Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Battle of Gabhra

Title
The Battle of Gabhra
Compiler/Editor
O'Kearney, Nicholas
Composition Date
1853
Publisher
(B.Á.C.: John O'Daly, The Ossianic Soc., 1854)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Muirne, máthair an mhic mhóir,
Bean do Chúmhall mac Trén Mhóir.



Oisin mac Fhinn fear go n-goil,
Ro geanoir a g-Cluain Iochtair;
Ingein Dheirg a mháthair mhaith,
Torrthach naoi míos ón mór fhlaith.



Flaithbheart ingen co neart,
Ar dheich mnáibh ro dheas beart;
Rug Osgar ag Iomcaoin t-siar,
S í ag Oisin naoi m-bliaghan.


L. 12


Moirean ag Oisin gan éacht,
Secht m-bliaghna di re droidheacht;
Máthair na t-trí mic eile,
Inghean Chualainn Cíochmhuine.



Dairfhinne ag Mac Cúmhaill cain,
Ní thugsamh maoin na deaghaidh;
Dalgas ba h-ainm dá h-athair,
Mac Dolair Sídhe Fionnchathaidh.



Dubháilne ingen Dubhdhath déin,
Máthair Colla, Cuirc, is Céin;
Ben Choillte mac Seathoir Finn,
O bh-fuil Dumha Dubh-ailin.


L. 16



Ráidh a Chaoilte cia do fil,
Mór m'eolus re fiafraigh;
Céad roinn Eirionn for gach leath,
Ro ghaibh an Fhiann a h-Uisneach.


L. 17


Rug do'n roinn an mac ba so,
Beith reis féin ní h-iomargo;
Foith re fásadhaibh, feadha,
Easga, alla, as innbheara.



Do leigsiom do Tuathal teand,
Air sin áird-ríghe Eiriond;
A bh-fuair a toirthe a toigh,
A táinte is a treabhaire.



Iar sin do rad Fiachaidh an fhéinn,
Do Mhóirne mhór gan baoth-cheill;
Cheithre bliaghna ríghe go neartmhar,
Go Tréanmhór ro theacht astar, etc.



Cuigear Druadh re dáimh n'uile,
Do neach tarol iath fuinne;
Is meadhbhair liomsa gan acht
A n-anmona 's a n-draoigheacht



Ba dhíobh Bághna a sioth Bághna,
Is Cathfaidh dróigh deagh-amhra;
Is Tochma mac fíor-chaoimh,
Mogruith, is Fionn Formaoil.



Cúigior leagha luadhtar liom,
Is feárr taroil iath Eirionn;
Cidh fada tusa da n-déis,
Is um eolach na n'fhaisnéis.


L. 18


Miach, is Airmeadhach dían treacht,
Agas a n-athair dian-cheacht;
Fingin fiadhliagh, feardha 'n fear,
Fionn O'Baoisgne, an cúigior.



Cúigior filidhe feadhtar liom,
Is feárr taroill iath Eiriond;
Is meabhair liomsa go ceart,
A bh-faisnéis a bh-filidheacht.



Cairbre file fuair tar lear,
Is Amergin inse Gaoidheal;
Athairne, agus Labhradh Lorc,
Forchertne is Fionn faobhar-nocht.


L. 23


'S í an tír is aeíbhne le fághail,
Is mó cáil anois fa'n n-gréin;
Craind ag cromadh le torrtha 's bláith,
Is duilleabhar ag fás ar bharraibh geg.



Is farsaing inti mil is fín,
'S gach uile ní dha bh-faca súil;
Ní rachaidh cathamh ort led rae,
Bás nó meith ní fhaicfidh tú.



Do gheabhair fleadh, imirt, ól,
Do gheabhair ceol binn ar théad;
Do gheabhair airgeat acus ór;
Do gheabhair fós iomat séad.



Do gheabhair cét cloidheamh gan gó,
Cét brat sróil de shíoda daer;
Cét each is mire i n-gleo,
Is cét leo de chonaibh gér.


L. 24


Do gheabhair mionn rígh na n-óg,
Nach tug fós do neach fa'n n-gréin,
Déanfas díon ort oidhche is ló,
Ac cath a n-gleo is a n-garbh ghléig.



Gheabhair lúireach cúmdaich cóir,
Cloidheamh cinn óir is clisde béim;
Nár ternadh nech riamh uath beo,
Noch chonairc fós an t-arm gér.



Do gheabhair cét léine sróil,
Cét bó, is fós cét laegh;
Cét caera cona lomra óir,
Cét seod nach bh-fuil 'san t-saeghal.



Is cét maighdean meidhreach óg,
Soillseach, lonnrach, mar an n-gréin;
Is feárr dealbh, cruth, agus snógh,
'S gur binne a m-beol ná ceol éan.



Gheabhair cét laech is tréine 'n-gleo,
Is cliste fós i c-cleasaibh luth;
Armtha, éidthe, as do chomhair,
It Tír na n-Og ma thig liom.


L. 33


Meabhair liom an ní do fil,
A mheic ingeine an Deirg druinn;
O ro leasaig Fiachadh an Fhiann,
Gur thréigsead thu, a Oisín!



Dhá mhac feardha, dar liom,
Tuathal is Fiachadh folt fionn;
Roind siad Eire leath ar leath,
Gan cogadh dóibh, ba dé-bheart.



Rug do'n roinn an mac bu so,
Bheith ris féin, ní h-iomorgo;
Faith re fasadhaibh, re feadha,
Easa áille, is inbheara.


L. 34


Do leigsiom do Thuathal tend,
Ar sin árd-ríghe Eiriond;
A bh-fuair a toirthe, a toigh,
A táinte is a trebhaire.



Ríghe Tuathal ro ba mhaith,
No gur ghaeth Maelan mór-fhlaith;
Ba bás rígh ríoghdha a n-goil,
Bás Thuathail mac Fheradhaigh.



Feradhach Fachtna ba flaith,
Athair Fhiachaidh an mac maith;
Eithne ingen Dáire Duibh,
An ríoguin ba h-í a mháthair.



Moirne mac Mainne bu mhaith,
Ba mac ingine Fhiachaidh;
Bu trén-fher soin 's bu triath,
Tearc fear ris nach congmhadh sgiath.



Iar sin do rad Fiachadh an Fhiann,
Do Mhóirne mhór gan baeth chiall;
Cheithre bliadhna ríghe co neart,
Go Trénmhór re teacht astar.



Trénmhór mac Baoisgne bu balc,
De chlannaibh Sedna Síodhbhach;
Sen-athair Fhinn, cairdis cloinn,
Athair Chumhaill is Chriomhaill.



Cheithre bliadhna fithchiot féin,
Bu rí Fiachaidh for an bh-Féinn;
Ba mhaith a ghlór is a ghoil,
Dé-bhráthair Tuathail Teachtmhair.


L. 35


Chúig bhliadhna Móirne mór-chloinn,
A ríghe for Fiannaibh Eirinn;
A ceathar do Gharradh na g-carn,
Go nuige sgarmhan a cheand.



Dáire mac Gharraidh na g-cleas,
Seacht m-bliadhna do na fhlathas;
A cúig a bh-flathas gan mhairg,
Móirne mac Dáire Creach-dhearg.



Iar n-díth Móirne mór an fal,
Ba rígh an t-Athach a h-Eiriond;
Ba bliaghain do gan bhaogal,
Go n-deachaidh d'ec is ní faebhar.



Eochaidh mac Arcaid a noir,
Rí an Fhiann Eiriond a n-Ultaibh;
Bliadhain co leith rian a réim,
Iar an Athach ind Eirind.



Gabhsat an Mhúmhain re méad g-colg,
Liath Luachra is Lughadh Lámhdhearg;
Dhá bhliadhain dóibh gan mhinne,
Iarr n-Eochaidh, nír an-ríghe.



Cas mac Conáin, cruaidh a ghoil,
Aen bhliadhain dho na dheghaidh;
Dubhan mac Cais monar in-bind,
Aen bhliadhain aige airmhim.



Ticced Trénmhor, trén a bhláidh,
Fianna Eiriond an aen dháil;
Ro ríghe an rígh gan tres,
Trí bliadhna fithchiot, airmhes.


L. 36


Ro ghabh Cumhall iat iar soin,
Ind ionat scéithe is cloidheimh;
Ríghe ina d-tug teora catha,
Sul ro ghabh an Fhiann armtha.



Dhá bhliadhain déc, ní fáth fann,
A ríghe for Fhiannaibh Eireann;
Ec is brath do bhuidhnibh bláith,
Gur marbhadh ic cath Cnoca.



Iar sin gabhsat mic Móirne -
Ar m-brón, is ár m-bith n-dóghra -
Deich mic fithchiot oll im bláth,
Uim Dáire, uim Goll, uim Garradh.



Goll mór bu míleadh ic cath,
Mac don Móirne deighneach;
Fithche bliadhain ní fáth fann,
A ríghe for Fiannaibh Eiriond.



Iar sin do ghabh an teo óir,
Fionn mac Cumhaill mac Trenmhóir;
Ar d-tairbhertach séad-shluaghach,
Ar n-draoi amhra il-bhuadhach.



Trí chéad bliadhain com bláithe,
Deich m-bliadhna acht aen ráithche;
Saegal Fhinn go bh-fuair a rae,
Go torcar tre bhéim baeis é.


L. 37


Deich m-bliadhna a ríghe raith,
Duitse Oisín, ad árd-fhlaith;
Gur ros bhréagadh rún na bh-Fiann,
'S gur thréigsead thu, a Oisin!



Sé rí fithchiot is deimhin liom,
Ro ghabh ríghe Fiann Eiriond;
Fearr Fiond ina iat uile,
Cath-míleadh árd Almuine.


L. 42


"Atá," ar sí, "trica céd in gach cóice ind Eirind, ocus baile
in gach trica céd, ocus tech in gach baile, ocus coileán con no
gadhar dá bheathaidh ind gach tech ind Eirind; ocus coinmhe do
sechd g-catha na gnáith Fhéinne idir duine ocus giolla, coin
ocus gadhair, ó Shamhain go Belteine ar feadh Eireand, ocus
fiadhach ocus iasgach, ocus torrtha optha ionchaithmhe ó
Bheltinne go Samhain. Ocus ní lámhthar aen bhean ind Eirind a
thabhairt do fhear ar bith gan a fhiafraidh fo thrí an m-bídh a
bh-Fiannaibh Eiriond fear a


L. 43


diongbhála, ocus má bhíond is do a beartar í.
Ocus ní lámhthar bradán, no óg-laegh alla, no míl muighe do
thógbháil do chonair dá bh-faghthar ic ceann gach eitrighe
marbh iad, muna d-tóigfeadh duine éicean de Fhiannaibh Eiriond
iat, tre mhéad an smachta atá ag Fionn ar Eirind.
Ocus dá marbhadh aen duine ind Eirind damh alla, do racadh damh
ceansa do Fhionn ar a shon, ocus loilgeach fá'n eilit, ocus
caera fá'n míl muighe, muna marbadh duine éicean de Fhiannaibh
Eiriond iat.



Is iat sin an méid sochair is aithne damhsa do Fhionn ó rí
Eireand; acht atáid sochair móra oile nach fios dhamhsa, ocus
dá ma fios damh ro inseachainn duitse iat-sen."


L. 49


Ogum illia lia uas lecht,
baile i tegtis fecht fir;
mac rig h-Erenn ro gaet and,
do gae gand os Gabus gil.



Tarlaic Cairpre aurchur nairc,
do muin a mairc maith is tres;
gairsiu condristas a sciss,
Oscur robi a lam dess.



Tarlaic Oscur inchur noll,
co fergach lond immar leo;
co ro marb Cairpre h-Ua Cuind,
riasra giallsatar gluind gleo.



Amansi mora na mic,
fuaratar a mbas don gleo;
gairsiu condristais a nairm,
roftar lia ammairb inna mbeo.



Missi fodein isin tress,
leth andes do Gabhair glaiss;
marbsa .l. laech fodi,
is missi robi dom baiss.



Arpetend carbach fochruch,
inninaim ba ruth domrog;
ro marbaind torc i caill caid,
no shárgind én aith imog.


L. 50


In togum ut fil isin chloich,
imma torchratar na troich;
dammared Find fichtib glond,
cian bad chuman in togam.


L. 54


Feart Mhogha Néid air Mhágh Tualaing,
Gon a ruibhne re a ghualainn;
Gon a luirg fa lonn a n-gníomh,
Gon a chath-bhárr, gon a chloidheamh.



Noch air ais ro frith an fear,
Ceann buanna na n-Gaodhal n-glé, n-glan;
Acht ag cosnadh 'n iath ba dhual dó,
Aithghin do Eochaidh Mumho.



Mar do bhádar is in íomghoin,
Taebh re taebh is in íorghoil;
Maith an t-urchar tárla ó Fhlann,
Go m-bí comhthrom tré Chonall.



Do chuaidh Mogha Néid 's an chath chain,
Do chosnadh anma Eoghain;
Fada a chumha re saeth searc,
Damhna dubhach dí-láthair.


L. 56


"Dá blian is cagad iar sain,
Iar marb in tuirc Tuathal;
Co bás Coind cét Cathaig cain,
Is in Tulaig i Tuadamair."


L. 62


"Dar do láimh, a Chléirigh cháigh,
Ní raibh 's an m-Banba m-báin;
Acht beagán laechra a m-blaid,
Acus d'óigibh nár dearbhaidh.



Ní raibh aen rígh thiocfadh ind,
Nach bh-faghadh Eire 'n-aisgi;
Gan cath, gan íorghoil, gan áigh,
Gan imghoin, gan achmhusán."


L. 68


TUARASGABHAIL CHATHA GABHRA,
MAILLE RE H-OISIN MAC FHINN,
DO PHATRAIC.



Truagh liom Tulach na Féinne,
bheith ag Cléircibh fá dhaoirse;
is dána do lucht na m-bachall,
suidhe i n-ionad Chlanna Baoisgne.



Cumhain liom a Ráith Chruacháin,
bheith fád' bhruachaibh go súgach;
is beag do shíl siad mar tharrangair,
an t-seilg do bheith ar do mhullach.



Dob' iomdha sgiath agas sleagh,
coin 's gadhair fád' mhullach;
gidh' thárlais a chnoic na Féinne,
fo chléircibh 's fó bhachlaibh.


L. 70


A fhir an trustáin bhuidhe,
do ghnídh an suidhe sonda;
is maith dhuit ná mairionn Conán,
d'eagla do m-bainfeadh dhuit a dhornn.



A fhir an chloig mar shaoilim,
dá m-beith Diorraing iona bheatha;
do bheith do chlog 'na raepthach,
thall fo éadan an charrtha.



A fhir na bachaille croime,
's tusa an duine dána;
do bheith do bhachall na brusgar,
dá m-beith Oscur do láthair.



Dá mairfeadh Mac Ui Dhuibhne,
a fhir na lúirge croise;
do bheith sí 'na smior smiste,
fo an charrthaidh cloiche.



Dá mairfeadh an dís dathamhail,
ní bhiadh tafan na g-Cléireach;
Fionn bán is Mac Luigheach,
truagh liom Tulach na Féinne!


L. 72


Innis sin dúinn a Oisín,
ar h-oineach is ar h-eagna;
cia h-í an lámh ghaisge
dob' fheárr do bhí 'sna Fiannaibh?



Mac Cúmhaill mac Tréin mhóir,
mé féin agas Oscur;
do bhéarmaois gach aon bhuadh,
agas geall gacha gaisge.



Cé h-é an ceathramhadh duine,
a Oisín mhic na flatha;
dob' fheárr gaisge 'gus buille,
a déarthaoi an ionad catha?



Do bhí ceathrar aguinne,
nár claoidheadh riamh a g-comhrac;
Faolán fiall agas Cairrioll,
Mac Luigheach agas Diarmuid.



Do bhádar aicme tréanmhar,
aguinne is na Fiannaibh;
do ghabhdaois tosach bealaigh,
a n-ionad catha is feadhma.



Beir mo bheannacht a Oisín,
is binn liom do sgéala;
is sloinn dúinn gan easbaidh,
an aicme a táim d'iarraidh.



Art, is Goll, is Garraidh,
lucht fala d'ár bh-Fiannaibh;
is Oscur dob' fheárr faicsin,
cuid do'n aicme sin a Chléiric.


L. 74


Do bhádar lucht gaisge,
Conán nár mhaith focal;
Maedán agas Parrán,
is Aothán geal ó'n Roca.



Innis dúinn a Oisín,
re h-anam Fhianna Eirionn;
cia agaibh ba threise,
i g-cath Gabhra na m-béimionn?



Ní rabhmuirne ann acht beagán,
ag dul a n-aghadh chríche Fódhla;
ro bhí Fionn is a mhuintir,
ar shlighe na Rómha.



Do bhámairne deich mic fithchiod,
do shliocht Fhinn na Féinne;
ag a m-biadh sgiath agas cloidhiomh,
a d-tosach catha is feadhma.



Ag fágbháil Binne h-Eadair,
is é líon do bhámair uile;
deich g-céad gaisgidheach Féinne,
a n-gasraidh gacha duine.



Do bhí gasradh Fhiann Alban,
agas áird-rígh na Breatan;
ar ghrádh Féinne Alban,
for inne san g-cath san.


L. 76


Do bhí Fiann Lochlainn láidir,
ó thaoiseach go naenbhar;
nár bh-fhochair san láthair,
chum déanta na h-íorguil.



Do bhí Cairbre Lifeachair,
agas mór-shluaighte Eirionn;
a n-aghaidh ár g-comhacht-ne,
a g-cath Gabhra na m-béimionn.



Do bhí Oscur mac Garraidh,
is deich g-céad curadh cliste;
ag comóradh an chatha sin,
a n-aghaidh mo mhic si.



Naoi g-catha d'fhearaibh Uladh,
is fir Mumhan re Cairbre;
iad sin inár n-aghaidh-ne,
is righ Laighean re chéile.



Righ Connacht 's a mhuintir,
nár n-aghaidh-ne sa teagmháil;
níor chomhthrom an roinn sin,
is gan aguinn acht beagán.



Fiafraigheas rígh Eirionn,
d'Oscur mac Garraidh;
a n-geabhadh tu ad t-aonar,
re láimh Oscuir eile?



Tug mac Garraidh a bhréithir,
agas fáth mór an focal;
nach raibh laoch ar thalmhuin,
do dhéanfadh comhrac Oscuir.


L. 78


Ann sin a dúbhairt Cairbre,
re mac Garraidh an chosguir;
mairg tháinic ó Albain,
muna g-coisgfidh tu Oscur.



Do mharbhadar Clanna Trén mhóir
h-athair-si, a mhic Garraidh;
maoth Clanna Baoisgne,
is cuimhnidh an fala.



Arís a dúbhairt Cairbre,
re mac Garraidh an chosguir;
coisgfidh misi meirge,
agas comhraic-si Osgur.



Do sheol rígh Eirionn,
is mac Garraidh mhic Mórna;
a n-glan-t-sluagh 's a meirge,
a d-tosach catha Gabhra.



Mar do chonairc Oscur,
rinne tosach righ Eirionn;
geallas Cairbre a bhasgadh,
's a chosgairt re na ghéar-lainn.



Iarras Oscur éachtach,
ormsa is ar Chairrioll;
tosach catha an lá sin,
do féin is dá chloidheamh.



A dúbhairt Cairrioll cneas-gheal,
re h-Oscur na m-béimionn;
gheabhad-sa a niu tosach,
a n-aghaidh fearaibh Eirionn.


L. 80


A dúbhairt mac Luigheach,
do bheiriodh buadh gach foghla;
biadsa agas Cairrioll,
a d-tosach chatha Gabhra.



A dúbhairt Boinne mac Breasail,
go mear cosgartha calma;
biadsa is Fianna Breatan,
forra h-Oscur Eamhna.



Tug Cairrioll rogha an urchair,
do'n chraoisigh tré lasair;
gur chuir an t-sleagh choncamair,
tré na chorp ag mac Breasail.



Fiafraigheas Oscur Eamhna,
go feargach do Chairrioll;
créad fá'r chaith tu mo bhráthair,
a mhic Fhinn mhic Chúmhaill.



A dúbhairt Cairrioll cneas-gheal,
do ghuth mhór re h-Oscur;
má's tusa mac Oisín,
dob' fhuras liom do bhasgadh.



Gabhas fearg mo mhac-sa,
re cloistin an urghoill;
a ghlacadh níor fhéada,
go ráinic sé Cairrioll.


L. 82


Tig mac na flatha na chóimh-réim,
a g-coinne Oscuir fhéil;
gidh bé bheith dá bh-fhéachain,
ba chorrach a chiall.



Do chuaidh Cairrioll is Oscur,
do bhuala a chéile;
do chuadhmairne dá g-cosnadh,
Faolán agas Fiachra.



Gidh bé bheith dá bh-féachain,
ba mhór a n-úr-ghráin;
do rinneamairne a n-eadargáin,
gé'r chruaidh an dáil.



Dob' é iomthús Oscuir,
agas Chairrill Chéadaich;
gur marbhadh d'á g-cosnadh,
deich g-céad taoiseach Féinne.



Tógmaoid ár meadhair,
a d-tosach chatha Gabhra;
Oscur is Fiann Laigheann,
a n-aghaidh mhic Móirne.



Do bhí Feargus file,
oirfideach na flatha;
d'ár m-brostúghadh 's an íomghoin,
dul d'ionnsaighe an chatha.



Do chuadhmairne fo chéile,
inne agas iadsan;
ni bhiadh an confadh céadna,
ag duine re ínnsin.


L. 84


Do mharbhadh Fianna Breatan,
gé'r linne bhí a g-congnamh;
re deich g-céad mhic Gharraidh,
's níor chabhair mhór dhúinne.



Do thuit mac rígh Lochlainn,
leis 's Fianna Almhuin;
do mharbhadh 's é sin tuairim,
deich g-céad curadh calma.



Táinic mo mhac-sa,
fó chathaibh na Teamhrach;
mar sheabhac tré ealtain,
nó mar charraig thárnuigh.



Táinic mac Garraidh cneas-gheal,
tar éis freasdail an chatha;
a g-coinne mo mhic-si,
go cosgarthach cómh-fhlatha.



Cheithre cneadha fithchid,
a g-cneas Oscuir ó'n sganail;
ag teacht ó mhuintir Chairbre,
go meirge mhic Gharraidh.



Do bhi a g-cneas mhic Gharraidh,
ag teacht ó chathaibh Oscuir;
sé fithchid cneadh chréachtach,
nár éachtach na h-Oscuir?



D'éistiodar fir Eirionn,
gé'r chruaidh an t-osadh;
le cloisdin na m-béimionn,
do bhí 'dir an dá Oscur.


L. 86


Líon dá fhithchid do sgiathaibh,
a g-cliath gacha foghla;
do bhris mac Garraidh griandach,
is mo mhac féin i g-cath Gabhra!



d'éirgidh trí ceathaibh,
ós a g-cionn ann-sna cliathaibh;
cioth fola, cioth teine,
's cioth cailce d'á sgiathaibh.



Do claoidheadh mac Garraidh,
gé'r dhoiligh a dhéanadh;
le h-Oscur nár mealladh,
a g-cúis oinigh re dáimhibh.



Do luathaigh rígh Eirionn,
ag a raibh na h-airm nimhe;
a g-coinne Oscuir na m-béimionn,
nó gur ghoin sé a chroidhe.



Níor lúgha re mo mhac-sa,
nach bh-fuair basgadh feadhma;
gur chuir an t-sleagh ghasda,
go cros tré Chairbre.



Do goireadh rígh Eirionn,
do mhac Chairbre chrann-ruadh;
do thuit 's an uair chéadna,
re h-Oscur gan an-bh-fann.



An cuimhin leat a Oisín,
ós ort do rug baiste;
cá líon do mhacaibh righe,
do thuit re láimh Oscuir.


L. 87


"Uarach mhullaigh" Devil's bit.


L. 88


Do mhairbh sé rígh Múmhan,
gé'r phúdhair 's an sganail;
do thuit mac righ an domhain
leis agas Mac Garraidh.



Is leis do marbhadh Cairbre,
ag a raibh an mheirge shíoda;
do thuit leis a n-an-bheartaibh,
lucht áirgthe gacha tíre.



Do mhairbh sé righ Chonnacht,
fear nár chorrach feadhma;
do thuit sé 's an íomghoin,
re chéile agas Cairbre.



Do thuit caegad tréin-rígh
d'ár éirghidh ós cathaibh;
re h-Oscur 's an íorghoil,
re chéile is Mac Garraidh.



Mór-sheisior 's an g-cath sin,
d'ár dhual rígheacht Eirionn;
do thuit le mo mhac-sa,
i n-diaigh Chairbre na m-béimionn.



Go n-áirmhighthear féar faithche,
is léir-ghainimh tráighe;
ar thuit le mo mhac-sa,
ní féadtar a n-áiriomh.



Is liomsa thuit righ Uladh,
ge'r bh'ionnsaighe chalma;
is mór an díth daoine,
ar claoidheadh ar mháigh Gabhra.


L. 90


Do marbhadh rígh Laigheann,
re meadhair mhic Ronáin;
go bráth ní faghthar innsin,
ar thuit linn 's an g-comhdháil.



Do marbhadh an dá Oscur,
's an g-cath g-cosgartha g-calma;
anois is adhbhar osnadh,
ar basgadh ar mháigh Gabhra.



Do thuit Cairrioll 's Faolán,
da mhac rígh na bh-Fiann;
is leo do ghnídhmís comhrádh,
comhairle agas triall.



Do mharbhadh mo mhac-sa,
dob' é sin olc na Féinne;
do thuit sé 's an g-cath sin,
re chéile agas Cairbre.



Do mharbhadh an dá Oscur,
do bhí ag cosnadh an chatha;
atámaoidne fó easbadh,
ag easbog Ard Macha.



Do thuit clann Chaoilte Chéadaigh,
lucht airgthe gacha tíre;
is tréan-laocha na Féinne,
acht mé féin am aonar.



Do thuit Fionn mac Dubháin,
is trí chéad eile is Fionn;
do thuit Fiann Chlanna Dubháin,
is rígh Osnuidhe ós a g-cionn.


L. 92


Dob' iomdha linnte fola,
ar mháigh gointe Gabhra;
is cinn gan cholna,
ó imtheacht na foghla.



d'imthigh ár n-gaisge,
ár n-inntinn is ár meanmain;
ó'n g-cath sin fó dheire,
tugadh le righ Banba.



Ná bí-si go feargach,
má's eagal leat ifrionn;
ná cuimhin do cháirde,
a mhic Fhinn mhic Chúmhaill.



Cidh comhairle ionnraic,
do bheir tu dham a Chléiric;
is doilg dham mo mhuintir,
nó m'athair do thréigion.



Innis dam a Phátraic,
a n-onóir do léighinn;
an bh-fuil neamh dáirighthe,
ag maithibh Fhiann Eirionn.



Bheirim dhuit a dheimhin,
a Oisín chóir na lann;
nach bh-fuil neamh ag t'athair,
ag Oscur ná ag Goll.



Och! is truagh na sgéala sin,
bheir tu dham a Chléiric;
meisi ag déanamh crábhadh,
is gan neamh ag na Fiannaibh.


L. 94


Ba bhinne re Mac Cúmhaill,
is re h-uaislibh na Féinne;
guith gadhar do chloistin,
ná trócaire d'iarraidh.



Och! ba thruagh an rogha sin,
do bhí ag Fiannaibh Fhínn;
gur bhinne riu a n-gadhair,
ná bheith ag guidhe na naoimh.



A Oisín na n-géar lann,
ó táir a n-diaigh na b-peacach;
nach maith leat dul ad aonar,
gan do ghaol chum flathas.



Ba bheag an meidhir liomsa,
bheith am aonar 's an g-cathraigh;
gan Oscur is Caoilte,
mar aon liom is m'athair.



Dob' fheárr dhuit gnúis mhic Mhuire,
d'fhaicsin re h-aon lá;
ná ór na cruinne uile,
do bheith agad go h-iomlán.



d'aithris mé dhuit a Phátraic,
sgéala chatha Gabhra;
innis dham go h-athlamh,
sgéal na cathrach neamhdha.



Tuarusgabháil na cathrach sin,
fhiafraigheas tusa a sheanóir;
gan íota, gan ocras,
gan oircheas, gan an-róigh.


L. 96


An feárr muintir neimhe
ná uaisle na Féinne;
an bh-fuil cruadhas na g-croidhthe,
nó a n-eitionn siad aéinne.



A mhic Arpluinn fhéil,
ós agad féin atá an t-iuil;
an léigfidh tu go flaitheas Dé,
mo ghadhar féin ná mo chú?



Ní rachaidh an chuil chronánach,
ná fós an gaith gréine;
gan fhios do'n righ mordhálach,
a steach 's an g-cathair naomhtha.



Níor bhé sin do Mhac Chúmhaill,
do bhí na rígh ar na Fiannaibh;
do rachadh slóighte an domhain,
fo na chúil gan iarraidh.



Ná h-abair sin a sheanóir,
is tu ar g-caithiomh h-aoise;
ní comhthrom an bhreith sin,
do bheir tu ar mo rígh-si.



Dob' fheárr aon chomhrac calma,
dá d-tugamaoisne na Fianna;
ioná tighearna an chrábhadh,
agas tusa féin a Chléiric.



A Oisín na n-géar lann,
chanas na briathra buile;
is feárr Dia le h-aon uair,
ná Fianna Eirionn uile.


L. 98


Gidh tá mise am sheanóir,
is mé iar g-caithiomh m'aoise;
a Phátraic ná tabhair aithis,
do fhlaith do Chlannaibh Baoisgne.



Dá mairfeadh agamsa Conán,
fear mí-labhartha na Féinne;
do bhrisfeadh sé do mhuinéal,
fó t-iomarbháidh-si a Chléiric.


L. 99


"Ní raibh an laech fraochda Conán,
I n-Gabhra 's an tréan-dáil;
An bhealltaine an bhliadhain roimhe,
Ag coinne adhartha na Gréine,
Ro torchar an curadh nach tim,
A bh-fionngoil le Fiannaibh Finn;
Ro cloidh a fheart shiar ba thuaidh:
A chluithche caointe ba dhíol truaigh;
'S tá ainm Ogham ar lic bhláigh,
A sliabh comh-dhubh Challáin."


L. 100


Is agamsa atá 'n sgéal,
do bhí fá riaghail IOSA;
a mhic an rígh Féinne,
ní féidir gan a ínnsin.



Ní a n-glamharnaigh,
do gheibhid an uaisle greann;
acht a n-duantaibh molta,
's a labhairt ar Fhiannaibh Fáil.



An bh-fuil ag Pátraic do chléir
aon neach d-innseochadh dham féin;
créad iad na comhachta cain,
re 'r dhíbir sibh na deamhain?



Ráidh easbog Seagad nár lag,
inneosad dhuit mar tháinic;
an clog re 'r saoradh ár m-bruid,
forra comhachta Phátraic.




"Do bhádar fair an órdughadh sin seal fada go h-aimsir chreidimh
Chríost, agus go d-tánaic Pátruic mac Arpluind go h-Eirind,
agus go d-tánaic Macaemóg go h-Innis Gluaire Bhrenuinn; agus an
oidhche tánaic Macaemóg san Innis chéadna, do chualadar clanna Lir
guth an chloig ag buain is an iarmheirge a láimh riu.
Agus do bhíodhgadar agas do bhuansginneadar go h-athfhuathmhar ag
a chlos sin dóibh.
"Créad sin, a bhráithre?" ar Fionnghuala.


L. 101


"Ní fheadamar", ar iadsan, "agus an fil a fhios agad-sa créad an
guth anmhianach ath-fhuathmhar úd ad chualamar?"
"Guth cloig Macaemóg," ar Fionnghuala, "agus is é scarfas sibh-se
re péinn, agus fhoirfis sibh ó an-shochainn le toil Dé."


L. 102


Trí caogad áirc-aingiol grinn,
táinic as tigh neimhe chugainn;
a nuas re chlog na bh-feart,
go Patraic dá choimhdeacht.



Ní raibh arbhar aca a d-tuar,
's ní raibh bainne a bh-féar-chluain;
's ní mó ro bhí cnuas ar coill,
ria d-teacht Phatraic a n-Eirind.



Gaeth Ruadh na g-Cnoc Red Wind of the Hills, is much dreaded,
because it blasts the crops and fruits.


L. 103



Barcach Cró Gory Chief of Battles,



Husbandmen and cowherds used to assert that the blasting gaeth ruadh
generally blew from the middle of the month of April to about the
middle of July, and they always dreaded its malignant effects.



"Re linn Chormaic mhic Airt,
Bhí an saeghal go h-aebhinn ait;
Bhí naoi g-cnó air gach craeibhín,
Agas naoi b-fithchid craeibhín air gach slait."


L. 104


An chéad bhuille thug Pátraic do chlog,
an cheoil aoibhinn ghrod-ghrinn;
leis do chuir arbhar a d-tuar,
rugha is ola a bh-féar-chluain.



An dara buille thug do'n chlog bhláith,
mac Arpluinn an táidhleach bán;
lacht a m-buaibh, cnuas ar choill,
arbhar a d-tuar, iasg ar abhain.



An treas bhuille thug nár lag,
dhíbir na deamhain árdhacht;
bhí cruinn roimhe ar an g-Cruach,
gur chuir iad uile ar anbhfann.



Dar do láimh-si, a Oisín mhic Fhinn,
gidh taoi ad sheanóir a g-Cruim Linn;
ní chuirfeá iad uile amach,
mar do chuir an cóir-chléireach.


L. 106


Go Log na n-Deamhan amach,
do chuir iad uile go baileach;
níor léig deamhan siar ná soir,
ó shoin díobh gan bháthadh.


L. 108


A dubhairt Oisín go prap,
do ghuth mhór is é n-ainriocht;
brisfiod féin ar do cheann do chlog,
ó taoi am fhiaghnaise a Phátraic.



Is maith liom tu bheith gan t-súile,
a Oisín ó taoi droch-mhúinte;
mairg do bheir onóir dhuit,
mar do béarthaoi do rígh nó d'easbog.



Ní fiu m'onóir-si féin,
mairg do gheibh aiste toibhéim;
ar bheagán bídhe agas díghe,
ag tráthaireacht agas ag aithríghe.



Ní fiú h-onóir-si amháin,
seacht bh-fithchid bairghín aráin;
fo na nuirtheann d'iasg 's d'fheoil,
olc labhras tu a sheanóir.



Dar an urghoill do ghnídhim leat,
is nár fhaghaim oidhe ó shagart;
go m'fhéarr liom sprúillioch tíghe Fhinn,
agam féin ná do chomh-roinn.



An é sin cnuas na b-port,
agas fiadhach na n-garbh-chnoc;
agas ifrionn fá dheireadh,
fó mhí-onóradh an léir-chreidimh.



Ní h-é, acht fíon is feoil,
tosach comh-roinn is comh-óil,
do gheibhinn, is inneadha milse,
gídh maoithmheach orm-sa sibh-si.


L. 110


A mhic Arpluinn fhéil,
cá bh-feacais a leithéid 's an Fhéinn;
ag teacht chugaibh shiar ná shoir,
agad riamh nó an bh-fuil?



As mór a nocht mo chúmha féin,
a Phátraic gídh táim dod' réir;
ag smuaineadh an chatha chruaidh,
tugsam is Cairbre crann-ruaidh.



Cairbre, an mac sin Chormaic mhic Chuind,
mairg do'n Fhéinn thárla fo na chuing;
righ gan cás uim chath do chur,
's gan gráin re na bhíodhbha.



Do righne Cairbre comhairle re sluagh,
agas dob' í sin an fhala chruadh;
go m'fheárr leis tuitim ar an máigh,
agas an Fhiann uile do bheith i n-aghaidh.



Ná rígheacht na beathadh mír,
agas sinn do bheith 'nár m-beathaidh;
a dubhairt Parrán go prap,
cuimhnigh Mochruime! cuimhnigh Art!


L. 112


Ar sinnsir do thuitim ann sin,
do bhrígh fala na Féinne;
cuimhnigh na cíosa cruadha,
as cuimhnigh an t-ann-uabhar.



Is gan chóige a n-Eirinn re na linn,
acht ag íocaidheacht re mac Chúmhaill;
dob' í comhairle chlanna Chuind,
agas Chairbre ó Liath-druim.



Iad féin do thabhairt dá chionn,
nó na Fianna uile do dhíth-chionn;
go mairfeadh go bráth amhlaidh,
feadh do bheith Fianna a n-Almhuin.



O do gheibhiom bás fá dheoigh,
fuilngiom tuitim a n-aon ghleo;
thugsam go fíochmhar feardha,
an gleó sin chatha Gabhra.



Do thuit an Fhiann bonn ar bhonn,
is ríogna uaisle Eirionn;
dob' iomdha ar feadh an domhain mhóir
neach le'r bh'aoibhinn ár an t-slóigh.


L. 114


Ní raibh ó'n India a noir,
go fonn iartharach an domhain;
righ nach raibh fo'r smacht re'r linn,
gus an g-cath sin a Thailgin.



Dá d-tagdaois allmhuraigh ann sin,
chugaibh a n-Eirinn iath-ghlain;
a Oisín créad do dhéanfadh Fionn,
ná sibh-si a Fhiann Eirionn?



"Dlighid rí cenél n-Aedha
cóic sceith, cóic claidmi caela,
cóic moghaidh tar moing mara,
cóic mna finda, fír-ghlana."



"Find na Britain, find in daimh,
find in gene tar síl Adhaim;
find am bolacht is in groi,
find na bratu for in droi."



"Tuaristol rígh Brogha-rígh
ó rígh Erind can míshnímh,
deich n-inair donna dearga,
is deich n-Gaill can Gaedhelga."


L. 115


Ni mogha na buicnecta,
ní mogha clanda Aedha;
noch daer én saer cinel mór
níl dérsa for clanda Míladh.


L. 116


Gidh bé rígh do thiocfadh ann sin,
do gheabhadh Fódla a n-aisge;
gan chath, gan íorghuil, gan áigh,
gan íomghoin, gan achmhusán.



Dar do láimhsi a Chléiric cháidh,
ní raibh annsa m-Banba m-báin;
acht sean-laocha ársa a g-ciall,
agas ógánaigh nár dearbhadh.



Do chuireamairne teachta uainn soir,
go Fátha Chonáin mac Mheic Chon;
d'á iarraidh chugainn ionár g-cionn,
do ghabháil árd-rígheachta Eirionn.



Mór an bhéim sin do bhuail oruibh,
ó rígh Eirionn fa mhór airm;
is tuille uabhair do ghabh sibh-si,
do mharbhadh na bh-fear eile-si.



Oisín innis dúinn sgéala,
cionnas do cuireadh an íorghuil tréana;
mar do marbhadh do mhac san g-cath,
nó an rugais aige ar úrlabhra?



Tángasa ar sgur an áir,
ós cionn mo mhic Oscur áigh;
is táinic Caoilte gan chlé,
ós cionn a sheisir clainne shéimh.


L. 118


Táinic a raibh beo d'ár bh-Féinn,
ós cionn a g-carad féin;
drong díobh ag labhra mar sin,
is drong eile gan anmain.



A Phátraic na m-bachall m-bán,
gidh bé neach do chidhfeadh an t-ár;
dob' adhbhar truagh re na linn,
uaisle Eirionn do thuitim.



Dob' iomdha lúireach saoitheadh saor,
agas mionn-chúmhdach caomh;
agas sgiath tarsna ar an máigh,
agas triatha gan ró-anmain!



Níor théarnaidh aon neach do'n t-sluagh,
óir ba bhall é ar a raibh buadh;
's ní rugadh neach as an g-cath,
acht mac rígh no árd-fhlaith.



Fuaras mo mhac féin iona luighe,
ar uilleann chlé 's a sgiath le na thaoibh;
's a lann na dheas-láimh is é,
ag cur fola tar a lúirigh.


L. 119


"Amhla fuaras mo mhac féin,
'na luighe ar uillean chléith;
's é ac tonda fola dhe,
tar béalaibh a lúirighe."


L. 120


Do léigios urlann mo shleighe ar lár,
is do righneas ós a chionn gáir;
a Phátraic do smuaineas ann sin,
cread dhéanfainn iona dheaghaidh.



Féachas Oscur ormsa suas,
agas ba leor liom a chruas;
síneas chugam a dhá láimh,
ar tí éirgidhthe am chomdháil.



Gáir, according to the present acceptation of the word among the
Irish peasantry, means a laugh, especially in the plural number. But
gáir catha and gáir ós ceann na marbh were quite different in
meaning, because gáir signified a cry of sorrow as well as of joy
or victory, according as circumstances warranted its application.
No person need suspect that the Irish language was or is deficient
in terms to express the difference between a cry of sorrow and one
of joy. The words filliloo, ulliloo, etc., may be instanced.


L. 121



it is true that women who met a funeral on their way considered it
a duty to return with it the distance of at least trí coiscéim
na trócaire, i.e. "the three paces of mercy," for sake of obtaining
grace for the deceased;



but arrested by the melody of the keeners, of lucht tuirimh.



The good old custom of tuireamh or caoineadh, was certainly
objectionable in some respects.


L. 122


Gabhaim-si lámh mo mhic féin,
agas suighim d'a leith chlé;
agas ó'n t-suighe sin iona ghar,
níor chuireas suim san t-saoghal.



Do ráidh riomsa mo mhac feardha,
agas é a n-deire a anma;
"a bhuidhe ris na déithibh sin,
do bheithsi slán a athair."



Nocha n-déanaidh mise gó,
ní raibh freagra agam dho;
go d-táinic Caoilte ann sin,
chugainn d'fhéachainn Oscuir.



Síreas Caoilte an chinéil chóir,
nó go bh-fuair a innadh na dhó;
's fuair a dhruim créachtach,
ar na tholladh do'n ghéar-shleagh.



Dob' é so créacht gai Chairbre,
ar umal Oscuir airm-ruadh;
lámh Chaoilte gonuig uillean,
tré ghoin an ghaethi chruadh.



Nach cuimhin an lá do chuadhmair siar,
go Síth Mhóir Dhroma Cliabh;
go n-áirmhínn fir tre do chneas,
is gur féadadh linn do leigheas?


L. 124


A bh-fuaras riamh re mo linn,
a stig a n-iathaibh áilne Eirinn;
doilge liom sleagh Chairbre Uí Chuind,
idir m'airm is mín línn.



Sgreadas mac Ronáin ann sin,
is tuitios go faon fó thalmhuin;
buailios fó lár a chorp cáin,
tarngas a fholt 's a fhionnfadh.



Do bhí ann ag féachain a chréacht,
agas ag áiriomh a iomdha éacht;
fa mhór an cás dúinn ann sin,
mar fuair bás 'dir ár lámhaibh!



Truagh sin a Oscuir chalma fhéil,
do sgaradh a nocht ris an bh-Féinn;
is do sgaradh do chatha re Fionn,
is d'fhan ár g-cíos ag síol mór Chuind.



An oidhche sin dúinne san ár,
ag coimhéad a chuirp go lá;
is ag breith clann-mhaicne Fhinn,
ar thulchaibh áilne aoibhind.



Do thógbhamair an t-Oscur feardha,
ar chrannaibh ár sleagh a náirde;
d'a bhreith go tulaigh ghloin oile,
do bhuain de a éaduigh.


L. 126


Leithead baise ó na fholt,
ní raibh slán d'a chorp;
go ráinig a bhonn-lár,
acht a aghaidh iona aonarán.



Seal fada dhúinn mar sin,
ag coimhéad a chuirp chaoimh ghil;
go bh-feacamair chugainn uim neoin,
Fionn mac Cumhaill mac Tréanmhóir.



Tángadar chugainn san ár,
an drong sin do mhair d'Fhiannaibh Fáil;
ag féachain Chlanna Baoisgne mar sin,
na g-cosair-chró san íorghoil.



Ba thruagh a Dhé sgréachadh na laoch,
agas búirtheach na míleadh;
ba bhinn seabrannach ár sleagh,
agas meadhair na míleadh.



Ba mhór srann-fheadach a m-bratach sróill,
ag éirgidh maidin maoith-reódhaigh;
ní dhearna mac Móirne mhóir,
acht imtheacht uile ar feadh an t-slóigh.



Ag iarraidh mo chuirp-si san g-cath,
's an chuid eile d'a shár-mhacaibh;
's corp Chaoilte mór a g-cath,
's mic atharach diongmhala.


L. 128


Mar d'aithnígheamairne Fionn,
ag díriughadh a shlíghe nár g-cionn;
druideamaoid 'na choinne san dáil,
's do bhrosduigh sé 'nár g-cómhdháil.



Beannuigheamaoid uile d'Fhionn,
's níor fhreagair sé sin dúinn;
go ráinig an tulach tréan,
mar a raibh Oscur arm-ghéar.



An uair do chonairc Oscur Fionn,
ag díriughadh a shlíghe ós a chionn;
féachas ar aghaidh na flatha,
is beannuigheas d'a shean-athair.



A dubhairt Oscur ann sin,
re mac Móirne an uair sin;
mo cheann anois do'n éag,
re t'fhaicsin a Fhinn airm-ghéar.



Truagh sin a Oscuir fhéil,
a dheigh-mhic mo mhic-si féin;
ad dhiaigh-si biad go fann,
agas a n-diaigh Fhiann Eirionn.



Re cloistin gol-bhriathradh Fhinn,
a anam as Oscur do ling;
sínios síos a dhá láimh,
agas dúnas a roisg ró-bhláith.



Nocha raibh do'n Fhéinn ós a chionn,
leith amuich dhíomsa 'gus d'Fhionn;
do léig siad trí gárrtha go truaigh,
do cloiseadh fó Eirinn ath-uair.


L. 130


Tug Fionn rinne a chúl,
agas do shil deora go h-úr;
acht fó Oscur is fó Bhran,
níor chaoin fó neach ar thalmhain.



Níor chaoin Fionn a mhac féin,
a's níor chaoin a bhráthair ann séin;
ar bh-faicsin mo mhicsi ar n-dul d'éag,
is cách uile ag caoineadh Oscuir.



Mallacht Airt Aoin-fhir go m-buadh,
tháinic anocht ar mo shluagh;
is é do bheir misi fó léan,
bás mhic Oisín airm-ghéar.



Fithche céad duine ann sin,
idir óg agus ársaidh;
ní raibh aon neach slán díobh sin,
aguinn do'n fhithche céad sin.



Acht fear naoi n-gonta go nimh,
is é fó lúgha do chréachtaibh;
dá fhithchitt is fithche céad,
do chómh-áirimh Fionn do féin.



Do bhí marbh ar an máigh
a's gan aon duine d'á neasbaidh;
a dhá oiread sin 's ní gó,
a's rígh Eirionn, sgéal ba mhó.



Do bhí marbh ar an leith eile,
uaisle Eirionn arm-ghloine;
ní dheárrna Fionn codla sámh,
ó'n oidhce sin go lá a bháis.


L. 132


Níor mhóide m'aoibhneas ná mo ghean,
rígheacht an bheatha d'á bh-faghainn;
slán uaim d'íorghoil a's d'ágh,
slán uaim gan cíos do thógbháil.



O'n lá sin catha Gabhra,
ní dheárrnsam teann-larbhadh;
's ní bhámair oidhche ná lá,
nach léigmís osnadh lán-mhór.



Adhlacmaoid an t-Oscur arm-ruadh,
's an taobh thuaidh do'n mhór-Ghabhra;
's Oscur mac Garraidh na n-glonn,
's Oscur mac righ Lochlann.



'S an té nár chumhang fó ór,
Mac Lúghaigh an laoch lán-mhór;
do thochluim úir a fhearta,
ionad rígh a n-dóith ro fhairsing.



Fearta na n-Oscur, adhbha gann,
fearta mhic Garraidh is mhic Oisín;
's do ghabh an Ráith mór ar fad,
feart Oscuir mhóir ó'n m-Baoisgne.



Guidhimsi rígh an bheatha bhinn,
is guidhsi a Phátraic mhic Arpluinn;
go d-tagaidh tlás ar mo ghlór,
mo chúmha anocht is ró mhór!


L. 134


Do bhí inghíon bhreágh, mhall-rosgach, mhórdha, mhacanta, ag
Cairbre mac Airt, mhic Choinn Chéad-Chathaigh. Sgéimhsholas a
h-ainim, agas do tháinig Maoilsheachlainn O'Faoláin, mac rígh
nó tighearna na n-Déiseach d'á h-iarraidh mar mhnaoi phósda;
agas od' chuala Fionn agas Fianna Eireann sin,


L. 136


do chuir siad teachta chum Cairbre d'á fhógradh air an dlíghe
do dhíol, .i. fithche ionga d'ór, nó aon-leapthachas na mná óige
roimhe a fear féin. Do ghlac Cairbre fearg mhór tríd sin; agas as
é a dubhairt, ná díolfadh ceachtar díobh go bráth; agas ann sin do
chuir Fionn sgéala chuige go g-caithfeadh a dhíol, nó ceann na
h-inghíne muna n-díolfadh an dlíghe. Agas ann sin do feargadh go
lán-mhór Cairbre, agas do chuir teachta go Conall Cinn-Bhagair,
righ Chóigidh Uladh; agas teachta go Fiacha Muilleathan, rígh
Mumhan. Táinig siad uile chum aon láthair, agas d'innis Cairbre
dhóibh a thoisg, agas an bhuannacht do bhí ag Fionn agas ag
Fiannaibh Eirionn orra faoi achtuibh agas faoi reacht cómh mór agas
do bhí ag Lochlonnaibh agas ag Fiannaibh Eirionn orra; agas nár
bh-féidir leo seasamh leis, ná bheith faoi bhuannacht ag dream
ba mheasa bearta ná iad féin; agas ná raibh rígh, prionnsa,
tighearna, ná taoiseach do chlannaibh Chuinn a n-Eirinn, gan
bheith faoi bhuannacht ag clannaibh Chumhaill. Do ghlac righthe
agas uaisle Eireann mór-fhearg tríd sin, agas do rin siad comhairle
gan an bhuannacht sin d'fhulang, ná cur suas léi ní ba mhó; agas
ann sin do thriall gach aon díobh ar a dhúthaidh féin; mar do
chomhairligh siad eadtorra féin an Fhiann do dhíbirt as Eirinn a
n-ionad umhluighthe dhóibh. Air sin, do chuir Cairbre sgéala
chum na Féinne ná tabharfadh cíos ná buannacht dóibh féin ná d'aon
d'á raibh a n-Eirinn go bráth. Do ghlac Fionn agas an Fhiann
uile fearg lán-mhór d'á chionn sin; agas do chuir Fionn sgéala
go Cairbre ag fógradh catha air. Is ann sin do chuir Cairbre
teachta ar chionn gach rígh agas uasail d'á raibh a n-Eirinn.
Téid uile chuige ann sin; deich g-cath a's dá fhithchid, agas do
chnósaigh sé fir Chonnacht agas tréinfhir Teabhtha, agas tháinig
sluagh mór le Domhnald O'Faoláin, righ na n-Déisioch; agas lán-
t-sluagh Muimhneach le Fiacha Muilleathan, rígh Mumhan; agas
lán-t-sluagh re Conall Ceann-Bhagair, rígh Chóigidh Uladh;
agas deich g-céad laoch


L. 138


lán-chalma re Criomhthan Cúl-bhuidhe, rígh Laigheann; agas
ód chuala Fionn agas Fianna Eireann sin, mar do tháinidh fir
Eirionn uile chum bualadh do thabhairt dóibh, do seinneadh an bárr
buadh le Fionn, agas chnósaidh an Fhiann as gach áird iona rabhadar
.i. Fionn, Oisín, Oscur, Fiacha mac Fhinn, Daolchiabh mac
Fhinn, Curadh Céadghoineach mac Fhinn, Aodh Beag mac Fhinn, agas
uaisle Chlanna Baoisgne; Diarmuid O'Duibhne, Fearcaibh O'Duibhne,
Siansán O'Duibhne, agas Cosgarthach O'Duibhne, Goll mac Mórrna,
Sionsán mac Duanáin mhic Mórrna, Eadaoin mac Mórrna, Modhchorb
mac Mórrna; agas an uair chnósadar uile seacht g-catha na gnáith-
fhéinne go h-aon láthair, do seinneadh leo a n-adharc ceoil, eadhon,
an bárr buadh, a stuic agas a n-oirfidhe; agas do ghluaiseadar reompa
na g-cliatha cearta cóirighthe, agas na g-cipibh dlútha daingiona,
agas na laochaibh líonmhara, lán-mhóra, dian-láidire, go sliabh
Gabhra, agas táinidh Cairbre agas a lán líon laochra, deich
n-oiread fithchiod agas do bhí ag an bh-Féinn; agas do rin siad an
dá shluagh mór sin ar a chéile agas dob' é sin an cath Gabhra na
m-béimionn g-cruadh; cath is mó tugadh i n-Eirinn riamh; agas
ní fada do'n ló sin gur mhór an truagh búithreach na laoch
agas béicioch na míleadh, agas raobadh na sgiath d'á sgoltadh,
agas cínn d'á m-briseadh, agas cneadh d'á raobadh agas feoil
d'á gearradh na sgéigioch, agas fuil na caisibh d'á dortadh,
agus d'á séideadh na tulchaibh, agas gur iomdha lán-fheidhim do
na laochaibh, ag imtheacht tríd an machaire, ag corpaibh marbhtha
ar an máigh tar éis neart láimhe Oscuir.



Air sin do thriall Goll míleata mac Mórrna agas Fiacha
Muilleathan rígh Múmhan, ar a chéile; agas dob' é sin an briseadh
buanraobtha, agas an gleó gáibhtheach grod-bhuailteach gráineamhail;
agas an íorghuil mhear-mharbhthach, agas splanncacha teineadh aca
d'á m-buaint as armaibh a chéile, go bh-fuair Goll baoghal-
bhuille ar rígh Múmhan' gur sguab an lámh ó na ghualainn de, agas an
dara buille gur sgoilt a cheann d'aon-bhéim; agas do chuaidh féin
agas clanna Morrna faoi na Muimhneachaibh


L. 140


uile; agas do thraochadar iad go h-iomshlán go nár fágbhadh
aon ar an láthair díobh gan marbhadh. Ann sin do rin Oisín
mac Fhinn agas Domhnall O'Faoláin, righ na n-Déisioch, ar
a chéile; agas do rin siad gleo gáibhtheach gráineamhail re na chéile.
An uair chonairc Fiachra mac Fhinn, Oisín mac Fhinn a n-géibhionn
ag Domhnall, gluaisios d'á fhurtacht, agas do rin sé féin agas
Domhnall gleó mór grod-bhuillioch, fá dheoigh gur bhuail Fiachra
buille míllteach a g-comhgar an chinn agas an mhuiníl ar rígh
na n-Déisioch gur bhuain a cheann de; agas do chuaidh sé ann sin
faoi an sluagh Déisioch agas do raob iad uile; agas ann sin do
rin Diarmuid O'Duibhne agas righ Laigheann .i. Criomhthann Cúl-
bhuidhe, ar a chéile; agas dob' é sin an comhrac féithioch
fuiltioch, agas an íorghuil iongantach, agas an briseadh buanraobtha,
agas an gleó gáibhthioch gráineamhail, go g-cuirdís
ceathanna splanncach teineadh d'á n-armaibh; agas ceathanna fola
d'á g-corpaibh, agas gach béim-bhuille thug Diarmuid, go
n-gearradh feoil agas cnámha na stéigioch, agas é féin lúthmhar láidir
lán-mheanmnach, gan teibeadh airm ná misnigh air, faoi dheoigh gur bhuail
lán-bhuille d'á chloidheamh colgach cruaidh-ghéar a g-ceann mór an Rígh, gur
sgoilt an plaosg aige, agas an dara buille gur sguab an ceann d'á
mhór-choluinn.
Is amhlaidh do bhí Oscur an tráth sin ag marbhadh, agus stoladh, agas ag
stróiceadh na n-Ulltach, agas d'á n-gearradh na stéigioch amhuil racht loinge
lán-mhóire dá h-anncraibh re glan-ghluaiseacht gaoithe lán-mhóire; nó leoghan
cuthaigh tréan-bhuile chum fiaigh; nó seabhac ag léirsgrios sgaotha
mionn-éanlaith; no madra allta idir treatha caorach an tan do ghabh conach é;
go m-bíodh aibhne fola ag rith go tréan tríd an máigh, agas gur mór an truagh
gol na n-óg, búithreach na laoch, agas béicioch na míleadh,
agas fothram na n-builleadh, agas go madh ró dheacair do na laochaibh
imtheacht tríd an máigh ag a raibh do chorpaibh marbha ar an láthair tar éis
neart láimh Oscuir, ar chor gur


L. 142


iomdha béal ag búithreadh, cosa brisde, cinn raobtha, cuirp na stéigioch,
croidheadha stiallta, lámha leointe, agas colna gan chínn ar an machaire
an tan sin; agus ar feadh na h-aimsire sin do bhí Goll agas clanna
Mórrna, agas Cairbre, agus fir Chonnacht, ag tuargain a chéile,
gan fios tlás, time, ná tarcaisne, ag ceachtar díobh seach a chéile.
Agas dob' é sin an gleó nimhneach, diachrach, dána, dásachtach,
feargach, fíorchalma, gáibhtheach, gráineamhail, do ronsad ar
chorpaibh a chéile. Agas ann sin thárlaidh Faolán mac Fhínn, agas
Daolchiabh mac Chriomhthainn Chúl-bhuidhe, righ Laigheann, ar a
chéile; agas do chomhraic siad go fíochmhar, feargach, lán-chalma,
goirteamhuil, féithioch, fíor-láidir, ag raobadh corp agas ceann
a chéile; agas seal fada dhóibh mar sin, gur bhriseadar lúithreacha a chéile
leis na cloidhmhthibh clais-leathana, toirt-bhuilleacha, tréanchalma,
trom-fhaobhracha, faoi dheire go raibh d'á neart a teilgion; agas go raibh
Daolchiabh d'á thraochadh go h-iomlán ag Faolán. Agas ar na fhaicsin sin
do Chosgarthach mac Criomhthuinn, a dhearbhráthair d'á thraochadh
agas d'á chailleamhuin ag Faolán go h-iomlán; do rith na throm-
ruathar tríd an machaire go d-táinidh ar Fhaolán a leith a
dhroma, gur chuir sáthadh sanntach d'á shleagh tre na dhrom agas
tre na chroidhe, gur mhairbh láithreach é; agas an tan do chonairc
Fionn, Faolán marbh ag an n-dias sin, agas gur feall do rineadh
air, do rith go tréan-chalma agas do chomhraic leo a raon, eadhon,
Cosgarthach agas Daolchiabh, go lán-chalma, teann, tréan-fhoirtil,
féidhm-láidir; agas is lom do bhuail gach naon aca lán-bhuille ar
Fhionn, agas ní dheachaidh aon bhuille a n-aisge ó Fhionn leo
gan díol go maith do dhíoghal orra; agas seal fada dhóibh mar sin ag
tuargaint a chéile gan fios time, tlás, ná tarcaisne, ag ceachtar
díobh tar a chéile, go bh-feaca Oisín mac Fhinn a athair ann sa
n-géibhionn sin: do ghluais ar a sheanruith d'á fhurtacht, agas
do chomhraic féin agas Cosgarthach go lán-teann, lán-chalma, le na
chéile, gan fios


L. 144


tlás, time, ná tarcaisne, ag ceachtar díobh seach a chéile; agas san
am g-céadna do bhí Fionn agas Daolchiabh ag créachtúghadh ceann
agas corp a chéile; agas dob' é sin an gleó mór-iongantach do rin
siad, agas an íorghuil arm-mharbhthach, agas an buala lán-
bhéimionnach borb, agas an briseadh buan-raoptha báis thugsad ar
chorpaibh a chéile; mar do bhí Fionn aosda agas Daolchiabh óg,
agas fá dheire go bh-fuair Fionn baoghal-bhuille a g-caol an
chích agas an bhuilg ar Dhaolchiabh, gur ghearr tarsna é, agas gur
léig a phutoga síos leis, agas gur thuit marbh gan stad ar an máigh;
agas ann sin a dúbhairt Conán Maol, "a Oisin," ar sé, "is ró mhór
an náire dhuit a fhaid atá Cosgarthach ar do láimh, agas luathaidh
do bhuille." Ar sin do ghlac náire Oisín tré spiodúghadh Chonáin,
go d-tug lán-bhéim a mullach an chinn do, gur sgoilt a phlaosg go
srón; agas is créachtach cróidhlíontach do bhí féin tar éis an mhóir-
ghleó sin; cia nach stad do rin sé acht triall ar an mór-shluagh
dh'á n-gearra, dh'á n-díthcheanna agas dh'á néirlioch; agas
annsin thárlaidh Cairbre agas Cuire Céadghoineach ar a chéile,
agas do rin siad comhrac féithioch, fuiltioch, mallaighthe, mór-
éachtach, cruaidh; gan taise, achd ag lánbhuala agas ag urlaoigheacht
go teann torannta ar chorpaibh a chéile, gur bhuail Cairbre lán-
bhuille a maol na gualan ar Chuire Céadghoineach gur bhuain an
láimh ó'n n-gualainn de, agas do'n dara buille gur sgoilt a cheann,
gur thuit marbh ar an láthair. Do bhí Aodh Beag ag déanamh éirlioch
na g-Connachtaigh go mór-aigiontach, an uair do chonairc an gleó
do rin Cairbre agas a dhearbhráthair, do thriall leis agas
do tháinidh iona ruathar ratha iona choinne, agas do chomhraic leis
go fraochuidhe, feargach, fíor-namhadach le chéile, agas dob' é sin
an gleó mór-éachtach ag méid na fala agas na fuatha do bhí aca féin
chum a chéile, mar do mhairbh Aodh Beag, mac Chairbre ann sa
n-ár mhór ar na Connachtaigh; agas mar do mhairbh Cairbre dias
dearbhráthar Aodh Bhig, ar sin gur luathaigheadar na lámha


L. 146


leis na laoch-bhuillídhibh, gur luaimniodar a roisg na d-tulchaibh
amhuil lasa na spéire le réaltaibh solas-mhóra; agas séideadh a
b-pluc amhuil builg gobhan ag gríosughadh, agas do bhuaileadar go
sár-nimhneach a chéile leis na builleadhaibh lán-mhóra sin, gur
raobadar a g-craoiseacha cruaidh-ghéara ar chorpaibh a chéile,
agus do ghlacadar a g-cloimhthe géar-fhaobhracha, clais-leathana,
cruaidh-dhaingiona, agas luathaigheadar na lámha leis na lán-
bhuillídhibh ró-mhóra ar chorpaibh a chéile, gur thuit Aodh Beag
le béimionnaibh borba lán-mhóra, léire, luaithe, Chairbre; agas an
feadh sin, do bhí Goll agas clanna Mhórrna ag tuargaint, ag gearra,
agas ag buanraoba na Muimhneach agas na Laigheannach; agas Fionn mar
aon riu, d'á stola, d'á stróice, agas d'á n-gearra na
b-píosaidhe; gur lán-bhasgadar go fóirlíonta iad uile, go nár
fhágbhadar aon ar láthair díobh; agas Oscur ann san am g-céadna
ag tuargaint na n-Ulltach gan fuara, gan truagh, gan taise, gan
truadh-bhéil; ach d'á n-gearra, d'a stola agas d'á stróice, go
d-tárlaidh sé féin agas righ na Breifne a g-coinne is a g-cóir
a chéile, agas Oscur nach mór traochta ó'n árr thug sé ar na
h-Ulltaigh, agas dob' é sin an gleó gáibhtheach; agas an íorghuil
mearbhuirtheach, agas an brise buan-raobtha, agas an úrlaoidheacht
iongantach, agas an comhrac feidhimeamhuil, fíor-neartmhar, fíor-
láidir, do rin siad; ar modh nách feacas ann sa domhan riamh aon dias
ba mhó iongna seasamh le tóirleaspa a chéile 'ná iad; agas gur
ró mhór an iongna le h-Oscur aon fhear ar bith do sheasamh leis
cómh fada; agas ann sin do luathaigheadar na lámha leis na léir-
bhuillídhibh ar chorpaibh a chéile, ar modh go mo comh-chlos ann
gach árd d'Eirinn fuaim agas tuitim na m-buillídhibh, agas go
g-cloistídh ar muir agas ar tir fuaim agas tuitim agas fothram amhuil
tóirneach, tréan-bhuala Oscuir ar an rígh; agas do líonadar a
n-uchta d'á n-análaibh, agas do ghléasadar a n-éidídhe leis na
cloimhthe clais-leathana, colg-fhaobhracha; agas do mhéadaigh a
g-croidhe is a n-aigne le conach


L. 148


uilc agas comhraic ar a chéile, go g-curdaois ceathanna splanncacha
teine d'á n-armaibh, agas ceatha fola d'á g-corpaibh; agus gach
béim-bhuille d'á d-tug Oscur do'n rígh, go n-gearrach feoil
agas cnámh ina stéigioch de, agas é féin lúthmhar, láidir, fó dheire;
gur éirgidh árd-aigne agas misneach ar Oscur do'n dul sin, gur leag
faoi lár agas faoi lán-talamh an rígh, agas gur sguab an lán-cheann
d'á mhór-choluinn: óir ní raibh ann sa machaire fear ar bith cómh
mór leis, ná ann sa ríoghacht ba mhó neart 'ná é, achd Oscur amháin,
agas ann sin thug Oscur lán sgéimhle ar na h-Ulltaigh gur túrnadh
agas gur traochadh iad uile leis. Ann sin triallas ar na Connachtaigh
d'á d-turnadh is d'á n-éirlioch go fóir-líonta; d'á n-gearra,
is d'á d-traocha, 's d'á d-tnátha, gan fuara, gan truagh, gan
taise; agas ann sin tháinidh Feargus Finnbhéil agas Diarmuid Mór,
rígh Chorcuighe, ar a chéile; agus is ó'n n-Diarmuid céadna
ainimnídhthear Corcaigh Mór mhic Diarmada, aniogh, agas do rin sé
agas Feargus comhrac comhrachtmhar, foirtil, fearamhail, feidhim-
láidir, le chéile, ionas gur ró mhór an iongna an gleó cruaidh, tréan,
tintídhe, faobharamhuil, fior-nimhneach, a raoba ceann agas corp a
chéile gan sosa; achd ag tréan-bhuala a chéile, faoi dheire gur
leagadh Feargus le Diarmuid, agas do chuir an cloidheamh colgach,
cruaidh-ghéar, tre na chroidhe. Ann sin, an uair do chonairc Oisin
Feargus do thuitim le Diarmuid, tháinidh ar a shéanruith na
choingibh, agas do chomhraic siad go calma, fraochuidhe, feargach,
feidhm-láidir; gur chuireadar ceathanna fola d'á g-corpaibh;
agas gur luathaigheadar na lámha leis na luath-bhuillídhibh tulcanta,
tréan-mhóra, agas go n-dearrnadar lóthacha d'á n-armaibh leis na
cruadh-bhuillídhibh; agas le fíor-neart na bh-fíor-laoch sin, gur
túrnadh agas gur traochadh iad ó'n lánghleó sin; faoi dheire, go
bh-fuair Oisín mac Fhinn baoghalbhuille ar Dhiarmuid Mhor,
gur sguab an ceann d'á mhórcholuinn, agas gur traochtha, tuirseach,
é féin tar éis an mhór-ghleó sin.


L. 150


Do bhí Oscur ann san am g-céadna tar éis léirsgrios go h-iomlán
do thabhairt ar na h-Ulltaigh, agas do chuaidh faoi na Connachtaigh,
agas do bhí go dian ar lorg Chairbre: óir ba dhóith leis d'á
bh-faghadh amharc de ná béarfadaois fir Eirionn uaidh é gan
marbhadh; agas ann sin thárlaidh dias mac Chairbre air, éadhon,
Conn agas Art, agas do rin comhrac éachtach, iongantach, leo a raon;
agas thug béimionna móra, colgacha, nímhe, dóibh; agas thug gach
naon díobh sin béimionna troma teó do; agas ní fada gur mhór an
truagh búithreach na n-óglaoch ag lán-bhéimionna Oscuir; fa'n
am sin do bhí mac righ Uladh, éadhon, Breacht mac Briain, a
n-géibhionn chruaidh ag Caoilte mac Ronáin, agas ní fada bhí,
an tan do bhuain an ceann de; agas do bhí Cairbre ann san am
g-céadna tar éis seisear clainne Chaoilte mac Ronáin do
mharbhadh ann sa g-caith; agas is iomdha búithreach, bladhrach,
cruadh-ghol, agas gárrtha, ar feadh an chatha lánmhór an uair sin.
Agas ann san am sin do bhí dias mac Chairbre agas Oscur 's a
n-úrlaoidheacht le chéile, gur sguab Oscur an ceann d'aon díobh,
éadhon, Conn, agas is gearr do sheasaibh an fear leis an tan do
bhuain a cheann de; agas ann sin gluaisíos tríd an g-caith ar lorg
Chairbre, agas tárlaidh taoiseach tréan do mhuintir Chairbre leis,
agas do bhadar a n-gleó re na chéile, ar an uair chéadna. Ba mhór
an truagh Caoilte mac Ronáin ós cionn a sheisior clainne; agas an
uair do chualaidh Cairbre a dhias mhac do thuitim le h-Oscur,
do ghluais na shéanruith gus Oscur 's an g-comhrac; do chaith
Cairbhre an t-sleagh leis, agas do bhuail a leith a dhroma faoi
bhun a shlineain, gur ghoin go croidhe é, agas gur thuit marbh ar
an láthair; achd go n-dúbhairt, "uch! uch!" ar sé, "as í seo sleagh
Chairbre tre mo chorpsa; de so tairngioch mo thuitim," agas ar
sin tháinidh Oisín go teinn dóite ós a chionn agas ní fada go
d-táinidh Fionn, agas do shil deóra faoi Oscur do thuitim, níor
shil Fionn aon deór a n-diaigh aon neach do'n bh-fhéinn
riamh roimhe sin. Ann sin tháinidh an méid mhair do'n Fhéinn ós
cionn Oscuir, agas


L. 152


níor fhan aon duine ar bith ann sa g-cath achd iad ag
caoine Oscuir.
Ag sin mar do thuit Oscur agas níor thug an Fhiann aon
chaith ó'n am sin amach.


L. 156


ROSG CATHA OSCUIR MHIC OISÍN,
FERGUS FILE FHINN, RO CHAN.



Eirgidh a Oscuir fhéil,
A fhir an chosgair chruaidh;
Led' bhrataigh áigh,
Beir neart agas buaidh
A mhic Oisín na m-béimionn,
Ghabh treise gacha comhlainn;
Ná féach do mhéad fórlann,
Ar chách nó go d-túirlionn.
Gabh brosdúghadh ó'n bh-file,
For Oscuir mhic Garraidh;
Na righthe tá ad aghaidh,
Traochaidh is tanaigh.
Ionnsaigh mac Chormaic,
Gabh cinseal an chomhraic;
Nó go bh-faghthair led' shleagh,
Diura mac rígh san g-comhlainn.
A mhic rígh gan táire,
do ghnídh gníomh is foghla;
Ba dhearbhtha do sgéala,
Go meanmnach a n-Gabhra.
Biaid brain-eoin go duaiseach,
O anail do chraoiseach;
Freagair go h-aidhbhseach,
Do leadradh na d-taoiseach.
A shaor-shlat gan ghairge,
Claoi go luath a meirge;
's an g-cogadh as aoirde,
Stiuraidh tré Chairbre.


L. 158


Bí mar thoinn tuile,
Nó mar throm-theine;
Gé líonmhar an buile,
Beir righthe araile.
Ná gabh osadh uatha,
A g-cosgar ríghthe Eireand;
Tígh társa 's tríotha,
Beir buadh a mhic rígh Féinne.
A ghnúis is caomh crotha,
Eirgidh a d-túis catha;
Le feirg mo ghotha,
A mheirge is dearg datha.
Déana marbhtha troma,
Bí ar confadh goile;
Cinn ar lucht fathla,
Is gan Fionn ad ghoire.
Ceannas do na fiannaibh,
Dod' shealba 'co fanaidh;
Tabhair gárrtha a d-Teamhair,
Gidh d'oisbhuadhach a n'oireas.
Ba bhuadhach do thuras,
Do chatha d'á n'amas,
Cuir flatha d'á g-cumas.
Gé go crothach áluinn,
Bí go súbhach sír-bhinn;
A chara ban Eirionn,
Lámh air do ghnúis mhín.


L. 160


Oscur nach tug éitheach,
Gach cosgar ní obadh;
Cuir tormann do bhratach,
Fan mór gan dochrach.
Fraoch géire do lainne,
O thréine do bhuille;
'S do luathas seach gach duine,
Luathsa fá na g-cuinne.
Tabhair frasa tréana,
Gabh treise a n-Gabra;
Táid Fianna Banba,
Ort ag iarradh cabhra.
A ghnúis air deagh-mholadh,
A fhir chalma, a churadh;
A ghlóir Eiriond uile,
Tabhair léim ar Fhiann Uladh.
A fhlaith na sleagh sochrach,
Maith do lúth air eachrach;
Beir leat do sgiath chorcrach,
A fhir nár thréig aithre.
Do shleagh go sásda ráinig,
Le h-ágh do mhor-mheanmann;
Do chloidheamh ná dídean,
Do chlaoidhe fear n-Eiriond.
Do ghéar-lann d'á m-bualadh;
Déan tanadh d'á bh-Fiannaibh;
Do ghaisge ná fuaradh,
Freasdail a's eirgidh!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services