AR IMIRT NA gCÁRTAÍ.
Éistigh uaim, a chairde chroí,
Ní duain shámh ná shonaí
Ach cailliúint na bhfear ar dtús
A d'fhúig mé ag sian is ag searbhas.
Searbhas an bheart úd i gcrích Fódla,
Fear úid ag cailliúint a thrí gcorónach,
Á mhaslú idir chearrbhaigh go míchórach
Gan breathnú na seanúdar bhfíoreolach.
Eolach ámh mo dhainid dhubhach
Gangaid ghnáth na gcearrbhach
Ag dearbhú éithigh is ag ceilt cirt
Is ag bradú aonta in imirt.
In imirt is léan éagmais na gcártaí gcóir
Is go gcuirtear as réim réxa le dráití dearóil;
Misde mé Caesar á bhá síos leo
Is bun ag an deich daol spéireat ón sámhrí mór.
Is mór an t-angar cúrsa cách
An dream do thug chugainne an donách:
Áitíd rian gan duth gan dath
Lean n-áiríd fiacha fada.
Cí fada an imirt ag díomailt ár ríchártaí
Is tabhairt an chuireata chuireas faoi chíoscháin sinn;
Casfaidh an imirt is biaidh an bun ag an gcíoná maoin
Is bainfeam le triufanna as cuid acu fuíoll máití.
An Ceangal.
A draoithe na cruinne fionnaim bhur mbreithiúnas,
Rí dá dtigeadh is foireann dá neartú sin
Nárbh é an bheart chumais an cuireata a cheiliúradh
Is i gcrích na himeartha a chuirtean tar Neptune soir.
TÁ GLAS AR MO BHEOL.
Do chuir a athair an leabhar air gan filíocht a dhéanamh go
cionn bliana, tar éis an duain thuas - "Ar Imirt na gCártaí" -
óir do cúisíodh é. Gaill á rá go mba treason é nó gur chuir
Mícheál Coimín Béarla air don Bhreitheamh.
Tá glas ar mo bheol is is cóir dom a réabadh,
Is fada mé am dhó le mórthaisce rúin
Is gan agamsa de spórt ach sórt suilt a dhéanamh
Is ní mhairfinn gan sceol beag nó ligean chugaibh.
An cearrbhach cróga dár chóir an bun déanach,
Do baineadh a choróin de le fórsa is le héitheach,
Do spalpadh na móide le fóirneart na féinne
Is is dearbh chum óil go bhfónfadh sí dhúinn.
Ní bhainfead níos mó le gnóthaibh na réacsa
Le heagla tSeoirse is fóirneart na mbúr;
Dá dtagadh mo stór gan stró ar bith thar Téitis
Is a maireann den chóip sin d'ógfhearaibh Mumhan,
An uair scaipfid a seolta gheobhamna Te Deum dóibh,
An Eaglais gnóthfaidh siad óg agus aosta
Mar theachtaireacht shlóite Mhóiseas ón Éigipt
Treascairt ina ndeoidh is rompu ar a namhaid.
A Banba an tsló do mhóide léar réabadh,
Cé fada tú ag fonnradh ar sceol bheag go dubhach,
Sin agat d'fhear pósta ag gabháil leat, a mheirdreach,
Cé chaillis fadó do chló is do chlú.
Mairfidh an treas ord den mhórfhuil Mhiléiseas
Ag tarraingt go leonta i ndeoidh a chirt féin ort,
A maireann dem stórsa d'ólfainn fán scéal sin,
Teanam, a chomharsa, agus ólam an lionn.
Spreagtar dúinn ceolta is gach sórt suilt in éineacht,
Faoi ghradam an sceoil seo ólam go húr,
Branda agus beoir a dhófadh an cúige,
Punch ar an mbord, fíon crón agus fionn;
Lastar dúinn tóirsí a dhófadh na spéartha
Is bainfimid toirneach as tóin Whigs le caoldair,
Gach aicme ban óg a bhfir pósta á dtréigean
Is racham faró ar na bóithribh go húr.
TAOIM DAOR I NGALAR DUBHACH.
Taoim daor i ngalar dubhach
Le tréimhse i gcreathaibh cumha,
Gan réim gan rath le claonadh beart
An tsaogail chleasaigh chúing.
Tig bé dem charaid liom,
Spré agus ladairt punt,
Ar feadh lae nó leath an ré gan dath
Más méin ar scaradh liom.
Nach baoth an greas nár smuain,
Is gur daor an bheart gan chúis
Chuir Séamas seal i gcéin tar lear
Is a thréad lena ais gan fonn.
Is an méid a d'fhan gan siúl
Tar éis a gcarad rúin
Ár nGaeil ar fad gan réim gan cheart
Ag plé is á ngreadadh i gcúirt.
A Dhé dhil, freagair dúinn
Is réidh an peaca ar dtús,
Ina dhéidh sin freastail Gaeil ina mbailte
Is don chléir a gcealla tabhair.
A Éire, gaibhse chugat
Do chéile carad rúin
Is ná léig i d'aice aon den bhracaigh
Chraosach mheangach bhúir.
Arsa Éire ag freagairt dúinn,
"Ní Gaeilge chantar liom
Ach Béarla greanta, is é atá i ngradam
Ag cléir na Saxan úd,
Is mé céile Airt is Lugh
Is Laoire a chreach gach cúige,
Is méin liom casadh ar Shéamas feasta
I bpréimh is i gceart mo thriúch'.
An sceol a theacht mar siúd
Bheadh Seoirse ag cac ina thriús,
An pór ar fad gan snó gan daith
Is Seon ag seadadh múin.
Ba leor mar ghradam liom
An chóip atá seascair subhach
A sheoladh amach as Fódla ar fad
Is gach "Ó" ina cheart do thabhairt.
AR DHEARBHÚ NA HEAGLAISE.
Ná creid an chliar seo leigeas rian le dearbhú anois
Is go bhfeicfir iad faoi cheithre bliana i gcasadh an tsúgraidh;
Ní ghoirid ciall le reic na mbriathar madrúla
Is go mbeid ina dhiaidh seo ag breitheamh dian ag tabhairt cuntais.
Níor cheist ar Dhia go mbeith ina dhiaidh seo againn prionsa
Do scaipfeadh ciach den chreideamh dhiaga fearacht Iúdas;
Deirid siad is do-bheirim sliabh gurb aiteas liomsa
Go mbiaidh an Chevalier le treise triath ag teacht don dúiche.
Biaidh Berwick dian ag teacht ina dhiaidh is Ó Mathúna
Is biaidh an Monsieur gan teipe triath ag tabhairt cúnta,
Biaidh an Bavier ag imirt rian ar ana-chúinse
Is ní ceist go mbiadsa ar meisce bliana le reachta subhachais.
AR DHIARMAID MAC MURCHÚ.
Crom is caoin go fuíoch ár dturas
Más díth leat tuirse do chógais,
Is gabhla tí na nGael ag titim
Idir chlí is ursain is chomhlainn.
Nuair a smaoiním tubaist na saoithe sultmhar
Ardshinsear ag imeacht chum iarsma,
Daoithe duifir ina suí ina gcionnafoirt,
Bímse ar buile le Diarmaid.
Is trom ár gcíos le díol is tuilleadh
As ár ndílis-fhionnaghlan Fódla,
Is nach meabhair le hIvers líon a ligean
Trí shíol má chuirim ar fhód é.
Bíonn Hickman an pruicire taobh le Burton
Ar bhinse ag giobadh Mhic Phiarais,
Síos go hIfreann íochtair cuirimse
An dís Whigs coirpe is Diarmaid.
Gach lobhar a bhíodh ina shraoill i gcistin
Do-chím ina ridire é i gcóiste,
Rabhadh roimh rí lucht dlí a ligean,
Suíd chum cumais is comhairle.
A Chríost! carbh ionadh mo chroí a bheith briste
Agus sinn faoi mhursanacht iarsma
Ag daoithe duifir ina suí ina gcionnafoirt
De bhíthin mioscaise Dhiarmada.
Níl gabha dar scinn tar toinn go giobach
Nach dtigeann chum cumais is cumhachta,
Gach poll dubh díobh a shíolraigh ó Lucifer
Ina rí beag rustamach cóige,
Ag déanamh dlíthe chum sinn a mhilleadh
Is coinníolla Luimnigh stiallta,
Síos ar mhullaíbh a gcinn druig Lucifer
Guímse tuilleadh acu is Diarmaid.
Is an bodhar ataoir, a Rí na Ríthe,
Ar shlí ná cuirir dár bhfóirithint
Mar chabhair clann Iosrael a líon d'fhuil dhiaganta
Faoina nginearal Moses.
Scaoilse curadh éigin líofa chugainn
Le claíomh agus tine ar na piasta,
Tar toinn a thiocfadh don ríochtsa chugainn
Le droing nár chumann do Dhiarmaid.
Níl togha fir dínn-ne d'iarrfadh iníon
Mhíonla Risteaird nó Sheoirse
Le grá bídh agus dí agus ionmhais
Bíodh nár chuibhe dó a pósadh,
As maíomh a cine ní bhfaigheadh siúd pingin
Nó póg ón mbruinnill dá n-iarrfadh,
Gan de dhíoltas againn ach ag síor dul chucu
Mar a bhíodh bean Mhuiris ag Diarmaid.
AR BHÁS LAOISIGH UÍ BHRIAIN SA BHLIAIN 1715.
Tuar goil crann teannta na tíre ar crith:
Monuarsa! ceannphlanda lem linn faoi lic.
Ba dhual dó gleann Teamhrach i ngníomh is i bhfuil
Is tá Tuamhumhan faoi cháin ghallsmacht ar díth an fhir.
Fear furasta dob oscartha ná an rí atá i gcoróin,
Ceap cosanta nár chorrach meangach croí ná glór,
Flaith oirirc dob fhoirtile d'fhuil Mhíleadh mhóir,
Meath orthusan nach docrach leo sínte an leon.
Leon uasal a luaimse de dhea-chrú Táil
Do threoraigh uainn-ne is gan a thuairisc a theacht chugainn slán:
Is róbhuartha atá a chuallacht ar mearú gnáth
Ó fuair fear a bhfuascailte ó gach púir bás.
Bás fíorobann Laoisigh Uí Bhriain sa bhFrainc
d'fhág daoine gan chuimhne gan chiall gan chaint;
Do chráigh tíortha gan síol mBloid ag rialú ann,
Fás síos ar a naimhde agus pian in am.
In am anfa mar d'aithriseas ár gcrann ó bhris
Is gan do thaca againn ach seasamh ar ár n-ancaire:
Teann tagrach go maire sin is clann a mhic
Mar gheall againn lenár ndragan mear do scannraíodh Whigs.
Whigs ársa a scáile do sheachnaídís
Is go Parthas ní thráchtfaid le heagla roimhe;
Styx áras na gceardaithe a mhairbh a rí
Is gur ar ardneamh atá an sárfhear nár chealgach croí.
Croí rabairneach dob fhairsinge ná an domhan go léir,
Saoi ceannasach de bharrascoth is de thogha na nGael,
Ar slí masla dó dob eaglach leothu rogha na laoch,
Is bhíodh anfa air ba rachtmhaire ná an tonn dá mhéid.
An mhéid nár dhoirt Gaill sa chogadh den Tálfhuil mhór
Tá an t-éag á ndeochadh is fuil bhodach go sámh ina gcló,
De réir mar slogtar na torthaí is fearr ar dtóis
Is nach baol do bhrosna nó go gcroitear na fáis is mó.
Is mó an méala fear Léim an Eich sínte in uaigh
Ná céad flaith ró-éachtach is Impire muar;
Sa chló chéanna gan é againn arís is trua,
Is ó d'éag sé tá ár ndéara de shíor ar tuar.
AR BHÁS THAIDHG UÍ BHRIAIN, BAILE AN GHABHANN.
Ó ráinig an cogadh go follas don leonfhuil crích,
Don Tálfhuil tofa a lomadh le gleo na gclaíomh,
Níor tharla an donas a ghortaigh is a leon an tír
Go dtí bás an chrobhaire chosantaigh chróga chaoin.
Ba chaoin ba cheart an flaith is ba deáthach doimhin,
Taoiseach teastach scaipeach fáilteach groí,
Fiúntach, fleascach, maiseach, grámhar Tadhg,
Faoi do dhíonsa a leac tá creach na ndámh ina luí.
'Úirleac ghlas, is gur feas do ghnótha i gcrích
Ó tharla fláith Dháil gCais fád mheon ina luí,
Fear nár ghlac riamh cnead ná brón ina chroí,
Is dá bhfaigheadh ina ghlaic go scaipfeadh stór an rí.
Níor ghráigh seisean páirt Whigs ná cladhairí riamh,
Do ghearrfadh na cnámha acu, ní fhoighníodh iad;
Ins an tábhairne ba ghnách go soilsíodh grian
Is gan de chás aige i bpláta ach mar chaidhtí liag.
A liathleac is pian liom ná measfaí t'fhoghail
Ó na fiadaim do mhianach a bhraith ó rogha;
Is é mo dhiacair a bheith iata le do chneas rólom
Grianscoth na mBrianach ó Bhaile an Ghabhann.
Tá do chéile go héagnach is ní fhoighníonn ciall,
An bhé thais ó d'éagais is ard díol pian,
Tá spéartha faoi dhaolcheas is ní shoilsíonn grian
Ó d'éagais mo chéad chreach thú, a Thaidhg Uí Bhriain.
A bháinleac is náir liom nach furas tú a riar,
Go bhfuil ardfhlaith is crá liom faoi do chumas mo phian,
Fear rábach den tsárfhuil fuair urraim na gcliar,
Mac Áine an bháinchnis is Mhurcha Uí Bhriain.
Ní dheachaigh Tadhg mar mo Thadhgsa isteach i gcomhrainn
Ó d'éag Tadhg meidhreach geal Móire,
Nó Tadhg glan feidhre Mhic Mhathúna,
Nó Tadhg mac an daill ó Bhéal Átha Chomhraic.
Ceangal.
Ó fágadh i do dheáidh mé mar ghadhairín fiaigh
Ag gárthadh gach lá amuigh is go ndeachaigh díom triall,
Ins an gcás sin tar cách mé is mé is foighní ciall
Is i ráite go bhfágfainn mo Thadhg croí im dhiaidh.
MAR DHÍOL I MBRUÍN.
A bhláith na bhflaith nár ghaibh an dlí mar rogha
Má tá gur ceart mo bhearta d'íoc go lom,
An lámh a thairg masla dhaoibh a thabhairt
Más sásadh leatsa glactar í san bhfoghail.
Foghail gháifeach ba ghnáth i leith triathaibh Róigh,
Is bonn d'áireamh ina shásamh níor riaghail dóibh,
Dob ábhar áthais leo a namhaid a thriall ina gcóir,
Treabhadh trá mara a ndáil sin le glia na leon.
A leoin oscartha is a mhogaill mhullaigh fhíobhaidh aird Ír,
An pór clogadach a chosanadh ó chíoscháin sinn,
Is mó an moladh bheith dar Colm Cille i síocháin linn
Os doiligh liom mo dhonas ná go smaoinfeá an dlí.
Dlí gan bhéim réime na n-aithreach n-ard romhat,
Síoth is séimhbhréithre le caraid fá bhrón,
Fíonta faoi shéirse á dtarraingt tráth dóibh,
Laoithe is daordhréachta le caismirt gháir cheoil.
Ceol cláirseach is táiplis is rince is fiach,
Ól gáifeach is ceard eachra ag sníomh na srian,
Seolbháirc fhada lántorach d'fhíon is d'iasc,
Is bord dáimhe ba ghnáthach de shíor ina ndiaidh.
I ndiaidh a ndúras is dúr mura dtuite deor uaim,
Is cria dhúchais an uird dhil i mBoirinn fón scuain;
Dia ad chumhdach, níorbh fhiú dhuit, ní ligfir leo ach cuairt
Is biaidh cuntas ón nglúnsa cén duine is mó slua.
An slua eachtrannach seo i mBanba a bhrúigh bhreoigh sinn
Is luath shealbhaigh ár bhfearannta is a lúb leo an dlí;
Is tuar easmailte dá n-eachtaibh ar iontó síon,
A ua Fhearghais ba chalma ins gach coinscleo gníomh.
Gníomh airmchlis ba chleachta libh in úirchrích Choinn,
Díoth danaraibh á dhearbhú sna mútaí i mbíodh
Bruín chaismirte agus gaisce gail á n-ionsaí arís,
Is níl aicme ar bith dá chalmacht nach n-umhlaíodh daoibh.
Is daoibh ba dual duanta agus dréachta ar dtús,
Bíobhaidh is bua buannachta is béasa búidh,
Croí gan cruas, cuallacht is caomhnadh is clú,
Aoirde ua, uaindile, is Éire is uird.
MO THEASTAS AR PHÓIG.
Mo theastas ar phóig, a ógbhean, má chaithirse d'fháil
Spreallaire róchóir mé is is ainnis mo cháil,
Is cearrbhach Seon, pótaire is radaire ar mhnáibh,
Is níl tairbhe ar ndóigh domhsa gan aithris mar táim.
Nuair a thagaim i gcóir cóipe na bhflaithibh is fearr
Taitním leo go mór go ngairtear reicneáil,
Caithim fán mbord feoirling ná hadmhaím d'fháil,
Is ní ghlacfainn gan ór corónta d'aisíoc ina háit.
Níl baile san ród romhamsa ná cluintear mo thásc
Is ná barraid sa ló a ndoirse dom sheachaint mar phláig;
Níl tairbhe dóibh, tógaim don tairsigh an tsál
Is ar chasadh dom tóir shlóite is mallacht i mo dheáidh.
I gCorcaigh nó i mbord Eochaille nuair a rochtaim de stáir
Is i nGaillimh i mo dheoidh an nóin sin a ghabhtar mo thásc,
Cnagaim an bord, ólaim an bairille lán,
Is acu ní Seon domhsa is ainm ach Seán.
Preabaim go beo an bóthar mar scafaire an stáit
Is gan agam de stór Fódla ach aon rapaire amháin;
Mealaimse fós coróin is dá fhichid ó Cháit
Ar leaba is mo stór óg agamsa ar láimh.
AG COMHAIRLIÚ ÓGMHNÁ D'ÉIS A PÓSTA LE
CÓBACH IARMHAISEACH.
An file.
Ó scarais liom a lúb gan lochtaí
Is dubhach is is donaí táimse
Mar leanbh diúil ar dtúis nuair a choiscfí
Ag dúbailt osnaí i do dheáidhse.
Aithris dúinn go ciúin a choraí
An t-angar docht faoina dtángais,
Nuair a cheangail tú le brútach bodaigh
d'fhonn bheith sonaí sásta.
An ógbhean.
Gealladh dúinn gan amhras droch-chríoch
Ag ionsaí fochríon fálta
Is gur maith dom rúmpa feabhas mo choisíocht
An uair a thosnaíos ráig air.
Dá dtéinnse ag damhsa is dlúth a stoithfí
Punt de mo locaí bána,
Is gad maith ramhar dom rúscadh scoiltfí
d'fhúigfeadh mo dhroim cráite.
An file.
Glacsa an chúis go súgach sochríoch
Spiún gan dodaí a mhála,
Agus brádaigh a lúth ón mbúr le toilíocht
Is tabhairse box faoin sá dó;
Tarraing chugat ar urla an soraí
Is múch sa log faoi do sháil é,
Ní mhairfidh siúd go Samhain is ní hoth linn
Agus beadsa ag lonaíocht lámh leat.
Ceannaigh cúpla gúna is cocaí,
Púdar, clóca is strawcap,
Mask is dúscairf, húdaí is cnotaí,
Búclaí, bobaí is fáinní;
Bíodh each mear fút, leig chugat an coisí
Os comhair an scogaín chráite
Agus bain as súil má smuainíonn corraí
Agus béarfaidh an doilíos bás dó.
DO PHEIGÍ TURRAÍ TAR ÉIS A PÓSTA LE
SEÁN Ó TINN.
Mo mhallachtsa dom mhúdar do cheangail mé le stumpa
De scraiste mharbh brúite gan lúth gan aird,
Is go bhfuil mo mhama brúite ó thuargaint fhada an chliútaigh
Is gur troime a chorp ná long ar an linn gan snámh.
Níl faic aige ach orlach de spadalach chum spóirt dom
Is níorbh annamh fear an tomhais sin á dheighilt óna mhnaoi;
Smaoin seal gur tú an spreas a bhrúigh marbh fút mé
Is do-bheirim duit mo chontracht is adharc tríd mhaoil.
Is deacair duitse gnóthchan is mo mhallachtsa lem ló agat
Is go mbaine sin gan rómhoille leadhb ód dhroim,
A chnagaire bhig dhóite gan maith ar bith ar m'eolas
Ach gur maith an clóca ar mo chlainn fear tí.
Ní chaithfead feasta cóir leat is rachaidh mé ar gach cóisir,
Beidh fear eile agam pósta is tú i do luí fó líg;
Smaoin seal gur tú an spreas a bhrúigh marbh fút mé
Is do-bheirim duit mo chontracht agus adharc tríd mhaoil.
Do-chluin an t-athair cumhachtach gur dhein mo charaid fórsa,
Do cheangail mé le do shórtsa de chladhaire claimhe;
Gan agamsa mar nóchar ach carthanacht na gcomharsan
Is nach fearra sin ná fonnradh ar do chreill gan chrích.
Scaipfidh mé do stórsa idir scairf coic is clócaí,
Beidh agam marcach óg greanta groí chum gnímh;
Smaoin seal gur tú an spreas a bhrúigh marbh fút mé
Is do-bheirim buille den tlú ionat is adharc tríd mhaoil.
AN AINNIR ÚD A BHRAD MO RÚN.
An ainnir úd a bhrad mo rún
Is í is fearra clú agus béasa,
Is deargúr is is geal a gnúis
A mheath ar dtús mo shaogail mé.
Is fada fionn is is cas a cúl
Is is blasta cumhra a caorghob,
Is gach leagadh súl ón ngadaí ciúin
Go ndeachaigh anonn tríom thaobh deas.
Is áil liomsa, is is áil liomsa
A com siúd nár féachadh;
Is áil liomsa, is is áil liomsa
A súil ramhar nár claonadh;
Dob fhearra liom ná a n-abraid siúd
Gí gur deacair dúinn a réiteach,
Go mbeinnse is tú inár luí sa drúcht
Nó i gcoillte cumhra craobhach.
Dá dtiginn chugat ar maidin drúchta
Is tú casta i do ghúna i d'aonar,
Is maith a smuainfinn ar an siúl
Dob aigne dúinne a dhéanamh;
Muna mb'fhiú leat a dhearbhú
Is mé a ghlacadh i gconradh céile,
Ba na Mumhan ar fad air siúd
Do leagfainn thú sa bhféar glas.
Is lag mo lúth is is tearc mo shiúl
Le searc do lúb an aolchneis,
Do thairg dúinn go cleasach siúd
Dár mealladh le múrtha bréagach;
Is measa liom is is och mo chumha
Ar a magadh fúm a ghéilleadh,
Is a bhean na rún, sul racham in úr
Tabhair blaiseadh buird do bhéil dom.
Ós fada dubhach mé leat ag tnúth
Ná meath mo shúil tar éis sin,
Is abair liom "go maire tú"
Is ní heagal dúinn go n-éagfam;
Meas gur fiú leat a rúin ghil
Mé a ghlacadh i gcuntar éigin,
Is ná tagair diúltadh a thabhairt dúinn
Is gan an dúiche ar dtaobh leat.
Nach ait an chúis mo ghean do do ghnúis
Is gurb aithne dúinn do thréithe,
Gí gur maiseach múinte cneasta cumtha
Is bradach tú is is bréagach;
Dá mb'fheasach dúinn go mba mheasa thú
Ná gach bean ar úr na hÉireann,
Do mhalartú ba dheacair liom
Is mo mhallacht chugat nach réann siúd.
Ná mealladh trú beag asail tú
Le ba ná puint ar aon chor;
Níl ach tamall subhach ina shamhail siúd
Seach faraire úr do do bhréagadh.
Níl d'afach iontu ach mar an gcúr
Ar easpa cumhdach caomhfhir,
Is más scarúint liom a mheasann tú
Nár mhaire tú do chéadfhear.
PLÉARÁCA AN CHOMHFHAID.
Déanam a rúin in éineacht don Chomhfhad
Is aerach is is súgach an áit sin;
Beidh laomairí is leannta ann, tréanrith is trúp ann
Is béarfaidh na stiúsaithe an rás ann.
Beidh géarghaise damhsa ann, fiú Éadbhard is Úna ann,
Is Éamonn ar lúsradh le Sláine,
Beidh Séamas ag Susan a téarma gan tuirse
Is é ag cur a chrúb léithi i bhfáinne.
"Coir déantar ar phort dúinn" adeir léibis an mhúin,
"Go bhféachfadsa babhta le Pádraig";
Eiléan na gcos ramhar ar saothar ag Connla
Is ag déanamh go dúbalta fálrith.
Tabhair fé ndeara ansiúd Ringleader an damhsa
Gan léine is a gúna go sála,
Daorchoc ar thrú na gcaorach a chrú
Gan aon stoca is púmpa ar a spága.
Bíonn Tate agus púdar ar éadan gan ionladh
Gan béasa gan múineadh gan náire,
Stays agus húda ar gach péist ag teacht chugainn-ne
Mar mhaighdean tar triúch is go rug páiste.
Sinéad an bhean chiontach ná féachfadh ar phunt ort
Is nár éimhigh sí conradh mhic deáthar,
Is de réir mar a dúradh, le féile is le fiúntas,
Níor thréig Doireann dúchas a máthar.
Ní héasca duit cú na craoschaile ansiúd
Is a ghréisceallach giúnach á cnáire,
Is gurb é deir an striúil gan claonadh ar a drúis
Má dheineasa siúd, do bhí i ndán dom.
Sin naomh os do chomhairse atá céasta le cumha fir
Is go mbéarfadh sí súil ar bheith páirteach,
Is ní ghéillfinnse d'urnaithe an té sin sa chúinne
Is go léigfeadh fear trúisbhríste lámh léi.
Is é is béasa don chúileann seo ag sméideadh go múinte
Is mé ag éisteacht go ciúin lena ráitibh,
"'Éamoinn dein rún orm, léigfeadsa chugam tú
Is dar faith ní le drúis ach le grá duit."
Maolmhuire an chúil dhuibh an chéad fhear lér múineadh
An Seven, don triúr deirféar sin,
Is níl éifeacht ina gcúis go léir seach mo rún
Is a héadan faoi phúdar is phlástra.
Le haon rachta drúise a béal is a súile
Is a taobh bunoscionn leis an ngáire,
Bíonn bréithre scioptúra is saothar na n-údar
Gan traochadh á scrúdadh ag an mbáinchnis.
Atá tar éis sin ina smuainte go léigfeadh sí chuici
Mé féin is deichniúr fear dem chairde
Is cé haerach a hurla níl aon ribe clúimhe
Ar a bléantracha ó thuirlingt na dtáinte.
Is bíonn céad fear ag tnúth mar chéile léi siúd
Is gur séimhe os do chomhair í ná an Pápa;
Mo chéadshearc an chúileann tar béithibh na Mumhan
Ós í do thug dúinn dorn pláta;
Is do réitigh mo chúis ar aonach an Turlaigh
Ar aonach Chluainramhadh is an Chláir thíos,
Má fhéadaim gan amhras sul tréigfidh sí an cúrsa
Beidh an bhébhruinneall úd is mé páirteach.
FÉILE THIOBÓID.
A Éigse léigidh d'bhur ndíospóireacht,
Cén neach is féile dá bhfuil beo anois,
Féachaidh gan bhréag gurb é Tiobóid sin
Bheir a léine dá chaolchorp le sruthól dúinn.
Do réabas mo thréanas le plobóg the,
Do shaor sin ó éag is ó dhobhrón mé,
In éiric do réifinn do ghiobóg duit
Ach go leigean sí an t-aer tré na fuinneoga.
Níl éifeacht i léine ná i gcasóg fir
Gan na hae istigh a théamh is na scamhóga,
Seoch braon d'fhuiscí Shéamais Mhic Mhathúna
Lena ndéantar gach éinneach go sultghlórach.
Téarnam in éifeacht, a Thiobóid ghil,
Agus déanfaimid craos ar ár stór beag;
Téimid ina dhéidh sin faoi chopóga
Nuair nach fuil aon chion ins an tsaol ar ár mbodógaibh.
FREAGRA.
An ainnir sin do labhair sibh is fearra guth is béasa is labhairt
M'ainnis gan í ar leabain agam sealad is mé taobh léi ann,
M'anamsa le haiseag ar scáth pheacachaibh an tsaoil is an domhain
Gurb acmhainneach do ghreadfainnse aici an garbhfhionn lem ghléas
go teann.
AG IARRAIDH IASACHT LEABHAIR AR AODH BUÍ
MAC CRUITÍN "PEADAR BREATNACH" AB AINM
DON LEABHAR.
An t-aspal a d'fhág an t-ardfhlaith ina theampall féin
Ar an dtalamh ina áit ina mháistir os ceann an tréid
Malartaigh tráth do do bhráthair rann beag é
Is beidh an Breatnach slán is trácht an domhain tar éis.
U 0242
Aodh Buí Mac Cruitín ag freagairt.
Seo chugat an Breatnach ós aspal é a Sheáin i gcéill,
Ar intinn eachtra na bhflaitheas d'fháil is a réim,
Mo dhíograis tagraim do do phearsa is mo ghrá do do mhéin,
Is mo mhíle bheannacht do d'athair is do do mháthair shéimh.
Is séimh is is searcúil dea-ghnaoi d'fhás i do ghnúis,
Béasúil barrúil dathúil dána ar dtús,
Ní bréag ná bachnú ach breathnú ar chách is a gcúis
Gur mac Gaeil greannmhar dathúil deáthach tú.
U 0263
SEON Ó HUAITHNÍN DO DHIARMAID Ó TINN.
Do chuirfinn mo chearc go clufar ar nead
Is ní thabharfainn ach a ceart bídh di,
Do bhainfinn ón mbróin an deannach rem dhóid
Is do leanbh níor dhóigh císte.
M'eachracha riamh níor leigeadh gan srian
Is siolla ina ndeoidh timpeall,
Is cumas mo thí níor thugas dom mhnaoi
Ná oiread na dí a shíneadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11