Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Dhuanaire I

Title
Nua-Dhuanaire I
Author(s)
Fear Flatha Ó Gnímh,
Compiler/Editor
de Brún P., Ó Buachalla B., Ó Concheanai
Composition Date
1613
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1971)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Éigse fhuinn Ghaoidheal
Fear Flatha Ó Gnímh



Tairnig éigse fhuinn Ghaoidheal;
adhbhar suadh nó saordhraoidheadh
ní mhair díobh - damhna cumhadh -
ná diol anma ollamhan.



Tairnig a ré, leath ar leath,
scol Uladh, éigse Laighneach;
deachmhadh dámh Muimhneach ní mhair,
ár gan fhuighleach a n-ársoin.



I gcrích Chonnacht, ceardcha scol,
ní mhair ollamh ná a adhbhar;
tug fam chridhe ceó orchra,
's ní beó file foghlamtha.



Oidhidh Thaidhg dhuanscagtha Dhoill,
éag Eochaidh mheic Mhaoil Eachlainn,
tug draoithe Éireann fa oil,
géibheann maoithe fa mheanmain,



Ní clos scolaighe, scéal tinn,
d'Íbh Dálaigh ná d'fhuil Uiginn
ag túr lighe i leabthaibh both,
dá ealtain fhine n-eólach.



Uch! ní mhair caomh ná cara
d'fhuil ealadhnaigh Eochadha;
ag sin cuire cridheadh nglan,
uile a cineadh do-chuadar.


L. 2


Clann Chraith dá gcreidis scola,
fine rannghlan Ruanadha,
méala nach marad an dámh,
fréamha carad is compán.



I gcrích Uisnigh an fhuinn ghloin
scotha fileadh - fuil Chobhthaigh -
scéal mór gan mharthain na scol,
a scarthain is clódh céadfadh.



Clann an Bhaird, Meic Con Midhe,
tearc fisidh nó fáidhfhile -
mo dhall ciachsa is ceó cumhadh -
beó d'iarsma na n-ollamhan.



Tug fógra dhámh an domhain
is col d'fhagháil d'ealadhain
fuil chrannda dá cora i gcion
's na fola arda íseal.



A fhir scaoilte na scéal sean
'gá mbí seanchas mac Míleadh,
ní ham scéal do scaoileadh dheid
tréan Gaoidheal an tan tairneig.


L. 3


B 1626ob 17T
U Aodh Mac Aingil



An Naí Naomh



Aodh Mac Aingil



Dia do bheatha, a naoidhe naoimh,
isan mainséar cé taoi bocht,
meadhrach saidhbhir atá tú
's glórmhar id dhún féin a-nocht.



A naoidhe bhig atá mór,
a leanbáin óig atá sean,
san mainséar ní chuire a lán
cé nach bhfagha áit ar neamh.



Ar neamh dhíbh gan mháthair riamh,
gan athair 'nar n-iath a-nos,
it fhírDhia riamh atá tú
is id dhuine ar dtús a-nocht.



Dia do bheatha, a Íosa, a-rís,
dia do bheatha i gclí ón Óigh,
a ghnúis is áille nó an ghrian,
na mílte fáilte do Dhia óg.



Uch, dá lamhainn dul is-teach -
atú a-muigh led chead, a rí -
le fáilte do-bhéarainn fós
míle 'gus míle póg dhíbh.



Póg dod bhéal, a bhráthair gaoil,
póg, a phápa naoimh, dod chois,
póg dod láimh ós tú mo rí;
is duit uile, a Dhia, mo thoil.



Tabhair, a rí, gé nach ceart,
áit id thuama don treas brúit,
i measc na ngadhar ón tsliabh,
rér chosmhaile riamh ar ndúil.


L. 4


A Mhuire, a mháthair, a ógh,
oscail doras an chró dhamh
go n-adhrainn ardrí na ndúl -
nach córa dhúinn ná do dhamh?



Do-ghéan seirbhís do Dhia i bhfos,
faire go moch is go mall;
gadhair na mbuachaill ón tsliabh
buailfead ón triath atá fann.



An t-asal fós is an damh
ní leigfead i ngar dom rígh;
do-ghéan féin a n-áitsin dó -
asal mé is bó Mhic Dé Bhí.



Do-bhéar uisce liom go moch,
scuabfad urlár bocht Mhic Dé;
do-ghéan tine san anam fhuar
's tréigfead tré dhúthracht mo chorp claon.



Nighfead a bhochtbhréide dhó,
is dá dtuga, a ógh, cead damh,
mo cheirt féin do bhainfinn díom
dá cur mar dhíon ar do mhac.



Biad mar chócaire 'gan bhiadh
's im dhoirseóir do Dhia na ndúl,
's ó tá orthu go mór m'fheidhm,
iarrfad fair mo dhéirc do thriúr.



Ní iarrfad airgead ná ór
acht uair san ló póg dom rígh;
do-bhéar mo chroidhe féin uaim
's glacaidh é mar luach an trír.



A Phádraig ón leanbhsa fuair
bachall Íosa mar bhuaidh grás,
a ghein gan domblas id chlí,
's a Bhrighid, bí linn de ghnáth.


L. 5


A phátrúin oiléan na naomh,
faghaidh grása ó Dhia dhúinn;
mar chruimh in uamhaidh Dé a-nocht
glacthar bráithrín bocht ó Dhún.



Míle fáilte a-nocht i gclí
le mo chroidhe dom rígh fial;
in dá nádúir ó do-chuaidh,
póg is fáilte uaim do Dhia.



B 1614ob 17T
Giorra an tsaoil



Giolla Brighde Ó hEódhasa



A dhuine chuireas an crann,
cia bhus beó ag buain a ubhall?
Ar bhfás don chraoibh ghéagaigh ghil,
ré a fhéagain daoibh an deimhin?



Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
san lubhghort uaine álainn,
smuain, a fhir na gcleath do chor -
mo chreach! ag sin an saoghal.



d'éis a aibchighthe is é id láimh,
an tú chaithfeas, a chompáin,
bláth garrdha na ngéag solas
tarla ón éag in amharas?



Ní críonna dhuit, a dhuine,
'gá mbí an choille chumhraidhe,
th'aire ar fhás na n-abhall lag
's gan cás it anam agad.


L. 7


B 1640c 17L
U Anaithnid



Cnoc Samhraidh



Olc mo thuras sonn ó Lundain
go Cnoc Samhraidh - aoibhinn aird;
fuaras ainséin, mar nár shaoileas,
beagán aoibhnis, easbhaidh ghráidh.



Do shaoileas go mbiadh san dúnsoin
fáilte romham ar son Dé;
mar nár shaoileas tarla dhamhsa -
beag, fa-ríor, dem amhghar é.



Ar mh'aithne do lucht an dúnaidh,
amach tar múraibh cuirthear mé,
dhá rádh leam arís gan rochtain
san dúnsoin do bhochtaigh mé.



Im bráthair bhocht tré bheith dhamhsa
's im shagart do dheibhléan Dé -
lag sin an chúis ba chúis oirne;
fóir mo mhúith, a Choimdhe chléibh.



Lé Cnoc Samhraidh beag mo bháidhse
's leis an chríchsin 'na bhfuil sé;
baoi mo dhóigh gidh eadh san Iarla -
fa olc riamh níor liamhnadh é.



Scéala uaimse má fuair seisean,
scéala uaidhe ní fhuair mé;
é dhá dhéanamh leam is iongnadh,
muna bhfuil orm diomdha Dé.



Ua nó iarla dá mbeith againn
de shíol gCuinn, de chlannaibh Néill,
saoilim féin go bhfuighinn fáilte
im riocht féin, gér bhráthair mé.


L. 8


Do chaitheas ag teacht don dúnsoin
beagán beag ba feirrde mé
's ní fhuaras feóirling dhá shochar -
turas Ghóidrisc, donas é.



B 1703ls 18T
U Anaithnid



Beatha an scoláire



Aoibhinn beatha an scoláire
bhíos ag déanamh a léighinn;
is follas díbh, a dhaoine,
gurab dó is aoibhne in Éirinn.



Gan smacht ríogh ná rófhlatha
ná tighearna dá threise,
gan chuid cíosa ag caibidil,
gan moichéirghe, gan meirse.



Moichéirghe ná aodhaireacht
ní thabhair uadha choidhche,
's ní mó do-bheir dá aire
fear na faire san oidhche.



Maith biseach a sheisrighe
ag teacht tosaigh an earraigh;
is é is crannghail dá sheisrigh
lán a ghlaice de pheannaibh.



Do-bheir sé greas ar tháiplis,
is ar chláirsigh go mbinne,
nó fós greas eile ar shuirghe
is ar chumann mná finne.


L. 9


B 1745ls 18L



Amharc



Duibhe id mhailghibh, gríos id ghruadhaibh,
gurma id roscaibh, réidhe it fholt,
gaoth ag iomramh do chúil chraobhaigh,
úidh fhionnbhan an aonaigh ort.



Mná fear nach aidmheóchadh t'fhéachain
ar th'aghaidh ag fighe a bhfolt;
slighe ag méaraibh tré dhlaoi dhaghfhuilt
ag mnaoi ag déanaimh amhairc ort.



B 1623c 17T
U Muiris mac Dáibhí Dhuibh Mhic Gearailt



Beannaigh an longsa



Muiris mac Dáibhí Dhuibh Mhic Gearailt



Beannaigh an longsa, a Chríost cháidh,
an tsíon, an tonnsa 's an tír;
bíd t'aingil 'na gcléith dar gcóir
's róinn mar scéith ndaingin dín.



Síthigh gairbhshín ghoimh dá glór,
mínigh gach moir ainmhín fhuar,
fraoch an earraigh cuir ar gcúl
dún go dul tar ceannaibh cuan.



Doiligh mé fam chúl do chur
re Múr Té, 's is doiligh dhamh -
múr fianbhothach na sleagh sean,
treabh na sreabh ngrianshrothach nglan.



Cuir mé go seascair chum seóil,
a Dhé, gan easpaidh ar n-iúil
ón tsín gharbhfhuair tar moir mhóir
le cóir ghloin go gcalmuain gciúin.


L. 10


Maith mo churach aidhbhseach úr,
taidhbhseach a tura 's a taobh,
long ghéagach bhonnógach bhuan,
stuagh théadach chronnógach chaomh.



Long gan tlás i dtachar arm,
gan scáth ré scathamh na storm,
seóltóir tré chlár na gceann ngarbh
mar budh sál marbh gach gleann gorm.



Tré ghrianbhádh gach toinne tráth,
ar fiarlán, dá ghoinne gaoth,
lingidh ó chabhlach na gcríoch;
armach a fíoch is a fraoch,



Slios fadúr foileimneach tréan,
roineimhneach mar dhragún ndúr,
breaclong na srólbhratach saor,
taobh creatlom órshlatach úr.



Brú dhealbhnathrach ghríobhach gharg
bheannbhachlach chíorach na gcolg;
slios snaschaomh is faobhrach fearg
na bhfraschaor ndearg mbaoghlach mborb.



Tionnlaic sinn, a Rí na rann,
tar linn is gach líon bhus leam,
gan bhaoghal ó bholgaibh tonn
anonn seach bhordaibh na mbeann.




Freagra



Sirim ar Aonmhac Íosa d'fhuiling an pháis
nár bhristear don loing ná don bhuín 'na bhfuile go brách;
buinne ceart gaoithe tríthi is tuile 'na deáidh
ó imlibh Baoi go crích na Cruinne sa Spáinn.


L. 11


B 1652obc 17L
U Brian Mac Giolla Phádraig



Faisean chláir Éibhir



Och! mo chreachsa faisean chláir Éibhir:
loca cas ar mhac gach mná déarca,
cufa geal 'ma ghlaic is fáinne aerach
mar gach flaith d'fhuil Chais dár ghnáth Éire.



'S gach mogh nó a mhac go stairs go hard lé smig,
cor tar ais dá scairf is gáirtéar air,
a stoc tobac 'na chlab dá lántséideadh
's a chrobh ó alt go halt fá bhráisléidibh.



Is cor do leag mé cleas an phlás-tsaoilse:
mogh in gach teach ag fear an smáilBhéarla
's gan scot ag neach le fear den dáimh éigse
ach "hob amach 's beir leat do shárGhaelgsa".


L. 12



Ábhar deargtha leacan do mhnaoi Chuinn é



Brian Mac Giolla Phádraig



Ábhar deargtha leacan do mhnaoi Chuinn é
táir is tarcaisne a thabhairt dá saorchlainn féin,
grá a hanama is altram a cíoch cruinn caomh
do thál ar bhastard nach feadair cé díobh puinn é.



A Éire, a chailleach is malartach bréagach foinn,
a mheirdreach bhradach le sealad nár éim' ach sinn,
do léigis farat na Galla-sa i réim id eing
do léirscrios seachad mar bhastard gach aon ded chlainn.



A rúin mo chroí, a Rí na ndúl 's a pháirt,
an dúch nó an díth leat Gaoil dá mbrú ag cách,
a ndúiche, a roinn, a maoin dá n-útamáil
ag rút mac tíre tríothu ag rúcam rác?



Gan bú ná brí i mic Gaoil ach súil gach lá
le cúrsa gaoithe shaoilid chúcu d'fháil;
ailiú lem chroí! ' mbiam choíche ag umhlacht dáibh
nó an dtiubhra an bríste díol don triús go brách?


L. 13


B 1785-1844ls 18D
U Anaithnid



Och! a Mhuire



Och! a Mhuire, nach truagh mo chás,
i bpiantaibh báis ar dhíth mo shuain,
fán chluanaí mheangach do shlad mo ghrádh
's nach bhfaghaim go bráth a mhalairt uaith'?



Mheall sí mise le briathra bláith',
an stáidbhean shéimh is gile snuadh,
nach dtréigfeadh mé go dtí lá an bhráith
's gur líon sí anois lán dem fhuath.



Mairg a chreidfeas bean go bráth
nó bhéaraidh i gcás dí fios a rúin,
mar rinne míse do líon dá grádh,
's anois gur náir léi beannú dhúinn.



Mo chrá mar rinneas mar rinne na táinte riamh,
bheith i ngrá ar an ainnir dá mealladh gach lá le bliain;
mo chroí gur mhearaigh, le bhfuilimse gártha liath,
fán chás nach dtuigeann aon duine go bráth ach Dia.


L. 15


B 1640 17L
U Séathrún Céitinn
A bhean lán de stuaim



A bhean lán de stuaim
coingibh uaim do lámh;
ní fear gníomha sinn,
cé taoi tinn dar ngrádh.



Féach ar liath dem fholt,
féach mo chorp gan lúth,
féach ar thraoch dem fhuil -
créad re bhfuil do thnúth?



Ná saoil mé go saobh,
arís ná claon do cheann;
bíodh ar ngrádh gan ghníomh
go bráth, a shíodh sheang.



Druid do bhéal óm bhéal -
doiligh an scéal do chor -
ná bíom cneas re cneas:
tig ón teas an tol.



Do chúl craobhach cas,
do rosc glas mar dhrúcht,
do chíoch chruinngheal bhláith,
tharraingeas mian súl.



Gach gníomh acht gníomh cuirp
is luighe id chuilt shuain
do-ghéan féin tréd ghrádh,
a bhean lán de stuaim.


L. 16


A fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc
na muirearfholt réidh raonfholtach fá a ndíol gcuach,
is iongnadh an ghné thaomannach fhásaíos uait;
gé doiligh an scéal, tréig mé agus táig dhíom suas.



Do-bheirimse fém bhréithir dá mbáití an slua
san tuile do léig Vénus 'na táclaí anuas,
a bhurraiceach-bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaidh,
gur tusa mar aon céidbhean do fágfaí im chuan.


L. 17


B 1606c 17T



Mo bheannacht leat, a scríbhinn



Séathrún Céitinn



An tan do bhí sé san bhFrainc agus é ag scríobhadh go a chairdibh
go hÉirinn



Mo bheannacht leat, a scríbhinn,
go hInis aoibhinn Ealga;
truagh uach léir dhamh a beanna,
gé gnáth a deanna dearga.



Slán dá huaislibh 's dá hoireacht,
slán go roibheacht dá cléirchibh,
slán dá bantrachtaibh caoine,
slán dá saoithibh re héigse.



Mo shlán dá maghaibh míne,
slán fá mhíle dá cnocaibh,
mo-chean don tí a-tá innti,
slán dá linntibh 's dá lochaibh.



Slán dá coilltibh fó thorthaibh,
slán fós dá corthaibh iascaigh,
slán dá móintibh 's dá bántaibh,
slán dá ráthaibh 's dá riascaibh.



Slán óm chroidhe dá cuantaibh,
slán fós dá tuarthaibh troma,
soraidh dá tulchaibh aonaigh,
slán uaim dá craobhaibh croma.



Gé gnáth a foirne fraochdha -
an inis naomhtha neambocht -
siar tar dromchla na díleann
beir, a scríbheann, mo bheannacht.


L. 18


B 1645obc 17L



Óm sceól ar ardmhagh Fáil



Séathrún Céitinn



Óm sceól ar ardmhagh Fáil ní chodlaim oíche
is do bhreóidh go bráth mé dála a pobail dílis;
gé rófhada atáid 'na bhfál ré broscar bíobha,
fá dheóidh gur fhás a lán den chogal tríthi.



A Fhódla phráis, is náir nach follas díbhse
gur córa tál ar sháirshliocht mhodhail Mhíle;
deór níor fágadh i gclár do bhrollaigh mhínghil
nár dheólsad ál gach cránach coigcríche.



Gach treód gan tásc tar sál dá dtogair síneadh
go hóirlios álainn ársa Chobhthaigh Chaoil chirt,
is leó gan ghráscar lámh ár ndonna-bhruíne,
's gach fód is fearr dár n-áitibh eochar-aoibhne.



Atáid foirne ag fás san gclársa Logha líofa
dár chóir bheith táir gé hard a rolla scaoile;
síol Eóghain tláith 's an Tálfhuil bodhar claoite
's na hóig ón mBántsrath scáinte i gcoigcríochaibh.



Na tóisigh tháisc ón Nás gan bhogadh bhrí-nirt
i ngleo gér gháifeach ágh na lonnabhuíne -
fá shróin an stáit ba gnáth a gcogadh i ndíormaibh;
ní dóibh ba nár ach cách gan chomhall dlí ar bith.



Dá mba beódha ardfhlaith Áine is Droma Daoile
's na leóghain láidre ón Máigh do bhronnadh maoine,
dar ndóigh níorbh áit don táinse in oscaill Bhríde
gan gheóin is gártha ós ard dá dtoghaildíbirt.



Muna bhfóiridh Ceard na n-ardreann pobal chrích Chuirc
ar fhoirneart námhad ndána n-ullamh ndíoltach
ní mór nárbh fhearr gan chairde a bhfoscaindíolaim
's a seóladh slán i bhfán tar tonnaibh Chlíodhna.


L. 19


B 1633c 17L
U Pádraigín Haicéad



Isan bhFrainc



Pádraigín Haicéad



San bhFrainc iar bhfaicsin aislinge



Isan bhFrainc im dhúscadh dhamh
in Éirinn Chuinn im chodladh;
beag ar ngrádh uaidh don fhaire -
do thál suain ar síorfhaire.



B 1630 17T



A chuaine chaomhsa



Pádraigín Haicéad



I Lobhán, 1630



A chuaine chaomhsa i gcéin i bhfódaibh Fáil,
luaidheam léigheann, léigeam brón ar lár,
buaileam fé gach ceird de nósaibh cháich
is fá thuairim Éireann déanam ólachán.



A aicme ar ar dhoirt mo thoilse a tionnghrá dil
nár aisig dhom nod do chomhall cineáltais,
don bhathlach bheag bhocht gan chothrom compánaigh,
is mairg do loisc a shop 's a thiompán libh.


L. 20


B 1633 17L



Mé d'fhanamhain ar eachtra



Pádraigín Haicéad



Ó Mhórlios go hÉirinn iar gclos a bruide fá Strafford, 1633



Mé d'fhanamhain ar eachtra sa taobhsa ós toinn
d'éis m'amaraic ar Bhanba na gcaomhchnoc gcruinn
's d'éis caidribh na gasra dár chaomhthach sinn,
is daor ceannaithear an aibidil léighinn linn.



Spré ghreadaithe mo theallaighse fá chéile Chuinn,
féile acfainneach a flaitheasfhear nach tréigeann cill,
's a haos seanma, a lucht ealadhan, a laochra gill,
's a tréad barrannbhan gan samhail a séad i suim.



'S m'aonchara-sa mar haithristear i ngéibheannchuing
go ngléas anbhfann, gan baramhail réitigh puinn,
a Dhé, is mairg dá mba lagsaine dá héigin troim
gan stéig agamsa dá hainnise do réir mo chrainn.


L. 21


B 1633c 17L



Cuirim séad suirghe



Pádraigín Haicéad



Chun na hÉireann tamall roimh thriall dá hionsaí



Cuirim séad suirghe chum seise;
searc mo chléibh do dháileas dí,
Éire chliathbhras bhocht an bhánfhuinn,
an gort iathghlas - álainn í.



An ghlac rannsa romham siarainn
mo shéad suirghe dá sliocht mhín,
's mo chroidhe ronnta ar na rannaibh,
bronnta ar chlannaibh Toighe an Trír.



Fáth mo shuirghe le fód Feidhlim
nach fuair sinn a samhail d'fhód;
an geall rug níor fríoth le fianaibh
ar fud chríoch i rianaibh ród.



Ní tharla liom ar fheadh m'eachtra
éintír eile mar iath Néill,
an tulaigh ghlan bhrianach bhraonach,
an mhagh ghrianach raonach réidh.



Ag sin uaim i mbeagán briathar
bun mo theasta ar thír an óir,
Éire, sompla soiléir Pharrthais,
barrthais oiléin chorcra chóir.



Mithidh dhamhsa dul dá féachain,
fada liom mo chor ar cuairt;
aonráith Dhá Thí, an ráith ríoghach,
is í mo sháith shíodhach shuairc.


L. 22


Ag so thrídsin, a chríoch Chobhthaigh,
chugat siar, a thaoibhgheal tais,
mo ghrádh géar dod ghort dom bhuainse;
do-bhéar ort an uairse ar mh'ais.



Atáim uait i gcríochaibh ciana,
a chláir aosta is óige i gcruith,
mar aon feacht i ngeimhlibh garbha
le seacht ngeimhribh marbha a-muich.



Ní bhiad choidhche arís, dá roichead
go ráith nÍr sul n-imghead d'éag;
uch! ba feadhnach sámh an saoirfhear
i gclár mheadhrach Ghaoidheal nGréag.



Maithim d'iathaibh Eórpa acht duitse,
a dhúithche chaomh Chuinn na gcath,
a chinn síodh, a fhóid na féile,
a róid ríogh is réidhe rath.



Tugas grádh dhuit d'fheabhas t'fhoirne,
d'fheabhas t'éigse an tsuaircis tsaoir,
d'fheabhas t'fhéine, t'fhuinn is t'oinigh
is do chléire i gcuing ndoiligh ndaoir,



'S tar gach siocair ar son Éamainn,
oidhre Fheimhin an fheóir ghloin,
fear laochdha fa liom mar mhuirnín,
fraochdha fionn go gcuirnín choir.


L. 23


B 1654ob 17L



Do chuala inné



Pádraigín Haicéad



Iar gclos gur hordaíodh i gcaibidlibh na hÉireann gan bráthair do
dhéanamh rainn ná amhráin



Do chuala inné ag maothlach muinteardha
mar nuadhacht scéil ó chéile Chuinn is Chuirc
gur duairc le cléir an Ghaeilge ghrinnshlitheach,
suairceas séimh na saorfhear sinseardha.



Ní bhuaileabh féin i gcléith a gcointinne
ó chuaidh an ré 'narbh fhéidir linn friotal
gach smuaineadh d'éirgheadh d'éirim m'intinne,
uair fár bhaoghal faobhar m'intleachta



go suaithfeadh sé gan saobhadh slimfhuinnimh
fá thuairim thaobh na gcléireach gcinsealach
nó anuas fá a mblaoscaibh maola millteacha
crua-ghlac ghéar do ghaethibh innlithe.



Fuaifidh mé mo bhéal le sring fhite
's ní luaifead réad dá bpléid bhig sprionlaithe,
ach fuagraim tréad an chaolraigh chuimsithe
's a bhfuath, a Dhé, tar éis mo mhuintire.


L. 24


B 1653ob 17L
U Piaras Feiritéar



Ní maith uaigneas don annsa



Piaras Feiritéar
do Risteard Husae



Ní maith uaigneas don annsa -
atá a heolas agamsa;
do mhúin damhsa flaith re fios
nach maith don annsa uaigneas.



Re cúig bhliadhnaibh uaigneach inn
gan amharc an fhir áilim,
bile taobhfhuar mar ghoil ghloin,
acht aonuair thoir an treallsoin.



A mhná uaisle an iongnadh libh
nach bean rom-mheall uair éigin,
nach stuagh gheal gan fheirg gan an,
acht fear gan cheilg dom chealgadh?



Dámadh aithnidh díbhse a dháil,
tréithe ionganta an ógáin,
ní bhiadh sibh gan suirghe ris -
mil a fhuighle re n-aithris.



Scoth ógán caomhinse Cé
Risteard rannghasta Husae,
cneas soighealta, ré dar reacht,
doileanta é 'na intleacht.



Lán beóil tíortha, tobar fis,
doras eóil, airgtheach doilghis,
ar gcuidne i bhFódán na bhFionn,
oide ógán na hÉireann.



Órthóir glandán ngasta ngrinn,
ughdar ait, ollamh innill,
fear na ndaordhuan bhfrithir bhfor,
aolghruadh go gcrithir cheardchan.


L. 25



Léig dhíot th'airm, a mhacaoimh mná



Piaras Feiritéar



Léig dhíot th'airm, a mhacaoimh mná,
muna fearr leat cách do lot;
muna léige th'airmse dhíot,
cuirfead bannaidhe ón rígh ort.



Má chuireann tú th'airm ar gcúl,
folaigh feasta do chúl cas,
ná léig leis do bhráighe bhán
nach léig duine de chách as.



Má shaoileann tú féin, a bhean,
nár mharbhais aon theas ná thuaidh,
do mharbh silleadh do shúl mín
cách uile gan scín gan tuaigh.



Dar leat féin gé maol do ghlún,
dar leat fós gé húr do ghlac,
do lot gach aon - tuig a chiall -
ní fearra dhuit scian nó ga.



Folaigh orthu an t-ucht mar aol,
ná faiceadh siad do thaobh bog,
ar ghrádh Chríost ná faiceadh cách
do chíoch roigheal mar bhláth dos.



Folaigh orthu do rosc liath,
má théid ar mharbhais riamh leat;
ar ghrádh th'anma dún do bhéal,
ná faiceadh siad do dhéad geal.



Ní beag dhuit ar chuiris d'éag,
cé shaoile nach cré do chorp;
folaighthear leat th'airm go cóir -
ná déana níos mó de lot.


L. 26


Más lór leat ar chuiris tim,
sula gcuirthear sinn i gcré,
a bhean atá rem ro-chlaoi,
na hairmsin díotsa léig.



Do shloinneadh, a mhacaoimh mná,
ní beag liom ar chách mar cheist:
do chuirfeadh soin th'ainm i gcéill
dá mbeith a agus é leis.




Ionmhain th'aiseag, a Eóghain



Piaras Feiritéar



d'Eóin Ó Callanáin, an liaigh



Ionmhain th'aiseag, a Eóghain,
mo-chean d'fhior an ghlaineólais,
thóg fám chroidhe briocht loinne
ón riocht ina rabhmairne.



Ní mé a-mháin do bhí mar soin -
iomdha ó chlos théaga, a Eóghain,
trom sluagh imshníomhach in airc,
a stuagh ilghníomhach ordhairc.



Glóir 'na dhíol do Dhia Athar
bheith duitse gan deónachadh,
a réalt eóil gan cheilt gan choir,
's gan deóir rem dheirc id dheaghaidh.



Níorbh ionann éinneach oile
is tusa dhamhsa, a dheaghruire;
fuaimeant uile ní mheall mé -
is fearr duine ná daoine.


L. 27


Do bhítheá dhamhsa, a dhreach nár,
id chomhairleach, id chompán,
id bhráthair fhoile im fhail
's i dtráthaibh oile id athair.



Muna mbeinn dod chéibh chleachtaigh
mar táim, a fhéil intleachtaigh,
a shlat 's a sheise dom thoil,
meise níor mhac dom mháthair.



Ní fhaca éinneach thusa,
's níor éist bhós do bhriathra-sa,
nár ligh do chás 'na chás air
's dar libh do bhás a bhás-soin.



Gémadh dochtúir gach duine
dá bhfuil in iath Iúghaine,
is tú do fhreagra, a shlat shuilt,
lat is eagna 's a hadhaint.



Ót ord féin ar feadh Bhanbha
cóir fuarais céim cathardha,
barr ar anóir gach fhisidh
ó dhagh-dhóigh 's ó dheighfhisibh.



Ó do tharla-sa taobh rut,
mo chrádhsa crádh na gcarad;
a bheóil bhraisigh is dem fhuil,
a Eóin, th'aiseag is ionmhain.


L. 28



Deacair tocht ó ghalar gráidh
Piaras Feiritéar ?



Deacair tocht ó ghalar gráidh,
an galar dom chor fá chiaigh;
ní bhí an galar gan guin mbróin,
galar nach fóir luibh ná liaigh.



Galar gráidh is galar dhamh,
an galar go bráth 'nar mbun;
im chroidhe do-chóidh is-teagh
cneadh thoile ler dóigh mo dhul.



Ar marthain béaraidh go buan,
ní lamhthair céadtoil do chlódh;
do chuir sinn im luingse a lán -
ní grádh cuimse linn is lór.



Tonn sheirce 'na tuile trínn,
tuile le mbeirthear ar mbuaidh,
tug soin ar snoighe go cnáimh -
doigh ghráidh im chroidhe do-chuaidh.



Mé le faobhar gráidh dom ghoin,
baoghal mar a-táim óm thoil;
ní féidir dol saor mar sin,
nimh mo ghon don taobh is-toigh.



Gaoi gráidh ag tolladh mo thaoibh -
créad dob áil dá chora i gcéill? -
ní bhfuil cobhair i ndán dúin,
mo ghrádh rúin dár bhfoghail féin.



Ag seo cumadh Dé na ndúl
ar an té dá dtugas grádh:
troigh thana 'gus seangbhonn saor,
mala chaol dá ndealbham dán.


L. 29


Fuilt dlúithe is díon ar gach sín
tug an Dúileamh dí mar ghlóir,
gach fáinne cornchas dá céibh
ar néimh fholchas áille an óir.



An béal tana is nuaidhe niamh
nach gara dá guaille a ghlór,
's a dá ghruaidh ar ghné na gcaor
nár fhuaigh acht Saor na sé slógh.



Stuagh mhíolla na mailgheadh gcaol,
ní shíolabh a hainmse uam;
atá sinn dom ghoin dá grádh,
dá toil nach ál linn a luadh.



Dá leacain leabhra ar lí an aoil
do dealbhadh dí mar ba cóir,
an bhas bhairrgheal sheada shéimh,
leaba réidh na bhfailgheadh n-óir.



An ríoghan nach meadh do mhnaoi,
mo shearc arna líonadh lé;
an Coimdhe arna car i gclí,
cá ní is doilghe dhamh, a Dhé?


L. 30



Ní truagh galar acht grádh falaigh



Ní truagh galar acht grádh falaigh -
uch! is fada gur smuain mé;
ní bhiad níos sia gan a nochtadh,
mo ghrádh folaigh don tseing shéimh.



Tugas grádh, ní fhéadaim d'fholach,
dá folt cochlach, dá rún leasc,
dá malainn chaoil, dá rosc gormghlas,
dá déid shocair, dá gnúis tais.



Tugas fós, gion go n-admhaim,
grádh mar mh'anam dá píp réidh,
dá guth roibhinn, dá béal blasta,
dá hucht sneachtmhar, dá cígh ghéir.



Uch, mo-nuar! ní théid i ndearmad
mo ghrádh scamlach dá corp geal,
dá troigh shlimchirt, dá trácht tana,
dá gáire righin, dá crobh thais.



Bíodh nár fionnadh riamh romhainn
méad mo chumainn dí tar chách,
ní bhfuil, ní bhiaidh is níor imthigh
bean is truime ghoid mo ghrádh.


L. 31


B 1715lsc 18T
U Anaithnid



Do chuala scéal do chéas gach ló mé



"Ciarraíoch cráite áirithe éigin"



Do chuala scéal do chéas gach ló mé
is do chuir san oíche i ndaoirse bhróin mé,
do lag mo chreat gan neart mná seólta,
gan bhrí gan mheabhair gan ghreann gan fhónamh.
Adhbhar maoithe scaoileadh an sceóil sin,
cás gan leigheas is adhnadh tóirse,
athnuachadh loit is oilc is eólchair',
gríosadh teadhma is treighde móire
díothú buíne chríche Fódla,
lagú grinn is gnaoi na cóige,
mar do díogadh ár ndaoine móra
as a bhfearann cairte is córa.
Mór na scéil, ní héidir d'fhólang,
ár ndíth do ríomh lem ló-sa;
fuair an fhéile léim a dóthain
is tá an daonnacht gach lae dá leónadh.
Ní bhfuil cliar in iathaibh Fódla,
ní bhfuilid aifrinn againn ná orda,
ní bhfuil baiste ar ár leanabaibh óga
's ní bhfuil neach le maith dá mhórdhacht.
Créad do-ghéanaid ár n-aos ónna
gan fear seasaimh ná tagartha a gcóra? -
atáid gan triath ach Dia na glóire
is priosáil dá ngriosáil tar bóchna.
Greadán maidne dearbhadh an sceóil sin,
gabháil gharbh na n-eachtrann oirne;
maith ' fhios agamsa an t-adhbhar fár ordaigh -
d'aithle ár bpeaca an tAthair do dheónaigh.
Dá mbeith Tuathal fuadrach beó againn,
nó Féidhlimidh do thréigeadh tóra,
nó Conn, fear na gcath do róchur,
ní bhiadh teann an nGall dár bhfógra.


L. 32


Ní mhaireann Art do char an chródhacht
na Mac Con ba docht i gcomhlainn
ler scannradh clann Oilealla Ólaim -
is séan do Ghallaibh ná mairid na treóin sin.
Is léan do Bhanba marbhadh Eóghain,
an tréanfhear fa céile don bheódhacht.
Ní bhiadh neart gan cheart ar fhódaibh
ag na Gallaibh meara móra;
do bhiadh neart is ceart is cródhacht,
do bhiadh smacht is reacht fá róchion,
do bhiadh rath ar ar san bhfómhar,
dá mbeith Dia le hiathaibh Fódla.
d'imigh Brian na dtriath ón Bhóirmhe
do bhí tréimhse ag Éirinn pósta;
ní bhfuil Murcha cumasach cródha,
i gcath Chluain Tarbh ba taca re comhlann.
An tráth fa láidir na treóin sin,
Clann Chárthaigh 's an Tálfhuil treórach,
níor shaoileadar Gaill dá bhfógra
tar toinn nó gach laoi thar teórainn.
Atáid na danair i leabaidh na leóghan
go seascair sámh, go sádhail slómhar,
bríomhar biamhar briathrach bordach,
coimhtheach cainteach sainteach srónach.
'S is é rún is fonn na foirne,
dá mhéid síth do-níd rér bpórne,
an drong bhíos ag ríteach leó againn,
súgradh an chleasaí, an chaitín chródha.
Is trua lem chroí 's is tinn, dar Ólainn,
nuachar Chríomhthainn, Chuinn is Eóghain
suas gach oíche ag luí le deóraibh,
gan lua ar an gclainn do bhí aici pósta.
Teagh Tuathail, mo-nuar! do toirneadh,
cró Chuinn gan chuimhne ar nósaibh,
fonn Fhéidhlimidh tréithlag tóirseach,
iath Iúghaine brúite brónach,
achadh Airt fá cheas gan sóchas,
críoch Chobhthaigh fá oghaim ag slóitibh,
clár Chormaic, fáidh foirtil na gcomhfhocal,
fá orchra, lán d'fhothram deóra.


L. 33


Mo léan! ní hé tréine an tslóigh sin
ná buirbe na fuirinne ó Dhóbhar
ná neart naimhead do chaill ár ndóchas
acht díoltas Dé atá i ndéidh a chóra:
peaca an tsinsir, claoine an tsóisir,
aithne Chríost gan suim 'na cómhaill,
éigean bhruinneall, briseadh pósta,
craos is goid is iomad móide;
neamhchion gnáth is táir ar ordaibh,
réabadh ceall is feall is fórsa,
éamh na bhfann gan chabhair gan chómhthrom
ag saobhlucht sainte is caillte ar chomharsain;
tréigean Dé le séada is seódaibh,
gléas le séantar gaol is cóngas,
géill don neart 's an lag do leónadh,
claonadh breath 's an ceart fá cheó a chur.
Cé tá an eangsa go teann ag tórmach
fá láimh leabhair na nGallsa nó againn,
áilim Aonmhac tréan an sic hÓighe
go dtí an ceart san alt 'nar chóir dhó.
Is bíogadh báis liom cás mo chomharsan,
na saoithe sámhdha sásta seólta,
i dtír ba gnáthach lán de thóbhacht
Ite, vade dá rá leósan
is gan acht cairde ó lá go ló acu;
dár gcur uile i dtuilleadh dóchais
dá mbeith fábhar dá fháil dóibhsin
's gan ansoin acht till further order.
Galar gan téarná is maothchás mór liom,
greamanna géarbháis cé táim glórach
scaipeadh ar an bhféin dár ghéill clár Fódla
is Eaglais Dé dá claochlá is ordaibh.
Atá scéimh na gréine go nóna
fá éiclips ó éirgheas ló dhi;
atáid na spéire i ngné dá fhógra
nach fuil téarma ár saoghail rófhada.
Fuair an cairdeas bás a dhóthain -
le lucht séad ní géar an sceólsoin;
ní léir dhom éinneach ar mh'eólas
noch do-bhéaradh réal chum bróg dhom.


L. 34


Fágaim sin ar chur an Chomhachtaigh,
Aonmhac Muire gile móire
as a bhfuil ár n-uile dhóchas,
go bhfaghaidh sinne is sibhse cómhthrom.
Aicim Íosa, rí na glóire,
mar is fíor gur tríonas fhónas,
soilse laoi agus oíche d'ordaigh,
go dtí an ní mar shaoilim dhóibhsin. Amen.



Ceangal
Gríosú cnead, laghdú ar neart,
síorú ar cheas bhrónach,
fíorú ár bhfear do gheimhliú i nglas,
foilsiú a n-acht oirne,
críochnú ár bhflaith do dhíorú amach
ar dhroim tonn tar bóchna,
do mhínbhrúigh lag mo chroí dúr leasc
re maothú ár ndearc ndeórach.


L. 35


B 1702c 18T
U Antaine Ó Cuileáin



Doicheall



Antaine Ó Cuileáin



o Phádraig Ó Dorchaí



Rinnis agus ní dhearnais
maith, a Phádraig, dot shloinneadh;
créad d'fhásfadh as fréimh dhorcha
ach géag dhorrdha gan oineach?



Ar son an fhéile dhíbirt,
tar éis a daoine chailleadh,
ar son a beith gan nóchar,
níorbh fhiú léi pósadh leatsa.



Ós don doicheall is dúthcha
gan cleamhnas dhiúltadh ar bhodach,
bíodh sí agad mar chéile
ó loisc an fhéile sop ort.




Ó torchradh an t-oineach 's gur imigh fuil ard Uí Ruairc,
's tar gorm-mhuir uile gur cuireadh síol nDálaigh uainn,
's é stoirm an chiotha chuir sinne in do dháilse ar cuairt,
's ní dorcha do shloinneadh ná mar chuiris na bráithre uaid.


L. 36


B 1650flc 17L
U Fear Dorcha Ó Mealláin



An díbirt go Connachta



Fear Dorcha Ó Mealláin



In ainm an Athar go mbuaidh,
in ainm an Mhic fuair an phian,
in ainm an Spioraid Naoimh le neart,
Muire 's a Mac linn ag triall.



Mícheál feartach ár gcuid stóir,
Muire Ógh 's an dá aspal déag,
Brighid, Pádraig agus Eóin -
is maith an lón creideamh Dé.



Colam Cille feartach caomh,
's Colmán mhac Aoidh, ceann na gcliar,
beid linn uile ar aon tslí
's ná bígí ag caoi fá dhul siar.



Nach dtuigeann sibh, a bhráithre gaoil
cúrsaí an tsaoil le fada buan? -
gé mór atá 'nár seilbh,
beag bhéas linn ag dul san uaigh.



Uirscéal as sin tuigthear libh:
clann Israel a bhean le Dia,
san Éigipt cé bhí i mbroid,
furtacht go grod a fuair siad.



Do-chuadar tríd an mhuir mhóir,
go ndearnadh dhóibh ród nár ghann,
gur éirigh an fhairrge ghlas
mar charraig 'mach os a gceann.



Iar ndul dhóibhsin fó thír
fuair siad cóir ó Rí na rann,
furtacht, cabhair agus biadh
ón Dia bhí riamh is tá ann.


L. 37


Fuaradar ó neamh mar lón
cruithneachta mhór - stór nár bheag -
mil dá chur mar cheó,
uisce go leór ag teacht as creig.



Amhlaidh sin do-ghéanfar libh:
do-ghéabhaidh sibh gach maith ar dtús;
atá bhur ndúithche ar neamh,
's ná bígí leamh in bhur gcúis.



A chlann chroí, déanaidh seasamh,
's ná bígí ag ceasnamh le hanró;
Maoise a fuair ar agaill -
cead a chreidimh ó Pharó.



Ionann Dia dhúinn agus dhóibh,
aon Dia fós do bhí 'gus tá;
ionann Dia abhus agus thiar,
aon Dia riamh is bheas go bráth.



Má ghoirthear dhaoibhse Páipis,
cuiridh fáilte re bhur ngairm;
tugaidh foighead don Ardrí -
Deo gratias, maith an t-ainm.




A Dhia atá fial, a thriath na mbeannachta,
féach na Gaeil go léir gan bharanta;
má táimid ag triall siar go Connachta,
fágmaid 'nár ndiaidh fó chian ar seanchairde.


L. 38


B 1640flc 17L
U Pádraig Ó Duincín



Truagh mo thuras ó mo thír



Pádraig Ó Duincín



Truagh mo thuras ó mo thír
go crích Mhanannáin mhín mhic Lir,
idir triúr Piúratán - meabhal géar -
gearr mo shaol más buan na fir.



Áireamh na hAoine ar an dtriúr;
Hamilton ó Dhún na gcliar,
tháinig chugainn sonn tar lear
ó chrích Alban, fear den triar.



Máistir Loe is Máistir Brún,
Rí na ndúl go holc don dís;
annsa leo Parlaimint ná Rí -
olc an chríoch orthu bhíos.



Claon a gcogús, saobh a gciall,
easpag ná cliar ní mian leo;
ní abraid paidir ná cré -
freitim féin bheith dá sórt.



Troscadh ná féilte na naomh -
olc an taom - ní chongbhaid siad;
ní mó leó Muire nó brobh,
pór gan mhodh nár bheannaigh Dia.



Fuath leo baisteadh, cros is ceall,
bunadh na bhfeall; truagh, a Dhia,
creideamh Phádraig do dhul ar gcúl
's creideamh gan stiúir a bheith dá thriall.



Deir gach bodach ceannchruinn cruaidh
"díbirt bhuan ar Chlanna Néill
's ar shíol ríogh, ughdar gach uilc" -
is leó do thuit mo mhuintir féin.


L. 39


Briste mo chroidhe in mo chliabh
ó bheilleán an triair is olc méin
in aghaidh mo thíre 's mo thriath;
furtaigh, a Dhia, orm ón phéin.



Dá maireadh Fearghas mac Róigh,
nó Cú Chulainn dar chóir grádh,
nó Murchadh mac Briain, ceann na sluagh,
do chiorróidís go luath mo chrádh.



Nó Seán mac Cuinn na mbreath saor,
nó mac Aodha mhic Dhomhnaill Óig,
nó sliocht an Bharúin Í Néill,
ní fada bheinn féin gan chóir.



A theachtaire théid ar tuinn,
innis do shliocht gCuinn na ruag,
's do shíol ríogh dá leanann séan
mo mhairg, mo léan is mo ghruaim.



Dá gcluineadh Eóghan mac Airt,
nó ua Éinrí, searc na sluagh,
nó sliocht Aodha Buidhe Í Néill,
nó rí Banna na gcéim gcruaidh,



nó Sabhaoise ó Loch Cuan,
nó sliocht Fheidhlim na ruag ngarg,
nó Ruiséalaigh, m'olc is mo bhruid,
d'éireódh a bhfuil is a bhfearg.



Iarla Dairbí, leóghan fial,
ardrí Mhanannáin, triath na mbuadh,
mur' bheith onóir is uaisle a ghráidh,
is fada ó thiocfadh mo lá truagh.


L. 40


B 162Olsc 17T
U Anaithnid



Muire mo stór



Do chuireas mo dhóigh san ainnir óig
do mhéadaigh glóir fhlaithis Dé,
Muire mo lón, bean chuiridh mhóir,
loinneartha an ógh máthair Dé.
Ní deirge an rós tig as an bpór
ná drud cóir glan a béil;
déad chailce is nó tá ag an óigh,
is gasta an seórt scáile a déad.
Dearcann gan ceó is glaise ná an reó
d'iompair i móid máthair Dé,
Is míne í ná an sról, is fírbhinn a glór,
is aoibhne ná an t-ór dath a céibh.
Muire mo stór, gloine gan smól,
is gile go mór a corp ná an ghéis;
buime 'ní treóir don chruinne neóid,
réidheas gach ród don uile ghéin.
Is innealta an ógh rug iomad slógh
san gcathraigh mhóir fhairsing fhéil.



B 1678lsc 17D



An Spiorad Naomh



A Íosa, a Naoimhspioraid, a Athair, is a Uain,
tug fíorfhuil do thaoibh ghil dár gceannach go cruaidh,
bí 'om dhídean, bí 'om choimhdeacht, bí ar m'aire gach uair,
más luí dhamh, más suí dhamh, más seasamh nó suan.



Ísligh mo dhíoltas, m'fhearg is m'fhuath,
is díbir mo smaointithe mallaithe uaim;
leig braon beag ón Naoimhspiorad bheannaithe anuas
do chloífeas an croí-se atá 'na charraig le cruas.


L. 41


B 1789ls 18D
U Anaithnid



Róise



Coisc do dheór, a mhacaoimh mná,
's ná creid go bráth lucht na mbréag;
ní bhfuil bean ar a bhfuil mo ghrádh,
is ní bhia, trá, acht thú féin.



Iomdha ainnir mhánla shuairc
ar gach bruach den lochsa thíos
ag iarraidh mise do mhealladh uait,
is ná bíodh gruaim ortsa thríd.



Ní bhfuil bean dá háille gruaidh,
gibé stuaim do bheith 'na méin,
do bhainfeadh mise dhíot re cluain;
bí go suairc is ná creid bréag.




A Róise bheag mhodhmhar is snasta guth cinn,
is glórmhar do cheólsa ar maidin 's is binn;
is mór meas do mhodha-sa dá n-aithris dar linn,
is más só leat mo phógsa biaidh sí agad gan roinn.


L. 42


B 1788ls 18D



Rainn fhir an éada



Ní chodlann an dobhrán donn
bhíos ar íochtar na habhann,
is gé maith cead iascaigh ann,
idir phiastaibh ní chodlann.



Ní chodlann an eilit mhaol
gan buaireadh fóna breaclaogh,
is gé maith cead rabhraidh ann,
maidin tsamhraidh ní chodlann.



Beitheach céillidh an cú alla -
ní thig ach 'na thaomanna;
beiridh caoirigh leis fó chrann;
i measc daoine ní chodlann.



Ní chodlann an míol maighe
biorach buadhach barrbhuidhe,
is guth gadhair fóna cheann,
a chois chladha ní chodlann.



Ní chodlann an chorr ghréine
tar éis a céidfhir chumainn;
is mar sin d'fhear an éada -
d'eagla a chéile ní chodlann.




Ní sámh mo chodladh, cé chodlaim dhá dtrian den lá,
b'fhearr nach gcodlainn ar chodlas ariamh san ghrádh,
ní dhamh codladh mo chodladh is pian dom chrádh,
is más sláinte an codladh, do chodlas-sa bliain 's mo sháith.


L. 43


B 1651ls 17L
U Anaithnid
An Deirdre dhea-ghnúiseach



Do charas tar aon an Deirdre dhea-ghnúiseach
mhascalach mhaordha dhéidgheal ghlas-shúileach
amharach aobhdha shaorghlan shearcshúgach
charthanach chéillí bhéasach bhradrúnach.



B 1679ls 17D
Is camarsach claon is is craobhach crathurlach
taitneamhach téadach faonchas feadh-ghlúineach
leabhaircheart laobhdha slaodach sreathlúbach
a carnfholt caomhghlan géagach fadchúrsach.



A mama gan mhéid is iad gan bhleachtú d'fhior,
do dhallaibh is réalta, réidhiú ainiúlaigh;
is cailce 's is caol a taobh 's is cneaschumhra,
is ní mheasaim gur théigh re céile ag clannú ris.



Fanaid na héisc re scéimh a slatchúil chais,
is canaid an éanlaith séis ag beannú dhi,
gabhaid na déithe léi gan athchuntar,
's a ndeachaidh de Vénus, bréagfa' an bhean úd sin.



Do ghabhas-sa léi mar scéith dom cheartchumhdach,
cé shearg mo ghné mar aosmhar anshúgach;
is mairg don éag nach gléasann dart chugamsa
do chaithfeadh mo ré go réidh gan mhartrú i mbroid.



B 1829-31ls 19T
U Anaithnid
Do chealg, do chréachtghoin mé go lagthúirseach
is d'athraigh mo ghné mar naomh i nglasuaimh cnoic;
vearsaí ní léim, nó téacsa glanúdar,
's is dearbh nach léir an ghéis tar ghealbhan damh.



B 1679ls 17D
U Anaithnid
Is de gheasaibh na géise is glé-ghlan geanúil cruth
mo cheangal i ngéibheann dhaor go deacúlach,
is nach cneasta dá céimibh téacht do leasú an loit
do deargadh léi go héigceart athmhúltach?


L. 44


B 1829-31ls 19T
U Anaithnid
Ceangal



Is maith an mhaise don ainnir chneasta a géagdhlaoi cham,
a dearca glasa, a mama geala, a géarchí gann,
a basa taise laga leabhra, a haolphíop ramhar;
crasaim feasta ar fhearaibh Breatain, Gael í is Gall.



B 1690flc 17D
U Diarmaid Ruadh Mac Muireadhaigh
Amhrán na bradaíle



Diarmaid Ruadh Mac Muireadhaigh



Más peaca, a bhean na malach gceart gcomhdhlúithe,
an bhradaíl is gach a mbeanann de dhrochrún di,
is é mheasaim, a dhreach mhaiseach, gur cosúil ribh,
bheith i nglasaibh i ngeall aisig ar ghoideabhairse.



Dar mh'fhallaing, a bhé bharrann dheas mhorshúileach,
go bhfaca mé an fadfholt cas-bhogdhlúth sin,
más cead damh a shamhailt gan choiriú libh,
'na ghlacaibh fó dhartaibh an ghod Cúpid.



Nach bradach dhuit, a ainnir an ghoib chumhra,
mar ghadais ó na beachaibh a scothchnuasach,
trér cheangail tú mé i bpeaca go rothnúthach
bheith ag blaiseadh bhur meala gan roidhiúltadh?



Na beacha do chreachadh gé drochmhúinte,
is measa dhuit ort aifir na gcloch gcumhdaigh
do cheangail fear san Aifric go rochlúdtha
bheith 'na seasamh i gcaiseal do ghoib úirghil.



Gé blasta linn a gcanair ná rogha an mhúisic,
is gé taitneamhaí a chlaistean ná soine chiúilchith,
ní fheadar cá talamh don fhoghail chiúin sin
munab ó Shacsaibh do bhradais an foghar liúite.


L. 45


Is don tsneachta taoi ar na hAlpaibh is cosúla
na maime sin ag eascairt tríd bhrollach nua anois,
is don tseadachneas bhíos i bhfalach faoid chotúnaibh
do bhí sealad ag Daphnis an choirp úirghil.



Is peannaid re heala Locha an Dúin ghil,
mar bheanais a hearra 's a fothain dhlúith dhi,
's is galar léi a dath geal go solas-shnua an lil
d'fhaicsin i leacain do shocarghnúise.



Uch! do channarc san mbradaíl go robhrúite
an t-anam sin do bhí annam 'na chosair chrú dhuibh,
acht cheana ní haon danas don bhod ar luaisc sin
bheith agaibhse gion go gcadail go socúlach.



Uch! a ainnir, ná faghthar thú ar an ordú sin
acht tabhair aiseag is gach bradaíl go roiche tú nimh,
nó más leasc leat a n-aiseag 's gur docúlach,
maithimse gach a mbeanann den fhoghail úd duit.


L. 46


B 1679ls 17D
U Anaithnid
Líon an ghrá



Do ghad mo shearc is do gabhadh mé 'na líon -
ach! is fada is galar géar an gníomh.
Is deacair a mheas leath mo phéine tríd;
marthain damh ní feas an féidir mí.



Is leabhair leastach fada faon a dlaoi,
is reamhar glas a dearc 's is caol a braoi,
is tana tais 's is deas a caorghoibín,
is sleamhain seada snasta a taobh 's is mín.



Is gartha glan 's is cailce caomh a cí,
is dalladh fear 's is leadradh laoch a lí;
ba seascair dhamh 'na ngar dá léigeadh sí;
gé tearc a lacht do ghlacfainn é mar dhíol.



Glaca geala seanga is séaghainn slaoi
do cheap fóm easna dairt is éigneach bri,
is aisteach ait gach stair is léir do-ní
ar shleasa datha brat is gréasach fí.



In aisce leat, a bhean, má théid mo dhíth,
seachain feasta m'amharc is déanam síth;
taisc, a chara, maise an chraobhfhoilt chlaoin,
is airm ghaisce, is taca tréan rem chloí.


L. 47


B 1648c 17L
U Dáibhí Ó Bruadair



De chonnradh foirceadal
Dáibhí Ó Bruadair



De chonnradh foirceadal orainn ós cíos dlitheach
túis gach sochair don Tobar ó síorthuilid,
tionscnaim tosach is toradh mo scríbhinne
chum lonnra A thoile 's A mholta go fírinneach.



ADORAMUS TE, CHRISTE



Adhraim thú, a thaibhse ar gcrú,
a mhaighre an mhúir neámhdha,
d'athraigh le searc ón Athair go neart
dár gcabhair i gceart Mháire;
mar ghréin tré ghloin do léimeadh libh
d'aonscrios oilc Ádhaimh,
go rugais le crann duine 's a chlann
a hifearn ceann Cásca.



A choinneall an chuain chuireas chum suain
siosma na nguas ngáifeach,
achainim ort anam an bhoicht
caigil, is coisc Sátan;
gé mise do thuill briseadh do thaoibh
is tuilg na dtrí dtairne,
ná dún do dhearc lonnrach leasc
riom, acht fear fáilte.



Tinne-de ár spéis id bhuime, a Mhic Dé,
gur fionnadh de phréimh Dháibhí;
maighdean bhleacht do dheimhnigh reacht,
radharc is rath máthar;
an fhinnegheal úr do ionaghair thú,
a linbh, i gcúil chrábhaidh,
gloine mar í níor gineadh i gclí
is ní thiocfa go fuíoll mbrátha.


L. 48


Go brách, a Mhic rug Muire mhíorúileach
's do tháil i gcrois gan choir dom chuibhriú-sa,
i ndeáidh a dtugais d'fhuil mar íoc iontu
ná carnaigh cionta ár gcine i gcruinnchuntas.



Is báidheach me re buime an Rídhúilimh
i mbráithreas tug re duine an díolúnach
láidir glic do sciob a phríosúnach
uim Cháisc a bruid an chuithe chríonurlaigh.



Áirdhe tigíd d'fhiort an Fhíorúdair
an lá ria ndul do scrios an scríobúrthaigh;
gé ábhar goil dár n-iocht a bpríomhdhúiseacht,
is fearrde fios gach fine a bhfoilsiúghadh.



Do dheárscnaigh duibhe ar ghile an ghaoi lonnraigh,
i gcás gur chrith an gcruinne gcraoibhiomdha;
do gháir an mhuir 'na mongar mhíchumtha
ag áireamh nith 'na nith a gcríoch chúncais.



A ghrásaigh ghlain do mhuidh ar mhídhúilibh,
a ndearna d'oilc 's a dtuilleamh dísmúinigh,
táth mo loit a hucht an choill chumhra
is máthar nirt is chirt is chaoindúthraicht.



Dúthracht silte do chuisleann, a Chríost, i gcrann
is umhlacht ionmhain tuilg do thaoibh don dall,
ionnradh ifirn, turas nár chlaoite fann,
i gciontaibh duine 's a chlainne ní híobairt ghann.


L. 49


B 1674c 17D



Mairg nach fuil 'na dhubhthuata



Dáibhí Ó Bruadair



Mairg nach fuil 'na dhubhthuata,
gé holc duine 'na thuata,
i ndóigh go mbeinn mágcuarda
idir na daoinibh duarca.



Mairg nach fuil 'na thrudaire
eadraibhse, a dhaoine maithe,
ós iad is fearr chugaibhse,
a dhream gan iúl gan aithne.



Dá bhfaghainn fear mo mhalarta,
ris do reacfainn an suairceas;
do-bhéarainn luach fallainge
idir é 'gus an duairceas.



Ós mó cion fear deaghchulaith
ná a chion de chionn bheith tréitheach,
truagh ar chaitheas le healadhain
gan é a-niogh ina éadach.



Ós suairc labhartha is bearta gach buairghiúiste
gan uaim gan aiste 'na theangain ná suanúchas,
mo thrua ar chreanas le ceannaraic cruaphrionta
ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas le tuatúlacht.


L. 50


B 1674 17D



Is mairg nár chrean re maitheas saoghalta



Dáibhí Ó Bruadair



An tan do thuit i loime is i ndíth costais agus fuair a
phríomhchairde go faillítheach fána fhóirithin.



Is mairg nár chrean re maitheas saoghalta
do cheangal ar gad sul ndeacha in éagantacht,
's an ainnise im theach ó las an chéadluisne
nach meastar gur fhan an dadamh céille agam.



Do chaitheas-sa seal san gcathair ngléigilse
gan anfa easpa ar aithris Éireannaigh;
do leanas go hait an bheart be léire dhom
go scaipeadh na n-aingeal ghreanas géarthuigsin.



An tamall im ghlaic do mhair an ghléphingin,
ba geanamhail gart dar leat mo thréithe-se -
do labhrainn Laidean ghasta is Béarla glic
is do tharrainginn dais ba cleas ar chléireachaibh.



Do bheannachadh dhamh an bhean 's a céile cnis,
an bhanaltra mhaith 's a mac ar céadlongadh;
dá ngairminn baile is leath a ngréithe-sean,
ba deacair 'na measc go mbainfeadh éara dhom.



Do ghabhainn isteach 's amach gan éad i dtigh
is níor aistear uim aitreabh teacht aréir 's aniogh;
dob aitheasc a searc fá seach re chéile againn
"achainghim, ceadaigh blaiseadh ár mbéile-ne".



Fán dtaca-sin, d'fheabhas air na bhféithleann bhfis
ba neartmhaire nath ar nasc dom réir abhus;
ní facathas damh go raibh den fhéile cuid
dob fhearra ná spealadh cheathra an ché ar a bhfud.


L. 51


Dom aire, níor radas mana m'éilnithe,
go hanaba im cheacht gé dleacht do léighinnse,
nó gur gadadh go glan mo theastas ceirde is croidh
amhail do leathfadh deatach d'éadan chnoic.



Ní fada go bhfaca scabal éigin dubh
eadram eacht 's an aicme chéanna choir;
ós feasach gur scar an bleachtas bréige is mhe
níl teanga fá neamh ar bail ná béasa im pluc.



d'athraigh 'na ndearcaibh dath mo néimhe anois
ar aiste nach aithnidh ceart im chéimeannaibh;
ó shearg mo lacht re hais na caomhdhroinge,
d'aithle mo cheana is marcach mé dem chois.



Is annamh an tansa neach dom éileamhsa
is dá n-agrainn fear ba falamh a éiricsin;
ní fhaiceann mo thaise an chara chéibheann chlis
dar gheallamhain seal "is leat a bhféadaimse".



Gé dearfa an stair mo staid nár thréigeas-sa
's im aiscibh nach deachaidh athnamh éislinge,
dá dtagrainn drad gan chead i gcéill ar bith,
an caise thar ais do shailigh mh'éadroime.



Gé fada re sail mo sheasamh tréithchuisleach
ó mhaidin go feascar seasc gan bhéilfhliuchadh,
dá dtairginn banna sleamhain séalaithe
ar chnagaire leanna, a casc ní bhéarainn sin.



Is tartmhar mo thasc ag treabhadh im aonarsa
le harm nár chleachtas feacht ba mhéithe mhe;
d'atadar mh'ailt de reath na crélainne
is do mhartra' an feac ar fad mo mhéireanna.



Gé labhartha leasca an creatsa i bplé rem ucht
is a athardha im aice ag aslach mh'éignithe,
ba baramhail mhear tar lear go ngéillfinnse
do mhalartaibh breaca beart an bhréagaire.


L. 52


Ní machnamh liom mh'acht is breatha Dé dom chur
go leatromach lag im spreas gan spré gan spuir,
fá tharcaisne ag fearaibh teanna is tréithe an truip
's an fhairrge tearc i gceanaibh clé mo choirp.



Ná mealladh mo cheasacht mearbhair aonduine
is ná gabhaid gan aga uim thabhairt bhéirdichte -
ní mairg fá deara leath a léighimse
acht magadh fá chleasaibh cama an fhéirfhichill.



A Athair na bhfeart do cheap na céidnithe,
talamh is neamh is reanna is réithleanna,
earrach is teaspach, tartha is téachtuisce,
t'fheargain cas is freagair mh'éagnachsa.



Dom chabhair go tapa tar, a réchoinneall
d'aisig mo bheatha i gceart led chréachtfhulang;
adaigh im anam acfainn fhéidhlithe
gan mhairg fád reacht go habaigh éifeachtach. Amen.



Éifeacht úr údair na haoise i dtáim
is céadfaidh uird ionraic an Choimdhe cháidh,
a léirchrú súd tiomsaithe i dtoinn fhir ghráidh,
téid amú a phionsa gan ní ina láimh.



Gach réfhlaith fhionn urnaitheach aoibh gan táir
den tréad i bhfonn Fiontain nach íseal d'fhás
rer scéar a chúil dúchais, a mhaoin 's a stát,
do réir a gclú ciontach mar dtaoimse atáid.



A réithleann iúil d'iompaigh an oíche i lá
is do thréig an chrú chumhra nár thuill a tál,
ós éigean dúinn iomchar na daoirse atá,
réidh, a rúin, mh'iontrast i dtír na ngrás. Amen.


L. 53


B 1675 17D



Truagh liom gol deise go dian



Dáibhí Ó Bruadair



Truagh liom gol deise go dian
ar th'uaigh, a shoicheallach shámh;
gach maidean is muirt im shuan
nuall ghuirt na lagbhan lán.



Go hailcneadh an fheartáin úd
leachtán lér loiteadh an ród,
acht a ngníomh níor mhuidh do mhéad,
a ghéag do líon fuil san bhfód.



Do chodladh san gcillse thuas
dod charaid ní cuimse an cás;
do ré níor fionnadh a raon
do thaobh gur bioradh re bás.



D'Uíbh nGearailt, do bhorra-Bhaidhbh,
do hongadh an mbeartghlain mbúidh;
ar Dháil gCais do chuir a clann,
bann nár thais don truigh in úir.


L. 54


B 1680c 17D



Seirbhíseach seirgthe íogair srónach seasc



Dáibhí Ó Bruadair



Seirbhíseach seirgthe íogair srónach seasc
d'eitigh sinn is eibear íota im scornain feacht,
beireadh síobhra d'eitill í gan lón tar lear,
an deilbhín gan deirglí nár fhóir mo thart.



Dá reicinn í 's a feileghníomh do-gheóbhadh ceacht,
is beirt an tí go leigfidís im scórsa casc;
ó cheisnimh sí go bhfeirg linn is beóir 'na gar
don steiling í nár leige Rí na glóire i bhfad.



Meirgíneach bheirbhthe í gan cheól 'na cab
do theilg sinn le greidimín sa bpóirse amach;
cé cheilim ríomh a peidigraoi mar fhógras reacht,
ba bheag an díth dá mbeireadh sí do ghósta cat.



Reilgín an eilitín nach d'ord na mban
is seisce gnaoi dá bhfeicimíd sa ród ré maith;
a beith 'na daoi ós deimhin dí go deó na dtreabh
san leitin síos go leige sí mar neóid a cac.


L. 55


B 1698ob 17D



D'aithle na bhfileadh



Dáibhí Ó Bruadair ?



Do chlainn Chon Connacht Uí Dhálaigh



D'aithle na bhfileadh n-uasal,
truaghsan timheal an tsaoghail;
clann na n-ollamh go n-eagna
folamh gan freagra faobhair.



Truagh a leabhair ag liatha,
tiacha nach treabhair bhaoise;
ar ceal níor chóir a bhfoilcheas,
toircheas bhfear n-óil na gaoise.



D'aithle na bhfileadh dár ionnmhas éigse is iúl
is mairg do-chonnairc an chinneamhain d'éirigh dhúinn;
a leabhair ag tuitim i leimhe 's i léithe i gcúil
's ag macaibh na droinge gan siolla dá séadaibh rún.


L. 56


B 1690obc 17D
U Tadhg Ruadh Ó Conchubhair



De bheartaibh an tsaoghail tslim



Tadhg Ruadh Ó Conchubhair



Ar laghdú a cheathra agus a chostais agus arna thabhairt i
neamh-shuim dá charaid etc.



De bheartaibh an tsaoghail tslim
d'fhear shaidhbhir nach baoghal táir;
madh daidhbhir atá gan chéill -
fáth nach téid an ceart 'na cháir.



Damhsa do fíoradh an scéal:
an tan dob aoibhinn mo sheól
ba mór mo chairdeas 's mo ghaol;
ós bocht ní thig aon dom chóir.



Cé chím iad ní fhaicid mé,
má chíd mé ní fhaicid mé;
saoilid siad ar ndul dom spré
gé mise mé nach mé mé.



Lá samhraidh ó éirghe do ghréin -
tuigeadh gach aon créad an fáth -
muna bhfaicinn mo scáth féin,
nó scáth éin, ní fhaicim scáth.



Is é meas an tsaoghail mhóir,
ó bhraithid mo stór go gann,
dá dtagrainn an ceart 's an chóir
nach bí acht glór amaide ann.



Da mba mise mise a-rís,
ba gile ná an ghile mo shnódh,
ciodh anois ní chuirid cás
in mo bhás ná im bheathaidh fós.


L. 57


Dá mba líonta d'ór mo thrunc
's mo bheith gan unsa de chéill,
adéaradh an maith 's an saith
m'eagna tar Solamh go dtéid.



A Dhé do chuir iad san riocht
is mise san chruth i dtáim,
cion ar chaill mise dá meas,
sirim ort, dom anam dáil.



B 1678ls 17D
U Anaithnid



Gaeil bhochta na glanáille



Nach léar dheitse Gaeil bhochta na glanáille,
na héachtchoin nach géilleann dá n-eascairdibh,
spréite fón Éaraip 'na sealbhánaibh,
gan spré ghlan, gan éadach, gan dea-tháinte?



Tá tréan acu i bhfeidhm ag an Easpáinneach
is tréanaicme shéaghainn sa nGearmáine;
ní féidir ar aon chor a ndea-áireamh,
an mhéid atá i gcéin díobh san Eadáine.



Gidh éifeachtach tréan-neartmhar treasláidir,
réx rathmhar réimchaithreach na Vearsáille,
do ghéabhainn uadh in éiric an aráinsa
mo léigean a dh'fhéachain na seanáite.



Mar éirghim gach aon mhaidin mhochthrátha
'dul d'fhéachain shéanmhaca mong Mháine
is do laghdú mo chéime is mo chonáighse -
ní léar dhamh rí Éirne san chomhdháilse.


L. 58


B 1680-90flc 17D
U Eóghan Ó Donnghaile



Aisling na Binne Buirbe



Eóghan Ó Donnghaile



Tuirseach dhamh ag éirghe lae
san mBinn Bhuirb mo ghné do mhill;
aisling oíche do-chonnairc mé -
táim dá héis go tréathlag tinn.



An aoinbhean dob áille gné
do-chonnairc mé - miste dhúinn -
ar bhruach inbhir na n-éigne mbán
ag ní a lámh 's ag cornadh a cúil.



Folt dualach coinnleach cam,
gach lúb ann ar lí an óir;
gruaidh lí-gheal ó ndealrann grian
do chloídh mo chiall - fáth mo bhróin.



Dhá rosc shuaimhneach shíthe shámh
mar ghormoighre ag snámh ré taobh
mailghe caolchama nach léir
mar scríb ghéir ar mheamram mhaoth.



Déad dlúth fá dheaseagra,
cíocha ganna cruinngheal corr,
a béal tana nár char meang,
a taobh seang tuinngheal trom.



Brat uaine den tsról mhaothlag
'má taobh séaghainn sneachtaí seang;
fa lór d'uamhan a fhéachain
ó gach deilbh n-uathmhair mbeathach ann.



Ceinnbheirt 's ní fhidir a déanamh
'má céibh n-álainn ndualaigh nduinn;
fa lór de shoillse i mbrugh dhorcha
lonnradh a cloch corrghlan cruinn.


L. 59


Scabal suaithnidh faodhach fann
go mba léir ann a hucht gan fhuath;
léine 'má cneas síothghlan séimh
de chlúmh géise arna ní go nua.



Gabhaim iongnadh, druidim ré,
fiafraím féin go faiteach fann
"th'ainm bunaidh, do thír dhúthchais,
foilsigh dhúinn, a mhéarlag mhall".



"Faoileann Tuinne m'ainm baistidh
do-bheir gaiscigh i ndíth céille;
Borb na Binne m'athairse,
's í mo mháthair Dealradh Gréine.



"Bím seal san mBinn Bhuirbse,
i Síth Dhuilbh 's i mBinn Éadair;
i nDún Lir do-gheibhim fáilte
is bím lá in Inbhear Scéine.



"Bím lá i gCnoc Máine -
cnoc sin is áille tuairim;
bím lá lán dá n-annsacht
i measc bhantracht Eamhna uaine.



"Bím lá i mBrugh Naoise
'gá mbíodh críocha fá chánaigh;
bím seal go sámhghlan socair
istigh i nDún Eochair Mháighe.



"Níl dúnadh nua-ghlan niamhdha
fó iathaibh fiadh-ghlan Fiontain
nó brugh soillseach suaithnidh
nach gcuairtím seal dem aimsir.



"Ag sin duitse mo scéala -
ní aimsím bréaga d'innsin;
bím seal fós go meadhrach
i dteaghlach aonaigh Thailtean."


L. 60


"Tug sinne, a dhearc mhálla,
tar mhnáibh na talmhan truime
dot chéibh choinnligh chuachaigh
tromghrádh suaithnidh suirghe."



"San ghrádh sin ní bhfuil tádhbhacht,
gé hághmhar imrir cleasa,
ní bhia sinne ag fear dá óige
acht an fear fhóirfeas ar ngeasa."



"Do gheasa leatsa sloinntear -
ré a n-innsin ná gabh uamhan -
d'fhios an dtiocfadh uair éigin
rér bhféidir linn a bhfuascladh."



"Codladh ar corr gach liosa,
gan cliseadh, re sluaghaibh diamhra;
de bhiadh fós uisce is caora
gach n-oíche go ceann bliadhna.



"Gibé fear seang-ghlan séadach
dhéanas a nochtaim dhíbhse,
biaidh mise ó cheann na bliadhna
aige gan siabhradh síthe."



D'éis an chomhráidh bhéilbhinn
ní fhéadaim codladh sáimhe
is táim mar sin dá tóraíocht,
mo dhóigh, le trí ráithe.



Ó, ar ghrádh adhbhal uaibhreach
dá gruaidhibh corcra cuinnleach,
gan suan, gan codladh sáimhe,
atáim go támhlag tuirseach.


L. 61



Seán Ó Néill



Eóghan Ó Donnghaile



Ceist ar eólchaibh iath Banbha,
a bhfuil re heólas ealadhna:
créad do-bheir, gan gleic dá chionn,
Éire ar urlámh eachtrann?



Síol Néill, dar dhual gach umhla,
na fionnchroinn go gcnuasaibh cumhra -
a dtuitim gach lá dá ngloinn ghoile
tug fonn Éireann in anbhfainne.



Díochur na dreime-se Síol Néill,
fiodhradh na gcrann gcaoilréidh,
do-bheir gasradh Ghaoidheal grinn
ag fascnamh ó iathaibh Éireann.



A dtuitimsa mar scríobhthar linn
gé cás doiligh do-fhulaing,
teacht uathu do shaoilfeadh cách
gur thuit aoinbhile Teamhrach.



Aoinbhile Teamhrach Seaán Ó Néill,
mac Cuinn Bhacaigh na n-éacht n-aidhmhéil,
fear nár chaomhain crodh ná creach,
arsaidh na gcleas n-iongantach.



Fear mar Oscar uair oile,
ar áille coirp chaomhghloine;
fear gan uamhan ag triall a-mach,
an mílidh mar Chonall Cearnach.



Fear fá cosmhail borrfadh is brígh
re hilchleasaibh Chon an Chleitín,
fear gan éara um ór do neach,
taidhleóir tréan Tighe Teamhrach.


L. 62


Fear gan scáth re hucht greise
nó re biodhbhaidh dá mhórthreise;
fear do sheasmhadh an taobh ba troma,
eanga na ndrong n-allmhardha.



Fear gan coimheas leis, dar linn,
d'óigfhearaibh iatha Éireann;
fear dar dhual, gan gleic da chionn,
tairseach teallaigh na Tailtean.



Ba dhual do Sheaán Cathair Chuinn,
Dún Áine is Dún Geanainn;
géag d'fhionnchrannaibh Teamhrach Breagh,
fionnchrann ba truime toradh.



Dual dósan Eamhain Uladh,
aitreabh saor na seanchuradh,
dual dó, tré chéimibh uí Chuinn,
airdcheannas ar fhearaibh Éireann.



Breac taoibhgheal tuinne Doire,
a thuitim is caor urbhaidhe,
éigne Banna na n-eas n-áille,
maighre Suca is seanMháighe.



Seabhac siubhlach Maighe Linne,
marcach Maighe Muirtheimhne,
ré a thuitim - is truagh linn -
do thuit Éire ar a huillinn.



Do thuit Éire, dearbhtha linn,
do thuit Seaán mac saorChuinn,
damhna ríogh gan aon bhéim,
den fhíorfhuil sin naoimhNéill.



Leónadh chlár Éireann uile
bás Sheaáin, cúis urbhaidhe,
triath tromdha nach claon eachtrann,
féinnidh fá cuimseach croibhneartmhar.


L. 63


Caill báire i mbéal bearna
bás na géige fíneamhna,
caill cluiche chlár Uladh
bás síthbheithre na saorchuradh.



Créacht neimhneach nach leigheas losa
bás mhic ardríogh Bhearnasa;
do laghdaigh uaill Ultach ann
's do mhéadaigh uaill bhfear n-eachtrann.



Na croinn is airde toradh
dóibh is foigse airdleagadh,
mar is léir tré éagbhás uí Chuinn,
féinneadha gan aonmhaith fá urraim.



Do thuit uaithne inse hAirt
in Eachdhroim - cá frithre feilbheart? -
doilghe Seaán na sleagh neimhneach,
aonuaithne bhfear nÉireannach.



Aonuaithne Éireann uile
Seaán mhac Cuinn, breac buantuile,
lámh gan choisce, gan coimheas ris,
ríghbheithre áigh is iongantais.



Nó go n-áirmhthear gaineamh mara
nó duille feadha fotharsna,
ní háirmhthear gan locht gan bhéim
gach maith dá raibh i Seéan.



Slán feasta re gach féile,
re gaisce is re glainmhéine;
do thuit lámh seasmha ar sochair -
go bráth is ceist chrua-dhochair.


L. 64


B 1826ls 19T
U Anaithnid



Eibhlín, a rún



Le grá dhuit níl radharc im chionn,
a Eibhlín, a rún!
Bheith ag trácht ort is saibhreas liom,
a Eibhlín, a rún!
Mo mhóráil róghrinn is tú,
sólás na soillse is tú,
mo ghreann is mo mheidhir is tú,
a Eibhlín, a rún!
Mo bhruinneall go deimhin is tú,
mo cholúr dá bhfuil sa gcoill is tú,
is ar mo chroí istigh níl leigheas gan tú,
a Eibhlín, a rún!



Le cúirtéis is clú bhéithe thú,
a Eibhlín, a rún!
Dúrt bréag nó is liom féine thú,
a Eibhlín, a rún!
Is breátha ná Vénus tú,
is áille ná réilteann tú,
mo Hélen gan bhéim is tú,
a Eibhlín, a rún!
Mo rós, mo lil, mo chaor is tú,
mo stór dá bhfuil sa tsaol seo thú,
rún mo chroí is mo chléibh is tú,
a Eibhlín, a rún!



Rachainn tar sáile leat,
a Eibhlín, a rún!
Is go deó ní fhágfainn tú,
a Eibhlín, a rún!
Le staraíocht do bhréagfainn tú,
do bhlaisfinn do bhéal go dlúth,
is shínfinn go séimh led chom,
a Eibhlín, a rún!
Thabharfainn aeraíocht duit cois abhann,
faoi ghéaga glasa crann,
ceól na n-éan os ár gceann,
a Eibhlín, a rún!


L. 65


Le díograis tar bheatha dhuit,
a Eibhlín, a rún!,
do luífinn ar leaba leat,
a Eibhlín, a rún!
d'fháiscfinn im ghéaga thú,
choinneóinn go séanmhar thú,
ghráfainn tar éinneach thú,
a Eibhlín, a rún!
A réilteann mhaiseach mhodhail,
sul a mbéinn duit bun os ceann
och! éagadh ba thúisce leam,
a Eibhlín, a rún!


L. 66


B 1825lsc 19T



Seán Ó Duibhir an Ghleanna



Ar m'éirí dhom ar maidin,
grian an tsamhra' ag taitneamh,
chuala an uaill á casadh
agus ceól binn na n-éan,
broic is míolta gearra,
creabhair na ngoba fada,
fuaim ag an mac alla,
is lámhach gunnaí tréan,
an sionnach rua ar an gcarraig,
míle liú ag marcaigh,
is bean go dúch sa mbealach
ag áireamh a cuid gé.
Anois tá an choill á gearradh,
triallfaimíd tar caladh,
is a Sheáin Uí Dhuibhir an Ghleanna,
tá tú gan géim.



Is é sin m'uaigneas fada,
scáth mo chluas á ghearradh,
an ghaoth aduaidh 'om leathadh
agus bás ins an spéir,
mo ghabhairín suairc á cheangal,
gan cead lúith ná aistíocht',
do bhainfeadh gruaim den leanbh
i meán ghile an lae,
croí na huaisle ar an gcarraig,
go ceáfrach buacach beannach,
a thiocfadh suas ar aiteann
go lá deire an tsaoil;
is dá bhfaighinnse suaimhneas tamall
ó dhaoine uaisle an bhaile,
thriallfainn suas go Gaillimh
is d'fhágfainn an scléip.


L. 67


Táid féaráin Ghleanna an tSrotha
gan ceann ná teann ar lochtaibh;
i Sráid na gCuach ní moltar
a sláinte ná a saol.
Mo lomadh Luain gan foscadh
ó Chluain go Stuaic na gColm,
's an giorria ar bhruach an rosa
ar fán lena ré.
Créad í an ruaig seo ar fhearaibh
bualadh, buanadh is cartadh,
an smóilín binn is an londubh
gan sárghuth ar ghéig?
Is gur mór an tuar chun cogaidh,
cléir go buartha is pobal
á seóladh i gcuanta loma
i lár ghleanna an tsléibhe.



Is é mo róchreach mhaidne
nach bhfuair mé bás gan pheaca
sul a bhfuair mé scannal
fá mo chuid féin,
is a liacht lá breá fada
a dtig úlla cumhra ar chrannaibh,
duilliúr ar an daraigh
agus drúcht ar an bhféar.
Anois táim ruaigthe óm fhearann,
in uaigneas fuar óm charaid,
im luí go duairc faoi scairtibh
is i gcuasaibh an tsléibhe;
is mura bhfaigheadsa suaimhneas feasta
is cead fuireach aige baile,
tréigfidh mé mo shealbh,
mo dhúthaigh is mo réim.


L. 68


B 1834lsc 19L
Éamann an Chnoic



A chúl álainn deas na bhfáinní gceart,
is breá 's is glas do shúile,
is go bhfuil mo chroí á shlad mar a sníomhfaí gad
le bliain mhór fhada ag tnúth leat.
Dá bhfaighinnse le ceart cead síneadh leat
is éadrom deas do shiúlfainn,
is go réidhfinn gach scairt ag éaló lem shearc
ar choillte ag spealadh an drúchta.



Cé hé sin amuigh ar mhaoilinn an chnoic
ag síorchur mo chodladh amú orm?
Tá Éamann an Chnoic, an péarla breá fir,
is é ag iarraidh dul ina dhúiche.
A Rí is a chuid, cad a dhéanfas mé riot
mura dtóga mé binn de mo ghúna?
Ach tá an oíche seo fliuch is é ag síobadh anoir
is b'fhéidir go ndionfaí ár bplúchadh.



Is fada mise amuigh faoi shneachta agus faoi shioc
is gan dánacht agam ar éinneach,
mo sheisreach gan scur, mo bhranar gan cur,
is gan iad agam ar aon chor.
Níl caraid agam, is danaid liom san,
a ghlacfadh mé moch nó déanach,
is go gcaithfidh mé dul tar farraige soir
ós ann nach bhfuil mo ghaolta.



A ghrá is a chumainn is a ghrá gach nduine,
an dtriallfá seal don Mhumhain liom,
mar a bhfaighimis go deimhin ceól agus imirt,
uaisle na bhfear ag súgradh,
caora cuilinn, samhadh agus biolar,
blátha agus boladh na n-úlla? -
is go brách ní thiocfaidh an bás inár ngaire
i lár na coille cumhra.


L. 69


Is do bhéarfainn an leabhar, gan bhréig duit le fonn,
go ndéanfainn do thoghadh, a chéadbhean,
is do raghainn leat anonn tar tréanmhuir na dtonn,
gan éadach ar domhan ach im léine.
Mura ndéarfaidh tú in am go n-éalóidh tú leam,
is tréith mise 's is fann gan éifeacht,
mar aongheilt i ngleann, gan éirim gan mheabhair,
faoi ghéaga na gcrann im aonar.


L. 70


B 1834lsc 19L



Mal Dubh an Ghleanna



Tá ba agam ar sliabh is gan duine agam 'na ndiaidh
ach mise dom chiapadh leóthu,
is m'fhocal duit, a Dhia, ós ort atá mo thriall,
gur bhaineadar mo chiall go mór díom.
Mise a bheith liom féin - folamh, ó! ní bhéidh,
anois agus mé i dtús m'óige,
is gur mall guth gach éin a labhras leis féin
ar mhala nó ar thaobh na móna.



Is ag Mal Dubh an Ghleanna tá mo ghrá-sa i dtaisce
's í nach bhfuair guth ná náire.
Is caothúil múinte maiseach adúirt sí liom ar maidin
"imigh is ná féach go brách mé",
is a liacht óigfhear cneasta ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh,
nó as sin go hUmhall Uí Mháille,
ag triall chun an Ghleanna ar eacha donna deasa
ag súil leis an mbean dubh is áille.



Dá bhfaghainnse bean ón bprionsa is bean ón impire
is bean eile ó Rí Seóirse,
bean na n-órfholt buí a bheith agam mar mhnaoi
nó bean eile is míle bó léi,
iníon óg an Iarla is í ' bheith go priaclach
dom iarraidh féin le pósadh,
mná deasa an domhain is dá bhfaghainn orthu mo roghain,
's í Mal Dubh an Ghleanna a thógfainn.



Siúd é thall mo theach, gan tuí air ná scraith,
is é déanta ar leataobh an bhóthair.
Nuair a chríonann an tslat ní bhíonn uirthi meas
mar a bhíonn ar an gcrann is óige.
Nach críonna í an bheach tráth ' ní sí a nead
le grian is le teas an fhómhair?
Is a chúl álainn deas a dtug mé dhuit gean,
cuirim slán agus beannacht go deó leat.


L. 71


B 1775lsc 18D
U Anaithnid
Úna Bhán



A Úna chléibh, a ghéag na n-úrchíoch tais,
na nglas-shúl claon, is a chraobhfholt trom buí deas,
dá bhfaightí spré leat, céad bó, is chúig mhíle each,
b'fhearr thú féin ná gach séad dá dtabharfaí leat.



A Úna, a chara, a dhalta na ndaoine suairc,
is tú is so-chaideartha dá bhfaca mé riamh ar tuath;
do bhéilín tana is lasadh ón gcaoir id ghrua;
is buan mo ghean ort is ní rachaidh mé choíche ar cuairt.



Dá mbeadh a fhios agam go dtug tusa grá dhom féin,
beinn dod mholadh go stopfadh an bás mo bhéal;
a phéarla an bhrollaigh ghil shochma is áille méin,
b'fhearr liom ' mo chodladh leat i bhfogas ná i láthair Dé.



Is geal na cosa atá ag eochair an déidghil úir
is dhá chíoch chorra ina huchtsa nár féachadh i ndrúis,
a cliathán nocht a bhéarfadh solas don ghréin ar dtús,
agus bíodh ormsa go molfaidh sí féin a clú.



Dá bhfeictheá-sa mo róghrá is a horla buí
is a píobán go róbhreá ar nós an aoil,
is a faoi gháire fíneálta do bhreóidh mo chroí -
mo dhíobháil ó chliabhán go cróchar í.



Tá folt triopallach ag titim go talamh ina taobh,
súil thirim i mogall gan chasadh gan chlaon;
mar an gcaoir chuilinn ag titim is samhail dá béal;
is deirim, ní cheilim, do mhearaigh tú mé.



A Úna Bhán, ní háil liom féin ach thú,
tar go dána, a chlár an éadain úir;
is tú ba háille bhreátha céibh is cúl,
anois ó tharla i lár na léine thú.


L. 72


Shiúil mé na cúigí de mháirseáil chrua
agus dhiúltaigh an cúpla mo lámh bhreá shuairc;
úrscoth na Búille dob fhearr faoi bhuaibh
nárbh fhiúntaí a cumhdach ná bás d'fháil uainn?



A Úna mhilis, is deimhin is éadáil thú
is ó aois an linbh a hoileadh mar bhréagán thú;
aon do gineadh ó bhile na ngéagán úr,
a phlúr na cruithneachta is tú d'ullmhaigh mo ghné don úir.



A Úna, a rúin, is tú a mhearaigh mo chiall,
a Úna, a rúin, is tú a chuaidh eadar mé is Dia,
a Úna, a rúin, a lúib chumhra chasta na gciabh,
b'fhearr dhamhsa a bheith gan súile ná t'fhaicsint ariamh.



Mo scrúdadh thú, a Úna Nic Dhiarmada Óig,
a chraobh chumhra na ndúilbheart is na mbriathar ceóil;
do bhéal siúcra mar an leamhnacht mar fhíon is mar bheóir,
do chos lúfar a shiúlfadh gan fiar ina bróig.



A shúil is glaise ná ligean anuas an bhraoin,
a bhéal is binne ná ceiliúr na gcuach ar craoibh,
do thaobh is gile ná coipeadh na gcuan seo thíos,
a chuid is a chumainn is minic mé ar buaireamh thríot.



Do chúl geal fáinneach bláthcheart ba órga
nár chuir spás i gcás na droch-chomhairle;
féachaidh, a mhná, cé b'fhearr ná an t-ochón seo
aon liú amháin ag Áth na Donóige?


L. 73


B 1830lsc 19T
U Anaithnid



Dónall Óg



Tá mo ghrá-sa ar dhath na sméara
is ar dhath na n-airní lá breá gréine,
ar dhath na bhfraochóg ba dhuibhe an tsléibhe,
's is minic a bhí ceann dubh ar cholainn ghléigeal.



Tá mo chroí-se chomh dubh le hairne,
nó le gual dubh a dhóifí i gceárta,
nó le bonn bróige ar hallaí bána,
is tá lionn dubh mór os cionn mo gháire.



A Dhónaill Óig, b'fhearr duit mise agat
ná bean uasal uaibhreach iomarcach;
chrúfainn bó is dhéanfainn cuigeann duit,
is dá mba chruaidh é bhuailfinn buille leat.



A Dhónaill Óig, má théir thar farraige,
beir mé féin leat is ná déan mo dhearmad;
beidh agat féirín lá aonaigh is margaidh
is iníon rí Gréige mar chéile leapa agat.



Má théir anonn tá comhartha agam ort:
tá cúl fionn is dhá shúil ghlasa agat,
dhá chocán déag i do chúl buí bachallach
mar bheadh béal na bó nó rós i ngarraithe.



Is déanach aréir a labhair an gadhar ort,
do labhair an naoscach sa churraichín doimhin ort;
tú id chaonaí uaigneach ar fuaid na gcoillte,
is go rabhair gan chéile go héag go bhfaighir mé.



Gheall tú dhomsa, is rinne tú bréag liom,
go mbeifeá romham ag cró na gcaorach;
lig mé fead is dhá ghlao dhéag ort
is ní bhfuair mé romham ach na huain ag méiligh.


L. 74


Nuair a théimse féin go Tobar Phádraig
ag tabhairt an turais ar son mo ghrá ghil -
níl mo shúil leat inniu ná amárach,
a mhuirnín dílis, mo mhíle slán leat.



Gheall tú dhomsa ní ba dheacair dhuit,
loingeas óir faoi chrann seóil airgid,
dhá cheann déag de bhailte margaidh
is cúirt bhreá aolta cois taobh na farraige.



Ní raibh id ghrá-sa ach mám den tsneachta gheal,
nó gaineamh i dtrá i lár na farraige,
nó feóchan gaoithe thar dhruim na ngarraithe,
nó tuile thréan do bheadh t'réis lae fearthainne.



Dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
aon lá den tseachtain ná Dé Domhnaigh;
is olc an tráth ar thug sí rabhadh dhom -
's é fál ar an ngort é i ndiaidh na foghla.



Is mithid dom féin an baile seo a fhágáil;
is géar an chloch 's is fuar an láib ann;
is ann a fuaireas guth gan éadáil
agus focal trom trom ó lucht an bhéadáin.



Fuagraim an grá - is mairg a thug é
do mhac na mná úd ariamh nár thuig é;
mo chroí ' mo lár gur fhág sé dubh é
is ní fheicim ar an tsráid seo ná in áit ar bith é.



Bhain tú thoir dhíom is bhain tú thiar dhíom,
bhain tú an ghealach is bhain tú an ghrian díom,
bhain tú an croí geal a bhí ' mo chliabh dhíom
's is rí-mhór m'fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.


L. 75


B 1851-57ls 19L



An Chúileann



Bhí mé lá geimhridh ar bhinse cois Bóinne
agus tharla dhamh an mhaighdean le soillse an tráthnóna,
fá na heachraí a bhí riabhach agus diallaide órbhuí,
is bhí ceólta go meidhreach le maighre an chúil ómra.



Dá bhfeictheá an spéirbhean is í taobh leis an toinn,
fáinne óir ar gach méir léi is í ag réiteach a cinn;
's é dúirt caiptín Rí Séamas leis an mate ar an loing
go mb'fhearr leis aige féin í ná Éire gan roinn.



'S í mo shiúr í, 's í mo rún í, 's í mo ghrá is mo dhalta,
's í grianán na bhfear óg í gach aon lá den tseachtain;
tá a grua mar an rósa is a píob mar an eala,
is mo chumha gan mé im chónaí mar a gcóiríonn sí a leaba.



Do b'fhéidir go mbeinnse agus maighre an chúil ómra
ag súgradh is ag éisteacht le haifreann ár bpósta,
ach más ní nach rachaidh ar aghaidh é is deimhin go mbead brónach,
im gheilt ar fud coillte le soillse an tráthnóna.


L. 76


B 1845lsc 19L



An raibh tú ar an gCarraig?



An raibh tú ar an gCarraig nó an bhfaca tú féin mo ghrá,
nó an bhfaca tú gile nó finne nó scéimh na mná,
nó an bhfaca tú an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth,
nó an bhfaca tú mo vailintín nó an bhfuil sí á cloí mar táim?



Bhíos-sa ar an gCarraig is channaic mé féin do ghrá,
channaic mé gile agus finne agus scéimh na mná,
channaic mé an t-úll ba chumhra is ba mhilse bláth,
channaic mé do vailintín agus níl sí á cloí mar táir.



Nuair a bhímse im chodladh bíonn osna gan bhrí im chliabh
is mé im luí idir chnocaibh go dtige an ghrian aniar;
a rúin ghil 's a chogair, níl furtacht mo chúise ach Dia,
's go ndearnadh loch fola de sholas mo shúl id dhiaidh.



Is go dtige an Cháisc ar lár an fhómhair bhuí
is Lá Fhéile Pádraig lá nó dhó ina diaidh,
go bhfása an bláth bán trí lár mo chomhra chaoil,
páirt ded ghrá go bráth ní thabharfad do mhnaoi.



Siúd í thíos an ríbhean álainn óg
a bhfuil a gruaig léi scaoilte síos go barr a bróg;
is í an eala í mar an lítis a shíolraigh ón tsárfhuil mhór -
a chara ghil mo chroí, céad míle fáilte romhat.


L. 77


B 1821-24ls 19T



An droighneán donn



Shílfeadh aonfhear gur dil dó féin mé nuair a luíonn dom mionn,
is go dtéann dhá dtrian síos díom nuair a smaoiním ar do chomhrá
liom;
sneachta síobtha is é á shíorchur faoi Shliabh Uí Fhloinn
is go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-airní atá ar an
droighneán donn.



Shíl mé féin nach ag ceasacht spré orm a rachadh grá mo chroí
is nach bhfuígfeadh sé ina dhiaidh mé mar gheall ar mhaoin;
fa-raor géar nach bhfuilim féin is an fear a chráigh mo chroí
i ngleanntán sléibhe i bhfad ó éinneach 's an drúcht 'na luí.



Tá féirín le mo chéadsearc i mo phóca thíos
is fearaibh Éireann ní leigheasfaidís mo bhrón fa-raor;
nuair a smaoinímse ar a chúrsaí is ar a chúl breá donn
bím ag géarghol os íseal is ag osnaíl go trom.



Go bhfaighe mé féirín lá an aonaigh ó mo bhuachaill deas,
is comhrá séimhí ina dhéidh sin ó phlúr na bhfear;
fa-raor géar nach bhfuileam féin is an sagart 'mar gcionn
go ndúblaímis ár gcúrsaí sul fá dtéid sé anonn.



Pé 'narbh olc leis é, molfaidh mise grá mo chroí,
is pé 'narbh olc leis é, suifidh mé lena thaoibh,
is pé 'narbh olc leis é, míle arraing trí lár a chroí;
is a réalta an tsolais i mbéal an phobail, is tú a bhreóidh mo chroí.



Is a Dhia dhílis, céard a dhíonas mé má imíonn tú uaim? -
níl eólas chun do thí agam, chun do thine ná do chlúid.
Tá mo mháithrín faoi leatrom is m'athair san uaigh,
tá mo mhuintir go mór i bhfeirg liom is mo ghrá i bhfad uaim.



Tá smúid ar mo shúile is níor chadail mé néal
ach ag smaoineamh ortsa, a chéadghrá, má b'fhada an oíche aréir.
Faoi do chúrsaí do dhiúltaigh mé an domhan go léir,
is a chraobh chumhra cad as a dtabharfá do leabhar i mbréig?


L. 78


Is fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an gcladh a bhíonn ard,
is cladh beag íseal lena thaoibh sin ar a leagfadh sé a lámh;
cé gur ard an crann cárthainn bíonn sé searbh ina bharr
is go bhfásann sméara is sú craobh ar an gcrann is ísle bláth.



Dhá chéad slán is duit a bhéarfainn, a mhíle grá,
is ó lucht na mbréag ní maith fhéadaim do thaobhacht d'fháil;
níl coite agam a chuirfinn i do dhiaidh ná bád
is go bhfuil an fharraige ina lán mara romham is nach eól dom snámh.



Tabhair mo bheannacht chun an bhaile úd thiar na gcrann,
nó chun an bhaile a bhfuil mo tharraingt go luath is go mall;
is iomaí bealach fliuch salach agus bóithrín cam
atá ag dul eadar mé 's an baile a bhfuil mo stóirín ann.



Is a ógánaigh a chóiríonn do chúl go deas,
is ní deise ná mar a chóireófá srian ar each,
tá na hógmhná dá shíor-rá liom gur tú mo shearc,
is lá léin orthu, is lách éadrom atá mo dhíobháil leat.



Tá cluanaí beag de bhuachaill ró-dheas ins an áit,
a bhfuil a chúilín deas dlúth air is é fite go barr;
níl ach díomhaointeas dom dhaoine ina bhfuil siad a rá -
's é mo mhian é is bíodh na mílte céad fear ar an tsráid.


L. 79


B 1845lsc 19L



Cé sin ar mo thuama?



"Cé sin ar mo thuama
nó an buachaill den tír thú?"
"Dá mbeadh barra do dhá lámh agam
ní scarfainn leat choíche."
"A áilleáin agus a annsacht,
ní ham duitse luí liom -
tá boladh fuar na cré orm,
dath na gréine is na gaoithe."



"Tá clog ar mo chroí istigh,
atá líonta le grá dhuit,
lionndubh taobh thíos de
chomh ciardhubh le hairne;
"Má bhaineann aon ní dhíot
is go gcloífeadh an bás tú,
beadsa im shí gaoithe
romhat thíos ar na bánta."



"Nuair is dóigh le mo mhuintir
go mbímse ar mo leaba,
ar do thuama a bhím sínte
ó oíche go maidin,
ag cur síos mo chruatain
is ag crua-ghol go daingean,
trí mo chailín ciúin stuama
do luadh liom 'na leanbh."



"An cuimhin leat an oíche úd
a bhíos-sa agus tusa
ag bun an chrainn droighnigh
is an oíche ag cur cuisne?
Céad moladh le hÍosa
nach ndearnamar an milleadh,
is go bhfuil mo choróin mhaighdeanais
'na crann soillse ós mo choinne."


L. 80


"Tá na sagairt is na bráithre
gach lá liom i bhfearg
de chionn a bheith i ngrá leat,
a Mháire, is tú marbh.
Dhéanfainn foscadh ar an ngaoith dhuit
is díon duit ón bhfearthainn,
agus cumha géar mo chroí-se
tú a bheith thíos ins an talamh.



"Tabhair do mhallacht dod mháithrín
is áirighse t'athair,
is a maireann ded ghaolta
go léireach 'na seasamh,
nár lig dhom thú a phósadh
is tú beó agam id bheatha,
is ná hiarrfainn mar spré leat
ach mo léintín a ghealadh."


L. 81


B 1849lsc 19L



Eóchaill



Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEóchaill
casadh an óigbhean orm sa tslí.
Bhí scáil ar lasadh 'na leacain ró-dheas
is ba bhinne a beól ná na ceólta sí.
Leag mé lámh ar a bráid le mórtas
is d'iarr mé póigín ar stór mo chroí.
Is é dúirt sí "Stad is ná strac mo chlóicín,
is gan fios do ghnó aige bean do thí".



"Ag seo mo lámh dhuit nach bhfuilim pósta
is gur buachaill óg mé thug gean dod ghnaoi,
is dá dtiocfá liom ar dtús go hEóchaill
go bhfaighfeá ómóid mar gheóbhadh bean tí;
chuirfinn culaith shíoda i gceart is i gcóir ort,
gúna, clóca is caipisín;
bheadh siopa dram agat den fhíon is den bheóraigh
is do leanbh óg deas ag siúl an tí."



"Tá mé in amhras go bhfuil tú pósta
is ná cuir aon stró orm ag siúl na slí;
fill ar ais chun na tíre is cóir dhuit -
is ann is dóigh liom atá do mhaoin.
Óir gach a ngeallair ní dhéanfá a chomhalladh,
is ní shiúlfá an ród liom ach seal den oich',
ach scaoilfeá abhaile mé gan fiú na bróige,
is fuair mé comhairle gan bheith id líon."



"Níl sé ach tamall beag ó d'fhág mé Eóchaill
is ní ligeann an brón dom filleadh arís;
do bheadh mo mhuintir i bhfeirg mhóir liom
is ní bhfaighinnse fóirthin óm chairde gaoil;
leath a n-abair siad ní dhéanaim a gcomhairle
ach buailim an bóthar de ló is d'oích';
is cailín scaite mé atá ag siúl an bhóthair
ag iarraidh an eólais ar Cheapach Chuinn."


L. 82


B 1849lsc 19L



Caiseal Mumhan



Phósfainn thú gan bha gan phunt gan áireamh spré,
agus phógfainn thú maidin drúchta le bánú an lae.
'S é mo ghalar dúch gan mé is tú, a dhianghrá mo chléibh,
i gCaiseal Mumhan is gan de leaba fúinn ach clár bog déil.



Siúil, a chogair, is tar a chodladh liom féin sa ghleann;
gheóbhaidh tú foscadh, leaba fhlocais is aer cois abhann;
beidh na srotha ag gabháil thorainn faoi ghéaga crann;
beidh an londubh inár bhfochair is an chéirseach dhonn.



Searc mo chléibh a thug mé féin duit is grá trí rún,
's go dtaga sé de chor sa tsaol dom bheith lá 'gus tú
is ceangal cléire eadrainn araon is an fáinne dlúth;
is dá bhfeicfinn féin mo shearc ag aon fhear gheóbhainn bás le cumha.



B 1831 19T



Cormac Óg



Táid na coilm ag súgradh is an samhradh ag teacht,
is an bláth ag briseadh trí mhullaí na gcrann amach,
ar toinn tá an biolar go triopallach glúineach glas,
is na coirceóga ag sileadh le hiomad de shú na mbeach.



Is iomdha toradh is meas ar an gcoill seo thuas,
is óigbhean mhaiseach cheart an tseang-choirp shuairc,
céad bó bhainne, capall groí agus uan,
cois Laoi na mbreac - mo chreach mé ar díbirt uait.



Táid na héin ag déanamh gotha agus ceóil,
táid na laoigh ag géimneach go tréan chun sochair na mbó,
táid na héisc ag réabadh coradh ar an bhfeór,
is mise féin im aonar is Cormac Óg.


L. 83


B 18--ls 19T



Ceó meala lá seaca



Ceó meala lá seaca ar choillte dubha daraí,
is grá gan cheilt atá agam dhuit, a bháinchnis na ngealchíoch,
do chom seang, do bhéal tana is do chúilín a bhí cas mín,
is a chéadsearc, ná tréig mé is gur mhéadaigh tú m'aicíd.



Dá bhfeictheá-sa an chúileann is í ag siúl ar na bóithre,
maidin lae samhraidh is an drúcht ar a bróga;
's í mo shearc í, 's í mo rún í is níl tnúth aici le hóige
is rug sí barr múinte ar chúig cúigí na Fódla.



An cuimhin leat an oíche a bhíomar ar an bhfuinneóig,
a rug tú ar láimh orm is gur fháisc tú orm barróg?
Shíneas-sa síos leat is ' mo chroí ní raibh urchóid,
is bhí mé ' do chomhluadar nó go gcuala mé an fhuiseóg.



Níl airgead, níl ór agam, níl cóta, níl léine,
níl pingin ' mo phóca is go bhfóire Mac Dé orm.
Do gheall mé faoi dhó dhuit sul ar phóg mé do bhéilín,
a mhaighre an chúil ómra, nach bpósfainn lem ré thú.



A stór dhil mo chroí istigh, bí dílis is bí daingean,
is ná tréig rún do chléibh mar gheall ar é a bheith dealamh.
Bhéarfainn duitse an Bíobla, a bhfuil faoi agus thairis,
go dtabharfadh Dia dílis cuid na hoíche dhúinn le caitheamh.



A mhuirnín is a annsacht a mheall mé i m'óige,
le do chluainíocht mhín mheantlach gur gheall tú mo phósadh,
má thug mo chroí gean duit, dar leamsa gur leór sin,
is gur fhág tú mé i leanndubh ar theacht an tráthnóna.


L. 84


B 1830lsc 19T



Róisín Dubh



A Róisín ná bíodh brón ort fár éirigh dhuit -
tá na bráithre ag dul ar sáile is iad ag triall ar muir,
tiocfaidh do phardún ón bPápa is ón Róimh anoir
is ní spáráilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.



Is fada an réim a lig mé léi ó inné go dtí inniu,
trasna sléibhte go ndeachas léi is mo sheólta ar muir;
an Éirne scoith sí de léim í cé gur mór é a sruth;
is mar cheól téad ar gach taobh di a bhíonn mo Róisín Dubh.



Mhearaigh tú mé, a bhradóg, is nár ba fearrde dhuit,
's go bhfuil m'anam istigh i ngean ort is ní inné ná inniu.
d'fhág tú lag anbhann mé i ngné is i gcruth;
ná feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh.



Shiúlfainn féin an drúcht leat is fásaigh goirt
mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt ded thoil;
a chraoibhín chumhra, gheallais damhsa go raibh grá agat dom,
is gurb í plúrscoth na Mumhan í mo Róisín Dubh.



Dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo Róisín Dubh;
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.



Beidh an Éirne 'na tuilte tréana is réabfar cnoic,
beidh an fharraige 'na tonnta dearga is an spéir 'na fuil,
beidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is móinte ar crith,
lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.


L. 85


B 1834lsc 19L



Bean an fhir rua



Beir litir uaim scríofa síos go baile cois cuain,
chuig an gcailín beag caomh a bhfuil an ghnaoi ag lasadh ina grua.
Mheallfadh sí an saol - tá na mílte fear léi á lua;
glac misneach, a Bhríd, i dtús oíche go ngoilfidh an fear rua.



Thug mé naoi mí i bpríosún ceangailte crua,
boltaí ar mo chaola is míle glas as sin suas.
Thabharfainnse síthe mar dhíonadh an eala ar an gcuan
le fonn a bheith sínte síos le bean an fhir rua.



Shíl mé, a chéadsearc, go mbeadh aontíos eadar mé agus tú,
agus shíl me 'na dhéidh sin go mbréagfá mo leanbh ar do ghlúin.
Mallacht Rí néimhe ar an té a bhain díom mo chlú,
sin agus uile go léir lucht bréige a chuir eadar mé agus tú.



Tá crann ins an ngairdín a bhfásann air an bláth buí;
nuair leagaim mo lámh air is láidir nach mbriseann mo chroí.
'S é an sólás go bás is é a fháil ó Fhlaitheas anuas,
aon phóigín amháin is é a fháil ó bhean an fhir rua.


L. 86


B 1846lsc 19L



Caoineadh Chill Chais



Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
Tá deireadh na gcoillte ar lár;
níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach
is ní bainfear a cling go bráth.
An áit úd a gcónaíodh an deighbhean
fuair gradam is meidhir thar mhnáibh,
bhíodh iarlaí ag tarraingt tar toinn ann
is an t-aifreann binn á rá.



Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann,
ná fiolar ag éamh cois cuain,
ná fiú na meacha chun saothair
thabharfadh mil agus céir don tslua.
Níl ceól binn milis na n-éan ann
le hamharc an lae a dhul uainn,
ná an chuaichín i mbarra na ngéag ann,
ós í chuirfeadh an saol chun suain.



Tá ceó ag titim ar chraobha ann
ná glanann le gréin ná lá.
Tá smúid ag titim ón spéir ann
is a cuid uisce go léir ag trá.
Níl coll, níl cuileann, níl caor ann,
ach clocha is maolchlocháin,
páirc an chomhair gan chraobh ann
is d'imigh an géim chun fáin.



Anois mar bharr ar gach míghreann,
chuaidh prionsa na nGaíol thar sáil,
anonn le hainnir na míne
fuair gradam sa bhFrainc is sa Spáinn.
Anois tá a cuallacht á caoineadh,
gheibheadh airgead buí agus bán;
's í ná tógfadh seilbh na ndaoine,
ach cara na bhfíorbhochtán.


L. 87


Aicim ar Mhuire is ar Íosa
go dtaga sí arís chugainn slán,
go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,
ceol veidhlín is tinte cnámh;
go dtógtar an baile seo ár sinsear
Cill Chais bhreá arís go hard,
is go bráth nó go dtiocfaidh an díle
ná feictear é arís ar lár.


L. 88


B 1931 19
U Anaithnid



A ógánaigh an chúil cheangailte



A ógánaigh an chúil cheangailte
le raibh mé seal in éineacht,
chuaidh tú aréir an bealach seo
is ní thainic tú dom fhéachaint.
Shíl mé nach ndéanfaí dochar duit
dá dtagthá agus mé d'iarraidh,
is gurb í do phóigín a thabharfadh sólás dom
dá mbeinn i lár an fhiabhrais.



Dá mbeadh maoin agamsa
agus airgead ' mo phóca,
dhéanfainn bóithrín aicearrach
go doras tí mo stóirín,
mar shúil le Dia go gcluinfinnse
torann binn a bhróige,
's is fada ón lá 'nar chodail mé
ach ag súil le blas a phóige.



Agus shíl mé, a stóirín,
go mba gealach agus grian thú,
agus shíl mé ina dhiaidh sin
go mba sneachta ar an tsliabh thú,
agus shíl mé ina dhiaidh sin
go mba lóchrann ó Dhia thú,
nó go mba tú an réalt eólais
ag dul romham is ' mo dhiaidh thú.



Gheall tú síoda is saitin dom
callaí agus bróga arda,
is gheall tú tar a éis sin
go leanfá tríd an tsnámh mé.
Ní mar sin atá mé
ach ' mo sceach i mbéal bearna
gach nóin agus gach maidin
ag féachaint tí mo mháthar.


L. 89


B 1903 19



An goirtín eórnan



Is buachaillín fíor-óg mé, is go bhfóire orm Rí na ngrás,
thug searc do chailín óg i dtigh an ósta le comhrá gearr.
Ní raibh hata uirthi ná húda ná búclaí buí déanta ' phrás,
ach téip i gcluais a bróige, 's í mo stór í go bhfaighe mé bás.



Móra dhuitse, a éinín, ag léimnigh ó thom go tom,
dá neósainn brí mo scéil duit dob fhéidir go ndéanfá rún.
Beir litir uaim faoi shéala go cúl craobhach na bhfolta fionn
go bhfuil mo chroí á chéasadh is nach féidir liom codladh ciúin.



Tá gaoth aneas is toirneach is mórshruth le habhainn na Laoi
sneachta ar na bóithre is mórshioc á mheascadh thríd.
Ní fhanann fuaim ag rónta ná ceólta ag éin ar chraoibh
ó chailleas-sa mo stóirín, 's í a thógfadh an ceó dem chroí.



Ní dod ghoirtín eórnan, a stóirín, a thugas grá,
ná dod chúpla cóifrín den ór buí dá mbeidís lán;
do chapaill ná do bhólacht go deó deó ní chuirfinn i bhfáth,
ach blas do chúpla póigín, ba dhóigh liom gurbh iad ab fhearr.


L. 90


B 1830lsc 19T
U Anaithnid



Stuairín na mbachall mbreá réidh



Táid na réalta ina seasamh ar an spéir
an ghrian is an ghealach 'na luí;
tá an fharraige tráite gan braon
is níl réim ag an eala mar bhíodh.



Tá an chuaichín i mbarra na ngéag
á shíor-rá gur éalaigh sí uaim,
stuairín na mbachall mbreá réidh
d'fhág Éire faoi atuirse chruaidh.



Trí ní a chím trés an ngrá,
an peaca, an bás is an phian,
is m'intinn á insint gach lá
m'aigne gur chráidh sí le ciach.



A mhaighdean do mhill tú mé im lár,
is m'impí óm láimh ortsa aniar
mo leigheas ó na saigheada seo im lár
is go bhfaighe tú na grása ó Dhia.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services