Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Caisidigh agus a gCuid Filíochta

Title
Na Caisidigh agus a gCuid Filíochta
Compiler/Editor
Nic Philibín, Mairghréad
Composition Date
1773
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA THOMÁIS MHIC CHAISIDE.



"Ag seo síos mar leanas eachtra agus imtheachta an
Athar Tomás Mhac Caiside, bráthair d'ord Sant
Aibhisdín agus fear comh-aimsire
dhamh féin; agus sí sgríbhinn a láimhe féin fuaras as ar
thairnigheas an eachtra seo, ach amháin gur chuireas comaoin
bheag ar an aisde anonn 's anall, mar chuid charthannacht;
agus sé deir sé féin, "Eachtra an bhráthar Ultaigh nó
Chonnachtaigh, is cuma liom cia aca é, sonn."




Sé deireadh an chomharsa riom .i. liom,
ó thosuigheas liom ar fhoghluim,
go rabhas deágh-chroidheach cóir
gur ghlacas aibíd ailethreóir.



Thugas na móide, mo léan!
mar bheir an duine dona dubh-léim,
i gcoinbheint ar nár gnáthach ádh,
agus fuair go minic iomrádh.



Fuaras liomatas bhí gann,
ach chailleas í go hobann;
is go leanaidh an bhochtanacht mar smál,
don mbodach do rinne an chondáil!


L. 24


Fá phósadh dona gan bhrígh,
díbrigheadh mise i gcoigcrích
agus bang de dhlighid orm fá an gcoir -
ar an gcúpla ná raibh an sonas!



Ach portus, ritual, agus stoil,
culaith Aifrinn, agus mo ghustal:
budh mé ba luime den drong fheardha
fó spéir na cruinne ceathardha.



I mí-mheas ag cách do bhí mé
agus rinne gach neach mo mhí-réir,
dá raibh san gcoinbheint, agus d'fhágas iad,
le náire bheith ar amharc na ndéigh-chliar.



Do ghlacas dá sgiolladh sgaol,
agus d'imthigheas mar bhráthair plait-mhaol,
gur shiubhlas ó thuinn go tuinn,
mór-thimcheall fuinn na hÉireann.



Níl cathair ghlégeal amuigh
i gClár Éibhir mhic Míleadh,
ná baile tirim ó dheas
'nár chaitheas sealad, fó dhíomas.



Thángas ón Mumhain iar sin,
go cúige áluinn Laighean,
go Baile Átha Cliath na ngall,
mar bhráthair naomhtha i dteampall.



Choinnighinn cuideachta le gaill,
gan meisge orm ná mearbhall;
agus mar do thuillinn gean gach aoin,
chuiridís orm a gcomaoin.


L. 25


Bhínn sealad i dTeamhair na Ríogh,
mar mbíodh Cormac an tArd-rí;
is bhaininn sgal as trompa go binn,
ar mhóta árd Dhún Seachlainn.



Sealad i gCruachain Chuinn,
mar bhfeicinn gach árd im' thimcheall,
agus níor luaithe liom ón Ráth,
ná ar bhruach na Sionna ar ath-lá.



Cois na hÉirne ó thuaidh
dob olc le mo ghaolta mo mhall-chuairt;
ó imeall chumhra Chnoc Ninne,
théighinn ar loch na gloin-linne.



I nInnis Mór na gcnó mbuidhe
níorbh fhada liom mo chomhnuidhe,
fá thortha cluthmhara, dosach
san oileán úr-thais, mhín-sgothach.



Parrthas cláir Éireann uile
Innsí Éirne na dtréan-tuile;
fir mhánla gan scléip gan sotal,
brígh na féile 'sna siansfhocal.



B'aoibhinn mo spiorad i gCorr-Chluana
i measg mo ghaolta glan-ruana,
do ghnínn cuairt agus tathaighe ann,
gan eagla, gan imshníomh orm.



Le urchar cloiche i nGleann Dá Chon,
fuaras tinneas mo dhóthain;
do briseadh mo lámh fá dhó,
's do rinneadh mo chruth do chlaochlodh.


L. 26


Is iomdha beart agus cleasadh chruaidh
ina rabhas coirtheach thrí mhór-uail,
ó aois mo naoidheanántacht 'gus indiu -
a Íosa, a mháighistir, maith dhamh!



Ach leanfad arís beacht mo sgéil,
cidh dochrach é, 's gurab aimhréidh;
cuid dem' ghábhaidh cuirfead síos,
cuid dem' léimhe 's dem' dhroichghníomh.



Do leigeas le saobh mo rún,
ag bruach locha an Leatúin;
le bile na ngéag ndeas
do cheanglas féin mo cháirdeas.



Ach ghearr an saor-re-fiudh
an crann craobhach d'éis oibriú,
's ní maith liom mar taoi ar lár
gan fairsinge tighe ná urláir.



Sguirim feasta dem' aisde
tá líonta lán de thubaiste;
is cuid dem eachtra tá leamh,
cuirfead ar ball i dtuireamh.



Críoch agus deireadh mo dháin,
do imthigh uaim ar seachrán,
acht go n-abair fir is mná
go mba mé giolla na sgríbe i n-antráth.




A léightheoir, guidhim agus athchuinghim thú, agus ná
tabhair breitheamhnas obann 's ná déan ceinsireacht ar
an lag-ealadhain seo, óir ní hiongnadh gan í bheith i n-eagar
cheart, 's gan m'intinn féin socair ná suaimhneach, ó tháinig
bruithteacht agus gall-tochas na traibhléaracht' in mo cheann,


L. 27


agus gur gearr iar sin gur thuit an galar céadna is na
cosa agam. Ar an ádhbhar sin, ná breathnuigh na focail
go grinn ná go ro-stuidéartha, acht lean mé ar mo lorg
anois in mo shíor-shiubhal trí gach conair in ar ghabhas agus
thar éis turais fhada thríd an doi-ealadhain seo, codalócha
tú mo bharamhail, go suaimhneach! Cidh trácht, fágaim
iomchoimirce beatha agus sláinte ag mo cháirde.



An tráth do chailleas an tslighe do bhí agam ar an arán
do shaothrú, do chuireas cóta mór lachtna orm, agus mála
na huirleise coisreagtha ar mo chorr-ghualainn agus
d'imthigheas i mbéal mo chinneamhna romham go sléibhte
ceo-fhearthannacha: Shliabh Ghamh, an dá Umhall ghormfhliucha,
Sléibhte ailteamhla Iorrais, Conamara ascallach,
uaigneach, achruis, Sliabh Eachta agus Sliabh Calláin,
dhá Shliabh dhéag Fhéidhlim agus Sliabh Luachra na Mumhan,
Sliabh Mis agus Cnoc Bréanainn, Cruacha dubha Mhic Giolla
Chodaigh, agus i n-Íbh Ráthach, eanaighe móra na Mangarta,
na Goilltín árda, ciumhas-chúmhar, Bealach Abhradh, Cill
Uird na gceithearn fada, agus Sliabh na mBan Fionn,
Stuagh Laighean, Céidin Uí Mháil agus Log na Cuile,
Sliabh Bán na dTuath, Sliabh an Iarainn, agus Cuilceach
na bhfiadh báirr, Sliabh Beatha, Sliabh gCleatha, agus Muintir
Lóirinn, Gleann Ruachta, Gleann Fleisce agus Gleann
na nGealt, Gleannamhain, Gleann Airgleann agus Gleann
Gabhra, Gleann Malura, Gleann Crí, Gleann Mór
agus Gleann an Smóil, Gleann Éada, Gleann Conchadhan
agus Gleann Gamhna, Gleann Cholum Cille, Gleann na
Muice Duibhe agus Gleann Máma, Cnoc Pádraig, Cnoc
Áine agus Cnoc áluinn Gréine, Mullach na Síthe, Cnoc
an Chrochaire agus Bearnán Éile, Cnoc Sgiatháin, Cnoc
Árdmhaoláin, agus Cnoc Ráth Bhréanainn, Cnoc Mhuigh-Dubh ?
Mullach Shliabh gCalraidhe agus Cnoc breagh Freimhne.
Chonaic mé cnapóg Chruaiche Pádraig agus Cnoc Síthe Gamhna,
Cathair an Iarla, Cnoc Almhuin agus Binn Éadair, Mullach
Maistean, Mullach Teamhrach agus Gleann Chruachan Meidhbhe,


L. 28


Binn Ghulbain, Binn Each-luain, agus Cnoc Aisde na dtalta
féarmhar, Cnoc Maoldearg, Cnoc Bhriain Ghairbh agus eanaighe
Mhóin Éile, Cill Chorcaigh agus Tulach Mullrenainn,
Mullach Lios Féidhlim agus Bearnaidh Bhriain Rábaigh, Sidheán
Chluain-buireann, Mullach Shliabh Guilionn agus Bearnán
Éile, Cnoc na Riagh, Mullach Síth-git hÍde? agus círín
cnagach na Binne Buirbe.



Ach cheana, níl iath ná innis, lúb leasa ná sean-bhaile i
mór-thimcheall oileán úr-thairbheach na hÉireann nár shireas
agus nár mhion-chuartaigheas ag iarraidh mo ghadhair 's gan
fhios a dhatha agam fá dheoidh, gur gadathas mé thar muir
agus mór-fhairrge, 's gur díoladh mé le oifigeach Franncach,
go ndearnadh trúipéar armálta díom ag campa Fort
Kehl go rabhas cúpla bliadhan leo gur baineadh a cheann
de Dhiúic a Bermhuic le mo linn. Do geall mé dhaoibh,
a lucht léighte na leabhar nGaedhilge, agus a lucht éisteacht
na heachtra leimhe seo ghiolla an tseachráin, go n-aithreósainn
mír bheag dem' thrioblóid i dtuireamh, mar atá a
fhios agam gur mór dúil na sean-mhná i dtuirtheachta, óir
is gnáthach leo tuitim i suan le linn siansáin dá shórt.
Ar an ádhbhar sin, cuirfead síos dhaoibh mo chruaidh-chinneamhain
i dtíorthaibh coigcríocha.



Thar éis mo láimhe do bhriseadh i Sliabh Dá Chon, do b'éigean
an muinchille do bhuain nó do sgaoileadh dem' chóta, ach
ghoid fear iarrtha na déirce ón mbochtán eile é go mb' i
n-ainm an donais agus na dubhthuirne dhó-san, chuaidh a'
sgríobadh na hainneise agus ag luimeadh na bochtaineacht,
agus ó chuaidh, bíodh aige má théid leis, ach ní dheachaidh liom-sa.
Óir ba chosamhail mé an tráth do tháthaigh an cnáimh agam le
saighdiúir mineadh, nó mangaire bheadh a' dingeadh mineadh
ina mhála, nó le radaire buachalla bheadh ag cruinniú miosgán
ag bráithribh, ar nach mbeadh cufa ar a chóta ... ag sgiúradh
cannaí na mbéal beag mealbhógach garbhruibeach do dhingfeadh
thrí na gcaolsgórnachaibh í.


L. 29


Cidh trácht, ba mé an duine giobach siubhlach, agus má
bhí mé suarach, gheobha tú cunntas air sin is an tuireamh
seo im' dhéidh go grod, óir is dearbhtha go bhfuil an bhíodaireacht
neamblasta seo díomalta go leor. Cidheadh, de
réir mar tá agamsa aithreósad daoibh-se é.




Má's suarach d'fhear gruaige slime,
nó d'óigfhear an chlóca ghiobaigh,
d'fhear sódhannta na bpócaí briste,
ólas a stór agus a chiste,



Éirigheas go héadtrom ar mire,
agus phósas gach óig-bhean gan eiteach,
ag síor-dhéanamh bhéarsaí 's dá milleadh,
den tsórt seo bhí mór-chuid de agam.



Is fios ag flaitheas má's le crábhadh;
tamall a' diúrnadh leanna le fánaidh,
sealad a' súgradh leis na páisdí,
's i ngeall ar chuideachta ghnínn a lán de.



Tamall dom' chois agus ní gan árach,
sealad eile 'mo mharcach ar árd-each,
bhínn sealad a' gul agus tamall ag gáire,
i gcampa ag an bhFranncach ar gárda.



Mo thrúipéar i bPrussia go sásta,
do shiubhlas gach clúid den Ghearmáinnigh,
ó dhún na Frainnce na gcam-chleas le náimhde
go Bordeaux, go Candia 's go Strassburg.



Ó Frankfort go Cologne 's go Marburg,
ó Giessen go Friesland 's go Harburg,
Martaborg, Brunswick 's go Hamburg,
agus Hanover do hóbair mé a dhearmad,


L. 30


Fuair mise tuargain do chrádh mé
le luath-bhuillí cruaidhe na námhad,
i dtrinsí agus bumbaí ar gach taobh dhíom,
na mílte dhá gcnaosgairt 's dá ngéar-ghoin
's dá ndí-cheannadh le fíor-lanna géara.



A' caoineadh ar gach taobh na laochra,
a' gríosadh, 's a' glaodhach ar a chéile;
sé críoch agus fínit mo sgéil-se,
ón tír sin gur shíneas na géaga,



'S ba bhaoghlach an gníomh sin a dhéanamh,
óir sgaoileadh liom míle piléara;
ach buidheachas do Rígh geal na nDéibhthe
do shaor mise ón mbaoghal gan aon lot!



Mar bhí mé fá dhídean a sgéithe
ag an Righ sin nach ndéantar a thraochadh;
is mian liom cur síos daoibh má fhéadaim
god d'éirigh san tír dhamh dhá éis sin.



Gheobhthar aiteas in m'aisde agus pléisiúr,
eachtra bhrille breaille nach bréagach;
's mura dtaithnigheann sí leat na buain léithe,
is cuma liom cia haca sin a dhéanfair.




Bíodh a fhios agad-sa, a léightheoir, gur dhaingnigheas
páirt agus cumann le trúipéar eile d'éaluigh liom ón arm
Franncach i ríoghacht Palintínigh. Do bhíomar araon ag faire
ag dhá chrann do bhí fó thuairim ceathramha míle Bhreathnach ó
chorp an ghárda mhóir, agus do sgiorramar, mar dhéanfadh dhá
londubh as tor, ó na crainn réamhráidhte, treasna na maighe
agus na mór-mhachaire, amhail dís a bheadh a' dul i ngealtacht.
Do lean trúipéar agus oifigeach Franncach sinn, do loisgeadar
a gcuid púdair agus urchair linn; gidheadh, thugamarne


L. 31


teine ortha-san, agus chuireamar an bord i n-áirde
ortha araon! Agus tháinigeamar iar sin ar choimirce na
námhad i nDubh-Choill .i. an Black Forest, mar thuigeas tú,
áit i n-ar dearnadh príosúnaigh dhínn ar feadh trí laethe
fada fóghmhair. Fuaireamar ceathramha mhaith ón bPrionnsa
Alexander agus 'na dhéidh sin ón bPrionnsa Eugene.
Dhíolamar ar n-eachraidh agus ar n-airm ach ar gclaidhmhe
agus ar bpiostail phóca amháin. Fuaireamar pas thríd na
tíortha ó na prionnsaí móra réamhráidhte, agus dornán
airgid aoinghill. Ghluaiseamar linn go buidheach beannachtach
tre dhoradhaibh do-shiubhalta, driseogacha, tré ghleanntaibh
uaigneacha fásaigh, agus tré choillte comhdhlúth cleith-gheala
adhuathmhara na mbeithidheach n-allta ag éisteacht le cruaidh-sgréachadh
na dtorc fiadháin, le uaill-tafann na gcon
n-allta, le caoil-fheadghail na n-ollphéistí, agus le fuaim
tholl-cheolmhar na n-arracht agus na manstar; agus aoghairí
na gcaorach is na fiodhbhaidh-sin ag séideadh na mbuabhall
agus a mbunnán, agus ag amharc tráth cia threoróchaidís
chum ceathramha ar maidin agus um neóin chum coille agus
cró, gur shiubhlamar gach coigchríoch go Sandershausen
agus Langernam lámh le Friezleir i n-imeall Marburg,
i dtalta garbha aiteannacha Hanover, áit i n-ar sgaras le
mo chompánach siubhail agus cómhrádha.



Is annsin do mealladh mé i líontaibh mo námhad clisiamach
.i. oifigeach airm do hionnarbhadh as Prussia, dar ba comhainm
Fischer; agus níor ba leas-ainm iasgaire do thabhairt
air, óir do mhealladh sé gach deoraidhe dá dtagadh ina
líontaibh, go ndíoladh i bPrussia iad, chum go dtiocfadh
leis a thigheacht i muinnteardhas nó i bhfabhar leis an Righ,
agus a phárdún d'fhagháil ar son na seirbhíse sin. An tan,
tráth do shíl mise díriú go hárd-mhullach aoibhinn fad-fhaicseana
Leacht an Driseacháin i gceart-lár mhachaire féar-ghlaise
Chonnachta, áit ina bhfuaireas dísleacht chaoin-oileamhna,
gnáth-chúram banaltran, micíneacht athar agus
mínchnis máthar, do ghríosaigh agus do ghéar-spur mo leannán


L. 32


dílis .i. an mí-fhortún mé go mullach na mí-áirde, óir
d'fhuadaigh an t-Iasgaire leis go Berlín mé. Ach d'éaluigheas
as sin uatha thar bhallaí na caithreach, agus thángas d'aistir
trí laethe agus teora hoidhche go hEimhearslebhin ?. Do
creapluigheadh annsin mé, agus d'éaluigheas uatha ar a shon
sin féin, iar gcaitheamh cian seachtmhaine ann dam, agus
rángas go Cropenstadt. Ach thairnigheadar na hoifigigh
le feidhm agus éigean mé as mainistir d'ord St. Benedict,
agus thómhaiseadar mé. An tráth, immorro, fuaradar leor
airde ionnam, agus go rabhas feileamhnach do sheirbhís an
Ríogh, dob' éigean dam gluaiseacht leo agus dul iar sin i
n-éadan na námhad, i n-éigean ghábhaidh agus i mbearna
bhaoghlach ghuasachtach, ag Crosscow.



Ciodhtrácht, fágadh iadsan agus tháinig mise. Thréigeas
bratach Ríogh na Prussia, agus dearbhuighim dhuit, a léightheoir,
gidh iomdha tír agus coigcríoch as ar éaluigh mé trí
chongnamh Dé agus tréan-Phádraic mo cháirde, gur theasbáin
mé péire de bhonnachaibh roighne riabhacha dhóibh uilig, agus
gur shiubhlas dhá mhíle dhéag Ghearmáinneach, aon oidhche
amháin i gcruaidh-shioc do chaigean agus do loisg na
hingne dem' chosa, agus creapluigheadh mo chnámha dá éis,
ionnos gurab idir ceathar hiomchradh mé 'mo bhisidin chuisne,
agus iar gcodladh spuaice dom sealad beag i n-easair
ghamhna ag ballaí sean-mhainistreach, gur haithbheodhuigheadh
mé le teas fuirnéise nó stove. Tháinig, an tráth sin,
President nó Árd-tighearna an bhaile, agus ministéar
Liúiteranach dom' fhios chum na háite seo, agus d'fhiafruigh
an sagart so dhíom i n-Almáinis:



"Wo reist vorläufig ? mein Herr?"



Do fhreagras i nGaedhilge é, agus dubhras:



"Donas t'fhiafruighe agus mo chuid tubaiste ort, a
dhiabhail!"



"Was!" ar an ministéir, "ich bish =bin ein Divel
Teufel! Nun, aber du dummer Divel Teufel!"


L. 33


"Nichts nun," arsa mise, "aber ich bin ein guter
Irländer. Ach is tusa allait ? an diabhail chiardhuibh mac na
Caorthanaighe do marbhadh leis an Naomh-Tháilgeann Pádruig
ar oileán Locha Deirg, an tráth do rois sé a hionathar aisti
le n-a threasnán agus le na bhachaill" arsa mise leis an
ministéar.



Bhí mé ar an mbrioscarnaigh Almáinise agus agallach
Gaedhilge sin leis féin agus leis an bpresident, gur
bhaineas cúpla Dollar agus Guilder nó Golden nó
dhó dhe féin agus den phresident.



Ach tá ní cheana, ghlacas mo chead leo agus do ba gearr
liom mo chosa ag imtheacht uatha dhamh, óir ní rabhas gan eagla
orm go gcuirfidís gárda liom ar m'ais arís go Brandenburg.



Gluaisim romham tré gach aithgiorra agus gach conair
chrosda go Brunswick, agus go cathair áluinn Hanover,
agus as sin go Harburg. Is annsin do chuir maisdibh i
gcontabhairt mo chaillte mé, mar' mbeadh an Bulldog .i.
mo phiostal póca, do choisg go deágh-thapaidh dhíom é, agus
do rinne chomh macánta le uan caorach é. Ghlacas bád as
a haithle go Hamburg, áit i n-ar himreadh beart agus cleas
orm, agus do hóbair mo chreapall i gcrúbaibh mo námhad
agus m'eascarad .i. Iúdaigheach cuirpthe, malluighthe do
mheall mé go hárus ina raibh Kidnappers nó sgiobairí.
Ach is é féin an chéad alpán do casadh insa líon. Óir,
thar éis léim éanamhail a thabhairt dhamh, iomorro, de
thairseach fuinneóige ón treas giostal nó úrlár, gur
thuirling mé i lár na sráide ar na leaca loma, cuireadh
mudharladh mo choise as a áit, ionnos go rabhas dhá éise
sin seacht seachtmhaine creapalta ar leabaidh. An tráth do
bhí mé ábalta ar an tsráid do shiubhal, do thárla an tIúdaigheach
réamhráidhte orm. Do rugas ar sgórnaigh air, agus do
thrusdalas a thóin leis thar Battlement nó slait an droichid
os cionn na fairrge, gur leigeas le fánaidh an tsrotha
sin é, agus ón sruth sin go sruth Styx i n-ifrionn.


L. 34


Ach tá ní cheana, ghlacas long ar na bhárach, agus tar
éis iomramha sé lá dhéag, buaileadh faoi charraig chomhdhaingean
cloiche í, gur báidheadh urmhór a muinntire. Ach do thárrthuigh
an Rí fóirtheach ar thíorántacht na dtonn dtolgánach mise,
mar is cloch do caitheadh le caisleán mé, agus ar mbeith
seachtmhain dhamh i dtigh gunnaire Éireannaigh do
theasbáin fíor-mhuinteardhas agus glan-nádúr dhamh sa
mbaile cuain céadna i n-iarthar Shacsan -



Bhí mo sholáthar caithte agus mo phóca craithte,
mo chroidhe dóighte agus m'intinn tógtha,
go rángas go Bristó nó Bristol i Sasana. Do ghlacas is
an arm gallda, agus iar gcaitheamh cian coithcíse ann damh,
do éaluigh mé ó mo bhrataigh agus do ghadas dís bhuachaillí
saighdiúrtha dosgadhach as an Regiment céadna liom, go
rangas féin agus iadsan de shiubhal oidhche agus lae go
Bideford, baile cuain san iarthar ba thuaidh i ndúithche
Devonshire, agus do chaitheamar sé seachtmhainí fada
geimhridh annsin. Do bhí caradas mhná an tighe agamsa ar
a shon sin féin, agus níor leig an cat mara dom' chomrádaigh
gan a mhí-choingheall do theasbáineadh dhamh, mar ba hamhgarach
leis gan a lámha féin bheith go huilleanna ins an anachain.
Gidheadh, sé tuilleamh do fuair mar mhír sgéalaidheachta a
cheann do bhriseadh agus bas le n-a thóin amach, ach go dtug
mise isteach arís é, óir do rinne mé maith ar son an uilc
air.



Ciodhtrácht, ghlacamar long fá dheoidh, agus d'árduigh
stoirm agus gaoth-anfadh ar an muir, le'r atadar agus
le'r líonadar na mbréidibh brat-uaithne bolgmhóra fá
bharraibh na seol-chrann. Is annsin tháinig comhghluaiseacht
ar bhorb-thonnaibh na bóchna brat-ghríosaighe ag greadbhualadh
ar shleasa na luinge sin; is annsin do bhoguigh an ghaoth
ghlórmhar ghrodshiubhlach as na háitibh ina raibh, agus na gormthonna
sin ag rothlughadh ar dhruim a chéile, an barc beannach
breac-sheolach so ag cneadaigh agus ag béiceadhaigh, ag


L. 35


searradh agus ag lúbadh, agus ag spairn go cródha leis na
huisgeacha, is a' fíor-shnámh go héagsamhail iolchleasach, ar
feadh agus os cionn na mborb-thonna seo, ionnos gur
thuiteas i suan agus i síor-chodladh go meádhon na hoidhche.
Ar an ceathramhadh lá, an tráth sin, do ghabhamar cuan agus
caladh-phort i gCionn tSáile. Fuaras annsin lán mo dhá shúl
de ghlan-innis mhín na hÉireann.



Thángas iar sin mar a raibh m'uachtarán go hÁth Cliath,
agus do cuireadh ar umhluigheacht mé go Conndae Locha
Garman. Do ghlacas an fiabhras creatha annsin, agus do
bhí splinker de landlady lochtach, leathchaoch agam. Do
bhí sí ag doithcheall romham - nár mhaire sí an tsúil eile!
An tan do bhreathnuigh mé nach raibh bean mo shínte ná mo
chaointe i ngar dhamh i n-aimsir na mór-chruadhóg
agus an riachtanais chruaidh sin, do ghlacas 'na mhisnigh
é, agus níor bhuain méar de mo shróin go rángas
go bogach Chille Manntáin, cois abhainn Ríghe, áit ina raibh
dosgán beag den chlainn Ultach.



Do chomhnaidh mé sealad i gcoinbheint i Nás Laighean áit
ina rabhas i n-arán mhaith dá leigeadh an cruaidh-fhortún dhamh
buan-seadamh ann, 's gan é bheith ag tréan-tóruigheacht orm
i ngach conair agus i ngach slighe ina dtéidhinn. Do bhí fós
ádhbhar eile sa gcúis .i. mí-rún na bpacairí bráthar Laighneach
de bhunadhas aon chleite amháin, agus de bhrígh nach ndearnadar
a ngealladh go maith ná a bhfocal do chomhlíonadh damh-sa, do
dhíol mise an déirc, agus do chuir mé mo shein-eire
éadaighe ar mo chorp. Dá sgiolladh ? seo chuir siadsan
bang ar mo thóinn i ndigheoise Chilldara, ionnos go mba
éigean dhamh teilgean fá thoinn ? a thabhairt orm féin fó
an tráth sin.



Do ghearr mise broim an bhreathais i dtóin na
bochtaineacht ? agus dubhshlán Mhannanáin Mhic Leir ná
Ghearóid Iarla, fál do chur ar mo shiabhra, ag dul don
mhachaire fada fairsing ag cur choirce fiadháin. Do rinne
mé síol-chur thrí shléibhte agus mion-lathacha na hÉireann


L. 36


le falradh feadóg ag innsint sean-sgéalta, ag fiannaidheacht
'sa' briadaidheacht 'sa' síodhaidheacht 'sa'
cliaraidheacht 'sa' ranntaidheacht, sealad ag stairtheóireacht
agus ag amhlóiridheacht tamall ag feidleóracht
's ag trompóireacht, ag dordánacht 's a' briollánacht
's a' fiodánacht, agus ag ól Sheebang nó Mundungus
de uisgealach searbh siabh-leanna, uisge beatha agus
balcán. Bhaininn stiall den aimsir in gach áit dá
mbínn, ag fuaim-thóirnigh seanmóire, 's gan seanmóir ag
altóir ba mhó ná mé féin, 'na dhiaidh sin ag stealladh
mo dhéirce le fireannacha agus baineannacha dosgadhacha na
bpoibleacha.



D'aithrisinn sean-straip sean-sgéil simplidhe sean-aimseartha
seanórtha do na sean-ndaoine, agus ní mó ba
mhaith é ná do b'olc. Óir, láimh mo mháthar, níorbh
fhearr liomsa "Tóruigheacht Shaidhbhe inghean Eoghain Óig"
d'innsint dóibh ná sgéal na miodóige deirge, óir má thig
siad féin le chéile tiocfa mise leo-san, agus bainidh féin
bhur rogha ciall as sin, agus ná raibh tú ar mo shliocht, mar
cuma liom cia haca sin a dhéanfas sibh, ach amháin gan
barradh ná toirmeasg do chur ar mo sgéal féin go gcuire
mé críoch air. Is maith do chuaidh mé agus cuimhnighidh nach
luaithe d'fhágainn Sliabh Féidhlim in mo shláinte ná bhínn ag
éagcaoin breoidhteacht tinnis i dTeamhair na Ríogh nó i
nDún Dealgan ar na bhárach.




Ag Sliabh Fhéidhlim go séanmhar do chaithinn-se mí,
's go héagnach 'na dhéidh sin i dTeamhair na Ríogh,
ó Dhún Béinne théighinn-se go fairrge síos,
agus sgéal ar Rígh Gréige d'aithrisinn daoibh.



Theighinn ó Oileán Mhic Aoidh go hAlbain Ghaedhealach;
ag ól brothcháin is cuairsgidh i mbreacán
ar luachair fholláin nó ar leabaidh fhraoich,
ag diúrnadh cupáin de bhiadh folláin,
agus sealad a' comhrádh le mnaoi an tighe.


L. 37



Is ag Dia tá fhios goidé mar bhí sin, ach ba mise cos
i gcorrach agus an sirtheóir luaimneach ag siubhal aontaighe
agus margaidhe na hÉireann gan pinginn in mo phóca go
minic, ach an uair a d'imrinn sguaibín le buimléar de
bhiocaire sagairt do bheadh brothallach coirp-reamhar, nó, an
tan do gheibhinn róinseachán rionsachán? pósta le déanamh.



Ba gnáthach liom go minic píobaire d'fhastódh bhainfeadh
broim neartmhar as na málaí ceoil. Mise, iomorro,
píobaire Chríost. Sé an sgiorta bhí thiar agam ba chóir a
bheith i bhfus agam. Bhaininn ceol as mo theangaidh dhofarnaigh
óir ghnínn lán mo chinn agus mo chluasa de phléasgarnach
agus de ghlamaireacht den tsórt sin a chluinfeas sibh uaim
anois, agus sgaoilim chugaibh é: -




Ní raibh éadach ar aon-chor idir mé is gaoth,
ní raibh léine agam dá mb'fhéidir a ceannach ar phinginn,
ní raibh caora ar an tsaoghal agam, ná capall le díol,
ná spréidh agam ar aon-chor, d'eallach ná maoin,




Ach láithreacha loma agus áiteacha folamh, leághadh na
dtraghnach, rith an uisge ar thóin loiste. Nó luath-rith
coinnle gan tomadh ar ar ghlac mo dhá láimh feadh mo shaoghail
go dtí an uair fá'r sgríobh mé an magazine beag seo.



Déarfa tusa, a léightheoir, gurab 'na leannáin tá siad
seo, ach 'ar a shon sin féin: -




Tá béasa beag séimh agam leanaim gach oidhche, le tamall
Tá sgéal ar Fhiannaibh Éireann agam, is laoidh, gan adam,
Bréaga ro iongantach ar amaibh do ghním, le gradam
Agus rann Gaedhilge do dhéanfainn 's do gheabhainn é arís, le tallainn.
Níl baile aonaigh i nÉirinn nach ngabhainn-se thrid ar fuaidreadh,


L. 38


Agus mo phléata ar gach taobh dhíom ag crothadh liom síos, go guagach,
Mo léine 'na céad cuid amach as mo bhríst' na ruainneach'.
'S i n-ionad an tséin, tá léan agam, deacair, is díth - fairré buaidhreadh.




Cuirim iongantas ádhbhal-mhór ar gheabsairí beag-mhaitheasacha
eigcéillidhe dall-inntleachtacha an tráth castar
ina gcomhluadar mé, óir cuirim an dubh ar an mbán dóibh
ar módh go síleann siad go ndéanfainn canach agus barrach
de Chnoc na Riagh, gearrán marcaigheacht de Bhinn Ghulban,
agus each coimhlinge de smíste sean-ghabhair, agus muc mara
agus draoibe de chnapaire-bhodaigh ghallda, nó de dhuine den
tsórt sin, le méad agus le iomad gliocais agus eagnaidheacht
cainte, dá gcreidtí uaim é, ach creidim féin gur pléiseam
an chéad ghníomh do ghnínn.




Dhéanfainn canach de Chnoc na Riagh
agus ruaigfinn é go Beann na Bó;
dar mo láimh, dob' fhusa liom,
céad pléiseam do dhéanamh dóibh.



De Réidh-chnoc do dhéanfainn canach, bog, mín,
's le bréaga do shéidfinn-se Carraig le gaoith,
dá ndéanainn-se léigheann maith mar eaglais sa tír,
mo leithéide de fhear saethair ní fhaca tú riamh.



Phléasgainn leo Gaedhilge agus Laidean go fíor,
agus bhéarsaí do dhéanfainn gan adam gan spíd.
dá mba léir dhamh aon rud is feasach do dhraoi,
Beann Éadair go hÉirne do chuirfinn le gaoith.


L. 39


Bhí céile ag bean Ghaedhealach i gCaiseal na Laoidh,
agus éadtruime chéille do ghlac fá n-a mhnaoi,
Seon Méilion chuir Temptation eadram agus í,
ach ba héigin damh an taobh sin do sheachaint sa tír.




Dár an bportán, bhí mé urradhasach croidheamhail fá an
am sin, ó nach bhfuil fear mo mholta agam ach mé féin, agus
do ghlac mé 'na bhriseadh é, óir is fearr teicheadh maith ná
droch-sheasamh, agus d'fhágas an fhalra mhacnasach sin ag
an bhFidhgartach beathluighe, mhac an reachtaire agus na
banaltrana bréagaighe ó Chill Áirne nó ó Íbh Ráthach, is
ionann an cás é ach dar mo chubhais-se dob fhearr don
bhromach gan chéill sin dealg láibe a bheith sáithte i mbonn
a choise agus tor seangán ina bhléin lachtna ná teanga
nimhe ná buaint fúmsa.



Ach dar láimh an tsionnaigh, agus dar a' dá láimh atá
ar Easbog Chanterbury do shaoradh lámh an bhitheamhnaigh ...
an mhadra ruaidh, ní fearr liom cuid dhi, bíodh sí ag bod a'
bhóthair ó rinneadh bambuirne mar sin di nach bhfuil cumha
'na diaidh agam, má fuair sí bás ná mur' bhfuair, is cuma
liomsa nó libh-se cia haca é.



Óir is mise mac na mí-chomhairle do masluigheadh le
ceathaibh troma tinnis agus trioblóide agus ar son go
mbí mo chroidhe dubh agus mo ghalar trom go minic, do
shoillsigh grian shubháilceach trí dhuibh-néal mo dhubháilce;
ach an uair nach ngabhaim fonn anois ná an uair sin go
taithneamhach bíodh fagháil an fhuinn orraibh-se, agus fagháil
amhráin ceangail gach a ndeachaidh tharainn orm-sa:




Má briseadh mo long, 's gur briseadh mo chnámha léi,
Do ghéabhfainn-se fonn, ní cheilfeadh ar chách mo sgéal,
Rí an domhain duinn go maithidh mo cháin dhom féin,
'S dar m'fhírinn', deirid liom go gcanaim a lán den bhréig.


L. 40



Fíor nó bréag gidhbe cé haca é, ach an uair do ghlacadh
fonn mé mo dhaoine muinnteardha d'fheicsin, thrusdalainn
beanna mo chóta ghiobaigh lachtna ar mo chorr-ghualainn agus
peacadh na naomh orm ós annsa le a lán na bréaga ná an
fhírinne, go dtugainn mé féin ar an mbaoith-shiubhal seo, ag
sguabadh drúcht na faithche as mo chosa, agus trom-allus
mo chinn ag sileadh síos le mo bhuilg-easnacha, go bhfághainn
lán mo dhá shúl de mhachaire thaobhgheal Chonnachta. Agus is
ar mo ghlincín d'fhágainn tuaisceart na Cruachan, agus
tá a dheimhin agam cia chuireadh ins a' riocht sin mé; gidheadh,
do ghéaraigheadar element, dath agus neart an bhiotáille,
ar mo shiubhal go Sliabh Bán na dtuath mar bheannaire
buacach ag ithe castonians nó castónach mar deir sliocht
mhóire-labhra, óir de réir mo bharamhla féin an tan bhíos
na páisdí ag ceasachtaigh agus ag gearán fá na hubhaill
bhuidhe seo d'ithe tur gan annlann go n-abruid a máithreacha
i bhfeirg leo, "Ach mar' n-ithe sibh iad casaidh bhur dtóin
leo," Ergo, cuir "cas" agus "tóin" le chéile agus
déanfa tú cnaoiste castónaigh dhe.



Ciodhtrácht, gluaisim go troigh-éasgaidh don Choill Mhóir
ag sealg ar mhadra crainn, ag músgailt na mbroc as puill,
sionnaigh as a mbrocaigh, girrfhiadh as a fhoraim, an crotach
mara dá nead, an adhaircleog dá seideamh, an tonnóg
as tom seisge nó cíbe; is gan amhras bean an leanna gan
dearmad dhá dúiseacht go minic, agus dá greasadh
chum an tsoiléir; d'fhágfainn slán agus beannacht aici,
ach cá dtéighinn 'na dhiaidh sin?




Go héadtrom den léim sin 's a' fiadhach a bhínn,
ag aer ó Ráth Bréanainn fá'n machaire síos;
ar Chnoc Meidhbhe léiginn-se sealad mo sgíth,
agus mo dhaothain lionn séimhe d'ibhinn, is fíon.


L. 41


Bhínn a' léimnigh 'na dhéidh sin ó n-ibhinn den bhfíon,
is gan bréaga níor léir dhamh an bealach do ghnínn,
an chléir do chuir tréas orm dá dtagadh i mo líon,
do b'fhéidir go bpléasgainn le bata maith roighin.



'S mé Maelradh ag siubhal Éireann is tearc grádh bhí
agus níorbh fhéile Loch Éirne ná an tSeanainn fá iasg
iná mé féin fá gach aon rud dár thacair mé ariamh;
's dar láimh Chéasair, ní bréagach ar aithris mé dhaoibh.




Agus ní mó ná sin is bréaga ná sruthaireacht cumadh
na healadhna seo, óir is feasach iad lucht m'eolais agus
mo thaithighe nach mór mo spéis i surdail ná i slusaidheacht
ní hionann sin agus ruagairí reatha agus radairí mí-chuimseacha
agus gach gluaisim-leo eile, bhíos chugat agus
uait mar iarball an mhadra bhréagaigh, óir bhí an cineál
Ultach seo buan-sheasmhach coinneálach, má's fíor dhamh-sa.
Ach creidim gur fíor an ní deirid an uimhir is mó de
ghnáthach, agus más fíor, deirid go coitcheann geinearálta
gur duine dosgadhach mé; ach do dheánamh na fírinne dhuit,
a léightheóir, is uras breith orm anois; óir an tan do
chuirim chun léim do thabhairt thar lathaigh nó díogaidh, ní
luaithe thóigim mo leath-chos i n-áirde ná phógas mo thóin
ceart-lár na heascaidhe sin. Agus gidh gur leamh dhamh a
rádh, ní mór nach bhfuair mé bás ó leabaidh mo chreasa go
barraibh m'ordóg amach, óir ní hé amháin go bhfuil an aois
agus an bhochtaineacht le chéile 'na dtrom-ualaigh orm, ach
mar bharr donais agus mí-ghrinn, tá leannán is measa ná
iad ag tréan-tóruigheacht orm le bliadhain go sneachta seo
chuaidh tharainn .i. tuilleadh tinnis agus easláinte. Ar na
hádhbhraibh sin, ní hiongnadh gur neamh-éasgaidh mo léim agus
gur trom, meirtneach mo shiubhal.


L. 42



'S neamh-éasgaidh mo léim-se thar lathaigh nó díog,
'S is sgéal bocht an méid seo a leanas, faríor!
An réidh-choll le réabfainn-se platainn ag laoch,
Níl éitir in mo ghéagaibh a ghlacadh mar ghnínn.



Do thréigeas gach pléisiúr dá bhfaca mé riamh,
Ní léir dhamh an spéir ghlan, an ghealach ná an ghrian,
Ní théighim-se ar féasda ná ar bhanais mar ghnínn
Ní éisdim ceol téada, 's ní chodlaim an oidhche.



Táim caithte, ní mhaireann ach spréidh dhíom beo,
Mar luing mhasluigh', lán-chraithte, gan réim chrann-seóil,
'Mo chual chraptha, lom, fholamh, ach mí-ghreann mór,
Mar thuinn mara dul i gcaladh, nó mar ísliú ceó.




Glacfa mé mo chead leat anois, a léightheóir, ar mhachaire
thruagh mhí-thorthamhail na filidheachta neamblasta seo,
agus ar son go bhfuil sí ar saor-chonnradh agadsa thar
mar tá sí agam féin, de bhrígh gur daor dócamhlach do
cheannuigh mé éifeacht agus substainnt na haisde seo agus
na heachtra seo, gidheadh, ar eagla go mbeitheá-sa nó neach
ar bith eile ag gearán orm-sa thar éis mo bháis fá gach anasda
nó bárr sléibhe d'fhágainn is an machaire réamhráidhte,
bíodh na hamhráin seo agad mar chomhartha fearainn,
nó mar landmark, mar is follus, 'mo dhiaidh: -




Is fuad bocht faoi bhuaidhreadh mé a' ceisnigheadh i mbrón
I n-uaigneas 's i bhfuaraigheacht gach maidin is neóin,
Ag smuaineadh ar gach cruadhtan tá orm sa tóir,
Is fuath liom gach suairceas, 's a maireann den spórt.


L. 43


Dar Pádraig, taoim cráidhte, bocht, folamh, faríor,
Níl faghail agam ar dhá phinginn, leith-phinginn, ná pinginn,
Níl bráthair teann, láidir ná sagart sa tír
Nach ndearna dhíom námhaid ar fad in mo shaoghal.



A Íosa, a Mhic Mháire, a Mháighistir 'sa Rí,
Tabhair roinn damh ded' ghrása le do pháise do chaoi!
Ó chaithis seal áithride i gcolainn chráidhte bhocht chriadh,
Maoidhim mo pháirt ort, as ucht do ghrása is do ghaoil.



Ó chuadar ar n-aithreacha dh'éag,
Agus leanfam féin gach athair dhíobh,
A léightheóir, tabhair do bheannacht féin,
agus beannacht Dé don fhear do sgríobh.
Tomás Ó Caiside fecit et cecinit ...
B. Ó Fearraoil. Mhic Eoghain, mhic Éamuinn
Odhair, mhic Eoghain Mhóir, mhic Maolmhuire, mhic
Féidlim, mhic Cormuic, mhic Parramhaoil, mhic
Aoda, mhic Cormuic, mhic Uilliam ghlais, etc.



Finitur hac die vigesimo quinto
Novembri anno Domini Milesimo
Septuagesimo bis Vinginti et Nono 1749,
Si quid novisti rectius istis, candidus imperti,
Si non, his utere mecum.


L. 44



SEALG MHÓR LIOSS BRANDÓIGE.



"Caoineadh na gCon i mBéal-Átha-Baoi," nó
"Sealg mhór Lioss Brandóige," ar n-a cur
i n-eagar a chéile leis an bhfear thall .i. Tomás
Ó Caiside, coisín siubhlach ó thír an uaignis, mar adeir
sé féin, ar na foirleathnughadh leis an sgríbhneóir. Dia
dhéanadh trócaire agus grás ar an dís.
Amén. 1773.




Seilg mhór do-chonnairc mé
ag fearaibh tréana Cruachain áird,
ó Bhéal-na-mBuillí do ghluais siad,
mise 'na ndiaidh, fear mar chách.



Bhí oighre an Bhadhbhdhúin ar stéad luath
agus Lúcas go dlúth 'na dhéidh,
Seán, agus Partholán nach dorrdha,
buidhean oirdhearc is maith méin.



Artúr Óg, mac Déan Ailfinn,
agus Gibigh King ba teann ar mhnáibh,
i mbeart sealga nighte i n-ór,
ar dhearg-bhrat sróil anall ón Spáinn.



Do ghluais an sean agus an t-aos óg
an beag 'sa 'mór, an lag 's a' tréan,
'na gcipí teanna daingne dlúth'
mise is mo chú beag 'na ndéidh.


L. 45


Go pailís driseógach Chluan-Fraoigh,
's go talta mín-sgothach Leachta Chuinn
go Carcair 's go Lios Brandóige,
lorg fearbóige do chuir sinn.



Gáir shealga san maigh mhín,
a' músgailt mhíl san eanach donn
fuaim-cheol ghadhar ba mhaith ciall,
ar an bhfiadh ag tógáil a bhonn.



Sheinneamar ar mbuabhaill agus ar stuic,
go gcualathas go grod an gháir
fó imlibh áille uaithne Ailfinn,
i gCruachain Chuinn, 's sa Sliabh Bán.



Ní raibh seanóir aosta, críon,
ná mac míosa nár thóig a chluas,
a' músgailt éan ar móin 's ar coill,
ag cur bruic as poill, is madraí ruadh.



Ba bhinne liom ná ceol an luin,
an smólach beag, agus an chuach,
glaim ghadhair fhéasógaigh cheol-bhinn chaoin,
i ndeoidh an mhíl 's an druiminn ruaidh.



An Giolla Ballach is Srón Dlúth,
Cromshúil dúr is a thriar mac,
agus Ballard Brionnach na gcluas mór,
do rug ar thóin ar an bhfiadh beag.



Captain Forester agus Toper buan,
Toutler luath agus Tanner árd,
Bowman, Rockwood agus Sweetlips chiúin,
chuir cluiche go dlúth air ag Mullach-na-gCarn.


L. 46


Ringwood giobach an ghlama mhóir,
Batchelor cródha agus Snowball bhinn,
Farmer, Blueman agus Countess bhán,
gadhair do b'fhearr níor thaisteal coill.



Major Drummer agus Harper trom,
Piper donn ba déine siubhal,
Trueboy, Daisy agus Vénus óg,
's an iomad slóigh 'na ndéidh siúd.



Merryman cleasach nár fhuagair bréag,
Fowler séimh ba héasgaidh ar faithch',
Rowler rathmhar ar móin 's ar coill,
chuirfeadh bruic as puill le fuaim a dtrost.



Ba hiad na gadhair, adeir mé,
fuair buaidh agus craobh san gcrígh ar fad,
le treasgairt sealga ar móin 's ar coill,
dá bhfacas ann tiar ná toir.



Dá mbeadh Rí na Féinne beo,
Bran agus Sgeolán na gcos luath
ar phaca an Deaghánaigh, más fíor,
ní bhfuigheadh coin na bhFiann buaidh.



Gidh gur sgiúrtha do bheart siubhail
do chleasa lúth is do chor gearr
a phus bhrionnaigh 's a thóin liath,
bainfear stiall de do thárr.



Is olc a chuaidh dod' bhearnaidh mhaoil,
a bheith a' magadh faoi na coin de ghnáth
níor theannais do ghairtéal go cruaidh,
ní corp gan uaill thú ar uair do bháis.


L. 47


Níor chian mise on bhfoirinn,
i gClúain-Uí-Bheirn ar mhalaigh áird
ag dearcadh na slógh ar gach taobh,
agus mo chú ar éill in mo láimh.



Feadghail an dobhráin duinn,
ba bhinne son ná an chuach,
ar bhruach a' Bhanna do chuala mé,
ag ithe éisg mar ba dual.



Fá thuairim námhad an éisg,
do chaitheas féin mar ghath géar
urchar de mo bhunnsaigh chuill,
go ndearnas poll ar a bhléin.



Sgreadas an dobhrán donn,
ar dtreasgairt a choim go lár;
chaoineas mo chú-sa go géar,
agus d'imthigh 'na dhéidh sa tsnámh.



Ba hí seo Bran do bhí
'na siúr ghaoil ag Fionn, an fhlaith,
ag a raibh sriabh dubh ina druim,
cliabhrach donn is bolg geal.



Ba hí Sgeolán do sgar liom,
coileán donn an bhrollaigh bháin,
deirbhshiúr Bhrain is Fhinn na bhFiann,
is do bhí siad fó gheasa tráth.



Labhras Bran de ghuth árd:
"Mise lem' bhás do b'olc le Fionn,
agus dá maireadh Clanna Baoisgne anois,
chuirfidís mo chorp i gcill."


L. 48


'S i bhfochair flaith na Féinne mhóir,
ceannphoirt slóigh na n-arm géar,
chaitheas mar aon agus tú
bliadhain ar chúig ar dhá chéad.



Ó mharbhaigh tráth, an tonn rabhartha,
i gcath Gabhra na gcleas lúth
Oscar anghlonnach na gcath,
táim faoi gheasa agus tú.



Ní raibh triar le fágháil sa bhFéinn,
do b'fhearr séan sa gcrích ar fad,
iná thusa is mise ar aon,
is Conán Maol an treas fear.



Ba mé Bran ba déine siubhal,
's ba géire súil de choin na bhFiann
mar ghal gaoithe Márta ruaidh,
bheirinn cuairt na faithche ar fiadh.



Ba mé Ríoghain an leasa bháin,
ba fearr cáil, deise is gnaoi,
dhá raibh san mbruidhin le mo linn,
is ba hé Fionn mo bhráthair gaoil.



Cá bhfuil Diarmuid déid-gheal na mban,
do thuill gean agus greann gach mná?
nó Mac Reithe, sgiath na laoch,
le calmachd chuirfeadh na mílte chun bháis?



Fionn, Oisín agus Aodh,
Garaidh gan bhaos, agus Art óg,
Faolán feardha, agus Glaisne,
agus Deargán prab nár lag i ngleo?


L. 49


Cá bhfuil Sgiath Bhreac agus Conán Maol,
is Inghraimhe ? Baoisgne Bán,
Gaolghas Daolghus? is Colghus na laoch,
do chodladh ar an bhfraoch go sáimh?



Caoilte giolla turais na bhFiann,
do bheireadh ar fiadh le lúth a chos,
agus Lughaidh neartmhar na nglac tréan,
do mharbhfadh céad fear le n-a bhois?



Cá bhfuil Donn uchtleathan mac Smáil,
is Dornán dána ó Bhinn na Bó,
do bhí 'na thaoiseach ins a' bhFéinn?
uch, mo léan! ní bhfuilid beo!



Fathadh Canann mac mic Con
is Fearghus file an ghotha bhinn,
ba caoine téad dá gcuala cluas,
is chuirfeadh suan ar Fhiannaibh Fhinn.



Iubhar ? uchtgheal dob árd glaoidh,
is Aodh beag ó Baoisgne mear,
agus Tóin Iarainn ba dona sa bhFéinn,
nach dtóigfeadh an Fhian ná an chríoch ar fad.



Roighne rosc-ghlas an curaidh prab,
do chuirfeadh cath le neart a lámh,
is Caol Cneisgheal mhic Criomhthainn mhóir,
ar iomad slóigh do chuirfeadh ár.



Cá bhfuil giolla teine Fhinn
Ceann Carrach bhíodh ag créim na gcnámh?
nó Fachtna fíochmhar na gcluas ngéar,
do chluinfeadh an féar glas ag fás?


L. 50


Cár ghaibh díoghrais na laoch,
Ollamh Mílidh nár éar neach,
bile buadha Innse Fáil,
i ngoil do rug bárr ar gach fear?



Liathán Liagán? leigthe ó Luachra Deadhaidh,
do throid i n-aghaidh Rígh na bhFiann,
agus do bhuain a cheann den Mhacámh Mór,
an laoch ba cródha le na linn?



Dá mbeid na laochra seo beo,
ba mhór a ngleo 'bhur ndiaidh anocht,
's go marbhfainn oiread le coin na bhFian,
agus tharsta dhá fhiadh is torc.



Ó d'imthigh Clanna Móirne na laoch,
is Clanna Baoisgne thóig cíos i gcéin,
nó Clanna Smóil na gcath cruaidh
mo mhíle truaighe sinn 'na ndéidh.



De Chlanna Míleadh na flaithí thuas,
buidhean uasal nár thuill táir,
coraidhe cródha neartmhar tréan,
's ba fada a réim i nInnis Fáil.



Míle is fiche do bhíodar ann,
is ba minic a nglaimh i nGleann na Smól,
agus i mBinn Éadair na mbarc mbreac,
do chruinnighdís gach cath um neoin.



Is iomdha fleadh fhairsing, fhial
do rinne siad i nAlmhain úir,
i gCéis Chorainn is i dTeamhair mhóir
do ghníodh go leór de chleasa lúth.


L. 51


Ní tháinig is ní thiocfa choidhch',
do Chlanna Míleadh na gcéim n-árd
óig-fhir chrodha mar an bhFéinn,
ar eineach, ar léigheann, 'sar neart lámh.



Ar nochdadh meirge i dtús slóigh,
's ar mbronnadh seoid i measg cháich,
ar sheilg, ar imirt, is ar ghaois,
ar suirghe go caoin is ar shnámh.



Ó chuadar uile fá seach do éag,
's gur cadhain i gcéin sinn dá ndíth,
god dhéanfas tusa is mise, a shiúr,
nó an beo thú i bhfad 'mo dhiaidh?



A shiúr dhílis an iomad áigh,
do chí mo bhás agus mo ghleo,
sgaramhain leat is ní hé mo bhás,
orm anois an cás is mó!



A Sgeoláin mhire na gcleas lúth,
i seilg fuair cliú is budh déine tóir,
is siad mo choin-se agus tú,
ceannphuirt bruidhin an Rátha Móir.



A Sgeoláin mhilis, a phlúr na gcon,
do b'fhearr son dár mharbh fiadh,
teann thusa th'ucht le m'ucht,
sul a gcuirfe tú mo chorp i gcriaidh.



Uch! uch! is bocht an sgéal,
mar sgar an t-éag sinn go bráth,
cona Fhinn is Chonáin Mhaoil,
is go mb'fhada ar saoghal i nInnis Fáil!


L. 52


Tóig mo lia ós mo leacht,
déan-sa m'fheart, uch! is feabhadh siúd,
go gcaoine tú, a chara, mo bhás,
is go sile tú lán do dhá shúl.



Guilid go searbh ar aon,
's ba héigean gur maoith mo dheor,
ar tráth thug sí, an dobhar-chú
do mo chú-sa teora póg.



Ar dheireadh an oidheadha seo sa tsnámh,
d'imthigh an dá choin gan mhairg,
agus ó d'imthigh mo chú féin 'na ndéidh,
is ró-bheag mo spéis ina seilg.



AN T-AMHRÁN.
Gach peacach dá bhfaca mé féin ariamh,
's dar bhfeasach gur leanas do bhéasa baoith',
Abradh sé Paidir is Cré chum Chríost
don tsagart bhocht cheangail le chéile an laoidh.



Finit le Tomás Ó Caiside, 9th of Sept., 1773. Intervallo
viae fessis prestare videtur, qui, notat inscriptus, milia
multa, lapis.



Is buadhartha, glugartha taoim, 'tuitim i n-ársaidheacht bhróin,
's go dtugann fáth mo thuirse orm, tuilleadh 's mo sháith dighe d'ól.
Ag ól go minic fairre cuideachta an tsár-chroidhe mhóir,
's ní beo mise mar dhuine ach an lá bhím farró,
Nach gártha an tubaiste nár aithris siúd Cato riamh,
nó Obhid file, fuair tuigse ar mhnáibh do riar,
Bíd ar nós an leinbh nach aoibhinn is nach áil gan biadh,
ní beo ibh-se gan fir, agus ní háil libh iad.


L. 53


B 1750ob 18L
U Tomás Ó Caiside



NA hAMHRÁIN.



AN CAISDEACH BÁN.



Thug mé an ruaig údan ó mhullach na Cruaiche
Chugad anuas 'un an tSléibhe Báin
Ar thuairisg an chailín a d'fhág m'intinn buadhartha
d'fhág lear is ruaig orm go bhfagha mé an bás;
d'at mo ghuaillí go snuich mo chluasa
Agus fuair mé fuagradh glan géar, ó'n mbás,
Is níl duine dhá gcuala mo sgéal an uair sin
Nachar dhubhairt go mba truagh bocht an Caisdeach bán.



Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean -
'Sí siúd meidhreog an bhrollaigh bháin:
Is truagh nach liom í gan buaibh ná punt í
Is í bheith gan chunntas liom ar láimh.
Dhéanfainn teach mór dhi ar shúil an bhóthair
Agus chuirfinn cóiste faoi n-a clainn,
Is a chúilín eomra, dhá mblighteá bó dhom,
In do cheangal foghmhair ní chuirfinn suim.


L. 54


Nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dom
Nach bhfásfadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach ndéanfadh an ghealach solas do Éirinn
Is nach lasfadh na réalta i dtús na hoidhche?
Níl brígh ná spreacadh i dteas na gréine,
Is go snámha na héisg ar an muir gan braon;
Is go n-éirighe na tuilte chomh hárd leis na sléibhtibh
Go deo ní thréigfe mé grádh mo chroidhe.



Agus bhí mé sealad ag foghluim Béarla,
Agus dubhairt an chléir go mba mhaith mo chaint,
An fhad úd eile gan onnsa céille
Ach mar na héiníní faoi bharr na gcrann;
Amuigh san oidhche gan fasgadh ná dídean,
Agus sneachta dhá shíor-chur fó íochtar gleann;
'Gus a chúilín donn-deas ar chaill mé na grádhaimh leat,
Nár fhágha tú na grástaí mur n-éaluighir liom.



Bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha
Agus ins an árd-sgoil ar feadh chúig mbliadhan
Go bhfuair mé oideachas agus comhairle ón Eaglais
Ach faraor cráidhte, a bhris mé thríd!
Is ríogh-mhór m'fhaitchíos roimh Rígh na ngrásta
Nach bhfuil sé i ndán go dtiocfad saor,
Mar is mó mo pheacaidh ná leath Chruach Phádraic
Mar gheall ar ghrádh a thug mé dho inghin maoir.



Siúd í tharainn í an eala bhán, deas,
Agus í chomh gléasta le bean ar bith;
Truagh mar geineadh í i mbruinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis a rugadh í.


L. 55


Níl bun cíbe ná tulán tímchill
Ná gleanntán aoibhinn a mbíonn mo ghrádh
Nach bhfuil ceol dá sheinnm ann de ló is d'oidhche
Is go bhfóire Críosta ar an gCaisdeach Bán!



Aisling bhréagach a facthas aréir dhom
Go raibh mé 'm'aonraic ar leabaidh chlumhach
Go dtáinig an spéir-bhean is gur shín sí taobh liom
Ba deise féachaint agus leagan súl:
Bhí cum mín cailce aici mar choinnill léimnighe,
A folt go féar léi a' fás go dlúth;
Bhí an bhráighe ba gile aici ná an sneachta ar thaobh cnuic,
Sé bháisigh mé agus na céadtha liom.



Aisling bhréagach a conaictheas aréir dhom,
Agus gheit sí mé thrí lár mo shuain,
Go raibh aindirín chaoin-deas na gcíocha cruinn-gheal
Sínte síos liom, taobh ar thaobh.
Ar ionntodh tharm dhom go tapaidh lúthmhar
'Un breith ar chúl uirthi bhí tanaidh, tréan,
Ní bhfuair mé agam ann ach binn den tsúsa
Agus d'fhágaibh sin brúighte mé le mo shaoghal.



BÉAL ÁTHA hAMHNAS.



A mhíle gradh, ná bíodh ort gráin,
Fá do bheith dáltach liom-sa,
Is gur dual dam bárr na cúige fháil,
Is ó mhná ní fhághaim-se diúltadh?


L. 56


Is liom thú féin, upon my faith,
I n-ainneoin chléirc na cúige,
Is a chúl na gcraobh, más roghain leat mé,
Umhlaigh agus béidhmuid cúiteach.



Do bhraoithe ganna is do phíob gheal bhreágh
Do ghruaidhe le lasadh is do mhín-rosg lághach,
Do leaca chaoin is do rosg mar aol,
Is ar dhath na gcaor do ghruaidhe atá.



Do chraobh-fholt daithte mar eite an fhiaigh,
Scaptha, sgartha leat-sa síos;
Gluais gan spás le fúad mar táim,
Go dúithche shéimh na n-Ultach.



God-é 'n fáth mo phlé re mnáibh an tsaoghail,
Is dá bhfásgadh re mo chroidhe isteach,
Cumadh bhéarsaí is dánta Gaedhilge,
Agus an lá na dhiaigh sin díomhaoineach.



Mo lámh ar chéachta ná'r spád ghlan ghéar,
Ná'r ghréap a's mé spréidheadh an aoiligh,
Is nár bh'fhearr dham féin bheith dáltach léithe,
Ná spáirn le cléirc an tsaoghail-se.



Och! och ón! is mé ceann gan chéill,
Nach ndearna comhairle mo mháithrín féin,
Is gurb í dubhairt gan amhrus liom san am sin,
Béal Átha h-Amhnas seachuin trá.


L. 57


Nár bh'fhearr dham féin dul don Spáinn,
Ná bheith aig an gcléirc so choidh' fá cháin,
A bhuachaill, téid air do dhóchus féin,
Fá dhídean sgéith na n-Ultach.



FAOISDIN UÍ CHAISIDE.



Treabhadh i ngardha, fál ná fuirseadh,
Turn ní dhearnas ariamh go fóill
Níor stop mo lámh ó aon chás dusgadhach,
Tóigim troid i dtigh an óil.
I n-aimsir ghradha is lugh' deirim paidreach',
I lár an troisge is mó 'ním craos,
Imrighim cárdaí, cáinim, ceilim,
Súd í m'ealadhain ó thús mo shaoghail.



Is truagh mo sgéal, a' tigheacht an earraigh,
Níl mo theach i gcaoi ná i ndóigh,
Dalladh mé is ní léar dham an bealach,
Is truagh mo shamhail i bpianta bróin.
Cíos an Ríogh ná 'n t-airgead teallaigh,
Ní nár íoc mé ariamh go fóill,
Ach déanamh gach slighe 'un pighinneacha a thacar,
Is dá gcur i dtaisge i dtigh an óil.


L. 58


A Mháire, a chuisle, a bhláth gach finne,
Lámh an einnigh aniar ón áigh,
A bhéal is binne ná'n chúach air bile,
d'fhágaibh tú mise i bpianta báis.
Ní léar dham réalta, grian ná gealach,
Le méid mo ghean ort, a chluanaidhe mná,
A spéir-bhean mhánla mharbhuigh tú ar fad mé,
Is truagh gan d'fhallaing fúm go lá.



Do b'aitigh liom-sa bheith 'pógadh mo chéad-searc
Agus a' sgapadh mo chisde léi gach ló,
Mo lámh ina brollach is mé dá mealladh,
Béilín meala is a gruaidh mar an rós.
A chailín an tighe i bhfuil an choinneall lasta,
Is mithid sgur agus leigean dó,
Má mheasann tú, a Bhriain, go bhfuil mé saor ó pheacadh
Fillfead ar an ealadhain chéadna fós.



A MHÁIRE, A CHUISLE.



A Mháire, a chuisle, a bhláth na finne, géag an einigh aniar ón n-ár,
Béal is binne ná'n chuach ar bile, d'fhágaibh tú mise i n-iargnó báis.
Ní léar dham coinnioll, clár ná fuireann ó do mhisge, a raé bheag mná,
A stáid-bhean mh'arthan, mhéadaigh tú ar m'arainn, ó gan d'fhallaing fúm go lá.
Shiubhail mé Ardach' is go CionntSáile, go Droichead Átha
is ar m'ais arís,
Go Ceatharlach is go Dún Padraig, samhail Mháire ní fhaca mé.


L. 59


Cóisdí árda ar eachraidh bána, marcshlúagh ghallda a' troid fán mnaoí,
Ó d'imthigh tú, a ghrádh, go dtige tú slán, is go ndéanfadh
do sgáile solus gan grian.
Iomarcaidh cómhairle bhí air an óig-mhnaoi d'fhágaibh an
dólás mór so ar mo chroidhe,
Mur bláth nóinín d'fhás ar mhóinín siad na rósaí dearg agus buidhe.
Gach aon dlaoi ór-bhuidhe dá folt ómra, is iad ag tuirling léithe síos,
'Ar bhás a bhfuil beó agam, is tú do bhreóidh mé, is d'fhágais
arainn thrí mo chroidhe.
Sí Máire go deimhin, an planda leinbh is séimhigh dheise dá bhfuil le fagháil,
A píob mar an lile, a súil mar an criostal, a gruaidhe is
deirge ná rós dá bhreághacht.
Dochtúirí na cruinne is a gcruinniú uile, nár mhór an cumas a gcur ar fagháil,
Ní leigheosadh an arainn tá dul thríom trasna, ach póigín
mheala ó do bhéilín tláith.



BRIGHID NÍ BHEIRN.



A stáid-bhean bhreágh dhá dtug mé grádh,
Mo chreach! mo chrádh! nach liom-sa thú,
Nach bhfuil ó Phárthus ní le fáil,
Bhéarfadh lá do fhortacht dhamh.



Mar bhfágha mé páisde a' bhrollaigh bháin,
Is gur gile a bráigh ná 'n eala ar tuinn,
A mín-chrobh méar do sheinnfeadh ar théad,
Ós ag an spéir-bhean go cinnte tá.


L. 60


Is truagh gan mé is ruain mo chléibh
I ngleanntán sléibhe ná i n-alt chois cúain,
Is gan neach dár ngaobhar ó dheas go hÉirne,
Ach cúach na gcraobh agus í seinnm cheoil.



A chúl na lúb, triall feasta 'un siubhail,
Agus tóig an chumhaidh so arís dhíom féin,
Is gur leigeas mo rún lé do bhéilín dlúith,
Agus m'annsacht thú thar mnáibh an tsaoghail.



B 1930c 19
U Anaithnid
B
AN BRÁITHRÍN BUADHARTHA.



Tá'n saoghal seo crosta, tá'n dligheadh ro-láidir,
Is ní bhfuighinn ón bPápa thú a phósadh liom,
Ach dhá dtagtá liomsa ar chúl an gháirdín
Nó go bhfaghamais fagháil ann cead súgartha is grinn.



Siúd í tharm í an eala ghléigeal,
Agus sé mo léan géar mar rugadh í,
Mar an oidhche a geineadh í i mbruinn a máthar,
Gur le haghaidh mo bháis a cumadh í.



Níor bhaist mé leanbh ó! ar bith ariamh ná páistín
Ach an péirlín bán úd a chrádh mo chroidhe,
Agus a aoin-mhic Muire agus a Rí na ngrásta,
Nach claoidhte an cás mé bheith i ngrádh le mnaoi.


L. 61


An bhrionglóidigh bhréagach a tháinig aréir, ó!
Agam féin agus mé in mo shuan,
Go dtáinig an spéir-bhean is gur shín sí taobh liom,
Ba deise a féachaint agus a leagan súl.



Bhí an cum ba coinnle uirthi ná an cansaí ? ag léimnigh,
Bhí a folt dhá réir sin is é ag fás go dlúth,
Bhí an bhrághaid ba gile uirthi ná'n sneachta ar thaobh cnuic,
Is a haghaidh dhá réir sin mar bláth bán na n-ubhall.



Tiubhra mé an chuairt seo go turus na Cruaiche
Agus ar ais arís 'un an tSléibhe Bháin
Ag síor-chur thuairisg mo chailín stuamdha
A rinne gual dubh de mo chroidhe in mo lár.



Aidhe, d'at mo ghuaille go dtí mo chluasa,
Agus fuair mé fuagra glan, géar ón mbás,
Níl duine dhár chuala mo sgéal an uair sin
Nár dhubhairt go mba truagh bocht é an Caisideach Bán.



Dhá mbeinn 'mo bhádóir is deas a shnámhfainn
Ins gach cearda dá mbeadh mo ruain,
Bheinn dhá leanamhaint thríd an tuile bháidhte
Agus a' dul le fánaidh ó thuinn go tuinn.



Bheinn dá fásgadh fá n-a bán-chrios,
Nó idir mo dhá láimh, má b'fhada í an oidhch',
Is gurb é a n-iarrfainn d'athchuinge ar Rígh na ngrásta
Aon phóigín amháin a fhagháil ó stór mo chroidhe.


L. 104


B 1715 18T
U Éamann Ó Caiside

DUANTA ÉAMUINN UÍ CHAISIDE.



CINNIM COMHAIRLE LE DIA.



Cinnim comhairle le Dia
le haonmhac muirneach Maria
is múineadh mé ar mo leas
an Dúileamh nacha déan mh'aimhleas.



Ar mbeith anbhfann ársaidh dhamh
ar lorg éigeas is ollamh
idir ghallaibh ghuirt Logha
fachain mh'uilc an chomhrogha.



Clann ar a dtáinig treabha
trí mhic Mílidh airmsheana
cia díbh dana déinim dóich
síol Éibhir, Ír nó Eireamhóin.



Ar gcur comhairle 'na dháil,
Críost cruthaightheóir an domhnáin
go mín im' meanmain do chuir
sliocht ÍR leanbaigh do leanmhuin.


L. 105


Fionnaim gurab í mo leas
an chomhairle air ar chinneas,
ó siad nár fheall ar ollamh
's gurb iad dob fhearr fhuaradar.



Fachtna Fáthach mac Rosa
rí rathmhar mar chualasa:
níor bhaois a bhuaidh, nó a ghairm,
a ghaois do fuair an forainm.



Ar éigse ó do bhí bail
cía díbh do chuaidh tar Chathbhaidh
níor dhocht a dhaonnacht dar leam
dhá laochdhacht níor locht léigheann.



Ollamh Fódhla fuair d'anáir
tar ríoghaibh phuirt Pharthaláin
a ainm cé chuire ar chalmacht,
a ghairm uile ón ollamhnacht.



Bile buadhach Mhuighe Sléacht
Tadhg Ó Rodaighe an ríghgéag
do fhás go húr a hEamhain,
comh-ghnás a ghlún geinealaigh.


L. 106


File féata nar bhris móid,
Tadhg toirbheartach mac Gearóid,
seanchaidh saor Innse Fáil,
teanchair na gcaor do chongbháil.



Eochair na héigse uile,
Tadhg rathmhar Ó Rodaighe,
don choiléar chloch is buaine,
coiléan con na Craobhruaidhe.



Ar mhuir mhóir an léighinn láin
snámhaidh seisiomh go neamhnáir,
toimhsidh na troighthe tré a lár,
doirsi, a froighthe a hurlár.



Madh dleacht fial do rádha ris
ní fhéadann aos an aimhlis
a rádh nach maith an mílidh
tá na shaith do sheandaoinibh.



Uaisle Fódhla isan bhfear
eagna, fortún thart timcheall
is ádh buaidhe dá bhunadh,
sár na huaisle d'árdughadh.


L. 107


Atáid na trí tréithe ann,
eagna, fuil, féile, fulang,
a cháil do chleith ní linne,
ní breith le báidh fírinne.



Ní raibh i sídh Bhóinne Breagh
aoibhneas nach bhfuil na thimcheall
'na bhrugh díonmhar, duasach, bog,
líonmhar cnuasach mo charad.



Iomad ilcheol, miodh is lionn
fíon franncach imirt fithcheall
fá bheannaibh an bhrogha bhric,
'sgach teangaidh ón Tor táinic.



Leabhair iris Achaidh Airt
tána, toghla, is tochmhairc
ceasda súadh agá sgaoileadh
freasdal druadh is deaghdhaoineadh.



Seanchus sean-aibhneadh Éireann,
a loch, a cnoc, a caithbhéimeann,
a dún, a dionn, a bailte,
ag mionn súl na saormhaicne.


L. 108


Ciodh maith airgead, agus ór
ciodh maith corma is comhól
is fearr an Coimdhe do chum
oirne nach teann fá dtugann.



Tuigeadh Tadhg mac Gearóid óig
nach leg. gur cóir tréigean don Trionnóid
an saoghal sanntach, salach,
baoghal, annsacht urbhadhach.



Ádhradh an t-athair neamhdha
déanadh toil an tighearna
chongbhas connailbhe mhór linn
dhó mar chomhairle cinnim.



Taobhaim mh'anam le mac Muire
aon Dia suthain síoruidhe
'sní taobh thollairbhe ro feas
caomh an chomhairle chinneas.



Ní déanta dearmad do Nualaith
don mhnaoi Mhuimhnigh mhórualaigh
an chaoinbhean is cían ó 't cheas
ag ríar aoidheadh is éigeas.


L. 109


Éimher inghean Fhorghuill Mhonach
don mhnaoi-se is meadh shonnradhach
i bhfoighid, i bhféile, i meas
goirid ó chéile a gcoibhneas.



Dár dhearlaigh ní díomdhach neach,
ná, do mo dhóich, Dia dúileach
ciodh saith fir ó na féasta,
gach maith dhi ní dóidhéanta.





Bán-shruth Finne, is siolla do ainm na mná
'san dárna siolla san tsionnach bheag mheabhlach lághach
tá an treas siolla go fuineadh gach am nó lá
mo ghrádh dhá sloinneadh mac miochair don lionnmhuir láin.


L. 110


B 1715ls 18T
U Anaithnid

SLÁN FÁ ÉIRGHE ELÍSE.



Iar dteacht on mbás do dheirbhshiair Thaidhg, Elís ní
Rodaighe, A.D.1704, a mí Júin óir do haithriseadh a bás
don ghalar bhreac go coitcheanna an tráth sin, do chuir
Éamonn Ó Caiside na rainn so do dhán casbhairdne
chuici-si.



B 1704 18T
U Éamann Ó Caiside



Slán fá éirghe Elíse
bláth na sgéimhe an searc-mhnaoi-se
bárr ar phéin mo bheagchroidh-se
i dtámh 'na déidh dá ndeachmaoisne.



Ríoghan ruithneach, mhonghbuidhe,
chríonna, chruithgheal, leanbuidhe,
cheasdach, eolach, ollmhuidhe,
chneasda cheólach cheannsuidhe.



An bhé 'na cat chualabhar
san saoirinnse sháireochadh;
gach gné ghalair ghuasachtaigh
saoilimse go sláineochadh.



Slán fád éirghe, a réalt an taoibhe tuaith,
tá gan éclips d'éis mo bhrigh ghoid uaim
do thásg ó bhéal go béal sa tírsi chuaidh
is fearr an sgéal gan mé bheith sínte ar th'uaigh.


L. 111


B 1700c 18T



TADHG Ó RODAIGHE.



Cá dream is fearr ná sliocht ÍR
drong da nach déanta dimbrígh
curaidh chróghlan Chláir Logha
móradh áigh, is eangnomha.



Gach áit i nÉirinn uile
ar chomhnaigh clann Rudhraidhe
budh leosan buaidh gach báire
leosan duain gach deaghdháimhe.



Dream do chuir a gcíos i bhfad
na tríatha tháinig romhad
a chrú fírfheadhna Uladh
a shúgh fíneamhna ar bhfuarughadh.



Iomdha dream ar a sliocht soin
nach saoiltear le gach seanchaidh
do shíol mínbheach gach muighe
dhíobh go díreach Roduighe.



Tadhg ó Rodaighe, rún ban,
file fial, duine uasal,
fear dár dhual deargadh i dtreas,
cuan is cealgadh na n-éigeas.


L. 112


Laoch mar Laoghaire Buadhach,
nó mar Fhearghus fhearuallach,
Scótus i Laidin dar linn:
Mórtus aignidh is innill.



Conghal Cláiringneach eile
i gcath Mhuirne Molbhthuighe,
nó Ceat ag teach Dath-Ó thall
go teacht don chrodha Conall.



Deaghmhac Colmáin ag díol dámh,
mílidh maordha mar Mhongán,
Fear Diadh ag tachar i dtreas,
fial nach bhfaghthar a chóimeas.



Athairne án an Gaoidhiol geal,
Néidhe, Fircheirtne, nó Fítheal,
sultmhar a mheas i measg dámh,
fear churtha ceasd mar Dhallán.



Tighearna Fiodhnach na bhfleadh
Ó Rodaighe na ngormghreadh;
ciodh dían, is déanta d'oineach
an fial féata, foisdineach.


L. 113


An Coimdhe dhá chumhdach slán,
aonmhac Gearóid 's a bhandál,
bile go mbuaidh le silleadh
file nach bhfuair aidhmhilleadh.



'Sa chaoimhtheach d'fhuil Éibhir Fhinn
don tshíol Éabha dob inghill
bean gan braise, nár chlaon meang
bean is taise taobh is timcheall.




A ghaol na gcuradh nár bh'urus ar táin do chlódh
an laoich Chonchulainn ba cumusach lámh i ngleódh
an Ríogh Chonchobhair, is Conaill an Cearnach cóir
is thrí mhic Uisneach, do chomairce ar Mháire an óigh.



A rí do chruthaigh an chruinne 'san Ádhamhfhuil mhór
a Íosa shuthain do fhulaing an pháis dod dheóin
dár saoradh uile ar choirthibh ciodh ádhbhal dóibh
ar naomhthacht Mhuire goir chugad sinn, lá an tinóil!


L. 114



TADHG Ó RODAIGHE.



Mó ná mionca tríall go Tadhg
tríath os Fiodhnach na n-óg n-árd
comhfhorba 'sa lí mar ladhg
fríth don radhg co rogharma bárd.



Ní gan fhachain fuair an ghairm
an tí nár chathuigh um chuirm
a mhaith fa ionnmhus tug ainm
do fhlaith Fiodhnach, modh, is muirn.



Aosdacht na fola dhá bhfuil
an daonnacht thoghas dá thail
a ghaois, a ghéire, sa ghail
gan baois acht bail féile fair.



Bárr ar bhronntoibh rug sliocht ÍR
ón am dob orrdhuirc an chlíar
dhá n-athchur ... le reacht na ríogh
le neart gníomh gur fhasdsad iad.


L. 115


Ó uaisle Fódhla is gníomh
is buaine, sona síol Róigh
sliocht Chonmhaic do chuir i gcéill
i n-iocht gur chéim cómhraic dhóibh.



Ciar, is Corc, is Conmhac caomh
tríar gan locht i gcomhrac chruaidh
do chloinn Fhearghuis fhéil mhic Róigh
geal-ghais don fhóir fhéil rug buaidh.



Do chinn Conmhac ar an gcloinn
an bhorbshlat nár shlim dob ard
crainn dob orrdhairc os gach coill
ar chlainn Chonmhaic do chinn Tadhg.



Ar fhéile, ar oirbheart, ar áoibh
ar dhéine thoirbheart do dháimh
ar bhronnadh airgid, is óir
moladh is dóich nach dtéid i dtráigh.



Seadh i séaduibh nocha gcuir
an mheadh do mhéaduigh ar bail
ainm orrdhairc gan claon cuil
ar ó gConmhaic an sáor saith.


L. 116


Gach ollmha úr ar an sgál
ag súr na gcollchas go bhfuair
an tobar ór fhás a bhfréamh
lán a bhéil dá dtoradh tuair.



Fear ó Árainn na naomh náir
fear ó Mháigh, is fear ó Mhuaidh
......
......



Go himtheacht dóibh ní bhfuar faill
m'inntleacht uam nó gur bhuing
le dhá bhliadhain beag nach caill
gan cead rainn, fá riaghail dtruim.



Ar ndul damhsa is an dún
mh'annsa dul san mbrugh mbán
do-chíu mílidh Mhuighe Réin
Rígh-gein d'fhéin is gloine grán.



Fuaras san mbrugh is bláith buird
sluagh nach scuch le gáir ngairg.
níor thearc críoch dá dtugsad tuilg
searc gach uird sa mionn gan mhairg.


L. 117


Roighne ríoghan ag cur ghréas
soillse ag síorbhrath lucht na ndúas
na báird ag moladh a mbéas
os áird, bu ghléas do ghoradh cluas.



Ollamhain ann, is aos ciúil
nár bhfann fodhomhoin 'na dtreoir
mar nach gceilid críoch gach iúil
gheibhid gan ghrúig fíon is feoil.



Fuaras Tadhg ag teagasg druadh
i measg na sluagh sin go ceart
iomad saoitheadh sean is suadh
ag sgaoileadh uadh sa' cur cheast.



Eiseamh ag fuasgladh na gceast
'na bhreitheamh cheart ann gach cás
dul dá shaighidh leam níor leasg
uch gan mé na measg go bráth.



Féinnidh Fiodhnach grádh na gclíar,
géillidh le gnás bíodhbha dhó,
saidhbhreas na mbocht is a mbiadh,
airgtheach na n-olc ón sia gó.


L. 118


Brughaidh nach dtéid céim ar gcúl
mar Lughaidh léir léim gach ágh,
nó Laoch Liathmhuine dob úr,
mo chaomh cialluidhe, mo ghrádh.



Nó mac Colmáin saoirfhear sáimh
ar chongbháil aoidheadh gach uair
an Donn deud-ghathach gan ghráin
nó Conn ceudchathach ar bhuaidh.



Nó do bhráthair Cú na gcleas
nó Cú Raoi i dtreas nár thim
nó Fear Diadh mac Damháin deas
an nia' sa neart nár bha slim.



Oighreacht an oinigh do ghabh
oirbheart ó nach doiligh dol
gan acht féile is grádh 'na ghar
ádhbhar cléire a chur tar modh.



Gach aimsir atá gan teacht
dár thairngir Pádraic na bport
aige is fearr a bhfios go beacht
geall gan laige a lios ag bocht.


L. 119


Do chuir Tadhg fán bhféile fál
mur laghdadh péine dá phór,
tá ag triathfhuil ÍR gach tráth,
is biaidh go bráth ní asa mhó.



Don chathair neamhdha tá mo thriall,
'sgo bhfaghaidh dhamh ó Dhía an Óigh
Muire mhórmhuirneach na rún
Cómhuirleach san múr is mó.



Inghean Donnchaidh, dreach mar ghrís
finnbhean chonchuir nár chleacht crúas
searc na cléire in gach cás
madh ceart an gnás déine dúas.



Fíonfhuil Fhíacha, is Chormaic Chais
san ríoghain riaras 'na lios
clíara is cearrbhaigh go tais
Níamh Dhál gCais, nár iarr a bhfios.



Aobhdha a haigneadh thar gach mnaoi,
naomhtha a caidreabh le gach cléir,
bhraith a gáire, a gean sa gnaoí
a háille chaomh, a maith sa méin.


L. 120


Gach a bhfuair ó Dhía na ndúl
an sduaigh ón sia dúr is brón
ní hiongnadh 's nach diomdhach damh
dhá hionnmhus cá hádh is mó.




A shuairc leanbuidhe gan ainbhfios i n-aoin-eolus
dar luaidh Cairbre, nó tairngeartaigh Chrích Fódhla
buaidh labhra ort gan dearmad, gan díth cómhachta
a ua Fearghuis nár mheabhraigh na claon-nósa.




FAOILIDH TEAMHAIR.



Faoilidh Teamhair, Teathba is Fiadhmhaigh caoimh,
críoch Mhaighe Rath 's Magh nEalta miadhach, mín,
Magh nÍthe theas, Magh Glas, is tiar Magh Aoil,
fá fhíor-mhac th'athar theacht 'na thriath don tír.



Faoilidh leatsa gealach grían is gaoth,
faoilidh sreabha talamh sliabh is fraoch,
EasCraoibhe, Eas Dara, Teamhair ? is niamh-phuirt Laoighis,
fá aoíbh ó do theacht gan bhasgadh, a Bhriain, don tír.


L. 121


Is maoth gach magh gan fhearthainn dhian acht braoín,
is lí eatha ó theas na críadh gan díosg,
is baoth na ba 'sa lacht ag biathadh laogh
is daoine lag ó theacht don tríath-mhacaomh.



Is craobhach glas gach feadh ó ghrían-ghal laoí,
is líonmhar beacha ag teagar níamh-sgath mín,
is taobh gach abhann ag fras-chur iasgaigh i dtír,
má bhírsi id' cheart bíaidh neart san liaigh arís.



Níor ríoghadh i dTeamhair neach ó thuidheacht na nGaedheal,
acht aon Cheann Cait na n-aitheach bfíata ndaor,
nar gháolmhar leat fá seach, a Bhriain, gach táobh,
a ríomh dob fheasach dhamh, más fiadhain fíor.



A gháol na bhfear nár reacadh aríamh a n-aoir
an ríogh-mhac Fachtna searc na gcliar 's gach draoí
's na laoch nach lamhadh neach i ngliaidh a bhfíoch
do mhíle beatha, is bhainis fiabhras dínn.


L. 122


A mhianach glan gan sal den Niall-fhuil ríogh
le bhfríth na frasa ó neamh chum ríar gach aoin
is sleachta Ír do fhastachadh cliar na ccríoch
tá an ghaoth a ndeas le teacht do Bhrían don tír.



Dod' ghaol an fear thug Sgáthach níata is Aoif'
ar dhíth a mhac, cidh neartmhar iad a ndís,
do rinne leacht is feart Fhir Dhiadh is Con Rí,
is nár madhmadh aige a haithle i ngliaidh an gníomh.



Dod' ghaol dom mheas an ghasraidh sgíamhach chaoín,
chuir cíos ar fad go hAlp' 's go grían-shruth Níl,
ar chríochaibh Mead is Persia, cia cian an tslighe,
tá th'aois gan teacht, is ní leat gan Día do ghuidhe.



Is trí mic Eachach bhean do Fhiachaigh an ríghe
tre fhíoch a gcath an cnap sna dhiaidh d'fhuil Ír
ó bhraoch na Banna thart go dían-Drobhaois
le sníomhadh sleagh i gcneasaibh niadh is laoch.



Má chír an mac-sa ag teacht ó ghliaidh, a Bhríghid,
ar bhaoth-each bhras, dar leat gur Liath Macha í
is le clí an ghaisgidh seachtar siar an cloidheamh
do bhí ar a sheal ag Hector fíal-mhac Prímh.


L. 123


Is craoísech fhada leathan d'iarann righin
do bhíodh ag leadradh cath ag tríath Ó nUidhir,
is na mílte fear ag teacht na dhiaidh gach taobh,
budh haoibhinn leat bheith aige ríamh mar mhnaoí.



A mhílidh Mhacha, a fhlaith Óirghialla chaoímh
go crích do bheatha madh goirid cian do shaoghal,
ná bíodh gan searc is eagla Dia do shíor
tug dhíbhsi maise phearsa, ciall is gnaoi.



Ná claon do bhreath ná cleacht gan t'fhiacha a dhíol,
ná daor an lag don tsaith a bhíos ar ghaoi,
ná biodh id' chaidreamh an fear d'iarrfadh bríb,
nó an craosach bradach seachain íad a ndias.



Na críocha cearta do aithin Dia dil dhíot,
aoibhne flaithis is teach an diabhail daoir,
gan aon san bhfeart id aice acht piasta is daoil,
is dírghe breath gan fhala ? Tríath na ríogh.


L. 124


Is nach bíonn cead tagra ag neach i ndíaidh a dhlighidh
bíodh id' mheabhair, altuigh Dia gach laoi
ísligh h'aigneadh neartaigh clíara Críost
is budh faoilidh leat na treabha ó líath go naoidhean.





FAOILIDH FIR-MHANACH ANOCHT.



Faoilidh Fir-Mhanach anocht
faoilidh an Éirne éadtrocht
faoilidh an fonn is an fiodh
faoilidh an drong do díbriodh.



Faoilidh a muighe míne
faoilidh cluidh a coigcríche
faoilidh a hinbhir sa hiasg
faoilidh imill na n-árd-riasg.



Faoilidh a sléibhte sealga
faoilidh fós a fianlearga
is saithe saidhbhre na bhfeadh
d'aithle aidhbhle a n-airgneadh.


L. 125


Iomad cnuas ag cromadh craobh
blátha sgoth sgiamhach bhfionnmhaoth
ag tairngire ar dtriath do theacht
ainglidhe a thriall don tuaisceart.



Brian Bóroimhe Fhearmanach
Brian bríoghmhar na nÉireannach
an Brian is triathamhla triall
sgiath is cliath-chabhra Oirghiall.



Mag Uidhir meadhrach ar dtriath
mac Conchonnacht na ngrodghliadh
mhic Aodh' an fial ba bhádhach,
ní baoth Brian ciodh ioldánach.



Solamh i gcríonnacht, i gcéill,
an rí Dábhidh ar dheighmhéin,
Abraham i n-umhla Brian,
tábhacht-chlann ? urghlan Oirghiall.



Foighid Iób do bhí aige
furtacht fair ba dóchaide
le'r chlaoidh an curadh cleasach
do bhaoi na bhrughaidh imreasnach.


L. 126


Aitheach aigbhéil ba géar spraic
do bhí uair isin Afraic
gan mnaoi do mháthair go raibh
laoi gan bhráthair gan athair.



Mac don talamh an t-aitheach
sin-sgéal fíre comhuidheach
Antéon mac Terrae teann
léon ar loinne luaidheam.



Dob ághmhar Afraic le a linn,
thigeadh gach laoch fa a thuairim,
a mbuaidh do bheireadh ar neart,
fa dheireadh go bhfuair feillbheart.



Chuaidh fá chríochaibh na cruinne
nós an niadh sa neartmhaire
's go n-aidhbhleadh go baoth a bhruth
ó thaidhleadh a thaobh talamh.



Afraic ba saidhbhir sona
d'iomarcuidh a iomghona,
ag ciorrbhadh laoch léidmeach lonn -
iongnadh éigneach a chomhlann.


L. 127


San am sin, níor ghó a ghal,
An Gréagach Earcoil uasal,
do thóg a chlú fán chruinne,
a chlódh níor dhú d'aonduine.



Gabhuis a gharmain na ghlaic,
gluaisis annsin don Afraic,
níor chadail i gcéil go cóir
go bhfacaidh féin an fomhóir.



Troidid ar aon réraile
is níor chomhlann ciallaidhe
do chuaidh i ngobhail na ngleann
fuaim is foghair a mbéimeann.



Fortamhlaidhis Earcoil air,
buailis a thaobh fon talmhain;
ba léir ón talamh a threise
go hathlamh d'éis a aindeise.



Snadhmaid na righthe reamhra
thar na formnaibh fearamhla
claonaid a gcneasa araon
traothaid treasa na macaomh.


L. 128


Tógbhuis Earcoil níor gníomh gann
eisiomh os árd a ghualann
níor leig ar lár órdlach dhe
gur chrádh compar a chroidhe.



Crochuis i gcroich i n-áirde
Anteon gan aoncháirde
gan tompa uime chum uilc
mar shompla uile d'Afruic.



Aon mar an aitheach ní bhfuil
ach Coirenél corr Curaidh
gan fios a gheiniolaigh gloin
ach d'fhuil eisiodhain Ádhaimh.



Fuair sé ón talamh táinte
mar an aitheach réamhráidhte
gur chlaoidh Earcoil FhearManach
neartghoil is aoibh Albanach.



Is tú oighre h'athar ann
mhic ConChonnacht na gcomhlann
a aith-Earcoil chláir Chodhail
raithshearcoigh sháimh shíodhamhail.


L. 129


A airdrí Eamhna uaine,
a choiléin Con Craobhruaidhe,
Coraidh idir chnáimh is cois
os comhair cáich do chrochois.



Ní beo neach gan náire ann,
mar tá Coruidh ón chomhlann,
gan braon i gcuislinn 'na chorp
caoch ón chuisrinn a iomlot.



A Earcoil oirghiallach dil,
a cheann caingne shíol Uidhir
chuir an Coimdhe sonus ort
le bhfuil foirne dhá bhfortacht.



Mag Uidhir sa mhac thusa
mar tá mh'aois is mh'eolasa,
ód thoigheacht, a thriath, do dligh
bhur n-oireacht bheith fial, faoilidh.


L. 130


Bean mar Bhrigid ar áille
inghean Éibhir Easpáine
Bera bhláthmhar mhoingfhionn uill
ba máthair d'Oilioll Oluim.



Uaisle Gaedheal Bhanbha Bregh
is fíorfhuil Ghall 'na timcheall
an bhean nach maoidhmheach ar mhaith
mo chean caoimhtheacha comhmaith.



Ón cháil cluinid Fir-Mhanach
ar an óigh nach urbhadhach
mar do-ghní gach ní do dhligh
dá dtí an tír ba faoilidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services