Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Pádraig Piarais Cúndún

Title
Pádraig Piarais Cúndún
Author(s)
Cúndún, Pádraig Piarais,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1812
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



PÁDRAIG PHIARAIS CÚNDÚN.



I. I gCéin dam seal go huaigneach.



I mbl. 1812.



Fonn: "Slán Uí Chearbhalláin leis an gceol".



1
I gcéin dam seal go huaigneach
Ar bhruach abhann aoibhinn,
Tréimhse i dtuaisceart dhoirechoille
Dhuille-ghluise óig',
Go haonair feacht gan fuarthan,
Dom thuargain le híorghail
Léin do bhuair go hiomarcach
Me in ursabhoth an bhróin;
Ba chéasta, cathach, buartha,
Duairc, guirt, me ag smaoineadh
Éag na suadh do b'oilte mhire
In iomaidh-shiosma an ghleó,
Néill is Art is Bhuadhchain
Bhuacaigh is buidhean chirt
Chéin na gcruadh-gcath gcumusach
Is fine Oilill Ól.
Ag tígheacht im chomhair do thíornaigh ógh
Do b'íogair cló gan easbhaidh i snódh
Líl is flós ag coimhdeacht rós
'N-a gnaoi gan ghó 's a dreach gan smól,


L. 2


Ba shéimhe séis a tana-ghuib
'Ná ar aithris Orpheus
De laoithibh ciúil ag innsin dúinn
I righin-bhliocht mhódhmhair seanchuis
An dísceadh treón tug danair uilc
I bhfearann tsliocht na Scót.



2.
Ba phéarlach fada fuaighte
'N-a nduail fighte cíortha
Ag téacht go scuabach muirearach
Ar sinechrith go feór
A craobhfholt crathach, cuachach,
Buacach 'n-a timcheall,
Go néamhdha nuadh gan uireasbhaidh
Mar fhionna-chruith an óir;
A héadan thaisceas suairceas
Uaisleacht is díograis,
Léasa buaidhe agus miochaireacht,
Cumus suilt is spórt,
A claonrosc glan glasuaine
Gan truailleadh 's a cíocha
Géara, cruadha, 'n-a ionad suidhte
Ar thulla-chruith na hóighe:
A haoilchrobh fós do shuidheadh gach sórta
Crainn is seólta, barca is búird,
Caoil-choin chomhraic, míolta is róinte,
Gríbh is leópaird, cearca is c'lúir,
Éisc is éanlaith is ceathranna,
Peantair, puic is leóghain,
Is coimheascar chródha Chuinn is Eóghain,
Fhinn is ór-lannChairbhre,
Líonta i gcló gan easbhaidh ar bith
Ar leathan-bhrataibh sróill.


L. 3


3.
Cé seo scaip mo dhuairceas
I mbruach-dheire m'aoise
Ag téacht i luadar chuideachta
Go sioscaitheach im chomhair
Lé téacsa gasta buadhach-ghuib
Uaimhnigh do ghríosuigh
Mé go luaith chum fionnaidhthe
Sna friotalaibh seo im dheóidh:
"An tú an bhé thug easbhaidh sluaighthe
Ruadh-bhrog na Craoibhe,
Éacht ba thruagh Clann Uisneach mhisnigh
Thuit i dtuile leó,
Nó an bhéasach-bhairrfhionn bhuacach
Do bhuair Iolann Aoil-chruth
Ler éag an chruadh-fhlaith chumusach
Is iolar-dhrong i ngleó.
Nó an ríoghan óg do mhill na slógha
Lé híorghail órdha Thailc mhic Triúin,
Nó an bhrídeach mhódhmhail do chlaoidh an leóghan
Cúraoi badh chródha i dtreas na dtrúp,
Nó an chéibhfhionn ghnédheas gheanamhail
Bheir gaile ris tar fóir,
Dá druim gur sheól na mílte cóip
Le Maoil na mBó go Banba,
Nó an fhaoileann shnódhmhach thaitneamhach
Ler treascradh an Tró?"



4.
Do scréach do scairt an stuaire
Ag truagh liom tré laoithe
Dréacht is duanta geinealtuis
Do chriothnuigh me 's do dh'reóil,


L. 4


Go héascaidh beacht le huaigneas
A huaill-ghutha caointe
Déarach duairc ag nochtadh dham
A fine stuic 's a pór:
"Is me céile ceart is nuachar
Na n-uasal ba ríoghdha
I réimheas tuatha Mhuicinis
De chine Scuit na slógh,
I gcéin tar sleasa cuanta
Do ruagadh le díomus
Béir ba ghuasmhar broide buile
Slighte dlighthe is nós.
Mo mhíle brón, mo mhíleadh treón,
Mo thír, mo choróinn, mo bhrog, mo dhún,
Fé dhaoirse ag cóip an fheill do scól
Mo chroidhe tar fóir go doilbh, dúbach;
In éiric claon na haicme sin
Dearbhaim gan ghó
Go scíordfaidh tóir tar tuinn dem dheóin."
Ar sí: "fén bhfoghmhar is neasa dhuit,
Íodhon Bón bheir dearg-scrios
Ar Hanobher is Hollónt."



5.
"Éagfaidh treabh an uabhair
I dtuargain na gcraoiseach,
Céasfar, buairfar, brisfar dronga
Bhuirb-Bhrutuis mhóir,
Créimfar, creachfar cuaine
Chuallacht na poimpe,
Clé-shliocht tuathail mioscuiseach
Do chruibhigh-thioms' an óir
Réabfar reacht is cruaidh-chlis
Thruaill-ghruigh na daoirse,


L. 5


Tréad do fhuathuigh cumus cuibhe
Dlighthe Mhuire is Eóin,
Béidh caortha catha is ruathar
Gan fuarthan 'n-a dtimcheall,
Scéal nách truagh le fine Bhile
Chinidh Scuit i mbrón.
Suidhfe leóghan de phríomhstoc Eóghain
I ríoghacht fé choróinn i gCaiseal Mumhan,
Béidh ringce is ceól gan chrích is ól
In aoilbhroig Fódla feasta ar lúth,
Béidh cléir na naomh gan eagla
Go salmantach sóghach,
Ag guidhe gach ló chun Críost na gcómhacht
Gan tír gan tóir gan teannus trup
Gan fíon gan feóil gan fearanntus
Ag $fanatics go deó"



6 - An Ceangal:



Guidhmíd naomhthacht thréan na dTrí nDúile
Do mhaoidhmh ar phréimhshliocht Iacob síor-chongnamh
Díomus béar do chlaochladh, agus síol Bhrútuis,
'S an rí so i gcéin do théacht 'n-a thír dhúthchuis.



II. SEALAD DO BHÍOS-SA ARAOIR COIS ABHANN
i mBl. 1812



Fonn: Táim-se im' chodla is ná dúistar mé



7
Sealad dobhíos-sa araoir cois abhann
Go cráidhte, ceasnathach, dubhach i gcéin,
Ag machtnamh ar shaoighal na míleadh aireagdha
Ársa, eagna, iongantach, éacht:


L. 6


Na flatha do b'íogair, gníomhach, gaisceamhach,
Calma, cloidhmhach, craoiseach, caradach,
Mo dhanaid, fé gheimhleach daoirse ceangailte
Ag gráscar Chailbhin is Liútair chlaon.



8
Do chaitheas-sa suim gan fuidheall in anachruth,
Támhach mar sin, ag crúdh mo dhéar,
Gur amharcas ríogan íogair, aibidh,
Do b'áilne pearsa is do b'iongantach scéimh,
'Na leacain le lítis i gcoimheascar lasamhail
Measardha mín is líl 'n-a haighthe ghil,
A haitheasc ba mhílse i laoithe ag aithris
An fáth ler balbhadh siúr na n-éacht.



9
Ba chamarsach, cíortha a cíobh ar bhaillichrith
Fáinneach, fada gan smól go féar,
Bachallach, bíseach, fruínseach, faisionta,
Scáinneach, craipinneach, búclach léi,
Ag feacadh gan fuidheall 'n-a slíoga leathana,
Tarraingthe síos go rinn na seamaire,
Ba dhaithte fá thrí 'ná an flíos thug dragan
Le híorghail ghaisce ón Rúis don nGréig.



10
A leabhairchrobh mín do ríomhadh ar leathan-bhrait
Bárca, beannaphuic, c'lúir is géis,
Ceathraine is caoilchoin, gríbh is garbhbhruic,
Cága, garbhfhuinn, tonn is éisc,
Gaisce na dtaoiseach íogair, aireagdha,
Leagadh le híorghail Chuinn is Chairbre,
Easbhaidh na buidhne i mbruidhin Chlainn Chearmada,
'S ár Chluain Tarbh ler túrnadh tréad.


L. 7


11
Fachtaim ar bh'í do mhill in Eamhain
Na táinte gaisce le lúth na laoch,
Nó an ainnir do chlaoidh Cúraoi le cealg,
Nó an bháb ler treascradh trúp na Trae,
Nó ainnir an aoilchnis mhín ler marbhadh
Cathanna Fhinn le híorghail lanna Thailc,
Nó an ghaithlionn ón mBinn i luing bheir gaile
Nó bláth na mbairrfhionn fuair ubhall na séad.



12
Freagrann sí i nGaoidhilg chanta
Le hámus ranna 'gus úrlainn dréacht:
"Ní ceachtar den bhuidhin do mhaoidhis mé seachmallach
Cráidhte, creachta le cumha na mbéar;
I dTeamhair na Ríogh dobhínn go ceanamhail,
Ceannus is cíos na gcríoch i dtaisce agam,
Ba sheascair in aoilbhrog aoibhinn, fhairsing,
Gur árghoin $fanatics triúcha Néill."



13
"A charaid mo chroidhe bídh líonta mheanmain,
Atá na danair ag Bún i bpéin,
Tá Sasana millte is cuing ar Hanobher,
An Spáinneach treathan, agus Rúise tréith;
Dearbhaim díbh gan mhoill go n-amharcfar
Cargail chloidheamh i gcríochaibh Bhanba.
Feasta le feidhm chirt madhm nirt machaire,
'S gáirfe Gallaibh i gcomhlann Gaedhal."


L. 8


III. I gCaoil-dhoire Ghlas



i mbl. 1814



Fonn: "An Giolla Ruadh"



14
I gcaol-dhoire ghlas ag dísceadh mo dhearc
Araoir is me seal im aonar,
Ag smaoineamh ar cheap na craoibhe ba thapa
In íorghail na lann le luas:
Síol druinge Chais, is Chuinn Chuirb na dtreas,
Ír mhir na gcath is Éibhir,
Príomh Íthe is flatha b'fhíochach ar fad,
Is Ríoda ba rathmhar sluagh;
Táin eile an fhuireann ádhbhal gan time
Dfhás dfhine bhuirb Éireamhóin mhuair,
Árdrighthe oilte, báird fhriotail-bhinne,
Dáimh, draoithe is iolar suadh,
Máirne mar ritheas, Dáirfhine is gach curadh
Cráibhtheach de chine Chéide na ruag,
A dtámhadh le cipil Mhártain na buile
Dfhág sinn go cinnte i nguais.



15
Ag caoineadh na gcleas do mhill fine sleacht
Ghaoidhil Ghluis do chaitheas tréimhse,
Ag caoi liom go beacht do thíornaidh lem ais
An ríogan badh thaise snuadh:
Do b'fhíor snoighte deas a híoghar uile a fad,
Ba chíortha is ba chas a craobhfholt,
Ba dhíograiseach dath na gcaoira gan sal
Ag coimhghlic le cailc 'n-a gruadh;
A bánchrobh a bhaineas bárca na tuinne
Bláth luibhe, duille, géis, druid is cuach,


L. 9


Cáig, coiligh coille, gráscar na gcloidhmhe,
Ár milleadh is siosma sluagh,
Trágha, easca is uisce, scáilbhoth na cruinne,
I ngach áit ina ritheann Phoébus magcuaird,
Is gáir-ealtain bhinne i mbarr cranna gluise
I meodhán-bhrata suidhte sruaill.



16
Guidhim isi feas a buidhinfhine ar fad
Do ríomh liom na fhleasca dréachta,
A tíortha is a treabh, a ríogha is a reacht,
A sínsear, a sleacht 's a sluagh:
"An tú Aoife na gcleas do mhill driucha deas
Chlainn Lir le cealg éada,
I ngeimhleach fé gheasa draoidheachta gan taise
Ar Mhaoilshruth na mara ruadh?
Nó bláth ghlan na mbruingeal mánla thug curadh
Ar árdmhullaigh Bhinne Éadair i nduadh,
Fáth le n-ar goineadh táinte gan time
I ndáil chath le Conall Duar?
Nó an bháb do chuir cime báis ar mhac mhisnigh
Mhánaoth 'n-a hucht do sraonadh le suan
Nó Áibhile choimirc ársacht a cumainn
Slán ar an uile nuamhaid?"



17
Ar chríochnadh mo ghasc is íogair do scairt
I laoi gonta gasta Gaedhilge,
Ag innsint a fasc go díleas le flasc
Ó Mhílidh na dtreas adtuas:
"Is me buidhean-bhuime is gean na ríogh gcliste gceart
De chraoibh Scuit ba rathmhar réimheas
In Inse mhic Airt, mhic Chuill is mhic Cheacht,
Shíomoin Bhric, Mhacha is Dhuach;


L. 10


I mbláth-fhlaitheas clainne Teá dobhí cumus
Ádhbhal agamsa, réim chuibhe is buadh,
Bárda na n-uimhir, ádhnasc gan tuise
Im árus ar cuireadh chugham,
Beárna ná briseadh im fhagháltus níor cuireadh
Gur fhás cuile coilg claon, treithir, truaill,
Dfháisc dluithe is dlighthe dfhág m'iolarchuraidh
I mbráca na tuirse is truagh."



18
"Íocfaidh an treabh do líon dfhionghal chas
I ndíoghal na n-acht do chéas mé,
Coimhthigh tar ceal, gan chaoineas, gan cheart,
Do dhíbir mo mhasc' le huabhar:
Is doighilseach an creat do-chífear i dtreas
Ar shíolrach na mallaphéiste,
Ag saoithibh mo shean do shínfidh amach
San aois seo n-ar thagair tuar;
In árdcheannus Inis Eálga go bruinne
An brátha beidh dusal glé dfhine bhuadhach
Ársa, dhil, dhioscair Cheármuda chuthaigh
Cháirrnuisc mhic Éibhric duail,
Mánaigh mo chille áilne gan time,
Is dáimh sraithte suidhte in aolbhroga buan,
Is ál bhinb Bhrutuis tháir lisc mar luisne
'Speánfidh gan choimirc cual."



IV. Fáilte an diúic go heóchaill
i mbl. 1816



Fáilte is fírdhíograis roimh an árdthriath uasal, oirdhearc, óirbheartach,
cráibhtheach, carthannach, móronóireach, líonmhar, láidir, lánchalma,
céillidhe, ceóilbhinn, cirtbhriathrach,


L. 11


feasach, fírghlic, foghlumtha,
darab comh-ainm Uilliam Spionsar Caomhánach, Diúic of Debhinsiar, noch do
ghaibh ceannus, flaitheas, fearanntus is forlámhus ag Áth an Easa Ruaidh,
le n-a ráidhtar Lios Mór an tan so, agus in iliomad d'áitríbh eile in
Éirinn iathghlais mar aon le mórán i dtriúchaibh áilne na Breataine, ina
bhfuil ina fhear cosanta do Chatolaicí ag an Seanaid.



19
Uimhir gan áireamh dfháiltibh romhatsa
A chuilm gan cháim is fearrde Fódla,
A lile na dáimh' a choimirc na dtámh,
A thuile gan trághadh ar do chomhachta,
Is deimhin don táin is d'réoile
Briseadh ar a bpráidhinn is fóirthin,
Le cumus nirt áigh an bhile chirt cháidh,
Curadh de bhláthfhlaith Eórpa.
Lasadar néallta gréine is easca,
Chlaochlaidh faladh fóirne,
d'aistrigh spéartha taobh le talamh,
Thréig na reanna a rótha;
Mhalartuigh méirligh chlaona a mbeatha,
'S na héin ag canadh ceólta
Ag taisteal don $phoénix réimeach, rathmhar,
Thréan ar each go hEóchaill.



20 - An Ceangal:
In am an ghábha do thárla an triath ar an bhfód
Crobhaire cráibhtheach, ársa, i ngliadhtha gleó,
An plannda is feárr do thrácht go hIath Luirc fós,
Sin amhgar chách ar lár fét sciaith go deó.


L. 12


V. Tórramh an bharaille



i mbl. 1819



21
Sceólfad teastus ar shlóightibh Bhaile
Mhacóda mhaiseamhail mhúinte,
Leóghain lannamhar, cheólmhar, cheannusach,
Chródha, chalma, chumhachtach;
Treóin a chleachtas gach ló gan lagrach
Ól go fleadhamhail flúirseach;
Is mór an t-aiteas go deó bheith eatortha
Ar thórramh an bharaille dhiúgadh!



22
Stór ní thaiscitar leó go dearbhtha
Ór ná earradh ní chúmhdaid,
Acht beóir is beathuisce is cóir le caithis
Gan speóis dá scaipeadh ar an ndútha;
An dearóil dá dtagadh gan feóirling aige
Dogheóbhadh an casca gan chunntus
Is ól gan easbhaidh go bórd na maidne
Ar thórramh an bharaille dhiúgadh!



23
Fó n-a dtearmon deónach tarraingid
Slógh de dhallaibh gan súilibh,
'S go leór den aicme gan treóir gan tapa
'N-a ndóid gan bata ná siubhlann;
Níl stróire dealbh ón gCóf go Caiseal
Ná fós i bhfearannaibh Iúghaine
Ná seólann sealad 'n-a gcomhar sa tabhairne
Ar thórramh an bharaille dhiúgadh!


L. 13


24
Nós do leanaid ar phróinn an eadartha
A ndóirse ar leathadh gan dúnadh,
'S dóithin seachtmhaine Sheóirse Sacsan
Ar bórd bíonn aca de sprúilleach:
Is dóigh le gallaibh gur fógairt catha
Nó tórmach bagartha ar Lúndain
Gach geóin dá gcanaid le spórt gan tafan
Ar thórramh an bharaille dhiúghadh!



25
Lóchrann lasamhail Fódla Baile
Mhacóda, cabhair na cúige,
Flós na Banba, rós na rabairne,
Soghail-tsruth meala na Mumhan;
A shórt níl againn i gcló le gairm
In eólus eagna is iomchur,
'S ag fóirthin galar le glórtha a dteangan
Ar thórramh an bharaille dhiúgadh!



VI. Moladh


L. 14


26
Nár mhaireadh go Cáisc a bhráthair eagnaidhe ghuis
Go mb'fhearra liom bás gan spás óm leanbhaí anois
'Ná casadh go dána i ndán ná in aistí ar bith
Ag bearradh ná ag cáineadh Sheáin Uí Aonghusa.



27
Mar is aithnid dam Seán ó dhfhágaibh m'easnaí an crios
Ar machaire, ar mágh is i dtábhairne i gcaithtidhear puins
Ní fheaca ina dháil acht cáil is ceartghníomh fir
Is gabhaim a pháirt go brách lem dheasrinn-phion.



28
Faraire fáilteach, fáinneach, fleasc, fíor, fliuch,
Rannaire dán is bárd a bhearsuigheas sult,
Caithbhile cáidh dfhuil ársa ghaiscidheach Scuit,
Gan taise gan tlás i ngráscar cath cloidheamh cnuic.



VII. Tobar na nÉacht.
Tuairim na bliana 1820



29
Atá tobraid theas i bhfearann Éibhir Fhinn,
Cois mara na mbarc ar deas na gréine i gcoill;
Is cosmhail dath is blas a mbéal le fíon,
Is borrann an lag 'n-a mheas le laoch i ngníomh.



30
Coscrann treasc na ndreasc do chéasas clí,
Osna na nad ar leabaibh réidheann is claoidheann,
Ocrus easbhaidh leagann sé le scíos,
Is bloscann an neach tar ais ón éag arís.


L. 15


31
Tá posta dfhuil Airt le n'ais go séimh 'n-a shuidhe
Gan chogal gan chleas gan chas gan chlaon 'n-a chroidhe
Corn 'n-a ghlaic, is cath is céad dá dtigheadh
Do choiscfeadh a dtart, a gceas, a gcréacht 's a gcaoidh



32
Is oirdhearc cantain ealtan aeir 's is binn
Ar dhosaibh na nead le hais na srae de shíor
Ag moladh na sreabh ón leacht a scéitheas aníos
A thobair do rath a leath ní léir a mhaoidheamh.



VIII. Maidean is me im aonar
i mbl. 1823
Fonn: "An Stáicín Eórnan"



33
Maidean is me im aonar
Cois taobh coille duille-ghluise
Ag déanamh na n-iomanna,
Badh ghléineach me ann,
Is mire ar luisne Phoébus
Tré ghéagaibh le ruithne gluine
Ag pléireacht le criostail-shiosma
Faobhrach na habhann:
Ealta iomdha éanlaith
Ag chraobhchaibh go miochair-chliste
Ag séiseacht 's ag iomaidh bhinne
Ar ghéagaibh na gcrann,
Bruic is sionnaigh chlaona
Roimh faolchoin ar mire-rithe,
Is laochra go hinneallta
Dá dtraochadh gach am.


L. 16


34
Iar gcaitheamh eithneach cnua dam
Bhí buacach ar bile ag sileadh,
Luadhail lacht gan time rinne
Faesiomh don bhfann:
Sásamh bídh gan ghruaim ann
Dofuaireas is mile-bhluise
Stuaim agus ionnar-chruithe
Glé-thuigse im cheann.
Gur casadh tríd an mbuandoire
Anuas chugham ar fuinneamh-rithe
Uaisleacht na bhfinne-bhan
I scéimh-chruith nár ghann,
Ainnir aoibhinn, uamach,
Lán-bhuacach tar fine Scuite,
Buadhach, binn, milis, miochair
Séimh thar gach dream.



35
Dobfhada, dlaoitheach, péarlach,
A craobhfholt i dtuitim bhriste,
Dréimreach, cas-ionannda
I bhfighe néata ó n-a ceann,
A dearca bhí mar réalta
Na spéire le ruithne ghluine,
Géisdhath nó gile an lile
I néamhchruinn a com,
Ba dheas, ba chruinn a déada
Le chéile do cuireadh suidhte,
A béal bhí go friotal-chliste
I mbréithribh lán lonn,
Is bláth an droighin tré chaora
'N-a scéimh is 'n-a deirg-luisne
Néimh, fighte, frithte, oilte
I réimheas go bonn.


L. 17


36
Do sheasaidh sí liom suas is
Do bhuan-amharc mise isi
I dtuairim gur bhruingeal
Inneall déithe bhí ann,
Nó ceachtar bhí an spéirbhean
Le caomhnus na doire geinte
Ag téarnamh chum feithimh innti
Tréimhse gan bheann.
Dfhiosruigh me de bhréithribh
Caoin, néata, ceart, cliste, snoighte,
"An tu Calipso nó Céres
Nó Hecate na rann,
Minerbha nó Thétis
Do thréanbhriseadh luinge ar uisce,
Boetia thais, nó Hébe dheas
Ón spéirneimh thuit fann?"



37
"Ní ceachtar díobh dár luaidhis me
It dhuantaibh," ar isi, "mise,
Acht ainnir chlaoidhte, threascartha
Tré eineachlann na ngall,
'S is gairid díbh an uair n-a mbeidh
Muardhacht is mire bhur ndlighthe,
Sásamh grinn bhur n-aindeise
Béidh feasta agaibh gan mheall;
Cuir cúig isteach neamhghruamdha
Le fuaimint mar thuilleadh is fiche
Le hais an nídh bheir faistine
Bhí tagartha leis thall,
'S is dearbh díbh nách buan bheidh
An chuaill seo is a bhfine scriosta,
Lacht is líon beid scartha libh
Bíodh m'anam leis i ngeall."


L. 18


IX. Ár dTeanga mhilis Gaoidheilge
i mbl. 1821



38
Mo cheasna fine chalmchumus chródha Chuinn,
Fhearghuis na n-arm n-oilte, Eóghain is Ír,
Gan fearanntus i mBanba ná stór chum tighis,
'S ár dteanga mhilis marbh uile feóighte acht fuidheall.



39
Masladh, milleadh, bascadh, briseadh, brón is bruidhean,
Treascairt, tuirse, creachadh 's creimeadh i gcomhrac cloidheamh,
Ar ghallaibh buile chealg friotalphrós na ndraoi
Ba sealbh sine i bhflaitheas Inis Fódla bhí.



40
Níor canadh duisle in eagar snoighte beól le buidhin
Do ghreamuigh siolla ar chrannaibh cliste ceólta sidhe,
Teanga is binne gasta cruinne thomhaiseas laoi
Gur tharcuisnigh gach tallaire gan eólus í.



41
Go dearbh is í d'aithris insa ghlór do sheinn
Craiftine ag spreagadh ar chruit i gcomhair an ríogh,
An ainimh bhí ar gharbhshleasaibh móra a chinn
Le n-a marbhadh i mbearradh a fhuilt gan speóis 'n-a gcaoidhe.



42
Gach fearg fingeal faltanuis thug lócuistí
Ar aigne do thachtaithe fé gheóch aindlighe,
Is measa anois an t-ainbhfios san romhat san tslighe
Ar graimeallaigh ná feadair nách í a dtóin an claidhe.


L. 19



X. Maidean shleanta i seann-fhíodhbha
i mbl. 1823



Fonn: "Móirín Ní Mharanáin"



43
Maidean shleanta i seann-fhíodhbha,
Cois abhann bhíos im stad ar mháigh,
Ar machtnamh cheannuis chonn-mhillte
Podhar-dhíorma an araid-námhad,
Ceap na bhflaith is ceann craoibhe
Clann Ghaoidheal na n-arm n-áigh,
Ba rathmhar rachmus rall ríomhaimse
I gceall inse sleachta Teá.



44
Mar sin chaitheas treall tuímse
I ndallsmaointe cleasa cráidh,
Gur dhearcas ainnir mhodhmhail mhíonla
Dfheabhus daoine ar mhaise dfhás;
Eagar-mheasta, shroll-shoillseach
Dloghair, dlínse, dreach gan cháidh,
Is treallamh catha trom uimpi
Bogha, saighead is gath 'n-a láimh.



45
Aitchim feasaim flann faoisne
Ar ball bísc den bhairrfhinn bháin,
I bhfreanga freanta, freann, fruímse
Dlogha, ar bh'í gan mheabhal rádh
Scathach ghreanta ghreann-ghníomhach
Oll, íogair, aibidh, álg,
Nó Macha cheangail clann Díotharb
Lom slím le gaisce a cnámh.


L. 20


46
Dfhreagair d'aitheasc damhair, díreach
Dlonn, díleas, dleasca, dáin,
Gasta, i gceachta glamchaointe
In ogham Ghaoidhilge dleachta dáimh;
"M'ainm dalta 's rogha ríogan
Sheann-shínsear fhearann Fháil,
Ag taisteal reanna an domhain timcheall
Ag tromchaoidh le fada atáim.



47
"Adhbhar m'aistir clom cinnte
I gclonn coimhghleic preasa prádh,
M'fhearaibh meara srann sínte
I ngobhain líoga leachta ar lár;
Nearca neartuigh broghadh ar m'intinn
Dfhonn díoghal im chreachadh dfhagháil,
Ó sheagal Shacsan d'íspir
Rannc ríogh' mo bhailte stáit.



48
"Atá flatha i mbarca leabhair, líonta,
Ar drom díle ag teacht im dháil,
Ag freagairt gradam gall gcoimhtheach,
Cham, nimhneach, chealg-ghnáth,
Is samhail treas na ndream mhaoidhim
In am íorghail eascal áir
Le deargfhearg bhlam chríon
Nó tonn taoidhe ar sleasa trágha.


L. 21


49
"Lasfaid spreanga splannc choimheascair
Chrann chraoiseach easargáin
I bhfearann Bhreasail Mhogha is Bhíochadh
I gclabhar croillse an Abráin;
Beidh leagadh is ladairt lann líomhtha
Ar fheall-shíolrach eachtráin,
Scartha as ceannus ceall choidhche
Ceann críoch mo sheachráin."



50 - An Ceangal:
A thréad uile Chailbhin a leanas le cíocras craos,
Do réab na haitheanta is Aifreann Íosa shéan,
Má's é bhur dteagasc is fearra mar shlighe chun Dé
Is baoth do chaitheadar aspoil is naoimh a saoghal.



XI. A Mháistir mhaordha



Pádraig Cúndún cct san bhl. 1825, chum 'Liam Máistir Ó Foghludha, i
mBaile Mhacóda.




51
A mháistir mhaordha maoluigh t'uabhar,
Meáidh is éist an méid seo it chluais
Áis na céille d'éaluigh uaim
Le tál na bléithe shraon mo luadhail.
Is docht 's is dóighte an sceól ná rinneas
Cosc go hóg ó ól is imirt
Sul ar thuiteas im spórt
Ar druinge dfhuil Eoghain,
Is "Liobar an Lópa" leó insa scige.


L. 22


52
A thámhaire shraobh do thraoch me im shuan
Gráin mo chléibh ort, m'fhraoch is m'fhuath
Dfhágais céadta tréinfhear truagh
Go fálta faon mar mé is go fuar.
Is docht 's is dóighte an sceól, srl.



53
A sháirfhir shéimh mo léan go buan
Ná ránga fhéin roimh t'aon each luaith,
An t-árthrach, pé beag é nó muar,
Bheadh lán go béal is b'éidir cruach.
Is docht 'is is dóighte an sceól, srl.



54
Ní cneámhaire mé den tréad rith nuadh
Dfhás ón ndéirc go déadhnach suas,
Acht bárd is cléireach tréitheach suairc
De bhláth na nGréagach maodhmach mbuadhach.
Is docht 's is dóighte an sceól, srl.



55
Go bráth ní léigfead méar ar stuadh,
Ní thráchtfad bhéarsa dréacht ná duan,
Fágfad, séanfad éigs is suadh,
Ní gnáthach séanmhar aon den tsluagh.
Is docht 's is dóighte an sceól, srl.



56 - An Ceangal:
Is gangaideach géar na bréithre faladh ghuidhis-se,
Ag agall mo shaothair shaoghalta a shlad le taoide,
Aitchim an Té thug saor ón mara Maoise
Cantaim do bhéil nár dhéinidh dada díth dham.


L. 23


XII. Atáim le tréimhse i mbrón.
i mbl. 1825



Dochum Toirdhealbhach Ó Mathghamhna, .i. Máistir Scoile Bhaile Mhacóda,
óir níor fhéad Pádraig a ghealladh do choimhlíonadh de dhruim seachráin.:




57
Atáim le tréimhse i mbrón,
Is daol cúthail mo chreat,
Ag tál mo dhéara go dúbhach,
Do thréig lonnradh mo dhearc.



58
Atá mo chroidhe go tinn,
Bláth mo bhaill dom shéanadh,
Is gearr go rachad féin iath
Chailleas mo chiall 's mo chéadfadh.



59
Céasadh ar fad mo dhriuch
Claochladh mo chruith tar fóir
d'imthigh mo dhán 's mo ghreann
Mar thuiteann sa ghleann an ceó.



60
Fáth ler milleadh mo dheilbh
Is thug créim creithe mo dhrólann
Buidhean dom mhasladh le cnáid
Do mheasas nár námhaid go deó dham.


L. 24



61
Suan le mire na dighe
Do bhuair mo bhrígh is mo mheóin
Adhbhar aistir don neith
Thaisteal óm chleith gach neóin.



62
Ná cnuas fearg im aghaidh
Ní thig leigheas air le fagháil,
Dá mbeadh adhstar lem each
Ba mheidhrach a theacht it dháil.



63
Ní bhainfead mioscais im dhán,
Ní chuirfead bearrthach im laoithibh,
Cé dona goineadh mo cháil
Ní me dála na trillse.



64
Is dam do bhain turus na truaighe
Le bhfuilim dom shuathadh ag táin,
Ó chluineas fuirm a bhfuaim
Is tuislithe i nguais atáim.



XIII. Leitir
Slán diombáidheach Phádraig Cúndún go hÉire, chum a ghaolta is chum a
chomhursa: arn-a stiúradh chum Seán Ruiséal an sagart, in Eóchaill, le
tabhairt do Phartolán Suipéal i gCluain Áird, i bparóiste Chluain
Príost, láimh le hEóchaill


L. 25


i gConndae Chorcaighe, an seachtmhadh lá déag d'Easbhafuilt, san bhliain
1834.



Fonn: "Éamonn a Chnuic"



65
Slán cuirim libh go stát chinidh Scuit
A cháirde gan chlis is a chomhursain,
Dánta ná sult ní gnáthach agam
Ó dhfhágas-sa thoir bhur gcomhgar:
Is ársa mo dhriuch, is fálta mo chruith
Ag trághchan mo ruisc go brónach,
Gártha mo ghuil le dásacht gur bhris
Ar shnáithe mo ghuith im dhrólann.



66
Ní táir duine im thigh, gábhtar ná broid,
Easláinte ná turrainn bhreóidhte
An fáth do-bheir dam ag tál leanna duibh
Gan áthus ag sileadh deóra,
Acht rádh druinge liom ó thánga tar sruith
Gur fáisceadh ár bhfir i bhFódla,
Nár fágadh aca stáca ar a nguirt,
Tálacht ná tuirt gan tógaint.



67
Mo phrádhainn fuinte i bprios an mádh mar do thuit
Ar bhláthfhine bhuirb Bhreógain,
Táin dioscair dil do b'fhearr oilte guil
Cáil cinnte nirt is fórsa,
I gClár Luirc indiu gan árus ar bith,
Acht bráctha fé nimh na geóice,
Cáithte as a gcuid a stáit is a stuic
Ag álghruigh an uilc ar scórnain.


L. 26


68
Tráchtfad anois tásc agus fios
Na stát so i ngach mir ar m'eólus,
Áit n-a bhfuil cion ar sclábhaidhthe cnuic,
'S a bpádhna dá gcur 'n-a ndóirne,
Árdmhairt is tuirc mhágach is muilt
Tráthach ar bir dá róstadh,
Arán agus mil, cáis agus slim,
Ar chláir shliosa againn ár ndóithin.



69
Mo chrádhmhilleadh sliocht cháidh chlainne Luirc
Do b'ádhbhal i gcluiche comhraic,
Támh snoidhte ar stuid i láimh cuile goimh
Do thál dlighthe ghoid a dtóchair:
Mo ghrádh sibh istigh fé áirse mo chuirp,
An bháidh san beidh libh go deó agam,
'S ó rángaidh an phuins im láthair le feic,
Bhur sláinte thar muir go n-ólfad.



A Phartoláin Suipéal, táim dá luadh leat go bhfuilim féin, mo bhean is mo
chlann gan uireasbha bídh, éadach ná sláinte, gan beárna ar bith in aon
dem bhuidhin fós, buidheachus mór do Dhia dá chionn.
Tabhair ár mbeannacht dot mháthair: abair léithi gan buairt ar bith do
ghlacadh trínn-na, óir ní rabhamair riamh leath chomh maith is mar
atáimíd. Is in a hainm do stiúróghainn an leitir seo acht d'eagla gur éag
sí. Dobhí buairt mhór uirthi nuair a bhíomair ag fágaint Éireann. Ní
chuirim san in iongna, óir dobhí buairt mhór orm féin, acht cad a bhí
agam le déanamh? Dochonnac fir thréana láidre ar drochéadach ag obair
scóir dá máistríbh gan a ndaethin de phrátaí tura aca go minic.
Dubhart liom féin go bhfaghainn bás ar


L. 27


dtúis sar a ndéanfainn san do sheasamh agus bheartuigheas teacht annso.



Postaí ní b'fhoirtile 'ná mise cloisim gur cuireadh dá ngreamaibh iad ó
dfhágas-sa Éire agus gur bh'éigean dóibh teacht go Merica féibh mar
dorinneas-sa. Is soith liom a dtrioblóidí go deimhin, agus gur duine aca Seán
Ó Néill ón Achadhmhín: cloisim go dtáinig sé aleith. Ó, is truagh nár
tháinig sé in am, agus dá dtagadh dfhéadfadh sé dul in a chóiste go dtí
an Aifreann indiu.



Tá feirm bhreagh thalmhan agam anois saor go brách: ní féidir le héinne
cíos d'éileamh orm. Is féidir lem mhuinntir arán is feóil, im is bainne
ár sáith do chaitheamh gach lá is méin linn tríd an mbliain amach, agus
mar sin measaim gur fearr mar atá 'ná fanmhain in Éirinn gan talamh gan
tighearnus gan biadh gan éadach. Ó, is truagh dochoimseach saoibhchéille
do dhaoine bochta na hÉireann fanmhain in Éirinn. Féach an Sasanach, an
Gearmánach, srl., tagaid siad in a sluaighte annso gach bliain. Nuair chíd
an chéad chasadh den tsaoghal in a gcoinnibh díolaid a mbíonn aca, tagaid
annso, ceannuighid siad talamh agus mairid siad mar bheadh uaisle. Mar sin
do gach dream a thagann annso acht an tÉireannach bocht gan chiall: fanfaidh
sé sin go brách go mbeidh sé briste agus annsan ní bheidh éinnídh aige.
Gibé gabháltuidhe is fearr margadh ar t'eólus, bíodh go mbeadh an baile
is fearr aige, b'fhearra dhó an baile sin do dhíol agus teacht annso agus
fiche baile do cheannach ar an airgead de thalamh chomh maith leis, a bheadh
in a stát go brách aige.



Níl éantalamh san Bharúnmhuigh chomh maith leis an dtalamh atá agamsa;
deich ndalaeir an t-acra thugas air. Bhí cuid de glan, agus cuid eile dhe in
a choill. Dá mbadh talamh coille é go léir dogheóbhainn ar ocht ndalaeir
an t-acra é. Dogheóbhainn talamh chomh maith leis ar dhalaer an t-acra in
áiteanna eile agus ar níos lugha 'ná dalaer féin, acht ní bheadh sagart
ná Aifreann le fagháil. Níl sagart annso in éanáit acht insna cathracha
móra amháin, agus éanChatolaiceach


L. 28


a thagann annso ó sna dúthaíbh
réamhráidhte, is méin leis bheith ar chomhgar an Aifrinn agus fágann san
daor an talamh, agus fós is maith le gach creideamh bheith in aice an bhaile
mhóir.



Dhá chéad is trí fichid míle siar ó thuaidh ó New York atáim, i
ngearracht trí mhíle do bhaile mór dá ngoirthear Utica, i Stát New York
féin. Tá Aifreann againn sa bhaile sin gach lá is maith linn.



Clann dearbhráthar m'athar tá trí feirmeacha aca, teóra lem chuid-se.
Tá Seán Cúndún pósta le bean ó Chonndae Loch Garman. Tá dís mac aca
is aon inghean. Tá Máire Chúndún pósta le fear ó Chonndae Mhonacháin
i gCúige Uladh: dobhí naoi gcéad dalaeir aige an lá do pósadh iad. Tá
feirm aca annso. Dís mac is inghean atá aca.



Níl Piaras pósta fós. Tá sé féin, is an cailín beag martraithe, is
Seán Ó Ceallaigh i dteannta a chéile.



An áit in a bhfuilimíd tá sé ana-fholláin: bíonn geimhreadh cruaidh
ana-fhada againn acht bíonn teine go leór againn. Bíonn an talamh foilighthe
le sneachta ó Nodlaig go Lá Fhéile Pádraig. Glanann an aimsir annsan, ar
módh go raghthá go dtí leath do chos ins an bhféar ghlas is i seamróga lá
Bealltaine.



Do scríobhfainn chughat fadó, acht an talamh do cheannuigheas ní raibh agam
acht beagán airgid nuair do ghlacas é, acht dofuaireas cáirde chum na
coda eile - an oiread san do dhíol gach bliain go cionn seacht mbliana, agus
muna mbeadh sé go léir díolta annsan, an talamh is an t-airgead do bheith
scartha liom. Agus d'eagla ná féadfainn san do dhéanamh níor mhaith liom
scríobhadh chughat ag maoidheamh roda ná raibh agam. Tá sé uile díolta
anois agus mar sin is féidir liom scéal fírinneach do luadh.



Cuir chugham scéala cad is cor dot dhearbhráthair Seán Suipéal, óir
dochualamair gur báthadh é i dTalamh an Éisc.



Atá súil agam go bhfuil tú féin agus do mhuinntir go léir go maith i
sláinte mhaith.


L. 29


Mo bheannacht annso chum Tomás Stac agus chum a mhuinntire go léir, agus
mar leanas: chum Risteárd Ó Muireadhaigh, srl., agus chum an dá Sheán Ó
Bruadair, srl., chum Pádraig Héad, srl. - dochuala go bhfuair Micheál
Héad bás: is soith liom a bhás go deimhin; dobhí me chum scríobhadh
chuige an tan dochuala é - chum Dáibhi Ó Néill ón Ruadhán, srl., chum
Muiris Líghe an táiliúir beólbhinn, srl., chum Muiris Ó Laocha ó
Eóchaill, agus chum Liam Óg Ó Donnabháin, an dochtúir, ó Eóchaill, srl.,
chum Micheál Galldubh, ó Eóchaill, agus chum Feidlim Mac Cárrthaigh ó
Eóchaill, srl., chum Tomás Mac Eochaidh, ó Árd Saileach, agus chum mo
chomhursana go huile.



Do scríobhas trí leitreacha eile in éinmhí leis an leitir seo, mar atá,
aon díobh chum Marcus Hudson in Eóchaill le tabhairt do Mhicheál Ó
hEachtigheirnn ón Áth Buidhe; leitir chum Domhnall Ó Murchadha sagart
Eóchaille le tabhairt do Mhicheál Ó Glasáin ó Lios Caoinleáin
i bparóiste Bhaile Mhacóda, agus leitir chum Pártolán Pac in
Eóchaill le tabhairt do Sheán Cúndún.



Scríbh chugham go luaith insan teangain Ghaoidhilge, agus ar scríobhadh do
leitre ag seo na briathra Sacsbhéarla do chuirfe tu ar a dhruim, mar atá:
Patrick Condon, Utica, County Oneida, State New York.
Impidhim ar gach neach dochífe an leitir seo mo leathscéal do ghabháil
tré gach cáim dá bhfuil innti, óir d'imthigheas as a taithighe: níor
scríobhas éinnídh ó dhfhágas Éire gus anois; tuilleadh, dorinne
subhsmúit is comhmheascadh an tsaoghail ghránna ghuairneánaigh seo prácás
dem inchinn, agus mar sin, fágaim críoch san dán so leanas:



70
Aitchim gach léightheóir séimh cóir gasta Gaoidhilge
Ghlacfa 'n-a ghlé-dhóid mo chlé-mhór-mharbhscríbhinn,
Má amharcann maolchló, baothghlór, ná ainimh innti
Abradh sé leó: "Daolcheó fé ndear an nídh seo."


L. 30


An seachtmhadh lá déag d'Easbhafuilt,



71
Seacht gcéad, seacht sioscaid, seacht bhfichid, seacht gcaogaidí,
Seacht sé, seachtmhoghad, seacht fichead, seacht naoi, seacht dtrí,
Glac aon deas singil mar thuilleadh 'n-a ndéidh arís,
B'eadh aos Mhac Muire an tan rinneas an méid seo scríobh.



XIV. Iargnó Éireann.
Pádraig Cúndún cct i mí na Nodlag insa bhliain 1834.
Arn-a stiúradh chum Marcuis Hudson in Eóchaill le tabhairt
do Mhicheál Ó hEachthigheirnn ón Áth Buidhe.



72
Tráth ar nóin óm dhútha i gcéin dham,
Tréimhse is gan neach im chomhair,
Tnáithte, túirseach, brúighte, céasta,
Daol-fhuinte in alta bróin,
Tré ár gach prionnsa trúpach, tréadach,
Dfhás de chrú Chuirc, Lúghaidh 'gus Laoghaire,
Ádhamair, Iúghain, Lúghna is Éibhir,
Éilim is Bhreas is Eóghain.



73
Spás mar siúd dom thúrnadh i ngéibheann,
Tréith-shnoighte i dtreallamh treóill,
Ag bleaghadh mo shúl ó chúrsa an tsaoghail
Ag aodhaireacht mo lachta deór,


L. 31


Gur thárla cúilfhionn chugham de thréanrith
Do b'áilne snódh den drong-fhuil daonna
A bláthfholt búclach lúbach léi-si
D'aondul ar dhath an óir.



74
Áidhim go ciúin ar phlúr na mbéithe
"Cé tu? Fios can linn a ógh"
Rádhas go múinte i bponnca Gaedhilge
Céille Mhic Ceacht na gceól,
B'fháilteach, flúirseach, fiúntach, féastach,
M'árus modhmhar subhach ré héigse,
Gur táthadh liúm ó Lonndain méirleach
Éithigh do chreach mo phór.



75
d'ádhmas triúcha thriúr mhic Néill duit,
Tréibhfhine rathmhar chóir,
Thráchtfainn rún níos mó 'ná an méid sin,
Scéal cinnte las go nódh,
Lé gártha dubhach adubhart gur bh'aon me
Dámh dfhuil rúta triúin ón Léithchloich,
B'ádhbhal comhachta i gcongcus maodhma
Ar shraonadh na gcath i ngleó.



76
Ar fhagháil an chunntuis búireann béiceann,
Réabann a brata sróill,
Dfháisc le dúthracht dlúth mo mhéara
Fé chion 'n-a glaic i gcomhad:
"A sháirfhir mhúirnigh, tabhair dam scéala
Fáth do chúise let dhútha thréigean,
Is crádh liom cúthail tu i gcúige chaothach,
Do chéile is do shleacht bhog óg."


L. 32


77



"A bhláth na gcúilfhionn, 'nneósad féin duit
Éifeacht go beacht gan ghó
Bás mo chomhgus bhfiúntach bhféastach
Do b'fhéile 'n-a dteach le slógh,
Plás is lúbchlis chomhursan chlaona,
Crádh agus cumhgrach búr uilc Béarla,
Dfháisc a n-ughaim ar chrú-ghluin-Ghaedhlaibh
In Éire mo shean tar fóir."



78
"Árduigh t'shúil atá an chomplacht mhéirneach
Do shéan il-reacht an Óird
Gan stát gan dún gan riúcht gan réimheas,
Réimbhriste ar easbhaidh lóin:
Go bráth 'n-a dtriúcha i gclú beid Gaedhala
Gan cháin, gan chúinse i gcúigíbh Éilge,
Is mál dfhuil fhlionnsaigh Niúil mic Féiniuis
Re maodhm cloidhmhe gaisce i gcoróinn."



79 - An Ceangal:
'S gliogartha dona do dhuine 's is baoth tar barr
A chumus do nochtadh do dhuine gan ghaol gan ghrádh,
Ní cumann a chumann, is cuma leis créad mar táir
Acht snaidhmeadh ar do luige má thigeann leis cae do dhfhagháil.



80
Baineann san liomsa, níor thuigeas me féin i dtráth,
Do dhruideas fé choimirce duine de mhaoraibh Shaw,
Dothugas dó urraim nár chuibhe don bhaoltach dfhagháil
Is d'imir sé im choinnibh an cluiche le claon an mhádha.


L. 33


81
Tuisle agus tuirse agus turusa an tsaoghail smáil,
Na druinge ba shine dá mbriseadh gan réim gan áird,
Tuitim an-iomad dem fhuirinn i dtréithdhriuch bháis
Chuir mise is mo mhuirear ar thuinnibh i mbaoghal ár mbátha.



82
Níor dhuine gan duine go deimhin me in Éirinn lá,
Acht duine nur bh'fhuiris do duine dá ghaolta dfhagháil,
Ó's duine thu a dhuine n-a dtugas mo scéalta it láimh
'Nnis do gach duine nur duine liom é mar atáim.



XV. Maidean, cian óm cháirde
i mbl. 1834
Fonn: "An Cnuicín Fraoigh"



83
Maidean cian óm cháirde
I bhfearann iarthair ránga,
Treathan tiarscach támhach,
I ngám coille ceó;
Ag machtnamh chliar is tháinte
Bhreasail, Fhiacha is Ádhamair,
Airt is Iriaill do b'ádhbhal
Ar ár cloidhmhe anallód:
Flatha Bhriain is Charrthaigh,
Dragain Riada is Dháirfhine,
Sleachta Bhiacha, Mháirne,
Dál gCais is nEóghain;
Treabha triaithe táscach,
Cneasta, cliathach, ceárdach,
Earg, iargach, ársa,
Dfhuil árdrighthe treóin.


L. 34


84
Mar sin piantach thárla
Ar nascaibh liach an lá san,
I gcreasa ciacha cásmhar
Ag cáthadh mo dheór,
Gur dhearcas miannse mnámhail,
Measta, miairseach, mánla,
Gasta, griartha, grádhmhar
Ag cás liom i gcomhar:
B'fhada, biascach, barrchas,
Snasta, sniartha, snáthach,
A carn ciabh go sála
Mar scáilchruith an óir,
Is a glaca griasta is breághtha
Ghreanadh piast ilcheárda,
Eacha, fiadhach, is máige
I meádhon bhraite sróill.



85
"A mhaise niamh na mbába,
Is cneasta gnia agus gáire
Measaim driabh let áilne
Gan phlás gur tu an ógh
Do tharraing triasc is tnáthairt
Cartadh cliabh is cnámha
In Eamhain ciaigh re lámh chlann
Cáidh Uisneach neóill,
Nó an ghaithleann ghrianda d'árduigh
Screadadh sciath is ghráscar,
Greadadh gliadh, agus gártha
In ár Thailc mhic Treóin:
Nó an eala niamhgheal náireach
Bheartuigh cliasc le dtáinig
Tleasca tsliast mhic Dáire
Cois bánghlaise ghleóin?"


L. 35



86
Ar scanadh riaghail mo ráidhte
Dfhreagair rianta in ámus
Rannaibh riartha dánta
Ba táithte re prós
"Ní ceachtar riamh den táin me
Acht bairrfhionn thniartha, thnáithte,
Chreachta, chiaptha, chráidhte
Le spás snoighte i mbrón:
B'fhairsing, riaspach, rábach,
Rathmhar, fialmhar, fáilteach
Do spealainn spians le bárdaibh
Im árus ar próinn,
Gan easbhaidh im iairmhis mheáidhte
Gur neaduigh iarsma Mhártain
Mheabhaill mhiasc in áitreabh
Mhic Ceármada mhilbheóil.



87
Tar mara ag triall dothánga
Ó fhearann Niaill don áit seo,
Ag aithris briathra áthuis
Go gáirseach gan gó,
Go bhfuil reachta fiar is ráta
Caithte siar i gClár Luirc,
Is gach raille piardach mágach
De ghnáth ag sileadh a dheór:
Atá Cathal, Piaras, Pádraig,
Gearalt, Diarmuid, Rághnall
I ngradam dian chomh dána
Insan Phárlimint leó,
Ní stadfid siad go bhfágfid
Breatain fiadhain 'n-a fásach,
Glasa giabhainn gearrtha,
Bunáit tighthe is póirt.


L. 36



88
Atá barca liartha lána
Dfhearaibh spiartha Spáinneach
Glanta, gliartha, gárdach,
Ag fáscadh fé sheól,
'N-a gceapaibh iatha árracht
Tapa, tniartha, tárrthach,
Ag taisteal trias gan tláthus
Go stát Oilill Ól:
Fearfid fiairchath freáirseach,
Treasach, triartha, táinteach,
Cneadach, criartha, cneádhnach,
Árghonta, mór;
Mar lasair spianta speánaigh
Nó sreabha sriartha sáile
Ar sleasaibh sliaga fánadh
Le barr buile scóip.



89
Le fearta Dhia is a ghrása
Cheartuigh blianta is blátha,
Easca, grian is sáile,
Lá agus duine i gcló,
Beidh sailmshians go cráibhtheach
Rathmhar, riaghalta, neámhdha,
I gceallaibh iathghlais Fháilge
Ag mánaigh na nÓrd,
Flatha, triaithe is dáimhe
Seascair, spiartha, sáthach,
'N-a mbailte biadhta bláthmhar
Sárshuidhte sóghach,
'S gaile griabh dfhuil ádhbhail
Fhleascaigh Fiann Scuit fáinneach,
I dTeamhair frian gan spleáchus
Go bráth cinnte i gcoróinn."


L. 37


90 - Aguisín:
D'aitheasc mo bhéil go héag an fhaid mhairfead arís
Ní chanfar liom bhéarsa dréachta ranna ná laoi,
Acht Paidir is Créidh is bréithre is beannuighthe brígh,
'S é is fearra 'o dhuine aosta céasta caithte mar taoim.



XVI. Do bhíos-sa feacht im aonar
Pádraig Cúndún i mí na Nodlag insan bhliain 1834, ar na stiúradh chum
Partolán Pac, in Eóchaill, le tabhairt do Sheán Cúndún.



Fonn: "Leather away the wattle O!"



91
Dobhíos-sa feacht im aonar
I bhFearann shaor an Ois ar nóin,
Ag smaoineadh seal ar Éire
'S ar leagadh Gaedhal re Gallachóip,
Saoithe is flatha Éibhir,
Airt is Laoghaire, Earc is Eóghain,
Ír is Mhacha, is Aonghuis,
Eachaidh, Éilim, Bhreas is Órb,
Ithe is Neill, Chonaill gCéin,
Chriomhthain, Chéide Ghais is Chóirb,
Do b'íogair, aireagdha éachtach,
Lanna laochta i ngaisce gleó.



92
De dhíth na dtreabh so chréachtnuigh
Chealg léin me ag fearadh deór.
I ngeimhleach creatha péine
Shlad mo chéadfadh ar fad tar fóir,
Ar snighe mo dhearc gur théarnaidh
Ainnir mhaordha, mheasta, im chomhair.


L. 38


Ba míne dreach den daonna
Scag ó Éabha ar talamh fós;
Ba bhinne a séis ná seinm téad
I bhfiotal Gaedhilge bleachta beóil
Ag innsint reacht an Bhéarla
Chreach is chéas a sleacht 's a slógh.



93
Guidhim le flasc an réiltean,
Aitchim éifeacht feas den óigh,
A hínse dleacht 's a préimhe,
A fasc, a géag, a ceap 's a pór,
Ar bh'í bhain creachadh is créimeadh
Is cneadadh créacht le greadadh gleó
In íorghail ghath na nGréagach
Leag an Trae 'n-a lasair smóil,
Nó gile is gné na n-uile-bhé
Tug milleadh 's maodhm le sleagh mhic Treóin,
Nó Aoife nasc a gaolta
Ar sreabh na ngéis i ngeasa ceó.



94
Caoidheann go beacht i mbréithre
Dleasca dréacht ba ghasta glór
I laoithe learca léire
Cearta, caomha, canta, cóir,
Ar sí is me dalta léigheanta,
Gean is céile, searc is stór
Mhic Cuill, Mhic Ceacht, Mhic Gréine
Thapa, thréan i dtreas 's i dtóir;
Ba cinnte mé oilte i réim
Le righthe glé na ndealg n-óir,
Draoithe, flatha is éigse
Ag teacht le chéile im theach ar próinn.


L. 39


95
Ba ríogan seal dem shaoghal me
I dTeamhair tréimhse cneasta i gcoróinn,
I bpríomhráth rathmhar Éadair,
In Aileach Néid, 's i gCrot na gceól,
In Dínnrigh, i mBeath, i nDéilgin,
'S i gCathair aolda an áir gan bhrón,
Síoch ag scaipeadh séada
In Eamhain† aonaigh †Mhacha mhóir,
Thugas ré suidhte saor
I Lios na Laoch 's i Nás na dtreón,
I nDruim na nDruadh 's i Séimhne,
I mBachall Éil 's i gClár na Leóghan.



96
Im thígheas re ceannus féile
Chleachtainn féasta is fleadh gach ló,
Fíon mar eas dá thaoscadh
Ag clanna Gaedhal re m'ais ar bórd,
Im mhaoin níor bhraitheas éalaing,
Easbhaidh, claochladh meath ná feódh,
Im ríoghacht gur eascair méirleach
Meabhail claon ba mheasa meón,
Cuile clé d'imir fraoch
'S dlighthe daor gan cheart gan chóir,
Bíodhbha i gcreat 's i dtréithe
Ghaibh le taod mo bhailte póirt.



97
De dhruím na gcleas do shaothruigh
Dras an éithigh d'at go nódh,
Íocfaid as gan faesiomh
Aibidh éascaidh ar bhreacadh an fhoghmhair:
Ó mhaoilinn tsleasa Bhéarna
I bhfearann Éilge ar fad go Bóinn


L. 40


Beidh teinte ar lasadh in éinfheacht,
Teascadh, traochadh 's treasa treón,
Tuitfidh tréad an fhingil tréith
Le fine Gaedhal sa chath gan treóir,
Sin críoch ar bheathaidh mhéirneach
Gan casadh i réim tar ais go deó.



XVII. Aiste na nIarthar



An seachtmhadh lá fichead de Easbhafuilt .i. December, san bhliain 1834,
i Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i Stát New York.
Arn-a stiúradh chum Domhnall Ó Murchadha, sagart Eóchaille, le tabhairt
go Mhicheál† grádhach conáigh ceannusach cráibhtheach carthannach suairc
uasal onóireach †Ó Glasáin, ó Lios Caoinleáin i bparóiste Bhaile
Mhacóda, i gConndae Chorcaighe, in Éirinn:




98
A shoilbh-fhir léigheanta, shéimh, dheagheóluis,
Tabharfad tásc fém láimh gan gó dhuit
Ar an ndútha ghránna in a ráinig damhsa
Teacht go hársa, fálta, feóidhte.



99
Níl máige míne caoin ná cóir ann,
Acht coillte is cranna is garbhfhuinn mhóra,
Leachtáin lomartha coirtithe cróna,
Cnuic is gleannta is ceanntair cheóbhach."



100
Uaill is gártha ós árd urchóideach
Ag peanntair, faolchoin, béithir is leóghanaibh,
Ainmhidhthe allta ag amhstrach comhraic,
Is nathaireacha nimhe le binb ag ionfairt.


L. 41



101
Spéartha ag cnagadh, ag bagairt 's ag fógairt,
An t-aer ar lasadh is an talamh ar móirchrith,
Caortha 'á gcaitheamh 'n-a gceaithibh ar bóithre,
Is léir go nglacaimse eagla rómpa.



102
Bíonn trí ráithe breagh go leór ann,
Bíonn an ráithe eile go goineadach reódhthach,
Cuisne agus fuacht go buan dá leónadh,
Is truagh mar a chrithid um Inid an phósta.



103
Ó Nodlaig go meádhon an Mhárta comhairigh,
Sioc is sneachta ortha abhfad tar a nglúine,
A gcluasa goirtighte tochailte tóchta,
A gcosa is i lámha a gcráig is a ngúnga.



104
Samhradh teasbhadhthach, greadaithe, scólta,
Lasardha, grianda, pianmhar, breóidhte,
Ní bhíonn faice ar chaithte ná ar óg ann
Acht léine, criúsa, triúbhas is bróga.



105
Fuireann na tíre is buidhean drochmheónach
Fealltamhail, fingealach, cuirpthe córbach
Bréagach, meabhalach, malluighte móruilc
Cealgach, claon i méinn 's i nósaibh.


L. 42


106
Créidh ná paidear ní cantar go deó leó,
Acht bruidhean is ceannairc, caismirt is comhrac,
Dia agus Muire mar mhionna 'n-a mbeólaibh,
Diabhail is deamhain gach am san ló aca.



107
Ní thiúbhrfaidís leathpinghne ar Aifreann ghlórmhar,
Acht ag scigeadh is ag magadh fén Eagluis gcomhachtaigh,
Deirid gur teagasc ón ndeamhan a gcomhairle,
Is gur chóra a gceangal i gcarcair le córda.



108
Gach Aoine is Satharn alpaid an spóla,
Dlighthe na cléire réabtar leó iad,
Deirid gach n-aon do ghéill dá nglórtha
Go bhfuilid i nAiceron, damanta, dóighte.



109
Sin mar do chaithid a mbeatha go ciontach
Mioscaiseach, meascaithe, i mbearta nách foghanta,
Go dtagann srannán an bháis 'n-a scórnain,
Mo thruagh an t-anam bocht, n'fheadar cá ngeóbhaidh sé.



110
Tuilleadh dhá dtréithe is léir go 'nneósad,
A mná go deimhin níl cuisle na comhada
Aca le n-a bhfearaibh seoch clannaibh a gcomhursan,
Is cuma sa donus leó singil nó pósta iad!


L. 43


111
Cois claidhe nó coille ina dtiocfar ar fód leó,
Díg nó cumar nó ionad dogheóbhaid siad,
Do bfhearr leó cumus ar scilling 'n-a bpóca
'Ná a gcáil do choimirc ó ghoilm den tsórt san.



112
Dá olcus a ngníomhra, a slighe is a ngnótha,
Na droinge bhíonn aca ar an machaire ag romhar dóibh,
Tugaid a bpádh gan spás 'n-a ndóirne,
Biadh agus deoch ar a dtoil a ndóithin.



113
Ar n-éirighe ar maidin as leabain duit gheóbha tu
Gloine biotáile folláin, foghanta,
Arán, ím is píonna sóghaile,
Cannta cáise is cnámh mairtfheóla.



114
Ar n-ithe do choda le deithineas mór duit
Siúd ar sodar chum oibre leó thu,
In am an eadartha beidh agat cóisir
Cosmhail le bainis, le baiste, nó pósadh.



115
Beidh coirn ar clár ag tál ar bheóir duit,
Miasa bána, lán de shóghaltus,
Géanna is ganndail reamhara, rósta,
Is éin dá malairt ná bacfad teacht thórsa.


L. 44


116
Tabharfaid chum ithte dhuit fiche agus nóimeant,
Ní bheidís ag feithiomh a thuilleadh níos mó leat,
Beidh míle béic ort, glaedh agus fógairt
Dot thiomáint amach tar ais le fórsa.



117
Seo leó arís tu i bhfeighil do ghnótha,
Tuise níl leat le grag acht ól é,
Má bhíonn tu ar meisce nó ar deire um thráthnóna
Tabharfaidh an maor duit páipéar bóthair.



118
Dá mhéid do mholaim a gcothrom 's a gcóisir,
A ndram is a ndeocha is a mborrathuirc feóla,
Bfhearr liom agam i bhfearann tsliocht Bhreógain
Prátaí is salann cé dealbh an lón iad.



119
Gach uile oidhche ó bhíos i bhFódla
Téighim abhaile go dearbh is dóigh liom,
Glaedhim isteach go teach mo chomhursan,
Tugaid siad fáilte, lámh is póg dam.



120
Bíodhgaim suas óm shuan le mórtus,
Déinim marthan ar m'aistear go brónach,
Nuair a chím gur aisling gan tairbhe an sceól san
Bím go doilbh is goilim mo dhóithin.


L. 45


121
Ar léigheadh mo laoi dhuit, bí compórdach,
Déin an gáire grádhach do b'eól duit,
Ibh mó shláinte ar chlár an ósta,
Is cuir tar sáile slán nó dhó chugham.



122
Cuirimse chughaibhse anonn go Fódla
Slán is céad 'dir ghaolta is chomhursain,
Cé ná feiceadh éanduine go deó agaibh,
Ní leigfead as m'aigne marbh ná beó sibh.



123
Mo dheargadh dearc, mo scread, mo scóladh,
Gan me insa bhaile mar chleachtas im óige,
I dtuaith nó i gcathair in'aice ar a chomhgar,
Nó i dtabhairne an leanna ag Baile Mhacóda.



124
I gcuideachta Uí Ghlasáin dfhuil áird Eogain,
Chráibhtheach, charthannach, leanbhach, leóghanta,
Thugadh dam fíon gan maoidheamh, mo dhóithin,
Is gan pingin dem dhíth le díol go deó as.



125
Thugadh dam cuireadh go minic chum beórach,
Eagna is greann go ceannsa gleóidhte,
Duanta is dánta bárda beólbhleacht,
Is comhairle thairbhtheach, ghasta, dhá dtógainn.


L. 46


126
Thugadh dam seanchus, aithne is eólus,
Ar gach cine, gach fine, is gach fóirne,
Ar gach curadh bhí cumusach, cródha,
Insan Ásia, insan Áfraic is ins an Eóraip.



127
Och! mo chiach! mo phian gan fóirthint,
Cian thar lear abhfad ót chomhghar,
Ameasc na méirleach shéan na hórda
Is bhainfeadh an ceann dem shamhail ar fheóirling.



128
An tréad do chuir mise is mo leinbh 'n-a gcomhar san,
Dá ndéininn guibhe chum Muire cá'r bh'iongna?
Caor is luisne ina dtighthe agus spóirseach,
Is gan éanduine aca ar chumus a bhfóirthin.



129
Go deimhin ní dhéanfad éinnídh 'en tsórt san,
Cé ghoineadar cluiche le himirt éagcórach,
Maithim don tsaoghal go léir is dóibh sin,
Fágaim a riar ag Dia, is dó is córa.



130
Mar is É do dhealbhuigh flaithis gan teóra,
Neamh mar ghabhas, talamh is mórmhuir,
Grian is ré agus réiltinn lonnrach
Beithidhigh, éisc is éanlaith clúmhach.


L. 47


131
Dhealbhuigh Ádhamh ar A íomháigh ghlórmhar,
Is de chnámh dá chnámha rinn congnamh pósta,
Thug dóibh ceannus, is gradam is comhachta,
Gur tharraing an deamhan chum peaca fé dheóidh iad.



132
Tré bhás Abel tséimh, neimhchionntach,
Chuir Sé séala ar Chain is comhartha
Thug Seth d'Éabha tar éis na sceól so
Is do shiubhal Énoch gan éag fós leis.



133
Sin é Naoi ón ndíle dfhóir air,
Nimrod rí do chlaoidh a dhóchus,
An túr do mheas go neamh do thógain
Leagan anuas gan duadh níor speóis leis.



134
An fhuireann dobhíodh go cinnte i gcomhar leis
Thug dóibh atharrach teanga 'n-a mbeólaibh,
Ní thuigidís féin a chéile acht comhartha,
Is cuireadh ar scaipeadh gan fearann gan fód iad.



135
Thug do Ábraham grása móra,
Mac do Shára b'ársa cló is driuch,
Ó dtáinig saoithe líonmhar, slógach,
Is timcheall-ghearradh ar a bhfearaibh ba nós dóibh.


L. 48


136
Sodom is Gomorra las is do dhóigh iad,
Thug leis Lot amach gan leónadh,
Féach a bhean nár ghlac a chomhairle
Rinn piléar salainn ar barra cnuic fós di.



137
Ón sciain thug Isaac deimhneach, deónach,
Ón bpríosún daingean do chabhair ar Ioseph,
Thug a athair is a bhráithre a mná is a n-óga
Ó bhroid na gorta do ghoirtigh na slóighte.



138
Chuir ar an Éigipt léirscrios iongantach,
Plághanna doilge, borba, brónach,
Do loit a bhfearainn, a mbailte is a mbólacht,
Is mhairbh na táinte ársa is óg díobh.



139
Thárrthaidh Maoise a bhuidhean 's a mhórthrup
Tríd an Muir Ruadh go bithbhuadhach, beódha.
Pháró feargach le faladh lean tóir air,
Bádhadh é féin a thréad 's a fhórsa.



140
Piléir néill an lae bhíodh rómpa,
Is teine insan oidhche i ngach slighe na ngeóbhaidís,
d'aithin dóibh bile de mhuirtil do thógain
S a chaitheamh san uisce dheineadh milis le n'ól é.


L. 49


141
Chuir manna ó fhlathas ar talamh mar lón dóibh,
Rábach, rabairneach, rathmhar, 'n-a ndóirse,
Ceathrachaid bliain 'n-a bhiadh gach ló aca,
Is ní thagadh an dada dhe ar feadh na Sabóide.



142
An bhuidhean nár chruinnigh acht umar ba leór san,
An tí thiomargain iomad do shaoileadh a dhóithin,
Chuir cuid aca i dtaisce go maidin 'n-a gcomhair é,
Is dobhí 'n-a lobhthaire loitithe dreóighte.



143
Dfhoscail an ghlaise ón gcarraig i Hóreb,
Dfhortuigh a gceasna le fairsinge A mhórdha,
Ní dheachaidh tuisle aca in ionar ná i mbróga,
Do réir mar d'innistear i nDeuteronómi.



144
Ghoir Maoise ar thaobh an tsléibhe mhóir leis,
Alta an reachta do leanfaidís d'órduigh,
Thug deich n-aitheanta beannuighthe, comhachtach,
Ar dhá chlár shocartha chloiche 'n-a dhóid do.



145
Tar éis gach cás níorbh'fhearrde a meón san,
Tuitid i mailís peacaí móra,
Chumadar déithe caocha comhuilc,
Thugadar géilleadh don laogh órdha.


L. 50


146
Dátan, Abíram, On is Córa,
Is an chuideachta leamh do lean a gcomhairle,
Sloigeadh sa talamh 'n-a mbeathaidh an slógh san,
Acht an dá chéad is caogad dóghadh díobh.



147
Do chuir go follus don phobul mar chomhartha
Ar an tslait dobhí ag Aaron bláth is almóine,
Thug cainnt is labhairt don asal mórfhórsa
Dobhí fó Bhalaam ag gabháil an bóthar.



148
Chuir stad ar an ngréin i néall iarneóna
Go bhfuair Iosua beannuighthe barra sa chomhrac
Thug do Shamson neart is cródhacht
Cé milleadh a ghnaoi le mnaoi, is a chomhachta.



149
Do mhairbh sé Dágan ag Áirc an Chonnartha,
Thug Dáibhi ón ngliadh mór leis,
Chuibhrigh, cheangail foilt Absoloim mhódhmhair
Don chraoibh doire gur goineadh le Ióab é.



150
Do shearg gan cháirde lámh Ieróbam,
An fháidh easumhal a chúl don leóghan thug,
Dhá mhí is dathad is dearbh gur fhóir-choisc
Drúcht ar talamh, fearthainn ná ceó ar bith.


L. 51


151
Elias thaisteal go habhainn Cheirit fó bhrat
Is dfholuigh é féin do réir an fhógairt,
Thugadh na fiacha biadh gach ló dhó
Gur thiormuigh an tuile is an t-uisce do dh'óladh.



152
Do ghluais go deimhin le deifir fé thómhas
Baintreabhach dhealbh bhí in easbhaidh gan lóine,
Acht beagán mine agus ola bhí i gcróca,
Bhíodar bliain dá ithe is rinn tuilleadh is a ndóithin.



153
Dochuaidh gan bhás le grása is comhachta
Suas go glan ar neamh na glóire;
Ag Elísha a chara dfhága fhalaing mar chomhartha
Ler thrághaidh Iordan go dtáinig thóirsi.



154
Seo an tElísha leasuigh le salann an mhórtsruith,
Is mhalluigh an aicme rinn magadh ar an ród fé,
Ler thig dhá mhathghamhain bhaineanna mhóra,
Dís is dathad do marbhadh leó dhíobh.



155
Thug do Ester breis onóra,
Fuair dá gaolta réim is fóirthint,
An chroch dorinn Háman chum báis Mhardócai
Is é féin do tachtadh de dheasca a dhrochghnótha ann.


L. 52


156
Ó chomhachta an deamhain do anacail Iób leis,
Ón bhfuirnéis dhearg do chabhair go glórmhar
An triúr do caitheadh i nascaibh a ndóighte
Sadrach, Measach is Abednóga.



157
Chuir méar láimhe aingil ar an bhfalla dá fhógairt
Do Bheilseasar rí bhí poimpeach póiteach,
Go bhfuaireadh easbhaitheach aindeis i dtomhus é,
Is go mbeadh a ríoghacht scartha go hathchumair 's a choróinn leis.



158
Thug Daniel fáidh ó ghnáis na leógan,
Ó bhroinn an éisc thug saor leis Iónas
Thug do gach naomh dá n-éis is rómpa
Grása, beannuightheacht, eagna is eólus.



159
Chuir a Mhac Íosa Críost go glórmhar
I mbroinn Naomh-Mhuire nár chuimeasc le nóchar,
Rinn oiread miorbhúiltí is iongantuis mhóra
Ná féadfadh daoine a scríobh ná a gcómhaireamh.



160
Do dhíbir diabhail as cliabh na slóighte,
Thóg 'n-a mbeathaidh na mairbh bhí feóidhte,
Thug siubhal is seasamh do bhacaigh aimhthreórach,
Solus is radharc do dhaill chum eóluis.


L. 53


161
Leighiseadh martra, galar is breóidhteacht,
Dorinn fíon den uisce le hibhe ar an bpósadh,
Do riaradh táin le beagán lóine,
Is tar a éis, i bhfuigheall, bhíodh ní ba mhó aca.



162
Dá fheabhus A shlighte níor chuireadar speóis ann,
Thugadar scanail dó is aithis éagcóra,
Le sciúirsí stolaid A chuid fola agus feóla
Gur fhulaing Sé páis is bás dár bhfóirthin.



163
d'éist le headarghuidhe an ghaduidhe mhóir úd
Crochadh mar aon leis é i nGolgótha,
Dá dhruim níl againn-na adhbhar mhídhóchuis
Má dhéinimíd aithrighe n-ár bpeacaí geóbhaidh linn.



164
Dá mbadh aspol mar Pheadair nó Pól me,
Críonnacht Sholaimh im cholainn is eólus,
Is go mairinn go brách ag gabháil don tsórt so
Amharc isteach 'n-a mhaith níorbh'eól dam.



165
A Dhia na bhflaitheas tá beannuighthe, comhachtach,
Foidneach, fadfhulaing, ceart is glórmhar,
Ó taoi tú taitneamhach, taiseamhail, trócaireach,
Ár n-anam beir Leat ar neamh is fóir sinn.


L. 54



Tar éis gach toisc do thárla dham go soiche seo, ní cóir dam casaoid
rómhór do dhéanamh ar mo thurus, óir atáim féin, mo bhean, is mo
chlann gan beárna fós, slán i sláinte mhaith, buidheachas mór do Dhia,
agus tá feirm bhreagh mhaith thalmhan anois agam agus díolta ar a son.
Bíonn cruithneacht, coirce, prátaí agus féar agam chomh maith is do
bhíodh sa bhaile, agus dá réir sin, saoilim gur fírinneach agam an seanfhocal
mar adeir:



"Ná cáintear leat an bheart go fóill
Óir déantar a leas do neach dá aindheóin."



Is amhlaidh, iomorro, do thuit amach damhsa, óir ní rug lá orm ba doilghe
liom ioná an lá dfhágas an tSeanachoill - me féin is mo bhochtmhuirear
mór - ag triall in imchian thar muir i ndúthaibh anaithnide. Ciotrácht,
an lá dubhach dólásach san dobhí agamsa an tan san, d'iompuigh sé chum
bheith 'n-a lá ghléigeal, ghrianamhlach, gháireach, mar atá indiu agam,
buidheachas do Dhia dá chionn, óir atá feirm bhreagh stáit go brách
anois agam, agus mar sin measaim gur fearr mar atá ioná an tSeanachoill
dfhagháil ar chruaidhchíos blianach. Go deimhin dá bhfaghainnse an
tSeanachoill uile saor anois agus dul abhaile ar "b'fhearr liom" ní raghainn,
maille lem chlainn do thabhairt liom, óir is cinnte gur fearra dhóibh bheith
mar a bhfuilid, de bhrigh dá dtiocadh fuireann Éireann uile annso go mbeadh
a ndóithin talmhan aca uile; gidheadh, dá mba liomsa America saor, níl
áit fón ngréin do b'fhearr liom bás dfhagháil ioná in Éirinn ar
m'aitheantus. Dhá chéad is trí fichid míle siar ó thuaidh ó New York
atáim, i Stát New York féin, i bhfogus trí míle do bhaile mhór dá
ngoirthear Utica.



Tá Aifreann againn le fagháil insan bhaile mór san gach lá is maith linn.
Tá an áit in a bhfuilimíd chomh folláin le héanáit in Éirinn 'n-a
raibh taithighe agamsa. Bíonn geimhreadh cruaidh ana-fhuar againn, acht
bíonn ár ndóithin teine againn


L. 55


- bainimíd an mhóin leis an dtuaigh.



Clann dearbhráthar m'athar, atá trí feirmeacha breaghtha aca, teóra lem
chuidse talmhan. Tá siad uile slán i sláinte mhaith.



A chara ghrádhach, tá mo mhuinighin i nDia agam go bhfuil tu féin agus do
mhuinntir go léir slán i sláinte mhaith. Agus an t-eaguilseach diadha,
deaghshomplach, .i. Peadair Ó Néill.



Mo bheannacht annso chum Mártan Ó Cruadhlaoich, agus chum a mhuinntire go
léir, agus mar a leanas - chum Muiris Ó Laocha agus chum Uilliam Óg Ó
Donnabháin in Eóchaill; chum Micheál Ó hEachtigheirnn ón Áth Buidhe;
chum Domhnall Ó hEachthigheirnn ón Áth Buidhe; chum Muiris Stúndún ó
Bhóthar an Chamtha; chum Uilliam mac Dáithí Mhic Gearailt; chum Tomás Ó
Néill dá ngoireamair Toimín Thomáis Óig; chum Tomás de Barra ó Chill
Chriadáin; chum Muiris Ó hAonghusa ó Bhaile mhic Ia; chum Seán Dlúth Ó
Briain, agus chum a mhac Tomás Ó Briain fá seach, mo chomhdhalta dáin,
chum Séamus Ó Cachláin; chum Muiris Ó Ciosáin, chum Toirdhéalbhach
Ó Mathghamhna, chum Uilliam† Máistir †Ó Foghlúdha, agus chum mo chomhursain
go huile.



Do scríobhas trí leitreacha eile in éinmhí leis an leitir seo, mar atá,
leitir díobh chum Marcus Hudson in Eóchaill le tabhairt do Mhicheál Ó
hEachthigheirnn ón Áth Buidhe agus atá "Iargnó Éireann" liomsa i gceól
dáin innti; leitir chum Seán Ruiséal, an sagart in Eóchaill, le tabhairt
do Sheán Cúndún. Is é is adhbhar dam le gan na leitreacha so uile
d'ainmniughadh chum aon duine amháin, mar shúil is dá bhfaghthaí éinleitir
díobh go ndéanfadh an léighthóir faisnéis ar an gcuid eile, agus, mar
sin, go ndéanfaidhe géarchuardach ar an iomlán.



Dá gcuireadh neach in iongna a fhaid atáim gan éinscéala dfhagháil uaim,
is é is fáth leis sin dam, níor mhaith liom drochscéal do chur uaim, ag
cur barr bróin ar an


L. 56


ndrong n-ar mhaith leó me, agus ar an dtaobh eile, ní chuirfinn scéal maith
uaim, ag maoidheamh nídh ná beadh agam, óir ní raibh agam acht beagán
airgid an tan do ghlacas an talamh so, acht dofuaireas cáirde chum
na coda eile - an oiread san le díol gach bliain.



Tá sé uile díolta anois agus mar sin is féidir liom scéal maith do chur
uaim, agus muna mbeadh scéal maith agam le cur uaim, ní chuirfinn maith ná
olc uaim é.



Guidhim tu scríobh chugham go beacht insan teangain Ghaedhilge, óir is
ionmhuin liom lorg do mhear-phinn agus friotal do bhinnbhéil do chlos agus
d'amharc. Ar scríobhadh do leitreach chughamsa, seo na briathra Sacsbhéarla
do chuirfe tu ar a druim:



"Patrick Condon,
Utica, County Oneida,
State New York."



Tá an leitir seo uile casta liosta le léigheamh, acht is maith an lámh ina
dtárla sí: ceartuigh féin í agus ná bí milleánach ormsa tré gach
dearmad, drochscríobhadh agus droch-chursíos dá bhfuil innti, óir do
thréig an t-óirléigheamh me d'easbhaidh a choidreabh, agus críochnuighim
san go támh ris an dán mar a leanas:




166
Is tearc mo cháil ar chlár óirléigheamh na bpion,
Is leamh mo rádh, níl áird ná éifeacht ann,
Do mheath mo dhánta is dfhág an Ghaedhealg me
'S níor leath-díoghbháil dá mb'fhearrde an Béarla agam.


L. 57


An seachtmhadh lá fichead d'Easbhafuilt .i. December, insan bhliain:



Míle ocht gcéad is aon mar chongnadh leó,
Trí ar a sé, seachtdéag, a cúig 'sa dó
Aois Mhic Dé do réir na n-ughdar gcóir
Ar scríobh' mo scéalta i nGaedhilg chughat it dhóid.
Ceileabhraim duit.



XVIII. A Chuisle mo chroidhe ná bí-se brónach.



Séamus Mac Gearalt cct. ar an bhFanuisc, i bparóiste Chluain
Príost, i gCo. Chorcaighe, dochum Pádraig Phiarais Cúndún, i
Machaire an Fhiaidh, láimh le cathair Utica, i gCo. Oneida, i Stát
New York, an dara lá d'Abrán, 1836.



167
U Anaithnid
Naoi gcéad, naoi bhfichid, naoi sioscaid, naoi naoi, naoi dtrí,
Naoi sé, naoi singil, is tuille 'n-a ndéidh naoi ndís;
Cuir aon tseacht fichead ga time san réim arís,
'Seadh aos Mhac Muire an tan scriobhas an méid seo síos.



168
A chuisle mó chroidhe ná bhí-se brónach,
Ná sileadh do dhearca, 's ná spealadh do dheóra,
Is fearra go fada dhuit scaradh le Fódla
'Ná fanamhain againn fé ama na geóice.



169
A bhuidhe le Dia rug siar le cóir sibh,
Is riarann fairsinge beathadh gach ló libh,
Thugann sláinte bhreágh gan bhrón díbh,
Is bheartuigh talamh gan easbhaidh ná gleó dhíbh.


L. 58


170
Is mór gur fearra 'ná fanamh ar comhgar
Ag déanamh íoc fé shnaidhm na gcóbach,
Ag romhar 's ag grafadh, gan earradh gan sóghchus,
Gan bhiadh, gan bhainne, gan teannus, gan stórus.



171
Gan triúbhas, gan hata, gan fallaing, gan chóta,
An lón go dealbh fé charn giobóga.
Gach ló ó mhaidin go dtagann tráthnóna
Ag déanamh leanna go cathach dubrónach.



172
Ag amharc ar chríochaibh shínsir mhórdha
Dobhí go seascair, gan easbhaidh ná gleó ortha,
Lán de mheidhir 's de thaidhbhse mhódhmhair,
Gur fáisceadh dlighthe ortha is scriosadh a dtóchair.



173
Gur tógadh a ndaingin, a bhfearainn 's a stórtha,
Gur cuireadh chum seachmaill gan talamh gan fód iad,
Gur séideadh a gclanna ar tafan thar mórmhuir,
'S an chuid aca d'fhanann - ag namhaid ar scórnain.



174
Is beag díobh 'n-a seasamh i mBanba ar m'eólus,
Tá sleachta na nGalla ag greamadh gach ló ortha,
Is dearbh gur gairid is aithnidh dúinn comhursa
Ó lomadh ár ndearca ag spealadh guirtdheóra.


L. 59


175
Is dearbh gur breágh bheith slán ón sceón so,
Gan eagla an bháille ná an mheastóra,
Gan fear cluig amuigh ag fógairt
Am an spáis ná fáth an tógaint.



176
Is doilg na dlighthe dfháisc fuirinn tsliocht Eoghain,
Is lomann a leinbh ón gciste badh chóir dóibh,
Dothugann don mhinistir tuilleadh 's a dhóithin
le tarraint ón bhfearann mar thaisce do theólchoin.



177
Do ghearrann ár sagairt gan teannus ar fheóirling
Acht goilm ná tuillid is aithis éagcórach
Ó milleadh a gcealla le clanna na gcóbach
Do chiorrbhaidh a mbeatha le macnus póiteach.



178
Is iomdha clampar cam is comhlann
Dothigeann le feall gach am sa ló orainn,
Tá dlighthe na Sacsan dár leathadh is dár leónadh
Le binb dár gcreachadh gan tapa gan treóradh.



179
In ionad a ngeallaid de reachtaibh maithnóis dúinn
Cuirid an ghangaid i gceangal 'n-ár ndrólann,
Chuireadar anspirid mhalluighthe i gcló dhúinn,
An deachmha dhamanta is dearbhtha bhreóidh sinn.


L. 60


180
Tá trí bliana is aga ó leagadh i bhFódla í,
Rugadh ó chúirt go cúirt fé gheóch í,
Tugadh don Mhainistir ceangailte ar sceóig í,
Is cuireadh chum báis le háthus mór í.



181
Bhí fiche míle naoidh ar a tórramh,
Cuireadh i gcomhrainn dhlúith go leór í,
Tochladh poll ba throm le romhar di,
Is caitheadh go fíochmhar síos 'n-a thóin í!



182
Socruigheadh feart le neart an tslóigh uirthi
Is a cuideachta cham 'n-a teannta i gcomhar léi
An t-airgead teampuill, splangc ón mhórneimh,
Do bheartuigh an deamhan i gceann a chomhalta.



183
Níl maitheas ná tábhacht ina ndeárnadh leó-san,
Tagann an spirid le broid 's a comhla;
Réabaid gluis is brisid dóma,
Is séidid stuic ag rith 'san bpóna.



184
Gach nduine fé léas i réimheas Eoghain
Is fuiris don mhinistir cur le héagcóir air;
'S an té nach léasaidhe tá glastsnaidhm tógtha air,
Le híoc an chíosa is cinnte an tóir air.


L. 61


185
Tá an ministir sanntach, fallsa, fórsach,
Dár sracadh is dár gcreachadh gan taise mar b'eól do,
Tugann leis arm ar maidin go rómhoch,
Is dealga daingnighthe aca chun fóirnirt.



186
Má ritheann ár bhfeara chum ainicthe a gcomhursan
Leagtar go tapa le treaghtha gan speóis iad;
Tuise níl againn le beartaibh den tsórt san,
Is minic ár mairbh dá dtarraint ar chróchair.



187
Och, mo mhilleadh! mo mhire! mo scóladh!
Adhbhar mo chaoidhe agus sileadh mo dheóra
An bhaintreabhach dhealbh 's an t-athair aimhthreórach
Ag caoineadh a gclainne iar dtuitim le cóbaigh.



188
De réir mar shaoilid daoine móra
Do shuidheas ag ceapadh na reachta ba chóra
Is gearra an spás le grása an Chomhachtaigh
Go bhfaghaidh na dlighthe seo tuisle gan tógaint.



189
Tá tiarnaí tréana ag pléidhe cirt Fódla,
Is muar a ngairm, a gceannus 's a gcomhachta
Deirid go deimhin go bhfaghaid le fórsa
Ceart le riaghail dár n-iath sa bhfoghmhar so.


L. 62


190
Tá Domhnall Ó Conaill nách cuthail ag comhrac,
Plannda dfhás ó rás fear frómhtha,
Ba thábhachtach réim is céim is comhachta
In Oileán aerach fhéarghlais Fódla.



191
Saoi gan chas dfhuil Chais is Óluim,
Airt is Chuirc is Luirc is Eoghain,
Triatha tréana is craobha cródha.
Líomhtha, léigheanta, is laochra leóghanta.



192
Síodhail 'n-a fhochair 's Ó Lochlainn comhachtach,
Is muar a ngairm fé cheannus na Coróinneach,
Iarlaí is saoithe grinn beachtbheólach,
Is badh ghnó ró-dhian a dtrian do chomhaireamh.



193
Tá Seán Ó Conaill, an ursa, mac Dómhnaill,
'N-a shuidhe ina gceann mar gheall ó Eóchaill,
'S a dhís dearbhráthar go tábhachtach, fóirneach,
Murchadh is Muiris, is tuilleadh dá gcomhairleach.



194
Tuilleadh den bhuidhin do shuidheann 'n-a gcomhar ann,
Uaisle eagna, maithe, deighmheónach,
Do toghadh de réir breis céime bhóta,
Gallda is Gaedhal mar glaedhadh sa chomhaireamh.


L. 63


195
Táid so uile go friochnamhach, fórsach,
Thall go treabhar ag treasadh ár gcórach,
Deirid go mbrisfid ár ndlighthe éagcórach
Thug buairt is ruathar ar shliocht gheal Scóta.



196
Táid tiarnaí binbeach, mioscuiseach, móruilc,
Is eaguilsigh ghallda fhallsa i gcomhar leó,
'N-a suidhe san bhFeis, is breis na nglór leó
Is déantar reachta le gangaid rómhóir leó.



197
Táid muinntir Shasana ag bagairt 's ag fógairt,
Ag éileamh cothroim do bhochtaibh na Coróinneach,
Deirid is maoidhid go fíochmhar feóbhrach
Go bhfágfaid ár dtuath go suarach brónach.



198
Acht deirid is géillid ár gcléir le dóchus
Gur fada sinn cuthail ag fulang éagcóra,
'S go scaoilfar snaidhm is cuing na geóice
d'aindheóin deamhan is dream na póite.



199
D'imthigh an custom chum gliogair as Eóchaill
Is saor gach earradh, níl bagairt den tsórt air,
Bhí mórchuid dlighe dá dhruim is gleó ann,
Acht cleachtadh na reachta níl fear ag cur speóise ann.


L. 64


200
Má thigir ar aonach ag déanamh gnótha
Ag ceannach nó ag díol ar shlighe do chomhursan,
Ag "Beárna an Chustoim" níl duine aca leómhfadh
Stopadh do stuic le goimh ná fórsa.



201
Ní leómhfidís leabhar do thabhairt it dhóid duit,
Mionna ort d'iarraidh, ná briathar móide.
Ceannuigh nó díol, pé díobh is gnó leat,
Ní dhíolfair pingin den chustom aindheónach.



202
Bhí gártha muara is uaill in Eóchaill,
Gleó agus ceannairc, caismirt is comhrac
An tráth bhí togha ar dhrong an bhóta,
Is buadhadh an lá le Seán mac Domhnaill.



203
Bhí tréad an Teampuill Gall 's a gcomhlucht,
Gach nduine mar aon le chéile ag comhad,
Níor nochtadar riamh dúinn trian drochmheóna
Go dtáinig an lá ortha chráidh go dóighte iad.



204
Dobhí na Gaedhil 's a gcinéil chomhachtach
'N-a slóighte tréana, laochta, lóghmhrach;
Do bhrúghadar clann na ngall le fóirneart
Is buadhadh leó an báire ar áireamh bhóta.


L. 65


205
Is cúis mhórchaoidhe i gcríochaibh Fódla,
Dubhsmúit, ciach, is liacha móra,
Tál guirt-fhreasa ó dhearca gan teóra
Is uaillgháir caointe ag aois is óige.



206
Bás an eaguilsigh mheasardha, mhódhmhail,
Chráibhtheach, charthannach, cheannusach, chomhachtach,
Dhiadha, dhéarcach, ghlé, dheighmheónach -
Posta nár bh'fhann i ngeall na córach.



207
Túr gan tuirse ná tuisle, dár seóladh,
Pola nár mheathta i gcathaibh éagcóra,
Coinneal gan smúit i rún na n-órda,
Leóghan dfhuil righthe is saoithe Fódla.



208
Curadh gan tlás ná scáth roimh chóbaigh,
Do sheasaimh sa bheárnain go láidir leóghanta,
A chrú cé doirteadh le gorgchat córda,
Dfhuiling gan diúltadh le humhlacht chródha.



209
Tar éis a lasctha, a ghearrtha 's a spóltha
Chuireadar salann 'n-a chneadhthacha móra,
Is séideadh gan spás é ag snámh thar bóchna
Go crích na n-alltach i dteannta teóla.


L. 66


210
Tar éis gach peannaid, gach fealladh 's gach fórbadh
Dár cuireadh i bhfeidhm ar an bhfoighdeach óirdhearc,
Do dheónuigh an Tiarna, Dia na gcomhachta
É thabhairt gan bascadh go Baile Mhacóda.



211
Guidhim an Tiarna riarann slóighte,
Is bheartuigh an iarmhairt, grian is neóllta,
Thug solus an lae is ré chum eóluis,
Go dtógaidh Peadair go cathair na glóire.



212
A Dhia thug Maois ó bhuidhin na tóire,
'S do tharraing an linn ón líg dá shlóighte,
Is mar dhrúcht thug beatha gan easbha gach ló dhóibh,
Beir saor leat Peadair go cathair na glóire.



213
A Dhia thug Dáibhí slán ón mbónnsach
Do chaitheadh le Saul 'n-a dháil go seólta,
Is mhairbh go dearbh an t-athach úd Góliah,
Tabhair leat Peadair go cathair na glóire.



214
A Dhia do bheartuigh ar thalamh na mbeó sinn,
A Íosa cheannuigh ar pheannaid-chrois bhreóidh sinn,
A Naomh-Sprid bheannuigh le lasair a chomhacht sinn,
Cabhair do Pheadair i gcathair na glóire.


L. 67


215
A Dhia na naomh 's a chléir na n-órda,
Adubhairt linn iarraidh, "Iarraidh is gheóbhaidh sibh,"
Iarraim, guidhim, is guidheann mo chomhursain
Peadair Ó Néill beir saor dot ghlóire.



216
Beannacht is céad thar céadta comhalta
Chughat thar sáile ó chlár na Fódla,
Beannacht is míle ó chroidhthibh comhursan,
Beannacht is grádh gan trághadh go deó libh.



217
Beannacht gach n-aon 'dir aosta is óg libh,
Beannacht Mhic Dé is chléir na n-órd libh,
Beannacht na bhflaith a chleacht bhur gcomhar libh,
Beannacht Sheám 's a mhná fé dheóidh libh.



218
Ní hoilte mise i bhfriotail bhinne ghrinne Ghaoidhilge,
'S ní scribhim cliste laoithe snoighthe i ndlighthe draoithe,
Mar thuile fuine tigeann time 's slighte luige baoise
Ar fuid mo chuithe ag milleadh tuigse in uimhir uige saoithe.



219
Mo dhoiligh cumhach do dhul thar sáil,
A sholuis rúin an fhoruis áil;
Cuirim chughat anonn mo shlán
An dara lá den Abrán.


L. 68


XIX. Do neartuigh go deimhin



Do Dhomhnaill Ó Conaill



220
Do neartuigh go deimhin mo mhisne is mo gháire
Ón dteastus dochluinim le spás gach ló
Ar chlanna na fuirinne b'oilte is do b'ársa
I mBanba i bhfuirm ba dána a dtóir;
Íorghail éirleach déanfid dearbhtha,
Íogair, éachtach, fraochta, feargach,
Fuinneamhail, fearamhail, freasghonta, fáinneach,
Dioscartha, draganta, dán' gan gó.



221
Atá calm Ó Conaill ag imirt a tháiplis
Gaile gan tuirse, gan tlás i ngleó,
Leanfidh dá chluiche go mbrisfidh an báire
Ar gharbhghruigh Bhrutuis thug táir don Órd:
Taoiseach tréitheach, tréadach, treasamhail,
Líomhtha, laochta, i maodhmaibh machaire
Le cloidhmhe, le gaithibh, le gaisce, le gártha,
Ar cuthach chum catha 's a tháinte treón.



222
Leagfid is scriosfid mar thuile le fánadh
Deachmhaidhthe dlighthe is gach cáin gan chóir,
Is reachta na righthe rinn iolaruilc dfháscadh
I bhfearanntus Mhuicinis, stát tsleacht Eoghain.


L. 69


Claoidhfid, créimfid méirnigh mhalluighthe
An fheill 's an Bhéarla shéan an tAifreann,
Brisfid a gcarcair, a ndaingin 's a n-áruis,
Is cuirfid go dealbh le fán a bpór.



223
Is fada do chuimriosc chuirpthe Shátain
Chealgach choilg fé bhláth i gcoróinn,
Ag creachadh is ag ciorrbhadh 's ag ionnarbadh mánach
Ag saltairt i gcuilithe ráidhte Phóil:
Dé dhruim a gclaon tá a dtréimhse caithte aca,
Íocfaid daor na tréithe leanadar,
Ag scige 's ag magadh fá aitheanta an Phápa,
Is bhigil na n-aspol do beárnadh leó.



224
Is gairid an mhoille go mbuinfar díobh sásamh
Searbh 'n-a rinneadar d'árgoin seóid,
Le feartaibh Mhic Muire tá an buille go láidir
Feasta 'n-a gcoinnibh gach áit 'n-a ngeóbhaid.
Do mhaoidhdar éigse dréacht i dtairngre
Is daoine léigheanta, naomhtha, beannuighthe,
Rith nirc na ndanar go treascartha tnáithte
Mar choipe na mara ar an dtráigh gan treóir.



225
Seachtmhain roimh Inid beidh turainn i gClár Luirc,
Arm is teine agus lámhach go leór,
Gallaibh ag tuitim san tsiosma 'n-a gcáirne
Marbh le cumus nirt ádhbhal slógh:
Fuigheall má théarnann saor ón gceannraic
Caoidhfid céasta a saoghal in anachruith
Cinnte gan ceannus gan fearann gan fághaltus
Snaidhmithe i bpeannaid fé bhráca an bhróin.


L. 70


226
Ar scaipe do chipil an fhingil go cráidhte
In easbha gan filleadh go brách i bpórt,
Beidh gaile dfhuil fhine Mhic Bhile na Spáinne
Seascair 'n-a n-ionad go sáthach sóghach,
Suidhfid Gaedhil 'n-a n-aolbhroig athardha,
Is buidhean na cléire séadach saltrach
Le coimirc na bhflaitheas 'n-a gcealla go cráibhtheach
Ag seinm a salm gach lá go deó.



XX. Leitir
I Machaire an Fhiaidh, taobh le Cathair Utica i Stát New York, an
seachtmhadh lá déag de Spaidire 1837. Pádraig Cúndún chum Pártolán
Suipéal ar an gCluain Áird i bparóiste Chluain Príost, láimh le
hEóchaill i gCo. Chorcaighe.



Dofuaireas an leitir úd do chuiris chugham ó Éire. Sé lá roimh Nodlaig
dofuaireas í, 1836, agus gidh gur lúthgháireach liom a fagháil do chuir
buaidhreadh mhór orm tré bhás mo dhaoine mhuinnteardha agus tré
thrioblóidí mo shean-chomhursa. Níor nochtas fós dom mhnaoi gur éag a
máthair do bhíthin gur ghlac sí go ró-bhuartha bás a deirbhshéar, bás
chlainne Sheáin Uí Bhruadair agus bás chlainne Risteáird Uí
Mhuireadhaigh. Anois níl níos mó agam le rádh leat acht a innsint duit go
bhfuilim féin, mo bhean, is mo chlann slán i sláinte mhaith, buidheachus mór
do Dhia dá chionn. Tá Seán Cúndún is a mhuinntir go léir go maith. Tá
súil le Dia agam go bhfuil sibhse uile go léir go maith. Cuirimíd uile ár
mbeannacht chughaibh go léir, a cháirde grádhacha agus a sheanchomhursana
dil, chomh maith agus dá dtabharainn síos ainm gach aon díobh fá seach.


L. 71


An leitir úd do chuiris chugham, níor thárla liom fós an teachtaire .i.
Micheál Ó Néill, atá céad míle soir ó dheas uaim i mbaile mór dá
ngoirthear Albani, i Stát New York. Cuirimíd scéala chum a chéile go
minic. Atá sé féin, a bhean, is a chlann go maith.



Cuir chugham scéala a bhfuaireabhair fós leitir Sheáin Cúndún ná leitir
Mhichíl Uí Eachthigheirnn.



Scríbh chugham gach bliain gan dearmad. Bíodh fhios agat scríobh' insan
teangain Ghaoidhilge chugam nó gan scríobh' ar éanchor.



XXI. Leitir



I Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i gCo. Oneida, i Stát New
York.



Pádraig Cúndún dochum Séamus Mac Gearailt ar an bhFanuisc, i bparóiste
Chluain Príost, láimh le hEóchaill, i gCo. Chorcaighe, in Éirinn,
an 17 de Spaidire, 1837.



A Ghréagaigh ghrádhaig, a Shéamuis Mhic Gearailt:
Ar fhagháil na leitre seo dhuit measaim ná fuil nídh do b'indéanta dhuit
ná a bhfuil agat do dhíol agus teacht annso, tú féin is do bhean is do
chlann. Is fearr go mór an págha atá do sclábhuidhe is do cheárduidhe
anois in America ioná mar dobhí ann an tan dothánga-sa amach. Insan
bhliain déadhnach so do ghaibh tharainn dobhí fiche dolaeir san mí dfhear
oibre ann agus biadh is deoch. Mar sin, saoilimse gur bh'fhearr dhuitse
teacht annso ioná fanamhaint ar an bhFanuisc. Dobhí leitir
leathscríobhtha agamsa roimhe seo chughat, atá dhá bhliain ó shoin, acht do
hinnseadh dam gur fhágais an Fhanuisc agus go ndeachais go Cosdubh le
Bháiltéar, gidh gurab ón bhFanuisc d'ainmnigheas-sa thu ar scríobhadh mo
bheannacht chughat insan leitir do chuireas chum Michíl Uí


L. 72


Eachthigheirnn: do b'fhearr liom go mbeadh fhios agam an bhfuair sé fós
í.



A fhir ghrádhaigh, atá cuimhne mhaith agamsa dhuit ar an lá dothánga tu
dom ionnsaidhe ar an tSeanachoill, beagán de laethibh sul n-ar fhágbhas í
agus tu go duairc le tromdhortadh deór. Atá cuimhne mhaith agamsa air dhuit.
A Shéamais Mhic Gearailt, labhair le Seán Cúndún agus abair leis go bhfuil
fear ins an bhaile seo Utica, fear dá ngoirthear Éamonn Brún, bráthair
fogus do mhnaoi Sheáin Cúndún. Tá sé i gcaidreabh liomsa: búistéireacht
do leanann sé. Atá sé pósta agus é ag déanamh go maith. Impidheann sé
ar Sheán agus ar a mhnaoi scéala do chur chum a dhearbhráthar .i. Pádraig
Brún agus a rádh leis scríobhadh chuige. Scríobhadh sé insan
Ghallbhéarla, ní hionann is mo leitreacha-sa, agus arn-a críochnughadh
dhó, dírigheadh sé í chum Éamonn Brún, Utica, Co. Oneida,
State New York, nó chughamsa le n-a tabhairt dó.



Tabhair mo bheannacht dom dhearbhráthair, Tomás Cúndún, agus abair leis
gan smaoineamh ar theacht annso: tá obair na háite seo róchruaidh dó, nó
má thagann beidh mairg air. Acht dom thaobhsa dhe, atá mo sháith muirir
orm féin, óir atá dhá dhuine dhéag muinntire agam, mar atá, me féin is
mo bhean, is deichneabhar clainne buidheachus mór le Dia thug dam iad. Atá
mórsheisear baineannach ortha-san, mar atá, triúr dothugas liom ó Éirinn
agus ceathrar ó thánga go hAmerica. Atá fhios agat gur mór an costus
iadsan
uile do chongbháil suas, i mbiadh, in éadach, agus i scoluidheacht, óir
níl acht meas na muic annso ar fhear ná ar mhnaoi gan scoláireacht, agus
go mórmhór daoine óga. Mar sin, níl éanairgead agamsa le cur chuige, agus
má bhíonn éanam an fhaid mhairfead ní dhéanfa me dearmad de. Atá súil
le Dia agam nách fada go dtiocfaidh liom congnamh do chur chuige.
Do bhochtchara bithdhíleas go bás,
PÁDRAIG CÚNDÚN.


L. 73


XXII. Laoi na gCrann



Pádraig Cúndún cct, i Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair
Utica, i Stát New York. Arn-a stiúradh chum Séamus mac
Gearailt, ar an bhFanuisc, i bparóiste Chluain Príost,
láimh le hEóchaill, in Éirinn.




227
Atá ceist agam chughaibh le ciúineas caoinis,
A choimhthionól na seana-Ghaoidheilge;
Ní bhfuil innti acht fíor gan gó,
'S ní tomhasfidh í acht eóluidhe cóir.



228
Cheithre crainn dochonnac i gcoill,
Ba bhreaghtha scéimh, gné agus gnaoi,
Dobhí as gach crann díobh crann ag fás
Comh-reamhar, comh-fhoirtil, comh-árd.



229
Ba dhá chineál dóibh seo adeirim,
Dhá bhláth is aon toradh
Ocht, dar liom, a n-uimhir gan cham,
Is ní raibh ionnta acht aon chrann.



230
A bhárdaibh Éireann is léire eagna,
Ársa, léigheanta i ndréachta seanchuis,
I laoi Gaoidhilge innsidh ceart
Brígh gach crann díobh fá seach.


L. 74


231
Ocht sioscad, ocht gcéad, ocht gcaogad, ceathair is trí,
Ochtmhoghad, ocht sé, ochtdéag, i gceangal dhá dhís,
Seo an uimhir do b'aos don Aon dá ngairmthar Críost,
Is ocht cinnte ar naoi de laethibh Spaidire scríobhas.



XXIII. Freagra Shéamuis mhic Gearailt.
232
B'í an choill an Naomh-Scríobh
Má's léir go dtuigim fíor
Nílim beacht ná deisbhéil,
Aitchim gaibh mo leathscéal.
Cheithre fáidhe den tseandlighe
Tharraing feas ar theacht Ríogh,
Cheithre réaltan ba follus
Ar Aon-Mhac Dé thug solus,
Cheithre suibhscéal san reacht nuadh
Dáileas teacht an Mhic 's A bhuadh,
Tairis gealla feas na bhfáidh
Chum glanta peacadh sleachta Ádhaimh:
B'iad na cheithre fáidh seo na stuic
Noch labhair ar teacht an Mhic
Is do b'iad na fáis na farais-mhuin
Maitiú, Marcus, Lúcás, Eóin.
Ba dhá bhláth san dara feacht
Amhail tuitim an dá reacht
Do b'ionann forus soluis dóibh
Éadhon, sonus pobuil mhóir.
Cheithre fáidh mar tá ar dtúis
Le sna cheithre suibhscéal tomhais,
Badh hocht a n-uimhir san le ceart
'S níor nochtadh leó acht aon reacht.


L. 75



XXIV. Freagra Dháibhí de Barra
233
Pé ar bith fear do scríbh an rann
Is chuir fírinne crosta i Laoi na gCrann
Ba mhaith an radharc dó é gan mheang,
Mar isé Dia féin dochonnaic sé ann!
Na cheithre crainn dochonnaic sé tria
An Tríonóid Naomhtha in Aon Dia
Is táid ceangailte dá chéile chomh dlúth sa chás
Nách fios cia dhíobh ar a bhfuil an tAon eile ag fás.
Is múineann ár gcreideamh dúinn gach am
Go bhfuilid comh-árd comh-fhoirtil, comh-reamhar:
Dobhí an tAthair 'n-a Dhia gan cumasc daonna
Is an Mac 'n-a Dhia is 'n-a Dhuine in aondacht
Dobhí bláth na daonnachta ar an Mac gan barracht
Is bláth na Diadhachta bhí ar an Athair
Is b'éantoradh dhóibh gan claonadh
Óir b'é a dtoil saoradh na cine daonna.
As a chéile ó táid ag fás mar mhaoidhimse,
Doghníd nuimhir a hocht den Aon-Dia cinnte.



XXV. Óm chroidhe mo scread



Dán duairc dubrónach Phádraig Cúndún tré bhás a mhná,
.i. Maighréad Nic Chárrthaigh, ag Machaire an Fhiaidh, taobh le
cathair Utica i Stát New York, san bhliain 1840.




234
Óm chroidhe mo scread ag teacht go cruaidh,
M'adhbhar buaidhre beacht de shíor,
Mo bhean fé líog 'n-a luighe insan uaigh,
Creach do bhuail mo dhreach le saighead.


L. 76


235
Gach mír dar gabhadh liom den domhan,
Ar muir na dtonn 's ar tír,
I ngníomhra glana maithe is méinn
Bean níor léir dam mar í.



236
Ní hiongna mise i dtreallamh daol,
Ar nascaibh léin dá héis foríor,
Easa duairc le bruach mo dhearc
Is tuargaint neart na gcnead dom shnoighe.



237
Gach uile oidhche is cách 'n-a suan,
Sámh i suaimhneas searca síoch,
Bímse i bpúdhair go dúbhach docht,
Ag crúdh mo rosc le tosc ag caoidh.



238
Is cráidhte caithte i ngalar dógha
Mo phearsa i gcló na bhfear do chríon:
Dá ngoireadh orm sochma an bás
Do chroithfinn mo lámh leis.



ó.m. ch.r.o.i.dh.e.


L. 77


XXVI. Is truagh san



I mbl. 1847



239
Is truagh san treabha chlanna Mílidh thréan
Duairc le fada i bhfearann Ír mo léan:
Gan tuaith gan teannus ceannus ríoghacht ná réim,
I nguais ar easbhaidh beathadh, fillte, faon.



240
Cuallacht Chailbhin bhradaigh, bhreillsigh, bhréin.
Do ghluais ó Bhreatain, shailig Ínse Néill;
Cuaine is measa bearta dlighe agus méinn,
Sluagh ler leagadh sleachta shinsear Gaedhal.



241
Luascaid leagaid marbh síos go préimh
Uaisle cearta, flatha, síol na saor,
Scuabaid scaipid sagairt síothach séimh
Ó shuan na leabthan, caithte i gcoillte ar strae.



242
I mburach gach baile in arm shuidheadar maor
Ag suathadh ag smalcadh ag sracadh ó shaoithe a séad,
Fuadach tapa ag snapadh a maoin 's a spré
Gan luadh ar a gcasadh acht bagairt cloidheamh is pléar.


L. 78


243
Dfhuaghadar alta ar bhaitheas cinn gach aon,
Ualach sratha is ceangal cíosa daor;
Truaill-ghruigh bhraithte ag caitheamh saighead le fraoch,
Dochuaidh a ngaithe treasna trínn go haeibh aeibh.



244
Monuar! is eagal creatha croidhe liom féin
Gur uabhar, faladh, masladh, bruidheanta is bréag,
Cluain is cleasa cama is gníomhra claon
Le fuath don pheacadh tharraing díoghaltus Dé.



245
Buaire namhad ag fealladh síor gach lae,
Buan ag creachadh cealla thír na laoch,
Cruadhas a reachta chealg mílte céad,
Dfhuar dá ndeascadh cneastacht caoineas béas.



246
Thuas an tAthair aitchim guidhim thu is éighim
An tUan do Mhac, is fearta an Fhíor-Spirid Naomh,
Fuascail glasa Chatolaicí do thréad,
Buail a gceasna ar Ghalla mhill do chléir.



247
Fuacht ní chleachtaid, fearthainn, síon ná gaoth
Acht suaimhneas seascair, fleadhtha, fíonta is féast;
Is suairc leó a mbeatha, ag alpadh bídh le craos,
Má bhuaidhid na flaithis, aca is aoibhinn saoghal.


L. 79


XXVII. Leitir



Pádraig Cúndún, i Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i Stát
New York, san Mír Iarthar, tré sheachrán na beathadh boichte seo, dochum
Tomás Ó Briain, i Móin Choitcheann, i bparóiste Bhaile Mhacóda, i
gConndae Chorcaighe, in Éirinn, an seachtmhadh lá fichead de Bhealltaine,
1848.



A chomhdhalta ghrádhmhair:



Is mian liom an beagán línte seo do scríobhadh it dháil, dá fhiosrughadh
cionnus mar atá tú féin is do chuid go huile. Tá mo mhuinghín iomlán i
nDia go bhfuil sibh uile i sláinte mhaith: tá mo mhuinntirse uile mar sin,
buidheachus mór do Dhia.



Guidhim tú scéala do chur chugham cionnus mar atá na barraí in Éirinn i
mbliana. Is clos dam gur dealbh, easbhathach tearcbheathach, dícháirdeach
... naoi nó deich de líntibh dar cheart bheith annso agam, táid siad
éalaingeach, toisc an leabhar do bheith briste ... don bhaile margaidh so
atá againn-na, .i. Utica. Trí ceathramhna dalaeir an buiséal atá ortha
ann, acht táid siad níos saoire 'ná san isteach i gcrioslach na tíre,
abhfad ó bhailtibh móra. Buiséal coirce annso, leath-dhalaeir atá air.
Céad den mhin bhuidhe, dhá dhalaeir. Céad plúir, trí dhalaeir is
ceathramha. Céad mairtfheóla, trí dhalaeir go leith. Céad muicfheóla,
cheithre dhalaeir go leith. Céad ime, ocht ndalaeir déag. Tá gach earradh
dhíobh so uile níos saoire 'ná san insna Stáit Siar, agus mórán níos
daoire i New York agus i gcathrachaibh móra eile.



Cuirim mo bheannacht chughat féin agus chum do mhuinntire go huile, chum mo
cháirde, mar aon lem sheanchomhursnaibh.


L. 80



A scríbhinn, nascaim go cruaidh ort,
Tabhair go buacach dil dán
Mo mhíle beannacht seacht n-uaire
Do Mhicheál† searc-uasal †Ó Glasáin.




Féach, na laethanta déadhanacha dham in Éirinn, do loisceas lán
? bosca de pháipéar breac-scríobhtha i gceól ranna, acht dochuaidh aon
iarracht amháin saor gan dóghadh. Dofuaireas é chúig mhí óchoin. Do
ghoileas mo dhóithin an uair dochonnac é, óir is beag an chuimhne dobhí
agam ar an dtráth do scríobhas é ar an Seanachoill in Éirinn gur annso
bheinn dá léigheadh. Tabharfad duit é:



Féach VIII.



Insan am n-ar chéadchuireas-sa leitreacha abhaile ón dtír seo, do chuireas
leitir chum Seán Cúndún, láimh le hEóchaill, acht ní bhfuair sé í:
d'imthigh sí ar seachrán. Dobhí seacht bhéarsa ceól dáin innti.
Tabharfad duit annso iad:



Féach XVI.



Anois chum ná cuirfinn leitir fholamh chughat, tabharfad duit annso na ranna
ceóil déadhnacha do scríobhas ná a scríobhfad go héag arís:




ANBHFAINNE GHAEDHAL ÉIREANN
Fonn: "Fágaimís súd mar atá sé"



248
A Éire mo dhanáid do chaithmhilidh treóin,
d'fhlaith díleas, d'fhóirne, agus d'fháidhe,
Do chléir is do dhaltaí, do ghaiscidhigh do leóghain,
Do cheap craoibhe cródha is do mhánaigh
I ngéibheann fé ghlastsnaidhm i dtrapgheimhleach bróin
Ag méirligh do chreach Ínse Airt, Ír, is Eóghain,
Faolchoin do mheascmhill le reachtdlighe gan chóir
Sleacht saoithe i bhFódla do b'ársa.


L. 81


249
Staonadh ar fad síos i dtearcbhrígh thar fóir
Scaibh chraoibh Oilill Óluim is Dhál gCais,
Laochra Chonrí agus caithidhe Bhriain Bóirmhe,
Gamhanraidh is treóir chlainne Carrthaigh,
Tréadtha shearc Meídhbhe ghlandíorma i ngleó,
Géaga na bhfear ríoghdha mhearíogair scóip,
Éibhir mac Míleadh shleaghlíomhtha i dtóir,
Cheat Shíorna is pór Chonaill Cheárnaigh.



250
Traochadh i dtreas daoirse phreasphoimpeach mhó
Treabh taoisighh mhódhmhair 'n-a dtáinte
Le bréaga, le bradghail, le mailís, le móid
Machtírí d'fheóil bhinb Mhártain
Léan-adhbhar pairíllis faithchís crith sceóin
Éisteacht le sceamhghail na gclamhbhuidhean gach ló
Séideadh 'n-a saithíbh le gal gaoithe ceó
As creasíochtar phóirse uilc Shátain.



251
Ag téarnamh don drastsíol go Leath Chuinn 'n-a slógh
Sealbhuighid le fóirnearta námhad
Séada na sean-Ghaoidheal, a n-earraí is a n-ór
A mbailtí, a stóir is a n-áruis
Gan bhuidheachus, go casnimhneach, athmhaoidhid gur leó
An t-éan, an t-earc caoirigh, an t-eachín 's an bhó,
Gan daonnacht gan deaghchroidhe do leanbhaí cé óg
Acht lag-shuim i ngeóinghail na ngárlach.


L. 82


252
In éinfheacht ar marcaigheacht ag teacht bíonn an chóip
Gan neach puinn 'n-a gcomhar acht a gcáirde,
Gréasta gan sal teimheal i mbrait míne sróill,
Le flasc suidhid ar cóisir go gnáthach:
In aolbhrog 'n-a gcathaoir ag feadghal 's ag ceól,
Ag scléip is ag fastaoim 'n-a hallaíbh 's ag ól,
A méadail go baic líonta d'fhleadh, d'fhíonta, 's d'fheóil,
Ag cneadghal go sóghmhach le háthus.



253
Tréadhnus ní thaithighid le gean shíor do phóit
Ag casaoid ar chomhairle na mbráithre,
Séanaid a bpeacaí 's ní admhuighid go deó
An aibíd an t-órd is an Pápa;
Géillid gur maithshlighe go deas ríoghacht na gcomhad
Craos, bainis carghais, is mairt Aoine ar bórd,
Is léir linn gan mhearaidhe, má's ceart fíor san dóibh,
I gceachtscríbhinn Phóil níl acht rádhmhail.



254
In éiric a gcleas shlím go beacht íocfaid fós,
Beid lag cnaoidhte clóghonta cráidhte,
Gan éide gan bairghín gan paillín gan póirt,
A gcreat chríon gan fóirthin i ngábhtar
Léightar i stair laoithe chan draoithe romhainn
A dtréithreatha tanaí thar calaidhibh sa bhfoghmhar,
Ag scéachant a gceasnaí le screadchaoi gan lón,
A bpeannaíd ní ponncach Lá Pádraig.


L. 83


255 - An Ceangal:
A shoirbhshliocht laoch do b'fhéile i mBanba anallód,
Ag cosnamh don chléir is déarcach cneasta le dreóil,
Is doilbh bhur scéal fé mhéirligh Bhreatan i ngeóc,
Ag obair mo léan ar réal bhocht bheathadh sa ló.




Ó! a fheara bhochta chríoch na bhFuineadhach, a shíol na saor-shaoithe,
is doiligh liom bhur gcás ag obair go docht nocht gan bhiadh gan phágh, fé
chruaidhreacht claondaoirse namhad. Is truagh liom nách féidir libh dícheall
éigin do dhéanamh ar theacht don tír seo, áit n-a bhfaghadh sibh luach
bhur sláinte. Éinfhear go bhfuil éanmhaith in éanchor ann, tá fiche
púnt san bhliain, biadh is deoch, aige, agus dá ndéanadh fear oiread le
triúr in Éirinn ní bheathóghfaí ar a chuid oibre é chomh maith is do
bheathuightar fear annso agus fiche púnt san bhliain aige. Tá daoine bochta
insan tír seo féin, acht níl siad chomh dealbh, ná chomh mór de thruagh
le daoine bochta na hÉireann. Níl talamh ró-dhaor aca. Is mór an truagh
daoine bochta in Éirinn a d'iarraidh cíosa do dhéanamh do thiarnaíbh gan
trócaire. Ó, a thiarnaí fhearainn Ír, atá dbhur n-ionfairt féin i
mbiadh, in éadach, in ór, is in airgead, gan truagh gan taise do bhochtán,
ó, cá raghaidh sibh as ó cheartbhreitheamhnus an Árdríogh? Ná fuil fhios
agaibh gur breitheamhnus gan trócaire dhlightar don té ná déanfidh
trócaire? Ná fuil fhios agaibh gur le nbhúr miosúr féin do thomhaisfar
díbh?



Is míle fearr dlighe na tíre seo ar thaobh na mbocht 'ná dlighe na
hÉireann. Féach, dá mbeadh feirm thalmhan annso agat, glactha ar
ghabháltus .i. cíos bliantmhail, agus go dtuiteadh $arréars ort ná féadfá
íoc, dá mbeadh céad bó ar an gcnoc agat ní féidir le tiarna na talmhan
teacht ar éincheann díobh: níl le fagháil aige acht an talamh; cé, is
féidir le fear na bhfiach teacht ar an stoc, acht is éigean do-san féin
dá chapall, bhaigín, cliath, céachta, srl., aon


L. 84


bhó, aon mhuc, dhá chaora, is do throscán tighe dfhágain agat, agus mar
sin, mórán de ghlighthibh maithe eile atá rófhada le luadh annso.



Ní leanfad níos fuide: is mithid dam stad; tá an léighthóir tuirseach
agam.



A Thomáis Uí Bhriain, impighim ort, ar ghrádh t'oinigh is t'aigne,
scríobhadh chugham go deifreach, insan teangain Ghaoidhilge. Tá fhios agam
gur féidir leat san do dhéanamh má's méinn leat. Cuir chugham scéala
mar atá sibh uile, mar aon lem cháirde is lem sheanchomhursna. Stiúruigh
do leitir chum Séamus de Barra in Utica, le n-a tabhairt damhsa, agus ar
dhruim do leitre abair mar sin.



Tá súil agam gach am a léighfir ranna na leitre seo go dtabharfir beannacht
lem anam bhocht.




256
A charaid ghaoil 's a shíol mo chomhursan chirt,
Aiste is laoithe ó scríobhas chughaibh thar muir,
Gach pearsa dhíbh dochífe an cunntus san
Lem anam guidheadh ar intinn ionnraic dhil.




Is cosmhail ná scríobhfad éinleitir eile go brách arís. Tá criotán
im láimh: tá mo shaoghal is mo shláinte caithte; tá aois mhór agam.




257
Cruthuigh croidhe in aibghitir leanas Gaoidhilg ón bpréimh,
Lus ar us do chur leis síos dá éis,
Beith 'n-a brot tré chorp na gcaoin-nguth gcaomh,
Is í sin riaghail na bliana is aois dam féin.




Slán leat,
Pádraig Cúndún.


L. 85



XXVIII. Leitir
Pádraig Cúndún, i Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i Stát
New York, an cúigmhadh lá déag de mhí Sosfhás 1849, dochum Tomás Ó
Briain, i mBaile Phéaróid, i bparóiste Bhaile Mhacóda, i gConndae
Chorcaighe, in Éirinn.



An leitir úd do scríobhais chugham an dara lá fichead de Shamhain do
fuaireas í an ceathramhadh lá de Faoillte, 1849. Do chuir sé áthus mór
orm tú féin is do mhuinntir uile do bheith slán i sláinte mhaith. Táimse
agus mo mhuinntir uile mar sin, buidheachus mór le Dia.



Is doilbh dolásach an cunntus do chuiris chugham ar Éirinn. Go bhfuascla
Dia gan mhoill ceasna gach n-aon.



A Thomáis Uí Bhriain, chuala go bhfuil mórán clainne agat, Dia dá
mbuanughadh is dá gcur ar a leas. Measaim gur bh'fhearr dhuit a bhfuil
'en tsaoghal agat do dhíol agus teacht annso, tú féin is do chlann. Saoilim
go mb'fhearr dhuit féin is dóibh-sean oiread Bhaile Phéaróid ar fad do
bheith féin is dóibh-sean oiread Bhaile Phéaróid ar fad do bheith saor
go brách ina stát ag gach n-aon díobh 'ná bheith ag íoc cíos daor
dochraideach as Baile Phéaróid. Ó, is mór an díth céille atá ar
fheirmóiríbh Éireann uile dfhéadfadh triall annso ná tagann ann. Féach
is fearr leó fuireach fó phian daoirse in Éirinn, ag déanamh cíosa do
thiarnáibh tiaránta gan trócaire, 'ná triall don tír seo, áit atá ina
stát go brách ón gcéad cheannach amach. Féach Seán is Piaras Cúndún,
is iad atá gan uireasbha annso. Tá seacht mbó is fiche ag Seán Cúndún,
agus cheithre chapaill. Tá sé bó déag is fiche agus sé chapaill ag
Piaras Cúndún. Tá mórán caoire aca, ós cionn céad aca araon eatortha.
Tá a gcuid talmhan go brách anois aca. Nách mór gur fearr dóibh
sin teacht don tír seo 'ná a gcuid den tSeanachoill dfhagháil, cíos is
rátaí, maoir is báillí ag fuadach a mbeadh aca uatha? Sin é do chomhursa,
Seán Ó Cachláin,


L. 86


ó Fhaithche Bhaile Mhacóda, níl uireasbha bídh ná éadach air: tá feirm
bhreagh thalmhan ceannaighthe amach go brách anois aige.



Micheál Ó Maoileanaigh ó Bhaile Uí Chríonáin, agus a bhean Gobnait Ní
Eachthigheirnn, atáid siad go socair sámh annso i gcathair Utica: atá
airgead spártha aca, agus creideamhaint bhreagh mhacánta aca, agus is
ceart san óir is mar sin atáid dá dtuilleamh.



Ó a sclábhaidhthe bochta Éireann, is truagh ná fuil sibh uile annso, áit
ina bhfaghadh sibh luach bhur sláinte. Agus sibhse, a chailíní bochta ná
fuil dfhagháltus agaibh acht bhur sláinte, ó, truagh mo chroidhe ná fuil
sibh annso. Féach, níorbh'aithnid duit bean nó inghean an fhir shaidhbhir
annso thar mhnaoi nó inghin an fhir bhoicht éanlá do-gheóbhaidís amach,
maille ré héadaighe maiseamhla mórdhálacha, síodaí is ribíní ag
luascadh le gaoith, fáinní óir ina gcluasaibh, srl., srl. Dá n-innsinn
duit fáinní óir do bheith i gcluasaibh mo chlainne féin measaim go
ndéanfá gáire, acht níl éiniongantus le déanamh annso dá leithéid
sin, níl ann acht nós na tíre - "má théigheann tu don Róimh bí it
Rómhánach leó."



Innsim duit annso go fírinneach, dá mbeadh Baile Phéaróid saor agat, go
mb'fhearr go mór duit féin is dot chlainn é do dhíol agus teacht annso
agus fiche baile do cheannach air, dobheadh saor go brách agaibh. Tá talamh
chomh breagh, chomh maith, le héantalamh dochonnaic do shúile, dá díol
annso ar dhalaer an t-acra - áit dá ngoirtar "Na Stáit Siar." Tá oiread
san de agus nách cosmhail go mbeidh a leathdóithin daoine ann go deire an
domhain. An chuid is goire dhúinn de, tá sé ocht gcéad míle uainn. Níl
de gheimhreadh ann acht dhá mhí. Níor fhás éanchrann riamh ar urmhór
na tíre sin. Tá daoine ina gcomhnuidhe i gcuid den tír sin le chúig
bhliadna is fiche gan éinéileamh do chur fós ortha, acht éileóchar uair
éigin iad: cuirfar scéala chughtha teacht agus a gcuid talmhan do cheannach,
go n-oireann do na Stáit an áit sin do dhíol, agus muna gceannóchaid


L. 87


siad-san é go ndíolfar le duine éigin eile é.



Is mar sin dobhéas, acht níl éinnídh le rádh leat tré fhaid atá tu
ann - ní fhiafróchar díot cé dubhairt leat teacht ann! Dá mbéadh a
mhíle oiread daoine isna Stáit is atá ionnta dobhéadh na Stáit níos
míle fearr 'ná mar atáid siad.



Ó, a fheara bochta Éireann, mo chéad truagh sibh fó chuing daoirse danar,
agus talamh annso ina fhásach d'uireasbhaidh daoine do shaothróchadh é!
Dála fir shaidhbhir an tSuibhscéil nár mhaith leis a dhearbhráithre do
dhul go teach na bpian mar a raibh sé féin, níor mhaith liomsa aon dem
chómhursnaibh do theacht annso dá mbeadh an áit go holc, acht ó tá
fhios agam gur míle fearr dodhéanfidís annso 'ná in Éirinn do b'fhearr
liom go mbeidís uile annso ar mhaithe leó féin.



An leitir úd do scríbhis chugham, atá cuid di do chuir iongna mhór orm.
Aon de sna míribh atá scríobhtha innti, ag seo mar adeir: "Atá an teanga
Ghaedhilge féin dá pianadh in Éirinn, má thráchtann ar cheart." Má's
fíor san, is ag an ministir atá an ceart, agus an sagart ar seachrán.



Atá fochall mór sa bhfocal san. Is cosmhail le baothchiall na focail sin,
gur bréag dobhíonn ag sagairt na hÉireann dá innsint don phobul, mar
gur mian leó an teanga Ghaedhilge do phianadh má thráchtann ar cheart.
Muna bhfuil de chúis ag sagairt na hÉireann ar an dteangain Ghaedhilge
acht tré í thrácht ar cheart, is mór an éagcóir atáid siad ag déanamh
uirthi - teanga a dtíre féin do phianadh agus gan aca le cur ina haghaidh
acht má thráchtann ar cheart! Ní cúis san chum éinteanga do phianadh.
Acht is féidir do gach neach creideamh do pé nídh is maith leis féin, gidh,
ní chreidimse gurab é sin adhbhar fé ndeara do shagairt na hÉireann do
bheith ag cosc na teangan Gaedhilge do theagasc ná do léigheadh. Atá
sagairt fófhoghlumtha, róthuigsionach, rosheasmhach ina gcreideamh: atá
fhios go maith aca go bhfuil leabhartha na Nua-Ghall lán de mheabhal, de
cham, de chluain, is de cheilg, agus ní maith le sagairt na leabhartha san
do thabhairt i lámhaibh baoth-Chatolaicí lagthuisgionacha


L. 88


mar sinn-na, ar mhaithe linn, d'eagla ár ngonta, amhail do chosnas
an bhanaltra an aithinne dhearg is an t-arm géar ón leanbh d'eagla a
mhilleadh is a mhealladh:




Do mheall an nathair nimhe Éabha
An tan thug aontadh dá chleas:
Do mheall startha cama céadta,
Mar mheallann bréagchuil an breac.




Mar sin, measaim nách í an teanga Ghaedhilge ar éanchor is intinn le
sagairt na hÉireann do chur ar gcúl ná cosc a teagasc ná a léigheamh,
acht na leabhartha réamhráidhte, atá lán de mhailís, do chosaint ó
Chatolaicíbh gíbé ar bith teanga ina mbeidhís scríobhtha.



A Thomáis Uí Bhriain, atá iongna mhór orm tu do scríobhadh an fhocail
úd, óir do shaoileas go mb'fhearr leat an mhéar do ghearradh dhíot féin
ar dtúis 'ná a shamhail dfhocal dfheicsint scríobhtha tar a héis, focal
baoth, aimideach, éagcórach, tochraiste le nimh. Ó! Ó!




258
Is milis céadta scéal is ceacht,
Is milis béal ná scéidheann acht ceart;
Ní milis briathra bhrille-bhreaille,
Is luige a gciall ná coipe caise.



259
Cos istigh is cos amuich
Ní bhfuil cóir is dócha liom;
An ceann fén bhfárdorus, lámh ar tairsigh,
Is bocht an cás má thá san mar sin.


L. 89



Insan bhliain 1849, Pádraig Cúndún adubhairt:



260



A Chláir Luirc m'osna 's dortadh déar mo dhearc
An tásc dochloisim ortsa i gcéin thar lear,
Ár is gorta ag coscairt Gaedhal ar fad
Is cáin gan sosadh ag lomadh an méid do mhair.



261
Is ádhbhal doiligh cortha an scéal so ag teacht,
Sárshliocht Eochaidh, Oilill, Néill is Airt
Dfhás dfhuil fhoirtil Gholaimh mbéim na gcath
Támh i ngustal, croithte in Éire ar nasc.



262
Táin gan dochma chosnaimh féile is feas
Láidir lorca toighte in éacht 's i neart
Rábach ronnta ag toirbhirt déarc don lag,
Páirteach pronnta ag bronnadh séad le searc.



263
B'fháilteach sioilbh soirbh séimh a seal
Gáireach grothmhar gonta gnéitheach glan
Gnáth gan doicheall, cogar clé, ná clea
Go dtáinig cogal crosta claon 'n-a measc.



264
Mártan d'oscail dorus daol an daimh,
Sháruigh, bhrostuigh crotal taod amach,
Lán de chothach cogaidh, dfhraoch is dfhairp,
Barr ar thosain d'olc ag traochadh treabh.


L. 90


265
Ál do ghoirtigh pobul Éilge shean,
Dfháisc le fochall dochar daor is caimh,
Dfhág go follus follamh céadta flaith
Scáinteach, scoithte, ag cromadh fé n-a smacht.



266
Mánaigh crochaid obann, déinid creach,
A n-áruis loscaid, tollaid cléir le gaith
Beárnaid, stolaid Eochair Dé na bhfeart
Is fearr leó cothrom torc is méathrus mairt.



267
Grádhaid a mbolg, slogaid craos go beacht,
Rádhaid go rochaid socair saor go neamh,
Sámh má leogtar cosa an tréid isteach,
An Pápa sochma a throscadh is baoth 's a reacht.




Cuirim mo bheannacht chughat féin is chum do mhuinntire go huile, chum
Micheál Ó Glasáin, srl., chum Seán Mac Pádraig Uí Fhinn, srl., chum
Tomás Ó Néill is chum Pilib Ó Néill, srl., chum Diarmuid Ó
Cruadhlaoich, srl., Ó! uch! Ó!




268
A ríoghacht chrúcheart na bhflaith do b'fhearr sa chruinne,
Is caoidhe liúm creat na mbeart le spás mar d'oilis,
An fíonúir glas ag meath gach lá 's ag tuitim
Is crainn thrú sceach ag teacht 's ag fás 'n-a n-ionad.




A Fhódla, is fíor gurab iad san an chineál bheart atá agatsa dá
n-altram le cian. M'osna!


L. 91


Mo bheannacht annso chum mo cháirde go léir mar aon lem sheanchomhursnaibh.
A Thomáis Uí Bhriain, guidhim tu, scríobh chugham go deithinsach. Cuir
chugham scéala an mbeadh éandúil agat triall don tír seo. Ní mholfainnse
leat í muna bheadh go bhfuil fhios agam gur míle fearr de thír í 'ná
tír na hÉireann, agus bíodh fhios agat ná beidh tú féin ná aon det
mhuinntir go brách leat chomh maith is ba mhaith liomsa sibh uile do bheith.
Féach Micheál Ó hEachthigheirnn ó Chluain Príost: do cheannuigh sé
feirm thalmhan timcheall dhá mhí óchoin, 56 acra, talamh coille, chúig
dhalaeir, nó cheithre dhalaeir go leith, an t-acra, ní cuimhin liom cia
aca. d'íoc sé síos láithreach céad dalaer den airgead. Ní raghaidh sé
chum comhnuidhthe innti nó go n-íocfaidh sé an t-airgead uile, agus is
gearr go n-íocfaidh óir atá sé ag déanamh go dianmhaith. Tá sé féin
is a mhuinntir uile i bhfochair a chéile in Utica agus iad ag déanamh go
maith. Beidh an fheirm sin saor gan mhoill 'n-a stát go brách aige. Nách
fearr don bhfear-san teacht don tír seo 'ná fuireach i gCluain Phríost:
cad a bhí aige le fagháil ann acht obair gan bhiadh gan phágh?



Ní raibh prátaí go sármhaith insan tír seo i mbliana, óir dobhí an
bhliain rothirim. Ní dhearna sé éinfhearthainn ó Bhealltaine go meodhán
Deascair .i. September. I dtalamh áird thirim is measa dobhíodar, acht
níor dhreóghadar éanchuid díobh. Dhá thomhas de mhíosúr Eóchaille do
bhíonn insan bhuiséal annso. Baraille coirce annso .i. 14 clocha, ocht
scillinge d'airgead Sacsan. Céad mairtfheóla, cheithre dhalaeir. Céad
muicfheóla chúig dhalaeir go leith. Céad ime seacht ndalaeir.
Tá talamh daor go leór timcheall na háite seo 'n-a bhfuilim-se, óir níl
éantalamh choille le fagháil ann. Do fuláradh chúig dhalaeir is dathad
damhsa insan mí láithreach, ar an acra dem fheirm féin dá ndíolainn í,
agus do dhíolfainn mura bheadh an bás agus doraghainn siar, áit n-a
bhfaghainn talamh is dhá fearr 'ná í ar dhalaer an t-acra.


L. 92


Tá mórán dem chomhursnaibh ag díol a gcoda agus ag dul ann. An fear do
bhí ag Máire Chúndún do dhíol sé a chuid talmhan bliain ó shoin:
dochuaidh sé féin agus do cheannuigh sé céad is trí fichid acra ar dalaer
an t-acra.



Do ghabhas aithghearr ar lán focal insan leitir seo, óir ní mór mo ghean
dfhocalaibh fadeirballach.



Slán leat,
PÁDRAIG CÚNDÚN.
XXIX. LEITIR



I Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i Stát New York, an
t-ochtmhadh lá déag den mhí Tiumurga, 1851, Pádraig Cúndún dochum
Tomás Stac, ar an mBarúnmhuigh, láimh le hEóchaill.



An leitir úd do scríobhais chugham an deichmhadh lá de Ghalaorga
1851 dofuaireas í.



Do thráchtais liom ar dhuine uasal mhaith dobhí in Eóchaill, go raibh sé
ar intinn seanchus Eóchaille do scríobhadh agus gur mhaith leis, má bhí
éintseanchus ar Eóchaill agamsa, a chur chuige. Níl éintseanchus ar
Eóchaill agam le cur chuige agus is soith liom san go deimhin, agus dá
mbeadh do chuirfinn chuige é, cé go raibh Sinsiridheacht Chonndae
Chorcaighe uile agam. Dothugas dhá leabhar Gaedhilge liom ó Éirinn, aon
díobh "Aois Cheall Éireann." Seanmháistir scoile de mhuinntir Shíothcháin
ó Chonndae Luimnigh dfhág na leabhartha so agam dhá bhliain déag sul
n-ar fhágas Éire, óir do stadadh sé im fharaid ar an tSeanachoill, acht
an lá déadhnach dobhí sé im fhochair d'iarr sé naoi scillinge ar iasacht
orm agus go bhfágfadh sé an dá leabhar i ngeall agam go teacht arís dó, ar
chonnradh gan éinleabhar díobh do thabhairt i láimh éanduine mhair, ar
eagla ná beidís roimhe an tan do chasfadh sé - go raibh sé ar aigne dul
go Corcaigh agus scoil d'oscailt ann, go raibh daoine saidhbhre gaolmhar dó
ann. Dothugas


L. 93


na naoi scillinge dhó ar an gconnradh san. d'imthigh sé uaim. Ní
bhfuaireas a thuairisc beó ná marbh ó shoin, acht dothugas na leabhartha
liom don tír seo.



An chéad shamhradh iar dteacht amach dúinn dobhíomair ar lóistín i
dtigh ósta choitchionn, trí mhíle ón mbaile mór amach: dobhíomair ag
obair ar chineál nuadh dobhí dá dhéanamh ann. Dobhíodh an tigh sin lán
d'Éireannaighibh de ló is d'oidhche. Dobhí fhios ag cuid aca na leabhartha
Gaedhilge do bheith agamsa agus do léigheadh cuid aca féin an Ghaedhilg. Do
bhídís ag iarraidh na leabhartha orm: dothugainn dóibh le léigheamh iad,
óir níor mhaith liom a bheith dá loc; acht cidh trácht, do ghoideadar
chúig leabhartha uaim, mar atá "Aois Cheall Éireann," "Sinsiridheacht
Chonndae Chorcaighe," agus trí leabhartha beaga eile, agus is ar na
Corcaighigh is mó atá amhrus agam gurab iad do ghoid iad - daoine ó iarthar
na Conndae!



Mar sin, d'easbhaidh na leabhartha san ní féidir liom éin-tseanchus
bunúdhsach do chur chum an duine uasail sin ná ainm na ndaoine do thionnscain
ar dtúis oibreacha do dhéanamh in Eóchaill d'innsint, ná dátaí na
mblianta n-ar tionnscnadh ná n-ar críochnuigheadh iad, do thabhairt uaim.
Acht tá fhios go maith agam go ndubhairt an leabhar úd .i. "Sinsiridheacht
Chonndae Chorcaighe" gur "Ailbrin" an chéad ainm riamh dobhí ar Eóchaill
.i. Carraig Choillteach, óir is ionann "ail" nó "carraig" agus is ionann
"brin" nó "coillteach"; ionann "Ailbrin" nó "Carraig Choillteach." Agus is
é adhbhar fá ngoirthear Eóchaill d'Ailbrin, laoch láidir lánchalma darbh
ainm Coll mac Cuill dotháinig go hAilbrin. Dobhí an tréinfhear so ar
intinn dul go Sasana chum congcuis do dhéanamh, acht d'éag an curadh so in
Ailbrin beagán de laethibh iar dteacht ann dó, agus dfhág sé le n-a
udhacht é d'adhnach ar bhruach na mara i ndeisceirt Ailbrin. Dorinneadh
amhlaidh san. Do tochaladh a fheart i mullach na carraige dá ngoirthear
Carraig Eóchaille indiu, agus an uaigh in ar cuireadh é do goireadh


L. 94


Uaigh Chuill di, agus do lean an ainm sin d'Ailbrin ó shoin, acht i bhfad na
haimsire dorinneadh atharrughadh ar an bhfocal, mar atá "Eóchaill" do
rádhas in áit "Uaigh Chuill."



Tá cuimhne mhaith agam gur mar sin adubhairt an leabhar.
Do réir an teastuis mhaith thugais dam ar an nduine uasal san in Eóchaill,
má chuireann roimhe Sinsiridheacht Eóchaille do scríobhadh, tá súil agam
le fuath ná grádh do Ghall ná do Ghaedhal ná déanfa sé moladh ná
caineadh, éagcóir ná leathtrom ar éanduine, bocht ná saidhbhir, acht do
réir mar do thuilleadar, idir olc is maith, comh fada agus is féidir leis
faisnéis fírinneach dfhagháil amach. Starthóir ar bith ná cúmthas an
riaghail sin in a scríbhinn ní caoin-starthóir is cóir do ghairm de acht
roithleán fonomhóide, scilgeóir éitheach, ag magadh fé féin is fé
chách.



Cuirim mo bheannacht chughat féin agus chum do mhuinntire uile. Tabhair mo
bheannacht do Thomás Hárbhí: is maith liom go maith é: duine uasal
macánta. Cuirim mo bheannacht chum mo cháirde go léir mar aon lem
sheanchomhursna.



Guidhim tu, ná bí feargach liom de chionn fhaid atáim gan scríobhadh
chughat. Níorbh'fhéidir liom tré phian atá im thaobh le tréimhse mhór
is bliain. Impidhim ort scríobhadh chugham chomh luath agus is féidir leat.
Críoch, an t-ochtmhadh lá déag de Thiumurga insan mbliain:




269
An deich roimh a ceathair is an ceathair roimh a trí
An naoi roimh a hocht is an t-ocht i ndiaidh an naoi
Sin aois Íosa, ár nUachtarán,
Scríobhtha i nGaoidhilg chruaidh lem láimh.



270
Peith liom cúmtha dlúth le hailm i dtroig
Idir choll úr nuin is úr nuin cheanglann duir;
A fhir mhodhmhail ionnraic 's a úghdair sheanchuis suilt
Sin togha cunntuis stiúrtha ar mh'ainm agat.


L. 95


XXX. LEITIR.
Pádraig Cúndún, i Machaire an Fhiaidh, taobh le cathair Utica, i Stát
New York, an 30 de Mhárta, 1852, dochum Tomás Stac, ar an mBarúnmhuigh,
láimh le hEóchaill, i gCo. Chorcaighe, in Éirinn.



An t-ochtmhadh lá déag de Dhílinneach 1851 do scríobhas leitir chughat:
measaim go bhfuairis í, óir do scríbh Maighréad, do dheirbhshiúr, leitir
chugham an dara lá de fhionaire 1852. Adubhairt sí liom go bhfuil triúr
det chlainn inghean anois i Merica, agus is maith dorinneadar san.
Is maith liom tu do chur scéala chugham a bhfuil sé ar t'intinn teacht don
tír seo. Measaimse ná fuil éinnídh is indéanta dhuit 'ná teacht annso,
tu féin is do mhuinntir uile le chéile. Má thriallann tu don tír seo ní
bheidh baoghal ar bith ort: déanfa tu go maith ann le congnamh Dé.
Atá congnamh maith anois agat, agus muna thriallair annso go luaith saoilim
gurab amhla bhéas do chlann, do réir mar d'aosóghaid siad, ag teacht annso
ina n-aon is ina ndís, ó bhliain go bliain, is ó am go ham, agus má's mar
sin a bhéas measaim gur cian ó chéile dobheid in oirthear is in iarthar,
i ndeisceart is i dtuaisceart na tíre seo: is gearr ná beidh fhios ag cuid
aca cá mbeidh cuid eile aca.



Agus má's in Éirinn is mian leat iad dfhuireach, bíodh is go mbeadh feirm
thalmhan féin ag cuid aca, b'fhéidir go mbeadh cuid eile dhíobh gan éanfhód
talmhan, fuar, nochtaithe, gan ionar gan éadach, ag obair go cruaidh
cráidhte fé sháil bhráca eascarad, gan leathluach a sláinte le fagháil
aca, gan de bhiadh aca acht an criochán práta agus tearcbhraon de bhainne
ghéar bhearrtha, nó bláthach ghreanncach gann-tomhaiste acht nó? an
t-uisce. Dá dtuiteadh amach go mbeadh biadh b'fhearr 'ná san ann, am ar
bith eile, dob'fhada ón sclábhuidhe bocht a bhlas dfhagháil: chaithfeadh
an spaidmháistir dó féin é,


L. 96


acht ní har aonchlár leis an bhfear oibre;
ní shuidhfeadh sé ina fhochair, le doicheall is drochmheas air.



Féach, dobhí comhursa dham ar an dtaobh eile thall de mhacha agam ar an
Seanachoill. Dochínn an fear san lá n-aon dobheadh scadán mar nuadhacht
aige le poimp taidhbhse mustard is annlann: ní íosadh sé an scadán ar
aonchlár le buachaill is cailín dobhíodh aige; níorbh'fhuláir dó é
dfhagháil san chúltseómra, dar leis an buachaill is an cailín do bheith
rótháir chum é féin do shuidhe ar aonchlár leó, agus gan insan bhfear
gcéadna féin acht báltaire bórach bacach, gan eólus na muice aige. Ní
raibh fios ar éinnídh aige, acht d'aithneóghadh sé air féin ca shoin do
bheadh sé tinn nó breóidhte, ca shoin dobheadh tart, fuacht nó ocrus air:
d'aithneóghadh an mhuc na nídhthe sin do bheith uirthi féin chomh maith
leis-sean. Ní íosadh an slabghliomach úd an scadán ar aonchlár leis an
mbuachaill is leis an gcailín agus iad ní b'fhearr de chuideachtain is de
shíolrach 'ná é féin.



Ní mar sin don mhuic, d'íosadh sí a cuid i gcomhar is i gcuibhreann na muc
eile: ní bheadh scorn ar bith uirthi. Féach, do b'fhearr eólus na muice
insan phoinnte sin 'ná eólus an ghliobóg sruimile úd. Do-chuala go bhfuair
sé bás ó d'fhágas Éire. Ní fearr ina bheathaidh é, ná a leithéid
eile do phúca phreiceallach mheigeallach oilcbhéasach, óinmhid, dúda, is
dúnsa doirgeach drochmhéinneach. Is beag an iongna gach ár is gorta,
dochar is daorbhroid dá bhfuil ag tuitim le seal ar mhórán de Ghaedhlaibh
Éireann, óir do b'olc an lucht a lán díobh: is iad dobheadh go
tarcuisneach ar a gcomhchréatúir dá ráineóghadh dóibh féin bheith oiread
is aon únsa amháin ós a gcionn insan tsaoghal.



Féach feirmóirí na tíre seo, bíonn biadh is deoch gach uile lá insan
bhliain aca chomh maith is dobheadh ag éanduine uasal. Ní bhíonn éanscorn
ortha iad féin, a mná is a gclann do chaitheamh a gcoda ar aonchlár le n-a
lucht oibre: aonbhiadh is aonchlár dobhíonn aca uile. Ní dhéinid siad
dála Sheáin an scadáin, do chognadh a chuid insan tseómra go hamplach
doicheallach.


L. 97


Agus samhailt eile Sheáin de chineál daoine, is beag an dolaidh iad do
bheith mar atáid, go cúthail, cráidhte, fó láimh daoirse Gall, óir is
follus go bhfáiscfidís féin an tsnaidhm ar an mbocht chomh docht is do
dhéanfadh an Gall nó fós níos measa dá mbeadh ar a gcumus.
Breithnigh na nidhthe seo uile. Féach isteach ionnta. Má thógair mo
chomhairle fágfa tu Éire, tiocfa tú annso chomh luaith 's is féidir leat,
tu féin, do bhean, is do chlann, sibh uile le chéile. Muna ndéanaidh tu
san is eagal liom go mbeidh aithreachus ort i ndeire do shaoghail, an tan do
bheidh tu ró-aosta agus nách fiú dhuit teacht annso. Tuille eile is
baoghlach liom gur fada, fánach, scáinteach ó chéile a bhéas urmhór do
chlainne abhfad uait. Acht ná déin éinnídh dom ghlórsa. Más's dóigh
leat gur fearr dodhéanfá mar a bhfuilir 'ná annso, fan ann. B'fhéidir
go mb'fhearr. B'fhéidir go mbéarfadh dall ar ghirrfhéidh! Is féidir
leat do thoil féin do dhéanamh. Acht tá fhios go maith agamsa gur céad
fearr dodhéanfadh do chlann annso 'ná in Éirinn. Dochuala gur éag "An
Baoltach." Níl fhios agam a bhfuil san fíor, acht tabharfad duit annso
feartlaoi do scríobhas i gcomhair a líog chinn uaighe.




SAILM PHÁDRAIG CÚNDÚN
LE HANAM "BHAOLTACH NA CLEITHE"



271
Mo shalm a mhaoir a bhroinnsigh mhalluithe ar siubhal
Let anam gan chaoidh gan díth gan mhairg gan brón,
Badh mhaitheas do dhaoine in Ínse Fhearguis Fionn
Do mharbh dá mb'fhíor in aois do sheachtmhaine ár dtúis.


L. 98


272
A chreachaire feill do mhill le camachlis lúb
Gach baile 'n-a mbíodh do shlighe 's do thaisteal 'n-a gcionn,
Níl tairbhe guidhe ar intinn t'aisiog ón úir
Nár chasair arís a chnaoidhcháin chealgaigh chughainn.
$Amen.




Acht, anois féin, má's fíor gur éag An Baoltach, nó pé am is críoch
beathadh dhó, má's go hifreann is éigean dó dul, déanfidh a bhás aonmhaith
amháin do mhaoraibh cleithe na cruinne! Óir is cinnte ná leigfidh
eagla don diabhal éinfhear cleithe eile do ghlacadh go brách arís,
céasfaidh rógaireacht An Bhaoltaigh é chomh mór san! Is léir gur scéal
adhbhal áthuis i bhfearann Fódla, do shlóigtibh Gaedhal má tá An
Baoltach scartha leó, cé ná raibh de cheannus riamh aige acht a chleith
agus a labhartha bréagach, taodach, cealgach, ag cúlghearradh na gcomhursan:




273
Drannaire tiubaisteach, pusaire clé is droinn air,
Abhac gan chumus, acht cliob aige ag téacht timcheall,
Fragairle finghealach cuiripthe claonghníomhach,
Is mar sin do thuille aca hoileadh ar aonchích leis.




Is amhlaidh, gan amhrus, óir atá súmhaire na mbreacshúl, .i. a
dhearbhráthair, chomh olc, chomh cam, chomh calaoiseach leis An mBaoltach,
agus créad fáth ná beadh óir is aon drasshíol amháin dóibh, agus as aon
mheirgmhála amháin do crothadh ad - dhá chladhaire, cé gur chrannda a
gcló ba mhór a bhfeall. Is mar sin ba dhual dóibh. Ní hionchurtha a
n-uathbhás dordaidheagáin a gclaon, de bhithin gur feas don tsaoghal go
leanann gach cineál san domhan a nádúir féin.


L. 99


274
Ní chuirim le hiongna a lúba im dhánta,
Cumhadas cách an cháil do chleachtann,
Atá treibh daoine ó bhroinn a máthar
Líonta d'árghoin, dfhéadhach, is dfhaladh



275
Tagann biolar san bhféithe bháidhte,
Fásaidh báirnigh ar an gcarraig,
An cat, tré dhúthchus, clúmhail ar ár luch,
Siubhlann an partán ar nós a athar.




Ba mhar sin don Bhaoltach ag siubhal in iliomad na ndroichbheart do chleacht
a shean is a shinsear, cidh trácht, is nídh é athá ós cionn cumuis dá
maireann den chine daonna uile drochghníomhra an Bhaoltaigh dfhaisnéis.



276



Dá mbadh pionaibh an ghainimh is meamram spéartha i suim
'S gur dhubh uile easa na mara go léir gan fuidheall,
A n-uimhir go dearbh badh caithte le chéile ag scríobh'
Gach cluiche clis cama do leanadh An Baoltach feill.



Agus go deimhin is beag dothabharfadh ormsa duain do scríobh don Bhaoltach,
do shúmhaire ma mbreacshúl agus do n-a gcraobha coibhneasa ar an
Seanachoill, ná feacadar is ná chualadar a leithéid scríobhtha
d'éanduine riamh rómpa, agus dá ndéininn féin do thuilleadar
san uaim, agus atá fhios san ag an ngruigh fiar finghealach
fiolúnta féin, acht ó's nídh é sin ná deárnasa
d'éanduine riamh ní raghad anois ag tosnughadh leó san, an chuimriosc
thruaill, fhallsa, clamhstangairí na fola.


L. 100


277
Seo an chrotal-shliocht shroithill do choscair is chreach triúcha
An cogal thug osna na bpobal is cnead brónach:
Do dhoirteadar follus cuid fola na bhfear bhfiúntach
Do chrochadar obann i gCorca go neamhchionntach.



Cuirim mo bheannacht chughat féin agus chum do mhuinntire uile, chum an
duine uasal Tomás Hárbhí, chum mo cháirde uile, agus chum mo chomhursna.
Scríbh chugham chomh luaith 's is féidir.
Slán leat,



PÁDRAIG CÚNDÚN



XXXI. LEITIR
I Machaire an Fhiaidh taobh le Cathair Utica, i Stát New York, an 18ú
lá de Dhílinneach, 1854. Pádraig Cúndún dochum Tomás Stac:
An leitir úd do scríobhais chugham an 17 lá de Gharbhán 1853, dofuaireas
í. Do chuir sí áthus mór orainn uile tu féin is do mhuinntir do bheith
slán i sláinte mhaith: tá mo mhuinntirse uile mar sin, buidheachus mór do
Dhia. Tá Piaras, mo mhac, go maith. Do scríobh aon dem ingheanaibh dhá
leitir gonuig do dheirbhshiúr Mairghréad: ní bhfuaireamair freagra ar bith
fós; is eagal linn ná fuair sí ceachtar díobh.



Má tá go bhfuil sé ar t'aigne teacht don tír seo, measaim go mb'fhearra
dhuit gan bheith ag scaoileadh na haimsire thart, óir tá an aois ag teacht,
acht saoilim má b'fhéidir leat díol as t'fheirm mar a bhfuilir go mairfeá
féin is do bhean ann chomh compórdach agus do mhairfeadh sibh annso,
gídheadh ní dhéanfadh bhur gclann leat chómh maith is dodhéanfaidís
annso.



An leitir lochtach úd dofuaireas ó Éirinn, scríobhtha in ainm Thomáis
Uí Bhriain.


L. 101


Is maith liom mar atá fhios anois agam nách é Tomás Ó Briain do scríbh
éanfhocal riamh den leitir sin, acht Séamus Mac Gearailt. Níl éiniongna
anois orm, tré gach leamhchomhrádh leibideach, aimideach, díthchéille dá
bhfuil innti, óir is mar sin dobhí a bhfeaca scríobhtha le Séamus - go
bacach, botúnach, furúnach, cléghnéitheach - acht coimhlíonann sé an
seanfhocal mar adeir nár theip an tuathal ar éanduine riamh: ní locann an
tuathal ar Shéamus i ngach uile úrlabhra dá bhfeaca scríobhtha 'n-a
dhiaidh; is amhla chuireann sé an dall roimh an ngiolla agus an trucaill roimh
an each. Dochuala go dtug Séamus cúl a chinn ar fad leis an dTeampull
Catolaicidhe - go ndeachaidh sé ar thaobh na Coróinneach.



278
Na tréada gan stór gan ór ná earradh ná cúl,
Séantar a sórt, is dóibh níl taithneamh dar liúm;
Mar dhéanfadh an tsudóg an phutóg d'altram dúinn
Pé'r bith an muilteóir 'sé Tiobóid a mhadra súd.



Dochuala go bhfuil Séamus anois ag freastal do Liútar i gcomhair leis an
Sacsanach. Pé amadán ministreach do thóg isteach é, má's chum Gaedhilg
do mhúineadh do chonnraidh sé ris, is cruaidh an chuing ar Shéamus soin
do dhéanamh, óir cionnus dob'fhéidir leis an nídh ná fuil aige féin
do mhúineadh d'éanduine eile? Is follus dam go cinnte ná fuil tuigse ar
bith ag Séamus i riaghlachaibh na teangan Gaedhilge. Is olc an t-iomluit
dothug sé air féin i ndeire a shaoghail. Is soith liom soin go deimhin,
agus mar d'éirghidh dó soin éireóghaidh do n-a thuilleadh, má leanaid
ag déanamh cleacht de léighthóireacht stardha fallsa gallmhinistir:



279
Tá cam is cealg 'n-a leabhraibh fuaighte istigh,
Tá feall is faladh 'n-a labharthaibh, cluain is nimh
Tá ceall na sagart ar charraig ná luascfadh sruith
Is teampull Sacsan ar ghainimh gan fuaidhimiont.


L. 102


Ó, a ghallchoilíneacha, a chuallacht chuaine na mallacht, is neimhiongna
méid bhur n-ainbhfiosa tré olcus na stocchrann ó n-ar phríomhfhás bhur
ndroichchreideamh, mar atá eiriceacht mhalluighthe Chailbhin is Liútair.
Gan buidheachus is éigean díbh admháil gurab iad soin ceann, túis is
bunáit bhur dteampuill dhiabhlaidhe dhioscánaigh. Tar a éis sin, féach
gach gnéshórt cluiche is coirnéal cleas dá n-imireann an drong cuiripthe
caismirteach, coinneal-bháithteach so ag iarraidh a chur i gcéill do
bhaothdhaoinibh go bhfuil Bíobla aca féin le gach uile alt dá nuachreideamh
seachmalach, seachránach, gidheadh, tá siad meallta - ní ann acht aon
Dia amháin, aon Chreideamh amháin, agus aon Bhaiste amháin. Is dóigh le
neach má léigheann sé Bíobla go bhfuil a chreideamh aige. Níl ar chumus
d'éanduine amháin fá leith ar éanchor, dá mhéid foghluim, a chreideamh
dfhagháil as Bíobla gan ughdarás is míniughadh an Teampuill Chatolaicídhe.
Má thógann duine an Bíobla do réir a thuigsiona féin, cídh bé ar bith
creideamh dá dtabharthas gean, saoileann sé go bhfuil Bíobla aige leis.
Is beag nách cosmhail an Bíobla i gcáil leis an bpíb nur féidir leat pé
port nó tiúin is maith leat do sheinm aisti. Mar sin, fágaimís an Bíobla
ag an Naomh-Eaglais Chatolaicidhe Romhánaigh: ní dhéanfaidh na sagairt
éagcóir ar bith orainn: inneósaidh siad an fhírinne dhúinn i ngach uile
bhealach atá riachtanach dár slánughadh, agus cá beag san, cad eile tá
uainn? Is aindeis do chaitheadar sagairt a saoghal ag foghluim má's iad
deisciobail na gcoileán so atá ag múineadh Scriptiúra anois dóibh, agus
muna gcuirfidh sagairt na hÉireann stad nó stopadh in Éirinn go haithghearraid
le sna nidhthibh seo, is baoghlach fé cheann seacht mbliana ó
indiu gur líonmhaire an uimhir de Chatolaicidhibh Éireann a bhéas gabhtha,
ceangailte i líontán na ndeamhan ag ministiríbh fhine Gall 'ná an uimhir
de dhaoinibh d'éag in Éirinn le seacht mbliana. Ag sin mo bharamhail go
deimhin, óir is iad iascairí an diabhail claon-leabhra Nua-Eaguilse
Shacsan.


L. 103


280
M'atuirse 'om ionnsaidhe i lionn laoi léin gach ló,
Adhbhar mo chumha croidhe ponnc-shnaidhm thréada treóin
I mBanba i róimh-ríoghacht triúchmhín faon gan lón
Ceangailte ar chúl cinn chúinsí an Bhéarla bheó.



281
Peannaid na bpúdhair shlím dfhúig duighe im ae le brón
Clanna Chuirc, rúirí crú Chuinn, gCéide is Eóghain
Flatha agus prionnsaí phlúr Ríogh Éibhir mhóir
Marbh in úir Ír cúis chaoi Gaedhal go deó.



282
Sleachta ba flúirsighe flionnsaighe féile is nós
Rabairneach, úrchroidheach, súbhach, síoch, séimh i meón
Gur shealbhuigh criú claimheach bhrúcht dfhuigheall bhréagach tSeóin
A n-earradh is a ndúithchí a ndúintigheas saor 's a n-ór.



283
Mar sin do brúghadh buidhean chlúmhail chraoibh Ghaedhil 's a bpór
Le danair do stiúruigheadh chúghainn fí shéirse seóil
Aicme gan ionntaoibh chúm dlighe clé gan chóir
Do tharraing ar dhúirnín chúigí Éireann ceó.



284
Leagadar súd síos múrchíll naomh na nÓrd,
A leabhair 's a ngúnaí i gcomhar trí chéile dóghaid
Sagairt gan chúis fí bhrannraí céasadh leó
'S an tAifreann diúltuighid, úmhluighid d'aodhairí nódha.


L. 104


285
A Ghalla na lúbphoimp mhúchmhíll cléir le gleó,
Is gairid gur dúbhach díbh bhúr ngnímh bhéim uilc mhór,
Mar leanadh a gcionntaí ar Iúdaidhibh thréana romhainn
Fearfar a gcúrsaí ar chrúnncaí mhéirneach fós.



286
Measaim nách cómhluidhe trúp cloidhimh, pléir ná slógh,
Rannaireacht úrlaoi úrlaidheacht éigs' 'ná a nglóir
A scarfas an trúshíol búirfheill claon le Coróinn
Acht fearta agus fiúntaidheacht sciúirsí Dé na gcómhad.



287 - An Ceangal:
Críoch i gcrích do chríochtar slán le stair
Críoch bheir críoch i gcrích tré ráidhtibh ceart
Críoch d'ár gcríocha críoch an bháis ag teacht
Críoch gach críoch an críoch úd lá na scread. $Amen.



XXXII. IS CAITHTE DÚBHACH
Pádraig Cúndún adubhairt, an dara lá déag de Fhionnaire 1856,
le Dáibhí Mac Gearailt in Eóchaill.



Fonn: "Caiseal Mumhan"



288
Is caithte dubhach meaithte an snúdh so atá orm féin
Do dheasca an chunntuis d'eascair chughainn ó Chlár Luirc léir,
Sleachta fiúntach fleascach flionnsach Dhál gCais ghlé
Creachta ag súmhaire ó Bhreatain d'iompuigh mádh ortha 's maor.


L. 105


289
Is ceasna liúmsa cranna chrústuic bhláith Chon mhaeil
Fé reachta rúcach raille thúirling táir san tsaoghal,
Muna leagaidh stiúir na n-aingeal dúinn an ghráinghruigh chlé
Beidh cleasa cúirte is fealladh búr dár gcrádh go héag.



290
Cleachtaidh cionnta an pheaca ghlonnmhair ghnáis uilc, féach,
Ag spalpadh mionn 's ag gearradh clú glanmháthar Dé,
Le gangaid drúise, taitneamh, dúil is grádh do chraes
Ag saltairt fútha ar altaibh ionnraic ráidhte naomh.



291
Aitchim congnamh fearta an triúir atá 'n-a n-aon,
An tAthair umhal, an Mac gan smól, 's grádh an Spirid Naomh,
Leagadh is liúnadh, scaipe, spiúnadh, ár, is péin,
Ag ghallaibh dhiúlt an teagasc mhúin na fáidhe 'on chléir.



292
Is gairid liúireach, screadadh, sciún, is gártha léin
Do chlanna chrunncach Chailbhin, Liútair, dá chuil chlaon,
I dtreas an chomhraic is canta an sciúirse atá le téacht,
Is aibidh, lúthmhar, tapa, bhrúghfar támh an tréad.



293
Atá barca is trúpa ag taisteal chúghaibhse ó áit i gcéin,
Flatha flúirseach calm comhachtach láidir tréan,
Lasfid lonnradh catha congcuis ádhbhal laoch
Ar aicme dhúbail sratha dlútha is cáin ar Ghaedhil.


L. 106


294
I dTeamhair Dhún Luirc greanfar prionnsa um Cháisc fé réim
Scathfhuil Niúil is threabha Srú na stát ceart saor
I gceallathriúcha fhearainn Iúgain, Chárrthaigh is Néill,
Beidh sailm ionnta ag sagairt súbhach go brách dá léigheadh.



295
A Dháibhí† chneasta †Mic Ghearailt na ngníomh ionnraic,
A bhláthshaoi shearcamhail, fhearamhail fhíorfhiúntach,
A ráib chaoin chalma, a chara is a phríomhchomhursa,
Áighim, guidhim, aitchim tu freagra scríobh chughamsa.
XXXIII. Mo phéin mo phudhair
i mBl. 1856
296
Mo phéin, mo phúdair, mo léan, mo lachta ruisc
Méirnigh mhalluithe an Bhéarla ceannusach,
Is céile dlúth mhic Gréine creachta aca,
A cléir, a cealla, 's a mánaigh:
Is prímhfhine Mhíleadh ba ríoghaibh i mBanba,
Craoibh cip na Craoibhe, dfhuil shaoithe mirmheanmna
I ngeimhleach san aois seo, fé shnaidhm nimhe nascaithe
Ar díth uile an ghradaim do ghnáithdís.



297
Tréadtha Liútair chaothach, chealgach,
Chlaon, do shealbhuigh réim i bhfearantus
Éibhir, Iúgain, Éilim, Fhearghuis,
Laoghaire, Chairbre is Ádhamair;


L. 107


Ínse shliocht shínsir na díorma nirt aireagdha
Líonta le dríodar an fheill 's an fhaltanuis,
Ag síormhilleadh saoithe le cuibhreach is camachlis
Cíos, dlighthe, sraitheanna is ráta.



298
Is déarach dubhach le tréimhse an aindeise
Scéidh ar fhlatha Chuirc laochda chalma,
Maora búir i réimheas rathmhardha
Séadach seascair 'n-a státa;
Claoidh-chuile díomuis le coimheascar is ceannraic
Ag díbirt na mílte as tíorthaibh a n-athardha,
Sceimhle fó dhaoirse ó Íosa ar an aicme sin,
'N-a líonluisne lasardha láithreach.



299
Féach an trú uilc, méirligh Bhreataine
Bhréagach mheascaithe, an chéird do chleachtadar
Craos is drúis, gan géilleadh d'aitheanta,
Ag glaodhach ar Chailbhin mar ghárda,
Bíd ar a ndícheall ag íspirt na heaguilse
Nimhneach ag scríobh in aghaidh Íodhbairt an Aifrinn,
Ag coimhdeacht na hAoine ar shíorshlighte an mhadra,
An bíodhbh binb aitchim gan árus.



300
Is gréasta drong san fhéile is neasa teacht
Réidhfeas anfa Gaedhal i mBanba,
Déanfid congcus maodhma machaire,
Ag réabadh danar as Clár Luirc;
Síol-fhingeal poimpe na buidhne do chealg sinn,
Íocfaid i ndíoghailt na ngníomhra do leanadar,
Ag caoidh cinnte choidhche, sin críoch ar mo sheanchus
Díbh dfhriotal dleascaithe dámh dleacht.


L. 108


XXXIV. IM AONAR COIS ABHANN
i mBl. 1856.



Fonn: "Páinseach na nUbh"



301
Im aonar cois abhann i Machaire an Árd-Ois
Maidin ar máigh ghlais ag tál as mo dhearc,
Tré mar do leagadh le gallaghruig Shátain
Clanna Chuirc, Chárrthaigh, Dháirne agus Airt,
Is gléfhine Éibhir do b'éadach i mBanba
Ag réidhteach gach géibheann do scéitheadh ar an eaglais,
A ngradam 's a gcumus do briseadh is beárnadh
Smid smithir smáil tug a n-ár is a gcreach.



302
Is léanmhar do chaitheas-sa aga den lá san
I gcreathaibh dom fháscadh fé áirse na gceas,
Im fhaesiomh gur amharcas eala-bhean áluinn
'N-a seasamh liom láithreach ag sárghreadadh a bas;
Do b'aoldaithte a héadan go gnéghreanta geanamhail,
A scéimhdhreach gan éalaing 's ba chaol snoidhte a mala ruisc,
Éagna a friotail ba bhinne 'ná sámhchruit
'S a fuilt uile ar bárrchrith go sála gan sal.



303
Éighim ar an mhascalach ghreannamhar ghrádhmhar
A hainm do thrácht liom gan cháirde go beacht,
"An léir gur det dheascaidh do treascradh táinte
In easargain tnáithte le lámhghaisce Thailc?


L. 109


Nó an réaltan úd d'éaluigh ón gCraobh-bhrogh gohAlbain,
Nó an bhé do ghoid laoch leis ó thaobh Chonaill Gulban,
Nó an ainnir tug tuitim mic mhuirneach Mhánaoth,
Dilchuradh fásadh in árracht 's i neart?"



304
Is maordha do fhreagair an bhairrfhionn tais mhánla
d'aitheasc bhliocht bhleághaigh as alt ársa na gceacht,
"Féach ní me ceachtar dár chanais it dhánta
Cé b'aithin gan phlás dam an táin sin ar fad,
Acht céile mhic Gréine do b'aon de chlainn Chearmada,
Réx do ghaibh réimeas is réim cinnte i bhfearanntus
I dTeamhair na righte, b'é m'ionad is m'árus,
Is friothchuile atá anois im áitireabh ceart."



305
Is déarach dam d'aithris gurbh'fhada sliocht Dhál gCais
Fhearghuis, Ádhamair, Mháirne is a dtreabh,
Is Laochra Chaisil gan fearann gan fagháltus
Easbhathach cásmhar i gClár Luirc ar nasc,
Is Gaedhla dá réabadh le claondlighthe danar uilc,
Méirligh an éithigh ná géilleann don Aifreann,
Aicme bheir guilim do Mhuire is don Phápa
'S ag goin-bhriseadh ráidhte na bhfáidh is a reacht.



306
"In éiric na gcleasa do chleachtaid bhur námhaid
Mhallaithe tháinig ó Mhártan tar lear,
Is léir dam gan meabhal gur caitheadh a ndáta
Feasta gan árus i státaibh na sean,
Is cléchine an Bhéarla le tréimhse atá ceannusach
Sraonfar a dtréine le maodhm cloidhmhe ceannaraic,
I machaire Mhuicinis silfid i ngráscar
Fuilthuile ádhbhal san Márta so ag teacht.


L. 110


307
Bréaga ná bladar ní chanaimse im ráidhte,
Is agam atá fios, in árghoil na dtreas
An tréad dorinn lasair de chealla na mánach
Is gairid go ngearrfar a gcnámha le gaith.
In Éire beidh éirleach le caor catha feargach,
Méirnigh in éinfheacht dá n-éagadh gan anacal,
Breatan gan choimirc 's a fuireann le fhánadh,
Sliocht Bhile sáitheach 's a námhaid fá leacht."



XXXV. PÁDRAIG CÚNDÚN, DOCHUM TOMÁS STAC



An t-ughdar úd, .i. Gaedhal Mac Eathóir, .i. athair na Gaedhilge, bíodh
a fhios agat gur roinn sé Gaedhilg ina cúig míribh, agus adeir sé nárbh
fhéidir san do dhéanamh le héinteangain eile insan domhan acht le Gaedhilg
amháin. Is féidir gach mír díobh so do labhairt ionn féin gan éanfhocal
ó éinmhír eile. Is féidir iad uile do labhairt tré chéile mar leantar
go gnáthchoitcheann. Atá chúig ainm Gaedhilge, an chuid is lugha dhe, ar
gach uilefhocal Gaedhilge dar labhradh riamh, .i. focal ó gach mír. Ag
seo ainmneacha na mírí, do réir an ughdair Gaedhal Mac Eathóir: 1
Béarla na Féinne, 2 Béarla na bhFilí, 3 Béarla Eadarscartha, 4
Béarla Teibidhe, 5 Gnáthbhéarla.



Tabharfad duit annso chúig ainm Gaedhilge ar gach uile mhí insan bhliain
agus fios créad an mhír den Ghaedhilg ó n-ar fhás gach ainm díobh. Mar
is dleacht, tosnógha mé le January, agus tabharfad tosach d'ainmneachaibh
an tSacbhéarla bíodh is gur dóibh ba dhual deire, acht ar a shon san is
amhla is fearr a thuigfe tu cad é an mí n-a mbeidh na hainmneacha Gaedhilge
air:



January - Aimrid, Iatán, Spaidire, Fuididín, Fionnáire.
February - Feabhra, Ruadhaire, Gruagaire, Linnire, Faoillte.


L. 111


March - Olleascul, Garbhán, Stuacán, Murúire, Márta.
April - Caomhchaoin, Britre, Stuanaire, Mínire, Abrán.
May - Formhart, Póiréibh, Luibhín, Glasaorga, Bealltaine.
June - Inteasba, Gealgach, Tnáithteán, Bolgán, Meitheamh.
July - Irspiteach, Galaorga, Síomarga, Lóchrannach, Mileagán.
August - Rathmhultuis, Tuascán, Tuirteach, Rathmhartach, Lughnasa.
September - Rumúrta, Tromáint, Deastaire, Fleascaire, Súidhthire.
October - Sosfhás, Dílinneach, Tiumurga, Bíomaire, Súghaire.
November - Meithrinn, Tleascaire, Síonaire, Créimire, Samhain.
December - Meirgín, Críonaire, Seirgtheach, Maolbheann, Easbafuilt.



XXVI. DO PHEICTIÚIR DE SHEÓIRSE RÍ.




U Anaithnid
An chomhursain cad is dóigh libh don rí úd thall
'N-la lóiste i dtigh an ósta ina luighe go fann,
Gan feóirling 'n-a phóca do dhíolfadh ann
'S gan de choróin air acht sóirse beag tuighe ar a cheann?



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services