Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Aodhagáin Uí Rathaille

Title
Dánta Aodhagáin Uí Rathaille
Author(s)
Ó Rathaille, Aodhagán,
Compiler/Editor
Dinneen, Patrick S. agus O'Donoghue, Tad
Composition Date
1700
Publisher
(Londain: I.T.S., 1911)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DÁNTA AODHAGÁIN UÍ RATHAILLE.



CRÉACHTA CRÍCH FÓDLA.



Is atuirse ghéar liom créachta crích Fódla
Fá scamall go daor 's a gaolta clí-bhreoidhte;
Na cranna ba thréine ag déanamh dín dóibh-sean
Do gearradh a ngéag' 's a bpréamha críon feochta.



Cé fada dhuit, 'Éire mhaordha mhín-nósmhar,
It bhanaltrain tséimh le féile is fíor-eolus,
Beir feasta aca it mhéirdrigh fé gach críon-chóisir,
'S gach ladrann caethach d'éis do chlí-dheolta.



Mar bhara air mo mhéala, féach gur díol deora,
Go ngabhann gach récs de réim chirt Roinn Eoruip
A bhfearantus féin go saoghlach sítheoilte,
Acht Banba i bpéin gan chéile is í pósta!


L. 4


Do chailleamar préimh-shliocht Néill is síol Eogain,
Is na fearachoin tréana, laochra ríoghacht Bóirmhe;
Den Charrath'-fhuil fhéil, mo léan, ní'l puinn beo aguinn,
Ná mhaithe na nGaedheal do b'éachtach gníomh comhraic.



Is dearbh gurab é gach éigean íogcórach,
Ganguid is éitheach, claon is díoth cómhaill,
Gan ceangal le chéile, acht réabadh rinn-scórnach,
Do tharraing ar Éirinn fraoch an Ríogh chomhachtaigh.



Ó chailleamar Éire, is méid ár mí-chómhthruim,
Is treascairt na laoch mear, tréan, nár mhí-threorach,
Ar Arad-Mhac Dé 's ar thréan na Tríonóide
Go mairidh dá n-éis an méid seo dhíobh beo aguinn.



Chailleadar Gaedhil a dtréithe caoin córach,
Carthannacht, féile, béasa, is binn-cheolta;
Alla-thuirc chlaon do thraoch sinn fí mhór-smacht;
Agallaim Aon-Mhac Dé ar Ghaoidhil d'fhóirthin.


L. 6


B 1710c 18T
AN MILLEADH D'IMTHIGH AR MHÓR-SHLEACHTAIBH NA hÉIREANN.



Monuar-sa an Chárrth'-fhuil tráighte, tréith-lag!
Gan rígh ar an gcóip ná treorach tréan-mhear!
Gan fear cosnaimh ná eochair chum réitigh!
Is gan sciath dín ar thír na saor-fhlaith!



Tír gan triath de ghrian-fhuil Éibhir!
Tír fá ansmacht Gall do traochadh!
Tír do doirteadh fá chosaibh na méirleach!
Tír na ngaibhne - is treighid go héag liom!



Tír bhocht bhuaidheartha, is uaigneach céasta!
Tír gan fear, gan mac, gan chéile!
Tír gan lúth, gan fonn, gan éisteacht!
Tír gan chomhthrom do bhochtaibh le déanamh!



Tír gan eaglais chneasta ná cléirigh!
Tír le mioscais, noch d'itheadar faolchoin!
Tír do cuireadh go tubaisteach, traochta
Fá smacht namhad is amhas is méirleach!



Tír gan tartha gan tairbhe i nÉirinn!
Tír gan turadh gan buinne gan réiltean!
Tír do nochtadh gan fothain gan géaga!
Tír do briseadh le fuirinn an Bhéarla!


L. 8


Tír is cráidhte tráighte tréan-fhir!
Tír ag síor-ghol í go héadmhar!
Baintreabhach dheorach leointe léanmhar
Staithte brúidhte cúthail créachtach!



Is fliuch a gruadh go buan le déaraibh!
Gruag a mullaigh ag tuitim 'n-a tréan-rith!
Srothanna fola as a roscaibh go caobach!
A haghaidh ar shnuadh an dubh-ghuail le chéile!



A baill crapaithe ceangailte céasta!
Glas a cuim thais mhín-ghil ghlégil
Iarnaidhe cumadh i n-ifreann maol-dubh
Le ceárduibh Bhulcánais chraosaigh.



Fuil a croidhe n-a linntreach shéideas!
Is gadhair Bhristó dá hól le géar-airc!
A hablach tá dá stracadh as a chéile
Ag madraidhibh Sacsan go cealgach d'aon-toisc.



d'fheoigh a duille, ní'l fuinneamh n-a géagaibh,
Do shearc a huisce le cuisne na spéire,
'Sa ghréin ní'l taithneamh ós fearannaibh, féachaidh,
Is ceo na ceárdchan tá ar a sléibhtibh.



A mianach ríoghdha a coill 'sa haolbhach
Do dóigheadh do briseadh a connadh 's a caolbhach;
A slata fáis go scáinte réabtha,
I gcríochaibh eachtrann scaipithe ó chéile!



Gríofa is Heidges, gan cheilg im scéalaibh,
I leabaidh an Iarla, is pian 's is céasta!
An Bhlárna gan áitreabh acht faolchoin!
Is Ráth Luirc scriostaithe nochtaithe i ndaor-bhruid!


L. 10


Do thuit an Leamhuin gan tapa, mo ghéar-ghoin!
An Mhaing 's an tSionainn 's an Life fá chréachtaibh,
Teamhair na righthe gan ursa shliocht Néill Duibh,
Is ní beo curadh aca chineadh Raighéileann.



Ní'l Ua Dotharta i gcomhthrom ná a chaomh-shliocht!
Ní'l Síol Mórdha treon ba thréanmhar!
Ní'l Ua Flaithbheartaigh i gceannas ná a ghaolta
Síol mBriain dearbh n-a nGallaibh le tréimhse!
Ar Ua Ruairc ní'l luadh, mo ghéar-ghoin!
Ná ar Ua Domhnaill fós i nÉirinn!
Na Gearaltaigh táid gan tapa gan sméideadh,
Búrcaigh, Barraigh, is Breathnaigh na gcaol-bharc.



Guidhim an Tríonóid fhíor-mhór naomhtha
An ceo so do dhíochur díobh le chéile,
De shleachtaibh Ír is Chuinn is Éibhir,
Is aiseag do thabhairt n-a mbeatha do Ghaedhealaibh.



Aiseag do Ghaedhealaibh déin, a Chríost, i n-am
N-a mbeatha go léir ó dhaor-bhruid daoithe Gall.
Smachtuigh na méirligh, féach ár gcríoch go fann!
Is dalta na hÉireann faon lag claoidhte thall.



An Ceangal.



Mo ghreadadh bróin na dragain chróda scáinte ón gcioth,
Is na Galla móra i leabaidh an leoghain san mBlárnain ghil:
Gach aicme 'en chóip lér mhaith mo shórd mar táid gan chion
Thug dealbh fós mé ar easbhaidh bróg dhon tsráid indiu.


L. 12


B 1700c 18T
Mac an Cheannuidhe.



Aisling ghéar do dhearcas féin im leabaidh is mé go lag-bhríoghach:
Ainnir shéimh, dar bh'ainm Éire, ag teacht im ghaor ar
marcaigheacht;
A súil reamhar ghlas, a cúl trom cas, a com seang geal 's a mailidhe,
Dá mhaoidheamh go raibh ag tigheacht n-a gar, le díoghrais,
Mac an Cheannuidhe.



A beol ba bhinn, a glór ba chaoin, is ró-shearc linn an cailín;
Céile Bhriain dár ghéill an Fhiann, mo léir-chreach dhian a
haicíd.
Fá shúiste Gall, dá brúghadh go teann, mo chúilfhionn tseang 's mo
bhean ghaoil;
Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh
Mac an Cheannuidhe.



Na céadta atá i bpéin de ghrádh le géar-shearc sámh dá cneas-chlí;
Clanna ríghthe, maca Míleadh, dragain fhíochta is gaiscidhigh,
Tá gnúis n-a gnaoi, ní mhúsclann sí; cé dubhach fá scíos an cailín,
Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh
Mac an Cheannuidhe.


L. 14


A ráidhte féin, is cráidhte an scéal, mo lán-chreach ghéar a haicíd!
Go bhfuil sí gan cheol ag caoi na ndeor, 's a buidhean gan gó ba
mhaith gníomh,
Gan chliar, gan órd, i bpian go mór, n-a hiarsma fó gach madaidhe;
'S go mbeidh sí n-a spreas gan luighe le fear go bhfillfidh
Mac an Cheannuidhe.



Adubhairt arís an bhúidh-bhean mhíonla, ó túrnadh ríoghra
chleacht sí -
Conn is Art, ba lonnmhar reacht, is b'fhoghlach glac i
ngleacuidheacht;
Críomhthan tréan, tar tuinn thug géill, is Laoigheach mac Chéin
an fear groidhe -
Go mbeadh sí n-a spreas, gan luighe le fear, go bhfillfeadh
Mac an Cheannuidhe.



Do-bheir súil ó dheas, gach lá fó seach, ar thráigh na mbarc, an
cailín;
Is súil deas soir, go dlúth thar muir, mo chumha anocht a haicíd;
A súile siar, ag súil le Dia, tar tonnthaibh fiara gainmhe;
Is go mbeidh sí n-a spreas, gan luighe le fear, go bhfillfidh
mac an Cheannuidhe.


L. 16


A bráithre breaca táid tar lear - na táinte shearc an cailín;
Ní'l fleadh le fagháil, ní'l gean ná grádh ag neach dá cáirdibh, admhuighim;
A gruadhna fliuch, gan suan, gan sult, fá ghruaim, is dubh a n-aibíd.
Ní'l faeseamh seal le tigheacht n-a gar go bhfillfidh
Mac an Cheannuidhe!



Dubhart-sa léi, ar chlos na scéal, a rún gur eág ar chleacht sí,
Thuas 'san Spáinn go bhfuair an bás, 's nár thruagh
le cách a haicíd;
Ar gclos mo ghotha i bhfoghas di, chorruigh a cruith, 's do scread
sí;
Is d'éaluigh a hanam d'aon-phreib aisti; mo léan-sa
an bhean go lag-bhríoghach.


L. 18


B 1725c 18T
Gile na Gile.



Gile na gile dochonnarc ar slighe i n-uaigneas;
Criostal an chriostail a guirm-ruisc rinn-uaine;
Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-ghruamdha;
Deirge is finne do fionnadh n-a gríos-ghruadhnaibh.



Caise na caise i ngach ruibe dá buidhe-chuachaibh,
Bhaineas an ruithneadh den chruinne le rinn-scuabaibh;
Iorradh ba ghlaine 'ná gloine ar a bruinn bhuacaigh,
Do geineadh ar gheineamhain di-se 'san tír uachtraigh.



Fios fiosach dham d'innis, is ise go fíor-uaigneach;
Fios filleadh dhon duine dhon ionad ba rígh-dhualgas;
Fios milleadh na druinge chuir eisean ar rinn-ruagairt;
'S fios eile ná cuirfead im laoidhthibh le fíor-uamhan.



Leimhe na leimhe dham druidim n-a cruinn-tuairim!
Im chime ag an gcime do snaidhmeadh go fíor-chruaidh me;
Ar ghoirm Mhic Mhuire dhom fhurtacht, do bhíodhg uaim-se;
Is d'imthigh an bhruinneal n-a luisne go bruighin Luachra.



Rithim le rith mire im rithibh go croidhe-luaimneach,
Tré imeallaibh curraigh, tré mhongaibh, tré shlím-ruaidhtigh;
Don tinne-bhrogh tigim, ní thuigim cia an tslighe fuaras,
Go hionad na n-ionad do cumadh le draoidheacht dhruadha.


L. 20


Brisid fá scige go scigeamhail buidhean ghruagach
Is fuireann do bhruinnealaibh sioscaithe dlaoi-chuachach;
I ngeimhealaibh geimheal me cuirid gan puinn suaimhnis;
'S mo bhruinneal ar bruinnibh ag bruinnire bruinn-stuacach.



d'inniseas di-se san bhfriotal do b'fhíor uaim-se,
Nár chuibhe dhi snaidhmeadh le slibire slím-bhuaidheartha,
'S an duine ba ghile ar shliocht chinidh Scuit trí huaire,
Ag feitheamh ar ise bheith aige mar chaoin-nuachar.



Ar chloistin mo ghotha dhi goileann go fíor-uaibhreach,
Is sileadh ag an bhfliche go life as a gríos-ghruadhnaibh,
Cuireann liom giolla dom choimirc ón mbruighin uaithi;
'S í gile na gile dochonnairc ar slighe i n-uaigneas.



An Ceangal.



Mo threighid! mo thubaist! mo thurrainn! mo bhrón! mo dhíth!
An soillseach muirneach miochair-gheal beol-tais caoin
Ag adharcach fuireann-dubh mioscaiseach cóirneach buidhe;
'S gan leigheas n-a goire go bhfillid na leoghain tar tuinn.


L. 22


B 1709-15 18T
AN AISLING.



Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhaill
Ar mhullach cnuic aoird aoibhinn dolodamar suas,
Tarrastar linn scaoith bhruinneal soilbhir suairc -
Gasra bhí i Sídh Seanaibh solus-bhrogh thuaidh.



Fearastar scím dhraoidheachta nár dhorcha snuadh,
O Ghaillimh na líog lí-gheal go Corcaigh na gcuan,
Barra gach crainn síor-chuireas toradh agus cnuas,
Meas daire ar gach coill, fír-mhil ar chlochaibh go buan.



Lasaid-sin trí coinnle go solas nach luadhaim
Ar mhullach Chnuic† aoird †Fhírinne Conallach Ruadh,
Leanastar línn scaoith na mban gcochall go Tuamhain,
Is fachtaim-se dhíobh díograis a n-oifige ar cuaird.



d'fhreagair an bhrighid Aoibhill, nár dhorcha snuadh;
Fachain na dtrí gcoinnle do lasadh ar gach cuan:
I n-ainm an ríogh dhíograis bheas againn go luath
I gceannas na dtrí ríoghachta, 's dá gcosnamh go buan.



As m'aisling do shlím-bhíodhgas go hathchumair suas,
Is do mheasas gur bh'fhíor d'Aoibhill gach sonus dár luaidh;
Is amhlaidh bhíos tím-chreathach, doilbhir, duairc,
Maidean sul smaoin Titan a chosa do luadhaill.


L. 24


B 1729ob 18T



AISLING MEABHUIL.



Aisling meabhuil d'aicill mh'anam, seal gan tapa seang tím tréith;
Frasa carb trasna mara ag teacht andeas go teann faoi réim;
Dragain mheara i dtosach catha i n-airm ghreannta an tseann-tsíl
Chéin,
Leagadh ar Ghallaibh aca is bascadh, is fearann fairsing i gceann
críoch Néill.



Mars gan bhanna dearcaim, seabhac leabhair lannach leabhair-ghníomh
tréan,
Bratach ascnaimh, coileach catha, d'aicme Raithleann seannghríbh
Gaedheal;
Creaithid flaithis, bailte, daingin, ranna mara, is campaidhe i gcéin,
d'fheartaibh arm-ghaisce an Aicil gheallas ceart an tseannríogh
phléidhe.


L. 26


B 1703-09 18T



AN TAN d'AISTRIGH GO DUIBHNEACHAIBH LÁIMH LE TONN TÓIME I
gCIARRAIGHE.



Is fada liom oidhche fhír-fhliuch gan suan, gan srann,
Gan ceathra, gan maoin, caoirigh, ná buaibh na mbeann;
Anfhaithe ar tuinn taoibh liom do bhuaidhir mo cheann,
Is nár chleachtas im naoidhin fíogaigh ná ruacain abhann.



Dá maireadh an rí díonmhar ó bhruach na Leamhan
'S an ghasra bhí ag roinn leis ler thruagh mo chall,
I gceannus na gcríoch gcaoin gcluthair gcuanach gcam,
Go dealbh i dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.



An Carrathach groidhe fíochmhar ler fuadhadh an meang,
Is Carrathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann,
Carrathach rí Chinn Tuirc i n-uaigh 's a chlann
'S is atuirse trím chroidhe gan a dtuairisc ann.


L. 28


Do shearg mo chroidhe im chlíteach do bhuaidhir mo leann;
Na seabhaic nár fríth cinnte, ag ar dhual an eang
Ó Chaiseal go Tuinn Chlíodhna 's go Tuamhain tall,
A mbailte 's a maoin díth-chreachta ag sluaightibh Gall.



A thonn so thíos is aoirde céim go hárd,
Meabhair mo chinn claoidhte ót bhéiceach tá;
Cabhair dá dtigheadh arís go hÉirinn bháin
Do ghlam nach binn do dhingfinn féin it bhrághaid.


L. 30


B 1721c 18T



BHAILINTÍN BRÚN.



Do leathnuigh an ciach diacrach fám sheana-chroidhe dúr
Ar dtaisteal na ndiabhal iasachta i bhfearann Chuinn chughainn;
Scamall ar ghriain iarthair dár cheartas ríoghacht Mumhan
Fá ndeara dham triall riamh ort, a Bhailintín Brún.



Caiseal gan chliar, fiailteach, ná marcraidhe ar dtúis,
Is beanna-bhruigh Bhriain ciar-thuilte 'mhadraidhibh úisc,
Ealla gan triair triaithe de mhacaibh ríogh Mumhan
Fá ndeara dham triall riamh ort, a Bhailintín Brún.



D'aistrigh fiadh an fial-chruith do chleachtadh sí ar dtúis,
Ó neaduigh an fiach iasachta i ndaingean-choill Rúis,
Seachnaid iasc grian-tsruith is caise caoin ciúin,
Fá ndeara dham triall riamh ort a Bhailintín Brún.


L. 32


Dairinis tiar Iarla ní'l aici 'en chloinn úir,
I Hamburg, mo chiach! Iarla na seabhac síodhach súbhach;
Seana-rosc liath ag dian-ghol fá cheachtar dhíobh súd
Fá ndeara dham triall riamh ort a Bhailintín Brún.



Clúmh na n-ealtan meara snámhas le gaoith
Mar lúireach dealbh cait ar fásach fraoigh,
Diúltaid ceathra a lacht a thál dá laoigh,
Ó shiubhail Sir Bhail i gceart na gCárrthach gcaoin.



Do stiúruigh Pan a dhearca i n-árda críoch,
Ag tnúth cár ghaibh an Mars do bhásuigh sínn;
Músclaid athaigh ghearra lán an trír,
Ag brúghadh na marbh trasna ó sháil go rinn.


L. 34


B 1835 19L
U Anaithnid
INIS FÁ RÉIM.



Aistriughadh dodhein Aodhagán Ua Rathaille ar thuarasgabháil
San Donatus ar Éirinn san naomhadh aois.



Inis fá réim i gcéin san Iarthar tá,
Dá ngoirid lucht léighinn Tír Éireann fialmhar cáil;
Saidhbhir i ngréithribh éadaigh, is mianach breágh,
Ór buidhe, i laochra, aer, is grian, is táin!



Mil mhilis bhraonach, féar is lacht gan trághadh;
Lomraidhe gléigeala éadaighe slachtmhar bláith;
Machairidhe saora séin is fearann ann gráin;
Flatha badh tréan le faobhar airm ar námhaid!



Ní'l oillphéist i nÉirinn, is beannuighthe an fód;
Ní'l alla-phéist chraosach aca ná leoghan;
Síth shoirbh, béasa is éigse gasta go leor;
Iliomad cléire naomhtha ag teagasc na slógh!


L. 36


Oileán na dtriatha ndiadha, fialmhar í;
Oileán na mbiadhtach riaghalta, dian-mhaith í;
Oileán do riaradh cliar is rianairí;
Oileán na ndiadhairí 's na dtighearnaidhe sciathneart ríghe.


L. 38


B 1729ob 18T
AN FILE I gCAISLEÁN AN TÓCHAIR.



Do shiubhluigh mise an Mhumhain mhín,
'S ó chúinne an Doire go Dún na Ríogh,
Mo chumha níor briseadh cér shúgach sinn
Go feicsint bruigh Thaidhg an Dúna.



Do mheasas im aigne is fós im chroidhe,
An marbh ba mharbh gur beo dobhí,
An carbhas macra feoil is fíon,
$Punch dá caithiomh is brannda.



Feoil de bhearaibh is éanlaith ón dtuinn
Ceolta, is cantain, is craos na dighe;
Rósta blasta, agus céir gan teimheal,
Conairt is gadhair is amhstrach.



Drong ag imtheacht, is drong ag tigheacht,
Is drong ag racaireacht dúinn go binn,
Drong ar spallmaibh úra ag guidhe,
'S ag leaghadh na bhflaitheas go ceannsa.


L. 40


Nó go bhfuaras sanas ó aon den chúirt,
Gurab é Warner ceannasach séimh glan súghach,
Dobhí san mbaile gheal aosta chlúmhail,
Flaith nár bh'fhann roimh dheoruidhe.



'Sé Dia do chruthuigh an saoghal slán,
Is thug fial i n-ionad an fhéil fuair bás,
Ag riar ar mhuirear, ar chléir, ar dháimh,
Curadh nach fallsa mórchroidhe.


L. 42



D'FHINNGHIN UA DONNCHADHA AN GHLEANNA.



Fáilte is da'chid ó dhraoithibh céad
Do bhláth na seabhac nach íseal méin
Ó áitreabh Sacsan is cinnte daor,
Go hárus Fleasca na seangbhan.



Coinfhiadh curata cráibhtheach caomh,
Flaith mar Oscar i mbeárnain bhaoghail,
Neart tréan, soilbhir, sásta, séimh,
Is cuan na Banba tá lánlag.



Súil is glaise 'ná drúcht ar fheor,
Úir na cruinne agus fionndair mhór,
Is clú dá chineadh 'san Mhumhain go deo,
An $Phoenix árd nach crannda.



Laoch mear greanta glan díreach fial,
De phréimh na Fleasca 's de shíol na bhFiann,
Céile gaisce, fear fíonta riar,
Finnghin† groidhe †mac Domhnaill.


L. 44


Uasal d'aibigh ó ríghthibh é,
Uan na seabhac ón Inse an laoch,
Is buaincheap casnaimh dá thír go tréan
An ríghfhear uaibhreach ceannsa.



Aon dos tearmuinn d'éigsibh Chuinn,
Craobh ba rathmhar ó Léin-loch linn,
Réilteann d'aibigh d'fhuil Éibhir Fhinn;
Fáilte Uí Chealla dhon phlannda.


L. 46



AR BHÁS TRÍR CLOINNE THAIDHG UÍ CHRÓINÍN.



Do ghéis an Ráth Mhór, do réabadh a seol,
Do léanadh a séan sin, do phléasc tigh an bhróin;
Do léir-chuireadh ceo, nach léir dam an fód,
Ar a haol-bhrogh do b'fhéile cás déarach an sceol.



Do bhéim-scriosadh fós le tréan-tuile mhóir
A gréithre 's a séada, 's a caolach 's a ceol;
Do léim-rith an smól i n-a héadan, do dhóigh
A caomh-chuilte daora 's a saor-chuirn óir.



Ciach guirt is treighead, pian-ghoin gan leigheas,
Dian-chreach san iarthar is fiabhras dubh tinn,
Mian ghuil gan meidhir, cliabh-thuirse is taidhm -
Iaibhlín i gcriaidh chille Diarmaid is Tadhg.



A Dhia d'fhuiling creidhill is rian-luit an daill
Dot niamh-bhrogh leat riaruigh an triar so fó ghreim;
Ciall raid go saidhbhir dá bhfial-athair, gaidhim,
Go bhfiadaidh sé sliachtadh dot dhia-thoil, a Radharc.


L. 48


Trí phéarla gan teimheal ba shéimh-oilte slighe,
Trí réidh-choinneal gréine, trí aon-ghasta i ngníomh,
Trí déasa nár chlaoin, níorbh'aosmhar a n-aois,
Trí réilteann i dtréithibh 's i mbréithribh gan phuimp.



Trí téada ba bhinn, trí créachta san tír,
Trí naomh-leinbh naomhtha, thug géar-shearc do Chríost;
A dtrí mbéal, a dtrí gcroidhe, a dtrí saor-chorp fá líg,
A dtrí n-éadan ba ghléigeal ag daolaibh, is díth!



Trí fíonúir ba chaoin, trí fíor-chlúir gan bhaois,
Trí príomh-ubhall de chraoibh úir ba rígheamhail i dtigheas;
Trí finn-stiúir an tighe, nár chríon-dhiúltuigh naoidhe,
A dtrí slím-chom a míon-ghrúidh do líon dubhach mo chroidhe.



Trí díth liom a ndíth, trí caoi-chúis mo chaoi,
Trí haoin-bhúidh an naoimh-úird, trí clí-chúmhra bhí;
Gur scríob chúichi an chill trí gnaoi-mhúinte grinn,
A Rígh, stiúir dhot rígh-chúirt an dís úd 's an t-aoin.


L. 50


B 1706 18T



MARBHNA SHEAGHÁIN BHRÚIN.



Tásc tré sreathaid dearca deóra
Fáth tré bhfeacaid cranna is corr-chnuic,
Cás tré gcreathaid flaithis mhóra,
Seaghán mac Bhail i bhfeart ar feochadh.



A bháis, do mheallais leat ar lóchrann,
Fál ar n-arbhair ar mbailte 's ar dteorann,
Gárda ar dteach ar mban 's ar mbólacht,
Ar scáth roimh sceanaibh feanta fóirne.



Ar sciath dhín, ar rígh is ar ró-fhlaith,
Ar gclogad cruaidhe go buan chum comhraic,
Ar ngrian gheimhridh, ar soillse, ar n-eolach
Ar gcrann bagair, ar dtaitneamh, ár nglóire.



Ar dtúr daingion ria namhaid, ar gcródhacht,
Ar gciall, ar radharc, ar bhfeidhm, ar mórchion,
Ar gnaoi 's ar méin, ar ngné 's ar sóghchas,
Ar mbád, ar mbarc, ar maise is ar mbeodhacht.



Ar nOscar teann, ar labhartha, ar nglórtha,
Ar $Phoenix mullaigh, ar gcuradh is ar gcomhthrom,
Ar n-airm i n-am seasaimh le fórlucht,
Ar gCaesar tréan, ar réilteann eoluis.


L. 52


Monuar an tír fá scíos it dheoidh-se,
Is iad gan triath acht Dia na glóire,
Ar gcoillte dá síor-scrios le fórsa,
Is Laighnigh ag blaidhrigh 'n-ar ndóirsibh.



Atá Mágh gCoinche go singil gan nóchar,
Tá Cill Áirne cásmhar deorach,
Dhá thaobh Mainge fé ghallaibh gan teora,
Sliabh Luachra i nguaiseacht trét thóirneamh.



An uair do rith an mhuir thar córtas,
'S an tan do bhris Loch Guir fá mhóintibh,
Ar ghéim an Ruis do chrith an chóige,
Tréimhse roimh a dhul ar feochadh.



Do rith réalta ón spéir ar Eoghanacht,
Ar Phoebus do thuit éiclips comh-dhubh,
Dobhí an rae 's an t-aer go brónach,
Is Léin-loch ag géimridh go tóirseach.



Dobhí an Laoi dá chaoi, is ba chóir dhi,
Is Dún Baoi na laochradh fóirnirt,
Dún Deaghdha go dubhach creachach deorach,
Is Dún Aonfhir go créachtach tóirseach.



An ghuaiseacht so ar Thuamhain do bhreoidh me,
'S an buaidhreamh so ar Chluain na nódh-bhreith,
Buaidhreamh is duairceas dá fhógairt,
Dá éileamh gur scéidh súd dá bpóraibh.


L. 54


I mBun Raite do thaistil an mhór-scol,
I mBun Roghair badh throm na geonta,
I gCnoc Áine d'árduigh mór-ghol,
Is tá Cnoc Bréannain traochta i ndeoraibh.



Ní hé an gol so is doichte bhreoidh me,
Acht gol na finne bhí agat mar nóchar,
Gol na gile ler snaidhmeadh go hóg thu
d'fhuil an diúic, dá chrú, is dá chomhgus.



Gol an Bhrúnaigh chongantaigh, chródha,
Atá i Londuin fé dhubh-smacht fóirne,
Gol a chloinne - táid uile go brónach,
Is dian-ghol Máibhle is cráidhte deorach.



Gol na druinge ler hoileadh thu it óige,
De phréimh na righthe ba chumasach cródha,
Laochra ba laochuis i ngleo-bhruid,
De shleachtaibh Chéin fuair réim dhá chóige.



A chomhdhalta chléibh na saor-fhlaith mórdha,
Na Laoghaireach dobhí ag Éirinn pósta,
Is na ndréam do phréimh-shliocht Eogain
Dár dhual géilleadh an tSléibhe 's an Tóchair.



Liacht a ghaolta, is céim a gcoimhreamh,
De ghrian-tsliocht Éibhir, Néill is Eogain,
Is ná raibh aon de réxibh Fódla,
Gan a ghaol gan bhéim fá dhó leis.


L. 56


Is an méad de ghallaibh ba feardha fórsach,
A laochra, a bhflatha, 's a maithe, 's a leoghain,
Nár ghéill d'achtaibh na Sacsan, gan gleo-chur,
Go tréan tar fairrge scaipeadh a n-ór-fhuil.



Iarla fairsing Chill Dara na gcóisreach,
An tIarla ón Daingean, an Barrach, 's an Róisteach
An tIarla ó Thallaibh ba thaca le comhrac,
An tIarla ón gCathair, is flatha Dhún Bóinne.



An Cúrsach san Chuncus ba thóisce,
Triath Chille Coinne, 'san Ridire ró-dhil,
Triath na Lice, Mac Muiris 's a chomhgus,
'S an triath ó Inis Bó Finne na gceolta.



Adhbhar uabhair buaidheartha is brón-ghuil,
Athnuadh luit is uilc gan teora,
Méadughadh dian ar chiach san gcóige,
Cíos bhur bhfearann ag Asgill dá choimhreamh.



An dara cás do chráidh an chóige
Gríofa is Tadhg i bhfeidhm 's i mórtas
Lér díbreadh ar saoithe mórdha
As a bhfearannaibh cairte is córa.



Is díth-chreach bhur gcoillte ar feochadh,
Is mailís Thaidhg ag adhaint mar smól dubh,
Gan amhras tá a gceann 's a dtóin leis,
Ón lá d'imthigh sciath urraidh na slóighte.



Tuirse croidhe don tír thu ar feochadh,
A ghéag de phríomh na míleadh mórdha,
Is tu ar ndíon ar ghaoith na bóchna,
O díbreadh an rí ceart le fór-lucht.


L. 58


Dobhís-se ceannsa d'fhann nó ró-lag,
Dobhís-se teann le teann gan ró-cheart,
Níor thusa an sanntach cam cas mórdha,
Acht triath do mheabhruigh feabhas gach sómpla.



Aitchim Dia go dian it chóisir
An Spiorad Naomh go tréan 's an Mór-mhac,
Ógha agus apstail is aingil n-a slóightibh,
Dot choimhdeacht go ríoghacht na glóire.



AN FEART-LAOIDH.



Fé'n lic seo is dubhach dlúth-churtha an $Phoenix Gaoidheal,
Curadh clúmhuil, Cúchulainn, Caesar groidhe,
Bile búidh gnúis-tsoithimh aerach, caoin,
De chuislinn úir Bhrúnach 's de Phéarla ón Laoi.



Turadh Mumhan fút atá traochta, a líog,
Curtha i n-úir, trúig ghuil go tréan don tír,
Ciste úird, ughdar ba ghéar san dlighe,
An buinne cúil cumhra de phréimh na ríogh.



A leac is nár go bráth do mhioscais-se linn,
Fá chlais an bhráca d'fhágais singil ar gcinn,
Creach is crádh na mná sin agat, a líog,
Bhail is Seaghán ó táid fét bhruinnibh 'n-a luighe.


L. 60


B 1729ob 18T
AR BHÁS SHEAGHÁIN MHEIRGIGH UÍ MHATHGHAMHNA.



Uch is uch is díth na cléire!
Uch dubhach! is uch lom is léanadh!
Uch croidhe tu sínte tréith-lag!
A Sheagháin mhic Thaidhg go doimhin fá bhéillic.



Gráinne don chruithneacht gan chogal gan chlaonadh!
Biadhtach groidhe is taoiseach séimh suilt!
Uasal, áiseach, dáilteach, séimh-ghlan,
Múinte, cumhra, clúmhail, béasach.



Uch is uch an tobar féile
Do dhul don úir i dtúis a shaoghail!
Uch buan do lucht cuarda Éireann,
Leagadh an leogain chródha i gcré-chluith!


L. 62


Mór-fhear oilte is ciste cléire
Fíonúir folláin, beangán laochradh,
Léightheoir greanta annalach Éireann,
Guaire an oinigh ná druideadh ó dhaonnacht.



Rós na saoithe, gnaoi gan éisling,
d'ionaradh dáimh is báird is éigse -
Dronga siubhail na Mumhan le chéile -
I bhfial-bhrogh ghrádhmhar áluinn ghné-gheal.



Ubhall cumhra lúbach é sin,
Curadh catha chum seasaimh dá réx cheart
Rígh-fhear suairc na nduanta d'éisteacht
Dian-ghrádh bruinneal, a gcumann 's a gcéad searc.



A chine sin dobhí fearamhail, tréanmhar,
Ciallmhar, páirteach, bláth ná staonfadh,
Curanta, fíochmar, ríoghdha, faobhrach,
d'fhás ó Chian i n-iathaibh Éireann.



Seaghán san úir thug smúit ar spéarthaibh,
Sínte i bhfeart gan phreab n-a ghéagaibh;
Groidhire marcaigh, mear, acmhuinneach, tréitheach,
Réiltean eoluis, cómet spéire.



Thug glas beoil ar bheolaibh éanlaith,
A dhul don úir, is dubhach na scéalta!
Tobar lachta na n-anbhfann tréith-lag
Bó na mbocht, 's a ndorus aonair.



A searc, a bpáirt, a ngrádh, 's a gcéadfadh,
A gcnú mhoguil, a bposta, 's a séimh-ghuth,
A n-annsacht anma, a gcaraid, 'sa gcléireach,
A gCúchulainn lá cruinnighthe an aonaigh.


L. 64


Truagh na dtruagh do chlí fá bhéillic!
Mac mic Sheagháin óig, áird-leoghan, saorfhlaith,
Biadhtach do riaradh na céadtha,
Gan bhuaidhirt ná doicheall, gan dochma ná daorbhroid.



De dhruim a bháis tig báthadh ar spéarthaibh,
Muir go cruaidh docht buan ag béicigh.
Cruana tailimh is srathanna ag géimnigh,
Tonna ar mire, agus uisce na sléibhte.



Craobh gheal duille, mo mhilleadh céasta,
Mar do ghearruigh Átrops snáith a shaoghail!
Tréan-fhear mear groidhe smachtuigheadh faolchoin,
Ná raibh gallda canntlach d'aon-toisc.



Bás mhic Thaidhg d'fhág snaidhm im aeibh-se,
Is créim im ghlúinibh túirseach, tréith-lag,
Buan-chnead tinn im chlíteach téachta,
Is fiabhrus goile go crithneach im aeibh-se.



Mo inchinn tinn gan bhrígh ná éifeacht,
Mo lámh ar siona-chrith, othar me faon-lag,
Lúth mo chos ar cosc i n-éinfheacht,
Ag caoi mo mharcaigh gan chogal ná claonadh.



Is tá a shár-fhios ag bárdaibh Éireann
Gur neach ríoghdha an gaiscidheach so déarfam,
Rígh-chú an fear so do shleachtaibh Éibhir,
d'árd-dhúthchus Chláir Mumhan le chéile.



Ubhall cráibhtheach, áluinn, tréinnirt,
Dobhéarfadh deoch don othar ghnégheal,
Biadh dhá easbhaidh, cé danaid mar scéal sin,
Is nár dhún a dhorus roimh shochraid céadta.


L. 66


A sheanchas glún tá annsúd le chéile
'San Leabhar Muimhneach scríobhtha ón gcéad fhear,
Ní i Saltair bheannuighthe Chaisil gan chlaonadh,
Do scríobh Cormac, tobar na cléire.



Monuar a mhnámhuil mhánla, ghlégeal,
Mhúinte, chumhra, chlúmhuil, bhéasach
Do threibh chalma Ghleanna na laochradh,
Ag gol go cruaidh ar uaigh a séimhfhir.



Is gur bh'é Seaghán a grádh 's a $Phoenix,
Fíonúir d'eascair de chlannaibh Milesius,
Maoire calma Mainge agus Sléibhe Mis,
Achlann Bhanba an faraire tréin-nirt.



Do b'é a shinsear rí don taobh theas
Cian nár choigil a chostas ná a shéada,
d'fhág mar bheatha fairsinge Ghaedhealach,
Séan is sonas go follus don tsaoghal.



Dofuair Seaghán ciall ó Dhia na céille,
Caitheamh is fagháil do ghnáth gan traochadh,
Clú nár thim, is ná tuillfeadh céad guith,
Is beo a thaise, ní marbh acht saoghal dó.



Dobhí an curadh, 's ní chuirim-se bréag air,
Grádhmhar, dáilteach, fáilteach, déirceach,
Duineamhuil, ríoghda, croidhe-gheal, tréitheach,
Ag dul tar a chumas chum oinigh do dhéanamh.



Do réir a chumais, dar Muiris níor bhréag san,
Ná raibh diuic ná prionnsa i nÉirinn,
Triath ná easpog, sagart ná cléireach,
Do b'fhearr 'ná Seaghán i gcáilibh saordha.


L. 68


Guidhim-se is guidhidh-se Dia na ndéithe,
An tAthair 's an Mac 's an Spioraid Naomhtha,
Is Árd-Rígh mór na glóire i n-éinfheacht,
Seaghán do ghlacadh 'n-a chathair gan taothnasc.



An Feartlaoidh.



Fá'n bhéillic tá traochta fáidh $Phoenix glan-ughdar
Fear glégeal bláth féinne sámh saor ba dheagh-chumtha;
Áigh éimhir Cláir Éireann, árd-dhaonnacht, fearamhlacht,
Atá i n-éinfheacht fát chraos ag Seaghán† tsaordha †Ua
Mathghamhna.


L. 70


B 1724 18T
AR BHÁS UÍ CHEALLACHAIN.



D'éag i mBaile na mBuailteoiridhe an 24 lá do mhí August, 1724.



Saighead-ghoin nimhe tré inchinn Fódla;
Saighead don phláigh tré lár a drólann,
Cás gan leigheas is adhnadh tóirse,
Ar feadh cúig cúige, is dubhach na sceolta.



Scoth na Muimhneach sínte ar feochadh,
Leannán Banba, cara na ngeocach,
A n-aon tsúil, a rún, a ndóthchas,
'Sa gcú ghleaca le namhaid do móradh.



Tug a bhás ar bhráithribh beo-ghoin,
Ár gan áireamh d'fhás ar órdaibh,
Ciorrbhadh cléire féach gur fhógair,
De bhrígh na stoirme ritheas ar neolaibh.


L. 72


Fáth na cúise dubhach deorach
Réiltean díona críche is cóige,
Seabhac na seabhac is plannda dhen mhórfhuil,
Do dhul i n-úir i dtúis na hóige.



Oighre Cheallacháin Chaisil cháidh chródha,
Sáith trí ríoghacht dhe rígh 's de ró-fhlaith,
Searc na hÉireann, laoch na leogan,
I gCill Cré fá bhéillic ró-ghluis.



A armus, is é tarraingthe i n-órdhath,
Faolchú faobhrach éigneach bheodha,
Ag tréigean imill na coille 'n-a comhrith,
'S ag dul ar seilg ar leirgibh Fódla.



Sínte anuas ar uaigh an leogain
'N-a chlúid díona ar líg an róis ghlain,
Gan greadadh bas ag teacht n-a chomhgar,
Ná gártha cliar n-a dhiaidh am nóna.



Tug Tonn Chlíodna bíodhgadh ró-nirt,
Tá Tonn Rudhraighe i bpúicín brónach,
Tonn Tuaighe dá fhuagradh go deorach,
Is Casán Cloinne Mhic Muiris is Tóime.



Do ghéim Tonn Téide go glórach
Inseacha is dhá thaoibh Abhann Móire
Life do dháil i n-árdaibh deora
'S an Fhleasc chraosach chraobhach chnómhar.



D'fhuagair an Ruachtach a ró-ghol,
Brogh Bonn Inis is brogh na Bóinne,
Brogh na Ríogh is Ríogh-bhrogh Bhóirmhe,
Brogh Áth Cliath na rian-bharc seolta.


L. 74


Do screadsad síodh-mhná mín-chláir Eogain,
Bhí i Sídh Chruachan duartan glórach,
I mbrogh Chonaill na gconartach gceolmhar
Is Sídh Baidhbhe Meidhbh ag brónghol.



Do-bheart Clíodhna trí na sceoltaibh
Gur seabhac Gaedheal na hÉireann Domhnall,
A laoch laochuis, a bhfaobhar comhraic,
A gceann tíre, a rí, 's a ró-fhlaith.



A ngrian gheimhridh, a gclaidheamh, a ngleo-gha,
A dtuagh ghualann, a gcruaidh ró-ghlan,
A sinsear ceart, de chlannaibh Eogain,
Bun a ngeinealach uile 's a n-órchloch.



A nOscar teann, is ceann a slóighte,
A rí-bhiadhtach riamh 's a dtreon-san
A gceann díona, is díon a mbhólaigh,
A Mars tréan, 's a réiltean eolais.



Radharc a súl, a lúth, 's a lóchrann,
A mbratach cogaidh dá bhfortacht 'san ló gheal,
Leigheas a n-othar a gclogad 's a n-órshleagh,
A gcrann cumhra, a rún 's a ró-neart.



Dubhairt Clíodhna - fíor na sceolta,
Éibhir Fionn ór ghlúinghein Domhnall
Céad rí Gaedheal, níor shaobh an t-eolas,
Sinsear cloinne mhic Bile mhic Breogain.



Do dhearcas, ar sí, 'n-a ríogh-bhrogh ceolmhar,
Síodaidhe breaca, is bratacha sróill ghlain,
Cuilg dá ngormadh, othair ag ól miodh,
Is laochra ag imirt ar fidhchill na fóirne.


L. 76


Cuilte dá ndeargadh ar maidin 's am nóna,
Córughadh cleiteach ag bairrfhionnaibh óga,
Fíon ar briseadh dá ibhe, agus mórtas,
Feoil ar bhearaibh, is beathuisce ar bhórdaibh.



Dronga ag taisteal gan mhairg don nósbhrogh,
Dronga ag tuitim 's a gcuisleanna breoidhte,
Dronga ar meisce gan cheilg don chomhursain,
Dronga borba ag lobhairt go glórach.



Boltanus cumhra dlúth ag coimhrith,
Ó anáil bhaeith na cléire cóirne,
Gaotha luatha buana as srónaibh
Na saoithe chasnamhadh machaire an chomhraic.



Puirt ar chruitibh dá seinm go ceolmhar,
Startha dá léigheadh ag lucht léighinn is eoluis,
Mar a mbíodh trácht gan cháim ar órdaibh,
Is ar gach sloinneadh dar geineadh san Eoruip.



Dóirse gan dúnadh ar dhúntaibh ómrach,
Céir dá lasadh ar gach balla agus seomra,
Caisc dá mbriseadh dhon bhfuirinn gach nóiment,
'S gan trághadh lachta ag teacht san ól soin.



Eich dá mbronnadh aca ar ollamhnaibh Fódla;
Eachra garbha ar leacain ag coimhrith,
Troightheacha i n-iorghuil, iomarca beorach
I gcornaibh aithleaghtha d'airgead ró-ghlan.



Ba mhinic san chluain seo fuaim na ngleostoc,
Tromgháir sealg i sleasaibh na gceochnoc,
Sionnaigh dá ndúscadh chúcha is crónphuic
Míolta as mongaibh, cearca uisce, agus smólaigh.


L. 78


Luin na seilge ag sceinnim le fórlucht,
Is cearca feádha go fánach glórach,
Conairt an ríogh 's a shaoithe tóirseach,
d'éis a reatha i n-aghaidh sleasaibh na gceochnoc.



Treighid gan téarnamh, méala mór liom,
An chluain fá gháir na gcág gan teora,
Glór na ngall go teann san órbhrogh,
Mar a mbíodh imirt is gliogar fear fóirne.



Adubhairt Clíodhna ó fhinn-chraig ómraigh
Nár chuibhe a ghaoil do mhaoidheamh le mórfhlaith,
Le rígh, dá fheabhas, i mBreatain, ná i bhFlondras,
I bhfrainc, i Sacsaibh, ná i gcathair na Rómha.



Do bhrígh gur $Phoenix é agus mórfhlaith,
Cloch den chriostal ba ghluine san Eoruip,
Carbuncail gan duibhe ná cróine,
Rí-laoch, rí-sheabhac, rí-cheann cóige.



Rí-phréamh uasal, ua na ngleo-fhear,
Trér scéith cruithneacht na Banba cródha,
Fíodh gan chuileann ná drisleach n-a chomhgar,
Draighneach dealbh ná casmhaide dóighte.



Thug an Lia Fáil gliadh-gháir bhrónach,
Ar ndul i gcré dá éadan ró-gheal,
Dá bhéal tana, dá theangain, dá ghlórthaibh,
Dá ríghe reamhair, dá leacain mar phórphar,



Dá chliabh fionna-gheal, fuinneamhuil, fóirnirt,
Dá bhriathraibh binne, dá shloinneadh, dá óige,
Dá ucht lom, dá chom, dá bheo-chneas,
Dá mheoraibh cailce, dá phearsain, dá mhórdhacht.


L. 80


An tan dorugadh an ceann fine seo Domhnall,
Do raid Mars don leanbh gleó-gha,
Ba shuaimhneach flaithis is talamh is neolta,
Aer is réilte, spéir is mór-mhuir.



Tug an ghrian dó ciall gan teora,
Uaisleacht aigne, scaipeadh agus cnósach,
Gaisce gan bhéim don phéarla ró-ghlan,
Meabhair is intleacht, cuimhne is beodhacht.



Tug Mercurius rún go cóir dó,
Seoide flaitheas go fairsing gan cóimhreamh,
Neart, is oineach is gluine agus mórdhacht,
Gaisce mar chéile is laochus leogain.



Dothug Pan mar aisce 'o Dhomhnall,
Staf an tréada is céir gan dreoighteacht,
Glaine mar dhrúcht is clú gan feochadh,
Meabhair ghlan ghrinn, is gaois 'n-a mheoraibh.



Tug Nereus do Gholl na slóighte
Riar le misneach ar imeall na bóchna,
Neptunus tug long fá sheol dó
Is Oceanus árthacht fór muir.



Baindia an tsaidhbhris roinnt do dheonuigh
Ceres rathmhar tug rath ar an domhan dó,
Mil is féar is céir gan dreoighteacht,
Ar gach talamh n-a sataladh Domhnall.



'San dlighe chirt níor líomhtha Bóltan,
'Ná an rí seo de phríomh-shliocht Scóta,
Saor-dhlighe réidh glan séimh le comhursain,
Doghníodh taoiseach Inse Móire.


L. 82


Eson sochma gan fochall n-a ghlórthaibh,
Saormhac Donnchadh is Donnchadh, Domhnall,
Is Cathaoir Modartha posta na gceocach,
Rí-bhiadhtach cinn iarthair Eorpa,



Mac Ceallacháin fhearamhuil mheanmnaigh bheodha,
Mac Conchubhair saoi ba fíochmhar cródha,
Mac Donnchadh, mac Taidhg feidhm-nirt eolaigh,
Mac Conchubhair Laighnigh tadhm nár fhógair.



Mac Donnchadh uasail cuan na ró-bhocht,
Mac Cinnéide Fhinn ba thaoiseach cóige,
Mac MicCraith fuair meas in' óige,
Mac Maoilsheachlainn d'arguin Eoghanacht,



Mac Lochluinn riamh nár ghiaill i ngleoidhthibh,
Mac MicCraith nár leamh i gcomhrac,
Mac Mathghamhna Fhinn, saoi agus leogan,
Mac Murchadh mac Aodha na gcaor gcomhraic,



Mac Cinnéide Ruaidh do ruagadh fóirne,
Mac Ceallacháin Fhinn saoi, mac Domhnaill,
Mac Murchadh neartmhair ceap na mórfhlaith,
Mac Donnchadh fuair comhthrom tré chródhacht.



Nuar mo chroidhe-se, ar Clíodhna chomhachtach,
An mhaidhm thailimh atuirseach bhrónach,
Tuamhain uile go Boirinn na mórchloch,
'S an Druimnín ag caoi na ndeora.


L. 84


Pailís éadmhar tréith-lag, tóirseach,
'S an Bháin-tír 'n-ar ghnáth síorchóisreach,
An Chúil Ruadh fá ghruaim am nóna,
'S i nDruim Fhreastail ní lastar na tóirsidhe.



Athchuingeas Iupiter ursach mórdha
Ar Chlíodna dhoirbh ba sochma le deoraidh,
Fios geinealaigh an ríogh d'innsint dóibh-sin,
Ó bhí an leabhar n-a glacaibh is eolus.



Athair Cheallacháin, cara dhá chomhgus,
Buadhchain binn, ar Clíodna ró-gheal,
Mac Lachtna láidir, lán-mhear, beodha,
Mac Artghoile, rí cliste cúig cóige,



Mac Sneadhghusa, mac Donnghaile ró-nirt,
Mac Aonghusa rí saothrach seodach,
Mac Colgain chaim thug timcheall Rómha,
Mac Fáilbhe Flann ó Theamhair thug mórchreach,



Mac Aodha dhuibh Rí Mumhan, cródha,
Mac Criomhthain tséimh, mac Féilim cheolmhair,
Mac Aonghusa Rí saothrach, seomrach,
Mac Nadfraoich nár chlaoidhte i gcomhrac,



Mac Cuirc Caisil na n-eachra seolta,
Mac Luighdheach, mac Oilill do bhronnadh na seoide,
Mac Fiacha Mhaoil nár thim, mac Eogain,
Mac Oilill† uasail fhuadraigh †Óluim,



Mac Mogha Nuadhat fuair leath Fódla,
Mac Mogha Néid nár éimigh gleodh-chur
Mac Éanna Dheirg, mac Deirg na seolta,
Mac Éanna Munchaoin muirnín ógbhan,


L. 86


Mac Mogha neartmhair do chreachadh cúig cóige,
Mac Mogha Féibis saor le deoraibh,
Mac Eachaidh áine, áluinn, snóidhgheal,
Mac Duach dallta Deaghaidh a chomhfhogus,



Mac Cairbre Luisc, an oinigh ró-ghlain,
Mac Lughaidh Luaighne b'uallach glórach,
Mac Ionnadmhair, mac Niadh fuair fiadh Fódla,
Mac Adhamhair fholtchaoin, rosc-ghlinn, ró-ghlain,



Mac Mogha Cuirb, mac Fir Cuirb ró-nirt,
Mac Cobhthaigh chaoimh, an míleadh módhmhar,
Mac Reachta mhuirnigh, mac Lughaidh Lóige,
Mac Oilill áird ba sháimhe nósdreach,



Mac Lughaidh dheirg nár mheirgeach chlódhruid,
Mac Oillill Uairceas ua na mórfhlaith,
Mac Luighdheach Iardhonn cliabh-throm cródha,
Mac Éanna Chlaoin ba fíochmhar fórsach,



Mac Duach Fhinn, nár chlaoidhte i ngleodhthaibh,
Mac Séadna Ionnaraidh chuirmigh cheolmhair,
Mac Breisrigh na Muimhneach mórdha,
Mac Airt Imligh lonnardha lóithnigh,



Mac Feidhlim Reachtmhair, mac Roitheachtaigh bheodha,
Mac Roáin ríoghluin ruígeadh cóige,
Mac Fáilbhe chruthaigh ba furtacht dá chomhursain,
Mac Cais fhialmhair shriantaigh chóisrigh,


L. 88


Mac Aildeascaid dil fuair fios is eolus,
Mac Muineamhuin, mac Cais, neart gach deoraidh,
Mac Irirea, mac Finn, saoi ba threorach,
Mac Roitheachtaigh, mac Rois do chuir gleoidhthe,



Mac Glais, mac Nuaidh, na ruag ró-fhada,
Goirthear don té sin Rex Scotorum
Mac Eochaidh fhaobhraigh, géar i ngleoidhthibh,
Mac Conmhaoil ba dhíreach beodhchuirp,



Mac Éibhir Finn, mac Míleadh chomhachtaigh,
Árd-rí sámh na Spáinne an leogan,
Mac Bile chumhra úir, mac Breogain,
Mac Bratha thionnscain túr nár tóirneadh,



Mac Deaghdhatha nár mheathta sa choimhgleic,
Mac Aireada chaoin do thimchill Eoruip,
Mac Allóid uaibhrigh uasail ró-nirt,
Mac Nuadhat, mac Nenuaill ba ró-mhear,



Mac Éibhir ghluin-bhinn lucht grinn ró-nirt,
Mac Adhnamhain ádhbharaigh áigh-ghlic eoluigh,
Mac Éibhir ghlúinfhinn chúlbhuidhe ómraigh,
mac Láimhfhinn ba chroidhe-gheal córach,



Mac Adamhuin, mac Tait do chleacht comhlann
Mac Beogainn nimhnigh, rí agus ró-fhlaith
Mac Éibhir Scuit tar muir thug mór-chreach,
'S ba rí san Scithia an bith-fhial beodha,



Mac Srú, mac Easrú na slóighte,
Mac Gaoidhil Ghlais ba churadh comhraic,
Mac Niuil mic Fhéineasa fórsaigh,
Mac Beath ná cleachtadh móide,


L. 90


Mac Magog chaoin mac Iapet bheodha
Mac Naoi 'san airc dín fuair comhdach
Mac Laimeic do mhair seal san dómhan
Mac Metusalem dob'fhada bhí i mbeochruith,



Mac Eonach chaoin nár thuill guith chomhursan,
Mac Iaphet, mac Malalel bheodha,
Mac Enois, mac Set nár bheag cóta,
Mac Ádhaimh chríonna smaoin ar mhórolc.



Ní'l glún le rádh ó Ádhamh go Domhnall,
Acht árd-ríghthe bhí ar an dómhan,
Ríghthe críche is ríghthe cóigeach
Fialtaoisigh tighearnaidhe agus leogain.



An Feartlaoidh.



Féile, is misneach, is soineann, is clú gan cheas,
Tréithe sioscaithe, guirm-ghlana, úra, is meas,
$Phoenix uile na Mumhan a dtúr 's a neart
Go tréith-lag agat fát chiumhsaibh, is dubhach, a leac!


L. 92


B 1724 18T
AR BHÁS AN FHIR CHÉADNA.



Scéal guirt do ghéarghoin mo chroidhe-se,
'S do léirchuir na mílte chum fáin,
Céir bheach is péarla na Muimhneach
Gur saegheadadh le hintleacht an bháis,
A cédar, a Céasar, a sinsear,
A n-aontslacht, 's a n-aoinchuilg ghnáith,
A méin uile d'aontoil, 's a rí chirt
'S a gcaomhchoinneal oidhche agus lá.



Saobhdheamhuin aeir agus draoithe,
Ní féidir a mínchosc dá ráig,
Tá Thetis fá chaorthonnaibh sínte,
'S a céile, dá coimhdeacht ní nár;
Phlegon gan éisteacht, is Triton,
Tréan-Mhars is craoiseach n-a láimh,
Phaeton ag léimridh thar líne
Agus craobh dhealg-dhraighnigh n-a sháil.



Mo dhéara mar shéala ar an rígh-lic,
Is éadtrom mar mhaoidheamh dham go bráth,
Muna dtréigfinn-se saorfhuil mo chlítigh
Ar chréchuilt an taoisigh thar bárr;
Caor chumais Éireann an tsaoi sin,
A préimh-dhair do b'aoirde fé bhláth,
A éagdhul thug mé-si go claoidhte,
'S na céadta mar sinn uile ar lár.


L. 94


Do réabadar spéartha agus tíortha,
Do thréantsloig an t-íseal an t-árd,
'N-a chaomhchodladh séimh dobhí Typhon
Gur léim d'easbhaidh taoide ar an dtráigh;
Péiste na mbéal ngorm gcíordhubh
Gur léigeadar díobh uile snámh,
Go n-éisteadh na déithe cé an rí-fhlaith
De shaorchlannaibh Míleadh fuair bás.



Do-bheart Clíodna ón gcarraig mbáin ngruaidhghil
Gur bh'é seabhac sámh Chluana ghil Mhín,
Ceap ríoghdha Chaisil, árdchuaille,
Ua Ceallacháin uasal 'sa shíol,
Brat díona ar Eallaibh lá an chruadhtain
Dá gcasnamh le cruas nirt is claidhimh,
Cois Laoi theas marbh tá ar fuaradh,
Mo chealg bháis chruaidh ghuirt, ar sí.



Do scread Aoibhill chailce fá Dhomhnall
Do threascair a deora ar an dtuinn;
Do ghlac bíodhgadh is fearg bháis Ióbha
Agus aingil go deorach ag caoi;
An Ghealinse i gcathair bhreágh ghlórmhair
Tug fearann stáit mór dó agus cíos
I measc naomh atá a anam fá mhórchion
'S is fearra mar lón dó 'ná an saoigheal.



An Feartlaoi.



A mharmair-leac ghlas, fár leagadh cara Chláir Gaedheal,
Dá bhfeasradh neach cé'n flaith so taisceadh fát thaobh,
Abair go fras ná fan ag agailt fán scéal;
Ua Ceallacháin ceart is mac Uí Cheallacháin é.


L. 96


B 1717 18T
AR BHÁS MHUIRCHEARTAIGH UÍ GHRÍOBHTHA.



A bháis, dorugais Muircheartach uainn;
Ró-dhéidheanach an uain do chách;
Fuaduigh go fras Tadhg don chill,
A dheighilt leis ní cuibhe go bráth.



Go bráth, a gharbhleac, ceangail le dúthracht síos
An fánach fleascaigh ler creachadh go dubhach an tír;
I gcás go bpreabfadh ó Acheron chughainn aníos
Fáisc go daingion an raille, agus brúigh a chroidhe.



Croidhe gan ath-thruagh, gan taise,
Eiriceach fuair bás bíodhgtha,
Ní leor ifreann dá phianadh,
Muircheartach† iall-mhear †Ua Gríobhtha.



Ua Gríobhtha ar sruth sin Styx go faon lag fann,
Is na mílte bruinneal ar cuisle ar thaobh den abhainn,
A ghroidhe-chorp sin fá lic is daoil dá scrabhadh
Príomh-choin uilc le nimh dá dhaoradh is deamhain.


L. 98


Deamhain ifrinn uile de ruaig
Tug dath an ghuail ar a ghné;
d'iaidh Peadair an dorus roimhe,
'S dochuaidh síos go tigh na ndaor.



Ó dhaorais Sliocht Éibhir ba foirbhthe clú,
Is le caomhchumann cléire go dtugais do chúl;
Ó shéanais mac Shéamuis le fuirm na mionn,
A phéist uilc, ní leán liom i n-ifreann tú.



An Ceangal.



Fét ghoile tá, a reamhairleac, amhus tar Sionainn táinig
Péist chruinnighthe geall gach fannbhocht briste cráidhte;
Péac chuiripe mheall gach seangbhean chuige thárlaidh;
Is béal cliste chum meann do thabhairt i gcoinne an Phápa.



Maor cuiripe ceanntair d'fheallscrios cineadh Chárrthach,
Is caomhionad an tseabhaic ón Leamhain dá ngoirthear Párthus,
Daorifreann thall n-a gheall is chuige thárlaidh,
Is sé troighthe go gann de theampull Chille hÁirne.


L. 100


B 1724c 18T



AR BHRÓGAIBH DO BRONNADH AIR.



Dofuaras seoide is leor a mbreághthacht,
Dá bhróig chaoine mhíne bhlátha,
Den leathar dobhí san Bhairbre bháin teas,
Is tugadar luingeas Rí Philib thar sáile.



Dá bhróig shioscaithe ribeanta bhearrtha;
Dá bhróig bhuana i dtuargaint lánchnoc;
Dá bhróig leasuighthe bearradh go bláthmhar;
Dá bhróig dhíona ar fhíoch na mbánta;



Dá bhróig shaora is éadtrom fáscadh;
Dá bhróig shocara i ngorthaibh le námhaid;
Dá bhróig thana, gan chascar gan fáirbre;
Dá bhróig chliste, gan bhriseadh gan bheárnadh;



Dá bhróig chródha órdha ar árdaibh,
Dorinneadh den chroiceann do scothadh den bháin ghil,
An bhó dobhí dá díon ar fhásach,
'S dobhí dá faireadh ag an bhfathach go láinghlic.



Dobhí Phoebus tréimhse i ngrádh léi
Gur chuir Ceadmús i lionn dubh n-a deaidh-sin,
Gur ghoid í 'san oidhche báille,
Ó cheann céad súl an trú bhocht ghránna.


L. 102


Bróga dhen chroiceann ní bhogaid le báistigh,
Is ní chruadhann teasbhach a mbarra ná a mbálta,
Ní longann gaoth a scéimh ná a ndeallramh
Ní thig asta is ní chrapaidh le láinteas.



An guaire shnadhmuigh a lasca 's a sála,
Guaire clúimh an Túis do b'áille,
Tug clann Tuireann tar uisce n-a n-árthach
Chum Lughaidh dobhí lúthmhar láidir.



Bróga b'fhearra níor cheapadar dáimhe,
Is ní bhfuair Aicil a samhail le sástacht,
In' oidhreacht thug treighead ar Aiax;
Ní bhfuair iad, cé dian a ráidhte.



An meanaith ler polladh an croiceann so ráidhim libh,
Dorinneadh den chruaidh ba chruaidhe dá dtáinig;
Seacht gcéad bliadhain na diabhail dobhádar
Ag déanamh deilg le ceilg Bholcánus.



Ar bhruachaibh Acheron d'eascair an chnáib dhubh,
'S a sníomh le cailleachaibh cuideachta Atrops
Lér fuaghadh feoir na mbróga ndearscnach
Le comhachta draoidheachta an trír ba láidir.



Dobhíodar sealad dá gceapadh do Dhárius,
Nó go rug Alastrum barra na gceárd air,
Dobhíodar tréimhse ag Caesar láidir,
Gur goideadh bréaga an tsaoghail dá lántroigh.



Dobhíodar tréimhse ag déithibh Fáilbhe,
Ag Lir clúmhail 's ag Lughaidh na láinchreach,
Ag Bodhbh Dearg, ba thaca le námhaid,
Is ag Balar béimionn éachtach ádhbhrach.


L. 104


I mbruighin Mhaighe Seanaibh is fada dobhádar,
Ag Aoibhill 's ag draoithibh ársa;
A n-uachtar ní chaithid, ní chaillid a ndeallramh;
Dofuaras iad ón bhfialfhear fáilteach.



Domhnall† cneasda †mac Chathail do ráidhim libh,
Turcallach fíor, is taoiseach ádhbhrach,
De phór an Ghleanna ná feacadh do námhaid,
Do bhronn domh-sa na bróga breághtha.



Ní'l galar ná leighisid, treighid ná láincheist,
Ciach ná fearg ná fala le fánaidh,
Tart ná gorta, ná ocras cráidhte,
Peannaid ná pian ná diachair bháisbhruid.



Ionnta do ritheadh Oscar gach bearna,
I ngleoidhthibh 's i gcomhrac námhad;
Goll mac Mórna, cér mhór a cháil sin,
A n-iasacht ba mhian mar chách leis.



Ag Cúrí dobhíodar ráithe,
Is ag Cúchulainn Muirtheimhne ba thábhachtach,
Ag Meidhbh Chruachna do bhuadhadh báire,
Is ag Niall Glúndubh, is ag Conall Ceárnach.



I gCluain Tairbh is dearbh gur bhádar,
Ag Dunlaing dobhí súgach sásta;
'S dá n-iadhadh a n-ialla 's a bhfáscadh air,
Dobhéarfadh sé Murchadh ón iomaidh sin slán leis.



An tí do raid is feas a cháile,
Bile de ghriantsliocht Fianna Fáilbhe
De shaoithibh Chaisil, ba feardha, fáilteach,
Tug domh-sa na bróga breághtha.


L. 106


Cé tá le sealad faoi Ghallaibh ag áitreabh,
Níor fhoghluim uatha cruas ná cráidhteacht,
Ní'l cinnteacht n-a chroidhe ná cáim air,
Acht dúthchas maith a shean ag fás leis.



Fear fialmhar is fial le dáimhe,
Fear tréitheach nár thréig a cháirde,
Fear bronntach, tabharthach, tábhachtach,
Fear socair suilt nach goirgeach gáibhtheach.



Ní seanchas bréige a scéidhe go hárd air
Ocht rí déag den phréimh ó dtáinig
Dobhí ag riaradh i n-iathaibh Fáilbhe
Ó Chas tsoluis go Donnchadh deághthach.



An Ceangal.



Is togha seoide mo bhróga is ní cosmhail riú puinn
Is cóir iad ar ródaibh na ngorm-úr-líog;
Fóirfidh mo bhrón-sa cé doilbh dubhach sinn
Gur toghadh damh-sa le Domhnall Ó Donnchadha buinn.


L. 108


B 1756ls 18L
U Anaithnid
FAOI LÁR NA LICE SEO.



Faoi lár na lice seo curtha tá an ollaphiast reamhar,
Do chráidh le dlighthibh an fhuirionn ba mhinic riamh teann;
Do b'fheárrde mise, is gach nduine atá ag fulang pian Gall,
An bás dá sciobadh tá tuilleadh agus fiche bliadhain ann.



Coinghibh go lom fáth bhonn, a ghairbhleac mhór,
An mursaire fallsa, do mheabhruigh gangaid is gó,
Le dlighthibh na nGall tug scannradh ar Bhanba is tóir,
'S go bhfeiceam an t-am bheidh fá'n samhail seo a maireann dá
phór.



An marbh so féach, mo léan, nár smachtuigh a thoil;
Is mairg do thréig Mac Dé is mar Pheadair nár ghoil;
A mharbh ní héacht, 's an méid nár mhairbh ní bocht;
Acht gur marbh é féin mar aon idir anam is corp.



Is iomdha marbh do mhairbh an marbh so fút-sa, a líog!
Is mairg don mharbh so mhairfeadh le rún a chroidhe;
Marbh do mhairbh na mairbh 's nár ionntuigh slighe
'S is marbh é an marbh so i nAcheron súighthe síos.


L. 110


B 1715c 18T
TIONÓL NA BHFEAR MUIMHNEACH.



Ag siubhal dam ar bhruigheanta na Mumhan mórdtimcheall
Dochuadhmar 'san ngeimhreadh chuaidh thorainn,
Dobhí Tuathal Ó Rinn ann, is Guardall Ó Cuinn ann,
Is sluaighte fear Muimhneach n-a bhfochair;
Dobhí druadha agus draoithe ann, uaisle agus ísle
I n-a n-uaine, a mbuidhe agus a ngorm;
Is gan ruainne ar an mbuidhin úd anuas acht bruit síoda,
Ó chluasaibh a maoile go cosaibh.



Dobhí Ó Néill ann, Ó Domhnaill, Ó Conchubhair 's a shlóighte
Mac Cárrthaigh, Ó Mórdha is Mac Criomhthain;
Dobhí tighearna Tíre Eoghain ann, Ó Briain ceart na Bóirmhe;
Mac Catháin, Mac Códa, agus tuilleadh;
Trí fichid cóisir, naoi bhfichid seomra,
Tríochad rí coróineach tar tonna,
Acht ní raibh rí Seoirse ann, ná éinne dhá phór-san,
'N-ar gcuibhreann, 'n-ar gcomhair, nó 'n-ar gcumann.


L. 112


Dobhí Brúnach Loch Léin ann, is Brúnach na hEile;
An Diúic is a ghaolta-san uile;
Bhí an Búrcach, 's an Léiseach, Ó Dubhda is an Céiteach,
'S an Cúrsach fuair géilleadh i gCúige Uladh.
Ó Londain tig sméirle caschrúbach an bhéil duibh,
Is sugh an tobac bhréin ar a phlucaibh,
Chuir spiúnadh ar ar laochraidh le púdar is le pléaraibh
Is cúigear níor théarnaimh dár bhfuirinn.



Ó Bhriostó tig ceann cait ag leigheas ar an gcampa
Trí hadharca agus feam air mar chluinim;
Ní raibh leigheas air gan amhras, gur scinn ortha clamhaire
Nó claidhre gan ceann le rígh Philib.
Leadhbann sé ceann cait le traidhe agus trí beann air,
Leigheas air ó Fhrangcaigh ní rug soin;
gonuig síodhbhraidhe Chnuic Samhna níor dhíomhaoin dom amhail dul
Bíonn fíonta agus branda aca an iomad.



Tig an pápa is an chléir chirt i láthair an éirligh,
I n-a láimh dheis bíonn céir agus coinneal;
Tig bláth ar na géagaibh is d'fháiltigh an spéir ghlan
Roimh ghrása Mhic Dé do theacht chugainn;
Tig an fánuidhe gan aon locht, cé ráidhtear leis bréaga,
'N-a lánchumas caomhghlan dá ionad;
Báithfidh sé an tréada thug táir agus béim dó,
Is ní ráidhim-se annsúd aon rud n-a choinnibh.


L. 114


B 1778ls 18D
Cabhair ní ghoirfead go gcuirtear me i gcruinn-chomhrainn,
Dar an leabhar dá ngoirinn níor ghoiride an nídh dhamh-sa,
Ar gcodhnach uile, glacchumasach shíl Eogain,
Is tollta a chuisle agus d'imthigh a bhrígh ar feochadh.



Do thonnchrith m'inchinn, d'imthigh mo phríomhdhóthchas,
Poll im ionathar, biorrannaibh trím dhrólainn,
Ar bhfonn, ar bhfoithin, ar monga 's ar míonchomhgair,
I ngeall le pinginn ag fuirinn ó chrích Dhóbher.



Do bhodhar an tSionainn, an Life, is an Laoi cheolmhar,
Abhainn an bhiorra dhuibh, Brice agus Brighid, Bóinne,
Com Loch Dirg 'n-a ruide, agus Tuinn Tóime,
Ó lom an cuireata cluiche ar an rígh coróineach.


L. 116


Mo ghlam is minic is silim-se sírdheora;
Is trom mo thubaist, 's is duine me ar míochomhthrom;
Fonn ní thigeann im ghoire is me ag caoi ar bhóithribh,
Acht foghar na muice nach gointear le saigheadóireacht.



Goll na Rinne, na Cille, agus críche Eoghanacht,
Do lom a ghoile le huireasbhaidh ar díth córa,
An seabhac 'g a bhfuilid sin uile is a gcíosóireacht,
Fabhar ní thugann don duine, cé gaol dó-san.



Fa'n dtromlot d'imthigh ar chineadh na ríogh mórdha,
Treabhann óm uiseannaibh uisce go scímghlórach,
Is lonnmhar chuirid mo shruithibh-se foinseoga,
'S an abhainn do shileas ó Thruipill go caoin-Eochaill.



Stadfad-sa feasta, is gar dam éag gan maill,
Ó treascradh dreagain Leamhan, Léin, is Laoi;
Rachad-sa a haithle searc na laoch don chill,
Na flatha fá raibh mo shean roimh éag do Chríost.


L. 118


B 1701-06 18T
MARBHNA DHIARMADA UÍ LAOGHAIRE NA CILLINEACH.



Créad an síobhra nimhe seo ar Fódla,
Dobheir an t-iarthar diachrach deorach?
Éag tré rithid na tonna go glórach,
Is tug an Mhumhain i gcumhaidh go brónach?



Tá scéimh na bhflaitheas ar lasadh mar lóchrann;
Fraoch na fairrge ag caismirt le feorainn;
Éin i gcreathaibh le hanfhaithe an chomhraic;
Créachta an tailimh ag freagairt 's ag fógairt.



Réabaid scamaill, is scaipid le fórlacht
Caora frasa dá gcaitheamh ar bóithribh;
Géim na Scealg go Ceallaibh ar comhchlos,
I ndéidh an mhairbh mar mheasaid lucht eoluis.



Gliadh na ndúile, is cúis a gcomhraic,
Diarmaid† fionn san úir, †mac Domhnaill:
Carbúncail, crú na mórfhlaith,
Feara-chú nár smúin bheith fóltha.


L. 120


Lí 'n-a leacain, tré samhaltar rósluibh
I gcoimheascar catha le sneachta n-a lódaibh;
Intleacht tseabhaic i n-aigne an leogain
Ó thuinn a bhathais go satailt a bhróige.



Gríobh i dtreasaibh, saoi chalma chródha;
Fíochmhar neartmhar i gcathaibh 's i gcomhlainn;
Ríoghdha feardha i gcaismirt 's i ngleoidhthibh;
Naimhdeach freagarthach seasamhach fórsach.



Rí-laoch cogaidh mar Ghobhall mac Mórna;
Prímh-ghéag soluis ba phosta dhá chomhfhogus;
Gaiscidheach na bhfadscríob i gcoimhghleic;
Gleacuidhe agus caithmhíleadh fóirnirt.



Och mo chiach, mo phian, mo dheora!
Och diachrach thu, a Dhiarmaid mhic Dhomhnaill!
Mo sciathchuradh i ndiachair, mo leogan,
Mo chrann bagair, mo thaca 's mo lóchrann!



Bráthair saor Uí Néill na gcóigeadh,
Uí Bhriain Aradh, Uí Cheallaigh is Uí Dhomhnaill,
Mac Con Mara do radadh na seóide,
Is chéile chneasta na Cairrge seoltha.



Bráthair grádhach Mhic Cárrthaigh Mhóir thu,
Is Chárrthaigh na Blárnann nár bh'fhóltha,
Chárrthaigh Mainge mhín mheacanta mhórdha,
Is Chárrthaigh Ealla Chinn Bainbh na gcóisreach.



Bráthair gairid Ríogh gCairbreach gcóstach,
Uí Raoghallaigh ó Bhréifne nár leonadh,
Mhic Aillín na bhfadscríob, Mhic Domhnaill,
Mhic Néill, mhic Léin, is mhic Leomhain.


L. 122


Uí Cheallacháin na n-each mbán ba threorach,
Uí Ruairc do b'uasal le deóruidhibh,
Uí Chaoimh Ealla Dhruim Tairbh an tórraimh,
Uí Sheachnusaigh 's Uí Chearrbhaill chródha.



Bráthair foirtill Shliocht Eochaidh na mórchath,
Is tSleachta Chais na gcreach tar bóchna,
Sleachta Philib do b'ursa chun gleo chur,
Is Chlanna Rúidhrí chlúmhail bhinn cheolmhair.



Iarla Seanaide, an Daingin, 's an Tóchair,
Dobhí i gcaradas ceangailte dhot fheolfhuil;
Iarla críoch Dhún Buidhe 's a phóirshliocht,
'S an tIarla fionn glic Cúrsach cródha.



Mac Finghin Mara an Ein Cheanainn an leogan;
Ó Donnchadha Tuirc is Ruis na mórfhlaith;
O Donnchadha an Ghleanna ba mheacanta i gcomhlainn;
Is sliocht Chéin do chaitheadh a mhaitheas le slóightibh.



Bráthair Chúrí an chú ghroidhe leogain;
Bráthair Oscair, is Chuirill na mórchath;
Bráthair Chonaill ó fhionna-bhrogh Bóinne;
Bráthair cumainn Chúchulainn is Eogain.



Bráthair Airt na gcreach do chomhchur,
Is Chuinn do b'athair d'Art na coróinneach,
Chormaic mac mhic Airt, an leogan,
Is Chairbre scaip san treas na treointe.



Bráthair Fhearghuis chalma chródha,
Do chuir Alba i gceangal le Fódla;
Bráthair Néill nár ghéill d'ar n-órdaibh,
Ná a mhac Laoghaire, cé gur chóir dó.


L. 124


Do ríomhfainn im laoithibh go leor dhuit,
Acht a shíorfhios ag saoithibh an eoluis
Gur tríot-sa do shíolruigh gach mórfhuil
San ríoghacht so de phrímhshleachtaibh Scóta.



An líne righthibh, trer gheinis gan dreoidhteacht,
Ó Íth mac Bhile go rugadh thu a Dhomhnaill,
Le gaois dorugadar urraim na coróinneach
Ó phrímhshliocht Oilill, Chuinn, Chonaire, is Eogain.



Le gníomhartha luchtmhara a chinidh 's a chomhfhoguis
Tríochad righthe do thuiteadar comhlag,
Mar scríobhas an file is lucht tuigsionta an eoluis,
San gcrích dá ngoirthear Magh Muchruimhe fós di.



Laochra Chonnacht, is Uladh ba chródha,
Is ríoghra Mumhan ba churata i gcomhlainn,
Is tríot-sa snuidhmeadh a gcuisle 's a mórdhacht,
Is mír dorugais tar iomad dá n-ógaibh.



I lámhach líog, i rinnce, i gcoimhrith,
I marcaigheacht na n-each ngroidhe nár bh'fhóltha;
Ag tógbháil fáinne an ráis ar bóithribh,
'S ag caitheamh ga sa treas le fóirneart;



I n-uaisle, i mbuadhacht, 's i mbeodhacht;
I gclú 's i gcéill, 's i n-éifeacht thórsa;
I n-eagnamh i scaipeadh 's i n-eolus;
I dteangthaibh i labharthaibh 's i nósaibh.



Baile Uí Scuraigh ní scuireann dá dheoraibh;
An Chillín 'n-a mbíodh coinmhidhe ag slóightibh;
Tá an Dianach ag dianghol gan ró-shos;
'S an Scairtín ní faillightheach fhógras.


L. 126


Tá Drom Duthaigh gan ursa na ró-fhlaith,
Is Achadh Laoi go scíosmhar brónach;
Cnoc na Cairrge i gcreathaibh le breoidhteacht,
Is Ráth Gaiscidhigh go lagbhríoghach tóirseach.



Gol na mbarrfhionn ó Sheanaid go bóchna,
A gclos níor dheacair ar shleasaibh na gcorrchnoc;
Aoife 'n-a sídhbhrogh go deorach,
Is Aoibheal go scíosmhar 'n-a comhdaibh.



Do ghoil ainnir ar chaladh na Bóinne;
I mBun Raite do screadadar ceolta;
Bruighean Magh Seanaibh i gcreathaibh go deorach;
Brughríogh go dubhach thríot, 's an Fheoir thoir.



I gcríochaibh Connacht níor scuireadh dhen mhórghol;
I gcríochaibh Laighean ba thinn mar sceol tu;
I gcríochaibh Mumhan níorbh'iomarca t'fhógairt;
I Maigh Rathain, cois Glaisleann, 's i nEochaill.



I nUíbh Laoghaire scéidh an mórghol,
Is Uí Floinn Luadh go buartha brónach;
I gCarraig na Corradh do ghoileadar slóighte,
Is braonacha fola as a roscaibh 'n-a gcomhrith.



d'admhuigh draoithe críche Fódla;
Cathbhadh Draoi agus Líog na mórfhlaith,
Gur dhíleas dá phríomhshliocht go ró-cheart
Cíos ar shliocht Chuinn agus Eogain.



Do ghoil an Laoi trí mhí go ceolmhar;
Do ghoil an tSionainn an Life 's an Chróinseach;
An Mang, 's an Fhleasc, Ceann Mara is Tóime;
An Fhéil, 's an Ghnaoi, 's an Bhrighdeach mhór thoir.


L. 128


An Ruachtach ag fuarghol go brónach;
Is Claedeach ag géimrigh go Comhrag;
An Coireán is diombádhach go mórmhuir;
An Chárrthach eitealach, Beithe, agus Sróntsruith.



Abha Dalua 's an Chuanach chródha;
An tSiúir dá cúrsa do chomhscuir;
An Ghleannamhrach lag dubhach deorach;
Ag búithrigh 's ag liuireacht 'n-a dheoidh-sin.



Dhá Chích Dhanann 's an Carn ag comhghol,
'S an Sliabh Riabhach i bpiantaibh móra;
Fíonscoth go nimhneach dá fhógairt
Do shíodhbhroghaibh Bruighne na nEoghanacht.



An tan do baisteadh n-a leanbh an leogan,
Do raid Mars dó ga chum comhraic;
Tug dó claidheamh is píce is sróllscairf;
Is do bhronn Diána fáinne 'en ór air.



Tug Iupiter culaidh dhen tsróll dó.
Buadh agus calmacht, gaisce agus cródhacht;
Tug Venus dó gréithre móra:
Breághthacht is áilneacht is óige.



Tug Pan dó a staf 's a chórda;
Dothug Bacchus ceart ar ól dó;
Tug Vulcanus ceard dó is comhachta -
Ceardcha gaisce na n-arm chun comhraic.



Dothug Sybil cíos 'n-a dhóid dó;
Dothug Iúno clú na gcóig dó;
Tug Neptunus long fá sheól dó,
Le n-ar shiubhail tar srúill gach mórscoil.


L. 130


San bhfeallsamh bhí teann mar Scótus;
'N-a Fhranncach gan cham 'n-a chomhdaibh;
I labharthaibh 's i dteangthaibh eoluis,
'S i mbeartaibh rann do mheabhruigh Hómer.



I bhforustacht do b'é Solomon sólus;
'S i bhfilidheacht do chuir cuistí ar Ovid;
San neart tug Samson scóp dó,
Le n-ar leag na fathaigh mhóra.



Monuar, a thighthe go sinnil san bhfóghmhar,
Gan ceol cláirseach, fáidh ná eolach,
Gan fleadh gan fíon, gan bhuidhean gan chóisir,
Gan scoil éigse, cléir ná óird bhinn!



Mar a mbíodh gasra chearrbhach chomhfhoclach,
Fíonta fairsinge i n-eascraibh órdha,
Laochra gaisce, is buidhean mheanmnach mhodhmhar
Ag rinnce ar halla tighe th'athar le ceoltaibh.



Mar a mbíodh éigse, cléir, is geocaigh;
Mar a mbíodh dáimh, is báird na gcóige;
I ríoghbhrogh th'athar cois Gleannamhair Eoghanacht.
Mo scíos 'n fhaid mhairfead, fé leacaibh mo leoghan.



Buidhne dhíobh nár chlaoidhte ón gcóisir
Ag aithris grinn gach líne romhainne,
I starthaibh Gaoidhilge ar ghaois na leoghan,
Clanna Baoiscne is Ghuill mhic Mhórna.


L. 132


Luainchreach leanbh ná castar le fórsa,
Go luath ag imtheacht fá leacaibh ar feochadh;
Guais tré screadaid gach ealta go deorach,
Ó bhruachaibh Mainge go sleasaibh Abhann Móire.



Monuar a chomplacht brúidhte brónach,
Is éagcóir Ghall go teann dá ró-scrios;
Gan sciath chosnaimh, gan posta, gan comhla,
Acht Art, is é abhfad ó chomhgar!



Ba thu a dtighearna, a dtriath 's a gcomhdhalta;
Ba thu a mbeatha, a dtaisce 's a lóchrann;
Ba thu a meidhir, a ngreidhean 's a n-eolus,
A gcú luirg, a n-ursa 's a mórlucht.



Is tu créacht is péin do nóchair;
Ba thu a scáth, a bláth 's a hóige;
Móirchreach Shíle sínte i gcomhrainn,
Aodha agus Airt 's a maireann beo aca.



Caoifid Muimhnigh a ndíol bróin tu,
Ó Inis Finn go Rí-theach Móire;
Ó bhruach uisce na Sionainne seolta
Go Léim Con Duibhe, 's go Baoi na mórbharc.



Caoifid mná do bhás go deorach;
Caoifid leinbh ná rugadh go mór thu;
Caoifid éigse cléir is óird thu;
Is caoifead féin go n-éagar leo thu.



Och! a mharcaigh mhir chalma threoraigh;
An t-och tré radaid mo dhearca-sa deora;
Och! a mhairbh gan aiseag go deo anois;
Soradh feasta len anam don ghlóire.


L. 134



An Feartlaoi.



Tá an tIarthar go diachrach ag déanamh cumhadh,
'S an ghrian tá ag dianghol, 's an rae fá smúit,
I ndiaidh an churaidh chiallmhair do b'éachtach gnúis;
Diarmaid an triathursa, is léan, san úir.



Tá ciach ar na riascaibh 's ar shléibhtibh dubha;
Tá dian-fhearg riamh ar na spéiribh chughainn;
Tá gliadar is siansa na n-éan go ciúin
Ó thriallais a Dhiarmaid Uí Laoghaire i n-úir.



A leac sin saoi 'phrímhshliocht na féinne fút;
Taisc let choim, cuimhnigh gur $Phoenix clúmhail
De shleachtaibh Íth Bhíle agus Mhéic Con bhúidh;
'S gur nascadh trí ríoghachta fé ghéille an triuir.



An treas do mhaoidhim díobh-sin, do b'éachtach fonn;
I gcath na Muighe, i ndíoghailt ar laochraidh Mumhan,
Art mac Chuinn claoidhte chuir traochta i n-úir;
I bhflaitheas ríogh tríochad 'n-a dhéidh, Mac Cún.



Flaith is príomh dhíreach dá ngéagaibh súd,
Dá gclannaibh fírdhílse, is dá gcaolach úr;
Ceap de shíol ríghthe fuair réim is clú
Taisc, a líog, fít chlab 's is méala dhúinn.


L. 136


B 1729ob 18T
AR BHÁS UILLIAM GÚL.



Créad an ciach so i n-iathaibh Éireann?
Créad an smúit seo ar dhúthchas Éibhir?
Créad an brón so ar ghlórthaibh éanluith?
Créad an fhearg so chorruigh na spéartha?



Créad an tocht so ar scoltaibh éigse?
Créad tré gcritheann an tSionainn 's an Fhéile?
Créad tré screadann an fhairrge thréanmhar?
Créad an nochtadh so ar imeallaibh Sléibhe Mis.



Créad thug cliar gan rian i ngéibhinn,
Is uaisle i nglasaibh le sealad gan saoradh;
Bráithre i gcumhangrach, úird is cléirigh,
Curaidhe, fáidhe, is báird gan béile?



Cúis a ndeora, sceol is céasta,
Uilliam† geal †Gúl de chrú na saorfhlaith,
Coinnleoir óir is lóchrann laochraidh,
D'éag i Nants, is creach do Ghaedhealaibh.



Bronntóir each is brat is éadaigh;
Bronntóir óir go leor gan aon doic;
Bronntóir síoda is fíonta is gréithre;
Bronntóir airgid is airm ar laochaibh.


L. 138


B 1709 18T



DO DHONNCHADH UA hÍCIDHE.



Séimhfhear socair glic, forusta, fíorchaoin, saor,
Den treibh d'fhóireas gach othar ó dholaimh na bpianta ngéar;
Aon is cosmhail le Solamh i ndlighe ríoghacht Dé,
Glémhear borbnirt, Donnchadh Ua hÍcidhe an té.



Túis don bhfear de shleachtaibh Bhriain gan cháim;
Ughdar greanta gasta ciallmhar cáidh;
An túr ó Chas nár chas go liath ar lár;
Crú na bhflaith nár thearc do riaradh dáimh.



Ar lár ó's fíor go sínfeam uile chum báis,
A ghrádh mo chroidhe dhuit scríobhaim go hoilte mo rádh:
Ná sáruigh naoidhe le dlighe de fhriotal gan áird;
Dar láimh mo choim tá nídh nár thuigis le fagháil.



'Fhagháil sin agat, mar thuigim, ó Rígh na ngrás,
I n-áit nár thugais na mionna le dísle d'árd,
Beidh táinte thiocfas ó shliochtaibh dá mhaoidheamh do ghnáth,
Gur chráibhtheach churata thusa do shíor i ngábhadh.



'Sé Donnchadh séimh thar céad is mín áluinn,
Posta don chléir is d'éigse chaoin chláir Chuirc,
Ollamh na réx i gcéill 's i gcaoincháirdibh
Clú fhoirtil na bhfaon is aon den fhíorárdfhuil.


L. 140



CHUM DONNCHADH UÍ ÍCIDE.



A chumainn ghlain den fhuirinn mhir lé gclaoidhtí táin,
Nár bh'urramach do dhuine ar bith i bhfíorghníomh lámh,
Do b'urus dam i bhfuirm chirt is dírighe dáil,
Geinealach do chinidh-se do scríobhadh síos dáibh.



AR DHONNCHADH UA HÍCIDHE.



Ag fágáil Luimnigh i mí October, 1709, ag dul go Sasana, ag
teicheadh roimh mhóidibh "Abpribasion."



Tréig do thalamh duthchais,
Déin ar choiste Lundain,
Ag seachaint móide an amhgair
Do chuir do thír fá bhrón.



Cuir do dhóthchas coimseach
I gCríost, do Thighearna dílis,
Ná tabhair ar bheatha an tsaoighil seo
An tsíoraidheacht tá it chomhair.



Fillfidh Dia do dhíbirt
Tar éis gach iompódh tíre,
Is leagfaidh se do naimhde
Do chuir tu as do chóir.


L. 142


B 1729ob 18T
Tairngreacht.



Tiocfa dhon Daingean cobhlach mór,
d'éis géilleadh na Hollónd;
An tan is lag an tImpire ar fód,
Ba neartmhar don Spáinneach 'n-a thionól.



Tiocfaid Spáinnigh de dhruim muire,
Is Franncaigh dream ba líonmhuire;
Beidh Albannaigh ag cóimhlíonadh a gcart
Le cois a bprionnsa go neartmhar.



Tiocfaid go Cionn tSáile go grod
Dá loscadh is d'argain na thíre;
An tan bhias Corcaigh fá smacht Gaoidheal,
Beidh Luimneach n-a théid ar linn.



Bhéarfar cath i bhfearann Saingil;
Beidh Gaoidhil ann, Franncaigh is Albannaigh,
Spáinnigh fá sciathaibh dín óir,
Go mbrisid ar Ghallaibh i n-aon-ló.



Míle, agus seacht gcéad, go beacht,
Is aon bhliadhain déag gan amhras,
Ó d'fhuiling Críost páis i gcrann,
Go díbirt Gall a hÉirinn.


L. 144


An tríomhadh lá d'October don aois,
Do-bhéarfar cath gan ró-mhoill;
As soin suas go deireadh an domhain
Ní bheidh Gaill i gceannus i nÉirinn.



Beidh Gaoidhil i n-a ndúntaibh gan gó,
'S an buaidhirt go lá an tionóil.


L. 146


B 1709-15 18T
AR BHÁS GHEARAILT, MAC RIDIRE AN GHLEANNA.



Créad é an tlacht so ar cheannaibh Éireann?
Créad do bheoghnuigh snódh na gréine?
Acht Rífhlaith de phríomh na nGréagach,
I gclúid san bhfeart gan phreab ná éifeacht.



Seabhac Mumhan, curadh laochais,
Seabhac Gleanna, mac na féile,
Seabhac Sionann, Oscar éachtach,
Seabhac Muimhneach Inse Féidhlim.



$Phoenix croidhegheal, mín a ghéaga;
$Phoenix míre, gaois ba thréitheach;
$Phoenix Lithe agus Life, mo mhéala!
$Phoenix beodha, cródha, caomhnirt.



Péarla Bhaile na Martra méithe;
Péarla Chluana, suaindreach gnégheal;
Péarla Shiuire, is clú bhfear nÉireann;
Péarla Luimnigh, is fuinnebhreac Féile.



Ruire diadha ciallmhar tréitheach;
Ruire reachtmhar, feasach, féata;
Ruire ar cholgaibh gorma caola;
Ruire gaisce na Banba tréine.


L. 148


Dias den chruithneacht gan chogal gan chlaonadh;
Croidhe lúirigh chinn úird a ghaolta;
Éide pláta ar chách gan réabadh,
Dá ndíon ar ghruaim, ar bhuaidhirt, ar bhaoghal.



Coinneal eolais, rós na hÉireann;
Coinneal eolais, lóchrann saorfhlaith;
Tapur ciara, grian an lae ghil;
Tapur clúmhail, crú nirt laochais.



Fíonúir áluinn, bláth na féinne;
Fíonúir cinidh na bhfionnamhac laochais;
Fíonúir ochta na gConallach séadach;
Fíonúir Calainne, asna na laochradh.



Rós nár shearg gur shearg i n-éagaibh;
Rós na leogan, cómet spéire;
Rós na ríoghradh b'aoirde i nÉirinn;
Rós na dáimhe, is scáth na cléire.



Nascnia Conallach uile gan aon locht;
Nascnia an Ghleanna, dá charaid is daorghoin;
Nascnia an Daingin, ní bheartaim-se bréaga;
Nascnia cosnaimh i bhfochair a thréada.



Gearalt mac Thomáis, leannán béithe;
Buinne rabharta mhara na mbéimeann;
Sáith trí ríoghacht de rígh gur eágaibh;
Do bhris Atrops snáith a shaoghail!



Monuar, mo chaoi, mo mhíle géarghoin!
Páis go dian, mo phian an té seo!
Athnuadh bróin is deor i n-éinfheacht,
Gearalt gan phreab, fá leacaibh traochta!


L. 150


Ag seo plannda Gallda Gaedhealach;
Ceann dualach nár ghruamdha taodach;
Ceann ba cheannsa meabhair chum réitigh;
Ceann nár amhairc neach mairg in' fhéachaint.



A ruisc ba ghorm mar ghorm na spéire;
A theanga mhilis ba mhiochair i dtéarma;
A fhiacla míne dobhí déanta,
'S a bhraoithe seanga, cearta, caola.



A lámha ar arm ba dheacair a dtraochadh;
Lámha na n-oirbheart, tobar le daonnacht;
A chom mar leoghan i gcoimhghleic laochais;
A chroidhe ba mhór, 's a ghlór ba ghlénirt.



Tig gan mhoill dá dhruim dul d'éagaibh
Cheithre dúile ag liúighreacht d'aondul,
Ceatha fola dá ndortadh go faobhrach,
Is mná sidhe gach críche céasta.



I gCaonraighe n-a dhíleas caomhcheart,
Cíobán áluinn ag fáscadh déara;
Úna, Aoife, Clíodhna, is Déirdre;
'S i Sídh Beidhbhe Meadhbh ag géarghol.



I Sídh Cruachna duartan spéire;
I Sídh Bainne, cois Fleasca 's ar Chlaodaigh;
I Sídh Tuirc, cois imill Léine;
I Sídh Beidhbh na milleach aosta.



D'admhuigh bean a cheart ar Chlaonghlais;
Mná Cuanach i mbuaidhearthaibh céasta;
I dTigh Molaga do screadadar béithe;
Mná Íoma, is cois Daoile i n-éinfheacht.


L. 152


D'admhuigh bean a cheart 's a ghaolta
I nEochaill 's i Róisteacha daora,
I dTráigh Lí 's le taoibh Loch Eirne,
Cois Casáin 's i gCineál mBéice.



Ar chlos táisc is báis an $Phoenix,
Thug Tonn Clíodhna bíodhgadh baoghlach,
Dobhí Loch Guir in' fhuil seacht laethe,
'S an Mhaing gan braon dá mhí 's i gnéfhliuch.



d'fháisc an Lithe a sruithe saora;
d'iompuigh mar ghual snuadh na gréine;
Níor fhan meas ar dhair 'ná ar chaolach
Do thréig Banba a cara 's a céile.



Do ruaimneadar cuanta na spéire;
Do stríocadar síos na réaltainn;
Do ghleódhadar a gclódh na héanlaith;
Do mhúchadar dúile daonna.



Ní bhfuil scím ar mhínleach maolchnoc;
Ní bhfuil tartha ar thalamh aolbhaigh;
Ní bhfuil ceol i mbeolaibh éanlaith;
Do bhalbhuigh cláirseach bhláithgheal Éireann.



Do b'é Gearalt cara na cléire,
Goll† mear †Mórna i ngleo nár traochadh,
Cúchulainn na gcleas i n-iongnadh 'dhéanamh;
Conall Gulban is Oscar na mbéimeann.



Do b'é an túr so súil le hÉirinn;
Do rad sí searc is gean a cléibh dhó;
Dothug sí páirt dó is grádh thar céadaibh,
Do thásc sí scím dá ghnaoi as a haonta.


L. 154


Ba bheag mar iongnadh í dá dhéanamh;
Ní raibh rí d'fhuil Ír ná Éibhir,
Thuaidh ná theas ar feadh na hÉireann,
Nár scagadh thríd ó rinn go maoltroigh.



Ar chlos Íth sa chrích don bhéith ghlain,
Dorug sí eitim is sceinnim i n-éinfheacht;
Do dhearbhuigh an bháb, noch d'fhás i léithe,
Go bráth arís gan luighe le céile.



Is iomdha flaith do char an mhéirdreach,
Fuair a leaba 's a sealbh 's a caomhghlac,
Fuair a rún 's a dúil 's a haonta,
Do thuit dá cosnamh i ndocharbhruid daortha.



'Ógdhul ar feochadh do chéas me,
I n-uaimh lín a shinnsear saordha
Sínte i bhfeart i gclais fá bhéillic
Taobh le gaisce na nGearaltach gcaomhghlan.



An tan do baisteadh 'na leanbh an laoch so,
Fíonúir ríoghachta Chuinn na gcéadchath,
Tug Mercurius rún a chléibh dhó,
D'fháisc sé mil go tiugh n-a mhéaraibh.



Dorin Mars n-a leanbh laoch dhe:
Tug dó colg glan gorm is éide;
Clogad caoin dá dhíon i ngéibhinn
Lúireach n-a n-aice agus ceannas na Féinne.



Fuair sé ciall ó dhia na céille,
Intleacht, cuimhne, míne, is céadfadh,
Meabhair, is eolas, beodhacht, is léigheantacht.
Suaimhneas aigne, maise, agus féile.


L. 156


Fuair ó Phan gach aisce b'fhéidir
Stáinse stiúrtha chúig cúige i n-éinfheacht,
Céir go saidhbhir chum leighis a thréada,
Is gadhair dá gcosnamh ar dhochar na bhfaolchon.



Fuair sé gnaoi ghlan mhín ó Bhénus;
Tug Bhulcánus dó ceárdcha chraosach;
Neptunus thug long dó ar saormhuir,
Agus Oceanus árthach taoscach.



Monuar croidhe, mo mhíle céasadh!
Gleann an Ridire ag sileadh na ndéara!
Gan druide ceoil gan glór binn éanlaith!
Do thuit a rath, a mhaith 's a réilteann!



Do bhain a bhás a gáire d'Éirinn,
d'aistrigh a dath geal ar dhaoldath
Silid lionn a smús 's a saordhearc!
Smior a cnámh le fána tréigeann!



Guidhim-se do sheabhac na lann do réabadh,
Glóire shíor gan díth gan éislinn,
Thuas i gcaidreamh flaitheas na gréine,
Tug an smúit seo ar úrbhrogh Éibhir.



Tug smailc ná scriostar ó Shionainn go Béarra,
Tug dubhdhath ar lonnradh na gréine,
Tug fiadh Fáil go cráidhte déarach,
Ó Charn teas go hAileach Néide.


L. 158


Monuar croidhe, mo mhíle céasadh!
Ochlán is treighdeán i n-éinfheacht!
Adhbhar bróin i gcóigibh Éireann,
Cnú mhullaigh an chrainn bhurraigh do léirscrios.



Lile idir spiúnaibh, iubhar nár chraobhchas,
Ór na gcuradh agus curadh na laochradh,
Den ríchuaine do b'uaisle i nÉirinn,
Nár ghabh scannradh i ngleó ná i mbaoghal.



Dobhí Leath Mhogha go trom ag éad leis,
Tré n-a mhaitheas tar mhaithibh shliocht Éibhir,
Mar bhárr na scath scaipthe ó chéile,
Go rith a chlú gan smúit 's a thréithe.



Glémhac Ridire Sionann na saorbharc,
Iomthnúth gach fir é d'fhuil na saorfhlaith,
Croidhe nár thur do dhil gach aon neach,
Bronntóir beacht do lagaibh Éireann.



Ba churata a ghruaidh i n-am buaidheartha is baoghail
Ba gheal a chroidhe, 's a chlí, 's a chéadfadh,
A mhéinn gan mhioscais, 's a mhiotal dá réir sin,
Gan tlácht ná tarcuisne i gceangal den mhéid sin.



An Feartlaoidh.



A mhairbhleac bhiothárd, sin táir fút n-a luighe
Cara na mbochtán buinneán úr ba ghroidhe,
Neartchuradh na leannán, cruthcháidh d'úrfhuil ríogh,
Gearalt mac Tomáis, ochlán dúr! fát chlí.



Fát chlí atá támhlag Gearalt Gréagach,
Rífhlaith 's fáidh rug bárr na bhflatha bhfaobhrach
Saoi nár tháinig chum cáim gur chaith a shaoghal
'S Críost dá fhagháil gan cháirde n-a fhlaitheas naomhtha.


L. 160


B 1729ob 18T
MARBHNA AN ATHAR SEAGHÁN MAC INÉIRGHE.



D'éag an sagart cneasta cráibhtheach,
Buachaill Phan ba mhaith láimhe
Solus mór ba ró-mhaith cáile,
Réilteann eoluis, Pól n-a ráidhtibh.



D'fheoigh an t-ubhall cumhra grádhmhar,
D'fheoigh an crann 's an planda bláthmhar,
D'fheoigh an fíonúir caoin, fionn, páirteach,
D'fheoigh géag phailime ó Pharrthas áluinn.



D'fheoigh an teanga nár shearbh i ráidhtibh,
D'fheoigh an teachtaire ó fhlaitheas dotháinig,
D'fheoigh an buachaill duasach deághthach
Dobhíodh ag casnamh na bpeacach ó Shátan.



D'fheoigh Mercurius, túr le námhaid,
Lóchrann pobuil gan fochall ná cáruidhe,
An gadhar luirg ba churadh le háthas,
'S an damh treabhtha gan chealg ná mháighistir.



d'éag an fiaguidhe fialchroidheach fáilteach,
Do lean learg is beatha naoimh Pádruig.
An tOscar ruagmhar uasal dána,
Do leag síos an Díomas lánmhear.



d'éag an Goll do b'ollghlic láidir,
Do chuir an tSainnt le faill 's a cáirde,
d'éag an salmach, dalta do Dháibhídh
Nár smúin Drúis 's i dTnúth nár thárlaidh.


L. 162


Craos níor shearc an fear do rádhaim libh.
Do smachtuigh a chorp ón olc go bás dó,
d'fhuathuigh Fearg, níor cheangail le páirt di,
Do ruaig sé an Leisce tar leirg le fánaidh.



Do b'é so an gaiscidheach neartchroidheach áluinn,
Do b'fhearra san gcath fá sheacht 'ná Aiax,
Do b'fheárr é ar chlaidheamh fá thrí 'ná an sárfhlaith,
Alexander ó Mhacedon táinig.



Céile Mhuire, cé is ise dhó is máthair;
Mac dil Íosa Críost, le grádh dhó;
Lamhann comhraic, comhad Párrthais;
Captaén Dé, nó aon dá ghárda.



Liaigh an anma pheacthaigh dhoshláinte,
Liaigh dho Chríost, dá chaoiribh bána,
Liaigh an Athar, don pheacach anchráibhtheach,
Liaigh na n-othar ngoirtighthe gcráidhte.



Tiompán binn i laoithibh Dháibhídh,
Cláirseach halla na n-aingiol ba ghrádhmhar,
Liaigh lér cneasadh ar guineadh le Sátan,
Giolla Mhuire 's a gunna ar an mbeárnuin.



Liaigh dhon ocrach chíocrach thárnocht,
Liaigh na ndall i n-am a ngábhaidh,
Liaigh na lag 's a mbratach scátha,
Liaigh na bhfear, na mban, na ngárlach.



Máighistir luinge gan uireasbhaidh cábla,
Tre mhuir bhréige an tsaoghail bháidhte,
Scriostóir Acheron, cara na dtámhlag,
Do chuir na deamhain i gceangal ar fásach.


L. 164


Eagnuidhe socair mar Sholoman tárla,
Bríoghmhar bleachtmhar basgheal dáilteach,
Sochma soineanta soithimh n-a cháilibh,
Meanmnach múinte clúmhuil sámhdhreach.



Stuamdha measardha geanmnach gáireach
Uaill ná díomus tríd ní fháscann;
Fíréan naomhtha déarcach d'fhás d'fhuil
Na mBrianach gcalma gceannasach láidir.



As tigh Chinn Coradh gan fochal dotháinig,
d'fhíorfhuil ríghthe críche Fáilbhe,
De shleachtaibh Lachtna, Chais na láinchreach,
Drong na nDanar do scaipeadh thar sáile.



Atá an pobal go doirbh n-a dheáidh-san;
Atá an t-aer n-a dhéidh go cráidhte;
Atá an talamh gan taradh ar a bántaibh;
Atá an t-uisce n-a suide san fháirrge.



D'fhógair tuath go luath a bhás-san;
Do ghoil Sol le srothaibh sáile;
Do scéidh an Daoil mar dhíon fá bhántaibh;
Ar dtighearna uile tug sinne go cásmhar.



Atá an maghthamhnach fann fá bháinlic;
I gcás na lag 's é an tAthair Seághan;
Ar n-éirighe ó Éibhir d'fhás-san:
Is Dia dhá ghairm go Flaitheas gan cháirde.


L. 166


B 1709-15 18T
TARNGAIREACHT DHUINN FHÍRINNE.



An truagh libh-se faolchoin an éithigh 's an fhill duibh
Ag ruagairt na cléire as dá léirchur fá dhaoirse?
Monuar-sa go tréithlag mac Shéarluis ba rí aguinn,
I n-uaigh curtha in' aonar, 's a shaordhalta ar díbirt!



Is truaillighthe, claonmhar, 's is $tréason don druing uilc,
Cruadhmhionna bréige fá shéala 's fá scríbhinn,
'Ga mbualadh le béalaibh ar gcléire is ar saoithe,
'S nár dhual do chloinn tSéamuis coróin tsaor na dtrí ríoghachta.



Stadfaidh an tóirneach le fóirneart na gréine,
Is scaipfidh an ceo so de phórshleachtaibh Éibhir;
An tImpre beidh deorach is Flóndras fá dhaorsmacht,
'S an "bricléir" go modhmharach i seomra ríogh Séamus.



Beidh Éire go súgach 's a dúnta go haerach
Is Gaedhilg 'gá scrúdadh n-a múraibh ag éigsibh;
Béarla na mbúr ndubh go cúthail fá néaltaibh,
Is Séamus n-a chúirt ghil ag tabhairt chonganta do Ghaedhealaibh.



Beidh an Bíobla sin Liútair 's a dhubhtheagasc éithigh,
'S an bhuidhean so tá cionntach ná humhluigheann don gcléir chirt,
'Gá ndíbirt tar triúchaibh go Neuuland ó Éirinn;
An Laoiseach 's an Prionnsa beidh cúirt aca is aonach!




L. 168


B 1729ob 18T



INGHEAN UÍ GHEARAILT.



A phéarla gan scamal, do léirchuir me i gcathaibh,
Éist liom gan fearg go n-innsead mo sceol;
'S gur faobhrach do chaithis gaethe agus dearta
Trém chréachta n-a gceathaibh, do mhill mé gan treoir;
Gan bhréagnadh dorachainn don Éigipt tar caladh,
'S go hÉirinn ní chasfainn choidhce dhom dheoin;
Ar tréanmhuir ar talamh, i ngéibhinn, i n-aiteas
Níor léan liom bheith it aice cois inse gan stró.



Is craobhach, 's is casta, is dréimreach 's is dlathach,
Is néamhrach 's is leabhair a dlaoithe mar ór;
Is péarlach a dearca, mar réilteann na maidne,
Is caol ceart a mala, mar scríob pinn i gclódh;
Scéimhchruth a leacan aolda mar shneachta
Go haerach ag casmairt tré líonraidh an róis;
Thug Phoebus n-a reathaibh thar béithibh dhot amharc
Is a éadan ar lasadh le díogras dot chlódh.



Is glégeal a mama, mar ghéisibh cois calaidh;
A haolchuirpín sneachta is faoileanda snódh;
Ní féidir a maitheas do léirchur i bpratainn
Caomhlile chneasta agus mínscoth na n-ógh;
Is craorach a balsam, a déid gheal gan aithis,
Do shaorfadh ón ngalar na mílte dhem shórt;
Saorghuth a teangan léigheanta do starthaibh
Bheir tréanphuic thar beannaibh le milseacht a glóir.


L. 170


$Phoenix d'fhuil Ghearailt, Gréagaigh an chalaidh,
Séimhshiúr do chlanna Míleadh na slógh,
Laochradh gan taise traochta le Gallaibh,
Gan tréine gan talamh gan ríoghbhrogh gan stór;
Gan bhréagnadh gur scagadh Paoraigh is Barraigh,
Is tréanchoin Bhun Raite tríot-sa fá dhó;
Ní'l saorfhlaith ná dragan de phréimh chloinne Chaisil
Gan gaol leis an ainnir mhíonla gan smól.



Ní léir dham a samhuil i nÉirinn ná i Sacsain,
I n-éifeacht, i bpearsain i n-intleacht 's i gclódh;
An bhé chliste is fearra tréithe agus teastas
'Ná Hélen lér cailleadh na mílte san ngleo;
Ní'l aon fhear n-a bheathaidh d'fhéachfadh ar maidin
N-a héadan gan mhairg ná scaoilfeadh a bhrón;
Mo ghéibheann! mo dheacair! ní fhéadaim a seachain
Trém néalaibh, im aisling, istoidhche, is de ló.


L. 172


B 1720 18T
$EPITALAMIUM DO THIGHEARNA CHINN MARA.



Atáid éisc ar na srúillibh ag léimrigh go lúthmhar,
Tá an t-éclips gan fiúntar ag imtheacht;
Tá Phoebus ag múscailt, 's an t-éasca go ciuinghlan,
Is éanlaith na cúige go soithimh.



Táid scaoth bheach ag túirling ar ghéagaibh is úrghlas,
Tá féar agus drúcht ar na mongaibh
Ó's céile dhon mBrúnach í Réilteann na Mumhan
'S gaol gar dhon Diuic ó Chill Choinnigh.



Tá bíodhgadh i ngach támhlag, is groidhechnuic go láidir,
'San ngéimhreadh tig bláth ar gach bile;
Cill Chais ó thárlaidh i gcuibhreach go grádhmhar
Le Rígh Chille hÁirne ar gCuradh.



Ní'l éagcóir dá luadh aguinn, tá faothódh age truaghaibh,
Ón scéal nódh so luaidhtear le drongaibh,
Ar an bpéarla óg mná uaisle A Dhé, Ó, tabhair buaidh dhi!,
Den chraeibh órdha is uaisle ó Chill Choinnigh.



Tá an Rífhlaith n-a ghárdaibh ar íslibh 's ar árdaibh,
'S na mílte dá bhfáiltiughadh le muirinn;
Tá an taoide go hádhbharach, is coill ghlas ag fás ann,
Is gnaoi ag teacht ar bhántaibh gan milleadh.


L. 174


Táid cuanta, ba ghnáthach fá bhuanstuirm ghránna,
Go suaimhneach ó thárlaidh an snuidhmeadh,
Tá cnuastar ar tráigh 'guinn ná luascann an sáile,
Ruacain is báirnigh is duileasc.



Táid uaisle Chill Áirne go suairc ag ól sláintidhe
Is buanbhith na lánamhan i gcumann;
Táid suanphuirt na ndánta dá mbualadh ar chláirsigh,
Gach suanphort ar áilleacht 's ar bhinneacht.



Tá claochlódh ar chruaidhcheist, 's an t-aon chóir ag buadhchant;
Tá gné nódh ar ghruadhnaibh gach nduine;
Tá an spéir mhór ar fuaimint, 's an rae fós go suaimhneach,
Gan caochcheó gan duartan, gan tuile.



Tá scéimh ar gach ruaidhteach nach féidir do ruadhchan,
Ó Léinloch go bruach Cille Choinnigh
Fá'n saorfhlaith dhul uainne do théacht as gach cruaidhcheist;
N-a réim chirt gura buan a bhéas againn.


L. 176


B 1663c 17L
U Anaithnid
TREISE LE CROMUELL.



Treise leat, a Chromuell,
A rí chrothnuigh gach sgológ,
Is let linn fuaramar suaimhneas
Mil, uachtar, is onóir.



Iarramaoid gan Caomhánach,
Nuallánach, ná Cinnsealach,
Búrcach, Ríseach, ná Róisteach,
D'fhagháil fóid do chuid a shinsear.



Iarramaoid Cromuell bheith i n-uachtar,
Rí uasal Chloinne Lóbuis,
Thug a dhóthain d'fhear na súiste,
Is d'fhág fear na dúithche gan "nothing."



Iarramaoid a bhfuil san teach so,
Ar maith agus ar maoin,
Bheith níbhus fearr bliadhain ó indiu,
Is gach neach bhus maith linn.


L. 178



ACHTANNA DORINNEADH I bPÁRLIMENT CHLOINNE THOMÁIS.



An feadh bhias Éire fúinn féin
Ní bhéimíd i bpéin do ghnáth,
Cuirfimíd síos an ceart,
An feadh bhias an smacht i n-ar láimh.



Do shuidheamar i bpárliment,
Ó Chionn tSáile go Binn Éadair,
Is thugamar i n-indeoin Phádruig,
Bheith 'nar gcáirde ag a chéile.



Tugamaoid onóir don scolóig
Is mó féasóg is maoin,
Is deireadh suidhte don bhfleascach,
Thaisceas go dtí an t-earrach an t-im.



Achtamaoid ar dtuarastal
Lá fuar agus te,
Achtamaoid ar n-éadach
Do réir céille agus cirt.


L. 180


Achtamaoid ar n-éadach cuirp
Mar atá anois do ghnáth,
Gearrahata mín dubh
Is bríste oscailte bláth.



Achtamaoid spuir is srianta
Agus diallaite deasa,
I n-ait na ngarbhadhastar sa lóiste
Dobhíodh ag Lóbus an raiste.



Ríbhodach i ngach aon bhaile
Le caile gorm mar chéile;
Is fearann fada fairsing
Do bheith aige gan aon rud.



Achtamaoid gan uibhe im ná feoil
Do ithe acht san oidhche
Measmhadra is maistín
Do bheith i ndorus gach tighe agaibh.



Achtamaoid gan an dara leaba
Do bheith ag aon do Chloinn Thomáis,
d'eagla bráithre ná sagairt
Bheith ag tarraing chum bhur mbotháin.



Achtamaoid d'fhear an óir
Tosach móna is branair,
I gcomhair go dtiubhradh congnamh
Don tí is túisce do-ghní grafadh.


L. 182


Sinn uile bheith d'aonfhocal leis
I n-aimsir ar gceangail;
Achtamaoid an fear so
Do shaoradh ón bhfaire.



Dá bhfaghadh sibh easbaidh ná trághlacht,
Ná bhur stór ag dul i ngiorracht,
Ar chor ná díolfadh sibh bhur bhfiacha
Cuiridh bhur gcuid ar láimh bhur gcloinne.



Achtamaoid an uile achrann
Dá mbeidh eadrainn nó crostáil
A réidhteach go ró-thapa
Le dias do Chloinn Tomáis.



Achtamaoid gan mac deaghathar
Duine uasal ná díomhaoin,
Do bheith i measc na bhfleascach
Ag déanamh branair ná gníomhuidheacht.



Achtamaoid pósadh dúbalta
Do réir dúthchais is reachta,
Do mhac-sa agam' inghin-se,
Is t'inghion-sa agam' mhac-sa.



A mbeith trí bliadhna ag a chéile
Go réidh is go fairsing,
Gan fios a bhó ná a chaorach féin
Do bheith ag éinneach aca an fhaid sin.



Achtamaoid an uile fhleascach
Noch dhéanfas malairt nó margáil
Dias do bheith do láthair
d'fhírshliocht Chloinne Thomáis.


L. 184


I gcás dá mbeadh i n-aithreachas,
Go ndearbhadh i n-éitheach,
Chum a choda d'fhagháil tar n-ais
Le "by this Book is bréag sin."



Diúltuighmíd do Chúirt Sirriam,
Cúirt Senescail, nó Quarter Session.
Acht Cúirt bhodaigh nó bhaothlaigh
Nach déanfadh transgression.



Achtamaoid an uile fhleascach,
Ar a mbí cúram bothóige,
Croiceann caorach na Féile Michíl,
Do bheith aige chum dornóige.



Achtamaoid i n-am buana,
Im ruainneach agus feoil
Achtamaoid aon am eile
Potóga caola na mbó.



Cúig phinginne gan amhras,
I n-am branair is móna;
Isé sin is gann dúinn
Mar gheall ar bheith scólta.



Achtamaoid dá phinginn
O Shamhain go Féil Brighde,
Trí pinginne san earrach,
An feadh mhairfeas an síolchur.


L. 186


Achtamaoid le chéile
O Bhinn Éadair go Cionn tSáile,
Má's Sacsanach má's Éireannach
Cur leis an té bhus láidre.



Achtamaoid teangmháil le chéile
Um Fhéil Mhichíl is Márt Chásca,
Go gcuirimís síos bearta
Na haicme seo bhíos dár gcáibleadh.



Achtamaoid fógradh na Féile Michíl
Do thabhairt do cheann gach baile,
d'fhonn go mbiadh sé i muinighin
Go bhfaghmaois an fearann.



I n-am grafaidh do bhur dtighearnaidhe
Bhur n-iarnaidhe bheith briste,
Bhur n-úghaim is bhur gcéachta
Is bhur slabhraidhe 'na ngiotaibh.



Aimsir tarbhuighthe nó buana
Bíodh bhur gcosa go leointe,
Folach ar bhur súile,
Nó bhur lámha ceangailte le córda.



Achtamaoid an uile nídh
Do réir gliocais is críonnacht,
Ar dtighearnaidhe bheith ceangailte,
Agus sinne do bheith scaoilte.


L. 188


B 1729 18T
MARBHNA MHIC CÁRRTHAIGH NA PAILÍSE.



Atá smúit san spéir is fraoch is fearg nimhneach,
Is dúthchas Néill go léir fá bhrataibh caointe,
An Mhumhain le chéile traochta marbh claoidhte,
Tré phrionnsa Gaedheal is Réiltean Chlanna Mílidh.



Míleadh nár chlaoidhte i n-am caismeartha an ghleo,
Sinsear na ríoghmhac, a dtaca 's a scóip,
Prímhshliocht na sloinnte agus tearmonn slógh,
Agus fírchreach gan fuighleach na Banba, is brón.



Brónaid bíodhgaid sídhmhná Inse Éilge,
Cois Bóinn, cois Brighid, cois Laoi, cois Life is Éirne,
Cois Lógh, cois Daoil, cois Aoine is Sionna i n-éinfheacht,
I ngleo is i gcoimheascar caointe i gcoinne a chéile.



Le chéile atá Éire aca i ndlúththuirse
Ó Léithghlinn go Bréifne is go ciumhais Druinne
Cois Féile agus Sléibhe Mis tá liugha ruthaig,
Is ó Bhéarra gan traochadh go Cúige Uladh.


L. 190


Sin Ulaidh mar Chonnachtaigh go dubhach deorach,
Ó Mhuisire go Gulban, go ciuin brónach,
Ar gCúchulainn chum cumais nirt i ndlúthchomhrac;
Is cúis tuirse ghuil go hiomarcach na gcúig gcóige.



Stór, muirear is ór-chiste lucht ghnáththaistil;
Leoghan luirg ró-churadh na hárdghaisce;
d'órd chille ba ró-thurainn tú ar lár leasa;
Dóibh uile is gleo is tubaist do thásc marbh.



Marbh ó thárla lámh dheas mac ríogh aguinn,
Ar leagadh dhon bhláth neamhdha neamhchuimseach,
Is ceasnadh don dáimh ba ghnáthach ealadhanta,
A thaisteal gach lá go clár na Pailíse.



San bPailís do theangmhuighdís complacht cruinn,
Is gan taithighe aca ar cheasnaighil roimh dhrong ná buidhin,
Ag fastaoim ar hallaidhibh gan amhrus bhíodh
Is ag marcaigheacht ar eachraidhibh mar bhí i dTeamhair na ríogh.


L. 192


Rímhac Cárrthaigh a leac áthais, mar thaisce fát dhíon,
Láinchreach na Blárnann is Chaisil na ríogh,
Creach táinte, creach fáidhe, creach flatha san chill,
Is cá dtráchtaim, ó's cásmhar í Banba ag caoi.



Is caoi cóige an rí cródha ó's dearbhtha i gcriaidh,
An rí córtaiseach d'Fhódhla agus d'fhearannaibh Bhriain
Is rí-óinbhid an choróinn cheart gan tathac it dhiaidh,
'S is tinn d'órdaibh na dtreon tu gan gairm 's is ciach.


L. 194


B 1709 18T
MARBHNA SHEOIN HASSIADH.



Creach is creach ar feadh na ríoghachta,
Dianchreach bróin san gCóige Muimhneach,
Creach is ciach is diachair nimhneach
Seon Óg Hasset gan aiseag faoi líogaibh.


L. 196


Creach na mbéithe maordha míonla;
Creach na n-inghean muirneach ríoghdha;
Creach na bhfannlag; teannchreach saoithe;
Mórchreach thréan na cléire choidhche.


L. 198


Pianchreach bhocht do bhochtaibh tíre;
Daorchreach leanbh, is banaltran gcláoidhte;
Creach na nGall, a gceann 's a dtigheasach;
Creach na nGaedheal san saoghal síorrdha.



Leoghan ba thriathach, fiadhach, fíochmhar,
Cródha, ciallmhar, sriantach, caoinghlic,
Ríoghdha, buacach buannirt, bríoghmhar,
Cosantach, cráibhtheach, áluinn, aoibhinn.



Dreach do b'fheardha i gcaismirt le naimhdibh;
Dreach gan mhairg, ba thaise le fíorbhocht;
Dreach ba shoineanta, soithimh le saoithibh;
Dreach mar aingeal a ghairm ar bínse.



Creach dá maireann i nglasaibh Thráigh Lí thu,
An t-am a dearbhthar peactha na buidhne;
An dream ba feasach dhot ghairm gan righneas,
Níor mhall dá bhfurtacht thu a chara is a dhíograis.



Ciach mo dhrólann, dóghadh mo chroidhe-se;
Pian go mór do scól mo chlíteach;
Triath nár leointe i gcomhrac naimhde,
Gan rian gan treoir i gcomhrainn sínte.



Iomdha barrfhionn go cathach dhá chaoineadh,
Ó mhúr na Scealg go Gaillimh na soillse,
Ler dubhach gan mearbhthal seabhac na hInse
I n-úir gan aiseag, 's a leanbh gan aois chirt.



Don Mhumhain is feasach nach bladar mo laoithe:
Múr na bhFlaitheas gur lasadar tríochad
Ós cionn a mhairbh le hanfhaithe baoise.
Súil le brataibh go n-amharcadh fhíoraigh.


L. 200


Phoebus mór n-a chóiste ríoghdha
Ag teacht i gcomhair a thorraimh suidhtear;
Aeolus thug feothan gaoithe air,
Is léi do báitheadh gan cháirde a shoillse.



Nereus, le foghar an choimheascair,
Leigeas an mhuir go tiugh fá thíorthaibh;
Lúna ag golfhairt le fothrom taoide;
Is fuaim na Sionainne ar buile dhá chaoineadh.



Cró Mars dearbhthar in' arm go fíochmhar
Feolmhach marbh go fairsing n-a thimcheall,
I ndeoidh a dhalta bheith marbh, ag síorghol:
Seon Hasset fuair barra bhfear Muimhneach.



I nGleann na hUaighe ba bhuan an síorghol;
I sna Dumhchaibh búidhghol aoise;
I nGort an tSléibhe is léir na mílte
Ag gol 's ag éigheamh go héadmhar scíosmhar.



Súil nár chlaon le claonadh ar fhíorbhocht;
Súil ba ghluise 'ná an criostal ba dhaoire;
Súil ba mhire 'ná druide na gcoilltibh;
Súil an tseabhaic gan ainimhe laoi ghil.



Lámh ba thréan ag déanamh coimheascair;
Lámh gan chealg, ba scaipitheach scaoilte;
Lámh ar arm ná feacadh dhá naimhdibh;
Lámh na n-oirbheart, b'fhollus gan maoidheamh ann.



Crú na Sacsan n-a leacain ag coimheascar
Le lonnradh sneachta, san tseabhac ba haoirde;
Ba chumtha a dhealbh, ba mheanmnach a intinn;
Túr roimh namhaid don anacrach íseal.


L. 202


Crádh ar an mbás, is gránna gníomhartha -
Argthóir d'fhág ar lár na ndaoine -
Dorug le fána bláth na tíre,
A gceann gan cháim, 's a n-árus díona.



A sciath, a gclogad, a gcothrom 's a n-impre;
A dtighearna, a solus, a bposta 's a dtigheasach;
A dtriath, a gcosnamh, a n-eochair 's a rí chirt;
A ngrian, a bpolladh roimh dhochar 's a gcraoiseach.



A gcrann bagair, a ngeata 's a rí-phort;
Fál a mbeathadh 's a mbailte 's a maoine;
A scáth roimh anfhaithe mara agus taoide;
'S a mbuachaill fartha san macha thu istoidhche.



A gcoimirc dot ghairm ar mhargadh an ríogh thu;
A seol chun taistil go fada i ngach timcheall;
A lón gan easba 's a mbeatha 's a mbuidheachus;
A nglóir, a n-aspal, a dtaitneamh 's a gcroidhe thu.



A gcú luirg, a n-ursa 's a n-intleacht;
A bhfonn 's a bhfuithin 's a dtura le bíodhbhadh;
A gcúl 's a gcuradh 's a nOscar 's a míleadh;
A bprionnsa tusa, níor mhiste dhot mhuinntir.



A gcoileach catha 's a mbratach gan stríocadh;
A gclú 's a dtaisce 's a dtarmainn díona;
A gcúinne cosnaimh, a gcluigtheach 's a n-aoirde
Ós cionn a maireann de Ghallaibh na ríoghachta.


L. 204


A long ar fairrge, a n-anam 's a maoine,
Nár umhluigh breaba do ghlacadh, ní maoidhte;
An drong ba dhamanta, is dearbh do scaoileadh,
Gan pudhair as barra nuair thagadh ar binse.



Mórghol dubhach ag Tonntaibh Chlíodhna;
Bun na Leamhan dá fhreagairt 's a ndaoine;
Ranntach mara dá dtreascairt fá thaoide;
A chúirt fá scamall 's an talamh dá chaoineadh.



Ba ghnáth n-a chúirt ghil súgradh ag saoithibh,
Fíon tar srúillmhuir, lionnta ar ghíle,
Brannda is siuicre i dtúis na bhFaoile,
Is tighearnaí Mumhan gan smúit n-a thimcheall.



Ba ghnáth n-a halla fir Shacsan dá choimhdeacht,
Cliar is easpuig, flatha is bíocuint;
Ceol n-a cheathaibh dá spreagadh go haoibhinn
I bpálás fhairsing an tSasanaigh Mhuimhnigh.



Monuar! mo léan! mo mhéala choidhche!
A luaithe d'éag ar Saesar ríoghdha!
Ar ridire tréan fuair géilleadh ar bínse;
Salomon saor i gcéill 's i n-intleacht.



Monuar! a chéile ag éigheamh 's ag síorghol:
An uasal mhaordha bhéasach mhíonla;
Ua na laoch is préamh na ríghthe;
I n-uaigneas, féach, go dtéid dá chaoineadh.


L. 206


'Oighre, a dhalta 's a leanbh, 's a dhíoghras,
Ag leaghadh go cathach tré n-a athair, is díth linn;
Ó adhraim, aitchim gan chealg an Naoimhspioraid,
Go bhfagham é ag leanamhain learg a shinsir.



Treon ba threon, is mórchreach marbh sínte;
Leoghan ba leoghan de phóraibh Sacsan aoirde;
Pór de phóraibh cródha Banba claoidhte;
Seon mac Seoin mhic Sheoin ó Bhailte Ó Síoda.


L. 208


B 1700c 18T
DON TAOISEACH EOGHAN MAC CHORMAIC RIABHAIGH MHIC CÁRRTHAIGH.



Cnead agus dochar do ghoirtigh mo chéadfaidh,
Is d'fhág me i mbrón lem ló go n-éagfad,
Do bhris mo chroidhe is me ag caoi gan traochadh,
Do chuir mo radharc gan feidhm is m'éisteacht.


L. 210


Ba dem thigh do thuit fá néalaibh
Laoch mear ceannsa, ceann na saorfhlaith;
Comhla dín dom chloinn an té sin;
Lón a mbídh, a mbrígh 's a n-éifeacht.



A gclogad cruaidh, a dtuagh 's a n-éide;
A sciath cosnaimh roimh olfhairt na bhfaolchon;
A gcrann bagair chum seasaimh i bpléidh thu;
A gcruach fá sceimheall de shíor gan bhéim thu.



A ngleacaidhe thusa i n-ucht an bhaoghail,
A gCuchulainn do ghuirm chum réidhtigh,
A gcomairc i mbearnain námhad go tréan tú,
Gé gur thuitis le Muiris an éithigh.


L. 212


A mbarc 's a mbád 's a n-árthach séin tú,
A leoghan 's a seabhac a gceann 's a bhféinneadh,
A lonnradh solais i ndoircheacht sléibhe,
'S a dtriath ceart 's a meas tar Éirinn.



A gcathmhíleadh neartbhuidheanmhar, saordha,
Calma, cáirdeamhail, fáidheamhail, faobhrach,
Curata, cródha, mórdha, maordha,
Rígheamhail, reachtmhar, rathmhar réimeach.



Fíordhlightheach, forasta, foirtill gan aon locht,
Sochma, soilbhir, socair n-a thréithibh
Cliathamhuil, fíontamhuil, saoitheamhuil, béasach,
Duineata, diadha, ciallmhar, séimhghlic.



Dathamhuil, oscardha, cumasach, tréanmhar,
d'ágh na bhfear fuair ceannus Éireann;
De shleachtaibh Eoghain mhóir, is Éibhir,
Is Chais mhic Choirc, i ngoil nár traochadh.



Éireamhan na reacht, is Aonghus,
A bhráthair Mogha, agus Conn na dtréanchath
A mhac-san Art fuair ceannus Éilge
Cairbre, is Cas, an flaith, is Néill Dubh.



A bhráthair Fearghus calma créachtach,
Is Iughoine mór an lóithne léanmhar,
Ceallachán Chaisil do chasadar tréimhse,
Is Brian lér treascradh Clanna Turgésius.


L. 214


Bráthair gaoil do phríomh Uí Laoghaire,
Sheagháin an díomais fhíochmhair éachtaigh,
Aodha mhic Chuinn nár claoidheadh i n-aon dul,
Dorug a bhuidhean tar tuinn i n-éinfheacht.



Is fíor le n-amharc i n-annalach Éireann,
Gur tu an ceap de shleachtaibh déaghoinigh;
Triath na Mainge an Charainn 's an tSléibhe,
Ón dá Chích go fíoraighibh Sléibhe Mis.



A bhráthair úir na mBúrcach éachtach,
Uí Chonchubhair fuair clú le daonnacht,
Uí Dhomhnaill nár leonadh ar aon chor,
Is Uí Ruairc chlúmhail na lúireach ngléigeal.



Bráthair gar do Mhac Uí Néill tu,
Bráthair gairid Uí Cheallaigh 's a chéile,
Bráthair glún don Phrionnsa Séamus,
Do réir mar cantar i Saltair na saorfhlaith.



Bráthair Dhomhnaill chróin ó Bhéarra,
Is Clanna Shuibhne dobhí n-a laochaibh,
Dhomhnaill Chaim nár fhill ó aon chath,
Is Dhomhnaill ghroidhe, ceann díreach Éireann.



Bráthair d'árdshliocht Uí Réagáin,
Bráthair fhir Cheann Tuirc na gcaolta,
Bráthair Dhuibh de shliocht na ngaortha,
Is Mhic Finnghin do b'fhíorlaoch in' aonar.


L. 216


Bráthair fial do Niall na gcaoleach,
Is na naoi ngiall do riar ar Éirinn,
Bráthair dian na mBrianach aosta,
Mhic Phiarais is Tighearna na nDéiseach.



Bráthair fine Mhic Mhuiris ón mBéillic,
Is an Ridire ó chois Sionann na gcaolbharc,
Mhic Mhaoilmhuaidh na ruag ba thréanmhar,
Is Uí Dhonnchadha an Ruis fuair tuitim taobh leat.



Bráthair mór don Róisteach shéimh thu,
Bráthair gairid an Bharraigh 's a ghaolta,
Bráthair Ghearailt de mhaithibh na nGréagach,
Bráthair seabhaic Bhunraite na nglégha.



Bráthair fíor Uí Chaoimh gan aon locht,
Bráthair buadhach na Ruarcach ngléigeal;
Uí Cheallacháin Chluana b'uasal tréithe,
Is Clanna Ghuaire dhuaisigh dhéarcaigh.



Bráthair Chonrí fhinnghil laochta,
Is Mhic Amhlaoibh na leabhairscríob éachtach,
Taidhg gan cháim do bádhadh san tréantsruith,
Is Thaidhg Mhic Cárrthaigh ó Chlár Luirc Éibhir.



Tadhg Ó Ceallaigh ó Eachdhruim éachtach,
Is Tadhg an Mhullaigh fuair urraim ó éigsibh;
Gach Tadhg bhí taidhbhseach ba ghaol duit,
A bhráthair oighre Thaidhg mhic Séafra.


L. 218


Bráthair Chúrsaigh lúbaigh éachtaigh,
Is tighearna Mhúscraighe an chúil bhuidhe phéarlaigh,
Tighearna Ghlinne an Chuirm fuair réimeas,
Is tighearna an Charainn is Cairbrigh taobh leat.



Is truagh do thalamh ag clanna na gcaorach,
Do ráinig eatortha i n-aiscidh gan éiric,
Stéidhg fá n-a uilinn dé ag Muiris an bhréide,
Stéidhg na tubaiste ó Mhuiris de ag Éamonn.



Túis mo rúin is dúbhach 's is déarach,
Trúig is cúis trér thionnscnais éad leis;
Tré bhriseadh na saoithe bhfíochmhar dtréitheach,
Cuirfid na cinn sin linn "is baoghal dó."



Doghníodh Seoirse mórchreach aonair,
Mar Mhac Cumhaill i dtúis na Féinne,
Doghníodh Muiris le dlighthibh a dhaoradh,
Is glór binn dá gcuimhreach ag Éamonn.



An méid nár fionnadh le himirt na méirleach,
Do chreach Mac Craith ar mhair den tréada,
Le hór an diabhail dá riar gan daonnacht,
'S a fhís go dúbalta dá éileamh.



An té bhí aca anuraidh i gcumus na tréine,
Atá i mbliadhna ag iarraidh déirce,
Do fúigeadh dís dá mbuidhin gan aon phreab,
Fuil a gcroidhe 's a gclí dá taoscadh.


L. 220


Cailleamhain Sheagháin, nár stán ó bhréagaibh,
Do chuir Eoghan go deo faoi néalaibh,
Na díbearthaigh fíorlaga traochta,
'S a dtighthe n-a smúda brúighte ar aon bhall.



Ba mhinic n-a dhúntaibh ughdair aosta,
Draoithe, is dáimh, is báird, is éigse,
Filidhe is cliar dá riar le daonnacht,
Is Eaglais Chríost de shíor dá n-éileamh.



A Dhia tá ar neimh dochluin na scéalta,
A Rí na bhfeart is a Athair naomhtha,
Créad fá'r fhuilngis a ionad ag béaraibh,
A chíos aca, is é sinnil in' éagmuis!



Do chaoidh Sol go docht an t-éirleach,
Luna goileas srotha déara,
Boreas cruaidh adtuaidh ag séideadh,
An fhaid tá Muiris i gcumas 'san taobh so.



Ar dhíbirt Eoghain go tóirseach tréithlag,
Do ghuileadar ocht srothanna saora,
An Mháigh 's an Leamhain fann gan faeseamh,
An Chárthach, an tSláinghe 's an Chlaodach.



Abhainn Chill Criadh ba chian a caolscread,
Ag síorghol 's ag caoineadh a céile,
Bruach na Lice ar buile 's an Fhéile,
'S an Gháile ag dáil ghuil n-a haonar.


L. 222


An Ghaoi go dubhach 'san tSiuir ag géimrigh,
Agus Sionainn cloinne Loirc na gcaoleach,
An Mhaing gan sláinte fá na scéalaibh,
Cois Laoi 's an Bhrídeach go léanmhar.



Fionnashruth 's an Fhleasc ar easbaidh céille,
Abhainn Targhlan faoi scamallaibh is Éirne,
Abhainn Daluadh 's an Chuanach traochta,
'S an Bhearbha go fadchumhach it dhéidh-se.



Níor fhág an Chróinseach deor gan spréachadh,
Faoi árdaibh bóchna bómhar Bhéarra,
An Ruachtach go buaidheartha is í ag géimnigh.
Abhainn Dá Chích 's a daoine tréithlag.



Ní raibh Sidhbhean díobh i mbéillic,
Ó Dhún Chaoin go híochtar Éirne,
Ó Inis Bó go teorainn Éireann,
Nár léig deora móra ar aon bhall.



Ar theacht Mhuiris thug uile n-a chéird chirt,
Ba chlos gáir ag mnáibh ar thaobh Tuirc,
Is dá thaobh Mainge dá freagairt go héadmhar,
Is ba chlos uaill ar uachtar Sléibhe Mis.



Bean tsidhe an Ruis ag sileadh déara,
Is bean tsidhe bhán na Blárnann taobh riot,
Bean tsidhe an Ghleanna i n-a labhraid éanlaith
Is seacht mná sidhe ar an gCích gan traochadh.


L. 224


Do ghuil Clíodhna tríd na scéalaibh;
Do ghuil Úna i nDúrlas Éile;
Do ghuil Aoife i sidhbhrogh Féidhlim,
Is do ghuil Aoibhill sidhbhean Léithchraig.



Do ghuil go truagh an Ruachtach, caolbhean;
Do ghuil Áine i n-árus Gréine;
Do ghuileadar ocht n-ochtair ar aon loch;
Do ghuileadar ainnire an Charainn 's an tSléibhe.



Bean tsidhe Dúna Guill ag géarghol;
Bean tsidhe i dTeamhair ar easbhaidh 's í céasta;
Bean tsidhe i n-Eochaill fós gan faeseamh;
Is bean tsidhe i gCeapach Chuinn na nDéiseach.



Bean tsidhe fós go deorach éadmhar
I mBaile Uí Chairbre, ainnir det shaorshliocht;
Baisleacán i gcreathaibh báis fát scéalaibh
'S an tÉan Fionn i dteanntaibh éaga.



Do ghlac fanntais dream an Bhéarla,
Do shaoileadar go bhfillfeadh arís chughainn Séamus,
An tan do scread an leac fát scéalaibh,
An Lia Fáil n-a lár ag géimnigh.



D'éis gur chaoidheadar coillte is caolta,
Do loisc mo chroidhe, do mhill 's do chéas me,
An bhraighidgheal ó Fhaidhribh na saorfhlaith,
Do bheith ag gol gan sos n-a haonar.


L. 226


Ag greadadh a bas 's ag stathadh a céibhe,
N-a gcaor ndearg a dearca gan traochadh,
A croiceann geal ar fad n-a chréachtaibh,
Is folach síoda a clíchuirp réabtha.



d'éis gur choisceadar srothanna ag géimnigh,
Coillte, corrchnoic ghorma, is faolchoin,
Fíonscoth ag síorghol n-a haonar,
Do chuir m'intleacht trí n-a chéile.



Fachtaim cás is fáth a déara,
Den tsoillsigh ó Fhaidhribh na saorfhlaith,
Créad an bás, an táir, nó an t-éigean,
Tré n-ar mhill a buill 's a héadach?



d'fhreagair Fíonscoth sinn go héadmhar,
Le glór doilbh go follus i n-éifeacht,
Tá a sháirfhios agat-sa dearbh mo scéalta,
Is go dtig nimh n-a sruith óm chréachtaibh.



'S a liacht sluagh de mhaithibh Néill Duibh,
Fiaguidhe is fáidh is sárfhlaith béasach,
Mná uaisle nár ghruamdha, is daoine aosta,
Dochuaidh de dhíth an bhídh 's an éadaigh.



Gur díbreadh an rí ceart go claonmhar,
Easpuig, sagairt, abaidh, is cléirigh,
Bráithre diadha, is cliar na déirce,
Agus uaisle na tuaithe le chéile.



d'innseas go fíor di mo scéalta:
Go raibh Eoghan fós gan baoghal;
A thalamh má bhí n-a dhíth go mb'fhéidir
A fhagháil dó arís le linn an réx chirt.


L. 228


Táid créachta Sheagháin go hárd ag éigheamh air;
Ag lonnramh fionntar 's ag sméideadh,
Ag screadaidh fós ar Eoghan go héigneach,
Ag iarraidh fola dhortadh in' éiric.



Orfinn fós tug leonadh léin ar,
Rughraoi is Seon, mic Ómais Éigir,
Seaghán is Diarmuid riamh ba bhréagach,
Muiris 's an dís sin thug scaoileadh tréan air.



Is brónach anois le cur i nGaedhilg,
An ceo so thuit 'n-a chioth ar Ghaedhalaibh,
Is ar gach aicme de chlannaibh Mhilésius,
An méid díobh d'iomuigh le Liútar a n-éide;



Mar d'imthigh tar srúill anonn ar gcléir mhaith,
Mar do cuireadh ar díbirt choidhche Séamus,
Do cuireadh fá smacht ar mhair den tréada,
Is do cuireadh Eoghan fá bhrón, mo ghéarghoin.



Athchuinghim Íosa Críost dom éisteacht,
An ceo so ar Eoghan go fóill do thraochadh,
Aiseag a bheathadh do thabhairt dó ar aon bhall,
Ó Shuidhe Finn go fíoraighibh Sléibhe Mis.


L. 230


Uisce na Mainge, Leamhuin, Laoi, is Claodach,
Snaidhmid le srathaibh scair le linn Léim Tuirc,
Fionnashruith, Fleasc, is caise an Mhaoir géimid,
Roimh Mhuiris do theacht isteach le Cloinn Éigir.



Tuitim na bhflatha meara bhfíorlaochta,
Le nuimhir na namhad neartmhar ngnímhéachtach,
Dlighthe na bhfear ler leagadh Rí Séamus,
Thug Muiris isteach gan cheart le Cloinn Éigir.



Ionad mo shean le seal i nUíbh Laoghaire,
Is tuitim na bhfear san treas le Rígh Séamus,
Muiris do theacht isteach le Clainn Éigir
Tré a gcuimilim bas dom namhaid fhíréachtaigh.



An Ceangal.



Mar thuiteas gach dochar le sochar do ritheas n-a dheáidh
Fionnadh gach toraidh an olann an duille 's an bláth,
Ní duine ná ochtar, acht cogadh na righthe de ghnáth,
Thug muileann an Droichid 's an eochair do Mhuiris n-a láimh.


L. 232


B 1720 18T
AN DEAGHFÁISTINE.




Aodhagán Ó Rathaille, cct., an deaghfáistine seo don Tighearna
Brúnach Cill Áirne, agus do Choirnéil Buithléir Chille Cais,
arn-a ndéanamh cleamhnas re chéile: go mbeadh síorsheilbh a
bhfearantas ag a sliocht.




Do scaoileadar draoithe agus fáidhe
De réimhfhionnadh Phádraig, is Bhrighid,
Is Naomh Chuilm naoimhchirt, na ráidhte
Bhí líonta de ghrás an Spioraid Naoimh;
Ríghfhlaith ar Chill Cais ó dhearlaic
Do rígh Cille hÁirne a inghean,
Dá gcloinn mhac gur dhílis an áit sin
Go dtigheadh scrios is trághlacht an tsaoighil.



Do réimhbhagair Ésaias ar Iúdaibh,
Go mbéarfadh an Cumhachtach soin Dia
Ón dtréad soin i ngéibheann an t-ughdar,
An caomhbhreitheamh clúmhail, is an liaigh;
Go dtréigfadh sé éad-san tré dhúthracht
A gclaonchroidhe gan umhlaidheacht dá riaghail;
Séanadh Mhic Dé dá mb'é a gcionnta,
Le faobharneart go ndubhscriosfadh iad.


L. 234


Is mar sin tug Dia cumais dúinne,
Tar éis bheith i gcumhangrach go mór,
Tighearna, agus árdfhlaith, is prionnsa,
Sciath nirt, is úrchlogad óir;
Gan ciaradh n-a cháilibh 'sé an Brúnach,
An biadhtach gan cunntas don tslógh;
Iarraim ar Cheárdach na ndúilibh
A dtriaithshliocht do lonnramh n-a ndeoidh.


L. 236


B 1909 19>
U Anaithnid
FÁILTIUGHADH ROIMH AODHAGÁN.



Uilliam an Mhaoláin Ua Murchadha, do chomhnaidh i n-aice le
Baile Gallda, cct., do Aodhagan Ua Rathaille. Is amhlaidh
a bhítheas ar Chúirt Éigse i dtigh Dháith Uí Iarfhlatha
i mBaile Mhuirne, agus dochualthas guth Aodhagáin
amuigh agus é ag teacht fá dhéin an tighe. B'é Uilliam an t-aon
duine amháin dá raibh istigh, d'aithin guth Aodhagáin, agus do
labhair mar leanas ag fáiltiughadh roimhe: -



Breathnuighim cuisle cheartchumasaigh Aodhagáin ghrinn,
Ag teacht faoi'n dtulaigh seo tuilte de chéill fá ghnaoi,
Ní thaithigheadh sibh-se ar an mbile 's níorbh'aon d'bhur
dtaoibh,
'S le deaghchroidhe chumainn do chumaim dó céad d'fháiltidhibh.




Dubhairt Aodhagán dá fhreagradh: -




A ghleacuidhe chliste den fhuirinn ba shaor fá ghnímh,
De chlannaíbh chinidh na bhfionnamhac cé táid síos,
Go marthaoi uile fá dhuille thar céad fá thrí
Ar ghlantír thirm ar chiumhsaibh puirt tréanláin Laoi.


L. 238


B 1729ob 18T
U Anaithnid
AOR DHOMHNAILL NA TUILE.



Aor do gheallas d'fhighe go tapaidh
Don ríceach railleach, righinranntach;
Cnaoiste creacha, coimhightheach, ceartach,
Caoch i gceastaibh puncamhlacht.



I ndíoghailt masla saoi do sreabhadh
d'fhíorfhuil Ghealchuirc Fhionnmhumhan,
Snoighfead scarta, a lígh 's a leaca,
'S a chroidhe san spairt duirc dhúldhúrdha.



Millteach meathta, is míghlic meas,
Is míne ar mannar múisiúnta;
Scaoinse scraiste, gainge gaige,
An straoille breallach bundúnach.


L. 240


Líne i gceart níor líon an spairt
Gan míle marc n-a camchúrsa;
Ní binn a bhreath, ar bís ná ar beacht;
Ní'l brígh ná blas n-a bhúrdúnaibh.



Tighim n-a bhathas mhíolach, bhracach,
Daoilchnis, carrach, cúlmhúscach,
N-a mbídh n-a ndreamaibh, snighe n-a gceathaibh
N-a chrínghlib stathaigh chlúmhbhrúidhte.



Táid céadtha clais dlúth in' éadan chas chlúmhach,
Mar fhéachfadh cat trú ar úrchúlracht;
'S gach builce dá mhailidhibh mar mhotharaibh casdraighin,
Is bruithnisc bhreacmhíol múchta ionnta.



Fabhraidhe an sméirle mar hanndlaidhe céachta
N-a gcamluighe i mbléin a phúcshúilibh;
Is cluasa asail n-a sluaiste slapair
Go gualnibh garbha ag dlúththúirling.



Is iomdha srama, is tonn bhog bhrachaidh,
Is lionntrach smeartha, is úrshughlach,
Um shúilibh cama búiste an ghada,
Dunnsa an daig nach fiú trumpa.



Cuasa a chlagshúl, do b'fhuathais cheart súd
Ag cuaich le neadughadh i gcontabhairt guir:
A ghruadh glas, dian-odhar, truaighbhreac, liath lom,
Cruadhchas, cianchrom, gnúisghionnach.


L. 242


Tré phollaibh a shrón, is follus gan ghó
A chongansach crón is fiú a dhiúgtha,
N-a sloigfeadh ar cóisir n-a lomarith lóta,
Do-bheir bolaidh bog dreoighte ar a úrbhrúchtaibh.



Úirstiall straipe a dhúibhliath teangan
N-a chúilghiall trasna is pungclúbach;
Is fostaidhe fiacal portbhuidhe piastach
Is gortaighe stiallfadh cúl crústa.



Ar a phíopán gharbh bíonn táin gearb,
Is linn lán bhrachadh bhuidhe fútha;
Cliabh an stollaire mar spriata conablaigh
Dá stialladh ag conairt i ndubhmhúnlaigh.



Slinneán caolchrom ag an mbreallán mbréan mbodhar,
Is cromán bléanodhar úrghungach,
'S na mílte gormfhéith ag tigheacht n-a gcrosaibh tréith
Ar íoghair a bhuilg bhréin bhrúideamhla.



...



Lurga thruaghbhreac, chuiripe, chruadhchas,
Loiscneach, ghuaireach, mhonglúbach;
Sála cama, gága gaige,
Agus bálta garbh crúbthútach.



Boglaghair thuaithbhréan logdhoimhinn fhuar ghéar,
Ro-thinn, nuachréacht, d'ollúrbhais;
Is cuiriceach cnaipghnéach uilleannach ailtghéar
Fuirm a chaismhéar camchrúncach.


L. 244


FREAGRADH AODHAGÁIN.



Beárrfad sioscaithe, geárrfad ingne
An chnábthaigh smulcaire shraothartaigh,
An gágach builgeach, gáibhtheach, mioscaiseach,
Bearrtha, bonnabhreac, taothnascach.



Ó árd a mhullaigh, n-ar gnáthach muclach,
Sáithte tulcaithe i mbréancharraibh,
Go trácht an bhonnaire bháltaigh, mhuinicigh,
Ársadh, ghlugartha, chréimfheartaigh.



Stolfad an scraiste lochartha, dealbh,
Crosta n-a rannaibh cléghonta;
Folaire gartach, crochaire cleasach,
Grogaire meathta, péistghlugar.



Soraire sramach, sopaire salach,
Rothaire reatha an bréagaire;
Crotaire tana, slogaire smeartha,
Shloigeas gach treas n-a chraosgoile.



Creimfead troighthe an chladhaire chime
Is laghrach, briste, créachtuighthe;
'S a dhá chruadhsháil ar a mbíd fuachtáin,
Polla agus cuasáin ghréiscithe.



Ingne fiara rinneadh den iarann
Culaith is cliath dhá mhéireannaibh;
'S a dhá lurgain leointe, bhristithe, scólta,
Scriostaithe, dhóighte, mhéirscreacha.


L. 246


Piocfad a ghlúine is snaidhmeanna a lúithigh,
Bhainfeas a shiubhal den éigceartach;
'S a dhá mháisín mar bheadh dhá chláirín
'S a chom lánbhuidhe léirmheathta.



...



Bolg an fhonnsa crochta os a chionn-san;
Fothrach mhúnlach bhléanfhairsing;
Méadal brúideamhail, gréisceach, tnúthamhail,
Ag an gcúirliún clétheagaisc.



Cumhang-ucht tanaidhe, clúmhach, creatbhuidhe;
Súile gaduidhe is caoch amharc;
Guaire pocáin; drom dá mhiongán,
Buidhe, bruinnárd, bréangharg.



Daoi gan eolus, straoille an chórda,
Críonghas dóighte ó thaobh mara,
Fualán fuaithchleas, stualán stuacach,
Cruadhnámhaid d'uaislibh Éireannach.



Priocaire an chreacháin, druingire an bhotháin,
Scuibile potáin gréiscamhais;
Carrachán gearbach, ceartachán sreangarthach,
Amalán aithiseach slaodghalair.



A scórnach scaoileas tóirse gaoithe
Bhreodhas na mílte i ndaorpheannaid;
An conablach goirgeach, ó dtig boltanus
Tré n-a chogansach craosgharbh.


L. 248


Is é sin Domhnall, fuath na gcomhursan,
Fuaid gan treoir ar aon aiste;
Clémhac Dhonnchadh, is plaoscach, mogullach,
Éadmhar, doicheallach, tréiththapadh.



Crannca an scruitín crannda, coischríon,
Cam, n-a choingheall gréiscalluis;
Meangach, millteach, trodach, nimhneach,
Cleasach, bruigheanach, baothmheathta.



Ar dheilbh an mhongcaoi, i n-eitim, nuair imthigheas
d'fheirg n-a rith trí thaobh bhalla;
Nó mar fhrangcach ag rith tré chlabhstrach,
Is tóir n-a deabhaidh ag tréanchataibh.



A fhilidhe na Mumhan, cuiridh-se conntracht;
Ar an gcrústa buidhechroicinn
Beoltán báirdín, cuiridh faoi cártaidhe,
Is follus gur báinidhe scríobh orainn.



Ní cuibhe d'éigse choidhche a n-éisteacht,
Laoithe ó bhéal nár shnímh comhthrom;
Is náireach d'uaislibh álghuirt uaibhrigh
A dhán nó a dhuain do scríobhmholadh.



Ina chiardhlaoi gruaige triansnidhe is luaithreach,
Is piastaidhe luatha fiarchosach;
Raca na laghrach, shracas na leadhba,
A phlaiceas le creidhil an t-iarratus.


L. 250


A shuasán samhaltar leis na deamhnaibh
Ar bhruach Acheron tiomhluighthe;
Brian Ó Brosnacháin, liaghairne bodacháin,
Iasc is measa ar thráigh Cinn Mara.



AN CEANGAL.



Folaire dealbh bocht anacrach, géagán críon,
Crochaire gartach na praisce n-a bhéal nách cruinn,
Grogaire radas a charaid ar bhréagán bhuidhe,
Tug roscadh dhá theangain aganfhios ar Aodhagán Fhinn.



Domhnall mac Donnchadh an scrogaire scaimhfhiaclach,
Lóiste lobhtha na ngobhar, nach ceartbhriathrach;
Fós, mar chloisim, do b'fhollamh a ghlantighearnus,
Tré chóip na Dromann gur bhloscais a sheaniarsma.


L. 252


B 1714c 18T
AN BÁS.



Agallamh idir Aodhagán Ua Rathaille agus Sagart.



Aodhagán.
Éagfaidh Seoirse mór so is ardrí againn,
Is éagfaidh Seoirse ó Phórt na Máighe míne;
Éagfaidh Mór 's is brón dá páistidhibh sin;
Is éagfaidh Seon Bóin is Cáit Stíbhin.



An Sagart.
Fóill, a fhile, ar mire ná bí-se tráth,
Is ná tabhair breith ghiorraisc ar fhuirinn is fíormhaith cáil,
Má tá go bhfuilid-sean iomad na saoithe ar lár,
Ní cóir a thuigsint go bhfuilid súd claoidhte i mbás.



Aodhagán.
Éagfaidh an t-each, cé fada leabhair a shiubhal;
Éagfaidh an chearc, an lacha, an seabhac 's an colúr;
Éagfaidh an fear, an bhean, an chlann 's an chlú;
Is éagfaidh an sagart seascair sanntach úd.


L. 254


An Sagart.
A Aodhagáin chóir cuir sceol chughainn fá bhrígh anois;
Ó éagfaidh an t-óg ar nós na mná críne,
Cá ngéabhthar leo, an mbeidh glóire an ardríogh aca,
Nó, an i bpéin go deo bheid Bóin is Cáit Stíbhin?



Aodhagán.
An lucht chleachtas póit is ólas a lán fíona,
'S do-ghní go mór ar fheoil gach páis aoine,
Má's í an ghlóire gheobhaid mar bhárr díola ann,
Ní'l baoghal go deo ar Bhóin ná ar Cháit Stíbhin.



An Sagart.
Fóill a dhuine, ná himthigh an tslighe chomhgair,
'S go bhfuil Jones is Gibbons 'na dtighthibh go sítheoilte,
d'óladh tuile agus iomad don fhíon chródha,
Gur stiall a gcroidhthe le mire na caoinbheorach.


L. 256


B 1729ob 18T
An tAnfadh.
Blúire.



Do b'éagnach imirt na tuile re daorruathar,
Méad na toinne re fuirneadh na gaoth guairnein,
Taobh na loinge 's a fuireann ar tréanluascadh,
Ag éigheamh ag tuitim go grinneal gan dáil fuascailt.




DON tSÍONÁNACH.



Uisce agus bainne má ghlacas ón Síonánach,
Is lem ghoile-se ar maidin go ndeachaidh go síothcánta, -
Dar Muire na bhflaitheas le ndeachas-sa caoinpháirteach,
Le gliogaire an ghlagair ní rachaidh mo dhíoghbháil-se.


L. 258


AR CHOILEACH DO GOIDEADH Ó SHAGART MHAITH.



$Whereas Aonghus, fáithchliste,
Sagart, cráibhtheach, críostaightheach,
Do theacht indiu im láithir-se,
Le gearán cáis is fírinne:



Gur cheannuigh coileach airdshleachta,
Dá chearcaibh sráide is tíoghbhaile,
Ba bhreághtha scread is bláthmhaise,
Is baic le scáil gach líondatha;



Thug sé caogad mínscilling
Ar an éan do b'aoibhinn cúilbhrice,
Gur sciob síobhradh draoidheachta é
Ó aonach chinn na dúithche seo.



Ba ghábhadh dá shamhuil dáirithe
Coileach screaduighthe is dúistighthe
Do bheith dá fhaireadh ar shámhchodhladh
I n-am gach easpuirt úrnaighthe.



M'órdughadh dhíbh, an t-ádhbhar soin,
A bháillidhe stáit mo chúirte-se,
Déinidh cuardughadh airdshlighte,
Is sin le díoghrais dúthrachta;


L. 260


Ná fágbhaidh lios ná síothchnocán,
Ina gcluinfidh sibh glór ná gliogarnáil,
Gan dul i ndiaidh an tsíodhchonáin,
Dorin an gníomh le plundaráil.



$Wheresoever cuainseachán
Ina bhfuighidh sibh an tórpachán,
Tugaid chugham-sa é ar ruainseachán,
Go gcrochad é mar dhreoileacán,



For your so doing, d'oibliogáid,
Ag so uaim díbh bhúr n-ughdarás,
Mar scríobhas mo lámh le cleiteachán,
An lá so d'aois an Uachtaráin.


L. 262


B 1796lsc 18D
U Anaithnid



SEANCHUIMHNE AR AODHAGÁN UA RATHAILLE.



Air fagháil Sagsanach éigin crochda as crann a gcoill Chill Abhairne.



B 1846lsc 19L
U Anaithnid



Bhí bile breágh buadhach glaisghéagach ag fás ó na ciantaibh,
láimh le cill noch a creachadh le Cromuell claon, os cionn
tobair tuilte le fuaruisce fionn, ar fhearann fhódghlas noch
a réab ropaire ministir ó dhuine uasal do chlannaibh Gaedheal,
noch a ruaigeadh thar na fairrgidhe fiaidhne amach trí
fheill agus ní le faobhar claidhimh. Ba mhaith leis an mbréan
mbolgstócach ministir malluighthe seo géag ghlas leabhair
den chrann do ghearradh chum troscáin tighe do dhéanamh de.
Ní bhainfeadh aon de na saoraibh crann, nó de lucht oibre ris
an ghéig áluinn, óir ba sciamhach a scáth 'ga bhfolach an tan
dobhídís ag caoineadh go cráidhte géar fá na gaiscidhibh
glégeala noch a bhí sínte fá an bhfód. "Geárrfad-sa é," ar
crochaire camchosach lomloirgneach mic dobhí ag an ministir
méith seo, "Agus faghaidh tuagh dham do láthair."



Dochuaidh an spalpaire slaodchiallach suas ar an gcrann
mar chat i scéan, ag teitheadh ó chonairt gadhar, gur tharla
dhá ghéagán ag fás trasna a chéile air. Dothug sé iarracht
a gcur ó chéile le neart a chuisleann, gur phreabadar as
a lámhaibh le prab na súl tarsa a chéile arís, ag breith ar a
phíb, agus agá chrochadh go hárd idir aer agus ifreann.


L. 264


Annsin a bhí an siapach Sasanaigh ag crathadh a chos le rinnce
an ghaid, agus é ina sheasamh ar "nothing." Agus a
dhubhliath teangan amach fad bata ag magadh faoi n-a athair.



Do scread is do bhéic an ministir mar mhuic i mála
nó mar ghéadh i ngreim faoi gheata nídh nár bh'iongnadh faid
a bhí an lucht oibre ag fagháil dréimire chum é ghearradh
anuas. Dobhí Aodhagán Ua Rathaille ó Shliabh Luachra na
laochradh ann ag feitheamh ar chrochaire na cnáibe, agus do chan
an laoidh seo: -




"Is maith do thoradh a chrainn,
Rath do thoraidh ar gach aon chraoibh,
Mo chreach! gan crainn Inse Fáil
Lán det thoradh gach aon lá."




"What is the poor wild Irish devil saying?" ar an
ministir.



"He is lamenting your darling son," ar gaige bhí láimh
leis.



"Here is two pence for you to buy tobacco," ar an
méithbhroc ministreach.



"Thank'ee, a mhinistir an Mhic Mhallachtan" i.e., an
diabhal, ar Aodhagán, agus do chan an laoidh: -




"Hurú, a mhinistir a thug do dhá phinginn dam
I dtaobh do leinbh a chaoineadh!
Oidheadh an leinbh sin ar an gcuid eile aca
Siar go hearball timcheall."


L. 284


B 1729ob 18T
IS FUATH LIOM.



Seo mar adubhairt Aodhagán Ó Rathaille le deoruidhe tháinig ag
iarraidh iostas oidhche air: -



Is fuath liom ró-laighead mo spóilín;
Is fuath liom mórbhuidhean dá fuadach;
Is fuath liom praiseach mar chóir bhídh;
'S is fuath liom deoruidhe gan suairceas.



Freagra ón deoruidhe: -



Is fuath orm doicheall roimh dheoruidhe;
Is fuath orm gleoithnidhe cois luaithe;
Is fuath orm praiseach i móirnín,
Is bodach ar stóilín dá fuaradh.




SÉAMUS



Aon fá dhís is trí beag caol air cuir
S i mBéarla Chríost dá dtighidh leat glaodhach ar luich.
'Sé táim ag a innsin díbh, cé baoth dham soin,
Gur baoghal don drung tá teann go scinnfidh Mus.


L. 285


A CHOISIDHE.



A choisidhe, beir m'uraghall go Daingean Uí Chúis
Go bhfuil Ruistín 's a thruipidhe thar fairrge chughainn
Go mbeidh Muilín is Deiní agus Carruic go dubhach
Ag cur buinnighe as a n-innidhibh is fairsinge mhúin.




FIADHNÉIDH AODHAGÁIN.



Ag so tuarasgabháil Aodhagáin Uí Rathaille ar bhruighin do thuit amach
ar aonach Oileáin Ciarraidhe, an tan do tháinig sé do láthair an
bhreithimh mar fhiadhnaise: -



"Ar mo dhul isteach fá'n aonach dham dochonnac iad n-a
ruille-ó-reódh, n-a dtreilisc-bhreilisc, n-a ngúrla mágh
giúnga, agus n-a ngiorla mágh guairle griolla; n-a sop
reaca, n-a gcír thuathail, n-a gcraobh aonaigh, n-a
gcipile ó cip agus n-a speil mhargaidh, ar nós druidí Dhomhnaill,
ag gabháil feidhmeanna forc ar a chéile, chum nár fhágadar
oiread gheimile an daig ná céile maididhe i n-áirde; agus
fir ar buile, badh dhóigh leat go maireóbhaidís féin a chéile,
agus do shíleas-sa leis é, chun nár fhan mac mioscalais ná
geilt mhic an chadhain i n-amharc ná i gcomhfhogus dóibh."


L. 286


CAPALL AODHAGÁIN.



Ag so mar leanas briathra an fhir thuas .i. Aodhagán ar
cháilidheacht chapaill do bhí aige féin le díol: -



"Tá," ar sé, "trí ghaol ag an gcapall so le tarbh, trí
ghaol le mada ruadh, trí gaol le girrfiadh, agus cheithre gaol
le mnaoi.



Gaol an tairbh, .i. Tá ionga chruaidh aige, éadan dána
agus muinéal láidir.



Gaol an mhada ruaidh, .i. fiacail ghearr, fionnfhadh dlúth,
agus iompáil phras.



Gaol an ghirrfiaidh, .i. súil mhór, cluas chaol agus rith mear.



Gaol na mná, .i. com caol, brollach leathan, intinn árd, agus ..."


L. 287


B 1713c 18T



EACHTRA THAIDHG DHUIBH UÍ CHRÓINÍN.



Ar dtúis, do gheineallach Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín: -



Tadhg Dubh na gcroiceann,
Mac Mhathghamhna Bhodhair, mac Philib ..., mac Thomáis
an Chaipín, mac Dhonnchadh Thútaigh, mac Dhiarmada Bhrocaigh,
mac Rándail Dhranntánaigh, mac Roibeárd ..., mac
Mhurchadh Mhíothapa, mac Shraca Laidhrigh, mac Dhomhnaill
an Ghrafa, mac Mhuiris an Truipín, mac Thuathail Thubaistigh,
mac Dhonnchadh na Praisce, mac Sheáin an Chuasáin, mac
Dhubhthaidh, mac Liobair Lobhtha, mac Lóbuis Ladhraigh, mac
Sátain, .i. An D...l.



Feacht n-aon dá raibh lánamha chríona chuiripe chianaosta
ina gcomhnuidhe i nUíbh Laoghaire, mar atá Maoluaghain Ó Meilín
agus Raghnait Chasfhiaclach ainm na mná. Dobhádar
an dís sin seasc abhfad d'aimsir agus ní raibh aon duine
cloinne aca. Leis sin dorinneadar adhradh for an aon


L. 288


Dia fá ghein chloinne do thigheacht eatortha; Gidheadh níor
fhreagair Dia iad. Agus an uair nár fhreagair dorinneadar
adhradh dona déithibh diablaidhe ... agus dorugadh
dóibh mac .i. Liobar Lobhtha; agus is é sin sinsear
Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín, an daoi seo mhaireas anois.



Agus is gein diablaidhe an Tadhg soin. Is measa é 'ná
a shinsear, oir ní dhíbreann uisce coisreagtha é. Tá bram-uabhar
Lucifer ann, intleacht Shátain, claidhreacht Roibín,
feall ar iontaoibh agus cleasuidheacht a dhá sheanmháthar de
ghnáith ann. "Glac na mBreab" is ainm don nota láimhe
atá ar a thaobh dheas, agus Glac na Mallacht is ainm don
nota eile atá ar a thaobh clí. "Airgtheoir na bhFann" is
ainm don chrúbán coise atá faoi n-a thaobh deas, agus
"Airgtheoir na gCeall" is ainm don chrúbán eile atá faoi
n-a thaobh clí. "Fíornámhaid na nUasal" is ainm don
ulpán croidhe atá n-a bhréanchliabh, agus "Millteoir an
chinidh dhaonda" is ainm don teangain atá n-a chraoisbhéal.
""Forca Fiadh" is ainm do na garbhfhiaclaibh atá ina
mhór-cheann. "Muine na Míol" is ainm don bhathus ghuaireach
chrónruibeach is uachtar do na fiaclaibh céadna. Tá dhá shúil


L. 289


bhasailisc ina gharbhchloigean agus béasa an chrocodil ar
gnáith aige.



Bodach claon caismeartach, dubh díobtha dianbhréan
dreachdhiablaidhe dotháinig den aicme amhnáireach .i. Tadhg
mac Mathghamhna Bhodhair Uí Chróinín na gcroiceann; agus do
ráinig gur ghabh an Tadhg soin ceannus agus urlámhas i
ndúthaigh Dheasmhumhan san mbliadhain i n-ar hionnarbadh
maithe agus móruaisle na hÉireann don Fhrainnc agus don
Spáinn le claonbheartaibh bhfear Sacson; acht is cealgach do
ghabh Tadhg Dubh an ceannus soin. Ar dtúis dorinne coimhcheangal
le Muircheartach Ó Gríobhtha .i. duine diablaidhe eile
d'iarmhar na heascaine ar ar thuit trommhallacht Dé, óir ní'l
de shliocht air acht créatúirí cuiripe agus geinte truaillighthe
toirmeascacha ...



Acht cheana, ar ngabháil ceannus agus urlámhas Críche Brúnach
do Thadhg Dhubh Ó Cróinín agus do Mhuircheartach Ó Gríobhtha,
níor fhan iasc i n-inbhear ná ar loch, ná bláth ar
scairt, ná grán i ndéis ná misneach i laoch, ná cródhacht i
gcaithmhíleadh; níor fhan duille ar chraoibh, ná féar ar faithche,
ná meas ar dhair. Ciodh trácht, do thréigeadar na ba a
laoigh, na héin a ngeárrcachaibh na caoirigh a n-uain, na
crántacha a mbainbh agus na láracha a siorraigh ar dtigheacht
don dá dhiabhal soin i bhforaighis na bhfírleoghan.



Acht cheana, do cinneadh comhairle leo feis nó Párlaimint
do chur n-a suidhe i nEoghanacht Uí Dhonnchadha, ar an
gcnoc re ráidhtear Cnoc an Triúir san mbliadhain d'Aois
Chríost 1713. Agus mar dobhí Muircheartach cúramach an tráth
soin timcheall na nualeannán dobhí aige ... thug sé
a ionad féin do Thadhg Dhubh Ó Chróinín sé sin a bheith
n-a Árdthighearna Párlaimint until further Order; óir
do b'éigean dó féin Seán Ó Seochradha agus a bhean do
thadhlac go Dún Ciaráin agus Ó Súilleabháin Mór do
ghairm de Sheán. Agus ar dteacht ó Dhún Ciaráin do
Sheán ba mhian leis ceann an huiste do chur ar an haiste,


L. 290


.i. Mac Cárrthaigh Mór do ghairm de Dhomhnall dorcha, agus
Tighearna Muscraighe do ghairm de Ribeárd Ó Ripleacháin,
Cormac Riabhach do ghairm de Thadhg Ó Codlata, Ó Donnchadha
an Ruis do ghairm de Philib Ó Ciseáin, Ó Donnchadha an Ghleanna
do ghairm de Chonchubhar Odhar, agus Tighearna Chois Mainge
do ghairm de Sheán Ó Righin búistéir dobhí i gCill Áirne.
Gidheadh, sul do fhill Muircheartach Ó Gríobhtha do
chuir Tadhg Dubh gairm scoile ar chloinn Thomáis as gach áit ina
rabhadar ó Luimneach go baoi Bhéarra, agus ó Chorcaigh go sruth
buidhe Uí Bhruín, agus ar gcruinniughadh an choimhthionóil sin i
gceann a chéile do shuidh an t-uachtarán .i. Tadhg Dubh mac
Mhathghamhna Bhodhair Uí Chróinín i gCathaoir Ríoghdha
.i. Chair of State; agus do b'í cathaoir í sin, suidhiste
ceatharchúinneach móna do bhain Brian Breallach Ó Brealláin le
sleaghán dá chluas i bPortach na Ranna.



Do chriothnuigheadar an Párlaimint ar fhaicsint gnúise
an gharbhfhathaigh sin, agus do scéanadar capaill an
Phárlaimint, ionnus nár fhágbhádar srathar gan stolladh,
ná mata gan réabadh, ná pillín gan brúghthuargaint, ná
urchall gan úcnáil, ná ceannrach gan mionréabadh; agus
níorbh'iongnadh soin óir níor fhás den chinéal uile a shamhail
eile d'ainmhidhe. Ag so an tuarasgabháil do-bheir a lucht
aitheantais air.



Tuarasgabháil Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín.



Ciarbhodach ciarghránda, ciarmhailidheach, caisdealbhach,
dian, duairc, drochchráidhte, drochlabhartha, doirbh, dúr, dian-bhréan,
mór, modartha, mísciamhach, náireach, namhaideamhail,
neamhcharthannach, pusmhór, plubach, piastamhail, riabhach,
ramhar, roscchíordhubh, faidingneach, ocrach, bolgmhór, bréan-análach,
breallach, bundúnach, claon, cam, crainntsileach,
gaothmhar, glugartha, gáibhtheach, trodach, tréithlag, taoisbhriathrach;
ceann stothach stuacach stothallach air, agus


L. 291


éadan buidhe crón caisleatharach; ucht clúmhach ciarbhuidhe,
agus bolg mór míchumtha amhail méadail capaill nó
amhail mála pípe ... dhá láimh reamhra reamharmhéaracha,
agus dhá chois badh chosmhail le dhá mheidir líonta de bhainne
reamhar ar shráid Chorcaighe.



Acht cheana, dorinneadar Clann Tomáis iomchasaoid do
láthair na cathaoireach sin n-a raibh Tadhg Dubh. Ar dtúis,
dorinneadar iomchasaoid de bhíthin neamhchomhthruime gacha
sratha agus gacha íoca dá mbíodh ortha, agus dubhradar go
mbídís clanna ceatharnach saor ó sna srathaibh sin, agus
go mór-mhór clanna na n-uasal, agus nár bh'fhéidir leo
féin na tighthe do chothughadh de dheascaibh síorlucht iarrata
bídh agus díghe, mar dobhíodar sagairt óga, scoláiridhe bochta,
seanmhná uaisle, daoine díomhaoine, buid leágha agus an
iomad den tsórt soin dá mbuaireamh de shíor. Dobhíodar
mar sin ag síorghearán ...; agus rinne an t-uachtarán
an $speech seo dhóibh:



$Speech Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín don Phárlaimint.



"A bhodacha dubha, dána, diana, drochmhúinte," ar Tadhg,
"ní leor libh mar do dhíbreas-sa lem intleacht agus lem
chleasa Tighearna Ceanna Mara as a dhúthaigh, agus go
dtugas a inghean agus a thighearnas dá dheargnamhaid; agus
ní ar mhaithe le ceachtar dhíobh é, óir dobhí a fhios agam-sa go
bhféadfainn féin an t-éagan uasal Seon Asgill do chasadh
ar mo mhéir, agus go mbeadh tairbhe na beathadh agam féin,
amhail atá, óir ní raibh máighistir agam-sa riamh nár bhaineas
dá lúdrach agus mé féin do bheith i gceannus n-a dhiaidh.



Ar dtúis, do ghlacas airgead teinteáin, agus níor mise
an cócaire mall san gcéird sin, óir níor fhágas bothán gan
ionnscaobadh, agus níor thugas de shásamh san airgead soin


L. 292


riamh acht pléidhe agus clampar. Agus is é an chéad neach ar
ar chuireas an dorus lem dhianchleasaibh .i. ar mo chomhdhalta
féin, Ó Caoimh, agus n-a dhiaidh-sin ar Phobul Uí
Cheallacháin agus ar Chloinn Amhlaoibh, óir is beag nár fhágas fear
innste scéala insna trí tuaithibh sin acht stuic agus caoirigh
gallda. Agus is fonn liom anois sporán olna do chur ar
chrios an bhrealláin .i. Eoghan Mac Cárrthaigh Riabhach agus
na sé fearainn atá aige do bhaint de; agus tá an duthchas
so Chloinne Éibhir ar mo chur féin agam anois; dá mbeidís
triúr no ceathrar tréatúirí atá san dúthaigh fá lais agam
dob'fhurus liom codladh go sámh."



D'fhiafruigh Clann Tomáis uile "Cia hiad-san?"



"Ná ceilidh ar neach é" ar Tadhg "atá annsúd Miller,
Lavallin, Colonel White, Ned Herbert agus William Crosby."



"Fógair-se suim mhór as a gceannaibh, a uachtaráin"
ar Clann Tomáis, "óir is urusa fear fill agus díoghaltais
d'fhagháil san aimsir seo bhéaras cinn an cheathrair sin isteach
agus do chrochfas na cinn chéadna a mullach an chrainn
tsailighe atá ar an Ráith Mhóir."



"Fógradh an bhean aosta, Siobhán Ní Righin pé nídh is
maith, nó is mian léi féin as a gceannaibh, óir tá arg lán
de mhin choirce aici agus iomad síol coirce i sacaibh."


L. 293


"Fógróchad, a mhúirnín agus a uachtaráin, cheithre pice
de leathbhastard síol coirce don té bhéarfas cinn an
cheathrair sin isteach agus do chrochfas na cinn chéadna a
mullach an chrainn tsailighe atá ar an Ráith Mhóir."



Dubhradar Clann Tomáis uile gur mhór agus gur
mhaith an luach saothair sin. Leis sin do thoghadar amach
ceathrar gaiscidheach chum na gceann do thabhairt isteach, mar
dobhí Brian Ó Dálaigh ó Thulaigh, Muiris Ó Muimhneacháin
ó Chnoc Óirneadh, Dáibhí Seoghach ó Lic Snámha, agus
Seón Caoinrigheach ó Árdach; do leigeadh leathphic mhine leo mar
lón, agus ní feas dúinn a scéala ó shoin aleith. Do chuireadar,
mar an gcéadna, Diarmaid críona Ó Cróinín gus an Róimh
chum an $Excommunication dobhí ar Chloinn Thomáis do
thógbháil díobh ó aimsir Adrianus an ceathramhadh pápa dhen
ainm sin. Do b'é adhbhar an $Excommunication Diarmaid
na ngabhar .i. sinsear an uachtaráin do mharbhadh bráthar
bhoicht le buille de chúl grafáin mar d'iarr sé déirc ar son
Dé air; agus ní feas dúinn a scéala ó shoin aleith.



Annsoin d'órduigh an tUachtarán, Tadhg Dubh, dá fhear
dhéag de na $Upstarts agus de na nuadhuaisle dotháinig chum
saidhbhris le claidhreacht agus le cleasuidheacht do chur mar
cheannaibh ar an bPárlaimint. Dubhradar Clann Tomáis
nach fada dobheidís i gcás an dá fhear dhéag sin d'fhagháil.
Leis sin do thoghadar amach dá fhear dhéag de bhodachaibh dána,
daora, dubha, daoitheamhla, diablaidhe, gan truagh gan taise
gan daondacht i gceachtar dhíobh; óir pé nídh do chuirfeadh
aon neach dhen dá fhear dhéag sin roimhe do dhéanamh, do
bhíodh ceathrar de lucht éithigh le n-a thóin aige, do dhearbhóchadh
le deaghchomhrádh le hintleacht agus le cur amach an nídh
ná cualadar agus ná feacadar riamh. Ag so ainmeanna an
dá fhear dhéag sin mar leanas:



Domhnall Ó Mathghamhna ó Dhún Lóich; Seán Ó Seochradha


L. 294


ó Dhún Ciaráin; Liam Ó hAirnéada ó Chloinn Mhuiris;
Finnghin Mac Carrthaigh ó Mhainistir Gaoithe; Séamus de Nais
ó Chill Chathail; Pádraig Paor ó Chill Mac Duach;
Tadhg Mac Cuinn ó Áth Dara; Seán Ó Corcoráin ó Achadh Deo;
Gervais ó Chairbhreacha; Seán Ó Cróinín ó Chnoc na Saighead;
agus do b'é Tadhg Dubh féin an dara fear déag,
acht amháin go ndearna an tUachtarán $exception ar Fhinnghin
Bhallach, mar dorinne Finnghin drochthairngire dhon Uachtarán
roimhe sin. Ag seo an drochfáistine sin mar leanas:




Dar mionna mo ghadhair, is dar Meill mac Móirín,
Is dar an ndríodar dogheibhim san adhairc ó Nóirín,
Má fhillid na Taidhg fá mheidhir ó ghleo an chlaidhimh
Bainfid dá leadhb as Tadhg Ó Cróinín.




Ar gcuimhniughadh na drochfáistine sin dorinne Finnghin Ballach
don uachtarán .i. Tadhg Dubh mac Mathghamhna Bhodhair
Uí Chróinín na gCroiceann, b'éigean Finnghin Ballach do chur
as an gcathaoir agus an cóta Párlaimint do bhaint de go
heasonórach agus trí dóirne lánmhóra do bhualadh i gcaol a
dhroma ... air. Agus d'fhógair an $Crier do Chloinn Thomáis
gan Finnghin Ballach do leigean i dteist ná i bhfinné ón lá
soin go lá breithe Dé; agus is é an t-uachtarán féin
d'órduigh Eoghan Dubh Ó Súilleabháin ón Más Reamhar do chur
san gcathaoir i n-ionad Fhinnghin. Agus is é adhbhar trer
fhógair sé sin mar dobhí Eoghan Dubh 'n-a $Receiver cíosa ag
Eoghan Mac Cárrthaigh Riabhach, mac Cormaic, agus dobhí a fhios ag
Tadhg ná beadh de thairbhe an chíosa ag Eoghan mac
Chormaic Riabhaigh acht sporán olna do chur ar a chrios mar do
chuir sé féin ar chrios Asgill, agus mar dorinne sé le mórán tug
ionntaoibh leis.



Is annsoin d'fhiafruigheadar Clann Tomáis cionnus


L. 295


d'fhéadfaidís iarsma na n-uasal dobhí dá mbuaireamh de
shíor do dhíbirt.



Dona agus tubaist bhur bhfiafraighe oraibh," ar sé,
agus an té rug bhur gciall go mbeiridh sé bhur gcuimhne
uaibh. Is fíor nach fhusa tuitim de chapall 'ná an beagán
díobh-san atá ina mbeathaidh do dhíbirt; óir do dhíbir Dia
iad; agus go ndíbridh sé sibh-se n-a ndiaidh, a bhodacha dána
daora daoitheamhla diablaidhe, óir ba mhaith an congnamh dóibh
sibh-se ins gach nídh do chuiridís rompa do dhéanamh. Agus
is fíor ná raibh dhá thriúcha céad ó aimsir Éibhir go haimsir
Tuirgésius, agus ó aimsir Tuirgésius go haimsir an dara
Hannraoi de ríghthibh Sacsan acht i gcogadh agus i gcoinsgleo
le chéile, do réir mar adeir Camden i n-a chroinic; agus is
leis sin do luigh trommhallacht Dé oraibh-se; acht mara
sabhálaidh mo chomhairle-se sibh: sé sin, bhur gcreideamh do
thréigean, agus cur suas de Dhia agus de dhaoine; bhur
n-eaglais do dhíbirt; agus i dtaobh iarsma na n-uasal do
rachaidís don ghorta gan moill acht lámh iadhta do choingbháil
leo. Agus is fearr so mar ghléas chucha" ar an t-uachtarán,
"'ná mar dorinne mo shinsear-sa .i. Cairbre Ceannchait
mac Dubhthaigh."



"Innis dúinn, a uachtaráin, cionnus dorinne an Aitheach
Tuath an feall soin ar shaorchlannaibh Éireann."



"Is fearr an chúis dobhí ag Cairbre 'ná dobhí ag
bodachaibh Shacsan Rí Séamus agus a mhac do dhíbirt le
fuacht is le fán ar son a mbeith 'n-a Rómhánchaibh; agus tá
fhios agam-sa gur de shíol seanghall tusa agus gur tre mhailís
d'fhiafraighis an scéal soin díom; agus ba chóra dhuit
féachaint it scáthán féin 'ná bheith ag lorgaireacht créad
an feall dorinne mo shinsear-sa ar shaorchlannaibh
Éireann, agus ar an rígh Fiacha Fionnolladh i Maigh Crú i
gConnachtaibh."



Annsoin do chuir an Párlaimint aon gháir asta agus


L. 296


dubhradar uile san Teangain Bhéarla: "The Great God of
Heaven and Earth preserve our most Gracious Protector,
Tadhg Dubh, mac Mathghamhna Bhodhair Uí Chróinín na
gCroiceann."



Do ghlacadar bodaigh Chloinne Mhuiris fearg mhór tres
an gcáineadh dorinneadar bodaigh Uí Chaoimh ortha, agus
téighid i n-órdughadh catha. Tagann Mathghamhain Ó Cróinín
i dtúis na hiorghaile agus an choinsgleo sin ag imirt a
chleas lúith agus lámhaigh agus gaisce. Mar dochonnairc
Riocard Óg Stac an follmhughadh thug Mathghamhain ar
mhuinntir Chloinne Muiris tagas n-a choinnibh agus iarras
comhrac aonfhir air.



"Dogheobhair soin," ar Mathghamhain, "a chocóil na
hadhairce agus a thobair an ghliogair agus a phéist i bpoll
comhrann. Agus, crádh do chroidhe chughat," ar sé, "créad
an lasadh éada atá ag éirighe it cheann fá bhfuairis ionnat
féin cur i gcoinnibh chéadfhaidh na gcuradh? Agus ná
feiceann tú bainte ar armus mo scéithe-se agus ar dhruim
mo shleighe gur fear marbhtha céad d'aon bhéim mise, agus
gur me is oighre ar Shancho Panza. Agus an chéad lá
do thairngeas amach an cró nó an claidheamh draoidheachta
so agam gur mharbhas ceathrar d'aon béim leis, mar dobhí
Breillice Ó Brealláin agus Breallán Ó Breillice,
Cléireach Bhaile an Sceilg, agus Pórtúir an Daingin. Do
mharbhas mar an gcéadna seacht n-athaigh agus seacht
ngarbhchailleacha san Domhan Toir, go n-a n-annlann síodhbhraidhe
góstaidhe agus breallóga léana; cait agus madraidhe an
domhain do thuitfidís liom agus tuitfir-se féin liom a
chocóil na hadhairce."



Leis sin tógbhas Riocard lán duirn de chruinnechloich
agus buaileas Mathghamhain os cionn na cluaise gur leig


L. 297


fuil agus fulracht a chrú leis agus do leag ar a chúl san
láib é.



Éirighid bodaigh Uí Chaoimh d'fhortacht a gcarad agus a
gcompáin féin; agus cromaid ar bheith ag stracadh agus ag
stolladh a chéile dá gcoránaibh croma croisfhiaclacha agus dá
mbilleogaibh meirgeacha mísciamhacha i gceannaibh agus i
gcluasaibh a chéile.



Dobhíodar mar sin, ag stracadh agus ag sraoilleadh a
chéile, gur éirigh Mathghamhain as an sáimhnéal soin ina raibh.
Dubhairt nach luige dobhí air féin, acht draoidheacht do chuir
Banríoghain an Uaignis air, agus gur i dTír fo Thuinn dobhí
sé an fhaid dobhí an cath dá chur ag tóraidheacht Ingine Ríogh
na Drólainne Móire d'fhuaduigheadar triúr athach ar mbeith
go huaigneach i ngáirdín di. Agus leis sin d'fhéach ar
íomháigh a mháighistreás dobhí bainte ar a scéith mar armus,
agus do leig osna ó chroidhe as. Do fhreagair Riocard Óg
mac Riocard Stac dó, agus is é adubhairt:



"Do ghoil agus do ghráin agus do chonntracht ort, a mhic
Thaidhgín† bhoicht †na gCroiceann agus na gcoinnleoirí do
bhreith as bothánaibh bochta, cá bhfuairis ionnat féin dul ag
comóradh le Riocard Og mac Riocard Stac? Agus a
bhodaichín bhréin mhorguighthe badh chóir dhuit a fhios a bheith
agat gurab é céim is aoirde dobhí aget shean is aget shinsearaibh
de Mhuinntir Scannláin is de Mhuinntir Rathaille buachailleacht
cliabháin Uí Chaoimh .i. duine uasal bocht ná raibh de
bheathaidh le cheithre céad bliadhain aige féin is ag an muinntir
dotháinig roimhe acht ocht bhfearainn déag de ruadhshliabh nár
fhás féar ná foirbe riamh air. Agus dochuala-sa go gcuirfidhe
tuamba mhórbhodaigh ó Phobal Uí Chaoimh trí troighthe os cionn
tuamba Mhic Cárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin. Agus,
a bhodaichín bhréin, is fíor nach féidir an seanfhocal Gallda
do shárughadh, mar atá: Set a beggar on horseback and he
will ride to the devil."


L. 298


Leis sin do bhuail Mathghamhain Ó Cróinín buille de
chuaille mór cuilinn as a chléitheoig os cionn an chaipín ar
Riocard Óg mac Riocard Stac gur leig fuil agus fulracht
a chinn leis go talamh. Bristear do Riocard agus do
Chloinn Muiris agus dobhí an briseadh go Tulaigh Uí Fhloinn
ortha.



D'éag cúig céad fear díobh ar an láthair sin; agus
d'éag Mathghamhain Ó Cróinín go grod dá éis sin leis an
mbolgaigh, .i. an té do b'fhearr de chloinn an ríbhodaigh sin,
Tadhg Dubh Ó Cróinín; agus do hadhnaiceadh trí troighthe os
cionn tuamba Mic Chárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin é.
Ag so an feartlaoi ar an lic os a chionn:




Fear le cleasaibh i nglasaibh sin agat, a líog;
Mac an athar is measa dorugadh san Ríoghacht;
Mac an chaile bhig smeartha nár oinigh i ngníomh;
'N-a mhac i bhFlaitheas bíodh agat is conghaibh a Chríost!




Ag sin beatha agus tuarasgabháil Thaidhg Dhuibh Uí Chróinín
agus Mhuircheartaigh Uí Ghriobhtha, agus Madhm Chnuic an Triúir
mar ar briseadh do Chloinn Mhuiris agus do
Riocard Óg Stac, agus mar ar éag chúig céad fear ar an
láthair sin díobh; agus bás Mhathghamhain Uí Chróinín leis
an mbolgaigh; agus mar do cuireadh é trí troighthe os
cionn tuamba Mhic Cárrthaigh Mhóir i Mainistir Locha Léin,
gonuige sin.


L. 299


U Anaithnid
CHUM NA bhFILIDHE.



An tAthair Cormac Mac Cartáin cct., ag iarraidh congnaimh na bhfilidhe
i n-aghaidh na drochusáide do-gheibheadh ó Thadhg Ó Ríoghbhardáin.



An maireann Donnchadh† foirtill †O Mathghamhna,
An faraire forusta posta na gceartughdar;
Do mheasainn dá n-oscladh a reacht cogaidh n-a chath chucha,
Go leagfadh lochartha bodaigh na hanchúinseacht.



Tá thíos san Ráith fáidh ghlan sheascair shóghmhail,
Do mhaoidhim le páirt ghrádhmhair mar charaid chródha;
Ríomhaim Seán Clárach de chlannaibh nDomhnaill;
Le deimheas i láimh is cneadhach gach bathlach cóirneach.



Cá bhfuil Aodhagán éigeas iarthair Fáil,
Ná tagann saothar tréan ná a shians n-ar ndáil;
Nó an dragan éachtach Éamonn† fial †de Bhál,
d'bhur gcabhair<féin> don chléir badh riaghail ghrás.


L. 300


B 1817lsc 19T
U Anaithnid



IS MITHID DAMHSA.



Séamus Graoin, cct, ar bhás Dáith, mac Réamuinn de Barra.



Is mithid damhsa an greann do chaoineadh,
An fhéile, an léigheann 's an liomhthacht,
An daonnnacht, an éifeacht 's an intleacht,
Ó d'éagh fear léighte gach líne.



Ní hiad na héigse féin do chaoinim,
Dobhí i nÉirinn Néill go líonmhar;
Ná an fear maol ó thaobh Chnuic Gaoithe,
Mac Aonghuis nár shaorthuigh tíortha.



Ná taobh ris na séimhfhir do dhíbir;
Ná Aodhagán dobhí cráibhtheach líomhtha;
Ná Flann do labhradh go díreach;
Is ná Eoghan d'órduigh an scríbhinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services