Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filíocht Phádraigín Haicéad

Title
Filíocht Phádraigín Haicéad
Author(s)
Haicéad, Pádraigín,
Compiler/Editor
Ní Cheallacháin, Máire
Composition Date
1622
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar, l962)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TÉACSANNA.




Do mhnaoi uasail nach géabhadh i n-áit Chearbhaill
Uí Dhálaigh, le neach nach déanfadh amhrán go hobann. 1622.




Giodh tláthshop sgaipithe i malairt na sguaibe sinn
i n-áitibh Chearbhaill cheannasaigh uasail fhinn,
id pháirt-se a leabaidh do ghlacadh ba luaithe linn
ná a cháin 's a cheannas dá bhfaghainn-se Cruachain Chuinn.



Dáil dot aire, gidh fada dhó ar cuairt nach till,
ar ngrádh-ne, a charaid, ná creanadh bhur gcruatan linn;
is gnáthach aithrisdear, a ainnir na gcuach dtiogh gcruinn,
gur fearr bheith carrach ná i n-easbaidh na ndual so chinn.



B 1654ob 17L
II



A laoidh, a dhaoine, an síltí go méarainn buan
ón tsíogaidheacht do-ní sí dom bhréagadh uaim,
raoidín na gcaoinchíoch ar néimh an uain,
lér cuibhrigheadh mo chaoilchlí-se i ngéibheann chruaidh?



Do sgaoil sí a buidhedhlaoi go féar anuas,
trí mhíle trí chaogad géag is cuach;
chíomaoid, 's is míghnaoitheach mo ghné-se uaidh,
aoil-lí do chaoirghrís tré néimh 'na gruaidh.



Do síolraigheadh sa tsíthmhnaoi-se, a dhé do bhuaidh,
príomhdhraoidheacht lér chlaoidh sí na céata i n-uaigh,
's ón tsíogaidheacht so ó mbímíd-ne i ngéarbhruid bhuain,
díblidheacht bhocht shíorraidhe is pléid is cluain.


L. 2


A Mhíchíl, a ríoghmhaoir 's a thréinMhic Duach,
dá smaoinighe ar an tsídhmhnaoi ghlic shéaghain tsuairc,
is fíorchlaoite an gníomh dhí mé féin do bhuain
im sblínidhe bhocht mhílítheach tréithlag truagh.



III



Is truagh 's is géar an sgéal so malartaigheadh linn
uaidh ní éisdim réad 's ní aithním poinn
go luaidhfeadh Déirdre an réidhruisg mharbhrighin mhoill
buain fá chéile, i ngléas go sgarfadh sí is sinn.



Do luach an sgéil is baoghal nach mairfead mí acht tinn;
do ghluais mo sgéimh go léir gur athraigh sí sinn;
do nuaill ar n-éighmhe éirghid ealta chríoch Fhloinn,
is luas mo dhéar mar thréanrith ghaise faoi linn.



Monuar, ní béim don déidghil sheada shaoir shing,
suaimhneach shéaghain bhéilghlic bhlasda mhín bhinn,
buain go séimh do réir a carad bhíos grinn,
's a huaim le caomhthach saor ba cneasda dhí i gcuing.



Sduagh na gcraobhfholt bpéarlach gcasdadhlaoitheach gcruinn,
chuanna chéillidhe, an tsaoghlan chailce an taoibh shlim,
smuainim féin, gibé do mheasfadh í is inn,
gur cruaidh an céim, a Dhé, dá ngabhadh sí linn.



Is fuad bocht mé gan réad, gan aithris gníomh ngrinn;
ar thruas mo chléibh go léir go rachainn trí líon;
do chuaidh mo sbréidh, 's ní léigthear flaitheas faoim roinn;
's is uaisle Ó Néill i gcéim - dá mairfeadh Síol gCuinn.


L. 3


DO MHÁIRE TÓIBÍN.



Dála an nóinín - ó' d-chí soilse i ngréin
is gearr go gcomhsgaoil clóilíon trilseach géag,
is tráth um nóin laoi, ar dtós dí i gcoim na néall,
fáisgidh fóichnín pórdhlaoi chruinn a craobh -



Mo dháil le hóigín óirnidhe is milse méin,
Máire Tóibín, lóithnín lingthe laoch,
ghrádhmhar ghlóirfhíor ghnóchaoin ghrinnghlic ghaoth;
tálaim óm chlí sódh sídhe is sinn lairé,



'S mar fhágbhas m'óighbhríd gcóirchíogh gcoimseach mé,
ní fhághaim óm chroidhe comhnaidhe i gcuing go gcéill,
acht trácht, ar nós tsíor-nóinín fhinn na raon,
rem bháthadh i mbrónchaoi ghleódhaoir ghoilseach ghéir.



Má tá nach dóigh shíl tóraidhe i ndruim a dlaodh,
táinig cróch buidhe i gcoróin naoi a cinn gan chré,
fánar cóirigheadh borddhlaoi choinnleach chlaon
do tháin na n-eón bhíos ó shín gheimhridh tréith.



Ní táire fóisgríob chló chaoilphinn go ngléas
ná a dhá córrbhraoi ar shnó an daoil chionnduibh chéir,
ós ardaibh bórrbhlaoisg mhórdhaidhe a lionnruisg léith,
láimh re sómplaíbh róis trí fhionn 'na gné.



Cáidh 's is cóir í a sróinín; slim a taobh;
breághdha a beól caoin; cróichíor chruinn a déad;
álainn óghshnoighe a meóir mhín trilseas gréas,
is sgáil a sgornaighe fó mbíonn sgim ar aol.



Ní sáimhe ceól sídhe i bhfóidtír inse Néill,
's i gcáil ní glóraighe geóin tsaoi sheinnte téad,
ná rádha róchaoin bheóilín bhinn na bé,
sás ler thóg sí an ceó bhí ar m'intinn féin.


L. 4


Cé tharla slóighlíon d'óigshíol Ghoill is Ghaoidheal,
i gcásaibh cróilighe ó a ghrís tinnsheirc tréimhs',
i n-áitibh óglaoich an ngeóbha sí sbreill mar mé?
ní fearr mo bheó, 's ní móide í sinn iar n-éag.



IAR gCLOS BÁIS MHÁIRE.



A shuaircfhir sháimh, ní sámh do reacaireacht sgeóil;
ba thuaidh dá ngráin, ar sgáthcheilt mh'aingil-se dhóibh!
ar tuathal táid; dob fhearr bheith balbh go mór,
ná buain le gáir ón gránna gafann do ghlór.



Beir uaim-se a thásg, ní háil a chlaisdin, ní heól
an t-uamhan gáibhtheach gránna garbh guirt gleó;
i dtuairim cháich má fágbhadh m'ainnir faoi fhód,
níor bhuadhaigh bás ar Mháire im mheabhair-se fós.



Ón sduaim - riocht-tslán do bhá - níor mhalartaigh nós,
an chuanna cháilghlic chráibhtheach charthannach chóir,
suadhach shámhghlan shármhaith shearccluthar shódha,
uasal áilghean álainn aigeantach óg.



Ní duarca rádh ná a rádh gur theasdaigh roimh nóin,
ar dtuar a blátha, dh'áille a hearraigh um thós,
mh'uan beag cáidh gan ghnás gan ghalar gan ghó
gan chluain gan chnáid gan cháith gan chailg gan cheó.



'S gan tuama lán dá lán do mharthain na slógh
'gar luadh gan tábhacht ár a marbh nó a mbeó;
ba chruaidh an cháin gach cáin ná glacfadh acht ór
ón tuaith gur sdán is gnáthsraith airgid dóibh.



Monuar is fábhal, sgáil nó aisling mo dhóigh;
mo thruagh, ní h-aird damh áis, rom mealladh dhom dheóin;
mo chruatan cráite cáis, mo chreachadh, mo chlódh,
ar thuairisg Mháire d'fhágbhas agaibh-se an chóir.


L. 5


Nuaidhneart námhad dá dtig seachnadh n-óil,
uaigneas áitribh, ádhbhar seargtha cló,
ruagadh áinis, áladh airgthe treón,
i bhfuarghort Fáil ba fáth le fearthain go fóil.



Buaidhreadh, báthadh, bearnadh, basgadh is brón,
tug m'fhuath-se ar cheardaibh, dh'ardchuir mh'atuirse ar phóit,
as cnuasaibh cnámh ag tál na rabharta ndeór,
ón suaill nach snámhaid snáithe m'anma i neóll.



Mar luach ba táir i n-áit an cheana do-chóidh,
an uair seo amháin chum báis dá ndeachainn 'na deóidh;
acht fuaras grásda, i lár na lasarghomh leóin,
bheith buan i bpáis go bráth dom mharbhadh beó.



Mar ghluaiseas trá le táin a healtan gach corr,
do luathaigh Máire i ndáil na n-aingeal a seól;
go cuachaibh Parrthais slán lem sheabhac loin eóin;
dá gcuaine atá; ní bás acht beatha don óigh.



B 1628 17T
CHUM CUIDEACHTAN CHAPTAOIN CAIRI Ó LONDAIN
GO CANTERBURY 1628.



M'anam-sa an bhuidhean nár fríoth i gcruatan fann,
i Sagsain na ríogh ná i gcríochaibh fuara Frangc,
i dtreasaibh a mbruighean do-rín, ar luadhail leann,
cladach do chríonbhruisg cíocrach gruama gall.



An ghasradh ghníomhach ghríobhdha is suarca i ngreann,
feardha fíochmhar, fíor-thug fuath don fheall,
'gar dheacair a shuidheamh gur dhíbir Guaire an tsaint
níos fearra ioná níd gach laoi fa a bhfuair an chlann.



'S ó chaithfeam-na choidhche arís bheith uatha i ngeall,
is mairg do bhí 'na slighe 'na bhuanna theann;
carthannacht Chríosd go ndíona an cuaine seang,
is beannacht bheag bhuidheach an dílleachta uaim 'na gceann.


L. 6



B 1630 17T
I LOBHÁN 1630.



Ag ríoghraidh cé bhínn-se, do bharr ar chéad,
fá dhíol ceana i gcríochoirear Tháil is Té,
ní saoiltear sa tír seo acht mar gharlach mé,
gan aoinfhios i gcríonacht tar "as er se".



Ní misde, chífim-ne lá buidhéin;
acht ní cheana mhaoidhim gan sgáth roimh aon:
más saoithe na daoine bheir táir dham féin,
gur daoithe mic Mhíleadh i bhfádaibh Néill.



I LOBHÁN 1630.



A chuaine chaomh-sa i gcéin i bhfódaibh Fáil,
luaidheam léigheann, léigeam brón ar lár,
buaileam fé gach ceird do nósaibh cháich,
is fá thuairim Éireann déanam ólachán.



A aicme ar ar dhoirt mo thoil-se a tionnghrádh dil,
nár aisig dham nod do chomhall cineáltais,
don bhathlach bheag bhocht gan chomhthrom compánaigh,
is mairg do loisg a shop 's a thiompán libh.




DO CHEARBHALL ÓG Ó DÁLAIGH 1630.



Ar Chearbhall éigin fhuair sinn
tásg iongantach i nÉirinn,
i slighthibh saora na suadh,
ar chrithribh caola caomhdhuan.


L. 7


Ar lúdh, ar léim, ar lámhach,
ar bheith soilbhir so-ghrádhach,
ar labhra, ar cheól, ar chleasaibh,
ar eól amhra i n-ilgheasaibh.



An Cearbhall ba clos damhsa
le ríoghnaibh ba ró-annsa;
a shamhail i dTír fá Thuinn
faghaibh ó rígh go rámhainn!



Ní feidhm dáibh a rádha riom
gur Cearbhall fíre fuairseam;
sé sin, gur sia gach adharc
ar bhoin is sia ór síor-radharc.



Nó más fhíor nach é a mhalairt
do chonnarc gan chontabhairt,
níor mhearbhall a rádha ris
"Cearbhall Ó Dála an deighfhis".



FREAGRA CHEARBHAILL.



Ní mise an Cearbhall rod chlos
i dTír fa Thuinn na n-amhas;
ní ccabha cleas mar sin sinn;
is gabhtha a mheas go mairim.



Ní gabha 's ní ceard cóir,
ní húcaire 's ní habhlóir,
ní figheach i seólaibh slinn;
ní heólaidh aoinneach orainn.



Ní fhuilim abhus ná thall,
ná i dTuathaibh dealbhdha Danann;
ní mhairim, ní mhairfinn duid -
sguir dod phratainn, a Phádraig.


L. 8


Más sibh féin bhur gCearbhall cain,
ná cuir orainne a fhachain
gabha an tanso a rádha riom;
cára almsa lem anmainn.



B 1633c 17L
CHUM NA hÉIREANN TAMALL ROIMH THRIALL DÁ hIONNSAIGHE.



Cuirim séad suirghe chum seise;
searc mo chléibh do dháileas dí,
Éire chliathbhras bhocht an bhánfhuinn,
an gort iathghlas - álainn í.



An ghlac rann so romham siarainn,
mo shéad suirghe dá sliocht mhín,
's mo chroidhe ronnta ar na rannaibh,
bronnta ar chlannaibh Toighe-an-Trír.



Fáth mo shuirghe le fód Feidhlim
nach fuair sinn a samhail d'fhód;
an geall rug níor fríoth le fianaibh
ar fud críoch i rianaibh ród.



Ní tharla liom ar fheadh m'eachtra
éin-tír eile mar iath Néill,
an tulaigh ghlan bhrianach bhraonach,
an mhagh ghrianach raonach réidh.



Ag sin uaim i mbeagán briathar
bun mo theasda ar thír an óir,
Éire, sompla soiléir Pharrthais,
barrthais oiléin chorcra chóir.



Mithigh dhamh-sa dul dá féachain;
fada liom mo chor ar cuairt;
aonráith Dhá-Thí, an ráith ríoghach,
is í mo sháith shíodhach shuairc.


L. 9


Ag so thrídsin, a chríoch Chobhthaigh,
chugat siar, a thaoibhgheal tais,
mo ghrádh géar dod ghort dom bhuainse;
do-bhéar ort an uairse ar mh'ais.



Atáim uait i gcríochaibh ciana,
a chláir aosda is óige i gcruith,
mar aon feacht i ngeimhlibh garbha
le seacht ngeimhribh marbha amuich.



Ní bhiad choidhche arís, dá roichead
go ráith n-Ír sul n-imghead d'éag;
uch, ba feadhnach sámh an saoirfhear
i gclár meadhrach Ghaoidheal nGréag.



Maithim d'iathaibh Eórpa acht duitse,
a dhúithche chaomh Chuinn na gcath,
a chinn síodh, a fhóid na féile,
a róid ríogh is réidhe rath.



Tugas grádh dhuit d'fheabhas t'fhoirne,
d'fheabhas t'éigse an tsuaircis tsaoir,
d'fheabhas t'fhéinne, t'fhuinn is t'oinigh,
's do chléire i gcuing ndoiligh ndaoir,



'S tar gach siocair ar son Éamainn,
oighre Fheimhin an fheóir ghloin,
fear laochdha fa liom mar mhuirnín,
fraochdha fionn go gcuirnín cuir.



B 1633c 17L

Ó MHÓRLIOS GO hÉIRINN IAR gCLOS A BRUIDE FA
STRAFFORD 1632.



Mé d'fhanmhain ar eachtra sa taobh-so ós tuinn,
d'éis m'amaraic ar Bhanbha na gcaomhchnoc gcruinn,
's d'éis caidribh na gasra dár chaomhthach sinn,
is daor ceannaighthear an aibidil léighinn linn.


L. 10


Sbréidh ghreadaithe mo theallaigh-se fá chéile Chuinn,
féile acfaingeach a flaitheasfhear nach tréigeann cill,
's a haos seanma, a lucht ealadhan, a laochra gill,
's a tréad barrfhionnbhan gan samhail a séad dá suim.



'S m'aon-chara-sa, mar haithrisdear, i ngéibheann-chuing
go ngléas anbhfann, gan baramhail réitigh poinn;
a Dhé is mairg, dámadh lagsaine dá héigin troim,
gan sdéig agam dá hainneise do réir mo chroinn.



B 1633c 17L

SAN bhFRAINGC, IAR bhFAICSIN AISLINGE.



Isan bhFraingc im dhúsgadh damh,
i nÉirinn Chuinn im chodladh;
beag ar ngrádh uaidh don fhaire;
do thál suan ar síorfhaire.



CHUM MO CHARAD ÓN bhFRAINGC GO hÉIRINN.



Mór mo thnúth-sa lem Thoil féin,
ó thánag tar tuinn n-aigéin;
ise mar a bhfuil a fonn,
is mise fá oil eachtrann.



Ise i n-Éirinn na ríogh,
is mise i bhFraingc na bhfiairbhríogh;
ise i n-iathaibh a síthe,
is mise i gcliathaibh coigcríche.



Ó do fhágbhas Inis Fáil
mo Thoil níor chinn im chomhdháil;
fuair fear oile ar a annsa
gean mo Thoile thoram-sa.


L. 11


Tar m'éis tsiar ó shoin i le
níor sgar leis lá ná oidhche,
ó ghríbh shéaghain na gciabh gcam,
aniar gan fhéaghain oram.



Leis do mealladh mo Thoil te,
triath daoineach Dhúna Búinne,
Éamann an chuirnín chasda,
muirnín gnéadhonn gníomhghasda.



Isin gcuradh 'na gcruth féin
tréithe gach saoi fa shoiléir,
aisde gach céime i gcalmacht,
gaisge, féile is flathamhlacht.



Gníomhaidh greagha, grádhaidh ceól,
díolaidh dán, dia do chineól!
bronnaidh ionar, ór is eadh,
go n-ól ag siobhal síorfhleadh.



Leanaidh connradh, corcraidh lann,
snoighidh céis croidhe a dhearnann;
feadh na raide sonnaidh sleagh,
maide mullaigh na míleadh.



Mo chean do tar gach nduine
d'fhoirnibh oirir Iughaine,
fear súlmhór is sáimhe reacht,
úrlón dáimhe is dílleacht.



Fear cothaighthe clú Bhanbha,
oirdhearcach na hathardha,
seangán seanachadh na bhFionn,
leannán ealathan Éireann.



Cú Chulainn chóige Dáire,
cú bheirtha gach buanbháire,
cú fíochdha feithimh na bhfonn,
beithir líomhtha na lánghlonn.


L. 12


Ón mBriotáin chum an éin fhinn
beannacht uaim-se go hÉirinn;
do ní lingthe an bheannacht bhocht,
beannacht dingthe do dhúthracht.



Ní sámh seasamh ná suidhe
go n-imgheam dá ionnsuidhe;
an laoch d'amharc sonn ba sódh;
m'fhonn dá radharc is ró-mhór.



ÓN bhFRAINGC GO hÉIRINN CHUM COISE AN FHIR
CHÉADNA AN TAN DO BRISEADH Í.



Slán fád chréidhim, a chos deas,
do chréidhim i gcéin fa clos,
trénarbh iomdha ó Éirinn bas
do las tríd chréidhim, a chos.



Gan fuaradh ód chaoi go ciúin,
- ní duadh acht dúthracht leam deóir -
mór an séan nach sireann uainn,
sileann uaim mo dhéar tar dheóin.



Ní bhfuil móradh - maoite fós -
i maoithe ar bith acht id bhás;
faoi, san gconchlann nó i gcruas,
go gcomhthrom nguas níor chinn cás.



Cos Éamainn, le hionnramh n-each,
ba hionnsaightheach éirghe mhoch;
gach mí nár mhalartaigh teach
dí fa seach adhantair "och".



An dlighe i gciúineas do-chóidh;
lughaide a ríghe 's a réim,
mo thriath na trátha nár bhrúidh
ar úir Átha Cliath an céim.


L. 13


Sreatha seilge Mumhan mas
is lughaide i leirg na n-os;
ar na Comraibh ba trom treas,
do thromluigh ceas lonn dá los.



Geallaim dhuit, a Mhumha mhór,
darab rogha meic an mál,
sgís neith nach geabhaidh mo ghlún
go beith dod rún sleamhain slán.




IAR mBRISEADH MO CHOISE FÉIN ISAN bhFRAINGC.



A chos bheag shiubhalach, fuiling i gclúid faoi chléith,
ós cor ag druidim níos goire dom mhuirnín é;
dob olc 'na choimhideacht mise, dá sbiúntaoi mé,
's a chos sin brisde, mun mbrisfinn mo chrúibín féin.




DO EÓGHAN Ó EACHACH D'ÉIS FÁILTE DO SHINNIM
LEIS DO DHUINE ÁIRITHE.



Mo-chean d'Eóghan Ó Eachach
do lean an seóladh sruthach,
do lúth a mheór gcaol gcleathach,
ar cheól tsreathach chaomh chruthach.



Mo-chean dá mhéid is dá mhaise;
mo ghean do ghéig a bhoise,
do gheall a thinn 's a threise
's do dheise a chinn 's a choise.



Mo-chean dá chéile pósda;
fear is séimhe 's is sásda,
bíodh nach é i n-aois is taosga
is é is aosda i ngaois ghrásda.


L. 14


Fraoch ar uain is meanma mhaithmheach
san laoch gcruaidh ndealbhdha ndrithleach;
comhthnúth sluagh nach daor doichleach,
soightheach saor na suadh slightheach.



Tig fá a cheól binn is buaine,
le heón ón linn chum láimhe,
an ghaoth a goimh chum caoine
's daoine i bhfraoch ó ghoin gráine.



Beiridh, a seinm luath láidir -
fuath ar a feidhm ní féidir -
gach barr ó chlár an chóigidh,
ágh mh'óigfhir i n-am n-éigin.



Suirghe gach sáimh le a phortaibh;
báidh gach buidhne le a bheartaibh;
dídin, a Dhé, ar a fholtaibh
's ar olcaibh é, dot fheartaibh.



Cneas nach áille gné ghéise,
nachar chlé i mbáire baoise,
nár chrom fós ar chlaon gcúise,
craobh thúise do nós Naoise.



Sdiúir gach eólaigh ainm Eóghain;
ainm an eólaigh ag cliaraibh;
an t-ainm fuair is ainm eólaigh;
ainm Eóghain uaidh fá fhiadhaibh.



Leómhan saor go gcéim gcalma
m'Eóghan féin nach faon meanma;
i gcomhdháil ndruadh chraoi gcorma
's dual colbha ag saoi na seanma.




Ar chomhrannaibh cóirighthe i n-eagar 's i n-am,
ar eólas, ar cheólchaire, ar chaismirt gan chaill,
lém ló tar arbh eól damh i bhfearann na bhFlann
fógraim ar Eóghan Ó Eachach mo chrann.


L. 15


XVIII
'Airnéis tSagsanach ceangailte i ndísbeagadh
don airdréim chleachtar i gcanamhain Ghaoidhilge,
a sháirthréith seargtha sleaschaithmhe, síorthuirseach
atáim féin sealad, i nglasaibh do dhíograise.



Ón lá d'éis t'fhaicseana, 'aingiolla fhíriodhain -
mo lá léin leadartha, leagtha agus lísgriosda -
ní lán-léir aithnim an marbh a caoi dhuine
- an bás é an galar so 'om basgadh? - nó 'n síobhra me.



I ndáimh Dé Danainn ní mheasaim gur fríoth uile
amháin aon amhas do rachadh im íolchrothaibh;
mo cháil téid cheana tar aithris mhic líomhtha Lir,
gé d'fhág sé ainimh re geasaibh i gCríoch Uisnigh.



Lá fé mhaise go meanmnach míleata
i ngnáithfhéinn Bhanbha im ghaisgeadhach gríobhdha dham,
is dá mbé Gara mac Sdara mo bhiodhbha i ngoil
do bhá sé marbh go hathlamh im smaoineadha.



Lá i raon rabaineach rachmais is ríoghachta,
gan tlás ré damaint, go danardha díomasach,
i n-áit Néill Fhrasaigh i gceannas a dhíghnite,
go sámh saor seasamhach flaitheamhail fíonchuirtheach.



Lá is mé im thaisdealach thana coimhíseal sin
le barr méir baise go dtreasgaraid naímhde me,
's do rádh céad pearsa gur baramhail fhíor dom riocht
fás-éan ealtan nó sreangartach síochaire.



Cás daor m'easgar, 's is cabhair chuim críonnachta
go bráth d'aos aimide is ainibhfis chraoibhe Chuirc;
do dháil mé teagasg chuim cabhartha an líne chirt,
's ar m'fháithchéill cheannaigh is leanta don ríoghra liom.


L. 16


Re clár caor-dhearg do leacan ní sínte d'fhior
do chách réarbh eagal a ngreadadh nó a ngríos-bhruithneadh;
mar sháirghléas airm níor ghabhais dom dhíothadh-sa
acht barr-sgéimh reacas dom amharc na míorbhaile:



Do tháth réidh reamhar is casda 's is cíordhuibhe,
lámh ré a ndearbh nách dathamhail buidhethrileas;
ós clár ladhg-leathan nách samhail do ní ar ghile
a dhá caolmhala gan trasna acht na trí ruibe;



Do dhá phlaosg dhealbhdha ghlasa don fhírchriosdal
i lár lae is deacra ná gramatach draoidheachta;
má tá, a Dhé an bheatha, nách claisdear a gcaoinfhriotal,
is sárchaomh chanaid an teanga do bhí ag Muire;



Do bháindéad eagair 'na chaiseal tiugh cíor-dhruite,
is do bhláithbhéal bhalsamach bhanamhail bhríoghmhiochair,
do bhrághaid chaolfhada fá bhfaicthear a n-íobhann sibh,
's do lámh tséimh leabharchroibh ghreanchuireas síoda ar chuilt;



Do dhá mhaothmhama tug masla do lí an lile,
sás caochda amhairc a ndearcann do shídhe ruisg;
ar ghrádh Dé leathnaigh dá bhfalach an tsípris sin,
nó an lár lae teasbaigh it aice ba hoidhche dhubh.



A pháirtchléibh anma, a chara 's a chroidhe mhilis,
lántraoch feasda nó aisig arís mise;
do sháith d'éacht tamhaisg ní harrachtach mí-ait mion,
is táin laoch calma ar marthain d'fhuil Mhíleadh mhir.



Nó id cháithréim theasdais más measda gur maoite dhuit
an pháis ghéar gharbh so 'om cheapadh-sa choidhche id bhruid,
go lá m'éaga, aibidh do tharang i righneachas,
atáim fét aitheantaibh, abair, is bíodh mar sin.


L. 17


DO THADHG Ó FAOLÁIN.



A mharcaigh shaoir don mhaicne ríogh dar éirigh ágh
fár leathanaigheadh fearann-chríocha Déiseach tráth,
ós leat-sa luighe re Caitilín do réim Ifearnáin,
go mairir í, go leatha bhur síol fá phréimhchonách.



Ar gceangal díbh re gainnichígh na ngéagfholt mbláith,
d'aicme líonmhar sbarainn-díomasach préimhe Táil,
measamaoid nách ainidhlighe do réir an ghnáis,
gur chneasda, díol ár seanachíos dam féin do dháil.



DON TADHG CÉADNA.



Más leigheas ar phéin bheith saor i gcneasdacht an ghráidh,
foidhinne is féile, déirc is deachmadh do dháil,
mo Thadhg-sa féin 's a chaomhthach carthanach Cáit
raghaid araon iar n-éag don ghealabhrugh ard.



An maighre maordha méarlag masgalach mná
do Thadhg is caomhthach cléibh 's is measda dá cháil;
dá bhfaghaim gach lae don daonnacht leanaid mar ghnás
toillfid baochas Dé is mo bheannacht-sa dáibh.



DO ROIBERD ÓG CARRÚN.



Bruthgháir beannacht id bhaitheas anuas do ghnáth,
a chuid ghráidh ghlacas an chrann-chruit chuardach cháidh;
le sruthán seanma snasda go suadhach sámh
an dubhán alla do bhainis a cluasaibh cháich.


L. 18


DO DHEIRBHSHIAIR ROIBIRD.



Oiléan Carrún laglúb líomhtha léir,
foiléim ainiúil teacht dúinn sínte lé;
bruithshéis taidhiúir fhraischiúil chaoin a téad
tug mé ag machtnughadh feadh chúig n-oidhche ndéag.



DO ALLSÚN BAIDHTIÚN.



Do mheall súd - feadhmthrúp treaghbhrúdh - mise, monuar:
caint chiúin, radharc tnúidh, aghadhghnúis iongantach uain,
camchúl cladhdhlúth, cadhblúb cruinnighthe cuach,
ag Allsún Baidhtiún deaghrún, diongantach duan.



XXIV
Is baoth don fhear do sgar re bé bhig óig,
d'éis a glactha feacht mar chéile dhó;
créad nár chaith an tseachtmhain féin 'na cóir,
nó an ré do chleachtadh talamh Éireamhóin?



CHUM DUINE ÁIRITHE AR bPÓSADH
DHO LÁ BEALTAINE.



A chara 's a chnú chroidhe dhlúthaigheas rann cluthar
na haicme dá gcrúmaoid súgh croidhe ar n-annsachta,
mar d'fheartaibh an drúchtín 'shúrthaoi an cranchur sin,
ní haithreach atú tríd shiubhal laoi Bealtaine.


L. 19


DO ÉAMANN ALBANACH.



D'éis an daingin do radas-sa d'Éireannchaibh,
aon dá mairfeadh dá mbainfeadh dom chéile me,
a Éamainn Albanaigh, admhaighim féin gur sibh
ar chéill, ar cneasdacht na seanma, an tréinfhear-sin.



XXVII.



A chara shéimh shéaghain nach ráinig linn
teacht i gcaomh chaomhnach ar gcairdis ghrinn,
gan mh'aiseag d'aon d'Éirinn, madh áil leis sinn,
tabhair mé d'Éamann ó sháil go rinn.




XXVIII.



Cia an ealta ógbhan-so ad-chiam?
dá measdar a nglór 's a ngníomh,
ealta ghríobhdha na nglac bhfuar
dar lat is cuan ríoghna is ríogh.



Foirbhthe i gcéill in gach am iad;
mall a gcéim dá réidhe ród;
céill-chion na mbansoin ní bréag;
mo-chean don tréad arsaidh óg.



Tarla i ngruaidh gach deaghmhná dhíbh -
buan mo mhearghrá dona mnáibh -
deoch fala tré éindigh aoil,
cara shaoir dá dhéinimh dháibh.



Le a dtréithibh gan bhéim ar bioth
ní féidir nach béarthar breath;
ní chuala gáire ioná guth
uadha i gcruth náire do neach.


L. 20


Saor gach rún, glan-chaomh gach géag,
maol gach glún, barrchaol gach bróg,
geal gach taobh, tirmgheal gach déad;
mo-chean don tréad inghean óg.



Clann inghean inghne Í Bhriain
m'intinn-se is inchreidte dhóibh;
sgoth mo thoile, tar thnúdh cháigh,
dáibh a rún mo chroidhe is cóir.




CHUM FIR AN TUAITHLEASA.



A fhir mh'éilighthe i ndéanamh na rann do-ním,
cad é dhuit mo shaothar-sa fann nó fíor,
faonlocht im ghréasa nó faill dá mbí?
an baoghal go mbéarthar do gheall-sa i n-íoc?



Léig thort nó sméid ar gach cam do-chír,
's do-ghéanam-na an céadna red chaill-se arís;
feadh réitigh giodh aobhdha is giodh ceannsa bhím,
níor thaobhtha le faobhar mo mhaint i bhfíoch.



Adéarainn gurbh éad tug dhod chaint-se brígh;
's dob fhéidir, dá séideadh an clampar thríom,
go ngéabhainn duit séisiris seanda 'shníomh
nár ghéire mar Ghaoidheilge "hum-ham" ná í.



Re hÉamann in' aon dámadh greann nó gnaoi
an bhaosradh do léirigh mo pheann-sa síos
do réx oirir Fhéimhin, do rann mo chroidhe,
fir Éireann dá haoradh dar leam níor dhíoth.


L. 21


B 1640 17L
TUIREAMH PHÁDRAIGÍN HACÉID AR BHÁS MHIC PHIARAIS .I.
AR ÉAMAN AN CHUIRNÍN INSA BHLIADHAIN 1640.



Druididh suas, a chuaine an chaointe,
tug bhur dtreas i dteas na díthe;
fágbhaidh feart na flatha fíre
fúm-sa tamall le tagra maoithe.



Damh is dleacht a leacht do líonadh,
damh is córa a sgeól do sgaoileadh,
damh is dual a ruaig do ríomhadh,
ós damh is eólcha a ghlór 's a ghníomhra.



Tré bheith riamh go dian le dícheall
ó aois leinibh don bheithir nár bhiodhbha
go héag, och och, m'och don mhílidh,
ar a bhéasaibh ag féachain go fíorghar.



Ní áirmhim ceangal gach sleachta dár shíol me,
ná dlúitheagar dúthchais mo dhaoine
le cianaibh do liathnuimhir líne
do shinsearaibh thionsgnaimh an taoisigh.



A pháirt damh ní áirmhim ná a aoibhe,
giodh fuair mé 'na mhéin roimh mhíltibh,
a éagmais ghnáth 's a ghrádh 's a dhíograis,
a chion 's a chogar 's a chumann 's a chaoineas.



Is cér liom togha agus rogha ón ríghfhear
dá sdéadaibh, dá shéadaibh, dá mhaoinibh,
's a ghuala nár uaslaigh ar mh'ísle
's nár cheil oiread a chuilte ar mo chlí-se,


L. 22


Má áirmhim an sárfhios tar shaoithibh
bíodh gur léir mar ghréin a ghnaoi-sin
ráinig mise ar an miotal ba dísle,
ar ghrianán mhaordha mhéine an mhíleadh.



I gcáil go measaim gur pheacadh 's gur phríomhlocht
tar chách dhamh féin gan é do chaoineadh,
d'éis mh'iúil ar ghéiriúl na gríbhe
i dtréithibh do dhéarsgnaigh thar dhíormaibh.



A lucht len truagh gach truagh fá dhaoirse,
ag so an truaghán truagh dhá-ríribh,
ag so an gleó 's an brón is baoithe,
ag so an tuirse 's an doilghe is daoire.



Gormfhlaith níor chonchlann i gcaoineadh
ó thuama Néill 's a téacht rem thaoibh-se,
ná Déirdre na ndaor-osna n-íogar
ar uaigneas ag nuallghol um Naoise,



Ná Oisín cruithmhín na gcraoiseach
tar éis Fhinn mhir bhinn Í Bhaoisgne,
ná bean Éactoir fhéilmhic Phríme
ar n-éag fhir théagair na Traoi thoir.



Níorbh iongnadh gur mise do mhaoidhfeadh
an eólchaire ar fhoirnibh gach críche,
's gur liom 'na lár ó ard go híseal
an fáth is mó chum bróin ag buidhnibh,



Fáth is coitchinne i dtolchaibh tíre
Chuirc is Fhloinn is Chuinn is Chríomhthainn,
fáth do chrom gach drong do dhaoinibh
i mbrón go grinneall an imnidh íochtraigh,



Fáth thug linn tar linntibh líonta,
's gach ardreann ba fáilteach go fíochda,
an fhirmeint fa imilsgeing chíordhuibh,
's gach plainéad san aidhéar go híogair,


L. 23


Fáth ón doineann gach soirbheas síne,
do mhúch ré agus réaltanna oidhche,
do mhúch buinne na tuinne is na tíre,
's gan grian ard i lár an laoi ghil,



Tug tormán i nglothargháir ngaoithe,
is soighnéan ar dtoirléimnigh tríthe
mar gheintlidheacht go teintidhe dá thiodhlac,
's an cheathardhúil i ndaingeandlúimh dhíochra.



Teisd na báisdighe air más í an fhíorsdair,
nó an fhéir nó an bhláith nár fhás i bhfiodhbha,
nó an lachta nár tháil acht tál mar dhísge;
do chum sé gach connradh chum caoile.



Ní hí mo thuireamh-sa an tuireamh nach fuíghbhe
cuidiughadh céad do chéadaibh caointe,
's gan pardún ón Nádúir ag ní ar bith
fá cheilt déar um léan mo laoich-se.



Níor fhan maighre ar aibhnibh aoibhne,
ná barr croinn don choill gan críonadh;
na sléibhte fa bhréid-ionar bhraoinfhliuch,
is ceó dubh go mion ar gach maoilinn.



Comhluath a gcomhruathar caointe,
na cliara, na triatha, na taoisigh,
an tréan 's an lag 's an leamh 's an críonna,
an lorán, an donán, an dílleacht.



A n-imneadh ní hiongnadh i n-aoinfheacht
d'éis chomhthruime coitchinne a ndíthe;
do chaill siad codhnach, rogha na Raoileann,
an chliar a n-athair, an ealatha a díoldhach,



Na boicht a mbó, na deóraidh a ndídean,
an bhaintreabhach crann seasaimh síthe,
an bhantracht a n-ansacht's a n-aointsearc,
an dúithche a ngeall, a gceann 's a gclí istigh.


L. 24


An chreach choitcheann so thochlas tríthe
gach méin tsoineannta dhuineata dhíreach,
bás Mhic Phiarais, - dianbhruid díoghla -
Éamainn fhinn nár fhill ó íorghail.



Giodh "barún" do ghaibh súd mar sdíl air,
dob fhearr ná iarla an fialmhac fuighleach,
triath Dhún Búinne, rún na ríoghan,
's an Treana Mheadhóin meadh ós míltibh,



Néamhann na n-Éamann dá fhíonfhuil,
corrmhogal cródha na ríoghra,
liag lóghmhar na leómhan ór líomhadh,
maide muirneach mullaigh na míleadh.



Ba farránta an baránta buidhne é,
nó an ceann feadhna i bhfeadhmaibh bruidhne,
sgoth na bhféinneadh bhfraochda bhfíochmhar,
an coiléan don Bhuiltérfhuil bhríoghmhair,



An t-Aodh Eangach ler fhanadar draoithe,
an t-athGhuaire meardhuaiseach Muimhneach,
an damh ré ba réidhe um mhaoinibh,
seabhac na ruag na suadh na saoithe,



Laoch na sgor nár sgoir chum sgíse,
laoch na sdéad mear ndéanta ndíola,
laoch na gcon na gcrot na gcaoinceadh,
laoch meadhrach gadhrach gníomhach,



Ceann na seilge ar leirgibh líogchnoc
ag cur ealbha a daingeanaibh díthreabh,
ceann na gcuradh i gcumas nár chlaoite,
ceann an mharcshluaigh bhrasluaith bhiodhgtha.



Cá bhfaighead glór go leór ar líomhthacht
le teacht tar an bhflaithfhear bhfíonmhar
is moladh Éamainn éinní 's aírde
ná briathra toghtha na sgoile 's na sgríbheann?


L. 25


Ní dhéan ris acht léimneach tar líne
is bualadh romham ar mholadh mo mhíleadh,
ó nach féidir réad do ríomh air
acht bladh flatha, dá n-aithreasdar fírcheart.



Do bhí isin bhflaith, mar mhaith nár mhaoiteach,
subháilce gan dubháilce gan díomas,
flaitheamhlacht, fearamhlacht, fíriocht,
aobhacht is maordhacht go míorbhail.



Is do bhí im ruire-se mire agus míne,
féile agus réidhe gan righneas,
toirbheart is oirbheart is aoibhe,
uaisle agus guaisbhearta gníomha.



Do bhí calmacht ghaisgeamhail ghríobhdha,
sbairinn láidir, lámhach líge,
lámhach gaethe, léigheamh líneadh,
fulang anró, is greannghlór gaoise.



Do bhí sé tláth le cairdibh caoine;
do bhí sé teann; do theann a bhiodhbha;
do bhí uasal d'uaislibh fíre;
do bhí ré a thaoibh-sin d'íslibh íseal.



Do bhí sé tromdha bronntach buidhneach;
do bhí sé suilbhir suirgheach saoileach;
do bhí sé beódha cródha críonna;
do bhí sé i dteagmhas feargach fíochmhar.



Do bhí sé sgolach sgorach sgeimhleach;
do bhí sé cliarach riarach ríoghrach;
do bhí conachair cothaightheach críochach;
do bhí sé caithmheach sgaiptheach sgaoilteach.



Do bhí sé i bpearsain 'na phreabaire míleadh;
do bhí sé árrachta álainn aoilchnis;
do bhí sé acfaingeach athlamh i n-íorghail;
do bhí sé i n-armaibh nathardha nimhneach.


L. 26


Do bhí sé fáilteach cráibhtheach cuimhneach;
do bhí sé ciallghlan diadha díleas;
do bhí sé foirbhthe i bhfuinneamh na gaoise,
gérbh óg réim a ré agus a aoise.



Do bhí sé suairc i suadhaibh sníomhtha;
do bhí sé i n-inntleacht insgneach líomhtha;
do bhí sé cóisreach ceólchair draoitheach;
do bhí sé múrach túrach tíreach,



Longphortach drongfhoirtill daoineach
cathshlógach fleadhólach fíonmhar
ornáideach mórdhálach maoineach
croidhlíonmhar coigcríochach cíosach.



Uch mo chreach-sa an chreach do chríochnaigh,
creach na gcliar do riar 's na bhfíorbhocht,
creach na dtruagh, na dtuath, na dtaoiseach,
creach na nglámh, na ndámh, na ndraoithe.



Ní bhfuil aon don Éirinn Ír seo
muna bhfuil a intinn cinnte cíordhubh
riamh dár fhéach ar a éadan míonla
nár dhoirt a éagmais ghéar 's a ghnaoi air.



'S ní fheacaidh Éamann caomhthach caoinis,
caidreabhach, eachtranach ná aoidhe,
ós tráth dá fhógra, bhós ná a bhiodhbha,
a ghrádh do nach dáilfeadh 's a dhíograis.



Acht bíodh so gan chosg ar chuimhne:
gér mhion gér mhinic 'na choinne do chínn-se
námhaid tréan' ag déanamh díthe,
gurab é fuair gach buaidh tar biodhbha.



Uch a chuaine chuanna an chaointe,
ná bíodh oraibh in' omhan ná in' íongnadh
créad an oireamhain tsoineanta tsíthe
idir Éamann aobhdha agus buidhnibh.


L. 27


Adeir léireólach léightheóra sgríbheann
nach bhfuil cáil ná dáil ná dícheall
is fearr mar ghléas ná daonnacht díreach,
d'fhagháil cumainn go cluthar ó dhaoinibh.



A n-abair an t-ughdar úd, más fíor dho:
níor tháinig fear ód fearadh dílinn
dár chóra grádh d'fhagháil go díleas
ná m'fhear cumainn-se, an curadh so chaoinim,



Tré bheith socair i gcochall a chlí istigh,
'na n-alt féin, 'na bpréimh, 'na bhfíorsmior,
don daonnacht, don fhéile, don aoibhe,
don oineach fhialghrod dian chum díola.



Ní rug Guaire duasbhog díomrach,
ná an fear úr a shúil do shíneadh,
bonn do bharr ar láimh mo laoich-se -
's féachtar fairsinge is acfaing gach aoinfhir.



Ní raibh sdad ar theacht a thiodhlac
acht náire na dáimhe le a ndaoire,
nó a ndiúide nó a gciúine nó a gclaoine
do bhuain duas is luach gach laoidhe.



Dála a chruibh mar mhuir fá mhaoinibh;
a thabharthas 'na rabharta ríoghdha,
acht a tál gan trághadh gan dísge
san sáile go dtráightear a taoide.



Do bhronnadh sbréidhe agus sdéada díola,
ceann gach seóide is sróll is síoda,
sórt gach airm chum gaisge is chum gníomha,
sgiath is clogad is colg is craoiseach.



An t-ór 's an t-airgead sbealta dá sbíonadh
do bhronn do sgaip fá seach do shaoilfinn,
a mbeith araon gan chlaonadh choidhche
ar uaigneas dá mbualadh 'na bhruighnibh.


L. 28


Lem briathraibh mar fhiadhain dá bhfíoradh,
ní bhfuil cúil don úrghort Ír-se
gan lucht dealbhtha is dearbhtha a ríomhaim,
d'aos iarratais fhialoinigh Raoileann.



A bhrugh lonnrach longphuirt aoibhinn,
Cill Teimhnéin na ndeibhléan ndraoitheach,
brugh na gcliar, na bhfian, na bhfaoileann,
brugh na gclann, na nGall, na nGaoidheal,



Brugh na n-onchon n-osgardha nimhneach,
brugh na muirear, na mbruinneall, na mbrídeach,
brugh na mbantracht mbanda míonla,
brugh na slógh, na ród, na ríoghradh,



Brugh ba lia fá bhiadh 's fá bhuidhnibh,
fá thionálaibh biotáille bhríoghmhair
's fá éagsamhail féasda agus fíona,
go bráth bráth gan sbáráil ar sbíosradh,



'S fá chóirighthibh ceólchaire ar chaoince
re láimhfhreasdal sámhghasda saoitheadh,
i n-aon-ghuth le léirfhriotal laoitheadh
do dheasgánaibh deaghdhána dírigh.



Dá maireadh Jáson ard san aois seo,
a chabhlach go Colchis ní shínfeadh,
d'iarracht, i ndiananach ndaoirse,
ar lomradh óir do-chóidh tar chaoirigh,



Dá bhfaigheadh a fháth gur fhás ar aoinneach
lomradh órtha d'ór dáríribh,
fá mar do fhás go carnach cíortha
thuas ar bhaitheas ghlan mhaiseach mo mhíleadh.



An ghrian ar ndul siarain síos di
i n-aimsir shuilbhir shuirghe síne
samhail dá ghnúis do dhúsgadh díograis,
is fáilte gealgháire ag teacht tríthe.


L. 29


Éadan fairsing ba fearamhail braoithe,
corrmhogaill lóghmhara lídhearc,
béal is gruadh mar ghual 'na ghríosaigh,
is srón thug geanncaighe i ngreannghnaoi choidhche,



Muinéal leabhair is leathanucht líonghlan,
guala lonn is com ba caoimhe,
lámh láidir go slánchrobhaibh sníomhtha,
is asán gaighdeach feadhmach fírdheas.



Cú uasal ba hua do ríoghaibh
an fhuinn ghreadhnaigh mheadhraigh Mhuimhnigh,
an fhuinn Laighnigh aibhnigh aoibhinn
's an fhuinn Olltaigh bhronntaigh bhruighnigh.



A ghallfhuil féin i réim na Raoileann,
síorghabhla fíneamhna fíre,
isí a sgoth ba phosd dá phríomhfhuil;
eisean a mbláth is barr a míre.



Fuil Chárthach is Tálfhuil na dtaoiseach
is Chéin mhic Oilill 'na gheinealach ghríbhfhear,
is Éireamhóin tréinmhic mhóir Mhíleadh,
's fuil tsíl Róigh is órfhuil Íthe.



Fuil Bhúrcach nár bhrúite roimh bhiodhbha,
's fuil na mBarrach rer lasadh a laoidheang,
's fuil Róisdeach na slóghmhuirear sraoineach
'na fhuil súd ag buinniughadh go bríoghmhar.



A uaisle féin 'na haon do shínfeadh,
dá mb'anuaisle deaghchuaine daoineach
a shinsear, i suim tar a ndaoithin
d'uaisle ortha suas gacha síolrach.



Ba mhór géilleadh a léibheann líonmhar,
céile súlghlas Siúire saoire,
céile Feóire móire míne,
leannán Sionna agus Life na líonta.


L. 30


Fear ba dú i mbun-chúil do chríochaibh;
ar sgáth a dhóide i ndóigh a ndíonta,
is cian chítear iarlaí fá íoc dho
's fa fhreagra ar chúis 'na chúirt gan chlaoine.



'S dá sheanasgal cúirte i n-umhlacht ísil
a ghlún go talamh do threasgradh bhícont;
's do bhíodh dom Osgar-sa, i gcomhartha cíosa,
sbor is lann is lannsa líomhtha.



Triatha uaisle dho i mbuannacht do bhíodar,
a chíos láimhe mar ránaig ar ríoghraidh;
's do bhíodh fóir fá a sdíoróip ag sdríocadh,
dob árrachta i ndánacht 's i ndighnit.



Is ní thuigim-se gur curtha go cuimhneach
ridire i suim ná prionnsa príomhfhir
ná mórlucht do threónchuire taoiseach,
ach ceann na sluagh, na dtuath is na dtaoiseach.



'S ní áirmhim mar áireamh ba mhaoite
táin díobh fá 'airdchíos cé bhíodar
a bhreath súd ar bharún ná ar bhícont,
is cheithre iarla fá riaradh don ríghfhear:



Fear Chille Dara ba darach roimh bhiodhbha,
Iarla Urmhumhan i Mumhain na míleadh,
an t-Iarla-san iarthair na Mídhe,
is Iarla Fhine Gall 'na gceann mar chuibhreann.



Ní bhfuair géill acht géill ba dhíol air
dá bhfaghadh go mór níos mó ná 'mhaoidhim,
Manannán na mathmhacámh Muimhneach,
Phénix na bhféinneadh 's a bhfíorsgoth.



Mór uireasba mo dhuine-se ar dhaoinibh;
iomdha bocht is nocht do-ní aniodh;
a shéad samhail ní faghthar is fís as,
ó lucht Éireann d'fhéachain tríthe.


L. 31


Iomdha um Éamann éigean maoithe
i meanmain mhná agus mháil agus bhuidhne,
dearna ar lasadh is leaca dá líomhadh
ré deóraibh fola dá ndortadh 'na ndílinn.



"Uch!" ós ard ar mh'aird-se choidhche,
's biaidh dhom bhithdheóin milleón mílte
do thulchaibh "uch", is "uch" ós íseal
ar mo mhuirnín dlúthchaoin díleas.



Sdríocam dár gceól-uaill; beidh orainn brón suain;
críoch ar ár nglór fuar; turas a fearaibh Fáil;
sgiathbhrat na dúithche fialmhac Dhún Búinne,
an triathfhlaith dob fhiúntach, is d'imthigh chum báis.



D'imthigh mo ré-se, d'imthigh mo réalta,
d'imthigh mo chéadsearc cumainn is grádha;
d'Éamann dob' fhiú trí céad dona diúicí,
Éamonn an Chuirnín chluthair gan cháim.



File na féine, fuinneamh na héigse,
cisde na cléire agus cuisle na lámh,
bó bhleacht na mbochtán, lón gar na lorán,
dóigh maith na ndonán, oide na ndámh.



Tá meirg ar sonn seilg na bhfonn,
is ar dheifir a ghlonn cluintear a thásg.




B 1654ob 17L
MUIRCHEARTACH Ó hIFEARNÁIN AGUS AN CLÓCA
CRÓN, I MODH AGALLMHA.



Muircheartach:
Slán fad lot, a chlóca chróin;
bhur gcréacht is damhna dobróin;
fuar ón sgáth do sgáile de;
ní fáth gáire do ghoinse.


L. 32


Beag nach cuma cuaille fáil
dhod chréachtnughadh-sa, a chompáin,
nó sibh do chrochadh iar gcioth;
is sibh an t-othar ainmheach.



Dá gcuiread tu ar aidhleann fhéin,
madh maol gearr, glacfair oilbhéim;
t'eascaoin is cas, 's do chaoin ní fearr;
ní h-as ón gcraoibh dod chraiceann.



Nochan mian d'airgead ná d'ór
do thug oraibh trí iompódh,
gé soiléir rian ceatha id chorp
ní mian beatha, acht bochtacht.



Liom thú fós, fada an aga
deich leathbhliadhna lánfhada;
ní mó is lionntaoibh do bhruth beacht;
uch, ní hionntaoibh 'na áirseacht.



Cian ó chaillis do mhéithe,
do leaghadh dom lomfhéithe;
tu fa-ríor nocha cuing cinn,
ní díon dom dhruim ón doininn.



Mithigh dhamh-sa dol don dáil
's do chuir ar chraoibh, a chompáin,
ó taoi it othair críon gan chom,
fa-ríor gan fhothain iomam.



An Clóca:
Ní cóir dhuit mo chur ar chraoibh,
's gur tu do chaith mo chéadaoibh;
fearrde thú ar dturas mar sin,
gé tú truagh arsa treithil.



Me th'éadach láimhe is leaptha
san oidhche fhuair fhíorshneachta,
th'iomfhál fad cheann is fad chois,
leannán is fearr dá bhfacais.


L. 33


A Mhuircheartaigh, más é t'fháth -
geal gach nua, searbh gach síorghnáth -
fa theimheal do thocht orainn,
olc deireadh an droch-chumainn.



Cuma d'fhear chailleas a chean
a bheith uasal nó íseal;
mairg do thréig sinne mar so,
ar bhréid ime agus ola.



Muircheartach:
Más uasal tú, is tusa an lom;
monuar bhur gcreat caol éadrom!
mó is táir, an uairse gan iocht,
cnáimh na huaisle gan éifeacht.



An Clóca:
Lucht na mbrat gclúmhach gcluthar!
mise is fhusa d'iomachar;
más fliuch me, giodh aosda sinn,
is me bhus taosga tirim.



Muircheartach:
Is anbhfann liom tu a thruaigh;
críon tu; ní héidir t'athuaim;
ós léir gach snáth in bhur slios,
is céim gan fháth bhur n-ainbhfios.



B 1641 17L
IAR dTIONSGNADH DON CHOGADH SO NA hÉIREANN,
INSA BHLIADHAIN 1641.



Éirghe mo dhúithche le Dia,
a musgladh le Mac Mairia,
seach na ndionn bhus daingean di
aingeal os cionn na críche.


L. 34


Is dóigh gur mhithigh do mhnaoi Airt
biodhgadh chum béas do mhalairt,
ó dhíth an cheatha dá cur
go crích bheatha - dá mbiodhgadh.



Is mó is fada d'fhód Bhanbha
go gcuing nduaibhsigh ndanardha,
atá i mbruinnbhéalaibh bruide
fá thruimnéallaibh treabhlaide;



'S nach raibh táir ná ciorrbhadh crom
ná ainbhreath léir ná leatrom,
's nárbh fhéidir cumhang i gcuing
d'fhulang éigin, nár fhulaing.



Acht an tan nár saoileadh sonn,
ó iomad bhfíoch is bhforlann,
mar gur chalma an modh 'nar mhair
cor ag Banbha ina buaraigh.



Do-fhidir Dia Fonn Fuinidh;
do shill dá shúil trócairigh
ar ghuaisnimh ghoimhigh na gceall
's ar uaislibh oirir Éireann -



Dár congbhadh bhós 'na mbeathaidh
do shíol seilbhe saoirEachaidh,
meic cobhsaidh fhrithre go rinn,
crithre an chosnaimh 's an choigill;



Go bhfíorthar riú do ráith Bhreagh,
d'aithbheódhadh glóire Gaoidheal,
tar seal aindlighe an fhine,
tairngire a bhfear bhfáisdine.



Óir go dtig isteach go grod
d'inis Ghaoidheal ar gheallsod
roighne an chuire chaoin gan choir
a naoimh uile 's a héarlaimh.


L. 35


Fáth ór musgladh marcradh Fáil,
fáth a dtionóil do thógbháil
dár gcléirne fa sgáth an sgor,
fáth na héirghe, ní huabhar,



Acht rochtain do roinn cóibe
go roich uachtar urchóide,
lomlán do ghléinimh ghránna
do dhéinimh a ndíoghbhála.



Gur las fiann Uladh go fian,
maraon re gríobhaibh Gailian,
caor ilreachta chorcra chóir -
sompla is inleanta d'aonfhóir.



Anois, ós éirghe don fhonn,
dlighidh gach neach gan neamhfhonn
ar bhruid fa theann ar an dtréad
a chuid 's a cheann do choimhéad.



Caithfid fir Éireann uile
ó aicme go haonduine,
i dtír mbreic na mbinncheann slim,
gleic 'na timcheall nó tuitim,



Más rochtain arís a-nall
don droing uathbhásaigh eachtrann;
a neart dá ria, i ngléire ghlinn,
ní bhia Éire 'na hÉirinn.



Tríd-sin toirneadh gach nduine
d'fhoirnibh leasa Laoghaire,
gan tslaodán chaile san chill,
laogán a aire for Éirinn.



Ní heagal dóibh námha anos
is cheana féin gur follas
a shamhail d'fhál cia do chuir
a lámh ag Dia san deabhaidh.


L. 36


Do ríoghraidh Éireann uile
tráth nó choidhche a gcosmhaile,
a gcreideamh, a gclú 's a gcáil,
is dú a dteibeadh nó a dtógbháil.



Ó so suas, mun seasamh so,
bíodh go trom d'aithbhir ormsa,
ar bhfáidh dhúinn giodh dóigh do chan,
más dóigh súil lena seasamh.



Dia leó 's a mbiodhbha gan bhrígh,
an chóir aca d'éis imshnímh;
créad acht turas tréan tuile
a séan-fhuras iorghaile?



Absdal Gaoidheal ó do gheall
nách biadh choidhche go coitcheann,
ar fud Máthar Fhloinn is Lir,
báthadh ar chuing an chreidimh,



'S ó do chomhaill dá chloinn féin
feadh a síthe go soiléir,
feadh a gcogaidh bíodh ó bhruid
díon a phobail ar Phádraig.



A dteasdaigh d'inneall ón fhóir
atá i meanmain an mhórshlóigh
do dhíth tacha a ngníomh 's a ngal
's ar fhíor catha na gcuradh.



Síoth re-roile i réiteach uis,
géill d'uachtaránaibh eólais,
sás na bhforlann gcruaidh do chor
go mbuaidh gcomhlann is gcosgar.



Má leantar le fiannaibh Fáil
a smacht, a gceart 's a gcongbháil,
céim doilghe ní dleacht don fhéin
- reacht an Choimdhe fa choimhréir.


L. 37



Éirghe na hÉireann le Dia na ngrás,
's a naomhchroch 'na sgéithbheirt um fhiannaibh Fáil,
tréanaingil Dé i gcathaibh iata, ar sgáth
a léibheann-lucht léidmheach sa ghliaidh do ghnáth.



Faobhar a ngéirreann 's a ndiachair-ghráin,
le baoghal a mbéimeann go ria go cnáimh,
'gan ngléire fá n-éirghid na fialmhacáimh,
dá raobadh, dá léirsgrios, dá sdialladh trá.



B 1654ob 17L

DO MHATHGHAMHAIN Ó hIFEARNÁIN.



Laogh bliadhna is oirdhearc éagmais
i n-áireamh mart mhaighe n-Aodh,
aonrogha bó buaile an prionnsa,
mó ná cuaine liomsa an laogh.




Giodh cuisleannach cuartach cruadhbhog caismirteach caoin
frithirbhriosg fuadrach fuaimcheart frasach glan fíor
iongantach uamach uaigneach aigeantach í,
fa siocair chum suain damh suathadh seanma an laoigh.



DON EASBAG LÁ A CHOISREAGTHA.



A mhacaoimh do ghad gnaoi na gcliar ar uain,
ar ghlandíoghlaim maithghníomh is mian is buadh,
ó rad Críosd an chathaoir dhod thriall ba dual,
go marthaoi bhur mbairrín go bliadhnach buan.


L. 38


B 1703ls 18T
U Anaithnid

AR MBEITH DO FÉIN AGUS DÁ CHAPTAOIN LIFTENONT RISDEARD MAC AN
tSEANNAIGH AR LÁIMH AG GALLAIBH 1646.



B 1646 17L
U Pádraigín Haicéad

An cuaine grinn nár fhill ón ngléire i ngleó,
go luath ó chloinn an Ghoill gan bhéad gan bhrón
mun bhfuasgla an Coimdhe cuing na gcaomhthach gcóir,
is truagh gan sinn ag roinn na ngéibheann leó.



Sluagh gach foinn im thimcheall féin 'na dheóidh,
suadha is insgne is intleacht éigse is ord,
buar gach prionnsa is suim gach gléis don tsódh,
badh uaigneach inn, dar linn, 'na n-éagmais beó.



XXXVI.

Iar bhfoillsiughadh a bhfeill agus a bhfionnghaile i ndéanamh
síothchána le heiricidhibh agus iar dtógbháil a gcinn don droing
ar a dtugthar an Faction .i. lucht leithleachais do dheadhail,
i gceilg agus i mbriseadh mionn, iad féin amach as an gcorp
Catoilice ar a dtugthar an Confederation .i. as an gcomhcheangal
síthe agus cabhra agus comhail do rinneadar Éireannaigh eatarra
féin fa mhóidibh Bíobla Dé um cogadh do dhéanamh ag cosnamh
an chreidimh fhírinnigh i n-Éirinn.




Músgail do mhisneach, a Bhanbha;
breathnaigh feasda forlann t'uilc;
in bhur bhfaill ar feadh an fhillse
ná caill seadh, a linnse Luirc.



Do himreadh ort feall go fiadhnach,
má do fealladh ar fonn fós;
gearradh mín ar mheall do bhrághad
do shín tar fheall námhad nós.



Móide is gránna gráin a ngníomha
Gaoidhil féin ar fearaibh Fáil
d'imirt an fhill ghoimhigh ghránna,
cinn oirir is chána cháigh.


L. 39


An chlann dá dtug tír an Táilghinn
tabhach córa ar chlannaibh gall,
gérbh iad na togha ba truime,
níorbh iad rogha a cloinne an chlann;



Acht clann mhillteach ar a máthair,
mic gan chás i gcríochaibh liag,
cac tacair an tighe othrais,
nathair nimhe an fhochrais iad.



Clann tar iocht do imir meabhail
ar a máthair - misde a gcion -
do dhíol cill is tuath is tearmann,
a bhfuath linn ní mearbhall mion;



Ar sgáth síthe do shir cogadh,
do chuir cúl lé creideamh dil,
tar éis móide do mheasg conradh,
móide is leasg a lonradh libh.



Clann Israel uair san Éigipt
fá anbhruid nirt námhad Dé,
go mbriocht ngléisiomláin ngeas ndorcha,
eisiompláir deas Tholcha Té.



Iar dteacht trí Mhuir Ruadh chum réitigh,
ród nár bhealach roimhe riamh,
sléibhte tonn le taobh a slighe,
raon a mbonn re gile grian.



Ród 'nar báitheadh buidhne borba
do bhí i dtóir go dtreathan ngarbh,
gan lot airm, gan choinghleic gcéimeann,
maidhm oirdhreic na mbéimeann mbalbh.



Gan an Coimdhe do chosg d'fheartaibh
gur fhear firmeint - fearadh fras -
a ndíol do phroinn i bplúr neamhdha,
an roinn úr ba breaghdha blas.


L. 40


Gach blas ba mian leis na macaoimh
ar an manna, dá meas féin;
fuarsad catha na gcean srianach
fleadh na Flatha riarach réidh.



Gan duadh, gan tseisrigh, gan tsaothar,
sásadh pronn ag pobal mór;
ag an lucht i líon an fhásaigh
ní bhíodh tar an lásoin lón.



Gur ghabh déisdin trí dhrúcht nimhe
neóide bochta buidhne Dé,
mar gur domblas an drúcht nuaghar -
tormas far bhrúcht uabhar é.



Uchán gan againn ón Éigipt
oinniúin gharga is gairleóg dhoirbh!
gach meacan gach lus don leathsoin
deacar a-bhus d'easbaidh oirnn!



Rádh na dtruaghán gan taoim céille,
gur chiorrbhaigh Dia an pobal práis
pobal d'fhíorfhuil is cóir Chuige
le díoghail mhóir bhruide is bháis.



Clann Israel isí Éire;
Éigipt eile a géibheann gann;
a Mhuir Ruadh 's a fearta féile
bearta a buadh ar ghléire gall.



A plúr neamhdha anuas ón fhirmeint
Eaglais Dé iona dealradh féin;
lón gan locht gan díosg gan daidhbhreas
i gCorp Chríosd le saidhbhreas séin.



A sódh gan duadh gach dáil chabhra
'na cionn tig ó iocht na bhfeart;
muir agus tír Dia agus duine -
cia díbh nach tuile ag teacht?


L. 41


Lus Éigipte is méithe meacan
modha claona an chreidimh chlé;
is bearta-ghníomha gan ghriangha
díogha a reachta is riaghla a ré.



Fonn Eabhraidheach d'fhiadhail nÉigipt
fonn ar Chomhairle do-chóidh
d'fhiadhail bhréin an chreidimh cholaigh;
teibidh céim ón chonair chóir.



An fonn céadna i measg ar macaomh
mór an baoghal a bheith fós;
eagail, an tan nár thréig Éire,
méid do ghabh na tréidhe ar dtós.



Is mór an náire, i n-ainm fhíréin,
d'aicme dár dhual gliocas grinn,
réasúin sdáit ag sdiúir a n-eathar
i n-áit iúil nach creachfadh cill.



Tug ró a bhfuinn i bhfonn na cille
coinnle báite ar bhuidhnibh trá,
bhias 'ga gcloinn i ngruadhaibh gasda
mar roinn uadhaibh lasda lá.



Mairg dá dtiocfadh táir an domhain
do dhol ar iath Ghaoidhil Ghlais,
's mar ba dú do shíor ar shíolra
do chlú gníomh ón ríoghra fhrais.



Meas éithigh nó eitigh chreidimh
mar chlú, ar ndol na cainte i gcéin,
re tír 'na ghlór ghnáth dá chasadh,
fáth ba lór re lasadh léin.



Tré tháir drúchta nimhe a-nallód
's nuimhir Eabhraidheach iar n-éag,
a dtáir úr do chrádh nár chasmhail,
an lán súl do ghasraidh Ghréag?


L. 42


Tré tháir Chuirp Choisreactha an Choimdhe
ceisd nach fuasglaim foircheann cháigh,
acht más measa fíor ná fíoghar
's neasa díon ná díoghal dáibh.



Caraid Lúiteir locaid Cailbhin;
cóir a locadh, líomhtha a nimh;
uchán, amhairc sonn an sgiamhach!
malairt na ndonn riabhach ribh.



Creideamh Chríosd le creideamh Lúiteir
laoch do bhanna Bhelse-búb
curtha arís ag riaradh reachta,
iadhadh grís i sneachta súd.



Gaois an domhnáin, deise a léaxa,
leimhe d'fhiadhain Íosa a dháil;
gidh bé ris gach aimsir imgheas
'sé do aimsigh imreas áigh.



T'aire riot, a oileáin Éireann;
fhéach a thruaghnait treise ar thuit;
ná léig níos sia a suim i mímheas,
cia dod chloinn bhus díleas duit.



Don chloinn ba chlaon i gcúis chreidimh
's i gcás dísle - dia do sbíd! -
obthar libh go bruinne an bhrátha
gach gin chloinne tlátha, tríd.



Ar son bheith do mhacaibh Míleadh
ná meas ionnraic iad a-mháin;
féach trá an don deirbhfhine is dile
dá cheinnbhile Thighe Táil.



Ar son sgáile do sgáth creidimh
creidthe gníomh roimh chaint is chairt
ón Chomhairle Aird, ar éirim
ro-dhoilghe a mhairg d'Éirinn Airt.


L. 43


Ar son chonailbhe nó chombá
ná ceanglann subháilce sluagh
acht le gaol fola nó feóla,
dona an chaor nach beódha buan.



Ar son chreidimh go dian díreach,
gan dol seacha anonn ná a-nall,
a dteadhma tar tháin do thionnlaic,
dáil na feadhna is ionnraic ann.



Ag so an chlann is clann dá ríribh;
riú-so is sínte súgh do chíogh;
bíodh i gcéim gurbh iad dob ísle,
is iad féin is dísle dhíobh.



Ní hiad iarras áit ná onóir
ná an fear thuas do threasgradh síos;
t'fhonn is cóir chugtha gan oiréad;
dóibh is tugtha i gcoimhéad cíos.



Míle go leith sé is seacht bhfichid
annáil Íosa, iar n-uair gan ghó,
aimsear bhuadha na bhfial bhfeardha;
ní chuala riamh meanma is mó.



B 1648 17L
D'FHEIDHLIME RUADH Ó NÉILL.



Atáid cách arna mheas tar a mhóirfhine,
ar róimhire a chleas san Áth go háiridhe,
Feidhlime Ruadh rogha gach ríghfhine,
gá togha is dírighe do luadh gach láimhfhile?



A cuing chlann Tuathail an tromruire,
foghlaidhe gall do fhuathaigh gach ainbhfine,
Feidhlime Ó Néill dán hobair ár n-ionghaire;
cogail ár n-ionmhaine don fhéinn is airmhighe.


L. 44



Teisd an phobail má gobhthar ar shaoirFhéidhlim,
is leis moltar miorchosnamh ar mhínÉirinn,
a cheis do foilceadh san gcogadh dá shírdhéanamh,
acht breis chomhthrom do a fosgadh 's a síthdhéanamh.



Is leis fromhthar, i bhfocalaibh fíréarlaimh,
bheith 'na phosda re fosgadh na bhfíoraonach,
gan cheisd choigilte ar obair ná ar mhínghréithribh,
is ar chneidh ghoirtighthe a sholaschnis chaoin-ghléigil.



B 1654ob 17L
DO THIOBÓID BUITLÉAR.



Atáim arsaidh 's is fada liom atámaid beó,
im thaisdealach anbhfann ag tál mo dheór,
gan eachra, gan airgead, gan ghrán, gan sdór,
is ní mhairid sin an ghasra ler chás mo ghleó.



Aradfhlaith na hAnamhan fáth mo bhróin;
ní marthain dam san mharthain i dtáim 'na dheóidh;
's mo ghalar nach deachamair i dtráth re a ló,
barabhun Chille Eachra ba grádhmhar geóin.



Do chailleas, is ní fhacfamaid go bráth a shórt,
rabairneach ón gCoill tSalathaigh is fás-tSulchóid,
malartach ba acrach um dháil a sheód
sgaipithe an-acmhainge do dháimh na gcomhad.



Mar mheasamaid ní measa dham ár na dtreón
ná a gcaraid-sin tar fairrge do charnadh beó;
is dá gcasaid ón eachtra, ní gearr an treóir,
ní anfad-sa re a bhfaicsin, 's ní fearrde ár sgeól.



Ní ar mhaithe liom do tharraing tar sáile as eól
mo charthannach ceannasach, mo shámhThiobóid,
faraire ba beatha dham, 's níor ghránna an lón,
's ba taca maith rem anacal a lámh 's a ghlór.


L. 45


Leadarthach na ladrann gan tlás re tóir,
cabharthach na n-anbhfann is ár lánbhocht leóin,
do sgaras rem anmain ar dtrácht Tiobóid,
's is fada liom-sa seachtmhain nó lá 'na dheóidh,



Mo mhairg, 's nárab mairg dam grádh a nós,
nár aisdrigh mé im thaisdealach chnámhach chorr,
gibé flaitheas nó talamh nó tráigh 'na ngeóbhadh,
go rabhainn-se ag reacaireacht mo ráite dhó.



XXXIX
Mo lá léin-se, "Éire na n-ardchnoc sean,
an chréidhm-se is déidheanach do tharla leat;
is créachtach do chaomhchneas ón dtáin tar lear
dod raobadh idir fhéith agus chnámh is alt.



d'fhraochghoimh na néall dubh tig ár ar gcreach,
's ní féidir linn éisdeacht re gráin na gceath;
aodhaireacht éasgaidh ní tharla id neart,
acht faolchoin is méirligh ag snámh red chneas.



Éigean dá dhéanamh is pláigh ag teacht
do thraochadar t'fhéine, do chrádh bhur mban;
do raobadh i n-éinfheacht do ghrán, do lacht,
is ní léimid na héisg le hardaibh eas.



Do séanadh an gaol is an grádh ar fad;
do tréigeadh an fhéile tar ghnás na sean;
cléirigh an léighinn atáid go tearc;
is a dhéirc do dhéanamh ní háil le neach.



A shaorghuirt Fhéidhlim na n-áras nglan,
daorbhruid bhur n-éigin is cásmhar dam;
is an tréad gan éalang, len crádh do chnead,
do rug an t-éag fán gcré iad, níl fagháil a dteacht.


L. 46


Éamann Chill Aonaigh, mo ghrádh an fhlaith,
céile na héigse fár dháil a ghlac,
is gríobh chéille dob éasga i ndáil na gcath,
ag réiteach th'éigin i gclár na leacht.



Síol Éibhir éachtaigh, an Chárthfhuil cheart,
Síol céimeannach Chéin 's an Tálfhuil Chais,
laochmhaicne ghéarlannach ághmhar Airt,
do léigsead dod chaomhnadh, cé nár an cleas.



Síol saoghalach laomChonaill Chearna' is tais,
is fraochmhaicne mhaothaisgeach Mheáibhe ar meath,
ar phréamhaigh ó éachtBhreasal láidir bhreac,
is gléire na gcéad ngall do thráigh a seal.



An mhéad dárab céard a lámh red leas,
níl taobh don tsaoghal nach gránna a mheas
fár léigsead a bhfaobhar ar lár gan treas,
dár shléachtsad do bhréanbhrusgar námhad Sax.



Do aomhsad a léirsgrios tar sáile amach,
's ní léir dam má théid don Sbáinn a leath;
mo léirchreach! ní fhéadaim a rádh go ceart
rem rae-se go dtéarnfaid 'nar ndáil tar ais.



A Éire ghlas ghéagach, dob áille dath,
do saobhadh thu iar séideadh gach smáil id mheasg;
aonluibh bhur bhfaothaimh níos fhás id ghar;
acht traochadh dod fhraochurradhaibh, ceard nár lag.



Is baoghal ár dtréigean tré ghnás ár gcean;
a Naomh-Mhuire ghaolmhar, a mháthair mhaith,
fagh mar dhéirc ón Té ar ar thálais lacht
ár saoradh ó dhaorbhruid, ó támaid lag.


L. 47


XL.



Mo náire ghéar, mo léan, mo ghuais, mo chnead,
an smáilc so ar n-éirghe ar Éirinn fhuairghil Airt;
táinte tréana ár laochra luaimneach mear
go táchlag tréith dá léirsgrios uainn tar lear.



A lán do bhréantas bhaothruisg chuaine Sag
'na n-áit iar dtéacht i réim, i n-uaill 's i neart;
mo dháil i mbaoghal aonair uaigneach dam,
mo dhán gan sbéis ag aon, gan duais im ghlaic.



XLI.



Fáth m'atuirse, m'ainneise is mo dhiachair cáis
an t-anachruth 'na bhfaicim-se fianna Fáil,
eachtrannaigh eatartha re sdiallchuir áir,
acras dá marbhadh agus fiabhras plágha.



Tug achrann a bpeaca-sin ar Dhia do ghráin
gur chailleadar a ngaisge arna ngiall do thlás;
do ceapadh na fearachoin-se i n-iarthar cláir,
Sasanaigh fá mhacanais iar dtiacht 'na n-áit.



An aigne do ghlacadar is cian is nár,
fár leagadar a n-airm gan ghliaidh gan sbáirn,
ó chaitheadar tar fairrge go cian an táin,
is ní fheadraid an ndeachaidh a dtrian don Sbáinn.



A maireann inár dtalamh-ne dá n-iarmhar áir
ag seachnadh gach maitheasa is miangas dáibh,
ag feannadh na n-anbhfann mar fhiadhach do ghnáth,
's i ndeasgaibh a n-easgaine ní iarraid grás.



Is anabhfann 's is arsaidh me fá chiach 'na ndeáidh,
in easbaidh na gasra ler mhian mo dhán;
dá gcasaid-sin - is eachtra dhian a dtrácht -
ní anfad-sa re a bhfaicsin gan giall don bhás.


L. 48


Gach gangaid is gach meabhail dár thriáil a lán
ar phearsanaibh eagailse 's ar thriathaibh táisg,
ag treasgairt ár bhfearachon i rianaibh áigh,
ní fheadar-sa cé aca-san a mbiaidh a bharr.



AR LEAGADH A N-ARM DO GHAOIDHEALAIBH.



A Chríosd, is buan 's is truagh mo ghéirghearán
ag caoineadh cuaine fhuarghuirt Éireamháin;
faoidh mo nuall do chuala céad san Sbáinn;
sgíth ní dual ar ghuais mo phéine tráth.



Im Shuibhne luath ar buaireamh céille atáim,
mar Chaoilte ós uaigh uaisle Féinne Fáil;
ós críon mo shnuadh, do chuaidh ár n-aos tar ghnás,
mo chlí 'na chuailbhruisg shuaite chréachtaigh chneadhach.



Mo bhaois mar buaidhreadh suaimhneas Dheirdre lá,
Naoise i n-uaigh ó chuala an mhéirgheal bhláith;
mo chaoi do chuaidh i gcuasaibh sléibhte is ard,
títhe im ghruadh ag luas mo dhéar ag snámh.



I n-aois bheith suas i n-uachtar céime ar mbláith,
ba bhinn ár nduais ar ghualainn Éamainn aird,
laoithe fuara suadh dhá séisghabháil,
ar bhfíghe mo dhuan, is luach mo ghréas im láimh.



Ríoghra Luachmadh ó bhfuaras caoimhchineál,
síordhacht Ghuaire ar mbuanas ré na dheáidh;
díorma suaithnidh, buaidhshliocht Shéarlais tsáimh;
righneas cuarda ón sluagh níor bhéas don dáimh.



Saoithe suairce Chluana an Éisg do ghnáth
daoine ó bhfuaras uaill is aobhanáir -
fríoth ár n-uain 's is cruaidh ár n-éigeandáil -
mo chroidhe fá ualach uamhain d'éis a mbáis.


L. 49


Do-chím, monuar ní huaim is léir an cás,
díoth ár ndruadh is ruag ár dtréan re fán;
d'fhíoch is d'fhuath an chuaine ghéir tar sáil
fioghair is fuagra guaise ar chléir na ngrádh.



Do díbreadh uainn, tré ghruaim na dtréadbhrusgán,
taoisigh shluagh ár dtuath 's ár dtéagar fáil;
bíd ba thuaidh ar luas i gcéin ag trácht
i ngaoith 's i bhfuacht, le fuaim na néall i sbáirnn.



Ar cíchshlios cuain do chuadhas im aonarán
do chaoi go cruaidh fán nguais seo ar Éirinn d'fhás:
ár mbiodhbha ag bualadh ár gcruach 's ár sbré 'na láimh,
dár ndíol mar sguaintibh uan, cé baoghal cás.



An líon do chuaidh tar cuan ó chaomhnadh an chláir,
is gníomh nár dhual an buaidhreadh d'éirigh dáibh;
a mbruidhne cuanna is uaim a n-aoltor mbláth
do sgaoileadh suas fán gcuan so iar léim go hard.



A Bhanaltra charthannach an chomhachtaigh aírd,
tagraidh go ceannasach ar t'fheólfhuil naoidhean
athchuinghe ód leanbh, iar ndeól do chíoch,
ainbhearta eachtrann do thoirneamh síos.



B 1703ls 18T
U Anaithnid

SDRIONGCÁN CUMHADH AGUS TUIREAMH LEIFTENAINT-GHENERAL NA MUMHAN
.i. RISDEARD BUITLER MHIC BHISCOUNT UÍ CHUIRÍN.



AIG SEO AN SDRIONGCÁN.



B 1649 17L
U Pádraigín Haicéad

Och an féidir? Och ní féidir!
och más féidir maitheamh dom dhóigh!
Risdeard mo rún d'imtheacht i n-úir,
is mise mar thrú im bheatha 'na dheóidh.


L. 50


Fear do saoileadh mar athMhaoise
feacht, do sgaoileadh Bhanbha as brón,
fear dárbh fhuadar tabhairt fuarthain
dan-uilc buan na heagailse ón Róimh.



Ba hé go fiadhnach saormhac Phiarais,
Phénix fiann, is measdar gach nós,
gan macasamhla i dtreas ná i dteannta,
i ngean ná i ngreann ná i n-eagnamh dó.



An seang óg athlamh, ceann cóir catha,
crann seóil seasmhach sbreagtha na slógh,
gan míréir do neach d'aoinchéim ba mhaith,
fíoraon is flaith mheanmnach mhór.



AN TUIREAMH DON FHEAR CÉADNA.



A Risdeird mhic Phiarais, a iarsma ar ndála,
a phudhair ar dtinnis, a ghrinnill ar ngráidh-ne,
ó chuaidh tú d'éag ní héag dár gcás-ne,
acht barr ar ghuais do ghluais ód bhás-sa.



An feadh ba bheó thú, a leómhain láidir,
do bhí ag Fódla dóchas dána
teacht tar a hais ó neart a námhad,
is ag an Eaglais casadh dá cánaibh.



A ndóchas uile do cuireadh ar cairde
ót éag-sa anuas, a fhir uasail álainn;
go sanntaighe an Flaitheas, le fearthain a ghrásda,
féachain ar Éirinn bhig bháite.



Logh damh féin an tréimhse nár thráchtas
ar do thuireamh, a churaidh do chráidh me;
ar lic do thuama an uain so d'fhágbhas
ag céad míle 'ot éagcaoine im áit-se.


L. 51


Níor luigh fá shocht mo rosg le ráithe,
acht dílinn deór dá deól le fánaidh;
's níor léig osnadhach goirrgeach gáibhtheach
cumas a gcumtha riom ar ráitibh.



Gér mhór léd phórfhuil mo pháirt-se,
's do pháirt féin damh gé gurbh ádhbhal,
luighim lé deithbhir go deimhin ós ardaibh
fán mbíobla, nach tríotha-so atáim dhuit.



Acht nach eól damh óg ná ársa,
's a mheas go feasach, fear is fearr ann,
ná comórtas cusbóra láimh riot,
is tréithe maithe ar mhaitheas dá n-áireamh.



Fá charaid fa bhiodhbhaidh bíodh mo shlán-sa
th'aos-sa bliadhan riamh go ráinig
an déarsgnaightheacht tréithe 'na dtángais,
ná i n-inntleacht iomdha do cháilibh.



A fhiora Éireann tréigthe tráighte,
nó a mhná Fódla fós, an áil libh
mír do sgéalaibh saora sámha
an ghaisgidhigh ghríobhdha ghníomhaigh ghrádhmhair?



Bhias go deóidh 'na dheóidh le a bhfághail
i n-ilbhéarlaibh uirsgéala ag dámhsgoil,
don ógbhaidh mar shómpla dá sásadh,
is - trí sheachrán - mar achmhasán d'arsaibh.



Gach uaisle fola san bhfothanghort bhFáilse
doirtithe anuas 'na bhuaic cé bhádar,
an léigheann go léircheart do charnaigh,
dá mhacasamhla greann nár ghnáthach.



Gan acht tríocha is ní beag do bharr air
i mbliadhnaibh a aoise i n-oidhche a bháis-sin;
tar gach ealadhain abaidh dár thárrthaigh
seacht dteangtha do labhradh go lánmhaith.


L. 52


Gérbh óg mar leanbh, is feardha fánach
tug cuaird nár shuarach tar sáile,
d'fhoghlaim gaoise i dtíorthaibh tairdeal,
d'iarraidh gaisge 's dá glacadh 'na grádhaibh.



Ní bhfuil ionad, ón ionad is táire
gus an ursain 'gan ionad is áirde,
insa chogadh nár chothaigh le háitheas,
gan fios time ná tinnis ná tláis air.



Ní bhfuil dlighe ná gaois ná garda
ná ponngc gliocais ná siolla do shásaibh
i ngliaidh na ruag, ná uain ná árach,
nachar theasdaigh, nár bhailigh 's nár thárthaigh.



Ó choigcríochaibh dochtdaoirse dála
tug sé ionmhas iosda is aird leis,
onóir gharma is anma is áirimh,
lé clú do thuilleamh dá chine 's dá chairdibh.



Tug mar theasdas - cá teasdas ba breátha -
chum rí neartmhair na Sagsanach sásda
ó ríogh comhachtach Pholand an phláta,
suidhighthe fá sgríbhinn a láimhe:



Gurbh fhiadhain súl ar shiubhal an airdfhir
é féin dá fhéachain do láthair
ag Smoilionnsco i bhfionnRuis fhásaigh,
mar thréanlaoch ag léidéireacht lá teith,



Lá inar briseadh, inar milleadh, inar bearnadh
le Risdeard na mbuadh, fá ruathar rábach,
don tsluagh Bhiorrbach iongantach ádhbhal
ón Mosco mór, ón treón-Tartáire,



Sluagh iona rabhadar, dearbhtha i ndásacht,
a bhfir aosda 'na n-éagmais 's a ngarlaigh
le a ríomhadh go líonmhar do lámhaibh,
trí fichid míle mac máthar.


L. 53


I gcomhrac singil 'gá siobhal gér ghnáthach,
gan cúrsa coinne chum cuinneal do bháthadh,
barr óm dhuine-se ag duine ní tharlaigh
abhus ná thall ná i mball ná i mbearnain.



I gcomhairle chogaidh níor chonchlann cách dho;
is cosmhail a ghníomh le gaoith an Mhárta;
gach focal ón laoch gan baoghal barrtha,
is teannta ughdar i bhfughnachta a ráiteadh.



Ar dteacht go hÉirinn d'éis a thairdeal
tug mná cneasda i bhfeis leabtha agus láimhe,
ríoghna cumainn ba chubhaidh dá cháilibh,
ó bhfuair clann ba hamhra ar áille.



Tug sé sealad i seasgaireacht árais
le tigheas flaitheamhail acfaingeach áirmheach;
fán bhFódla do tógbhadh go tásgach
lé déine na daonnachta ór dháileadh,



Gan dúnadh dorais, gan doicheall, gan dairdeal,
do glacthaoi ina theach naoi na táinte,
's do riarthaoi go fial fíor le fáilte
gach aoidhe idir íslibh is ardaibh.



Ar dtionsgnadh cogaidh don phobal so Phádraig,
ar son creidimh gan cheilg fán dtráth sin,
d'éirigh Risdeard mar ridire an Phápa,
i dtosach na léibheann léidmheach láidir,



Dá sbreagadh, dá dteagasc 's dá sáthadh,
dá múnadh, dá ndúsgadh is dá ndásacht,
chum comhraic dá seóladh 's dá dtáthadh,
mar aon-oide laochrais na lánsgor.



'S bíodh go gcailleadh an leadarthach láithe
tre dhíth i n-arm nó i n-eachaibh nó i sásaibh,
ní lughaide a níodh an ghríobh nár ghránna
a chuid féin don laochras gach lá aca.


L. 54


I n-ucht an gheata sin Mhalla dom mhál-sa,
a chroiceann gér loiteadh ón lámhach,
ceithre puill déag ina éadach d'áireamh
ó ubhlaibh luatha luaidhe ráinig.



I sruth Bhaile an Aird gan aird ádhbhair
do fhan go sotail ar bholg na bearnan,
mar ursain chirt roimh nimh na námhad,
le fíorbheagán buidhne dá lámhach,



I bhfad tar éis gur éalaigh a lánchorp;
an bhatáille bhramánta láidir
do leith a chúil, 's a chúl gan gábhadh,
gur thriallsad chum Riasgaigh go rábach.



A mhuinntear féin tug sé go slán leis
ina chéile i ngléasaibh garda,
is d'fhan sé seachtmhain roimh an námhaid,
d'éis a sgaipthe sul do chasadar cách air.



I Lios Cearbhaill níor cheangailte ar láimh air
dá mb'eól do teitheadh go deireadh na dála,
nó cosg dá ghreis go breith an bháire,
nó bheith meata mar mharcraidh tháinig.



Ar an gCoill gCruaidh i gcruas an ghábhaidh,
's le tionsgnadh Risdird do lingeadh an láthair
ar chlanna gall ba sanntach sáite,
gur ghéillsead do laochras a láimhe.



Ar dteacht loingse an ghoill nár ghrádhmhar,
go Ros mhic Thriúin dá bhrúdh 'na bhádaibh,
do bhí Risdeard dá mbriseadh 's dá mbáthadh,
an loingeas san chuan mar chnuas gur fhágaibh.



Ag Cloich Léith na laoch do lánmheas,
ar ndul fá ghallaibh ba shamhail don tsáirfhear
fraochghal na faolchon fa tháintibh,
nó sidhe seabhaic fá ealtain ar fhásach.


L. 55


Ag Eóchaill ar bhfógra an aláraim,
gan dáil furtachta i bhfogas ó chairdibh,
le beagán buidhne a bhiodhbha láidir
i ndubh oidhche do dhíbir go dána.



Ó thug Risdeard, do fhriotal nár gháibhtheach,
na móide tug Fódla go fáthach,
gan chosg don chogadh go cosnamh a gcána
's a gcreideamh go réidh don chléir chráibhthigh,



Ar dtionsgnamh imeartha a leithimill láimhe
don Chomhairle aird ag treabhadh go tarrsna,
's an chliar go cleasach le cealgaibh bláithe
aca dá gcaochadh ina gcaoch láibe,



Níor dhóigh don olc úd onchú an áithis;
do dhiúltaigh gan diúideacht, do láthair,
ridireacht do bhí soinighthe ón Sdát air,
's ar gealladh d'oifig is d'fhortacht is d'áit do.



Dá chéadmhionnaibh éirghe níorbh áil leis,
ná claonadh le saobhdhol an Sdáta;
ní thug éitheach, níorbh é a dhála;
níor thaobhaigh le gaol ná le grádh gar,



Acht gluaiseacht ba thuaidh gacha tairdeal
go hOlltaibh ó fhonntulaigh Chláire,
's tré Urmhumhain d'fhior ionaidh an Phápa;
's d'fhulaing gacha hiomarca ón námhaid.



Do loisgeadar a fhoirgneamh is a áras,
a chaisleán daingean ba ghairbhe gráta;
tugadar sonn ar lom a láithreach,
fa shéadaibh, fa thréadaibh is fa tháintibh.



Tugadar preab turcachais an tráth sin;
a oidhre fá gheimhlibh 'na gharlach,
a bhean 's a chlann go fannlag fánach
's a dhaoine go díbeartha d'fhágsad.


L. 56


'S nach rugadh breatha na mbeart náireach
acht le clannaibh na Banbha báine:
Murchadh 's an Chomhairle nár chátach,
isan bhfeill-sin chum caillte ar a mháthair.



Ar bhfaicsin na heachtra gráinne,
d'altaigh go dian le Dia 'na ghrásaibh
mar d'fhulaing an oiread roimh bás do,
ar son Íosa, i n-íoc a pháise.



Níor chosmhail le cloinn na coinnle báite,
curaidh chaithise is ceannais gan tábhacht,
do thuill go maslaightheach mallacht an Phápa,
ar an gcreideamh do chaill le clampar dála.



Do bhí do mhaith ar mhac na n-ardfhlaith
nár dhleacht do áit acht áit mar Parrthas,
nó do locht ar phobal Phádraig
nárbh fhiú a gcuideachta a chuideachta d'fhághail.



Creach na hÉireann é 's na hÁrann,
creach na míleadh is díth na dáimhe,
creach anacrach na n-anbhfann bhfágtha,
aoinchreach mharthanach mhanach is bhráthar.



Fear déarca do dhéanamh ar shárbhocht,
dom fhiadhain mhinic-se, i bhfrithing nó i bhfásach,
i gcáil iongantaigh fhoilchis crábhaidh,
nárbh fheas don bhocht cia an bhos ó dtáinig.



Fíréan almsach carthanach cráibhtheach,
nach dearna acht ceart idir lag is láidir;
níor sháraigh caraid mo chara-sa i gcairdeas,
ná i ndíbheirg nimhneachais námha.



Laoch mar ursain ba bhorb ar bearnain,
mar Fhionn ar ghliocas, mar Osgar ar áitheas,
mar Gholl gníomhach gríobhdha ar dhásacht,
mar Choin churata gCulainn i gceardaibh.


L. 57


I gcleas tnútha, i lúth nó i lámhach,
i ngoil na gcuradh, i gcumas na sbáirne,
i rith tar leirg, i seilg na sás nglic,
nó i ndul go hathlamh ar eachaibh anairde,



Nó i n-ionramh gléasda na sdéad sdátmhar,
nó i ndol do léim i bhféith nach fánaidh,
nó i gcaitheamh gasda an gha 's an gháinne,
a chonchlann chubhaidh níorbh fhuras a fhághail.



An bheithir onchon osgardha i ngábhadh,
an t-ógánach ornáideach ághmhar,
an damh ré dearbhtha, tarbh na tána,
Phénix fiann an fhialghuirt Fháil-so.



Dob é an cleasaighe, gadaighe an gháire,
chum leanna duibh do chur ar cairde,
do dhíbreadh brón ó chóisir chráite,
le héigean aitis i n-aisde 's i n-ábhacht.



Gach banchaire bantrachta a ndála,
dá suarca dá n-uaisle dá n-áille,
a n-áilleán ag fágbháil a náire
chum Risdeird na rún, tré rún páirte.



Biaidh Bealach na gCloch gan chosg go bráth air
ag maoidheamh páirte 'mhál dom mhál-sa,
's a champa feadh aimsire i ngardaibh
roimh an bhfear ag fearadh fáilte.



Och, ba bhinn ós binnse a ghártha;
ar chruit chaoin i mbruidhnibh bána
do chuirfeadh corra chum codalta i sáimhe,
's na fir ghonta 'na ngonaibh gan tábhacht.



Ní raibh Aonghas ná Daolghas ná Dáire
ná Manannán tar searbhchlár sáile,
ná Maoise, ná Midhir mac an Dághdha,
ná síogaidhe nach saoilfidhe gur sháraigh.


L. 58


Feabhas a cheóil do chóidh tar áireamh,
acht dá aithris gur dearbh ag dámhaibh
ina dhiaidh gomadh cian sa chlár so
gurab aimrid anbhfann an chláirseach.



Ó bhí go hóg chomh cóir seo i gcáilibh,
cionnas do bhiadh dá mbiadh go harsaidh?
a Risdird mhic Phiarais, phianais Pádraig,
Liftenont General Oirearchlár Áine.



B 1654ob 17L
XLIV.
Dom shíor-rún réidh Réamand na rann ngasda
's dá bhuidhin bhúidh saor-gcaomhthach nach gann, tabhair
cuimhniughadh géar éagmaise is annsachta,
i bpríosún daor caolbhord na Maldaine.



XLV.
An crann rer tógbhadh an t-óigfhear suairc chum siubhail,
i dteannta póite ag ól na gcuach go húr,
don ghall tug Seón mar chóir a mhuarchuid chlú?,
's is geall dar ndóigh do nósaibh Tuadhmhan súd.




D'EASBAG LÉITHGHLINNE.



Do fhágbhas aon léar dhoilghe dealoghadh;
a Choimdhe, is mearoghadh daor rem dhonoghadh;
mé lé a thaoibh ba cor rem chionoghadh,
's maoin iar mionoghadh 'ga chrobh fa chomhfhoghal.



Do fhágbhas féin Éamann dom Éamannaibh;
néamhann ós néamhannaibh a réim ós Raoileannaibh;
is ró-bheag guais an óig Éireannaigh,
i gcéimeannaibh cruais gach fhóid fhaoileannaigh.


L. 59


An fhailmghéag úr, Éamann Ó Díomasa',
an séaghann is síorfhusa, an rún is róineasa,
an ceann urraidh fhuair, mar do shaoileas-sa,
gnaoigheasa buaidh i mullaigh gach móirfheasa;



Leannán suadh do mhacaibh mhórChathaoir
ní dual pórthathaoir dona slataibh saoirchiotháin
i gcairt a gcuilg ráinig an ríoghchathaoir
nach táinig don ghríobhchathaoir bhuirb chum baoithchriotháin.



Biodhbha na sainte an dealbhdha daonachtach;
saoruchtach gcainte an feardha nach ábhachtach;
bláthsgoth na bhfréamh an fionn fíriochtach;
dar liom ní míriochtach an tréan tábhachtach.



DO CHOMPÁNACH AN EASBAIG.



Doiminic Ó Fearghail, adhnadh fhíorthoile,
marbhadh a bhfíochghoimhe dealbhaidh don dámhchuire,
le seinm chrithrigh churtha na laochraidhe
tar urchra maothchroidhe, ar shlighthibh mar shámhthuile.



B 1653 17L

GO hÉIRINN, 1653.



Tiodhlaic mo chroidhe-se do Shéamas Ruadh
's do dhíoghlaim mo dhíograise, a chéile suairc;
cuimhnigh mo dhísle dom ghaoltaibh thuaidh,
is choidhche do dhíormaibh mo chaomhthach mbuan.



Síorchuir ós íseal i gcéill don tsluagh
nach díobaithe righne go réiteach uainn,
's tar críne mo chlí-se don daonnacht thuas
go saoilim go sínfead go hÉirinn cuairt.


L. 60


B 1654 17L
DO MHUIRCHEARTACH Ó BRIAIN MAC TAIDHG MHIC AN IARLA, 1654.



A ua so Luirc is Bhloid is Bhriain is Chais,
ó ar dtruaghnaid ghuirt ó d'fhuiling Dia do theacht,
buadh do thurais uile id thriallaibh leat
go gluaiseacht duit i gcumas siar tar th'ais.



A bhfuarais d'ulc ag troid fá iath do shean
do thuairisg suthain tug mar Bhrianach beacht;
ualach t'fhine i mbriseadh riaghla is reacht
fuasgladh bruide a n-oirir d'fhiachaibh air.



Uaisle tar t'fhuil ní bhfuil ag triath dá mair,
ná buadh do ghoile ag curaidh d'fhianaibh gleac;
do chuala an chruinne a dtugais d'iarracht mhaith
ar dhualgas dil do chine d'iath na n-Art.



Uaithne ót inis d'imigh ciana seal
go huain ar thilleadh - clisde a rian 's a rath -
ar uachtar nimhe cuirim a fhiadhain feacht
gur dual ar a iris sin do thiacht-sa isteach.



B 1654ob 17L
CHUM UILLIAM UÍ DHUBHGÁIN AR FHÁTH DH'ÁIRITHE.



Innis ar dtós mar sgeól dom thiagharna
nach ligim-se leó san ord an riaghaltacht,
ó cuireadh each mór fá thóin gach diadhaire,
acht mise fear cóir na cóibe ag triall dom chois.



Is innis 'na dheóidh don chóisir chliaraigh sin,
dá bhfionnair an fhóir i ndóchas iasachta,
gur sinne don chóige dóigh is fial-uise
fán gculaidh atá i sdór go dreoghadh na diallaide.


L. 61


CHUIM SÉAMAIS BUITLÉIR GO hÉIRINN.



A Shéamais, a chaomhthaigh, a chnú chroidhe cháidh,
do shaoghal 'na laethibh fá dhrúcht-líon áigh;
léigim-se céad feacht mo mhuirnín mná
gan éadach dot fhéachaint, go húirchríoch Fáil.



Freagra Shéamais:
A laoigh mo chléibh, a aonchara thall tar chách,
bíodh gur léir léigis me i gcall ar lár,
a críochaibh Néill éachtaigh na ngleannmhagh mbán
sgaoilfidh mé Séamas anonn id dháil.



Dob í beanacht Shéamais chuige dárbh ainm
Cuibhe Ní Chuachagáin:



Cuíbhe chóir chóimhdheas Ní Chuachagáin,
naoidhe bheag óg órfhuilt is uaisle cáil,
sírghean sódha, snó soirbh, suairceas sámh,
gnaoi gan gó, glóire gan ghruaim, gan ghráin.



Re saoithibh dh'ól d'eólas na suadh a sáith,
fá sgaoiltibh ród n-Eórpa go cluasaibh cháich
tar bríoghloch borr bóchna do ghluais mar thásg
ó ríoghnaibh Fóid Fhódla gur fhuadaigh barr.



An aoilchnis chló-nósghlan mar chnuasach d'fhás
ar chraoibhshliocht dtreón gcomhachtach gcuardach gcáidh,
ní bhfuil an cróch cróchda 's a bhualadh i láimh
re dlaoi chais bhród-ómraigh a dualchocán.



Dídean eón d'fhóbair dul uaithe uim Cháisg,
do chaoinreic cheóil ghlóraigh is dualgas dáibh,
gur chuíbhrigh meór dhóide Mhic Duach an táin
i líontaibh óir foirloisgthe dh'uanaibh ceard.


L. 62


Do fríoth fá dhó a dhóthain do bhuac an chláir
do líon ó bhord tórann a cuach an fán,
go a braoi mar smeór Fhóghmhair, gan ruainne as áit
dá caoilbhreis chróin chóirighthe cuanach cáidh.



An tsíon is teó i neóllaibh, nó is fuaire, dáil
do líogaibh lórlóghmhara a suanrosg sámh,
is ní bhfhuil go deó fóirthint ná fuasgladh dáibh
ó shíorbhrat reódha comhnaidhthe cruaidh i ndán.



I ngríobhchath gleó-chomhraic gan luadhail lámh,
aol is rós, fó an ionad uachtaráin,
bhíos ar nós lóchrainn iona gruadh do ghnáth,
do-ní gach neóin ceó dubh go luath 'na lá.



Sínte a srón seólta ioná duana dámh;
fuighle a beóil ghlóirghlic is uaigneach fáth
re sgaoileadh bróin, eólchaire is uamhain cáis
- ag síobhra ar dhord ceólchair níl buain dom rádh.



Fa chaor a hóis phóigmhilis bhruaichtheirc bhláith
díontar cró i gcló an lile, d'uaislibh cnámh;
síos ó ló Shólmhan ní ghluaiseann tráth
tar phíp tug snó an gheódh ghil mar ghual i dtáir.



Cíogh beag cóir cóimhgheal ré huan ar áth
nár aírdigh fós d'órlach, nách muar gur fhás,
síothchrobh meór ró-lag is luaidhleach trácht
ag síorchur sórt sómpladhach suaithnidh snáith.



An díorma slóigh d'fhoirnibh ghuirt uaibhrigh Fáil
do dhíbir ógh óghdha na mbuadh go mbáidh,
dá díograis, ó bheódhaibh go bruachaibh báis,
an tí nách leó gheóbhas is duairc an dáil.



'S is íongnadh mór dóthuigthe a bhuaine atá
aoínneach beó 'ró-amhairc uaidh amháin
í, agus cóip breóite gan cluain dá grádh,
ar aoi na sgeól tógbhaid dá tuarasgbháil.


L. 63


B 1703ls 18T
U Anaithnid

IAR gCLOS GUR HORDAIGHEADH I gCAIBIDILIBH NA
hÉIREANN GAN BRÁTHAIR DO DHÉANAMH RAINN NÁ
AMHRÁIN.



B 1654ob 17L
U Pádraigín Haicéad

Do chuala ané ag maothlach muinnteardha,
mar nuadhacht sgéil ó chéile Chuinn is Chuirc,
gur duairc le cléir an Ghaoidhilge ghrinnshlitheach,
suairceas saor na séimhfhear sinseardha.



Ní bhuaileabh féin i gcléith a gcointinne,
ó chuaidh an ré 'nárbh fhéidir linn friotal
gach smuaineadh d'éirgheadh d'éirim m'inntinne,
uair fár bhaoghal faobhar m'intleachta,



Go suaithfeadh sé gan saobhadh slimfhuinnimh
fá thuairim thaobh na gcléireach gcinnsealach,
nó anuas fá a mblaosgaibh maola millteacha,
cruadhghlac ghéar do ghaethaibh geintlidhe.



Fuaighfidh mé mo bhéal le sring fhighte,
's ní luaidhfead réad dá bpléid bhig sbrionlaithe;
acht fuagraim tréad an chaolraigh choimsithe
's a bhfuath, a Dhé, tar éis mo mhuinntire.


L. 65


AGUISÍN.



A Dhé na ndeaghníomh, smachtaigheas uaill gach fir,
saor me ar chalaois chleas trí gcluanaire,
traoch a dtreasaidheacht eascaoin bhuaidhreas me,
is claochlaigh casaoid teasaidhe an chuallachta.



Aon don chasbhuidhin maisdín uaibhreach uilc;
is éigneach aisdí an ghadaighe ghuasachtaigh;
séanaim aindlighe an bheartaighe ghruama dhuibh
do thréig le hanphoímp cathaoir chuanna ar nimh.



Is claon an cleasaighe ag teacht faoim thuairisc-se;
an saoghal beadaighe, an sladaighe suaitheantais;
is tréan 's is teasaidhe an reathaighe an ruathaire;
go dtréigear taithighe bheart gclí an bhuabhallaigh.



An créchorp creatbhuidhe an treas tí truaillighthe,
do thaobhaigh taithighe i bpeacaidhibh buanbhruide,
's nár aomh le glanchroidhe aithrighe i n-uaigneasaibh;
is baoth an earraoid mearaidhe an tuaithbheartaigh.



Is a Dhé led dheaghchroidhe an nglacfaoidhe uaim chugaibh
mar phéin im pheacaidhibh aicíd chruaidh mo chuirp,
cé gur glaisdíol lag í im luaithchionntaibh?
éisd rem ghreadchaoi, a Fhlaithrí, is fuasgail me.



Ós é gheibh flaitheas is aiteas na mian i gclaon
lé dtig marbhadh an anma, a Dhia mo chléibh,
och, mo lagar, más cneasda len iarraidh é,
nach í an charcarchuil caitear le a fiachaibh féin.


L. 66


II
A chnú 's a chisde do cuireadh le cách dhod shlighe,
im rún go minic id chuideachta an tráth do bhínn,
ag súd an tsiocair, nó ag druidim id dháil gach laoi,
gan tú id Riocard is mise im Phádraigín.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services