Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire na Midhe

Title
Duanaire na Midhe
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1766
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaeilge, 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DUANAIRE NA MIDHE.



RAGHAILLEACH ÁTHA CÁRNN.



Uilliam Buidhe Mhac Giolla Ciaráin cct.



'Sé monuair nach bhfuilim tréightheach
Ar nós na n-ollamh Gaedhealach,
'S ní bhéidhinn gan bhiadh gan éadach ar an ngléas so mar táim -
Sheinnfinn stair ar theádaibh
Agus chumfainn sgabhtaí bhéarsaí
Agus chaithfinn seal go haereach ag Raghailleach Átha Cárnn,
An géagán den bhfinne gur béas cuibhthe dhó bheith 'réidheadh lucht
dáin
A bhfuil suarcas is binneas ann gach siolla ó n-a bhéal bhinn
sáimh.
Goidé an fáth don Midhe bheith 'dréim leis?
'S gur bharruigh se ar a dtréarrthaibh -
An sgáinne phronnadh saidhbhreas le féile as a láimh,
A bhfuil grádh 'gus gean na cléire aige,
Grádh 'gus gean na héigse,
Grádh 'gus gean gach maighdean dá fhéachaint ar sráid.



Dá bhfuighinn-se teachtaire éigin
A bhéidheadh lúthmhar gasta éadtrom
Súgach fearamhail féadhmanntach is tréightheach ann gach cás,


L. 2


B'fhogus dó-san féirín,
Dá siubhailfeadh mar na héanlaith,
Is bheirfeadh beannacht is céad uaim chuig Raghailleach Átha Cárnn:
Budh eagal dó a chuir ar meisge dá mbiadh fuisgidh annsa' tír le
fághail;
'S ariamh char cheil a chisde 's bíodh fios aige ar íotaidh cháich.
Ní lughaide gheall Mac Dé dó
De mhúrthaibh breaca an tsaidhbhris
Ba, dúithcheacha, caiple, caoraigh, is oidhrigheacht ar áird.
Is mar súd 'a chóir dá ghaoltaibh
Bheith 'dúblughadh beart ar théadaibh,
Ag ól fíon' ar hallaíbh gléigeal' le pléisiúr dá thrácht.



Fiafruighim ceist go ceannsaidh
Den Eanaigh bhíos go meanmnach
Ag triall soir chum fairrge an uile am annsa' lá,
An bhfuil sgéal aici le cuimhniughadh
Ar ghéagán na bprionnsaí,
Na hiarlaí chuaidh ar tuinn uainn chum comport a dh'fhagháil;
'S gur b'é ní adeir gach file dá bhfuil o Dhoire go céidh
Dhroichead Átha,
O léim síos go Biorra, thart go hIorra 's go taobh an Náis,
Gur Raghailligh a fuair ceannsal
Is gur sadharglán díobh Proinnsias,
An géagán 's é i gcinnteacht faoi imleach Átha Cárnn;


L. 3


Go haereach ar a chunndar
Agus bíom imeasg mo mhuintir'
Go n-ólfainn thort na bumpers dá chuimhniughadh fán gclár!



Tá annsacht na gcéadaibh
Ag an tseang-mhnaoi na ngléal-chíoch
Do sealbhuigheadh mar chéile do Raghailleach Átha Cárnn,
Is gur brainnse í den bhfréimh
A fuair ceannsalacht Éirionn,
Síol gCearbhailligh Dhúin Éile is gaol Éibhir on Spáinn,
An ghéag gheanamhail Beitidh 's gurab í is eagnuidheach'
a léigheadh dáin;
Ar Bhéarla 's ar Laidin go Gaillimh ní'l a léithid le fagháil;
'S go bhfuil soillse an ghath gréine
Go follus ann a héadan
Is deargán na gcaor chon 'san ngléal-lil ag spáirnn.
Constantia 'gus Bhénus,
Cassandra 'gus Heléna,
Do bharruigh sí le sgéimh ar an méid sin de mhnáibh.



Go mbudh saoghalach fada séanmhar
An dís ud le n-a chéile,
An chaoin-Bheitidh bhéasach agus Raghailleach Átha Cárnn.
'Sé monuair nach dóibh a bhí ag géillbheál
An Mhidhe agus an Bhréifne
Faoi chíosaibh agus sé bhailte dhéag a dh'fhearras bárr;


L. 4


Char bh'eagal damh bheith folamh gan maoin eallaigh agus spré
ann mo láimh,
'S go n-ólfainn sack is claret le mo charaid is méad ar clár;
Chaithfinn seal go haereach
Ar nós mo thuigse a dhéanamh
Agus bhéinn-se ag guidhe Dé gan mo laethibh a bheith geárr,
Dá bhrígh gur cuid dá dtréarrthaibh
Relief a thabhairt do Ghaedhealaibh,
Le daonnacht is le déigh-ghníomh - go n-éirghidh leó an t-ádh! (Amén.)



B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
GEARRÁN BHRIAIN UÍ BHEIRN.



Séamus Dall Mhac Cuarta cct.



B'fhearr liom gearrán Bhriain Uí Bheirn
Fúm dom' iomchar ann gach ród
Ná a dhéanamh leis mar níd na Goill
Ar sgála cruinn is iad ag ól.



B'fhiúdaighe liom-sa gearrán Bhriain
Fúm thart thiar 's amuigh fán mBóinn
Ná dhul dá mheasgadh ar eagán mias,
Fear dá dhíol is dias dá ól.


L. 5


Is iomdha duine lé'r cailleadh a chiall
I mBaile Átha Fhirdiadh 's i mBaile Átha Truim:
Ní lia ná racán i mBaile Átha Cliath
Ag ól fa ghearrán Bhriain Uí Bheirn.



An tAmhrán.



Is iomdha tighearna, iarla is ridire árd,
Barún is biatach, cliar is ministeair sáilm
Fán ngearrán sin Bhriain le bliadhain dá shlugadh ar clár,
'S go gcaillid a gciall ag iarraidh coda de 'fhagháil.



Do budh é Punch ainm a ghearráin.



B 1703-15fl 18T
U Tomás Mac Cléirigh
Lá Dá Raibh Rudhraighe.



Tomás Mac Cléirigh cct.



Lá dá raibh Rudhraighe ag tóruidheacht creach
Ar fhearaibh Bréifne na dtréin-each,
Ag dol dó go fíochmhar teann
Siar tar Seanbhaile na n-árd-chrann.


L. 6


Ionnsaighe é go rangach stuacach
Cailleach Raghallach gheal-ghruagach
Le cuigeol cruaidh barr-sgaoilte righin
Do mhaide feoidhe dubh-dhroighin.



D'éimhigh Mac Mathghamhna do ghuth fann
"Fóill, a chailleach!" is tharraing sé a lann.
D'éirigh fíoch is meanmna na caillighe
Gur thuargain sí Rudhraighe gan osadh gan faillighe.



Fear don aicme ar an áiridh,
d'fhuagair ar Mac Mhathghamhna le hárd-ghuth:
"Mo thruagh riamh thairngeas do lann
Ar chailligh is ar a lámhchrann!



Cuir isteach do chloidheamh meirgeach
Do thairngis go mear míothuigseach."
"Fóill, fóill," arsa triath Oirghiall,
"Go dtréigfidh an chailleach a cruaidh-chuigeol."


L. 7


B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin
Síle.



Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin (Mac Mhaoil Chiaráin) cct.



Bíonn sise Síle i gcorraidhe a choidh'e liom
Mar nach ndéanaim-se gníomh ná fóghnamh,
Mar nach gcuirimm-sa síol coirce ná lín,
Meacanaidhe buidhe ná pónair.
An measann sibh, a dhaoine, nach mise atá críonna,
Muna mbrisim mo chroidhe le fóghnamh,
'S 'liacht ógánach saoitheamhail a bheirfeadh relief dhamh
A' teacht na Féil' Míchil 'sa bhfoghmhar?



Dá mbéarfainn-se beó ar shealbhán bó
A bheith agam no scór de chaoirighibh,
Seisreach no dhó de chaiplibh breagh' óg'
A bheith agam ar nós an tsaothair;
Mo charáiste órna bheith liom 'sa ród,
'S mo chulaith mhaith dhóigheamhail éadaigh,
An measann sibh, a chomharsain, go mbéidheadh orm brón
Corr-starrógaí dh'ól le pléisiur?



Go bhfeicidh me an t-am a dtiocfaidh anall
An ghasraidh chuaidh anonn tar bóchain -
Ar theacht dóibh anall 'na slóighte as a gcampaíbh
Ní bheidhead do mo thiomsughadh i gcóirneál:


L. 8


Thóigfinn mo cheann 's bhéidheadh meas ar mo chaint,
'S ní chuirfidhe neamhshuim ann mo ghlórthaíbh;
d'ólfainn-se dram agus buideál den rum
Le fear ó Chluain na nGall no Bhaile Órrthaighe.



Nuair a luighim-se síos ar mo leabaidh san oidh'e,
Ní codladh do gheobhainn no cómnaidhe,
Acht bídhiom ag guidhe na n-apstal 's na naomh
'S ag cur impidhe ar Rígh na glóire
Gan dolaidh ná díth bheith ar leanbh no ar mhnaoi
Dá gcomhnuidheann ar thaoibh Bhaile Órrthaighe,
Acht an t-earradh bheith daor go ndéanfamuis an cíos
'S ón Madam go bhfuighfidhe debhótion.



B 1715 18T
U Tomás Mac Cléirigh
TUIREADH AODHA MIC SHEAÁIN UÍ RAGHALLAIGH.



Tomás Mac Cléirigh cct. 1715 A.D.



Do chaill an Cabhán a bláth
'S ní bhiaidh go brách fa aoibh,
Ó theastuigh urra na ndámh
Ba neartmhar lámh agus gníomh.


L. 9


Raghallach na gcath cruaidh
Do bheireadh buaidh ann gach áird,
Atáid anocht fa ghruaim
Is creididh uaim nach gan fáth.



Bás mhic Sheaáin na n-each luath
Thug an ghruaim-se i n-Inis Fáil,
Laoch mar leomhan i dtús sluaigh
Is fear mar uan leis an dáimh.



Fear mar Mhaoise i ngrádh Dé,
Nár char spré le n-a bheó,
Fear mar Naoise i gcruth 's i sgéimh,
Fear nár éar neach fa ór.



Samhail Oscair i gcath cruaidh,
Samhail Ghuaire ag bronnadh séad,
Samhail Chormaic agus Airt,
Ag seasamh cirt do mhaithibh Gaedheal.



Cá bhfuighe sgolóir táille?
Cá bhfuighe bráithre onóir?
Cá bhfuighe traibhléir fáilte?
Cá bhfuighe bantracht oisfheoil?


L. 10


Cá bhfuighe díleachta dearóil
Cabhair ó anshógh an Mhárta?
Cá bhfuighe an uaisle a thoil
Ó Sheannoid go toigh na Teámhrach?



Is iomdha bochtán gan brígh
Ó chuaidh an laoch 'san uaigh,
Gan éadaigh, ar bheagán bídh
Ó Bhóinn síos go hEas Ruaidh.



Cúig déag, míle, seacht gcéad,
Aois Mhic Dé, mar dearbhthar linn,
Go bás Aodha mhic Seaáin na séad -
Creach na gcéad é ag dul i gcill.



Amhrán.



Thug Aodh searc gan stad do ghrásaibh Dé,
'S ariamh níor chleacht acht ceart don truagh don tréan.
Do sgaoil a mhaith a bhfad ar nós na nGaedheal,
Is le dian chuir catha ag cur smacht' ar a bhiodhbhaidh féin.


L. 11


B 1809 19T
U Micheál Ua Cearbhalláin
BÓNAIGH ÓN bhFRAINC.



Micheál Ua Cearbhalláin cct. ar an 6mhadh lá fichead de
mhí Ghionbhair, sa mbl. 1809.



'Nois, a Chlanna Mílidh, 'bhfuil dúil agaibh re faoiseamh,
No an mian libh fagháil sgaoilte as gach dócamhal
A raibh sibh ann ag Goill o thainig siad air tuinn
'Un a' tSeandroichid a thiomsughadh an fhoghmhair?



Éirigidh 'nois suas agus corruigidh go luath
Mar rinne Maois agus a shluagh re Phároh,
Is bheara sibh buaidh ann gach cathair is gach cuan -
Sin Bónaigh agus a shluagh 'teacht air sáile.



Nach é fuaidh go hÉigipt is shiubhail na mór-réagúin
No go dtainig se ar a léim go Hanóbher,
Is nach raibh Calbhinist no Lúthérian dhar chas air annsa' réim sin
Nár 'ubhair' se leobh gan bhréag: "'S mise Bónaigh."



Is fon Uan so fuair páis atá sé 'teacht air sáile
'S ag iárraidh creideamh Pádraig a threórughadh,
Is go sgriosfa sé gach teámpall nár órduigh an t-Árdrí,
Is nach aoibhinn don lá thiocfas Bónaigh?


L. 12


Gé go gcreideann go leór nach eagal dóibh cóir
No nach bhfuil furtacht no fóirthin re fagháil dóibh;
Acht tiocfaidh sé ón bhFrainc, an taoiseach gan mhoill
A bhainfeas sodar as na Goill - 'sé sin Bónaigh.



Nach aige tá an sluagh bheir béim agus buaidh
Mar Alasdruin a bhuail an Roinn Eorpa?
No mar Hercules na ruag a d'fháig Labhina faoi ghruaim,
Acht 'sé Bónaigh fear bhuailte na Fódla.



Nach é bhain a' lá ag San Domingó gan spás
Mar Hector re fathaigh na Cremóna?
Is gach ionumh do chlainn Mhártuin a bheith 'gul 's a' gártha
Nuair a chluineann siad gach lá gur sin Bónaigh.



Ní'l Rusach no Spáinneach, Prusach no 'áthrach,
No Lochlannach fálta nár bhuail sé,
No go dteachaidh se go Geármaine 'chasgradh na námhaid,
An ríogh-churaidh áluinn sin Bónaigh.


L. 13


Má's go hÉirinn atá a thriall a chasgradh gach riaghal
Dhar bhris Cromuil agus Liam na Bóinne,
'S a chartadh gach gníomh dhar chuir Háraigh ar críoch,
An gaisgidheach ríoghmhail sin Bónaigh.



'Nois ólamuid a shláinte re fíontaibh na Spáinne -
So céad míle fáilte an tráth ghluaisfeas,
Craobh sgriosta gach págánach is gach éiriceach Gállta
Gach bealach is gach áird, 'sé sin Bónaigh.



B 1824ls 19T
U Anaithnid



BRISEADH NA BÓINNE.



Goidé an sgléip seo ar sgriúdairíbh an Bhéarla,
Ag síor-chumadh bréag is dá dtreórughadh,
Ag síor-chuir i gcéill gur sgrios siad Gaedhil
Is gur hárduigheadh céim ag an Bhóinn dóibh?
Budh olc olc bhur rún, gidh gur mór as bhur ndúil,
Agus ní'l acht seal beag geárr ann,
Acht tiocfaidh an t-am, a dtiubhartaidhe díol dá cheann
Agus cuntas ann gan cháirde.


L. 14


An uair sin a bhí agaibh Crombhail i gcrích
Cha rabh aingeal ná naomh comh breágh leis;
Bhain se an ceann don Rígh, 's níor bheannuigh'e an gníomh,
Agus 'sé Uillíam arís bhur Slánuightheoir.
Níor bh'iongnadh liom an gníomh dá mbeadh sibh ag guidhe,
Agus aghaidh bhur mbas a bheith i n-áirde,
Ar cheasta go dtiocfadh oraibh an saoghal
'S go gcaillfeadh sibh go síorthaidhe an stát sin.



Nachar bh'fhada bhí Maoise agus poball Israel
I gcogadh 's faoi chíos ag Pháraoh?
'S nachar bh'fhada bhí Críosd ar thalamh dar saoradh
O chathuighibh na ndiabhal náimhdeach?
'S nach minic a léirsgriosadh Ierúsalem féin
Le fuaimneach mhalluigh gach náisiun,
Is mar súd atá ar dtéampall sár-bheannuigh'e féin
Anocht faoi ghéar-smacht na Gálltan.



Nach mór an béad indiu do bhur léithid
A ndearna sibh do éachtas an lá sin,
'S nach rabh ann bhur n-aghaidh muna rabh corr-aon
A tóigeadh ar choill ná ar fásach


L. 15


A throid go tréan 's nach rabh go claon
No gur leagadh leó Schomberg is Walker,
'S go rabh sibh gléasta i n-arm 's i n-éideadh,
'S bhur mór-ghunnaí réidh libh 'un lámhaigh.



Súd é an seórt le'r mhian libh bheith 'cómhrac
'S an t-arm a bheith leó dá sábháil,
Buachaillí bó, lucht pící 'gus gódaí,
Súistí 'gus rómhar spáide;
Agus shéid siad leó agus throid mar leoghain
Go ndeárna sinn ortha ármhach,
Agus chuireamar go leór do bhur mbulaidhne cróin
Le sruth buidhe na Bóinne an lá sin.



Ní'l a'n bhodach Gállta o so go Droichead Átha
Nachar chóir a chrochadh i n-áirde le rópaíbh,
Ná a gcur i mbránnraíbh ná i mbairillíbh spárrthaidh
'Gus a leigean le fánaidh na Bóinne,
O 'siad a leag lámha go trom orainn an lá sin
Le feall, le clampar 's le treoir-bheart,
Acht tiocfaidh luing faoi smúid go Carraig na Stiuir
A bheireas cuntas 'san ármhach le cómhrac.


L. 16


B 1824ls 19T



CEANADUS A' TSLÓIGH.



Lá dá rabh me 'g ól i gCeanadus a' tslóigh,
'S ar mo philleadh damh thríd mhóinte 'n tsléibhe,
'Sé tharlaidh dhamh sa ród banntracht na seód
Ag imtheacht i gclódh na sgéimhe.
Bheannuigh mise dhóibh le humhlaigheacht go leór,
An cúpla dhen ór néamhdha,
Agus d'fhreagair siad mo ghlór le briathra beag' gan bhród,
'S budh bhinne iad 'ná ceól téadaibh.



Tráth d'amhairc mé ar an tseóid budh neasa dhamh den chóip,
An aindir dheas na seód sgiamhach,
Budh deirge í 'ná an rós, a gruaidhe 'gus a beól,
'S budh mhillse í 'ná an bheóir Ghréagach.
Bhí an bhean eile gan bhrón, mar aingeal insa' ród,
Ball seirce na gcórnn gléigeal.
M'annsacht go deóidh go dtug mise dhóibh,
'S ní duine a bheas beó 'na ndéidh me.



Shiubhail mise an tslighe le hannsacht na saoith,
An bhan-lag mhín dheas bhéasach.
Budh deise iad araon, gach duine de'n dís
'Ná Helen on Traoi is Déirdre.


L. 17


Bhí gach deallradh dá dlaoigh ag casadh fá n-a cígh
Mar shneachta ar thaoibh sléibhe,
'S ní'l a'n phrionnsa nó rí, a chasfadh dhóibh sa tslighe,
A sgarfadh leó a choidhche mar chéile.



d'fhiafruigh me féin do bhanntracht na séad
Goidé 'n baile a mbíd 'na gcómhnaidhe,
Nó car bh'ainm dóibh féin, nó sluinneadh gan bhréig,
No ca haca Gall nó Gaedheal i bpór iad.
d'fhreagair siad mé le briathra beaga séimh',
Agus chuir siad mé annsin ar a n-eólas,
Gurab as Druim Shuileach dhóibh araon, Peigidh bheag na seád
Agus Ailigh Eóin tséimh inghean Dhómhnaill.



D'imthigh sinn reómhainn go Leathráth go toigh óil,
Agus shuidh sinn ag bórd go haereach.
d'ól sinn go leór, biotáilte 'gus beóir,
Mise agus na hógmhná péacach?
Dhíol mise 'n sgór le féile go leór,
Agus tháinig sinn reómhainn i n-éinfheacht -
Sgar mise leó, mo chreach agus mo bhrón!
Sin agaibh-se ceól na spéir-bhan.


L. 18


B 1824ls 19T
PÁDRUIG I N-IMLEACH.



Naois Mac Gabhann cct.



Ó d'imthigh tusa, a Phádruig, ní'l trácht ar bith ar Imleach;
Ní'l seighis i dtoigh na tábhairne, mar ghnáth leis i gcinnteacht.
Ó sgar sí uait an tsláinte, tá crádh géar ar m'intinn,
Agus b'fheárr liom agam slán tú ná stát ríogh na Fraince.



Budh aite liom seal ráithche bheith ag Pádruig i n-Imleach,
'S char bh'aite ná i dtoigh na tábhairne, mar ghnáth leis gan
chunróid.
B'aite liom an stáid-bhean mhín mhánla ag teacht 'mo thimchioll,
'S nachar bh'aoibhinn oidhche 'gus lá dhamh, dá dtárlaidh mar
innsear.



'S i n-aimsir dhubh na dubhlacht' thig ubhla ar bharraibh géagáin,
Cnódha milis cumhra go dlúth 'gus subhcraobh ann;
Cuacha ag ceileabhar go ciúin ar dtús 's i ndeireadh an lae ann;
An bradán, breac 's an lúsa 'gus plúr gach uile éisg ann.



'S i n-aimsir fhuarthaidh 'n tsaoghail thig fíoch mór is
fadhbhthacht,
Sioc, fearthainn agus gaoth agus sleet mór dá shéideadh -


L. 19


'San Imleach a gheabhthaidhe dídean do na mílte 's do na céadaibh,
Is ceó meala teacht na hoidhche ar gach craoibhín don bhféar ann.



B 1824ls 19T
BEAN AN TOIGHE LEANNA.



An Pótaire.
Éirigh suas, a bhean an toighe,
'S ná cuir gruaim ann do mholaidh,
Acht tabhair chugainn cupán dighe,
Is gheobha tú díol ann faoi mhaidin.



Curfá.
Ní'l sé 'n lá, a mhíle grádh;
Ní'l sé 'n lá ná 'na mhaidin;
Ní'l sé 'n lá a mhíle grádh;
'S gur'b ar báll a d'éirigh an ghealach.



Bean an Leanna.
Ní'l sin pighinn ann do phóca,
Is chan fhuil scór le fagháil sa toigh so;
Éirigh suas, is buail a' bóthar,
'S tá sé 'n t-am a dhol a bhaile.



Curfá.
Tá sé 'n lá, a mhíle grádh;
Tá sé 'n lá 'gus 'na mhaidin;
Tá sé 'n lá, a mhíle grádh;
Tá sé 'n t-am a dhol a bhaile.


L. 20


Chuir sé lámh ann a phóca,
'S tharraing sé 'níos as cúpla dollar:
"Chan fhóghaim-sa náire i dtoigh an óil,
Óir is fiosach dhamh mo scór a ghlanadh."



"Ní'l sé an lá, etc."



Nuair a chonaic an bhean an t-airgead bán,
Ghlac sí lúthgháir mhór is aigneadh:
"Suidh síos ann sin, a dhuine chóir,
Is féadann tú bheith 'g ól go maidin."



"Ní'l sé an lá, etc."



Bean an Leanna.
Éirigh suas, a fhir an toighe;
Cuir ort do bhrístí 'gus do stocaí;
Cuingbhigh cuideachta leis an duine cóir
Agus béidh sé 'g ól go dtí maidin.



Ní'l sé'n lá, etc.



An Pótaire.
An gcluin tú mise, a fhir an toighe?
Ná cuir ort do bhrístí ná do stocaí!
Diabhal sin braon do mo chuid-se dighe
Théid fa do chroidhe go dtí maidin!



Tá sé'n lá, etc.


L. 21


Bean an Leanna.
Nach mise féin an bhean gan náire?
Mac mo chómharsnaighe 'stoigh 'gus tart air!
Dá mbéadh gan pighinn a bheith 'na phócaíbh,
Bhéarfainn ól dó go maidin!



Ní'l sé 'n lá, etc.



Bean an Leanna.
Nach mór an mheisge bhí ann mo cheann
Nuair a shaoil mé gur'b an lá bhí agam?
Ní headh, acht an ghealach a bhí ag éirghe,
Is thug sí soillse ar fud a' domhain!



Ní'l sé 'n lá, etc.



An Pótaire.
Tá na ba annsa' mbuailidh,
Is tá na gamhna 'g ól a'bhainne;
Tá na caoirigh leis na maorthaibh,
Is tá sé'n t-am a dhol a bhaile.



Is tá sé 'n lá, etc.



An Pótaire.
Tá mná na leanntaibh ag dul air buadhbhall
'Tógbháil toighe suas i mbrághaid gach bealaigh.
Chaith mé'n oidhche ó lá go lá
I dtoigh na bársaighe ruaidhe cleasaighe.



Curfá.
Tá sé 'n lá, a mhíle grádh;
Tá sé 'n lá 'gus 'na mhaidin;
Tá sé 'n lá, a mhíle grádh;
Tá sé 'n t-am a dhol a bhaile.


L. 22


B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin
CÍOSÓGACH ÓG RÁTH hÁRLUIN.



Uilliam Buidhe O Ciaráin (Mhac Giolla Ciaráin) cct.



A Mhuire 's a Rígh! 'sé mo chroidhe tá cráidhte
Fá fhágbháil na tíre i mí na Beált'ne,
Nuair a shaoileas buain fúm go ndúntaoi i gclár me,
Is go gcuirfidhe i n-úir me i lúib mo cháirde.



Muna mairidh mé beó acht mí nó ráithe,
Go bhfeicidh mé an tír seo 'rís mar ghnáth léi,
An Cíosógach aoibhinn saoitheamhail sásta
'S é 'tógbháil a chíosa arís ar Ráth hÁrluin.



Bíonn an meannán 's a' t-uan ann i dtús na Márta,
An searrach 's é 'siubhal le glúin a mháthara,
Na gamhna ag diúl is fiú na cránach,
Is bheirim an chliú do dhúithche Ráth hÁrluin.



Bíonn an chuach ar coill ann i n-aimsir Cásga
'S a fuaim comh binn is dá seinntí cláirseach,
Na gadhair ag glaimnigh i nglinn 's i n-áltaibh,
Is coiníní i bpuill fá choim Ráth hÁrluin.



Is ann a bheidheas an plúr is úr-lionn Márta,
Meacanaí is rútaí is plúmbaí i ngáirdín.
Bíonn cead codladh go ciúin faoi shúsaíbh bána,
Agus aiteas gan dubhadh i gcúirt Ráth hÁrluin.


L. 23


Bíonn an lacha, an gé is an phéacóg álainn,
Is an eala dheas ghléigeal i mbéal an tsnámha,
An choraidh ag gabhail éisg fá phéirs do phárlus,
Mil bheach is céir is togha gach gráinne ann.



ART Ó CEALLAIGH.
B 1900c 19
U Anaithnid
Bhí me lá fada 'g dul trasna na tíre,
'S buaileadh isteach go toigh Airt Uí Cheallaigh 'san oidh'e me;
Fuair me an toigh folamh gan duine gan daoinibh,
Is shuidh me ag an teinidh 's ba doiligh liom éirghe.
'S hóm bó.



Thainic Art isteach ar buileadh 's ar daoire,
Is oiread bréid salainn in' asgaill dhá mhnaoi leis:
"What's the matter? A dhuine, cá mbíonn tú?
Ná goidé an seachrán a ruaig 'uin mo thoighe thú?"
'S hóm bó.



"Is stráinsear bocht mise tá 'siubhal na hoidh'e seo;
'Steach 'uin a' toighe seo ruagadh san oidh'e me;
Fuair me toigh folamh 'gus teinidh gan daoinibh;
Shuidh mise síos 's is diabhaltaidh doiligh liom éirghe!"
'S hóm bó.



"B'annamh le stráinsear a theacht ionn mo thoigh-sa,
Rud nach dtainic 's nach dtig a choidhche;
Cha bhíonn annso anocht acht mise 's mo nighean bheag,
'S dá mairfeadh mo gháid cha dtiobhrainn greim bídh dó!"
'S hóm bó.


L. 24


"Míle glóir le Dia nach bhfuil a ghreim de mo ghaol leat!
Is truagh liom an gáid a chuir ar an tsaoghal thú!
Cha dtiobhrá soin dó-san fasgadh ná dídean!
Is cosmhail le duine thú nach mbéidheadh 'na chríostaidhe!"
'S hóm bó.



"Stad de do sheanchas is leig de do shiamsán!
Is cosmhail nár luigh tú i gcúl cloidhe ná díogadh,
Ná a dhul 'uin toighe táibhirne a chathadh do phighne -
Tráth bhí me 'mo stráinsear, sin mar a nínn e."
'S hóm bó.



"Ní'l a'n toigh táibhirne do mo chomhair insa tír seo
Go dtéidh me go Crannaigh fán taca seo dh'oidhche.
Tá siad 'na gcodladh 's is doiligh leo éirghe,
'S chan fhiú do dholaidh mé an t-astar a dhéanamh."
'S hóm bó.



"Ní'l toigh na táibhirne comh fada agus shaoilir;
Tá an oidhche tirim 's an ghealach ag éirghe;
Sin siar an casán is lean é go díreach
Go Droichead Chill Dara 's go Crannaigh na gcaorach."
'S hóm bó.



"Cha dtéidhim amach comh bog réidh is shaoilir;
Ní'l an oidhche tirim ná an ghealach ag éirghe;
Tá an casán fliuch salach 's is fada go dtí e;
'S má chuireann tú amach me, gabhfaidh an sluagh sídhe me."
'S hóm bó.


L. 25


Luigh Art ar a liobaidh gan choistreacadh an oidh'e sin,
'S char fhág se duine ag an teinidh acht mise 's a nighean bheag.
Chuir me lámh thairstí: "A chuisle mo chroidhe thú!
'S má's nighean do Art thú, badh chóir duid a bheith saoithmhail."
'S hóm bó.



D'éirigh Art is ghlac sé leithsgéal beag saoithmhail.
Nuair a shaoil se gur spailpín de mhuintir na Midhe me
Ghoidfeadh a chóta, a bhróga, 's a bhrístí;
An tuagh nó an triosg go fiú na círe:
'S hóm bó.



"Shaoil me gur stráinsear as Condae na Midhe thú
A ghoidfeadh mo hata, mo bhata 's mo bhrístí;
An spáid on dorus, an tsluasad 's an píce,
An chaoin-cham choinneall 's mo chutaidh beag píopa!"
'S hóm bó.



B 1900c 19
U Anaithnid
An Cláiríneach.



Pádraic O Toimhleáin cct.



Tráthnóna liom féin thainic a' bás fa mo dhéin -
Nuair a choinic me a éadan, chreathnuigh mé:
Bhí a chnámha go léas, ar a gcorr is iad géar;
Chuir se fuil in m'éadan, má ba thanaidhe e.
Bhí a fhiacla ar a gcír, gan phuisín go fíor;
Bhí a lioca 's a smaois éagsamhalta.
Nuair a d'amhairc se aniar, 'sé dhruid me uadh siar,
'Gus rinn se seort gáire bhí athfalta.


L. 26


Chuir se glór as a chliabh mar ainmh' ar sliabh;
Bhí cubhar le n-a fhiaclaibh meirgeach':
Dubhairt sin le mo bhéal: "C'acú Gall thú ná Gaedheal,
Cealbhínidheach, Hindú, ná eiriceach?
Ná 'n dteachaidh tú leis an dream, sin sean-Liútar cam,
Fuair coigear faoi chuim ó ainspioraid?
Is mór m'eagla go fíor go bhfuil se faraor
Na mílte thart siar ag sean-spioraid!"



"Is clairíneach mé atá i ndeireadh mo lae,
'Gus bhí me seal aereach earráideach.
Aidmhim don tsaoghal go rabh me gan chéill,
'Gus tá 'fhios ag Mac Dé gur bharraidhe me,
Acht tá'n Teagasg Críostaidhe agam mar bhí se -
Char mealladh le bíoblaí Gallaibh me;
Cha chreidim go héag i leabhar Huaslaigh na mbréag
Go síntear faoi chré sa talamh me.



A bháis atá caol, seo mar chaith me mo shaoghal;
Suidh síos le mo thaobh go gcaithidh muinn
Tarrainn ná dhó as mo phíopa le ró
'Gus innsigh, má's féidir, cá rachaidh me.
Ná abair níos mó, acht leig uaid a' bogha
'S ná labhair liom go fiata feargach.
Má sgaramuist fhéin, ná bíodh sinn ag bruighin:
Seo dhuid mo phíopa 'gus dearg e!"


L. 27


"Maise, gheanaidh me foighid, mar is deas liom do phléad;
Glacfaidh me tréat mar b'annamh liom;
Caithfidh me toit le duine gan locht
A labhair go deas aereach greannmhar liom!
Is fada mis' ar a' tsaoghal ag cur cailleachaí i sgaoll;
Is tú an chead duine riamh a thug cuireadh dhamh.
A chlairínigh chléibh, suidh síos le mo thaobh -
Gheobhaidh tú fad-saoghal, 's cha chorruighim thú."



B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin



TAILTE NA mBROC.



Uilliam Buidhe Mac Giolla Ciaráin cct.



Fragmenta.



A Thailte na mbroc, na linnte 's na loch,
Go cinnte faoi stoc ríghte
De shliocht Chormaic mhic Airt is Chairbre na n-each,
Ceannphort na gasra laochraidhe,
Ag seilg faoi do chnuic tá i Laighnibh gan lucht;
Ultán le'r bh'iocht ariamh so,
'S an dream sin a chleacht a bheith ag cuartuighe Airt,
Nach truagh bocht anocht dá ndíth thú?



A bhean uasal ón Spáinn, chuala mé do tháin
'S do thuarasgbháil le fagháil foillsin,
An uair udaidh ar ghnáth cuairt a bheith aige 'n-ar bpáirt


L. 28


Fá thuairim na háite cinnte:
Fuagraim go bráth fuath agus gráin
Dhá bualadh fá láimh Ghallda.



Fiachraigh is Niall is Lughaidh mhac na gCian
Bhí againn ag an riaghail-Thailtin,
Fionn rí na bhFiann 's a champaí gan chian,
Conchubhar mac an ríogh, Ultán;
Agus sultmhar shamhraidh tá an sgéal le haimsir na mbliadhain
Go bhfuil dream do Shíol mBriain go cinnte.



Conall nár shlim ag pilleadh a bhaile ar tuinn,
Ná codail acht amháin suirghe;
Cuir fabhairt ar do lann is fuasgail don dream
Go sábhála tú cionn na ríghteadh.
Osgar agus Goll, craobh cosanta gach geall,
A bhí i dTailtin i n-am aonaigh.
Do shliocht Chaillicín na mbeann Cúchulainn nár bh'fhann,
Is Conchubhar ar an bhfann chéadna,
Dhéanfas gan mhoill éiriceas as Ghoill
d'fhág Gaedhil bhochta fann claoite.



B 1824ls 19T
U Anaithnid
AN GALL-BHOC.



A Ghall-bhuic cléibh, cuimhnigh do shaoghal
Is ar fhulaing Mac Dé ar dtimchioll,
An chrois mhór, mo léan! ar a ghuaillibh go géar
Ag dol go Calbhaire is brón ar 'intinn;


L. 29


Gabh paidir agus cré go moch le héirghe an lae
Is cuir d'urnaighe chuig Dia go cinnte
Agus athchuinghe do bhéil, agus iarr ar Mhac Dé
Do phárduin o Rígh na soillse.



A Ghall-bhuic, a ghrádh, ní fada uait an lá
Go mbéidh tú ag dol i láthair Chríosda;
Gheabhaidh tú do choir agus do cháin, do pheacadh 'gus do smál
Rómhad ann a gclár sgríobhtha.
Chan fhóghann tú aoinneach le fagháil, a sheasfadh ann do dháil
An lá sin i láthair Chríosda;
Tiocfaidh ort an bás is buailfear an croidhe (ann do lár);
Déan aithreachas gan spás (is croidhe-bhrughadh).



Atá órdughadh ag an mbás anuas o Rígh na ngrás
Ort-sa gan spás (ar bith ann),
'S ní bhfuil agad-sa le fagháil seachtmhuin, mí no lá,
Acht faill bheag go ndéanfá do thiomna,
'S tá d'anam bocht 'san tráth, uchón! mo mhíle crádh!
Nach bhfuasgladh na céadta ponta -
Guidh thusa Muire Mháthair, is dean aithreachas gan spás,
Faoisidin ghlan agus comaoin.



Chruinnigh tú go leór airgid is óir,
Dúithcheacha agus fearanntaibh saora
Bhíos ag do dh'éagaoin le n-a mbeó i saidhbhreas is i stró
'S d'ullmhathas a choidhche dá chríochnughadh.


L. 30


Ó, cuimhnigh an ní dubhairt Eoin, Naomh Peadar is Naomh Pól,
Dá mbadh leat an domhan mór is an saoghal so,
Goidé an mhaith dhuit a bheith beó, má chailleann tú an ghlóir,
Agus d'anam a bheith i bpiantaíbh síorthaidhe?



B 1790c 18D
U An tAthair Pól Ua Briain
AN DÉID-DHEAS-CHAILÍN.



An tAthair Pól Ua Briain cct.



Tá déid-dheas-chailín 'mo dhéidh i mBréachmhuigh;
'Sé fáth mo bhuaidhridh nach bhfuil sí liom,
Ar uaigneas coilleadh nó i ngleanntán sléibhe,
Mar 'mbéidhinn dá bréagadh fá bhruach na dtom,
Nó mar Naos mhach Uisle le n-'annsacht chéile
Go rachainn féin leat-sa amach ar tuinn,
Nó mar Iáson calma le n-a ghrádh Médea
Go n-éalochainn féin leat 'un na Gréige anonn.



Chan mar gheall ar fhortun ná ar mhaoin an tsaoghail seo
A rachainn féin leat-sa amach ar tuinn,
Acht mar gheall ar ainnir bhig na mion-chrobh méineamhail,
Ar an eól is go gceanglachadh an chléir le n-a chéile sinn
I n-éis ar n-aistir ag teanamh an phléisiuir,
Béidh deireadh an lae againn ar Hallaíbh Cuinn;
Ar ndóigh, dhá dtilleamuist a choidhche go hÉirinn,
Ní bhéidheadh an Eaglais Ghaodhalach seo i gcorruidhe linn.



Tá bráighe is gile aicí 'ná an chorr leathadach;
Tá a píob mar sliabh-shneachta tainidh slim;
Tá com mar chailce aicí nó an sneachta ar thaobh chnuic;
Tá cíocha réidhe le n-a brollach cruinn.


L. 31


Acht amháin a peacaidh tá sí gan aon locht,
'S tá annsacht chéad fear i lár a cuim.
Tá gach ball den mnaoi seo ag teacht le n-a chéile.
Macasamhailt a sgéimhe char tharraing peann.



Dhá bhfuighinn-se an ghéag seo, chan iarfainn spré léi,
Acht shaothrachainn féin ceibe chaithfeadh sinn;
Ní bhéidheadh orainn easbhaidh i n-aice a chéile,
Agus bhéarfadh Saeras ar ndóchaint duinn.
A phlúr gach deagh-chroidheach ar thoiseach sgéimhe,
Má dhiúltais féin me ná téana moill,
Acht gléas go tapaidh 's bíodh mo chomhraidh réidh leat,
Agus córuigh féin me le cré 'sa chill.



B 1900c 19
U Anaithnid
CÍOS NÁ BÉASA: AMHRÁN ÓIL.



Bean Mhidheach cct.



Dubhairt Frainc Máirtín nach bhfuighinn-se an tsláinte
Mar' n-ólfainn sgárd mhór den fuisgidh donn;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



Dá ngeabhainn Héabóig ar greim adhairce
Go Poll Toighe Léabáin badh chuma liom;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.


L. 32


Fhad is mhaireas Réamonn ('s a threibh i n-éifeacht,)
'S go deireadh an téarma béidh an báire liom;
Cíos ná béasa, cha rabh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



Dar a bhfuil dhe bhric 's dhe bhréantaíbh ar thóin Loch'
Bhréachmhuighe,
'S dar a bhfuil dhe ghréibhealaíbh ins an bhFrainnc,
Cíos ná béasa, cha raibh me 'dréim leis,
Fuair me réim mhór 'gus chuaidh se liom.



B 1900c 19
U Uilliam Ó Briain



AINNIR ÍOCHTAIR THÍRE.



Uilliam Ó Briain cct., .i. seinseanathair an Athar Pól Ó Briain;
dá mhnaoi féin, .i. d'inghin an Bhiataigh, do chum.
Fragmenta.



I n-Íochtar Tíre atá sí, an ainnir is áille snuadh;
Chan annsa rós i ngáirlin ná deallradh breágh 'na gruaidh;
Is iomdha sin ógánach státamhail a chuir sí gan spás 'un suain;
Grádh mo chroidhe-sa an stáid-bhean 's nár leigidh sí an táilliur bhuaith'.



'S mór mo mhilleadh ar éadach 's ní mó 'ná mo léim thar each;
Chan fhuil a'n abhainn i n-Éirinn nach rachainn 'na haghaidh le
neart;
Chuirfinn coite chaol ar an Éirne is e a' síor-chur éisg isteach;
Grádh mo chroidhe-sa an spéir-bhean a gheobhadh liom féin mar
fhear.




L. 33


B 1824ls 19T
U Anaithnid



PEIGIDH NÚINNSIUNN.



Feardorcha Ua Faircheallaigh cct.



Bhí me lá beag aerach ar mholaidh aoibhinn aonaigh
I gCroise Chaoil go meidhreach ar thaobh cnuic ar árd,
'Sé tháinig sí chugam an spéirbhean, stuair na gcíocha gléala,
'S go samhlaim í ar aon chor le géis nighte o shnámh.



Tráth bhreathnuigh mise a céadfaidh 'sé d'fhiafruigh mé do
chéadaibh:
"Ca haca do fhuil Éireamhoin í, dá mb'fhéidir dúinne trácht?"
'Sé dubhairt an seanóir aosda ag éirghe ar chorr an aonaigh:
"Gur de Núinnsiunnaigh na ngéar-lann an péarla tá tú 'rádh."



Bhí síodaí 's sróill ag gaoirfigh léithe síos go bróig 's
níor bh'iongnadh -
Is neamhbhródamhail í 'na dhiaidh sin i gcéim is deise cáil,
Mar a bhí sí caoitheamhail céillidh sócmhail saoitheamhail séanmhar,
Ar nós mar 'mbíonn i n-Éirinn gach tréan-fhuil is feárr.



Bhí dreacht a píb 's a bráighe mar shneachta o thuaidh ar árdaibh,
'S a béilín tanaidh tláth-dheas ann gach árd-stair i gcéim.


L. 34


Tá gruaidhe chorcair 's áille aicí 'ná caor i n-uaigneas fásaigh,
'S a cúilín triopallach fáinneach ag deállrughadh mar an ngréin.



A Pheigidh Núinnsiunn, 's dóigh liom go bhfuair tú gift on
gCóimhdhe,
Do chaoin-chum cailce ar ghleó 'n tsneachta 's do rós-lioca gan
ghruaim;
Tá beannacht dhaoine breoite agad, is bochtaibh Dé dá dtreorughadh,
'S go gcumhduighe Críost an speóir bheag sin beó fada buan.



'Sí súd go deimhin céile inghean Mhurchaidh phronntaigh séadaibh
A raibh ocht ríghte déag díobh i gcéim i n-Inis Fáil.
Ní'l locht uirthi dá réir sin; tá tórtha d'fhuil na Raghailleach
innti
Is sliocht mBriain mhic Eochadha ag fréamhughadh ann a caor-lioca
sáimh.



Mar 'bhfuil astar dlúth na ndaor-bheach ar dhriúcht ag
cruinniughadh saidhbhris
Ar chiumhsaibh cúnra a béil tais go mb'fhéidir dúinne trácht,
Go mbudh balsam í do chéad fhear a comhrádh dh'oidhch' 's do
laethibh
Le gach briathar blasta béil-bhinn dá ndéarfadh sí le páirt.


L. 35


Ní'l iasg ag snámha ar bóchna ná éanlaith i gcoilltibh Fódla
Nach dtairrngeochadh speóir na meór lag i gclódh na mbrataigh nuadh.
Tá fios ag Rígh na glóire gurab iomdha síoda 's sróll aicí
Is luingis faoi n-a seoltaibh ar bhórd luinge i gcuan.



Nach aoibhinn milis caor ann 's nach aoibhinn bric ar léim ann?
Nach aoibhinn ubhall ar ghéag ann, mín-fhéar is duilleabhar ag fás?
Is aoibhne briathra a béil bhinn ná cnodh 'gus stór na ndaor-bheach,
'S chan aoibhne ná don té bhíos ag téagradh a brollaigh bháin.



Tá a rosga réidh-ghlas mánla, nár chlaonuigh mailidh 's áille,
'S go gceanglaidh Críost an t-ádh léith i bpáirt-thoil na cléir'.
Is ag Peigidh Núinnsiunn atá sé, a bhfolaidheacht uaisle is
breáighe,
'S muna dtug sí an chliú o mhnáibh léithe, bíodh an báire orm féin.



Aguisín.



Fuair mé féin tús an amhráin sin tuas ó Pheadar Mac
Donnchadha as Mullaigh Theamhrach idir Baile Átha Cliath agus
Baile Shláinghe. Seo mar adubhairt sé é:



B 1900c 19
U Anaithnid
B
Bhí mé lá beag aerach ar thaobh cnuic ar árd,
Cae hé tharlaidh dhamh acht an spéirbhean,
Stór na gcíochach gléigeal -
B'annsacht í le Déirdre ná a' gé 'teacht on tsnámh.


L. 36


B 1830lsc 19T
SIUBHÁN NÍ DHUIBHIR.



A Shiubháin Ní Dhuibhir, an misde leat mé bheith tinn?
Mo chrádh! má's miste 'na leagfair do thaobh san gcill;
Bróinte muilinn dá leagfainn ar chul do chinn,
Is tusa bheith i n-ifrionn go dtigeadh an réiteach ann!



Is truagh gan mise ar mhullach an tsléibhe thuas,
Mo phaidrín bheith agam 's mé 'guibhe na naomh go cruaidh.
An chead ghrádh thiocfas ní leigfid go brách é ar buan;
Is tusa mheall mise 's nár leigir do shláinte uait!



Saighdiur bocht singil me chaith seal tamaill i ngárda an ríogh;
Diabhal pighinn agam do bhéarfainn ar chárta dighe.
Bhuailfinn an droma 's do sheinnfinn ar chláirsigh chaoin,
'S ar Churrach Chill Dara 'sé sgarais le grádh mo chroidhe.



'Sí Siubhán Ní Dhuibhir mo bhuime 's mo bhái'r'an féin;
Ar mhnáibh na cruinne go dtug sí an báire léi
Le gile, le finne, le maise 's le breághacht a sgéimh,
'S nach mise an truagh Mhuire 's mé 'sgarmhaint i mbárach léi?



Is thiar i gCill Chainne tá cuid de mo mhuintir féin,
Bláth bán na finne ar fhobair mo phósadh léi.
Tabhair sgiala bhuaim chuicí, má's minic a phóg me a béal,
Nach bpósfa me 'nois í mar' gcuire siad mór-chródh léi.


L. 37


Tabhair sgiala bhuaim chuige go deimhin nach bpósaim é,
Ó chuala mise gur chuir se le mór-chródh mé.
Má tá buaibh agat ná an iomadaidh móráin spré
Do ré bean agat 's béidh mise ar mo chomhairle féin.



Táilliur an mhagaidh cha phósaim a choidh'e mar fhear;
Pósfa me an talmhaidhe ghéanas go doimhin an teach,
Éireachas ar maidin is chroithfeas an síol go ceart,
'S nach suidhfeadh cois doruis ag feadghail ná 'ruagadh cearc.



Éirigh-se a bhaile 'gus abair nach ngeobha me leat,
Gan an tsnaidhm chailce d'oibreachadh sról i gceart;
'Sé rádh gach dailtín bhíos a' mealladh 's a' pógadh ban:
"Is tusa mo chéad searc 's mo chreach gan mé pósta leat!"



Capall thug m'athair dhamh 'un dul ag iarraidh mná
Ní bhfuair mise fios ar an domhan cia an fáth.
Do thuit me den chapall is briseadh dhá thrian mo chnámh -
Uch! Dia lem' anam! ó chailleas mo chiall le mnáibh!



B 1824ls 19T
TUIREAMH NA hÉIREANN NÓ MÁRSÁIL AN tSEÁRSÚLAIGH.



Thug sinn an chead bhriseadh ag bruach na Bóinne,
An dara briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
An tritheadh briseadh i nAchruim Dia Dómhnaigh,
'S buaileadh buille dhruma linn, 's cha mhór a bhí beó againn.
'S uch! uch! ochóin!


L. 38


Cuiriom-sa mo mhallacht ort-sa, 'Rígh Séamus!
Is iomdha mac máthara a d'fháig tú i n-éideadh
Fa n-a stocaíbh geala 'gus a gcarbhataíbh gléigeal',
Agus bróga móra fuaighte ar chlainn na nGaedheal bocht.
Is uch! uch! ochóin!



Tiucfaidh an Rí agus tiucfaidh an Bháinrioghan;
Tiucfaidh Séarlus is an dá Mhac Cárrtha;
Tiucfaidh na Francaigh ann a rancaíbh 'na dhiaidh sin,
Agus béidh na fir ghruama dá ruagadh as Éirinn.
Is uch! uch! ochóin!



Is iad na buachaillí seo buachaillí Gaedhalach'
Ag briseadh a gcroidhe ag siubhal na sléibhte,
Ag amharc amach ar chuantaíbh na hÉireann,
'S ag sileadh na súl ag siubhal gan Séamus.
Is uch! uch! ochóin!



Is ag an mBaile Mór a chodail muinn an oidh'e sin
'S is ag an tSean droichead a léigeamar ar sgíste;
Ag dol anonn ar an tSionainn a bhí gruaim ar na mílte
Is ag Luimneach na long a bhí an mársáil aoibhinn.
Is uch! uch! ochóin!



Tá an Seársúlach láidir 's a ghunnaí dá dtreórughadh,
'S an gcuala tú gur éag sé Balldearg O Dómhnaill?
Is uch! uch! ochóin!



Tá pighin ar a' gcárta 'gus an cárta líonta,
'S a Phádraig Seársul, mo shlán go dtí thú!
Is uch! uch! ochóin!


L. 39


A sgologaí na Midhe, ná goilleadh oraibh an fóghmhar
No an mór-chlaonadh fuaramar ag briseadh na Bóinne;
Tá an Sáirsealach láidir 's a thrúpaí aige i n-órdughadh
Le gunnaibh is dromaíbh leis na bodaigh chur as Fódla.
Is seinn och! och ón!



An lá ud a chuaidh muinne os cionn sruth Bóinne
Gé go raibh bombaí árda is grán linn 'gá sgaoileadh;
Le áthrughadh ceannphoirt throidfeamuis arís iad -
'S uch! a Choirneil Sáirseal, céad slán go dtí tú!
Is seinn och! och ón!



B 1720fl 18T
U Uilliam Ó Briain
MÁIRE AN tSAOITH.



Do inghin Bhiataigh Mhuighe nEalta do mealladh leis, (agus é
ag caoineadh a báis?)



Uilliam Ó Briain cct.



I n-uachtar Chúige Laighean da mbainfeadh damh-sa an t-éag,
Badh tuirseach an sgéal damh-sa é,
Is gan duine ar an tsaoghal a dhruidfeadh a bhéal
Agam den bhfréimh dhúthchais.
Ní mar súd do bhéidhinn dá mbéidhinn-se ins an mBréifne -
Bhéidheadh eaglais ar gach taobh go dlúth dhíom,
Beathuisge daor agus basa dá réabadh,
Agus croidheacha cléibhe brúighte.


L. 40


Is agam a bhí an spéir budh deise i gCúige Laighean
Agus leanbh beag séimh ró-dheas,
Searc-rún mo chléibh ar chailíníbh an tsaoghail -
Bhárruigh sí ar sgéimh Fódla:
A rosg ghlas nachar chlaon amharcadh léith'
Ar a'n fhear ar an tsaoghal, 'sé is dóigh liom -
'Sé mheasaim ó mo chéill gur duine me tá i bpéin
Muna bhfuighe me furtacht don réalt eóluis.



'Sí Máire an tsaoith do chráidh' mo chroidhe,
An Bhláthnaid bheag mhín bhéasach -
Mo chrádh-sa gurab í is aille dlaoigh
Ar mhnáibh deas' na dtrí réagún.
Tá an tinneas so ag teacht agus mise do mo shlad,
Agus mé ag imtheacht mar ghath gréine -
O sgriosadh mo nead agus rinneadh mo chreach,
A rúinsearc, mo bheannacht féin leat!



Nach danartha an gníomh dá maireann de do ghaol
Gan an cogadh so a choidhche a réidhteach,
Le go bhfillfeamuis arís ar ais chum na tíre,
'S nach mbéidhinn-se a choidhche im aonar?
Ag tomhas na slighe ar gach tulaigh dá mbíom
'Sé d'fháig mé a choidhche buaidhearthaidh;
'S gur i gCondae an Ríogh do sgriúdadh mo chroidhe,
Mar nach súgach atchíom Gaedhil ann.



'S i n-uachtar Chúige Laighean do theaghmhuig damh-sa an
t-éag
Agus Mailidh, mo léan! sínte,


L. 41


'S gan duine ar an tsaoghal a bheirfeadh mo sgéal
Go Muigh nEalta ná an taobh thíos de.
D'amhairc mise uaim o dheas agus do thuaidh
'S ní fhacaidh me acht ruaim fhásaigh -
Tharraing me mo ghruaig agus sgread me go cruaidh
'S dubhairt na clocha gur thruagh m'ádhbhar!



B 1827ob 19T
U Pádraic Ó Briain
MAIRGHRÉAD NÍ CHLÉIRIGH.



Pádraic Ó Briain cct.



Tá cailín beag stuamdha uaigneach breasnaidh
I mbruach an mhachaire fásaigh,
Agus iomlán a gruaige gur bhuadhuigh go deimhin
Air an bhfolt ar claoidheadh leis Iáson.
Tá sé casta cuachach dualach fighte
Anuas léi go dtí n-a bhásta,
'Na thrillsíbh snuadha tar a guaillibh is gile
Ná géis fá imeall trágha!



Tá a haghaidh comh húr le gnúis an leinbh
De' ngoirfidhe tráth dhí Blathnaid,
'S a mailidheacha dhlúth os cionn a súl is gloine
Ná driúcht i mbruithneas Beált'ne.
Mar shneachta air ghrís tá a leaca chaoin
'S é ag taisbeanadh thríd gach áthainne
Ó n-a béal dá bhfuighinn-se a méam 'cos ísioll
Ó phéin go sgaoilfeadh a grádh me.



Tá rothaidh déad chomhthrom cheart réidh
Mar eomra a léasuigheadh i gceardchain,
Ann a gcarcair shéimh nach bhfeicthear acht re réir
Mar óirdheirc 'na méin chum gáire.


L. 42


Fuaim a fuinn go mbadh binne dá roinn
Ná orgáin, trumpaí 's cláirseach.
Mar chubhthar air tuinn 's gan fhóthrocadh ionn
Tá a píob, 'air liom, 's a bráighe!



Tá mama shéimh ann a brollach glégheal,
Air nós an aoil is báine,
'S a com seang déanta air shlighe nach bhféadfadh
Neach faoi'n ngréin a cháineadh;
'S dá gcasfaidhe í air mholaidh Ída
I bhfochair na dtrí mbánríoghan,
Ise go bhfuigheadh an dearg-ubhall ríoghdha,
Le gur sgriosadh an Traoi, ó Pháris.



'S anois, má's mian libh fios cá hí
Atá mar chraoibh faoi bhláth deas,
'Sí Peigidh an fhaoileann nár thuill díombuadh,
Aithneamhail saoitheamhail fáilteach.
Tá a sluinneadh arís air gach aon
A gheibh cumhachta fíor o'n bPápa.
Guidhiomm-sa an Rí 'tá i gCathair na Naomh
Go bhfághaidh sí saoghal is sláinte.



B 1824ls 19T
U Anaithnid
MAC AN GHAEDHAIL GHLAIS.



'S ar mo theacht go hÉirinn damh 'sé Mac an Ghaedhail Ghlais a
d'fháiltigh rómham
Maidin éigin ag dol thríd an Éigipt 's mé 'gárrtha faoi bhrón;


L. 43


Chuireas ceist ar mhaighdin budh deise méin agus ab' áille glór,
"Ná an dtiubhrá féirín don bhfear a d'éagfadh dod' ghrádh annsa'
ród?"



An Mhaighdean.
Do cheist go réiteachainn, a Mhic an Ghaedhail Ghlais is áille
dá bhfuil beó,
'S nach bhfuil ar an tsaoghal so ní ar bith is daoire ná a fhagháil
uait-se póg.
Chuir Conall éachtamhail dúil ann m'éigniughadh 's mé státamhail óg,
Ní nach bhféadaim, mar atá tú féin deas, tá fáilte rómhad.



Nuair a thug an mhaighdean cead an réim sin a fhagháil dá deoin,
Bhris mo radharcaibh ar thuilte tréightheach do ghrádh deise a póg.
Mar a bhí me faobhthaidh ar bheagán éadaigh 's mé fáigthe ann mo
ghlór.
Dhéanfainn éimhtheach a chluinfeadh céad fear agus cách fán mBóinn.



An Mhaighdean.
Searc mo chléibh-se ar an tsaoghal so, nach gránna an dóigh
Do fhear do mhéin mhaith a bheith faobhthaidh no fáigthe ann a
ghlór?


L. 44


Tar mo dhéidh-se anns an áit a mbéidh me Dia Máirt ag ól
Is 'ghéanfad d'éideadh má dhéanair maighdion a shásamh mar is cóir.



Shuidh me féin ar chnocán aerach is mé lán dubhbróin
Is thainig an mhaighdean fa mo dhéin is í táirngthe ann a sról:
Má's í bean na bréige úd a chonairc mé no dá'r ghrádhuigheas a póg,
Léigeas codladh bréige orm le heagla go ngéabhfaidhe mé no
m'fhagháil dá cóir.



An Fear Faobhthaidh.
An gcluin tú mé, a bhean na sgéimhe tá gléasta dhen tsról,
'S gur deise d'éideadh ná a bhfuil i nÉirinn do mhná deasa fós,
Nachar bheag a' buaidhreadh anois Rí Hérod a bháthadh annsa' móin
I bhfarradh Mac an Ghaedhail Ghlais a chuir as Éirinn a bhí
státamhail i ndóigh?



B 1900c 19
U Aodh Mac Domhnaill
MÁ THIGIM-SA CHOIDHCHE.



Aodh Mac Domhnaill cct.



Ag tabhairt saortha do lánamhain éigin, .i. do Aindriú
agus Brighid, do shaoil nach raibh ann acht spiadóir ó


L. 45


Chaisleán Bhaile Átha Cliath, do bhrígh go raibh sé ag
iarraidh bolg an tsoláthair do dhéanamh dó féin
d'amhránaibh Thíre Conaill i bparáiste na nGleanntach.



Má thigiom-sa choidhche aríst go moch ná go mall,
Caithfe me oidhche ag an dís a bhfuil me 'na ngeall,
Mar tá, Aindriú 'gus Brighid, 'sé a gcroidhe nár mheabhruigh
riamh feall,
Agus searc do gach saoi iad i n-íochtar Chondae na nGall.



A Aindriú, a chroidhe, ná saoil gur duine gan áird
Gach file ó'n Midhe tá críonna glic ar a láimh.
Nach fiosach do'n tsaoghal ó'n Maoil go Casán an Fhathaigh
Nach i bpálás an ríogh bhíos Aodh ag cumadh na ndán?



Ná saoil thusa aríst go mbíom ag mealladh Shíl Ádhaimh
Acht ag an tsluagh sídhe, má's mian leat cuideachta fhagháil
Ler'b iomdha sean-draoi tá saoitheamhail soineannta sámh,
A bhíos i n-a suidhe is na naoi mná aca ar láimh.



Má bhíom-sa annsin rómhad is mór an charaid mé ionn,
Mar is fiosach do na hogmhnáibh nach n-ólann tú fuisgidh ná lionn.
Le Clio béidh bóicín beorach fhleochfas ar gcionn,
Agus gabhfamuid ceól ar nós gach duine 'a mbíonn binn.


L. 46


B 1830lsc 19T
U Anaithnid
NEILIDH BHEAG.



A Neilidh bheag, a chuisle, a Neilidh bheag, a stór,
Dá dtiocfá thusa liom-sa go coillte deas' na gcnódh,
Bhéarfainn aer an bhaile mhóir duit a thóigfeadh do chroidhe
Agus cead a dhul i gcóistíbh ar bhóithríbh Bhaile Átha Buidhe.



Bainfidh me slat chárthainn a mbéidh casadh ann a bhárr,
'S ceanglachaidh me mo Neilidh bheag go dlúth ann a lár.
Chan fhuil snaidhm dá gcuirfidh me a sgaoilfeas go bráth,
'S a chomrádaidhe na míne, cuirim leat-sa míle slán.



Is truagh gan mise i Muineachán agus mé in mo cheannaidhe snáth,
Mo mhuirnín deas i n-aice liom, char bh'fhada liom-sa an lá.
Dá ndíolfad sise an reicneáil, bhuailfinn-se féin an clár;
Ó, go snámhfainn-se Loch Eirne ar mo mhuirnín geanamhail breágh.



Dá mbéidheadh píopa fada geal agam is tobac do chuirfinn ionn,
Cuid mhór don uisge beatha 'gus bairille don lionn;
'S ní'l aon phighinn in mo phóca anois acht mar' n-ólfaidh me an cíos;
Béidh mo Neilidh bheag gan phósadh go dtiocfaidh an foghmhar buidhe.


L. 47


Is fada mé ar an mbaile seo, le bliadhain is trí lá,
Is samhail mo Neilidh bheag ní rabh agam le fagháil.
Ní leigheasfadh éinneach mise do dhoctuiríbh chrích' Fáil
Go dtigeadh péarla an bhrollaigh ghil 's go gcuireadh thorm a lámh.



Bhí me lá breágh gréine i mbárr sléibhe chois cuain;
Cé 'tchífinn acht mo Neilidh, cé go raibh sí i bhfad bhuaim.
Nuair a shaoil me druideadh léithi go mbogfainn léithi suas,
'S go rachainn dá bréagnadh, do éaluigh sise bhuaim.



Tráthnóna Dé Domhnaigh is orm a rinneadh an chreach,
Mo chailín óg a phósadh sol a dtáinic liom a theacht!
Tóigeann an aois óg orm nach n-ólaim leóbhtha an lionn -
Slighe dóigh orm, cha bhéidheadh brón orm acht grádh mo
chroidhe bheith liom!



Dá mbéidheadh toebits ar mo bhrógaibh ná fóghnamh ar na buinn,
Bhéidhinn gach oidhche Dhomhnaigh insa mbaile a mbéidhead sí ionn;
Doctuirí na hÉireann agus cha leigheasfad siad mo chás -
Budh tú 'a deise agus thréig tú me, a phéarla an chúil bháin.


L. 48


B 1851lsc 19L
U Aodh Mhac Dómhnaill
COMÓRTAS NA TOITE.



Tráchtar ann so air bheirt daoine uaisle a bhéadh ag
cathamh tumbac i mBéal Fearsaide, agus ní raibh dís
air bith le fagháil a b'fheárr a líonfadh agus a chaitheadh ná iad.



Aodh Mhac Dómhnaill cct.
Air fhonn - Stáca an Mhargaidh.



I mBéal Fearsaide chois cuain ag bruach na fairrge
Tá beirt daoine uaisle tá stuamdha meanmnach,
'Bhfuil a gcroidhe mar Ghuaire le suarcas is carthannacht.
Hó ró, go raibh Dia leó go deoidh.



'Sé is ainm don dís seo, Laoghaire 'gus Somhairle,
Mac na Duibhe an saoith 's an Bríseach flaitheamhail,
'Bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh 'na gcuisleannaibh.
Hó ró, is buaidh go raibh leó.



Tháinig mé ar cuairt ar ruaig 's níor bh'annamh liom
Do fhéachaint na ngruagach bhí suailceach taitneamhach;
'Sé fuair mé 'na suidhe iad ag míniughadh starthacha.
Hó ró, nár bhainidh dóibh gleó.


L. 49


Tharraing Somhairle a phíopa air bhí fídeogach fad-chosach,
Agus chuaidh sé dá líonadh, an nídh úd ab' aite leis,
Le luibh na mban sídhe, a bheir íce do chailleachaibh,
Hó ró, 's nach leis a bhí 'n ród.



Ghlac mise saéite, a mhéadughadh na cuideachta,
Is líon mé mo dhúidín, dá dhiúrnadh i n-aice leó,
'S go saoilfeá gur Francaigh bhí i gcuan Charraig Fhearguis,
Hó rí, nuair a d'éirigh an ceo.



Thoisigh na píopaí dá líonadh air ath-bhúta,
Leis an macnaidh uasal, gan ghruaim, gan tarcuisne,
Agus chaith sinn an oidhch' sin gur ghlaoidh na coiligh 'lic.
Hó ró, sin deireadh mo cheóil.



B 1900c 19
U Anaithnid
PRÍOSUN CHLUAIN MEALA.



Fragmenta.



B'fheárr liom-sa ná Éirinn
'S bíodh sí faluighsta dh'ór
Go mbéith mo phárdun o na ríghte agam
Agus mé ins an mbaile ag mo stór.


L. 50


O rinn me dizartáil
Is go Carraig Airt atá mo thriall,
Is i bpríosun Chluain Meala
Tá mo liobaidh le bliadhain.



Chan ar Bhididh ná ar Mhéadhbha
Ná ar an tsáirdseint a bhí m'aire
Ná har na bóchaillí bána
Ghéanfadh tseárdseáil leis an ngeallaigh.



'Siad do leagfadh cúirt ghárda,
Ballaí bána go talamh,
'Gus d'ólfadh mo shlaínte
I bpríosun Chluain Meala.



Tá oileán i nÉirinn
A dtig féar air go leór;
Thig cuiseogaibh air
Agus luachair bheag óg;



Ag guibhe Meic Muire
Ná go gcuiridh Dia gaoth,
Go mbéidhinn-se in mo ró-shearc
Ar mhónaidh an tsraith mhaoith.


L. 51


B 1755ob 18L
U Fiachra Mac Brádaigh



SEACHRÁN FHIACHRA MHIC BRÁDHAIGH.



É féin cct.



Nach truagh libh-se, a cháirde,
Gach buaidhreadh dhá dtárlaidh
Do Fhiachra Mhac Brádaigh ag teacht as Srath Domhain?
Bhí an oidhche fuar cráidhte
Le fuacht is le báistigh
'S níor léir damh cár fáigeadh me amuigh ar a' ród.
Níl seachrán nó gábha
De' dtig liom-sa a thráchtadh
Nach bhfuair me fán tráth sin ó churrach go móin,
'S go mb'fhearr liom-sa ionn m'fhárus
An uair sin ag Máire
'Ná i gcuallacht an Phápa bhí thall annsa' Róimh!



Níl uaigneas nó fásach,
Stuaire nó fáltán,
Ó Chruachain go hÁrainn 's go Sligeach na seól,
Nár shiubhail me le rása,
Thríd choilltibh ró-áille,
Go Muighe 's go Tráighe 's go Condae Thír' Eoghain:
Soir chois na sáile,
Go Dún is go Cáirlinn,
Go hIubhar Chinn Trágha, mar ar chailleas mo lón,
Go Sliabh gCuilinn go dána,
'S anonn ag Droichead Átha,
Mar ar briseadh mo chnámha le cionn an chrainn seóil.


L. 52


Do ghoireas na gártha
Ar lucht stiúrtha na báirce,
d'eagla mo bháidhte sa bhfalc a bhí rómham,
Is bhí sluaighte na sráide
Anuas chum na trágha
Fa thuairim na háite a rabh mise i mbrón.
Ar eagla mo bháidhte
Leis an chriú bhí gan ghrásta,
Léig me sa tsnámh me anonn ar an mBóinn,
Is ghluais me go hádhmhar
Rómham suas go Bail' Shláinghe,
Mar 'gcuala me na gártha bhí i nÁth Cliath rómham.



Chuaidh me chum na hÁirde
Go stuadh Bhaile Gháire -
'Siad cluig Teampaill Phádraic a choingbhigh me beó -
Is chuaidh me chum na sráide
'Mbíonn Rí Uilliam i n-áirde,
Go bhfanainn-se tráth ag an Choláiste 'g ól;
Cá rabh me fán tráth sin
Acht siar i bPort Láirge,
'Mo sheasamh go fálta ag dorus thighe an óil;
Ghoir me ar chárta
De lionn a bhí láidir,
'S ní rabh aen phighinn le fagháil agam le' ndíolfainn an sgór.


L. 53


Do cuireadh orm gárda
De mhaorthaibh na háite
Is fáigeadh gan snáithe me 'ngeall leis an bhfoghail,
Agus buaileadh fá lár me
Gur suaitheadh mo chnámha,
Is ruaigeadh fá'n tsráid me ag sileadh na ndeór.
Bhí an fuacht do mo shárughadh
Le huamhan na háite
'S i dTuamhain a fáigeadh me ar shean-Tulaigh mhóir;
Bhí me ag Biorra Mhic Cárrtha
'S i mullach Chnuic Áine,
I gCorcaigh, i nÁrainn, 's i nGaillimh na seód.



Sguabadh me an tráth sin
Siar go Cruach Phádraig,
'S ar m'ais ins na fáisgthibh go mullach Bhaile Fhobhair,
Go Cruachain Mhic Brádaigh,
Go Dromodhall le fánaidh,
Go dtáinic me le rása go tigh Shéamuis mhóir;
Níor bh'fhiú liom le náire
A ndúsgadh fá'n tráth sin,
Mar b'fhogus damh an áit a rabh maide ar an abhainn;
Ghluais me go hádhmhar
Anonn ar an áit sin
Chum tighe Bhriain Mhic Cába mar 'bhfuair mise cabhair.


L. 54


Budh iongnadh 's budh áidhbhéil leo
Damh-sa mar thárladh;
Ghreadadar lámha is bhí lúthghaireach go mór,
Le sláinte gur fhágas
Gach pian-bhruid is gábhadh
De'r lean damh an tráth sin, 's gur bh'fhogus dhamh cabhair.
Théid me mo lámha
Le teinidh na bpotáta;
Chodail me támh agus thainic me rómham
Mar 'bhfuair me na páistí
Ag gul is ag gártha,
d'eagla gur báthadh mise amhuigh ins an abhainn.



B 1853ls 19L
U Aodha Mac Dómhnaill
AISLING AODHA MHIC DHÓMHNAILL.



É féin cct.



Air fhonn - "Facthar, a Mháire Bhuidhe".



Ar mbeith damh-sa aréir 'mo luighe
Go hathtuirseach 's mé gan bhrígh
Eidir Loch Éirne is Bealach an Adhraigh
Is Oileán a' tséin Mhic Aodh'.


L. 55


'Sé thainig sí 'n spéir go dtí
Mo leabaidh gan bhréig san oidh'e,
Is dubhairt sí liom éirghe feasta o mo néalaibh
Is gabháil léi féin mar mhnaoi.



Thionntuigh mé ann sin ar mo chlí
Go bhfeicinn goidé mar a bhí:
'Sé chonairc mé'n spéirbhean gheanmnaidh dhéad-gheal
Mhasgalach chéillidh chaoin.



Mar sgeallán do réim na ríogh
No baindia i gclódh 'sé bhí
A folt fada craobhach famainneach sgiamhach
Ag sgabadh go féar léith síos.



Budh chosmhail le hór gach dlaoigh
Is í ag casadh go cóipeach buidhe,
'S gach triopall go bróig di ag loinneadh mar lóchrann
Soluis ar chóirneál toighe.



Bhí a leaca mar rós a' ríogh
'S an sneachta ag dórtadh faoi,
'S a dearca mar réaltaibh oidh'e shiocáin 'sna spéiríbh
Ag imtheacht i sgéin le gaoith.


L. 56


Bhí a mailí, a déad, 's a píob
Mar lile nó'n ghéis ar taoid;
A mama gan bhréig budh ghile ná'n t-aol,
'S ná an eala tráth bhéidheadh dá nighe.



Bhí a deilbh 's a méar-chrobh maoth,
A dreachta 's a béilín caoin;
A cum a bhí caol, mar aithristear sgéal,
Ar aisde na gcaor ar chraoibh.



Bhí thuilleadh gan ghó 'san mnaoi
Do mhearuigh 's do bhreoidh mo chroidhe,
A coisbeáiní spéireamhail aigeantach aereach
Ag tasdail gach taobh don gcrích.



Ann sin thug mé léim go dtí
An ainnir chiuin chéillidh chaoin,
Acht 'sé d'imthigh sí'n spéirbhean amhail gath gréine,
A ndruidfeadh na néaltaibh faoi.



Tráth mheas mé gur néamhuinn í
'S nach bhfuighinn-se í mar chéile chaoimh,
'Sé chaith me mo léine thorm mar éideadh,
Is d'imthigheas 'na déidh 'san tslighe.


L. 57


Shiubhail mé liom féin gan sgíth
Go raibh mé ag taobh Chluain Aodh',
Ó mhullaigh Ráth' Méadhbha go Foirceall na cléire,
'S ó Shligeach go taobh Chluain Fraoich.



Thart le Cruach Phádruig síos
Go Biorra 's go bárr Shliabh Buidhe,
Fa imeall na sáile go Boirinn 's go hÁrainn,
'S mé 'g imtheacht ar bhárr na gaoith'.



Shiubhail mé gach ráth is bruidhean
Gan fasgadh ná sgáth ón tsíon,
Acht aibíd bheag bhán a rinne na mnáibh
Den anairt as lár an lín.



Shiubhail mé le bruach Loch nÉachach
Chum na Banna 's go Dún Uí Néill;
Ann sin annsna ruagaibh go hEasa Aoidh Ruaidhe,
An turas le'r bhuaidhigh mé.



Budh tearc is budh tréithlag faon,
'S gan duine 'mo dháil 'na shuidhe,
Mar ghiolla gan áird i leathtaoibh na sráide
'S mé gointe le málthrach sídhe.


L. 58



Níor bh'fhada an cháirde bhí
Go dtainig 'mo thárrtháil draoi
De chineál na mbárd a chleacht a bheith 'stát
Anallód ag áth an tsruth' sídhe.



'Sé is ainm do ghnáth don tsaoi
A chas orm fán tráth so dh'oidh'e
Pádruig O Hígin soineannta saoitheamhail
A d'fhreagair mo chás gan sgíth.



U Peadar Ó Gealacháin
Peadar Ó Gealacháin cct.



Chuaidh muid le chéile araon
Is d'ól sinn ar ndóchainn dighe
Den mbiotáille b'fheárr dá raibh annsa' tábhairne,
Mé féin agus Pádruig caoimh.



Nuair a léig mise an braon sin síos
Is fhliuch mé mo bhéal 's mo chroidhe
Arsa mise liom féin, ní leanfad go héag í,
Má bhíom-sa gan chéile choidh'e.



Dubhairt Pádruig go céillidh maoth,
"Is mithid duit éirghe, a Aoidh,
Is sgur do na mnáibh choidhche feasta go bráth."
Ag sin agaibh m'áirneál oidh'e.


L. 59


B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin
Ó RAGHAILLIGH BHAILE MHÍLEIS.



Is i nÁrd Mulcain os cionn Bóinne
Atá an tseód a bhfuil mo mhian innte;
Is i dToigh Colláin bhíos me i gcomhnuidhe,
Gé gur brónach 'na diaidh me.
Gan ghéilleadh do na hórdaibh,
Gé gur pósadh le mnaoi me,
d'aindeoin Shíle bhuailfinn na bóithre
Dá mbéadh mo stóirín beag Brighid liom.



'Siad buachaillí na Bóinne
A shiubhaileadh an ród so ar gach taoibh dhíom,
Acht ní'l suim aca ann mo ghlórthaibh
Ná ann mo cheoltaibh beaga díomhaoin'.
Go mbudh slán do Bhaile Órrthaidh
'S do na hógánaibh a bhí saoitheamhail
'Siad a bhéarfadh deoch le n-ól damh
'S cár sport leó mé bheith i bpríosun.


L. 60


Is a éin bhig atá éadtrom,
Ná géill do shléibhtibh ná do mhínleach
Ná don tsneachta i mbarr na ngéagaibh
Má bhíonn se'n d'éadan dá shíobadh
Go n-ársachaidh tú mo sgéal-sa
I n-éinfheacht no os ísioll
Do Bheartaman na féile
Nó do Raghailleach Bhaile Mhíleis.



Nach mb'fhéidir ann do shiubhal-sa
Go gcasadh Barney annsa' tslighe leat,
Agus aithris fear mar chách dó
Go bhfuil me fa láimh is mé i bpríosun.
Uch! a éin bhig, goir na gártha
'S ná leig mo bhás a bheith os ísioll,
'S muna dtiucfaidh Raghailligh do mo thárrtháil
'S mó a náirigheacht ná a dhíoghbháil.



'Sé an ní d'fháig mise éadtrom
Mar chaill mé pléisiur na hóige,
'S mo ghaoltaibh lic gur thréig me
Is me i ngéibhionn a chois Bóinne.
Beir na mílte beannacht uam-sa
Síos go Baile Órrthaidh,
Mar a bhfuil Síle ar ársaighe sgéal dóibh,
Is tiucfaidh Raghailligh 's bhéaraidh leó mé.


L. 61


Mo chleamhnas dá ndéantaoi
Le inghean ríogh na Gréige,
Acht mo annsacht cois-íseal
Is aige Brighidín a bhéadh se.
Níor bh'fhada liom tógbháil cíosa
Ar thaltaibh aoibhne glana aerach'
Nó ag ól sláinte mo Bhrighid bheag
Le fíoruisge an tsléibhe.



Dá mbeith 'fhios ag mo cháirde
Go bhfuilim spárrtha gan chaoineas,
Badh ghearr go bhfuighinn tárrtháil
Le seinm chláirsighe agus aoibhneas;
Thiocfadh Ó Raghailligh gan spás chugam
Is a lán de chlannaibh Mhílidh,
Is ní dhúntaidhe mise i gclárthaibh
Ar ghráin na gcoigcrícheach.



B 1755ob 18L
U Fiachra Mac Brádaigh
AISLING FHIACHRA MHIC BRÁDAIGH.



É féin cct.



Chonnairc mé aisling ar mo leabaidh mar atchífinn bean,
Is ariamh ní fhaca mé a samhail ins an tír ar fad:
Ag síth Dhruim Shaileach a casadh damh a gnaoi 's a dreach,
Mar a mbíodh a macnas ag cailíníbh na tíre seal.


L. 62


Bhí me ar meisge is mé ag tilleadh ó thigh an óil ag teacht,
Gur buaileadh chum an liosa me 's gan duine ar bith beó 'mo ghar;
Luath me mo chosa mar shaoil me nach ndéanainn stad,
Go dtéidhinn 'na bhaile nó go bhfanainn ag mo chéile seal.



Tráth thainic me 'na doruis mar shaoil me gur bh'é mo theach,
d'iarr me solus a lasadh nó go dtéidhinn-se féin isteach;
d'éirigh an ainnir budh gheanamhla sgéimh is tlacht,
Is bhí lóchrann aicí dhéanadh solus mar ghréin, dar leat.



Do shaoil me a seachnadh, mar d'aithin me gur siabhra sídhe,
Gach ní dá bhfacas i n-a haice 's a gléas mar bhí:
Bhí buird dá bhfolach ar hallaíbh breagha glégheala a tighe,
Agus cuacha ar sgabhail ag an gcailín is rogha gach bídh.



Tháinic sí chum an doruis mar rabh mise gan chéill gan bhrígh,
Le méad na heagla bhí orm roimpí tré chrádh na hoidh'e,


L. 63


Is dubhairt sí gur mheiteach damh teitheamh go bráth ó mhnaoi,
Is rug ar ghreim ghlaice me go rabhamar i lár an tighe.



Chuir sí i n-a caithir me i n-aice léi féin 'mo shuidhe,
Is thug sí póg bhlasta dhamh le'r mealladh go léir mo chroidhe;
Thug sí corn chugam budh samhalta le séad an ríogh,
Is bhí se lán meala budh bhlasta 'ná'n siúcra buidhe.



An tráth do bhlas mé é níor bh'fhada liom lá ná oidh'e,
Acht a bheith dá breathnughadh le deise 's le breághacht a dlaoigh:
Smuaininn tamall gur bh' í Helen í le'r fáigeadh an Traoi,
'S arís do mheasainn gur bh' aingeal as Párrthas í.



Acht thug sí dhamh gealladh thug meisneach dhamh 's thóig mo chroidhe
Go dtréigfeadh sí an (teach) sin 's go rachadh liom féin mar mhnaoi:
d'éirigh sí 'na seasamh gur chruinnigh sí séada an tighe,
Is chuir sí i n-i mála iad a bhí agam ar mo ghualainn chlí.


L. 64


Thug sí ór frasach léi a bhéidheadh againn ar bhórd gach ríogh,
'S gach áit a rachamuis le a thabhairt d'aois ceoil gach crích';
d'iarr sí orm casadh ann gach conair i n-a ngeobhadh sí,
'S go dtiubhradh sí amharc damh ar a caraid, gach áit a mbíd.



Ní raibh sliabh nó carraig i n-a mbíodh tathaighe ag na slóightibh sídhe
Nach rabhamar tamall ann sul fa dtainic acht trian na hoidh'e:
Bhámar i Sliabh gCallainn, i gCnoc Almhan 's ar Shléibhtibh an
Ríogh,
Is thiar i nGaillimh, i gCluain Meala, 's ar an gCruaich 'ar
suidhe.



Chuamar go Caiseal, go Cnoc Aiste, 's go Nás na ríogh,
Go Stuagh Laighean tamall, 's go Céidín Ua Máil a (shuidhe)
Ar (iomdhaidh) chaoin chailce, is ba heagartha cóirigheadh í,
Mar a bhfuair mé cead teannadh le hainnir an órfhuilt bhuidhe.



Chuamar go Manainn go tigh Mhanair, 's go Cromadh na crích',
'S go Céidín Conair mar a bhfacamar na gréasa sídhe;


L. 65


Thangamar go hEamhain a chois Banna 's do'n Éirne thíos,
Is bhíomar sa mbaile sul fa ndeachaidh na héin a ghlaoidh.



Tráth thangamar do'n dorus mar a rabhamar i dtús na hoidh'e,
Do chuir sí liom beannacht 's do chuaidh sí 'mo dhéidh a chaoidh,
Acht dubhairt sí, dá mbadh toil liom casadh léi go bráth arís,
Go mbeith sí 'mo choinne ag an lios sin i gcúl na crích'.



Acht chuaidh sí as m'amharc go ndeachaidh sí i ndáil do'n tsíth,
'S nach truagh libh an dealughadh bhí eadar me féin is í?
Uch! mo mhíle beannacht léi - is fada liom an lá dá díth!
Is ní fhaca me amharc ó shoin ille ar ghrádh mo chroidhe.



Ní dhearna sí dolaidh dhamh, acht 'mo tharraing gach áird de'n tír,
Is d'fháig sí sa mbaile me ar mo leabaidh go sáimh 'mo luighe!
Ní'l mo dhúil feasta go bhfeicid go bráth í arís,
Is stadfaid de'n aiste, 's cha sgríobhaim níos mó go hoidh'e,
Acht bíodh fhios agaibh, an aisling sin a thráchtaim dhíbh,
Gurab as a chodladh thug Fiachra Mac Brádaigh a brígh.


L. 66


B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin
GO MBUDH SLÁN D'FHEARAIBH LAIGHION.



Uilliam Buidhe Mhac Giolla Ciaráin cct.



Go mbudh slán d'fhearaibh Laighion, budh seighiseach greannmhar
a nglór;
Go mbudh slán do na smaolaigh, 's na héanlaith bhí againn ag Bóinn;
O thánaig me 'un a' tsléibhe, 'sé an pléisiur bhíos aca gach neóin,
An chorr ghlas is an adharclog ag éirghe do churraigh 's do mhóin.



Cha n-fheiciom-sa an t-iasg ar léim ná an an bradán sa tsnámh,
Ní fheiciom ná na caoraigh a' méilthigh ar na machairíbh bán,
Eachraidh dhá dtréineail i ndiaidh gadhar 'dol trasna na bhfál,
Poitrisg ná tradhan, ach' éan gob fada 'na n-áit.



Cha n-fheiciom-sa na hubhlaí 'na gcúplaíbh ar na crannaibh ná i
mbláth,
Ní fheiciom ná na plúmaí, mar nár dhúthchas dóibh a theacht ann
bhur n-áit,
Meacainí ná rútaí ná nuaidheacht ar bith 'teacht i láthair,
Acht ag teacht mí na Lughnasa crúsach a bhainfidhe le spáid.


L. 67


Cha n-fheiciom an fheoil 'na spóllaíbh anns na stallaíbh dhá díol,
Cha n-fheiciom an eórna 'na scóraibh ná an chruinneachta mhaol,
Gas pise ná pónair, mar nach dúthchas dóibh a theacht ann bhur dtír,
Ná na buachaillí óga Dia Dómhnaigh 'dol i n-aice na dighe.



Cha n-fheiciom na stácaí gan bheárnadh ann bhur n-agart fá Fheil
Eoin,
Cha n-fheiciom ná na pátruin mar 'a ghnáthach a bheith againn ag
Bóinn,
Cha n-fheiciom ná mo cháirde dom fháiltiughadh isteach go
toigh an óil,
Ná aon a dhéanfadh dáimh liom acht Dáibhidh O Maidín is Eoghan.



Cha n-fheiciom na Raghailligh go haerach ar na hallaíbh ag ól,
Ná an ghasraidh ghlan Ghaedhealach a dhéanadh pléisiur againn ag
Bóinn.
Tá me faoi léan sa taobh so o sgar mise leó,
Acht rachaidh mé dá bhféachaint, má fhéadaim, a' teacht na Féil'
Eóin.


L. 68


B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
DÚITHCHE CHRÉAMHAOIN NÓ GRIANÁN BHAILE UÍ CHEALLAIGH.



Séamus Mhac Cuarta cct.



Is ag an mBóinn do ghlacas gleódh, tráth sgar mé le fód
Chréamhaoin,
Fearann tórrthach an Bharúin Leomhain, i n-aice an óird
Ghaedhealaigh;
Toirbhir dóibh beannacht fós, má's do bheó Réadhmonn,
Deich gcéad scór, is gan a bheith i gcór, i gcoinne gach óg-
mhaighdion.



I gCréamhaoin thíos atá 'mo dhiaidh amharc séimh fásaigh,
Radharc réidh coilleadh 's féir agus uisge tréan támhaill;
Tá teas on ngréin, tuilte on Éirnne agus breic ar léim a snámha,
Meidhir ghéar chon is gadhar i dtús gach lae ar árd ann.



Rachad suas, glacam gruaim, i n-aice an chuain chéadfaidh,
Fiche sluagh do bheannacht uaim i bhfearann nuadh Chréamhaoin;
Is iomdha buaidhreadh ortha 's gruaim, o sgar mo chuairt féin léi:
Bíonn rabhairt ruag ar labhairt cuach, agus ceileabhar uaisle ag
éanlaith.


L. 69


Is iomdha seód annsa' gCloich Nuadh ag an mbarún óg cráibhtheach,
Ní lia ná ceól a sheinnfear dóibh is imirt mheoir ar chlársaigh,
Deich gcéad córnn suidhte ar bórd, líonta de bheóir Spáinneach,
Togha gach seort sack le n-ól a shilfeas leó is fáilte.



Beir beannacht uaim go hÁth an Uisge Fhuair, mar a
bhfuil na mná uaisle is féile,
Céad slán don uair ar ghnáth mo chuairt faoi áltáin
uaigneach' Chréamhaoin;
O d'árduighios uabh fán nGálldacht suas, mo cháirde
buan gur thréig mé;
Bíom lán den ngruaim, 'mo sháimh 's 'mo shuan, 's mé
cráite buaidhirthidh tréithlag.



An uimhir éisg an bharúin tséimh, is i Loch na Séad atá sé,
Mar a bhfuil na céadtha d'ealaíbh glégeal' ar an abhainn
is iad ag snámha;
Ceileabhar éan i mbarraibh géag agus duilleabhar go tréan
ag fás ann.
Nach truagh don té tá 'sgarmhaint léi, 's go bhfuighinn-se
féin an tsláinte ann?


L. 70


Is iomdha búr i gConntae Lughbhaidh nach seasann clú do chéile,
A dhruidfeadh a súile go daingion dlúth, nuair a chífeadh
siad chuca mo leithid-se;
Ní mar súd a cleachtadh damh-sa nuair a bhí me i ndúithche
Chréamhaoin,
Acht ól gan diúltadh ar hallaíbh cúnra, agus clársach chiuin ar
théadaibh.



'Sí dúithche na fáilte, dúithche na sláinte í, dúithche nach
ndeárna díoghbháil;
'Sí an dúithche is feárr anns na cúigíbh Gállda, dúithche
shálmhar shíolmhar;
Dúithche na ndán, 's dúil le n-a fagháil, dúithche nach dtárlann
fiabhrán -
Nach dubh-chroidheach atáim, faoi smúid gach lá, fán dún
agus áille an ghrianáin.



Is binn guth loin os cionn na huaimhe i gcoilltibh cnudh na
n-éanlaith,
'S nach bhfuil ponc den gceól nach seinnfear leó ar
bhrainnsíbh óga an ghrianáin;
Budh grinn a nglór i gceann gach neóin 's ní buan mo bheó dá
bhféagmhuis
Ag burraibh na Bóinne go cinnte i mbrón, 's mé
líonta deórfaidh i bhfiabhrán.


L. 71


Ar mo thriall chum an dúin 's chum an ghárrdha nuadh,
mar 'bhfuighmuis áirní dubha 'gus sceach-chaoraí,
Measa cúnra ar chrannaibh dlútha, agus mil go ciuin ar chuiseogaibh;
Loin gan smúid a' seinm dúinn i dtús gach lae ar muchóirighe -
Tá Ált na n-Uan, mo chrádh 's mo chumhaidh! faoi choirce dlúth
ag sgológaibh.



B 1766ob 18L
U Uilliam Buidhe Mac Giolla Chiaráin
GÉAG RÁTH hÁRLUIN.



Uilliam Mac Mhaoil Chiaráin (Mac Giolla Ciaráin) cct.



'Sé mo chreach is mo léan ar achtaibh Mheic Dé
Nach i gceann na n-ocht mbliadhan déag do thárluigheas,
Agus fearanntaibh saora bheith agam faoi thréadaibh
I bhfochair a chéile ar árdaibh;
Cúirt shneachta ghléal bheith agam faoi léagsa
Ar an chnocán ab' aeraighe 's b'áille;
Helen is Déirdre is fogham iad araon,
Ba mhó annsa liom géag Ráth hÁrluin.



Tá abhallghoirt na sgéimhe ag plúr sgoith na nGaedheal
Le gur thuit siad na céadtha i ngrádh léi,
'Bhfuil a súil ghlas gan chlaonadh mar dhriúcht maidne ar fhéar,
'S a cúilín deas péacach fáinneach;


L. 72


Is binne guth a béil ioná ceileabhar na n-éan
'S iad ag labhairt ar laethibh na Cásga,
'S nár bh'ionmhuin don té gan eallach gan spré
Dár chineamhain géag Ráth hÁrluin.



Ní'l barún ná méire do chluinfeadh mo sgéal
O Theamhair go sléibhtibh Mháille
Nach dtabhairfeadh an chéim do Mhalaigh na gcraobh
'S gurab aicí tá sgéimh na háille;
'Sí an leanabán séimh is modhamhla méin;
'Sí is geanamhla géag is gáire;
Rachadh sgafairí dh'éag muna mblasfadh a béal
Nó cead imtheacht le géag na bhfáinneadh.



Níor fhiafruigh sibh fós ar chloistean mo cheóil
Cia an ainnir dheas mhodhmhar a thrachtaim,
'Bhfuil feaghair an rósa fá imeall a beóil
Is deirge fá dhó 'ná 'n sgárloid:
Ní'l aon ógánach óg a bhlasfadh a póg
Le nár mhillse 'ná tórrthaibh gáirlin;
'Sé is ainm don tseóid inghean Mhicheail Uí Ghabhann,
Réalt sholuis gan smúid Ráth hÁrluin.



B 1756ob 18L
U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
BEATHA CHATHAIL BHUIDHE MHIC GHIOLLA GHUNNAIBH.



É féin ro chan.



Is beag cladha, gárrdha, fáil nó forsaidh,
Ariamh a rinne me re haoibh;
Is beag orm crábhadh, tráth nó paidreach' -
I n-aimsir trosgaidh is mó ním craos.


L. 73


Níor thiobas mo lámh 'n-aon chás uadh osgar;
Thógfainn troid agus dhéanfainn bruighin;
d'imreochainn cárda, cháinfinn, sgolfainn;
Sin agaibh oibre thús mo shaoghal.



Is meanmnach, súgach, lúthmhar, cliste
A dhoirtinn-se fuisgidh in mo sgóig;
B'ait liom rúsgadh, dúsgadh meisge,
Ag tabhairt mo chisde do mhnaoi an óil.
Chuirfinn lúib, cluain is gaisde,
Is dhéanfainn siolla bréag go leór;
'S má shaoileann sibh-se gur tréas nó coir sin,
Gheobha sibh tuilleadh de mo sgéal go fóill.



B'ionmhain liom féin an spéirbhean bhreasnaidh
Bhéilbhinn shocair budh mhilse póg;
B'ait liom féin a bheith 'gá mealladh
d'éis a geallaimh uair nó dhó:
Ní chreidfinn on chléir gur bh'éifeacht peacaidh
Mná na bhfear a chlaoidheadh le póig,
Acht anois, faraor! tá mo shaoghal-sa caithte,
'S is mian liom stad agus léigean dóibh.



Bhí mise aréir ag suirghidh le cailín,
'S budh bheag mo spéis a bheith 'na dáil,
'S nuair a shaoileas féin a bheith 'gá mealladh
Thuit an paidirín as mo láimh:
Bhris mé ar fhortun mhíle cailín
'S mé ag dul le hearradh go Loch gCál, -
'S nach truagh don té fuair léigheann an tsagairt
Is thréig a chreideamh mar gheall ar mhnáibh!


L. 74


B 1824ls 19T
U Anaithnid
CATHAL MAC AOIDH.



(Gadaidhe nó robaire bhí ionn.)



A chuisle 's a stór, 's a chos deas i mbróig,
'S a ghrádh na mban óg is áille dlaoigh,
Ní'l a'n chaiptín o Bhóinn go Doire na seól
A sgapfadh an t-ór le Cathal Mhac Aoidh.



Suidhfidh sé ar bórd, is dhéana sé ceól,
Is sgaoilfidh sé ór go leór ar a' tsaoghal:
Tá a chloidheamh ann a ghlaic, 's é 'síor-dhéanadh creach,
'S tá'n réim sin gan stad le Cathal Mhac Aoidh.



A Rígh fhlaitheamhnais Dé, bheir solus sa ngréin,
Go sábhlaidh Tú mé ar thubaiste an tsaoghail,
'S nach bhfuil uirid an éin dá bhfosglann a bhéal
Nach n-abrann liom féin go ngoidfinn a' saoghal.



Thug siad a mbréag - ní gadaidhe mé féin,
Ar son mé bheith éadtrom arroideach baoth;
'S dá mbainfinn luach éadaigh de bhodaigh an Bhéarla,
Cé bhéadh 'na dhéidh ar Chathal Mhac Aoidh?



Dá bhfeicfeá-sa Sánuigh, bodach an sgála,
A spúnóg 'na láimh, 's é 'slugadh 'chuid bídh,
Is mise ar mo shámhas amuigh anns a' stábla,
An geillín is fearr le Cathal 'sa srian.



'Sé Uilliam Piarus an giosdaire fiata,
Agus Allus an aibhiorsóir aige mar mhnaoi:
Is aoibhinn 's is cródha a gheobhainn-se an t-eólus
Ar fud a chuid bó, da'r dhorcha an oidhch'.


L. 75


Tá mo ghaol le Ó Néill, 's le Maguidhir ón Sgéith,
'S gach uaisle dá mhéad dá dtig liom a rádh:
Raghailligh is Ruarcaigh, Mathghamhnaigh 's Búrcaigh -
Gealach na gcuantaidh Cathal Mhac Aoidh.



B 1900c 19
U Anaithnid
BACACH NA PLÉIDE.



"A bhean a' toighe chléibh, teana déirc ar a' mbocht atá lom,
I n-onóir Mhic Dé le séan a chur ar do chlainn."
"A bhacaigh na pléide, léig do do radaireacht liom;
Bhí do bhean innseo 'ndé, 's tá tú féin indiu ar a bonn!"



"A chaile chaoin chléibh, bréag ná samhail sin liom;
Chan mar gheall ar do dhéirce thréigfinn mo bhean is mo chlann -
Tá sé 'locht orm féin, tá mo léanaidh dubh ar mo dhruim,
'S tá sé seacht mbliadhna déag ó d'éag sí cuisle mo chuim.



Dhá bhfuighinn-se cailín beag caoin bhéidheadh 'na suidhe
ag n-a roithleán sa lá,
'S a mamaidh ar an aonach ag díol a duisín beag snáth,


L. 76


Shuidhfinn le n-a taoibh agus shlíocfainn a brollach geal bán,
'S níor bh'fhada go bhfuighinn cloch lín 's na pocaí bheith lán.



Is bacach bocht mise, gheobhainn olainn is ait' liom ná í,
'S bíonn mo chíos díolta nuair a leagaim mo phocaí san oidh'e;
Stadfaidh mé den obair is gheobha me pól fada in mo láimh,
'S go muileann Ráth' Seideáin a rachas me 'sheilg ar mhnáibh.



Go Cúig' Uladh má théidhim-se béidh sean-chuilt ar mo dhruim;
Béidh póca 'gus céad, agus béal stoca croithte ar mo cheann;
Béidh na naoi mála dhéag ar thaoibh mo chruite 's mo chuim,
'S 'teacht deireadh gach séasun béidh cloch olna liom cruinn.



Thig ceó ar a' tsliabh seo thiar go moch ins a' lá,
'S an iomad den iasg le bliadhain ar Aillinn? ag snámh;


L. 77


Tá an seanduine liath 's a thriall a bhaile 'na mhná
Agus ainnir na gciabh faoi chian ag an mbuachaillín bán.



Thall ins a' Spáinn atá a lán de na bloid atá binn,
'S aige geataí an tSratha Báin tá bái'ríoghan 'na codladh, 'ar liom;
Tá a lán de mhnáibh mánla dheanfadh spórt, aiteas is greann
Ach' amháin eagla roimhe sáintí, bhearainn sgrám? ar mo
chailín sa ghleann.



'S os coinne na ndaoiní 'sé bhíom-sa 'mo bhathlach sa lá,
'S o shoin go dtí an oidhche is lúthmhar licthidh mo lámh;
Ar droichead gach aonach 'sé bhíom-sa 's mo hata in mo láimh,
'S ar uair a' mheadhoin oidhche bíom-sa (ag codladh mo tháimh).



Ceannacha me rópa ró-bhreagh fighte den gcnáib,
A mbéidh a cheann in mo dhórn agus mór-chuid de aici 'na láimh,
Ar cheasta go mbéadh sin stróinse ar misge fon gclár
A bhearadh sin póg nó dhó cois n-fhios do mo ghrádh."


L. 78


B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
COMHAIRLE SHÉAMUIS MHIC CUARTA DO BHEITIGH NÍ MHARCAIGH, BEAN
LEANNA.



É féin cct.



Racha me go Druim Bile 's béidh bonn beag le n'ól liom,
Mar a bhfuil mac na muirne a bhí pronntach i dtús óige,
Toirdhealbhach is donn dreach a bhfuil comport ann a cheóltaibh
De mhianach na sonn-fhlath a chuirfeadh oll-chath ar chóigíbh.



A dhuine théid go Druim Bile, beir compáin ró-mhór leat
De ríoguinibh lomnochta i bhfoirm sneachta ar bóchna,
Gan do dhíon umpa acht a ndonn-fholt 's a mbonntroighthe i ndóibe -
Is ag Beitigh bhíos mo chonnlán go hiomlán ar ósta.



A Bheitigh chiuin chéillidh na séimh-rosg is mórdha,
Cumhdaigh do chuid maighdean nó béidh Réadhmonn dá bpógadh,
Toirdhealbhach le n-a bhéarsaíbh 's na tréarrtha bhí ag Óvid
'S a inghean Mharcaigh an réidh-chroidhe, ná léig éigniughadh na
n-ógbhan.


L. 79


Tiocfaidh Pádraic leó a shuirighe, mac Aodh' mhic Ghiolla
Domhnaigh;
Is cúis bháis do gach inghean díobh a theacht saor gan a bpógadh;
Béidh Orpheus agus Naois leis ag cur siansa ann a mheoiribh,
Erasmus agus Cíceró, Terpsícore is Caliópé.



Tiocfaidh Séamus nach bhfuil gruama is béidh suairce gach ceóil
leis;
Is binne ná na cuacha gach fuaim ó n-a bheól-san:
Béidh pastime gach uair leis mar bhuachaill Octóber,
'S muna seasa tú chum buailte, béidh an cluanaidhe dá bpógadh.



Tiocfaidh Somhairle dá bhféachain, mac Éadbhuirt mhic Sheórsa,
Agus pronnfaidh ortha féirín, 's béidh na maighdeana ag ól leis,
Acht coimhéad nach dtiubhradh éigean ar an géagaibh gan phósadh,
'S a Bheitigh, ná léig éagcóir ar na déagh-mhnáibh gan chótaí.



Tiocfaidh Beirnigh na coilleadh cuachaighe ar cuairt is béidh
Pól leó,
Fir Oirthior 'na sluaightibh is cuid d'uaislibh Thír Eoghain leó;


L. 80


Béidh céad fear ó Chuaile ann is seabhac uaibhreach na Bóinne,
'S acht muna gcoingbheachaidh Beitigh uabhtha iad, béidh na
suairc-mhná dá gcórughadh.



Tiocfaidh an Dochtuir Mhac Cíomhair is dísleacht na n-óigfhear,
Is bhearfaidh balsam mar íce do gach mnaoi dhíobh le sólás;
Acht a Bheitigh, ná taobh leis ar mhíle ponta óir iad
Nó meallfaidh le n-a chaoineas gach naoidhe ghlan den gcóip sin.



Tiocfaidh tréan-fhear dá bhfuasgailt, mac suairc atá eólach,
Fréamh cheart den uaisle darab dual flaitheas Cóbhthaigh;
Gidh go bpronnfadh do na sluaightibh maitheas fuar-chlár na Fódla,
'S a Bheitigh, ná taobh i n-uaigneas leis uair oidhche nó ló iad.



Is fada mé gan ghuaillidhe, 's ní'l fuasgailt níos mó agam,
'S go bhfuil treise mo dhá ghualann i n-uaighe chois na Bóinne;
B'fhurus damh dol ar buailidh, dá mbéadh Ruaidhrí 's Brian óg
liom,
Mo chéad crádh, mo chruaidh-chás, mo luath-bhás 's mo dheóra!


L. 81


Is iad so do-ní mo bhuaidhreadh agus fuadach Néill óig uaim,
Cuid mhór dem shuailce bhainfeadh ualach den mbrón díom,
Acht ó chuireas cúl dá gcuailleacht, mo ghruaim géar 's mo
dhócamhal!
Seacht mbeannacht leó go Luan bhráith go buan-chathair na glóire.



Aguisín.



A fhir a théid go Drom Bile, bíodh compáin ro-mhór leat
Do ríoghuinibh-se lomnocht 's a ndonn-fhuilt gan chórughadh;
Gach naoidhe dhíobh is rinn-bhlas na mbinn-bheach ar a bpógaibh:
Is aige Beitigh bhí mo chonnlán go hiomlán ar ósta.



B 1851 19L
U Aodh Mac Domhnaill
AGALLAMH IDIR AODH MHAC DOMHNAILL AGUS NA NAOI MNÁ DEASA PHARNASSUS.



Aodh:



Agraim is guidhim na naoi mná uaisle
A bhéidheadh ann mo dháil do ghnáth ag comhluadar -
Nach tuirseach 'na ndéidh me, tréithlag buaidhirthidh
Ag ceileabhar liom féin ó thréig na duain me? -
A theacht chugam arís, má's mian leó m'fhuasgailt
Anois o na braigheadaibh daora cruaidhe
A cheangail an chléir 's gan réidhteach uath-san
Nó go dtiucfaidh an t-éag 's go dtéighim san uaighe.


L. 82


Na Naoi Mná Deasa:



Sguir feasda do phléid, 's ná buaidhir ar gcluasa
O's tusa thú féin a thréig ar gcomhluadar!
Dá bhfanfhá go foighideach 's gan éalódh uainne
Is gan gabhail le céile a roghain ar uaisle
Ní bheitheá leat féin 'do chlaedhire ar uaigneas
Gan siolla ná bhéarsa, gan sgéal, gan suarcas,
Gan cumann le mná do ghnáth mar dhual duit,
Acht ceangailte go bráth do chránaigh ghruama.



Aodh:



Dá saoilfinn gur thréas 'bhur n-aghaidh nó uabhar
Gabhail le spéirbhean bhéasach stuama
Ní dhéanfainn a léithid ar chéadaibh buailidh
Nó a bhfuil o Ráith Mhéadhbha go taobh Shliabh Luachra
Nó a raibh ag Croesus de shéadaibh buaidheach,
Acht mar a fáigeadh mé am aonar tréithlag suaite
Gan duine ar an tsaoghal a théagradh ann mo shuan mé,
Nó nighfeadh mo léine dá mbéidheadh sí mar ghual dubh.



Na Naoi Mná Deasa:



Ní ghlacfamaoid feasta leithsgéal uait-se,
Acht imthigh mar gheilt o dheas ná thuaidh uainn
Go Tobar Eóin Baiste 's 'na hEasa Ruaidhe,
Go Cruachain Mhéadhbha mar a mbéidheadh na sluaighte
De churaidhibh tréana i mbéal gach ruathar,
Mar a bhfuighe tú sgéala on néamhaoin uasail
Is fiosach dhuit féin a bhéidheadh dá luadh leat,
Acht o rinne tú a háthrach, thug sí gráin is fuath dhuit.


L. 83


Aodh:
Dá labhairfedh sibh léithe go céillidh stuama
Is a guidhe go géar fá théagradh uaire
A dhéanamh liom féin a chois sléibhe ar uaigneas
Go n-aithrisinn sgéal gan bhréig gan chluain di
Mar a d'imthigh gach sgéimh, gach léighionn 's gach buaidh uaim,
Frasa na Gaoidheilge, bhéarsaí is duanaibh,
Staraidhibh is éigse thréig mo chomhluadar,
'S muna dtiucfaidh sí arís 's mé díth gach truaighe.



Na Naoi Mná Deasa:
Sin buachallán buidhe, agus eírghe suas air,
Is ceangail mar shrian air trí bruibh luachra;
Tabhair leigean le gaoith go faobhrach luaimneach,
'S ná déana sgíth, acht spíonuigh 's cuartuigh
Gach lios agus ráth on tSliabh Bán go Cuaile,
Go Lios Cúl Buidhe is go dtí Dún Uabhair,
Ó Chaisiol go Clúineis is Dún na Ruaidhe,
'S ná déan comhnuidhe nó sgíth go bhfuighe tú a tuairisg.



Na Naoi Mná Deasa:
Acht so dhuit-se ann do dhórnn chórnn buaidheach
A bheir neart agus brígh do dhaoinibh suarach'.
Do stéad má bhíonn claoite, cuir braon de ann a chluasaibh -
Ná cuir spur ann a thaoibh 's a choidhche ná buail e.


L. 84


As tobar na Naoi 'sé líonadh an chuach so,
Is do thuras má chríochnuighir ní bhéidir gan chuallaidh
A bhearas duit eolus ceóltaidh is duantaidh,
Meadhair is spórt ar bhóithribh cruaidhe.



Aodh:
Thug me leigean don mbeáthach, le fánaidh 'nuas linn;
Go sruth na mban sídhe go díreach a chuaidh sinn,
Mar a raibh mé trí hoidhche gan sgíth gan suan ann
I gcumann na mná dar ghnáthach liom comhluadar
'S dá dtug mé mo ghrádh dhí a bhárr ar shluaighte.
Cha sgaraim go bráth do mo stáid bheag chluainteach
Go dtiucfaidh an bás is go bhfáigthear san uaigh mé
'S go gcaithfear ar mo chlár-sa lán trí sluaiste.



Aodh:
Ní sguirim do ghnáth go bráth, má's buan damh,
O mholadh na mná a thug tárrtháil is fuasgailt
Do dhuine mar tá mé, a bhí cráidhte buadharthaidh
Gan sonas gan ádh gach lá dá cruadh-ghol,
Acht ghlac sí mo pháirt le grádh 's le truaighe
Is chuir sí 'mo shuidhe mé ar chaol-each luaimneach
Go bhfuair mé mo mhian, mo naoidhe bheag shuaimhneach
A d'aisioc mo bhrígh is sgaoil gach duadh dhíom.


L. 85


B 1756ob 18L
U Cathal Buí Mac Giolla Gunna
TUIREADH PHILIB MHIC GHIOLLA GHUNNA.
Cathal Buidhe Mhac Ghiolla Ghunna cct.



Dá mbeinn-se i mullaigh nó i mbailte mar mhian liom
'Sé Philib na gcumann Mac Iol Ghunna do chaoinfinn,
Ó bhudh é an gleacaidhe é a bhain urraim as mílte:
Is é dhéanadh an chreach is nach gcasadh a choidh'e í.
Is óm bó.



Bhí sé saoitheamhail croidheamhail láidir,
Is thug sé creach leis ua Shléibhte Cháirlinn:
Is iomdha cearc mhaith agus cábun
A thug sé leis agus chreach sé páistí.
Is óm bó.



Níor fháig sé cuasán o Bhóinn go hÁrainn
Dá raibh pluideog díorfaigh nó cideog páiste ann,
Céimhinn caillighe nó sean-choc lása
Nachar chruinnigh an gruagach ann a mhála.
Is óm bó.



Is iomdha measgán maiseach mín-ghlan,
Is mála mine ar dhingeadh mná tíre,
Pucán barraigh agus sacán sníghte
A gheabhthaidhe i mbrathaibh mo ghleacaidhe a' gaoirfigh.
Is óm bó.



Is iomdha caora gheabhthaidhe ann a phota,
Sin 's dhá ghabhar bheirfeadh cabhair do bhochtaibh,
Lámhth'radh an tsaoghail de líon 's de dh'olainn
Amuigh anns na díogthacha nó faoi na clocha.
Is óm bó.


L. 86


Is iomdha cró ar a thóin a bhris sé
Is manga mór de dh'eorna ghoid sé:
Níor bh'fheárr leis stór an tighearna glinne
Ná cuid an deoraidhe budh mhó san gcruinne.
Is óm bó.



Ní bhéadh se 'dréim le lucht sgléip' nó uaisle;
A thug sé a n-éadáil ó dhaoinibh suaite;
Níor bh'fheárr leis saidhbhreas Mhéadhbha Chruachain
Ná sean-cheap gréasaidhe nó clagann sluaiste.
Is óm bó.



Ghoid sé móin fá Fhéil Eóin 's potátaí
Sgian o bhúisteoir is fiú na dtáirngí,
An ugh on gcuirr, dar ní! gur dhual sin,
Is thug sé an t-éilín on nglasóig bhuaileadh.
Is óm bó.



An ní amháin a d'fháig mise cráite,
Sul fa'r ghabh an t-éag é, nach raibh mé láimh leis
Nó go ndéanfainn iris leis seal ar uaigneas,
'S go bhfuighinn-se sgéala na tíre thuas uadh.
Is óm bó.



B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
Barún Bhaile Sláinghe.



Séamus Mac Cuarta cct.



Fonn - Peigidh Núinsiunn.



Tá sé 'teacht air sáile, an t-óigfhear Barún Shláinghe,
Agus órdughadh leis on mbáinrioghain chum sásamh na nGaedheal:


L. 87


Tá cnodha na coilleadh 'fás leis is tórtha ar chrannaibh gáirlín,
'S an Bhóinn ag réabadh a cártha le bláth beannuigh'e an éisg.



Tá'n t-ór dá chur 'na mhámaibh ag teoirinnte Bhail' Shláinghe
Agus tórradh ban is páistí dá chárnadh le gréin;
Tá na slóighte ag éirghe 'n-áirde ann ag ól 's ag léigion lámhaigh
Fán leómhan a léigion slán dóibh, an bráthair ceart Uí Néill.



Tá flíte longa láidir ag teacht chuige thair sáile;
Agus caiptíní dá ngárdáil faoi n-a n-árd-bhrataigh shéimh;
Tá coraibh cogaidh clársaighe, trompaí agus orgáin,
Delivers agus mársáil chum fáiltiughadh dhó féin.



Is feáirrde an tír a ngéilleann don mBarún Máighisdir Fléimionn,
'S gach uaisle fuil dá léightear go réim rolla a n-áigh;
Cá fuil seisear ríogh is céad go ceart i dtaobh Uí Néill ann,
Clann nDómhnaill thríd n-a chéile 's gach taobh dhá ngeabhann
a bpáirt.


L. 88


Ní'l sin fuil dá uaisleacht anns an impridheacht ná i dTuadh-
Mhumhain
Anns na taltaibh thort is cuairtigh, 's go bruach Thír an Óir,
Nach bhfuil brainnse ar lasadh suas anns an mbarún barramhail uasal,
Thríd n-a leaca dhearg ghruaidh-dhaithte is buan innte an rós.



Síol Mhórdha bhuaidh na mbéimionn bheireadh ór is fíon do
chéadaibh,
Bhainfeadh ceart as ríghtibh Laighneach le géar-lanna lámh:
Budh chóir don laoch sin Éibhidh a bheith sturramhail croidheamhail
céillidh
'S go bhfuil rósa gaoil in' éadan agus céad a dh'fhearras bárr.




TUIREADH SHOMHAIRLE MHIC DHOMHNAILL.



Séamus Mhac Cuarta cct.



I nEachdhruim an áir atáid 'na gcomhnuidhe,
Taise na gcnámh ar lár gan chómhraidh,
Bheir greadadh na lámh ag mnáibh na Fódla,
Na leinbh gan áird 's na gártha ag deoraidhibh,
Tuilte ós árd gach tráth de dheoraibh,
'S a thulaigh, nach náir dhuit bás an leoghain-se
Le gur goineadh do dháil 's do pháirt-se leó-san
d'fholannaibh árda ó bhárr na hEorpa
Na curadhna ab' áille, 's ní áirmhighim slóighte,


L. 89


'S a chnuic nachar thárrthuigh do cháirde an ló sin,
Is mairg atá dod chátughadh i gcomhnuidhe.
Ní mar sin budh ghnáth (don gClár-sa Cóbhthaigh,
Gan seanadh, gan pháirt) do bhráithribh cródha
Acht ag beathughadh na námhad 's ag básughadh comharsainn,
Clann Chalbhín is Mháirtin lán do thórthaibh
'S na treabhanna d'fhás ón Spáinn ar fógradh,
Sliocht Galaimh dá gcrádh, mhic Bratha, mhic Breógain,
Gan sonas, gan ágh, gan áird, gan fhoghnamh;
Síol Éibhir an áigh, a thug bárr le fóghluim
Ar sinnsireacht cháich, ar áille, ar eolus;
Sliocht Íre do shásuigh 's do shlánuigh na ceolta,
Sgiath dhídean na ndámh i ngach gábhadh ar dhócamhal,
'S do shíneadh ar sáile go haítibh an chomhraic
Do dhíbirt na n-aitheach 's ag básughadh na bhfómhor;
Is Síol Éireamhoin ádhmhair, an t-árdmhac dob' óige,
Sé ríghte do bhláth an fhir-se i státa na coróna
Ó Mhílidh Easpáinne go bás an Ríogh Domhnaill;
Seacht bhfichid agus dhá cheathrar, ní áirmhighim rí cóigidh.
Atá 'fhiadhnaise ar fagháil i Leabhar Árdmhach' na ndomhnach
Gur don líne-se táirngeadh fuil árd-dhearg Shómhairle,
An ríoghraidh as clár ochta d'árdfhlaith Mhic Domhnaill,
Is ón ríogh-Cholla do shnámhfadh gan bháthadh tair bóchna
Do mhíleadhnaibh ba dána chum págánaigh do ró-luit.
Cár bh' iongnadh an té tháinig ón athair-se bheith cródha,
'S gurab faoi sin do gháireadh an Lia Fáil mar budh chóir di
Ag fíorughadh na fáidheachta bhí i dtáirngire dhó-san
Go líonfadh ina ghrádh-san gach cathair is gach cóigeadh?
Ní hé an laoch mear-sa chrádh bosa mná deasa Fódla


L. 90


Acht an saoith-chóirnneil sásta chuirfeadh an márcshluagh i
n-órdughadh,
A chuir biodhbha as a n-áitibh 's a ghárdaí dá dtreórughadh
Ar son iodhbairt na páise agus fhásgadh na gcórdaí
Agus maol-sgaith na dtáirngí chuaidh i lámhaibh an Chóimhdhe,
An Críosta do shlánuigh síol Ádhaimh as gach dócamhal,
Is Phítir do básuigheadh i n-árus na Rómha,
'S na bpianta fuair Párthalán sé rásuirí dá ródadh
('S gach naomh eile ar táirngeadh le rácaíbh a gcuid feóla)
Ar aon chreideamh Phádraig ag grádh Mhic na hÓighe.
Le fírinne dár náisiun 's ar shásamh na córa
Chuaidh an laoch-sa 's a ghárdaí comh dána le leomhan
Le dísle tre dhásacht i bpáirt a lucht eoluis
I n-aghaidh iorghail na námhad an lá sin dá leónadh
Nó gur briseadh ar an dá phártaigh dob' fheárr ins na slóghaibh
Is le faobhar tré náire fó sgánnradh na gcóigeadh
Chuaidh tríd an treas pártaigh dá n-árd-ghreadhaibh óga,
Mar Shamson re págánaigh nó mar Dháibhí le Gólias,
Mar Rolandus ághmhar nó mar Rághnall Dún Tóbain,
Mar Chúchulainn san Táin-se ar árd-ghoil na cródhacht',
Mar chlú Chonaill Chearnaigh fán mbás sin dá thóraidheacht,
Mar Aircilius an lá do thuit fathaigh na Cremóna,
San Eadáille do sáruigheadh Cing Cácus fán mbólacht,
Mar thriúr mac Priámus, Hector, Páris is Tróilus
Is mar sin do bhí bárr treise ar an láimh dheis ag an Chóirnneil
Nó gur briseadh ar an náisiun 's gur fhágsad a bpórtaí,
Cé gur bh'fhurus dó theacht slán tar éis báire nó dhó chur,


L. 91


Dá dtillfeadh mar chách eile le gárdaíbh na n-óig-each
'S gan fuireach ag cárnadh na Gálltacht' san gcómhrac
Is le líonmhaire na lámh-sa, mo chrádh! gur thuit Sómhairle
'S gach aon dá raibh a pháirt leis san ár sin Dia Dómhnaigh.
'Sé mo chian-sa mar fáigeadh do bhán-chneas gan chómhraidh
Gan na mílte do bhráithribh bheith i ngrádaibh dhá thórradh,
An Príomhfháidh ó Árdmhach' 's a lán de na hórdaibh,
Gach diadhaire dob' áirde 's dob' fheárr ins an eólus
A bheith 'guidhe ar an Áirdrígh atá i bpárrthas 'na chomhnuidhe
'S ag míniughadh na Páise ag an mbás sin Mhic Dhómhnaill
'S ag cantainn na sálm do rinne Dáibhí don Chóimhdhe;
Feadh míosa 'gus ráithche gach áit ins na cóigíbh
Bheith líonta ins na sráidibh le tápair 's le tóirsíbh,
Gach grianán 's gach teámpall ar bhárr-lasair lóchrann,
Is fíontaibh na Spáinne le fánaidh dá ndórtadh,
Gach ríogain 's a bán-bhosa crádh-ghreadtha i gcomhnuidhe
Gan díosg ar a stán-ruisg 's a dtláth-fholt gan chórughadh,
Ná tíortha 'sna gártha 's gan dáil chosga ó dheóraibh
Ó Aontruim go hÁrdmhach' 's go hÁrainn Mhic Dhomhnaill,
Ó Íle go Cáirlinn 's go bárr Breagh is Bóinne
Thart timchioll an Chláir 's go Bláirnne Thoighe Chórmaic
Ag caoineadh ar mearbhall um an dearg-fhuil-se 'dhórtadh.
Fán mílidh armach ainmneach eolghach
Dhéid-gheal dhealbhach mheanmnach threorach
Thréightheach charthannach mharthannach mhórdha
Ghaolmhar chaithréimeach acmhuinneach bheodha
Ghris-dhearg dhathannach ar aisde na rósa.
An féinnidh flaitheamhail gaisgeamhail cródha
Éachtach ar faithche le gaithíbh dá leonadh,


L. 92


Méineamhail taitneamhach taiseamhail le deoraidhibh,
Ciallmhar sgolórdha i dtógbháil na hEorpa.
An fiadhaighe fearanntach ealadhnach ceolmhar,
Fiafruightheach fiosach ar bhiseach a shlóighte.
Triath na mbratach 's a ndeatach ar n-órughadh.
Sgiath na macnaidhe ag tanughadh lucht geoine.
Curaidh gan chreathnughadh ag deabhadh re leomhain.
Tighearna le'r cleachtadh gach talamh as óige.
Iarla na mara nachar bh'annamh ar bóchna,
Fialmhar fuireachair fuilteach le hórdughadh
I ngleó budh drithleach i ngoileach an chomhraic
Ag iarraidh furtacht don chineál sin Bhreógain.
Budh mhian leis téxa na n-easbal do chómhdach,
Gáir na heaglaise i n-eagna na Rómha,
Gáir na sagart ag tagra san gcóraigh.
Gáir na n-aifreann 's a bhfreagra as na leabhraibh,
Gáir na bhfileadh 's gan coigilt ar chórnaibh,
Gáir re greadhaibh ar mhaghaibh dá seóladh,
Gáir ag gaisgeadh ag leasughadh na n-óig-each,
Gáir na ngadhar i meadhair chum spórta
I lár an fheadha 's an fheadhain dá dtreorughadh,
Na gártha soluis fá dhorus an lóngphuirt,
Gáir na sgolta san mbaile dá gcomhgar,
Gáir na n-ollamh 's é ag bronnadh an óir dháibh,
Gáir chláirseach ar fheabhas le meabhair 's le meoraibh,
Is báird gan codladh ag labhairt-chur leo-san,
Cearrbhaigh ghabhtha ré toghadh fear fóirnne,
Na gárrtha cogaidh ag cosnadh na leómhantach,
Na gárrtha clogad ag sgoilteadh na n-ór-lann,
Gáir na gcaithmhíleadh ag lasadh na cródhacht',
Gáir na seacaidh 's a leathchaoinnibh deontach,
Gáir na bhfaighíní is astar na gcóistí,
Gáir an mharcshluaigh ag teachtadh na mbóithrí,


L. 93


Gáir na macnaidhe le rabhairt na hóige,
Bandáil ar hallaíbh le breacadh na srólta
Ag tarraing gach ealtan i mbrataibh ar n-óradh,
An seabhac 's an eala, an torc alla 's an dreólán,
An dobharchú daithte, an mhuc mhara 's an rónach,
Is leabhar-chruibh gheala dá ngearradh san gcló sin.
Acht a bhaintighearna Anna, glac cara na hÓighe
Nachar bhris aithne dar cheangail an Chóimhdhe,
An ríogain is beannuigh'e do leanas debhóision,
A ghéag don abhaill ar a ngabhthaidhe na tórrtha,
A phéarla do fearadh do rath na liag lóghmhar,
An réalt a rachas go flaitheas chum glóire,
A ghéis an chalaidh, dean aithris ar Ióba,
Tabhair foighid i n-a bhfacais, cé deacair a dheónadh,
Sir Séamus is Alasdrann de shleachtaibh Mheic Dhomhnaill
Oidhrí na dtalta ó Dhún Breatan go bóchna;
Leath Alban badh ceart dóibh is baile tré chródhacht
Do na tréinfhir thapaidh do aicme na leomhan-sa,
Acht 'sé an t-éag an ghleacaidh bhris asna na Fódla,
Do thréad-ghoin i dtreasgairt a Mhadam .i. Somhairle.
Budh gaolmhar don mac-sa na flaithe don mhór-fhuil,
Ó Briain do threabhaidbh 's do shleachtaibh Bhriain Bhórmha,
Rí le'r sgabadh sluagh Lochlann as órdughadh,
'S Mac Cárrthaigh an fhortúin nach locadh san gcomhrac,
Iarla Chorcaighe 's na bport a chois bóchna,
Prionnsa na gcuradh ghabh urraim ar shlóightibh,
Mac Aonghusa an Mhullaigh na n-ollamh 's na n-óirfid,
Cumairce is cumaoin na bhfileadh 'n-am dócamhail,
Craobh an oinigh chum cuidigh'e le deoraidhibh,
Is crann ós fiodhaibh chum cumais Ó Mórdha,
Iarlaidheacht Laoighise is tuilleadh níor leor dóibh,


L. 94


Ó Fearghail do ghoirthí fá chion insa Móta,
Iarla na n-imeall tart timcheall sa Lóngphort,
Is Síol Néill Fhrasaigh dá sileadh na tórtha,
Na trí cheatha chuireadh tré ghuidhe na glóire,
Do thoilidheacht Ríogh Neimhe 's na haingil dá dheónadh,
Nachar fríoth le fine san gcruinne acht sliocht Eoghain.
Ní hí an iarlaidheacht budh cuibhe leo, dob' uirísioll dóibh í,
Acht na ríogh-fhlaithe ós ríghthibh, gan traoitheadh, don tsrón-sin,
Is Clann Aodha Buidhe an oinigh do chineadh na leomhan-so
Ghabh iarlaidheacht ghoile chois tuinne tré chródhacht,
Is iarla chleacht moladh 's gan ghoradh Ó Domhnaill,
Rí do shliocht Chonaill do bhí ar aon turus le hEoghan,
Is Ó hAnluain na flatha, bile rathmhar, rí Óirchear,
Ó Colla an dá thalta chuirfeadh cath ann gach cóigeadh,
Mag Mathghamhna is Mag Uidhir ar an tsliocht so don mhór-fhuil,
Rí Oirghiall go Doire 's go himeall na Bóinne.
Ní'l rí dár geineadh ó Bhile mhac Breoghain.
Prionnsa nó curaidh dár hoileadh re fóghnamh,
Iarla nó marcuis gan teacht ar milórda
Nach raibh a fhuil rachtmhar ar lasadh fá Shomhairle.
Atá cuid dod bhrathaibh gan aithris 'mo dheoidh-se,
Iarla Chill Dara, Mac Gearailt nár leonadh,
Is, dá n-abrainn, tuilleadh - tá an iomad gan chomhaireamh,
Is gan braon 'na dtimcheall acht sileadh na coróna.
Is mairg le'r cleachtadh an macaomh is óige,
'S nach bhfuigheadh ann athtuirse, fasgadh mar gcomhnuigheann,
Le súgaighe, le tapadh, le gaisge, le heolus,


L. 95


Le lúth, le pearsain, 's le frasaibh na rósa,
Le dúblughadh gach aitís i dteangaíbh na hEorpa,
Is cnuas-mhil na mbeach ar gach focal dá labhra.
Ar a shiubhaltaibh go Saxain, go Pairis, go Pólán,
Go Bhiana 's go Madrid is thart chum na Rómha,
'San Almáinne i gcathaibh dá ghlacadh re foghluim,
Go Flánndras ag teacht dó 's go barc-chuan na Fódla
Nó go dtáinig go hEachdhruim chum casgartha an Domhnaigh,
Cé gurb iomdha triath thapaidh bhí in' aice san ló-sin
A fágbhadh gan leachta, gan fhearta, gan tórramh,
Ar son an dalta bhí i mbrataibh na hÓighe
'S ag cosnamh Ríogh Saxan ar lochtaibh na Comhairle.
Acht a mhná uaisle atá greadthaigh fán leagadh sin Shomhairle,
Stadaidh bhur mbosa agus coisgidh bhur ndeóra,
Ó nach bhfuighthear aisioc, mar mheasaim, san leomhan-so,
Acht beannacht do chur leis-sean atá ar dheiseabhar na glóire:
Beannacht na hEaglaise is chonfeasóir na Rómha,
Beannacht a maireann dár gcreideamh le Somhairle,
Go cathair na n-easbal dá leasughadh chum glóire.



Amhrán.



Aois Mhic na hÓighe ó thuirling a cheannach Shíol Ádhaimh
'Réir Mharcuis is Eoin le'r seoladh an sgrioptúr do chách,
Ocht gcéad faoi dhó, le nóchad, is bliadhain d'fhearras bárr
Go bás Shomhairle Mhic Dhomhnaill i n-Eachdhruim an áir.
I n-Eachdhruim an áir atáid 'na gcomhnuidhe.


L. 96


B 1756ob 18L
U Cathal Buí Mac Giolla Gunna
FAOISIDIN CHATHAIL BHUIDHE.
Cathal Buidhe Mac Giolla Ghunnaibh cct.



Anois is tráth liom parley dheanamh feasta le Dia,
Ag smaoineadh ar an áit ud, a dtráchtann siad iomarcaidh pian;
Ó, a rígh na ngrása, árduigheas gealach is grian,
I bpeacadh ó thárluigheas, fáig mé i bpower a léighis.



A Rígh na ngrása, is dána dhamh amharc ort suas,
'S nach bhfuil oidhche nó lá nach dtáirngim fuil as do ghruaidh!
A Mhic Mhuire na páirte, a d'fhulaing táirngí dár gceannach go cruaidh,
Muna leasfair do láimh, mo crádh gur imthigh mé uait.



A Rígh na réalt, a d'fhulaing éag i mbárr an chrainn,
Agus croidhe do chléibh gur réabadh le láimh an daill;
Fuil do chréachtaibh, dá théachtadh ar lár, 'na linn,
'S ar sgáth do sgéith, beir féin go párrthas sinn.



A Íosa, a Spiorad Naomhtha, a Athair is 'Uain;
A thug fíor-fhuil do thaoibhe dár gceannach go cruaidh,
Bí 'mo dhídean, bí 'mo smaointibh, bí ar m'aire gach uair,
Má's suidhe dhamh, má's luighe dhamh, má's seasadh, má's suan.


L. 97


Tabhair tionnsgaint dom ghníomhartha ann d'ainm go buan,
Is críochnuigh le fíor-cheart do ghnáth mo uaill,
I ndúil go bhfuighinn-se a theacht saor o gach cealg is cluain,
A Rígh-Mhic, 's go bhfuighinn-se bheith 'g amharc ort suas.



Tabhair féin damh bheith ag féachaint do chréachta go buan,
'S a bheith 'léigheadh do chéime, gach tráth gan suan,
A Rígh na gréine nach léigeann do cháirde uait,
M'anam réidh-ghlan beir féin leat go párrthas suas.



A Íosa chuir dian-sgrios ar dheamhnaibh anuas,
'S rinne príosún dá ndíbirt i n-ifrionn go suthain,
Go mbudh dídean damh do phiantaibh lá 'n bhreitheamhnais an Luain,
'S tabhair croidhe damh le go gcaoinfinn do pháis gach uair.



Anois ísligh mo fhíoch, mo fhearg is m'fhuath,
Agus díbir na smaointibh malluigh'e seo uaim;
Léig braon on Spiorad Naomhtha beannuigh'e anuas,
A chlaoidhfeas an croidhe seo tá 'na charraig le cruas.



Isé mo léan géar, faraor, nachar rugadh mé dall,
Bodhar, balbh, gan chéill, gan aon smid teangadh ann mo cheann,
Sul fa ndeachaidh mé i dtréas, mar cheithearnach coilleadh le feall;
'Sé mo sgriúdadh go héag nach ndéarnaidh mé 'n aithrighe san am!


L. 98


Fuair mé cúig ní on Spiorad Naomh, nachar bh'fhiú mé 'fhagháil,
Mar atá amharc na slighe, mo bhrígh, agus cloisiom a a lán,
Blas agus baladh, agus molaim thú, a Rígh na ngrás,
Agus mothuigheann mo chroidhe 'n uile ní, míle altughadh leat, 'Athair.



A Aoin-Mhic an Athara, nach bhfacaidh an Dall do ghoin,
Acht is léar liom-sa an gléas gan bhréig le'r tarruingeadh d'fhuil,
Lá an tSléibhe an tráth bhéarthar na gárrtha stuic,
Is léan liom nach bhféadam do pháis do ghol.



A Aon-Mhic na hÓighe, a stór agus 'sgiath na mbocht,
I n-éiric an chrainn le'r ceangladh thú gan locht,
Braon dod thrócaire dóirt ar m'anam anocht,
'S ná léig air seobhóid níos mó mé, acht claoidh mo chorp.



Dá mbéinn-se san Róimh, mo bhrón! cha n-fhuilim 's cha bhíom,
'Mo eaglaiseach óg, 's mé cóirigh'e i n-aibíd na naomh,
Dheanfainn aithreachas mór, agus deóra comh geal leis an aol,
Air acht fhagháil rómham mar lón i bhflaitheas na naomh.



A Rígh na ndúl, a thug cabhair is amharc don Dall,
Agus d'fhulaing sgiúrsaí an chinidh Iúdaigh dár gceannach air chrann,


L. 99


A d'fhulaing go humhal do úr-chneas a cheangal go teann,
A Rígh, tabhair maitheamhnas dúinn, an sgúid bhocht peacaidh, do chlann.



A Rígh na bhfeart, go n-aclaidh tú mo chroidhe,
'S go dtiubhra tú leat mé ar neamh mar bhfuil na naoimh;
Admhuighim anocht mo locht duit, cam is claon,
Go bhfuil mé faoi ghlasa ag peacaidh deamhna an tsaoghail.



A Rígh atá cuimseach, cuimrighe iarram ort,
I n-éiric an chrainn le gur ceangladh thú gan locht,
Braon dod thrócaire dóirt é fam anam-sa 'nocht;
Ná léig air seobhóid níos mó mé, is claoidh mo chorp.



Bhéidhinn-se am agus shantochainn ní budh deas,
Agus bhéidhinn-se am agus shantochainn ní air leith:
Bhí mise drúiseamhail, gársamhail, feargach, 's budh mhór mo leisg,
Acht a Rígh na ngrása ann d'fhearg ná tabhair do bhreith.



Nach truagh mé lá 'n tSléibhe, is mé ar thoiseach an tslóigh,
'S gur mheasa mé féin ná 'n té rinne brath leis an bpóig!
Cuirfe mé cré an dáréag agus glacfar é, dhair ndóigh.
Air a ndúil is go ndéarfaidhe i láthair Dé, "He's not guilty, my
Lord."


L. 100


B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
BHAILLSEACH BHAILE FÁGÁN.



Séamus Mac Cuarta cct.



Fáilte is fich' don lánamhain a tháinig as tír na Gálltacht'
A chomhnuidhe go Baile Fágán is sláinte gan gruaim,
Gan bhriseadh choidh'e, gan bheárnughadh, gan mhilleadh 'rís,
gan bhásughadh,
Acht ag líonadh maoin 'san áirneis le bárr maise 's buaidh;
Duine uasal saoitheamhail sásta a bhfuil suailce, aoibh is áilne ann,
Mar Ghuaire sgaoileadh táinte as a lámha gan chruas.
Is dual don Mhidhe gur feáirrde cuairt na díse i bpáirt léith',
An fear suairc 's a ríogain bhán-láimh don árd-fhuil ua thuaidh.



Is feáirrde an tír a gcómhnuighid, an lánamhain ríoghamhail ró-ghlan,
A bhfuil grádh na mílte ag dórtadh mar thórrtha do ghnáth,
'S go ndeir gach aon den gcomharsainn a gcuirfeadh an laoch-sa
'n-eólas,
Gur mac don dís sin Joey nach bhfuil bród ann ná stráic;
An Breathnach croidheamhail cródhamhail de threibh na ríogh 's don
mhór-fhuil,
Marcach saoitheamhail seólta de phór shliochta an áigh,
A bhfuil sgathán ríogh ar chóigeadh de bhandáil ainglidh póst aige. -
'Sí siúr Mhig Naos mílórd í, an tseóid mhilis bhláth.


L. 101


'Se Maighistir Bhails an tréan-mharcach caoidheamhail maiseach
Gaedhealach
Nár thuill sin díomdha ó éinneach acht ag meádughadh gean is grádh.
Ní'l fáth don Midhe bheith 'dréim leis, óir a d'fhás sé as tír
na féile;
Tá a lán de laochraidh ag éad le n-a thréarrtha ann gach cás,
Go bráth an mhíonnla mhéir-ghil, 's a bráighe ar lí na géise,
A bhfuil sgáile an aoil 's na Phoénix ann a héadan gan smál.
Céad fáilte on taobh-sa d'Éire don lánamhain ríoghamhail
réimeamhail,
'S go n-árduighe Críosd i gcéim iad i saidhbhreas na ngrás.



Beir na mílte beannacht uam-sa chuig an inghin sin Chonaill
Chuailghne,
An réalt a tháinig o thuaidh a thug snuadh deise ar mhnáibh,
A bhfuil a cneas mar shneachta i n-uaigneas 's an ghrian ar lasadh
suas léi,
A ciabh-fholt casta cuachach ag sguabadh go lár;
An fhial-bhean mhilis uasal, ciallaidh cneasta gruaidh-dhearg,
's gach briathar a shileadh uaith'-se go bhfuasgoladh a lán.
Ní'l triath ná barún uasal ná tighearna barramhail buadhach
Ariamh dá bhfacaidh an stuair-bhean nachar buaileadh dá grádh.


L. 102


'Sí an Phoenix dílis Ultach í, an péarla maoith-gheal muirneach,
Siúr Mhig Naos re' bpronnfaidhe na trom-cheatha ar dháimh,
A bhfuil snuadh na gcaor go cuimseach ag dúsgadh an aoil go
soillseach,
Ag dúblughadh grís' i gcompás le fionn-sgaramhaint bhán.
Tá stuaim is uaisle is inntligheacht, gan gruaim, gan chruas i
gcinnteacht,
Is buaidh na sluaighte ar mhillseacht ann a hinntinn thair mhnáibh;
An chuachach dhualach throillseach, go mbudh buadhach í 's an
Bhaillseach,
An fear suailceach suaimhneach binn-bhlasda os ceann gach leabhair
dámh.



Saoilid na daoine Gállda gurab díobh í an ríogain áluinn,
Acht siúr Mhig Naos on Spáinn í thug bárr maise 's buaidh,
'S gur dual don treibh ó'r fhás sí bheith 'dTeamhair ag
cosnughadh fáilte,
Ceithre rígh fíchead is báinrioghan don árd-fhuil-se o thuaidh,
Cá hiongnadh aoibh is áille bheith léith' ó aois a páisde
Agus sgéimh na mílte mná deasa ag deállrughadh 'na gruaidh,
'S gur chleacht sí fíon is fáilte dhá sgabádh thríd a lámha,
Agus caithidh caoine clársaighe dhá sásadh le duais?


L. 103


Go gcumhdaighe Críosd an lánamhain 's a leanabán fionn-gheal fáinneach
A bhfuil sáith aon ríogh don Ádhamhchloinn mar pháisde ann le sgéimh:
Narcissus é le háille nó Absolom mac Dáibhí
Nó Páris mac Phriámus a thug báinrioghan ón nGréig:
Sgathán na díse an bhárr-shlat tháinig ortha araon mar bhláth
cheart,
Plannda fíor den ngáirdín 's go n-árduighear a chéim.
Go gcumhdaighe Rí na nGrásta an mac-naoidhe maoth sin slán dóibh,
Go dtiucfaidh aois is fás dó le bárr maise is méad.



Go mbudh soilbhir súgach beó 'bhfad an dís le cliú 's an t-óg-
mhac,
An seircín súl-ghlas Joe beag a thug bláth deise o' lán,
An sgeallán nuadh den bpór cheart, mar bhliochtán úr den tsról-
bhrat,
Imeasg gach cine le cródhacht 'níodh fóirneacht san Spáinn,
An leanabán cumhartha póg-bhlasta ar mhillseacht chnús na n-óig-
bheach
Tráth bhíodh ar dhriúcht ag ól meala 's ar rós-mhealladh an ghráidh.
Go bhfeicidh me dúithche is cóistí, caisleáin 's cúirtibh ór-lasta
Aige ar dhúthchas a mhor-threibh na leomhan fras ó Ádhamh.


L. 104


B 1824ls 19T
U Anaithnid
TOMHAS AR DHUINE.



Mícheál Ó Cléirigh cct., i bparáiste na hOibre, i gCondae na
Midhe.



Cúig ar aon no ceathair ar dó;
Luch i Laidin i n-aon-chló;
Nídh dá ndéanfadh an suairc-fhear grinn,
Tráth chanaidh sé a bhriathra go síor-bhinn,
Lár an earraigh 'measg na sréad
Mar 'mbéadh gach guth ar aon-mhéad.
Is annsin a gheabhair gan spás
Croidhe gan locht ann gach aon-chás.
Gach cuid de so cuir síos go beacht,
'Sé ainmnigheas file gan aon-locht.



Sémus Mártún.



B 1824ls 19T
U Peadar Ó Gealacháin
TOMHAS (AR BHEITHIDHEACH).



Peadar Ó Gealacháin cct.



Ceist agam ort: Cia shuidh ar clár liom
I dtoigh na táibhirne 's mé 'g ól mo dhram
Acht cleasaidhe meabhlach gan mhaoin gan cháirde
Chaith seal san áit sin ó am go ham.




Ar a chosa, bosa agus ar a ghlúine
Bhí'n síogaidhe lúbach, 'sé bhreathnuigh mé.
Ní bhfuair mé 'n leithphighinn ariamh fa n-a chúram
'S ag ól go súgach budh mhór a spéis.



Cat.


L. 105


B 1900c 19
U Anaithnid
TOMHAS AR CHUIL.



Gearrán beag bontáilte
Sgontáilte donn;
Shiubhailfeadh se an domhan,
Cha fhleóchfad se a bhonn.



Beach.



B 1824ls 19T
U Anaithnid
CLEAS I DTOIGH FAIRE.



Buail seo, a Sheaáin gabha, buaileamuist go teann é,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom;
Buaileamuist go dian is bualeamuist aríst e,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom;
Buaileamuist go léir e is buaileamuist go tréan e,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom.



Buail seo, a Sheaáin gabha, buaileamuist go teann e,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom;
Buailead sinn go léir e, ligicidh gach aon air,
'S buailicidh go dian aríst e,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom;
Buaileamuist araon is buaileamuist go dian,
Síodrom, seódrom, síodrom, seódrom.



B 1851ls 19L



HÁRDUIGHEADH AN CORPÁN AR MHUIN THOMÁIS.



Ag siubhal na hoidhche 'le ?, 'Mhic Ghiolla Chlaonaidhe,
B'é sin ádhbhar aitios, b'é sin ádhbhar aitios,
Ní raibh fagháilt dídin nó cead síneadh
Imeasg na marbh, imeasg na marbh.


L. 106


Labhair sé go faiteach le Tomás Mac Gacháin -
Budh é sin 'ainm, budh é sin 'ainm:
"Dá n-árdachthá mo chorpán gan solghárdas,
Bhéara me mart duit, bhéara me mart duit."



"Dá ndéanmuist réiteach air an méid sin,
Ca bhfuil an mart sin, ca bhfuil an mart sin?"
"Seón beag Bingam, Seón mór Bingam,
'Siad mo ghaoltaibh, 'siad mo ghaoltaibh.
Sgríobhfaidh me nóta ar char-litir
Go Béal an Asáin, go Béal an Asáin,
Is gheobha tú crúiscín faoi'n gcárnn aoiligh,
Gruama glasa, gruama glasa,
'S tabhair leat e mar luach saothair,
Mar luach astair, mar luach astair."



Le sin tóigeadh an corpán air mhuin Thomáis
Anns na bealaigh, anns na bealaigh
Thríd bóithribh cumhanna cruaidhe casta
Le solus na gealaighe, le solus na gealaighe.
"Tá mac dearbhráthara athara dhamh i mBaile Mhic Máirtín
Is fáig annsin me, is fáig annsin me;"
Is hárduigheadh an corpán air mhuin Thomáis
Mar a bhí roimhe, mar a bhí roimhe.


L. 107


Thug muinn an sgríb sin go teampoll na Sgríne
'Gus fuair muinn glas air, is fuair muinn glas air.
Bhí Tomás claoite ('s a Dhia cár bh'íongnadh?)
Le méad 'astair, le méad 'astair:
"Ó, 'Dhé, a mharbháin!" (arsa Tomás,)
"Tá se daigion, tá se daigion!"
"Ó, 'Dhia, 'chompánaigh, ná bí meata,"
Ar an corpán, ar an corpán;
"Gheobha tú an eochair air chúl a' dorais,
Nó faoi'n tarsach, nó faoi'n tarsach."



Chrom se 's fuair se 'gus d'fhosgail suas e,
Is thlig se an corpán mar a bhéadh púcán.
Sgread na mairbh a bhí san uaighe:
"Cuirfear gad air! cuirfear gad air!"
Fuair se spáid air dheis a láimhe
Is bhain se preab léith', bhain se preab léith'.
Bhris se láirge an bhodaigh Ghállta
Bhí faoi'n talamh, bhí faoi'n talamh.
"Brug and browns! you broke my bones!"
Ars' an fear sin, ars' an fear sin.
"Where's the rope? Here's the rogue,
And we'll hang him, and we'll hang him!"



D'éirghe Caitrín mhór Ní Raghailligh
Leis an gcallán, leis an gcallán,
'Gus Oilibheir cumasach aniar o Lonnduinn
A bhfad o bhaile, a bhfad o bhaile,


L. 108


Is labhhair gach aon aca le glór Ghaoidheilge:
"Ca raibh se ariamh nó ca bhfuair a bheatha?"
"Sin ar lár e; is aige 'tá fhios e -
Ní'l 'fhios agam, ní'l 'fhios agam."



D'éirghe an gabha Giles a bhí taobh thíos de,
Is Seórsa Cartan, is Seórsa Cartan.
"Bug and shoot," ars' an gabha sin,
"Where's my hammer? Here's a robber!"
D'éirigh an méid a bhí anns a' gcréafóig,
'S budh ádhbhar aitios, budh ádhbhar aitios.
Dubhairt siad go léir, mur n-imeochadh go réidh,
Go mbéadh air aithreach, go mbéadh air aithreach.



Is tóigeadh an corpán air mhuin Thomáis,
Mar a bhí roimhe, mar a bhí roimhe,
Is bhuail gach aon aca corradh 's céad léadhb air
Mar ra-bhealaigh anns na bealaigh,
Is hárduigheadh an corpán air mhuin Thomáis
Anns na bealaigh le solus na gealaighe
Thríd bhóithribh caola cruaidhe carrach'
d'imthigh Tomás leis an gcorpán.



Hárduigheadh an corpán air mhuin Thomáis
Síos air díbirt go teampoll Chill Mhaighneann.
Bhí Willy an mhála anns an áit sin
Is sean-Sam Ruiseal, sean-Sam Ruiseal.
Bhí na bodaigh Ghállta annsin a' grádán:
"Bring him with you, bring him with you!"
D'árduigh Tomás annsin an corpán
Go ró-chliste, go ró-chliste.


L. 109


Hárduigheadh an corpán air mhuin Thomáis
Síos go Bréachmhuigh, 'measg na n-éiriceach.
Bhí Breakey an Gauger adhlacthaidh 'gcré ann
Is dhá chéad eile, dhá chéad eile.
"He is a stranger," arsa Chambers,
"In this country, in this country."
Hárduigheadh an corpán air mhuin Thomáis,
Is b'éigean dó teicheadh, b'éigin dó teicheadh.



I ndeireadh na hoidhche go hIonascaoin
A d'árduigh Tomás annsin an corpán.
Bhí Pratt sa tuamba 's ghoir se na fuachais:
"Be off, you rascal, in a hurry!"
Chan fhuair sé lóistín o aon don chóip sin
Is phill se a bhaile, phill se a bhaile
Thríd bhóithribh caola cumhanna casta
Anns na bealaigh le solus na gealaighe.



AN DÁN BREAC.



Séamus Mac Cuarta cct.



B 1900c 19
("Rígh-fhear ceoil a bhí ann ar bh'ainm dó an Dall
Mhac Cuarta. Dubhairt sagart éigin leis nach gcuala
sé maitheas ar bith ina dhiaidh ariamh acht ag deanamh
rámáis. Thosuigh an Dall annsin agus chum sé an
Dán Breac (.i. iomain). Nuair a thais'eán sé don
tsagart e, dubhairt an sagart go rabh se buidheach de
agus go maithfeadh sé a dtearn sé dhe dhroch-cheoltaibh
riamh." - Tomás O Corragáin.)



B 1733ob 18L
U Séamus Dall Mhac Cuarta
Nár chlaoite an fear Ádhamh le n-a chlannaibh
Ag briseadh na haithne i ngáirlín Éden
No go dtainic Mac an Athara beannuigh'e
A d'fhuasgail as peannóid síol Éabha?


L. 110


A d'fhuasgail síol Éabha tairéis na deamhain a chlaoi,
Is iomad na gcréacht re géar-arm gointe 'na chlí.
Cia d'fhulaingeadh an méid sin gan é bheith coirtheach sa ghníomh
Acht an Mac so leis féin is féachamaois anacair Íos'.



Anacair Íosa 's a naomh-mháthair Muire,
An dís a bheir sinne go párrthas
'S do shaor sinne ó phiantaibh na teineadh
Fón mír sin do hitheadh le hÁdhamh.



An mír a d'ith Ádhamh, mo chrádh nár bh'abhaill gann ubhall!
Sul far thuiteadar cách faoi smál an pheacaidh ar dtús,
Acht a naoidhe de shliocht Dháibhí, árd-réalt sholuis gan smúid,
Go dtugaidh tú fáilte 'measg gárdaí na n-aingeal ann do dhúithch'.



Dúithche ann a bhfoillseochar na naoi ngrádh;
Dúithche na fáilte ar neamh na naomh;
Dúithche gan ghorta, dúithche gan fhuath;
Dúithche gan ghruaim, gan tocht ar aon.



Gan tocht ar aon, gan chíos, gan chogadh, gan fhuath,
Acht coraidh ghlan aingeal ar gach taobh 's go maireann a luadh,
Ag moladh an ríogh ré' naomhthar neamh uadh gach tuaith,
'S do thug amharc do Mhaoise dár shíolruigh ar astar anuas.


L. 111


Anuas ó neamh do thug an Rí
An tslat do Mhaoise is dhá chlár
Le gur tharraing an pobal trasna thríd
An Muir Ruaidh sleamhain slán.



Mar do thug slán ón lán-mhuir pobal Mhic Dé,
'S gur léig sé sluagh Phároah a bháthadh bhí 'g imtheacht 'na
ndiaidh.
Guidhiom-sa Athair na nGrás, ó 'sé ceann urra don ngréin
Go dtugaidh sé fáilte 'measg gárda na n-aingeal dúinn féin.



Go saoraidh tú sinne ó na holcaibh,
A Mhic a tháinig ón bhfocal dhiadha,
'S ná léig dhúinn tuitiom anns na lochtaibh,
d'eagla bheith i ndochar ag an diabhal.



Tá'n diabhal i láthair gach tráth ag tolladh mo chlí
Do mo tharraing do ghnáth as grásaibh chum peacaidh 'na líon,
Acht ó theagmhuigh mo náimhde, grádh na mbochtaibh dá gclaoi
Agramuid páirt ar bháinrioghain chothuigh'e na naomh.



Cothughadh na naomh do-ní Muire,
An ríogain is gloine don mbanntracht,
'S nach ndeachaidh aon neach go teach neimhe
Go rug sise mac san am ceart.


L. 112


Budh ró-cheart an t-am do bhainrioghain chathruighe na ndúil
An mac sin do shanntughadh anall gan pheacadh gan drúis,
Go dtug sé as geall gach dream a bhí coirtheach san ubhall,
Dár saoradh ar dheamhnaibh damanta bhí toilteach an tnúth.



An tnúth rinne Lúcifer le Dia,
Olc a chuaidh a-riamh dár ghlac a sheilbh,
A bheith i ndorchadas ag gul gan bhiadh
'S i nduinnsiún na bpian faoi fheirg.



I bhfeirg 's i bhfíoch i bpríosun teasa 'gus fuaicht
i n-eagla 's i n-íot', i bpiantaibh gorta 'gus fuath,
'S i gcogadh go síorthaidhe i n-íochtar ifrinn ó thuaidh
Gan amharc ar Chríost a choidh'e nó teachtaireacht uadh.



Gan teachtaireacht ó chathair na n-órd
A theacht 'na gcabhair ré beannacht Dé,
'S gan ghrása aithrighe ar fagháil dóibh,
Is mairg níos mó nach leanfadh an riaghail.



Nach mairg a d'iarrfadh riaghail a sheasamh nár chóir,
'S gan a bheith 'nduinnsiun na bpian faoi chian 's ag sgreadaigh go deoidh,
Gan imtheacht mar a d'iarr an triar, Matha, Marcus is Eoin,
Agus aitheanta Dé do riar agus textaibh Naoimh Póil.


L. 113


Textaibh Naoimh Póil agus na n-easbal
A fuair an Eaglais ón bPápa;
Léigh briathra Eoin Soisgealaidh is Pheadair,
Ó's iad a fuair taisbeánadh na Páise.



Taisbeánadh na Páise i láthair is fochmuid an tsluaigh,
Agus allus an gháirlín chuir na frásaí fola dá ghruaidh;
Tarraing a lámh re cnáib ar cholumhnaibh cruaidh',
Agus maol-sgoith na dtáirngí chuaidh i gclár ghil 'ochta le fuath.



Le fuath cuireadh na táirngí maola
I gcúig caola caomhthala an Mhic seo;
Is amhlaidh do cuireadh air coróin spíne
Ar a raibh na mílte do dheilg nimhe.



Faobhar na ndealg agus fearg na sleighe ann a thaobh
Do cuireadh leis an Dall go teann chum dochair 'na chlí;
Na mílte lucht marbhtha is arm chum a ghointe ag gach aon
'S na sgiúrsaí garbha dearga ón gcorcair-fhuil Ríogh.



Corcuir-fhuil uasal an Ríogh neamhdha
Ag tréatuirí fon talamh dá dórtadh,
'S an tAthair síorthaidhe anuas dá n-amharc
Ag éisdeacht le hanaoibh na hÓighe.



Anaoibh na hÓighe, is brónach tuirseach a díol,
Ag faicsin a hóig-mhic 'na spólltaíbh ag deamhain dá chlaoi,
Ag umhlughadh dá dheoin faoi órdaibh Phiolóid do bhí,
Agus Iúdás na póige ag treórughadh feille 'gus fíoch.


L. 114


Le fíoch a fuair Íosa gan toirmeasg
Bhinéagar agus domblas i riocht fíona,
Ar chrann na croiche chum a ghearr-bháis
Budh leor a sheirbhe chum cosg íota.



Dob' olc an cosg íota do Chríosd deoch nimhe an bháis
'S a chuid fola leis síos ar gach taoibh 'na dtuiltibh go trácht
Cia d'fulaingeadh an phian so is aoibhneas neimhe aige ar fagháil
Ar son an chine daonna, dá saoradh ar an gcoir a rinn Ádhamh.



An tAmhrán.



Míle, seacht gcéad, gan bhréig, do réir aithris na naomh,
Ó thuirling Mac Dé i mbruinn maighdine 'cheannach an tsaoghail,
An fiche 's a trídéag don méid sin is ceart a chur síos,
d'fhulaing sé céasadh air féin chum na peacaidh do chlaoi.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services