Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Dhuanaire III

Title
Nua-Dhuanaire III
Compiler/Editor
Ó Concheanainn, Tomás
Composition Date
1852
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1978)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sliabh na mBan



Is saoth liom féinig bualadh an lae úd
a dhul ar Ghaeil bhocht' 's na céadta a shlad,
mar tá na meirligh ag déanamh géim dhínn
's á rá nach aon ní leo pike ná sleagh;
níor tháinig ár Major i dtús an lae chúinn
's ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart,
ach mar sheolfaí aeireacht bó gan aeire
ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.



Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
nár fhan le héirim istoíche is stad
go mbeadh dúichí Dhéiseach is iarthar Éireann
ag triall le chéile ón tír aneas;
bheadh a gcampa déanta le fórsaí tréana,
bheadh cúnamh Dé linn 's an tsaoil ar fad,
's ní dhíolfadh meirleach de mhuintir Néill sinn
ach bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan.



'S é Ros do bhreoigh 's do chloígh go deo sinn,
mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag,
leanaí óga ina smól ann dóite
is an méid d'fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
ach geallaim féin dóibh an té rinn an feolmhach
go mbeam-na i gcóir dhó le pike is le sleagh,
is go gcuirfeam yeomen ag mún 'na mbróga
ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.



Is 'mó fear aosta is crobhaire gléigeal
ón am go chéile do gabhadh le seal,
go bhfuil córdaí caola ag baint lúth na ngéag dhíobh
i nduinsiúin daora go doimhin faoi ghlas;
gardaí taobh leo ná leomhfadh sméid 'rthu
go ndéanfaí plé dhóibh i dtír thar lear,
á dtabhairt saor óna namhaidh gan bhaochas
in am an tsaothair ar Shliabh na mBan.


L. 2


Tá an Francach faobhrach 's a loingeas gléasta
le cranna géara ar muir le seal,
's é a síorscéala go bhfuil a dtriall go hÉirinn
's go gcuirfid Gaeil bhocht' arís 'na gceart;
dá mba dhóigh liom féinig go mb'fhíor an scéal san
bheadh mo chroí chomh héadrom le lon ar sceach,
go mbeadh cloí ar mhéirligh 's an adharc á séideadh
ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.



Tá baois óige ar an dream tá ar m'eolas,
tá an aimsir óg 's an chabhair ag teacht,
an té mhill na gnótha is é leigheasfaidh fós iad
's ní dhíolfam feoirling leo cíos ná sraith;
píosa corónach, an chuid is mó dhe,
ar charaoid bhó nó ar ghabháltas ceart;
beidh rince ar bhóithre is soilse á ndó againn,
beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.



B 1845-50lsc 19L



Slán chum Pádraig Sáirséal



A Phádraig Sáirséal, slán go dtí tú!
ó chuais don Fhrainc 's do champaí scaoilte,
ag déanamh do ghearáin leis na ríthe,
is d'fhág tú Éire is Gaeil bhocht' cloíte.
Och! ochón!



A Phádraig Sáirséal, is duine le Dia thú,
is beannaithe an talamh ar shiúil tú riamh air;
go mbeannaí an ghealach gheal 's an ghrian duit,
ó thug tú an lá ó lámha Rí Liam leat.
Och! ochón!



A Phádraig Sáirséal, guí gach nduine leat,
mo ghuí-se féin is guí Mhic Mhuire leat,
ó thóg tú an tÁth Caol ag gabháil thrí Bhiorra dhuit,
's gur ag Cuileann Ó gCuanach a buadh leat Luimneach.
Och! ochón!



Geobhadsa siar an sliabh seo im aonar,
's geobhad aniar arís más féidir;
's ann do chonaic mé an campa Gaelach,
an dream bocht silte nár chuir le chéile.
Och! ochón!


L. 3


"Cé súd thall ar chnoc Bhinn Éadair?"
"Saighdiúir bocht mé le Rí Séamus.
Do bhí mé anuraidh in arm 's in éide,
ach táim i mbliana ag iarraidh déirce."
Och! ochón!



Briseadh na Cruiminne is briseadh na Bóinne
is an tríú briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
an ceathrú briseadh in Eachroim Dé Domhnaigh,
's buaileadh buille trom orainn ag Tobar Rí an Domhnaigh.
Och! ochón!



Mo chúig chéad slán chúibh, a bhallaí Luimnigh,
's chun na buíne áille do bhí inár gcuideachta;
do bhíodh tinte cnámh againn is cártaí imeartha,
is briathra Dé á léamh go minic dhúinn.
Och! ochón!



Is 'mó saighdiúir meidhreach meanmnach
do ghaibh an tslí seo le seacht seachtainí,
fé ghunna, fé phíce is fé chlaíomh cinn airgid,
ach tá siad sínte thíos in Eachroim.
Och! ochón!



Tá leasú ag Ó Ceallaigh 's ní gaineamh é ná aoileach,
ach saighdiúirí tapaidh dhéanfadh gaisce le píce;
do fágadh iad in Eachroim 'na sraitheanna sínte,
mar bheadh feoil chapaill ag madraí á sraoilleadh.
Och! ochón!



. . . . . . .



Ansúd atá siad barr uaisle Éireann:
Diúcaigh, Búrcaigh 's mac Rí Séamus,
Caiptín Talbóid, croí na féile,
is Pádraig Sáirséal, grá ban Éireann.
Och! ochón!


L. 4


B 1831-50lsc 19L



An Droimeann Dubh Ó



"A dhroimeann dubh dílis, a scoith shíoda na mbó,
cá bhfuil do mhuintir nó an maireann siad beo?"
"Tá siad sna díogaibh sínte faoin bhfód,
ag súil le Rí Séamus a théacht insa gcoróin."



Dá bhfaighinnse cead aoibhnis nó radharc ar an gcoróin,
thriallfainn go Sacsain d'oíche is de ló,
ag siúl bogaigh is curraigh is sléibhte dubha ceo,
nó go seinnfear ar dhromaibh "An Droimeann Dubh Ó"!



"Dia do bheatha don mbaile, a dhruimeann dubh ó!
ba mhaith do chuid bainne is ba mhilis le hól,
do chaoinfinn do leaca is do chom cailce mar rós,
's do mhalairt ní dhéanfad, a dhroimeann dubh ó!"



B 1904 19
U Anaithnid



Cáit Ní Dhuibhir



Tráthnóinín beag déanach, 's mo thréada agam á gcur ón síon,
ar leataoibh chnoic im aonar, 's ba ghléasta do bhí mo phíob,
bhí an ceol ba bhinne ab fhéidir ag éanlaith is gach nóta fíor,
's do réir mar thuigeas féin iad, beidh Éire 'ge Cáit Ní Dhuibhir.



Tá leasacháinín aerach ar an dtaobh so 'ge ceann mo thí,
's is moch gach maidin ghréine bhíonn an spéirbhean ann romham 'na suí;
tá leabhar aici den Bhéarla agus roinnt bheag den Ghaelainn thríd,
's é scríbhte i mbun gach véarsa ann go mbeidh Éire 'ge
Cáit Ní Dhuibhir.



Tá míle dath ina clóca, is a bróigín ar dhath an fhraoigh,
gúna den fhaisean nódh uirthi den tsórt bhíonn ar 'níon an rí;
"a chumann chroí is a stór dhil, suigh go fóillín 's ní 'neosad
puinn,
ach go raghainnse arís in óige dá mbeinn pósta le Cáit Ní Dhuibhir".


L. 5


Do shuigh sí ar bhinse taobh liom 's mo ghéaga do thit liom síos,
do cheapas gur phlanda ón nGréig í is gur bhaol dom í theacht
im líon;
"An tú Júnó, Pallas, Vénus, nó Hélen do loisc an Traoi,
nó an bhean do chloígh na céadta, nó bhfuil gaol agat le
Cáit Ní Dhuibhir?"



"Is bean in imigéin mé, is mo chéile do chuaigh thar toinn;
tá mo chlann go tuirseach traochta, tinn tréithlag, 's gan preab 'na
gcroí;
is níl aon fhear in Éirinn do bhéarfadh é féin dom bhuín,
ná go dtabharfainn talamh saor dó agus tréada go bráth gan chíos".



B 1885-1942c 19D
U Anaithnid



Sail óg rua



In Oileán Éadaigh atá mo ghrá is mo chéadsearc,
an bhean ar lig mé léi mo rún 's mé óg,
a bhfuil triúr an aon-chéill ag gol 'na déidh agam,
is bean a mbréagtha, mo léan, faoin bhfód;
tá mise tréithlag 's níl gar á shéanadh -
níl mé ar aonchor ach mar an gceo -
is a stór mo chléibh thú, is tú d'fhág liom féin mé,
is go ndeachaigh tú i gcré uaim 's tú i do chailín óg.



In aois a sé déag 's ea fuair mé féin í
is nár lách an féirín í ag fear le fáil,
ba dheas a béasa is ba chumhra a méin mhaith
is súil mar an réalt bhíonns ann roimh lá;
"mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga,
is do bhráid ghléigeal mar shneachta ar áill,
do dhá chígh ghléigeal le do leanbh a bhréagadh,
is a stór níor fhéad mé thú thabhairt ón mbás".



Dá bpósainn carnán de chaille ghránna,
thóigfeadh a lán orm bheith ag gol 'na diaidh;
ach an chiúinbhean mhánla a dtug mé grá dhi,
is gan í ach 'na páiste tráth fuair mé í;
b'fhearr liom go mór i mo dhiaidh sa ród í
ag bleán mo bhóín 's ag gléas mo bhídh,
ná saibhreas Sheoirse is a fháil ina ór bhuí,
is gur faoi na fóide atá stór mo chroí.


L. 6


Dá mbeadh fhios ag daoine leath mar bhímse
tráth smaoiním ar mo chéad míle grá,
bhíodh sínte síos liom dhá fhad an oíche
is gur ar a cígh gheal a bhíodh mo lámh;
's anois nuair a smaoiním nach liom a choíche í
i mbun mo thí ná mo leanbh bán,
fuil mo chroí istigh a bhím a thaoscadh,
is, a Dhia, cén t-íonadh dhom é i ndiaidh mo mhná?



B 1895-1942 19D
U Anaithnid
Donncha Bán



Nach ar an mbaile seo chonaictheas an t-íontas
ag Donncha Bán agus é dhá dhaoradh;
bhí caipín bán air in áit a hata
agus róipín cnáibe in áit a charabhata.



Tá spré Dhonncha Bháin ag tíocht abhaile,
is ní ba, caoirigh, í ná capaill,
ach clártha cónra agus coinnle geala,
tobac is píopaí ag lucht a gcaite.



A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
is maith tá fhios agam céard a bhain díom thú -
ag líonadh an chupáin 's ag deargadh an phíopa
is ag siúl an drúchta go mall san oíche.



A Dhonncha Bháin, a dheartháir dhílis,
nach breá na trí róid atá chun do thí-se -
ród na mbó agus ród na gcaorach,
'gus cosán socair faoi chosa daoine.



A Dhonncha Bháin, a thogha na ngaiscíoch,
a chúil tromdhualaigh na gruaige daite,
ní liachtaí lúibín i do chúl ag casadh
ná grá ban óg i do chónra i dtaisce.



A Dhonncha Bháin, éirigh id sheasamh!
tá buachaillí an Mhóinín ag tíocht dot fhaire;
glac do chamán 's téirigh chun na haille
is cuir an liathróid na liaga ó bhaile!


L. 7


A Dhonncha Bháin, níorbh í an chroch ba dhual duit
ach dul chun an sciobóil agus t'easair a bhualadh,
an céacht a iompó deiseal is tuathal
's an taobh dearg den fhód a chur in uachtar.



Dá mbeadh Donncha Bán san áit ba chóir dhó
idir Caisleán an Bharraigh agus Baile an Róba,
bhrisfí an chroch is ghearrfaí an rópa
agus ligfí Donncha Bán abhaile ar an eolas.



A mhic Uí Mhaol Chróin ná raibh séan ort!
ná raibh t'iníon ag iarraidh spré ort!
ná raibh do chlann mhac agat i bhfochair a chéile!
is tú bhain mo dheartháir dhíom a bhí geal gléigeal.



Thug tú th'éitheach, a scúille an mhí-áidh,
ní lao bó bradaí a bhí i mo dheartháir,
ach buachaillín cruinn deas ar chnoc is ar chnocán,
's bhainfeadh fuaim go bog binn as camán.



A ghiolla úd thall a bhfuil casóg bhán ort,
más duine ag imeacht thú, nár casa Dia slán thú!
urlár lom agat agus mórán páistí,
seisear dall orthu agus iad gan máthair!



A bhean úd thall a rinne do gháire,
ná raibh tú oíche ach mar atá mé!
do shúile ag silt 's do chroí bheith cráite
is do dhá láimh timpeall ar mhac do mháthar!



Och, ón ó, nach ciúin í an oíche!
agus ní ciúine ná mná do chaointe;
tá ceann do chónra follamh 's a lár líonta,
is Donncha Bán bocht mo dheartháir sínte.



An chéad ghlao a lig mé ba ag barr an bhaile é,
is an dara glao ba ag teach leath bealaigh é,
an tríú glao ba ag ceann na croiche é
is bhí Donncha Bán 's an ceann dá scaith' dhe.



Tá mé ag siúl ó tháinig an oíche,
mo dhá láimh oscailte is mo bhrollach scaoilte;
pardún mo dhearthár i mo bhrollach scríofa,
is ar theacht i láthair dhom bhí mo dhíobháil déanta.


L. 8


B 1902 19
U Anaithnid



Carraig Aonair



An Luan úd an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
agus ghluaiseadar uaimse uair bheag roimh lá,
ag iascaireacht ar bhád i gciantaibh á mbá,
d'fhúig iarsma na bliana ina ndiaidh go bhfaighead bás.



B'é Cormac mo stór, orú, togha na bhfear óg,
mar bhí sé modhail múinte dea-chlúmhail go leor;
do scríobh sé ar an gcóir leis an mbúcla bhí ina bhróig
gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.



B'é Finín mo mhaoin, an té b'óige dem chlainn,
agus coicís ón lá sin do tháinig sé i dtír
gan tapa gan bhrí, gan anam 'na chroí,
is mo scéal dubhach mar chuala a thuaraim, foraoir!



Tá duine eile dem chlainn ná tráchtaim air puinn,
Donncha mo sciosaire, fear cothaithe mo thí,
go mbeadh an fia aige ón gcoill 's an lacha ón linn,
fideoga dubha an tsléibhe amuigh 's gan bhréag cearca fraoigh.



Nuair a ghabhaimse ansúd síos agus fhéachaim faoin linn
's nuair a chím Carraig Aonair, ó! pléascann mo chroí;
thar n-ais liom arís 's is doilbh mo shlí,
mar is í Carraig Aonair is céile dom chlainn.



Mo chreach is mo dhíth ná deaghadar uaim ar loing
ar fad lena chéile thar na tréanfharraigí;
do bheadh mo shúilse le Críost, lena chúnamh arís,
go dtiocfaidís chúmsa na lúbairí groí.



'Iníon, ó! mo chroí, ná goil-se is ná caígh,
mar gheobhairse togha nóchair dhéanfaidh gnó dhuit is tíos;
ach ní bhfaigheadsa mo bhuíon ná mo thriúr d'fhearaibh groí,
ná mo cheathrar breá múinte de lúbairí groí.



A chlann ó! mo chroí, nó an trua libh mar bhíonn
bhar n-aithrín bocht aosta ag géarghol 's ag caí,
'na chuaille bheag chríon i gcúil uaigneach an tí -
is an bhean tá in áit bhar máthar nach cás léi mar bhím?


L. 9


'S í an Nollaig seo chúinn an Nollaig faoi chumha
- mo cheathrar breá brolla-gheal fé shruthaibh na dtonn -
's dá bhfaighinnse an triúr tá go domhain insa tsrúill
is ró-bhreá mar shínfinn is mar chaoinfinn iad súd.



Ó! agus léan ar an mnaoi a thug uaithi an drochghuí,
nár ordaigh don fhear aosta bheith taobh lena chlainn
ar muir nó ar tír nó ar na farraigí i loing,
mar is í tonn Charraig Aonair d'fhág tréithlag mo chroí.



B 1939 19
U Anaithnid



Caoineadh Dhiarmada mhic Eoghain Mhic Cártaigh




"B'é áit 'nar chónaigh muintir Dhiarmada ná ar an gCláraigh,
in aice Shráid an Mhuilinn. Deallraíonn an sgéal go rabhadar so go
táchtmhar. Bhí Diarmaid 'na cheannaí ime i gCorcaigh fé mheas
mhuar, agus níos mó ime aige á fháil ná mar a bhí ag aon cheannaí
eile. Maidean dá raibh máthair Dhiarmada ag crú na mbó amuigh
sa tuar fuair sí sgéala ar bhás a mic a gCorcaigh. Níor fhan sí le
hatharach éadaigh a chur impi, ach d'imigh uirthi agus an bhuarach
'na láimh. Shiúlaigh gach coiscéim de isteach go Corcaigh. Bhí
gach éinne i gCorcaigh i mbun a ngnótha féin ar fuaid na cathrach.
Fiú amháin bhí mná ag sníomh olla in aice léi, i dtreo go n-airíodh
sí fuaim an túrainn. Bhí roinnt eile bhan a bhailigh timpeall
uirthi, iad go muar-mheasúil, ag gáirí im dhriuch agus im éadach na
mná. Ach do dhin sí tagairt dóibh go léir ina caoine, agus dúirt":



A mhná na muitseana
is na ngad suinceana,
do bheadh sibh sruimilte
dá ngabhadh sibh Muisire
is an cnoc ba ghiorra dhó
fé mar a dhineas-sa.



B'id é uair a thosnaigh sí ar chaointeoireacht a mic:



Mo chara thú is mo chumann,
is deirid na mná so liomsa
go ndéanfá ceannaithe a bhriseadh,
is gur agat a bheadh túrleacan an ime;
go gcuirfeá long ar uisge,


L. 10


is go dtabharfá anall leat bruinneall
's a cothrom óir 'na coinnibh,
a Dhiarmaid mhic Eoghain na Tuinne,
gur ghile liom tú im choinnibh
ná an giúistís is ná an breitheamh
is ná méara an chána dheirg.



Mo chara is mo thaitneamh thú,
is dá mbeadh glao fhada agam
nó coisí ana-mhear
a raghadh don Mhainistir
nó go Duiriseán Ala soir
mar a bhfaghainnse gasra
na srianta ndearga
is na mbéalbhach airgid
a bhainfeadh lasrach'
a croí na gcarraigreach'
ag triall is ag tarrac ort,
cé fuaras marbh tú
ag ceann Tí an Mhargaidh
gan éinne ag amharc ort
ach búir nó Sasanaigh
nó clann ceannaithe!
Go raibh maith agaibhse,
is Dé 'n-úr mbeathasa,
ó bhí sé ina easba orm
ar lár na cathrach!.



Mo chara thú is mo shearc,
a leoin d'fhuil uasal cheart,
go dtéadh do litir i bhfad
ó thuaidh agus ó dheas
is siar go Trá Lí isteach,
go Corcaigh arís thar n-ais,
mar a gcaithfeadh na breithiúin stad,
is giúistísí na mbreab,
go gcuirteá dhíot do cheacht
go ciúin agus go ceart,
is go ligteá braighde amach
do bhíodh go doimhin fé ghlas.


L. 11


Mo chara thú is mo stór,
is dá mbeifá agam ar neoin
idir dhá Mhuisire an cheóigh,
nó Clárach bheag an spóirt,
is 'mó cailín álainn óg
is bruinneall cheansa chóir
is marcach buatais nódh
do leogfadh anuas a ndeoir
is do bhrisfeadh leat a nglór,
a Dhiarmaid ghil mhic Eoghain,
ná fuair do thuairisc fós.



Mo chara is mo rún tú,
is dá mbeifá id dhúthaigh
mar ar hoileadh ar dtúis tú,
ní mustairt ná túrann
a bheadh orthu mar chúram
ach mná ag liúirigh
is fir ag búirthigh,
bóithre ba chúng dóibh
ag dul at thiúnlac
go Duiriseán súgach
an chaisleáin chúinnigh,
mar a bhfásaid úlla
is caora cumhra,
cnó buí ag lúbadh
meas go glúin ort,
ba boga ag búirthigh
maidean lae dhrúchta
ad iarraidh a gcrúite -
mo bhuinneán úr geal
do chodail im chomsa
is do hoileas gan chúntar
is tá ag tabhairt a chúil liom,
is mé ró-thúrsach
i gCorcaigh na long leat!


L. 12


Mo chara is mo lao thú,
is an raghfá féin liom
go Duiriseán aerach? -
mar a bhfuil gach aon rud
is breátha in Éirinn
ach amháin an t-aonlocht
ná fuil cuan chun éisg ann:
mara bhfuil san féin ann,
tá mil bhuí is céir ann,
teas ón ngréin ann,
lag ón mbraon ann,
fasc ón ngaoth ann,
duilliúr na gcraobh ann
thar bhráid a chéile,
is tobar breá naofa ann
a bhíonn ar fiuchadh gan traocha
le feartaibh an Aon-Mhic.



Mo chara is mo chumann tú,
is éirigh ar t'uillinn chúm,
cuir fuinneamh it iosgadaibh
go ngabham trí Mhuisire
na bó baininne
nár treabhadh riamh iomaire ann,
nár ceangladh punann ann,
ná cnósaítear ithir ann,
ach fineán borra-ghlas
is fraoch go hiosgalaibh
is ceol ag fiolaraibh
ag gabháil dá imealaibh.



Mo chara is mo ghrá thú,
is níl bean acu láithreach
a thabharfadh trí ráithe
loma-lána
ag iompar do chnáimh ghil
dhá bhliain ag tál ort
ag déanamh fir mhóir bhreá dhíot -


L. 13


tabhairt suas álainn,
culaith ón Spáinn ort,
buatais bhláfar
spoir ar do shála
fuip id láimh dheis
ar muin lárach
cois-fhinne báine
ag gabháil trí Chlárach
ag dul ag fiosrú a mháthar -
ná go mbeidís cásmhar
fé mar atáimse.



Mo chara is mo ghrá thú,
is a mhná so láithreach,
's is deireanaí tháinig,
ná seasaíodh sibh ar áitibh
nó ar mhullaíbh árda
'fé'aint an bhfeicfeadh sibh a lánchuid
de mharcaigh is a mná acu? -
an chlann mhuar bhreá so
Eoghain Mhá' Cártha
ag teacht ag fiosrú a máthar
atá ró-chásmhar
inniu is amáireach.



Mo chara thú is mo chumann
is cá bhfuil bean Tí Shráid an Mhuilinn?
bean Tí Chroise an tSionnaigh?
nó bean Tí na Rátha Bige?
nó bean Aonais Í Dhála an Iunaigh
aniar ón gCarraigín Cille?
ná fuilid siad anso im choinnibh
ag gol i ndiaidh mo linbh
a fuaras romham gan friotal
ag sign na bó nár doireadh
nár crúdh agus nár sniogadh
is nár bhuail riamh fós aon duine.


L. 14


B 1918-40 19
U Anaithnid
Ciach ar na bairnigh!



Ciach ar na bairnigh!
's a dheó uch uch ón!
's ar na priachánaibh bána!
is a dheó uch uch ón!
mian mhic a tharlaigh,
a bhí ar mo leasmháthair,
do chuir sí anso am bá mé,
is a dheó uch uch ón!



Dá mbeadh fhios ag mo ghrá geal
's a dheó uch uch ón!
go mbeinnse anso báite,
is a dheó uch uch ón!
ní stadfadh sé 'en stáir sin
de chnoic is de bhántaibh
nó go dtagadh sé im láthair,
's a dheó uch uch ón!



Tá mo leanaí gan chíoradh,
is a dheó uch uch ón!
's a gcosa gan ní acu,
is a dheó uch uch ón!
tá a mborlaí siúd scaoilte
ag tarrac na gaoithe
agus mise anso sínte,
is a dheó uch uch ón!



Tiocfaidh na sagairt amáireach,
's a dheó uch uch ón!
agus leis an biocáire,
is a dheó uch uch ón!
's beidh an t-aifreann ard acu
á léamh ar mo chlár-sa
agus mise anso báite,
is a dheó uch uch ón!


L. 15


Beidh bean eile ag mo ghrá-sa,
is a dheó uch uch ón!
gurb ainm dhi Máire,
is a dheó uch uch ón!
beidh cóiriú mo leapa
fé chuirtíní bána
agus mise anso báite,
is a dheó uch uch ón!



B 1886-1902 19D
U Anaithnid
Caoineadh Liam Uí Raghallaigh



I mo bhaintreach 's ' mo mhaighdean fágadh mé go hóg -
nó ar chuala sibh, a chairde, gur báitheadh mo mhíle stór?
dá mbeinnse amuigh an lá sin 's mo dhá láimh sa mbuille mór,
dhéanfainn dídean dhuit, a William Reilly, is leigheasóinn do bhrón.



An cuimhneach libh an lá bhí an tsráid seo lán de mharcaigh,
de shagairt 's de bhráithre ag trácht ar ár mbainis?
bhí an fhidil ar ceann cláir ann 's an chláirseach á freagairt,
's dháréag de na mná bána ann le mo ghrá-sa chur ar leaba.



Níor mhór liom dhuitse, a Rílligh, thú bheith do chliamhain ag an rí,
agus cuirtíní gléigeala a bheith ar gach taobh dhíot ' do luí,
maighdean chiúin chéillí a bheith ag réiteach do chinn,
's ó luadh sinn le chéile is trua mar d'éag tú le mo linn.



Níorbh ait liom scéal cráite bheith amáireach ag t'athair
ná ag banaltra na gcíocha bána a thál ort ' do leanbh,
ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba,
is nuair a shíl mé bheith ' do phógadh 's ar do thórramh bhí an bhainis.


L. 16


Bhí tú ar an triúr úd a fuaidh go Cill Chomáin
ag tíolacadh an Athar Piotar bhí in aois a cheithre fichid;
dá dtigtheá faoi cheann míosa ach, mo léan choíche, ní thiocfaidh,
's nach tusa sin bean san oíche is a caoifeach i mbarr toinne!



Tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin,
tá do dhá láimh gheala ghléigeal ar aon-tsruth leis na bradáin;
b'é do chom bhí seang séimhí is gan bhréig ba tú bhí folláin!
ach 's é mo léan thú a bheith i t'aonraic, a Neil óg Nic
Siúrtáin.



B 1931-35 19
U Ón chaint bheo i gConnachta



Amhrán na Trá Báine



Faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg,
sul má fágadh ' mo chadhan aonraic mé gan feithide an bhéil bheo,
níl deartháir a'm, níl deirfiúr a'm is níl mo mháithrín beo,
tá m'athair bocht lag aosta is, a Chríost, cé híonadh dhó?



Mo mhallacht do na curachaí is mo bheannacht do na báid,
mo mhallacht do na curachaí atá thall sa Trá Bháin,
's iad a bhain mo cheathrar dearthár dhíom a raibh feilm acu ann,
's nach cuma leis an gCeallach é ós é féin atá ina n-áit.



Báthadh Tom is Peadar 's bhí caitheamh mór 'na ndiaidh,
'gus deartháir eile Máirtín a báthadh fadó riamh,
Micil bán ba mheasa liom dá bhfaca mé ar a chine riamh,
's mo mhallacht don tonn bháite, is í d'fhága mo cheann liath.



Shoraidh dhaoibhse, a dhearthárachaí, nach dtáinig isteach i dtír!
go gcuirtí cónra gheal oraibh amach ó láimh an tsaoir,
go gcaoineadh mná an bhaile sibh, a gcleamhnaithe is a ngaoil,
seachas bheith á ruaigeadh idir farraigí is á gcartadh ó mhaidhm go
maidhm.


L. 17


An gcuimhníonn sibh, a chailíní, an lá ar fhága mé an Trá Bháin?
ní bhfuair mé an té chuir comhairle orm ná dúirt liom fanacht ann.
ach chúns fhágfas Dia mo shláinte agam is caraid ó Rí na nGrást,
pé'r bith státa i racha mé ní chasfaidh mé go bráth.



B 1886-1934 19D
U Anaithnid



Aifí Mac Giobúin



A phlúr 's a scoth na Féinne
agus údar ceart an Bhéarla,
ba tú an buinneán breá gan aon-locht
ón bhfréimh go dtí an barr;
's é mo léan, is luath a d'éag tú,
thiar in iargúil Éireann,
gan éinneach de do ghaolta
le do bhréagadh os cionn cláir.



Nach iomaí marcach spéiriúil
'gus cúlóg dhathúil ghléasta
a thiocfadh ort ag féachaint
's tú ag déanamh chun an bháis;
's marach an chinniúint gheall Mac Dé dhuit
bheadh do shochraid leath le hÉirinn,
na gárthaí "Beannacht Dé leat
's go dté tú ar staid na ngrás!"



Ní binne labhraíos éanlaith
faoi bhruach na coille craobhaí,
tá an lon dubh, an chuach 's an chéirseach
gan aon smid amháin;
tá an smóilín mhilis bhéilbhinn
's na faoileáin gheala ag géarghol,
tá an eala ar bhruach Loch Éirne
is ní féidir léithe snámh.



Níl measa ar bharraí géaga
ná torthaí ag tíocht in éineacht,
níl an teas mar bhí sa ngréin ghil
ná an féar glas ag fás;


L. 18


tá an ghealach is na réalta
faoi dhuifean is faoi éicliops
ó d'imigh croí na féile
thug an chraobh leis as gach ceard.



Cuireadh fuair an péarla
go Flaithis Dé chun féasta,
is beidh daoine uaisle ag géarghol
gan léann a bheith ar a gclann;
's tá an taobh ó dheas seo d'Éirinn
gan oideas ceart ag éinneach,
níl spórt ar bith ná pléisiúr
ag éinneach le fáil.



Is measa liom ná an méid sin
an buaireamh tá ar Ghaela,
an sméar mhullaigh a dhul i léig orthu
le héagóir is le feall;
's gurb as Cill Ala a ghluais an dé-smál
a dhíbhir sinn ó chéile,
na Francaigh a thíocht go hÉirinn,
mo léan agus mo chrá!



An seanfhocal 's ní bréag é,
coidir is ná taobhaigh
an coimhthíoch choích' má fhéadair
's beidh tú níos fearr;
's gurb é chuala mé ag gach éinneach
gur mairg riamh a thréigeas
a dhúiche féin ná a ghaolta
is bheith ina aonraic go bráth.



Mo chreach agus mo léan géar!
's é Aifí fuair le léamh é,
is fada siar in Éirinn
a rinneadh éagóir air is feall;
's níl clúid ná ceard de Éirinn
a dtiocfadh anó air ná géibheann
nach iomaí fear breá spéiriúil
a d'éireodh ina pháirt.


L. 19


B 1925-35 19
U Anaithnid



Tomás Bán Mac Aodhagáin



Ag tíocht ó theach an tórraimh dhom a dhearc mé stór mo chroí,
is é mo bhrón agus mo dheacair nach ar mo leaba chaith mé an oích';
tá arraing ag gabháil treasna thríom 's ag cónaí i lár mo chroí,
ach, a stór, mura mbí tú abhaile liom ní mhairfe mé beo mí.



Tháinig Tomás Bán ar cuairt chugam 's mé in uaigneas beag liom féin,
séard dúirt sé "ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é,
a chúilín catach buadánach, is leat a cailleadh mé,
is gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín tá i mo dhéidh".



A chomharsanaí is a chomhairleachaí ná tógaidh orm é,
má chuaidh mé ag múnadh an eolais go hóg le stór mo chléibh,
ní bhfuair mé riamh droch-eolas air go fóill ó rugadh mé,
's mura bhfeicinn ach ag gabháil an bóithrín é, go dtógfadh sé mo chroí.



'S tá cuireadh go Cill Choinnigh ? orm is caithfeam a dhul ann,
beidh ann seisiún ceathrúnach idir Gaeil is clanna Gall,
ní thligfear ann ach beirt icínt is crochfar iad, mo léan,
mar tá Tomás Bán Mac Aodhagáin is Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.



Tá garda breá láidir ag teacht le stór mo chroí,
Gearaltaigh Chluain Dálaigh agus arm seasta an rí,
Major Óg Ó Conaill 's Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh,
is dá mbeadh triúr mar Chonall Óg agam ní chrochfaí stór mo
chroí.



Ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chléibh,
ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é;
i ngeall ar bhólacht Stanley a crochadh é, mo léan!
's an té bhfuil truaí do Chlanna Gall aige, an ceann go gcaille sé!


L. 20


'S a Thomáis Bháin Mhic Aodhagáin, 's é mo léan tú a dhul i
gcill,
's ní híonadh liom do mháithrín bheith brónach i do dhiaidh;
dá mbeitheá ar leaba an bháis aici, cér chás dhi thú a bheith
tinn?
- ach do chrochadh as na sáltrachaí is an bháisteach le do dhroim.



B 1895c 19D
U Anaithnid
Caoineadh Dhomhnaill Óig



Rachaidh mise suas go hInis Gé ar cuairt
go bhfeice mé go luath na saoithe,
go bhfágad iad gan ghruaim, gan osna trom ná crua,
mar nach gcluinim ann á lua ach caoineadh;
ba mhaith an fear thú ar cuan ag múnadh is ag tabhairt suas,
'gus, a Dhomhnaill Óig, nach luath an scaoileadh!
níorbh fhada liom an uair do do mholadh ar an uaigh;
tá scoith Mhag Fhiontaigh, 's é is trua liom, sínte.



Nach duairc a fuarthas thú is sinne uilig faoi chumha,
nach dtáinig tú go humhal sásta;
chaill mo chos a lúth, agus radharc ó mo shúil,
ag feitheamh ar gach cuan dá dtráigheadh;
mar chonaiceamar thú i do rith, do léim 's do lúth,
is do bhuille breá buan rámha;
seo mo bheannacht leat go buan go Flaitheas Dé na nDúl
's ní fada liom thú sa gcúirt neámhdha.



Nach mairg atá de do dhíth in aimsir bhaint an lín,
's an eorna ag lasadh buí sa bhfómhar;
sin is gach uile ní le molfaí fear i ngníomh,
mo chreach 'gus mo mhíle brón thú!
dá mba cogadh é nó síoth, ba taoiseach é ar an mbuíon,
agus bhréagfadh muga dí Dé Domhnaigh;
cé híonadh do do ghaolta bheith buartha de do dhíth?
agus, a churacháinín, choíche brón ort!


L. 21


B 1904 19
U Anaithnid



Caoineadh na dtrí Muire



"A Pheadair, a aspail, an bhfaca tú mo ghrá geal?"
Ochón agus ochón ó!
"Chonaic mé ar ball é i lár a namhad,"
Ochón agus ochón ó!



"Gabhaigí i leith, a dhá Mhuire, go gcaoine sibh mo ghrá geal,"
Ochón agus ochón ó!
"Céard atá le caoineadh againn mura gcaoinimid a chnámha?"
Ochón agus ochón ó!



"Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise?"
Ochón agus ochón ó!
"An é nach n-aithnír do mhac a mháthair?"
Ochón agus ochón ó!



"'S an é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe?"
Ochón agus ochón ó!
"nó an é sin an maicín a rugadh sa stábla?"
Ochón agus ochón ó!



"Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?"
Ochón agus ochón ó!
"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
Ochón agus ochón ó!



"'S an é sin an casúr a bhuail tríot na tairní?"
Ochón agus ochón ó!
"nó an í sin an tsleagh a chuaigh trí do lár geal?"
Ochón agus ochón ó!



"Nó an í sin an choróin spíonta a chuaigh ar do mhullach álainn?"
Ochón agus ochón ó!
"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
Ochón agus ochón ó!


L. 22


"Éist, a mháthair, is ná bí cráite,"
Ochón agus ochón ó!
"tá mná mo chaointe le breith fós, a mháithrín,"
Ochón agus ochón ó!



"A bhean atá ag gol de bharr mo bháis-se,"
Ochón agus ochón ó!
"beidh na céadta inniu i nGairdín Phárthais,"
Ochón agus ochón ó!



B 1906-40c 19
U Anaithnid



Amhrán Mháire Ní Mhongáin



Bhí beirt mhac agam bhí oilte tóigthe
's ba ghearr ba lón dom iad, céad faraor géar!
d'fhága siad a ndeirfiúr bhocht gach maidin Domhnaigh
ag sileadh deora is gan caint ar ghléas;
ní hé an fear ab óige a chráigh go mór mé -
cé go mba lách an leoinín le mealladh é,
ach an mac is sine acu is é mhearaigh is bhreoigh mé,
agus mí ní beo mé le cumha ina dhéidh.



A Pheadair mhuirneach bhí oilte múinte,
a d'imigh ar chúntar a bheith ní b'fhearr,
bhí gnaoi na gcomharsan ort fhad 's bhí tú frúmsa
's ba mhaith an cúntóir thú amuigh le Seán;
iarraimse ar Mhuire go bhfaighe tú iomlacht
's fortún cumhachtach ó Rí na nGrást,
bhéarfas abhaile agam thú slán gan chontúirt
mar is mór mo chumha i ndiaidh mo mhicín bhán.



Nach fada an seasamh agam é le bliain 's trí ráithe
gan mé féin a bháthadh nó a chur den tsaol,
's tú i do sheasamh san arm Gallda
is gan dá bharr agat ach beagán bídh;
dá mba i mBaile na Cille a bheadh do chnámha
ní bheinn leath chomh cráite ar fad i do dhiaidh,
ach mo chúig chéad beannacht leat go cúirt na ngrásta
mura bhfuil sé i ndán dom thú a fheiceáil choích'.


L. 23


Is mac gan chumann thú anois dar liomsa
nach dtigeann ar cuairt agam d'oích' ná de lá,
a chaith trí ráithe gan scíth ad iompar
's chuaigh i gcontúirt leat aon oíche amháin;
thug mé scoil dhuit is beagán múinte
do réir mo chumhachta nó arís ní b'fhearr,
's nach beag a ghoilleas mo ghalra dubhach ort,
cé ar bith cuan a bhfuil tú ann.



Nach beag a bhfuil fhios aige leath mo dhólais
's a liachtaí brón tá ag gabháil trí mo chroí,
ghlac mé tinneas is chaill mé bó leis
's níl luach na cónra agam mura bhfuil ag Críost;
ní hé sin fhéin a chráigh go mór mé
ach mar rinne mé an pósadh ar ais arís,
's é bhain an chlann díom bhí oilte tóigthe
is d'fhág muirín óg orm 's mé lag 'na gcionn.



'S cá bhfuil truaí in Éirinn is mó ná mé
i ndiaidh an chéadmhic a chráigh mo chroí,
ag guidhe Dé is ag déanamh déirce,
is nach bhfaighim aon scéala uaidh ar muir ná ar tír?
nuair fheicim mná an bhaile is a gclann in éineacht
caillim mo radharc agus meabhair mo chinn,
ach tá deireadh mo chainte is mo chomhrá déanta
is ní labhród smid go dté mé i gcill.



B 1925-52 19
U Anaithnid



Amhrán Mhuighinse



Dá mbeinn trí léige i bhfarraige -
nó i sléibhte i bhfad ó thír,
gan aon neach beo in aice liom
ach raithneach glas is fraoch,
an sneachta á shéideadh aduaidh orm
's an ghaoth á scuabadh dhíom,
mé bheith ag comhrá le mo Taimín bán
níorbh fhada liomsa an oích'.



Tá pian i mbéal mo chléibh agam
a chuirfeadh na céadta mar mé 'un báis,
's tá mé cinnte dearfa
nach bhfuil mo leigheas le fáil;


L. 24


a Dhia, cén fáth nár fhág tú mé
go bhfilleadh an lá breá,
go mbeadh an chuach ag seinm dhúinn
's an duilliúr glas ag fás?



Dá mba tusa féin a d'imeochadh
is mise fanacht i t'áit,
nach mbeinn i gcionn do chlainne dhuit
gach oíche agus gach lá?;
mar shiúilfinn féin an cúige leo
agus páirt de Chontae an Chláir,
's go deo deo ní smaoineochainn
ar aon duine a chur i t'áit.



Bíodh mo chónra déanta agaibh
as fíorscoth gheal na gclár,
's má tá Seán Ó hEidhin i Muigh-inis,
bíodh sí déanta óna láimh,
bíodh caipín 's ribín inti istigh
is iad go rí-dheas faoi mo cheann,
's tá triúr ban óg faoi shliabh agam
a chaoinfeas mé go hard.



Dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam
an oíche a bhfaighinn féin bás,
nach dtórróidís go gnaíúil mé
trí oíche agus trí lá?
bheadh píopaí fada cailce acu
is ceaigeannaí a bheadh lán -
's tiúrfaidh Páidín Mór go Muighinis mé
nó is mór a bheas an lá.



'Gabháil siar le Inse Ghainimh dhó
bíodh bratach ina chrann!
ó! ná cuiridh i Leitir Calaidh mé -
ní ann atá mo dhream;
ach tugaigí go Muighinis mé
áit a gcaoinfear mé go breá,
beidh solas ar na dúchannaí
is ní bheidh uaigneas orm ann.


L. 25


B 1890-1926 19D
U Anaithnid
Príosún Chluain Meala



D'imíos óm mhuintir le hard-intinn gan chiall,
liostáil mé san arm 's níor fhanas ach bliain,
d'éalaíos i ganfhios, 's ar an mbaile bhí mo thriall,
's gur i bpríosún Chluain Meala tá mo leaba le bliain.



Istoíche Dé hAoine is mé gabháilt síos 'gesna barracks
casadh light-horse saighdiúirí orm 's iad líonta dá gcuid arm,
gheit mé is bhíog mé is níor fhan brí ionam ná tapa
agus rith mé naoi míle gan bhríste ná hata.



Cuireadh ar athchúirt mé ó Phort Láirge go Cluain Meala,
ní raibh duine gheobhadh páirt liom ná cairde im aice,
dúirt Bagwell ag siúl na sráide go raibh an chnáib dom á smearadh,
is má chuirid chun báis mé na grása go bhfaighe m'anam.



Bíonn rinnce ar chrosbhóithre gach Domhnach 'ge baile,
bíonn cluiche ar bhánta, poc báire is dibheairsean,
bíonn cailíní óga ann, mná pósta is a bhfearaibh,
'gus Mallaí dubh deorach 's hóigfhear faoi ghlasaibh.



Tá fhios ag Dia dílis 's ag Rí geal na bhFlaitheas
go rabhas ar an mbuachaill b'fhearr tuairisc 'ge baile,
ar shúgradh is ar gháire nó iomáint ar an bhfaiche
is go mbuailfinn poc báire chomh hard leis an ngealaigh.



Tá mo shrian 's mo dhiallait ar iasacht le fada,
is mo chamán ag fiaradh is ag liathadh fén leaba,
tá mo liathróid á bhualadh 'ge buachaillí an bhaile,
is mar bharr ar gach scéal táimse daortha i gCluain Meala.



B 1849-1936 19L
U Anaithnid



Contae Mhaigh Eo



Liostáil mé le sergeant ar shráid an bhaile mhóir,
shíl mé gur bhreá an rud é mar bhí mé bog óg;
fuair mé gunna fada láimhe,
claidheamh géar is barr air,
'gus shíl mé féin go mb'fhearr sin ná lán loinge d'ór.


L. 26


Ar an loing seo, a Pheaid Uí Línse, a bhímse ag déanamh bróin,
ag osnaíl gach aon oíche is go síorraí ag sileadh deor;
's mé bheith i bhfad óm mhuintir,
mura mbeadh gur dalladh m'intleacht,
dar m'fhírinn' is maith a chaoinfinnse Contae Mhaigh Eo.



Mara mbeadh bás mo mháthar bheinnse maith go leor,
d'ólfainn leann Spáinneach i gcomhluadar ban óg;
ach chomh beag síor-ól na gcárta
is an dlí seo a bheith ro-láidir
i Santa Cruz ní fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.



Beir mo bheannacht leat go hÉirinn, 's má théann tú don Aill
Mhóir,
aithris do mo ghaolta nach mbeidh mé i bhfad beo;
nuair a shíl mé dhul dá bhféachaint
gur gafa bhí mé i ngéibheann,
's nach amhlaidh gheall Mac Dé dhom ach i gcianta faoi bhrón.



Nach ar Chnoc na Ceathrún Caoile bhíonns an siamsa agus an spórt,
tá cearca is coiligh fraoigh ann go síorraí ag seinm cheoil,
tá sméara dubha ar chraoibh ann,
tá úlla cumhra buí ann
's tá géimneach bó is lao ann tíocht oíche' Fhéil Muire móir'!



Ach a dtige cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Acaill go Cúl Luachra ag buachailleacht na mbó,
ach a bhfása Gleann na nÍntrí
faoi úlla cumhra geimhridh,
is ansiúd a bheas mo thriallsa go Contae Mhaigh Eo.



B 1860 19L
U Anaithnid



An spailpín fánach



Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
ag díol ná ag reic mo shláinte,
ar mhargadh na saoire im shuí cois balla
nó im scaoinse ar leataobh sráide;


L. 27


bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill
á fhiafraí an bhfuilim híreáilte;
"téanam chun siúil, tá an cúrsa fada!"
- seo ar siúl an spailpín fánach.



Im spailpín fánach a fágadh mise
ag seasamh ar mo shláinte,
ag siúl an drúchta go moch ar maidin
ag bailiú galair ráithe;
ní fheicfear corrán im láimh chun bainte,
súist ná feac beag rámhainne,
ach colours na bhFrancach os cionn mo leapa
is pike agam chun sáite.



Go Callainn nuair théim 's mo hook im ghlac is
mé ansúd i dtosach gearrtha,
is nuair théim go Dúilinn 's é clú bhíonn aca
"Seo chúibh an spailpín fánach!";
Cruinneoidh mé ciall 's triallfad abhaile
is cloífead seal lem mháithrín,
's go bráth arís ní ghlaofar m'ainm
sa tír seo "an spailpín fánach".



Mo chúig chéad slán chun dúthaigh m'athar
'gus chun an Oileáin ghrámhair,
's chum buachaillí na Cúlach ós dóibh nár mheasa
in aimsir chasta an gharda ann;
ach anois ó táimse im thráill bhocht dhealamh
i measc na ndúthaí fáin seo,
is é mo chumha croí mar fuair mé an ghairm
bheith riamh im spailpín fánach.



I gCiarraí an ghrinn do gheofaí an ainnir
go mb'fhonn le fear suí láimh léi,
ina mbeadh lasadh trí lítis 'na gnaoi mar eala,
is a cúl fionn fada fáinneach;
a cruinne-chíocha riamh nár scaipeadh,
's a mala chaol mar shnáthaid,
's mór go mb'fhearr í ná sraoill ó Challainn
'na mbeadh na céadta púnt le fáil léi.


L. 28


'S ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoin' bheith sealad
thiar ag Droichead Gáile,
faoi bhuaibh, faoi chaoirigh, faoi laoigh beag' geala
agus capaill ann le háireamh;
ach b'é toil Chríost gur cuireadh sin astu
's go ndeaghamar i leith ár sláinte,
is gurbh é bhris mo chroí i ngach tír dá rachaim -
"Call here you, spailpín fánach!"



Dá dtigeadh an Francach anall thar caladh
is a champa daingean láidir,
'gus Bóic Ó Gráda chúinn abhaile
is Tadhg bocht fial Ó Dálaigh,
do bheadh barracks an rí go léir á leagadh
agus yeomen 'gainn á gcarnadh,
Clanna Gall gach am á dtreascairt -
sin cabhair ag an spailpín fánach!



B 1936 19
U Anaithnid
Na Conairigh



Na Conairigh na sárfhir is iad atáim a dh'áireamh,
a cuireadh uainn thar sáile sna ráigiúin i gcéin;
is danaid dúinne uainn iad san áit ná faighidh siad fuascailt,
is sinn anso faoi bhuaireamh i mBoth an Dúin na gcraobh.



'S é a dtigh a bhíodh go buacach, go fáidhiúil fáiltiúil fuarmach,
gealchupordach, mo bhuaireamh, faoi mhuarchuid bhfeoil;
lucht taistil cnoc is sléibhte agus straigiléirí aonair,
bheadh a leaba agus a mbéile agus féile ina gcomhair.



Chuadar go Port Láirge a d'iarraidh dul thar sáile,
sin ní ná raibh i ndán dóibh 's níor ránaigh sé dhóibh,
mar bhí fear a mbraite i láthair thug timpeall orthu an garda,
is isteach arís a sáthadh iad in áras faoi bhrón.



Tugadh iad súd láithreach go príosún mór Phort Láirge,
an t-áras daingean láidir úd, gan fáil ar dhul 'na ghaobhar,
ach thugadar a sála dosna fallaí móra arda,
is an tSiúir amach gur shnámhadar gan spleáchas don séighléir.


L. 29


Mo mhallacht ort is léir ort, a rascail bhradaigh bhréagaigh!
nára fada an lá go n-éagair gan bhaochas Mhic Dé!
is tú ghlac an bhreab go héasca is a dhearbhaigh an t-éitheach
a chuir na Conairigh thar tréanmhuir ó Bhoth an Dúin na gcraobh.



B 1902c-68 19
U Anaithnid
An Abhainn Mhór



Céad slán don Abhainn Mhór, 's é mo bhrón gan mé anocht lena taoibh -
's nach iomaí sin bóithrín caol uaigneach ag dul idir mé is í;
is ann a gheofá an spórt tráthnóna is go mall tíocht na hoích',
gheofá gloinne le n-ól ann is comhluadar geanúil le suí.



Tá mo ghuailleacha sáraithe is ní áirím tá m'ioscaidí tinn,
's ní fhéadaim an mála seo a ardú ón bpian tá i mo dhroim;
i bhfad ó mo chairde is gan áit a'm a ligfinn mo scíth,
ach le toil Rí na nGrásta ní bheidh fán orm ach seal is cén bhrí?



Bhéarfaidh mé móide is é is dóiche nach mbrisfidh mé thríd -
i gcomhluadar ban óg go deo deo ní shuífidh mé síos;
's mé crádh leo i dtús m'óige is i dtosach mo shaoil,
's iad a sheol ón Abhainn Mhór mé is mhúin dom an t-eolas
síos go Trá Lí.



Tá mo chóta mór stróicthe, óchón, 's é ag sileadh liom síos,
's an té chuirfeadh cóir air 's é mo bhrón í bheith i bhfad as mo líon;
níl aon fhear a phósfadh mo stórsa is mé bheith ina dhiaidh,
nach mbainfinn an tsrón de, nó ba mhór mhór a chairde sa tír.



Nuair théanns an t-aos óg, 's é mo bhrón, amach ins an lá,
méadaíonn ar mo dhólás is réabtar míle osna i mo lár,
ag cuimhniú ar mo mhíle stóirín bhéarfadh ól dom is imirt ar chlár,
bheith ag fear eile póstaí is gur treoraí bocht mise ag imeacht le fán.


L. 30


B 1893 19D



Mo bhrón ar an bhfarraige



Mo bhrón ar an bhfarraige is í atá mór
's í ag gabháil idir mé is mo mhíle stór!
fágadh sa mbaile mé ag déanamh bróin,
gan aon tsúil thar sáile liom choíche ná go deo.



Mo léan nach bhfuil mise is mo mhuirnín bán
i gCúige Laighean nó i gContae an Chláir!
mo bhrón nach bhfuil mise is mo mhíle grá
ar bord loinge ag triall ar Mheiriocá!



Leaba luachra a bhí fúm aréir
's chaith mé amach í le teas an lae;
tháinig mo ghrá-sa le mo thaobh,
guala ar ghualainn is béal ar bhéal.



B 1884-1904 19D
U Anaithnid
Jimmy mo mhíle stór



A chailíní an bhaile seo, dinidhse brón dem scéal,
mar is cailín beag mise atá clipithe cráite ón saol;
thugas cumann don duine ba bhinne is ba bhreátha ceol,
's do chuaidh sé ar bord loinge, is é Jimmy mo mhíle stór.



Bíonn m'athair 's mo mháthair in earraid 's ag bruíon liom féin,
á rá gur lem boige a mealladh mé i dtús mo shaoil;
bímse go dubhach á fhulaing 's ag sileadh na ndeor
le cumann don duine úd, 's é Jimmy mo mhíle stór.



Bliain an taca seo d'imigh uaim grá mo chléibh,
's ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfa sé cúrsa an tsaoil;
dá bhfeicinn mo chumann, le fuinneamh do rithfinn 'na chomhair,
's do chumhróinn le mil é, 's é Jimmy mo mhíle stór.



Raghad i lúib coille is caithfead ann deireadh mo shaoil,
in áit ná feicfead éinne, ach ag éisteacht le ceol na n-éan,
ag bun an chrainn chárthainn mar a bhfásann ann féar go leor,
is leáfad ón sileadh le cumann dom mhíle stór.


L. 31


B 1848c-1904 19D
Caisleán Uí Néill



Céad slán don oích' 'réir 's é mo léan gan mé anocht ina tús,
's don bhuachaillín spéiriúil a bhréagfadh mé seal ar a ghlúin;
d'aithriseoinn scéal duit, a mhíle grá, dá ndéantá air rún,
ach Flaithis Mhic Dé nár fhaighe an té chuirfeadh idir mé is tú.



Tá an gairdín seo ina fhásach, a mhíle grá, nó an miste leat é?
níl toradh ar bith ag fás ann, bláth na n-airní ná duilliúr na gcraobh;
ní chluinim ceol cláirsí ag dul an tsráid seo ná ceiliúr na n-éan,
ó d'éalaigh mo ghrá uaim, an chraobh álainn, go Caisleán Uí Néill.



Is i gCaisleán Uí Néill tá an péarla bhain díomsa mo shnua,
is gurb é binneas a bhéil a chuirfeadh éanlaith na coille chun suain;
's é an tsamhail thug mé féin dá mhéin mhaith is do leagan a shúl -
mar fhíoruisce an tsléibhe is é ag téaltó maidin lae ciúin.



Níl cnocán dá aeraí, a mhíle grá, nach n-aithneoinn do shiúl,
's níl maighdean dá chéillí, is é mo léan, nach dtéann uirthi an chluain;
tá mo mhuintir dom thréigean 's níl éinne tíocht chugam ar cuairt,
agus mo ghrá dom shéanadh le céile fir eile is nach trua!



B 1827lsc 19T
U Anaithnid



Dá dtéinnse siar



Dá dtéinnse siar, 'gus aniar ní chasfainn,
ar an gcnoc ab airde is air a sheasfainn;
's í an chraobh chumhra is túisce a bhainfinn,
'gus 's é mo ghrá féin is luaithe a leanfainn.



Tá mo chroí chomh dubh le airne
nó le gual dubh a dhófaí i gceárta,
le bonn bróige ar hallaí bána,
is tá lionndubh mór os cionn mo gháire.


L. 32


Tá mo chroíse brúite briste
mar leac oighre ar uachtar uisce,
mar a bheadh cnuasach cnó th'réis a mbriste
nó maighdean óg th'réis a millte.



Tá mo ghrá-sa ar dhath na sméara,
is ar dhath na subh craobh lá breá gréine,
ar dhath na bhfraochóg ba dhuibhe an tsléibhe
is is minic bhí ceann dubh ar cholainn ghléigeal.



Is mithid domsa an baile seo a fhágáil,
's géar an chloch 's is fuar an láib ann;
's ann a fuair mé guth gan éadáil
agus focal trom ó lucht an bhéadáin.



Fuagraím an grá - is mairg a thug é
do mhac na mná úd ariamh nár thuig é;
mo chroí i mo lár gur fhág sé dubh é,
is ní fheicim ar an tsráid ná in áit ar bith é.



B 1925 19
U Anaithnid
Meiriocá



Tá cnoic is gleannta Éireann
ag dul ó léargas orm 's beidh go deo,
má dhealaítear óna chéile
mé féin 'gus mo mhíle stór.



Tá an fharraige á tógáil
's níl seoladh le fáil ag loing ná ag bád,
's mura bhfaighimid malairt córach,
glac mo chomhairle is fan go lá.



Agus mo léan gan mé is mo stóirín
's lóistín tógtha againn i Meiriocá,
nó an long is fearr ag Seoirse
faoi racht seoil againn ag tarraingt ann.


L. 33


Saibhreas rí na Fódla
go deo agus a fháil le mnaoi,
agus go mb'fhearr liom geall a pósta
ar mo stór agam ná an méid sin cruinn.



Is trua gan mé i mo éinín
nó i mo fhéileacán ó thom go tom,
d'aithriseoinn scéal do do bhéilín
dá ndéantá orm rún.



Do ghrua ba dheirge ná an caor,
's tú is deise méin is leagan súl;
's nach cladhartha bocht an scéal é
is mo ghaolta uilig i bhfeirg liom.



B 1848c-1931 19D
U Anaithnid



Neilí Bhán



A Neilí Bhán, suigh láimh liom, a chara gheal mo chroí,
lig mo lámh ar do bhráid nó ní mhairfe mé beo mí;
shnámhfainn féin an tSiúir leat 's an tSionainn mhór i do
dhiaidh,
's gur rug tú barr áille leat ó mhná deasa Locha Riach.



Dá mba liomsa Port Omna agus Baile Locha Riach,
Luimneach na long agus contae Bhaile Átha Cliath,
ar do mhuintirse a roinnfinn a leath 's dhá thrian,
ar chúntar bheith i dTuain leat lá fada agus bliain.



Dob fhearr liomsa ná mo chapall 's gan áireamh a shriain,
's ná fáltas na páirce ina leagtar na fiadh',
ná a dtáinig de bhádaibh ó Bhaile Átha Cliath le bliain,
go bhfeicfinn thusa, a ghrá ghil, ar shráid Bhaile Locha Riach.



Beir mo bheannacht go Connachta ós ann a bhíodh an greann,
's chútsa féin, a Neilí Bhán, nach bhfeicfe mé go bráth,
an taoide úd bhí eadrainn 's ar do mhilleán é má tá,
is diomú Dé go Lá an tSléibhe ort, 's é do chumann a bhí gearr.


L. 34


Faraor géar, an lá ar baisteadh mé, nár cailleadh mé ar an sliabh,
an áit a mbeadh mo chnámha á bpiocadh ag an bhfiach,
sul dár thit mé i ngrá leat, a bhruinneall na ngealchíoch,
's go mb'fhearr le do mháithrín nach bhfeicfeadh sí mé riamh.



B 1918-44 19
U Anaithnid
Ros a' Mhíl



Shiúilfinn páirt mhaith d'Éirinn leat is baile na Gréige thall,
ghabhfainn go Flaithis Dé leat dá bhféadainn a dhul ann;
thiúrfainn bannaí béil duit 's mo dhá láimh faoi do cheann
nach n-iarrfainn bó ná spré leat, a phéarla an bhrollaigh bháin.



Ní magadh leat ná bréag é, a chéadsearc mo chroí,
mo ghean tá uilig go léir ort, a phéarla an chúil fhinn;
nár chaille mise an léargas 's nár éaga tusa choích'
go bhfeice mé mo léas ort ar thaobh Ros a' Mhíl.



I Ros a' Mhíl cois cuain tá rún is searc mo chléibh
's ní fhéadaim codladh suaimhneach le méid mo chumha ina déidh,
ag déanamh leanndubh in uaigneas - ó! nach trua libh fear mo scéil?
ach 's í mo leaba an uaigh mura bhfuasclaí sí mé.



Buachaillín deas aerach mé is ní féidir a athrú a rá,
de Chlainn Donnchaidh na Céise mé - de thogha na nGael ab fhearr;
stiúróinn bád ar thaobh toinne is is lách éadrom a ghreadfainn clár,
's gheobhaidh mise bean dom féin 's ná raibh maith ag Feara Fáil!



Dá mbeadh agam cóiste ar bhóithrí an rí,
is trí cinn d'eachraí óga i gcónaí le cur faoi,
a bhfuil de bhuaibh ón Dólainn go tórainn Ros a' Mhíl,
's í Mallaí bhán a thóigfinn gan bólacht ná pighinn.


L. 35


B 1917-35 19
U Anaithnid



Taimín Bán



Bliain 's an oích' 'réir 's ea réab na capaill thar fál,
's naoi n-oíche ina dhéidh sin d'éalaigh mo ghrá uaim sa tsnámh;
níl tuile dá mhéad nach éigean dó a fhad eile a thrá,
is níl ann ach lucht bréag 's cé déarfadh nach bhfillfeadh mo ghrá?



'S, a Taimín, a mhíle stóirín, ná tóig suas ar chomhrá ar bith mé,
glac do shluasad 's do láí is go bráth bráth ní céim síos dhuit é;
rachainn don Spáinn leat mar bhí tú lách macánta réidh,
is d'ólfainn deoch as corn leat 's tá grá agam do lorg do bhéil.



'S é mo léan géar gan bóithrín isteach 'un do thí,
is leat a chaithfinn m'óige agus tús agus deireadh mo shaoil;
'dul thríd an Trá Mhór dhom, dar liomsa bhí an drúcht ina luí,
ach do shláinte, a stóirín, 'gus seo póigín go bhfille tú arís.



'S é mo léan géar gan bliain d'fhad ins an lá,
'gus duilliúr na gcraobh go síorraí ag cur meala as a mbarr,
mise i mo shuí go lách aoibhinn ar bhainseoigín bhán
's mo stór le mo thaoibh 's an chraoibhín ghlas ina láimh.



Dá bhfeictheá mo ghrá-sa b'álainn an marcach é ag tíocht,
's go síleann na mná gur breátha é ná an ghealach 's ná an ghrian;
níl gile ná breácht ná áilleacht dá raibh i bhfear ar bith riamh,
nach bhfuil páirt i mo ghrá dhe is cén nár dhom bheith ag
caitheamh 'na dhiaidh?



B 1831-83 19L
U Anaithnid



Máire Bhéal Áth' hAmhnas



A Mháire, a ghrá, is tú tá am chrá,
och! tabhair do lámh go dlúth dhom,
's gur dual dom bua na cúige a fháil
's go brách ná déan mé a dhiúltadh;
a chúl na ndual, 's é mo chumha go buan
nach bhfuilim leat fuaite i gcleamhnas,
's bead go duairc faoi shíorghruaim
má bhír i bhfad uaimse, a ansacht.


L. 36


A bhláth na gcaor, ó tharla mé
go cloíte tréith le greann duit,
tar faoim dhéin, a rún mo chléibh,
's tabhair grá gan chlaon gan cham dom;
och! faraor géar! 's mé an ceann gan chéill
's do chomhairle m'athar níor umhlaíos,
's gurb é comhrá déanach 'dúirt liom féin:
"tréigse Béal Áth' hAmhnas!"



Ach thug mé grá dod chúilín bán
ar chúl an ghairdín pónaire,
dod bhéilín tláith mar chúr na trá,
dod dhá ghrua dhearg mar chaorthain,
dod bhéal is binne ná an chuach ar bile
's ná ceiliúr caoin na n-éanlaith;
mo léan 's mo mhilleadh gan mé is tú, a chumainn,
ag éaló lena chéile.



A ghrá is a rún, dá ngluaistheá liom
go Tír na Long as Éirinn,
níl tinneas cinn ná tuirse croí
nach leigheasfaí ann gan aimhreas;
is tú an réalt eolais thar mhná na Fódla
agus coinnigh agat féin ón mbás mé,
óir gan grásta Dé ní mhairfidh mé
ar an tsráid seo Bhéal Áth' hAmhnas.



B 1860 19L



Máire bheag a Barra



A Mháire bheag a Barra, do mhairbh tú m'intinn
's d'fhág tú beo dealamh mé i ganfhios dom mhuintir,
im luí dhom ar mo leaba is ort bhím ag cuimhneamh,
's ar m'éirí dhom ar maidin, mar do chealg tú an croí ionam.



Do shíl mé thú a mhealladh le briathra is le pógadh,
do shíl mé thú a mhealladh le leabhra is le móide,
do shíl mé thú a mhealladh ar bhreacadh na heorna,
ach d'fhág tú dubhach dealamh ar theacht don bhliain nódh mé.


L. 37


'S aoibhinn don talamh 'na siúlann tú féin air,
's aoibhinn don talamh ar a seineann tú véarsaí,
's aoibhinn don leaba ina luíonn tú faoi éadach,
's ró-aoibhinn don bhfear a gheobhaidh thú mar chéile.



Do shiúlfainn an tsráid leat ar láimh is mé im aonar,
do rachainn thar sáile gan dhá phingin spré leat,
mo ghaolta is mo chairde go lá an bhráth' do thréigfinn,
's go dtógfá ón mbás mé ach a rá gur leat féin mé.



Do thugas 's do thugas 's do thug mé óm chroí greann duit,
maidin Lá fhéil' Muire na gcoinneal sa teampall;
do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha,
is do bhéilín ba bhinne ná druid nuair a labhrann.



D'ólfainn is d'ólfainn is d'ólfainn do shláinte,
is dá mbeinn ar bord loinge d'ólfainn ní b'fhearr í;
dá mbeinnse im bhanaltra d'oilfinn do bhábán -
súd ort 's ól deoch 's Dia do bheatha id shláinte!



B 1847 19L
Ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!



Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
ar an dtaobh eile den teorainn 'na mbím,
do thaobhaigh an spéirbhean im chomhair
d'fhág taomach breoite lag sinn;
do ghéilleas dá méin is dá cló,
dá béal tana beo-mhilis binn,
's gur léim mé fá dhéin dul 'na comhair,
's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!



Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
's iad ráite mo bheoil do bheadh fíor,
go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó
do léirchur i gcóir is i gcrích;
do léifinn go léir stair dom stór
's ba mhéin liom a pógadh óm chroí,
do bhéarfainn an chraobh dhi ina dóid
's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!


L. 38


Tá spéirbhruinneal mhaorga mhodhail óg
ar an taobh eile den teorainn 'na mbím,
tá féile is daonnacht is meon
is deise ró-mhór ins an mnaoi;
tá a folta léi ag titim go feor
go cocánach ómrach buí,
tá lasadh 'na leacain mar rós
's ar Éirinn ní 'neosainn cé hí!




B 1899 19D
'Eibhlín, a rún



"Do sheolfainn féin na gamhna leat,
'Eibhlín, a rún!
do sheolfainn féin na gamhna leat,
'Eibhlín, a rún!
do sheolfainn féin na gamhna leat
amach fésna gleanntaibh leat
d'fhonn a dhul i gcleamhnas leat,
'Eibhlín, a rún!



Do raghainnse ' dtí an t-aonach leat,
'Eibhlín, a rún!
do raghainnse ' dtí an t-aonach leat,
'Eibhlín, a rún!
do raghainnse ' dti an t-aonach leat
's do thiocfainn abhaile in éineacht leat
d'fhonn go mbeinn im aonar leat,
'Eibhlín, a rún!



Do raghainnse thar sáile leat,
'Eibhlín, a rún!
do raghainnse thar sáile leat,
'Eibhlín, a rún!
do raghainnse thar sáile leat
i gcontúirt mo bháite leat
d'fhonn mé a bheith páirteach leat,
'Eibhlín, a rún!


L. 39


An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú,
'Eibhlín, a rún?
an dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú,
'Eibhlín, a rún?"
"Tiocfaidh mé, is ní fhanfaidh mé!
sáthaigh romham is leanfad thú!"
"Grá lem chroí i ganfhios thú!
'Eibhlín, a rún!"



"Céad míle fáilte romhat,
'Eibhlín, a rún!
céad míle fáilte romhat,
'Eibhlín, a rún!
céad míle fáilte romhat!
naoi gcéad míle fáilte romhat,
fáilte agus fiche romhat,
'Eibhlín, a rún!"



B 1848lsc 19L



Cois na Bríde



Cois na Bríde seal do bhíos go súgach sámh
ag tarraingt síos ar ainnir chaoin an urla bháin,
ba ghile a píob ná eala ar linn 's ná drúcht ar bhán,
's ní coigríoch mé ach buachaill bríomhar ' Dhún na mBád.



Searc mo chléibh do thugas féin duit 's grá thrí rún,
's dá dtagadh sé dom chor sa tsaol go mbeinn lá agus tú
is ceangal cléire bheith orainn araon fé fháinne dlúth -
dá bhfaicfinn féin tú ag fear sa tsaol gheobhainn bás le cumha.



Tá úrphíob ag mo rún croí agus bráid mar aol
's a cúilín cas búclaíoch ag fás go féar;
mo chumha thríom nach san úir sínte fágadh mé
sul ar stiúraíodh mé i gcúigí is mo ghrá thar m'éis.



Nach dúchroíoch mé i bhfiontaoir mar táim i bpéin
's nach iontaoibh leat sciúrsaí dem cháil gan spré;
go deimhin duitse, a mhaighdean, dá mb'áil leat é,
do leigheasfá an tsaighead so thrí lár mo chléibh.


L. 40


B 1830-50lsc 19L



Plúr na mban donn óg



"Dá dtiocfása liomsa go Contae Liatroim,
a phlúr na mban donn óg,
bhéarfainn mil bheach is meadh mar bhia dhuit,
a phlúr na mban donn óg,
bhéarfainn aer na long, na seol 's na mbád,
faoi bharra na dtom is sinn ag filleadh ón trá,
is ní ligfinn aon bhrón a choíche id dháil,
a phlúr na mban donn óg!"



"Ní rachadsa leat 's níl maith dhuit dom iarraidh,
a Uilleacáin Duibh, Ó!
mar nach gcoinneodh do ghlórtha beo gan bhia mé,
a Uilleacáin Duibh, Ó!
míle céad fearr liom bheith choíche gan fear
ná bheith ag siúl an drúchta is na bhfásach leat,
's níor thug mo chroí dhuit grá ná gean,
a Uilleacáin Duibh, Ó!"



Chonaic mé ag teacht chugam í trí lár an tsléibhe,
mar réilteann thríd an gceo,
bhí mé ag caint 's ag comhrá léi
go ndeachamar go páirc na mbó;
shuíomar síos i lúib an fháil,
go dtug mé dhi scríofa faoi mo láimh
nach bhfuil coir dá ndéanfadh sí nach n-íocfainn a cáin
do phlúr na mban donn óg.



B 1810lsc 19T



'S í bláth geal na sméar í



'S í bláth geal na sméar í,
is í bláth deas na subh craobh í,
is í planda b'fhearr méin mhaith
le hamharc do shúl;
's í mo chuisle, is í mo rún í,
is í bláth na n-úll gcumhra í,
is samhradh ins an fhuacht í
'dir Nollaig is Cáisc!


L. 41


B 1845-1931 19D
Siubhán Níg Uidhir



D'éirigh mé ar maidin ag tarraingt ' an aonaigh mhóir,
ag díol 's ag ceannacht mar tháinig mo dhaoine romham;
bhuail tart mé faoi bhealach is chas mise isteach ag ól,
's gur ag Siubhán Níg Uidhir a d'ól mise luach mo bhróg.



"Is a Shiubhán Níg Uidhir, an miste leat mé bheith tinn?"
"Mo chrá! más miste liom thusa bheith sínte i gcill,
bróinte agus muilte bheith ag sciligeadh ar thaobh do chinn,
'gus cead a bheith in Iorrus go dtigeadh Síol Éabha ann cruinn!"



"Is, a Shiubhán Níg Uidhir, 's tú bun agus barr mo scéil" -
's ar mhná a cine go dtug sí an báire léi,
le gile, le finne, le maise is le dhá dtrian scéimh',
's nach mise an trua, a Mhuire, is mé scarúin amáireach léi.



Thiar in Iorrus tá searc agus stór mo chléibh,
planda donn linbh a d'eitigh mé a phósadh aréir;
"beir scéala uaim chuici má thug mise póg dá béal,
go dtiúrfainn di tuilleadh dá gcuirfeadh siad bólacht léi!"



"Ó, beir scéala uaim chuige go deimhin nach bpósaim é,
ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé;
má tá buaibh agat ná an iomataidh mórán spré,
bíodh do rogha bean agat 's beidh mise ar mo chomhairle féin!"



B 1886 19D
Cití na n-úll



Mo chreach is mo dhíth, is cloíte an galar an grá,
is mairg go mbíonn air sé mhí nó seachtain nó lá;
is gur bhris sé mo chroí ionam 's gur chnaígh sé an osna i mo lár,
ag machnamh san oíche ar an mnaoi úd ná tuigeann mo chás.



Mo chreach is mo chás, nár cháith sé sneachta agus sioc,
's mise is mo ghrá geal bheith i lár na farraige amuigh,
gan coite gan bád gan áras againn a bheith,
ach ise sa tsnámh 'gus mo lámh dheas casta ar a crios.


L. 42


"Is a Chití na n-úll, 's é mo chumha mar thugas dhuit grá,
is glaine glaise do shúl ná drúcht na maidne ar an mbán;
dá mba liomsa Cúige Mumhan 's cúirt a bheith suite ina lár,
le mo chailín deas fionn is léi shiúlóinn fada agus gearr."



"Is, a Domhnaill, a lao, ná tréigse mise go bráth,
's ar fhearaibh an tsaoil go léir go dtugas dhuit grá,
is go gcuirfinn mo ghaolta go léir 's iad marbh fé chlár,
d'fhonn suí led thaobh deas caol cailce gan cháim."



B 1925 19
Tá na páipéir á saighneáil



Tá na páipéir á saighneáil 's na saighdiúirí ag gabháil anonn,
tá dromadóirí aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag gabháil go Tír na Long;
dá mbeadh agam, 's duit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
ar chúntar thú a bheith i t'fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.



Agus ag luí dhom san oíche ním osna bhíos mór,
ag éirí dhom ar maidin 's í mo phaidir mo dheor,
tá gruaig mo chinn ag titim 's ag imeacht mar an gceo,
is le cumha i do dhiaidh, a mhuirnín, ní bheidh mé i bhfad beo.



Nuair éirím amach go huaigneach 's bhreathnaím uaim an cnoc úd thall,
bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach d'fhág crua-arraing thrí mo lár;
tá mo chroí 'stigh 'na leac de ghual dubh 's fear mo thruaí níl
ach Rí na nGrást,
's pé'r bith cailín óg bhéarfas uaim thú, go síntear suas í i
gcónra chláir!



Tá fhios ag Dia dílis gurab iomaí smaoineamh crua deacrach
ag dul treasna thrí mo chroí istigh mar gheall ortsa le fada;
dá mbeadh bliain ar fad san oíche, is leat ba mhian liom í a chaitheamh,
agus diomú na naomh dhuit má ní tú mo mhalairt.


L. 43


Tá mo stocaí is mo bhróga stróicthe liom síos,
tá mo nua-chulaith phósta, mo bhrón géar, le sníomh,
tá gine i dteach an ósta orm 's níor ól mé riamh pighinn,
ach mo léan, a mhíle stóirín, gan muid óg seal arís!



Dílleachta bocht cráite mé fágadh faoi leatrom,
's dá mbeadh mo chlú tárraithe cér chás dhom bheith falamh?
níl aon fhear in Éirinn dhéanfadh éagóir ar mo shamhail,
nár dheacair dhó a leas a dhéanamh ná dhul ar aon chor do na Flaithis.



B 1750lsc 18L
U Anaithnid



Raghadsa faoin sliabh



Raghadsa faoin sliabh nó in adharca na bhfia
nó ar an gcampa ag déanamh cantlais mar ar chaill mé mo chiall;
nó an trua leat mo dheoir 's mé ag géarghol gach neoin
ad chaoineadh 's mé sínte lag cloíte faoi bhrón?



Gearánfad mo chás leis na coillte go hard
nó leis an gcarraig i mBun Aille go bhfuil mo chroí istigh á
chrá;
níl sólás sa domhan gan dólás ina cheann,
níl maise gan masla ná díreach gan cam.



A bhráthair, a rún, nach náireach an chúis
bheith ar bord loinge in árthach faoi ghártha na dtonn,
seach bán-hallaí is cúirt is fáil ar fhíon fhionn
's grá mo chroí láimh liom ar ardleaba chlúimh.



Dob fhearr liomsa súd ná Clár Loirc an Dúin
's ná pláta na Spáinneach 's é a áireamh 'na phúint,
go bhfaighinn dul id chlúid, a bhláith leabhair chiúin,
tá cneasta grámhar 's mo lámh thart anonn.



Dob fhearr liom ná an ríocht 's ná Banba an ghrinn
's ná airgead na Sacsan 's a thabhairt dom ó roinn,
go mbeinn páirteach ris an mnaoi do chealg mo chroí,
a stóirín, seo póg dhuit - sin seod bheag óm chroí.


L. 44


Dá mbeinnse is mo rún ar thaobh Chnoic an Dúin,
lena lántoil a d'fháiscfinn mo ghrá bán go dlúth,
cois trá báine ciúin 's gan fuaim ar domhan fúinn
ach an tréanmhuir ag géimnigh 's í ag déanamh ceoil dúinn.




B 1918 19
U Anaithnid
D'aithneoinn mo ghrá



D'aithneoinn mo ghrá taobh thall de gheataí Bhaile Átha Cliath,
is d'aithneoinn mo ghrá ar lár na tamhnaí úd thiar;
teann liom anall is fáisc mé isteach le do chroí
is ní scarfaidh mo ghrá leat go bráth go dté mé i gcill.



Gheobhaidh mé bás le grá do leagan do shúl,
's gheobhad dhá bhás le grá don chois atá fút,
gheobhad trí bhás an lá nach bhfeicfe mé thú,
is dea-bhás nár fhaighir má fhaigheann aon duine eile uaim thú.



Dá dtéitheá don Ghréig nó éaló go Sasana sall,
seachas fanacht le m'éadan ag méadú na meisce i mo cheann,
thiocfainn do t'éileamh mar fhéachtar an cur a bhíos mall -
ach muid a scaradh óna chéile, a Rí gléigeal, nach rí-mhór an feall.



A dheartháirín ó, nach óg a mharaigh tú mé!
is gur chuir mé fuil tsróna naoi n-óire ó mhaidin inné,
is é a bhfuil a'd le rá liom seo amháin de go bhfuilim gan spré,
is má tá mé gan bhólacht is eol dom codladh liom féin.



'S é sú na n-úll cumhra a bhreoigh is a mharaigh mo chroí,
ba glaise do shúile ná drúcht na maidne faoin tír,
ba gile do thaobh ná mar fhéachas sí an eala ar an toinn,
's ba bhinne do bhéal ná an chéirseach lá earraigh ar an gcraoibh.



B 1830lsc 19T
U Anaithnid



Mala Néifinn



Dá mbeinnse ar mhala Néifinn 's mo chéadghrá le mo thaoibh,
's lách a chodlóimis in éineacht mar an t-éinín ar an gcraoibh;
's é do bhéilín binn-bhréithreach a mhéadaigh ar mo phian,
's codladh ciúin ní fhéadaim go n-éagad, fairíor!


L. 45


Dá mbeinnse ar na cuanta mar ba dhual dom gheobhainn spórt,
mo chairde uilig faoi bhuaireamh 's gruaim orthu gach ló;
fíorscoth na ngruagach fuair bua ins gach gleo,
mo chroí istigh tá ina ghual dubh 's bean mo thruaí níl beo.



Nach aoibhinn do na héiníní éiríos go hard
's chodlaíos in éineacht ar aon chraeibhín amháin,
ní hé sin dom féineach 's dom chéad míle grá,
is fada fánach óna chéile bhíos ár n-éirí gach lá.



An té bhreathnódh ar na spéartha tráth théas ar an lá
nó an lán mara ag éirí le héadan an chlaí aird,
mar siúd bhíos an té úd bheir aon-toil don ghrá -
mar chrann ar mhala shléibhe ina dtréigfeadh a bhláth.



B 1918 19
Éamann Mhágáine



Idir Corcaigh is Dúghlais do chonacsa mo rúnach
go hatuirseach tabhartha im choinnibh sa ród,
do labhair sí go tláith liom de chomhrá bhinn mhánla
is do chuir sí romham fáilte agus céad míle póg.



Tá litir 'gam óm fádar 's beannachtaí óm mháthair
le tabhairt anseo id láthair, a ógánaigh óig,
go bhfaighfeá na táinte agus spré chnoic le háireamh
'gus mise mar bharr air sin choíche is go deo.



'Nis-se dod fádar 's gan dearmad dod mháthair
go bhfaighfeá mé is fáilte, a chailín bhig óig,
murach go bhfuilim in áirithe le bliain is trí ráithe
'ge 'níon Sheoin Dáibhis ó Chontae Mhaigh Eo.



Mo chreach is mo sceimhle nach marbh lag bhíos-sa
an lá casadh thú sa tslí orm, a ógánaigh óig,
sar a mbeadh sé le hinsint go mbeadh bean eile ina suí leat,
'gus mise ag siúl tíorach 's ná faighinn dul id threo.



An gcuimhníonn tusa, a dhalta dhil, nuair bhíos is tusa ag reacaireacht,
ar inse ar bharr ghleanna ag amharc ár mbó,
sa ló is mé á chuimhneamh cá ngeofá chun na hoíche?
is gur shaoileas féin ná scaoilfeadh ár gcumann go deo.


L. 46


B 1850lsc 19L



Muirnín na gruaige báine



Mo léan gan mé agus tú,
a mhaighdean óg gan chumha,
in oileánaibh dubha Loch Éirne;
nó faoi choillte dubha na slat
mar a ndéanaid na héanlaith nead,
agus fásach go barra géaga;
nó i ngleanntáinín cois cuain
mar a labhraíonn an chuach
'gus an fharraige ó thuaidh bheith taobh linn;
mise féin 's mo rún
gan codladh ann ná suan,
ach ag súgradh i gclúid a chéile.



Mo léan gan mé sa gcill
i bhfochair mo chairde gaoil,
nó i mullach cnoic ag déanamh árais,
sul fár tharla tú im líon
ag dúbailt cnead im chroí,
agus d'iompaigh tú mo dhlaoi mar airne;
cumann gearr ó mhnaoi,
ní mhaireann sé ach mí
mar shiolla den ghaoith Mhárta;
agus a stór, níor chóir mé a dhíol
mar gheall ar bheagán maoin'
'gus feasta liom bíodh t'intinn sásta.



Níor fhág mise baile cuain
ó Chorcaigh anuas
nó as sin go Cruach Phádraig,
thart ó dheas anuas
go Béal an Easa Rua
nár chaitheas ar mo chuairt ann ráithe;
mar shúil go bhfaighinn tuairisc
phéarla an chúil dualaigh
's í an ainnir rug bua thar mhná í;
is gur i dtórainn Chill Dá Lua
a scaras le mo ruan,
's í Muirnín na gruaige báine í.


L. 47


B 1847-49ls 19L



Nóra an chúil ómra



A Nóra an chúil ómra, is é mo bhrónsa nach bhféadaim
lámh chur faoi do cheann nó i mbrollach do léine;
is tú d'fhág mo cheannsa gan unsa ar bith céille,
is go n-éalóinn thar toinn leat, a rúnsearc, dá bhféadainn.



A bhailintín chroí istigh ná déansa liom bréag
's gur gheall tú mo phósadh gan feoirling de spré;
shiúilfinnse an drúcht leat 's ní bhrúfainn leat an féar,
's a Nóra an chúil ómra is deas a phógfainn do bhéal!



Taobh thall den Mhuaidh tá stór geal mo chroí,
a cúl tiugh mar an t-ómar lér chaill mé mo ghnaoi;
guímse Rí an Domhnaigh go dtiontaí an ghaoth
's go bhfeice mé mo bhólacht ag gabháil bóithre Bhaile Átha Buí.



B 1855 19L
Péarla an bhrollaigh bháin



Tá cailín deas am chrá le bliain agus le lá
agus ní fhéadaim a fáil le bréagadh;
níl aiste chlis le rá dá gcanaid fir le mná
nár chaitheamair gan tábhacht léise;
don Fhrainc nó don Spáinn dá dtéadh mo ghrá,
do raghainnse gach lá dá féachaint;
'gus mura bhfuil sé dúinn i ndán an ainnir chiúin seo fháil,
och! Mac Muire na ngrás dár saoradh!



A chailín chailce bhláith dá dtugas searc is grá,
ná tabhairse gach tráth dhom éaradh;
is a liacht ainnir mhín im dheáidh le buaibh is maoin 'na láimh,
dá ngabhaimis it áitse céile;
póg is míle fáilte is barraí geal' do lámh
's é a n-iarrfainn go bráth mar spré leat;
's muran damhsa atá tú i ndán, a phéarla an bhrollaigh bháin,
nár thí mise slán ón aonach.


L. 48


B 1849 19L
A Mháire is a mhuirnín



A Mháire is a mhuirnín 's a lúibín na gcraobhfholt,
an cuimhin leat mar do shiúlaimis ar dhrúchtíní an fhéir ghlais?
a bhláth na n-úll gcumhra, na gcnú buí is na sméara,
do pháirtse níor dhiúltaíos cé dubhach taoim ad éileamh.



A ghrá dhil 's a rúinín, tar taobh liom oíche éigin
nuair do luífeadh mo mhuintir beidheam ag caint lena chéile;
mo lámh ar do choimín, ag deimhniú gach scéil duit,
's gurb é do ghrá, a mhaighdean, bhuain radharc Fhlaithis Dé dhíom.



Dá mbeadh fhios ag mo dheartháir mo ghearán 's mo bhuaireamh,
dá mbeadh fhios, dar Párán, bheadh fuarán ró-mhuar air,
mo chéadsearc am thréigean 's céile eile á lua liom
's thar mhná deasa Éireann 's í mo ghrá geal ná fuathfainn.



Dá mbeinnse im iascaire thiar i mBinn Éadair
's Máire na gealbhrád 'na bradán ar Loch Éirne,
is súgach 's is meidhreach do raghainnse dá héileamh
's do gheabhainn im líontán grianán ban Éireann.



Dá mbeinnse i Londain mar cheann ar an ngarda
's cead agam ón bhFrancach mo long chur thar sáile,
chúig mhíle púnta dá mb'fhiú sin gach lá mé,
's í Máire mo rogha-sa is do bhronnfainn mo stát di.



B 1897 19D
Fáinne geal an lae



Maidin mhoch ar m'éirí amach
ar fheorainn Locha Léin,
bhí an crann go glas 's an bláth lena ais
'gus lonradh te ón ngréin;
ar mo chasadh dhom trí bhailte poirt
agus bánta míne réidh,
cé gheobhainn lem ais ach cúileann deas
le fáinne geal an lae.


L. 49


Ní raibh bróg ná stoc, cadhp ná cloak
ar mo stór mar scáth ón spéir,
ach gruaig a cinn léi síos go feor
'gus amach go barr a méar;
bhí calán crúite aici ina glaic
's ar dhrúcht ba dheas a scéimh,
's gur thug barr geana ó Vénus dheas
le fáinne geal an lae.



Do shuigh an bhrídeach síos lem ais
ar bhinse glas den fhéar,
dá mealladh bhíos 's dá mhaíomh go pras
mar mhnaoi nach scarfainn léi;
is é dúirt sí liom "ná bris mo chlú
is scaoil mé ar siúl, a réic!
súd iad aneas na soilse ag teacht
le fáinne geal an lae".



Do shil gach deor lena leacain ghil
mar dhrúcht ag titim d'fhéar,
dá rá "tar liom 'gus pós mé anois
mar gheall tú dhom roimh ré;
siúil lem ais agus fill mo mheas
le ceangal ceart ón gcléir,
's ná séan do chleas do mhill an bhean
le fáinne geal an lae".



"Caithfeadsa diúltadh a thabhairt anois
le fonn duit, a ainnir shéimh,"
dá rá "bí ar siúl uaim, a bhean,
táim dlúth ar neasc roimh ré;
cúig chéad punt 's iad fháil im ghlaic
mar chúinse as is talamh saor,
le cailín deas ó Bheantraí aneas
le fáinne geal an lae".



Do bhéarfainn comhairle do chailín deas
dá nglacfadh sí uaim é,
gan dul amach ag crú a ba
' dtí go dtigeadh teas don ngréin;


L. 50


le heagla na bhfear ag gabháil aneas
nár thrua leo súd a scéal,
dá mbeadh báibín óg aici ina glaic
le fáinne geal an lae.



B 1840lsc 19L



A chuisle mo chroí



Ar maidin inné roimh ghréin go moch,
do dhearcas an bhé ba néamhdha cruth,
bhí sneachta agus caor
ag caismirt 'na scéimh
's a seanga-chorp séimh mar ghéis ar sruth;
is a chuisle mo chroí, créad í an ghruaim sin ort?



Ba bhinne guth caomh a béil le sult,
ná Orphéus do léig go faon na toirc,
bhí a ramhar-rosc réidh
mar chriostal na mbraon
ar sheamair ghlais fhéir roimh ghréin go moch;
's a chuisle mo chroí, créad í an ghruaim sin ort?



B 1909 19
Peigín an chúil bháin



B'ait liom bean a d'imreodh beart
's nach gclisfeadh ar a grá,
is thiocfadh isteach le gean ar fhear
's nach seasfadh ar an tsráid,
a béilín deas is milse blas
ná mil na mbeach faoi Cháisc,
's a cúl trom tais fionn fáinneach glas
's í Peigín 'tá mé a rá.



Is míne a cneas ná clúmhach mín geal
's ná cúr na toinne ar trá,
an chraoibhín gheal nár chríon 's nár mheath
go dtigeann uirthi bláth,


L. 51


go dté mé i bhfeart tá m'intinn leat,
a Pheigín, a mhíle grá,
mo léan 's mo chreach gan mé is tú seal
ar chóstaí Mheiriocá.



A stór mo chroí, ná tréig do mhian
ach breathnaigh isteach sa gcás,
nuair thiocfas an tslí beidh ól ar fhíon
's ní baol dúinn choíche bás,
a bhláth na gcraobh, ba bhocht an scéal
mura mbeitheá dhomsa i ndán,
's ar uaisle an tsaoil dá mbeinn ' mo rí
gur leat a chraithfinn lámh.



Dá bhfaighinnse caoi nó áit le suí,
ní chónóinn mí go bráth
go scríobhfainn síos le peann deas caol
do chomharthaíocht is do cháil,
ní rugadh ariamh aon bhean sa tír
a bhainfeadh dhíot an barr,
ó scriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi
is ó cuireadh Déirdre chun báis.



Tá breácht is gile, fuil is cuisle,
is lasadh deas dá réir,
i mbláth na finne is cruinne súil
's is deise leagan béil;
níl bréag ar bith sa scéal tá amuigh
nach fear mé tá as mo chéill,
le bliain inniu gan aon lá suilt
's mé ag smaoineamh ar bhláth na gcraobh.



B 1850lsc 19L



Páistín fionn



Grá le m'anam mo pháistín fionn,
a croí is a haigne ag gáirí liom,
a cíocha geala mar bhláth na n-úll
's a píob mar eala lá Márta.
is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!


L. 52


Cara mo chroí mo pháistín fionn,
a bhfuil a dhá grua ar lasadh mar bhláth na dtom;
tá mise saor ar mo pháistín fionn,
ach amháin gur ólas a sláinte!
is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!



Dá mbeinnse sa mbaile a mbeadh súgradh 's greann,
idir dhá bhairille bheadh lán de leann,
mo shiúirín im aice is mo lámh faoina ceann,
is súgach a d'ólfainn a sláinte.
is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!



Bhí mé naoi n-oíche i mo luí go bocht
ó bheith sínte faoin dílinn idir dhá thor,
a chumann mo chroí is mé ag smaoineamh ort,
's nach bhfaighinnse le fead ná le glaoch thú.
is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!



Tréigfead mo charaid 's mo chairde gaoil,
's tréigfead a maireann de mhnáibh an tsaoil,
ach ní thréigfead lem mharthain thú, a ghrá mo chroí,
go síntear i gcómhra faoi chlár mé.
is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
's tusa mo rún 's mo ghrá geal,
's tusa mo rún 's mo chumann go buan,
's é mo chreach gan tú agam ód mháthair!


L. 53


B 1853 19L
Is trua gan peata an mhaoir agam



Is trua gan peata an mhaoir agam,
's trua gan peata an mhaoir agam,
's trua gan peata an mhaoir agam
's na caoirigh beaga bána;
is ó, goirim, goirim thú!
is grá mo chroí gan cheilg thú!
is ó, goirim, goirim thú!
is tú peata beag do mháthar.



B 1903 19
'S trua gan maoilín bán agam,
's trua gan maoilín bán agam,
's trua gan maoilín bán agam
's fáilte ó mo ghrá geal;
's ó, goirim, goirim thú!
is grá mo chroí gan cheilg thú!
is ó, goirim, goirim thú!
is tú peata beag do mháthar.



B 1853 19L



'S trua gan bólacht bhainne agam,
's trua gan bólacht bhainne agam,
's trua gan bólacht bhainne agam
's Cáitín óna máthair;
's ó, goirim, goirim thú!
is grá mo chroí gan cheilg thú!
is ó, goirim, goirim thú!
is tú peata beag do mháthar.



B 1885c-1944 19D
An súisín bán



Thíos i Sligeach chuir mé eolas ar na mná
agus thuas i nGaillimh d'ól mé leo mo sháith;
dar brí mo bhaiste, mura ligfidh siad dhíomsa seal mar táim,
déanfaidh mise cleas is rachaidh sé ó rún ar na mná!


L. 54


Nach é an cat marbh a chas ' na tíre seo mé
is a liachtaí óigbhean deas a d'fhága mé mo dhéidh,
nuair a casadh mé sa teach a raibh searc is rún mo chléibh,
chuir an chailleach amach le casadh an tsúgáin mé!



Tá mo cheannsa liath is, a Dhia, cé náir dhom é,
is nach mbeathaíonn briathra gan bhia na bráithre féin;
chaith mé seacht mbliana do t'iarraidh 's do t'fháil dom féin,
's nach cosúil le iascaire i ndiaidh a shárú leat mé!



B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain lena grá,
B'ait liom bean a d'fhanfadh bliain uilig is lá,
níorbh ait liom bean a bheadh leatsa, is liomsa ar ball,
's í mo ghrá an bhean a d'fhanfadh ar aon staid amháin!



Má bhíonn tú liom bí liom, a ghrá geal mo chroí,
má bhionn tú liom bí liom os comhair an tsaoil,
má bhionn tú liom bí liom gach orlach i do chroí,
's é mo léan nach liom trathnóna thú mar mhnaoi!



Rinne mise cleas i dteach Uí Dhomhnaill aréir,
's an dara cleas i dteach Uí Raghallaigh lena thaobh,
an tríú cleas - ach cén gar tá ag áireamh mo scéil?
mar is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin!



Threabhfainn is d'fhuirsinn is chuirfinn síol sa gcré,
agus sheolfainn na ba san eanach ba mhilse féar,
chuirfinn crú ar an each is deise dár shiúil an féar
's go n-éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin féin!



'S a chairde gaoil, caoinidh amáireach mé,
do mo cheangal le mnaoi is gan m'intinn sásta léi,
mar gheall ar mhaoin bheag shaolta nárbh fhearrde mé -
trí ba, caoirigh agus caoifeach mná gan chéill!



'S an gcluin tú leat mé, a ghiolla, atá ag iarraidh mná?
fill abhaile is caith an bhliain mar táir,
mura bhfuil tú spreacúil neartúil faoi do lár
's le fear ón sliabh na buaibh, 's beidh fhios cén fear is fearr!



Is intinn chleasach mheangach atá ag na mná
is go dtugann siad gealladh d'fhear 's do chéad 'n aon lá amháin;
duine bocht mise d'imir is d'ól leo mo sháith
nó gur chuireadar an cluiche orm le bogadh an tsúisín bháin!


L. 55


B 1913-45 19
An Ciarraíoch mallaithe



Is fada le fán mé i gclár geal Banban
gur ráiníos don bhaile a ránn siad Callainn leis,
óró, is go Caiseal na sló;
ar ráig gur casadh mé tráth sa mbaile sin
gurb é b'fhearr mar mheasaim in arán 's in airgead,
óró, is dá gcanainn níos mó!
Margadh tá dhá lá sa tseachtain ann,
aifreann gnáth le fáil ón eaglais,
an cárt 's an cnagaire lán gan dearmad,
stáidbhean chailce le fáil chun taistil liom,
óró, is nárbh aitis mo sceol!



"Ba dhoilbh an scéal dá n-éalaínn leatsa,
le réice ded shamhailse d'éalaigh ón Mainistir
's a mheallfadh mé le héitheach go leor,
chuirfinn an saol go léir in earraid liom
siar dá rachainn chun dúthaigh t'athar leat,
óró, is níor mhaith é mo sceol."
"Bhéarfainnse liom thú anonn go hAlbain
nó go Hanóver más é dob fhearra leat,
éirigh it sheasamh dhom, ná bíodh eagal' ort,
déan suas t'aigne is téanam abhaile liom,
óró, is nach tusa mo stór?"



"Do shiúlóinn an saol go léir 's an Bhreathnaisc leat
's níorbh fhearra liom bheith in Éirinn ag éisteacht aifrinn,
óró, ná i Sasana Nódh;
ach ní chreidim ód bhéal dhá dtréan dá n-abrann,
mar is fear magaidh thú bhíonn ag mealladh ban,
óró led reacaireacht sceol."
"A chumainn mo chléibh 's a réilteann mhascalach,
ní 'neosainn bréag óm béal ar chapall duit,
ar eagla an pheacaigh 's go mbeimis damanta;
grá tá ceangailte im lár ná scarfaidh leat,
óró, go dtéad síos fén bhfód."


L. 56


"Ní ligfead fén bhfód go deo mo scafaire,
ó fuaireas fios a aigne ós é dob fhearra liom,
óró, líon cupa den bheoir,
glaoidh ar mo chairde go dtrám an bairille
is déanfam rí-rá go mbeidh trácht sa Charraig air,
óró, fad a mhairfidh a bhfuil beo;
seo mo dhá láimh dhuit 's ní i bpáirt a bheith scartha leat,
ach ceangailte go bráth gan spás fad a mhairfimid,
sin suite ar margadh 's ní dhéanfad do malairtse
páirt dem anam go bráth ní scarfaidh leat,
óró, fad a mhairfead féin beo.



Má leanaim go dian tú siar chun Cairbreach
caillfead mo chiall mura dtriallair abhaile liom,
óró, beadsa ag sileadh na ndeor."
"Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid
go mbeidh coróin Rí Sacsan air 's ór buí id spaga agat,
óró, i gcóir chostais an róid;
ní bheidh cloig ar ar ndóirnibh ó rómhar na ngarraithe
ná ó chruachadh na móna, ná an fómhar á leathadh orainn,
beidh rince fada againn más é is fearra leat,
ór is airgead, beoir is beath-uisce,
óró, is ní bheidh tuirse 'nár gcomhair.



Coinníoll ár bpósta, stór a bheith eadrainn,
's an fhaid mhairfimid beo gan gleo bheith eadrainn,
óró, creid feasta mo ghlór!"
"Má thugair do ráiteas go bráth ná scarfair liom,
beidh tuilleadh biotáille le fáil in aisce agat,
óró, is a bhfuil agam do gheobhair.
B'fhearr liom do mhéin ná céad bó bhainne agat,
muileann ag meilt plúir 'gus brúraí ag tabhairt leanna dhuit,
siúd é m'aigne, cén chabhair é a chasadh liom
go dtabharfainn an saol duit féin ach ceangal liom,
óró, mar is tusa mo stór!"



Do shiúlaíos-sa léi thrí shléibhtibh Callainne,
ag déanamh ranna dhi 's bréaga á gceapadh dhi,
óró, sar a dtitfeadh sí i mbrón;
chun gur bhailíos go géar gach réal a bhí i dtaisce aici,


L. 57


gan phlé gan achrann síos im phaba chúm,
óró, is do bhogas chun róid,
shocraíos-sa féin mo bhéabhar-hata orm,
mo mhaide draighin éille agus faobhar 'na bharra amuigh,
's is tréan is is calma do léiminn clathacha
siar chun Ceanna Toirc d'fhonn bheith scartha léi,
óró, is í ag sodar im dheoidh.



Nuair bhraith an fhaoileann an oíche tagaithe
's ná fuair sí sa tigh ná amuigh sa ngarrdha mé,
óró, do chas olagón;
do ghaoidh sí ar a máthair 's ar a lán do leanfadh í,
á rá gur mheallas a croí lem chleasannaibh
's do shlad a cuid óir;
"éirigí, a chairde, ní foláir ná go leanfam é,
cuardóm na bánta agus aird na ngarraithe
don Chiarraíoch mhallaithe do mheall mo chuid airgid
lena bhréithre bladair uaim cois taobh an bhairille,
óró, n'fheadar cá ngeobhad".



B 1830ls-1918 19L



Och! a Úna



"Och! a Úna, an tinn nó an dubhach leat
mise sa tsúsa im aonar?
's dá mbraithinn do dhúthracht im chodladh nó im dhúiseacht
go ndéanfainn rún go héag ort;
is iongnadh liomsa tú bun os cionn liom
is mise lán d'fhonn bheith taobh leat;
's dá dtigeadh as an tsúgradh muirear nó cúram
is duine mé mhúinfeadh léann dó!"



"Is annamh a háiríodh cruach ná stáca
ag máistir scoláirí a dhéanamh,
's mar mheasaim dob fhearr liom mo mhacha bó ag tál chúm
ná glagar do gharlach ag léamh dhuit;
dob fhearr liomsa an sclábhaí do rómharfadh an gairdín
is chuirfeadh na prátaí i gcré dhom,
ná spealaire máistir gan fuinneamh gan fáscadh
do chuirfeadh le fán an tsaoil mé."


L. 58


"A ghrá is a chuid, go bráth ná tuig
go ndéanfainn do mhalairt de chéile,
go n-iompaí an mhuir ar fad 'na fuil
's go ngabha na cnoic fá chéile,
go bhfása biolar trí lár na tin'
is go dtige na bric á éileamh,
's go gcaillid na druide ar fad a ngoib
's go ndéantar lon den chéirseach."



"Éirigh id shuí, a Úna, is cuir-se chun siúil liom
is beimid go súgach aerach,
is béarfad mo rún lem thaobh ar an drúcht
fé chraobhaibh cumhra féithchrann;
ó thána-sa ag tnúth leat ní cóir dhuit mé a dhiúltadh,
mar is 'mó ainnir fhionn bhreá ghléigeal
go dtugas dóibh diúltadh ar amharc do ghnúise,
is gur shéanas iad súd go léir dhuit."



"Nílim am thabhairt duit is nílim ad dhiúltadh,
's níl fios mo chúise ag aonfhear;
ach ar eagla an Uirdmhic nuair thiocfadh lá an chuntais,
is m'anam ná tabharfainn ar Éire;
ach má gheallann tú dhomhsa go seasóir liomsa
i gceangal dlúth na cléire,
is má thaitníonn mo shnua leat ní cóir dhom thú a dhiúltadh,
is bímis sa tsiúl in éineacht!"



B 1904 19
An rábaire bacaigh ón Mumhain



Raghadsa sa gceártain amárach ar maidin le fonn
's déanfad búcla is tácla dom láimh a mbeidh gath air is lúb,
ná scaoilfeadh lá an ghátair 's d'fhaiscfeadh an crios ar mo chom,
'gus fágfad mo shlán acu - ar an rábaire bacaigh ón Mumhain.



Agus luífead mo chána ar na cránta so ó bhathas go bonn,
snoífead na cnámha acu is ní fhágfad iontu easna gan bhrú,
mura mbeidh cíos gach lá acu solártha taiscithe im thrúnc
'gus tinteacha cnámh roimh an rábaire bacaigh ón Mumhain.


L. 59


Ní phósfadsa aon tsáfach de chláirsigh de chailligh gan fonn,
d'imeodh amárach is d'fhágfadh mé i ngalar trom dubhach;
dob fhearr liom cailín ciúin tláith go mbeadh fáinne is raca ina cúl,
's d'iompródh an mála don rábaire bacaigh ón Mumhain!



Nuair thagann mo ghrá-sa amárach abhaile anso chúm
's a clóca aici gearrtha go fáinneach den fhaisiont so ar siúl,
dá insint dá máithrín go náireach t'réis casadh dá cúrs',
gur bhuail sí i bPort Láirge le rábaire bacaigh ón Mumhain.



Nuair fhágmair Port Láirge chomáineamair go Callainn ar siúl
do shuíos-sa is mo ghrá-sa ar an mbán sul ar scaip de an drúcht;
"caith dhíot do mhála, taoi tnáite caite ón siúl,
's buail tiúin ar do chláirsigh, a rábaire bacaigh ón Mumhain!"



T'réis taisteal na slí fillfeam abhaile anois spás,
caithfeam an geimhreadh cois taoibh an mhuilinn go sámh,
beidh bacaigh is daill ann ón Aoine roimh Nollaig go Cáisc,
's mura mbeadsa mar rí orthu, is fíor gur tachtadh Tadhg Bán.



B 1905 19
Táilliúir an mhagaidh



Thíos i gCill Choinnigh tá an fhinne-bhean álainn óg,
tá mall tais milis gan briseadh gan bearnadh fós,
a grua mar luisne is a gile mar bhláth na rós,
's nach mise an trua, a Mhuire, má bhíonn sí ag an táilliúir romham.



Téighir-se abhaile agus feasta bí ag áireamh spré,
inis dod dhaidín gur cailleadh mo chúig le haon,
deich bpúnt is dathad i mbanna nó nóta daor,
gur maíodh mar mhagadh gur baineadh an mhóin dom féin.



Ní chun na móna seo a ghearradh do ceapadh mé i dtúis mo shaoil,
ach ól is imirt ar chuideachtain tsúgaigh shéimh,
do rincfinn go tapaidh ar thalamh nó ar chlár bog-déil,
's buachaillín mise nár bhain riamh an mhóin dom féin.


L. 60


Níl mo shleán ullamh i bhfoirm i gcóir ná i gceart,
níl ná ullamh chum seasaimh i gcóir na bhfear,
lem shnáthaidín ghairid do imireoinn síoda i gceart,
téirigh-se abhaile agus abair ná raghainnse leat.



Ceannódsa capall ar maidin le cúnamh Dé,
déanfad suas paddock chum seasamh le saol na saol,
má leontar mise in imeall nó i dtúis an tsléibhe,
beidh cailíní an bhaile seo ag sileadh na súl im' dhéidh.



Mo ghrá don chumann ná scarfadh in aonchor liom,
tá sé ceangailte i mbrollach mo léine agam,
fuaireas-sa scalladh den teangain aréir 's inniu,
agus an dá dheamhas aithne ar mhuintir mo chéile agam.



B 1903 19



Aililiú na gamhna!



Tráthnóinín aoibhinn 's mé thíos cois na buaile,
cé chasfaí aníos chúm ach smíste duine uasail,
d'ardaigh sé síos mé go híochtar na buaine
is d'fhág sé mo chroí agus m'intinn go buartha.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána,
aililiú na gamhna, na gamhna b'iad ab fhearr liom,
aililiú na gamhna, na gamhna geala bána,
na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta!



Is iníon aoire mé féinig gan amhras
do bhíodh 'na cónaí cois taoibh na Leamhna,
bhí bothán agam féin is fuinneog i gceann de,
is faid bhíodh an bainne ag téamh 's ea ghlaoinn ar na gamhna.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.



D'ardaigh sé síos mé go seomraí ciúine,
in áit 'na raibh trí staighrí de staighrí caola cúnga,
do líonadh cupa té chúm 's níor réitigh sé liomsa,
do thit sé uaim féinig 's bhí an séiní ina bhrúscar.
Aililiú na ghamhna, na gamhna bána, srl.


L. 61


Tógaidh uaim na húdaí seo, tá mo ghlúine acu gearrtha,
is faightear dhomhsa gúna de dhúchas mo mháthar,
fallaing fhada fhlúirseach 'gus púmpa socair sásta,
anairt leathan chiúiseach 's na gamhna a bheith láimh liom.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.



Faightear dhom canna 'gus faightear dhom buarach,
's faightear dhom soitheach 'na gcuirfead mo chuid uachtair;
ceolta sí na cruinne a bheith á síorchur im chluasaibh
's gur bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chum buaile.
Aililiú na gamhna, na gamhna bána, srl.



Raghmaid ar an aonach is ceannóimid gamhna ann
'gus cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta,
íosfaid siad an fraoch 'gus barr an aitinn gheamhraigh,
's tiocfaid siad abhaile chum bainne i gcomhair an tsamhraidh.
'S iad mo ghamhna na gamhna geala,
's iad mo ghamhna na gamhna breaca,
nuair gheobhaid siad siar 's aniar an caladh
nárbh fhearr leo ina thrá é ná ina lán mara.



B 1845ls-1940c 19D



An cailín deas donn



"Is cailín ag baint luachra
an cailín deas donn!"
"Ó, is ea agus í in uaigneas!"
adúirt sí liom.



"Cá gceanglód mo ghearrán,
a chailín deas donn?"
"Ní raibh claí riamh gan stocán!"
adúirt sí liom.



"Tá fear ar an gcnocán,
a chailín deas donn,"
"Ní raibh cnoc riamh gan préachán!"
adúirt sí liom.


L. 62


"N'fheadar cá luigheam,
a chailín deas donn?"
"Ní raibh claí riamh gan díog air!"
adúirt sí liom.



"Cé oilfidh do pháistín,
a chailín deas donn?"
"Ó, oilfidh mo mháithrín!"
adúirt sí liom.



"Raibh riamh 'gat aon deartháir,
a chailín deas donn?"
"Bhí aon deartháir amháin",
adúirt sí liom.



"Cá ndeachaigh do dheartháir,
a chailín deas donn?"
"Chuaigh sé d' na hoileáin",
adúirt sí liom.



"An n-aithneofá do dheartháir,
a chailín deas donn?"
"d'aithneoinn ach é a fheiceáil",
adúirt sí liom.



"Cén comhartha bhí ar do dheartháir,
a chailín deas donn?"
"Bhí ball odhar ar a chliathán",
adúirt sí liom.



"Mise féin do dheartháir,
a chailín deas donn!"
"Ná raibh tú saolach ná slán!"
adúirt sí liom.



B 1849lsc 19L



Ceann dubh dílis



A chinn duibh dhílis dhílis dhílis,
cuir do lámh mhín gheal tharm anall;
a bhéilín meala a bhfuil baladh na tíme air,
's duine gan chroí nach dtiúrfadh dhuit grá!


L. 63


Tá cailíní ar an mbaile seo ar buile is ar buaireamh,
ag tarraingt a ngruaige is á ligean le gaoith,
ar mo shonsa an scafaire is fearr ins na tuatha,
ach thréigfinn an méid sin ar rún dil mo chroí.



'S a chinn duibh dhílis dhílis dhílis,
cuir do lámh mhín gheal tharm anall;
a bhéilín meala a bhfuil baladh na tíme air,
's duine gan chroí nach dtiúrfadh dhuit grá!



B 1750lsc-1855 19T
U Anaithnid



Seo-thín seo-thó!



Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh
is ní mar a chuirfeadh mná na mbodach
fá shúisín bhuí is i mbráillín bhorraigh,
ach i gcliabhán óir gan gíoscán ná sodar!
Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
seo-thin seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!



Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh
i mbráillín lín 's i súisín olla,
i gcliabhán óir ar urlár shocair,
fá bharra na gcraobh 's an ghaoth á mbogadh!
Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!



Codail, a linbh, 's go mba codladh slán duit
's as do chodladh go dtugair do shláinte;
nár bhuaile treighid ná greim an bháis thú,
galar na leanbh ná an bholgach ghránna!
Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!


L. 64


Codail, a linbh, 's go mba codladh slán duit
'gus as do chodladh go dtugair do shláinte,
as do smaointe do chroí nár chráitear
's nár ba bhean gan mhac do mháthair!
Seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!
seo-thín seo-thó, bhú leó leó,
seo-thín seo-thó, is tú mo leanbh!



B 1905 19
U Anaithnid
Deirín dé!



Deirín dé, deirín dé!
tá an gabhar donn ag labhairt sa bhfraoch,
deirín dé, deirín dé!
táid na lachain ag screadaigh sa bhféith.



Deirín dé, deirín dé!
geobhaidh ba siar le héirí an lae,
deirín dé, deirín dé!
is raghaidh mo leanbh á bhfeighilt ar féar.



Deirín dé, deirín dé!
éireoidh gealach 's raghaidh grian fé,
deirín dé, deirín dé!
is tusa mo leanbh 's mo chuid den tsaol!



Deirín dé, deirín dé!
tá nead smólaí im chóifrín féin,
deirín dé, deirín dé!
tá, agus ór dom stóirín féin.



Deirín dé, deirín dé!
ligfead mo leanbh ag piocadh sméar,
deirín dé, deirín dé!
ach codladh go sámh go fáinne an lae!


L. 65


B 1931-44 19
Píopa Ainde Mhóir



Bhí mé oíche shaoire i dTiar-Ní is mé ag tíocht ó cheol,
chruinnigh an ceo i mo thímpeall 's níor léar dhom aon tsórt,
thiúrfainn lán an Bhíobla
gur tornóg a bhí ar an gcaolach
leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!



Ó! is mo bheannacht le gaoith 'ad síos, a Ainde Mhóir,
do mhac go dtige in inmhe is lao go raibh ag do bhó,
is tusa rinne an píopa
ba fairsinge sa tír seo
is ní chaithfear ráithe an gheimhridh go ndéana mé do spóirt!



Siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná móin,
chuir sí naoi bpunt síos ann 'gus píosa den duilleoig,
cailleachaí na tire
agus cruinnidís 'na tímpeall
gheobhaidís ar fad fuílleach de phíopa Ainde Mhóir!



'Gabháil go hInis Ní dhúinn le lucht caorach agus bó
maidin gharbh gheimhridh 's é gaofarach go leor,
'gabháil trí Thonn Uí Fhloinn dhúinn
thosaigh an bád ag líonadh
is b'ait an galún taosctha rinne píopa Ainde Mhóir!



Bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
bhí comhluadar deas ' mo thímpeall 's riar maith ceoil,
bhí beirt isteach as Muighinis,
'gus an stil mhór acu líonta -
'séard d'fhiafraigh an tseanbhean aosta "'n é sin píopa Ainde
Mhóir?"



B 1902-41 19
Seán Ó Duibhir an Ghleanna



Éistidh liomsa sealad
go 'neosad díbh cé cailleadh,
's é Seán Ó Duibhir an Ghleanna
is gan trácht thar a réim,


L. 66


a choin, a ghadhair 's a chapaill
tá go doimhin fé chré is fé chartadh
is ní fios cár ghaibh an t-anam
bhí in áras a chléibh;
mar is cladhaire an bás a thagann
go ciúin, gan chaint, i ganfhios
ar nós na taoide a leathann
ar chuantaibh 's a scéitheann;
agus ó tá sé i ndán dúinn freagairt,
bíodh grásta an Rí againn feasta
's na bóithre glan roimh ár n-anam
go háras na naomh.



Céad glóire leis an Athair
tá go comhachtach ins na Flaithis,
cé gur síorraí buan í a ainm
le trácht ag an saol,
do chum, do chlóigh na haingil
go lonrach, soilseach, lasmhar,
gan cheo, gan smól, gan pheaca,
gan teimheal, mar an ngréin;
do stiúraigh spéartha is scamaill,
do chuir solas ard sa ngealaigh,
na réiltinn chúinn ag taitneamh
gach oíche ar an spéir;
do scaoil gach abha is glaise
'na slaodaibh tiugha lena fheartaibh,
's an mhórmhuir bhrúchtach ' caiseadh
a lán dá cuid éisc.



Céad glóire arís lena ainm
go síorraí buan le seasamh,
do thuill is fuair an ceannas
i gclú glan 's i réim;
do líon gach coill de chrannaibh
go buacach bláfar daite,
is na héin go binn ag cantain
'na ngéagaibh go léir;
dá laighead le rá na beacha,
do thug dhóibh ceard dheas bheatha,
cé go ndeaghaidh sé d'údair mhaithe
í a fhoghlaim mar cheird;


L. 67


cnósaid leo a gcuid meala
fhaid bhíonn an ghrian ag taitneamh,
mar stór i gcomhair í a chaitheamh
sa ngeimhreadh le céill.



Sin sampla dhuitse, a pheacaigh,
le foghlaim ósna beacha
a chnósaíonn leo a gcuid meala
a gleanntaibh na gcraobh;
's na naoimh do bhíodh go dealamh,
ná cruinníodh stór ná paca
is ná cuireadh ór i dtaisce
ná i mbancaibh an tsaoil,
ná caitheadh bútais smeartha,
is ná téadh ar marcaíocht chapaill,
ach ag siúl ar fuaid an tsneachta
gan scáth orthu ón spéir,
go mbíodh a gcéalac fada
is ná téadh chun suain ar leabain,
ach ag méadú stór na bhFlaitheas
go cráifeach gan chraos.



Do gach n-aon atáim á thagairt
go mbíonn a gclaonta á mealladh,
ná leanann riail na sagart
ná sampla na naomh,
a bhíonn ag cnáid 's ag magadh
fén té bhíonn fánach dealamh
ná bíonn chomh hard leo i rachmas
ná i saibhreas an tsaoil;
nuair théid go tabhairne an leanna,
bíd ag glaoch is ag gairm
ar gach sóghlas bídh dob fhearra
's ar na fíontaibh bhíonn daor;
ag titim i ndrúis an pheacaidh
dá bhfaigheadh aon chaoi air i ganfhios,
's ainm Mhic Dé acu á spalpadh
le scleondar gan spéis.


L. 68


Tugaidh go léir fé ndeara
an sampla d'fhág an Leanbh
nuair thuirling sé ar an dtalamh
le grá dhúinn go léir;
do saolaíodh é go dealamh
i mainséar fhuar an asail,
i lár an gheimhridh ghairbh
gan aoibhneas gan aer;
nuair éirigh suas i bpearsain
níor thóg sé léas ar thalamh,
níor dheaghaidh ag fiach le marcaigh
's nior ghráidh rian a ngéim,
níor iarr sé cúirt ná halla,
is níor shuigh sé i dtabhairne an ragaidh
le mian ag diúgadh an leanna,
ach an fíoruisce caol.



Cé chífeadh dream an airm
nár chrom a nglúin chun sagairt,
's go ndeaghaidh de Chríost a dteagasc
ná a dtabhairt ar a réir;
a ghéaga acu á cheangal
ar adhmad chruaidh gan taise,
ina bhraighid gan choir gan pheaca
á thabhairt chun an tsléibhe;
a gclaidhte géara glana
acu ina ndóid ag bagairt
os comhair na mílte pearsa
a bhí i láthair an bhréith;
agus an Mhaighdean úd, mar mheasaim,
's a gruaig aici á stathadh
nuair a síneadh chúichi é treasna
ar a glúinibh go tréith.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services