An tionónta
Peadar Ó Maolchonaire
Mur mbeith léirscrios ar Ghaelaibh ó shean-Fhódla,
is gur réabadh na tréinfhir ba neartchumhachtach,
is go bhfuil léan ar mo léigheann ón reacht nuasa
ní bheinn agat, a Éamainn, mar theanónta.
Mo shaothar ní bhéarair re leamhghlórthaibh
in éintigh riot féin, nó red strabóidibh,
nó éagfaidh an mhéid d'fhan den ghlanphórsa
d'fhuil Éireamhóin éachtaigh na mbreath n-órtha.
Do-bhéarainn duit, a Éamainn, mar ghlanchomhairle
léigean dom shaothar gan anfhorlann,
nó léigfead na gaethe ina sreath romhadsa
ó mbéir gan fear feidhme, gan rathfhónamh.
Scéal beag is léir domh nach feas dósan,
ar laoch mear de laochra na Gascóine
tug éara do dh'éineoch dem cheartnós-sa,
go ndearnadh de créachtlobhar creatdhóite.
B 1800lsc 19T
U Anaithnid
Eachroim
A dhaoine tá líonta dhen daonnacht,
an díth libhse díbirt na féine,
nó scarúint na gcaoifeach le chéile,
nó ruagadh na gcuallaí bhí dé-cheart?
Chailleamairne Bóinne le foirneart an lae sin,
Cornal Stangan a bhí farannach méiniúil,
bhí ina sheasamh go bhfaca Rí Séamas -
rí meata do ghlac na ritréada,
rí meata do ghlac na ritréada,
is d'fhág buaireadh naoi n-uaire ar Ghaeil bhocht.
An uair sin bhí suaimhneas ar Ghaelaibh,
ag máirseáil go Luimneach ba chontúirteach an scéal sin,
bhí an baile á bhriseadh is á réabadh,
is an púdar á múchadh is á mbréanadh;
bhí an púdar á múchadh is á mbréanadh,
is an luaidhe ghlas á mbualadh san éadan.
Seacht seachtaine bhí suídse ann le Gaelaibh,
is níorbh fhiú leofu umhlú ar aon chor
gur buaileadh buille chruinnigh' leobh infheadhma
go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa!
go hEachroim Uí Cheallaigh, mo léansa!
mar bhí na seacht náisiún ag gabháil carnadh ar a chéile.
Bhí Turcaigh, bhí Duits ann, bhí Daein ann,
bhí na Breatnaigh ag teacht isteach ar gach taobh ann,
bhí Albanaigh fuair gorta is léan ann,
bhí Sasanaigh bharbartha is bhí Gaeil ann.
Tráthnóna in éis fómhar an lae sin
is iomdha óigfhear breá lúfar bhí gan feidhm ann,
is a chuid fola le fearthain is le gréin ann,
is a ghruaig bhreá ina dualaibh le gaoith ann.
Is ar maidin 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh
is iomdha óigbhean bhreá mhómhar bhí gan chéile ann,
bean mhánla ar tuairisc a héinmhic,
agus garlach gan fádar is é ag géarghol.
'Eachroim cuirim lagar agus léan ort!
mo mhallachtsa agus mallacht Mhic Dé ort!
is crua an seachrán a chuir tú ar mhaithe na féine -
Sir Uileag, Sir Raibeart, agus Sir Féilim
bheith mar chonairt a chuirfí ó chéile,
nó mar scaitear caora ar thaobh mhalaidh shléibhe.
Ar na mhárach 'ndéidh an fhómhair sin a dhéanamh
is tinn breoite bhí Gordon Ó Néill ann,
Seán na Seamar á ghearradh le faobhair,
is an ginearal Francach a d'fhág angar ar Éire
ina cheathrúnaí ar leataoibh an chlaoin ann;
ní hé sin cás dom ach scrúd na nGael bocht:
an eaglais dháimhiúil chráifeach Ghaelach
ag triall ar sáile is gan fáth dhóibh shéanadh,
mar dheoraíbh ins gach róidín ó chéile.
Tá mo chluasa bochta buartha gan éisteacht,
is mo shúile dúnta gan radharc ar bith,
is trua nach in uaigh thalúna i gcré bheinn,
ó tharla mé beo is gan cabhair 'na ndéidh agam;
is gur furas do na bodaigh nach bhfaca an saol sin
labhairt go trom trom ar bhuachaillí Shéamais.
B 1851ls 19L
Máirseáil an tSáirséalaigh
Thug sinn an chéad bhriseadh ag bruach na Bóinne,
an dara briseadh ag Móta Ghráinne Óige,
an tríú briseadh in Eachroim Dé Domhnaigh,
buaileadh buille dhruma linn is cha mhór a bhí beo againn -
is och! ochón!
Cuirimse mo mhallacht ortsa, a Rí Séamas,
is iomdha mac máthara a d'fhág tú in éide,
fána stocaí geala is a gcarbhataí gléigeal,
is bróga móra fuaite ar chlann na nGael bocht -
is och! ochón!
Tiocfaidh an rí is tiocfaidh an bhanríon,
tiocfaidh Séarlas is an dá Mhac Carthaigh,
tiocfaidh na Francaigh ina rancaí ina dhéidh sin,
is beidh na fir ghruama á ruagadh as Éirinn -
is och! ochón!
Is iad na buachaillí so, buachaillí Gaelach,
ag briseadh a gcroí ag siúl na sléibhte,
ag amharc amach ar chuantaí na hÉireann,
is ag sileadh na súl ag siúl gan Séamas -
is och! ochón!
Is ag an mBaile Mór a chodail muinn an oíche sin,
is ag an tseandroichead a ligeamar ár scíste,
'dul anonn ar an tSionainn a bhí gruaim ar na míltibh,
is ag Luimneach na long a bhí an mháirseáil aoibhinn -
is och! ochón!
Tá an Sáirséalach láidir is a ghunnaí á dtreorú,
is an gcuala tú gur éag sé, Ball Dearg Ó Dónaill?
Tá pinginn ar an gcárta is an cárta líonta,
is a Phádraig Sáirséal, mo shlán go dtí thú.
B 1738ob 18L
U Toirealach Ó Cearbhalláin
Feartlaoi
Is trua sin mise agus mé atuirseach i ndéidh mo shiúil,
ar liag mo charad agus do mharbh sin radharc mo shúl,
is é fuair mé agam agus mé ag folcadh na ndéar go húir,
caoil-leac dhaingean agus leaba dhen chré bhí cúng.
Ní tréan mé ag labhairt, agus ní mheasaim gur cúis náire,
is éan bocht scaite mé ó chaill mé mo chúl báire;
níl péin, níl peannaid, níl galra chomh tromchráite
le héag na gcarad, nó scaradh na gcompánach.
B 1846ls 19L
U Anaithnid
Caitlín Tiriall
Is mian liomsa trácht ar gach ní le stuaim,
is is mian liom trácht ar Chití na gcuach,
is í an planda breá leinbh atá saoithiúil suairc,
is a samhail ní fhacas i mbailtibh na dtuaith.
Is é mo chreach mhaidne nár fágadh mé
ar bhruach Locha Eireall le fáinne an lae;
mar shúil go bhfaighinn amharc ar Chití na gcraobh,
mar do chuala mé teisteas breáchta a scéimh'.
Is é mo léan géar mar chonnairc mé dúch nó peann,
nó do chúl breá triopalach fáinneach fionn;
acht dá dtógfadh an tiarna easpaigse lámh os mo chionn,
bhéarfainn Cití an stáidbhean tar sáile liom.
Is gile í ná an eala is is deirge í ná an ghrian,
is binne í ná ar chuala mé de cheoltaibh ariamh;
níl aon teach leanna reaca fón tsráidse thiar,
nach n-ólfaidh mé sláinte Chaitlín Tiriall.
Is trua nach bhfuilimse is Cití dheas chaomh
fá chúl an toim cuilinn go n-ólfaimis braon;
mar shúil le Dia díleas go dtógfainn a croí,
is go dtabharfainn abhaile óna máthair liom í.
Is trua ghéar gan mise agus Caitlín Tiriall
'nár suí nó 'nár seasamh ag geataí Bhleá Cliath,
an oíche bheith againn chomh fada le bliain,
is mé sínte ar leaba le hainnir na gciabh.
Léigh mé do litir amuigh ar an tsliabh,
ba bhinne í ná an iomad de cheoltaibh sí;
páirt mhór de mo chruatan gur chaill mé mo chiall -
is mór in aghaidh d'anama é, a Chaitlín Tiriall.
B 1730flc 18T
U Toirealach Rua Ó Dónaill
Seachrán Chairn tSiail
Ar mo philleadh abhaile ó Charn tSiail domh
an t-aonach céanna Féil' Muire Mór,
is é tharla an ainnir ón taobh aniar domh
is í ag teacht go triamhaineach insa ród;
le linn a faicsin is é scar mo chiall liom
mar bhí mé ar fiabhrán is seal ag ól,
is gur taibhseadh domhsa gur dhorchaigh an ghrian
le taobh gach dealramh dá grua mar rós.
Do bheannaíos féin go prab don mhaighdin,
bhí mé cladhartha is chrith mo ghlór,
d'fhiafraíos féin den ghnúis mar éabhal
an ndéanfadh éalú liom seal sa ród;
is é dúirt sí liomsa "coisc do bhéilín,
óir is duine buartha thú, dar mo dhóigh,
is is annamh chonaiceas sac mar éide
ar fhear ag bréagnadh na gcailín óg."
"A ghnúis gan tlás, ná cuir tusa i gcás
mé bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stóir,
gheobhaidh tú pléisiúr ar hallaíbh bána
agus fíon na Spáinne uaim seal le n-ól";
d'fhiafraigh sí díomsa an mar sin ba ghnáth liom
a bheith ag siúl na n-ardaibh ar bheagán lóin,
is dúirt mé léithe nár chleacht mé a atharrach
ach seantriús bán agus boinéad crón.
"Cé gurb olc leat mo hata cnáibe,
mo bhata cráige is mo sheantriús liath,
d'aithneoinn féin idir an dubh is an bán,
is ní hí an bhean is áille is troime ciall;
ná síl gur chugatsa atáim á rá so,
a ainnir álainn is finne ciabh,
ach síleann céad bean go bhfuil mé i ngrá leo,
is níl agam cás ina leath nó i dtrian".
"Bímse m'fhíodóir in íochtar tíre
agus deir na daoine go ngoidfinn snáth,
is bhéarfainn saoire i lár an aonaigh
do gach aon duine a thuigfeadh an cás;
bím ar aontaí ag tógáil bruíne,
is níorbh fhearr liom oíche agam nó lá,
bím seal ag suíre le gach cailín díomhaoin,
is níl fhios ag aon neach cá bhfuil mo ghrá".
"Bhí mé i Muine Mór, is i gCaisleán Cába,
i mBaile Uí Dhálaigh, is i Lios na Sciath;
bhí mé i Muineachán, is ar an Ghráinsigh,
is ag Droichead Chúil Áine le tuilleadh is bliain;
aréir a tharla mé i nDroichead Átha,
is anocht atá mé fá Charn tSiail,
anois, más roghain leat ar fhearaibh Fáil mé,
sín do lámh, is bíom ag triall."
B 1728ob 18T
U Seán Ó Neachtain
Ar bhás a mhná
Seán Ó Neachtain
A théagair, is é m'éagsa is mé beo do bhás,
a phéarla do phréach is do scól mo lár,
is gan réiteach mo ghéarghoil óm bhrón id dheáidh,
mo léirchreach, gan mé frat id chónra, a ghrá.
Mo théarma ar an tsaoghal is dóigh gur gearr,
ar th'éis-se, a thréitheach, gan cheo, gan smál,
a dhéirceach na séimhbhocht, ba cóir do cháil,
mo léirchreach, gan mé frat id chónra, a ghrá.
Bíd éanlaith na gcraobh nglas darbh eol ár bpáirt
go héagnach gan aon tada ceoil de ghnáth,
gé thréigis mé, a chéadshearc, is a stóir gan cháidh,
mo léirchreach, gan mé frat id chónra, a ghrá.
Do bhéal do ba craorac, do ghlór ba sáimh,
do shéimhdhreach ar aondath is an rósa d'fhás,
do ghléchorp mar ghéis ar an bhfeor ag snámh,
mo léirchreach, gan mé frat id chónra, a ghrá.
Bhí déshearc is méin cheart is cóir is dáimh,
bhí tréanas is géarsmacht na feola id dháil,
a dhé-bhean chun tréithbheart ba treoir do chách,
mo léirchreach, gan mé frat id chónra, a ghrá.
B 1768ls 18L
U Anaithnid
Eilís
Is tairis linn do theacht dár dtír,
a úrchnis chaoimh na gcamchiabh tais;
bheith dhuitse, más fíor do chách,
deirid go brách nach ligim a leas.
Is cuma liom - beadsa dhi,
cibé san mbioth thiocfas as;
beidh m'ansacht aici d'aimhdheoin cháich,
cuirim i gcás nach ligim a leas.
Cuirim i gcás nach ligim a leas,
beadsa choíche i gceasnaí bróin
go bhfaicfe mé cúl na sreabh
fúmsa seal ar an gcaoi chóir.
Is í Síle, mar shaoilim, í droim ar ais
d'fhág saoithe na críchese uile sa gceas,
is díth liom is mé ar siabhra buile dá searc
gur saothar saoire mo shuíre is nach ligim a leas.
B 1750lsc 18L
Bidí
Is aoibhinn do na slóite ar chóngar Loch Éirne,
mar bhfuil nuascoth na rósa bheir Flóra ag dréim léi,
tá tuigse shaor oirdheirc, móreolas, is béasa
ag Bidí mar órchiste is foghlaim gach béarla.
Tá an lile is an rósa i gclócheart in éineacht
ag cathú go cróga ag comhspairn le chéile;
i ngruaibh na hóighe tá an bheoghríos ag séideadh,
tug bua insa chomhlann an rós aoil is an laoige.
Is cumasach eolgach a meoir mhín ar ghréasaibh,
is is dílis i bhfoghlaim gach oghamchraoibh san Ghaeilge;
is í Bidí an óigbhean fuair mórchlú gach scéimhe,
is ba milse liom póg uaith' nó rósmhil na saorbheach.
B 1788ls 18D
Bean dubh an ghleanna
An bhfaca tú nó an gcuala tú an stuaire do b'áille gnaoi?
i ngleannta dubha is mé in uaigneas, gan suaimhneas de lá nó d'oích';
cailín caoin an tsuanroisc, do bhuair mé is do chráigh mo chroí,
mo bheannacht féin go buan léi go dtí an gcuan úd, 'bé áit i mbí!
Atá sé scríofa i bprionta do chom seang is do mhala chaol,
is do bhéilín tanaí faoi sin ná sílfinn do neosadh bréag,
do chrobh is gile is is míne ná an síoda is ná clúmh na n-éan,
is is buartha cráite bhímse nuair smaoinim ar scarúin léi.
Nuair dhearcas í do théigh mé le géarshearc dá gnaoi is dá cló,
a mionachíocha gléigeala, a déad dheas is a dlaoifholt óir;
ba ghile a dreach nó Deirdre chuir laochra na Mí ar feo,
is ná Bláthnaid mhín na gclaonrosc ler traochadh na mílte treon.
A phlúr na mban ná tréig mé ar bhaothlach le saint dá stór,
gan chlú, gan mheas, gan bhéarsa ach blaoireacht is bruíon is gleo,
is ciúin do sheinnfinn dréachta breá Gaeilge dhuit oíche an fhómhair,
is do scrúdfainn stair na Féinne go léircheart is na míleadh mór.
B 1714ls 18T
U Aodh Mac Gabhráin
Achasán an mharcaigh
Aodh Mac Gabhráin
A ghearráin ler chailleas mo shearc,
gabh an diabhal, is fág m'amharc;
go mba measa bhias tú bhlian ó 'nniu,
is dar anam m'athara ní súgra.
An bhfuil náire ort, a ghearráin gan chéill,
a stráidh dhiabhlaí an aiméis,
m'fhágáil ar mo tharr san gcac,
is ábhar mo mhná ar m'amharc?
Fiche marbhfháisc ort a-nocht,
is buan in do thóin mo mhallacht;
go bpioca na fiacha do dhá shúil,
a straip dhiabhlaí an ghurrúin!
Tairne i mbeo go raibh in do bhonn,
is go ngearra an tiarach féith t'earbaill,
mairc bhéalghaile ar do dhroim,
is tine ghealáin i mbéal do chacthoill.
Greim den bhféar nár chasa ort,
nó gráinne arbhair go Nollaig,
nó aonbhraon uisce go brách,
nó go bhfaighir bás d'antart.
Go mbaine spor na coise deise
sceilp de úll do leisese;
caor thine in do thóin -
nach bhfaca tú í san bhfuinneoig?
Pléaráca na Ruarcach
Aodh Mac Gabhráin
Pléaráca na Ruarcach i gcuimhne gach uile dhuine
dá dtiocfaidh, dá dtáinig is dá maireann go fóill;
seacht bhfichid muc, mart agus caora
á gcascairt don ghasra gach aon ló;
céad páil uisce beatha is na meadra á líonadh,
ag éirí ar maidin is againn bhí an spórt:
"briseadh do phíopasa, sladadh mo phócasa,
goideadh do bhrístese, loisceadh mo chlócasa,
chaill mé mo bhairéad, m'fhallaing is m'fhilléad,
ó d'imigh na gairéid - ár seacht mbeannacht leo;
cuir spraic ar an gcláirsigh sin, seinn suas an pléaráca sin,
an bucsa sin, a Áine, agus greadóg le n-ól!"
Lucht leanúna na Ruarcach ag craitheadh a gcleití
tráth chuala siad tormán nó troimpléasc an cheoil;
d'éirigh gach aon acu gan coisreacadh ina leabaidh,
is a bhean leis ar strachailt in gach aon chorn;
nár láidir an seasamh don talamh bhí fúthu
gan réabadh le sodar is glug ins gach bróig!
"saol agus sláinte dhuit, a Mhleachlainn Uí Fhionnagáin!
dar mo láimh is maith a dhamhsas tú, a Mharsail Ní Ghriodagáin!
Here's to you, a mháthair, I pledge you, God save you!
beir ar an scála so, scág é in do scóig;
craith fúinn an tsráideog sin, sín tharainn an bhánphluid sin,
tugthar ár sá dhúinn de lionnchoirm chóir!"
A Ardrí na gcarad, cibé chífeadh an ghasra
ar líonadh a gcraicní nó ar lasadh san ól,
cnámh rí bacaird ar fad in gach scín acu,
ag gearradh is ag cascairt go mór, mór;
a slisneacha darach ar lasadh ag gabháil fríd a chéile,
ag bualadh, ag greadadh, ag loscadh is ag dó;
"a bhodaigh, is é m'athairse chuir Mainistir na Búille suas,
Sligeach is Gaillimh is Cara Dhroma Rúisce fós,
Iarla Chill Dara is Biatach Mhaigh nEalta
is iad d'oil agus d'altraim mé, fiosraigh so de Mhór;
tóg suas an t-adhmad is buail an t-alárm air,
preab insa tarr agus cic insa tóin!"
B 1733ob 18L
U Pádraig Mac Giolla Fhiondáin
Bríd Sábhaoiseach
Pádraig Mac Giolla Fhiondáin
A níon tais na mbánchíoch is áille nó laoige i bhfuacht
de phríomhfhuil Cholla Dhá Chríoch a d'fhás tríd a fhréamha
anuas,
don Traí dá dteagmhadh i ndán do bheith i ndáil na mbandéithe ar
gcuairt,
do mhaothfadh leatsa an t-áilleagán fár fhás goimh an éada uaf'.
Tá caor ar lasadh d'ardfhuil na Sábhaoiseach déanta id ghrua,
is ón laoch mear Conall Cearnach chuir árchatha in Éirinn uair,
is gan braon ded ghaol níos táire a bhláth chaoimh na méarlag luath,
de rífhuil Cholla, ríoghra lonna ó Ghael Glas do ghluais.
Tá dath na heala i gcló dian le beoghríos na gcaor ag spairn
i leaca ghlain na hóginíne is róslíonta braon ag fás;
gach planda ag teacht dá corndlaoithe forscaoilte faontais tláith,
is gach rabhradh ag teacht dá beol caomh, d'fhóirfeadh sin daoine ón
mbás.
Tá deargfhuil cheart shíol Róigh is mór-Cholla an rí tug barr
gan seargadh ar fad gach n-órlaigh den rómhíonla mhaothghil bhláith,
is dealbhach oibriú a meor mín ar shról síos le sraonadh lámh,
is gach mír dhi uile ar lí na lile ó bhraoithibh go lár.
Cumha Eoghain Rua
Pádraig Mac Giolla Fhiondáin
Níl stáidbhean tséimh de Ghaelaibh beo, monuar,
gan rás na ndéar ag céimniú ród 'na ngrua;
de bhláth gach déise is féir a snua do chuaidh,
is gan ál ar chéis ón éag sin Eoghain Rua.
Gach pláigh, gach léan, d'fhág tréithlag breoite i nguais
síol Ábraim fhéil faoi Shéasar mhór na slua,
is é d'fhás ar Ghaelaibh d'éis na ngleo, iar mbua,
mar bharr gan fréimh, ón éag sin Eoghain Rua.
Ad-bhádh na héisc tré mhéid an reoidh, tré fhuacht,
ar snámh ní léimeann éigne ar bheochuil suas,
is fáslag éirid éin, is ní labhrann cuach
i dtráth a dhéanta, ón éag sin Eoghain Rua.
Gan ádh, gan séan, sliocht Féinis mhóir na ndrua,
sliocht Mháine is Néill in éagruth cló, is trua;
mar chlár gan aon tí déanta ó mheoraibh sua
a tharla Éire ón éag sin Eoghain Rua.
Lámh na n-éacht, an béad ba mhó san tslua,
Artábon Gael, i mbeirn ba chomhla chrua;
an Dáibhí féin nach léigfeadh an Góliath uaidh,
ár sárdhíon scéithe, b'é sin Eoghan Rua.
I bpáirt dá dtéadh le haon chrích Eorpa, ar uair,
ach Banba féin, an mhéirdreach bheo dhubh, an truaill;
an báire réabfadh trésan tsóchraid suas
ach sár ar Ghaelaibh, is é thug fód Eoghain Rua.
Gan ábhar Phoenix éigin beo san luaith,
gan ál dá éis, nó aon a d'fhóirfeadh ár nguais,
gan fál fá Éire ach faolchoin ag strócadh ár n-uain,
ó dáileadh cré, mo léan, le hEoghan Rua.
B 1733ob 18L
U Séamas Dall Mac Cuarta
Ailí Ní Chearbhaill
Séamas Dall Mac Cuarta
Atá lile gan smúid ar m'airese i Lú
is ní cheilfidh mé a clú go dearfa,
an ghlaine is an snua bhí ag Helen ar dtús
gurab aici go nua tá ar tearma;
gan bhriseadh, gan bhrú, gan mhealladh le cluain
ach soineanta súgach leanbaí,
agus tuilte de dhúchas fhola rí Mumhan
in Ailí ghil chiúin Ní Chearbhaill.
Nach bhfaca tú scéimh Angelica is Dheirdre
ag cruinniú san maighdin gheanmnaí,
is gach buinne dá céibh mar loinnir na réalt,
nó ealta de dh'éanlaith an tsamhraidh?
deir a gcleachtann a méin de mhaicne na nGael
gurab aici tá an chéim go farraige -
is trua nach raibh léigse ar fhearainn dhúich' Éile
ag Ailí de fhréimh shíol gCearbhaill.
A theachtaire théid go fearann dhúich' Éile,
aithris do scéal gan mhearbhall:
go bhfuil ainnir dá bhfréimh is carthanaí méin,
dá bhfacthas ar aghaidh na talmhan;
le haigne, le céill níl comórtas léi
ó Chlochar go Droichead na Carraige,
is gan a lochtaibh fán ghréin ach ar ghoin sí den éag
de ghaiscíbh na mbéimeann fearmhail.
Beannacht ar chéad uaim is aithris don ngéag
nach léigimse an ghéis ar dearmad,
ach déan coimhéad duit féin nuair a dhearcair a scéimh
nach rachaidh tú in éag mar Chearbhall;
tráth chuala sé scéal go ndeachaidh sí i gcré,
iníon osránach ghléal rí Alban -
measaim nár bhéasaí sise ná an péarla,
Ailí chiúin tséimh Ní Chearbhaill.
An lon dubh báite
Séamas Dall Mac Cuarta
A iníon álainn Choinn Uí Néill,
is fada do shuan tar éis d'áir;
is nach gcluin uaisle do chine féin
tú ag caoineadh do spré tar éis a bháis.
Ceiliúr an éin lúfair luaith,
theastaigh uait, a fhaoileann bhán;
cha bhíonn tubaiste ach mar mbíonn spré,
is déansa foighid ó ghreadadh lámh.
Ó ghreadadh lámh is ó shileadh rosc,
glacsa tost, a fhaoileann úr;
a iníon álainn Choinn Uí Néill,
fá bhás an éin ná fliuch do shúil.
A fhaoileann a d'fhás ó ardrí Uladh na rí,
fuirigh mar tá, is fearr é nó imeacht le baois;
fá d'éan beag a b'áille gáire ar imeall na gcraobh,
chan ceist duit a bhás go brách is é nite le haol.
Fáilte don éan
Séamas Dall Mac Cuarta
Fáilte don éan is binne ar chraoibh,
labhras ar chaoin na dtor le gréin;
domhsa is fada tuirse an tsaoil,
nach bhfaiceann í le teacht an fhéir.
Gach neach dá bhfaiceann cruth na n-éan,
amharc Éireann, deas is tuaidh,
bláth na dtulach ar gach taoibh -
is dóibh is aoibhne bheith á lua.
Cluinim, gé nach bhfaicim gné,
seinm an éin darbh ainm cuach;
amharc uirthi i mbarraí géag,
mo thuirse ghéar nach mise fuair.
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m'amharc a dh'fháil
go bhfaicinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
cuid de mo bhua nach gluaisim ag cruinniú le cách,
le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sámh.
Tithe Chorr an Chait
Séamas Dall Mac Cuarta
Uaigneach sin, tithe Chorr an Chait,
is uaigneach a bhfir is a mná;
is dá bhfaighdís ór is fíon,
cha dtig aon díobh i gceann cháich.
I gceann cháich cha dtig siad
ar ar cruthaíodh thiar is thoir;
ar ar cruthaíodh ó neamh go lár -
ionann sin is béasa an bhroic.
Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
i ndorchadas oíche is lae;
ar ar cruthaíodh ó neamh go lár,
i gceann cháich cha dtig sé.
Ní hionmhuin leis an ríbhroc aoibhneas, aiteas, ná spórt,
ní hionmhuin leo saoi, ná draoi, ná cumadóir ceoil,
ní hionmhuin leo Séamas caoch ná cuidiú Néill Óig,
is fanadh gach aon mar a mbíd ag tochailt an phóir.
Dúiche Chréamhainn
Séamas Dall Mac Cuarta
I gCréamhainn thíos atá 'mo dhéidh
amharc séimh fásaigh,
radharc réidh coilleadh is féir,
is uisce tréan támhaill;
teas ón ngréin, tuilte ón Éirn',
is bric ag léim ar snámh ann;
nach trua an té tá ag scarúint léi,
is go bhfaighinnse féin an tsláinte ann.
Beir pártaí uaim go Áth an Uisce Fhuair
mar bhfuil na mná uaisle is féile,
cuirim slán don uair ar ghnáth mo chuairt
san ardsa thuaidh i gCréamhainn;
ó d'athraíos uaibh chun na Galltacht suas
mo chairde buan gur thréig mé,
bím lán den ghruaim, 'mo tháimh, 'mo shuan,
is mé cráite buartha tréithlag.
Is iomdha búr i gContae Lú
nach seasann clú dá chéile,
acht dhruidfeadh a súil' go daingean dlúth
nuair a chífeadh siad chucu mo leithéide;
ní mar súd a cleachtadh domhsa
nuair bhí mé i ndúiche Chréamhainn,
acht ól gan diúltadh is biotáilte chumhra
agus seinm chiúin ar théadaibh.
Is í dúiche na fáilte, dúiche na sláinte í,
dúiche nach ndearna díobháil,
dúiche na ndán is gan diúltadh le fáil,
dúiche nach dtarlann fiabhrán;
dúiche is fearr sna cúigibh Gallta,
dúiche thálmhar shíolmhar,
nach dubhchroíoch atáim fó chumha ó d'fhágas
an dún is áille, An Grianán.
An chéad mhairgne
Séamas Dall Mac Cuarta
A dheartháir mhuirnigh, an gcluin tú an chuach?
éirigh agus éist lena hathbhuain;
a chroífhir de dhísleacht mo choim,
ní dóigh gur mian leat mo scarthain.
Créad fár dódh mo chroí leat,
mar smál ghrís ná súth saileach?
is, a Ruairí, mur n-éirírse in am,
nach trua do dhílleacht ar seachrán!
Nach bhfaiceann tú Brian tar éis bháis
ó ghonaibh triamhain mo thromghrá?
mise gan léas os bhur gcionn,
nó an trua libh éifeach an tseandaill?
Freagraidh dom éifighse in am,
is ní huras éisteacht le donán;
goiridh bhur ndílleachta 'mur gcóir,
is ná dearmadaidh bhur ndá bhochtóig.
Éifeach' seanóir san taobh thuas,
is gan na mná anois á n-athbhuain;
ní trua a bhí Nuala ar an bhfeart
nó mise, is gan slua m'éisteacht'.
Aithris do chrú na sé Niall
gur dearg mo chumhasa ar mo thriall;
mo dhá láimh gur scaradh dhíom,
ler tolladh mo dhá leataoibh.
Mo dhá ansacht, mo dhá chéill,
mo dhá phlanda, mo chaithréim;
mo dhá shaibhreas san tslí i bhfus,
mo dhá shéan is mo dhá shonas.
Mo dhá radharc, mo dhá rosc,
mo dhá shearcrún, mo sheanchas;
mo dhá dhísle óm chroí anois,
mo dhá sciath in am tinnis.
Mo dhá shúgaí go tigh an óil,
mo dhá rún is mo chompórt;
mo dhá chnuasach de gach meas,
mo dhá shúil, mo dhá sholas.
Mo dhá shuailce, mo dhá scéimh,
mo dhá ghuaillí gan toibhéim;
mo dhá fhuascailt as gach broid,
mo dhá chuallaí, mo dhá charaid.
Mo dhá chéile, mo dhá chlainn,
mo dhá dhroichead ar gach abhainn;
mo dhá dhísleacht in Inis Fáil,
mo ghrá, mo dhís dearthár.
Mo dhá chabhair, mo dhá chlú,
mo dhá chomhairleach i gceartrúin;
mo dhá thréithre faoin dá chlár,
mo ghrá, mo dhís dearthár.
Mo dhá dhochtúir, mo dhá léigh,
mo dhá fhortún, mo ghlanspré;
mo dhá dhíograis, mo dhá pháirt,
mo ghrá, mo dhís dearthár.
Mo dhá thine, mo dhá chúirt,
mo dhá ionailt in aonrún;
mo dhá ghrianán ar gach sráid,
mo ghrá, mo dhís dearthár.
Ach beadsa 'mo sheargán níos mó,
mar mharbhán nach n-éiríonn athbheo;
gach galar ag fás in mo chionn,
is is fada liom an lá gan titiom.
Ó mharbhais mo chroí de do dheoin,
le bás na beirtese, a Thríonóid;
mur bhfuil tréas domh a iarraidh ort,
cuir mise ina ndiaidh gan fhuireach.
Ná léig an samplóir gan treoir
i ndiaidh na deisese, crochbheo;
ar ghrá do pháise san gcrann
cuir leo go Parrthas an seandall.
Ní rabhas dall nó gur folaíodh uaim
mo dhís dearthár in aonuaigh;
ach anois go brách ar dhíth foinn,
ó hadhlacadh mo dhá chumann.
Mo chroí ina chompar go brách,
ó thrí tinte mo dhóláis;
mo thruasa do chách fán gcruinn',
go Luan bead gan gáir intinn'.
Mo Bhrian, mo Ruairí, mo Róis,
mo phian, mo ghruaim, is mo phiolóid;
mar trí tinte dom chrá,
is gan linnte mo chinn á bhfolach.
Ní mé Conall nó Laoire,
ag caoi na con de dh'fhuil Íre;
ní mé Deirdre ag gol fá chách,
fá Naoise is a dhís dearthár.
Ní mé Nuala ag gol sa Róimh,
ar uaigh na dtrí seanóir:
ní raibh iníon Uí Dhónaill dall,
cé caoineadh a brón i Lobháin.
Ní mé iníon an Lir do bhí
ag caoineadh Fhiachra, Choinn is Aoidh;
do chuaidh Nuala leo chum báis,
is níor léig a fuachas ar athlá.
In am smaoineamh ar urnaí na gcréacht,
is é ní a thuirneas mo sheandéar';
'dul a chaoineadh do pháise sa gcrann,
ní bhínnse ach ar lár an tseachráin.
Ach iarraim do phardún anois,
a thiarna Pharrthais is na bhflaithis;
in onóir do chumhachta i ngach tír,
tabhair dhomhsa uachta na haithrí.
A shealbhadóir neamh is na néal,
a dhealbhadóir farraige is minéisc;
a fhuascaltóir marbhán as broid,
bí ar cuaisne m'anama mar charaid.
Na haifir ormsa, a ghrá,
m'ainbhios ag caoi na marbhán;
ach, a Íosa, dearmaid mo choir,
i línibh dhearfa do leabhair.
Leabhar na diacht' ós libhse,
ná léig na diabhail fá m'anamsa;
mar scarais do chroí ar mo scáth
is oraibh ataoim ag ofráil.
Gan deartháir dílis go brách,
gan aon dem ghaol dom thógáil;
mur bhfaighead fáilte ó chine Choinn,
is im aonar atáim go foircheann.
Ach beannacht leosan anois,
an dís do leon mé agus d'imigh;
cé tá ina ndeoidh mo chroí tinn,
ní bhfaighead fóirint ón fhoirinn.
Seacht gcéad ar mhíle gan ghó,
agus seacht mbliana déag á thionól,
ó theacht Chríost do chabhair cháich,
go bás mo dhís dearthár.
Mairgne eile
Séamas Dall Mac Cuarta
Is fada mé 'mo luí i Lúghaidh,
'mo scraiste brúite - mo mhíle crá!
dúiscigí is cruinnigí na seabhaic lúfar
is iompraigí an t-úrmhac i gcaol na gcnámh.
Dís is ochtar a theastaigh uaimse,
tá ina luí go suaimhneach san mBaile Nua,
mar bhfuil Mairéad, Brian is Ruairí
is déantar uaigh dhíom ar ghar an triúir.
Síntear síos mo thaobh le Ruairí,
mar bhfuil mo chuallaí Brian Bán;
tá siad a ndís ann 'na luí ar uaigneas
agus cuir idir fuacht mé is corr den chlár.
Cha bhíonn Róis ann, ná an dá Éamann,
agus ar son Mhairéada - char chlaonaigh a páirt;
tá an dá Bhríd ann le taobh a chéile,
is cha bhíonn siad ag éad fá mo chur san áit.
Is iomdha achaine a chuir mé scríofa
ó mo ghaoltaí go dtí do pháirt;
is ar ghrá na buime a d'oil thú, a Chríosta,
ós leatsa an díotáil, ná hagair cáin.
'Íosa mhilis, ná léigse uait iad
mar dhream an uabhair a chuaidh i dtréas;
nó le bunadh ifrinn na ndrithleann gruama
ach tabhair m'anam suas leat go flaitheas Dé.
Is iomdha cúirt agus caisleán láidir
a raibh mé ag ráfla is ag déanamh spóirt;
acht má théim go flaitheas, a Rí na ngrása,
cér bhfhearr 'mo tháimh mé ná ag déanamh ceoil?
Cha ndearna mé aithreachas ariamh mar chóir domh,
acht ag déanamh ceoltaí ar feadh mo shaoil,
acht anois ó tá mise tréithlag breoite,
a Dhia, déan trócaire ar Shéamas Caoch.
B 1720ob 18T
U Pilip Mac Brádaigh
An marcach
Pilip Mac Brádaigh
A naí álainn an tláthchoirp is an tanaghoib ghrís,
is na brád ba báine nó an sneachta ar an gcraoibh,
feadh bhí mo lámhasa in airde re aithne choirp Chríost
bhain tú páirt mhaith de thábhacht an aifrinn sin díom.
Is fuar is is salach gach bealach dá dtarlaidh dhúinn
'do dhiaidh, gach conair inar mheasas gur mháirseáil tú;
mo chian, a bharrannghlac na reamharfholt bhfáinneach dlúth,
nach é iarraidh an bhathlaigh ar a chapall go dtrásta súd!
A spéirbhean bhachallach ler chaitheas an iall is an spor,
is bréagach gach gealladh ler mheallais dhá dtrian dem scoil;
a Dhé gan tú agam ag tarraing faoi shliabh anocht
go dtabharfainn caitheamh chapaill an iasacht' ort!
An dearnaid
Pilip Mac Brádaigh
A dhearnaid chrotach ghobach chaoldubh ghéar,
nár léig dhomh codladh ar leabaidh nó suan aréir,
ach go dian ag treabhadh ar feadh dhá thaoibh mo chléibh,
is mo chliath gan stopadh, gan fhoras arís 'do dhéidh.
Súd an aiste ar ar chaitheas an oíche go léir,
gan suan, gan stad, gan stopadh ó scríobadh géar;
tráth shíninn ort go docht is tú faoi mo mhéar,
uaim go mire do chaithfeá arís do léim.
Gan léim, gan chor go raibh tú ar ghríosaigh ghéir,
ar fhírghléas loiscthe choiscfeas gníomh do bhéil;
a chiarphéist chrosta ghortach ghníomhach ghéar,
néal den chodladh uait ní bhfuaras féin aréir.
B 1760obc 18L
U Pádraig Ó Prontaigh
Na ceithre críocha déanacha
Cuimhnigh, a pheacaigh, ar do chrích,
is go dtiobhraidh an Rí chum cuntais thú,
ar son gach bréithir, smuainimh, is gnímh
ar feadh do shaoil dar chiontaigh thú.
Cuimhnigh go cinnte ar an mbás,
gí bhír neamhchásúil ann gach uair,
is go dtiocfaidh dod ionsaí gan ró-spás,
gé taoir láidir lán de dh'uaill.
Cuimhnigh fós ar an mbreith fhíor
do-bhéaras mo Rí ort, mo-nuar,
go gcuirfidh thú i nglóir shíor,
nó go hifreann síos i dtintibh buan.
Cuimhnigh do chríoch go síoraí, a dhuine tá i suan,
is ar an mbreithiúnas fíor tá ag Críost 'do choinne Lá an Luain;
flaitheas má shaothrair, beir choíche ar deasláimh an Uain,
ach san bpeaca má bhír, is leat piantaí ifrinn go buan.
B 1777ls 18D
U Anaithnid
Parrthas nua
Ar ardchnoc uaithne láimh le cuan na lándtonn taoscach
do tharla in uaigneas álainn uath mé in áit gan daoine;
bhí bánshruth anuas in ált ar luas go farraige ag taomadh,
an dabharchú ag ruagadh 'ghnáth na sluaite de bhláth na díleann.
Fána bhruach an sionnchán rua is a cháir gan chíocras,
an broc falsa i gcuasaibh carraige is is buan sliocht spág mac tíre ann;
an fia barr gan uamhan is na gamhna ag uabhar anall is aníos ann,
Brian bearnach luath is a chás in uaill chon, lán de dhíomas.
Na táinte buaibh ag dáil a nualacht' lá agus oíche ann,
do b' ábhar suaircis rabhradh uan is a máithre ag ínilt;
an iara rua á ghrianrú in uachtar crann fá aoibh ann,
siansa is fuadradh dianbheach in ualaíbh 'ghnáth de shaoirmhil.
Ráfla cuach ag cur cáich chun suain, an lon dubh bláith is an smaolach,
ba sásta fuaim an nitingeál shuairc is gártha faoileann,
b'ábhal ualaí is carnadh buamheas ag cambhrú craobha,
is ní fábhall a lua gur parrthas nua an áite chéanna.
B 1755ob 18L
U Fiachra Mac Brádaigh
Aisling Fhiachra Mhic Bhrádaigh
Chonnairc mé aisling ar mo leabaidh mar do chífinn bean,
is ariamh ní fhaca mé a samhail insa tír ar fad;
ag síth Dhroim Shaileach a casadh liom a gnaoi is a dreach,
mar a mbíodh a macnas ag cailíní na tíre seal.
Bhí mé ar meisce is mé ag tilleadh ó thigh an óil ag teacht,
gur buaileadh chun an liosa mé is gan duine ar bith beo 'mo ghar,
luathaigh mé mo chosa mar mheas mé nach ndéanfainn stad
nó go dtéinn chun an bhaile, nó go gcodlainn ag mo chéile seal.
Tráth tháinig mé chun an dorais mar mheas mé gurbh é mo theach
d'iarr mé solas a lasadh nó go dtéinn isteach,
d'éirigh an ainnir ba gheanúla scéimh is tlacht,
is bhí lóchrann aici dhéanfadh solas mar an ngréin, dar leat.
Do shaoil mé a seachnadh mar d'aithin mé gur siabhra sí
gach ní dá bhfaca mé ina haice is i ngléas mar bhí,
bhí boird á bhfolach ar hallaí breá gléala an tí,
is cuacha ar scabail ag an chailín is rogha gach bídh.
Tháinig sí chun an dorais mar raibh mise gan chéill gan bhrí,
le méid na heagla bhí orm roimh chrá na hóich',
is dúirt sí gur mheata domh teitheadh go brách ó mhnaoi,
is rug ar ghreim glaice mé go rabhamar i lár an tí.
Chuir sí i gcathaoir mé in aice léi féin 'mo shuí,
is thug sí póg bhlasta dhomh ler mealladh go léir mo chroí,
thug sí corn chugam ba samhalta le séad an rí,
is bhí sé lán meala ba bhlasta nó an siúcra buí.
An tráth do bhlas mé é níorbh fhada liom lá nó oích',
ach a bheith á breathnú le deise is le breácht a dlaoi,
smuainim tamall gurbh í Helen í ler fágadh an Traí,
is arís do mheasaim gurbh aingeal as Parrthas í.
Ach atá ní cheana, thug mé amharc ar gach taobh den tsíth,
féachaint cá raibh leabaidh ina rachainnse léi a luí,
thug sí dhomh cogar agus d'aithris dhomh 'réir mar bhí:
fear pósta aici bhi ina chodladh ó thús na hoích'.
Ach thug sí dhomh gealladh thug misneach dhomh is do théigh mo
chroí,
go dtréigfeadh sí an fear sin is go rachadh sí liom féin mar mhnaoi,
d'éirigh sí ina seasamh nó gur chruinnigh sí séada an tí,
is chuir sí i wallet iad bhí agam ar mo ghualainn chlí.
Thug sí ór frasach léi bheadh againne ar bord gach rí,
is gach áit dá rachaimis le tabhairt do aois cheoil gach crích',
d'iarr sí orm casadh in gach conair 'na ngéabhadh sí,
is go dtabharfadh sí amharc ar a caraid dhomh gach áit a mbí.
Ní raibh sliabh nó carraig 'na mbí taithí ag na slóite sí,
nach rabhamar tamall ann sula dtáinig ach trian den oích',
bhíomar i Sliabh Gallainn, i gCnoc Almhan, is ar Shléibhte an
Rí,
is thiar i nGaillimh, i gCluain Meala, is ar an gCruach 'ár
suí.
Chuamar go Caiseal, go Cnoc Aiste, is go Nás na Rí,
go Stua Laighean tamall is go Céidín Ó Máil a luí,
ar leabaidh chaoin chailce is ba heagartha cóiríodh í,
mar a bhfuair mé cead teannadh le hainnir an órfhoilt bhuí.
Chuamar go Manainn, go tigh Mhanair, is go Cromadh na crích',
is go Céidín Conair mar a bhfacamar na gréasa sí;
thánamar go hEamhain, a chois Banna, is chun na hÉirne síos,
is bhíomar insa mbaile sula ndeachaidh siad, na héin a ghlaodh.
Ach thánamar chun an dorais mar a rabhamar i dtús na hoích',
is chuir sí liom beannacht is chuaidh sí 'mo dhiaidh ag caoi,
ach dúirt sí liom dá mba toil liomsa casadh léi go brách arís
go mbeadh sí fá mo choinne ag an lisín i gcúl na crích'.
Ach chuaidh sí as m'amharc go ndeachaidh sí gan dáil fán tsíth,
is nach trua libh an dealú sin bhí eadar mé féin is í,
ach mo mhíle beannacht léi - is fada an lá dá díth! -
is ní fhaca mé amharc ó shin i leith ar ghrá mo chroí.
Ní dhearna sí dolaidh dhomh ach mo tharraing gach aird den tír,
is d'fhág sí insa mbaile mé ar mo leabaidh go sáimh 'mo luí;
níl mo dhúil feasta go bhfaicfidh mé go brách í arís,
is stadfad den aiste is ní scríobhfaidh mé níos mó go hoích'.
Ach bíodh a fhios agaibh an aisling a thráchtaím dhíbh
gur as a chodladh thug Fiachra Mac Brádaigh brí.
B 1769ob 18D
U Peadar Ó Doirnín
Mianta Uí Dhoirnín
Is fada ag éisteacht mé leis na scéalasa
ó chogadh Shéamais, an dóú rí
den ainm chéanna fá ndeachaidh Gaelaibh
i gcathaibh géara, mo bhrón, á gcloí:
go dtiocfadh éifeacht is fearann saor
ag gach flaith ó fhréimh mar ba chóir sa gcrích,
is go lasfadh an spré bheagsa ar ndul a dh'éag
do mo chreideamh féin feadh na Fódla arís.
Más é toil Mhic Dé nár thé mé i gcré
go bhfaice mé mar is cóir é an saol:
gach duine naofa den fhine Ghaelsa
gan siolla léin, ach ar dóigh ina shuí,
Inis Fhéilim fán uile shaibhreas,
mil is méalacht is tórtha ar chraoibh,
toradh i ndéis is na srutha ag éagaoin
ó iomad éisc, is sinn beo gan díth.
Dá mbeadh na scéala mar deir mo bhéalsa
ba deas mo ghléas is bheinn óg arís,
bheinn seal ag éisteacht le sailm naofa
is gach ceall in Éirinn ag mórmholadh an Rí;
bheinn seal ag léamh ar bheatha déa-chlainne
an Athar naofa bheir beos in gach aon,
agus seal gan bhuaireadh i measc mo ghaoltaí
in Inis Éilge ag ól fá aoibh.
Bheinn seal ag éisteacht le seinm téad,
is le file faobhrach mar Óvid caomh
ag gabháil véarsaí, agus seal ar stéadaibh
ag greasacht ghéarchon i ndeoidh an mhíl mhaí;
bheinn seal ag tréadú na n-ealta ag éirí,
seal ar thaobh srutha ag tógáil mo líon,
agus seal ag féachaint mo chumas céille
i gcluiche rébhrannaimh ar ordú Naois'.
Dar a bhfuil in Éirinn is mar sin ab fhearr liom,
is gan bheith 'mo chladhaire gan dóigh mar taoim -
gé go dtuigim léann níl siolla céille agam,
mar nach bhfuilim saibhir in ór nó i maoin;
ach dá bhfaicfí sréad agus fearann saor agam,
thiocfadh cléir agus mórchlanna rí
seal dom fhéachain is ba mhaith mo chéadfaí
ag déanamh réiteach is cóirsheasamh is tír.
Ach ó chuaidh an saol fó seach is gur éirigh
an t-each ar chléith an mharcaigh fá dheoidh, mar chím,
is gur bheachtaigh éiclips ar shliocht Mhiléisius
i dtuirse ag éagaoin i meon na ceasnaí;
caithfead féin a bhfuil de mo laethaibh
go dtaga an t-éag feasta ag ól le gach saoi,
ag gabháil véarsaí is ag mealladh maighdean
ar feadh na hÉireann go ceolmhar caoin.
An cléireach bán
Peadar Ó Doirnín
Targaire dhearscnaí do rinneadh le Criofann mhac Fhéilim an fhíona
mhic Cairbre Chéir mhic Conaill mhic Néill mhic Eocha Mhuímheoin: go
dtiocfadh sin, léan dofhulaing ar Ghaelaibh, ní nárbh ionadh, is gur
mheasa dá bhfaomhfadh fear acu féin nó an iomad dá mbíobhaibh. Is
gearr ina dhéidh go dtáinig sin, tréanshlua Lochlann ár ndíobhadh,
go feadh cheithre mblian déag faoin anfhlaith Torgéisius orainn do
híocadh; an dara tromléan a thit ar na Gaeil tré mhírún a ngaoltaí,
Murcha ó Laighnibh a mhúscail go hÉirinn Briotanaigh mhaola; an
treas tubaiste d'éirigh dúinne, faraoir, iodhan, Harry is a
níonsan a imir go claon a gclaímhe ar a chéile is ar mhaitheas ár
dtíre; an ceathrú tromléan tháinig 'na dhéidh, slua Chromail ler
díothadh Ulaidh is Laighnigh is Connacht go léir is maitheas na
Muimhneach; an cúigiú maidhméacht tháinig orainn is ar Shéamas an
darna, ba riomh é ler gearradh gach géag dar mhair de shliocht
Ghaeil Ghlais againn sa tírse.
Amhail mar deirid i dTaispeánadh Sain Eoin, chuaidh na
dubhú móra sin thart agus anois tá an seisiú dubhú i láthair
againn .i. tabhach le rannghaethe nimhe agus le haincheart
cléire. Ní mar sin a d'ordaigh ár nArd-Rí, ár nArd-Shagart, ár
lia anama agus coirp .i. ár Slánaitheoir Íosa Críost, a n-abair
cléir na haimsire gur lucht leanúnta Dhó féin iad, agus nach a
leigheas na slán tháinig siad chun an tsaoilse, ach a leigheas na
n-easlán ag tógáil a n-ulaíbh troma dhíofa is á n-iompar ar a
nguaillíbh féin. Ní contrártha an oíche don lá nó an chléir ag
comhlíonadh na mbriathra sin óir a taispeánaid iad féin 'na
bhfáidh i gcruinniú agus i gcomhdháil, ar aonach agus ar
machaire; bheir onóir don tsaibhir agus easonóir don daibhir,
is mian leofu suí suas insna hionadaibh is uachtraí agus is
neasa don tsó. Ní mar sin a d'ordaigh an Críosta atá de shíor
againn agus deirimse gur mic tíre i gcroicne caorach iad.
Tá sagart stuama in áit na huaisle ar an tsráidse Críonchoill
nach nglacann uafu gan maola is cruacha is ciseán líonta,
bíonn an buinne suas gach bliain dá ngluaiseann ag tabhach a chíosa,
ní ghlacann sé trua le tréan nó trua gan fháil mar is mian leis;
mur mbiaidh ag an mbochtán ach ceathrú nó hochtú is cáil bheag shíl ann,
tiocfaidh an dochtúir chuige go toiciúil "tapaidh, líon seo!"
is é deir an faonlag "tá mo mhuirín faofa is iad ar íneadh,
mé féin is mo chéile ar gannchuid spré, is maith dhúinn an cíos úd."
"A thrú gan éifeacht, b'fhearr liom féin do chrochadh ar íribh
nó scarfainn go héag le do bhothán faofa gan mo chiseán líonta."
Dearcaidh an créatúr uaidh go faonlag tar éis a líonta:
"mo mhallacht féin go ndeagha mé i gcré ar an chléireach céanna."
Cha raibh an léan so riamh ar Ghaelaibh againn sa tírse
ó d'imigh Torgéisius uainn as Éirinn, mullóg is maológ,
ba bhéasa dhó gach maighdean óg dá bpósadh rímhac
tús a hócht' a fháil don stróinse chum cosc a mhiantaí.
Is béasa 'ghnáth ag an chléireach bhán tá againn san tírse
mur bhfaighidh sé a shásamh le ciseán lán beid aige fó íneadh,
má thigid 'na dháil fó Nollaig nó Cháisc ag iarraidh faoistin,
"siúl, a phláigh, ní fhaigheann tú grása, is táir fó íneadh;
táir á iarraidh le trí bliana is níl mo mhian leat,
fansa siar, char thuillis mo bhuíochas, is níl tú díolta;
a bhodaigh bheadaí, ag teacht go sobaidh is gan mo chíos leat -
cúpla meascán, sin is duisín is ciseán líonta."
Ní hé líonadh lánbhrúite an leathbhairille in áit an bhuiseoil
de shíol ghlan cháite bhán is cás dócúil nó doilís do bhochtaibh
an Fheadha, ach gach daorcháin eile dar mian leis an bpreileoidse
d'fháil dhó féin agus don stócach fadbhuinneach a bhíos ag
tabhach na cánacha thuas do réir proinne luchtmhar lánaibhseach
don ainmhí bheoga bhronnmhar dhroimleathan dhonn a
bhíos ag ardiompar an chléirigh chéanna sin agus mur bhfaighidh
gach ní ar a mhian féin baigeoraidh mur dtrascairt agus mur
ngearradh go lár agus lántalmhain le bun fuipe lódáilte. Go
seachna Dia sibhse agus mise ar fhíoch agus ar fheirg an fhir
chéanna sin.
Cáit bhéilbhinn
Peadar Ó Doirnín
Bheir mo Cháit bhéilbhinn ar mhnáibh Éireanna dubhú is gnáth
leis an lánéasca ar na ceatha réaltain san fhiormaimint ard,
is ó tá a héagosc mar bhláth Phoebus ar gcruthú don lá,
cá bhfuil aon fhear i gclár Fhéilim nach dtabharfadh dhi grá?
A ghrá ghléil, a thug barr scéimhe ar ainneara chrích' Fáil,
is gach cáil shaor a gheibh ardchéama ina thuile tríod ag fás,
is tú an leá céanna a bhfuil fáth an scéilse go deimhin ar do láimh -
mo bhás féin nó mo sháréigniú ar ais arís slán.
Níl fáth pléide air, is cás cladhartha é a mur seasa mé an táin
fá mo stáid mhéarlag tá lán scéimhe, do chosain ar chách;
le láimh thréan, le ardléann, nó tré mhire fhíorghrá
bhéarfad srán baoth le mo dhá ghéig uirthi is reathfad léi in ált.
Fána bráighe shéimhghil is clár a haonuchta is gainnechí' ag fás,
dhá aolchnoc is áit pléisiúir do ghathaibh an ghrá;
dar láimh Éibhir, mur bhfaighinn féin orthu ach seal aon oíche
amháin
dhéanfainn cáil réabtha ar na bánbhlaoscaibhse, dá gcaillinn críoch
Fáil.
Táinte Éireann dá bhfaighinn féin is a bhfuil insa Spáinn,
agus bláth péarlaí na hÁrménia go huile in mo láimh,
ba dá fhearr liom mo ghrá séimh a bheith eadra mé is lár,
is an cás déanta ler ghnáth tréinfhir á gcailleadh san áth.
Is ó táid tréithre uile ardghéagaibh Pharnassus 'do lár,
is an cháil chéanna bhí i gclár chléibhghil Phenelope an áigh,
cás Dheirdre chuaidh i ndáil Naoise fán tuile ar an tsnámh,
más lánrogha leat, go lá an éaga biaidh mise ar do scáth.
Is í mo Cháit bhéilbhinn na mball saorchumtha is gile nó an bláth
a bhfuil lánéifeacht an bhánlaoige ina timpeall gan smál;
is gath gréine mo ghrá péarlach is is loinnir ar dhath
an tsnáth shaibhir ler ghnáth Hélen a hinneall gach lá.
Mo chrá géar, mo lá léin, is mo mhilleadh go brách
nach lámh léithi tá mé ar leabaidh go sámh;
ba bhreá an gléas a bheith ar scáth a géaga is a brollaigh ghil
bháin,
is dar Páléno, is de ghrá éagmhaise gan codladh atáim.
M'Uilleagán dubh ó
Peadar Ó Doirnín
Is i ndún a chois coilleadh ag imeall na trá
tá snua an aoil úir mar an rós
i ngnúis an linbh nár milleadh is is áille -
cúl na lúb mar an ór;
ar chinneamhain Leánder ní thairnfi scríob,
nó ar Helen an ucht bhláithghil ler sárscriosadh an Traí
dá mbeadh fhios ag cách go mbeadh mo ghrá-sa san tírse
ina huilleagán gan bhrón.
Is míle binne mo leanbh ná an Daghdha
is a thrí mic ciúil dá mbeadh beo,
nó na siansa úd sheinneadh mac Manair ar a chláirsigh,
na faoilte le múchtaí an brón;
is ionann is an samhradh gach geamhradh gan ghaoith
agus tuilte de gach arbhar le leamhnacht is fíon
fó mhullaigh is fó ghleanntaibh an uile aimsir mar mbíonn
sí - m'uilleagán gan bhrón.
Is aoibhinn ceiliúr agus seinm na n-éan beag
fó choilltibh dlúthchaoimh cnó,
agus siansa na n-inbhear is a bhfoireann d'éiscibh
ag brúchtadh de dh'oíche is ló;
is meanmnach gan angar gach clann mhac is níon,
a bhfearaibh is a mbantracht ag rabhradh fó aoibh,
is an mhil ag teacht ó neamh an uile aimsir sa tír
a mbíonn m'uilleagán dubh ó.
Níl gné san gcruinne le cumas a méir
nach bhfuaifeadh an naí sa tsról,
le céill nó teanga dar canadh faoin ghréin ghil
buailte i laoi nó i bprós;
nach fiosach dhí mar shealbhaíos dealbhna na níon
ó Helicon dhealraíos fón cheathardhúil gach saoi,
is na srutha glan ag sleamhnú ó sheamraibh Castalia
is an uilleagán dubh ó.
A shiúr mhaoth mhilis, dá mb'fhiosach dhuit mar tá mé
'mo dhúscadh de dh'oíche is ló,
i gcumha, lán tuirse, is mé ag titim i ngrá leat,
shiúlfá an saol liom a stór;
a mur dtiocfaidh tú, glac peann blasta in am agus scríobh
litir dom ionsaí ina sloinnfear leat síos
nach orm luíos th'ansacht, do ghreann nó do mhian
is nach tú m'uilleagán níos mó.
Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte
Peadar Ó Doirnín
A phlúr na maighdean is úire gné
thug clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
a chúl na bpéarla, a rún na héigse,
dhúblas féile is fáilte;
a ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil
mhúchas léan le gáire,
is é mo chumha gan mé is tú, a shiúr, linn féin
san dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal,
ded chumha, a ghéag is áille;
is gur tú mo roghain i gcúigibh Éireann -
cúis nach séanaim ás de;
dá siúlfá, a réalt, gan smúid liom féin
ba súgach saor mo shláinte,
gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
san dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bhearnaigh mhásaigh,
is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
suairc ar ghéaga in áltaibh;
i bhfuarlinn tséimh chífir sluabhuíon éisc
ag ruagadh a chéile ar snámh ann,
is an cuan gur léir dhuit uait i gcéin
ón úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte.
A rún mo chléibh, is mar súd a b'fhearr dhuit -
tús do shaoil a chaitheamh liom,
is ní i gclúid faoi léan ag túirscín bréan
'gcionn túirne is péire cardaí;
gheobhair ciúl na dtéad le lúth na méar
dod dhúscadh is dréachta grá fós,
níl dún faoin ngréin chomh súgach aerach
le húr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte.
A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
gluais liom féin ar ball beag,
tráth is buailte cléir is tuata i néaltaibh
suain faoi éadaí bána;
ó thuaidh go mbéam i bhfad uafu araon
teacht nuachruth gréine amárach,
gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
san uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.
Beir uaim do phléid gé gur luaigh tú céad ní -
nós a bhfuil spéis ag a lán ann -
is an duais is fearr nó ualaí séad
níor chuala mé thú ag trácht air;
tuatha saora, buaibh is caora,
is cruacha péarla i bpálais -
mar luach ní ghéabhainn uait, is gan gléas
in am suain le ndéantar páiste.
B 1773ob 18D
U Art Mac Cumhaigh
An conach
Art Mac Cumhaigh
Do b'úrghlas duilliúr gach coilleadh ag líonadh bláth,
is nuachnú na n-abhall le measa de shíor, de ghnáth;
driúcht ceatha meala le barraibh na gcraobh gach áit,
nó gur dhúiscigh na deamhain an t-athair nimhe chuir an saol chun
báin.
A Rí chum an domhan idir talamh is líonadh trá,
is chuir dílte as na flaithis ler bascadh síol Éabha is Ádhaimh
ach Noí is a bhunadh bhí ag imeacht leo féin san áirc,
a mur gcloífidh tú an conach faoin Earrach beidh an saol 'na phláigh.
Mairgne fá chaisleán na Glasdromainne
Art Mac Cumhaigh
Ag bruach Dhún Réimhe, ar uaigneas lae,
ba snuamhar géagaibh bláithgheal;
is é chualas géimneach chuantaí Éireann,
is fuaim san spéir in airde;
bhí na dúilibh tséimh is a gcúl le chéile,
agus gnúis na gréine báite,
is bhí slua na n-éan ag fuagra scéil
le gruaim gur éag na cágaibh.
Ba chloíte mé 'mo luí i bpéin
go bhfaighinnse scéal an ábhair;
nó an é críochnú an tsaoil mar mhíneas cléir
bhí ag triall ar Ghaeil an lá sin?
bhí uafás gaoithe is fuaim san aer,
le síorchur laoige is tairní,
is ualaí éisc le gruaim gur éag
'na gcual ar thaobh na trágha.
Tráth chualas an spéir is gach ní faoin ngréin,
is an saol faoi éiclips ábhail,
shíl mé féin gur mithid domh teitheadh
go dún na gcraobh is na fáilte;
d'éirigh an smaolach cumhra béilbhinn
suas ar ghéagán lámh liom,
is ba bhinne nó téadaibh milis Orféas
ceiliúr an éin do b'áille.
"A smaolaigh chléibh, ó chí tú féin
gur cloíodh sliocht Ghael san áit so,
éirigh de léim i lúb na gcraobh
is beir síthe go géar ar sáile;
mar bhfaigh tú fréamh de ghaolta Uí Néill
i dtíorthaibh tréan na Spáinne,
is aithris don méid a mhaireas ón éag
gur scaoileadh an aolchloch álainn."
Tráth chuala an t-éan mé ag luadh shíol Néill
le gruaim gur éirigh in airde,
bhí a sciatháin réabtha síos go féar leis
is ghread sé a thaobh go cráite;
is é dúirt gur bhuartha bhí mo scéala
ó chuaidh faoi liagaibh sparrtha,
is dá gcuartainn féin na tuambaíbh céanna
ní bhfaighinn ach cré agus cnámh ann.
d'fhiafraíos féin de phlúr na n-éan
do b'úire d'éanlaith Pharrthais
nár fhuagair sé an dún ba saibhre -
Creagán na gcraobh le gártha?
nó nár chuala an tréanfhear d'uaisle shíol Néill
gur tuairgneadh saothar a lámha?
ós é ruaigfeadh an méid sin uainn as Éirinn -
sluaite Shéain is Mhártain.
'Eoghain Rua, mo léan thú fuar i gcré,
is tú ruaigfeadh an cheithirn ghallta;
is gur fuaideadh Féilim uasal tréitheach
go cúige Laighean á bhású;
tiarna Uíbh Eathach a b'uaisle 'shíol Néill
gur chríonaigh an t-éag a chnámha,
is cá bhfaighthear a leithéid arís chun feidhme
ó síneadh an méid so i gclárthaí?
"Go Tír Eoghain má théir, gheobhair póg is céad
is treorú an scéil go dáimhiúil,
mar a bhfuil an tréinfhear is dísle méin
tá lúfar tréitheach láidir;
tá an cháin so réidh chun sásadh an té
bheir smál ar Ghaelaibh an lá so,
is a phlúr na n-éan, ná humhlaigh don éag
go dtiocfaidh sliocht Néill dod thárrtháil."
"Ó bhreoidh tú mé le glór do bhéil
is nach bhfóir le leigheas ón mbás mé,
is go cóige Laighean is cóir dúinn gléas
go Dún Uí Néill ar máirseáil;
ór na Gréige is stór na hÉigipt,
is seinm na dtéad ar chláirsigh,
ní fhóirfeadh an méid sin - is foghaim go léir é -
a stór, muna n-éagfainn láimh leat."
Úr-Chill an Chreagáin
Art Mac Cumhaigh
Ag Úr-Chill an Chreagáin chodail mé aréir faoi bhrón,
is le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig,
bhí gríosghrua ghartha aici agus loinnir ina céibh mar ór,
is gurbh é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghain óig.
"A fhialfhir charthanaigh ná caithtear tusa i ndealramh bróin
ach éirigh 'do sheasamh agus aistrigh liom siar sa ród,
go tír dheas na meala nach bhfuair Gallaibh ann cead réim go fóill,
mar bhfaighir aoibhneas ar hallaíbh do do mhealladh le siansa ceoil."
"Cha dhiúltfainn do chuireadh ar a gcruinníonn siad na ríthe d'ór,
ach gur cladhartha liom scarúint le mo charaid tá sa tír go fóill;
an céile úd a mheallas le mo ghealladh tráth bhí sí óg,
dá dtréigfinn anois í gur fiosach domh go mbeadh sí i mbrón."
"Cha shaoilim gur caraid duit a maireann de do ghaoltaibh beo,
tá tú faofa, gan earra, bocht earraoideach baoth, gan dóigh;
nach mb'fhearr dhuitse imeacht le hainnir na maothchrobh meor,
ná an tír so bheith ag fonóid faoi gach rabhán dá ndéan tú a cheol?"
"A ríoghan deas mhilis, an tú Helen fár tréadadh sló,
nó an de naoi mná deasa thú ó Pharnassus bhí déanta i gcló,
goidé tír insa chruinne dar hoileadh thú, a réalt gan cheo,
ler mhian leat mo shamhailse bheith ag cogarnaigh leat siar sa ród?"
"Ná fiafraigh dhíom ceastaibh óir cha chodlaim ar an taoibh so
'Bhóinn,
is síogaí beag linbh mé a hoileadh le taoibh Ghráinne Óig',
i mbruín cheart na n-ollamh bím go follas ag dúscadh an cheoil,
san oíche ag Teamhair, is ar maidin i gclár Thír Eoghain."
"Is é mo ghéarghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír Eoghain,
agus oidhríbh an Fheadha, gan seaghais faoi léig 'ár gcomhair,
géagaibh glandaite Néill Fhrasaigh nachar dhiúlt do cheol,
chuirfeadh éide fá Nollaig ar na hollaimh bheadh ag géilleadh dóibh".
"Ó tréadadh na treabhaibh bhí in Eachroim, is faraoir fón mBóinn,
sliocht Íre, na flathaibh bhéarfadh foscadh do gach draoi gan ghleo,
nach mb'fhearr dhuitse isna liosaibh agus mise le do thaoibh gach neoin,
ná saighde chlann Bhullaí bheith ag tolladh fríd do chroí go deo?"
"A ríoghan deas mhilis, más cinniúin domh tú féin mar stór,
tabhair léigse is gealladh domh sul fá n-aistre mé leat siar sa ród:
má éagaim fán tSeanainn, i gcrích Mhanainn, nó san Éiphte mhór,
gurb ag Gaeil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód."
Tuireamh Airt Óig Uí Néill
Art Mac Cumhaigh
Tar éis mo shiúil fríd chúigibh Éireann
is ar mhullach Dhroim Buí a shuíos m'aonar,
an áit ar mhian liom scíth do dhéanamh;
is é bhí dlúimh ar shnua na spéire,
an pól Artic is na planets i ndeabhaidh le chéile,
is an cheathardhúil uile gan solas faoi éiclips.
Bhí mise mar Oisín ag iarraidh na Féinne,
tráth chuala mé an ainnir ba bhinne ná téada,
a dlaoifholt famainneach scabtha go féar léi,
a rosca ba ghlaine ná criostal na Gréige,
ina linnte geala, is na srutha á dtréigbheáil,
is scéimh na cruinne gur chruinnigh 'na héadan.
d'fhiafraíos den lile ba ghile ná géise
"cé hacu de threabhaibh glandaite shíol Éabh' thú?
nó an as na flaithis a tháinig tú, a néamhainn,
chun laochra an domhain go huile do bhréagnadh?
an tú Angelica mhilis nó Deirdre,
nó an de naoi mná deasa Pharnassus ón nGréig thú?"
"Och, a dhuine, cár hoileadh thú in ionadaibh Éireann,
nó an ar na hAlpaibh a chaith tú an séasan,
ar Shliabh Árarat ard, nó Suédland,
aige Bermúdas nó aige Cuébec,
insan Arábia nó i lár na hArménia,
nach dtuigeann tú mo chás nó ábhar m'éagnaigh?"
"Nach mise an Feadh gan cheann, gan chéile,
bhí lá go haoibhinn faoi mhac Éinrí,
go ngoireadh na húdair dúthaigh Uí Néill díom;
'mo gháirdín cumhra i lúib shliocht Féinis,
iarlaí, is prionsaí, is cionn na cléire,
in mo chaisleán ard le taobh Dhún Réimhe."
"Ó tháinig ar sáile ón Spáinn go hÉirinn,
trí mhic álainn ard Mhiléisius,
ní raibh mise uain nó uair le féile,
nach raibh leomhan dá bpór dom bhréagnadh,
nó go ndeachaidh faoi fhód Art Óg Ó Néill uaim,
scáthán na Fódla is lóchrann Ghaelaibh."
An mac sin Dhónaill fuair ór is éadáil,
eachra óg ar ród ag léimnigh,
imirt is ól is ceol 'na dhéidh sin,
seilg is meidhir is seinm ar théadaibh;
dá maireadh sé beo go cróga in éide,
níor bhaol don chóige brón nó buaireadh.
Dalta Bhríde, croí na féile,
balsam íce a scaoileadh léan dínn,
grá na n-óg is stór na héigse,
ansacht Fódla de phór Mhiléisius,
nó go dtáinig an ló ler dódh an Phoenix,
chuaidh an drithle faoi cheo is níl beo san éabhal.
Chuaidh an iomad de Ghaelaibh, faraoir, as Éirinn
chum na Spáinne ag ardú a gcéime,
Toirealach mac Aodha Buí, croí na féile,
Féilime Óg is Eoghan 'na dhéidh sin,
i ndúil is go dtógfadh brón de Ghaelaibh,
is nach bhfaigheadh clann Liútair sú mo chléibhse.
Chuaidh Art mac Eoghain, an leomhan ba thréitheach,
an marcach seolta na bóchna baolaí,
Conn is Niall Óg dhá sheabhac chun feidhme,
agus Toirealach a pósadh in ord na cléire;
is i ndiaidh gach bróin dar bhreoidh mo chéadfa
is é Caiptín na gcorn thug póg is céad domh.
A Chreagáin na húire, lubhra is léan ort!
is faoi do choim tá na prionsaí tréitheach;
tugadh mac Éinrí is iníon Uí Néill duit,
Caitlín, iníon Aodha Buí, is croí an Athar Féilim;
tugadh duit Eoghan mac Airt Óig is a chéile,
is nachar leor do do lóistín an méid sin?
Chuaidh Brian mac Airt chun na Fraince le Séamas,
tar éis Cath na Bóinne mar leonadh an Ghaelthreibh,
tá a mhac is a ó in do lóistín mar an gcéanna:
Art agus Eoghan a bhí cróga in am feidhme;
dá scaoilfí do thuambaí bheadh suailce ag Gaelaibh,
is bheadh Art mac Dhónaill go cróga in éifeacht.
Tá Contae an Dúin faoi chumhaidh ina dhéidh sin,
Contae Thír Eoghain, dar ndóigh, is ní hionadh,
Contae Ard Mhach' go cráite buartha,
dúthaigh an Fheadha dá easpa gan oidhre;
gruaim is tuirse ar a maireann de Ghaelaibh,
ó thaobh Shliabh gCuilinn go Cabhán Uí Raghallaigh.
Tá an Ghlasdromainn buartha is a géaga ag críonadh,
is ualaí an éisc ag éag le hionadh,
an caisleán ard bheith ar lár 'na phíosaibh,
an choill gan bhláth 'na fásach tríthi,
fá bhás gach bile de shíol na ríthe,
sliocht Fhéilime Rua na gcrualann líofa.
Tá an Chros faoi ghruaim is gan cuairt Uí Néill ann,
nó taithí na huaisle gach uair chum féasta;
dís ó Lú, is triúr ón Éirne,
an iomad ón Mhí is ó íochtar Éireann,
ag imirt is ag ól as cornaibh gléigeal,
mar Ollamh Fódla go mbíodh an t-óg á réiteach.
Dá maireadh na baird bhí i stát insan chrích seo,
bheadh Séamas Mac Cuarta go stuama ag cur síos duit,
Pádraig Mac Giolla Fhiondáin ag ransú gach líne,
Randall Dall Mac Dónaill le heolas á mhíniú;
ó chuaidh faoi fhód, níl beo le do chaoineadh,
ach mise, 'mo bhraon scartha, ag dréim leis an dílinn.
Go cúirt Cing Artúir a chóich' cha dtéimse,
ag dúscadh ceoil fá bhordaibh gléigeal,
aige Bacchus mar mbínn seal míosa i ngéibheann,
ó mheisce gach fíona is gan íota ar aon ann;
is é bás an Ghuaire bheir gruaim ar éigsibh,
agus ualach mar ghual dubh fá bhruach mo chléibhse.
Beannacht na naomh is guí na cléire,
beannacht ón Phápa is gach cairdineal naofa,
beannacht is míle arís uaim féin leis,
go cathair na naomh chum aoibh a mhéadú;
in aois a shé mbliain fichead go fíor a d'éag sé,
is d'fhág sé an tír seo go cloíte buartha.
A liag na mbua, is buan do shaibhreas,
is iomdha cloch atá anocht ag éad leat,
mar chuir tú glas ar cheap na laochraí,
an croí ler thit fuil cheart Uí Néill ann;
deireadh na fine chum maithis a dhéanamh,
Art mac Dhónaill is leon an t-éag é.
B 1700ls 18T
U Anaithnid
Cathal Mac Aoidh
A chuisle, is a stór, is a ghrá na mban óg,
is a chos deas i mbróg, is áille gnaoi;
níl caiptín ó Bhóinn go Doire na seol
a scaipfeadh an t-ór mar Chathal Mac Aoidh.
Suíonn sé ar bord is déanann sé ceol,
agus scaoileann sé ór go leor ar an tsaol;
bídh a chlaíomh ina ghlaic, is é ag síordhéanamh creach,
is tá an réim sin gan stad le Cathal Mac Aoidh.
A Rí is a mhic Dé bheir solas don ghréin,
go sábhála tú mé ar thubaiste an tsaoil;
is gan duine faoin ngréin dá bhfosclann a bhéal
nach n-abrann liom féin go ngoidfinn an saol.
Thug siad a n-éitheach, ní gadaí mé féin,
ar son mé bheith éadrom earraoideach baoth;
is dá mbainfinn luach éadaigh de bhodachaí an Bhéarla
cé bheadh ina dhéidh ar Chathal Mac Aoidh?
Dá bhfaicfeása Sánaí, bodach an scála,
a sponóg ina láimh is é ag slogadh a chuid bídh;
is mise ar mo shámhas amuigh insa stábla,
an gillín is fearr le Cathal sa srian.
Is é Uilliam Piaras an giostaire fiata
agus Alas an diabhail aige mar mhnaoi;
is aoibhinn is is cróga a gheobhainnse eolas
ar a chuid bó, dá mba dorcha an oích'.
Tá mo ghaol le Ó Néill, is le Mag Uidhir ón Scéith,
is gach uaisle dá mhéid dá dtig liom a rá;
Raghallaigh, is Ruarcaigh, Mathúnaigh is Búrcaigh;
gealach gach cúige, Cathal Mac Aoidh.
B 1756ob 18L
U Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
An bonnán buí
Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
A bhonnáin bhuí, is é mo chrá do luí
is do chnámha críon tar éis a gcreim,
is chan díobháil bídh ach easpa dí
d'fhág tú 'do luí ar chúl do chinn;
is measa liom féin nó scrios na Traí
thú bheith sínte ar leacaibh lom,
is nach ndearna tú díth ná dolaidh is tír
is nárbh fhearr leat fíon nó uisce poill.
Is a bhonnáin álainn, mo mhíle crá
do chúl ar lár amuigh insa tslí,
is gur moch gach lá a chluininn do ghráig
ar an láib agus tú ag ól na dí;
is é an ní adeir cách le do dheartháir Cathal
go bhfaighidh mé bás mar súd, más fíor;
ní hamhlaidh atá - súd an préachán breá
chuaidh a dh'éag ar ball, gan aon bhraon dí.
A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón
thú bheith romham i measc na dtom,
is na lucha móra ag triall chun do thórraimh
ag déanamh spóirt is pléisiúir ann;
dá gcuirfeá scéala in am fá mo dhéinse
go raibh tú i ngéibheann nó i mbroid fá dheoch,
do bhrisfinn béim ar an loch sin Vesey
a fhliuchfadh do bhéal is do chorp isteach.
Dúirt mo stór liom ligean den ól
nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,
ach dúirt mé léi go dtug sí bréag
is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil;
nach bhfaca sibh éan an phíobáin réidh
a chuaidh a dh'éag den tart ar ball? -
a chomharsain chléibh, fliuchaidh bhur mbéal,
óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
Ní hé bhur n-éanlaith atá mise ag éagnach,
an lon, an smaolach, ná an chorr ghlas;
ach mo bhonnán buí a bhí lán den chroí,
is gur cosúil liom féin é ina ghné is a dhath;
bhíodh sé choíche ag síoról na dí,
agus deir na daoine go mbím mar sin seal,
is níl deor dá bhfaighead nach ligfead síos
ar eagla go bhfaighinnse bás den tart.
Marbhna Chathail Bhuí
Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
A Rí na ngrása, is dána dhomh amharc ort suas
is nach bhfuil oíche nó lá nach dtairnim fuil as do ghrua;
d'fhulaing tú páis agus bás ár gceannach go crua,
is mur dtillidh tú, a athair, gan spás 'nois imeach mé uait.
A Rí tá cuimseach, coimrí iarraim ort
in éiric an chrainn dar ceangladh thú gan locht;
braon de do thrócaire doirt fám anam anocht
is ná léig ar seoid go deo mé ach cloígh mo chorp.
A Rí na bhfeart, go nglaca tú mo chroí,
is go mbeire tú leat gan stad mé mar bhfuil na haingil;
admhaim mo lochta anocht cam agus claon,
gur thit mé i bpeaca crosta deamhna an tsaoil.
Fuair mé cúig ní ón Spiorad naomh is níorbh fhiú mé a bhfáil:
amharc na slí, faraoir, agus cluinim a lán,
blas agus boladh, molaim thú a Rí na ngrás,
is go n-aithneann mo chroí gach ní, míle altú leat a athair.
A mhaighdean dhealrach, a bhanríon fhlaithneas Dé,
nach méanra a bhéaradh agus dhéanadh caradas léi;
gabhfaidh mé d'fháilte ar ball le cúnamh Dé,
gurab ar do dheasláimh atá m'áit le do impí féin.
Is é mo chrá géar, le toil Dé nachar rugadh mé dall,
bodhar gan radharc, gan aon phioc teanga in mo cheann;
sula deachaidh mé i dtréas mar cheithearnach coille ní feall,
is faraoir géar ní dearna mé an aithrí in am.
Nach trua mé, lá an tsléibhe, ar thosach an tsló,
is gur measa mé nó an té bhraith Críosta le póig;
gabhfaidh mé cré an dá aspal déag agus creidfear mé, ar ndóigh,
agus déarfaidh mé féin i láthair Dé "I am guilty my Lord".
Beatha Chathail Bhuí
Cathal Buí Mac Giolla Ghunna
Is beag claí, garrdha, fál nó fuirseadh
ariamh a rinne mé re haoibh,
ba bheag orm crábhadh tráth na paidre,
in aimsir troscaidh is mó nínn craos;
níor thiob mé mo lámh i gcás ó oscar,
thógfainn troid agus dhéanfainn bruín,
d'imreoinn carda, cháinfinn, scolfainn -
sin agaibh oibre thús mo shaoil.
Is meanmnach súgach lúfar cliste
a dhoirtfinnse fuiscí in mo scóig,
b'aite liom rúscadh, dúscadh, meisce,
ag tabhairt mo chiste do mhnaoi an óil;
chuirfinn lúb, cluain is gaiste,
is dhéanfainn siolla bréag go leor,
is má shaoileann sibhse gur tréas nó coir sin,
gheobhaidh sibh tuilleadh de mo scéal go fóill,
B'ionmhuin liom féin an spéirbhean bhreasnaí
bhéilbhinn bhlasta ba mhilse póg,
b'aite liom féin a bheith á mealladh,
d'éis a gealladh uair nó dhó;
ní chreidfinn ón chléir gurbh éifeacht peaca
mná na bhfear a chloí le póg,
ach anois, faraoir, tá mo shaolsa caite
is is mian liom stad agus léigean dóibh.
Bhí mise aréir ag suíre le cailín
is ba bheag mo spéis a bheith ina dáil,
is nuair a shaoileas féin a bheith á mealladh
thit an paidrín as mo láimh;
bhris mé ar fhortún mhíle cailín,
is mé ag dul le hearra go Loch gCál,
is nach trua don té fuair léann an tsagairt
is thréig a chreideamh mar gheall ar mhnáibh!
B 1831ls 19T
U Anaithnid
Ceol Dháibhí
Is iomdha Nollaig a bh'agam féin
nuair a bha mé ar bheagán céill'
ag rith, ag iomáin chun an trá,
is an camán bán im dhorn.
Dambeadh agam ach coite is rámh,
is gombeadh mé ag iomramh ar an rámh,
dúil leis an Rí agus ruigean slán
is go bhfaighinn bás in Éirinn.
Dambeinn féin in Ardaidh Chuain
in aice an tsléibhe tá i bhfad uaim
gheobhainn ól ann, imirt is ciúl,
is chan fhaighinn bás in uaigneas.
Is é m'amharc a bh'agam féin
ó Shrón Ghearráin go dtí an Mhaoil,
ar loingeas mór ag cáith ar ghaoith,
agus cabhlach an Rí Seorlaí.
B 1803ls 19T
Is fada mise anocht
Is fada mise anocht ag feitheamh ar do theacht,
a mheallaire na rosc is déine,
le do gheallúin bréige ar bhois, is ar ball a ghabháil ar ais,
gur mheall tú mo chroí led shiabhra;
is mór mo dhíomá ort, níl fáth dom a cheilt,
mar nach dtugann tú searc do chléibh domh,
is gur gainnimh á cur i ngad bheith ag feitheamh ar do ghean,
mo chúl leat, a shearc is rogha dhomh.
Taobh so thall den móin is buaine bhíos mo stór -
gile gan ghruaim is ansacht,
cúl ar dhath an óir, is a leaca mar an rós -
mo chailín deas óg leanbaí;
muna bhfaighe mé do phóg is focal beag nó dhó,
triallfaidh mé ar bord farraige;
dá mhéid mo ghean ort, a stór, ní fhillfidh mé níos mó,
is m'anam gach aon ló i ngeall ort.
Is fada liom an lá ó rinneadh mo dháil,
le tuilleadh agus barr bliana,
gan osadh le fáil d'oíche nó lá
ach troid is an spairn bruíne;
mo chreach is mo chrá nach mé a fuair bás
dhá bhliain go Lá Fhéil' Bríde,
i bhfarra bheith mar táim, i bpianta 'mo chrá
is mé ag críonadh mar bhláth craoibhe.
B 1803ls 19T
Grá na hailpe
Dá bhfantá uaim féin san nGréig nó i Sasana thall,
gan teacht fá mo dhéin, ní bheadh néalta meisce in mo cheann;
ní ghoilfinn 'do dhéidh, is ní éagaoinfinn moch agus mall -
ach ár gcur óna chéile, a Dhé dhil, is é sin an feall!
Shaoil mise féin gur tú réalt na maidne i bhfad uaim
is do shaoil mé ina dhéidh sin gur caor ar lasadh do ghrua;
tráth théim chun an aonaigh is tú an féirín is measa liom uaim,
is a chara mo chléibh, nár thréig tú mé i ngeall ar na buaibh?
Ar maidin Dé Máirt bhí ábhar gola agam féin,
bhí mo hata i mo láimh is é lán dem osna go béal;
ní doimhne san áth a mbáitear deichniúr is céad
ná do ghrá-sa i mo lár, is a Dhé is láidir, nach gcreideann tú é?
B'fhuras aithne ort féin gur grá na hailpe bhí agat dom féin,
tráth phós tú an phláigh ghránna d'fhága tú mise faoi léan;
níl cumann, níl grá, níl páirt bhí eadrainn araon,
ach cúig mhíle slán don láimh bhí tharam is nach mbéidh.
B 1846ls 19L
Máire Ní Mhaoileoin
"An dtiocfaidh tú a bhuaint aitinn leam,
a Mháire Ní Mhaoileoin?"
"do thiocfainn is á cheangal leat,
a chuid den tsaol is a stóir!"
"rachainn féin chun aifrinn leat,
is ní le grá do m'anam é,
ach le fonn bheith ag amharc ort,
a ógánaigh óig."
"An dtiocfair don ghairdín leam,
a phlúr na mban óg?"
"créad do bheimis ag déanamh ann,
a chuid den tsaol is a stóir?"
"ag buaint úlla de bharr géagáin,
mar mbí bric ar loch ag léimnigh,
is cailín deas le bréagnadh,
mar Mháire Ní Mhaoileoin."
"An dtiocfaidh tú don teampall leam,
a Mháire Ní Mhaoileoin?"
"créad do bheimis ag iarraidh ann,
a chuid den tsaol is a stóir?"
"ag éisteacht le cantaireacht
na ministrí bán galltacha,
is go gcríochnóimis an cleamhnas ann,
a phlúr na mban óg!"
Do thug mé chun an teampaill í,
mo chuid den tsaol is mo stór;
do thug mé chun an teampaill í,
mo chreach is mo mhíle brón!
do tharraing mé mo scian,
do thug mé sá faoin gcíoch di,
is do léig mé fuil a croí léi
go hiallachaibh a bróg!
"Créad é seo tá tú a dhéanamh,
a chuid den tsaol is a stóir?
Och! créad é seo tá tú a dhéanamh,
a ógánaigh óig?
léig m'anam liom den scríb seo,
is ní éileoidh mé choíche arís thú,
och! siúlfad na seacht ríochta
le do leanbh beag óg."
Thug mise don Mhumhain í,
mo phlúr na mban óg,
thug mise don Mhumhain í,
mo chreach, is mo mhíle brón;
do bhuain mé díom mo chóta,
mo stocaí is mo bhróga,
is d'éalaigh mé san gceo
ó Mháire Ní Mhaoileoin.
B 1835lsc 19L
Marbhna Phádraig Fléimeann
Éiridh, a mhná, ó gach aird de dh'Éire
agus teannaidh bhur bpáirt gan spás le chéile,
greadaidh bhur lámha is na gártha géara,
nó go ngoilfidh sibh an bás sin Phádraig Fléimeann.
is och! ochón!
A Mháire Ní Néill, is trom do chodladh,
is Pádraig Fléimeann in éis a pholladh
ag na bodaigh nachar ghabh baisteadh
aniar ó Bhaile Átha Fhirdhia na feille.
is och! ochón!
A Phiobardaigh lúbaraigh, a bhodaigh gan eolas,
is cosúil nach sa tír so a rugadh nó tógadh thú,
a leathcheann muice ar bheagán guaire,
is nárbha fada go bhfeictear an ruaig ort!
is och! ochón!
A Phádraig Fléimeann, a ghéag an churaidh,
dhéanfainn féin do shá de chulaith:
síoda go bróig agus sról go huilinn,
a ghaol na n-iarlaí aniar ó Londain.
is och! ochón!
A Phádraig Fléimeann, a chroí na húire,
a mhic Shéamais an tSidheáin, is a oidhre na dúiche,
gan chlaíomh, gan phisteal, nó urchar púdair
a bhainfeadh urraim as Gallaibh le bata á rúscadh.
is och! ochón!
A Phiobardaigh lúbaraigh lofa bhréagaigh,
cá bhfuil na ribíní nó na péarlaí,
cár ghabh na síodaí daora Gréagach,
nó na fáinní óir a bhí ar a mhéara?
is och! ochón!
Dá bhfeicfeása Máire ag dul ard an tsléibhe,
is na deoraibh allais lena héadan,
chuirfeadh sí trua ar mhnáibh na hÉireann,
ag teacht go tórramh Phádraig Fléimeann.
is och!, ochón!
Go mba seacht, go mba hocht, is go mba measa i gceann na bliana
a bheas caiptín Coll is Conn fada an iarla!
agus Caitrín ghearr ós í rinn an díobháil -
a chuir an t-uisce i ngunnaí an mharcaigh fhialmhair.
is och!, ochón.
B 1940 19>
U Anaithnid
Séamas Mac Murchaidh
Ar mhalaidh Shliabh gCuilinn bhí an choirm á réiteach
is Séamas Mac Murchaidh mar thaoiseach ar an fhéasta,
cha dtabharfadh sé urraim do bhodaighibh an Bhéarla,
is anois tá sé in Ard Mhacha is gan fáil ar a réiteach.
Ó! a Shéamais Mhic Mhurchaidh, a rímharcaigh chliúitigh,
a phlanda den fhíorfhuil a shíolraigh ó uaisle,
cad chuige nár smaoitigh tú fá do dhaoine bheith dod ruagadh,
nuair nár éalaigh tú san oíche sul má díoladh fá do luach thú?
Tiocfaidh garda tréanláidir ar an tsármhac is é ina chodladh,
beidh claímhthe nochtaithe acu is chan áirím lucht gunnaí,
beidh an Scotach rua as Ard Mhacha ann, Dé Máirt bheas an cruinniú,
is ar íochtar na sráide beidh an bás fána choinne.
"Amárach Lá Fhéil' Pádraig an chéad lá den tseisiún
beidh na bréaga á n-arsaí agus go leor lena gcruthú,
beidh cóitse tréanláidir ann agus Airtí fá mhionna,
is ar uachtar na sráide Dé Máirt bheas mo chonsú."
"Bliain is an lá úd bhí muinn ag pátrún Chill Shléibhe,
is bliain is an lá amárach bhí muinn ag rásaí Dhún Léire;
inniu fágfar mé in Ard Mhacha mar fágadh na céadtan,
is ar uachtar na sráide déanfar mo chás a réiteach."
"Éireoidh mé amárach le fíorbhreacadh an lae,
siúlfaidh mé an tsráid is beidh garda ar gach taobh díom,
beidh na gunnaí ag éirí in airde, is chan áirím a gcuid piostal,
is ar íochtar na sráide beidh an bás fá mo choinne."
"Taraigí ionsar mo thórramh tráthnóna Dé hAoine,
nó ar maidin Dé Domhnaigh insna bóithre más mian libh;
beidh Cáit Óg Nic Dhónaill is mná óg mur dtíre,
is beidh mé ag éisteacht lena nglórthaí insa chónra is mé sínte."
B 1915 19>
U Séamus Mac Consaidín
Cluiche an bháis
Tháinig an bás go fáilthí chugam ar cuairt,
chraith sé lámh liom: "bí sásta anois, tháinig an uair;
tá mé 'do pháirt is go brách ní scarfaidh mé uait
go bhfágfaidh mé do chnámha ag do chairde sínte san uaigh".
"Is mór an t-iontas go dtug tú spéis nó gean
do dhuine mar mise nach bhfuil aige spré le roinn;
gan bhó, gan gamhain, gan chaora, gan feoil, gan saill,
is gan ní ar bith ar an domhan ach briathra cinn".
"Och, a Chonaill, a chléibh, a ghaoil na bhfear a bhí sámh,
ná lig mise síos go síoraí anois leis an bhás,
le gadaí an ghoib chaoil, a bhfuil nimh ar gach ribe dá bharr,
ag teacht mar a bheadh daol ann ag scríobadh croiceann is cnámh".
"Ó! an bhfaca sibh an t-iontas mar sheasaigh mé oíche is lá
le rí na gcearrbhach ag imirt ó oíche go lá;
bhí sé ag cur chluiche go dtáinig an t-aon le clár,
himreadh an chulaidh is ní raibh na cúig mhéar le fáil".
B 1766ob 18D
U Uilliam Mac Giolla Chiaráin
Slán d'fhearaibh Laighean
Uilliam Mac Giolla Chiaráin
Go mba slán d'fhearaibh Laighean, ba séiseach greannúr a nglór,
go mba slán do na smaolaigh is na héanlaith bhí againn ag Bóinn;
ó tháinig mé chun an tsléibhe is é an pléisiúr bhíos acu gach neoin,
an chorr ghlas is an adharclóg ag éirí de churraigh is de mhóin.
Chan fheicimse na héisc ar léim nó an bradán sa tsnámh,
ní fheicim nó na caoraigh ag méiligh ar na machairí bán,
eachra á dtraeneáil i ndiaidh gadhair ag dul trasna na bhfál,
paitrisc nó traon, ach éan gob fada ina n-áit.
Chan fheicimse na húllaí ina gcúplaí ar na crannaibh, nó i mbláth,
ní fheicim, nó na plúmaí mar nár dhúchas dóibh a theacht in bhur n-áit;
meacainí nó rútaí nó nuaíocht ar bith teacht i láthair,
acht ag teacht mhí na Lúnasa cnuasach a bhainfí le spáid.
Chan fheicimse an fheoil ina spólaí insna stallaí á díol,
chan fheicim an eorna ina scóraibh nó an chruithneachta mhaol,
gas pise nó pónair mar nár dhúchas dóibh a theacht in bhur dtír,
nó na buachaillí óga Dé Domhnaigh ag dul in aice na dí.
Chan fheicim na stácaí gan bhearna in bhur n-agart fá Fhéil' Eoin,
chan fheicim nó na pátrúin mar ba ghnách a bheith againn ag Bóinn,
chan fheicim nó mo chairde dom fháilteadh isteach go tigh an óil,
nó aon a dhéanfadh dáimh liom ach Dáibhí Ó Maidín is Eoghan.
Chan fheicim na Raghallaigh go haerach ar na hallaí ag ól,
nó an ghasra ghlan ghaelach a dhéanfadh pléisiur againn ag Bóinn;
tá mé faoi léan sa taobhsa ó scar mise leo
acht rachaidh mé á bhféachaint má fhéadaim ag teacht na Féil' Eoin.
B 1827ob 19T
U Pádraig Ó Briain
Triamhain Phádraig Uí Bhriain
A Dhia mhóir na n-aingeal a rialas na huile
ón mbliain úd ar gineadh Ádhamh den gcré,
is le do dhiacht gur bhainis as taobh dheas an duine
an mhnaoi úd nár hoileadh in ársaíocht - Éabh;
thug tú an ghrian dúinn mar sholas, na réalta mar loinnir
le rialú chun ullmhú grásta don tsaol;
is a thiarna a fuair piolóid is pian mhór ár gceannach,
má tá mo thriallsa go Pliomat, go sábhála tú mé.
Tá cian ar mo loinneag is mo chiall mhaith gur imigh,
le triamhain fán oileán a d'fhág mé 'mo dhéidh,
mar mbíonn an chléir go follas ag léamh na leabhar
chun Gaeil bhochta ullmhú le grásta mhic Dé;
teacht réim cheart an earraigh, bíonn an sadharclann ag borradh
ar uaigneas gach tulaigh is i dtarr gach claí;
is dá bhfaighinn réiteach ón gcogadh teacht féile na Nollag
is in Éirinn ag an Obair, nó láimh léi a bheinn.
B 1835ls 19L
U Nioclás Ó Cearnaigh
Triamhain na máthara fón leanbh
Nioclás Ó Cearnaigh
"Nach mairg dhomh id éis,
a leanbáin na gcraobh?
nach ndeachaidh mé ar teitheadh leat,
a leanbáin mo chléibh;
nuair a tháinig siad go ndíth,
och, nár nocht mé mo chlí,
i ndúil go maothfainn iad,
a leanbáin mo chléibh."
"Bhí aoibh ort le do námhaid,
a leanbáin na gcraobh,
bhí aoibh ort le do mháthair,
a leanbáin mo chléibh;
is cuimhin liom do gháire,
nuair a stiall siad ó mo láimh thú,
d'aimhdheoin do cháilse,
a leanbáin mo chléibh."
"Cá ndeachaidh ár gcairde,
a leanbáin na gcraobh?
och, táid 'na luí gan aird,
a leanbáin mo chléibh;
táid uile san uaigh,
na curaidh chalma chrua,
dhéanfadh ár ar an tslua,
a leanbáin mo chléibh."
"Tholl siad do lársa,
a leanbáin na gcraobh,
agus tú in mo lámhaibh,
a leanbáin mo chléibh;
do ghoin siad mo chlí,
óir do chuaidh an gath go ndíth,
is do ling fuil mo chroí,
a leanbáin mo chléibh."
"Do choncas do dhaorphian,
a leanbáin na gcraobh,
ní aithrisim mo chian,
a leanbáin mo chléibh;
do throid mise leo,
níor shuim liom mo bheo,
thoghfainn bás sa ngleo,
a leanbáin mo chléibh."
"Do cheangail siad le crann mé,
a leanbáin na gcraobh,
ionnas go bhféachfainnse th'anchruth,
a leanbáin mo chléibh;
bhí tú ar bharr an phíce,
is do chuala mé do chaoise,
is do réab sin mo chroíse,
a leanbáin mo chléibh."
B 1843ls 19L
Ar sáile anonn
Nioclás Ó Cearnaigh
Go moch maidin shamhraidh, ar ngoireadh don chuach,
síos le taobh coille do thugas mo ruaig,
is é smuaineas ar sheinneadh don traona is don lon
gur mhithid domh gluaiseacht ar sáile anonn.
Tá mo chroí ar buile is ní náir dhomh é,
mar is éigin domh imeacht le fáinne an lae;
acht d'aimhdheoin mo charaid, rachadsa ar tonn
is gluaisfead amárach ar sáile anonn.
Dá mbíodh ar mo chumas, ní fhágfainn iad,
ní thréigfinn mo chumainn ar ghrá na gcéad;
ach faon mo charaid, is faon mo theann,
is rachad amárach ar sáile anonn.
Tá lámh an tSacsanaigh láidir crua -
is neart a cheart, is deargár a bhua;
is bréag a mhóide, is is fuilteach a lann,
is is mithid domh éaló ar sáile anonn.
Mo chrá gur lagadh leo lámh na n-éacht,
mo chrá gur milleadh leo curaidh na gcréacht,
mo mhíle milleadh go bhfuilmidne fann,
is mo chrá mo thuras ar sáile anonn.
An bhfíreofar ráite ár naomh is ár saoi?
an mbeimidne 'ár ndeoraí 'ár ndúiche a choích'?
an mbeidh séan nó sonas ar Éirinn ong?
dá mbíodh, ní rachainn ar sáile anonn.
Ach fáth mo ghearáin is fáth mo chaoi,
fáth mo dhíbeartha is crá mo chroí:
dianlomadh ár bhfearainn - ár ngearán gach am -
och! is urrann dúinn imeacht ar sáile anonn.
Tá Laighean is Connacht is Mumhain gan bhrí
is mórchóige Uladh gan theann 'nár gcríoch,
tá craobh na gcuraidh ar seargadh sean
ó imeacht ár gcairde ar sáile anonn.
Och! slán, a choigle is a chairde croí,
slán le clannaibh glasinse na saoi!
le maghaibh is le tulchaibh ó bharr go bonn,
ó táimse ag imeacht ar sáile anonn!
B 1852lsc 19L
U Art Mac Bionaid
An t-ollamh úr
Art Mac Bionaid
D'imigh an t-iasc a bhí san Bhóinn
a dhéanamh fómhair go Dún na nGall,
tráth chuala siad Aodh Mac Dónaill
bheith ag ceartú ceoil is ag cumadh rann.
Thiompaigh an eala ar dhath an ghuail,
is an madadh rua ina ghréasaí bróg,
thriomaigh an mhíoltóg Eas Aoidh Rua,
le neart a lúcháir' fá ollamh an cheoil.
Scuab an dreoilín leis 'na bhéal
Caisleán Shéain go Baile an Mhaoir,
is cuireadh an seilide leis na scéala
ó chuan Bhinn Éadair go Cill an Chaoil.
Séideadh feadóg istigh i bPort Láirge agus d'imigh Ard Mhacha
go Caiseal Mumhan,
d'imigh Ceanannas go Contae an Chláir agus Cnoc an Bhráthar
go Lios an Phúc',
d'imigh Teamhair go sléibhte Chairlinn agus móta Ghránaird
go Doire Núis,
agus Cuan na mBradán go Baile Uí Bhrágáin ag cur iomad
fáilte don ollamh úr.
B 1879ob 19D
Do Phádraig Ó Luain
Art Mac Bionaid
A Phádraig, tá mise aosta agus faraoir níl tusa óg,
cha raibh mórán de mo ghaoltaí fuair saol fada riamh go fóill;
tallann, neart is aoibhneas go gcloífidh an t-éag go fóill,
agus an té is treise gníomha gur baolach dó i ndeireadh an ghleo.
Tá m'amharc ag éirí gruama, is níl stuaim in mo mhéar mar bhí,
níl an t-éisteacht in mo chluasa, agus is uaigneach mé féin dá dhíth;
tá crampaí do mo ruagadh, is mo ghuaillibh ag cromadh críon,
agus measaim féin nach dual dhomh bheith buan ar an mBaile Chaol.
Más beo bheas tú 'mo dhéidhse, a chléirigh na salm sámh,
cuir cuaisne ar mo chéile is gheobhair féirín gan mórán spáis:
mo scríbhinn uile Gaeilge, is tú an t-oidhre os cionn fhearaibh
Fáil,
agus tuilleadh eile darbh fhéidir, is mo chéad beannacht leo 'do
dháil.
Acht guidh thusa ar na hollaimh stuama bhí fuambhlasta eagnaí grinn -
Ó Doirnín, is Mac Cuarta na suailce is na siollaí binn;
is Mac Cumhaigh a bhí á ruagadh ag an stuacaire de chailligh dhaill,
is nach bhfuair sé fosadh uaire nó gur fhuaraigh a chorp i gcill.
B 1851lsc 19L
U Aodh Mac Dónaill
I mBéal Feirste chois cuain
I mBéal Feirste chois cuain, ag bruach na farraige,
tá beirt dhaoine uaisle tá stuama meanmnach,
a bhfuil a gcroí mar Ghuaire le suairceas is carthantacht,
hó! ró! go raibh Dia leo go deo.
Is é is ainm don dís seo, Laoire is Somhairle,
Mac na Duibhe, an saoi, agus Bríseach flathúlach,
a bhfuil an fhuil is an uaisle ag suathadh ina gcuisleanna,
hó! ró! is bua go raibh leo.
Tháinig mé ar cuairt, ar ruaig, is níorbh annamh liom,
do fhéachaint na ngruagach bhí suailceach taitneamhach,
is é fuair mé ina suí iad, ag míniú stairíocht,
is hó! ró! nár bhaine dóibh gleo.
Tharraing Somhairle píopa bhí fídeogach fadchosach,
agus chuaidh sé á líonadh, an ní úd do b'aite leis,
le luibh na mban sí a bheir íce do chailleachaí,
is hó! ró! is leis a bhí an ró.
Ghlac mise séite a mhéadú na cuideachta,
is líon mé mo dhúidín á dhiurnadh in aice leo,
is go saoilfeá gur Francaigh bhí i gcuan Charraig Fhearghais,
hó! ró! nuair d'éirigh an ceo.
Thosaigh na píopaí á líonadh ar athbhúta,
leis an macnaí uasal, gan ghruaim, gan tarcaisne,
ach chaith sinn an oíche nó gur ghlaoigh na coiligh 'lig,
is hó! ró! nach sin deireadh mo cheoil.
B 1850ls 19L
Litir shíochánta
Aodh Mac Dónaill
Nach tuirseach mo thuras an tráth so
ag pilleadh ó chlár na Mí,
gan duine 'mo chuideacht san lá,
nó cumann le mná san oích';
ach an mhuintir a chonaic mé lá
is a chraithfeadh dhá láimh le hAodh,
go bhfuil siad anois ina náimhde,
i gcogadh le bard is le saoi.
A dhuine úd a chonaic mé uair
chomh fearúil le Guaire é féin,
nach iontach mar d'imigh is d'fhuaraigh
an charthantacht uainn araon;
a mur dtiocfaidh tú chugam ar cuairt
go gcluinfidh mé fuaim do bhéil,
b'fhéidir nach bhfeicfeá mo ghnúis
go leagfaí do chúl sa gcré.
Ná dearmad, tabhair leat Máire,
an bhean a thug barr le haoibh,
ós í bhéaras teas do do chnámha
an uair a bhéir ársa críon;
tá scilling i mbratóg le ráithe
ag an scoláire chráite Aodh,
is is deimhin má thig tú ina dháil,
nach gceilfear go brách ort í.
Tráth thiocfas tú trasna na n-ált,
beidh mise ar fáil sa tslí,
is cha léigim do ghlaic as mo láimh
go mbéidh sinn fá chlár na dí;
go n-óla sinn gloine le dáimh,
i gcumann is i bpáirt 'nár suí,
ar an dúil is go dtiocfaidh sí, an áille
ó thobar gan táir na Naoi.
Ansin an tráth scoirfeas na strámaí
bhéarfa mise le fánaidh an scríob,
trasna gach tulaigh is ált
mar a rinne an Ceatharnach Caol;
chan fhágaim caiseal nó fál
nach gcuirfead mo cheáchta thríd,
is fuirseoidh tusa an pháirc
tráth chuirfeas Mac Ádhaimh an síol.
B 1934 19>
U Anaithnid
Bá Phádraig Uí Dhónaill
Séamas Ó Dónaill
An chéad Mháirt den Fhómhar ba bhrónach is ba tuirseach mo scéal -
lámh thapaidh a bhí cróga a ghabháil romhamsa go leabaidh na néal:
ar charraig na ndeor, mo bhrón, gur chaill mé mo radharc,
is go dté mé faoi fhód cha dtógaim m'aigne 'do dhéidh.
Tá do mháthair is Niall faoi chian is is fada leo an lá,
tá osna ina gcliabh nach leigheasann dochtúir nó leá,
cibé sholáthar mé riamh is bíodh sé uilig cruinn i mo láimh,
go dtabharfainn é uaim ach fuascladh Phaidí bheith slán.
Tá do dheirfiúracha cráite de ghnáth is iad ag sileadh na súl,
is gan fhios cén lá go brách a n-imeoidh a gcumha;
d'fhág tú d'aicme faoi smál is is náir liom mar rinne tú an siúl,
nuair nár agair tú Parrthas le spás beag eile a thabhairt dúinn.
Ba charthanach fial tú riamh is ba sona do lámh,
is go mbeifeá faoi chian mura riarfá a dtiocfadh 'do dháil;
ba deismear do chiall le gach aon de do mhuintir ar an tsráid,
is cha mhaireann mé bliain i mbuaireadh i d'easpa mar táim.
Is fada mo shaol is mé ag déanamh mo ghearáin le cách,
is ag amharc síos uaim fá bhruach an chladaigh gach lá;
níl cuideachta ag aon mar bhíodh fán roinn seo de ghnáth,
ach osna ina gcroí faraoir is gan fortacht le fáil.
Mo mhallacht go buan ar bhruach an chladaigh seo thíos
a d'fhág mé faoi ghruaim, is rinne gual díom in aice mo chroí;
is é do chur insan uaigh, monuar, a d'fhág mise gan bhrí,
gan mhisneach, gan stuaim, ach 'mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoith.
Stadfaidh mé de ghéarghol is dhéanfad mo ghearán le cách,
ó, a Mhuire, más féidir dúinn d'aon Mhac a agradh gan spás:
an té a fuair piolóid fá bhruach na croiche go hard -
guím é anois le bheith fábharach do Phaidí fán cháin.
Míle is ocht gcéad léitear go deimhin gan chlaon,
a cúig is a sé an scéal sin d'aithris go fíor,
ó tháinig Mac Dé chun an tsaoil le ár gceannach go daor,
go ndeachaidh Paidí i gcré is mo léan ní phillfidh sé choích'.
B 1846ls 19L
U Anaithnid
Bean an tí leanna
"Éirigh suas, a bhean an tí,
is ná cuir gruaim in do mhalaí,
acht tabhair chugainn cupán dí
agus gheobhair díol ann faoi mhaidin.
Níl sé an lá, a mhíle grá,
níl sé an lá, níl nó an mhaidin;
níl sé an lá, a mhíle grá,
óir is ar ball a d'éirigh an ghealach!"
"Níl sin pinginn in do phóca,
is níl scór le fáil sa tighse;
éirigh suas is buail an bóthar,
tá sé an t-am a dhul abhaile.
Tá sé an lá, a mhíle grá,
tá sé an lá, fós is an mhaidin;
tá sé an lá, a mhíle grá,
is tá sé an t-am a dhul abhaile."
Chuir sé lámh ina phóca,
is tharraing sé aníos cúpla dalar:
"ní fhaighimse náire i dtigh an óil,
óir is fiosach dhomh mo scór a ghlanadh."
Níl sé an lá, etc.
Nuair a chonnairc an bhean an t-airgead bán
ghlac sí lúcháir mhór is aigne:
"suidh síos ansin, a dhuine chóir,
is féadann tú bheith ag ól go maidin."
Níl sé an lá, etc.
"Éirigh suas, a fhir an tí,
cuir ort do bhríste is do stocaí,
is congaibh cuideachta leis an duine cóir,
is beidh sé ag ól go dtí maidin."
Níl sé an lá, etc.
"An gcluin tú mise, a fhir an tí? -
ná cuir ort do bhríste, nó do stocaí;
deamhan sin braon dem chuidse dí
téid fá do chroí go dtí maidin!"
Tá sé an lá, etc.
"Nach mise féin an bhean gan náire -
mac mo chomharsan istigh is tart air;
dá mbeadh gan pinginn a bheith ina phóca
bhéarfainn ól dó go maidin."
Níl sé an lá, etc.
"Nach mór an mheisce bhí in mo cheann
nuair a shaoil mé gurbh é an lá bhí agam! -
ní hé, ach an ghealach a bhí ag éirí
is thug sí soilse feadh an domhain."
Níl sé an lá, etc.
"Táid na ba insa mbuaile,
is táid na gamhna ag ól an bhainne;
táid na caoirigh leis na maorthaibh,
is tá sé an t-am a dhul abhaile."
Tá sé an lá, etc.
"Táid mná na leanntaí ag dul ar buile
ag tógáil tí i mbráid gach bealaigh;
chaith mé an oíche ó lá go lá
i dtigh na bairsí rua cleasaí.
Tá sé an lá, a mhíle grá,
tá sé an lá, fós is an mhaidin;
tá sé an lá, a mhíle grá,
is tá sé an t-am a dhul abhaile."
B 1846ls 19L
Coinleach glas an Fhómhair
Ar choinleach glas an Fhómhair, a stóirín, is é bhreathnaíos tú,
is tú an maighre maiseach mómhar, is ródheas do leagan súl;
do chúilín mar an ómra coirlíneach fite dlúth,
mo chumha, gan mé is mo stóirín ar bord loinge ag triall ar siúl.
Go mba slán don bhliain anuraidh nuair a bhí mise agus grá mo chléibh
in ár suí ar éadan mullaigh agus aire againn le grásaibh Dé,
más é sin an chruachinniúin nó an mífhortún bhí i ndán domh féin
a bheith mar cheithearnach coille nó mar dhuine a d'fhágfadh a
ghrá ina dhéidh.
Monuar! gan mise i Sacsana is mo mhuirnín beag as Éirinn liom,
nó amuigh ar ghlasfharraige mar bháitear na mílte long;
sin is gaoth is fearthainn do mo ruagadh ó thoinn go toinn
i ndúil le Dia go gcasfaí mé ar an oileán a mbíonn mo róshearc ann.
Chuir mé litir scríofa os íseal le casaoid chrua,
chuir sí ar ais arís í is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual;
a chailín mar an ómra, is í is fineálta ná clúmh na n-éan,
is trom gach osna ghnímse an uair a smaoinim ort, a stór mo chléibh.
Tabhair aon phóg amháin dhomh in a ndearna mise de mhailís leat,
a chúl deas trom na bhfáinní atá ag fás leat mar an féar ag teacht;
féadann tú aithris dod mháithrín más áil leat a bheith ag triall liom seal
go dtréigfinn féin mo chairde is go snámhfainn Loch Éirne leat.
Is cuma liom féin goidé bhéas na daoine ag rá,
bhéarfad cuairt is céilí sa taobh úd a mbíonn mo ghrá;
mar is ise béal na céille is péarla deas an bhrollaigh bháin,
is í mo shearc is rún mo chléibh í, gí nár éirigh liom a hintinn
fháil.
B 1944 19>
U Séamus Mac Consaidín
Geaftaí Bhaile Buí
Ag geaftaí Bhaile Buí a rinn mise an gníomh
a bhí amaideach baothdhéanta -
éaló le mnaoi, seal tamaill insan oích'
ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí;
mar bhí mé lag gan bhrí, gan misneach in mo chroí,
is í agam ar mhín sléibhe,
bhí an codladh do mo chloí, is b'éigin domhsa luí
agus d'imigh sí ina fíormhaighdean.
Ag gabháil a luí don ghréin fán am seo aréir
nach agamsa bhí an scéala buartha:
ba é a shamhailt domh an té a shínfí insan chré
ó, is a Mhuire, nach mé an truaighe;
is é déarfadh mo chairde, an méid acu bhí i láthair,
"altaigh leis na mná, a bhuachaill",
is an méid a ngoillfeadh orthu mo chás, ghoilfeadh siad a sá
fá mo chroí a bheith in mo lár 'na ghual dubh.
Dá mbínnse thall sa Spáinn, 'mo luí ar leabaidh an bháis
agus cluinimse do dháil in Éirinn;
go n-éireoinn chomh sámh leis an bhradán ar an tsnámh
i nduibheagán i lár na hÉirne:
focal ar bith mná ní chreidfidh mé go brách,
mura bhfaighe mise scríofa i mBéarla é;
gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
ag dúil go bhfaighinn spás ar éigin.
Is agamsa tá an mháistreás is measa i gcríochaibh Fáil,
cé gur soineanta clár a héadain,
chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr,
agus b'fhuras ár gcás a réiteach;
an madadh rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil,
is ní chluinfí mé go brách ag éileamh,
is m'fhocal duit, a Sheáin, go bhfuil ealaín insna mná
agus codail féin go sámh á n-éamais.
An margadh
Fágfaidh mise an baile seo mar tá sé dubh gránna,
agus rachaidh mé go Connachtaibh nó siar go Luighne Uí Eaghra -
an áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte,
sealbhán deas bó 'gus mo phósadh ar an táilliúir.
A Mhuire, nach mé an trua is mé pósta ar an sclábhaí
nach leigeann amach chun aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh,
nach dtéid go tigh an leanna liom is nach n-ólfadh giní óir liom,
is nach dteannfadh lena chroí mé mar dhéanfadh an buachaill óg liom.
Thíos a chois na farraige atá mé féin 'mo chónaí,
ag síordhéanamh lionn duibh ó mhaidin go tráthnóna;
is ag smaoitiú ar mo stóirín a bhíodh i gcónaí ag caint liom,
is an gcuala sibh mar seoladh mé go hóg a dhéanamh m'aimhlis?
Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí,
'gus lán mo dhá láimh is níor shásaigh riamh m'intinn;
nach trua nach dtig sé de reacht amach mar thiocfadh ar
bhoin ná ar chaoirigh:
an té nach dtaitneodh a mhargadh leis a sheoladh ar ais chun aonaigh!
B 1914 19>
Tá mé 'mo shuí
Tá mé 'mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir,
ag cur tine síos go síor is á fadú go géar,
tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin,
tá na coiligh ag glaodh is tá an saol 'na gcodladh ach mé.
Casadh bean sí dhomh thíos ag Lios Bhéal an Áth',
d'fhiafraigh mé dhí an scaoilfeadh glas ar bith grá;
labhair sí gos íseal tríd chomhrá shoineanta shámh:
"nuair théid sé sa chroí cha scaoiltear as é go brách".
Siúl leat go tigh an óil is ólfaimid buidéal den rom,
is a bhfuil de mhná óga gan pósadh, beid uile liom,
níl an eaglais im chomhair, ach glór an mheisce os mo chionn,
is tógfad teach mór gan mhoill ar an mullach úd thall.
Óró mura mbeadh an t-ól, bheadh cóta maith ar mo dhrom,
stocaí is bróga is cró maith seascair dom chlann,
is iad na mná óga a d'fhógair an t-olc os mo chionn,
is mura mbainfinnse leo, is é is dócha nach mbainfidis liom.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11