BUN NA gCÚIG gCRANN.
Ag bun na gcúig gcrann is é sméid mé uirthi anonn -
an péarla deas donn is í shladaigh mo shnua,
is má thug mé dhi dram cha ndeachaidh sé liom,
is mo choinne bhí an feall teacht mhaidin Dé Luain;
mar fhaoileann ar toinn tá a corrchíocha cruinn
ná mar lile, ar liom, a com cailce gan smúid -
is é bun agus barr agus deireadh mo rann
muna n-éalóidh tú liom, beidh idir mé is tú.
Mo léan ar Loch Éirne nach dtéid seal i dtrá
go dtabharfainnse an srán mar bhfuil sí mo stór,
is go mbeinnse chomh slán leis an mbradán ar snámh
dá bhfeicfinnse an stáid nár pheacaigh go fóill;
aon fhocal amháin óna béilín deas tláith,
is é bhéarfadh ón mbás mé is dhéanfadh m'aithbheodh,
ar an dúil leis an Ardrí go dtabharfainnse an vác sin
cuirim na gártha beannacht uaim romham.
Is é mo chreach is mo bhrón gan mise is an tseod
seal tamaill ár gcónaí amach insa tír,
i gConnachta mhór ná i gContae Mhaigh Eo
ná i Sligeach na seod is sinn ag ól dí;
go cúige Uladh an tsló cha dtéim le mo bheo,
mar a bhfuair mé go leor d'earróid an tsaoil,
is nuair a d'aithrisinn dóibh cár chleacht mé bheith mo chónaí,
is é deireadh go leor liom "You're welcome Cathal Buí".
Is é mo chreach is mo léan nach ndeachaidh mé féin
insan astar so aréir dá gcaillfinn a ceann,
go bpógfainn a béilín deas tanaí gan chlaonadh,
a d'fhág an arraing go géar thríd cheartlár mo choim;
beannacht is céad le héanlaith an aeir
mar a gcónaíonn an spéirbhean Ceataí an chúil doinn,
is nár bhaine sé an t-éag le searcrún mo chléibh
nó go ndéanfaidh mé léithe mo chasaoid ar faill.
SAORADH MHOLL NIC NA BUÍ.
Dar Cogadh an dá Ghall a thosaigh go mall
is ar chuir siad de champaí chun catha le bliain,
dar Aodh Mac na Rann a chanas an greann
is dar a bhfuil de na Francaigh chugainn ag triall;
dar Móta Ghráinne Óige agus Connachta an tsló
is dar a bhfuil de lucht soigheadaibh in arm an rí,
cha raibh mé dá cóir is cha dtug mé dhi póg -
sin saoradh go leor ann, a Mholl Nic na Buí.
Dar eaglais na Róimhe is dar coill Chaiptín Noble,
dar cogadh Rí Seoirse is dar órchiste an tsaoil,
dar a bhfuil de mhnáibh óga ag imirt is ag ól
is dar a bhfuil pósta ó sin go Crom Maol;
ní raibh mé dá cóir ó mhí na Féil' Eoin
agus bíonn tusa i gcónaí aice do luí,
go ndéarfaí gur seabhac é ag dul thríd an ngróv
agus d'fhág sé toirt mhór ag Moll Nic na Buí.
Dar Toirealach Mac Brádaigh tá shíos i gCorr Tháchairt
is cha dhíolann sé aon photáta acht ar cairde go daor,
dar Sliabh Mhurtan Áraidh is dar mullaigh Dhroim Ceáraidh,
dar Hector is Páris a cailleadh sa Traí;
dar muileann na Clogaí is dar tigh mór na Screabaí,
dar an mbriseadh bhí in Eachroim is dar Cogadh an dá Rí;
bhí Patsan á mealladh agus bhí sí ina ghealladh
go siúlfadh sé an domhan le Moll Nic na Buí.
Dar Lios Mór an Ráth' is dar mullaigh Dhroim Áth',
dar tigh Jacky Bán is dar briseadh Bhurgoyne,
dar a ndíolann na mná de bharrach faoi láimh
is chan fhaigheann siad an ribe dhe anois gan an coin;
dar cúrsa na gealaí is dar tigh Uilliaim a Jolly,
dar cnoc Choill an Bhealaigh níor bhain mé dhi riamh,
cha raibh mé i dtigh Chaití is níor luigh mé faoi phlaid léi
is na casaigí feasta orm Moll Nic na Buí.
Dar tigh Hairí Cnoc is dar Carraig na mBroc,
dar lucht chaitheamh an tombac ó d'éirigh sé daor,
dar altáin Dhroim Leathan is dar mullaigh Dhroim Saileach,
dar gearrán an Athar Philib ó tá sé anois caoch;
beir litir faoi shéala ó tháinig an téarma
ar an dúil go bhfaigheadh Gaeil bhocht osadh ón rí,
a dh'ainneoin Chéit Bréadaí is a ndearna sí de bhréaga
is Patsan an t-oidhre tá ag Moll Nic na Buí.
SAORADH SHÍLE THÍR EOGHAIN.
Beir beannacht uaim síos go Tír Chonaill mar bhfuil Aodh
agus Paitsí Eoghain dílis a thuigfeadh mo ghreann,
agus aithris don ghasra go ndéanfaidh mé an t-astar
agus loing a bheith braite acu in aice na nGall;
chan fhágaim an baile go saorfaidh mé an cailín
a bhfuil cách a thabhairt a bharúil gur shiúil sinn go mall,
is dá dtabharfainnse an chulaith ar mo ghlúine sa bpobal
cha chreidfeadh sé Paitsí nach raibh sinn sa ngleann.
Is dar vásta mo bhríste is dar línín mo chóta
tá síos liom ina stróclacha ar astar na slí,
dar a gcaitheamuinn de bhróga ag léimigh ar mhóna
is míle fearr liom ar an dóigh sin ná ceangailte de mhnaoi;
dar a gcuireann siad den eorna i gcruachaibh sa bhfómhar,
a chailín deas donn is maránta gnaoi,
dá mbeimis sa ngleann, cha déanfainn ort feall,
chaillfinnse an geall, ná is tú bheadh do luí.
Dar tobac na hÉireann is an loing a bheir léi é
is dar aontaí na Gréige ní dhearna mé an choir,
mur dearna mé sméideadh nó amharc ina déidh sin,
nó a insint don spéirbhean go dtug mé dhi gean;
"a chuisle is a théagair, ós fiosach duit féine,
insigh do scéal sul fá dté mise ar muir,
mar tá fhios agat féin nach dtig liomsa a shéanadh
gurb ansa liom céad uair na mná nó na fir."
Dar an gcuileann is críonna i rasáin na tíre,
dar a mbaintear de fhraochógaí dearg is dubh,
dar feadógaí an íochtair is troideogaí an mhínligh,
deir muintir na tíre gur chaill mé mo chruth;
dá gcreidtí an fhírinne is fios do na daoine
mar bhí mé don mnaoi úd a fuair asam guth,
is dar scairteach na bhfaoileann ar loch na Coille Íochtair,
ní bhímse do Shíle ach mar bheidh sise dhomh.
Is nach mór an díth céille do na daoine bheith buartha
is go bhfuil sí ar mhaighdeanaibh cneasta Thír Eoghain,
is nachar luigh sí gan léine i dtigh Gallda ná Gaelach
is go saorfainn an mhaighdean ar fhearaibh an domhain;
A Dhia goidé an t-ionadh má d'imigh sí le pléisiúr
agus pilleadh ina dhéidh sin is i bhfoirm ar dóigh?
má gheall mé dhi féirín, cha dtug mé dhi béirbhís
is ní mó liom mo dhéidh iad ná feadóg ar mhóin.
Is nach fiosach don tír nár shiúil mé le Síle
mullach ná mínleach, boglach ná móin,
is nach ndearna mé scíth léi i dtigh ósta ná fíona
is nachar chodail mé aon oích' léi aon áit ar domhan;
ar an gcomhartha gurab í an fhírinne chanaimse dhaoibhse,
gheobhaidh sibh ina suí í sa mbaile go fóill,
is níl ógánach saoithiúil a phósfadh í os íseal
a chóta dá mbeadh scaoilte, nach gcuirfinnse ar dóigh.
AN CAISLEÁN CAM.
Nach trom an codladh atá ar mo chéile -
cha chluin sí mé, agus is ard a srann,
níl faill aithrí agam lena dearn mé de bhréaga -
tá an ghaoth so ag méadú is ag éirí teann;
dá mbeadh na daoine mar ba chóir daofu
chuirfí cuaille leis an taobh úd thall,
nach beag a shaoil mé fán tráth seo inné
go raibh deireadh mo shaoil insan Chaisleán Cham.
Níl mé críonna is cha bhím a choíche,
dhíol mé an cíos sula dtáinig an t-am,
acht dá bhfaighinn arís é cha díolfainn pingin de,
agus dhéanfainn dídean fá bhun na dtonn;
beir mo dhual domh sula dtig an Luan orm,
castar lúbthaí eadar an bhean is a clann;
nach beag a shaoil mé fán tráth seo inné
go raibh deireadh le mo shaol insan Chaisleán Cham.
Dá dtiocfadh an tine orm is mé mo dhúscadh
bheinnse ag búirfigh mar a bheadh tarbh ann,
dá dtiocfadh an tine orm agus mé mo shuan
dhéanfaí gual díom insan Chaisleán Cham;
b'fhearr domh claíomh a chur fríd mo thaobh clí,
m'fhágáil sínte agus gan smid in mo cheann,
ná mé a bheith mo dhíorfach i measc na ndaoine,
is ag creathnú san oíche insan Chaisleán Cham.
NÓRA AGUS CATHAL.
Nóra
An gcluin tú mé, a Chathail Bhuí, tá an bás fá fhad téide dhuit,
ní thig leat a dhul chun spairne go brách leis ar shliabh nó ar muir;
ní choinneoidh mná an tábhairne beo thú le briathra ar bith,
tiontaigh ar an Ardrí is gheobhaidh tú pardún in ar éirigh duit.
Cathal
Níl am ar bith is fearr is is cráifí dá mbím insa bhliain
ná an uair ólaim mo sháith - bím ag gárthadh is ag screadadh ar Dhia;
an uair nach mbíonn cárt den digh lán agam teastaidh mo chiall,
is déantar croí crua in mo lár mar charn mór cloch ar an tsliabh.
Nóra
Coinnigh le do dhá láimh a Chathail Bhuí is ná caith níos mó,
agus dearc ar do pháistí mar tá siad lag meata gan treoir;
is gearr gairid an bás uait is ní dhearna tú ariamh taisce nó stór
is ní ghoilfidh mac máthara an lá sin a rachas ort fód.
Cathal
Más ar mhaithe liom atá tú ina ndearna tú de chomhrá caoin,
tabhair aon chárta dí amháin domh agus glacfaidh mé do chomhairle arís;
go n-óla mé sláinte lucht ráflaí is romhláis an tsaoil,
is bheirim go Domhnach Cásca dhuit i dtigh an tábhairne nach n-ólaim aon bhraon.
Nóra
Tiocfaidh an t-am a mbeidh tú go fann do luí sa gclúid,
nuair a chaillfeas tú gan amhras do chaint is amharc do shúl;
dar liomsa go mb'fhearr beagán a thaisce ar dtús
ná an t-iomlán a chaitheamh chun siúil.
Cathal
Stad thusa a bhean adaí a chanas na briathra beacht,
ní thuigeann tú mo ghalra is is leannán domh choíche an tart;
nuair tchímse na gloiní isna soiléir i bhfad uaim isteach,
is é deir mo mhuineál buí "is cineálta d'ólfainn deoch".
Nóra
Nach crua an chinniúin a cinneadh dhomh i dtús mo shaoil,
gurab ansa leat an mheisce ná mise is mo pháistí maoth;
ní dhearna tú ciste ná cruinneas i dtús do ré,
is ní bheidh agat bra lín tráth shínfear tú i gcónra chaol.
Cathal
Is amhlaidh mar tá, is ní bheirimse ábhar troda nó bruíne
do mo pháistíbh go brách fá nglacfad mo lámha de rachmas an tsaoil,
Is é deir bean an tábhairne an tráth bhím ag fliuchadh mo chroí
"má tá peaca nó smál ort is fearrde thú d'anam a ní".
Is amhlaidh mar tá sin - ní fearr liomsa gearán is caoineadh
ag gabháil romham chun an teampaill ná cláirseach, fidil is píoba;
in éiric a ndearna mé de phráisc is de chuideachta dhíbh
ólaidh bhur sáith an lá sin is déanaidh féin an reicneáil a íoc.
CEATAÍ BHÁN.
Bímse mo spealadóir agus bheirim barr an fhéir liom,
bím seal mo dhochtúir agus bheirim barr na gcraobh liom,
bím seal mo luí cois balla agus bím ag mealladh maighdean,
cé ghlacfadh le mo lochtaibh mé, ní chuirfinn gruaim go héag uirthi.
Is é dúirt Ceataí bhán liom siar ar dheireadh an chomhrá:
"bíonn fir an tsaoil ag obair is bíonn tusa in do chónaí,
chan tú a d'éireodh ar maidin agus a scairtfeadh leis an chomharsain
gur scriosadh aréir is gur creachadh iad, is gur ith na ba an eorna."
Chan é sin an gealladh a thug tú dhomh is tú i gcúl an gharrdha,
ach go raibh tigh agus talamh fearainn agus athardha agat;
duine chomh bréagach leatsa cha ngéillimse go brách duit,
cha dtaitnigh liom do chúrsaí is cuirim leat cúl mo láimhe.
MAILÍ MHÓMHAR
Cathal
A Mhailí mhómhar, dá siúlfá an ród liom
ba deas do lóistín is do leaba luí,
bheadh fliút is órgan ag seinm ceoil duit
a thógfadh an brón is an tuirse dhíot;
buidéal beorach ina shuí ar bord ann,
is dís ban óg ann ag tarraing dí,
is cead a bheith ag ól leat, a mhaighre mhómhar,
is bheinn do do phógadh gurbh fhada an oích'.
Shiúil mé Éire is na cúigí ina dhéidh sin
is chan fhaca do leithéid a Mhailí bhán,
chan fhaca mé aon neach ariamh san méid sin
a ghabhfainn ar aon ort, a mhaighre mná;
mná na hÉireann, dá mbeadh siad in aon áit,
uilig an tsaoil agus fir chríoch Fáil,
déarfadh an méid sin is a gcuala an scéala
go dtug tú an chraobh leat ón uile mhnáibh.
An Bhean
Cá bhfuil an féirín a gheall tú inné dhomh,
mo ghúna craobhach ar dhath an óir,
mo hata gléasta ar dhath na sméara
agus cóiste gléasta a dhul romham sa ród?;
gheall tú cúirt a chur i lár na dúthaí dhomh
is chan fhuair mé ansiúd ach mar chábán bó,
tá mo chosa scrúdtha ar mhaide an luastair
ag sníomh an túirne gan aon ruainne bróg.
Is cailín óg mé amuigh ar fásach
ag gol go cráite is ag sileadh deor,
is mo leanbhán óg agam ar bhac mo láimhe
is gan an réabrán bán a bhéarfainn dó;
nár dhúirt tú liomsa go raibh do pháirt liom,
gur i mbun do láir a bhí do ghean ina luí,
déarfá arís nuair a bheadh sé an lá:
"is é mo chrá nár tharla sé an oíche arís".
Anois nuair atá tusa do mo thréigbheáil
nach fheil spré agam nó mórán maoin',
más í seo an scarúint, go bhfeil mé réidh leat -
diúltaim spéis a chur in aon fhear arís;
mo chroí go leontar má ghním go deo é
go gcuirfear mo chónra san talamh síos,
ag guí i gcónaí, a Rí na glóire,
mo pheacaí móra a thógáil díom.
Nár dhúirt tú liomsa, a ghiolla na ruaidhe,
nach bhfaighfeá suaimhneas murbh fhada an oích',
go dtiocfá chugam le do chomhluadar
i ndéidh do mháthair a luascadh a luí;
char ghlac tú trua aon uair amháin liom,
ach, a Rí na ngrásta, teana an cóir,
is a chailín óg adaí a chaill a náire,
nach bocht an sásamh di malairt póg.
Cathal
Ó bhí bean uasal seal á lua liom
ach thug sí fuath dhomh faraoir géar,
phós mé guairne na malaí ngruama
agus rinn sí gual de mo chroí go léir;
chan fheil mé críonna is cha bhím arís é,
dhíol mé an cíos sara raibh sé in am,
ach dá bhfaighinnse arís é cha dtabharfainn pingin de
nó go gcuirfinn sclátaí ar mo chaisleán cham.
Is buachaill folamh mé gan mhaoin gan airnéis,
chuaidh droch-chor orm i dtús mo shaoil,
tá mé millte dá mbeadh gar domh inseadh
is cha bhíonn mo chlann ag gol mo dhéidh;
acht dá bhfaighinn an ghuairne a chur faoin tuama
rachainn ar siúl ar mo bháire féin,
tá mé millte ach chan fheil gar a bheith ag caint air -
beidh Caití is Nansaí ag gol mo dhéidh.
BEATHA CHATHAIL BHUÍ.
Is beag claí, garrdha, fál nó fuirseadh
ariamh a rinne mé re haoibh,
ba bheag orm crábhadh tráth na paidre,
in aimsir troscaidh is mó nínn craos;
níor thiob mé mo lámh i gcás ó oscar,
thógfainn troid agus dhéanfainn bruín,
d'imreoinn carda, cháinfinn, scolfainn -
sin agaibh oibre thús mo shaoil.
Is meanmach súgach lúfar cliste
a dhoirtfinnse fuiscí in mo scóig,
b'aite liom rúscadh, dúscadh, meisce,
ag tabhairt mo chiste do mhnaoi an óil;
chuirfinn lúb, cluain is gaiste,
is dhéanfainn siolla bréag go leor,
is má shaoileann sibhse gur tréas nó coir sin,
gheobhaidh sibh tuilleadh de mo scéal go fóill.
Súd mo mhian is an réim do chleacht mé
ar feadh an tseal do bhí mé óg:
a bheith in aice na dí is a choíche á blaiseadh,
is ag imirt mo startha le mnaoi an óil;
na gloiní bheith líonta is ag síordhul thart
le taobh an chasc is mé i bpóit,
ar maidin arís ag glaoch is ag scairtigh,
is gan faic a dhíol den scór.
Bheirinn an ruaig sin suas fá Ghallaibh
in aimsir fhearaibh a bheith fó phráinn,
ar mo philleadh aníos ní bhínn gan marcaíocht -
ghoidfinn gearrán liom le fáin;
b'olc an fear tí mé ag saothrú talaimh,
ní fearr nó chumfainn bréag is gráin,
má mheasann sibh, a chléir, go bhfuil mé saor ó pheaca
leanfad m'ealaín bheag féin go sáimh.
B'ionmhuin liom féin an spéirbhean bhreasnaí
bhéilbhinn bhlasta ba mhilse póg,
b'aite liom féin a bheith á mealladh
d'éis a gealladh uair nó dhó;
ní chreidfinn ón chléir gurbh éifeacht peaca
mná na bhfear a chloí le póg,
ach anois, faraoir, tá mo shaolsa caite
is is mian liom stad agus léigean dóibh.
Bhí mise aréir ag suíre le cailín
is ba bheag mo spéis a bheith ina dáil,
is nuair a shaoileas féin a bheith á mealladh
thit an paidrín as mo láimh;
bhris mé ar fhortún mhíle cailín
is mé ag dul le hearra go Loch gCál,
is nach trua don té fuair léann an tsagairt
is thréig a chreideamh mar gheall ar mhnáibh!
CEATAÍ NA gCIABH.
Tá an oíche ag sioc agus tá sé fuar
agus d'éalaigh mo ghrá le fear eile uaim,
och, a ghrua dheas lasta agus a bhéilín bhinn,
is, a Cheataí a stór, tá mé breoite tinn.
Shiúil mise thoir agus shiúil mé thiar,
Sligeach na long agus sráid Bhaile Átha Cliath,
macasamhail mo chailín ní fhaca mé ariamh
go dtáinig mé 'na bhaile ionsar Chaitlín Tiriall.
Níl mo ghrá-sa dubh nó buí,
is fiú a cheangal le hór a dlaoi,
is í péarla an chúil chlannaigh í mar d'ordódh an Rí,
is í réalt na maidne i measc chailíní an tsaoil.
Sagart beag mallaithe mé i ngrá le bliain,
agus go mb'fhearr liom bean agam ná a bhfaca mé ariamh;
gur lig mé na haspail is a gcuideachta uaim,
is go rachainn 'na leapa le Caitlín Tiriall.
Is é mo mhilleadh go bhfaca mise an dearg ná an donn,
is é mo mhilleadh go bhfaca mise duilliúr na gcrann,
is é mo mhilleadh go bhfaca mise Ceataí is a clann -
is gur chaill mé mo chreideamh mar gheall ar aon bhean.
Is é mo mhilleadh go bhfuair mise léann i scoil
is go ndéanfar sagart de Chathal Bhuí gan mhoill,
sula dtógfadh an t-easpag a lámh os mo cheann,
ó go mbeinnse le Ceataí fá bhruach na dtonn!
Gheall tusa dhomhsa agus gheall tú fá dhó
nach ndéanfá mo mhalairt anois nó go deo,
ná go bhfaca mé thusa agus fear eile ag ól
i gcúl an toim dreas is mug leanna in do dhorn.
Gheall tusa dhomhsa agus gheall tú fá dhó
nach ndéanfá mo mhalairt anois nó go deo,
anois tá searbhadas m'anama ag cognadh mo chroí
is is trom sin ar d'anam, a Chaitlín Tiriall.
AN BONNÁN BUÍ.
A bhonnáin bhuí, is é mo chrá do luí
is do chnámha críon tar éis a gcreim,
is chan díobháil bídh ach easpa dí
d'fhág tú do luí ar chúl do chinn;
is measa liom féin nó scrios na Traí
thú bheith sínte ar leacaibh lom,
is nach ndearna tú díth ná dolaidh is tír
is nárbh fhearr leat fíon nó uisce poill.
Is a bhonnáin álainn, mo mhíle crá
do chúl ar lár amuigh insa tslí,
is gur moch gach lá a chluininn do ghráig
ar an láib agus tú ag ól na dí;
is é an ní adeir cách le do dheartháir Cathal
go bhfaighidh mé bás mar súd, más fíor;
ní hamhlaidh atá - súd an préachán breá
chuaidh a dh'éag ar ball, gan aon bhraon dí.
A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón
thú bheith romham i measc na dtom,
is na lucha móra ag triall chun do thórraimh
ag déanamh spóirt is pléisiúir ann;
dá gcuirfeá scéala in am fá mo dhéinse
go raibh tú i ngéibheann nó i mbroid fá dheoch,
do bhrisfinn béim ar an loch sin Vesey
a fhliuchfadh do bhéal is do chorp isteach.
Dúirt mo stór liom ligean den ól
nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,
ach dúirt mé léi go dtug sí bréag
is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil;
nach bhfaca sibh éan an phíobáin réidh
a chuaidh a dh'éag den tart ar ball? -
a chomharsain chléibh, fliuchaidh bhur mbéal,
óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
Ní hé bhur n-éanlaith atá mise ag éagnach,
an lon, an smaolach, ná an chorr ghlas;
ach mo bhonnán buí a bhí lán den chroí,
is gur cosúil liom féin é ina ghné is a dhath;
bhíodh sé choíche ag síoról na dí,
agus deir na daoine go mbím mar sin seal,
is níl deor dá bhfaighead nach ligfead síos
ar eagla go bhfaighinnse bás den tart.
AN BONNAN BUÍ.
Ar maidin inné le héirí an lae
ag triall dom im aonar le taobh an loch',
fuaireas ina luí, is é lag gan bhrí
an bonnán léana do shéideadh an stoc;
bhí sé dúnta go dtína ghlúine
i ngéibheann crua insa tsioc
a lucht an eolais, déanaidh brón air -
chuaidh sé d'éag agus é gan deoch.
A bhonnáin bhuí, is é mo chrá do luí
is do chnámha críon tar éis a gcreim,
is chan díobháil bídh ach easpa dí
d'fhág tú do luí ar chúl do chinn;
is measa liom féin nó scrios na Traí
thú bheith sínte ar leacaibh lom,
is nach ndearna tú díth ná dolaidh is tír
is nárbh fhearr leat fíon nó uisce poill.
Nach truaillithe gránna a fuair tú bás
a bhonnáin álainn a ba deise dreach,
is gur moch sa lá a rinn tú gráig
do luí go sáimh ar thulaigh ghlais;
is é mo thuirse mhór is m'ábhar bróin
gur airde do thón go mór ná do cheann,
is é déarfadh na pótairí a shiúlas an ród
go mbeifeá beo dá n-ólfá leann.
Mo chreach is mo chrá do chúl le lár
a bhonnáin álainn do b'áille gnaoi,
is dá mb'fhuaire an lá ba mhór do ghráig
ag dul don tsnámh ag ól do dhí;
tá cách á rá, inniu nó amárach,
go bhfaighimid bás le póit, más fíor;
ní mar sin atá, le toil Rí na ngrás,
ach sláinte bhreá a gheobham ina diaidh.
Tá do ghob is do scóig ar dhath an óir,
agus cleite ródheas fá do choim,
is mur ón mbaile mór do shíolraigh do phór
go mba dhúcha go mór iad a theacht ón toinn;
cúis mo bhróin is smál mo dheor
gurb airde do thón nó mullach do chinn,
is trí mhíle ón mBóinn dá mbeinnse ag ól
go dtabharfá an t-eolas dom le "bú".
A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón
thú bheith romham i measc na dtom,
is na lucha móra ag triall chun do thórraimh
ag déanamh spóirt is pléisiúir ann;
dá gcuirfeá scéal go luath mo dhéinse
go raibh tú i bpéin, do bheinn mo rith
nó go mbrisfinn béim i Loch mac nÉan
a fhliuchfadh do bhéal is do chorp istigh.
Chuaidh mé 'na thórraimh is mé tuirseach brónach
agus buidéal beorach le mo thaoibh,
ar nós go n-ólfadh sé deoch nó dhó
a fhliuchfadh a bheol is a chorp istigh;
ach hóm bóm bó! is é mo mhíle brón,
aon deor chan ólann sé a choíche arís,
ach bhí an buidéal ólta is mé ar leathchois leointe
ag pilleadh ó thórramh an bhonnáin bhuí.
Dúirt mo stór liom ligean den ól
nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr,
ach dúirt mé léi go dtug sí bréag
is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil;
nach bhfaca sibh éan an phíobáin réidh
a chuaidh a dh'éag den tart ar ball? -
a chomharsain chléibh, fliuchaidh bhur mbéal,
oir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
Ní hé bhur n-éanlaith atá mise ag éagnach
an lon, an smaolach, ná an chorr ghlas;
ach mo bhonnán buí a bhí lán den chroí,
is gur cosúil liom féin é ina ghné is a dhath;
bhíodh sé choíche ag síoról na dí,
agus deir na daoine go mbím mar sin seal,
is níl deor dá bhfaighead nach ligfead síos
ar eagla go bhfaighinnse bás den tart.
Tá an bonnán donn ar Hallaí Choinn
ar cheathrú gheimhridh is is olc a dhóigh,
is é deir sé liom nach dtig sé anall
go dtara an samhradh fada róidh;
tá "an Rós is an Rí" in imeall na slí,
is an iomadaí dí ann ag Gael is ag Gall,
is ag bord mo shuí bím ag ól na dí,
is cé gur dorcha an oích' ní dhéanaim stad.
Thig brón is lionn dubh ar mo chroí go hiomlán
tráth chím an linn ag teacht as loch an léin,
mar raibh mo bhonnán buí ar an leic ina luí
gan lúth, gan bhrí ná an guth ina bhéal;
le sioc is gaoth agus fuacht na hoích'
agus easpa dí go bhfuair sé bás den tart,
bhí coin is gadhair agus éanlaith an aeir
ag déanamh féasta ar a chroí is ar a chorp.
Tá mo cheann tinn is níl a atharach ann,
is d'éirigh a lán den trioblóid domh;
mo chairde cruinn gach aon áit gan roinn
nach ndéanann siad díon nó foscadh dhomh;
do bhéilín binn a bhí ag síorthabhairt grinn,
is b'aite liom do chomhrá carthanach,
is murab é an díth céille bheinn féin saibhir
ach ghlac mé de roghain an bhochtaineacht.
M'ol ol ól agus mo mhíle brón!
a bhonnáin óig b'áille greann,
bhí sú na heorna ag slad mo phócaí
is le neart an óil nó gur at mo cheann
a Rí na ngrásta, ós tú nach ólas
pingin ná feoirlinn ach gortach gann,
tabhair féin ór dom ós mise ólas
go súgach spórtúil deoch is dram.
A mhic na sainte, tá báite in amplais,
nach n-ólann deoch is tá lag gan í,
ól do shláinte is bí go súgach -
ná héagse leis mar an bonnán buí;
dá mhéid do stór agus do mhálaí óir
beir go fóill is tú lag gan bhrí,
fliuch do scóig, agus bí go ceolmhar -
is é lia na Fódla an t-eau de vie.
TUIREAMH PHILIP MHIC GIOLLA GHUNNA.
Dá mbeinnse mo ollamh ealaíonta mar mhian liom,
is é Philip na gcumann Mac Giolla Ghunna a chaoinfinn,
ó b'é siúd an gleacaí a shladfadh na mílte,
a dhéanfadh creach is nach gcasfadh choíche í - is óm bó.
Bhí sé saoithiúil croíúil láidir,
is thug sé creach leis ó shléibhte Chairlinn,
is iomdha cearc a ghoid sé is cábún,
is baintreach bhocht ar chreach sé a páistí - is óm bó.
Níor fhág sé cuasán ó Bhóinn go hÁrainn
dá raibh pluideog díorfaigh nó cídeog páiste ann,
céibhín caillí nó seanchoc lása,
nachar chruinnigh an gruagach ina mhála - is óm bó.
Is iomdha meascán maiseach mínghlan,
is mála mine a dhingeadh mná tíre,
púcán barraigh agus sacán sníte
a gheobhfaí i mbrataibh mo ghleacaí ag gaoirfigh - is óm bó.
Is iomdha caora a gheobhfaí ina phota,
is dhá ghabhar a bhéarfadh cabhair do bhochta;
láfradh an tsaoil de líon is de dh'olainn,
gheobhfaí faoi na díogacha is faoi na clocha - is óm bó.
Is iomdha cró lena thóin a bhris sé,
is manga mór de dh'eorna a ghoid sé,
níorbh fhearr leis stóras milord nó justice
nó cuid an deoraí ba mhó san gcruinne - is óm bó.
Ní bheadh sé ag dréim le lucht scléip' nó uaisle,
ach thug sé a n-éadáil ó dhaoine suaite,
níorbh fhearr leis saibhreas Mheadhbha Cruachan
ná seancheap gréasaí nó cloigeann sluaiste - is óm bó.
Ghoid sé móin fá Fhéil' Eoin is prátaí,
scian ó bhúistéir is fiú na dtairní,
an ubh ón gcorr, dar ní gur dhual sin,
is thug sé an t-éillín ón nglasóg bhuaile - is óm bó.
An ní amháin so a d'fhág mise cráite:
sul fár ghaibh an t-éag é nach raibh mise láimh leis
nó go ndéanfainn iris leis seal ar uaigneas,
go bhfaighinnse scéala na tíre thuas uaidh - is óm bó.
THÍOS AG BÉAL BEARNAIS.
Thíos ag Béal Bearnais tharla mise is mo ghrá
go cúige Uladh an áigh, is fágfaidh mé Connacht mo dhiaidh;
nuair chuimhním san lá í bheith láimh le mala An Chnoic Rua
goilimse mo sháith, is nach náireach mar d'imigh sí uaim.
Dá mbeinnse thart síos i bpríosún ceangailte crua,
boltaí ar mo chaola is na mílte glas as sin suas,
bhéarfainnse an léim sin mar d'éireodh an eala dá cuan
nó go sínfinn mo thaobh seal síos le bean an fhir rua.
Tá crann sa ngairdín a bhfásann air an bláth buí,
tráth leagaimse mo lámh air is láidir nach mbriseann mo chroí;
is é a n-iarrfainn féin de spás, is a fháil ó fhlaitheas anuas,
aon phóigín amháin is a fháil ó bhean an fhir rua.
Nár fhága mé an saol a choíche is nár chaille mé an ceann
go raibh mé is mo mhian seal sínte faoi bharraibh na gcrann,
gan duine inár ngaobhar mar fhianaise orainn sa ngleann,
is an fear rua a fheiceáil sínte i gCill Bhríde is leac ar a
cheann.
TUIREAMH MA MEISCE.
Is í mo chreach bean cheannaí na féile!
is a mheisce mhuirneach mo ghrá féin thú,
fada liom atá mé de d'éamais,
is nach bhfaca mé ón am so inné thú;
ní hionadh dhomhsa bheith go déarach,
is gur phós mé i gceann mo dhá bhliain déag thú,
is nach dearna mé d'athrú de chéile,
chionn mar bhéarthá mo thoil féin domh,
is gur shaoil mé seal nach scarfainn go héag leat;
ní hé seo amháin maith dá ndéanfá
tráth gheibheadh cách thú ar clár mar fhéirín:
shiúlainn an oíche go haigeantach éadrom,
is bhíodh steall chlábair ar gach taobh díom,
an té bhíos bocht do ní tú saibhir,
an té bhíodh brúidiúil bhíodh sé méiniúil,
agus an té bhíodh crua do ghluaiseadh féile ann,
an té bhíodh santach amscaí saolta
bhíodh sé greannúr fonnmhar meidhreach;
is maith a mhúin tú dhomh bheith tréitheach
i dteanga mo mháthara is i ngach béarla,
anois faraoir, gé taoim gan aon smid
d'ineosainn féin páirt de do thréithibh:
is uaisle thú nó síol Éabha,
is do bhéarfá bua ar uaisle Éireann,
an té bhíos ciúin do ní tú baoth é
an té bhíos óg do ní tú aosta,
is óg arís an té is léithe;
bua bheag eile nach n-insím féin ort -
ní fhaigheadh tú locht ar leaba nó ar éadach,
ní fearr leat an doras nó an ghabhal éadain,
tráth d'éireadh amach i ndéidh an fhéasta
luí agus codladh ba chuma cá ndéanfadh,
b'ionann leo an mhóin is lár an réitigh,
b'ionann leo an fhearthainn is foscadh ina n-éadan;
ní híseal aithristear do ghaolta -
ní raibh mac díleas ó íochtar Éireann
nach raibh do ghaol leis trína chéile:
siúr Uí Dhónaill agus siúr Uí Néill thú,
siúr Mhig Uidhir ó imeall na hÉirne,
siúr Mhic Mhathúna na n-each léimneach,
siúr Uí Dhufaigh le ndúiscfí déghníomh,
siúr Uí Chonchúir ó imeall na hÉireann,
siúr Uí Ruairc agus siúr Uí Raghallaigh,
is an iarla bhí thiar gan aon locht,
is Iarla Chill Dara ba gar a chéim duit,
siúr Uí Anluain ó bharr an tsléibhe,
siúr Mhic Aonghusa ó Chaol an Éisc thú,
siúr Mhic Dhónaill anall ó Aontroim,
siúr Uí Chatháin agus siúr Mhic Shuibhne,
siúr gach dochtúra is siúr gach léighe,
siúr gach trúipir agus siúr gach saighdiúir,
siúr aois ciúil is siúr na héigse,
siúr mhór mhór do lucht dlí Éireann,
siúr ban uasal in uaigneas lae thú,
siúr ban óg gach nóin dá bhféadfadh,
siúr ban díomhaoin ag luí is ag éirí,
siúr ban thíos ar íochtar sléibhe;
tá páirt fhogas agam féin leat
is gaol rómhór ag eaglais Dé leat,
is airde shuas thú nó na spéire,
is mó go mór thú nó Cnoc Gréine,
is bídh tú íseal an lá ina dhéidh sin;
so fá do thuairim is Dia do do réiteach -
a lán sa chopán so agus beidh mé réidh leat.
An tAmhrán.
A mheisce thréitheach bhéasach mhaiseach sháimh,
is cliste tréanmhar maorga measta i gcáil;
mise, a céile, bheith m'aonar uaithi lá,
is baois céille, is céasadh buan an dáil.
MARBHNA CHATHAIL BHUÍ.
A Rí na ngrása, is dána dhomh amharc ort suas
is nach bhfuil oíche nó lá nach dtairnim fuil as do ghrua;
d'fhulaing tú páis agus bás ár gceannach go crua,
is mur dtillidh tú, a athair, gan spás 'nois imeach mé uait.
A Rí tá cuimseach, coimrí iarraim ort
in éiric an chrainn dar ceangladh thú gan locht;
braon de do thrócaire doirt fám anam anocht
is ná léig ar seoid go deo mé ach cloígh mo chorp.
A Rí na bhfeart, go nglaca tú mo chroí,
is go mbeire tú leat gan stad mé mar bhfuil na haingil;
admhaim mo lochta anocht cam agus claon,
gur thit mé i bpeaca crosta deamhna an tsaoil.
Fuair mé cúig ní ón Spiorad naomh is níorbh fhiú mé a bhfáil:
amharc na slí, faraoir, agus cluinim a lán,
blas agus boladh, molaim thú a Rí na ngrás,
is go n-aithneann mo chroí gach ní, míle altú leat a athair.
A mhaighdean dhealrach, a bhanríon fhlaithneas Dé,
nach méanra a bhéarfadh agus dhéanfadh caradas léi;
gabhfaidh mé d'fháilte ar ball le cúnamh Dé,
gurab ar do dheasláimh atá m'áit le do impí féin.
Is é mo chrá géar, le toil Dé nachar rugadh mé dall,
bodhar gan radharc, gan aon phioc teanga in mo cheann,
sula deachaidh mé i dtréas mar cheithearnach coille ní feall,
is faraoir géar ní dearna mé an aithrí in am.
Nach trua mé, lá an tsléibhe, ar thosach an tsló,
is gur measa mé nó an té bhraith Críosta le póig;
gabhfaidh mé cré an dá aspal déag agus creidfear mé, ar ndóigh,
agus déarfaidh mé féin i láthair Dé "I am guilty my Lord".
AITHREACHAS CHATHAIL BHUÍ.
Anois is tráth liom parlaí a dhéanamh feasta le Dia,
ag smaoineamh ar an áit úd a dtráchtann siad iomarca pian,
ó, a Rí na ngrásta, ardaíos gealach is grian,
i bpeaca ó tharlaíos, fág mé i bpower a leighis.
A Rí na ngrásta, nach dána dhomh amharc ort suas,
is nach bhfuil oíche nó lá nach dtairnim fuil as do ghrua;
d'fhulaing tú bás agus páis ár gceannach go crua,
muna leasfair do lámh, mo chrá, gur imigh mé uait.
A Rí na réalt, a d'fhulaing éag i mbarr an chrainn,
agus croí do chléibh, gur réabadh le lámha an Daill,
fuil do chréachtaibh á théachtadh ar lár ina linn,
ar scáth do scéith beir féin go Parrthas sinn.
Ar an tsliabh gan smúid tá uanmhac Dé na ngrást,
an Dall gan súil a lúb an tsleá ina lár,
a chroich ar a chúlaibh is é ag tabhairt a chuid fola sa pháirc,
scéal deimhin, a rún, gur cluainteach cleasach an bás.
A Íosa, a Spioraid naofa, a athair agus a uain,
a thug fíorfhuil do thaoibhe ár gceannach go crua,
bí mo dhídean, bí mo smaointe, bí ar m'aire gach uair,
más suí dhomh, más luí dhomh, más seasamh, más suan.
Tabhair tionscaint dom ghníomhartha in d'ainm go buan,
is críochnaigh le fíorcheart de ghnáth mo uaill,
i ndúil go bhfaighinnse a theacht saor ó gach cealg is cluain,
a Rímhic - is go bhfaighinnse bheith ag amharc ort suas.
Tabhair féin domh bheith ag féachaint do chréachta go buan,
is a bheith ag léamh do chéime gach tráth gan suan,
a Rí na gréine nach léigeann do chairde uait,
m'anam réghlan beir féin leat go Parrthas suas.
A Íosa, chuir dianscrios ar dheamhnaibh anuas,
is rinne príosún á ndíbirt in ifreann go suthain,
go mba dídean domh do phiantaí lá an bhreithiúnais an Luain,
is tabhair croí dhomh le go gcaoinfinn do pháis gach uair.
Anois ísligh m'fhíoch, m'fhearg agus m'fhuath,
agus díbir na smaointí mallaithe so uaim,
léig braon ón Spiorad naofa beannaithe anuas,
a chloífeas an croí so tá ina charraig le cruas.
Is é mo léan géar, faraoir, nachar rugadh mé dall,
bodhar balbh gan chéill, gan aon smid teanga in mo cheann,
sul fá ndeachaidh mé i dtréas mar cheithearnach coille rinn feall,
is é mo scrúdadh go héag nach ndearna mé an aithrí san am.
Fuair mé cúig ní ón Spiorad naomh nacharbh fhiú mé a fháil:
amharc na slí, faraoir, agus cloisim a lán,
blas agus boladh agus molaim thú a Rí na ngrás,
agus mothaíonn mo chroí an uile ní, míle altú leat a athair.
A aoinmhic an athar nach bhfaca an Dall do ghoin,
ach is léir liomsa an gléas gan bhréig ler tairneadh d'fhuil,
lá an tsléibhe an tráth bhéarfar na gártha stoic,
is léan liom nach bhféadaim do pháis do ghol.
Is í Muire mháthair banríon fhlaitheas mhic Dé -
nach méanra a dhéanfadh páirt is caradas léi;
déanfaidh mé dán ar ball le cúnamh Dé
is ar impí na máthar gheobhad pardún is fuascailt óm phéin.
Guím na trí Mhuire bhí ag sileadh na ndeor go trom,
is mac Dé do ceangladh is do sparradh i lár an chrainn,
a ghéaga geala bhéarfadh solas don Ardrí ann
ag tabhairt na fola mar thuile ó bhaithis go bonn.
A Rí na ndúl a thug cabhair is amharc don Dall,
is d'fhulaing sciúirsí an chine Iúdaigh ár gceannach ar chrann;
a d'fhulaing go humhal do úrchneas a cheangal go teann,
tabhair maithiúnas dúinn, an scúid bhocht peacaigh - do chlann.
A Rí na bhfeart, go n-acla tú mo chroí,
is go dtiobhra tú leat mé ar neamh mar bhfuil na naoimh,
admhaím anocht mo locht duit, cam is claon,
go bhfuil mé faoi ghlasa ag peacaí deamhna an tsaoil.
Peacaím san oíche naoi bhfichid corradh is céad uair,
ach admhaím arís go mbím an-aithreach go crua;
is é glórthaí mo bhéil chuir i dtréas mé ar bhreitheamh an tslua,
ó, a Rí fhlaitheas Dé, ná léig ar cheannaigh tú uait.
A Rí tá cuimseach, coimrí iarraim ort,
in éiric an chrainn le gur ceangladh thú gan locht,
braon de do thrócaire doirt é fám anamsa anocht,
ná léig ar seoid níos mó mé ach cloígh mo chorp.
Bheinnse am agus shantóinn ní bheadh deas,
agus bheinnse am agus shantóinn ní ar leith,
bhí mise drúisiúil gáirsiúil feargach is ba mhór mo leisc',
ach a Rí na ngrása, in d'fhearg ná tabhair do bhreith.
Dá mbeinnse san Róimh - mo bhrón chan fhuilim is cha bhím,
m'eaglaiseach óg is mé cóirithe in aibíd na naomh,
dhéanfainn aithreachas mór agus deora chomh geal leis an aol,
ar acht mo lón a bheith romham i bhflaitheas na naomh.
Tá mo léacsa caite - is deimhin nach fada mo shaol,
is nach trua mé is mo lochta scríofa in m'aghaidh;
guím an tAthair, an Mac, is an Spiorad Naomh
go n-íocfaidh mo chorp in gach olc dá ndearna mé.
Nach trua mé lá an tsléibhe is mé ar thosach an tsló
is gur measa mé féin nó an té rinne brath leis an bpóig,
cuirfidh mé cré an dáréag agus glacfar é, dar ndóigh,
ar an dúil is go ndéarfaí i láthair Dé, "He's not guilty my Lord".
VÉARSAÍ FÁIN.
i
Is peacach mé fá ualach trom,
ar mhéid mo choir is aithreach liom;
paidir is cré in onóir an dáréag
ar an dúil is go ndéarfaí "Sincere! he's not guilty, my Lord".
ii
Nuair ólaimse mo dhóthain den bhiotáilte bhíos daor,
bíonn mo thórramhsa ó Dhomhnach go maidin Dé Luain;
och, is mise chartfadh amach na bacaigh
ach cúl díge bheith in mo cheann.
iii
D'fhág tú seacht mallacht, a shagairt a chroí,
ar an té bhéarfadh ceathrú do Chathal Bhuí;
tú féin a thug ceathrú do Chathal Bhuí
agus thit na seacht mallacht anuas ar do thigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11