Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn

Title
Dánta, Amhráin is Caointe Sheathrúin Céitinn
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Mac Giolla Eáin, E.C.
Composition Date
1645
Publisher
(B.Á.C.: Connradh na Gaedhilge, 1900)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DÁNTA AMHRÁIN IS CAOINTE SHEATHRÚIN CÉITINN,
An Dochtúir



MILIS AN TEANGA AN GHAEDHEALG



Milis an teanga an Ghaedhealg,
Guth gan chabhair choigcríche,
Glór géar-chaoin glé glinn gasta
Suairc séimhidhe sult-bhlasta.



Gidh Eabhra teanga is seanda,
Gidh Laidean is léigheanta,
Uatha uirthi níor fríth linn
Fuaim nó focal do chomaoinn.



B 1606c 17T
MO BHEANNACHT LEAT, A SCRÍBHINN



Mo bheannacht leat, a scríbhinn,
Go hinis aoibhinn Ealga!
'S truagh nach léir damh a beanna,
Gidh gnáth a dteanna dearga!


L. 18


Slán dá huaisle is dá hoireacht,
Slán go roi-bheacht dá cléirchibh,
Slán dá bantrachtaibh caoine,
Slán dá saoithibh re héigse!



Mo shlán dá maghaibh míne,
Slán fá mhíle dá cnocaibh,
Mochean don tí tá innti,
Slán dá linntibh 's dá lochaibh!



Slán dá coilltibh fá thorthaibh,
Slán fós dá corthaibh iascaigh,
Slán dá móintibh 's dá bántaibh,
Slán dá ráthaibh 's dá riascaibh!



Slán óm chroidhe dá cuantaibh,
Slán fós dá tuarthaibh troma,
Soraidh dá tulchaibh aonaigh,
Slán uaim dá craobhaibh croma!



Gidh gnáth a foirne fraochda
I n-inis naomhtha neambocht,
Siar tar dromchladh na díleann
Beir, a scríbheann, mo bheannacht!


L. 19


B 1645obc 17L
ÓM SCEOL AR ARDMHÁGH FÁIL



Óm sceol ar árd-mhagh Fáil ní chodlaim oidhche,
'S do bhreodh go bráth mé dála a pobuil dílis,
Gidh ró-fhada atáid 'na bhfál re broscar bíodhbhadh,
Fá dheoidh gur fhás a lán don chogal tríotha.



A Fhódla phláis, is nár nach follus daoibh-se
Gur chóra tál ar sáir-shliocht mhogail Mhíleadh;
Deor níor fágbhadh i gclár do bhrollaigh mhín-ghil,
Nár dheolsad ál gach crána coigcríche.



Gach treod gan tásc tar sáil dár thogair síneadh
Go hóir-shliocht álainn ársaidh Chobhthaigh Chaoilmbreagh,
Is leo gan ghráscar lámh ár ndona-bhruidhne,
Gach fód is feárr dár n-áitibh eochar-aoibhne.



Atáid fóirne ag fás 'san chlár so Logha líomhtha,
Dár chóir bheith tláth gidh árd a rolla ag scaoileadh;
Síol Eoghain gan áird 's an Tál-fhuil bodhar-chlaoidhte,
'S na hóig ón mBán-tsrath scáinte i gcoigcríochaibh.


L. 20


Na tóisigh tháisc ón Nás gan bhogadh bhrígh-nirt
I ngleo ghéar gháibhtheach lá na lonna-bhuidhne,
Fá shróin an stáit ba ghnáth a gcogadh i ndíormaibh;
Ní dóibh ba nár acht cách gan chomhall dlighe ar bith.



Dá mbadh beo árd-fhlaith Áine is Droma Daoile
'S na leoghain láidre ón Mháigh do bhronnadh maoine,
Dár ndóigh, níor bh'áit don táin seo i n-oscuil Bhríghde
Gan geoin is gártha ós árd dá dtoghail-díbirt



Muna bhfóiridh ceárd na n-áird-reann pobal críoch gCuirc.
Ar fhóirneart námhad ndána n-ollamh ndíoghaltach
Ní mór nárbh' fheárr gan cháirde a bhfoscain-díoghlaim,
'S a seoladh slán i bhfán tar tonnaibh Clíodhna.


L. 21


DO CHARAS TAR AON



Do charas tar aon an Déirdre dheagh-ghnúiseach,
Mhascalach mhaordha dhéid-gheal ghlas-shúileach,
Amhurach aobhdha shaor-ghlan shearc-thnúthach,
Charthannach chéillidhe bhéasach bhrad-rúnach.



Is camarsach claon 's is craobhach crath-úrlach,
Taitneamhach téadach faon-chas fras-ghlúineach,
Leabhar-chas laomdha slaodach sreath-lúbach,
A carn-fholt caomh-ghlan géagach fad-chúrsach.



A mama gan mhéid is é gan bhleachtughadh d'fhior,
Do dhallaibh is réalt i raonaibh aedhreamhla,
Is cailce 's is caol a taobh 's is creat-chumhra,
'S ní mheasaim gur théigh le haon do chlannughadh ris.



Anaid na héisc re scéimh a slat-chúil chais,
Is canaid na héanlaithe séis ag beannughadh dhi,
Gabhaid na déithe léi gan athchúntar,
'S a ndeachaidh tar Bhénus bhréagfadh an bhean úd sin.



Do ghabhas-sa léi, mar scéith dom cheart-chumhdach,
Gidh searg mo ghné mar aosmhar an-shúgach,
Fearsa ní léighim ná téxt a nglan-úghdar,
Is dearbh nach léir an ghéis seach gealbhan dom.


L. 22


Do chealg, do chréacht-ghuin mé go lag-thúirseach,
Is d'athruigh mo ghné mar néimh an ghlan-bhúgha cnuic,
Is mairg don éag nach gléasann dart chugham-sa
Do chaithfeadh mo ré go réidh gan chathughadh nirt.



Do gheasaibh na géige is glé-ghlan geanamhail cruth
Mo cheangal i ngéibheann daor go deacamhlach
'S nach cneasta dá céimhibh téacht do chneasughadh an luit
Do deargadh léi go héigceart athmhultach.



Ceangal.
Is maith an mhaise, an ainnir chneasta, a géag-dhlaoidh cham,
A dearca glasa, a mama geala, a géar-chíoch ghann,
A basa taise laga leabhaire, a haol-phíop reamhar,
Crosaim feasta ar fhearaibh Breatan Gaedheal í is Gall.


L. 23


MO BHRÓN, MO CHEOTUIRSE CLÉIBH IS CROIDHE



Mo bhrón, mo cheo-tuirse cléibh is croidhe,
An glór do thóg mé a raer i mbíodhg,
Róis-leaca is cló-ghartha gné is gnaoi,
Ag gleoir-ghein an ór-fhuilt is féire fíghe.



Smól-mhala shnódh-dhubh is géire scríob
Feothanach feosach mar scéith an daoil
Cóir-mhama cóimh-gheal re néimh an aoil,
Is rói-dhearca lóghmhara is léithe lí.



Dóid-chleatha meor-laga is séimhe slaoid
Fóir-gheala snódh-chailce is tréithe sníomh,
Is nósmhar na sróll-tuir ar ghréis do-ghnídh,
Do shórdaibh, dom dhóith-se, nár léir do dhaoi.



Óig-bhean do phóir-shliucht na réime ríogh,
d'fheol-fhuil Shíl Eoghain is Néill is Cuinn,
Sheolas le ceol-chruit go séiseach faoi,
Do dheolfadh deo-chuisne a créachtaibh laoich.



Beol gartha glór-ghasta an déid ghil chaoin,
Do thógfadh le seol-ghuth a séimh-ghuibín
I gcómh-ghuth le ceol-sheinm téadmhar sídhe,
Dom dhóigh, ar leonadh don Ghréig an Traoi.


L. 24


Do bhreodh-shnuigh, do bheo-ghuin go léir mo chroidhe
Gach órlach i gcóimh-theacht le chéile díobh
Ó bhórdaibh a bróg mbreac go féith a dlaoi
Mar órda Tórna is Néidhe draoi.



Ní fóbraim tóchaim a tréithe dhaoibh
Dom dheoin le heol mar is léir a ríomh,
'Na rói-rith gidh leonuighthe a céim 'san chaoi,
Is cóimh-leasc san gcomhlann a méin is í.



Ní heol dom an nóchar budh céile dhí
Ón mBóinn is ó sheoil-bheannaibh Béarra is Baoi,
Ná ón Óir-lios fós, is féach gach hí
Ar mhórdhacht, ar óige, ar fhéile, ar aoibh.



Do ró-chuir i gcómh-bhroid 's i ngéibheann cnaoi
Ógbhaidh na Fódla 's a tréin-fhir tríth',
'Na sróll-chulaidh bródchuir mar éirgheas sí
Nach cló ar bith i gcómh-chruth do Bhénus í.



MO BHRON, MO CHEOTUIRSE



B 1620c 17T
UCH! IS TRUAGH MO GHUAIS ÓN GHLEOBHROID



Uch! is truagh mo ghuais ón ghleo-bhroid
Re faghbháil bháis do bhláth na hóige,
I dtús a réime is léir an leonadh
I gcrích Éibhir éag an tsóisir.


L. 25


Is creach 's is crádh dá cháirdibh comhguis
Cíorrbhadh cinidh is milleadh is mór-olc,
Mí-ágh is díoghbháil do dheonuigh
Dá lucht gaoil is bíodhgadh brón-ghuil.



Tuitim Shéamais tréin-mhir threoraigh
I gcrích Shacsan is leagadh dom shórd-sa,
Báthadh nirt is cirt is córa
Is adhnadh uilc re lucht an fhórlainn.



Do báthadh ioth is bliocht na Fódla,
Ní thig feoithne feoir ar mhóintibh,
Tug 'san sín ar ghaoith bheith glórach,
Is tug an imtheacht tinnteach is tóirneach.



Tig dá bhás bráith-nimh is beo-ghuin,
Tá na coillte gan puinn cnósaigh,
Beag ár lacht, gidh bleacht ár mbólacht,
Is do bhain a rath don ar fá fhódaibh.



Tug sé buinne na tuinne tar tóchar,
Tug cantlamh bantrachta ar bhrón-fhleidh,
Tug scol dáimhe is bochtáin breoidhte,
Is tug an chliar go ciachmhar ar cóisir.



Siansán an ghuil i gcruit go ceolmhar,
Tug a bhás a lán go treorach,
Téid gach nduine fá thuirse tar teorainn,
Is béid ón dtoisc gan fos gan foghnamh.



Géar-ghuin dtréan, mar do thóirneadh
Gread-phúdhar is athchumadh gach eolaigh
Is gairg-ghníomh do gach ainnir dá fheol-fhuil
D'éis an laoich go dítheach deorach.


L. 26


Iomdha macaomh glac-shaor gleoite
Ag nua-ghol ar bruachaibh 's ar bóithribh,
Is binn-ghol ar binsibh 's ar bórdaibh,
Is truagh-bhocht go gruaidh-fhliuch ar chomhroinn.



Do-rinne a thásc láib do na bóithribh,
Bídh gach eas i nglas ó reodhaibh,
Mian-ghol bhíos i nguth na smólach
Is faoidhe na lon 'na socht um nóna.



Mo chrádh nach ráinig leis pósadh,
Is gan na dhíol dídean dá chómhlucht,
Mo chreach é tar lear dá thórramh,
Is mion súil is dubhach 'na dheoidh sin.



Mo ghreadán an beangán don mhór-fhuil,
Ré mbíodh fáilte is báidh gach fóirne,
Léan 'san éag do-rinne dóith dhe,
Is na céadta i n-éagmais an ógmhair.



d'fhágaibh na táinte fá cheo-bhroid,
Na báird, na gláimhe is na geocaigh,
'S ní raibh bacach, ná aimid, ná óinmhid,
Ná dream, dá bhfuair fann, nach fóirfeadh.



Atáim-se féin faon-lag feosach,
'S dom chéibh is éigean bheith dreoighte,
Atá mo chroidhe ón síor-ghol dóithte,
'S atá mo cholann go corrach ar bhfeodhadh.



Bheith 'na thost dom rosc ní fhóbrann,
Ní théid dluighe díomdha ar mo dheoraibh,
Ar mo chumha ní dúntar comhla,
'S do chnaoi mé an nídh is díth don chóigeadh.


L. 27


Uch! mo dheacair is greadadh mo dhrólann
Bheith tar éis an fhéinnidh beo dham,
Mo shaoth a chaomh-chorp i gcróchar,
Fíor-dhochar dílleacht is deoradh.



Branán Bearbha, Siuire is Feoire,
Fial-mhac iarla Chnuic an tóchair,
Laoch ba dhian i ndiaidh na tóra,
Mac na hainnire bairr-fhinne ón Móta.



Rosc mar bhúgh is cúl mar ómra,
Déid chailce ar na gceapadh go comhthrom,
Muinéal geal fá choiléar chróchda
Is com caol fá léinidh go mbródchur.



Lámh thapa ar nár brathadh bheith ónna,
Le n-ar cleachtadh bheith athlamh i gcomhrac,
Cos deas ó mbídh slacht ar bhrógaibh,
Troigh i dtachar ar aistear nár fhóbair.



Fear mar Naoise i ngnaoi is i nósaibh,
Fear mar Oscar i gcoscar nó i gcomhlann,
Fear ar ghlonn mar Gholl mac Mórna,
Fear 'san ngaisceadh go n-aigneadh leomhain.



Fear fa mire is fa cliste 'san gcomhlann,
Macaomh meardha ceannasach ceolmhar,
Fear mar Ghuaire fá dhuais d'ógaibh,
Díol Éireann do chéile nóchair.



Bronntóir brat is each seolta,
Bronntóir clogad, colg is cóir-shleagh,
Bronntóir airgid is iodh n-órdha,
Is bronntóir culaidh go n-oiread an chlóca.


L. 28


Do bhíodh aige na sagairt dá seoladh,
Is bráithre dá dteagasc 'na sheomra,
'S ba céim-leasc na héigse ón ól-tigh,
I ndiaidh a riartha dá sheodaibh.



Re rígh Sacsan is dearbh a chomhgus,
Is re ríoghaibh fíre na Fódla,
Clann Chárthaigh táithte go leor ris,
Síol mBriain is fial-mhaicne Eoghain.



Clann tSéathra, Síol gCéin, Síol Mórdha,
Is Síol gConchubhair gcruthamhail gcrodha,
Sliocht an Ghearaltaigh, an Bharraigh 's an Róistigh,
'S na haicme ó Chois Machan 's ón gClóidigh.



Gaol mac Muiris fa frithir i ngleo-ghuin,
Anmchadhach, Síol gCeallaigh, Síol Róigh mhir,
Ruarcach do ghabh bruach na Bóinne,
'S na sluaigh dár dhual Baile an Mhóta.



Bráthair Uí Néill is Uí Dhomhnaill,
Gaol díleas Síl Mhaoil-na-mbó ribh,
Bráthair Búrcaigh is Mic Fheorais,
'S lem' bhaois, ní thig díom a dtóichim.



Do mhairg ní fhuil acht malairt re góidrisc
I n-a thaisteal tar beannaibh na bóchna,
Guth na cuaiche, mo nuar, dom dhóigh-se,
Im chluais deis ní headh do thósnuigh.


L. 29


Geilt ar buile mé, fionnaidh go fóill mé,
Bhíos ar meisce, i n-eibir na póite,
Do bhí nimh 'san digh sin d'ólas,
Le n-ar chailleas mo dhalta is mo dhóchas.



B 1645obc 17L

CIA AN SAOI LE SEINNTEAR AN CHRUIT



Cia an saoi le seinntear an chruit,
Le n-íocthar neimh go nuadh-luit
Tré ghoradh guith-bhinn a cláir
Mar sruth bhinn fhoghar n-orgáin.



Múchadh maoithe giall i nglas
Lúth luaimneach a mhéar mear-bhreas
Gan éislinn, mar is leór linn
Gan cheol séis-bhinn dá sheinim.



Síodhaidhe préamh-ghlan portach,
Dar leat, is é Adhbhortach
Nó Aonghus leasach ón linn,
Daolghus nó Greasach guith-bhinn.



Manannán tar modh mire
Nó Craiftine an cruitire
Nó Aonghus mac an Dághdha,
Slat aobhdha na healadhna.


L. 30


Gan aon neach, dár áirmheas ann,
Do thuaith dhoilbhthe Dé Danann
Nó d'fhóir ón am-sain i le
Ad-amsaigh cóir na cruite.



Tadhg Ó Cobhthaigh, cruth corcra,
Branán bréagtha bantrachta,
Uaithne iuil fhrithir gach fuinn,
Crithir an chiuil 's an choigill.



Do-gheibh gach saoi a shásamh dhe,
Mar sheinneas ar cheol chuibhdhe
Siansa scaith-mhear dtirim dte
d'fhir-rinn daith-gheal a dhóide.



Dá mhodh, dá mhéin, dá mhaise,
Tugas annsacht éagmaise,
Rogha leannán chríche Cuinn,
An beangán síthe séaghuinn.



Uair do ló, má's saoghlach sinn,
Is dearbhuighthe rem intinn,
Gan é ní chaithfeam choidhche,
Ná ré aithghearr aon-oidhche.



Mo chnú is mo chiste-se, an siollaire geanamhail grinn!
Is siubhlach slightheach glan sheinneas go bleacht dlúth-bhinn


L. 31


Go lúthmhar crithir-mhear frithir-cheart frais-chiuin fuinn,
Go cumhra cliste gan mhilleadh gan mhearughadh puinc.





FÁIDHBHRÉAGACH AN SAOGhAL SO



Fáidh-bhréagach an saoghal so is ná humhluigh dó,
Gearr bhéaras na séada so chnuasuighis dó,
Ní fhuil lá téarma ag aon-neach gur buan bhias beo,
Acht mar bhláth éadtrom chraobh-ghlas an uair bhíos nódh.



Féach, cár ghabh Caesar 's a chruadh-bhuidhean tslóigh,
Ná Néro chuir lé lasadh suas í an Róimh,
Ná Séarlas Mór éachtach le a mbuaidhtí gleo,
Dá ngéilleadh an Éaróip, an uair bhí beo.


L. 32


Ó d'éagsad na tréin-fhir do chuaidh síos romhainn,
Is gan spéis i gcéimibh na gcruadh-laoch ód,
Ní fhuil éifeacht i n-aon-neach do shluagh an tsaoghail mhóir,
Acht mar ghréin-ghail an néill-cheatha, gluaisfidh ar ló.



Mo scéal duit, a spéir-bhean, is suairc-mhín snódh,
Nach fuil éifeacht 'san tsaoghal so acht tuar maoithe is bróin,
Ná déantar leat éagnach ná uaill níos mó,
Is bréagach do scéimh-se is ní buan í, im dhóigh.



Ní fhuil acht cré id éadach, más muar bhíos d'ór,
'San déagh-mhatal daor-dhaithte, dá uaislidhe id dhóigh,
'San léinidh ghlé-ghil ná id ghuanaoibh sróill,
Ná 'san gcraobh-bhanna phéacach 'na ngluaisigheann stródh.



Nó 'san bhaoth-mhasc a bhféachann tú uait tríd slógh,
Nó 'san daor-hata béabhair nach truailligheann snódh,
I n-aon-fhaision éadaigh inar muar bhíd sóirt,
Créad sin acht baosradh nó uallaigheacht spóirt.



Ní fhuil acht cré id bhéal tana ar shnuadh-ghnaoi an róis,
Nó id bhaoth-theangaidh ghléasta ór luaimnighe an glór,
'San chaomh-leaca ar ghné dhatha an ghuail ghrís-bheo,
Nó san déadchailce ghlé-gheal mar buailfidhe i gclódh.


L. 33


Nó ins na maoth-ghlacaibh méar-laga le' bhfuaightí an t-ór,
Nó ins na séimh-throighthibh féata le' mbuailtí an ród,
I n-aon-chuid dod chaomh-chorp dá uaibhrighe dhó,
Is ní fhuil acht cré i n-aon-fheacht 'san truaill dhaoinne ód.



Is ní fhuil acht cré id chéibh chasta an duailín óir,
Ná id éadan gheal réidh-ghlan ar shnuadh an aoil fós,
Ná i bpéarla do chlaon-rosc mear-chruaidh righin reoidh,
Ná id chaol-mhala néata mar ruainín róin.



Is é an té chruthuigh Éabha is a sluaigh-shíol mór,
Do chuir scéimh ar an gcré sin mar luaidhmíd dóibh,
Ní déanta d'aon-neach dá bhfuair í glóir,
Gur leis féin is féidir a mhuar-bhuidhe thóbhairt.



Éagfaid na héisc ins na cuantaoibh ceo,
Éagfaid an éanlaith dá luaimnighe dhóibh,
Éagfaid na tréada is na buailtí bó,
'S gach spré chnuic, dar féidir a luadh dhíobh beo.



Éagfaid an Caesar 's go fiú an ríogh móir,
Éagfaid lucht féasta is cúirtí sóigh.
Éagfaid lucht éigin na ndúithchí mór,
Is éagfaid lucht déanta na bpúntaoi stóir.


L. 34


Éagfaid lucht bréige is bústaoi óir,
Éagfaid lucht craois is crúiscín d'ól,
Éagfaid lucht tréidheanais is guanaoi róin,
Is éagfaid lucht déigh-bheart nach dubhairt riamh gó.



Éagfaidh an duine aosta is an truagh-naoidhe óg,
Éagfaid na cléirigh 's na tuataigh leo,
Éagfaidh do chéile is do mhúirnín deoil,
Is éagfair-se féin, dar mo chubhas, ní gó.



An uair éagfair-se, féach leat, an dual daoibh brón;
Claonfaidh do chlaon-dearc go huaigneach crón,
Budh déistineach t'éadan 's do ghruadh ar lí an smóil,
Is tréigfid do chéadfadha a muair-bhrígh fós.



Ní budh léir dhuit-se léas beag dá shuaraighe ar ló
Is ní bhéara éisteacht do chluas níos mó,
Ní budh spéis leat aon bholadh do chuaidh faoid shróin
Déagh-bhlas ní bhéidh id theangaidh is truagh brígh an sceoil.



Má léigfear leat Béal Easa Ruaidh is doimhin cóst
Nó réidh-leacain Sléibhe Alpa is cruaidh-righin reoidh.
Tré ghéar-lasair chraobh-dheirg, gidh muar an phian ód,
Ní dhéantar leat éagnach ná fuasaoid mhór.


L. 35


Ní léigfear leat céirse ná cúisín sróill,
Ná saor-bhrat gan éifeacht, dár chnuasuighis fós,
Acht éadach, nár spéis leat, an uair bhís beo,
Is léine 'na réabach nó fuar-scaoilteog.



Béarthar thú le céathrar ar ghuailníbh id róimh,
Is gléasfaid duit féin leabaidh fhuar-chaoil dómhain;
Adéaraid lucht th'éagnaigh ag cruadh-chaoi deor,
"Cuir cré uirthi; créad é a gnó thuas níos mó?"



Tréigfid do ghaol tú is budh truagh croidhe leo,
Léigfid tú id aonar 'san uaigh faoi fhód,
Tiocfaid péiste géara na dtuambaoi id chomhair,
S do-ghéanaid ort féasta, is budh truaillidhe an sógh.



Más déidheanaighe do chéile ná thú, a inghean óg,
Do-ghéana sé i n-éagmais do ghuailní cóir
'S adéara go héadtrom, má smuainigheann ort;
"Céad beannacht léi-se! do chuaidh sí rómhainn."



Féach do chríoch dhéidheanach, an guais í id dhóigh,
Mar éagfas tú, is géir-bhreith an luain faoid' chomhair,
Dá dtéighir-se i bpéantaibh, is truagh an chríoch ód,
Is tréigean dúin déagh-athar is buan síor-ghlóir.



Ár léir-theagasc féin duit is dual daoibh góbhail,


L. 36


Déan saothar do-bhéara go buan daoibh stór
Le saoghal na gcéad-chleas is uaillighe glóir,
Ná bréagthar thú le béathaidh an uabhair níos mó.



Scéal beag gan éifeacht do chualaigheas rómhat,
Go ndéin beach dhi féin teach 'san chiúin-ghrinn-ló,
I n-a mbéidh seal go téagartha suaimhnigheach sóghach
Le téacht don tréan-stoirm 's don ruadh-ghaoith mhóir.



Tuig féin gan ghéilleadh dod uaill níos mó,
'S ná léig thart an ré ghairid fuaraís fós,
Déan géar-aithreachas féd pheacadh is cruaidh-ghníomh lór,
Is é téarma gach aon-gheine, an uair taoi beo.



Smuain féin ar na créachtaibh fuair Críost cóir.
Is tabhair déara i n-éiric a mhuair-phian dó,
A mhaoth-throighthe, a aomh-ghlaca is crú a chroidhe ar dtós,
Ag réidhteach chloinne Éabha as cruadh-shnaidhm bhróin.



Cré an Dá Apstal Déag gan chruas croidhe ar dómhan,
'S gach nídh adéara an naomh-eaglais do luaidh Críost romhainn,


L. 37


Go saorfaidh Mac Dé thú, go muar bíodh id dhóigh,
Grádh Dé bíodh sé agat, 's ná fuathuigh comhars'.



Déan dréimire le' réidhfir an chruaidh-shlighe rómhat,
Tréidheanas, déirc is úrnaighthí beoil,
Déagh-oibre bhéas leat mar ualaighe lóin.
Ag dul d'fhéachain an tsléibhe sin muar-aoird Sióin.



Ceangal.
A ghéag gheal do phréamhfhuil Dháibhi an Ríogh,
'Sa chaomh-chneas gan aon mheas is áilne gnaoi,
Guidh th'aon-mhac do céasadh ar Chálbhairí,
Ar saoradh ar phéantaibh na háite thíos.



Do ghrádh th'aon-mhic do céasadh le hiarnaighe i gcrann,
Ná léig sinn i ngéibheannaibh diabhlaidhe i ngeall,
Acht déan déirc dár saoradh, a Dhé chroidhe, do chlann;
Amén! go ndéantar á n-iarrmuid ann!


L. 38


B 1626 17T
LÁ DÁ RABHAS AR MAIDIN



Lá dá rabhas ar maidin go fánach
Ar Dhruim Dairbhreach i dtaca re Sláinghe,
Is mé i n-uaigneas go truagh tnáidhte,
Gur thuit orm an toirchim támhach.



Músclaim féin óm néal 'na dheághaidh sin,
'S do-chonnarc uaim i mbruach an fheádha
Maighdean mhíonla niamh-gheal náireach
Ag binn ghol, is a hintinn cráidhte.



Druidim léi go déadla dána,
Is beannuighim dhi go faoilidh fáilteach,
Is fiafruighim scéala don bhé bhláith-ghil,
Cá hiath ór thriall an chiabh fháinneach.



Freagras mé go céilidh cáirdeach
Do ghlór gheanamhail shearcamhail sháimh-cheart,
Gur nocht damh a staid an tráth sain,
Is fáth a guil i ndiu is i mbárach.



Is mé Clíodhna, ar sí, go cásmhar,
Ón tuinn a ndeas go beachta tánag,
Is mé ar baois ag caoineadh an áirdfhir,
Do chuaidh uaim 'san uaigh do láthair.


L. 39


Anois re seachtmhain is fada mo tháirdíol,
Is me ón tsiubhal gan lúth, gan láthar,
Fa truagh m'fhaoidh re taoibh Cnuic Áine,
Is fa goirt mo chaoi i n-Uibh Ráthach.



Tugas iarracht ar Shliabh gCláire,
Is as súd go Dúnlios an Dághdha,
Ar Chéis Chorainn, 's ar Chorr-chnoc Meádhbha,
'S ar Bhóird-lios na Bóinne báine.



Sruth Seaghsa, Cnoc Meadha, is Fánaid,
Sídh Neannta, Tamhan, Manainn, is Beárnas,
Dún Cearmna, Ard Macha, is Árainn,
Magh Iotha, Magh Maoin, is Málainn,



Sliabh Gamh, Sliabh na mban, Sliabh Bághna,
Sliabh Mis, Sliabh gCrot, is Sliabh Slángha,
Sliabh Caoin, Sliabh Ír, is Sliabh Árdach,
Maol-chnoc Gréine is Sléibhte Ó mBárrtha,



Cuan Dor, Dún gCrot, is Dún gCláire,
Dún Iasc, Dún Liag, is Port Láirge,
Caiseal, Ráth Rafann, is Ceann tSáile,
Gleann Caoin, Gleann Craoibhe, is Gleann Fáise.



Ní fhuil baile, bealach, nó bearna,
Riasc nó léana nó béal átha,
Tír nó tonn, fonn nó fán-lag,
Nachar shíreas don fhionn-mhuigh Fháil seo.



Ní fhuil druim nó dionn nó fásach,
Feadh nó sruth nó ucht dá áirde,
Nó caladh-phort fán mBanbha mbán-bhuig,
Nachar thriallas d'iarraidh m'fhir pháirte.


L. 40


Gluaisim don ruaig sin im sháir-rioth
Go hEochaill, mo leonadh láithreach!
Go gcuala nuall-ghol is gártha
Mion-tslóigh, is linn bhróin dá mbáthadh.



Aithris damhsa, a bhanfhlaith mhánla
Mhúinte mhaordha aobhdha álainn:
Cia hé an té sin is éacht ádhbhal
Fá chrích Chais is Airt is Meádhbha?



Triath na nDéiseach an saor seághmhar,
Aon-chú chúngantach chúigidh Dáire,
Aon-fhear faire re seasamh gach beárnan,
Cliath a gcosnaimh ar dhochar a námhad.



Díon anbhfann is tearmann dáimhe,
Sciath na sagart is cara na mbráthar,
Díoth na mbocht a chorp mar thárla
Fá chumhdach dhocht chloch is clárach.



Do scaoil gach scoil toisc an bháis seo,
Is mór easbaidh na gcearrbhach dtárnocht,
Na ndeoradh, na ngeocach 's na ngárlach,
Is gach óinmhid ag gleo-ghol gháibhtheach.



Grod-gháir is ochán ag bárdaibh,
Is áird-iachtach i gcliabh gach cáintigh,
Is diombáidheach gearán na gláimhe,
Seaghán Ógis lá leoin don táin seo.



Fá cheo-bhroid atáid ógbhadh is ársaidh,
Is laoich fheardha fá dheascadh na dála,
Mná uaisle ag luath-ghol ar shráidibh,
Is ar fhéinn Mhuimhnigh fríth an t-árbhach.


L. 41


Táirnic tréan na hÉireann áilne,
Do clódhadh teann is greann a gárda,
Tárla dealg go daingean 'na deárnain,
Is ní gar fortacht do rochtain i ndán di.



Scríbhinn léisi d'éis gach ágha,
Do ghabh a chead, gidh leasc an lá sin,
Lúth a laoch do chlaon a gnáith-cheas,
Is meanma a míleadh fá mhaoithe d'fhágaibh.



d'ísligh aoibhneas ríoghradh Máighe,
A suairceas, a n-uaill 's a n-áineas,
Gán lucht aitis ar fhaithche nó ar fhán-lag
Ná lucht cumais ar thulchaibh árda.



Téid an uaisle uatha i mbáthadh,
Fuair an fhéile céim re fánaidh,
Do dhorchuigh an ré d'éis bheith lán di,
Is do mhúch maise gach leasa is gach áruis.



Tá Druim Ana na thaisibh ón tsár-bhroid,
Is Rinn Chrú ar gcur chúil re gáire,
Déisigh i n-éagcruth ón árbhach,
Is ar Shliabh gCua do chuaidh an báire.



Fraoch an earraigh beanaidh re dásacht,
Rioth na reann is geall re gábhadh,
Anfadh cuain ag tuargain árthrach,
Ag reic an scéil d'éis an táisc seo.



Ceol na n-éan ní léir 'san Mhárta,
Guth na gcuach im chluais ní ráinig,
Luibh tré thalmhain ní fhaicim go bhfásann,
Is lacht ag buin ní fhuil gan trághadh.


L. 42


Mo ghalar-ghoimh, mo mhairg, mo bhráith-nimh,
Mo bhreodh, mo bheo-lot, is m'amhluadh,
An triath-fhlaith don iarl-fhuil ághmhair
I n-úir, is a dhuithche fá bhárdas.



Atáim deacrach dealbh ón dáil seo,
Feosach fiar-chas ciamhar cálldha
Cásmhar cúthail, 's is fiu m'ádhbhar,
Is ní fhuil dá éis dom scéimh acht scáil bheag.



Cia an saoi le síor-chur na sáir-cheast?
Cia do-bheir uaidh duasa ar dhántaibh?
Cia imreas ar fidhchill go fáthach,
Nó ag a mbí suim i ngrinn-bheart ar tháiplis?



Cia do-gheibh spórt i gceol na gcláirseach?
Cia ag a bhfuil dúil i lúth nó i lámhach?
Cia thógfas an cheo so dár n-ábhacht,
Ó d'éag ár n-aon-leannán báidhe?



Saoir-fhear sochma gan dochma, gan dáirdíol,
Réidh fá mhaoin is caoin re cáirdibh,
Fear il-chleasach do hoileadh ag Scáthaigh,
Tréin-fhear 'na raibh tréithe is tádhbhacht.



Gleacaidhe nár chuir ceannaidhe ar cáirde,
'S nár chuir meas ar chasc ná ar chártaibh,
'S do ghroid-dhíoladh na tonnaidhe lána
'S gach earradh ar a mbíodh crann sálais.



Le léir-mheas ar a ghaoltaibh ní thráchtfad,
'S ní luaidhfead a n-uaisle áirmheach,
Níor ghluais fuil uasal tar sáile
Do Ghallaibh ná don ghasraidh Spáine,


L. 43


D'fhuil Ghearaltach ná Barrach na Rátha,
Don Bhrianfhuil, don Iarl-fhuil, don Chárthfhuil,
Gé táim i bhfad i gceas dá n-áireamh,
Ní fhuil príomh-fhuil tríd nach táirnic.



A Chríost, ós tú Iosa, áilim,
Mar scaoilir gach daoirse, dáil-se
Dá anmain, a chara, gan cháirde,
Díon na n-aingeal is Peadair is Pádraig.



Ceangal.
Scaoithre Seanaid is Droma Ana ina dtáinig triall
Gol is mairg i mbailtibh na mbuinneán bhfial,
Scaoithre bhairr-fhíona chailce na gcocán ngrian
Och, mo threighid, mo dheacair, gan athair gan dearbhráthair iad!


L. 44


B 1645obc 17L
A ÉIRE MHAORDhA NA MAOILINN MBÁN.



A Éire mhaordha na maoilinn mbán,
Saobhuidh do thréigeas faraoir do bhláth,
Na géaga ba thréine do bhí ar do scáth,
Do raobadh a bpréamha is do chríon a bhfás.



Tig séideadh séitreach do ghaoith na n-árd,
Do léir-ghoid do théagar, do scaoileadh a fál,
Aoladh do naomh-chruith is cíor-dhubh ásc,
Ód éadan ghlé-gheal go dtí do thrácht.



Mo léan-sa a chaomh-inis aoibhinn Fáil,
Saobhadh do chéadfaidh is do bhí so i ndán,
Is créimeach créachtach ataoi-se, a ghrádh,
Iar n-éag na gcaomhthach ler snaoidheadh do chás.



Síol Éibhir chéibhfhinn, do bhí ins an Spáin,
Féilionn Bhéarra is Baoi na mbárc,
Lucht léimthe léimeann gach tíre táisc,
Laochradh ón Léith-chloich ón Laoi is ón Mháigh.



Síol Néill is saor-aicme Ír gan áird,
Gan géilleadh ó Éirinn, gan chíos, gan cháin,
Gan déanamh léir-chreach, gan maidhm, gan ár,
Gan réidhteach cléire is gan fís ar dháimh.



Lucht déanta daonnachta ar shaoithibh cáidh,
Céilí na céise is moghaoi na ndán,
I n-aon-fheacht i n-éagcruth is i n-aoin-cheas ghnáth,
Is laochraidhe léidmheacha Laoighse ar lár.


L. 45


Mo léir-chreach-sa Éire, do-chím do chneádha,
'S tú i ngéibheann péine gan íoc-luibh leágha,
'S gan bhraon id fhéithibh d'fhuil ríogh ar áird
Acht réad beag ar éigin do ríoghraidh an Náis.



'S a théach adéarainn do dhíon-choimeád,
Céile Cnuic Chéide is críche Máil,
Déidheanacht féinne chloinne Míleadh Easpáin',
Ua hAodha Féidhlim 's a shíol ar láimh.



Craobha don chaolach is díorgha d'fhás,
Tár éis a bpréamhtha ler frith gach bárr,
Sáor-sheisear séaghainn gan chlaoine i gceárd,
Gan bhréig, gan bhaosraidh, gan scís, gan scáth.



Faol-choin is fraochda do bhí i n-ágh
Ar réidhe, ar aobhdhacht, ar mhíne mná,
Nár léig ar aon-chruth gan díol 'na láimh
Aon-neach re héigse do shíolradh Ádhaimh.



Caolrach i gcéill is i ngnaois is i ngrádh
I ndéirc i ndaonnacht is i ndíon ar dháimh
Baoghlach i ngéarán is i ngníomhradh n-áigh
Éifeacht na céille 's a mbíd i láimh.



Múr réidhe Féidhlim, is fíor an rádh,
Do naomh-thoil Dé nimhe i ndaoirse atá,
Caomhantach cléire is fíor-bhochtán,
Biaidh an féar-ghort Fréamhainn seo faoi go bráth.


L. 46


CAOIN THÚ FÉIN, A DHUINE BHOICHT.



Caoin thú féin, a dhuine bhoicht,
Do chaoineadh cháich coisc do shúil,
Ná caoin inghean, ná caoin mac,
Dár cuireadh fá bhrat i n-úir.



Caoin ar dtús do pheacadh féin
Ré ndul ins an gcré dod chorp
Caoin, ó's éigean duit a híoc,
An pháis fuair Críost ar do shon.



Caoin ar fhuiling ar do scáth
Críost, do cheannuigh cách i gcrann
Caoin a dhá láimh, 's a dhá chois,
'S a chroidhe do scoilt an dall.



Rachaidh cách uile fá seach,
Ná caoin neach dá rachaidh uait,
Seach ar leagadh riamh i gcré,
Doilghe dhuit thú féin, a thruaigh.



Ar chruthuigh lámh dheas an tSaoir
Idir mhaca, mnaoi is fir,
Ní fhuil againn truagh ná tréan,
Nach rachaidh uainn d'éag mar sin.


L. 47


Dá bhfaictheá a ndeachaidh uait,
Mar atáid na sluaigh seo fúinn,
Tar a ndeachaidh riamh i gcré,
Do chaoinfeá thú féin ar dtúis.



Ar shléibh Shióin, lá na sluagh,
Budh duibhe ná gual do ghné,
Anois gidh álainn do chruth,
Muna gcaoinir 'bhfus thú féin.



Teachtaire Dé, ós é an bás,
Dá raibh ort-sa 'na chás chruaidh,
Do-ghéanadh tú th'aimhleas féin,
Is aimhleas an té do chuaidh.



Truagh sin, a bhochtáin gan cheill,
Dá dtuigtheá thú féin mar taoi,
Do léigfeá do chaoineadh cháich,
'S do bheitheá go bráth ag caoi.


L. 48


B 1640 17L
DRUIDIDh SUAS, A CHUAINE AN CHAOINTE.



Druididh suas, a chuaine an chaointe,
Tug bhar dtreas i dteas na díthe,
Fágbhaidh feart na flatha fíre,
Fúm-sa tamall re tagra maoidhte.



Dom is dleacht a leacht do líonadh,
Dom is eol a sceol do scaoileadh,
Dom is dual a ruaig do ríomhadh,
Ós dom is cóir a ghlóir do chaoineadh,



Tré bheith riamh go dian re dícheall,
Ó aois leinbh don bheithir, nár bhiodhbha,
Go héag, och! ó! m'och! don mhílidh,
Ar a bhéasaibh ag féachain go fíor-ghar.



Ní áirmhim ceangal gach sleachta dár shíol ann
'Na ndlúith-eagar dúthchas mo dhaoine
Le cianaibh do liath-nuimhir líne
Do shinsearaibh tionnscnaimh an taoisigh.



A pháirt dom ní áirmhim ná a aoibhe,
Gé fuair mé 'n a mhéin tar mhíltibh,
A éagmais ghnáth, a ghrádh 's a dhíoghrais,
A chion 's a chogar, a chomann 's a chaoine.


L. 49


Is gér liom togha is rogha an rígh-fhir,
Dá stéadaibh, dá shéadaibh, dá mhaoinibh,
'S a ghuala, nár bh' uaisle ar m'ísle,
S nár cheil oiread na cuilte ar mo chlí-se.



Má áirmhim an sáir-fhios tar shaoithibh,
Bíodh gur léir mar ghréin a ghnaoi sin,
Ráinig mise ar an miotal badh hísle,
Ar ghrianán mhaordha mhéine an mhíleadh.



I gcáil go measaim gur peacadh is gur príomh-locht
Tar chách dom féin gan é do chaoineadh,
d'éis m'iuil ar ghéir-iul na gríbhe
I dtréithibh do dhéarscnaigh tar mhíltibh.



A lucht, len truagh gach truagh fá dhaoirse,
Ag so an truaghán truagh daríribh,
Ag so an gleo 's an brón is baoithe,
Ag so an tuirse 's an doilghe is daoire.



Gormfhlaith níor chonchlann i gcaoineadh
Ó thuama Néill 's a téacht rem thaoibh-se,
Ná Déirdre na ndaor-osnadh n-íogmhar,
Ar uaigneas ag nuall-ghol tré Naoise.



Ná Oisín cruith-mhín na gcraoiseach
Tar éis Fhinn fhéil bhinn uí Bhaoiscne,
Ná bean Éachtoir thréin-mhic Phríme,
Iar n-éag fhir théagair na Traoi thoir.



Níor bh'iongnadh gur mise do mhaoidhfeadh
An eolchaire ar fhóirnibh gach críche,
'S gur liom 'na lár ó árd go híseal,
An fáth is mó chum bróin ag buidhnibh.


L. 50


Fáth is coitchinne i dtolchaibh tíre
Cuirc is Cuinn is Floinn is Críomhthainn,
Fáth do chrom gach dream do dhaoinibh,
I mbrón go grinneall an ionaid íochtraigh.



Fáth tug linn tar linntibh líonta,
Is gach áird-reann ba fháilteach go fíochda
An fiormaimeint 's a mhilis-gheing cíor-dhubh,
'S gach pláinéat 'san aedhear go híogmhar.



Fáth ón doineann gach soirbheas síne,
Do mhúch ré is réaltainn oidhche
Do mhúch buinne na tuinne is na tíre,
Gan ghréin go hárd ar lár an laoi ghil.



Tá tormán i nglothar-gháir ghaoithe,
Is saighnéin ag toirléimrigh tríthe,
Muir-gheintleacht go teintidhe dá thíodhlaic,
'S an cheathar-dhúil i ndaingean-dlúimh dhíochra.



Teist na báistighe air, má's í an fhíor-stair,
Nó an fhéir nó an bhláith, nár fhás i bhfíodhbhaidh,
Nó an lachta, nár thál acht tál díosca,
Do chum sé gach connradh chum caoile.



Ní hí mo thoirm-se an toirm nach fuighbhe,
Cuidiughadh céad do chéadaibh caoite,
'S gan phárdún ó nádúr ag nídh ar bith,
Fá cheilt déar um léan mo laoich-se.



Níor fhan maighre ar aibhnibh aoibhne,
Ná bárr croinn do choill gan chríonadh,
Ná sléibhte fá bhréid, nár bhraoin-fhliuch,
Is ceo dubh go móin ar gach maoilinn.


L. 51


Comhluath i gcomhruathar chaointe,
Na cliara, na triatha, na taoisigh,
An tréan 's an lag, an leamh 's an críonna,
An lorán, an donán, an dílleacht.



A n-imnidhe ní hiongnadh i n-aoin-fheacht
d'éis chomhthruime coitchinne a ndíthe,
Do chaillsead codhnach, rogha na ríolionn,
An chliar a n-athair, an ealatha a díoghlach.



Na boicht a mbó, na deoraidh dídean,
An bhaintreabhach crann seasaimh síthe,
An bantracht a n-annsacht 's a n-aoin-tsearc,
An duithche a geall, a ceann 's a clí istigh.



An chreach choitcheann so thochalas tríthi,
'Gá méin tsoineanta dhuineata dhírigh,
Bás mic Phiarais dian-bhroid díoghla,
Éamoinn Fhinn nár fhill ó íorghail.



Gidh barún do ghabh súd mar stíl air,
Do b'fhearr ná iarla an fial-mhac fuighleach,
Triath Dúin Bhúinne, rún na ríoghradh,
'S an treana meadhóin beath ós míltibh.



Neamhainn na neamhann dá fhíor-fhuil,
Cormhogal cródha na ríoghradh,
Leag lóghmhar na leomhan ór líomhadh
Maide muirig mullach na míleadh.



Faránta an baránta buidhne,
Nó an ceann feadhna i bhfeidhmibh bruighne,
Scoth na bhféinnidhe bhfraochda bhfíochmhar,
An cuiléan do Bhuitléarach bhríoghmhar.


L. 52


An t-Aodh eangach rer fhanadar draoithe,
An t-ath-Ghuaire mear-dhuaiseach Muimhneach,
An damh ré ba réidhe um mhaoinibh,
Seabhac na ruag, na suadh, na saoithe.



Laoch na scor nár scoir chum scíse.
Laoch na séad mear ndéanta ndíoghlach,
Laoch na gcrot, na gcon, na gcaoinceadh,
An laoch meadhrach gadhrach gníomhach.



Ceann na seilge ar leirgibh líog-chnoc
Ag cur ealbha i ndaingnibh díthreabh,
Ceann na gcuradh i gcumasc nár chlaoidhte,
Ceann an mharc-shluaigh bhreas-luaith bhíodhbhadh.



Cá bhfagham glór go leor ar líomhthacht,
Re teacht tar an bhflaith-fhear bhfíonmhar,
Is moladh Éamoinn aon níos aoirde
Ná briathra toghtha na scoile is na scríbhne.



Ní dhéan ris acht léimreach tar líne,
Is bualadh romham ar mholadh mo mhíleadh,
Ó nach féadtar réad do ríomh air,
Acht bláth flatha, dá n-aithristear fír-cheart.



Do bhí 'san bhflaith, mar mhaith maoidhte,
Subhailceas gan dubhailceas, gan díomas,
Fearamhlacht, flaitheamhlacht fíreacht,
Aontacht is maordhacht go míorbhail.



Do bhí im ruire-se mire is míneacht,
Féile is réidhe gan righneas,
Toirbheart is oirbheart is aoibhe,
Uaisle is guais-bheart is gníomha.


L. 53


Do bhí calmacht ghaisceamhail ghríobhdha
Spairnn láidir, lámhach líge,
Lámhach gaethe, léaghamh líne,
Fulang anródh is greann-ghlór gaoise.



Do bhí sé tláth ré cáirdibh caoine,
Do bhí sé teann do theanna-bhíodhbhaidh,
Do bhí sé uasal d'uaislibh fíre,
Do bhí re a thaoibh sin d'íslibh íseal.



Do bhí sé tromdha bronntach buidhneach,
Do bhí sé suirgheach suilbhir saoileach,
Do bhí sé beodha cródha críonna,
Do bhí sé i dteangmhas feargach fíochmhar.



Do bhí sé scolach scorach sceimhleach,
Do bhí sé cliarach riarach ríoghrach,
Do bhí sé coineachair cothuightheach críonna,
Do bhí sé caithmheach scaipeach scaoilteach.



Do bhí sé 'na phearsain 'na phreabaire mhíleadh,
Do bhí sé árracht álainn aoil-chnis,
Do bhí sé acfuinneach athlamh i n-íorghail,
Do bhí sé i n-armaibh nathardha nimhneach.



Do bhí sé fáilteach cráibhtheach cuimhneach,
Do bhí sé ciallmhar diadha díleas,
Do bhí sé foirbhthe i bhfuinneamh na gaoise,
Gér bhog i réim a ré is a aoise.


L. 54


Do bhí sé suairc i suadhaibh sníomhtha,
Do bhí sé i n-intleacht inscneach líomhtha,
Do bhí sé cóisreach ceolmhar draoitheach,
Do bhí sé múrach túrach tíreach.



Longphortach drong-fhoirtil daoineach,
Cath-shlóghach flaith-ólach fíonmhar,
Ornáideach mór-dhálach maoineach,
Croidh-líonmhar coigcríochach cíosach.



Och! mo chreach an chreach do chríochnuigh,
Creach na ndruadh, na dtruagh, na dtaoiseach,
Creach na gcliar, na bhfiann, na bhfíor-bhocht,
Creach na nglámh, na ndámh, na ndraoithe.



Ní fhuil aon i n-Éirinn Ír seo,
Muna bhfuil a intinn cinnte cíordhubh,
Riamh dár fhéach ar a éadan míonla,
Nár ghoirt a éagmais ghéar 's a gnaoi air.



Ní fhaca Éamonn caomhthach caoinis
Caidreabhach, eachtrannach ná aoighe,
Ós triath dá fhógra bhós 'na bhiodhbhaidh
A ghrádh dó nách dáilfeadh 's a dhíoghrais.



Acht bíodh so gan chosc ar cuimhne,
Gér mhór, gér mhinic 'na choinne do-chínn-se
Námhaid tréan ag déanamh díthe,
Gurb é fuair gach buaidh tar bhíodhbhaidh.



Och! a chuaine chuanna an chaointe,
Ná bíodh oraibh a n-omhan ná a n-iongnadh!
Créad an oireamhain tsoineanta tsíthe seo
Idir Éamonn aobhdha is buidhnibh?


L. 55


Adeir léir-eolach léaghthóra scríbheann,
Nach fuil cáil ná dáil ná dícheall,
Is fearr mar ghléas ná daonnacht díreach,
d'fhaghbháil chumainn go cluthmhar ó dhaoinibh.



A n-abair an t-úghdar úd, más fíor é,
Ní tháinig fear ó fearadh an díle,
Dár chóra grádh do dháil go díleas
Ná m'fhear cumainn-se, an curadh so chaoinim.



Tré bheith socair i gcochal a chlí istigh,
Na n-alt féin na phréimh an fír-smior
Don daonnacht, don fhéile, don aoibhe,
Don oineach dian-ghlan fial-bhog faoilidh.



Ní rug Guaire duas-bhog díoltach,
Ná fear úr a shúl do shíneadh,
Bonn ná bárr ar láimh mo laoich-se,
Is féachtar fairsinge is acfuinn gach aoin-fhir.



Ní raibh stad ar theacht a thiodhlac,
Acht náire na dáimhe ré ndaoire,
Nó a ndiuide nó a gciuineas nó a gclaoine,
Um bhuain duas is luach gach laoidhe.



Dála a chruibh mar mhuir fá mhaoinibh,
A thabhartas 'na rabharta ríoghdha,
Acht ag tál gan trághadh, gan díosca,
Gan sáile go dtráightear an taoide.



Do bhronnadh spréidhe is stéada díoghla,
Ceann gach seoide, sróll is síoda,
Sórt gach airm chum gaiscidh is chum gníomha,
Sciath is clogad is colg is craoiseach.


L. 56


An t-ór 's an t-airgead dá spíonadh,
Do bhronn, do scaip fá seach, do shíolfá
A mbeith ar aon gan chlaonadh choidhche
Ar uaigneas dá mbualadh 'na bhruidhnibh.



Rem bhriathraibh mar fhiadhain dá bhfíoradh,
Ní fhil cúl don úr-ghort Ír seo
Gan lucht dealbhtha is dearbhtha ríomhaim
d'aos iarrata fhial-oinigh raoilinn.



A bhrugh lonnmhair longphortaigh aoibhinn,
Cill Teimhnein na ngeibhlean ndraoithe,
Brugh na gcliar, na bhfiann, na bhfaoileann,
Brugh na gclann, na nGall, na nGaoidheal.



Brugh na n-onchon n-oscardha nimhneach,
Brugh na muirear, na mbruinneall, na mbríghdeach,
Brugh na mbantracht mbanda míonla,
Brugh na slógh, na ród, na ríoghradh.



Brugh fa fial fá bhiadhaibh 's fá mhaoinibh,
Fá thiondálaibh biotáille bhríoghmhair,
Fa héagsamhail féasta is fíona,
Go bráth gan sparáil ar spíosra.



'S fá chóirighthibh ceolchaire ar choince,
Le láimh-fhreastal sámh-ghasta síoghda,
I n-aon-ghuth le léir-fhriotal oidhche,
Do dhéarscnaimh déagh-dhána dírigh.



Dá maireadh Iason árd 'san aois seo,
A chobhlach go Colchis ní shínfeadh,
d'iarracht i ndian-anach dhaoirse
Ar lomradh óir do chóidh tar chaoirigh.


L. 57


Dá bhfuighthí fáth gur fhás ar aoinneach,
Lomradh órtha óir dáríribh.
Fá mar d'fhás go cárnach cíortha,
Ar bhathas ghlan-mhaiseach mo mhíleadh.



An ghrian ar ndul siar is síos di
I n-aimsir shuilbhir shuirghigh shíne
Samhail dá ghnúis do dhúisceadh díoghrais,
Is fáilte gheal an gháire ag teacht tríthe.



Éadan fairsing fa fearamhail braoithe,
Cormhogal lóghmhar a lí-dhearc,
Béal is gruadh mar ghual na ngríosach,
Is srón tug geanncaoi i ngreann-ghnaoi choidhche



Muinéal leabhar is leathan-ucht lío-ghlan,
Guala lom is com ba chaoimhe,
Lámh láidir is lán-chrobha sníomhtha,
Is asán ghaighdeach fheadhmach fhír-dheas.



Éan uasal ba hua do ríoghaibh,
An fhuinn ghreadhnaigh mheadhraigh, Mhuimhnigh,
An fhuinn Laighnigh aibhnigh aoibhinn,
'S an fhuinn Olltaigh bhronntaigh bhruighnigh.



A ghall-fhuil féin i réim na ríoghradh,
Fíor-ghabhla fíneamhna fíre,
Is í an scoth ba phost dá phríomh-fhuil,
Ei-sean a mbláth is bárr a míre.



Fuil Chárthach is Tál-fhuil na gcraoiseach,
Is Céin mic Oiliolla na ngeibhleach ngríbh-fhear,
Is Éireamhóin tréin-mhic mhóir Mhíleadh,
Is fuil Róigh is ór-fhuil Íotha.


L. 58


Is fuil Bhúrcach nár bhrúidhte roimh bhíodhbhaidh,
Is fuil na mBarrach ler lasadh a lí gheal,
Is fuil Róisteach na slógh-mhuirear sraoineach,
I n-a fhuil siud ag buinniughadh go bríoghmhar.



A uaisle féin 'na haon do shínfeadh
Dá mbadh anuaisle deagh-chuaine daoineach,
A shinsear féin i suim a ndaoithin,
d'uaisle ortha suas gach síolradh.



Ba mhór géilleadh a léibheann líonmhar,
Céile súl-ghlas Siúire is saoire,
Céile Feoire móire míne,
Leannán Sionna is Life na líonta.



Fear ba dhú i mbun cúil do chríochaibh,
Ar scáth a dhóide i ndóigh a ndíonta,
Is do-chítear iarlaoi fá íoc dhuit,
Fá fhreagradh a gcúis i gcúirt gan chlaoine.



Is dá sheineascal cúirte i n-umhlacht aoise
A ghlún go talamh do threascaradh bíocum,
Do bhí ag an Oscar so i gcomhartha cíosa
Spuir is lainne is lannsa líomhtha.



Triatha uaisle i mbuannacht do bhíodar,
A chíos láimhe do ráinig ar ríoghraidh,
Do bhí saoir fá a stíoróip gan stríocadh,
Do bharánta i ndánacht 's i ndíghnit.



Is ní airmhim mar áireamh badh maoidhte,
Táin díobh fá bháirr-chíos gé bhíodar,
Ar a bhreath súd ar bharún, ar bhíocum,
Ar chúig iarlaoibh fa riarach don rígh-fhear.


L. 59


Fear Cille Dara 'na dharaigh roimh bhiodhbhaidh,
Iarla Urmhumhan a Mumhain na míleadh,
Iarlaoi Thoir is thiar na Midhe,
Is iarla Fine Gall na gceann mar chuibhreann.



Ní fhuair géilleadh acht géilleadh ba dhíol air,
Dá bhfuighbheadh go mór níos mó ná maoidhim
Mananánn na math-mhacaomh Muimhneach,
Phoenix na bhféinnidhe bhfíor-scoith.



Mór uireasbaidh mo dhuine-se ar dhaoinibh,
Iomdha bocht is nocht do-ghnídh i ndiu,
Is é a shamhail ní faghthar, ní fuighthear,
Le lucht Éireann d'fhéachain tríthe.



Iomdha um Éamonn éigean maoidhte,
I meanmain mná, máil is buidhne,
Dearna ar lasadh is dearca dá líomhadh,
Le déaraibh fola dá ndortadh 'na ndílinn.



Och! ós árd ar m'áird-se choidhche,
Is dom bhith-dheoin milleon mílte,
Do thulchaibh, och! is och! is íseal
Ar mo mhúirnín dlúth-chaoin díleas.
DRUIDIDH SUAS.


L. 60


A BHEAN LÁN DO STUAIM



A bhean lán do stuaim,
Congbhuigh uaim do lámh
Ní fear gníomha sinn,
Gé taoi tinn d'ár ngrádh.



Féach ar liath dom fholt!
Féach mo chorp gan lúth!
Féach ar thraoch dom fhuil!
Créad re a bhfuil do thnúth?



Ná síl mé go saobh,
A-rís ná claon ceann,
Bíodh ár ngrádh gan ghníomh,
Go bráth, a shíodh sheang.



Druid do bhéal óm bhéal,
Doilghe an scéal do chor,
Ná bíom cneas re cneas,
Tig ón dteas an tol.



Do chúl craobhach cas,
Do rosc glas mar dhrúcht,
Do chíoch chruinn gheal bhláith,
Tharraingeas mian súl.



Gach gníomh acht gníomh cuirp,
Is luighe id chuilt shuain,
Do-ghéanainn dod ghrádh,
A bhean lán do stuaim.


L. 61


A fhinne-bhean tséimh shéaghanta shár-chaoin tsuairc,
Na muirear-fholt réidh raon-fholtach fán-iol-chuach,
Is iongnadh an ghné thaomnach fhásuigheas uait,
Gidh doiligh an scéal, tréig mé is tág dhíom suas.



Do-bheirim-se fém bhréithir, dá mbáidhtí an sluagh
'San dtuile do léig Bhénus na dtáclaoi anuas,
A mhuirearach-bhé mhéar-lag na mbáin-chíoch gcruaidh,
Gur tu-sa mar aon chéad-bhean do fágfaidhe im chuan.


L. 62


B 1642 17L

MÓR ANTROM INSE BANBHA



Mór antrom inse Banbha,
Truagh éagcruth na hathardha,
Críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin,
Éigcinnte a-nocht a neamh-ghlóir.



Fada an tréimhse atá sise
I n-anchruth fán aindeise.
Gan fóirithin i ndán di,
Rói-rithin dál na daoirse.



Clár sein-tsleachta Míleadh móir,
Éire oirear an anshóigh,
Mairg dan dú oighreacht ar fhonn,
I ndiú tré fhoirneart eachtronn.



Iomdha buaidhreadh is bruide,
Mór ndonas is ndochruide,
Tarla i gcrích chreat-chuirr Chonla,
Leath-truim, díth is dionn-fhoghla.



Iomdha cinneamhuin chorrach
Tarla is teidhm leath-tromach
Do chrích Bhreagh ghliaidh iomdha glas,
Ar feadh Banbha an conncas.


L. 63


Tig na Sean-ghoill tar sáile
Go maicne Míle Easpáine,
Táin fhír-bheach, ór bh'ionnlúith inn,
Ós mínleach fhionn-mhuir Fheidhlim.



Na Fionn-ghoill seo ar dtús do threabh
Fearann cairte clann Míleadh,
Tig siad an t-am so 'n-ár dtreas,
Do ghníd 's an chlann so cairdeas.



Báidh cleamhnais is cuisleann gaoil,
Combáidh creidimh do aon-taoibh,
Air-mheas gach oirir ortha,
Cairdeas oinigh eatortha.



Tig dá n-éis ar feadh Banbha
Saoithe ain-teann allmhurdha
Gan bháidh ris an gcéad-dhroing gcóir,
Do shéan-roinn chláir an chomhóil.



Na nua-ghoill seo, gidh nós grod,
Do nochtsad fíoch is formad,
Don dá dhroing chalma chruadha,
Do chloinn Bhanbha bhláth-bhuadha.



Iomdha gleo go ngrís nimhe,
Tugsad ar dtreas tintidhe,
Mór n-iorghail fearta dá bhfeirg,
Síorthain deabhtha dá ndí-bhfeirg.



Iomdha deigh-fhear, ní díth mion,
d'fhóir Fhionn-ghall is d'fhuil Ghaedhiol,
Ro-s-taoth i dteangmháil Bhanbha,
Baoth eadráin na hathardha.




L. 64


Fóirne Dubh-ghall, ní díth dhamh,
Ón dtroid seo atáid i mbaoghal,
Gráin ghéir-reann ós gach aoin-ing,
Pláigh na hÉireann éagcaoinim.



Mór dúinn tré ar neamh-ágh a-nois,
Dá mhac feardha Mic Phiarais,
A marbhadh tré bháidh Bhanbha,
d'amhgar an áil athardha.



Tomás Buitléir brath ar bhfuinn,
Seaghán mac maordha Éamuinn,
Dá theann ba thorchairthe gail,
Dá gheall cothuighthe cogaidh.



Dá onchoin i n-am an ghleo,
Dá dhraig nár dhóith dá n-aimhdheoin.
Dá éigne báineasa Breagh,
Téigle áineasa inghean.



Dá dhóigh díoghraise deoraidh,
Cuileáin cuaine cath-leomhain,
Dá theandáil 'nar threise ár mbáidh,
Leannáin mo chneis-se ár gcompáin.



Lámha i ndeabhthaibh ba dhoichte,
Croidhthe gan chruas ndearlaicthe,
Post oinigh ón Annúir bhinn,
Do ghall-úir oirir Fheidhlim.



Do chailleamar, cruaidh an cor,
Roighne ár n-óg is ár n-anradh,
Dá theinn-bhile do thúir báidh,
Do dheirbh-fhine Dhúin Drongáin.


L. 65


Torchair Tomás i ruaig Rois,
Ag so dí-ghean ár ndonois,
Do aithbhris sean-dáir a suim
Ó ghleo Chaith-lis Cearbhuill.



Tuitim Sheagháin i Múr Mis,
Móide ár gcumha teacht tairis,
Mo dhearc tré dholás ro-s-shil,
Tomás 'san leacht i Laighnibh.



Dá chúis doilghe na dáimhe.
Dá ádhbhar ár n-ur-ghráine,
Dá chréacht ár gcíorrbhuighthe sin,
Dá éacht iomdhuighthe ár n-imnidh.



Dá theidhm leonaidh dár láthar,
Bás na deise dearbhráthar,
Ar dhá chneas-doigh chridhe cháis,
Dá dheascair dighe doláis.



Dá fháth maoidhthe don Mhumhain,
Dár dúscadh ár ndochumail,
Dá bhéad is treise rem theasc,
Éag na deise ro-m-dhoimheasc.



Mo dhá mhac áilne ochta,
Dá bhranán an bhantrochta,
Dá réaltuinn iuil an einigh,
Dá stiuir éacht-fhuinn fhinn-Fheimhin.



Crobhaing do chraobhaibh turra,
Cuaine déadla dathamhail,
Mic ríogh is ríoghna nár locht,
Díorma dár fhíor a n-annacht.


L. 66


Ní heasbaidh lúith ná láthair,
Ní díoth sluaigh ná soláthair,
Tug oidhidh na mbranán mbinn,
Acht an-ágh oirir Fheidhlim.



Beag do mhío-rath mhúir Bhanbha,
d'foghlaibh an áil allmhurdha,
Sciath ar an oineach i n-ár
Díoth ár n-aithreach 's ár n-ógán.



I n-eadráin Fhódla na n-olc,
Do thuitsead, truagh an mhalart,
Dá throm-fhás ba threise i n-ágh,
Tomás 's ár seise Seaghán.



Doiligh díobhadh na géige,
Tomás mín mac Mairghréige,
Stuagh neamh-chorrach an ghlúin ghlain,
Ó Dhún each-longach Iascaigh.



Cuileán dragáin Dúin Bhúinne
Seaghán socrach seang-Siúire,
Ro-s-taoth le gruam-anraidh Gall,
Laoch ba chruadh-arnaidh comhlann.



Muna truaighe a dtuitim sin
Tar chionn coinbhliocht cláir fhuinidh,
Mic ghníomhradh, dár ghnáth geallta,
Bláith ríoghradh na ríoghachta.



Dá mbadh deoin le Dia athair
Foghail cniocht do chríochnaghadh,
Na hairigh nár bh' fhann re ár linn.
Níor bh' am dá n-oighidh d'Éirinn.


L. 67


Fán dá mhac so is móide ár gcás
A bhfuair sinn-ne dá sólás,
Tuilleadh bróin riom do rannadh,
'Mun nglóir ngiorr do ghlacamar.



B 1645obc 17L

MO THRUAIGHE MAR TÁ ÉIRE



Mo thruaighe mar tá Éire
d'éis chlaochluighthe a caith-réime,
Tug sí aoibhneas ar urchra
Fá dhaoir-mheas na ndanar-sa.



Do thuit a dleacht-scéimh sheirce
Dá gnúis álainn inniolta
Buime chaomh-fhoirne chíochta
Díth gach aon-oighre uirthi.



Ní feas aon d'uaislibh Banbha,
Faoilteach a lucht leanamhna,
Tréad geal dá dtoghail gan treoir
Ar feadh an domhain deireoil.


L. 68


Adhbhar tuirse tarla dhi,
Bheith gan chaomhthach gan chéile,
Gan leannán i n-a leabaidh,
Bean gan teagair gach tréin-fhir.



Gan aon-fhear léi-se ag luighe
Dh'fhíor-fhuil ochta a hionmhuine,
Scéimh ghlac-shoillse gér dhual di,
Snuadh na hath-tuirse uirthi.



Do chuir sí a súil do chabhair,
Do thréig a sleacht searcamhail,
Lúb fhionn-ard-ghlan na nglac ngeal
Iar n-ionnarbadh mac Míleadh.



Ní fhuil súil aici re haoin-fhear,
Ar n-imtheacht d'fhuil fhíor-Ghaoidheal
Tar sál gconfadhach gcuan ngeal,
Orchradhach uadh a haigneadh.



Ní fhuighbhe an bhaintreabhach bhog
Leannán ná céile carad
Go teacht fíor-Ghaoidheal 'na gar,
Glór na saoir-fhear go siabhar.



Iomthnúth ard-fhlaith fuinn Bhanbha
Tug neart don fhéinn allmhardha,
Tréad faobhrach do b' aipche d'fheadh,
Ar chaomhthach maicne Míleadh.



Éigceart na nÉireannach féin
Do threascair iad do aon-bhéim,
Ag spairnn fá cheart ghearr chorrach,
Ní neart airm na n-eachtronnach.


L. 69


Ní hiongnadh d'inis na neart na nArt?
Bheith deireoil d'éis a hannsacht,
d'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir,
Gach aoin-fhear dhíobh gan díoghbháil.



An flaitheas fuaradar sin
Ar inis oirdheirc Éibhir,
Tréad lonn ler fuath a hannsa,
Ní fhuair drong don domhan-sa.



Cia an croidhe nár chlaochlaidh sin
Do mhaicne ghlórmhair Ghaoidhil.
A n-argain gan choinghleic gceall,
Ard-fhuil oirdheirc na hÉireann.



Buime an altruim, gidh í sin,
'Na dílleacht d'éis gach aoin-fhir,
A Mhuire, is truagh mar tharla,
Gan tsnuadh n-uile n-athardha.



Gan díon ar olc na hinnse,
Truagh éagcruth a hinnill-se,
Aicme a sealbhuighthe mar sean,
Sean-mháthair mhaicne Míleadh.



D'fhágaibh siúd i-se gan treoir,
Iarsma a cloinne 's a cineoil,
Gé táid siad caointeach dá gcailg,
Scaoilteach iad ann gach aon-aird.



Meirdreach gan iocht, gan onóir,
An chríoch so phuirt Pharthalóin,
Do chríon a ciall gan chomhtha,
'S a síol fá dhruing ndanardha.


L. 70


Trí fichid, naoi gcéad, gan chor,
Trí míle bláithcheart bhliadhan,
Eang ghlór-ghrádhach na saoi sean
Fá shíol mór-dhálach Míleadh.




B 1716 18T
U Riosdard Tuibear

Ar n-a sgríobhadh le
Riosdard Tuibear a mBaile Mhistéil a cCondae Bhaile Átha
Cliath, a mbaruntacht Chaisleán cnoc agus inn a pharóisde, 's
gach duine dá leighfidh nó dá bhfaicfidh é tugadh beannacht ar anmuin
an sgríbhneora, madh beo nó marbh é. Finit.



B 1703 18T
U Seán Ó Súilleabháin
Iar bhfoillsiughadh a bhfeill agus a bhfionghaile i ndéanamh
síothchána le heirceadhaibh agus iar dtógbháil a gceinn don droing
ar a dtugthar an Faction, .i. lucht leithleathchuis do dheaghail i
gceilg agus i mbriseadh mionn iad féin amach as an gcorp Chatoilice
ar a dtugadar an Confederation, .i. as an gcomh-cheangal síthe agus
cabhra agus comhaill do rinneadar Éireannaigh eatorra féin fá mhóidibh
Bíobla Dé um chogadh do dhéanamh ag cosnamh an chreidimh fhírinnigh
i n-Éirinn.



B 1645obc 17L
U Seathrún Céitinn



MUSCAIL DO MHISNEACH, A BHANBHA



Múscail do mhisneach, a Bhanbha,
Breathnuigh feasta fórlann tuilc,
In bhur bhfaill ar feadh an fhill-se,
Ná caill seadh a luinn-se luirc.


L. 71


Do himreadh ort feall go fiadhnach,
Má do fealladh ar fhonn fós,
Gearradh mín ar mheall do bhrághad
Do shín tar fheall námhad nós.



Móide is gránna gráin a ngníomha,
Gaedhil féin ar fhearaibh Fáil
d'imirt an fheill ghoimhigh ghránna,
Cinn oirir is cána cáigh.



An chlann dá dtug tír an Tailghinn
Tabhach córa ar chlannaibh Gall
Gér bh'iad na togha ba throime,
Níor bh'iad rogha a cloinne an chlann.



Acht clann mheillteach ar a máthair,
Mic gan chás i gcríochaibh liag
Cá tacair an tighe othrais,
Nathair nimhe an ocrais iad.



An chlann tar iocht d'imirt feille
Ar a máthair, miste a gcion,
Do dhíol cill is tuath is tearmann,
A bhfuath linn ní mearbhall mion.



Ar scáth síthe do shír cogadh,
Do chuir cúl re creideamh dil,
Tar éis móide do mheasc connradh
Móide is leasc a lonnradh libh.



Clann Israel uair 'san Éigipt
Fá anbhroid nirt námhad Dé
Go mbriocht ngléis-iomláin ngeas ndorchra,
Éisiomláir deas tolcha Dé.




L. 72


Iar dteacht trí Mhuir Ruadh chum réidhtigh.
Ród nár bhealach roimhe riamh,
Sléibhte tonn le taobh a slighe
Raon a mbonn re gile grian.



Ród 'nar báthadh buidhne borba,
Do bhí i dtóir go treathan ngarbh,
Gan lot airm, gan choingleic gcéimeann,
Maidhm oirdheirc na mbéimeann mbalbh.



Gan an Coimhdhe do chosc d'fheartaibh
Gur fhear firmeint fearadh fras,
I ndíol do phroinn an plúr neamhdha,
An roinn úr ba bhreaghtha blas.



Gach bhlas ba mhian leis gach macaomh
Ar an manna dá mheas féin.
Fuarsad catha na gceann srianach
Fleadh na flatha riarach réidh.



Gan duadh, gan tseisrigh, gan tsaothar,
Sásadh proinne ag pobal mhór,
Ag an lucht a líon an fhásaigh
Ní bhíodh tar an lá-sain lón.



Gur ghabh déistin ria ndrúcht nimhe
Neoide bochta buidhne Dé,
Mar gur domblas an drúcht nuaghair,
Tormas fá bhrúcht uabhair é.



"Uchán! gan againn ón Éigipt,
Oinniuin gharga is gáirleog dhoirbh,
Gach meacan, gach lus do leath-sain,
Deacair i bhfus d'easbaidh oirn!"


L. 73


Rádh na dtruaghán gan taoim céille,
Gur chíorrbhaidh Dia an pobal práis,
Pobal d'fhíor-fhuil is cóir chuige
Le díoghail mhóir bhruide is báis.



Clann Israel is í Éire,
Éigipt eile a géibheann gann,
A Muir Ruadh 's a fearta féile,
Bearta a buadh ar ghléire Gall.



A bplúr neamhdha anuas ón bhfirmeint
Eaglais Dé 'na deallradh féin,
Lón gan locht, gan díosc, gan daidhbhreas
I gcorp Críost le saidhbhreas séin.



A sógh gan duadh, gach dáil chabhra
'Na cionn tig ó iocht na bhfeart,
Muir is tír, Dia agus duine,
Cia díobh nach tuile ag teacht?



Lus Éigipte is meithe meacan
Modha claona an chreidimh chlé,
Is bearta gníomha gan ghriangha
Díogha reachta is riaghla ré.



Fonn Eabhrach i bhfiadhuil Éigipt
Fonn ar chomhairle do chóidh
d'fhiadhuil bhréin an chreidimh cholaigh,
Teibidh céim ón chonair chóir.


L. 74


An fonn céadna i measc ár macaomh,
Mór an baoghal a bheith fós,
Eagail an tan 'nar thréig Éire,
Méid do ghabh 'na tréidhe ar dtós.



'S mór an náire i n-ainim fhíréin
d'aicme dár dhual gliocas glinn,
Réasúin stáit ag stiuir a n-eathar,
I n-áit iuil nach creachach cill.



Tug ró a bhfuinn i bhfonn na cille,
Coinnle-báidhte ar buidhnibh trá,
Bhias 'gá gcloinn i ngruadhaibh gasta,
Mar roinn uadhaibh lasta lá.



Mairg dá dtiocfadh tár an domhain
Do dhul ar iath Gaedhil ghlais,
Mar ba dú do shíor ar síolradh,
Do chlú gníomh ón ríoghraidh fhrais.



Meas éithigh nó eitigh chreidimh,
Mar chlú ar ndul na cainte i gcéin,
Re tír 'na ghlór ghnáth dá chasadh,
Fáth badh lór le lasadh léin.



Tré tháir drúchta neimhe i n-allód,
Is nuimhir Eabhrach iar n-éag,
A dtár úr do chrádh nár chosmhail,
A lán súl do ghasraidh Ghréag.


L. 75


Tré tháir chuirp choisreactha an Choimhdheadh,
Ceist nac fuasclann foircheann cáigh,
Acht má's measa fíor ná fíoghar,
'S neasa díon ná díoghal dáibh.



Caraid Lúiteir locaid Cailbhin,
Cóir a locadh, líomhtha a nimh,
Uchán! amhairc sonn an sciamhach,
Malairt na ndonn riabhach ribh.



Creideamh Críost re creideamh Lúiteir,
Laoch do bhanna Belsabúb,
Curtha a-rís a riaradh reachta,
Iadhadh grís a sneachta súd.



Gaois an domhnáin deise a léaxa,
Leimhe d'fhiadhain Íosa a dháil,
Gibé ris gach aimsir imgheas,
Is é d'aimsigh imreas áigh.



T'aire riot, a Oileáin Éireann,
Féach, a thruaghnait, treise ar thuit,
Ná leig níos sia suim i mí-mheas,
Cia dod chloinn bhus díleas duit.



Don chloinn, ba chlaon i gcúis chreidimh,
'S i gcás dísle Dia do spíd,
Obthar libh go bruinne an bhrátha
Gach gin chloinne tlátha tríd.



Ar son bheith do mhacaibh Míleadh,
Ná meas ionnraic iad a-mháin,
Féach trá ann do dheirbh-fhine is dile
Dá cheinn-bhile tighe Táil


L. 76


Ar son scáile do scaith creideamh,
Creidte gníomh roimh chaint is cairt,
Ón chomhairle aird ar éirim,
Ró-dhoilghe, a mhairg, d' Éirinn Airt.



Ar son chonailbhe nó combáidh,
Nach ceanglann subhailce sluagh,
Acht le gaol fola nó feola,
Dona an chaor nach beodha buan.



Ar son chreidhimh go dian díreach,
Gan dul seach anonn ná a-nall,
A dteadhma tar tháin do thionnlaic,
Dáil na feadhna is ionnraic ann.



Ag so an chlann is clann dáríribh,
Riu so is sínte súgh do chíoch,
Bíodh i gcéim gur b'iad do b'ísle,
Is iad féin is dísle díobh.



Ní hiad iarras áit ná onóir,
Ná an fear thuas do threascradh síos,
T'fhonn is cóir chugtha gan oir-éad,
Dóibh is tugtha a gcoimhéad cíos.



Míle go leith sé is seacht bhfichid
Andáil Iosa iar n-uair gan ghó,
Aimsear bhuadha na bhfial bhfeardha,
Ní chuala riamh meanma is mó.



MÚSCAIL DO MISNEACH.


L. 77


B 1640c 17L
A BHANBA BHOG-OMHDHONADHUAIBHSEACH.



A Bhanba bhog-omh dhona dhuaibhseach,
Is tú an bhean gan fachuin uaille,
Gnáth mar iarsma id dhiadh buaidhreadh,
Is creidhm i n-uidhe gách laoi dod nuachar.



Is iomdha leannán dreach-bhláith duas-bhog,
Cródha calma armtha uaibhreach,
d'fhuiling beo-ghuin gleo is guasacht,
Ag cosnamh do cheirt-se, a inis fhuair-fhliuch.



Trí chéad bliadhan cian ód cualadh,
d'éis díleann go bhfríth do thuaraisc,
Fial-mhac Seara do tharraing fád thuairim,
Is d'áitigh ar dtós fór do chruachaibh.



Ó shin anall, dar leam, níor shuaimhneach,
Do gach aicme dár geallta do bhuannacht,
Teamhair na ngiall, gidh cian ler buaidheadh,
Is follus nach ríoghacht do fríth gan duadh í.



Táinig dansmacht Gall, mo nuair-se,
Ar Inis Fáil na n-árd-mhagh n-uaine,
Gur thréigsead nós is seol na suadh-fhlaith
I ngníomhaibh gaiscidh 's i n-aithris Guaire.


L. 78


An fhoireann chlis-se anois gan buaidhreadh,
Dod chineadh-se, a mhúr-mhagh Lúighdheach Luaighne,
Is é is caismeart don ghasraidh ghuagaigh,
Rásaoi each is áitreabh uaigneach.



Dá n-áirmhinn haindeise, a Bhanba bhruach-ghlan,
Do b'-ádhbhar lasta dod leacain a luadhadh,
Do chlanna bunaidh mar thugais i bhfuaire,
Is tál ar bhastardaibh danar is duairc-fhear.



Do chrádh dhuit, a Éire chraobhach chnuais-gheal,
Do shliocht Gáedhil ghlais ní ghabhair truaighe,
Plantation is alienation dá ruagadh,
Is triubhas go minic d'athchumadh do chuaine.



Do chuiris do chrann, a shanntach shuaichnidh,
Ar gach daoi don líne nuadh so,
Do Shean-ghoill féin ar clé ag cruadh-ghol;
Ní dóibh chíorair do dhlaoidh dualach.



Do-chím-se, a mhalartach rachtmuiseach ruaireach,
Gur tréigeadh leat, gidh beart nár dhual duit,
An dream d'fhuiling go minic a dtuargain
d'fhaobharaibh lann nglas dteann is cruaidh-shleagh.



Do dhóirtis do dhúil, a bhrúid gan tsuairceas,
Ar gach castaire ó Shacsaibh dá ngluaiseann,
Saoiltear libh gur ridire ruagmhar
Gach nduine dár bh' arm an raca is an tsluasad.


L. 79


Cuma riamh, a striamach stuacach,
Ní tráth éada red ghné ghualda,
'S ataoi, a mhéirdreach, éadtrom uallach,
Slán na bhfear fád chneas do shuathadh.



Trian do mhí-áigh, a mhíon-chláir Tuathail,
Ní thig díom-sa a ríomh don chuairt seo,
Do briseadh an chos ha phost dod bhuan-bhlaidh,
Is níor bh'iongnadh a breodh, ba mhór a hualach.



Do bhí daonnacht Éireann uaisti,
'S an fhéile go héigneach ar a guailnibh,
Is gan neach 'san gcrích seo Ír do luaidhfeadh,
Dul 'na conchlann d'fhortacht a fuath-luirg.



Do fágbhadh uirthi do mhuirear na huaighe
Aigneadh an oinigh is na huaisle,
Grádh gan mheabhal ganchalg gan chluain-reacht.
Is meanmain bhúidh gan dúil i dtuaith-leas.



Cothughadh cliar gan fiar gan fuasnadh,
Riar na héigse is dréact-ghlan duanach,
Biadhadh bocht is nocht ar uainibh,
Is díonuightheoireacht dílleacht is truagh-lag.



Fortacht na bhfann i n-am na guaise,
Báird is bacaigh is amaide is fuaid-bhoicht,
Ar aon ríogha is aoighidh an tuaiscirt,
Gan fostadh re haon go téacht don stuagh-bhrugh.


L. 80


Mo chrádh-sa an chos do loit mo luadhail,
Is d'fhágaibh m'amharc gan eatal dod thuairim,
M'intinn abaidh, le' gceapaim gach nuaidheacht,
Is fíor gur ceileadh fá mheirg a suairceas.



Mo chúl, gér reamhar, do spealadh dá bhruachaibh,
'S a néalta ba ghnáth 'na bhárr dá ruagadh,
Ní aithrisim scéal, ní léighim cruadh-nod,
'S an gafa im bhéal, mo léan, do fuaigheadh.



Is cosmhail mo ghnaoi re lígh na luachra,
Is anbhfann tráighte támh-lag truagh mé,
Seachnaim aoibhneas, bím ag nuall-ghol,
Is mo dhearca dá bhranar do-ghnídh dearg an tuar sin.



An chos do leonadh leor dom luath-ghuin,
Is do bháidh m'intinn i linn ghuardail,
Ní fhuilingim ceol, ní fhóghnann suan dom,
Ní luighim ar leabaidh is ní fhanaim-se uaithi.



Muna badh slán an cnámh is uaisle,
Caithfead bheith tríd i míorr gach fuarma,
Is luighe ar mo psaltair, nár chleachtas im bhuachaill,
Mar gach seanduine ar tairsigh na huaighe.



Acht ní fheadar, dar anmain uarach,
Cia d'ógaibh na Fódla do luaidhfinn,
Dár chóir ceannas cláir Bhanbha an uair seo,
Acht Mac Piarais fial-ghlan fuadrach.


L. 81


Fear is réidhe méin dá gcualadh,
Fear nach claoidheann dá fhíor-lucht fuatha,
Fear nach seachnann bealach do shluaghaibh,
Fear dá charaid nach taise dhuit uan beag.



Searc mo chroidhe-se an saoi gan chruadh-ghlais
Ar sheodaibh saora an tsaoghail shuaraigh,
Is gach nidh ba chlú dá ghnúis mar nuasugh,
Níor thaisc 'na chófra, fós ná luadh air.



Mo ghrádh-sa an triath-fhlaith chiallmhar chuanna,
Branán branduibh an treana gan truaghlach,
Is go mbí sealad ag seasamh go huaill-mhear
A ngalldacht tacair níor aistrigh uatha.



Níor lean dá nós, níor fhóbair buain ris,
Ní hionann is iad ní iarrann uaigneas,
Ní dhá dhiairmín 'na dhiadh bhíos a ruathar,
Is go tigh an ósta ar bórd níor smuain dul.



A Phádraig easpail, do bheannuigh go buacach,
An inis naomhtha Néill is Nuadhat,
Is do shaor an cineadh so ar ifreann bhruach-dhubh,
Slánuigh Éamonn ar gcraobh chnuasaigh.



Ceangal



A Dhé, do dhealbhuigh talamh go báirr-riaghlach,
Spéir is fairge fhalcmhar mhear tháiniascach,
Gaoth is fearthain is sneachta is lá grianda,
Géas go tapaidh 'na sheasamh dhom MágPiarais.


L. 82


Féinnidh feardha feasach glan fáith-chiallmhar,
Maordha maiseach gan chalg gan cháiriastacht,
Tréan-fhlaith Mhachaire Caisil is cláir-iaith Chuirc,
Is géag nach deachaidh do seanadh an sáir-fhial-mhac.



Mo léan nach faicim a shamhailt 'san áirc niamhdha,
Ar mhéin gan mhalairt ar aigneadh áird-triathach
Ar chéill ar chneastacht ar sheachnadh táir-mhiana,
Is ar chaomhnadh a theangadh i labharthaibh dámh dian-mhaith.



A BHANBA BHOGOMH.



B 1627 17T
IS UAIGNEACH DUIT.



Is uaigneach duit, a phuirt na bpríomh-fhlaith,
A thulach thaitneamhach armtha aoibhinn,
Do-chonnarc uair nár bh'uathadh dhíbh-se,
Gé taoi anocht gan scot re saoithibh.


L. 83


Mo chreach fá dhó, mo bhrón, mo bhíodhgadh,
Mo bhroid bhuan do ghruaim, a mhín-treabh,
A Róimh na gcliar, a mhian mo chroidhe-se,
Céim ar gcúl dod chlú níor shaoileas.



Is dian do chealg mé an halla ba shaoire,
Is longphort laomdha na laochradh líomhtha,
Grianán gnáthach dáimhe is draoithe,
Gan fear freastail 'na sheasamh 'san mbruidhin sin.



Truagh nach ránag earr na haoise,
Sul dochonnarc do mhuirinn fá mhaoithe,
Saoghal peata ní mheasaim dá bhíthin,
Do bheith agam tré mhalairt mo chríche.



Is anbhfann ársaidh tráighte bhím-se,
Dom chéibh is deacair gan fala le fír-nimh,
Rinn mo dhearc do chaith an chaoiche,
d'éis a bhfaca do rachtmas an rígh-lis.



Is long gan last an treabh do-chím-se,
Do linn gan iasg ar ghrian-mhuigh mhíolta,
Do chrann gan toradh is cosmhail i bhfíoghair
An múr maiseach snasta snaidhmeach.



Claonadh córa gleo is grís-nimh,
Adhnadh fala is bagar bíodhbhadh,
Turnamh triath is diachuir dílleacht,
Bheith ina anach spealta don ríogh-bhrugh.


L. 84


Creach gan aisiog nó is galar gan íoc-luibh,
Maolughadh meanman, deacair is daoirse,
Ruagadh reachta is breachtradh draoithe,
Mar tá an fial-bhrugh iadhta ar aoigheadhaibh.



Folmhughadh flaithis is teascadh taoiseach
Leonadh laoch is saobhadh síne,
Ciach-bhrat cruinnighthe ar mhullach gach maoilinn
Do mhúch rath na cathrach caoimhe.



Tá guth na fairge falcmhaire fíochda,
Is neimh na ndúl i ngrúg na gaoithe,
Anfadh is gruaim ar chuantaibh míne,
Is iad ag cogadh tré thoghail na Traoi seo.



Tá Binn gcuradh don turas so dítheach,
Is Carraig Phiarais thiar go caointeach,
An túr maol is faon an fhíodhbhadh,
'S a chroinn túis, gér bh'úr, do críonadh.



Gér mhall an tSiuir, gér bhúigh a fuighle,
Anocht is teann a glam 's is díochrach,
Tá 'na buinne mar thuille na díleann
Tré Dhún Iasc gan iarsma maoine.



A bhrugh bheann-ghlain sheanda shíthigh,
A bhanaltra bhleacht nach deachaidh i ndíosca
Gur hoileadh leat-sa ar lacht do chíoch nglan,
Aicme chéadach don réim ríoghradh.


L. 85


Is tú fa leannán dreach-nár díleann,
Do Shíol Éibhir éachtaigh fhíor-ghlain,
Caiseal na gcliar níor chliath don díorma,
Gur chuiris sliocht ar fhuil na ríogh so.



Flann Cathrach, dár gealladh do dhíleas,
Uait do gairmeadh ainm an taoisigh,
Fáilbhe fial 'na dhiaidh 'san líne
Do ghabh sealbh ar cheannas do chríche.



Eochaidh Leith-dhearg ceirt-bhreathach críonna,
Calma cródha beodha bríoghmhar,
Flaith do ráinig d'ágh gan dímheas,
An fhóraois uasal chuanna chaoin-cheart.



Fionnghuine feasach gasta gaoiseach,
Fear mar chách fa lán dod dhíoghrais,
Is Cathal Mac Aodha saor-ghlan saoidheachta
Tug dúil dian do niamh do shaoir-lis.



Iomdha triath diain-mhear díomsach,
Ridire rathmhar gaiscidh is gníomha,
Tréin-fhear fuadrach uaibhreach íogmhar,
Do biadhadh leat-sa gan easbaidh gan íota.



Uch! cá ngabhaid a bhfaichinn 'san aoil-tigh,
Do gach sórt le spórt do dhaoinibh?
Caidhe an chliar gan chiach gan chlaoine,
Do-chínn 'san dún ag scrúdadh an Bhíobla?


L. 86


Gáirthe ceoil ó chóir cheart chaoine
Do bhréagfadh Gráinne i láimh uí Dhuibhne;
Caidhe an bantrácht banda braoi-cheart,
Do-chínn ar shleasaibh an halla na bpíle?



Táin óig-fhear ar feodh dá bhfír-sheirc
'S ag dul i dtáimh do ghrádh na ríoghan;
Caidhe an t-ól ó thós gach laoi ghil
Go fuineadh gréine um néall na hoidhche?



Scor marc-shluaigh ag athnuadhadh a gcraoiseach
d'éis a dtaisteal ó chreacha gach críche,
Drong don éigse is dréacht-ghlan díoghlaim
Ag déanamh duan don tsluagh dá ngríosadh.



Uch! mo nuar! cá huair do-chífead
'San riocht chéadna an glé-bhrugh gnaoi-gheal?
Mar baintear a thuir ó thigh dá aoirde,
Léigthear mar sin a thruil go híseal.



Truagh mo chúrsa, a chú na mí-chean,
A shaoghail shanntaigh mheabhlaigh bhaoisigh,
An múr do-chonnarc i n-uraidh go líonmhar
Mar tá sé i mbliadhna 'na shiabhra síthe.



Uch! mo dheacair chealg mo chlí-se
Iostadh na bhflaith bhfairsing bhfíonmhar,
An saor-bhrugh seasmhach dealbhach díonmhar
'Na chnámh spairnne aca dá sraoileadh.


L. 87


Mo cheist ar eolchaibh Fódla fíre;
Créad é an néall so is déine díoghailt,
Do dhorchuigh tlacht na cathrach caoimhe
'S do-bheir go huaigneach bruach a síth-leacht?



An cheist seo chuirim is urasa scaoileadh,
Aithne damh-sa damhna a daoir-bhreith',
Éag a triath is cian is cuimhneach
Don ráith rathmhar ársaidh aoibhinn.



Fiafruighim trá don árus taoibh-gheal,
Créad fá bhfuil 'san riocht so ríomhaim;
Freagras mé go réidh gan righneas
Gur nocht dam go beacht a mhío-ráth.



"Fáth mo dhonais gan fortacht gan faoiseamh,"
Do rádh an treabh nar mheata mílidh;
"Bás mo nuachair uasail íodhain
"Do-bheir aindeise ag leanamhain díom-sa.



"Dá maireadh mo chéile caomh-ghlan críonna,
"Bádh tinn leis gan cheist mo dhíol-sa,
"Deagh-mhac Mháire, sás dom dhídean,
"Gan lucht agam dár chleachtas gan díbirt.



"Do ghabhas sealad go neartmhar 'san tír seo,
"Is gach fear fearainn dá haicme fá chíos dom,
"A mír churadh is chugam do díorghadh,
" 'S anocht dom dhóigh ní mór mo dhíghnit.


L. 88


"Is crádh liom i gcionn mo scríbe,
"Ag rith le heach gach feacht ní shínim,
"Geobhadh cead ag maithibh Muimhneach,
"Gidh leasc scaradh re a gcaidreamh choidhche".


L. 92


B 1690 17D
U Anaithnid

Re marbhna ní taca air bith coir me
don leanabh ge marbh ní beo mé
deansa an tiucht a mhic na hóige
d'fagail dam caruidsi sealbh na glóire.


L. 222


B 1762ob 18L
U Seán na Ráithíneach Ó Murchadha
Ós feacht gur scríobhas an tseanchaidheacht so Céitinn chlúmhail,
Reacht na ríoghradh is beathaidh naomh na hÉireann liom,
Clanna Míleadh is Seana-Ghoill na bhféinnidhe bhfionn,
'S le m'anam guidheadh gach pearsa chífeas an saothar úd.


L. 223


Le brostughadh minic tá an chroinic seo i gcrích go léir,
'N-a clos dúinn geinealach iongantach ríoghradh is naomh,
Gort-chrú Oilealla, Conaire, Cuinn, is Néill,
'S é an Dochtúir Sionnaigh do bhreithnigh a scríobh do féin.



B 1790c 18D
U Micheál Ó Conchubhair
A shéimh-fhir chiuin mhúinte na mbriathra dtais
'Nar léir dhuit cúrsa úghdar a riaghal 's a reacht,
Le t'aontoil bhúidh umhluigh lem' riar go beacht,
Le Céitinn clúmhail fionn-stair ar ngrian-fhlaith sean.



Geallaim-se duit-se mar thuigim gur b'éileamh ceart
'S a thabhairt i bhfuirim i ndlighthibh na nGaedheal 's a reacht,
Do leabhar ort d'fhilleadh, gan mhilleadh, gan bhéim, gan mheath,
Nó dá fhichid geal-scillinn i n-a ionad mar éiric as.



B 1821c 19T
U Maoilsheachlainn Ó Comhraidhe



Measaim gur léir duit féin gan mearaidhe,
Fé mar nascuighis tráth dhom,
Do ghealladh re héigean bréithre blastaidhe,
Mar aon agus cneasaidheacht láimhe,
Sealad do shaothar Chéitinn staraidhe,
Séathra do lean diadhacht neamhdha,
Fuair maise agus scéimh gan bhréig i n-a aithscríobh,
Re faobhar-chrobh deas Sheagháin Chláraigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services