nó arm nó éideadh, agus nach gabhadh lus nó
leigheas greim dhe, aimsios bior-rinn de bárr sróna Fhearghuis
agus téid tríd a mhéidhe siar seachtar, gur tholl agus gur threaghd
a chúil-inchinn, agus tiaghaid rinn-bheara an Gha Bulga
dá réir sin tré n-a chorp, ionnus go madh samhalta re fuirinn do
bhearaibh cinnghéara cleithe foirsighe, sgatha rann agus rinn-fhaobhar
an Ghatha Bulga do'n taoibh araill dá dhruim, ionnus
go madh samhalta re colún comhfhuar cloiche air cheann moighe
nó mór-mhachaire é, gan chorugh, gan mhothugh a mball coisi nó
láimhe dhe, óir do ghlac an bás bán-dhathach seilbh air gach
eadh n-órlaigh dá chorp, agus do thuit an tsleagh agus an t-arm
as a lámhaibh, acht amháin níor sgar urlabhra leis nó go
ndubhairt:



"Is glé-bheirteach an lámhach sin, a ghaisgidhigh óig uasail,"
air sé, "agus do shaoil misi nach raibhe air tuin talmhan curadh
nó cathmhíleadh náid airm nó iolfhaobhair, do dhénadh díth nó
díbháil dhamh péin, agus is deimhin liom gur leat-sa árdcheannas
an domhuin feasta, óir níl contabhairt agam nó go dtuitfe mo
dhearbhráthair, Garuidh Garbhghlúineach, leat, acht go bhfacair
é, óir is ionghonta é re h-armaibh, ní h-ionann agus misi."



Agus air rádh na mbriathar sin, tuiteas marbh chum láir
agus lántalmhan. Agus leis sin tig Cúchulainn as an linn agus
ritheas Finghín Fáidhliagh go Fearghus, agus gabhas an tsleagh
nimhe i n-a láimh, agus nochtas cneas caomháluinn cubharbhán
Chongculainn, agus tungas an tsleagh trí h-uaire ris na h-áladhaibh,
go madh sleamhain slánchréachtach a gcéadóir iad, mar gach
ball oile dá chorp nár goineadh riamh roimhe. Iadhuid
na síthchuireadh uile um Coingculainn annsin, agus do chanadar


L. 86


ceól siorrachtach sírbhinn re bárr luathghára agus luinneachais,
agus do ghabhadar aga chórughadh agus aga dheasughadh, óir do
bheanadar na léinte fuilteacha fordhearga do bhí uime dhe, agus
do chuireadar éaduigh líoghdha lánmhaiseacha air, agus do
ghabhadar aig ceangal agus aig cornadh an fhuilt dhualaigh
dhatháluinn do bhaoi fair, agus tugadar breachtradh síthe uime,
ionnus go madh samhalta re h-óg-mhacaomh áluinn urmhuisneach
aig bréagadh ban agus bantracht é, ná re curadh nó cathmhíleadh
aig iomlat arm agus iolfhaobhar.



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "cosgair Fearghus agus
bean an Ga Bulga as."



Óir ní beantaoi an Ga Bulga as duine nó go gcasgarthaoi
go méad n-órlaigh chuige hé.



Iar sin, gabhas Laoi Gearr na gColann .i. an claidheamh do
bhí re h-aghaidh na muintire i n-a dtigheadh an Ga Bulga ionta
do chosgairt, agus gabhas aig casgairt agus ag cnáimhghearradh
Fearghuis nó gur bhean an Ga Bulga as. Agus adeirid gurb'é
Gearr na gColann an claidheamh do bhí aig Fionn mac Cubhaill
'n-a dhiaidh sin, re linn a bheith a n-árdcheannas air Fhiannaibh
Éireann dó.



Ciodh trácht, air maoidheamh an mhór-éachta sin, tigid
muintear chathracha na Salerna do bhí air múraibh agus air
mór-árdaibh na cathracha aig feitheamh an chomhraic, amach a
gcoinne agus a gcomhdháil Chongculainn, agus beirid leó do'n
gcathraigh é, maille re ceól agus re cainticibh, agus do rinneadar
umhla agus urraim dhó tré n-a saoradh ó'n daorbhruid i n-a
raibheadar aig Fearghus. Agus annsin iarras Cúchulainn
eólas gus an áit i n-a raibhe an rí a ndaorbhruid aig Fearghus,
agus do níd eólas dó annsin, gan eagla, gan uamhan, gus an tor
i n-a raibhe an rí agus a dhias cloinne .i. a mhac agus a inghean
darbh'ainm Clephanta. Agus iar dteacht gus an tor dhó, cuirios
cárrtha comhmór cloiche i n-a chranntábhuill, agus innleas air
an doras í, go ndearna blogha beaga buanréaptha dhe, agus go
ndeachaidh isin gcarcair thalmhan a roibh an rí agus a chlann
a ndochar agus a ndaorbhruid. Agus briseas Cúchulainn an
géibhionn do bhí orrtha, agus tug leis amach iad. Agus ro
fháiltigheadar muintear an bhaile roimhe an rí, agus nochtuid
dhó mar do thuit Fearghus re buadhchleasaibh Chongculainn.
Agus fa h-iongnadh ádhbhalmhór leis an rí an gníomh sin. Agus


L. 88


téid an rí agus Cúchulainn agus na maithe air cheana do'n ghrianán,
agus innseas Cúchulainn dáibh gurb aig tóruigheacht air Gharuidh
táinic as Éirinn agus a dhála gach áit go nuige sin. Agus nochtas
Clephanta do Choingculainn méid a h-ionmhaine do Ghruagach
an Fheadáin Órdha .i. mac Áird-rígh na h-Aifrice, agus amhail
mar do chuir Garuidh go Cathair an tSrotha Dheirg é, agus nach
raibhe dáil fuasgulta dhó nó d'aon neach oile dár cuireadh ann
go bráth.



"Narb' iomthsníomhach thusa uime sin, a ríoghain," air sé,
"óir luighim-si fom'armaibh gaisgidh, má chím-si amharc súl
air Gharuidh, go ndíogheólfad air gach a ndearna d'anfhorlann
air chlannaibh ríogh agus ró-thigearnadh an domhain go nuige
so; agus fós nach fillfead um bheatha go bráth nó go bhfaicfead
amharc air an muintir sin do chuir Garuidh go Cathair an
tSrotha Dheirg nó go dtuitfe mé féin dá cheann."



Fa luathgháireach Clephanta do na briatharaibh sin,
agus adubhairt re Cúchulainn, dá madh toil leis é, go mbiadh 'n-a
cumhal agus 'n-a cailín aige air feadh a eachtra agus a imtheachta,
re córugh a leaptha agus re deasugh bídh agus dighe dhó, óir do
thug sí serc a h-anma dhó tré fheabhas a dheilbhe, agus air mhéid
a alla agus a árd-nóis, agus air a óige agus air a áille.



Adubhairt Cúchulainn nárbh' áil leis sin go filleadh dhó arís,
agus fós nach fillfeadh go bráth nó go dtugadh Gruagach an
Fheadáin Órdha chúicde.



Ciodh trácht, air mbeith tréimhsi agus tamall a gcathair na
Salerna do Choingculainn, ráidheas re Finghín Fáidhliagh triall
go h-Éirinn agus a sgéala féin do bhreith go Dún Dealgan agus
go h-Eamhain Macha, agus a rádha re h-Eimhir gan a bheith
tuirseach agus go bhfillfeadh féin fa dheaghbhuadh go h-aithghearr.
Do ní Finghín sin agus tug Rí na Sisile mórán seód agus maoine
d'Fhinghín, agus go h-áirithe cuirios trí clocha leis as cathair
na Salerna do chomhmóradh Clocháin na gCuradh. Agus ní
h-airistear a sgéaluigheacht go rochtuin go Dún Dealgan dó, agus
air rochtuin ann dó, nochtas sgéala agus dála Chongculainn ó
thús go deireadh. Agus fa h-ulgháirdeach Ulltaigh uile do na
sgéalaibh sin, óir fa deimhin leó Cúchulainn do thearnó, ó do
thuit an díbheirgeach, Fearghus, fris.


L. 90


Dála Chongculainn annso: air n-imtheacht d'Fhinghín
agus dá cháirdibh síthchuireadh a gcuideachta na gaoithe glanghéire
uadha, do fhiafraigh do mhaithibh na Salerna nar bhfeas
dhóibh cá h-ionadh i n-a dteabhradh iarraidh air Gharuidh,
nó cá h-áit i n-ar ghnáth leis gnáthchomhnaidhe do dhénamh.
Adubhradar-san nár bhfeas dóibh, óir nár ghnáth leis gnáthchomhnaidhe
do dhénamh a n-én áit amháin go cinte. Adubhairt
fear dhíobh:



"Is baramhail liom-sa," air sé, "go bhfuil anois a ndúnadh
agus a ndeaghbhaile Rígh na bhFear Morc .i. a athair féin, óir
atá dáil agus cleamhnas dá dhénamh idir a dheirbhshiúr agus
mac Rígh bhFear gCaitcheann as críochaibh iarthair Asié agus
dar ndóigh go mbiadh seision ann," air an t-óglach, "óir atáid
maithe críche bhFear gCaitcheann agus bhFear Morc cruinn air
aon láthair annsin anois," air sé. "Daoine iomorro na caitcheannaidh
uathmhaire aigmhéile fuilteacha cogamhla, air a mbí cionn agus
cluasa agus iorball cait air gach aon díobh."



Air gclos na mbriathar sin do Choingculainn, fuagras do
Laoi a long d'ullmhughadh agus a charbad d'innull agus a thsleagha
d'fhaobhrughadh agus a chleasa do chórughadh, agus inneall
astuir agus imtheachta do chur air. Do ní Laoi amhlaidh sin
go h-athlomh iméasgaidh. Agus as a h-aithle sin, gabhas
Cúchulainn lámh air chrích na Sisile d'fhágbháil, agus ceileabhras
do'n rí agus do Chlephanta agus do na maithibh air-cheana,
agus téid air fairrge, agus ní h-aithristear a sgéalaidheacht gur
ghabh cuan agus caladhphort a mbaile Rígh na bhFear Morc.
Agus air rochtuin a dtír dáibh ann, is eadh do chíid, na cnuic
agus na céide agus na moighe réidhe ró-fhairsinge lán do shlóightibh
agus do shochraidibh, agus cuid acu 'n-a ndrongaibh daora dubhghorma,
agus dronga oile 'n-a ndaoinibh uathmhara áigmhéile
anaithnidhe agus ceann agus cluasa agus iorball cait orrtha, agus
iad armtha éidighthe infheadhma.



"Maith, a Laoi," air Cúchulainn, "innill an Carbad Seardha
dhamh, óir atá fuansgar na fola agus fiuchadh fír-fheirge aig
comhmeasgadh mo chraoidhe agus mo chléibh," air sé, "agus
fós is deimhin liom nach caruid dhúinn én neach dá bhfuil san
gcrích se."


L. 92


Innleas Laoi an Carbad Seardha, agus do bheir seol díbheirgeach
díoghbhálach draoidheachta fair. Agus téid Cúchulainn ann
iaramh agus tógbhas na cleasa ána iolardha athuathmhara fa
lór d'urghráin agus d'uamhan, agus do dhorchaigh an cheathairdhúil
ós a chionn, tré n-a liacht fuath agus aimid agus arracht
agus geilte glinne do bhí aig gárthaibh ós a chionn, dá bhrosnugh
do dhénamh áigh agus iorghaile. Air n-a fhaicsin sin do na
sluaghaibh anaithnidh, do ghabh gráin agus uamhan iad, agus is
eadh adubhradar, gur neach éigin do na déibh adharrtha do
bhaoi ann, re h-ucht innighthe do dhénamh ortha féin i n-a
míghníomhaibh. Acht cheana, ní mór nárbh'fhíor dháibh, óir
air ndol do Choingculainn i n-a charbad, téid anunn air mheadhon
chuca, agus do ghabh aga n-oirleach amhail faolchoin chíocrach
aig dul fa mhionthréadaibh caorach, agus fós ní mó, beagnach,
do thuit reis an gcuradh dhíobh, nó do thuit ris an gcarbad agus
ris na h-eachaibh dhíobh, ionnus nach deachaidh éalaidheach
beathadh as díobh, acht amháin mac Rí bhFear gCaitcheann
agus beagán oile do chuaidh a raon mádhma agus mór-theithte
go dúnadh Rí bhFear Morc, agus do iadhadar an doras
'n-a ndiaidh. Téid Cúchulainn gus an doras, agus cuireas cártha
comhmór cloiche i n-a chrann-tábhuill, agus innleas air an gcomhla
í, gur bhris an bhreac-chomhla d'iarunn aithleaghtha do bhí do'n
leith amuigh agus an chomhla dhaingean dhonndharach do bhí
do' leith astigh, agus téid asteach agus do gheibh Rí bhFear
Morc agus mac Rígh bhFear gCaitcheann air a cheann astigh
agus tug béim claidhimh do gach fear acu go ndearna dhá n-orduin
chudrama chomhchearta do gach fear dhíobh fo leith an droma,
agus téid fo theaghlach an dúnaidh as a h-aithle, agus leanas
Laoi asteach é agus Gearr na gColann .i. an claidheamh casgartha,
i n-a láimh, agus níor leigeadar éalaidheach beathadh as dá raibhe
isin dúnadh d'fhear nó mhnaoi. Agus tugadar roighne seód agus
maoine as, agus do chuireadar tinnte agus teannála isin mbruighin,
gur fhágbhadar 'n-a smual donnruadh dearglasracha í; agus gach
ar shiubhladar do chrích bhFear Morc, do rinneadar fásach féar-uaine
dá talamh agus ciúch donn-luathraidh dá cathrachaibh.
Agus as a h-aithle sin, tiaghuid air fairge, agus gach iath agus
gach inse agus gach oiléan i n-a dtigdís, do ghabhadh
Cúchulainn


L. 94


a ngéilleadh, agus do bheirdís árdchíos dó, ionnus go ndeachaidh
a alla agus a thuarasgbháil fo'n gcruinne cheathardha, agus do
chreathnuigheadar ríghthe na talmhan uile roimhe.



Acht atá ní cheana, air mbeith seal aimsire aig siubhal mara
agus tíre dhóibh mar sin, agus aig gabháil gialla gach críchi i n-a
dtigdís, thárla dáibh teacht a dtír a n-oiléan áluinn
úraoibhinn. Agus air dteacht a dtír dáibh ann, do chonncadar
palás ríogha ró-mhaiseach agus cathair ghrianach ghréasach
ghlanfhuinneógach air a gceann. Agus tiaghuid gus an doras
agus do iarradar fhosgladh ann, agus fiafraigheas an doirseóir
cé ro bhaoi ann.



"Macaomh óg anársaigh," air Laoi, "atá aig taistiol an
domhain re meabhrughadh gacha glanghaisgidh."



"Rachad-sa dá innsi sin dom' thighearna," air an doirseóir.



Téid asteach iaramh agus innsios do'n rí macaomh óg gan
ulcha, gan fésóig, dob' áille do'n druing dhaonna agus dob'
iongantaighe innull, do bheith san doras aig iarraidh fhosluigh.



"Léigtear asteach é," air an rí.



Tig Cúchulainn asteach, agus do gheibh seanóir críonna
cian-aosta air gcaitheamh a lúth agus a lámhaigh astigh air a
cheann, agus bean ársuigh aimhéasgaidh, agus iad go tuirseach
imthsníomhthach. Agus suidheas Cúchulainn 'n-a bhfochair
agus air suidhe dhó, sileas an tsean-bhean frasa dian-dhíochra
dér agus do chaoi go tuirseach truaghnéimheal. Fiafraigheas
Cúchulainn ádhbhar a h-eolchaire agus a h-athtuirsi dhi.



"Fil a mhórádhbhar aice," air an seanóir, "gé nach mór
tábhacht a nochtadh anois," air sé.



"Ní miste duit," air Cúchulainn, "a nochtadh dhúinne, ionnus
dá dtíosadh dhínn a fhurtacht, go madh maith linn é."



"Truagh sin!" air an seanóir, "ní bhfuil air dhruim talmhan
duine le n-a dtig a fhurtacht. Gidheadh inneósad-sa duit-si hé.
Críoch na h-Aifrice so," air an seanóir, "agus misi ba rí urrtha,
agus aig súd mo bhanchéile," air sé. "Agus do bhádar dias
clainne againn," air sé, ".i. mac agus inghean, agus Gruagach
an Fheadáin Órdha ba h-ainm do'n mhac agus Carthann Chúil-
fhionn fa h-ainm don inghin," air sé. "Agus do rug an dias sin
bárr air chlannaibh ríogh agus ró-thighearnadh an domhain go
h-uilidh, agus is amhlaidh tárla," air sé, "go dtug Buinne
Buadhchleasach,


L. 96


mac Rígh na h-Antuaithe, tuile tromghrádha agus sruth síor-ádhbhal
seirce do'n inghin, agus tug sisi an céadna dhó-son, agus
do rinneadh dáil agus cleamhnas eatorra. Acht acheana, is
amhlaidh tárla do Bhuinne Buadhchleasach, go dtug inghean
Rígh Inse Crét .i. Beróna, grádh ádhbhal anshearcach dhó, air
fheabhas a ghaisgidh agus a ghníomhéacht agus a alla agus a
áird-nóis. Gidheadh, ní raibhe grádh aige-sion di-si. Cidh
trácht, air gclos do Bheróna go ndearnadh dáil idir Buinne
Buadhchleasach agus m' inghean-sa," air sé, "do líon éad agus
iomas í agus is eadh do rinne, dúnadh agus deaghbhaile a h-athara
d'fhágbháil agus teacht do'n mbaile so, agus air dteacht annso
dhi, is eadh adubhairt gurb air luing do briseadh air fairrge do
bhí, agus gur báitheadh a céile agus a caoimh-leannán mar aon
re n- a roibh isin luing, acht í féin amháin do tháinic a dtír
air shnámh, air bhfagháil duadh agus dochair agus iomtshníomhtha
dhi. Air gclos na sgéal sin dom' inghin-si," air sé, "do ghabh
taisi truaighi mhór lé, agus do ghlac chúice féin í mar chumhal
agus mar chailín cuimhideacht, agus do chuir éadach líogha lán-mhaiseach
urtha, agus tug seóid agus fáinneadh dhi. Is amhlaidh
do bhí an bhean sa .i. Beróna, ní raibhe air dhomhan óig-bhean
ba mó aidhmhilleadh agus aimsiugh draoidheachta agus
diabhloigheachta iná í. Agus lá dháirithe dá ndeachaidh sí féin
agus m'inghean-sa amach do ghlacadh aonaigh agus aidhéir, do
bhréag lé í nó go raibheadar aige foraois dhiamhuir chailleadh
atá a gcomhfhogus do'n dúnadh so," air sé, "agus air dteacht a
ndiamhair na coilleadh dháibh, do chuir a h-ealadhnacha doilfe
draoidheachta chum oibrighthe annsin, ionnus go ndearna deilbh
uathmhar aigmhéil agus dragún taibhseach teintighe dhi, ionnus
dá mbeithdís slóighte an bheatha air aon láthair, go rachdís a
sgaol agus a ngealtaidheacht, tré uathmhaire agus tré urghráine
na deilbhe atá urrtha agus tré aidhbhle na teineadh tig tar a béal
amach; agus airm agus iolfhaobhair an domhain, is géire agus
is neimhnighe gach én eite do na sgiathánuibh fairsinge fábhar-ghéara
atá urrtha," air sé. "Agus atá mar sin le cian d'aimsir,
aig díbeirt agus aig dian-sgrios na críche go coitcheann, agus aig
marbhadh curadh agus cathmhíleadh do thigeadh dá féachain.
Óir is amhlaidh ro fháguibh Beróna na geasa urrtha .i. a bheith


L. 98


isin deilbh sin go foircheann an bheatha nó go dtigeadh óg-ghaisgidheach
as iarthar dhomhain, as an gcrích dá ngoirthear Crích na
bhFuineadhach, agus go dtugadh trí póga d'aimhdheóin di; agus
go dtiucfadh i n-a deilbh péin ris an bpóig sin. Agus ní feas
dúinne cia hí an áird d'áirdibh an domhain i n-a bhfuil
an chrích dá ngoirthear Crích na bhFuineadhach, acht amháin
go dtángadar an iomad curadh agus cathmhíleadh, d'fhéachuin
cia dhíobh re n-a n-éireochadh na geasa sin do chóimhlíonadh,
agus do thuit gach aon díobh leis an dragún mar aon le h-urmhór
lucht na críche-si féin," air sé.



"Dála Ghruagaigh an Fheadáin Órdha .i. mo mhac oighreacht,"
air sé, "do bhaoi lán do thuirsi agus d'imshníomh fo mhaluirt a
dheirbhshiére amhlaidh sin, agus air bhfeas dó nach dtiucfadh i
n-a deilbh féin go bráth acht re trí póga d'fhagháil ó ghaisgidheach
as Crích na bhFuineadhach, agus nár bh'fheas dó cá h-áird do'n
domhan i n-a raibhe an chrích sin, is eadh do rinne, triall as so
go baile Rígh na h-Antuaithe, mar a raibhe clanna ríogh agus
ró-thighearnadh an domhain iartharaigh cruinn air aon láthair a
n-aghaidh Garuidh Ghairbhghlúinigh mic Rígh na bhFear Morc,
do chathughadh ris tar cheann inghine Rígh na h-Antuaithe,
darb'ainm Gruaidh Ghriansholas, inghean Rígh na h-Antuaithe,
d'fhéachain an bhfuigheadh sgéala ó neach éigin cia hí an
chrích dá ngoirthear Crích na bhFuineadhach, ionnus go ndeachaidh
inte d'fhios an bhfuigheadh curadh nó cathmhíleadh inte do
thiucfadh leis, do chóimhlíonadh na ngeasa sin do chuir inghean
Rígh Inse Crét air a dheirbhshiar. Agus air ndol go baile Rígh
na h-Antuaithe, do chomhraic, fear mar chách, re Garuidh, agus
do claoidheadh leis é agus do chuir ceangailte go Cathair an
tSrotha Theintighe mar aon re clannuibh ríogh agus ró-fhlatha
iarthuir dhomhain é, áit nach dáil fuasgail dáibh as. Agus ní
raibhe fo'n gcruinne cheathardha neach is cosmhaile dreach agus
dénamh, innull agus égcosg riot-sa iná é, agus aig sin ádhbhar
eolchaire na ríoghna," air sé.



"Is truagh tuirseach na sgéala innsios tú," air Cúchulainn.
"Gidheadh," air sé, "do dhíoghail misi bladh dá mhór-olcaibh
air Gharuidh, óir do thuit a athair agus a mháthair agus a
dhearbhráthair liom mar aon re maithibh a chríche, agus atá súil
agam go dtuitfe sé féin liom má chím amharc súl air."


L. 100


Agus innsios Cúchulainn a eachtra agus a imtheachta ó
thús go deireadh do Rí na h-Aifrice, agus fós gurab as Crích
na bhFuineadhach dhó féin, agus go roibh dúil aige go dtiucfadh
dhe geasa na h-inghine d'fhurtacht.



Air gclos na mbriathar sin do Rí na h-Aifrice, ní féidir
innse méid na luaghára do ghabh é féin agus an ríoghain, agus méid
an iongantais do rinneadar fa dhuine comh óg anársuigh
re Cúchulainn do dhénamh ghníomhéacht do sháruigh air thréin-fhearaibh
na talmhan. Fiafraigheas Cúchulainn créad fa dtugadh
Gruagach an Fheadáin Órdha air mhac Rí na h-Aifrice.



"Inneosad sin," ol an rí. "Seirc agus síorghrádh tug sé do
Chlephanta, inghean Rígh na Sisile," air sé, "agus do chuaidh
air suirghe dá h-ionnsoigh, agus tug sí séad suirghe dhó .i. feadán
airgid aoinghil, agus is é buadha an fheadáin sin," air sé, "nach
luidhionn draoidheacht nó diabhlaidheacht air an tí aga mbiadh
an feadán sin, agus nach báitheann uisge agus nach loisgeann
tine é, agus fós fir ghonta agus aois galuir agus easláinte an
domhain, go bhfuighdís suaimhneas agus codhladh air gcloistin
an cheóil shíorbhinn shíorrachtuigh do níthear ris an bhfeadán
sin. Agus ro fháguibh sé an feadán agam-sa agus aig an ríoghain
d'ar gcongbháil ó thuirsi agus ó dhólás."



Agus éirgheas an rí agus do bheir an feadán leis agus do
sheinn ceól sruthbhinn siollanach sáimhchaoin leis.



"Beir buaidh agus beannacht!" air Cúchulainn, "ní chuala
ceól nó caince riamh is binne iná an ceól sin."



Acht acheana, do rugadar as an oidhche sin fa cheól agus
fa aoibhneas go maidin air na mhárach. Agus a mochdheaghail
na maidne, éirgheas Cúchulainn agus do ráidh fris an rí eolaidhe
do chur leis do mhúnadh na foraoisi i n-a roibh an dragún dó.



"Truagh sin!" air an rí, "dob'fhearr liom-sa bheith gan mac
gan inghean go bráth nó do shamhail-si agus fear do mhórghníomh
do thuitiom amhail mar do thuiteadar mórán do dheaghdhaoinibh
roimhe so ris an dragún úd."



"Léig seachad," air Cúchulainn, "ní gheabhuinn-si maitheas
na talmhan gan amharc d'fhaicsin air an dragún."



Leis sin cuireas an rí giolla dá mhuintir leis, agus do bheir
an feadán dó ionnus nach dénadh an tine do thiucfadh as craos
an dragúin urchóid dó. Iar sin, gabhas Cúchulainn an t-éideadh


L. 102


cadad cruadhdhaingean agus an lúireach leathan liathghlas agus
an dá lámhuinn leathan leannghorma do'n iaronn aithleaghtha
uime, agus gluaiseas roimhe agus trí sleagha agus a chlaidheamh
leis. Agus air dteacht a gcomhghar do'n fhoraois dáibh, filleas
an t-óglach uadh. Agus tárla an dragún 'n-a suidhe air charraic
cheannghairbh chloiche do bhí a leith-imeall na foraoisi. Agus
air bhfaicsin Chongculainn agus na n-arm suaithnighe solusmhor
dhi, éirgheas d'eiteall eadarbhuaiseach édtrom, agus do bheir
siothadh santach sárluath d'ionnsoigh Chongculainn, agus do
thoirling air, agus do stiall gialla agus cubhrach na clogaide cuanna
ceardamhla dhe, ionnus gur chréachtnaigh go mór é, óir níorbh
áil le Cúchulainn airm d'imirt urrtha d'eagla a marbhtha. Acht
is eadh do rinne, éirghe a ndreimhne an dragúin agus i luas na
h-áinle ós ceann an dragúin, agus iadhas an dá láimh ríogha
ró-mhaiseacha a dtimcheall na sgiathán leathan leadarracha
lánghéara, agus dlúitheas le n-a taobhuibh iad, agus tógbhas an
dragún idir an dá láimh lánláidre, agus trasgaras go lár agus go
lántalmhain í, agus cuireas a druim re lár go h-aimhdheónach,
agus do bheir trí póga dá béal agus dá h-aghaidh uathmhair
urghránda. Agus as a h-aithle na póige sin, is eadh do gheibh
aige, an aonbhean dob'fhearr deilbh agus dénamh, innull agus
égcosg, dá bhfacaidh súil dhaonda riamh roimhe sin. Éirgheas
an inghean go faiteach fíornáireach, agus do leig air a glúinibh í,
agus tug teoro póg do throighibh an churaidh, agus adubhairt:



"Gurb'é fíorinne do bheatha agus do shláinte, a mhír chródha
na gcuradh agus na gcathmhíleadh, agus 'aon-bhárr áigh agus
eagnamha fhear dhomhain! Is fada mé féin a n-iomthshníomh
agus a n-égcruth aig feithiomh riot, agus do bheirim bioth-mhuintearas
orm féin duit go síorraithe, agus biad 'mo chumhal agus 'mo
chailín agad, agus badh leat ceannas na h-Aifrice ó nach
bhfuil oighre oile urrtha, óir ní bhfuil súil agam-sa le mo
dhearbhráthair d'fhaicsin go bráth."



"Ní annsa," air Cúchulainn, "masa bheó misi, do bhéara
do bhráthair chugad, agus glacfaidh oighreacht na h-Aifrice,
óir ní stadfa misi do thaistiol an domhain nó go mbéarad air
Gharuidh agus go ndíoghólad air gach a ndearna d'aimhleas
chlanna ríogh agus ró-thighearnadh an domhain."


L. 104


Agus do h-aithle na mbriathar sin, gluaisid araon do chum
an dúnaidh, agus air dteacht air amharc an dúnaidh dháibh, do
bhí an rí agus an bhainríoghain air taighlibh an dúnaidh,
agus do chí an curadh agus an inghean aig teacht a gcuideachta
a chéile, agus dlúthchomhrádh caoin carthannach eatorra. Agus
air n-a bhfaicsin dáibh, téid 'n-a gcoinne agus n-a gcomhdháil,
agus ní féidir a fhaisnéis ná a innse méid na luathghára agus
an ulgháirdis do rinne an rí agus an bhainríoghain roimhe
Coingculainn. Agus beirid leó don dúnadh é, agus do freasdladh
agus do friothóladh go h-onórach é, agus ro fhan seal aimsire 'n-a
bhfochair ann. Agus annsin gabhas lámh air imtheacht, agus do
iarr comhairle air Rí na h-Aifrice cia hí an chearna do'n
domhan i n-a dteabhradh iarraidh air Gharuidh Gharbh-
ghlúineach. Adubhairt an rí nárbh'fheas dó cá h-ionadh i
n-a raibh, acht amháin go gcualaidh go raibhe aig tóruigheacht
air inghin Rígh na h-Antuaithe, acht amháin go raibhe baramhail
aige go bhfuighthigh sgéala uadh a mbaile Rígh na h-Antuaithe,
agus gurbh' í a chomhairle dhó triall go baile Rígh na
h-Antuaithe.



Iar sin fuagras Cúchulainn do Laoi a long d'ullmhughadh,
agus inneall aistir agus imtheachta do chur air. Do ní Laoi
amhlaidh sin agus an tan fa h-ullamh í, ceileabhras Cúchulainn
do'n rí agus do'n ríoghain agus don inghin, agus fa tuirseach
inghean Rígh na h-Aifrice d'éis Chongculainn. Agus téid
Cúchulainn air fairrge agus ní h-airistear a sgéalaidheacht gur
ghabh cuan agus caladhphort aig dúnadh Rí na h-Antuaithe.
Agus air dteacht a dtír dáibh ann, do chualaidh Cúchulainn bean
aig caoi go tuirseach truaghnéimheal air bhruach an chuain, agus
adubhairt:



"Maith, a Laoi," air sé, "tairring an long a dtír go
ndeachuinn do ghabháil sgéal do'n mbean-chaointe," air sé.



Gluaiseas Cúchulainn fa thuairím na mná, agus do gheibh
inghean áluinn ilchrothach air bhruach an inbhir agus fáidhbh
fir ghonta lán d'fhuil agus d'fholruachtadh aice dá nighe, agus í
a' gul go truagh tuirseach. Beannuigheas Cúchulainn go caoin
carthannach dhi, agus fiafraigheas ádhbhar a h-eolchaire agus a
iomtshníomhtha dhi.



"Ní do dhímheas ort-sa é, a óig-mhacaoimh," air sí, "ní bhfuil
brígh liom a inse, óir ní gar furtacht dom' ádhbar égcaoine."


L. 106


"Ní dhén dochar duit a innsi," air Cúchulainn, "agus fós
dob'fhéidir go dtiucfadh dhínn a fhurtacht," air sé.



"Truagh sin!" air an inghean, "is iomdha curadh agus
cathmhíleadh agus laoch láidir léidmheach do thairg a fhurtacht,
agus is eadh a thárla, iad féin do thuitiom dá cheann. Gidheadh,
inneósad dhuit-si damhna mo thuirsi agus mo mhóreolchaire,"
air sí. "Fáidhbh Bhuinne Bhuadhchleasaigh mic Rígh na
h-Antuaithe so," air sí, ".i. mo dhearbhráthair féin."



"Cia do ghoin mar sin é?" air Cúchulainn.



"Garuidh Garbhghlúineach mac Rígh bhFear Morc," air sí,
".i. fear is uathmhaire agus is aigmhéile agus is mó do'n druing
dhaonda agus is mó réir thuit do chlannuibh ríogh agus ró-thighearnadh
iarthair dhomhain, óir is amhlaidh mar thárla," air an inghean,
"go ndearnadh dáil agus cleamhnas idir misi agus fear mo
dhiongmhála .i. Iollainn Anghlonnach mac Iarla Cathracha
mBloisg, agus do h-órduigheadh lá dháirithe chum ar bpósta,
agus do chruinnigheadar clanna ríogh agus ró-thighearnadh an
domhain a n-oirchill an lá sin. Agus air gclos do Gharuidh
teist agus tuarasgbháil mo sgéimhe-si, táinic do'n mbaile se
agus do iarr misi mar mhnaoi agus mar bhainchéile dhó féin. Acht
cheana do chomhracadar air mo cheann clanna ríoghthe agus
ró-thighearna iarthair dhomhain, agus do cheangail Garuidh uile
iad, agus do chuir go Cathair an tSrotha Theintighe iad áit
nach dáil fuasgail dáibh as. Agus air n-a fhaicsin sin damh-
sa, éaluidhim as an mbaile si agus ní dhearnas comhnaidhe nó go
raibhe mé a n-Éirinn, áit a gcuala gaisgidheach darb'ainm an
Cúchulainn oirdheirc do bheith, agus do h-innseadh dhamh dá
madh h-ionchomhraic duine air dhomhan fri Gharuidh gurbh' é
Cúchulainn an duine sin. Agus air rochtuin a dtír a n-Éirinn
damh, do bhí Garuidh air mo lorg ó thír go tír, ionnus suil
ráinic liom amharc d'fhaicsin air Choingculainn, go rug
Garuidh orm agus go dtug leis i n-a luing mé. Agus annsin do
naisg mé athchuinge air .i.gan foiréigean do dhénamh orm nó go
mbeinn a ndúnadh agus a ndeaghbhaile m'athara arís agus go
bpóstuidh leis mé mar fa ghnáthach do dhénamh re h-ingheanaibh
ríogh agus ró-fhlatha an domhain. Do fhaomh Garuidh an
athchuinge sin damh, óir ní raibhe sgéala aige ón rún do bhaoi
romhamh-sa. Óir is é rún do bhaoi romhamh-sa an tan sin, dul
do chóimhiarraidh mo dhearbhráthara .i. Buinne Buadhchleasach,
mac Rígh na


L. 108


h-Antuaithe, do bhí aig foghluim ceardcha guile agus gaisgidh a
rannuibh iartharacha na h-Asiae Móire, agus muna
dtíoiósadh dhe mo dhídion air, re neart a láimhe, go
bhfuigheadh áit éigin uaigneach dhamh i n-a mbiann gan
fhios do Gharuidh ann.



"Ciodh trácht, air dteacht a dtír do Gharuidh a gCrích na
Dreolainne agus misi leis, air mbeith sgítheach ó shiubhal mara
agus tíre dhó, do thuit tromchodladh ádhbhalmhór air. Acht
acheana do chuir misi um' luidhe air bhacán a láimhe d'eagla
élodh uadh, óir ní raibhe dóich asum. Agus air dtuitim trom-chollata
air-sion amhlaidh sin, fuair misi dóigh air sgaradh fris,
agus ní dhearnas comhnaidhe go ráinic mé an baile se, agus is
eadh do gheibhim romham ann .i. Buinne Buadhchleasach, agus
nochtuim mo dhála dhó ó thús go deireadh. Adubhairt Buinne
Buadhchleasach liom gan cás do bheith orm, agus go ngeabhadh
féin do láimh mé a n-aghaidh fhear dhomhain, agus gur mhaith
leis tagmháil re Garuidh do dhíoghail a ndearna d'anfhorlann
roimhe sin air. Óir do bhí dóchas mór aig Buinne Buadhchleasach
as a neart féin agus as a thréatharaibh gaile agus glanghaisgidh.
Gidheadh níor cian dúinn as a h-aithle sin an tan tig Garuidh
air mo lorg don mbaile si, agus air gclos dó misi do bheith ann,
do iarr mo chur chuige nó comhrac tar mo cheann. Leis sin
gabhas Buinne Buadhchleasach a earradh áigh agus iorghaile
uime, agus téid a láthair cathiorghaile re Garuidh a mochdheaghail
na maidne muiche iné, agus do bhádar aig comhthuargain a chéile
ó éirghe go luidhe gréine um thráthnóna aréir, agus do
sgar comhdhorcha na h-oidhche iad. Gidheadh, níorbh'é sin an
sgaradh cudroma, óir is amhlaidh táinic Buinne Buadhchleasach
agus é 'n-a chosair chró agus 'n-a ghuin ghalann agus 'n-a lathair
leadarrtha haithle an chomhraic sin, agus ní mar sin do Gharuidh,
acht do chuaidh dá phubal gan chneidh gan chréacht acht madh
beagán. Agus amárach comhracfaid re chéile arís, agus muirfidhthear
mo dhearbhráthair-si gan chontabhairt, agus muirfe
misi féin, óir ní féidir liom fulang beó dhá éis, agus go háirithe
is fearr liom bás d'fhulang nó dul air iocht Gharuidh an dara
feacht. Agus aig sin ádhbhar m'eolchaire, a mhacaoimh," air sí.



Agus a h-aithle na mbriathar sin, do shil frasa diandhíochra
déar, agus do chaoi Cúchulainn go truagh tuirseach lé mar an
gcéadna. Agus do rinneadar an laoidh eatorra:


L. 110



Innis dúinn, a inghion óg,
Cia hí an fhódhbh do nighus tú?
Cia hé an curr go n-iomad n-éacht,
Air a bhfuil an chréacht do shil an crú?



Mac Rígh na h-Antuaithe go fíor,
Buinne Buadhchleasach go mbrígh ghlé,
'N-a luidhe aniugh a gcosair chró,
Ba deirbhshiúr dhó misi ané.



Cia léir chomhraic Buinne Buadh?
'Inghean úr na ngruadh ndearg,
Cia léir tolladh a thaobh mar ghéis,
An fear ané ba fíochmhar 'fhearg?



Le Garuidh Garbhghlúineach na n-arm,
Mac Rígh bhFear Morc is garbh gné,
Tar mo cheann-sa, och mo nuar!
Buinne Buadh do throid ané.



Air dtoirling ó'n treas fa teann
Do Bhuinne Buadh na lann ngér,
Fa h-iomdha créacht i n-a thaobh
Ó Gharuidh dhaor is líonmhar lén.



Comhrac oile gan sgís
Air mo shon-sa arís dhéana sé,
Ina dtuitfe an Buinne go mbuadh.
Uch mo nuar do rugadh mé!



D'éis Bhuinne na dtreas mborb,
A mhacaoimh óig na gcolg ndéad,
Ní bhiadh anam ionnam dá ghrádh,
Annsa liom bás nó muirn dá mhéad.




A h-aithle na laoidhe sin adubhairt Cúchulainn:



"Maith, a ríoghan," air sé, "an aitheóntá an Cúchulainn
oirdhearc dá bhfaiceá hé?"



"Ní aitheónainn," air sí, "óir ní fhacas ariamh é, do bhrígh
nach raibhe foill agam rochtuin go nuige é an tan tugas iarraidh
go h-Éirinn air."


L. 112


"Maiseadh," air Cúchulainn, "is misi an fear sin do bhí tú
d'iarraidh, eadhon an Cúchulainn oirdhearc, agus is díom do
bhí tusa aig gabháil a sgéal air dteacht a dtír a n-Éirinn
duit, agus atáim air lorg Gharuidh agus air do lorg-sa ó sin
ille. Agus ná bíodh contabhairt agad nó go ndíoghólfe air
Gharuidh gach a ndearna d'égcóir ort go nuige so, óir do
dhíoghail mé páirt mhaith dhe hana, do bhrígh gur thuit a dhearbhráthair agus a
athair agus a mháthair agus maithe a chríche uile liom, agus do
dhéna comhrac re Garuidh amárach tar do cheann-sa agus tar
ceann do dhearbhráthara."



"Truagh sin!" air an inghean, "is iongnadh liom-sa duine
comh óg anaosach leat-sa do chóimhlíonadh na ngníomh adeir
tú, agus a liacht curadh cródha cathbhuadhach agus míleadh
meardhána do thuit leis an bhfear sin .i. Fearghus Fiodhárd."



Leis sin tig Laoi chuca, agus tairrngios an long a dtír, agus
taisbénas sleagh agus séadchomhartha Fhearghuis do'n inghin,
agus ní féidir a fhaisnéis méid an iongantais fa óige Chongculainn
agus fa fheabhas a mhórghníomh do rinne sí. Ciodh trácht,
tiaghaid do'n dúnadh a gcuideachta a chéile, agus innsios an
inghean gurbé an Cúchulainn oirdhearc ro bhaoi ann, agus
téid Cúchulainn a gcéadóir mar a raibhe Buinne Buadhchleasach,
mac Rígh na h-Antuaithe, agus é cneadhach créachtach anbhann
égcruaigh ó bhéimionnaibh borbneartmhara básamhla Gharuidh,
agus cuireas Cúchulainn cuid do'n íce agus do'n bhalsuim ro
fhágbhadar Tuatha Dé Danann .i. a cháirde síothchuire, aige re
cneadhaibh agus re créachtaibh Bhuinne Bhuadhchleasaigh,
ionnus go madh sleamhan slánchréachtach a gcéadóir é gan ghoin,
gan áladh, gan nimh nó nimh-loit do mhothugh.



Ciodh trácht, ní féidir a innse nó a fhaisnéis méid na luathghára
agus an ulgháirdis do rinneadh a mbaile Rígh na h-Antuaithe
re linn Congculainn agus fa Bhuinne Buadhchleasach do bheith
slán ó chneadhaibh. Acht acheana, ro innis Cúchulainn do
Bhuinne Buadhchleasach agus do chách amhail mar do fhuasgail
sé geasa do Charrthainn Chúilfhinn, inghean Rígh na h-Aifrice
.i. searc agus síorghrádh Bhuinne Bhuadhchleasaigh. Agus
air n-a chlos sin do Bhuinne Buadhchleasach, iadhas a dhá
láimh um bhrághaid Chongculainn agus pógas go dil díochra é,
agus adubhairt:


L. 114


"Ní chreidim," air sé, "gurb' ó dhuine dhaonna do geineadh
thú, a Chúchulainn, acht ó neach éigin do na déibh adharrdha,
óir níor bh'fhéidir go ndénadh duine do'n Ádhuimhchloinn air a
mbiadh colann daonna na gníomha do rinneadh leat, agus is
deimhin gurb tú bhus áird-rí air an domhan agus air an
gcruinne go cómh-iomlán."



Acht cheana, air gcríochnughadh an chomhráidh sin, adubhairt
Cúchulainn re Laoi a charbad d'innioll go ndeachaidh d'fhéachain
innill agus égcuisg Gharuidh agus go dtabhradh árdmheas air.
Do ní Laoi amhlaidh sin, agus gluaiseas Cúchulainn go pubal
Gharuidh, agus do gheibh fear uathmhar aigmhéil anchumach
dian daoldhathach dubhghorm, ba mó ná ar féidir tuarasgbháil
do thabhairt air, 'n-a shuidhe is an bpubal, agus lorg-fhearsad
iaruinn 'n-a seasamh re sleas an phubail i n-a raibhe eire chaoga
laoch. Agus air dteacht do dhoras an phubail do Choingculainn
féachas Garuidh air agus adubhairt:



"Cá h-áit a rabhuis, a mhaoth-mhacaoimh?" air sé.



"Do bhághus a mbaile Rígh na h-Antuaithe," air Cúchulainn.



"Créad brígh do thurais annso?" air Garuidh.



"Do thabhairt árdmheasa agus tuarasgbhála ort-sa," air sé,
"óir is mé an chéad duine do thiucfas do chomhrac riot amárach,
agus tuitfe tú liom, amhail mar do thuit h'athair agus do dhearbhráthair."



"Saoilim," air Garuidh, "gur ban-eachlach nó beantsiubhail
an bhuime mhúinte do bhaoi agad do bheir do bhriathara comh
bárr-bhaoth agus sin. Agus muna ngéillinn do bheith ad' mhaoth-mhacaomh
anbhann anaosach, do chuirfinn a n-áit thú as nach
dtiucfá air amharc buime nó máthara go bruinne mbrátha agus
mbeatha .i. go Cathair an tSrotha Theintighe," air sé.



"Má tá nach gcreidionn tú," air Cúchulainn, "gur
thuit do dhearbhráthair agus h'athair liom, do bhér dearbh duit
air" - aig taisbéanadh na sleighe nimhe do bhí aig Fearghus
agus séadchomharrtha oile tug as dúnadh Rígh bhFear Morc.



"Is deimhin," air Garuidh, "gurbí sin an tsleagh do bhaoi
aig mo bhráthair Fearghus, agus is iongnadh liom cia d'fhearaibh
na talmhan fuair as a láimh í, do dheóin nó air éigin," air sé.


L. 116


"Ní bhiaidh iongnadh ort uime amárach," air Cúchulainn,
"an uair do chífeas do chorp dá tholladh agus dá threaghdadh
agam-sa."



"Cia an chrích as arb'as duit féin, a mhacaoimh?" air Garuidh.



"As Crích na bhFuineadhach ris a ráidhtear Éire," air
Cúchulainn.



"Do thairngir Neachtain Uathmhar .i. m'oide, dhamh," air
sé, "gurb as Éirinn do thiucfadh an gaisgidheach is mó ó n-a
bhfuighinn an airc chomhraic is mó do gheabhainn go bráth.
Gidheadh ní shamhluighim sin leat-sa," air sé, "óir is cosmhaile
le macaomh óg anaosach air a chluithche báire agus baoisi thú
nó le curadh nó le cruadh-laoch aig iomlat arm nó iolfhaobhar."



"Ní fada," air Cúchulainn, "nó go mbiaidh a fhios agad-sa
cionnus do ním airm d'iomlat agus d'iomluaghail."



Agus a haithle an chomhráidh sin filleas Cúchulainn do'n
gcathraigh, agus fa mór iomorro an luathgháir do rinneadh roimhe
annsin. Acht acheana, air n-imtheacht do Choingculainn, fa
h-iongnadh mór le Garuidh cionnus do thárla an tsleagh air, agus
do smuanaigh go minic air an bhfáistine sin do rinne Neachtain
dó, agus táncadar taibhseadha agus taisbéanadha gráineamhla
agus físe agus tarfáis agus airgheana báis chuige go minic an
oidhche sin, agus ní dhearna suan nó codladh nó comhnaidhe.



Dála Chongculainn annso: air n-éirghe laoi co n-a lán-tsoillsi
air na mhárach, éirgheas a mochdheaghail na maidne, agus fuagras
do Laoi an Carbad Searrdha d'innull. Do ní Laoi sin go h-athlomh
iméasgaidh, agus air mbeith innillte dhó, téid Cúchulainn ann.
Agus is mairg iomorro an curadh nó an cathmhíleadh a raibhe a
thriall chuige fo'n tuairim sin. Óir fa hé sin an cleasaidhe
coimhdheas, agus an seabhac sárlúthmhar, agus an leomhan lonn
láinfheargach, agus an dragún dian doichoisge, agus an t-iollánach
torannchleasach nach dtáinic curadh nó cathmhíleadh ariamh
falláin ó n-a lúthchleasaibh, agus má táinic gach uair, ní hí an
uair si.



Ciodh trácht air ndol i n-a charbad dó, téid amach air gheaphta
na cathracha, agus téid an rí agus maithe na cathracha air taibhlibh
agus air toruibh an dúnaidh d'fhéachain iomthósa na mórdheabhtha
iar n-uair.


L. 118


Air bhfaicsin annso do Gharuidh an carbad doiligh doilfe
draoidheachta air a raibhe nimh agus gráin agus géarghlonn
air gach rotha agus air gach fearsaid agus air gach tairne dá raibhe
ann, agus na h-airm agus na cleasa gáibhtheacha gráineamhla
nach bhfacas a leithid aig aon neach ariamh roimhe, agus na ceatha
taibhseacha tiughlasracha teineadh agus na drithle dian-dhearga
do bhí aig éirghe as na sleaghaibh agus as na craoiseachaibh,
agus an t-each dualach daoldhubh a gcuing thosaigh an charbaid
aig briseadh a h-iall agus a h-aradhan air mhoille lé do bhí sí aig
dénamh leadartha agus láithreachais, óir do aithneadh an
Dubhshaoileann agus an Liath Macha an uair dobhíodh Cúchulainn
aig triall mór-éachta do dhénamh nó an iomad fola do dhortadh,
agus air bhfaicsin an óig-mhacaoimh áluinn anársuidh air lúth
agus air luadhghail, aig innull agus aig ionráin, aig seoladh agus
aig suidhiudh na sleagh nimhneach nimhe agus na gcleas
ngáiphtheach ngráineamhail n-uathmhar n-anaithnigh, agus aig
seachna a bhfaobhar agus a bhforghráine air a chéile, do ghabh
iongnadh agus uathbhás hé, agus do bhí brígh na fáistine agus
na físe aig teacht go mór i n-a chuimhne.



Ciodh trácht, air mbeith do Choingculainn aig teacht fa
eadh láimhe dhó, tárla cártha comh-mór cloiche sáidhte a
dtuinnighibh na talmhan air cheann an mhoighe mhórfhairsing,
do bhí ann re cian d'aimsir roimhe sin, nach bhféadfadh curadh
nó cathmhíleadh nó duine dhá láidre a h-athaireach nó a h-iomlat.
Agus adubhairt Cúchulainn:



"Maith, a Laoi," air sé, "tabhair an carbad a dtimchioll an
chárrtha d'fhios an roithcheadh dhíom a thabhairt ann mo chrann-tábhaill
agus go bhféachuinn mo lámhach cloiche air Gharuidh."



Do bheir Laoi an carbad a dtimchioll an chárrtha, agus cuirios
Cúchulainn an ghlac gheal ghléleabhar fo chaol an chárrtha,
agus do bheir feidhm foirtill fíorláidir fair, ionnus gur thairring
as innighibh na talmhna trom-fhóidighe é, agus gur eagair i n-a
chrann-tábhuill as a h-aithle sin agus go dtug rogha an urchair
air Gharuidh, gan chaime gan chlaoine, a gceartlár ochta dhe,
gur bhris agus gur mhionbhrúgh an lúireach mhórdhrolach dhualach
agus an t-éideadh daingean deargumha a leith astigh do'n lúirigh,
agus gur chriothnuigh agus gur chumhsgraidh fréamhach a chraoidhe
agus a chléibh ann, ionnus gur chuir Garuidh trí tonna troma do


L. 120


fhuil dorcha dubhghorm amach air a bhéal agus air a bhrághuid,
agus fa h-iongnadh ádhbhalmhór le Garuidh neartmhaire an
urchair sin. Agus gabhas Garuidh an cárrtha i n-a láimh, agus
do bheir urchar ádhbhal anláidir air Cúchulainn de, óir do shaoil
an carbad agus an curadh do thrasguirt do'n trénurchar sin.
Acht acheana, ní seachna nó saobhadh tug Cúchulainn don urchar,
acht is eadh do rinne, éirghe a n-áirde isin aiér a n-arrceis an
urchair, agus an cártha do ghabháil i n-a chranntábhaill. Agus
innleas an dara feacht air Gharuidh é, gur amuis i n-a ghualainn
clí é, agus gur chuir maol na gualonna as a h-áit agus as a h-ionadh
aige, agus gur chomhmeasgaigh folmhach uachtair a chléibh agus
a chumpair uile do'n toronn sin. Do lonnadh agus do lasadh,
do feargadh agus do fíorfhiuchadh Garuidh do'n fhurbhfáilte
neamhcharrthannach sin, agus is eadh do rinne, an lorg-fhearsad
úr-iarainn do bhí re h-ursainn an phubail do ghabháil
chuige, agus do bheir suinnseadh santach sárneartmhar a gcoinne
agus a gcomhdháil Chongculainn, óir do shaoil go ndénadh
miongar agus mionbhrughar do'n churadh agus do'n charbad,
idir duine agus each agus úmtha, do'n trénbhuille sin. Agus do
bheir tréntairring air an luirg ó mhaol ghualann agus ó mhullach
an aidheoir fa thuairim Chongculainn. Agus air n-a airiugh sin
do'n ghiolla dheas dheaghthapuidh .i. Laoi, do bheir brod far san
eachradh, ionnus gur éirgheadar d'eitioll édtrom énamhail, agus
gur sheachnadar an buille agus go ndeachaidh an buille fo thalamh
agus go ndearna an luirg uaimhchlais isin talamh i n-a mbiadh
cath-eaguir .i. míle go leith fear, fo n-a n-arm agus fo n-a n-éideadh
a bhfolach innte, agus suil ráinic leis an luirg do thógbháil arís,
tug Cúchulainn urchar do'n tsleigh, darbh'ainm Fuariugh
Feirge, fair, agus aimsios a n-ubhall na brághad ós bhrollach
na lúirighe é, gur theasg an lúireach agus faobhar an éididh, agus
go ndeachaidh an tsleagh go nuige a lonchraois a n-ubhall a
bhrághad, go madh samhalta re buinne easa an buinne fola
fordhuibhe do bhí aig teacht as compar a chléibh amach. Innleas,
an dara feacht, sleagh oile air, darbh'ainm Sgread-go-Nimh,
agus aimsios i n-a asguill é, idir dhá fhaobhar an éididh
chúil agus an éididh ochta, go ndeachaidh an tsleagh feadh
láimhe laoich i n-a chliabh asteach, ionnus gur mhothuigh a
sgairt agus a sgamhán air n-a ngéar-nguin don urchar sin,
agus air n-a mhothughadh sin dó,


L. 122


do ghabh mire agus déine agus dásacht, fearg agus fíor-lonnas é,
agus is eadh do rinne, an luirg do theilgin uadha, agus do bheir
siothadh santach sulbhorb d'ionnsoigh Chongculainn, agus dob'áil
leis an carbad agus an curadh do ghabháil idir a dhá láimh a
n-éinfheacht, ionnus go ndéanadh mionbhrughar measgach millte
agus míreannadh beaga buanréaptha, idir dhuine agus each,
dhíobh. Ciodh trácht, air dteacht a gcomhfhogus do'n charbad
dó, do bheir an carbad luathchuairt 'n-a thimchioll, agus beanas
tairne do'n rotha dhraoidheachta dhó, gur theasg an chos dheas
ó'n ghlún síos de, agus gur thuit chum láir agus láintalmhan,
amhail múr nó mór-chaislén air n-a thrasguirt re soighnén
teintighe. Agus air dtuitiom dhó amhlaidh sin, innlios
Cúchulainn cleas dá chleasaibh nimhe air .i. an cleas
gráineamhail gáifeach géareiteach bríoghmhar básamhail borbneartmhar
darb'ainm an cleitín-chleas, gur amuis a n-íochtar a chuim é,
agus gur bhris an lúireach agus an t-éideadh, agus gur threaghd
a abach agus a ionathar a n-íochtar a chuim. Agus gabhas dá
chleasaibh nimhe air ó sin amach, dá threaghdadh agus dá
tholladh, dá leódh agus dá leadradh agus dá athchuma, ionnus go
madh samhalta re sgaoith mhionbheachan a dtimchioll chuaschrainn
aig cosnamh a nid agus a n-óig-thoirrchís, sleagha agus cleasa
Chongculainn aig dul ann agus as, chuige agus uadha, ionnus
go madh samhalta re criathar fo bheachan, a chorp air n-a
tholladh agus air n-a threaghdadh do ghnáthlámhach
Chongculainn. Agus is amhlaidh do bhí Garuidh, agus mealla
troma toirteamhla agus caoba cródhearga cró dá chuid fola agus
eóla féin aige dá gcaitheamh re Choingculainn, agus aig
mallughadh agus aig mórmhaslughadh na ndée adharrdha d'órduigh
mar chinneamhain dó tuitiom re duine comh óg anaosach re
Coingculainn. Ciodh trácht air gciorrbhughadh chuirp
Gharuidh amhlaidh sin, agus air ndísgaoileadh a earraidh agus
a éidigh 'n-a thimchioll, lingeas Cúchulainn as an
gcarbad, agus éirgheas a ndreimhne an dragúin a n-áirde san
aieór ós a cheann, agus do bheir béim claidhimh dhó a maol na
gualanna, gur sgoilt idir corp agus chnáimh agus earradh agus
éideadh go nuige iomlegán é, agus gur leath air gach taoibh dhe.


L. 124


Is annsin do thionóladar a dtimchioll Chongculainn agus
Gharuidh an sluaghbhuidhean fa gnáthchuideachta do Choingculainn
.i. bádhbha agus bocánaigh agus caróin chíocracha
chrobhdhearga, óir is da lámhaibh Chongculainn fa gnáth leó a
bhfualachta agus a bhfosda d'fhagháil, agus do thoirlingeadar air
Gharuidh, mar thoirt maolchnuic nó mór-thsléibhe dhíobh agus
do ghabhadar aig sreangthairring a chuirp agus a chnámh
ó chéile, ionnus go madh fualachta agus fosda dháibh é
go feadh cian d'aimsir.



Air maoidheamh an mhór-éachta so re Coingculainn, táinic Rí na
h-Antuaithe agus a mhac .i. Buinne Buadhchleasach, agus a
inghean, eadhon Gruaidh Ghriansholus, agus maithe agus mór-
uaisle chríche na h-Antuaithe, amach as an gcathair a gcoinne
agus a gcomhdháil Chongculainn, maille re ceól agus re caintice,
agus do rugadar leó do'n dúnadh é, agus ní féidir a fhaisnéis nó
a innse méid na h-onóra agus na puimpe do rinneadar uime,
agus do ghabhadar leis mar thriath agus mar áird-thighearna
go bruinne mbrátha agus mbeatha. Ciodh trácht, do chaitheadar
an oidhche sin re h-ól agus re h-aoibhneas go maidin air na
mharach, agus air n-éirghe gréine air n a mhárach, ro éirigh
Cúchulainn, agus fuagras do Laoi a charbad d'innull, agus ráidheas
re Buinne Buadhchleasach eolas do dhénamh dhó go Cathair
an tSrotha Theintighe.



"Truagh sin!" air Rí na h-Antuaithe, "cluithche agus gáire
gach ní go nuige sin," air sé, "óir is amhlaidh atá an áit sin .i.
cathair atá air oiléan mara, agus an fhairge atá 'n-a timchioll,
'n-a h-aon-lasair teintighe, agus ní théid long nó arthurach urtha
acht an long i n-a mbiadh Garuidh nó Neachtain Uathmhar, óir
do dhéantaoi min agus luaith do'n luing oile innte, agus fós ní
h-ionchomhraic fir na talmhan fris an aitheach atá dá cumhdach,
óir gach uair do goinfidhe re h-arm é, mar as taosga no thuitfeadh
air an talamh, do thiucfadh a neart agus a bhrígh féin ann arís,
agus ní moitheochadh guin nó créacht dá mbeith fair, agus
gurb'eadh dhénas tusa," air an rí, "filleadh go h-Éirinn,
agus áirdchíos gacha críche do bhreith leat, óir dá madh gníomh
dob'fhéidir do dhénamh, dul go Cathair an tSrotha Theintighe,
do dhéntá-sa é, agus ó nach eadh, léig dhíot triall ann."


L. 126


"Léig dhíot, a rí," air Cúchulainn, "óir ní gheabhainn maitheas
na talmhan agus gan triall ann, óir is coimhdheas an long fil agam-sa
air muir dteintighe agus air muir dtéachtuidh .i. an Bhreac-
bháirc agus ní luidhionn draoidheacht nó diabhlaigheacht air aoin
neach dá mbeith innte."



Agus iar sin gabhas Cúchulainn lámh air imtheacht, agus
téid i n-a luing, agus téid Buinne Buadhchleasach, mac Rígh
na h-Antuaithe, leis, agus tiaghuid air fairrge, agus ní h-airistear
a sgéalaidheacht nó go rángadar an mhuir theintighe. Agus air
dteacht air an muir theintighe do'n Bhreac-bháirc, do stad
na tinte agus na teannála agus na lasracha do bhí urrtha, agus do
múchadh a h-anfa agus a h-anbhuain, agus do ghabhadar aig
iomramh urrtha mar gach muir oile, nó go rángadar a gcomhghar
do'n oiléan. Agus is í sin uair agus aimsear fa dtárla an t-aitheach
aibhseach urghránda .i. Neachtain Uathmhar, mac na Talmhan,
a' spoisteóracht air bhruach an chuain, agus go mbíodh comhfhod
re h-acra fearuinn idir a dhá chois. Agus air bhfaicsin na
luinge dhó, do shaoil gurbh'é Garuidh ro bhaoi ann, acht amháin
air bhfaicsin na n-arm n-áluinn n-iongantach agus an óig-mhacaoimh
áluinn édrocht dob'fhearr deilbh agus dénamh, innull
agus égcosg don druing dhaonda, a meadhón na n-arm sin, dá
n-innull agus dá n-órdughadh agus dá n-eagur, agus air bhfaicsin
na lasrach agus na dteannál air ndol do'n fhairrge, do ghabh gráin
agus uamhan mór é, agus druidios a n-aircis na luinge go bruach
an chuain, agus tógbhas an lorg-fhearsad iaruinn do bhaoi air a
ghualainn, agus dob'áil leis an long do thrasguirt maille re n-a
raibhe innte do'n aon bhéim sin.



Air n-a fhaicsin sin do Choingculainn, gabhas cleas darbh'ainm
an faobhar-chleas, agus innleas air an aitheach é, gur amuis idir
an dá ghabhail-chois fa h-áirde nó gach seól-chrann luinge, é,
agus gur tholl agus gur threaghd a ghairmheanach i n-a chorp,
agus gur thuit faon fotharsna fo thalamh. Agus suil ráinic leis
éirghe, do chuir Cúchulainn seacht sleagha dá shleaghaibh nimhe
ann, agus aig so a n-anmanna .i. an Chúrsach Dhearg agus
Seoladh Rinne agus Fuarugh Feirge agus Sgread-go-Neimh agus
Gorm na bhFaobhar agus Gorm na gCréacht agus Fásgadh Fola.
Agus lingeas féin do léim luchtmhar lánaibhseach a dtír do churr-
thosaigh na luinge, a ndóchas a cheann do sgaradh re n-a
phéisdcholuinn.


L. 128


Ciodh tráchta ba faigsi do'n aitheach dianchabhair
a mháthara .i. an talamh tromfhóideach, iná sin, óir do éirigh
sleamhain slánchréachtach, gan ghuin, gan áladh, gan athloit.



Air n-a fhaicsin sin do Choingculainn, do lonnadh
agus do feargadh uime go mór agus do ghabh mire agus dásacht
é, agus éirgheas a n-áirde san aidheor ós ceann an aithigh, dá
thuargain leis an gcolg déad, agus do bhean mar chárrtha comhmór
cloiche do throm-mheallaibh fola agus feóla do ghuaillibh agus do
thslinnénaibh agus do cheann an aithigh, nó gur thrasguir go lár
agus go lántalmhain é, an dara feacht. Gidheadh fa dhímhaoin
dó, óir níor thaosga chum talaimh é nó 'n-a sheasamh arís, gan
fhéachain do neartbhéimionnuibh Chongculainn. Ciodh trácht,
air mbeith do Choingculainn air fairrge, adubhairt re Laoi:



"A Laoi," air sé, "má chí tú nach dtig dhíom-sa an t-aitheach
do dhíláithriughadh re mo chleasaibh nimhe, gurb'eadh dhénas
tusa agus Buinne Buadhchleasach dol romham gus an inbhear
atá aig snidhe tré san gcathair, agus forghabháil do dhéanamh
ann, agus an Ga Bulga d'innull damh, go bhféachuinn díoghainn
mo ghaisgidh air Neachtain, óir ní bhfuil tarbhtha dhúinn i n-a
ndearnamar riamh gus anois muna dtig dínn fuasgladh do thabhairt
do chlannaibh ríogh agus ró-thighearnadh an domhain do'n chur
sa."



Air bhfaicsin annso do Laoi agus do Bhuinne Buadhchleasach
nach raibhe tarbhtha i ngach casguirt agus i ngach cnáimhghearradh
dá roibh Cúchulainn do thabhairt air an aitheach, do thairringeadar
an long a dtír a gcéadóir, agus do ghluaiseadar féin araon
gus an inbhear, agus do rinneadar cara agus forghabháil ann,
agus do innleadar an Ga Bulga. Agus an feadh ro bhádar-san
aga dhénamh soin, is eadh do rinne Cúchulainn, leigean
air féin bheith aig teitheadh roimhe an aitheach agus a throm-bhéimeanna
do sheachna, nó gur tharruing mar sin gus an inbhior
é. Agus air mbeith innilte do'n Gha Bulga, fuagras Laoi air
Choingculainn a fhreastail, coneibeart:




"A ghaisgidhigh Mhuighe Líne,
A sheabhaic Bhinne Burba,
A Chú Ghlinne Cumra,
Fumna an Ga Bulga!


L. 130



"Fomna, fomna an Ga Bulga, a Chúchulainn chathbhuadhaigh
chleasamhnaigh, is dingibh dhíot an t-aitheach ádhbhul
urghránda," air sé.



Leis sin lingeas Cúchulainn isin linn, agus seasmhas aig inull
an chleasa, agus tig an t-aitheach n-a dhiaidh gus an inbhear,
óir do shaoil gan chontabhairt gurb' aig teitheadh roimhe ro
bhaoi. Acht atá aon ní cheana, teilgeas Cúchulainn an bán-
Gha bríoghmhar básamhail Bulga as laghair a choise deise a
gceartlár a chuirp agus a chuim air an aitheach, gur threaghd
agus gur tholl agus gur theasg a chraoidhe agus a chorp agus a
chliabh, agus gur lomlán an t-aitheach ó bhonn go bathuis do
nimh nárbh' fhéidir íce nó íocluibh d'fhagháil di go bráth.
Agus leis sin tuitios go lár agus go lántalmhain, agus do léig
nuallghártha gránda gráineamhla as, agus do ghabh aig mallughadh
agus aig imdheargadh na ndée adharrtha, óir fa deimhin leis nach
le duine daonda do thuit acht le neach éigin do na déibh, agus do
ghabh aig tromghárthaibh air a mháthair gheineamhna .i. an
talamh tuinnsigh tromfhóideach, fa chabhair agus fa chongnamh
do thabhairt dó re linn an anfhorluinn táinic air. Acht cheana
fa dímhaoin na briathara sin, óir fa lán a chorp do nimh an Gha
Bulga. Agus leis sin tig Cúchulainn as an linn, agus gabhas an
claidheamh trom toirtbhuilleach darbh'ainm Gearr na gColann,
agus do bheir béim bodhbha do'n aitheach a gcaol an mhórmhuinéil,
agus do sgar an tromcheann diabhlaidhe dathghránda dá phéistcholainn,
agus tóghbhas leis an ceann gur fháguibh a n-áirde air
charraic cheannghairbh chloiche a bhfad ón choluinn é.



Agus as a h-aithle sin téid go dorus na cathracha, agus brisios
an dorus agus téid asteach inte, agus marbhas gach a bhfuair
inte do mhuintir an aithigh, agus iar sin cuartaigheas an dúnadh
nó go bhfuair doras cumhann cruadhghiallach agus comhla d'iarunn
úr imreamhar leis, agus do bheir buille borbneartmhar d'iorlainn
a shleighe air an gcomhla, gur chuir dá bacánuibh agus dá
hinnsighibh í, agus do gheibh slighe chaol chumhang chomh-dhorcha
roimhe síos, agus is eadh do rinne, filleadh air ais agus
tápuir loinneardha lánshoillseach do lasadh. Agus téid síos as
a h-aithle isin uaimh uathmhar fhódhomhain thalmhan i n-a
raibheadar clanna ríogh agus róthighearnadh an domhain a
nglasrach agus a ngéibhionn, fa dhaoirsi agus fa dhochar ann,
lán do ghorta agus do ghéarbhruid, óir ní fhaghdís do


L. 132


bhiadh nó do dhigh acht madh beagán do fhréamhach luibhionn
gach tráthnóna nó 'chéile. Agus air bhfaicsin an churaidh dá
ndionnsoigh agus an claidheamh nochtuidh i n-a láimh, do
mheasadar gurb'é Neachtain nó daoine uadha do bhí aig teacht
dá ndícheannadh, agus do badh mhaith leó sin a bhfochair a
bheith níos faide isin mbruid i n-a raibheadar. Ciodh tráchta,
brisios Cúchulainn an glasrach agus an géibhionn do bhaoi orrtha
uile, agus do ráidh riú a leanmhain amach agus nár bhaoghal
dóibh Neachtain nó Garuidh.



Ro éirigheadar-san go meirtneach mílúthmhar, agus do leanadar
é go ndeachadar air an bhfaithche bhfódsholus amach, agus air
bhfaicsin Neachtain marbh, do ghabh iongnadh ádhbhalmhór
iad. Agus annsin nochtas Buinne Buadhchleasach, mac
Rígh na h-Antuaithe, dála Chongculainn agus a mhaithghníomha
dhóibh ó thús go deireadh. Agus air n-a chlos sin dáibh-sion,
do leigeadar air a nglúinibh iad agus do shléachtadar do
Choingculainn, agus adubhradar muna b'eadh gurb do na déibh
adharrdha Cúchulainn nó an t-athair ó ar geineadh é, nach
dtiocfadh dhe na gníomha soin do dhénamh go bráth.



Acht acheana ráidheas Cúchulainn re Laoi an t-aitheach
do chasguirt agus an Ga Bulga do bhuain as. Iar sin gabhas
Laoi agus Buinne Buadhchleasach aig casguirt Neachtain, agus
do bhádor trí lá agus teóra h-oidhche dá chasguirt agus dá
chnáimhghearradh nó gur beanadh an Ga Bulga as.



Agus as a h-aithle sin tiaghaid fo'n gcathraigh agus
do chuireadar teinte agus teannála inte agus tugadar roighne
seód agus maoine aisde agus fágbhuid an t-oilén iaramh, agus
ní dhérnadar comhnuidh nó go rángadar baile Rígh na h-Antuaithe.
Agus ní riachtnasach a fhoillsiugh annso méid na luaghára do
rinneadh rómpa ann, agus go h-áirithe gach a ndearna Gruaidh
Ghriansholus, inghean Rígh na h-Antuaithe, air bhfaicsin a
céile agus a céad-ghráidh .i. Iollainn Ang-ghlonnach, mac
Iarla Chathracha mBloisg. Agus do chomhnuidheadar seal
aimsire a bhfochair Rígh na h-Antuaithe nó gur pósadh
Iollainn Ang-ghlonnach agus Gruaidh Ghriansholus re chéile.



Agus annsin gabhas Cúchulainn lámh air imtheacht, agus do
h-ullmhuigheadh a long dhó, agus do bheir Rí na h-Antuaithe
árdchíos dó do chóimhlíonadh Chlocháin na gCuradh, agus do


L. 134


naisg an cíos sin air féin agus air a oighreadhaibh 'n-a dhiaidh
do Choingculainn. Agus iar sin téid Cúchulainn air fairrge agus
a roibh annsin do chlannuibh ríghthe an domhain mar aon fris, agus
ní h-airistear a sgéalaidheacht nó go rángadar baile Rígh na
h-Aifrice. Agus air bhfaicsin a mheic do Rí na h-Aifrice .i.
Gruagach an Fheadáin Órdha, do thuit a dtaisibh agus a
dtámhnéallaibh re méid luaghára agus lánintinne, agus air
n-éirghe as an néall sin dó, gabhas Cúchulainn air bhrághaid
agus pógas go dil díochra é, tré aisiuc a mhic agus a inghine air,
.i. Carrthann Chúilfhionn do bhí a ndeilbh an dragúin agus
Gruagach an Fheadáin Órdha do bhí a gCathair an tSrotha
Theintighe mar aon re cách. Agus annsin do pósadh Buinne
Buadhchleasach, mac Rígh na h-Antuaithe, agus inghean Rí na
h-Aifrice .i. Carrthann Chúilfhionn, re chéile agus tug Rí
na h-Aifrice áirdchíos agus bith-umhlocht air féin do
Choingculainn. Agus air mbeith seal a bhfochair a chéile
dháibh amhlaidh sin, do ghabh Cúchulainn lámh air imtheacht,
agus do cheileabhair don rí agus do'n ríoghain, agus téid air
muir mar aon re clannaibh ríogh an domhain, óir níor sgar an lucht
sin tug sé as Cathair an tSrotha Theintighe leis ariamh an feadh
do bhaoi gan teacht a n-Éirinn.



Agus air ndol air fairrge dáibh, níor chomhnuidheadar nó
go rángadar Cathair na Salerna .i. baile Rí na Sisile, agus fa
h-ádhbhal méid na luathghára do rinneadh roimhe Coingculainn
agus roimhe clanna ríghthe an domhain, agus go h-áirithe méid
na luathghára do rinne Clephanta, inghean Rígh na Sisile, roimhe
fa mar do thug sé mac Rígh na h-Aifrice .i. a searc agus a
síor-ghrádh d'fhearaibh an bheatha, dá h-ionnsoigh. Agus
do pósadh Gruagach an Fheadáin Órdha agus Clephanta re chéile.
Agus tug Rí na Sisile áirdchíos agus bioth-umhlocht do
Choingculainn.



Agus do thriall as an Sisile as a h-aithle sin, agus níor
chomhnuidh go ráinic baile Rí na h-Almáine, agus do chomhnuidh
seal ann fa mhuirn agus fa mhór-onóir. Agus iar sin do ghabh
lámh air thriall go h-Éirinn, agus ní gheabhdís clanna ríogh an
domhain gan teacht leis a n-Éirinn, do dheimhniughadh
agus do dhearbhughadh na móréacht agus na maithghníomh
do rinneadh le Cúchulainn a gcríochaibh imchiana an domhain,
agus d'admháil agus d'fhaisnéis a n-umhlachta agus a n-urrama
agus a n-áirdchíosa dhó go bruinne mbrátha agus mbeatha.


L. 136


Agus air gcríochnughadh na comhairle sin leó, tiaghaid air muir,
agus ni h-airistear a sgéalaidheacht gur ghabhadar cuan agus
caladh aig Dún donn-glongach Dealgan. Agus air dteacht a
dtír dháibh ann, téid sgéala go Dún Dealgan agus go h-Eamhain
Macha, agus do chruinnigheadar maithe agus móruaisle bhfear
n-Uladh um Chonchubhar agus um Chonall Chearnach agus
um Fhearghus agus tigid uile a gcoinne agus a gcomhdháil
Chongculainn. Agus air dteacht a láthair a chéile dháibh, ní
féidir a innsi nó a fhaisnéis méid an ulgháirdis do rinneadh
roimhe Coingculainn agus ris na maithibh air cheana. Agus tigid
as sin go Dún Dealgan, agus do nochtadar na h-uaisle anaithnigh
sin dála agus eachtra Chongculainn a bhfiaghnaisi bhfear
n-Uladh, agus do thaisbéin Cúchulainn sleagh Fhearghuis
Fhiodhfhoda agus lorg-fhearsad Gharuidh Ghairbhghlúinigh
agus gach séad-chomharrtha oile dá dtug leis do los catha agus
cruadhchomhlainn. Agus táinic Finghín Fáidhliagh agus na cáirde
síthchuireadh d'fháiltiughadh roimh Coingculainn.



Acht cheana do rugadar as an aoidhche sin re h-ól agus re
h-úrgháirdiugh go maidin air na mhárach. Agus air na mhárach
do ghluaiseadar d'én láimh, sluagh taibhseach trom-thionóilte,
nó go rángadar Eamhain mhínáluinn Macha. Agus
ba mór iomorro muirn agus meadhair agus mór-aoibhneas na
h-Eamhna an lá sin, óir ní roibh air dhruim dhomhain teaghlach
rígh nó ró-fhlatha ba liath curadh agus cathmhíleadh agus ársuigh
iorghaile agus tréanlaoch trom-ághach agus bantracht cruthach
caomháluinn nó Eamhain Macha an lá soin.



Ciodh trácht, air mbeith cruinn air aon láthair d'fhearaibh
Uladh, idir íseal agus uasal, annso, do chuir gach aon do chlannaibh
ríogh iarthair domhain dá dtáinic le Coingculainn, trí clocha do
chlochaibh a chríche féin le n-a lámhuibh féin a n-eagar agus a
n-órdughadh isan gclochán atá air bhéalaibh na h-Eamhna, dá
ngoirthear Clochán na gCuradh aniugh, idir Eamhain Macha
agus Árd-soileach dá ngoirthear Árd Macha an tan so. Agus
do rinneadh an clochán suas annsin go h-iomlán, agus ro anadar
clanna ríghthe an domhain seal fada a bhfochair Chongculainn
agus na gcuradh, agus do naisgeadar cíos blianamhail orra féin
do Choingculainn.


L. 138


Agus iar sin do ghluaiseadar gach aon díbh dá chrích féin, agus
tug Cúchulainn agus Conall agus Conchubhar agus Fearghus
mórán seód agus séad-chomhartha dháibh ria n-imtheacht. Agus
do bhí an cíos sin agus gach ar ghealladar oile dá dhíol agus dá
thabhach go blianamhuil, an feadh do mhaireadar
uaithneadh cothuighthe agus congbhála iarthair dhomhain, agus
tuir chosanta agus chumhdaighthe bhfear n-Éireann, agus
lucht bronta agus tiodhlaice séad agus maoine agus ionnmhuis na
cruinne go comhiomlán, .i. fíor-bhárr agus fíor-bhláth fhear na
talmhan uile mar atá Cúchulainn mac Subhaltaigh air tús agus
oide gaisgidh agus gníomhéacht na cruinne 'n-a dhiaidh sin .i.
Conull Cearnach mac Aimhirghín, agus Fearghus mac Rosa
mheic Rughraidhe, agus clann Chonchubhair mhic Neasa
mar atá Cormac Conloingeas agus Laoghaire Buadhach agus
Dubhach Daol-Uladh agus Furbhuidh Fear mBeann agus
Cumhsgraidh Meann Macha, agus Laoiseach Ceann-mhór mac
Chonuill Chearnaigh. Agus ó do thuiteadar an fhuireann sin,
do thuit muirn agus meadhair bhfear n-Uladh, agus do stad
tabhach an chíosa sin agus tabhach gach sochair oile dá roibh
aig teacht go h-Éirinn re n-a linn.



Go nadh hí sin Tóruigheacht Gruaidhe Griansholus, inghean
Rígh na h-Antuaithe, agus bladh do mhaithghníomhaibh
Chongculainn go nuige sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services