Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht na gCallanán

Title
Filíocht na gCallanán
Compiler/Editor
Ó Ceallaigh, Seán
Composition Date
1846
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1967)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A SHEÁIN A MHIC MO CHOMHARSAN.



Marcas Ó Callanáin.



A Sheáin a mhic mo chomharsan,
Má tá tú ag dul ag pósadh,
Sin ní nár dhúirt mé fós leat,
Téirigh go Suí Finn;
Tá airgead is ór ann,
Agus meaitseannaí go leor ann,
Agus is iomaí cailín cóir ann,
Nach ndéanfadh troid ná bruín.
Má fhaigheann tú mar is cóir í,
Tabhair isteach ag ól í,
Cuir ina suíomh ar cheann an stóil í,
Is do dheaslámh faoina com,
Is má théann tú seal dá treorú,
Thart le claí na tórann,
Dúblóidh sibh an córtas,
Nuair a bhlaisfeas sí den bhraon.



An fear a bhios ro-náireach,
Chun thíocht isteach i láthir,
Ní thugann leis an báire,
Is ní éiríonn leis an chraobh;
Is anois mura bhfuil tú sásta,
Ar bheith gan bean gan páisti,
Tóraigh roimh an gCáisc í,
Is ní bheidh tú i bhfad gan í.
Feasta bí ar do gharda,
Agus imir ceart an cárta,
Mura gcastaí ort ach party,
De chailíní ina suíomh;
Bí ag déanamh grinn is ag speáráil,
Is ag brú-brú ins an gcardán
Is is gearr go mbeidh tú ag airneáin,
Rachaidh mise faoi.


L. 37


Má bhíonn tú seal faoi imní,
Gan bean bheith ar do choimrí,
Ní bhfaighidh tú an saol níos suimní,
Ach chóds bheas tú anois gan í;
Is mura mbí tú it' fhear, bí cinnte,
Ní rachaidh sé ó inseacht,
Mionnóidh sí ar an mbinse ort,
Nach bhfeileann tú do mhnaoi.
Dá mba leat na céadta punta,
Is a leagan isteach faoi iontraist,
Gach ní dhá ndéanfadh compóirt,
Istigh ar fud do thí,
Dhá dtugthá brandaí is puins di,
Teach maith, ceol is rince,
Thriallfadh sí ar a muintir ort,
Mura bhfáigheadh sí cúram tí.



Tá cruithneacht agus eorna
Le ceangal ins an bhFómhar,
Is cúnamh ar ndó ní mór dhuit
Le bheith ag saothrú an lín,
Ach pós an bhean ar fónamh
Bheas suáilceach i gcónaí,
Nuair a thiocfas tú isteach tráthnóna
Go mbeidh an t-ádh ort lena linn.
Má phósann tusa an bháirseach
Beidh aiféala go brách ort,
Beidh do mhailí gearrtha
Is do chneácha ag déanamh braoin,
Ach coinnigh thusa an drár ort,
Is ná faigheadh sí an ceann is fearr ort,
Nó fágfaidh sí saol gearr agat
Mura mbí sí ar do mhian.



Is maith é do theach cónaí,
Tá an sonas ann i gcónaí,
Tá an seift agus tá an lón ann,
Is thú in ann a thíocht i dtír.
Ní bheidh draidhbháil ag cur bróin ort,
Ar maidin ná tráthnóna,


L. 38


Beidh chuile shórt ar fónamh agat,
Is an talamh ceannaithe saor.
Beidh do bheithígh seolta,
I bpáirceannaí do ghóltais,
Is féadfaidh tú bheith ag ól seal,
Ó d'éirigh an t-arbhar daor.
Beidh féasta, bruith is róstadh,
Ar do bhainis phósta
Traeits is dtithe ósta
Is ithe is ól don tír.



Is deas an rud dea-intinn,
Is é bheith ag bean go cinnte,
Sin is an darna pointe,
Í a bheith go maith chun an tsaoil.
Ach ágóid chrosta nimhneach,
Nach dtabharfadh dhuit suí shuimnis,
Is deacair t'anshó inseacht,
Má ghreamaíonn tú do straoill.
Bheadh a dath go hiompaithe,
Ar maidin tar éis t'ionsaí,
Dhíbreodh sí do mhuintir,
Is chriothnódh sí do chroí,
Ach má tá tú ag tóraíocht minsí,
Tá deireadh mo chomhrá insithe,
Sin comhairle ó dhuine mhuintreach,
Is ba mhaith liom thú bheith i gcrích.


L. 39


SEÁN Ó NEACHALLA



Marcas Ó Callanáin



Is in ár n-aice bhíodh an greann,
I mBaile na gCrann,
Le linn Sheáin
Uí Neochalla.
Is iomaí slán
A thuganns a lán dó,
Mar thuill sé gean
Inár n-eolas air.
Mar bhí an suairceas ann,
Bhíodh ár gcuairt aige gach am,
Mar is é bhíodh i gceann
Gach spóirt againn
Ní hé a chroí bhí gann,
É féin ná a bhean,
Ní raibh a leitheidí ann
De chomharsana.



Nuair a chímse an tsráid,
Agus na tithe a d'fhág sé
Is é mo chrí bhíonns cráite
Dólásach,
Ag cuimhneamh ar Sheán,
Mar dhéanainn dána air,
Agus an caonroscadh d'fhaighinn
Ina chomhrá liom.
Má thréig sé an áit,
Tá an chraobh aige ó chách,
Agus an méid a gheall sé
Comhlíonta;
Chuaigh mo pháirtí
Go cuan Ard Fhraoigh,
Agus creidiúint láidir
I gcónaí aige.


L. 40


Go mba saolach slán é,
Saor ó námhaid,
Níor mhian liom amháin
É a dhearmad,
Mar is aige bhí an dáimh liom,
Mar ghaol mo chnámha,
Mar bhí sé páirtiúil
Carthannach.
Réiteodh sé cás,
Don té bheadh na chall;
Is é tá de cháil
Is de theastas air.
Chuirfinnse mo gheall as,
Agus ní bheinn meallta,
Agus go n-éirí an t-ádh
Ina aistear leis.



Ba mhór mo chumha,
Agus é ag tabhairt a chúil dom,
Tháinig deora ó mo shúile
Le nádúr leis,
Mar ba fíréan múinte é,
Nár dhein gníomh tuatach,
Is nár thuill míchliú
Ar chás ar bith.
Ní fhéadfainn a chur in iúl,
Ar a thréathra mar b'fhiú é,
Mar is duine é a bhfuil dea-rún aige
Bhfuil páirt agam leis,
Ach cuirfidh mise súchas,
Ar an bhfear nach ndéanfadh scliúchas,
Agus céad beannacht uaim le dúthracht
Chuig Seán ar leith.



Siúd lánúin óg
Ar láíocht chóirithe,
Agus ó dhaoine córa
Tháinig siad,
Níl lá go deo


L. 41


Nach mbeidh báí agam leofa,
Mar ina gcroí ní heol dom
Aon mhíchoinníoll.
Ba fear an tigh an óil é,
Ar fheabhas Chrích Fódla,
Is iomaí giní d'ór buí
Do scaip sé riamh,
Agus ní dhár ndeoin,
Nár roinn sé i gcónaí,
Tá daoine go brónach
Ag caitheamh 'na dhiaidh.



Fuaireadar araon
A gceart oideachais agus léinn,
Is iad a bhí go tréan
Ina gcuid agus a meas,
Ní raibh cam ná scéim,
Ina dhream ná ann féin,
Agus shantóinn bheith in éineacht
Le cuideachta chomh deas.
Preabann mo chroí ag léimnigh,
Is m'anam mar an gcéanna,
Nuair fhaighim amharc ar a éadan
Is nach bhfeicim ach faoi seach,
Agus dúshlán d'fheara Éireann,
Aon phioc dár dhúirt mé a bhréagnú,
Ó thús an bheagáin véarsaí sin
Do leag mé amach.


L. 42


RANN AN TOBAC



Marcas Ó Callanáin



Tá mé ag tóraíocht cíosa ort,
Glan an scór is an spríos liom,
Is gann an stór ag tíos duit,
Mura bhfreagraí tú mo chás;
An pór a bhí i dtuama Chríosta,
Níonns fóirthint dlúth ar mo chroí istigh,
Ní mór liom cúitiú arís duit,
Ach dearg é gan spás.
An Té a chruthaigh an cine daonna,
Agus a d'fhulaing Páis Dé hAoine,
Is maith a dhóigh dhúinn choíche,
An Benefeactúr atá ós ár gceann;
Is mór é cumhachta Chríosta,
Atá ag fóirthint ar na Críostaithe,
Céad glóire, moladh agus buíochas,
Agus altú leis dá cheann.



Ón chéad oíche a dtug mé gean,
Don t-aon ní a bhfuil mé ag caint air,
Ní éagaoinim mo shláinte,
Ná preaba ar mo ghiall;
Is lách an pléisiúr liom é,
Tá séasúr gach uile am air,
Bíonn spéis ag chuile dhream ann,
Go gcaitheann siad a ndíol.
Gach seanbhean is gach seanlaoch,
In aisteachas nó in ainlí,
Is aiciseach an dream iad,
Is bíonn seachmall ar a gciall,
Cuir i gcás go bhfaigheadh siad ganntan,
Go ngeobhadh siad bás le cantal,
Agus tá áras ins an teampall,
Ag fanacht lena dtriall.


L. 43


Anocht le cuairt a dhéanamh,
Nochtaigh mé mo stímear,
Níl locht ar a chois chrainn,
Ná ar an gclaibín tá ar a cheann;
Ní mór liom do na daoine,
Bheadh ar thórramh luach na pingine,
Beidh an chóir á snuigeadh, scian agam,
Cathaoir, tine is tongs.
Is ní ba chóir a dhéanamh,
Bheith ag guí go deo ar na daoine,
An Slánaitheoir le daonnacht linn,
A d'órdaigh é mar ghnás,
Cé ar mór leis siúd a dhéanamh,
Gan stór má buailtear tinn é,
Is mór an fhaillí déanfar dhó,
Is is uaigneach a gheobhadh sé bás.



Labhraíonn an file le bean an tsiopa sa cheathrú seo:



Ó chuala mé ar a cháilíocht,
Cuir unsa dhe sa scála,
Bíodh t'inntinn cneasta fáilí,
Agus is amhlaidh gheobhas tú glaoch;
Tá trí pingine ar fáil agam,
Ar a shon, is é a shíneadh i ndáil dom,
Níor mhaith liom thú bheith meallta,
Is é a chleacht mé thú bheith buícoh.
Siúd é an pór is áille,
Dá dtáinig ina stór thar sáile,
Tá an iomada dá fháilt air,
Ó dhéiléirí na Ríocht,
Tá tóir ag fearaibh Fáil air,
Agus tá trócaire le fáilt air,
Ach fear gan stór bíonn call air,
Nuair a bhíonns a luach faoi dhraíocht.


L. 44


MÁIRÍN FLANAGAN



Marcas Ó Callanáin



Is mór an spóirt an ghnaíúlacht,
Is ba mhian liomsa bheith in aice léi;
Casadh cailín deas orm
Ag tíocht chugam sa ród.
Dhruid mé lean taobh amach,
Is d'fhiafraigh mé cé hainm í,
Séard dúirt sí: Máirín Flanagan
Is í meanmnach go leor.



Is aici bhí an siúl spéiriúil,
Bhí togha gléas uirthi go faisiúnta;
Níor léir dhom féin sna bailteachaí,
A samhail de phearsa mhná,
Ag an deise bhí ina héadan,
Níor fhéadas gan a bheith dearcadh uirthi,
Is ar an gcéad shúil thug mé taithneamh dhi,
Is is gasta thit mé i ngrá.


L. 45


Casadh dhom ar dtús í,
Is mé imeacht ar mo ligean dom;
Ní raibh fonn orm í imeacht uaim,
Ach shíl mé breathnú romham.
Ba í féin an cailín múinte,
A raibh dúil agam ina cuideachta,
Ach nuair nár iarr mé uirthi imeacht liom,
Níor thuig sí féin mo bhrón.



D'imigh sí de shí uaim,
Tráth ar shíl mé bheith baint geallah dhi;
Is ar mo chroí fhéin bhí an aiféala,
Nár bhain di cúpla póg.
Ach is fada bheas mé trácht uirthi,
De bhrí go dtug mé taithneamh dhi,
Is dá meallainn í bheadh bean agam,
Chomh deas is sheas i mbróig.


L. 46


Cuirimse fhéin mo bheannacht léi,
Mar bhí an sway aici mar ba cleachtadh léi,
Le méin agus le slachtmhaireacht
Ba deacair a leitheid fháil.
Ach rachainn fó na déint,
Ach tháinig scéala chugam le teachtaire,
Go raibh céile aici i gceann seachtaine,
Is nach ormsa rinneadh an feall.



An té a leigeas a leas ar cairde,
Is fearrde go minic é;
Is é an trua nach raibh fios agam,
Go raibh sí ag puiseáil romham.
Ach marach mé a bheith i bhfad as láthair,
As an áit ar chóir dhise bheith,
Ní chaillfinn í cheal misnigh,
Is ní chlisfinn de mo dheon.


L. 47


MÁIRE BRÚN



Marcas Ó Callanáin



Tá cailín spéiriúil a dtug mé spéis di,
Ar an gCreig Dhubh an taobh seo d'Eanach Cuain;
Tá a pearsa scéimhiúil i gclár a héadain,
Is a leaca gléigeal mar bhláth na n-úll.
Dúirt mé an méid seo is mé ag comhrá léithe:
"Is tú mo chéadsearc agus togha mo shúl,
Ní beo i do diaidh mé, is ná déan mé a shéanadh,
Ba chóir dhuit éalú liom, a Mháire Brún!



Is cailín breá í a dtug mé grá dhi,
Is ní cumann gearr é, má bhímse beo,
Bím ag trácht uirthi is ag tabhairt míle slán di
Is tá gnaí ag a lán uirthi, mar tá sí cóir.
Siúd í an phlandóg fuair sway na háite,
Tá meas le fáil aici agus crediúint mhór,
Ach d'ainneoin Máire bheith a bhfad as láthair,
Beidh sí ar báire againn ar an Turloch Mór.


L. 48


Siúd í an tseoidín de mhná Chrích Fódhla,
Is múinte mómhar a ghabhann sí an tslí,
Is a liachtaí óigfhear a d'iarr í le pósadh,
Mar ba mheaits ar fónamh í le cur i gcrích.
Ní níonn sí mórgáil, ach greann a thógáil,
Is níor fritheadh an dóigh inti lena cur dá slí,
Dar brí mo chomhrá, is croí gan dólás,
Nó fear gan eolas nach santódh í.



Sí Máire an stáidbhean, an bhruinneall mhánla,
A dtug mé grá dhi, searc agus tnú,
Tá an lasadh is áille inti ná rós i ngairdín,
Is deas é a gáire agus a leagan súl.
Tá a cúilín fáinneach tíocht síos dá básta,
Is geal é a bráid, a dath is a snua,
Is níl bean le fáil a bhainfeadh barr di,
Agus í ag siúl ar bhántaibh Eanach Cuain.


L. 49


B 1825 19T



AN LÁÍ
Marcas Ó Callanáin



An file:
Goidé an fáth, a laí, nach mbíonn tú ag obair,
Agus mise a fhágáil i mo shuí go socair?
Is bocht an lá nach mbímse tuirseach,
Agus dhá fhad an lá nach mbíonn tada ortsa.



An Láí:
Tá mé ag rá leat, ná bí falsa,
Mar ní hé seo an chaoi le gníomh a 'speánadh,
Tusa bheith go socair ar do tharr in airde,
Agus mise bheith ag obair i lár na páirce.



Lúb do dhroim agus sín do ghéaga,
Beir ar an láí agus bain béim scéithe,
Agus téimse faoi dhuit dul faoi na gréine,
Go mbeidh an obair déanta againn i bhfál a chéile.



Is suarach an t-ábhar dhuit seasamh in m'fhochair,
Mura dúil atá agat na gnaithí a chrochadh;
Ní iarraimse páí ort, bia ná fothair,
Ach bíodh tabhairt na sráite ar an té gheobhas mo shochar.



Is de mo bharr bhíos glaoch ar mhuca,
Ag mná is ag páistí mhéadaíonn pluca,
Coinním a lán ó iompar an phuca,
Saothraím an t-arán is ní fhaighim aon phioc dhe.



Is de mo bharr bhíos daoine go séanmhar,
Ag mná is ag páistí coinním éadaí,
Is mé dhéanfas áit dhuit lá do churtha,
Agus i nGaillimh a bhí m'abhar an t-am seo anuraidh.


L. 50


An file:
Scuirse feasta ó bheith ag déanamh bréaga;
B'fhearr an capall dom, cliath agus céachta,
Seisreach capall gabhtha gléasta,
Chuirfeadh na bánta ar chúl a chéile.



Is ina n-aice ba mhinic sin bólacht,
Tine agus teas ag fear bealaigh agus bóthair,
Beatha go fairsing, airgead agus ór buí,
Éadach sa bhfaisean ag daoine críona agus óga.



An Láí:
Fóill, fóill a dhuine, agus ná bíodh ortsa díth céille,
Fiche glan giní ní chuirfeadh le chéile
Péire maith capall, cliath fhursa agus céachta;
Craith dhíot an leisce agus tosaigh liom féin seal.



Is mór an ní freisin ag aon fhear a n-ordú,
Le coirce ins an Earrach agus féar ins an bhFómhar.
Is é a n-iarrfainnse de dhualgas ort, nuair a scuirfeá tráthnóna,
Mé a chur ar do ghualainn go dtéinn ag mo lóistín.



Dá mbeadh agat airgead, lán de chomhra,
Agus tú bheith i do mháistir ar Chrích Fódla,
Ní iarrfainn scilling ort, bonn ná feoirling,
Le tabhairt ar dhram i dteach an ósta;



Léine gheal i gcoinne an Domhnaigh,
Bríste, hata, veist ná cóta,
Ní iarrfainnse choíche aon ní den tsórt sin;
Is iomaí glaoch a bhíos ar fhear an ghabhaltais;
Is é a n-iarrfainnse choíchin sult agus córas,
Ach níor lú liom an mí-ádh ná troid agus comhrac.



An file:
Creidim go bhfuil páirt leis an slua sí agat,
Andóch Cnoc Meádha nó mí-ádh as na Crioga
Gnóthach Cruach Phádhraic nó aníos ó Shligeach
Níor chleachtaithe liom aon láí bheith ag iarraidh giollacht.


L. 51


Ghluais sé leis, an láí, ó Chreig an Neannta,
Go Coill an Bhogaigh in aghaidh cnoc is gleannta,
Gabhailt ann soir faoi Pháirc an Chlampair,
Bhí an fóidín mearbhaill á cur i dteannta.



D'fhiafraigh an Síogaí cé dhár díobh í,
Cén áit arb as thú, nó cá mbíonn tú?
Níl tú ceart de réir mar shílim,
Agus thú bheith amuigh an tráth seo d'oíche.



An Láí:
I gCaithrín an Duibhéin is ea do bhínn i mo chónaí.
Agus a bheinn anois dá nglacfainn comhairle,
Ach ghluais mé as feirg i mbéal an bhóthair
Agus tigh Sheáin Uí Laighin atá mé a thóraíocht.



An síogaí:
Fill abhaile ins an mbealach céanna,
Is, má déantar leat é, glac an réiteach,
Mar na cnoic a bhíos i bhfad uainn, bíonn siad gréagach,
Is má bhíonn siad glas, ní bhíonn siad féarmhar.



Féach an Prodigal, a shiúil na réigiúin,
Agus d'fhág teach a athar le díth céille,
Dhá fhad dhá ndeachaigh sé, fuair sé léargas,
Go mb'fhearr an baile ná a bheith i leith an méid sin.



d'fhéach sé roimhe agus tháinig náire air,
Ghlac sé criothnú agus ní fáth gan ábhar,
Fill abhaile, a pheacaigh ghránna,
Is má déantar leat é, ná scar go brách uaidh.



Nuair a chonaic a athair é ag tíocht sna harda,
Dhírigh sé faoina choinne, chroth sé lámh air,
Thug sé dhó póg agus míle fáilte,
Agus chuir sé éadach nua ó bhonn go barr air.



Ghlaoigh sé ar a ghaolta i gceann a chéile,
Mharaigh sé lao agus rinne sé féasta;


L. 52


Bhí ceolta binne á seinm ar théada,
Agus go deo níor scaradar dís le chéile.



Nuair a bheas tú in aois gan mhaith gan fónamh,
Cuirfidh Johnny arís thú in aois na hóige;
Déanfaidh sé dhíot lann scine róghlan,
Agus blas gach bídh gheobhaidh tú i dtús gach cóisir.



Séard dúirt an láí, ag freagairt an scéil seo,
Nach nglacfadh sí comhairle ó dhuine dhá thréine,
Go mba fairsinge an domhan ná an gual mharga ó chéile
Agus nach bhfanfadh sí i ngabhainn ag obair ag éinneach.



Gluaistear léithe ins an aimsir chéanna,
Gur bheannaigh sí do Lyons i gcomhrá chéillí;
Is fada mé ag imeacht le díth céille,
Ach is mithid dúinn feasta a dhul le chéile.



Lyons:
I dtús do shaoil dá ndéarfá an méid sin,
Bhéarfainnse dhuitse dídean agus réiteach,
Ach buail an bóthar, is ní bheidh mé a' plé leat.



An Láí:
Comhairligh anall anseo mo dhualgas,
Is mairg atá le fán ná fuaidreamh;
An áit a d'fhág mé, dá mairfinn suaimhneach,
Gheobhainn go brách mo choinneáil suas ann.



d'iarrfainnse sceanadh agus béiteáil a fheannadh,
Agus thug mé uaimse aineas á caoradh;
Bhí an talamh seo ag teannadh agus ba mheasa bhraitheas é ná cheana,
Agus ní fearr liomsa fanacht dá shaothrú.



Na clocha nínn ceanann leis an gcluais a bhí ionam,
Níor ghlac mé droch-ana ar ní ar bith,
Thriall mé do thalamh tré shliabh agus tré eanach,
Agus níl i m'fhiachaibh an t-oineach ar chaoi ar bith.


L. 53


Tá an eilit sa sliabh dá seilg is dá fiach,
Agus na marcaigh ina diaidh ins na harda,
Cogadh ná gliadh níor chuala tú riamh,
Nach mbeidh ag déanamh ár réir go fáilí.



Fleadhachas fial, deoch agus bia,
Agus lagfainnse díoltas námhad,
is má tá mise liath, agus gur caitheadh mo ghiall,
Dá gcaillfinn mo chiall, cé náirfinn?



Ag obair sa ngarraí ó Luan go dtí Satharn,
Agus níor shaothraigh mé bladar ná buíochas,
Agus greim de do bheatha ní dheachaigh ar mo chleatha,
Ó thosaigh mé do chuid talún a shaothrú.



Bímse i mo sheasamh is mo chúl leis an mballa,
Agus tusa á alpadh go cíocrach,
Is má mhaireann O Connell bainfidh sé craith dhíot,
Ós é siúd crann seasta gach fíorbhocht.



Seo é an saol is fearr dá dtáinig ariamh,
Le do chuid a scaipeadh nó a bhronnadh go fial,
Cúrsaí ag agair ná ag iasacht ná ag iarraidh do chuid,
Seo é an saol is measa dá dtáinig sa raon.



Is minic a chuala mé ó údar ar fónamh,
Fuair mé an oiread sin le scríobh agus foghlaim,
Go dtiocfaidh an saol mar ghadaí róghlic,
Agus go ngoidfeadh an aois uainn bláth na hóige.



Chím anois gur fíor an sceál seo,
Agus míle faraor, is é mo chostas fhéin é;
B'fhearr comhairle in aisce dhá dhícéillí,
Ná a dhul ag dearcadh an cháis níos géire.



Is mairg a bhíonns gan maoin gan fáltas;
Is mairg nach ndéanfad saothar tráthúil;


L. 54


Tá mé anois i ndeireadh mo shaoil,
Gan teach, gan slí, gan clí go brách.



Ó nach mise an crann ar an gcoill a chríon,
A chaill a bhrí agus nach bhfuil ag fás,
Is mé an mogall ar an gcraobh,
Is beag an ní le go mbeinn ar lár.



Is mairg don té a chaitheanns a théarma,
Idir síol atá bradach, cleasach, bréagach,
Gan stór gan lón i ndeireadh a laethe,
An tsíoraíocht roimhe agus é trí lá ina aonraic.



Tórainn mo chomharsan rinne mé a réabadh,
Is ní dhearna mé aithrí, déirc ná sléachtadh.
Is mó an tsearc a thaispeáin an tAonmhac, Rí na nGrásta,
Nuair a bhí a Cholainn gheanmnach leagtha ar Chrann na Páise,
Ná aingil an Fhlaithis, patriarchs agus naoimh.



Ní fhéadfadh an domhan ar fad, na iomlán an chine daonna,
Aon anam a thabhairt slán gan smál ó pheaca an tsinsir,
Nó gur thuirling Mac na nGrásta faoi bhroinn na Maighdine Muire,
Líonta len A ghrásta faoi bhlianta síoraí roimhe.



An mhéan a d'fhág Sé le muid a thabhairt ar saol gan caitheamh,
Tá sin le fáil ag gach anam atá gan pheaca:
Do chuid Fola agus Feola agus sacraiméidí beannaithe,
Siadsan a dhein a gcuid féin ar chroí na nAithrí.



Cén nós, mar sin, a sílfeah an tÁibhirseoir,
Aon anam a mhealladh dár cheannaigh an Slánaitheoir?
Ag caoineadh ar a pheacaí le taobh Íosa Críosta,
Is ann ba mhian leis maireachtáil agus cónaí ann choíchin.



Rian d'ualach na ngrásta a chuireanns a pheacaí ar gcúl,
Is dócha go bhfuil subháilcí ins an anam atá mar siúd,
Dhá óige thú, a dhuine naofa, a d'ionsaigh an cuireadh i dtráth,
'Sé Críost do luach saothair agus beidh Sé agat dá bharr.


L. 55


Míle ar dtús i gceann a hocht de chéadta,
Fiche agus an chúig a chur i gceann an méid sin,
Ó thuirling Críost i gcolainn daonna,
Nó go dtáinig an láí i bhfoirm véarsa.



In éiric na Páise an Ard-Rí a céasadh,
Ó, screadaim go hard ar ghrásta an Aoin-Mhic,
Ó, na Flaithis go bhfaighe Clann Ádhaimh Lá an tSléibhe,
Mar sin a chuir Callanán an dán le chéile.




L. 56


B 1830c 19T



PÁIDÍN Ó CATHÁIN



Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin



Tá muintir an oileáin go buartha,
Ó síneadh san uaigh an fíréan,
Is dubhach linn gur cailleadh an buachaill,
A raibh múineadh is tabhairt suas air le léann.
A shamhail ní raibh ar na cuanta,
Bhí an sway tabhartha suas dhó le méin,
Bhí prionsaí maith fir do chuile uair ann,
Agus ní raibh fear fuatha ag Paddy Kane.



Nuair a shíl sé a dhul trasna na hátha,
Is é ag filliúint le comhtráth na hoíche,
Siúd mar bhí an chinniúint i ndán dó,
Gur thit sé le fánaidh ins an tslí.
Baineadh dhá chapall ins an snámh é,
Agus phreab an tuinn bháite ina dhiaidh,
Ní bhfuair sé cead aithrí ón mbás,
Ach gur scread sé go cráite ar Dhia.



Is mór a bhí ar a thórramh an dá oíche,
Is é leagtha amach sínte ar an gclár,
Bhí dólás ar óg is ar chríon ann,
Níorbh fhéidir duine a chaoineadh níb fhearr.
Ba fear é a raibh meas agus gnaí air,
Cé nár mhair sé ag na daoine ach seal gearr,
Ní bheidh an misneach céanna acu choíche,
Is é d'fhág a gcroí tinn é a bheith ar lár.



Déanadh a chleamhnas Dé Domhnaigh,
Is bhí gealladh ar é a phósadh Déardaoin,
Ach faraor ní hé sin a bhí i ndán dó,
Ach é a shíneadh sa gcónra ins an gcill.
Nach trua don chailín a phóg é,


L. 57


Nach sínfidh go deo lena thaobh,
Níl aici ach a bheith ag osnaíl go brónach,
Is ag síor-shileadh deora ina dhiaidh.



Bíonn a athair ag osnaíl is ag éagaoin,
Nuair a chíonn sé a chuid éadaigh os a chomhair,
Níorbh iontas dhá n-ardaíodh díth céille air,
Ó chaill sé an té a bhí go cóir.
Ba barúil an duine ins gach áit é,
Is ba fear maith é i láthair an óil,
Ach ní fheicíor go deo aríst ina bhád é,
Cé gur minic a d'ardaigh sé seol.



Ba dheas is ba gheanúil é a éadan,
Ba soineannta laethúil é a ghnúis,
Bhí a phearsa ag tíocht cumtha le chéile,
Gan sórt ar bith éalang ó thús.
Bhí sé le moladh as a thréathra,
Le gnaithí tí is é chuirfeadh dlús,
Is é a dhéanfadh gach oibliogáid d'fhéadfadh,
Is nach ndearna an éagóir in aon chúis.



Nuair a théadh sé chuig an réileán Dé Domhnaigh,
Ba mhóide é an spóirt é a bheith ann,
Is é thuill ar an saol, gean na gcomharsan,
Mar bhainfeadh a chomhrá le greann.
Is é a sciobadh 'un bealaigh i dtús a óige,
Saol fada ní dhó bhí sé i ndán,
Agus ar ndóigh, b'fhiú giolla an chroí mhóir,
Dhá dtéadh litreacha óir os a cheann.



Is air siúd a chuala mé an teastads
Le múineadh, le cneastas is ciall,
De bharr a chuid féin pointí maithe,
Rómhór atá caitheamh ina dhiaidh.
Má bhí i ndán dó is gur déanadh éaglachadh,
Ná gur thibhsigh sail peacaidh é ariamh,
Ó, a Íosa, a dhéan Síol Éabha a cheannacht,
Ná tréig mac na mbeannacht níos sia.


L. 58


Is é do bheatha, a Bhanríon na nAingeal,
Atá líonta le tuile na ngrást,
Tá an Tiarna go gnách maille leat,
Is beannaithe thú idir na mná,
Is é toradh do bhroinne atá beannaithe,
Ó Íosa ag preabadh in do lár,
A Naomh Mhuire Mháthair Dé, guidh orainn
Anois is ar uair ár mbáis.



Ár nAthair atá thuas ins na Flaithis,
Is naofa é T'ainm le rá,
Go dtige Do ríocht ar an talamh,
Is go ndéantar Do thoil i measc cháich,
Mar déantar i measc naomh agus aingeal,
Ár n-arán laethúil, tabhair dhúinn é, gach lá.
Maith dhúinn ár bhfiacha is ár bpeacaí,
Mar mhaithimid cealgaíocht cháich.



Ná lig sin i mbuaireamh ná i gcathaí,
Ach saor sinn ón bpeaca de ghnáth,
Áiméan lenar dhúras bheith seasmhach,
Faoi Do chumachta-sa i gCathair na nGrást.
An urnaí seo a dúras lena anam,
Ná diúltaigh, ach freagair mé i dtráth,
Ós é féin thugadh cúitiú don leatrom,
Tabhair cúitiú dhó i bhFlaitheas dá bharr.



d'fhulaing Tú an Pháis faoin ár bpeacaí,
Is an Choróin Dhealgach fastaithe ar Do Cheann,
Bhí Do Chosa is Do Lámha dhá stracadh,
Is na táirní dhá sparradh ar an gCrann,
Sáitheadh an tsleá in Do Bhrollach,
Agus tháinig an tuile gan spás,
Ó, a Íosa, ós é Do chroí bhí á tholladh,
Ná lig luach Do chuid Fola le fán.



Is le grá dhúinn a thuirling Tú ar talamh,
Agus ní le gradam ag saibhreas an tsaoil,
Níor shantaigh Tú ór buí ná earra,


L. 59


Is níor ghean Tú ar eallach ná ar mhaoin.
Níor shuigh Tú fré chóisir ar hallaí,
Ag ól uisce beatha ná fíon,
Ach ag comhairliú na ndaoine is á dteagasc,
Is á dtreorú go Flaithis na naomh.



Míle agus ocht gcéad an dáta,
Deich fichead gan bhréig a chur ina cheann,
Ó thuirling an tÁrd-Rí a céasadh,
Ar son peacaí Shíl Éabha ar an crann,
Sin agaibh an dáta in ar éag sé,
Agus ar síneadh a ghéaga ins an gcill,
In uaigneas agus ualach den chré air,
Nó go dtaga Lá an tSléibhe 'un cinn.


L. 60


B 1865ob 19L
SÉAMAS Ó CREACHÁIN
Peatsaí Ó Callanáin



Ag dul thrí Ardrathain dom, thar éis Aifrinn Dé Domhnaigh,
Casadh ón bhóthar mé isteach ins an tslí,
Ag tigh Shéamais Uí Chreacháin, togha fear i gCrích Fódla,
Molaim go deo é is go maire sé an chraobh.
Is ansiúd do bhí an leagan, le bruith agus róstadh,
Bhí ithe agus ól ann i gcaitheamh na hoíche,
Agus nuair bhí me tuirseach ag blaiseadh na beorach,
Ba mhaith é mo lóistín is leaba le luí.



Nuair a d'éirigh mé ar maidin, agus dhearc mé an t-áras,
Ba samhail do Pharrthas nó Pálás na naomh,
Bhí an t-éinín ba dheise ann, ag seinm san bparlús,
Is ba bhinne é ná cláirseach faoi scáilí na hoíche.
Ba ghile é ná sneachta dhá charnadh ar shléibhte,
Is bhí dathannaí éagsúla tarraingte thríd,
Is é ceolta na bhFlaitheas an tsamhail a bhéarfainn,
Do cheiliúr an éinín ó mhaidin go hoích'.



Tá Foynes ina sheasamh mar bheadh saighdiúir ar gharda,
Is nuair a ghlaoitear ar Phádhraic, ní air a bhíonns moill;
Ní iarrann sé warrant ag bailiú an ráta,
Tá a bharántas tairngithe ar a ghlanbhata droighin.
Baineann sé creata den fhear a bhíonns láidir,
Airgead láimhe a chaitheann sé íoc,
Ach an bhaintreach is a muirín ní chuireann le fána,
Ach tugann dóibh cáirde go dtagann a slí.



Nuair a thaganns an tEarrach, bíonn an tseisreach ann fastaithe,
Na síolta dhá gcraitheadh is dá gcur ins an gcré,
Nuair a thaganns an Samhradh, bíonn eallach dhá reamhrú,
Ba, caoirigh is gamhna, dhá scaoileah 'un féir.


L. 61


Nuair a thaganns an Fómhar, bíonn athgort dá stóráil,
Le cruithneacht is eorna, is coirce dá réir;
Nuair a thaganns an Geimhreadh, bíonn fadar gan chuimse,
Agus beatha gan chuntas dá roinnt ar an tréad.



Is iomaí ní eile ann nár chaintigh mé fós air,
Atá leagtha ina stór, dóibh féin is dá gclann,
Tá an bosca is an deasc ann, an preas is an cófra,
Faoi bhillí, faoi ór, is faoi airgead bán.
Tá ceathrar clainne ann, ar feiliúntas comhairthe,
Ag fáil scoile agus foghlaim i dtoiseach a saoil,
Tá máistir de Bhúrcaigh ann á múineadh is á dtreorú,
Agus léann sé go leor dhóibh ar bheatha na naomh.



An Chré is an Phaidir ar maidin is trathnóna,
Is nuair a thaganns an Domhnach, míniú ar an bPáis,
Ó tá siad gan pheaca, tá a leapacha cóirithe,
I bhFlaitheas na Glóire, is nach aoibhinn a gcás!
Nuair a bhí Éabh agus Ádhamh ins an nGáirdín,
Ní raibh siad chomh sásta, a dheachmha ná a thrian,
Is tá an chlann ina mbeannacht dá n-athair is dá máthair,
An family páirtiúil nár choigil an fial.



Ag tabhairt aire dhá ngraithe, is ag cúnamh dhá chéile,
Ag déanamh súgradh is pléisiúr, sult agus greann,
Agus ní mar Cain mallaithe nuair a mharaigh sé Abel,
Agus tharraing sé léirscrios air féin is ar a chlann.
Tá an bhean ann is fearr dhá bhfuil ins an gCúige,
Do shíolraibh ó Bhúrcaigh, den tsinsear ab fhearr,
Is amhlaidh ba cheart di, mar chananns na húdair,
Nár laga Dia a cumhachta ná cumas a lámh.



Tá an ghile is an lasadh ag cur maise ar a héadan,
Is geanúil é a scéimh is a cuntanós mín,
Tá a cnámha is a pearsa ag tíocht cumtha le chéile,
Gan sórt ar bith éalang ó thoiseach a saoil.
Nach aoibhinn do Chreachán a fuair í mar chéile,
I gceann clainne go séimh agus family tí,


L. 62


Tá an t-ádh is an sonas i bhfochair a chéile,
Is an taithneamh ins gach aon rud dá ngabhann sí thríd.



Bhí mise i nGaillimh is i mBéal Átha na Slua,
I nGort Inse Guaire is i mBaile Loch Riach,
I gCaisleán an Bharraigh is ar ais go bun Cruaiche,
Ó Inis go Tuath-Mhumhan is ar chuanta Ard Fhraoigh;
Le fiúntas, le fairsinge, le flaithe agus féile,
Thug Callanán an sway di thar a bhfaca sé riamh,
D'fhág Pádhraic a bheannacht in áras na féile,
Agus beannacht Mhic Dé ann nó go bhfille sé aríst.


L. 63


GNÍOMH CREIDIMH



Peatsaí Ó Callanáin



A Thiarna creidim cruinn
Iomlán gach uile ní
A chreideas is choinníos
Le háthas
An naomh Eaglais ghlinn
Fíor Aonta Chaitlicí
Rómhánach do chuir Críost
Ar lán bun.



Is go háirithe gach ní
Atá ainmnithe síos
IgCré na nAspal gcaoin
Ón ársacht,
Lánghéillim féin, de bhrí
Fadó i do shaol go fíor,
Gur fhoilsís féin dúinn iad,
Go láncheart.



Creidim gach tráth dem shaol
Go diongmhálta im chroí
In aon Dia amháin i dtrí
Pearsana,
An tAthair glé síorraí
An Mac Ró-Naofa síoch
Is an Spiorad Naomh ón dís
Do tharla.


L. 64


B 1845c 19L



An tSLIS



Peatsaí Ó Callanáin



Is agamsa a bhí an searbhónta
Ab fhearr a bhí sa domhan,
An bhean chumainn a bhíodh in m'fhochair,
Nuair a théinn chuig an abhainn;
Bratrachaí lín, mín agus garbh,
'Sí a ghealadh ar an gclúmhach,
Ach ó d'éalaigh sí, mo charaid, uaim,
Ní mhairfidh mé le cumha.



Leag mé as mo láimh í,
Is tháinig an gála aduaidh,
Shíl mé nach raibh snámh aici,
Is nach gcorródh sí ón gcuan;
Ach siúd mar d'éirigh an ainnis dom,
Is an aimiléis, mo lom!
Gur éalaigh sí gan aireachtáil,
Le treasnarnach na dtonn.



Is fada na seacht seachtainí,
A chaith sí in ionad a báite,
Ón Seanbhaile go Carraigín,
Is go ndeachaigh sí go Fába;
Ag Poll an Éisc a casadh í,
Imeasc shlatarnach is draoibe,
Gan dídean thí ná fascadh aici,
Ach fearthainn 's drúcht na hoíche.



Chuir sí litir chugamsa,
I bhfoirm tairngithe scríofa,
Go raibh sí i gcall is in uireasa,
Ó d'imigh sí ón tír seo.
An té níonns an iomarca uabhair,


L. 65


Is é is dual dó bheith dhá chaoineadh,
Is dá mbeadh fáil ar ais aici,
Ní scarfadh sí liom choíche.



Is cosúil í leis an bProdigal,
A shiúil ar fad na réigiúin,
A d'imigh as teach a athar,
Le uabharaíocht is díth céille,
Ag filleadh ar ais abhaile dhó,
Agus deireadh a sparáin spíonta,
Thabharfadh sé míle mallacht,
Don té a thréigfeadh athair choíchin.



Is mairg a thréigeas a Athair,
Is é sin Dia an Uilechumhachta,
Cér chás sin ach ár n-eagnaí,
Ag tabhairt scannail is míchliú dhúinne,
Ag iompó anonn le Protastúin,
Drong congbhálta an Athar Naofa,
Tá ar téarnó ag an mallachtaí,
Ó thús an Rufarméisean.



Is é Hanraí an tOcht a thionscail seo,
De réir mar deir na húdair,
Cromail, Creanmar, Leaitimear,
Ceailvín agus Liúiter,
A chuir spíonadh is fán ar Chaitlicigh,
Le feall is persecution,
Ach beidh Oscar thíos ag raith orthu,
Dhá lascadh lena shúiste.



Milleán ar an airged!
Is mairg a bhíos claon dó,
Ná a dhíolfadh státa an anama
Mar gheall ar ghnóthachan saolta;
Tá Clann Gall ag faire orainn,
Mar bheadh madar-alla ar chaoirigh,
Ag iarraidh sinn a locadh isteach,
o ngaibhtí muid sna líonta.


L. 66


Bheirimse comhairle charadach,
Do Chaitlicigh na hÉireann,
Ná glacadh siad aon eagla,
Mar ní anachain an scéal seo;
Nuair a thiteas brainsí críona is lofa,
Le fána den chrann saedar,
Is ag daingniú a bhíos na rútaí,
Is ag ardú a bhíos an léadar.



Cuirimid ár n-achainí,
Is ar n-impí chuig Rí na nGrásta,
A céasadh ar Shliabh Chalvaire,
Ina sheasamh ar Chrann na Páise,
Mar shúil is go bhfaighe muid maiteanas,
Mar fuair Éabh ag geata an Gháirdín,
Th'réis míle bliain a chaitheamh
Ach a dheachmha - ag iarraidh pardúin.



Ó, a Íosa Críost, is a Rí na Rann,
A céasadh ar Chrann Dé hAoine,
Tabhair grásta dhúinn mar fuair Maidiléan,
A d'éirigh as cathaí an tsaoil seo;
Ár n-anamnachaí a cheannaigh tú,
Go daor i mbuaic an tsléibhe,
Na lig uait iad Lá an Bhreithiúnais,
Le Spiorad na Láimhe Cléithe.



Míle bliain, a leath, is a thrian,
Is a haondéag ina cheann sin,
Ó thuirling Críost i gcolainn daona,
I mBeitileam san am sin,
Sin é an dáta fírinneach,
Ar thionscail bean an scéal seo,
Nuair a lig sí an tslis ar strabhóireacht,
Is í ag pasáil a cuid éadaigh.


L. 67


B 1846 19L



NA FATÁI BÁNA



Peatsaí Ó Callanáin



Mo mhíle slán do na fataí bána,
Ba subhach an áit a bheith in aice leo,
Ba fáilí soineannta iad ag tíocht chun láithreach,
Agus iad ag gáirí linn ar cheann an bhoird.



Ba chabhair don bhanaltra iad, don fhear is don gharlach,
Don lag is don láidir, don óg is don chríon,
Ach fáth mo dhocharna is ábhar m'angair,
Gur lobh na préataí gan sioc ná síon.



Is é mo dhíobháil dhreachrach, is mo ghalra dubhchroíoch,
Na fataí ag dúchan ins gach ceárd den domhan,
Na gais críon seargtha ón gcéad lá Lúnas',
Gan bláth ná snua orthu ach mar bheadh faoi Shamhain.



Nach é seo an scéal docharnach ag tíocht an Fhómhair,
An t-údar bróin dúinn agus briseadh croí,
An bheatha a chleachtamar i dtús ár n-óige,
Bheith lofa dreoite gan mhaith gan bhrí.



Ba iad ár gcaraid iad ó am ár gcliabháin,
Ach is é mo dhíobháil iad imeacht uainn,
Ba mhaith an chuideachta iad is an t-údar rinnce,
Bhíodh spóirt is siamsa againn in aice leo.



Ba iad an bhanaltra iad a bhíodh ár mbréagadh,
In aimsir béilí de ló id d'oíche,
Faoi chaoi do leanbhaí ba cheann maith réitigh iad,
Go moch ag éirí dhóibh is ag dul a luí.



Míle bliain agus a hocht de chéadta,
Dhá fhichead gan bhréig is a sé ina cheann,


L. 68


Ó thuirling an Slánaitheoir i gcolainn danna,
Go dtáinig léanscrios ar fhataí an domhain.



Sin é an dáta is ní fáth gan ábhar,
A mbeidh cuimhne is trácht air i gcaitheamh an tsaoil,
Mar níor tháinig uireasa dhá mhéad a cháilíocht,
Is mó ná ganntan is easba an bhídh.



Tá teach an ospidéil is an poorhouse líonta,
Agus coirp á síneadh ann go domhain i gcré,
Is gan ann de sholamar de ló nó d'oíche,
Ach praiseach bhuí acu dhá cheann an lae.



Is iomaí duine bocht de bharr an scéil seo,
Nach bhfuil thar béile aige go ceann den ló,
Gan buaile ar chnoc aige a thabharfadh braon dó,
Na seisreach gléasta le dhul chun fóid.



Gan ór gan airgead, gan creidiúint shaolta,
Gan tnúth le tréan againn ach amháin le Dia,
Ach muintir Shasana ag tabhairt páí lae dhúinn,
Dhá bhonn ar éigin gach deoch gan bia.



Is iomaí teach a bhfuil ochtar daoine ann,
Is gan fear le saothrú ach aon duine amháin,
Siúd pingin don duine acu, gan caint ar an tSaoire,
Agus lá na díleann níl faic le fáil.



Céard a cheannós bráithlín don fhear a sínfear,
Tobac ná píopaí ná cónra chláir,
Ach Ard-Rí Fhlaithiúnais le cabhair is slí 'gainn,
Agus ar ndóigh b'aoibhinn dhúinn dhá bhfaigheadh muid bás.



Tá daoine uaisle i mbuaic an tsaoil seo,
Tá puins is fíon acu dá n-ól ar chlár,
Tá feoil dá halpadh acu go méirleach craosach,
Gan trua ná daonnacht do fhear an chaill.


L. 69


Agus is baolach dhaofa go mbeidh dhá chaoineadh,
In Ifreann thíos ins na lasracha,
Mar atá Dívés ag fulaingt pianta,
An uair ná roinn sé le Lasarus.



Ní fhaca súile is ní chuala cluasa,
Ní bhfuair sibh tuairisc ar a leath ná a thrian,
Is olc an lóistín atá faoin ár dtuairim,
Más i ndán dúinn gluaiseacht go tine na bpian.



Clann Adhaimh is Éabha uilig is a bheith ina gcléirigh,
Agus a dhul le chéile dhóibh ar fad ag scríobh,
Piantaí Ifrinn ní chuirfeadh i gcéill dúinn,
Ach Rí na gCréachta go dtuga ár n-anam saor.



Nuair a bhí ár Sinsir i nGairdín Phárthais,
Bhí an bheatha ag fás dóibh ar bharr an chrainn,
Gan duais gan easonóir gan allas cnámha,
Ach riar a gcáis acu gach uair is gach am.



Gur labhair an tÁibhirseoir i mbéal na péiste,
Agus dúirt le Éabha dá mbaintí an t-úll,
Go mbeadh sí cumhachtach mar an Tríonóid Naofa,
is nár bhaol an t-éag di ná an galra dubhach.



Do bhris sí an aithne úd thar toil an Ard-Rí,
Agus ceapadh bás dúinn, céad faraor géar!
Ach fáth mo dhocharna níorbh é ba chás dúinn,
Ach cailleadh ár státa ar Fhlaitheas Dé.



Gur ghlac an Slánaitheoir trua agus daonnacht,
Don chine daonna a bheith ag dul i léig,
Gur fhulaing Sé Bás agus Páis na hAoine,
Ag tabhairt fáil arís dúinn ar Fhlaitheas Dé.



Peaca marfa ní maith le déanamh,
Is d'achtaigh Críost dúinn gan cuimilt leo,
Mar tá tnúth agus fearg, saint is craos,
Drúis, díomas, leisc is gleo.


L. 70


Té níos na peacaí seo is nach gcuireann suim iontu,
Gan an aithrí a dhéanamh go dtéann sé thar am,
Sin é a thuarastal mar dhualgas saothair,
Bheith in Ifreann thíos ann i measc na ndeamhan.



Is iad ár bpeacaí a tharraing gach sciúirse orainn,
Agus a d'fhág faoi chluain sinn ag an Áibhirseoir,
Is iad ár bpeacaí a dhíbríons uainne,
Na grástaí a fuair muid ón Slánaitheoir.



Is iad ár bpeacaí in am na Díleann,
A d'fhág na mílte ins an duibheagán,
Ní ráibh san domhain ar fad ach ochtar daoine,
A fuair cluiche saor lena thíochtain slán.



Déanaidh bhúr n-aithrí agus silidh bhúr ndeora,
Is bíodh muinín mhór agaibh as grásta Dé,
As lár na farraige thug sé Jonas,
Nuair a bhí sé ar lóistín i gcorp an éisc.



Thug sé Maoise agus a mhuintir slán leis,
Nuair a lean Fáró iad ins an Muir Rua,
Ní rabh long ná currach ann le dhul chun snámha acu,
Ach cumhacht an Ard-Rí dá dtabhairt chun cuain.



Thug Sé an triúr leis as an bhfoirnéis chraosach,
A fadaíodh síos lena ligean ann,
Thug Sé Lot agus a bheirt iníon saor leis,
Nuair a loisceadh síos Cathair Ghomorá.



Thóg Sé Lasarus a raibh clocha agus fóid air,
Is é marbh reoite ins an bhfuaralach,
Tóg ár n-anamnacha a Rí na Glóire,
Is ná léig thar tórainn sinn le Lúisifear.



Má bhíonn tú i bpeaca mar bhí na loibhreacháin,
Tá seacht n-oibreacha le do dhéanamh slán,
Mar tá Baisteadh is Aithrí is Corp an Tiarna,
Ach iad siúd iarraidh gach am is call.


L. 71


Dul faoi Láimh Easpaig, Ord, agus Pósadh,
Agus an Ola a thóraíocht in am ár n-éag,
An té a dhéanfadh sin, 's gan na hAitheanta a leonadh,
Bheadh sé mar lóchrann i bhFlaitheas Dé.



Dhein Tú an Phaidir, a Thiarna, is Tú ar Do ghlúine,
Agus cheap Tú dhúinne ár mbia gach lá,
Déan anois linn de réir mar dúrais,
Is ná léig le fuaidreamh sinn ná le fán.



Tabhair inniu dúinn ár n-arán laethúil,
Agus tabhair mar an gcéanna dúinn i gcaitheamh ár saoil,
Is nuair fhágfas an t-anam bocht an cholainn daonna,
Tabhair ar féasta sinn go Flaitheas naomh.


L. 72


B 1865ob 19L
STAID AN FHIR FHOLAIMH
Peatsaí Ó Callanáin



Is dubhach brónach é stáid an fhir fholaimh,
Atá faoi angar is leatrom an tsaoil,
Ach is measa go mór atá an cás,
Ag an té a mbíonn an tinneas á chloí,
Tá crostacht gan chuimse ar an gcéad fhear,
Á thabhairt faoi chlampar an dlí;
Tá an fear déanach faoi dhólás gan tsólás,
Is é i riocht a bheith tuirseach dhá shaol.



Saibhreas má láimhsíonn tú cóiriúil,
Beidh tú i gcéim mhór ins an saol,
Ag teampall, ag Aifreann, nó ag cóisir,
Gheobhaidh tú an chéad áit le suí.
Tá an fear bocht faoi tharcaisne i gcónaí,
Is drochmheas is dualgas dá ghníomh;
Más aigeanta, níl sé ach ina cheolán,
Más foghlumtha, a bheith comhairthe gan chiall.



Má bhíonn tú faoi leatrom in éagruth,
Is ar éigin a bheas meas ar do ghníomh;
Má bhíonn tú ar do leaba tinn tréithlag,
Beidh do ghaolta dhíot tuirseach gan mhoill.
Ní gheobhaibh tú fóirthint ó aon fhear,
Nuair a thiocfas an bás do do chloí,
Ach an sagart, is é a osclós do ghéibheann,
Le branda agus séala an Spioraid Naoimh.



Ó a Thiarna, bí grástúil 's ná tabhair dhom,
Saibhreas ná bochtaineacht choíche,
Ach tabhair dhom an tslí le go riarfainn,
Lucht fiacha a bhíonns ag triall chuig mo thigh,


L. 73


Scilling le caitheamh in am chóiriúil,
A thóigfeadh gach brón de mo chroí,
A bheith sásta leis an stáid sin i gcónaí,
Is mo chuntas a bheith i gcóir le do dhlí.


L. 74


B 1850 19L



NA hAOISEANNA



Peatsaí Ó Callanáin



1. An Lá



Nuair a thaganns an mhaidin le héirí na gréine,
Bíonn meidhir ar na daoine ag éirí as a néallta,
Bíonn an smólach, an linnet, an chuach is an chéirseach,
Ag tabhairt glóire don Ard-Rí, ós É chruthaigh gach aon rud.



Nuair a thaganns an t-eadra, i meán an lae ghléigil,
Bíonn soilseach gan smálach i ndealramh na gréine,
Ach tugann sí ligean is í ag imeacht le fána,
Agus éalaíonn sí uainne mar imíonns an lánmhuir.



Nuair a thig an tráthnóna bíonn bród ar na daoine,
A ngraithí a bheith i gcomhair shul dhá dtagann an oíche,
Ach an té a dhéananns faillí, is nach dtugann aire dá dhiúité,
Aireoidh sé an chailliúint i ndeireadh na cúise.



Nuair a thaganns an oíche, bíonn scíth ag gach duine,
Ag comhrá is ag siamsa ina suíomh cois tine,
Ach téimid a chodladh, trom tuirseach ón sclábhaíocht,
Sin féasta a cheap Críost mar shuaimhneas dár gcnámha.



2. Ceithre Shéasúr na Bliana



Tagann an tEarrach mar an mhaidin chiúin shéimhí,
Bíon duilliúr ar chranna agus ceiliúr ag éanlaith,
Bíonn fionscar ag marcaigh agus adharca dá séideadh,
Bíonn meidhir agus misneach ar intinn gach aon fhear.



Nuair a thaganns an Samhradh, bíonn fad ar na laethe,
Bíonn teas ins an ngréin agus neart ina gaethe,


L. 75


Ach téann siad chun deiridh i ceann aga ina dhéidh sin,
Tagann múis agus fuarú ar dhealramh na gréine.



Nuair a thaganns an Fómhar, bíonn lón ag na daoine,
Agus biadha le stóráil faoi choinne an Gheimhridh,
Bíonn na meacha ag bailiú a gcuid meala faoi thúirim,
Le haghaidh aimsir an tseaca agus dona na huaire.



Nuair a thaganns an Geimhreadh, bíonn fuinn' ins na ngaoithe.
Bíonn an duilliúr ag titim, ag crapadh is ag críonadh,
Ach tagann an Nollaig le solmar féasta,
Mar chuimhne is mar chruthú ar thúirlingt an Aoinmhic.



3. Saol an Duine



Nuair a ghlacas na leanbhaí baisteadh na hEaglaise,
Fáigheann siad céim-cholm ó pheaca go grásta,
Nuair a fhásanns a dtuiscint, bíonn a misneach gan chuimse,
Mar fuair siad a nglanadh ó pheaca na sinsear.



Nuair a bhíonns muid inár ngarsúin bíonn ár bpáisiúin dochloíte,
Bíonn muid lag tuirseach le eadaruas saolta,
Síleann muid faraor, gur fada ár gcuid laethe,
Cé gur ríbheag an sracadh le go dtligthí sa gcré muid.



Nuair a bhíonns muid inár bhfeara, ba chóir go mbeadh cuimhne,
Nach bhfuil lá ar bith chomh fada nach dtagann an oíche;
Ba cheart do gach duine a bheith ag cur ola ina lampa,
Mar bhailíonns na meacha a gcuid meala sa Samhradh.



Nuair a bhéas muid in aois agus bhéas ár saol caite,
Sin é lá chuntais na mblianta ghabh tharainn,
Má dhéanann muid aithrí, déirc, troscadh agus urnaí,
Gheobhaimid seilbh ar Fhéasta na Glóire.


L. 76


Míle is ocht gcéad go leith dáta na bliana,
Ó thuirling an tAonmhac a céasadh Dé hAoine,
Gur thug Callanán na laethanta i gcosúlacht scríofa.
Le imeacht na séasúr agus aimsir na ndaoine.


L. 77


B 1828 19T



AN SCIOLLADH



Marcas Ó Callanáin



Ocht gcéad déag de réir mar léitear,
Agus a hocht fichead a chur i gceann an mhéid sin,
Aois an dáta an Ard-Rí a céasadh,
In éiric pheacaí an chine daonna.



Siúd mar tharla ins an aimsir chéanna,
File de dhall gan radharc gan léargas,
Á rá de ghlór gan chiall gan réasún,
Go gcuirfeadh sé gobán in mo bhéalsa.



Chuir mise litir ag feagairt an scéil sin,
Agus cnapán súí uirthi mar shéala,
Séard ba samhail di, cíonán spéireat,
Nuair a ghnó' sé an bun is an cluiche in éineacht,



Mar siúd atá a thréithre, bagarach béalach,
Scéaltach scannalach bladarach bréagach,
Claonach cleasach cealgach sléachtach,
Méalach abartha sanntach séantach.



Tuille dhá chúrsaí a bheith tútach leitheadach,
Bodachúil, brúisciúil, múisciúil doicheallach,
Taghdach, tiúsclach, stuaclach stucaireach,
Cinnte, creimsithe, creipeartha.



Is mar siúd atá a chréachta péacach marcach,
Tineach péisteach léarsach claimheach,
Salach tréadach céireach carrach,
Baladh mór ar a chneácha cnapach.



Tá cosa faoi mar mhaidí bacaigh,
Is a shrón chomh caol le snáthaid phaca,


L. 78


Lag ina lár ar áit an phuca,
Is é iompar an mhála a d'fhág an chruit air.



Tá a éadan suaite snoite.
Is is duibhe a ghruaig ná gual Chill Choinnigh,
A mhailí ghruama mar ghuaireach muice,
A shúile ag gluaiseacht mar dhá pholl uisce.



Ag snámh anuas le bruach phlucaí,
Mar bheadh cúr ar ghabhail ag coipeadh;
Tá a shrón chomh géar le béal seancholtair,
A smig dhá réir sin is a bhéal cam brocach.



Ag iarratas a bhí sé nuair a thriall sé eadrainn,
Ruaigeadh aníos é as tír na mbratach,
Ní raibh fascadh ná dídean ná slí ar bith leapa aige,
Ach seanphluid bhuí a raibh míle paiste uirthi.



B'olc í a ghuastal ag tíocht don tír seo,
Bhí cáibín hata air chomh rua le snaoisín,
Sreangán barraigh air, casta sníofa,
Agus is fada a chaith sé ar an gcarn aoiligh.



Rinne sé véarsa lena léine bharraigh,
Is chuala na céadta an scéal seo cheana,
Gur sháraigh sé na méara go síorraí ag gearradh,
Is níor dhiomail sé an tréad dhá mhéad dhár mharaigh.



Bhí rapar smeartha air, ní nárbh ionadh,
Mar is iomaí daba a chuir sé ina phócaí taoibhe,
Bhí treabhsar fada go talamh síos air,
Leathchéad poll air, is gach le píosa.



Bhí seancheirt de veiste bhriste ar an ngioblachán,
Ag falach na peilte a cheileadh na mílte mál,
Bhí beilt ar an ngeilt, is é teannta ar a imleacán,
Is go leigeadh sé leithe nuair a bhíodh a bholg lán.


L. 79


Ach cuirfidh mise cliath, céacht agus carr leis.
Bó agus caora, cruach agus stáca,
In aghaidh a sheanveidhlín, is ní ag santú an gheall é,
Go bhfuil sé ar deireadh, is gur chaill sé an rása.



Tá na línte 1099-1218 fíor-gháirsiúil agus fágtha ar lár anseo.



I gCill Chonaill gan dídean tá a bhotháinín fíorbhocht,
Faoi raithneach, faoi chíb is faoi fhiontarnach,
Is nuair a thagas na síonta, ní choinníonn sé dídean,
Mar scaoileann sé síos é ina thonntarnach.



Níl aon rata faoin teach gan frapa dhá choimhdeacht,
Agus dabán den aol mar theannta leis,
Nó gur ruaig sé gan mhoill an pucaire daill,
Go Gaillimh is go na líntí tá timpeall air.



Ní fiú liom eascainí a dhéanamh air,
Mar nach bhfuil an fuíoll sna mallachtaí,
Ach dúshlán an tsaoil, cá bhfuil duine sa tír,
Níos díblithe ná an seanphuicear 's a veailit air?



A bhíos ag seáirseáil na tíre is ag sciolladh na ndaoine,
Agus ag tógáil a chíos ins na bailteachaí,
Is mura bhfágha seisean dídean is a ghibhisc a líonadh,
Beidh a dheimheas i bhfaobhar ag bearradh aige.



Siúilfidh sé Éire trasna fré chéile,
Agus cruinneoidh sé scéalta agus seanchas,
Ag sceiligeadh bréag i ndoras gach aon tí,
Ach cé go bhfuil sé géar aithiseach,



Ní bhainfidh sé béic ná geit as mo chléibhse,
Mar nach ndearna mé aon ghníomh scannalach,
Ar ndóigh dhá ndéanfainn bheadh fios ag an saol air,
Is gan an seanscramaire caoch bheith á aithris daoibh.



Níl cearda den Chúige ó Ghaillimh go Dubhros,
Ná as sin go bruach na Sionainne,


L. 80


A mbeadh caint ar bith ar údar, ar shúgradh ná ar shiamsa,
Nach mbuailfeadh an strúille seo a ladar ann.



Bhuail sé fúmsa mar bhí sé gan mhúineadh,
Nó gur chuir mise in iúl dó mo charthanas,
Is nuair a chuala sé an chúis seo ag tigh Dhomhnaill Uí Fhiúraigh,
Tháinig fits ins an gclúid agus lagar air.



Ghluais chugainn as Cúige Uladh é fein is a chriú,
Is níor mhiste don dúiche le ar scaradar,
mar ba iad siúd an chuallacht le ragairne an drúchta,
A ghoidfeadh na huain as na garrantaí.



Dhá dheireannaí an uair ní bheadh siad gan foghail,
Is í an chaora bheadh reamhar a leagfadh siad,
Le faobhar is luas, ní bheadh an ghrian suas,
Go mbeadh sí feannta ó chluais go ruball acu.



Nuair thagthas fúthu, níor cailleadh sa siúl iad,
Ba mhire ná cúití ag imeacht iad,
Níorbh fh'leár liom iad bheith súgach, meanmnach, lúfar,
Mar is iomaí sin súp a shloigeadar.



Peelers ina sluaite tháinig anuas orthu,
Nó gur chuireadar ruaig ar an luifearnach;
d'ainneoin a chumhachta, chinn agus shliúc air,
Gur chuir mé gobán go dlúth ina charbad.



I gcaitheamh do shaoil fad is mhairfeas tú aríst,
Ná cuir iomadh ná saoiste ar dhuine ar bith,
Ná tuig is ná síl, a scramaire chaoch,
Go dtabharfá an chraobh leat as Connachta.


L. 136


B 1907c 19



AGUISÍN 11



AN tATHAIR MAC GIOLLA tSEANÁIN



I gColáiste na hEiscre ag bruach na móna
Tá an fear is córtha dhá bhfuil le fáil;
Redemptorist Father is é ar fheabhas Crích Fódla
Mura bhfágha sé an ghlóire nach crua dhá lán.
Is é Father Shannon é, Dia go deo leis,
Is é réalt an eolais ag dul romhainn sa tslí
Le feabhas a sheanmóir agus teagaisc comhairle
Le muid a threorú go Flaitheas Naomh.



Is deas a chuntanós ag teacht 'un láithreach
Agus fríd an gháire ann i measc an tsló
Tá gnaoi ag an bpobal air, mar tá sé fáilí,
Agus sin é a cháilíocht a bheith múinte cóir.
Ór ná airgead níor chuir sé suim ann
Ach dhá roinnt le daonnacht ar fhear an cháill
Mura bhfágha sé flaithiúnas as ucht a ghníomhartha
Nach trua na mílte ar an mBeatha a fháil.



Dhá bhfeicfeá ag teacht é ag léamh a thráthann
Dul anuas an bóthar agus é ag gáirí linn,
Tá a lasadh níos deise ná rós an gháirdín,
A chúilín fáinneach is a bhéal deas binn.
A ghnúis is áille ná an cúr dhá charnadh
I mbéal na trá is é ag teacht ar an dtuinn,
Mar siúd a cumadh é le toil na ngrásta
Is ba scéimh ar Pharrthas dhá mbeadh sé ann.


L. 137


Bhí sé sealad is ní raibh sé ar fónamh
Bhí faitíos mór orm go bhfaigheadh sé bás,
Ach míle buíochas le Rí na Glóire
Ós Tú a níonns fóirthint ar fhear an cháill.
Níl díobháil shaolta mar díth na sláinte,
Is an bás gan amhras nuair a thagann sé,
Ach m'Athair naofa, mar bhí sé ceansa
Fuair sé am maith agus malairt lae.



CEANGAL



Tá an ghile 's an lasadh ag cur maise ar d'éadan
Is geanúil do scéimh is do chuntanós mín,
Do chnámha is do phearsa ag teacht cumtha le chéile
Gan sórt ar bith éalang ó thosach an tsaoil.
Nach aoibhinn don mháthair a thóg thú mar phéarla
Le scoil agus léann i measc bhfamily an tí
An t-ádh is an sonas i bhfochair a chéile
Agus an t-aineas 's gach aon rud dhá ndeacha tú fríd.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services