Historical Irish Corpus
1600 - 1926

The Flight of the Earls

Title
The Flight of the Earls
Author(s)
Ó Cianáin, Tadhg,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1607
Publisher
(B.Á.C.: Record Society of Maynooth, 1916)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



I. A n-ainm Dhé. Ag so páirt do scéloib agus d'imthechtoib
Uí Néill ón uair forfhágoip sé Eire. Ar tús buí O Néill a
ffochair Iuistis na Héirenn, Sir Artuir Sitsestar, a mBaili
Shláine. Do ghlac sé leitir ó Sheón Bat dia dardaoin, in
seachtmadh lá Septembris, a aois in Tigerna in tan sin míle agus sé
chétt agus seacht


L. 4


mbliadhna. Buí ar in litir remhráite go ttáinic Maguidir
Cúchonnacht Maguidir, Donnchadh O Briain, Matha óg
O Maeltuile, Seón Rat, go loing fFrangcaigh a gcomhairchiss
Uí Néll agus Ierla Thíre Conaill go cuan Suiligi Móire as
urchomair Rátha Maoláin a fFánait. Gapuis O Néll a ched ag
in Iustis in sathorn 'n-a deghaidh sin. Téid an oidhche sin gus
in Mainistir Móir, áit a mbuí Sir Geróid Modhar. Ar n-a
mhárach dó go Srádbaili Dúna Dealgan. Gluaissis dia luain


L. 6


as in Srádbaili tria bhealach mór in Fhedha go Bél Atha in
Airgit, tar Sliap Fuait go Hard Macha, tar Abainn Móir, go
Dún Genainn, gus in gCraoip .i. baile oiléin dia bailtibh.
Dogní sé comnaidhe agus oirisemh ar in Chraoibh dia máirt.
Gluaisidh a n-ainm Dé dia cédaoin ón Chraoibh tar Sliap
Síoss. Buí an oidhque sin a Muinntir Luinigh ar comhgar
Locha Beigfhine. Ar n-a mhárach dó go Bun Diennoide.
Buí i n-a chomhnaidhe ó aimsir mhedhóin laoi go comthuitim
na hoidche. Iar sin léigis tar Fersait Móir ar Loch Feabail é
gach ndíreach go Droichet Adhamnáin. Buí mac Uí Domnaill
Cathbarr mac Aoda meic Magnusa ar a gcionn annsin.
Gapsat go Ráith Mealltain, an lá ag soillsiugadh orra in tan


L. 8


sin. Eirgit go Ráith Maoláin áit a mbuí in long adupramar
ar angcairip. Fuaratar Rugraighi O Domnaill, Ierla Thíre
Conoill, gus na daoinibh uaisle remráite maille re mórán
d'oireacht agus do lucht lenamhna in Ierlae ag cor stóruiss bídh
agus dighe asteach 'san loing.



II. Tiaghaid asteach ar bord loinge timchiol mhedhóin
láei dia haoine do shonnradh. Tógbhaid a seólta ainnséin.
Léigit ar comhghar in chuain iad. Cuirit lucht dá
bhát do thógbáil uisque agus d'ierroidh connaidh. Beiris mac
Mheic Suipne Fánat agus drong do dhaoinibh in tíre a ttóraigheacht
orra. Troidit re aroile. Is ar éigen tugatar foirionn na
mbád uisque agus connadh leó. Timchiol mheadhóin na hoidhche
cétna sin tógbhait a seólta an athuair. Léigit amach go
comhfhairsing sa ffairgi iad. Bá taitnemhach féith-chiúin an
oidhche go ngaoith anier-ndesss. Mesait annsin dol asteach
go hAroinn a riachtanus a less bídh agus dighe do thabairt chuca.
Eirgiss ainfine imarcach agus doinionn dermhair maille re ceó
agus fleachadh dóip as gur hinnarbadh ó chomhghar in tíre íad.
Gabhait in fhairrgi go comhfairsing. Ba marthanach in
stoirm agus in míchiúnus sin go medhón oidhche buí ar a gcionn.
As a haithle dírgit a gcúrsa cléláimh re Tír Conaill tar chuan
Sligigh gach ndíreach go rapatar as urchomhair Chruaiche


L. 10


Pátraic a gConnachtoip. Imeglaigit ainnséin loingess in rígh
buí a gcuan na Gaillbhe do thegmháil riú. Léicit amach sa
ffairrge iat do dénomh ar in Spáinn gach ndírech dá mad éidir
leó. Bátor ier sin trí lá dég for fairrge maille re hainfine
imarcaigh agus re droich-shín chonntabartaigh. Tug comhfhortacht
adpol dóip mar do chuiretair sa ffairgi a ffoilenmhain na
loinge cros óir buí ag O Néill i n-a roipe rann-chuid don
chroich chésta go n-imat religiass oile. A fforcionn na
haimsire sin tegmhaidh do chúiss ingantuis dóibh a gceirt-mhedhón
na fairrge dá sheapac bhega .i. merilliúin do thoirling forsan
luing. Ro gapadh na seabaic. Do bethaigedh as a haithle.



III. Dia domhnaigh in dechmadh lá fichet Septembriss
táinic in gaoth go coimhdhíreach a gcertaghoidh na loinge.
Gapsat na marnélaigh do láimh, ó nach roibhe ar comas dóip
dol don Spáinn, go mbeittis a gcuan Croissic issin mBritáinn
fo chionn dá ló go n-oidhche. Comhairlighit na tigernaidhe
bátor san loing, do bíthin teirce a mbídh agus a ndighe go
háirighthe, fós do brígh a ffuaratar gusin tan sin do docomal
agus meirten na fairrge, gur uo himairgidhe dóip a léigen gach
ndíreach gusin fFrainc. A gcétóir dírgit a gcúrsa gusin
fFrainc. Dá lá agus dá oidche dóip ar siobal fo lán seóil. Ní
rángator tír ar doman in comhfhad sin. Fós ní maith rofhitirset
cia in cósta áirigthe ba himfhoixe dhóip.



IV. Timchiol mheadhóin laei dia máirt adchíd trí longa
adhbalmóra ag ascnamh ón aird uo dhess mar do thicfaitis ón
Spáinn. Ge gur imeglaigset in loinges sin gur mesatar gur
d'armáil ríg Saxan ar ttoigheacht 'n-a n-íermhoirecht iad,
brethnaigit aca féin gur uo ferr dóip dénomh orra do chor a
gconáich a gconntabairt, mad náimde iad, nó madh catoilce,
d'ierroidh scél agus eóluis orra, inás bheith san guasacht dermhair
a mbátor a ttaep seachráin agus aineóluis agus teirce dighe. Riccit
féin agus in loinges ar comhghar a chéile deóigh laoi. Eirgis
ainfine adpol in tan sin as nach rángator féin agus in loinges go


L. 12


cenn aimsire toigeacht a gcóir chomhráidh re aroile. As a
haithle tra laprait re lucht na loingsi. Ierroit scéla orra.
Innissit gur do chríchoibh Lochlann a mbunadhus, go rapsat
ag térnódh tar aiss ón Spáinn go a n-atharrdha badéin. Adbertsat
gur sa ffairrge fFleminnaig bátar-san d'áirigthe. Mar
do buí in cuan sin ar comghar chósta na Saxan ní mór gurab
ann ba rómhaith lesna maithib sin tegmháil a n-aois na huaire
sin. Fós ní roipe pilóit fessach nó eólach sa chuan sin aca.
Gapsat ag foilenmhain na loingsi remráite gur ben comdhorcha
na hoidhche a radharc díp.



V. Adbert Frangcach áirigthi buí san loing: Ná bíodh
dibergóit nó imsníomh oraip, a mhaithi, ol sé; treóraighfet-sa
ria n-éirgi gréine amárach a ttír sa Normainnti, prouensi
oirrderc gabhus le ríg na Fraingce, sibh. An Chruinne,
prímhchathoir oireghdha gapus le rígh na Spáinne, chom ar
thriallsat ó thús. Do mhét na scíssi agus in docomail ro
fhuilngetair ní mór nach roibhe a urdail do deigh-inntinn agus do
shupailchip aca fo dol a ttír sa Normainnti agus mar do ragdaoiss
sa gcathraigh sin. Dírgit a gcúrsa gusin gcuan sin. Timchiol
medhóin oidche éirghiss in fhairrgi i n-a tonnoibh tul-borba
tinnesnacha trén-tuinnsemhacha dóip. Trócaire na Trínóite ru-s-
tesairc gan in long co n-a mbuí innte do bháthadh. Drong do na
daoinibh uaisle bátar uas taiste, ní mór nach rapsat a gconntabairt
a mbreth amach a gcertmedón na fairrgi ó láidire na
gaoithe agus ó línmaire na ttonn. Ba héicen dóip a seólta do
legad la tolgán agus trethan na ttonn, an long do léigen do
réir thoile Dé ar a haradhain féin seachnóin na fairrge.



VI. Bátor dá oilén gabhus le rígh Saxan, dar comhanmanna
Gorgi agus Garsíi, a n-imfhoixe dóib. Muna bheith legadh na
seóltae bátor a gconntabairt dermhair a gcomhmbualadh fo
nechtar don dá oilén sin. Nó dia raghdaois a ttír ó n-a ttoil
uodéin, nír uo saigidh deghcarat a gcéin dóip gnúissi na


L. 14


n-eritchedh náimhdidhi n-éttrócar bátar ar a ccionn isna
hoilénoip. A moch-shoillsi na maitne adchíd go follus na
hoiléin ar a gcomhghar. Du-s-rat in Frangcach remráite
aithne forra. Adbert gur uo Saxanaigh bátar dia n-inotacht
agus dia n-aittreabadh.



VII. Tógbhait a seólta ainnséin. Léicit ar siobal iat.
Iar ffágbháil radhairc na n-oilén adconnarcatar go comhfhairsing
talam na Fraingce. Ar ttoigheacht ar comhghar in chuain
dóip gapuis crith-egla agus imfhaitchess in Frangcach. Adbert
go roibi aimsir imchian ó ro buí sa chuan ria sunn, go mbuí a
n-ainffioss agus a gconntabairt dermhair um eólus dingmálta
do dhénomh asteach sa chuan. Gar ier sin adchíd bátt beg
Frangcach ag ascnamh chuca. Fochtait scéla dia fhoirinn.
Adbertsat tra gurap ó Ruadhán dóip, prímh-chathair oirrderc
gapus le ríg Franc. Tairgit gné chomhadh dóip ar eólus do
dénomh astech sa chuan. Geallait a dénomh. Bátor rompa
agus na ndeaghaidh car in chaomh-laithe. In tan ro-íssligh
in ghaoth deóigh laoi agus nach roipe ar comus don loing dol asteach
sa gcuan, gapsat tra muinnter na beg-loingi a gcead acasan.
Atbertsat nach roipe maith aca re a dénomh dóip,
nach ierrfaitiss lóighigheacht na mathessa nach dernsat. Dírgit
féin a gcúrsa go Roán. Gidheadh chena ro sheólatar
chuca-san gan mhoille aroile bhát i n-a mbuí pilóit Rodháin.
Tic tra in pileót ar bord loinge chuca a gcomdhorcha na
hoidhque. Tógbait a seólta. Bátor ar siobal seachnóin na
hoidhche. Ar maidin ar n-a mhárach treóraigidh in pilóit
cétna iad a ruibér Rodháin ar in taep bhodeass don chuan nua
dar comainn Harboure de Grace. Timchiol meadhóin laoi
dia dardaoin, lá S. Pronséiss do shonnradh, in cethramadh lá
Octobriss agus in t-aenmad lá fichet dóip ar fairrge, tiagait a
ttír a mbaili beg ar brú in ruibéir chétna dar comhainm Cilbuf.
Dognít gné chiúnais agus chomnaidhe ann in méide buí rompa
don ló gus in oidhche ar a gcionn. Persa d'uiresbaidh ar chét


L. 16


isseadh bátor sa loing. Ní roibi do shupstaint digi aca ag
fágbáil na loingi acht cóic galúin beóra agus ní badh lugha nó
énbairille amháin uisce.


L. 18


VIII. Ar n-a mhárach tra buí guibernóir in baile a ffochair
Uí Néill ar a medhón laoi. Bronnaiss dó na seabaic édála
ingantacha sin ro gabadh for in ffairgi. Tar éiss mhedóin laoi
glacait bádaidhi. Cuirit in chuntaois agus ingen Uí Domnaill,
na leinimh bátar mailli riú, páirt dá ndaoinibh uaisle agus dá


L. 20


lucht coimhideachta co n-a ttrongcaib san athghairid
triasan ruibér go Rodhán. Gabhuiss O Néill agus in t-ierla, na
tigernaidhe agus na daoine uaissle bátar maille riú, seacht ffir dég
dóibh, ar eachraidh gusin mbaile ar in ruibér chétna dar
comhainm Laboill, seacht léige ó Chilbuf, agus ó Chilbuf síos
gusin gcuan nua deich léige. Ar n-a mhárach tra re hucht in
baili d'fágbáil dóibh adchíd guibernóir Chilbuf chuca. Cuiris
gné riastála orrae. Adubairt go gcaithfediss dol do láthair ard-
mharuscail na Normainntí. Ro umhlaigset chuige sin. Gabhsat
aitherrach eachraidhe. Gluaissit begán buidhne gusin
mbaili dar comhainm Liegeuuaie, airm a mbuí in maruscal,
seacht léige dég ar comgar na Britáinne. Gabuis in maruscal
chuige go ro-onórach degh-aigtheach iad.



IX. Imthúss na mban uassal, gluaissit as Cilbuf a mbádoibh.
Bátor seólta tógaibthe sealat aca, sealat oile ag imramh. Mar
sin dóibh go comhdhorcha na hoidhche. Impaidhiss in lán
mara i n-a n-aghaidh maille re nert agus láidire in ruibéir as gur
cuiredh tar a n-ais aimser imchian íad. Ba dífhaisnéissi re a
innissin mar do thigedh tuile agus aithbhe in ruibéir sin. Ní
roibhe tra cúiss imthnúith aca re guasacht nó ainfine dier
fhuilngetair ar fairrge a n-athfhégmhuis a ffuaratar do dhocomhal
agus do conntabairt a mbáiss in tan sin, acht amháin
buí fíon agus uisce ar comus dóibh a n-inbaidh a ttarta. Ticit
drong do lucht aittreaptha in tíre go mbádoibh maithe dia
gcomhfhortacht. Eirgit an oidhche sin go baile beg buí ar
brú in ruibéir. Ar n-a mhárach fuarator aimsir romhaith.
Céimnigit seachnóin in ruibéir go rángator baile eguilsi dar
comhainm Mainistir Sanct Seoirsi ar in taep bathuaidh don
ruibér. Oirissit ann an oidhche sin. Cuirit teachtaire go
Rodhán do threórugadh gach riachtanuis cóistighi agus bhaigínidhe
rángatar a les. Téigit co n-a n-uile chuideachta go
Rodhán timchiol mhedhóin laoi dia domhnaigh.



X. Seachnóin na haimsire si buí Maguidir agus na


L. 22


daoine uaisle bátor a gcoimhiteacht na ttigernadh so fo riasta
a Laboil. Messait go rapatar na mná uaisle co n-a gcuideachta
a mbraighdenus mar nach ffuaratar én-fhocal dá scéloibh.
Aithrister dóib deóigh laoi dia domnaigh a ndol tairrsibh go
Rodhán. Gabhait triar do na daoinibh uaisle bát. Imrait
seachnóin na hoidhche. Rángatar Rodhán a mocha laoi dia
luain. Innissit scéla na ttigernadh mar do éirigh dóip a ttaep
a riastála agus iad i n-a persanoibh badén do dol do láthair in
ard-mharuscail go Liegeciuaie. Ba himeglach imomhnach iad
san ier gcloss na scél sin. Rugator scéla ar n-a mhárach orra
gur scríp in guibernóir le posta go rígh Frangc dia fhoillsiugadh
go ttángatar san a ttír mar adupramar, agus dia fhioss créd badh
indénta riú, agus go gcaithfediss foighite do bheith aca fo bheith
i n-a gcomnaidhe go rochtain direxioin in ríg dia saigidh.



XI. Eirgiss Matha O Maeltuile a posta go Pairis. Ba
luaithe posta in guibernóra do láthair ríg Franc nó Matha.
Fuair freagra. Filliss tar a aiss. Buí in rí ag filleadh ó
fhiadhach. Téid Matha i n-a láthoir. Labruis aghoidh a n-
aghaidh friss. Adféd dó uile imthúss na ttigernadh, mar do
cuiredh in gné thoirmeisc sin orra fo ríghacht na Fraingce
do shiopal go breith augdarráis in ríg orra. Adbert in rí go
honórach degh-aigtheach gur glac letreadcha ar chúiss na
ndaoine uassal roimhe sin, gur scríp gus in nguibernóir dia
ttaop. Téid Matha do láthair secretáir in rígh. Adubairt
in fer sin nach tticfadh urchóid ar bith do na maithibh as
chúiss in braigdenuis agus go madh taosga deigh-fhreagra ón
rígh ag breith orra nó Matha do thérnódh tar a aiss.



XII. Dorala ambasadoir rígh Saxan sa gcathraigh


L. 24


in tan sin. Buí ag dénomh a lán-díthill aidhmillte agus urchóide
do na maithip dia madh éidir leiss. Téid sin a ndímhaoiness
agus a mí-tharbha, óir ní thug in rí audiens nó éisteacht go fedh
trí lá dó, acht ag dol d'fíadhach gacha laithe. As a haithle sin
mar do buí a dheimin aige na tigernaidhe do bheth a n-áit
badh hinnill leó, adubairt go ndeachatar ó n-a chomachtoibh,
agus dia ttegmhadh nach raghdaoiss, nach dingnadh féin urchóid
ar bith do dhaoinibh uaisle ar a gcuirfidhe d'fiachaibh a
n-atharrda bhunaidh d'fágbáil ar son a gcreidimh agus a
n-égcomhthroim, fós go roibhe ar comus do na huilip chatoilcip
gabáil gan buaidhirt ar bith tré ríghacht na Fraingce. Léigiss
in t-ombasadoir duine uassal do threibh na hAlban a posta
go Lundain dia faisnéis do rígh Saxan go ttángatar na daoine
uaissle si a ttír sa fFraingc agus nár chuir in rí toirmesc orra
fo gabáil triasan fFrainc. Buí in duine uassal sin a Rodhán sa
tigh ósta a mbátar na mná uaisle in oidhche sol tángatar na
tigernaidhe.



XIII. Ar ttoigheacht do Mhatha óg go Rodhán, mar
fuair deimin scél gurab é ordugadh agus direxion fuaratar san
gabáil go Flonndrus ó thúss, agus gan gabáil gach ndírghe don
Spáinn go mbeitiss a fFlonndrus, gluaisis féin a posta go
Flonndrus dia innissin do mac Ui Neill, corenél na nEirinnach
a fFlonndrus fo chomachtoip ríg na Spáinne, go ttángatar
na tigernaidhe si as Eirinn, gur éirigh buaidhirt agus aineólus
fairrgi dóibh, a tteacht a ttír a ríghacht na Fraingce, gné
thoirmeisc do chor annsin orra as nár léigedh dóip comhghar
na sligedh gus in Spáinn do gabáil, do bíthin gur uo héiccen
dóip dénamh ar a gcert-agaidh go Flonndrus go rabhatar ag
a iarraidh ar in chorenél teacht i n-a gcomdháil go coicrích
na Fraingce, fós paspart agus barántus in arsdiúc d'fagáil


L. 26


chuca coimhinann agus buí barántus ríg Franc go comrac a
rígachta badéin.



XIV. Dia sathairn do shonnradh tig guibernóir chathrach
Rodháin gusin dú a mbátar na mná uaisle. Ro fhógair
dóibh in gcathraigh d'fágbáil gan mhoille in lá cétna sin, nó
térnódh tar a n-aiss gusin loing óa ttángatar. Gabhait sen
sin 'n-a imsníomh agus 'n-a dhupachus chuca, óir do messatar gur
do bíthin míchinnemhna d'éirghi do na tigernaigibh fuaratar
féin in fhógra thul-obann sin. Tré chúis impide agus onórachuis
ro aontaigh in guibernóir dóip as a haithle furnaidhe isin
gcathraigh gusin luan buí ar a gcionn. Um tráth esparta
dia domnaig tigit na tigernaidhi maille re paspart agus barántus
rígh Franc go Rodhán.



XV. Bátor sa gcathraigh an oidhche sin. Ar n-a mhárach
tra, in cóicedh lá dég Octobriss, gluaissit as Rodhán én-marcach
dég ar fhichid ar eachraidh, cúpla cóiste, tri uaigín,
timchiol dá fhichid dia gcoiss. Dodheachaidh guibernóir
Chilbuf agus mórán do dhaoinibh uaissle in baile dia ttiodhlacadh
sealat ón gcathraigh. Gapsat a gced ag in nguibernóir.
Glacait barántus ríg Franc uaidh. Tucsat dó mar íoc a
sligedh, ge gur thaissealbh a aingidheacht agus a dhroich-inntinn
roimhe sin dóip, timchiol dá fhichid éiccin tunna
saloinn buí sa loing ar a ttángatar.



XVI. Ba haoibhinn éxamail faircsin chathrach Rodháin
don fforadh-chnoc ard oiregdha i n-a ndernsat na maithe si
ceilibhradh dieroile. Ba hadpal a métt agus fairsinge na cathrach
'sí ro-dhaingen ro-láidir go n-ilimat daoine, go loingesss
línmhair, go gcéidhe bo lór feabhus, go ruibér ro-mhaith
chéimniges sechnóin in tíre go roich Pairis. Línmaireacht
mhór d'oilénoip ro-aoibhne ar in ruibér go n-imat fínemna agus
do chrannoip torthacha. An talamh is comthroime
agus ba ferr aittrebugadh agus ba torthaighi dier thadhaill na
hEirinnaig sin go meinic gusin tan sin timchuairt in ruibéir.



XVII. Búi in creidemh catoilce agus comachta na heguilsi
naoimhe go ro-oirrderc ro-láidir a Rodhán. Bátor tri tempaill


L. 28


dég ar fhichit do themploib porráiste sa gcathraigh agus
coimhthinóil cheithre mainistrech ndég d'ordoip riaghalta
gusin státús is onóraighe chostusaigi a fformhór na crístaighechtae.



XVIII. Iar ngabáil láimhe ar imtheacht do na maithib si
bátor tra seacht léige ó Rodhán an oidhche sin a uillage beg
dar comhainm Labourshuire. Ag fágbáil Rodháin dóibh
tarla gné sheachráin agus aineóluis eidir Aodh óg O Néill, mac
Briain mheic Airt, agus in chuideachta. Fillis O Neill
Maigbhethadh go Rodhán a n-íermhoracht mheic Briain. Tarla
mac Briain don chuidechta. Ier ttérnódh do Maigbhethadh
ó Rodhán lenuiss slicht-lorcc marcshlaighi oile ro fhágoib
Rodhán. Ní tharla dia muinntir badéin é go rángatar Arass.



XIX. Ba nemhonórach in t-ósta fuaratar na maithe sin
isin mbaile mbeg ndeireóil adupramar, ge tharla gur uó
sgiemhach torthach aoibinn in talomh ro thaistilset othá
Rodhán gusin dú sin. An baile beg a nglionn ro-aoibhinn ar
abhainn roi-dheiss. A moch-shoillsi na maitne ar n-a mhárach
as sin dóip trí léige go baile dar comhainm Nueuochattel.
Oirissit ann gor éistset aiffrenn onórach canntaireachta agus
orgán go ndernsat a medhón laoi. Gluaisit in lá cétna gusin
mbaili dier comhainm Oumalle, cóig léige. An diúc dier uo
selb in baile sin, buí in tan sin ar innarbadh agus deóraidheacht
ó rígh Frangc a fFlonndrus a ffochair an arsdiúc. Ro buí a
uile chíos agus tighernus dia thógbáil chuige go Flonndrus.
Léigit as sin iad an oidhche sin gusin mbaili dar comhainm Poeise,
cóic léige. Ge go rángatar deóigh agus ier nóin laoi in
baile sin, fuaratar betha imqubaidh agus áit chumhsanta ba
cosmail. Atá caisslén daingen go mbárdaibh láidire ó ríg Franc
sa mbaili chétna sin. Nir uo imchien in slige in lá sin, acht
ba cnocaighi ghairbhe riasganta nemhthorthaighe í oldáit na
sligthe oile.


L. 30


XX. Ar n-a mhárach dóib go prímh-chathraigh oiregdha
oirrdirc sa fFrainc dar comhainm Amiaunce .i. aird-gepta
cosnamha na Fraingce, sé léige bhega. Do congbhadh sealat
a ndorus na cathrach iad go rochtain direxioin ó guibernóir
in baile chuca. Eirgit asteach as a haithle. Ier ndénomh a
medhóin laei dochotor go tempol ro-breghdha ro-dhealraigtheach
dar comainm tempall Muire. Taisselbthor tra
dóib cenn Eóin Baptaist. E a ngloine cristail soilléir
sofhaircsena do na huilip do bhiadh dia láthoir go n-ilimat
fert agus mírbal. Cruinn-chathoir dhess dhaingen in baili sin
chom a ttic ruibér ón fhairrge ar a ttathaigit báid gusin mbaili
re socomhal agus comfhortacht na fairrge. Atá in ruibér cétna
sin ier n-a chomhtharraing agus ier na chomhroinn a ndíbh
rannoip dég seachnóin na cathrach, go riachtanus a les droichet
ar gach bengán fo leith díp. Ier ttérnódh tar aiss ó thempull
Muire dóib gabhait a post-eachraidh nár uo holc. Léiccit
go gepta Flonndruiss íad. Ar in taep astigh do ballaigip na
cathrach adchíd port ro-dhaingen ba lór láidire ag lucht na
cathrach dia thógbáil go n-iliomat lochta saothair agus oibre.
Ar in taobh amoig do na ballaigip taispentar dóib na treinnsighe
talman agus na daingnidhe díchra dorónadh la ríg Franc
in tan buí siege nó forbaissi aige ar Amens, a n-aimsir a beith
a seilb ríg na Spáinne, ier n-a gabáil go glic uassail-
inntlechtach roimhe sin re trí cuidechtoib Eirenncha.



XXI. As sin dóib cóic léige go biláiste beg dar comhainm
Pountau. Ba nemhshásta bátar an oidhche sin. Mar dorala
a n-imfhoixe chomraic na Fraingce agus Flonndruiss íad, ní mór
nach roibhe gné imfhaitchis ar dhroing aca. Tugsat
ar fhormhór a ndaoine beith suas i n-a n-armaibh ag forchoimét
dóib an oidhche sin, agus ge tharla go rapatar go lór a dhaingne
as focal agus as onóir rígh Frangc, ní lughaide-sa-chách ro-
imeglaighset mar do chonnarcatar drem dá ndaoinibh ro gap
aitherrach sligedh ag toigeacht go hAmens, trúp mór marcshlaighi


L. 32


go n-eachraidh ro-mhaith go n-éidigip pláta go
pistaloibh.



XXII. A moch-dheghóil na maitne ar n-a mhárach eirgit
a n-ordugadh a gcossanta dá léige as sin go coicrích Flonndruiss
agus na Fraingci. Comhnaighit ann begán aimsire. As
a haithle léigit go hAras iad seacht léige. Ní mór nach roibhe
gné d'imegla na sligedh orra uidhe in laithe sin d'áirigthe.
Ar ndol asteach sa prím-chathroigh sin dóip timchiol mhedóin
laoi in t-ochtmadh lá dég Octobris dognít oirissemh agus comnaidhe
gusin luan buí ar a gcionn. Magbethadh ro sgar riú
ag fágbáil Rodháin fuaratar rompa sa gcathraigh sin é, ge gur
mhessatar go mór go madh baoglach in slige dó. An guibernóir
buí ó rígh na Spáinne sa mbaili, glacuiss féin agus maithe
na cathrach na tigernaidhe si chuca go subhailceach onórach.
Ticit ar cuairt dia saigidh go mbangcéd maith agus go ffíntoibh.
Cuirit athair onórach maille re cóistigip taitnemhacha dia
ttreórugadh gusna prímh-eguilsib oirrderca bátar sa gcathraigh.
Taispentar ilimat do religiassoibh ro-naomhtha mór-lóigigheachta
dóibh ar a mbuí rann-chuid mhór don chroich
chésta, cenn S. San Sem, cuid d'folt Muire Madalén, cupa
as ar ibh in Slánaigtheóir féin deoch in tan buí a gcolainn
daonna ar in saogal, go n-imat dí-áirmhe oile. Ticis Eogan
Mag Mhathgamhna, in doctúir, i n-a gcomhairrchiss ó Doua
gus in dú sin.



XXIII. Prímh-chathoir oirrderc oireghdha in chathair si
sí ro-dhaingen láidir daoineachoir degh-fhoirgenta ní is móo
dheissi nó Amens, acht gan ruibér ar a comghar.
Státúss onórach a gcert-mhedhón na cathrach ar a mbíonn
gárda láidir do gnáth-muinntir in baile féin go sírraidhe.
Gárda oile do shaighdiúirip in rígh ag geptaigip in baile


L. 34


d'oidche agus do ló. Cúirt ro-mhór agus tempol Muire. Cathair
ard-easpoig na prouensi gusin reilic is ferr agus is onóraighe a
fformhór na crístaigheachtae ar in taep amoigh do ballaigibh
na cathrach. Isin egluiss Muire sin ro thuit do nemh prímh-lóchrann
lassamail cíera. Do ratsat lucht aittreptha na
cathrach fodera sépél onórach do thógbáil ar in taop astigh
do na ballaighip fo chomhair in lóchrainn naemtha sin
d'imfhaitchess námat dia rochtain. Dá chéd bliadain imlán
ar adhnadh agus ar comhlasadh don lóchrann d'oidhche agus do
ló, ní ro caithedh tra én-lethórdlach amháin de frissin ré sin.
Feacht n-aon ticc aroile banscál áirigthe do dhénomh urnaigthe
gusin altóir ar a mbuí in lóchrann. Ro ingantaig go mór métt
mírbal agus grássa in lóchrainn. Ro fholáir in mhí-cheinneamain
fuirre ar go ffessadh créd in mital dáirigthe dia mbuí in lóchrann.
Amhoil fuair in séipél go huaigneach agus lucht coimhétta
an lóchrainn seachnóin na cathrach téid ar amus in lóchrainn,
glacuiss dia lámhoip é, benuis screapall beg don chiaraigh de.
Gabuis tra in lóchrann ag comhlassadh agus in chéir ag tionadh agus
ag legadh. Bidgaiss in ben ier n-a fhaixin sin. Ba haithmhélach
imnáir lé a ndoróine. Ar ndol amach assin reccléss
teacmhait lucht coimhétta in lóchrainn di. Ba machtnadh
dermhair leó mar fuarator in lóchrann dia chomhchaithemh.
Oirrdercaigther in scél fon gcathraigh. Comhchruinnigit
clier agus meic eguilsi in baile 'mun aird-easpog. Cuirit a gceist
agus a n-ingantus dermhair mar do éirigh don lóchrann. Innissit
lucht a choimhétta gur fhágoibset i n-a aignedh badéin é ag
dol fon gcathraigh dóib, gan duine saegalta i n-a fhochair acht
in banscál remráite, ar ttegmháil na mná dóip ar a ttoigeacht
astegh san egluiss, go ffuaratar in lóchrann ag tinadh agus
ag leghadh agus ar n-athrugadh a staide. Du-s-radadh in
macaomh mná do láthoir. Dorónadh tra examen agus scrúdadh
gér uirre. Ro adoimh a ffiadhniussi Dé agus na heguilsi
naoimhe gur ben screapal beg don lóchrann. Du-s-rad a coibhsena as
a haithle. Comhairligit an chlier ieromh an lóchrann do
mhúchadh agus a chomhdach go sírraidhe a fforaithmhet a mór-
mhírbhal. Adhantor agus soillsigther a prímh-fhéstoibh uaisle é.


L. 36


Mairidh fóss ag dénomh fert agus mírbal, na mílte do dhaoinibh
ag toigheacht chuicce agus uaidh dia n-oilithre d'adhradh agus
d'ettorguide naemhMuire óighe n-a fiadhnuissi. Fuaratar
na maithe si a thaispenadh.



XXIV. Dia luain in t-aonmadh lá fichet don mhí chéttna
ceilibrait do lucht na cathrach. Eirghit cóic léicce oile go
cathraigh oirrdirc dar comhainm Doua. Gapsat muinnter
na cathrach go ro-onórach chuca iad. Toirlingit ag coláiste
Eirennach buí ar costus rígh na Spáinne sa mbaile. Doghnít
féin oirissemh sa gcoláiste. Léicit forgla a lochta coimhiteachtae
fon gcathraigh. Bátor i n-a gcomnaidhe gusin aoine buí ar
a gcionn. Beiriss orra as Flonndrus an t-athair onórach
Flaithrí O Maelconaire, prouincial uird minúir S. Pronséiss a
nEirinn agus in doctúir Roibert Mac Artuir. Rissin ré aimsire si
gabsat ag siobal ar choláistibh na cathrach. Glacait coimhthinóil
na gcoláistidhe chuca go ro-onórach subhailcech íad mailli
re uersaidhip agus oráidip laitne grégissi agus bérla do dénam
dóip. Ro chomhairimh aon don chuideachta a gcoláiste
na iesuuit begán d'uiresbaidh ar dá chétt dég a n-én-choláiste
amháin.



XXV. Prímh-chathoir chomhfhairsing neimhsciamhach
teghdhuisidhi inaid foirgenta Doua acht amháin na coláistidhe.
Ruibér ar a tticcit báit ón ffairrge ar n-a chomhroinn ar dó


L. 38


thríthe. Ge tharla gur do na seacht ttíribh dég prouens
Artoes agus prouens Flonndruiss an ruibér sin amháin
eidirdealaiges etorra. Ba torthach aoíbhinn go n-imat messa agus
cruithnechta agus deghthoradh go gcoilltib roi-dhessa in
prouensi sin Artoes.



XXVI. Dia haoíne in seissedh lá fichet don mí so gluaissit
na maithe si go cathraigh oirrdirc oile dar comhainm Turnuie
secht léige ó Dhoua. Fuirighit do bíthin deighenaigh laoi
do beith aca a ndorp ar in sligidh trí léige ó Thurnae. Buí ar
in sligidh rompa fert agus adhnacal naoimh Eirennaigh, Sanct
Linard a ainm. Dogní Dia imat mírbal tríd. Ar n-a
mhárach gusin gcathraigh dóip. Adchíd a ndoras na cathrach
tor comhdhaingen cloch conrótacht la Iuil Sessair in tan
buí sige nó forbhaissi aige fon gcathraigh a n-inbaidh chocaidh
chatharrdha na Rómhánach. Anuas ó a bharr téighther
asteach air, óir ní fhuil doras ar doman air. Ro cosnadh tra
la lucht a hinotachta an gcathraig go séitreach sonairt a
gcert-agaidh Iuil Sesair agus an tsenaidh Rómhánaigh an tan sin.
Atá a gcroinicil agus a fforaithmhet ag lucht a haittreptha nár
gabadh agus nár togladh riem go haimhdeónach í.



XXVII. Glacuit lucht na cathrach na maithe si chuca go
ro-onórach airmhitneach. Cuirit cóistidhe día saighidh as
go gcéimnigdiss sechnóin na cathrach d'faixin a heguilsi agus a
daingnig co n-a hingantus go huilidhe. Tieghait as a haithle
ar cuairt go haird-easpog na cathrach. Rus-taispein é féin
go supailceach ilghairdeach dóib. Oirissit tra gussin luan buí
ar a gcinn annsin.



XXVIII. Ruibér ro-aoibhinn ar n-a chomhroinn a ttríp


L. 40


rannoibh go ttrí ndroichetoibh deig-dhénmhacha ar n-a
gcomhshuidhiugadh triasan gcathraigh, sí féin i n-a prímh-
chathraigh oirrdirc arsanta go sen-teghdhuisip dessa degh-fhoirgenta,
go n-imat sliús chomhfhostus agus imtheilges in
t-uisce mar is lainn agus mar is toltanach re lucht na cathrach.
Caisslén láidir lán-daingen ag a ffuil cennus agus uachtaránacht
ar in gcathraigh uile ag rígh na Spáinne sa mbaili gusin ruibér
ar n-a chomhtharraing 'n-a mhóirthimchioll. Míle
saighdiúir, go síorraidhe co n-a n-uile ríachtanus a less
órdanáiss mhóir agus munisioin ar doman, ag bárdacht agus ag
forchoimhétt in chaissléin. Reigléss onórach astigh aca ar
imfhaitchess go mbíadh comhthathaighi etorra amne agus lucht na
cathrach. Mar do bátar tra sligthe salchae agus ard-bhóthair
imchomhga aimhréidhe ó Doua go Turnae, ní hinnill rug fer a
scríptha agus a fhaisnéissi so mess nó brethnughadh ar in región agus
ar in talmhain móir-thimchiol in prímh-róitt.



XXIX. Dia lúain an t-ochtmadh lá fichet don mí chétna
céimnigit assin gcathraigh sin. Bátor tra a mbaili bheag dhess
dhaingen, Aat a ainm, seacht léige ón gcathraigh remhráite.
Tig guibernóir in baili tar ballaighip amach i n-a gcomdháil
agus dia nglacadh chuicce go honórach airmhitneach. Do-dheachaidh
badéin a persain día ttreórugudh go a ttighthibh
ósta. Comhscaoílter uile ordanáss in baile mar onórachus agus
mar shupailcibh a ttoigeachtae. Tig féin go maithip an
bhaile dia n-áithreóss as a haithle. Taissealbhuiss a shupailche
co n-a dheig-inntinn dóip. San mbaili sin tra dorala Caiptín
Seón Blint a ngairessún. Buí go háilghen cennsa forffaoilidh
rompa san.



XXX. Ar n-a mhárach dhóip seacht léige ó Aat go Noutre


L. 42


Dam de Hauer. Ar in sligidh rompa gapait tria baile dhess buí
ria sunn a seilp rígh Franc a n-inbaidh in chocaidh do bheith
ann. Mar nach deachaidh cíoss an bhaile a ttorbha don rígh,
gabuis deich míle ar dá fichit míle ponnta ó dhiúc de Haura
ar bith-dílseacht an bhaile. Inginn a ainm. Tíaghait tra an
oidche sin go Noutre Dam. Fleachadh agus ferthain dermhair
aca seachnóin na sligedh.



XXXI. Ar n-a mhárach trá. 30. Octobriss ticc mac Uí Néill,
corenéil na nEirinnach, chuca go mbuidhin ndermhair ndeigh-innill
do chaiptínibh, do dhaoinibh uaissle do Spáinneachaibh
agas d'Eirinnchaibh agus do gach nasión archena dia
mbátor. Dia sathairn buí ar a gcinn táinic marcués Spinnala,
ard-general armála rígh na Spáinne a fFlonndrus, go n-imat
do dhaoinibh ro-onóracha chuca ó Bruxel. Dogní forffáilte
friú. Glacuiss chuicce go honórach iad. Do-rad cuiredh
dóip chom a medhóin laói ar n-a mhárach a mBruxel. Ro
aontaighset chuigi sin. Téid trá in marcéiss do shléchtaine
go hegluiss Muire búi ar comhghar dóip. Gar ier sin adchíd
secretáir in arsadiúc chuca dá iarraidh orra bheith a ffochair
in arsadiúc in luan buí ar a gcionn a Marimount, foraoiss
fiadaigh buí ag in arsadiúc naoí léige ón mbaili sin. Ar n-a
chlos sin don marcéss gabuis a ched. Léigiss tar a aiss go
Bruxeil é. Cuiriss chuca san ar maidin dia domhnaigh a
riachtanus a less cóistidhe agus eachraidhe as go raghdaoiss go
hinnill onórach do láthoir in arsadiúc.



XXXII. Ier n-éisteacht aiffrinn dia domnaigh in cethramadh
lá Nouembriss gluaissit na tigernaidhi a gcóistighip


L. 44


a ndaoine uaissle agus a lucht coimhideachta ar eachroidh.
Rángatar in lá sin go Neeuel cóic léige uaidhip, baile dess daingen
i n-a mbuí gairessún ón rígh. Guibernóir Spáinneach ba
huachtarán sa mbaili. Tig co n-a shaigdiúirip i n-a
gcomhdháil. Forffáiltighis friú. Ier ttoirling dóibh du-s-rad
eochracha in baile go hUa Néll. Diúltaiss O Néill na
heochracha. Dorad in guibernóir cuireth dóip chom a suipéir
an oidche sin. Ní ro aontaighset tra in cuiredh sin. corrigenda
Buí in guibernóir a ffochair Uí Néll an oidhche sin. Du-ss-
rad lucht ciúil agus múissice agus raingce i n-a choimhitecht. A
n-inbhaidh chodalta dóip cuiriss sarsen maior in baile d'ierroidh
focail na faire ar O Néll. Tug O Néill buideachus dó san.
Do íerr air féin an focal do thabairt uaidh mar dobeiredh gach
n-oidhche.



XXXIII. Gluaissit ar n-a mhárach, an guibernóir dia
gcoimhitecht tar tórainn in baili. Tiaghait go Bench cóic
léige uaidibh, airm a mbuí in t-arsadiúc. Tic diúc de Suna,
in secretari, Don Rodrico, maior dommo in arsadiúc,
go gcóistigip maithe agus go ndaoinibh uaisle onórachae i n-a
gcomhairrchiss. Fáiltighit a n-ainm in arsadiúc friú. Téid
in diúc badéin issin chóiste a mbátor. Ar ndol dóip don
mbaili toirlingit ag páláss in maior dommo. Bátar ann sealat
mar do buí in lá go ffleachadh ndermhair roimhe sin. Ro
cuiredh tra a lucht coimhitechta agus a n-eachradh a n-áitibh
comhnaidhe. Tiaghait as a haithle d'féchain séipéil in
arsadiúc.


L. 46


XXXIV. As sin dóip gusin páláss. Tigiss Infanta ingen
rígh na Spáinne agus in t-arsadiúc go dorus in páláiss i n-a
gcomhdháil. Glacuit chuca go ro-onórach airmitnech forffáilteach
degh-aightheach maille re cúirtissighip móra íad.
Beirit leó dia gcodal-tigh íad. Bátar sealat ag comrádh agus
ag coimhfhíerfaighe sgéul dieroile. Gabhait a gced. Eirgit
féin agus diúc de Sana agus diúc de Oumal agus mórán do dhaoinibh
uaissle oirrderca oile do dénomh a medhóin laoi. Gluaissit
as a haithle, cóistidhe agus aitherrach eachraidhe ó' n-alteiss
leó, go mbátar tar a n-ais an oidhche sin a Neeuel. Ní
nem-onóraighi-sa-chách fuaratar an oidhche sin oldáss an
chéd-oidhque.



XXXV. Ar n-a mhárach tra dóibh go Noutre Dam.
Oirissit ann an oidhche sin. A moch-dheghóil na maitne
léigit go Bruxel iat trí léige. Ticc corenél Francisco go
línmhairecht do chaiptínip Spáinneacha agus Eadáilleacha,
Eirennacha agus Flonndrusacha, i n-a gcomdháil amach assin
gcathraigh. Gluaissit uile tria shráidip oireghdha in baile go
rángatar dorass páláiss in marcéiss. Táinic in marcéiss féin
agus nunsiuss in pápa agus ambasadóir rígh na Spáinni agus diúc de
Suna dia nglacadh as a gcóistighip. Ier fforffáiltiugadh re
aroile go línmhar dóip tiaghait assa haithle ar halla in marcéiss.
Bátor sealat ag bríathar-chomrádh re aroile. Eirghit 'n-a
dheaghaidh gusin tteghduis i n-a ngnáthaigedh in marcéiss a
chuid do chaitheamh. An marcéiss badéin ba hé ro shuidigh
cách. Cuiriss O Néill i n-a shuidhe i n-a ionadh féin
a gcert-édan in búird, nunsius in pápa dia láimh dheiss, íerla
Tíre Conaill dia láimh chlí, clann Uí Néill agus Maguidir síoss
ón ierla, ambasadóir rígh na Spáinne agus diúc de Umaar ar in
taop oile síoss ón nunsius. Coimhlín in búird do dhaoinip
uaissle oirmhitnecha onóracha cenmothá sin, an marcéiss
badéin agus diúc de Suna ag fír-chionn in buird as comhair Uí
Néill. Ba lór a onóraighi agus a ró-chostusaighi ar bith, dia madh


L. 48


rí no-biadh ann, láin-fheabhus in medhóin laoi dorónsat.
Nír uo messa-sa chách in bangcéd. Do taispenadh pláta óir
agus airgit astigh nár uo himnáir do rígh nó prinnsa sa crístaighecht
do bheith aige. Bátor sealat ag conuersáit agus ag áines bhríathar.
Gabhait a gcet maille re buidhechus do thabairt dia chéile.
Léigit tar aiss an oidhche sin go Noutre Dam iad.



XXXVI. Baile beg édaingen édlúith in baile sin, acht
chena nír toghladh agus nír gapadh go haimhdeónach ríamh re
náimhdib é. Ní do nert lámh nó do línmhairecht sochraide
nó do daingne ballaidhi dorala sin, acht fiodhair agus pictúir agus
dealbh Muire mírbhailighi atá a n-egluiss Muire sa mbaili
doghní ilimat fert agus mírbal chom a ttigit ilmílte do na regiónoibh
comhfhoixe dia n-oilithre d'adhradh agus d'edorguidhe
naemh-Muire óighe. Feacht n-aon ro chuir Gramuiriss agus
scristóiridhe na heguilsi catoilce léiger ar in mpaile sin. Na
canóin riaghalta gusin ordanáss mór ro sgaoiltidhe friss. Is
amhloidh tógaibhthe do na náimhdip bean uassal go n-édaigip
glé-glana, naipicín gléigeal in-a dess-láimh sí n-a sessomh ar
in mballa i n-a ffrithchétfaidh. Ro-ss-gap issin naipicín
ina huile peiléir ru-s-caithedh frissin mbaili gan cumhsgugadh
cloch gan brissedh balla gan marbadh duine. Ro léigedh
síoss go cennuiss áilghen ar in taep astigh don bhalla na peiléir
ar in talmhain assin naipicín. Mairit fóss go marthanach
issin reiccléss a fforaithmhet na mór-mírbal. Ní mar
neach nemh-láidir trá do mesfaidhe in fer do thóigébadh én-pelér
amháin ó thalmhain díbh. Tógbhait na náimhde ón
mbaili mar doconnarcatar na móir-fherta. Gach línmhaireacht
aimsire riemh ro shuidhset náimhde i n-a thimchiol
táinic a chosnam go mírbhaileach do grássoibh Dé agus naomh-Muire
óighe. On pictúir agus ón imháidh sin amháin sloinnter
agus ainmnigther an baile agus is bladh bheg sin d'ingantus a
móir-mírbal.


L. 50


XXXVII. A n-aimsir an léigir adupramar do bheith ag
Graumoreiss ar in mbaili adbeart aroile caiptín díomsach
dia muinntir tré bhogássaigh urlapra agus tré dhánacht glóir
fhochuidmidh agus fhanamhait go raghadh féin asteach san
egluiss agus go mbenfadh a lámh don imháidh, ós dá mírbailibh
buí an baile dia imchosnamh. Gar ier sin éirghis deabaidh agus
dechétfaid eidir shlóghaip in bhaile agus in námhait. Eirgiss
in caiptín remhráite go mbrígh agus go mborrfadh n-adhbal-mór
a gcoma cháich ar in troid. Bentar a dhí láimh de. Ro
gabadh é badéin. Admhaiss chena a ffiadhnuissi na himháidhe
agus in popail gur chan in méide sin d'uabhar-bhriathraibh
mí-tharbhacha. Atáit in dí láimh re a ttaispenadh
go follus issin reclés.



XXXVIII. Gar ier sin issedh ro taisspenadh do Graumuiriss
ar foláiremh aingil na cléláimhe cainneal ba lór métt
sa doman do chor da himdénomh, a lán púdair do bheith a
n-inmhedhón na coinnle, imdénomh cíera ar in taep amoigh.
Cuiriss tré chúiss cheilcce teachtaireacht go huachtarán na
na sic heguilsi. Adbeart gur gap aithmhéle agus aithreachus
dermhair é 'mun iarroidh sin do thabairt ar in reclés onórach i
n-a mbuí an imháidh mhór-mhírbailech, gur chuir lóchrann
ciera a gcomartha aithreachuiss agus leapar-gnímha dia saighidh.
Ro íarr a n-impidhe agus a n-athchuingidh an lóchrann do bheith
ar comhlassadh do ló agus d'oidche a ffiadhnuissi na himháidhe
go forcionn a thochaithmhe, ier sin tra go gcuirfedh lóchrann
oile i n-a ionadh. Deimhin leis sen tra madh dia
loisgthe in lóchrann go roichedh in púdar, ier gcomhlassadh
don púdar, go mbrissfidhe agus go loiscfide in egluis co n-a mbiadh
innte, go tticfadh losgadh agus milledh in baile dessidhe.
Gapuiss in t-uachtarán agus in chlíar an teachtaireacht go messarrdha
iomqubaidh chuca. Adhnait agus comhlassait in lóchrann
a ffrithchédfaidh agus a ffiadhnuissi na himháidhe.



XXXIX. Ar mbeith aimsir áirigthe mar sin go ttáinic a
gcomhfhoccus agus a n-imfhoixe don áit i n-a mbuí in púdar,


L. 52


aroile oidhche, ier n-íadhadh agus ier gcomhdhúnadh uile dhorass
na heguilsi, timchiol mhedhóin oidhche do shonnradh, benait
cluig agus ceóláin na heguilsi go mírbaileach uaidhip féin go gclos
fon mbaile uile íad. La sodhain tra éirghit in chlier agus muinnter
an baile a gcétóir. Ar ndol dóip go dorass in recléssae dogeibhit
na doirrsi foriadhta ar a gcionn. Ticc in t-aistreóir
gussna heochrachaibh. Tiaghait astech assa haithle. Fuaratar
in lóchrann ar lassadh a ffiadhnuissi na himháidhe agus na
cluig ag comhmbuain. Ba machtnadh agus ba hingantus dermhair
leó.



XL. Smuainit agus tuigit ier sin gur go mírbhaileach forcaomhnagair
in chúiss agus in chaingen. Léicit ar a nglúinip iatt. Gapsat ag
aithrighi agus ag urnaighthe agus ag etorghuidhe naemh-Muire óige
a ffrithchétfaidh na himáidhe. Ar mbeith treimhsi agus selat fon
samhla sin dóibh, a n-inbaidh in lóchrainn do chomhloscad
gusin púdar, mar ná ro thuigset in popal rúndiemhoir na
mór-mhírbal, síniss a láimh gusin lóchrann. Ódchonnairc uachtarán
na heguilsi sin du-s-rad aithne gur do bíthin adhgaill agus
urchóide do beith sa lóchrann ro sínedh in lámh agus ro bensat na
cluicc. La sodain tra íermúchaidh in lóchrann. Sochtait na cluig
a gcétóir. Comhthairrngit in chlier rann-chuid beg don maiste
ro buí a gcert-lár in lóchrainn. Airighit boltanugadh an púdair.
Sgaoilit begán don lóchrann. Ba hamhloidh forcaomnagoir nach roipe
leth-ordlach amháin gan chaithemh agus gan chomloscadh de
gusin áit i n-a rapatar suim áirigthe do bairillighip púdair ar
n-a gcomhshuidhiugadh sa lóchrann. Atá immorro in lóchrann
cétna gusin púdar gcealgach re a thaispenadh aniú go
follus a fforaithmet na mór-mhírbal.



XLI. Dia haoine, in nómadh lá Nouembriss, gluaissis O Néill
agus in t-ierla gussna maithip bátar maille riú as Noetor
Daam. Bátor an oidhche sin a prímh-chathraigh oirrdirc
oireghdha, Louáine a hainm, secht léige. Buí O Néill a ttigh
óstae dar comhainm tegh an impire, an t-ierla a ttigh oile.
Oirisit tra fon innus sin go cionn deich lá. Ier sin tic Sir
Uuilliem Stanlui, senridire saigdiúirthe Saxanach buí a


L. 54


seirbhíss rígh na Spáinne, go morán do dhaoinibh uaisle dia
fféchain agus ar cuairt chuca. Ro glacsat assa haithle cúpla páláss
onórach issin gcathroigh ar gné chíossae a fforcionn gacha
míossa.



XLII. Dia domhnaigh do shonnradh in cóicedh lá fichet
Nouembris tochomhláid na maithe si, deichnemhor ar fichit
marcach dóip. Ba háil leó dol don Spáinn. Ro fhagoipset
a mná uaissle agus drong oile dia lucht coimhitechta a Louáin.
Fuaratar tra ar a gcionn a Sídona trúp marcshlaighi an arsadiúc
dia ro herbadh dol dia ttidhlacadh. Bátar an oidhche
sin a ndorp bheg, Puruue a ainm, sé léige do droich-shligidh
gránna.



XLIII. Ar n-a mhárach dóip a fflichshneachta dhermhair
go Namures trí léige. Ar ndol asteach issin gcathraigh dóibh
beiriss post ó Bruxel go letreadchoibh ón arsadiúc orra dia
fhógra dóip gan ascnamh ní badh sía go breith aitherraigh
direxioin orra agus térnódh tar aiss aríss go Louáine. Léicit sen
in dara post gusin arsadiúc ar go ffesdiss fáth a ttoirmeisc.
Bahé ordugadh fuaratar filledh go Louáin. Do-gnít amhloidh.
A ffritheing na conaire dóip sé léige go baile beg dar comhainm
Uafer. Ní mór immorro nach roibhe gné imfhaitchis agus
choimhegla orra an oidhche sin do bíthin édaingne an baile agus
in námhait, armáil Graumores, a n-imfhoixe agus a gcomhghar
dóip. Ar n-a mhárach tra in nómadh lá fichet Nouembriss,
dia dardaoin ar aoi laithe sechtmaine, go Louáin dóibh sé


L. 56


léige. Airissit agus comhnaighit o a Louáin gusin ochtmadh
lá fichet Februaríí buí ar a gcionn.



XLIV. Ro buí immorro sneachta adpal-mór agus oighreadh
frissin ré sin ann as go nimtheóchdiss eachradh agus cóistidhe agus
uaigínide uile locha, aibhne agus ruibéir in tíre. Do grássoip
Dé ro roichedh la hordaibh riagalta na heguilsi a gcúrsa
aiffrenn, tráth agus senmór agus ernaigthe do dénomh isna heguilsip.
Aroile athair Eirennach d'ord Sanct Pronséiss, Diermait Ó
Conchubair, ó Chiennacht Ghlinne geimin, ro inniss a ffiadhnuissi
Uí Néill gur fhulaing an urdail sin d'fuacht in comhfhad
buí ag celibhradh in aiffrinn móir issin mainistir gur shilset
páirt dia mhéoraibh frassa fola.



XLV. Baoi leac oigridh adpal ar ruibér Anuerp. Ba
gnáth re lucht na cathrach dol gacha laithe do chaithemh
aimsire agus d'finnfhuaradh a n-aigenta ar in leic. Laithe
n-áon dia ndeachatar go línmhar dronga aca ag caithemh bídh agus
dighe, ag reapradh agus ag raingce, teighiss in leac ó aidhbhle agus
ó línmhaire na ndaoine agus ro-ss-léic béiceadh adpol-mhór ós


L. 58


áird. La sodhain tra tic gné imdheghla agus eidirdealoighthe
eidir sí agus in tír. Mar fuair in ruibér ro-láidir an comhtuitim
sin san leic, agus í ar scaradh frissin tír, gluaississ leiss í co
n-a roibhe ag marcaighecht uirre. An lucht ro buí ag fastaeim, ag
áiness agus ag aoipness roimhe sin, ní mór nár uo toltanaighe leó
beith astigh go comhnaigtheach a gcert-mhedhón na cathrach ináss
beith ar in seóltóracht sin, bídh nach beittiss a n-aighthe ar in
sen-fhairrgi ar a gcomhghar. Eighit agus gáirit. La sodain in
lucht bátar ar tír, cuirit méid áirighthe do chórdoibh
cnáipe agus do refedhoibh agus do pícidhip chuca. Ba toil la Dia
go rángatar anacal agus tairrtheachtain acht cóic persana amháin.



XLVI. Bátor na maithe si tra a Louáin a n-aimsir na
notlac buí ar a gcionn maille re menmain maith agus re degh-
caithemh aimsire, mar is onóraighe chostusaighi ba héittir
leó. Ticdiss tra maithe na cathrach d'ilghairdiugadh
inntinne dóip go n-ilimat d'innstrumeinntibh ciúil agus múissice,
do lucht raingce agus clessaigheachta. Daóine úaisle Spáinneacha
bátar sa gcathraig, ba gnáth leó beith ag imthathaigidh
orra.



XLVII. Rucatar scéla as Bruxel orra gur cuiredh Corbmac
mhac an barúin, derbráthair Uí Néill, go Saxoip, a chor a
mbraighdeanus a ttur Lonndan, tigerna Beinne hEttoir agus
barún Dealpna a láimh a gcaislén in rígh a mBaili Atha Cliath,
fós gur marpadh Mag Mathgamhna a nEirinn le guibernóir


L. 60


Saxanach buí a Muineachán in uair sin, baile longpuirt Meg
Mhathghamhna badéin. Go gar assa haithle rug orra gor
cuiredh Brían O Néill, mhac Airt mheic in bharúin, chom
báiss le Sar Artuir Sitsetsar, giústíss na hEirenn. Bíth nár uo
ro-mhaith fuair in giústíss in básugadh sin re a dénomh, araoi
sin tra ba neimh-ingnadh ainchridhe agus aingidecht inntinne
do beith aige don Brían sin, óir is meinic ro dhísligh féin co
n-a shlóghaibh na slinnéin dó in airet bátar araon a gcomh-
chomharsnacht cocaidh a tTrían Congail Chláireinigh mic
Rughraidhe, agus do bhen a chrecha agus a airccthe de go lán-
marbadh a dhaóine. Ro chuirsetar tra ina huile droch-scéla
sa gné doimenman ar na maithib si, acht chena tucsat altugadh
buideachuiss don trínóit nemhdha um gach éin-chinnemhain
no theigémadh dhóip. Gar ier sin fuaratar scéla ba maith
leó .i. Mag Mathgamna do mharthain.



XLVIII. Lá na hEpefane i n-a deghaidh a n-inbaidh agus a
n-aimsir mhedóin laoi ier n-éistecht aiffrinn isna heguilsibh
éirghit lucht aittreptha na cathrach dia ttighthibh agus
dia tteghduissip. Tarla do beirt saighdiúir d'áirighthe go
ndechator astech i n-aroile egluis naem-Muire óige.
Forcaomhnagoir tra delb agus imháidh Muire go ffiodhair a meic
i n-a hucht forsan altóir, coróin mór-lóig derscnaigthe
dealraighthech


L. 62


deiligte derg-óir forsan deilp Muire, aroile for
delb in meic. Ba headh immorro ro chomairligh in diapal
dóib sen dealb Muire agus a meic do chomshárugadh agus do dérach
'mun dí choróin agus a léiccen gussin fFrainc assa haithle. Ar
ccinneadh na droch-comairle éirghiss in dara fer suass
forsan altóir. Ro-ss-ben go mí-thrócairech mí-chinnemnach
a coróin do deilb Muire. Du-s-rat a láim in dala n-ae. Síniss
a láimh gusin lenom, óir ba háil laiss a choróin do buain de.
Cuiris tra in lenb a láimh badéin a gcert-agaidh a láimhe sen
d'imchosnamh a choróine. Bidgaiss agus crithnaigiss in droch-
duine. Gabuis gné aithméle ge nár uo haithrechus fírinnech.
Léigit assin egluiss iad. Eirgit go tigh ósta áirigti issin
gcathraigh. Ier ndénom a medhóin laoi nochtait páirt don
scél do beirt ban buí issin tigh. Assin gcathraigh dóib assa
haithle. Ascnait ierom for sligidh na Fraingce. O aimsir
medhóin laoi go comhthuitim na hoidche dóibh ag comhaister
agus ag sír-shiopal agus ótha sin go moch-shoillsi na maitne. Ar n-a
mhárach gapsat fordal agus merugad sechnóin na hoidche.



XLIX. Ar ttoigheacht immorro don cléir gusin egluiss
deóigh laoi ba hesbadhach aithmélach imnáir leó mar rángatar
in delbh Muire gan choróin eidir. Ní fhitirset tra créd
dodéndiss. In dís sin ro goid in choróin do sonnradh, ier
mbeith ar comhaister dóip ó medhón laói go maidin, is
amhloidh fuaratar iad araon astigh a n-egluiss Muire ag
soillsiugadh don ló. Ar toigheacht do díss do mhac-cléirchip
áirigthe isin reclés a moch-dheghóil na maitne ro-s-fuaratar
in beirt saighdiúir remráiti astig go gcoróin Muire
fo oxail in dala n-ae. Dobheredh ierraidh meinic ar a himfholach
fo n-a brat. Ní roibi tra sin ar comus dó. La
sodain timairgit agus comchruinnigit clier na heguilsi go gcomarsnachaibh
comfoixe na cathrach. Ráinic a coróin gusin
deilb Muire. Ergapthor in díss amne. Oirrdercaigther in
scél mírbaileach sechnóin na cathrach. Ro-s-adaimhset
immorro in dís sin a móir-fhiadhnuissi chille agus tuaithe na
cathrach amoil tarla dóib ó thúss go deiredh. Ní thucsat
claonadh nó clethramh ar bith don scél acht mar atá i n-ar


L. 64


ndíaigh, fóss go roipe gné do sceloib in sceóil ag na mnáib
remráitte. Nír cuiredh tra pennait nó docomal ar doman
orra in airet bátar ag dénomh na hadmhála so acht uile-innissin
in sceóil ó n-a ttoil badéin. Téit fioss na móir-mírbal
go Bruxel agus go prímh-chathrachaibh oirrderca na
ríghachta. Iar sin tra ticc ordugad ón arsadiúc go guibernóir
na cathrach fon dís sin do chrochadh. Dorónad samhloidh.
Ro nochtadh na mná as a haithle agus nír gapadh comha no
cennach dár thairccset gan a ngéir-sgiúrsadh go himnáir
aithmélach seachnóin na sráide agus móir-thimchell in mhargaidh
móir.



L. An t-ochtmadh lá Februarii 1608 ticc gné fhleachaidh
agus fherthana issin aimsir. Gluaissis méide éiccin tuile isna
mionaib ge nár brissetair leaca oigridh na prímhabhann. An
ruibér gabus go Louáine buí bengán beg ar n-a chomh-tharraing
ar in taep amoigh do na ballaighibh agus a n-imfhoixe
don dí pálás a mbátor na tigernaidhe. Buí glaissín beg-
shrotha ba lór laighet ar doman ag dol gusin mbengán
remhráiti, é ag céimniugadh óta gáirdín ro buí eidir
in dá páláss. Aroile fer do muinntir in ierla buí ag dol re
toisc éiccin gusin pálás i n-a roibhe O Néill, adchí bradán
ro-mhór a poll beg tabhuill buí forsan nglaissín. Tairrngidh
arm a gcétóir. Marpuiss in bradán. Rug leiss do láthoir
in ierla. Tic assin do láthuir Uí Néill. Tángator tra in
méide ba himfhoixe dóip do mhaithip na cathrach d'féchain
in bradáin. Ingantach leó a roi-mhéd agus a fagbáil mar a
ffríth. Adupratar nach ffacatar féin in gcéin bátor i n-a
mbethaidh agus nach gcualator ó a seinnseroip rompa go ffríth
bradán ar ruibér Louáin nó ar in mbengán sin d'áirigthi
roimhe sin ríemh.



LI. Bátor tra na maithe si a Louáin gussin ochtmhadh
lá dég don mí chétna. Eirgit ier sin go Maiclín, prímh-chathoir
oirrderc do prouensi Flonndruis. Ier ndénomh
a meadhóin laoi a ffochair Sar Uuilliam Stanlui léigit tar
abhainn móir téid ó Bruxel go Hanuorp iad. Oirisit an
oidche sin a mbaili beag ro-baoi a gcomhfochraibh na


L. 66


habhann. Maiclín dono cathoir oirrderc is lór métt ar n-a
comhshuidiugadh a nglionn ro-aoibhinn. Roi-dhes a tighthi
agus a tegduisidhi deg-dénmacha. Ruibér is lór métt agus feabhus
triasan gcathroigh, é ar n-a chomhroinn agus ar n-a tharraing
tré uile shráidibh in baili, go n-imat droichet, go mbádoib
línmhara. Prím-thempall ro-mhór a gcert-meadhón na
cathrach 's é ar n-a imdénomh agus ar n-a oibriugadh go ro-shaothrach
deig-feruistighi, go n-altóiribh peinntélta dealraigthecha
degh-ímháidheacha gusin gclocáss is aidbhle agus is
airde a fformhór na crístaigheachta. Fert agus adhnacal naóimh
Eirennaigh isin egluis sin. Do-rinne Día ilimat fert agus mírbal
trítt. Ba mac do rígh Eirenn é. Ro-mhór airmhitnigit agus
adhamraighit lucht na cathrach tomba agus fidhair in naoimh
sin do bíthin oirrderca na mírbal do-rinni Dia tríd. Lóchrainn
lasamla chiera ós a chenn d'oidchi agus do ló go seruís Dé
go síorraidhe. Atá ospitél ar mhaithip in domain
isin chathraig i n-a ngapthor gach én-duine galraighthe don
uile nasión ar costus rígh na Spáinni.



LII. Ar n-a mhárach dóib go Hanuerp. Ar in sligidh
rompa gabait tar ruibér ro-mór tic ó Gant. Leac oigridh
adbal-mhór ar in ruipér. Beirit a n-eachroidh ar ardadhnoibh
leó go methón in tsrotha ar in leic. Cuirit ainnséin a mbátoib
íad do chéidhe oighridh, 'n-a mhac samhla a ttír don taobh
araill. Rángator fort atá as urchomhair chathrach Anuerp,
Cenn Flonndruiss a chomhainm. Fágaibset ann a n-eachroidh.
Dodeachator badéin a mbáttoibh gusin gcathraigh.
Ier ngabáil tighi ósta éirgit d'faixin chaisléin Anueirp.
Mesait agus brethnaigit cách go ffuil in caislén sin i n-a méide
féin ar oibreachoip lán-daingne na crístaigeachta. An ruibér
ar n-a chomhtharraing i n-a móir-thimchioll. Mile Spáinneach
go sírraidhe d'oidche agus do ló ag a bhárdacht go ro-imat
canón riaghalta agus ordanáiss móir gusin uile chomghar agus
ríachtanas ricit a les. Eagluis roi-dess aca astigh. Dá gunna


L. 68


móra práiss 's íat ar n-a suidiugadh go hártt, sé troigthe dég
ar fichit in gach gunna. Ní mór nach gcuirit trí léige d'athchor
a pelér, mar aithrisit in uárda. Ní léicit nasión ar bith
oile d'féchain nó do brethnugadh na hoibre acht Spáinneach
nó Eirennach amháin.



LIII. Céimnigit ier sin timchuairt bhallaidhi in baile.
Ge nach sét samhla tra re daingne in chaisléin in balla, ar aói
sin atá a gcosmhailes, óir atáit cóic troighthi fichet a ttighi
a mhúir agus a thairimtheachta gan an caislén ochta do chomhairem
go ro-imat do sconsaigip is lór lán-daingne 'sa doman, iad féin
ag coimhétt dia chéile. Díog móir-lethan timchell in balla.
O aidple na leice oigridh ní fhettamar a doimhne. Ge tharla
gur fhóbair go tteigémadh sgiúrsad urchóidech do lucht na
cathrach ar in leic oigridh go gar roimhe sin, amhoil
atá i n-ar ndíaigh, bátor tra timchiol fiche míle persa in tan
sin ag reabradh ag raingce a n-éinfheacht uirre. Go
haimsir esparta do na maithip si ag déxain na cathrach. As
a haithle tiaghait dia lóistínibh.



LIV. Ar maitin ar n-a mhárach éirghit ar cuairt gusin
gcoláiste Eirennach buí issin gcathraigh. Ba roi-dhes teghduis-
línmhar go scoláirip imdha in coláiste sin tra. Eistid
aiffrenn onórach canntairechta go n-orgánoib comhmbinne
ceólmhara go n-imat d'innstrumainntib múisice agus gach
oirfitidh archena. Petarca, duine uassal onórach do threip na
Spáinne, buí ós cionn in choláiste. Nír gap uaidip gan bangcéd
onórach do chaithemh maille fris. Ruc leiss iad as a haithle
d'faixin a thighi badéin. Du-s-rad d'Ua Néill agus don
íerla dá ímháidh Muire óighe neoch do-rónadh don chrann oirrderc
i n-a ffríth in dealp Muire mhírbhaileach dár comhainm
Noutre Daam do Buaiss ru-s-fríth go gar roimhe sin agus
shlánaighes go línmhar laithemail, do mór-grásoib Dé agus
Naemh-Muire, lucht treabhlaite galoir agus essláinte. Eirghit
d'féchain tighi agus gárdín in bourgomáigistir, ard-oifficigh
in baile. Ba roi-dhess aoibinn in taispénadh sin co n-imat


L. 70


do delbhoip agus pictúiribh apsal naemh agus firén ier n-a
n-imdénomh do marmar glé-glan. Assidhe gussin dú i n-a
ndingentaidhe na gloinidhe. Examail ingantach inntlechtach
innus agus cruth mar do-rónadh agus mar do hullmaigedh ó
thús in teine a ndéntar iad. Buí ar comhlassadh go sírraidhe
d'oidche agus do ló fri ré én-bliadna dég roimhe sin. Madh
dia ndeachadh scur nó cosc ar a hadhnadh agus ar a comhlassadh
én-uair amháin, ní lugha-sa-chách nó cúic
céd pon do caithfidhi re n-a cor suas an athhúair
sol ticfadh én-ghloine amháin ullamh este. As sin
dóib go státúss ro-onórach buí a gcert-mhedhón na cathrach.
Ba roi-dhess daingen dess deig-dénmach in tegh sin, acht do
bíthin in chocaidh buí ann in tan sin, ní roibhe tathaighe air.
Eirghit go tegh oile ro-oirrderc dár comhainm gestús. Atáit
tra seomraidhe codalta go tteghduissip tomhaltuiss ag gach
traibhléraidhe d'uile naisión sa chrístaigecht urdhalta san tigh
sin. Cathair Anuuoirp immorro i n-a méide badéin ar
chathrachoip saidpre dessa daingne dí-thoghluaide
degh-fhoirgenta na crístaigheachta, go ruibér ro-aoibhinn, go
gcomhghar mara agass tíre i n-a himfhoixe.



LV. Ascnait assin gcathraigh tar éiss mhedhóin laoi trí
léige. Riccit ruibér Gant. Eirgit go baile beg ar brú in
ruibéir i n-a ffuil caislén daingen ag in rígh. Céd saigdiúir
go sírraidhe dia bhárdacht. Milbruc a ainm. Ar n-a mhárach
dóib go Filfort, baile ro-dhaingen i n-a ffuil caislén láidir
ag in arsdiúc. Gach aon d'uaisslip an tíre atruilles dia mí-
ghnímharthaibh badéin báss d'fagháil do-geip mar chúiss
impidhe agus onórachuisss gan báss fiadhnach nó follus a ffiadhnuisi
cáich d'fagháil, tochuirter iatt gusin gcaislén gcétna
sin. Faoí Dia acht in guibernóir ní himda persa ar talmain
is fessach créd an oigedh nó in báss geipit, acht ní thérnoíghit
tar aiss amach go bráth.



LVI. Eirgit in lá sin badéin go Louáine gussin prímh-chathraigh
n-oirrdirc n-arsanta. Comhfhairsing a ttimchúairt
a ballaidhi. Rannchuid di bán gan aittreabadh nó inotacht,
sí des degh-fhoirgenta, go ro-imat tempall agus mainistrech,


L. 72


go línmhaireacht ord agus degh-sheruíssi Dé. Tempall
Petair a gcert-lár in baili ar n-a dénomh agus ar n-a oibriugadh go
ro-mhaith go ndeilbh ndeiligthe ndealraigthigh Muire óige do-gní
go follus laithemail imat fert agus mírbal, go leith-chéd altóir
onórach go pictúirip peinntélta, seiruíss Dé go sírraidhe
for gach n-altóir díop. Míle beg ón gcathraigh cúirt roi-dhess
ag diúc de Ascot, sí ar n-a himdénomh agus ar n-a hoibriugadh
go ro-shaothrach mór-chostuiss, go ruibér ro-mhaith ag a
timchiolladh, go ngáirdínip deigh-dénmhacha inntleachtacha
uisgemhla. Sépél ro-onórach ar dheissi in domain ar n-a
chomdach lesin diúc badéin as urchomhair na cúirte i n-a
ffuil pictúir, stair agus tomba in diúc, go starthachaibh agus go
pictúirip a sheinnser roimhe ó Adhamh anuass. Ar ruibhér na
cúirte cétna sin muilionn ro-inntleachtach do-ghní a n-éinfheacht
bleith in arbha agus sgoltadh in adhmaid gan lámh-chongnamh
ar doman acht a oifficech dia dírgadh i n-a aignedh
cóir.



LVII. Día dardaóin do shonnradh in t-ochtmadh lá
fiched Februarii 1608 triallait na maithe si gus in Edáill, dá
fher dég ar fichit dóip ar eachraidh. Cóiste ag a mnáip
uaissle. Fágbhaitt díss mac Uí Néill, Seán agus Brian, an barún
mac in ierla, agus Aodh mac Cathbharr, O Coinne agus Seáan O
Hágáin agus drong oile dá ndaoinibh uaissle agus día lucht
lenamhna a fFlonndrus a ffochair in chorenéil.



LVIII. Bátor an oidhche sin tra a mbaile dier comhainm
Uuafer ceithre léige ó Louáin, trúp marcshlaighi in arsadiúc


L. 74


dia gcoimhiteacht agus dia ttiodhlacadh. Ar n-a mhárach
dóibh sé léige do dhroichshligidh gránna go Namures.
Oirissit ann an oidhche sin. Táinic tra guibernóir na cathrach
línmaireacht do dhaoinibh maithe d'forffáiltiugadh
friú agus dia nglacadh chuca go hiomchubaidh onórach. Cuiriss
cuideachta go leith saighdiúir dia ttiodhlacadh ar n-a mhárach
d'imegla námat día rochtain. Fo bhíthin aimhréidhe
uiscemhla na sligheadh rompa fágbhait a gcóiste sa gcathraigh
sin. Cuirit a gcailleacha ar eachroidh. Gabhuiss
in corenél co n-a lucht coimhideachta a gced friú annsin.



LIX. Cruinn-chathoir dhess dhaingen dheghfhoirgenta in
baile sin go tteghduissip ro-maithi deig-dénta ar n-a suidhiugadh
a nglionn ro-aoibhinn. Ruibhér ro-mhaith ar n-a
chomhtharroing agus ar n-a chomroinn go línmhar thríthe, go
n-imat droichet, go mbádoip línmhara. Caisslén ro-láidir
ag rígh na Spáinne ar foradh-chnoc ard aoipinn uas an gcathraigh
ag a ffuil commanndar, cennus agus uachtaránacht ar in
mbaili uile, go marcshlaigh móir go saigdiúirip línmhara go
sírraidhe.



LX. As sin dóibh go Mars ocht léige. Tigit saigdiúiridhe
in baili i n-a gcomhairrchiss léige ón mbaili. Bátor ann an
oidhche sin. Baile beag daingen i n-a ffuil fort ag an rígh go
sochraide láidir in baile sin tra.



LXI. Ar n-a mhárach día domhnaigh .2. Martii sé léige
dóip go baile dar comhainm Bastoinn. Ní rángatar a less
tiodhlacadh in lá sin. As sin dóip sé léige go Harlon, baile
gapus lessin rígh.



LXII. Ar n-a mhárach dia máirt go baile le diúc de
Loréne ceithri léige. Bator conuaidh leó gonuigi sin. Annsin
chomraicess agus etorscaruss ferann in ríg agus duthaigh diúc
de Loréine re aroile. Fort ro-dhaingen ar n-a imdénamh lessin
diúc sa mbaili sin go mbárdoip láidire línmhara d'imdheghoil


L. 76


agus d'imchosnamh tóronna a thíre ar chomharsnachaibh.
Ní mór immorro léigther d'féchain nó do brethnugadh
in daingin sin amháin. Ba ro-olc aimhréidh uisgemoil
na slighthe ó Namures gussin dú sin, go gcoilltip imdha, go
tteirce n-aittrebadh. Eirgit in lá cétna sin dá léigi go baile
dar comhainm Feilirs.



LXIII. Ar n-a mhárach dóip secht léige go baile posta
dar comhainm Malatur. Gabhait in lá cétna sin tria
baile roi-dhess Countflaune. Buí ruibér ro-docomhlach go
ttuile ro-láidir ar a roibhi droichet tríd. Fuair an t-athair
Tomáss Strong agus Magbethadh contabhairt báitte ar in ruibér
sin, óir ro trascradh a each fo gach aon aca. Ba héiccen dóip
gan a snámh do dhermat.



LXIV. As sin dóip cóic léige go Pontemountson, baile
láidir dess le diúc Lorén i n-a ffuil páláss ro-mhaith ag in
diúc. Oirissit ann dá oidche. Léicit daoine rompa gussin diúc
dia fhoillsiugadh go roipe a ttriall chuigi. Ruibér ro-oirrderc
triassan mbaili go ndroichet is lór feabhas, caislén
ro-daingen go mbárdoip línmhara ar cnoc ard uassa, agus is
uaidh ainmnigter in baile.



LXV. Céimnigit as sin ar in taop chlé don ruibér trí léige,
a mbáttoip ier sin tar in ruibér. Eirgit go Nancside dá léige,
prímh-chathoir in diúc badéin. Ba ro-aoibhinn éxamail in


L. 78


talomh tria ar gapsat in lá sin go línmhairecht ffínemhna agus
cruithneachta, go gcoilltip mes-torthacha, go n-imat n-aittreabadh.
Timchiol dá léige ón gcathraigh ar foradh-chnoc
ard aoipinn caislén ro-dhaingen go mbárdoip línmhara. Ann
bíd clann in diúc ag a ttegusc agus ag á ttapairt suass a n-inbaidh
a n-aóide. Cuiriss tra in diúc cóistide agus daoine uaisle i n-a
gcomhdháil sealat ón chúirt. Ier ttoirling dóip tic stíbhard
in diúc dia ttochuiredh gusin páláss mór. Gapait a leith-scél
do bíthin a n-aisstir an oidhche sin. Ier n-éistecht aiffrinn
ar n-a mhárach tic in fer cétna go gcóistigib maithi i n-a
gcomhairrchis. Eirgit ier sin don páláss. Bátor ag sibal agus
ag spaisteóracht a ngalari ba lór métt agus feabhus agus deissi sa
doman in comhfhat buí in diúc issin eagluiss ag éistecht
aiffrinn. Ticis in diúc ón egluiss as a haithle. E féin a
n-édach imchubhaidh. Drong dia dhaoinip uaisle ag
comhrádh friss. A dhíss mac i n-a deghoidh. Gárda roi-dhess.
Páitside línmara ar gach taop de. Ar ndol dá halla
cuiriss tigernaidhi móra i n-a gcoinne sen. Téighit dia láthoir.
Glacuis chuicce go honórach forffáilidh iat, a chlann mar an
gcétna. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áines bhriathar re
aroile. As a haithle suidit ar a medhón laoi. Seiser dóib, an diúc
co n-a díss mac, O Néill, in t-iarla agus in barún. Imat
do daoinib uaisle ro-onóracha ag feithemh orra. Beiris leis
dia sheomra codalta i n-a deghaidh iad. Bátar ann sealat.
Gabuit a gced. Eirgit dia lóistínibh. Ierla ba hard-stíuartt
don diúc i n-a gcoimhitecht. Fógrais a péin móir gan ór nó
airget do glacadh uaidip in airett no-beittiss issin chathraigh,
acht a n-uile chosstus frisin ré sin do beith ar in diúc.



LXVI. Prímh-chathair oirrderc oireghdha ar dhaingne
láidire daoineachaire na región gcomhfhocus in chathair-si.
Díog ro-domain móir-timchell a balla. Trí gepta ar druim
a chéile go ngárda línmhar. Ceithri slata dég a ttighi in balla
gan in caisslén ochta do chomhairiomh. Ar in táob uo dess
don chathraigh cúirt derscnaighthech degh-oibrigthi ag a cor
suass lesin diúc, go ndá páláss ro-onóracha ar n-a suidiugadh
go hinntleachtach. Baile mór ar n-a thógbáil móirthimchell


L. 80


na nua-chúirte sin comchengailte risin sen-chathraigh. Dá
thempall roi-dhessa, coláiste costusach, mainistir ro-mhaith
go gcoimhthinól capusínech ar n-a gcor suas lesin diúc a
n-imfhoixe na nua-chathrach. Sa sen-chathraig badéin imat
do reclésoip roi-dhesa, tempall díp i n-a ffuil in ceathramadh
rann do chorp Sanct Seóirsi ier n-a chomdach go ro-onórach
airmitneach a gcomhraid airgit go n-imat gcloch lonnradhach.
Sen-páláss ro-mhór roi-dhess ag in diúc uodhéin
isin gcathraigh go ngaleri is lór feabhus go tteghdhuissip
línmhara lóghmhara mór-dhaoineachoire. Teinis-cúirt ro-mhaith
i n-a mbítt clann in diúc go ndaoinibh uaisle ar comhgar
seomra codalta in diúc i n-a mbí faircsin agus radharc reabhraidh
agus cluithide na ndaoine uassal aige. Stápla lán-fhota go n-imat
gcruinn-each roi-dess nár uo mór isin chúirt as urchomhair in
páláiss. Pláss i n-a mbít marcshlach agus daoine uaisle ag
giústáil agus ag marcaigheacht, ag comhmbrissedh lannsaidhe ar
bruinnib agus ochtaip aroile agus a chéile.



LXVII. Ar n-a mhárach immorro éirgit na maithe si go
gcóistigip ón diúc go hegluiss Sanct Niclás dá léigi ón
chathraigh remráite. Taisselbhthor dóip aroile do lámhoip S.
Niclás. Gluaissit asside go baile beg ar brú in ruibéir rémh-
epertmar, Luueaniell a ainm. Dia máirt in t-aonmadh lá dég
do mí mhárta céimnighit as sin ocht léige gusin mbaile dar
comhainm Saungdi. Ba ro-mhaith in aimser agus na sligthe
frissin ré sin. Ar n-a mhárach dóip tar sliap Sanct Martín
tria shlightibh doirpe docomhlacha go n-imat sneachta agus
oigrid. Comhnaigit sealat a mbaili bheg, dú a n-imchomraic
agus a n-etorscar dúthaigh in diúc agus in Almáinn re aroile.
Ferann in diúc ro fhágoibhset i n-a ndeghaidh go n-imat
ffínemna


L. 82


agus cruithneachta agus gach degh-thoraidh archena, go ruibéroibh
ro-aoipne, go maighnesoip mór-fhairsingi sroth-imdha uiscemhla,
go gcoilltip comharda cnuas-torthacha ar ruibér Nancsií
dar comhainm Marsee. Secht tteghdhuissidhi ag in diúc
i n-a ndingentor agus i n-a n-ullmhaighther salann. Mellion
amháin téit a ttorbha don diúc gacha bliadhna do bíthin
chíssa na secht ttegduisidhi sin. Cathoir beg oile
sa tír as a ffagann in diúc én chéd dég tucsaoit fhína mar
chíoss gacha bliadhna. Or agus airget dia bhualadh dó do
gnáth. Ní hé gach én rí coróntae sa crístaigecht sháraigess
a gcíss agus a ttorbha a tigernuis gacha bliadhna é. Comfhat
a dúthaighi cóic léigi dég ar fichit sí mar gárdín a gcert-medhón
na crístaighechta gan umhla nó urraim do rígh nó
prinnsa fon uile doman, sesmhach sírraide láidir nem-chlaon
a gcreidemh eguilsi Dé.



LXVIII. As sin dóip go Bounhom én léigi amháin, an
céd-baili ba himfhoixe dóip don Almáinn. Tar in sliab
dóib dá léige go baile dar comhainm Ceizerspell. Gabait
tria glionn ro-aoibhinn i n-a roipe ruibér ro-mhaith, go
n-imat ffínemhna agus degh-thoraidh, go mbeg-bailtip desa
línmhara. An oidhche sin dóip trí léige go cathraigh n-oirrdirc
dar comhainm Columbier sí ro-daingen láidir daoinechair.
An mag is áille fhairsingi chomthruime degh-thorthaighe
a fformhór na crístaighechta ar a comhghar.
Eiritchide immorro atáit dia hinotacht agus dia haittreabadh.
Bátor ann an oidhche sin. Ar n-a mhárach dóip gusin
ruibér dar comhainm Campser eidirdealaiges eitir in rann
sin don Almáinni agus páirt don mBorgondíí, dúthaigh gabhus
lessin arsadiúc, tría prím-choill dhairghennaig droipeóil


L. 84


diamair. Samhalta tra fri dá léige a fod. An oidhche
sin go baile beag dar comhainm Hotmers, cóic léige
uile.



LXIX. Gapait ar n-a mhárach triasan mbaili dar
comhainm Niderharga léige, gusin ruibér ro-oirrderc .i. in
Réen. Ascnait go Basalea, cathair des daingen arsanta
oiregdha atá ar n-a comhshuidhiugadh ar in ruibér sin.
Droichet ro-maith a gcert-medhón na cathrach tar in ruibér,
go mbáttoib línmhara beires comgar chuici agus uaithi óthá
Flonndrus agus mór-timchell in ruibéir. Eritchide
thrá lucht a hinotachta agus a haittreptha. Tempall ro-mór
a gcert-mhedhón na cathrach i n-a ffuilit dealpa agus pictúiridhe
Luter agus Caluuin agus mhóráin do droch-ughdaroip diabhlaidhi
oile. An chathoir sin amne stát fo leith lé féin gan umhla
nó cennus ag ríg fon domhan uirre. Is í amháin iss prímh-gepta
do dúthaigh na Susser dar comhainm Eliuesia.
d'imfhaitchess chomhaonta na n-eiritchedh fágbhait in
chathoir ass a haithle. Eirgit dá léige clé-lámh risin ruibér
go baile beg daingen, Leistel a ainm. Catoilce lucht a
aittreptha. Is gnáth a mBasalea gné chustaim do bhuain
as eachroidh na ndeóradh agus na ttraibléir thairmchéimnigit
triasan tír. Ba comchomthrom aoibhinn an slige ag com-chéimniugadh
rissin ruibér a nglionn lán-fhada go n-imat
ndegh-thoraidh. Dí shliap arda go n-imat fínemhna agus
degh-thoraidh i n-a thimchuairt.



LXX. Ar n-a mhárach dóip cóic léige gusin mbaile
dar comhainm Sursei. Sliap ard aoibhinn go n-imat crann
giúaiss agus d'fiodhbhaidh oile dia ttairrngther pic ar in
sligidh rompa. Ascnáit in lá sin tré dá baile dar comhanmanna
Oula agus Ophinga siad go mballaigibh ro-daingne


L. 86


ar brú na Réene. Bentor custam as a n-eachroidh in gach
baile díp.



LXXI. Tar ruibér na Réene dóibh ar n-a mhárach, dia
domnaig in seissedh lá dég do mhí Mhárta, ar droichet lán-fhata
go gcomhdach ro-maith ós a chionn go huilide. Fágbuit
gné chustaim ag doirseóiribh in droichit. Gabhait tria
baili roi-dhess dar comainm Desampach. Asside tra go
prímh-chathraigh oirrdirc, Luserna, dá léige lánfhota.
Catoilce tra lucht a hinotachta. Nunsius in pápa sa
chathraigh sí ar n-a suidhiugadh ar in Réen go mballaigibh ro-
dhaingne go tteghdhuissip deghfhoirgenta dessa
línmhara go n-ilimat bád agus ethor. Trí droichit tar in ruibér.
As sin dóip tria loch chomhfhairsing a mbáttoip co n-a
n-eachraidh. Naoi léige a chomfhat, léige amháin i n-a
leithet. Ampse a ainm. Sliap Alpa i n-a mhóirthimchell.
Ar imramh dóip triasan loch go rángator baile beg, Fliella
Pourlacu, a n-aimsir mhedhóin oidhche. Comhnaighit ann
an oidhche sin.



LXXII. Ar n-a mhárach tra, lá fhéile Pátraig do shonnradh,
in sechtmadh lá dég do mhí Márta, gapait go baile
beg oile, Flelan a ainm. As sin dóib tré shliap Alpa. Buí
immorro an sliap línta lán do shneachta agus d'oighredh, do
shligthib agus do chassrachoip caol-chumhga corracha. Rángatar
droichet comhartt buí i nglionn ro-domain, Droichet
in Diabail a chomhainm. Aroile d'eachroidh Uí Néill ar a
roibhi páirt dá airget dia imachor, timceal sé fichit
éigin ponta, tuitiss síoss re beinn an ailt imaird oighreta


L. 88


shneachtaigi buí as urchomhair in droichit. Fríth saothar
dermhair ag tabairt an eich amáin aníoss. Cinniss agus
comhairligiss in t-airget anmhain ag imchoimhét in tsrotha
aggairp imdomain ainiarmartaigh gabhus faoi in droichet
tria cert-lár in ghlenna. Bátor tra an oidhche sin a mbaili
beg dar comhainm Pede Montain. Sé léige a n-aister in
lá sin.



LXXIII. Ar n-a márach léiciss in t-ierla tar sliap Alpa é.
Airississ O Néill sa mbaili adupramar. Léiciss drong dia
daoinibh d'athiarraidh in airgit. Ge gur fhulaingset gné
shaotair, acht chena ba dímhaoin dóip. Fo bíthin
snechtamhla chorraighi oigreta in tsléipe rompa, ní mór go
mbuí ar comus dóip ar n-a mhárach bheith ag marcaighecht
acht mar is gnáth tar sliap Alpa. Bátor doimh ro-láidire
go slemhnánoibh i n-a ffoilenmhain ag treórughadh
gacha méide nár uo hinaistir dhíbh tar in imdhoraidh.
Sépél onórach a ffír-mhullach in tsléibhe ar n-a imdhénamh
agus ar n-a chomhdach a n-onóir S. Gotardo. Uaidhe ro-s-gap
in rann sin don sliap ainmniugadh. Tegh ósta imchubaidh
i n-a ffaghait deóraidh agus lucht gabála na sligedh comhfhortacht
bethadh re a chennach a n-imfhoixe dó. Nír uo rígróit
rígdha agus nír uo sligthe comthroma coimhlenga ar eachroidh
égcennaiss uaiprigh aimhriadhta na sligthe i n-ar
gapsat ón sépél sin a gcétóir, acht ag toirnemh don sliap
sligthe oigreta clochacha caol-chumhga corracha go rángator
go baile dar comhainm Airola. Trí léige amháin anacair agus


L. 90


docomal in tsléibhi. Gabhuit assa haithle tré ghlionn ro-aoipinn
go rángatar gusin ngepta dar comhainm Gepta
Iffrinn. Buí scríptha uassa a ttengaidh Edáillisi, fo péin
báiss, gan duine ar doman do dol faoi nó thairiss acht le
custam do dhíol. Nír dhermait tra in doirseóir gan in
custam d'iarraidh agus d'fagáil. Slighe garp chorrach chumhang
aimhréidh go n-abhainn ndocomhlaigh ndoirp rompa
go rángator Faido. An t-íerla ag furnaidhe friú annsin a
ttigh ierla don tír bhíoss go forfáilidh onórach re gach
ndeóradh agus re gach aos n-anaithnidh chéimniges triassan
sligidh. Dobeir proinn agus tomhaltus go hullamh degh-thapaidh
dóibh. Ní mó nó leth-choróin amháin dhíluss
gach aon aca sa chionn cunntuis re máigistir in stápla ar
son na heachraidhi, gan in seomairlín ináid oifficigh in tighi
do dermat ós a chenn sin. Oirissit ann an oidhche sin tra.
Sé léige a n-aister.



LXXIV. Ar n-a mhárach dóip tria glionn ro-aoibhinn,
é go n-imat fínemhna agus cruithnechta agus degh-thoraidh
agus gacha messa archena, go maighnessoip mór-fhairsinge, go
ruibér roi-dhess, go min-srothoip fír-uisce. Eirgit go baile
dess daingen dar comhainm Belunsona, ocht léige. Trí
caissléin láidire ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in
mbaili agus ar imfhoixe na sligedh ann, go mbárdoibh láidiri
línmhara.



LXXV. Ar n-a mhárach dóip ag céimniugadh triasan
nglionn chétna. Riccit páirt oile do shliab Alpa dar comhainm
Mons Senerum. Coillte línmhara ar gach taep don
sligidh sí aimhréidh clochach corrach docomhlach díaistir,
bíth nach roipe sneachta uirre. Búi ilimat fínemhna
ar bennoip agus ar taepoibh in tsléibhi timchuairt na sligedh.
Rángator glenn ro-aoibhinn oile, Lucana a ainm. An


L. 92


oidhce sin dóib go baile ro-mhór dar comhainm Caput de
Lacu, sé léige.



LXXVI. Assidhe dóib co n-a n-eachroidh a mbáttoip
tria loch Lucana eidirdealaighess in Edáill agus Eliuesia,
dúthaigh na Susers, re aroile. Trí léigi amáin tarsna agus
leithet an locha. Sé léige is dá fichit issedh ro chéimnighsed
do dúthaigh na Susers sí láidir ro-dhaingen aimhréidh
sléptemail daoineachoir droich-shligtheach, gan cennus umhla
nó uachtaránacht ag rígh nó ag prinnsa for talmain orra.
Stát éxamail ingantach áirigthe iad badhdén. Toghait tra
a rogha deissi do guibernóracht in tíre gacha bliadhna. A
cethair dég immorro do prímh-chathrachaibh oirrdherca
aca. A leith i n-a gcatoilcip, araill i n-a n-eiritchibh siad
ó choinghioll agus ó mhinnoip móra coimhchengailte re aroile
chom a n-imdhítin agus a n-imdheghla badhdéin ar in uile
chomharsain fon doman do thriallfadh fuachtain nó frith-chétfaidh
friú an tarbha puiplidhi do chongbáil suass
go messarrda imqubaidh. Anmanna na gcathrach remhráite
immorro Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort,
Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg,
Siafusial, Appensel. Atá immorro do thuaruscbáil ar lucht
an tíre si gurab íad is fírinnighi dhírghe neimhfhealltaighi
nemhchoillemhnaighe ar a ffocloibh fon doman. Ní léicit
tra slad nó duine-mharbhadh do dénomh i n-a ttír gan
díghailt a gcétóir. Ass foirfeacht a ffírinne issíad amháin
iss gárdae do ríghoip agus prínnsaighibh catoilce na crístaigheachta.



LXXVII. Eirgit na maithe si a ttír a mbaili bheag dar
comhainm Codelacu. Assidhe go cathraigh ro-mhóir ro-oirrdirc


L. 94


don Eadáilli, a comhainm Comma, ar n-a suidhiughadh
ar brú locha lán-fhairsing, loch Comma a ainm.
Téid immorro ceithre fichit léige seachnóin na hAlmáinne.
Tar in loch sin amne ticc riachtanus a less fína d'formhór
gacha méide is imfhoixe dó don Edáill.



LXXVIII. Dia domhnaigh do shonnradh in tress lá
fichet do mhí Mhárta, ier n-aiffrenn d'éisteacht dóibh,
éirgit gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-adhamhra .i.
Milan, ocht léige. Slighthe ro-mhaithe rompa, an lá go
ffleachadh agus go ndoininn ndermháir. Comhnaighit ag léiccen
a scíssi a haithle a n-aistir gusin gcétaoin buí ar a gcionn.
Iearla ro-mhór ro-onórach, ar láin-fheabhus sen-saigdiúir
in domain i n-a chomhaimsir fóss, mar do dhearp
a bhuaidh agus a chonách catha agus a deigh-cinnemain go
follus fiadhnach don chrístaigheacht, count de Fonte a
chomhainm, búi i n-a árd-guibernóir agus i n-a úachtarán ó
rígh na Spáinne uassan gcathraig sin tra agus uassan Lumbardi
go huilidhi. Cuiriss ambasadóir in rígh tarla issin
gcathraigh in tan sin .i. ambasadóir Luserna d'forffáiltiugadh
friú san agus dia nglacadh go honórach. Eirgit na maithe si i n-a
persanoip badhdéin do láthoir an ierla dia cédaoin. Gapuiss
chuicce go honórach airmhitneach íad. Bátor tra imat do
daoinibh uaisle go ngárda ro-mhór ar gach taep de. Oirissit
trí sechtmhaine imlána sa gcathraigh. Fri ré na haimsire
sin onórachus dermhair ag in ierla i n-a ttimcheall.



LXXIX. An chathoir sin tra acht Pairiss sa fFrainc agus
Lisboarn a ríghacht na Portengál ar prímh-chathrachaibh


L. 96


móra na crístaigechta. Gné chompráiti agus chommórtuiss
eidir sí agus in Róimh agass in Naples. Atá ar n-a suidhiughadh
go comhfhairsing dlúith daoineachoir deigh-innill ar ferann
chomthrom choimréidh go pálássoibh agus go ttegduissibh
deigh-dénta degh-fhoirgenta. Ruibér ro-maith chéimnighess
ó loch Couma ar n-a chomroinn go línmhar tríthe go n-imat
ndroichet. Ticc mórán do shochar na cathrach agus an tíre
ar in ruibér sin ó Couma agus ón Almáinn. Caisslén láidir
ar daingne in domhain, míle saighdiúir Spáinneach go
sírraidhe ag a bhárdacht d'oidhche agus do ló co n-a n-uile
chomhgar agus riachtanus a leith-imiol na cathrach ag a ffuil
a cennus agus a huachtaránacht. Cóic céd gunna mór ar n-a
gcomhshuidhiugadh ar in gcaislén. Guibernóir ar leith fo
láimh in ierla uassa. Ní línmhar a léicther ann acht Spáinnig
agus Eirennaigh amháin. Páláss is lór feabus ag in íerla
badhdéin a gcertmedón na cathrach. Cuidechta shaigdiúir
do gnáth i n-a n-armoibh mar gárda i n-a thimchill d'oidche
agus do ló. Prímh-eglus na cathrach, Sancta Maria del Duomo,
a n-imfhoixe in páláiss. Atá immorro i n-a hegluiss ro-mhóir
roi-dheis go gcóic srethoip do cholomhnoip marmair
go ttairimtheacht marmair. Sépél onórach ar n-a chomhdach
fo altóir mhóir in tempaill, airm a ffuilit imat do
thaisibh naom agus fírén. In mhacroidh oirrdherc ro bássaigedh
la hIruath mac Antepater ag ierroidh Chríst, fer is
deichnemor díop sa sépél sin. Lá na macraidhi gacha
bliadhna taisselbthor a gcuirp agus a gcolna do na huilip. As
urchomair na prím-altóra móire adhnacol agus tomba chardenál
Borromeo ba hardespoc sa gcathraigh naoi mbliadhna


L. 98


roimhe sin. O fuair bás messait cách a bheith naomhtha
agus atá canosásion chom a dhénta go hobonn sa Róimh air.



LXXX. Ticcit tra na maithe si ar cuairt gusin egluiss
remráite deiredh laoi áine in chésta. Adchítt ilimat do
chédoip fer a prosession onórach go ttóirsigibh comhlasta
ciera i n-a n-uirthimchell, a ngnúissi agus a n-aighthe ar n-a
n-imfholach as nach aitheóntaidhi iad. Bátar ag gér-sciúrsadh,
ag coimletrad agus ag comthuarcain a gcorp agus a
gcolann gur uó cródherc na sráide agus na heguilsi a sibhlaitis
dia ffuil agus dia ffulradh. Ba mór immorro in grád agus in
scrúdadh croide a gcoimdécsain.



LXXXI. Eidir themploibh agus mhainistrechoip co n-a
n-uile choimthinól ord agus sacart trí tempaill is dá fichit is
dá chéd sa chathraigh, gan rím ná áiremh ar imat sépél do
tógbadh le daoinibh uaissle chom a ndeuósion do choimhlínadh.
Altóir ro-maith ar n-a comhdach in gach pláss
margaidh seachnóin na cathrach a mbítt aiffrinn gacha
laithe. Trí tempaill porráiste isin chaisslén. Stásion agus
luaigigeacht a ttemploib agus a reclésoibh na cathrach deich
lá is ceithri fichit sa mbliadain. Ní gnáth fir agus mná a n-éinfhecht
ag stásion díb, acht roinnit in aimsir timchell in
medhóin laoi. Secht prímh-eguilsi ag a ffuilit uile lóighighecht
secht prím-eglus gcatharrdha na Rómha issin
chathroigh. Ba hé in tres Grigóir dég in pápa do shonnradh
dorad na grássa sin don chardenál Sérlus Boremeus
ba hairdespog a Milan in tan sin. Anmanna na n-egluss
tra, an prím-eglus mór Sancta Maria del Duomo, S. Simplisiano,
S. Uictor al corpo, S. Ambrosio maiore, S. Nastaro
maiore, S. Laurentio maiore, S. Steffano Parimente maiore.
Ilimat reliciass do thaissib naomh agus fírén isna temploibh
sin tra. Gach lá pátrúin ticit lucht ceirde na cathrach a
prosesion onórach mórthimchell na reclés remráite go mbratachoib


L. 100


agus stannardoip. Dobheirit imat almsan agus dérce
uaidibh ag prímh-egluiss na cathrach. Sé laithe sonnradhacha
chom déirce gacha bliadhna, lá áirigthe ag gach gepta
sa chathraigh go fiú sé ngepta, chom im tempaill móir do
chor suass. d'fiachaibh ar lucht inotachta na cathrach
badhdéin almsa agus offráil do dénomh ag na geptaigibh is
comhgaraighi agus is imfhoixe dóibh. Acht amáin bennugadh
agus coissreacadh na sacramente naomtha, neimhionann sermoniass
agus ord ceilibartha don chathraigh si agus don chúirt
Rómhánaigh, óir ro lensatar stair agus sermoniass in naoimh
oirrdirc S. Ambróss. An cethramadh bliadain dég ar tríbh
fichtip ar tríbh cédoip d'aois in Tigerna issedh ro gairmedh
airdespog a Milan don naem sin .i. S. Ambrós. Ba hé amáin
faoi Dia du-s-ratt in Edáill go huilidhi fo chuing chreidmhe
agus crábaidh. Conrótacht leiss badhdéin sé reiclésa ro-mhaithe
agus ospitél sa gcathraigh. A chorp agus a adhnacal a ttempall
díp i n-a ffuil sámhad agus coimtinól manach. Comhainm
in laithe dodeachaidh a seilbh na hespogóide taisselbthor a
chorp agus a cholann go bliadhnamail. Onórachus agus supáilce
mór go línmhairecht almsan agus déirce ag a dénamh sa gcathraigh
agus seachnóin na díosis uile in lá sin. Lá na hEpifane
do shonnradh, eagluss Eustorgioss i n-a ttaiselbthor
airc na ttrí rígh dodeachator d'aithreóss Críst a n-aimsir
a lenbachta, go píssa don ór doratsat dó, dobheirit uachtaráin
na heguilsi in lá sin ar son Dé crodh do nónmhar ógbhan.
Imat déirce immorro agus do deigh-ghnímarthoibh bennaigthi
ag a ndénomh sa gcathraig sin, acht is eimilt iad re a
n-uile-fhaisnéis.



LXXXII. Gapait tra na tigernaidhe si a gcead ag count
de Founte in dara lá dég Aprilis. Degh-aightheach forffáilidh
é rompa ag toigeacht, tuirseach i n-a ndeghaidh.
Doratt dóibh mar chomartha cuimhnigthe buiden do rápéroip
agus do daigéroib ro-dessa, go mbeirtibh cloch uaissle cumdaigh,


L. 102


ar n-a gcomhóradh go huilidhi, go gcressoip agus haingersoip
comdáora. Bátor an oidche sin seacht léige a mbaili
dar comhainm Lodi, cruinn-baili dess daingen i n-a ffuil
gairessún ag rígh na Spáinne. Slighte ro-mhaithe tria
thalmain torthaigh aca in lá sin, an oidhche doinennta
uiscemail toirneach teinntighe.



LXXXIII. Tochomhlait ar n-a márach seacht léige go
sen-chathraigh sonnradaigh dar comhainm Pesense. Ruibér
ro-oirrderc a n-imfhoixe na cathrach. E ro-mór ro-lethan.
Ingantach re lucht a nemthathaighi mar téigit daoine agus
eachroidh thairiss a mbádoip, óir is báid oile go gcordoibh
cnáibe bhíoss ag a n-imluadh go hinntlechtach gan seólta
gan imramh. Ainm in ruibéir El Po. Sen-chaislén daingen
go mbárdoip línmara láidire go ffaithche gcoimhréidh is
lór feabhus agus imfhairsingi isin gcathraigh. Dá beg-loing
dessa go tteghduisip lonnradhacha ag diúc de Parma ar in
ruibér i n-a mbí féin ag áines agus ag caithem aimsire sechnóin
in ruibéir an tan ba toil leis. An sruth sin amne etorscarus
agus eidirdealaighes dúthaigh diúc de Parma agus in Lombardíí
re aroile.



LXXXIV. Ar n-a mhárach dóip go Parma, dá
léige dég. Ruibér ro-aoipinn rompa forsan sligidh go
ndroichet lán-fhata ba lór díen-fheabhus, go n-imat do
ruibéroibh oile. Ier ttoirling dóip ag cathraigh Parma tig
íerla onórach don tír d'forffáiltiughadh friú agus dia nglacadh
go honórach a n-ainm diúc de Parma. Táinic ar n-a mhárach
immorro go gcóistighip ro-mhaithe i n-a gcomhdháil dia
ttreórugadh gusin airm a mbuí in diúc. Gabuis tra in diúc
chuicce go honórach airmhitneach iatt. Bátor sealat ag
imagallamh agus ag áiness briathor re aroile. Gapait a gcead
as a haithle. A n-imfhoixe gáirdín in diúic taisselbthor


L. 104


dóip lipartt agus dá leóman. Eirgit d'faixin chaissléin ro-dhaingin
atá ag in diúc sealat ón prímh-chathraigh. Cosmailes
innill agus imdénumh agus suidhiughadh dó agus do chaisslén
Anuoeirp a fFlonndrus agus do chaisslén Milan san Eadáill.
Armáil fichet míle fer eidir marcshlaigh agus troigtheach, go
línmhaireacht munisioin agus in uile riachtanuiss, go mbárttoib
láidire línmhara, ar in gcaisslén sin. Obair thalmaidhe ar
n-a tógbáil go hinntleachtach a fferann chomthrom choimhréidh
a gcert-medhón chuirrigh imdomain uisgemail an
caisslén sin tra. An t-íerla onórach adupramar i n-a gcoimhiteacht
frissin ré sin. Beiriss leiss chom a páláiss badhdéin
iad. Ier ndénomh a medhóin laoi taispentar dóip cúpla
camhall. Ba hingantach a ffaircsin. Eirgit go teghduiss
stuidéir in ierla. Orgáin ingantacha adhmait ier n-a n-oibriugadh
dia lámhoip badhdhéin, go n-ilimat leapar canntaireachta
agus starthach sa stuití sin. Celiprait don ierla. Tiagait
dia ttigip óssta. Ascnait assin gcathraigh as a haithle
cóic léige gusin mbaile mbeg dar comainm Region, airm a
ffuil pictúir agus dealp naemh-Muire óighi dogní imat fert agus
mírbal do ghnáth. Cathoir Parma thrá sí ro-dhaingen láidir
dess daoineachair go ttigthip agus go tteghdhuissip deigh-dénta
degh-fhoirgenta. Ruibér ro-mhaith is lór feabhus ag
céimniughadh tríasan gcathraigh. Droichet ro-mhaith go
mbádaibh imdha ar in ruibér.



LXXXV. Dia máirt in cóicedh lá dég Aprilis tochomhlaid
na maithe si dá lége dég gusin mbaili dar comhainm
Bologna. Ascnait in lá sin tria fort ro-dhaingen gabhus le
diúc de Parma. Assa haithle tra tar ruibér ro-aoibhinn
eidirdealaighes agus etorscarus dúthaigh diúc de Parma agus
dúthaigh diúc de Modona re aroile. Gabhait immorro tré
prímh-chathroigh Modona. Triall agus ullmhugadh mór ag a
dénomh sa chathraigh sin trá d'oirchill reabraidh agus giústála
in láoi ar n-a mhárach. An lá sin do shonnradh buí mac in


L. 106


diúc ag tabairt ingine dhiúc de Sauoi dia thigh. Gabhait a
mbádoip tar ruibér Pannara etorscaruss in diúiceacht sin agus
ferann buird in pápa. Caisslén ard ar n-a imdénomh a gcert-
mhedhón in ruibéir doghní comhfhortacht mór a n-aimsir tuile
agus ainfine d'eathroibh agus do bhádoip a thairimteachta.
Eirgit go baile beg dess daingen lessin pápa, Castel
Franco a ainm. Go Bolonia assa haithle. Cardenál ro-onórach
sa gcathraigh cuiriss drong dia dhaoinibh uaissle
d'forffáiltiugadh friú agus día nglacadh go honórach airmitneach
i n-a ainm dia ttochuiredh chuige ar a suipér. Gapait tra
a leithscél fo bhíthin a n-aistir an oidche sin.



LXXXVI. Ar n-a mhárach immorro téid O Néill do
láthair in chardenáil. Gabuiss chuige go ro-onórach airmitnech
forffáilidh é. Bolonía immorro prímh-chathoir ro-mhór
ro-dhaingen dhaoineachoir dheigh-dénta degh-fhoirgenta
go línmhairecht reclés agus mainistrech. Corp an erláimh
uassail adhamra oirrdirc Sanct Domnic a ttempall
onórach sa gcathraigh, Sanct Sém a chomhainm. Páláss
ro-mhór is lór láin-fhebhus ag in chairdenál badhdéin a
gcert-medhón na cathrach. Tipra fhír-uisce ar n-a suidhiugadh
go hinntlechtach assa ffuilit imat srepán ag coimh-éirghe
súas a ffír-áirde as urchomhair in páláiss. Ascnait
na maithe si assin gcathroigh. Eirgit go baile dar comhainm
Sanct Niclás. Assidhe go fort ro-dhaingen lessin pápa dar
comhainm Fattio Sancti Petri. Céimnigit tra an oidhche
sin go cruinn-baili dess daingen, Imola a ainm, seacht légi.



LXXXVII. Dia dardaoín in seachtmadh lá dég don mí
chétna ascnáit tria fort ro-dhaingen gabhus lessin pápa,
Castel Burneis a chomhainm. Tria chathroigh ro-mhóir
oile dóip, Faensa a hainm, go baile mór, Farlingrando a
chomhainm. An oidhche sin dóibh go baili mór oile dar


L. 108


comhainm Sensena. Deich léige ro aisstrighset in lá sin.
Caisslén ro-láidir go mbárdoibh línmhara laidire ag in pápa
sa mbaili sin trá.



LXXXVIII. Ar n-a mhárach dóip trí léige go fort
daingen lessin pápa, Salignano a ainm, go prímh-chathraigh
n-oirrdirc n-oireghdha dar comhainm Riminí. Annsin rángatar
radharc agus faircsin forsan ffairgi dar comhainm Adricatia.
Uirre amháin conrótacht an prímh-chathair oirrderc
adhamra, Uéniss a hainm. Fiche léige ón gcathraigh
remráite go cathraigh Ueníss. An oidhche sin dóip clé-lámh
re fairrgi gussin mbaili mbeg Catolica. Deich léige a
n-aister in lá sin. Ba ro-mhaith na slighthe aca.
Talomh torthach aoibhinn go n-imat fínemhna agus cruithneachta
agus gach degh-thoraidh archena móirthimchell na
sligedh amne. Iomat do thoraip dessa daingne ar brú na
fairrge ag in pápa d'imfhaitchess na tTurcach do thecht
do dénamh urchóide na hEdáille.



LXXXIX. Dia domhnaigh ier n-éisteacht aiffrinn an
fichetmadh lá don mí chétna ascnait go prímh-chathroigh
n-oirrdirc gabhass le diúc de Borti, Pensaro a comhainm.
Assin dóibh go cathroigh ndeiss ndaingin oile .i. Feno, go
prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha oile gapus lessin diúc
chétna, Sinigaglia a comhainm, sí ar n-a suidhiugadh go
hinntlechtach ar ruibér ro-aoipinn go línmhaireacht sochraide
dia himchosnam. Ní mór do daoinip dhomain léiccit
d'faixin in chaisléin ier n-inmhedhón. Tegh ósta ba lór
feabhus agus deissi sechtair na cathrach. Ruibér roi-dhess
go ffaithchi nóinínigh sgoth-shemraigh chomthroim chomh-
fhairsing


L. 110


a n-imfhoixe in ósta-thighe sin tra. Deich léige
ro aistrigset in lá sin.



XC. Ar n-a mhárach dóibh clé-lámh re fairrgi gusin
prímh-chatraigh n-adhamra n-oirrdirc .i. Ancona. Trí
caissléin ro-dhaingne ag in pápa sa gcathraigh sin go mbárdoip
láidire línmhara co n-a n-uile riachtanus. Cennus agus
uachtaránacht na cathrach agus imfhoixe in chuain aca. Ascnait
as a haithle go Loreta. Naoi léige a n-aister. Comhnaigit
agus airissit immorro an oidche sin. Ar n-a mhárach tra
dognít turus na heguilsi bennaigthe mór-lóigighechta sin.
Comhnaigit issin mbaili in dara hoidche.



XCI. 1. Do réir mar fuaramar scríptha a sen-starthachaibh,
a n-ainm Dé laipeóram uaite do ilibh .i. begán do mórán
ar shupáilcip Loreta: Séppél Loreta immorro buí ar n-a
ordugadh agus ar n-a thogha ón Athoir nemdha cien-aimser
ria n-a thógbáil for talmain do threibh Iesse. A prím-
chathraigh oirrdirc adamra oirdnide, Nasaret Galale,
conrotacht in tegh sin ó thúss. Ann ro chomhnaig agus ro
thairissimh Iaicim agus Anna, athoir agus máthoir náomhMuire
óighe. Ann fóss ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemhnaigedh
in naem-ógh. Isin tegh chétna sin du-s-rat in t-archaingel
uassal Gabriel in techtaireacht ón Athoir nemhdha go
naomMuire triasa ttáinic saoradh na nAdhomh-chloinne ó
chintoip agus turcbháloip peacadh na seinnsear. Isan tegh sin
tra gan caillemhain a hóghachta isseadh rugadh ar Slánaigteóir
Issa Críst. Ro hoilemhnaigedh as a haithle ar geil-chíchoip


L. 112


naomh-lachtmhara na hóige go riacht in t-aingel
do neim dia erbadh agus dia fholáiremh fuirre dol co n-a Mac
ar innarbadh agus deóraidhecht gusin Eigipt ar teithedh Iruaith
meic Anntipater intan ro bássaighedh in mhacraidh oirrderc
adhamra. An dara bliadain dég d'aoiss in Tigerna térnoidhit
tar aiss ón Eigipt gusin tegh cétna. Ann tra ro thochaith
in naom-ógh a laithe agus a haimsir ar in saoghal ó sin suass.
Ass immorro ro-ss-tógaipset aingil agus archaingil in choimdedh
chumhachtaigh a corp naomhtha go nemh n-ainglidhi go
follus fiadhnach do na huilip chomhfhoixib. Iar gcumsanadh
don naem-óigh ar nemh bátor tra apstail agus descipail in
Tigerna i n-a gcomnaidhe sealat sa teagh sin. Cinnit agus
comhairlighit ier sin a bennugadh agus a choissrecadh assa
mbíadh amháin i n-a teghduiss agus i n-a dhuirrthech etorguide
in choimdedh chumachtaigh aca. Ullmhaigit na hapstail
amne dia lámhoip bennaigthe badhdéin croch ro-mhaith
mírbaileach a ffiodhair agus a fforaithmet chroiche Críst.
Fiodhair-dhealp agus imháidh naemMuire óighe íer n-a himdénomh
do lámhoip Lúcáiss suiiscél, issí amháin is
mírbailighe gan imressain fon uile dhoman. Atáit immorro
ar n-a gcomhshuidhiughadh isan sépél sin. Fo bhíthin a
imat fert agus mírbal agus naomhthachta du-s-ratsat lucht inotachta
agus aittreptha prím-chathrach Nasaret ro-onóir go
priuiléid ndermháir ndíchra dó. Na régióin chomhfhoixe
ag a chomhmóradh mar in gcétna.



2. Ro buí immorro impire áirigthe íer n-a thogha issin
Róimh an inbaidh sin, Heraclius a ainm. Coimhchengluiss
a n-aghoidh reachta agus chreidimh eguilsi Dé fri Cosrat, rí
na Persia. Scrissait agus innarbait in creidemh catolice as
talomh Ierosolima go huilidhi. Tógbhait suass go hainffesach
míchreidmheach gné dée, Mahomet a comainm.
Ní ro léicc immorro in t-imfhaitchess do lucht aittreptha
na cathrach nó in régióin umhla nó adradh do chreidemh
Dé sa naomh-sépél sin. An pápa in cethramadh Niclás
buí issin Róimh trialluis cocadh agus conblicht a gcertaghaidh
na n-eritched sin. Cuiriss páirt dia armáil go prímh-chathraigh


L. 114


n-oirrdirc fuil isin Aissia, Tripoli a comhainm. Cuirit
léger fuirre. Ticit na rígha págánta adupramar dia comhfhortacht.
A n-inbaidh na huaire agus na haimsire sin immorro
gluaissis in teagh naomhtha so Loreta co n-a uile oibriughadh
agus imdénomh, é ag a imachor do grássoibh Dé agus naemhMuire
ar guaillip agus ar ochtoibh aingel agus archaingel in choimdedh
chumhachtoigh. Toirlingit agus airissit ar foradh-chnoc
aoibhinn adhamhra a magh choimhréidh chomthrom chomh-fhairsing
a tTersato a rígacht Eschiouia timchell medhóin
oidche do shonnradh in seissedh lá do mí Maíí don bliadain
adupramar. Ba gnáthbhéss immorro la lucht inotachta agus
agus aittreptha in tíre sin comhchruinniugadh ar in magh
remráite isna laithip sin go fír-chinnte gacha bliadhna go
subáilcip agus go sollamantus adbal-mór. Ba machtnadh
adpal agus ba hingantus dermhair leó ó 'dchonnarcatar in
sépél sonnradhach agus ná fitirset cia leth ó ttudhchaidh.
Eirgit ann astech assa haithle. Fogabhait ann dealbh agus
pictúir naomhMuire óighe gussin gcroich remhráite. Messait
agus brethnaigit íeromh gur uo hé tegh agus teghduis mírbailteach
coimperta agus geinemhna mháthar in tSlánaightheóra é.
Glacait imegla ndermhair fo dháighin gluasachta agus toighechta
in tighe. Assa haithle tra gabhait cuca go hairmitneach
onórach é. Dogeibhdiss ilimat do lucht galair agus essláinte
na régión gcomhfhocus comhaisseg agus comhfhortacht a
sláinte ann. Ro mhédaigh sin immorro deuósion agus innfheithemh
na gcinedhach gcomhfocus gusin teagh sin amne.



3. Aroile prióir ro-onórach ro-s-buí i n-a uachtarán a
mainistir Sanct Seóirsi. Brethnaigit cách fo bhíthin a
deigh-beathadh a bheith naomhtha. Allexandro a chomhainm.
Gapuiss fiaprass teinntighe neimhneach in prióir.
Earbais a threórugadh go naoímh-theagh Loreta. Gníther
samhloidh. Ernaigiss agus etorguidhiss in prióir gusin naomh-óigh
a ffrithchétfaid na himháidhe. Do connarcus don
óigh naomhtha eachtra fholaigtheach agus rúndiamair ro-dhiadha
in tséipéil oirrdirc adhamra sin d'foillsiughadh agus do
thaisselbadh don naomh-prióir remráite. An prióir immorro,


L. 116


mar ro buí naomhtha foghlomtha go n-imat egna agus rúndiamra
ón Athoir nemhdha, ticcis in ógh naomhtha cétna a persain
do briathradh agus do chomrádh fris. Iar n-a taisselbadh
immorro go lóghmhar dealraigthech mírbaileach dó ba headh
ro ráidh: Ag so meissi Muire máthair in tSlánaigtheóra as
do chomhair neoch ro atchaiss agus ro etorguidhiss go línmhar.
Cuir h'uile dhóigh agus inntinn agus h'innfheithem am Mac mírbaileach
agus dia trocaire ro-d-fia sláinte. An teagh
naomhtha so trá, tuig gurab ann ro coimpredh, ro geinedh,
ro hoilemnaigedh mé. Is ann fóss ro-m-toghadh lassan
Athoir nemhdha mar mháthoir chorparrdha día aon-Mhac
badhdéin. Ann fóss ro cheiliobhrainn trátha agus urnaigthe,
immoinn agus canntaireacht, ag ettorguidhe in choimdedh
chomachtaigh. Ann fóss ro-m-póssadh do réir in reachta agus
ru-s-gabhus mar chéile la Iosep fírinneach. Ro choimhétas
mh'óghacht gur glacus ón Athoir nemhdha in t-uassal-toirrchess
triasa ttáinic comhsháoradh na hAdhomh-chloinne
ó peacoibh agus turcbáloip na seinnsear. Ro imchrass go
honórach assa haithle fri ré náoi míoss go rugass go mírbaileach
grássamail, gan saothar, gan dochar saegalta, gan
docomhal nádúrtha, gan milledh mh'óghachta, Dia agus duine
a n-aoinpersain issin tigh sin amne. Ro oilemhnaighess
issin tigh chétna, ro bethaiges ar cíghoip m'ochta, ro imchras
agus ro altromus as a haithle go ttáinic in t-aingel do neimh
dia erbadh oram ascnamh lem Mac gusin Eigipt for teithedh
Iruaith meic Anntipater. Iosep díer ttreórughadh agus ag
comfhortacht dúinn seachnóin na sligedh. In dara bliadain
dég d'aoiss mo Mheic térnoídhemaoít tar aiss gusin tigh
gcétna. Oirissim agus comhnaighim ann as a haithle an gcéin
ro buí mé a mbethaidh ar in saogal. Ar ndol damh ar nemh
n-archainglidhe du-s-fic Eóin bruinne gusin gcuid oile do
na hapstaloibh d'aittrebadh agus d'inotacht in tighe. Doghnít
tabernacul agus ionadh onórach airmitnech adhamra urnaigthe
de. Scaoilit badhdéin seachnóin in domain as a haithle do
réir aithne in choimdedh chumachtaigh do shíoladh chreidimh
agus chrábaidh. Athraigis in teagh go mírbaileach ier sin


L. 118


go ráinic gusin log so. Foillsigther immorro agus
comhoirrdhercaighther let in stair agus in eachtra so agus na naomh-
scéla do na huilip chomhfhoixibh agus ro-d-fia sláinte ó mo Mhac
glórmhar grássamail si.



4. Tigit a gcétóir ilimat do légiónoibh aingel agus archaingel
de neimh a gcomairrchis agus a gcomhdháil na naómh-óige.
Gabuiss a ced ag in athair naomhtha sin ieromh.
Fo bhíthin ruithenta lógmaire shubháilcighe in boltanaighe
dhíadha glórmhair buí ar gach taep di dogeibh in t-athoir
sláinte a gcétóir. Du-s-rat in t-athoir altugadh buide don
naomh-óigh agus dia Mac mírbaileach. Aistrighis dia tigh
ier sodhain. Aisnéidhiss na scéla sin do na huilibh adchídh.



5. Ráinic tra clú agus alla agus oirrdercass in sceóil gusin
uachtarán buí ag guibernóracht an tíre, Nicolauss Fransisfane
a chomhainm. Treóraigis chuicce an t-athair remráite
ar go ffessadh deimin agus bunadhus na mór-mírbal. Ier n-a
gcloss dó cuiris d'fiachaibh fair ascnámh gan moille gach
ndírech go prím-chathraigh Nasaret d'fioss agus do dearbadh
an sceóil. Cethror immorro do daoinibh oiregdha
oirdnidhe adhamra onóracha in tíre i n-a choimhiteacht.
Rángatar Nasaret. Buí tra in slige go soirp socomhlach
aca. Fochtait imthúss agus turthechta in tigi do maithib na
cathrach. Adfédsat dóip uile scéla agus eachtra agus mírbaile in
tige in airet buí aca badhdéin agus a thógbáil uaidhip assa
haithle ar guaillibh agus ar ochtoip aingel go mírbaileach agus ná
fitirset cia leth dodeachaidh. Araoi sin tra toimsit na teachta
fundaimint in tige, a fod, a lethet, a himthacmhac. Térnoidhit
tar ais go Tarsato. Ba cudruma coimhinann don
tegh íer n-a thomhus in tan sin frissin tomhus dorónsator a
Nasaret. Iarsna huile dearpthoip sin immorro dognít
lucht aittrebhtha na gcathrach gcomfhocus agus an régióin go
huilide onóir agus airmitin adbal-mór mun tigh, go n-imthathaidhi
línmair, go ndeuósion ndíchra. Seacht míssa ar
tríbh bliadhnaoibh ro buí in teagh i n-a chomhnaighe issin
inadh remráite. Imeglaigit immorro aittreabaigh in tire
ainmíen agus ansmacht, borrfadh agus díberg an impire .i. Heraclius.


L. 120


Tic asside gné nemhthathaidhe agus mainnechtnaige
deuósioin agus imfhuaire i n-a gcroidhedhaibh do beith don
naoimh-theagh oirrderc adhamra so, as nach ttucsat
adhradh nó onórachus dó mar ba gnáth. Ba toil immorro
lassin Mac mhór-mhírbaileach agus lassan gcoimdidh gcomachtach
an teagh do athrugadh assin dú a mbuí. Tógbhait
aingil agus archaingil leó i n-a staid agus i n-a innioll badhdéin
gan cumhscughadh cloch nó clárach. Ascnait seach mór-fhairrge
gcoimhleathain gcomfhairsing Adriatica. Ní hairissedh
leó go riachtsat gusin Edáill. Toirlingit a prímh-choill
chomhdhlúith a prouensi Marca a gcomhfhoixe sen-chathrach
Recanati. Laureta comhainm na baintreabaighe
uaissle dier uo sealp go sainigthe in choill sin chena. Araoi
sin cuirit na poipleacha a ngnáthugadh dealb Muire Loreto
do chomhghairm don pictúir. Aóiss in Tigerna in tan sin
míle ar dá chéd ceithre bliadhna dég ar cheithri fichit, in
dechmadh lá Septembris. Ger uo comhdhlúith aimhréidh
imdorcha in fhiodhbadh sin isin aimsir seachmataigh, araoi
sin chena ba ruithen-sholus dealraigthech glórmhar ón
soillsi ainglecdha ro-dus-fágoibset na haingil issin tigh
naomhtha agus i n-a uile timchuairt agus tochealladh. Messait
agus brethnaigit lucht a faircsena gur uo teinnte agus tennála
bátor iar n-a gcomadhnadh issin ffidhbhaidh.



6. Bátor tra aodhairidhe ag forchoiméd a ttreód ar a
comhgar. Ar ffaixin an ingantuiss adpail éxamail fágbuid
a ttréda. Ar teithedh dien-tinnesnach iad gusin prím-chathraigh
remráite. Adfétsat tra dia ttuistidip in scél
uathbásach ingantach forcaomhnagoir. La sodhain tra
attrachtsat lucht na cathrach éirgi athlamh aoinfhir. Ascnait
gusin ffidbhaidh a ttraide. Iar ffaixin an ingantuiss
adbal-móir dóibh gabuis omhan agus imecla dermhair iat.
Eirgit dronga aca go gcrith-egla agus go gcomhfhaitches
sechnóin na fidbaidi as a haithli. Rángator immorro i
n-a cert-medhón. An teagh onórach airmitneach íar n-a
imdénomh go haughdardha inntlechtach go ffidhair-dheilbh
Muire óige agus na croichi césta ann ier n-inmedhón. Bidhgait


L. 122


agus ingantaigit la sodain. As a haithle tra ba hí a ttoimdin agus
a mbaramail gur uo torchur-shét tidlaictheach ro dírigh in
t-Athoir nemhda Dia uile-chomachtach chuca. Léicit ar
a nglúinib íat. Adhrait agus ernaigit agus etorguidit in coimde
comhachtach go n-altugadh buidhi go línmar fo bíthin na
méide sin dá mór-shupáilcip éxamhla do thaissealbadh
dóibh. Fóss dognít oráite agus caintic coimmbinn i n-a ttengaidh
uodén. Ro chansat a mbriathraib millsi gur uo
bennaigthe aoinDia uile-chomhachtach, fós bennaigthe
diadha glórmhar in naomh-ógh thrócaireach, máthoir in
Mheic móir-mhírbailigh, ro thoiligh agus ro thidlaic dia mór-grássoib
badhdéin a macsamhla sin do naom-thaispénadh
thrócairech do thaisselbadh go mírbaileach éxamail ingantach
dia popal bocht. As a haithle trá térnoidhit na maithe si
a ffritheing na conaire cétna go riachtsat gusin gcathraigh
remhráite.



7. Ba gnáth-béss la lucht na cathrach ier sin in gach
uile aimsir imthathaidhi ro-onórach maille re uisitátion agus
reuerens go n-imat adhartha Dé agus naemMuire óighe do dénom
isin tig si amne. A aois galair agus essláinti agus gach treablaidi
archena ag foghbáil chomfhortachta agus imaisic a sláinte
gacha haimsire isin teg so do grásoibh Dé agus do thrócaire
óghMhuire a ffrithchétfaidh na himháidhe agus na croichi
adupramar. Dia bhíthin sin immorro ticdiss ilimat do
dhaoinip ó na régiónaip oile do dénomh turaiss agus deuósioin
agus oilithre gusin naoimh-theghdhuis sin ier n-oirrdercughadh
a mhór-mhírbal. Ba gnáth le himat eiritchedh agus bithbenach,
mar ro buí in teagh a ndíthreb uaigneach imdorcha
agus comhthathaidhi na n-oilithrech chuice agus uaidhe, teacht
do dénomh sladaigheachta agus duine-mharptha ar a chomfochraip.
Ar n-a fhaixin sin immorro do Dhia uile-chomachtach
earbuis ar dhroing dia ainglip an sépél d'aitherrach
agus do threórugadh go magh coimhréidh comhfhairsing
buí ar comhgar na fidbaidhi remhráite. Dognít samhloidh.
Comhshuidhigit é ar gáirdín-chnoc aoibhinn oirrderc oireghdha
go línmhaireacht luibinn degh-bholtanach. Daoine


L. 124


uaissle do lucht na cathrach, díss derbráthor díeroile, ba
leó bith-dílsecht in magha sin tra. Ro buí imthathaidhi
ghnáthach gusin sépél ar in magh sin do shonnradh fri ré
imchien. Dogeibhdiss na daoine uaissle imat óir agus aircit agus
gacha maithessa archena día thorbha. Glacait féin ier sin
aingideacht fhích-mheiscneach agus imthnúth adpal-mór re
aroile. Ní mór nach bíttiss gach laoi ag fóbairt chomhmarptha
a chéile. An mháthair ó ar gheinsetair ba congnamh
imbressna agus etorchossáide dóibh, óir in mac ba hinmaine
agus ba díchra serc agus annsacht lé, adbeiredh fiadh na huilip
gur uo leiss in magh tré fhír-chert gan chomhroinn don fhior
oile. Eirgiss ier sin cogadh agus conbhlicht eidir na derbráithrip
amne fo chomhroinn torbha in tsépéil. Ar n-a fhaixin so do
Dhia uile-chomachtach, augdar agus bunadhus na huile
hsíthchána agus imbressna, réidhighiss go mírbaileach deabaidh
agus dechétfaidh na nderbráithrech remhráidhsemar. Cuiriss
dá mór-chomachtoip glórmhara aingil agus archaingil d'imluadh
agus do choimhthreórugadh in naemh-shépéil gur chomhshuidhighset
é a n-inmedhón agus a gcert-lár in ríg-róid rígdha
thairmnigess eitir prímh-chathraigh Recanati agas in sen-fhairrge,
ionadh áirigthe ar nach roibhi cennus nó uachtaránacht
no selb sonnradhagh ag én-duine fon uile dhoman.
Atá issin dú sin gusin tan sa. Ag sin amháin in tres imirci
agus athrugadh dorónadh leiss ier riachtain dó tar fairrgi.



8. Assa haithle sin immorro ingantaigit daoine simplidhe
neimheacnaidhi issin tír éxamhlacht agus ingantaighi eachtra agus
imircedh in tséipéil. Cuirit i n-for inntinn-chroidheadhoip
lochta na cathrach gné fondaiminti do chor n-a urthimchell,
óir ro imeglaighset tré ainffioss a athrugadh uaidip in cethramadh
feacht. Teaglamait immorro agus comhchruinnigit
lucht na gcathrach gcomhfhocus agus an tíre go huilidhi. Dognít
go lán-obbann gné oibre agus fondásioin timchuairt in
tsépéil. Bátor tra na hEdáilligh agus lucht na régión gcomfhocus
ag imthathaidhe go lán-línmhar fair. Ba machtnadh


L. 126


dermair leó métt agus imat a fhert agus a mhírbal co n-a uile
eachtra agus imtheachta. Ar n-a fhaixin sin don óigh naomhtha
bliadain áirighthe d'aóiss in Tigerna, míle ar dá chétt sé
bliadhna dég ar cheithri fichit, ro fhoillsig mar so síss uile
scéla agus turtheachta in tséipéil.



9. Aroile senóir naom-arsanta go ndegh-airilte agus go
gcaóin-bhéssoip dorala i n-a gnáth-chomnaighe ar comgar
in tsépéil. Ro gnáthaigedh a imthathaidhi go meinic maille
re deuósion díchra agus re dúthracht inntinni. Taisselbuiss
in naemh-ógh í badhdéin cétna a persain dó. Adfétt
dó feip ro innis don athair irisseach Alexandro, prióir Tharsato,
toighecht agus imthecht agus uile eachtra agus imthúsa in
tséipéil ón chéd-uair riam gusin tan sin, a aistriughadh agus a
imachor go mírbhailech ar guaillip agus ochtaibh aingel agus archaingel,
an aimsir agus an inbaidh i n-a nderna gach athrugadh
agus gach imirce dia nderna. Earbuiss agus foláiris fair ina huile
scéla sin d'oirrdercugadh agus d'fír-fhaisnéis do na huilip
poipleachaibh no-bheitiss i n-a chomhgar. A gcétóir téit
in senóir go cathraigh Recanati. Aisnéidiss na scéla mírbaileacha
do lucht inotachta na cathrach gusna huilibh
choipnessoibh. Gapait tra na poipleacha d'formhór na scéla
so go héttrom nemfhoirpthe míchreidmheach chuca. Is
suaill nach ag fochuidmedh agus fanamait bátor fon senóir.
Araoi sin chena mar do chonnarcatar ilimat na ffert agus na
mírbal gacha laithi, cinnit agus comhairligit do chomhaonta
aroile sé fir dég do roighnip na ndaoine ba crínna foghlomtha
chocubhassaigi fírinnighe a prouensi Marca do thogha agus a
gcor go Nasaret Galalee do chomhshaothrugadh bunadhuis
agus séicréide scél in tsépéil. Gapsat tra na sé fir dég remhráite
loingess co n-a n-uile riachtanus aistir agus imtheachta. Ascnait
assa haitle. Dírgit a gcúrsa tar cuan Adriatico. Mar
sin dóib go riachtsat cuan agus caladh-port a Sinonia. Asside
gan mhoille go magh Tarsato. Innissit immorro agus coimderpait


L. 128


aittrebthaidhe agus lucht inotachta an tíre agus in maga sin
do shonnradh mar do tháinic agus mar do thoirling in naoimh-thegh
oirrderc adhamra sin ar in magh remráite,
a fherta agus a mírbaili in céin ro buí ann, mar ro thaispein
naemMuire ógh dia mór-thrócaire í badhdéin d'Alexandro,
go ru-s-fét eachtra agus uile scéla in tsépéil, dol Alexandro
gusin gcethror remráite go Nassare do promad agus do
dherbadh an sceóil, agus sin d'fagáil go huilidhi mar atá i n-ar
ndíaigh, agus an sépél do thógbáil uaidip assa haithle agus ná
fitirset fon uile doman cia leth dochóidh. Léicet sein ar
siopal gach ndírghi iat go ro riachtsat Nasaret. Ba guasachtach
imomhnach na sligthe rompa trésan mBarbiass bátar i
n-a náimdip bunaidh agus i n-a scristóirib creidim Críst. Ar
ndol dóip go Nasaret rángatar in t-inadh áirigthe gusin
ffundaimint for ar comhshuidhigedh an teagh ó thús. Messait
agus toimsit iaramh a fhod agus a lethet agus a imthacmac fri
compáss in tige ro-dus-fágoibset i n-a ndeghaidh issin Edáill.
Ba cutruma coimhinann dóibh. Eistit ier sin ina huile
dherptha agus scéla ru-s-bátar ag lucht na cathrach um dháighin
in tighe, a ttaop a thógbála agus a chomhshuidhigthe ó thúss
agus a imtheachta go mírbaileach ingantach assa haithle.
Doratsat creidemain gur uo fír-bríathra foirpthe gach ar
chan in senóir issin Edáill, gur uo hé sin an teagh fírinneach
buí ar in inadh remráite ar n-a threórugadh go mírbaileach
éxamail do mór-chomachtoibh an choimdedh chomhachtaigh
in gach dú i n-ar chomhnaigh diaigh a ndíaigh gur oiris as
a haithle isin log bennaigthi i n-a ffuil. Iar sin tra térnoidhit
na hEdáilligh dia ttír. Fuilngit imat guasachta agus mertin
mara agus tíre sechnóin na sligedh. Ar rochtain a n-atharrda
badhdéin atfétsat tra go follus ina huile derptha agus
scéla fuaratar um dhála in tighe. Creidit tra ina huile
chinedhaigh ro-s-bátar sa prouensi gur uo fír gach ar chansat.
Doratsat altughadh buidhi do Dia uile-chomachtach.
Adamhraighther agus oirrdercaigter an scél fo na régiónoip


L. 130


comhfhoixibh. Dognít cách ieromh métughadh onóra,
tathaidhi agus deuósioin don sépél. Ní hiat na hEtáilligh
amháin bátar tathaigeach air, acht ilimat ó régiónaibh oile
do macoibh egailsi d'uile ordoib ríagalta na crístaigechta.



10. Aroile duine uassal irisseach ro buí a n-aoiss foirpthe,
a n-imfhoixe don sépél remráiti ro buí a aittreb agus a inotacht.
Batar maithe a degh-airilte agus a cháin-béssa. Paulus dela
Silua a chomhainm. Ba gnáth-bés dó uisitátion meinic agus
tadhall gnáthach ar in sépél naomhtha sin go línmar gacha
laithe. Oidhche n-aon a fféil natiuitatis Beate Marie
Uirginis dó issin sépél ag adhradh agus ag etorguidi naemMuire
óighe, adchonnairc día shúilip corparrda in soillsi ro-mhóir
.i. prímh-lóchrann lassamail ag toirling anuass ar in sépél.
Ba hí a thoimdin agus a baramail dá throigh dég i n-a chomhfhat
go sé ttroigtibh i n-a lethet. Dá uair in chluig riassan ló
do shoillsiugadh ba hedh ro thoirling samhloidh. Deich
mbliadhna diaigh a ndiaigh comhainm na hoidche sin do
shonnradh agus a n-inbaidh na huaire cétna don duine uassal
ag faixin rúndiemair na mór-mírbal. Ní ro fhaisnéis frissin
ré sin do neach. Aimsir aithgerr ria mbáss cuiriss techta
do thochuiredh espoig Recanati go n-espogoibh maithi oile.
Adféd tra dóibh na mór-mírbaili éxamhla ingantacha forcaomhnacair
issin sépél co n-a uile derbthoibh agus deg-chomarthoibh.
Deimin lasna sruithibh sin amne gur uo hí in
naom-ógh badhdéin ináid aingil uaithe ro-s-ficedh comhainm
na féle uaissle ro ráidhsem d'onórugadh agus d'airmhitniughadh
an tsépéil uassail adhamra. Comhoirrdercaigther
ier sin in scél fo na régiónoibh comfhoixibh amail is folluss.



11. Feacht n-aon du-s-riacht espog chathrach Recanati
dia oilithre go Loreto, Terremano a chomhainm. Dogní a
thurus. Ier gcloisteacht ilimat fert agus mírbal an tsépéil
térnoidhiss ar ais go cathraigh Recanatí. Duine fírénta
uassal Paulus Rinaltinus ro buí issin gcathraigh in tan sin,
ro dearp don tigerna-easpog, a ffoirfecht aoissi agus aimsire a
shen-athar badhdéin, gur mhinnaig go fiadnach go ffacatar


L. 132


a shúile féin in sépél ag a imachor tar in ffairgi ar guaillibh
aingel gu ro thoirling go mírbailech ingantach issin ffidbaidh
remráiti. Aroile prióir áirigthe ro buí issin chathraigh
chétna sin, Fransisco a ainm, dorat a minna a ffiadhnaissi in
espoig Terremano go ro minnaig a sen-athair badhdéin fo
n-a chubhus a fforcinn sé fichet bliadan dia aoiss go ffacatar
a shúile féin in sépél ag ascnamh agus ag céimniugadh tar in
ffairge gur thoirinn agus gur thoirling go mírbaileach isin
diamar-choill adupramar, go roibhi féin ag urnaigthe agus ag
etorguide in choimdhedh chomhachtaig agus naemMuire óighi
go meinic isin inadh sin ann, an dara feacht ag dol go cnoc
na deissi derbráthor, in tres fecht ag ascnamh gusin dú i
n-a mbaoi. Fo bíthin na n-ilimat derptha sin tra cinnit agus
comairligit na cinedhoigh d'éin-inntinn amháin gan examen
nó cúiss amaruiss badh móo do chor a leith in tsépéil. Go
háirigthe ós a chenn sin, ilimat a fert agus a mhírbal gacha
laithi, gér-scrúdaiss sin inntinn-chroidedha na régión agus na
gcinedach gcomhfhoccus chom adhartha agus creidemna dó.



12. Buí aroile duine uassal adhamra issin fFrainc ria
sunn, Petro Orgentoris a chomainm. A gcathraigh oirrdirc
Granobile ro buí a inotacht agus a chomhnaighe. Ro theacht
mhnaoi a dhingbála, sí ro-uassal go ndeilb nderscnaigthigh
do threibh ro-onóraigh issin fFrainc, dier uo comhainm
Donna Antonia. Gapuis tra ben oile issin gcathraigh
gcétna doigh étta, imthnúith, agus acaissi di imon ffer-scál
remhráite. Dealbhuis breachta diablaidhechta agus draoithechta,
ídhalachta agus ainchreidmhe, i n-a haghaidh. La
sodain gabuis mire agus dássacht dífhulaing in chéid-ben. Ro
thréic a céill agus a cétfaidh. Brethnaigit lucht a faircsena
gur uo droch-spirut buí ag inotacht innti amoil ba hoirrderc
i n-a dheghaidh. Ascnais in duine uasal gusin mban-scál
remráiti ag iarraidh caomhna agus comfhortachta di in gach
reclés agus in gach ionadh bennaigthe mírbaileach adcloss dó
seachnóin na Fraingce. Nír uo tarba dó. Treóraigidh ier sin
go prímh-chathraigh Melan issin Edáill í, go huasail-eclais
S. Iulio, dú a ngnáthaigdiss lucht na haicíde sin do


L. 134


shonnradh fóirigthin agus comhfhortacht a riachtanuis agus a
n-anacra d'foghbháil go meinic mírbaileach. Sealat dóip
issin reclés sin, acht chena ba dímhaoin a ttoisc. Céimnigit
go cathraigh Madonain as a haithle, go prímh-thempall
oireghdha i n-a ndingentaidhe a sét samhla sin d'fertoib agus
mírbailip go línmar .i. tempall Gemeniano. Urnaighit agus
etorghuidit ann. Ní fhuaratar comfhortacht bheós. Tochomhlait
tra as a haithle go prím-chathraigh na Róma. Fri
ré mísa go comlán dóip issin Róimh a prím-thempall Petair
Uaticano. Coloman adhamra oirrderc mírbaileach go ngrát
imremar ieroinn i n-a uirthimchell isin tempall, neoch
atá aniú agus ó do buí Críst ar in saogal so ag buain droch-spirut
demnaidhe as lucht a imthathaidhi, do grássoibh Dé,
go follus fiadhnach don doman. Ní meinic térnoidh ón
choloman sin fer nó ben ar a mbiadh an anacair sin gan
comfhortacht d'fagáil. Sealat áirigthe gacha laithe go
forcinn na míssa sin don ban-scál remráiti astig fo iadhadh
issin ngráta a ffochair in cholomain. Nír uo tol la Día
comhaiseg a sláinte d'fogbáil di bheós. Ier sin tra gluaissit
in chuideachta so go comhthuirsech díbergóideach. Acht
trócaire Dé amháin, ní mór ná ro chuirsetar súil do chabair.
Mesait go díchéillidhe mídhóchusach, ó nach deachaidh a
ttarpa dóip prímh-thurus mór-oirrderc dia ndernsatar,
ascnamh agus céimniugadh go a n-atardha bhunaidh agus gan
ní badh móo do thurus do dénamh go forcionn bethadh na
mná uaissle. Aroile ridire uassal d'ord Malta ro buí ag térnódh
ó thuruss Loreto tegmaic dóib-sen forsan sét. Bennachoid cách
dia chéle díp. Coimfhierfaigit scéla aroile. Adfétsat tra a n-
uile eachtra agus imthechta agus amoil forcaomnagair dóip.
Adhamhraighis agus oirrdercaigis in rittiri remráite ferta agus
mírbaili naoim-shéipéil agus fidair-deilpe agus sompla-chroiche
Loreto. Comhairligiss dóib-sen ascnamh go Loreto.
Fo bíthin gach a ndernatar-san do státion agus d'oilithre a
prím-eguilsip oirrderca oile is súaill ná ro glacsat gné mídóchuiss,
óir ro mesatar nach rachadh a ttarpa dóip turuss
ar bith dia ndingnedís. Iarruiss an ben uasal a n-athchuingidh


L. 136


a treórugadh go Loreto. Gníter samhloidh an
seachtmadh lá dég Iulíí, aoiss in Tigerna in tan sin
míle ar cheithre chét ocht mbliadhna ar cheithri fichit.
Aroile canánach onórach ba huachtarán issin sépél, buí go
ndegh-bhethaidh, Steffanus Fransigena a chomhainm. Du-s-riacht
i n-a gcomdháil go maccléirchip imdha maille fris.
Beiriss gusin sépél iad. Ar ndol astech dóip sléchtait,
etorghuidhit agus urnaigit a ffrithchétfaidh agus a ffiadhnuisi
imháide Muire agus na croiche remráidsemar. Ro-s-gní in
t-athair onórach sin ord coniurátion do réir uird agus forcetail
na heguilsi Rómhánaighe chom na ndroch-spirut ndemnaidhe
d'innarbadh asin mnaoi uassail. Nír uo himchien dóip ier
sin in tan ro fregairset secht ndemain a n-éinfhecht as cert-
medhón na mná uaisle do briathraibh neimhnecha náimdemhla
dó. La sodain tra fágbuiss én-spirut amháin
demnaidhe in ban-scál. Toirlingis ar lóchrann lassamail
ciera ro-s-buí issin sépél. Ní roibhi ar comus dó a fágbáil,
acht buí ar n-a chrochadh leis go follus do na huilip. Adbert
do glór neimnech gur uo Sordo a ainm. Assa haithle tra
fágbuiss in darna droch-spirut í. Adbert gur uo Herot a
chomainm agus gur tria n-a aimsiughadh agus áidhbhirseóracht
táinic marbadh dhiúc de Burgondi ro buí ag cothughadh
agus ag tógbáil chreidimh agus crábaidh eguilsi Dé. Ier sin ro
gremoig do lóchrann oile dia mbuí issin sépél. Du-s-rat a
chert-aghaidh gránna gráinemail forsan athair remráite.
Nochtaiss agus glomaiss a draint-fhiacla imdorcha adhéitche.
La sodain ro chan go follus do sherp-glór dhiablaidhe: Ní tusa
ro innarb sinne assin aittrep i n-a rabamar i n-ar gcomnaighe
re haimsir imchéin, acht mór-thrócaire mírbaileacha
Muire. Beiriss in canánach na deóraidh uaissle adhamra
sin leisss día teghduis badhdéin an oidche sin. Onóraigiss
agus fiadhaigis friú. Ar n-a mhárach dóip gusin sépél
naomhtha. Guidhit agus adhrait agus urnaigit go díchra gusin
naomh-óig a ffiadhnuisi a pictúire. Ro gní in t-athair in
t-ord forcetail agus celipartha cétna. Fágbuis spirut oile
demnaidhi in mnaoi n-uassail. Adbert gur uo hé a ainm


L. 138


Horríbile. Beiris i n-a bheól go neimhnech náimhdighi ar
lampa airgit go soillsib línmara buí crochta issin sépél.
Aisnéidis go poiplidhi fiadnach gur uo hé badhdéin tria n-a
anchomachtoib diablaidhi ro foláir ar popul Iruaith Eoin
Bauptaist do díchennadh. Ro éig agus ro scret as a haithle agus
issead ro chan: A Muire, a Muire, is dien dígaltach náimdemoil
sírraidhe ataoi i n-ar n-agaid. Lo sodain tra gabuis
in t-athair agus cách archena ag etorguide naemMuire. Táinic
in cethramadh spirut assin mnaoi n-uasail. Do-s-rat a
ainm ós airtt .i. Aroto. Is meissi, ol sé, trem inntlecht agus
trem ealadhnoib diaplaidhi ro chuir fo inntinn Iruaith meic
Antipater in macraidh oirrderc adhamra do díchennadh for
ierroidh Críst a n-aimsir a geinemhna. Ier sin a gcétóir, ní
ba neimnighe oldás in coicéle cealgach oile, gremaighiss agus
coimlenuis di eroile lampa dia mbuí isin sépél. Du-s-rat
as a haithle a aghoidh go reacht agus go ffraech neimhe ar
chách agus do shonnradh forsan athair. Adbert ier sin: A
Mhuire ógh, is nert-láidir nemchoimseach do mór-chomachta
mírbailecha mór-thrócaireacha, óir iss tré do mór-grássoip
trócairecha ro dhíchuiriss agus ro innarbuiss sinne assin sossadh-
chomnaighi i n-a rabhamar. Ar gcloistecht na
mbriathor sin don athoir cuiris d'fíachaibh ar in diapal a
n-ainm Iossa Críst agus Muire óighe gach a mbuí do senchuss
agus do scéloip in tigi sin aigi d'foillsiugadh dó a ffiadhnuissi
cáich a gcoitchinne. Fregruis in diabal dó: Ag so, ol sé,
go fírinneach teagh Muire óige, máthair in choimdedh
chomachtaigh. Adbert in t-athair d'inchreachadh agus do
grennughadh in droch-spiruit gur uo briathor-chealga brégacha
ro chan. Ní headh go fírinneach, ol sé, acht issí in
naomh-óg ro-m-coiméiccnigh um fhírinne na mbriathor so
do fhaisnéis; agus dia derbadh sin ro thaispéin don athair go
neimnech náimdighi in t-ionadh áirigthi agus in áit chinnte isin
sépél i n-a mbuí in naomh-ógh in tan táinic in t-archaingel
do neimh lesin techtairecht ón Athoir nemda, fóss in t-inadh
i n-ar shessoimh agus i n-ar oiris in t-archaingel in céin ro buí
ag tabairt na techtairechta uaidh. Ro fhaisnéidh ilimat do


L. 140


scéloip agus mírbailip in tigi cenmothá sin ar forchongra in
athar. A haithle na mbriethor sin gerruis in t-athoir
comhartha agus signum na croiche césta. A gcétóir immorro
tuitit trí spiruit dia ndupramar go mbátar fo chosoip in
athor, an cethramadh spirut crochta frisin lampa, gan ar
comus do nechtar aca comhfhortacht nó fóirithin
dieroile. Cuiris in t-athoir d'fiachaibh ar in gcethror sin,
as ucht in chomdedh chomachtaig agus naomMuire óige, co
n-a mbátar do droch-spirutoib isin mnaoi n-uasail coiméirgi
suass a ffraigtip na firmeinnte agus gan urchóidiugadh di ní
badh mó. Iar sin tra sceinnit trí demoin oile asin mnaoi
remráite. Du-s-rat gach aon scret agus éigem adpal-mór
adhuathmar ós aird. La sodain tra éirgit a mórseiser a
ffiadnuisi na poiplech d'éin-eitil aérdha énamail go ndechatar
issin aer etorbuas a gcoimitecht na gaoithe glóraighi.
Tuitiss in ben uassal a gcétóir a ttaissip agus a ttáim-néloibh
báiss. Ro mesatar cách a beith marp gan anmain. Ro-s-tógbadh
a corp forsan altóir atá a ffiadhnuisi na fiodhair-delbe
mór-mírbailigi adupramar. A gcenn trill ier sin ro
hathbeóaigedh in ben uassal. Eirgis i n-a suide as urchomair
cháich. Du-s-rat signum na croichi césta fo a gnúis. Tug
altugadh buide dermhair don Mac mór-uilechomachtach agus
dia máthoir mór-mírbailigh uman trócaire ndímóir dorónadh
fuirre .i. athchor agus innarbadh na seacht ndiapal este ier
n-aittreabadh agus ier n-inotacht ier gcéin máir dóib innte ier
n-inmedón. Eirgiss as a haithle cen galar gan essláinti.
Du-s-rat almsana móra do chomdach na heguilsi móire fuil
timchuairt in tsépéil. Altaigit ina huile poipleacha la Dia co
n-a máthair glórmhair na mór-mírbaili forcaomnagair.
Ascnaiss in ben uassal agus a fer co n-a lucht coimhitechta
go a n-athorrdha bhunaidh. Rángatar slán. Bátar ag
comhfhognom do Dhia agus do Muire go a n-égoibh diaigh
a ndiaigh a ndeig-bethaidh mharthanaigh go fforaithmhet
agus go ndeuósion lán-línmar ar Loreto mírbaileach. Ba
gnáth a mac-samhla sin do mírbailip ag a ndénom isin
sépél naomhtha sin go follus fiadhnach do na huilip itir


L. 142


chill agus tuaith, acht is eimilt a uile ferta agus mírbaile re a
ffaisnéis. Araoi sin tra laipeóram aoin-scél amháin mírbailech
ier n-a derbadh tria cloich áirighthi don sépél.



13. Báoi aroile ardespog onórach airmitnech a prímh-chathroig
Cambria a rígacht na Portengál. Odcloss dó clú agus
alla agus oirrdercus ilmat fert agus mór-mírbal sépéil Loreto
is ead ba menmarc agus ba hinntinn toltanach leis sépél do
thógbáil agus do chomdach a n-onóir agus a n-airmitin
sépéil Loretolo. Ro siacht gusin Róimh. Buí aimsir imchian
issin Róimh ag siúit lessin pápa ag a iarroidh a n-athchuingidh
agus mar grássoip aon chloch amháin do sépél Loreto do thabairt
dó badhdéin as go mbiadh aigi mar reliciass onórach issin
sépél ba menmarc leiss do thógbháil i n-a espogóide féin
issin Portengál. Iar n-aimsir imchéin du-ss-rat in t-athoir
naomhtha maille re comairle agus re foghar ro-mhór an aiscidh
agus an athchuingidh sin dó. Cuiriss a letrecha agus a aithne co
n-a shéla mór go prióir Loreto dia erbadh fair aon chloch
amháin don sépél naomhtha do thabairt don airdespog
adupramar. Sagart altóra in airdeaspoig badhdéin mar
thechtaire dearptha frisna letreachoib. Ier rochtain Loreto
dóip taisspénait augdarráss agus aithne in pápa agus na cúirte
Rómhánaighe don prióir. Ní ro léic imegla in pápa don
prióir, ge gur dobrónach díbergóidech leiss, gan a aithne
do choimhlínadh. Ascnáis in t-airdespog ón Róimh go
cathraigh Thrent. Adbert go ndingnadh oirissemh agus comhnaighe
issin gcathraigh sin go roichedh in gcloich gusin
sacart altóra é. Benuis in prióir agus maccléirigh na heguilsi
aon chloch amháin assin sépél. Ier ffogbáil na cloichi don
athoir gluaisis as Loreto an céd lá do mhí Decembris do
shonnradh, asside go cathraigh Ancona. Ro fhágoipset
Ancóna in tres lá don mí chétna. Bátor ar siopal car gach
aon laithe go forcinn na míssa sin amne, siad badhdéin co
n-a n-eachroidh go mbrisedh croidhe saothair agus docomail
agus gach imdhoraidh archena frisin ré sin. Ier sin rángator
Terento. An t-airdespog ar a gcinn ag furnaidhe friú isin
gcathroigh. A gcétóir ru-s-fuaratar a n-eachraidh uile báss


L. 144


fo bhíthin a ffuaratar do sáothar agus do dhocomal ag imchar
na cloichi. Taisselbuis in t-athoir remráite an
gcloich go sécréidech onórach don airdespog. Forffáiltigis
uile chroide agus inntinn an airdespoig ier n-a faixin. Adbert
ier sin sol do raghadh assan gcathraigh sin go gcuirfedh
comdach agus imdénomh óir agus aircit i n-a hurtimchell, go
gcomraidh nderscnaigthigh ndegh-oibrigthigh, go peinntéladh
ndealraigthech sechtoir. Ro forbadh agus ro críchnaigedh
go habaigh ullamh gach ní de sin. In tan ba toltanach
lassan airdespog ascnamh go a atharrdha bhunaidh gussan
gcloich leiss gabuis tra galor agus essláinte neimhnech é gur uo
comhfhocus báss dó. Doreglamadh uile doctúiridhe agus
fisice na cathrach dia innsaigidh. Adbertsat ná fitirset
fon uile dhoman crétt badh cúiss essláinte dó nó cinnus ro
buí aca comfhortacht ar bith do dénomh dhó. Ier sin
dodeachaidh in t-airdespog a n-égcruas agus a n-aimnirte
adbal-móir. Ro thócoibset na doctúiridhe de ier gcor
aithne i n-a aghaidh. Ó 'dchonnairc sagart altóra in airdespoig
sin ba hedh ro taisspénadh i n-a menmain agus i n-a
inntinn dó, ó dochuaidh leighess saogalta don airdespog,
leiges spiratáilte d'iarraidh dó. Bátar cúpla do chaillechoip
dupa onóracha a ndá mhainistir issin gcathraigh. Ro
messatar cách a mbeith go ndeigh-bethaidh naomhtha.
Eirgiss in sacart gus in dú a mbuí aroile díp. Ro égnaigh
lé uile threplait agus anacair an ardespoig. Ro ierr uirre a
n-onóir Dhé uile-chomhachtaigh agus naomMuire óighe guide
ar a shon. Adbert in naomh-chaillech: Guidhfetsa fom
dhíthill ar a shon agus ticidh-si dia in tres laoi dom aithreóss.
Briathraigiss ier sin frisin dara ban-scál. Tingealluis mar
in gcétna. Tic in tres lá. Fochtuis diaigh a ndiaigh do
na caillechoip an dorónsat amail ro geallsat. Fregruis in
dara ben dó agus isedh ro ráidh: Dorónusa tra mo dhíthill
etorguide agus urnaighthe ar a shon acht chena ba
dímhaoin damh. Ní foláir dó go ro aisige a ndorat as
naomh-sépél ógMhuire Loreto. As a haithle sin ba héittir
go tticfadh do grásoip Dé agus d'fertoip na bantigerna comhaiseg


L. 146


a shláinte d'fagáil dó. Téid ier sin gusin dara cailligh
nduib. Ba coimhinann comhlapra dóibh. Bidhguiss agus
ingantaighiss in sacart la cloisteacht na mbríathar sin, óir
ba deimin leiss gussin tan sin nach roipe fiss scél nó séicréide
na cloichi ag aoinneach issin gcathraigh acht ag in ardespog
agus aigi badhdéin. Ier sin tra téid gussin ardespog go múich
agus go ttoirrsi ndermhair. Adfét dó uile scéla agus briathra na
mban-naomh. Gabuis aithméle agus aithreachus adpal-mór
an t-airdeaspog. Aitchis agus etorguidiss naomMuire ógh.
Du-s-rat a choipsena di aroile athair irissech. Admhaiss
go truaighmélech tuirseach díbergóidech gur uo dímsach
uaipreach ro ierr a n-aiscidh agus a n-athchuingidh ar an pápa
gusin gcúirt Rómhánaigh an sépél uassal-naomhtha do
bloghadh agus do urissedh. Ro thingheall ier sin fognomh
frichnamach agus seruíss sírraidhi go forcinn a bhethadh do
dénom do Muire maille re comhaisseg na cloichi go naomh-sépél
Loreto. Lá sodhain tra trialluiss in t-airdespog in
sacart remhráite gussin gcloich for sét Loreto ó chathraigh
Trent timchell medhóin laoi dia haoine. Ní mór go rángatar
amach assin gcathraigh amáin in tan fuair in t-airdespog
comfhortacht ro-mhór ón uile treplait buí fair. Bátor
a gcathraigh Ancona timchell medhóin laoi in luan baoi ar
a gcinn gan saothar, dochor nó docomhal d'foghbáil dóip
féin nó dia n-eachraidh seachnóin na sligedh. Eirgiss post
ó chathraigh Thrent i n-a ndeghoid go scéloip sláinte in
airdespoig go mbuideachus ndermhair agus go n-altughadh
ndíchra do Muire óigh. La sodain tra ro theglaimset
sámhadh agus coimthinól Loreto agus lucht inotachta agus aittrebtha
in tíre la cloistecht in sceóil. Ascnaid ieromh go cathraigh
Ancona a gcoinne agus a gcomdáil na cloichi. Cóig léige ba
hedh ro aistrighset. A prosesion onórach dóip ag térnódh
go Loreto in dara feacht, go ndá míle laoch agus cléirech go
lóchrann lán-mhór lassamail cíera a láimh gach aoin, an
gcloich remráite ag a himachor go honórach airmitneach ag
prióir na heguilsi. Bátor tra na hilmhílte do shlóghaip agus
do shochaidhip cenmothá sin issin prosesion. Ar rochtain


L. 148


Loreta dóip dírgit agus comhshuidhigit an gcloich i n-a hinadh
agus i n-a hadbadh badhdéin amail ro buí ria sunn. A gcétóir
immorro gremaigiss agus coimhlenuis an cloch go mírbaileach
éxamail ingantach dia coicéilip comadhus cloch-chomharsnach
oile mar nach biadh etorscaradh etorra riamh ón chét
ló gussin tan sin. Atá go folluss re a taisspénadh do na
huilip issin sépél ón uair sin anuass. Fiodhair na croiche
céssta innte do shonnradh a gcuimhne agus a fforaithmet na
mór-mírbal. Athascnáiss an t-athair remráite go ro
riacht cathroig Thrento. Ro-s-fairnic in t-airdespog ar a
chinn gan neimh gan galar gan doilgess mar nach gcomhairsedh
urchóid fris, gur comhmóradh agus gur hoirrdercaigedh
ainm Muire óighe agus onórachus a naoimh-shéipéil mór-mírbailigh
trésna fertoibh adhamraibh sin.



14. O'dchonnarcatar immorro na haithrecha naomtha
ru-s-bátar i n-a pápaidhip issin Róimh an ilimat fert agus
mírbal so, ó ré agus ó reimhess in dara Paulus .i. in cóicedh
pápa dég ar dá chét bátar a gcathaoir Petair issin Róimh
gusan inbaidh sin, aóiss an Tigerna in tan sin míle ar cheithri
chétt ceithri bliadhna ar trí fichit, du-s-rat in pápa so
badhdéin, in dara Pauplus remráite, na loghaidh imlána
so do mhaitem a chinadh a peacadh agus a turcbál do gach
aon téid maille fri hinneithemh agus aithrechus agus lebargnímh
do thurus Loreto, ó aóiss na haimsire sin gusin tan
so, gach uile pápa dia ttáinic isin Róimh, go fedh dá pápa
ar fichit go reimhess in athor naomhtha so Paulus Quintus,
a aois in Tigerna in tan so míle ar sé chéd ar naoi mbliadhnoibh,
ardaighit agus onóraigit mór-lóigidhecht Loreto diaigh
a ndíaigh maille re daingniughadh gach priuiléide dia ttardsat
na pápaidhi rompa dó. Messait agus brethnaighit cách gurab
é Loreto, gan imressain gan cúiss chompráite nó chommórtuis
ar bith, aoin-tegh amháin is onóraighi airmitnighe naomhtha
mhírbailighi mór-lóighidhechta fon uile doman. Doratsat
tra na pápaidhi remráiti ro-línmaireacht bronntanus agus
deuósion don teg so as go ffuil ro-shaidbir costusach
gusin uile riachtanus rices a les. Rígha agus prinnsaighi


L. 150


agus daoine uaisle catoilce na crístaighechta ag cor ilimat do
sheótoib uaisle onóracha óir agus aircit, clocha uaisle, bruit
onóracha ildathacha, culaidheacha aiffrinn d'ilraidh agus d'
éxamhlacht na n-uile dath, go slapradhoip derc-óir a presantoip
agus a ndeuósion gusin tig si chena, mailli re deuósion in uile
násion don chrístaigecht bít ag imthathaidhi chuice agus úaidhe.
Fuair O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na daoine
uaissle Eirennacha bátar maille friú, radharc agus taispénadh in
óir-chiste sin. Ní rángatar roimhe sin riem a séd samhla.



15. Pápa áirigthi dar comhainm ... dorat mar ardughadh
glóire agus onórachuis don sépél naomhtha so, ro ordaigh
aonach agus lá margaidh lá áirigthi do mhí Decembris gacha
bliadhna do bheith i n-a fhochair, a bheith coimdíless do
násion sa chrístaighecht toigecht gusin aonach sin. Dobheirit
in lucht sin tra gusin mbaili agus gussin tír arcena
in uile riachtanus agus socomal ricit a less, as go ndeachaidh
sin a ttormach agus a saidbres adbal-mór don mbaili agus don
tír go huilidhi. Is gnáth in línmairecht sin d'fertoip
agus do mírbailip ó aimsir go haimsir issin sépél naomtha sin
agus do shonnradh a n-inbaidh agus a n-aimsir na n-aonach so,
dia mbeittis tengtha in domain a gcenn aon-duine, nach roichfedh
leiss a rímh, a n-áiremh, a ttuiremh nó a ffaisnéiss. Ba
himairgide són tra fo bíthin nár uó duine talmaidhi nó
corparrda amail Adhomh ro cruthaigedh don talmain
choitchinn ro inotaig agus ro aittreb ann acht ar Slánaigtheóir
Iossa Críst ar n-a duiniugadh go mírbaileach on Athoir
nemhdha a mbruinne na naomh-óighe, fóss nach do chnáimh
duine amail Eupa ro cruthaigedh í, acht a geinemain i n-a
hóig genmnaigh isin tigh sin amne a n-agoidh chúrsa nádúrtha.
Ní trí haingil amháin ro bhátor issin tig si chena coimhinann
agus buí ag in uassal-athair Apraham, acht comnaighe agus tairissemh
an uile ord aingel agus archaingel. Ann fóss buí sossadh
agus comnaighi ar Slánaightheóra Issa Críst fri ré naoi míss
a mbruinne na náomh-óighe ó n-a ffuair in tegh sin adhamhrugadh
agus oirrdercughadh fo bhíthin gurap ann amháin ro
coimhchengladh diadhacht agus daonnacht Meic Dé bhí.


L. 152


Messait cách mar inadh naomhtha sliap Taboir agus is fír són.
Iar ffulang chroichi páissi agus martra d'Iossa Críst is de do-dheachoidh
as a haithle ar deiss a athor. Is uaissle onóraighe
airmitnighe adhamra in tegh so chena fo bíthin gurab ann
ro geinedh agus ro hoilemnaigedh an Tigerna, gurab ann fós
ro coimpredh ro geined agus ro hoilemnaigedh a mháthair
mhírbaileach agus ro thochaith a huile laithe agus aimsir acht
madh beg ar in saogal. Mestor bheós mar inadh naomhtha
onórach oirdnidhe in tomba i n-a roibhe corp ar tTigerna
marp gan anmain denuis-tréidhe agus as ar éirigh ó mharpoip
as a haithle. Ba himairgidhe són tra. Is uaissle onóraighi
airmitnighe go mór in tegh in ro geinedh, in ro hoiledh é,
i n-a roibhi cien-aimsir beó ar in saogal, i n-ar thomail
bíadh agus deoch go meinic aimserrdha; i n-a nderna supáilque
agus conuersáit re n-a desciblaib, a ndénadh urnaighthe agus
etorguidhe gusin Athair nemda gacha laithi. Mess
agus brethnaig ó éiffecht agus aughdarrás uile theghdhuissidhi agus
inadha bennaigthe rúndiamra mór-lóighechta mír-bailecha
in domain, tuicc agus creid nach ffuil cúiss chompráide nó
chommórtuis eitir in tegh so agus aoin-inadh díp. Is é amháin
is uaisle onóraighi oirrderca adhamra oirdnidhe bennaigthi
mírbailighe dhiadha trócairige éxamhla ingantaighe. Is
éittir tegh Dé agus a máthar do chomhgairm ar in saogal so de ier
n-a imchor agus ier n-a thair-chéimniugadh go mírbaileach
ar guaillip agus ochtoip aingel agus archaingel in choimdedh
chomachtaigh.



16. Doratsat tra rígha agus prinnsaighe agus aoss gach titail
archena do chatoilcip na crístaigheachta in gcoibhéis sin
do bronntanus óir agus aircit, do clochoip uaisle, do seódoibh
éxamhla ingantach airmitnecha, don uile innstrament
na heguilsi naoimhe ó deuósion díchra dó go ffuil ar thigthib
saidbre costusacha na crístaigechta gusin prímh-egluis is
deissi deg-fhoirgenta deig-dénmaighe a fformhór na crístaigheachta
go srethoip do cholomhnaib marmair aíngil i n-a
urthimchell go ttairimthecht chomthrom choimhréidh do
clochoib coimlethna marmair. Sibal laoi go n-oidhche


L. 154


óthá Loreto go leith-imel ríghachta in Turcaigh. Cocadh
agus conbhlicht go sírraidhi suthain eittir in pápa, cenn na
heguilsi, fer inaidh Dé a ttalmain, agus in Turcach, araoi sin
cena dia línmaire fecht agus slóighedh dorónsat na Turcaigh
issin Edáill agus ar comhghar in baili do shonnradh, táinic tré
grássoib agus mírbailip naomMuire óighe ná ro urchóidighset
ó beg go mór do Loreto oldás do lucht a aittrebtha agus a
inotachta, fós na ro chaomhsat toigeacht fo dá míle go
leith i n-a imfhoixi ríamh.



17. An pápa dar chomhainm in dechmadh Leo conrótacht
leis múr daingen díthoghlaidhi, go n-iúdúsaip deptha
agus dechétfaidhi agus go túroip treapar-dhaingne trén-láidire,
go n-ilimat canón riagalta agus gach ordanáiss móir archena,
co n-a n-uile riachtanus i n-a móir-thimchell agus a uir.
Trúp marclaighi gárda línmar saigdiúir go sírraidhi suthain
ón pápa ag a imchoimhét d'oidhche agus do ló ar nach
ttairsitis bith-náimhde na hecuilsi a bhaogal.



18. Cebé dianab áil turus mór-lóigidheachta Loreto do
dhénomh ní foláir dhó go ru-s-tarda dia úidh gurab o deuósion
díchra agus ó innfheithemh fírinneach aistrighess chuicce agus
nach ó chúis no chaingin saogalta nó aimserrdha. Ier
ttabairt a choipsen go huilidhi gan urchuidmedh fon doman
an sacrament naemhtha do chaithemh. Seachnadh tra agus
imgabadh droich-descipal gussin uile chúis as a tticfadh
peacadh marptha. Madh dia ttegmha immorro egluss isin
mbaili i n-a n-oirisfe in t-oilithreach gach n-oidhche, dénadh
sléchtaine go n-urnaighthe ndíchra ndúthrachtaig go naomMuire.
Bíodh nach biadh eglus issin mbaili dénadh-san
urnaigthe go séicréideach rúndiamair a n-aimsir luighe agus
éirghe i n-a chubhachal chodalta. Eistedh aiffrenn gacha
domhnaigh do shonnradh. Ní seachbaidh go ttarta go fiú
a chomhaing déirc agus almsa do bochtoip agus d'aidhilgneachaibh
in choimdedh chomhachtaigh. Madh día tteghma go nach
biaidh ar commus dó in déirc do thapairt úaidh taisselbadh
tra a dheigh-inntinn do na bochtaibh. Canadh Aue Maria
amháin do ráith anma gach aoin. Dia nu-s-teacmha


L. 156


athtuirsi inntinne nó díbergóit dhoimenman chuice tardadh
fidhair agus signum na croiche césta i n-a urthimchell. Smúainedh
ier sin ar páiss Críst nó ar supáilcip agus trócoire naomhMuire
óige, ar in mbás is airchionn do gach aon, ar
breithemnus laoi brátha, ar glóir agus aoibhness agus adpchloss
in flaithemnuiss uachtaraigh a ffrithchétfaidh na Trínóide
nemdha, naomMuire óige, aingel agus archaingel agus naoi ngrádh
neimhe ná tairmdheachator, ar pientoip dírimhe dofhaisnéisi
iffrin a ffrithchétfaidh Lucifer co n-a daosgor-slógh demnaidhe,
airm a ffuil agus i n-a mbiaidh imat agus éxamhlacht ina
n-uile pien agus todhérnamh tré bith sír, airm a mbiaidh crith
for détoip agus toleagadh rosc, fuacht agus gorta, tess agus tart,
dorchato dermair dífhulaing, comhaonta agus comhaittreb fri
gnúissip daoscar-shloigh demnaidhe, nó tugadh dia úidh
páiss agus martra aroile do na hapstaloip uaisle adhamra,
nechtair do naomhoip nó d'fírénchaibh dier fhulaingset báss
agus martra ar in mbith ffrecnairc si ar son Dé uile-chomhachtaigh,
nó smuainedh éicin oile díadha d'inotacht agus d'aittrebadh
i n-a chroidhe a n-áit agus a n-inadh in droch-smuainidh
amne. Bídh go hairech innill urnaigtheach seachnóin na
sligedh. Tardadh dia aoídh ná ro chaille mór-lóigidheacht
a deagh-thuraiss fri buaidhirt agus aimsiughadh in adhuerseóir.
Dia no-s-teacmha magh sciemach scoth-shemrach go-n-imat
mbláth agus gach degh-thoraidh archena fris, smuainedh ar
shoillsi, ar ghlóir, ar aoipness pardhuiss. La cloisteacht
chelipartha na hénlaithe smuainedh ceól comhmbinn agus
claiscetal ceólmhar aingel agus archaingel na Trínóide nemdha.
Ruibéir ro-aóibhne agus min-srotha fír-uisce do thegmáil dó,
smuainedh tra sásadh agus glóir neimhe naomh-ainglidhi.
Ier ttegmáil dó a nglenntoip doimhne dorcha agus a ndroibéloip
diamra docomhlacha smuainedh ar pientoip éxamhla uathbásacha
agus ar dhorchacht dífhulaing dofhaisnéissi iffrin.
Ascnáidedh agus céimnigedh diaigh a ndiaigh gacha
laithe, do réir a neirt agus a chomhaing, nó go roichidh forcinn
a thurais. Tuigedh tra agus smuainedh ó n-a uile chridhe go
ffuil a reimhes agus a ré ar in mbith ffrecnairc si ag a tochaithemh
gacha laithe go ru-s-siasat fo dheóigh gusin gcrích ndeigenoigh.


L. 158


Ní foláir do na huilip go ro oirichlit go hairech
imomhnach imchoimhétach in slige sin, óir issí amháin
crích déighenach agus cinnem fhír-chinnte gach aoin. Mad
éitir leis ticedh ó ló gusin mbaili as go mbiaidh aimsir imchupaidh
sléchtaine agus urnaighthi issin naom-reclés bennaigthi
aigi sol raghus día chodal-tigh. As a haithle tra
caithedh in sacrament naomhtha ier ttabairt a uile choibsen
do léir ó chroide ghlan. Dénad in turus ierdain ó innfheithemh
agus ó deigh-inntinn tessaide spiritáilte go n-aithrechuss
n-imlán i n-a peacoip agus i n-a dupáilcip, go fforaithmet
páissi Críst agus breithemnuis brátha, go ngrádh foirbthe dia
chruthaigtheóir agus dia chomharsnachaibh, go n-altughadh
buide agus reuerens ro-onórach don naomh-óigh nemdha fo
bíthin gurap i n-a hainm agus i n-a honóir ro-s-fuair in teagh
bennaighthe grássamail sin an uile mór-lóigidheacht agus
priuiléit. Aitchedh agus etorguidedh in Mac mór-chomachtach
agus a máthoir mírbailech a ffrithchétfaid na fidair-deilpe
Muire agus na croichi ro remráidhsemar um sláinte anma agus
chuirp d'fogbáil dó badhdéin ón choimsigh chomachtach
ar impide agus ar foláiremh na naom-óige, a uile riachtanus
imchubaidh cenmothá, deg-stáit agus grása in pápa agus in chreidimh
chatoilce agus lochta a chothaighi, go macoip eguilsi Loreto
do shonnradh, go supáilcip in naoim-sépéil badhdéin.
A fforcinn a thurais madh éidir laiss canadh in psalm
Te Deum laudamus, nó tucadh do réir a inntinne buidechus
adpal-mór don Slánaigtheóir fo bíthin a treóraigthe
gusin naoim-teagduiss mór-loigidhechta sin. Tabradh
dia úidh ier sin na ru-s-tegma d'aimsiughadh nó do chathugadh
in aidberseóra dó, a haithle a thuraiss agus a oilithre,
míchinnemain nemchonáich assa gcaillfedh in degh-thurus
mírbaileach mór-lóigidechta du-s-róine. Oirrdercaigit agus
innissit agus adhamhraigit na hoilithrigh do na huilip
chinedhachaibh ru-s-tegmat friú in méitte bus cumain leó
d'fertoip agus mírbailip in tighi sin tra, as go ngabait lucht
a nemthathaidhi imthnúth adbal-mór chom a thuruiss
agus a chuarta do thabairt, as a ticfa saoradh agus comfhortacht


L. 160


anma agus cuirp dóib badhdéin go scris ngalar agus aingcisi agus
gacha dodhaingi archena, go nglóir agus go n-adbcloss don Athoir
nemda agus do naomhMuire óigh ro thoirbir na mór-grássa sin
dó. Gacha sathairn go sírraidhi cantar a gcanntairecht
commbinn go n-orgánoip ceólmara agus go múisice gné letán
ro chuirset an eglus amach a n-onóir do Muire d'oirrdercugadh
agus d'adhmolad na fidair-deilpe adupramar.



19. Guidhmit-ne tra aitchimit agus adhramait in coimde comachtach
ro-dus-cruthaigh agus ro-dus-cennaig in Adhomhclann,
in naom-ógh nemda ru-s-fuair na mór-mírbaile si
don sépél uassal éxamail si, go ru-s-tardat dúinn ar in
mbith ffrecnairc si slighi a n-ascnaidfem, a gcéimnigfem, a
ttreóraigfem gussin sossadh nemda agus gusin síodh suthain,
go ná rabam a n-inotacht nó a gcomhaittreb re diapal co
n-a daoscar-slogh, acht a n-aontaidh aingel agus archaingel,
uasal-aithrech agus fháidhedh, naomh agus naomh-ógh in domain,
a n-aontaidh apstal agus descipal meic Dé uile-chomachtaigh,
a n-aontaidh déachta agus daonnachta meic Dé, a
n-aontaidh naoi ngrádh neimhe ná tairmdhechator, a
n-aontaidh naomMuire óighe, isin aontaidh is uaisle nó
gach áontaidh, a n-aontaidh na naomThrínóide uaisle,
Athair Mac Spirut naómh. Ailem trócoire Dé uile-chomhachtaig
tre impidhe naomMuire go ríssam go ro aittrepam
an aontaidh sin in secula seculorum. Amen.



XCII. Iar n-atach agus ier n-etorguide naomMuire óige agus a
meic mírbailigh issin sépél naomhtha sin agus ier ndénamh a
tturais do léir do réir uird na heguilsi, ceilibhraiss O Néill
agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na maithe ru-s-bátar maille
friú, don fhiodhair-dheilp grásamail, don chroich ro ráidhsemar,
don naom-sépél diadha, don prímh-egluiss archena.
Ascnaid agus céimnigit for sligidh na Rómha an tres lá fichet
aprilis, dia cédaoin araoi laithi sechtmaine do shonnradh,
1608. Gabhaít tre prímh-chathraigh Recanati aon léige
amháin óthá Loreto, iar sin go cathraigh Maserata, ria
ndeóigh laoi go Tolentino. Seacht léigi ro aistrigset in lá
sin.


L. 162


XCIII. Ar n-a márach dóip triasan mbaili dier comhainm
Ualsimára tre baile oile Poluerina. Assa haithle tra go
Mutsia go Nueuocasa, naoi léige uile. Dá loch chomfhairsinge,
do leith-leith na sligedh in lá sin. Iar sin dóibh go
baile dess daingen dar comhainm Sarauale, des-lám fris
ba hedh ru-s-gapsat, as a haitle tre baili ro-fhata édlúith
Uerchianno gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier comhainm
Fulino. Baoi aroile díthrebach go ndeigh-bheathaidh
a scailp comhadhpail cairrgi do leith-imel na sligedh.
Duirrtheach agus aittreb dia lámhoip badhdéin ar n-a imdénomh
leiss a n-inmedhón na cairrgi cenn-gairpe sin. Eirghiss
in t-íerla agus an barún, Maguidir agus mac Uí Domnaill, drong
do daoinibh uaissle dia gcoimhiteacht, do dénomh oilithre agus
turaiss ótá Fulino gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier
chomhainm Assidhis, airm i n-a ffuil corp in naoimh-érloimh
uassoil oirrdirc adhamra oirdnide, id est, Sanctus
Fransiscus, dier comhlán in chrístaighecht go huilide dia
supáilcip agus fertoibh agus mírbailip, for ar mhuidhset cóic
créchta a ffidhair agus a fforaithmet páisi Críst agus na gcóic
n-áladh do shonnrad. Atá immorro a chorp go n-onóir agus


L. 164


go n-airmitin, go ffertoip agus go mírbailip, a soilér thalman
ag a chongbáil suass go grásamail éxamail ingantach gan
buain aigi frissin talmain faoi nó frissin boutain uassa chenn.
Ní cetaigther lessin egluiss a fhaixin acht mailli re haughdarráss
agus ced spesialta ón pápa. Generál in auird minúir
sechnóin na crístaigechta gusna cétoip do bráithrip agus d'aithrechoibh
onóracha for a gcinn issin mainistir. Gabhait
chuca na hEirennoigh sin go ro-onórach forffáilidh. Ier
sin dognít a tturas mór-lóigidhechta. Taisealpthar ilimat
do roignibh relicias dóip. Ascnaidhit a n-iermoracht Uí
Néill ierdain.



XCIV. Gabuis O Néill go Montefalto. Aroile reclés issin
mbaili sin i n-a ttaispéntar go follus do na huilibh corp
Sancta Clara ro buí i n-a hingin ag diúc Lombardi, ier
gcomchlaochlúdh bethadh dá chét bliadan roimhe sin, sí
go ndeigh-bethaidh naomhtha ar in saogal. Ní mór aitterrach
nó claochlódh ar bith doróine a corp, acht mar do
bhiadh i n-a toirrchim codalta. Céssadh Críst eitir a lámoip
bennaigthe. Ord onórach chaillech ndup ro bennaigedh i
n-a hainm badhdéin ar gach taopa di. In tan ro scoiltedh
a croide ier n-a hégoip ru-s-frít stair agus instrament páissi
Críst ier n-a gcruthugadh agus ier n-a n-imdénomh ann, fidhair
chroiche agus choróine, chassúir agus pinnsúir, sleigi agus sgiúrsa, go
ttrí ttairrngibh. As a haithle sin tra ro-s-fríth trí
gema uaisle oireghdha i n-a croidhe. Cutruma comthroma
coiminann comméide dóip. Aon chloch amáin díb do chor
a meidh thomuis dobeir comthrom don dí cloich oile.
Feacht n-aon dia ro tescadh screpal beac dieroile chloich
ndíp, an screpal amne do chor a meidh thomais, dobeir
comthrom cert do na trí clochoip. Messait tra agus brethnaigit
diadhairidhi na heguilsi agus tráchtairidhi in screptra
naoimhe gurab a ffidhair agus a fforaithmet na naemTrínóide


L. 166


nemda athair mac spirut naómh is comhshuthain coimhinann
cutrama ro cruthaigedh na trí gema lógmhara sin a gcert-medhón
croidhe na hóighe gusna hairrdhenoip ro ráidhsemar.
Aroile do méroip Sancta Anna .i. naom-máthair óg-Muire,
corr-mhér a clé-láimhe do sonnradh agus in uile
reliciass adupramar re a ttaispénadh do na huilip gacha
laithi a ffochair cuirp na ban-naoime uaisle issin eagluis
sin.



XCV. Ier ndénom a thurais d'Ua Néill agus día lucht
coimitechta issin reclés sin ascnaidhis as a haithle go ro
siacht gussin prímh-chathraigh díer comhainm Spoleto léigi
sí daingen daoineachair ar n-a comhshuidiughadh ar ferann
chomthrom choimhréidh do lethtaop sléibhe ro-airtt. Is
meinic immorro urchóidigess tuile teinnesnach tolcánach
trén-tuinnsemach in tsléibi sin do lucht inotachta agus aittrebtha
na cathrach ier n-inmheadón. Gnáthaigit gné dhroichet
thairmchéimniges adiu agus anaill uas na sráitibh itir theghduissip
na gcomharsan a n-inbaidh agus a n-inam in tuile
threathain sin do bheith aca. A cethoir dég d'eguilsip
onóracha uassan gcathraigh ar lethtaop in tsléibhi. Sépél
is lór feabhus i n-a fhír-mhullach go n-ord S. Pronséis gusin
altóir is daoire dheissi dealraighthigh issin rann-chuid
sin don Etáill. Caislén lán-daingen go mbárdoip láidire
línmara ag in pápa isin gcathraigh. Droichet ro-maith
is lór comháirde issin doman ier n-a imdénomh go
hinntlechtach óthá in caistél go leith-imel in tsléibhi.



XCVI. Gluaisit na maithi si ar n-a márach go Strectura,
go Terni, go Nerni, go Hotriocli. Aon léig dég issedh
ro ascnaidset in lá sin. Dia domnaigh in t-ochtmadh lá
fichet aprilis 1608 céimnigit rompa ier n-éstecht aiffrinn go
Teuere, cathair i n-a mbít báit ag imchor daoine agus eachraidhi
tar ruibér ro-láidir na Tipiri. Asside tra go Borgeto,
go Ciuita Castellana, go cathroigh Rignano go Castel Nouo.


L. 168


Dá léige dég issedh ro aistrigset. Ba hécnach dóip ótá sin
clogáis agus ballaidhi na Rómha.



XCVII. Ar n-a márach dóip go Prima Porta trí léige.
Furnaigit ann an oidhche sin. Léicit daoine rompa gusin
Róimh. Ier sin go Pounte Male dá léige. Du-s-riacht
Petrus Lombardus ardespog Aird Macha agus prímáidh na
hErenn go ndescipal onórach i n-a choimitecht go línmaireacht
cóistidhi ó chardenáloip i n-a gcomdáil agus i n-a
gcomairrchis cusin dau sin. Téit stíuartt gach aoin fo leith do
droing áirigthi do na cardenáloip i n-a gcoinne d'forffáiltiugadh
friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm na gcardenál.
Eirgit a cóistidhip as a haithle. Céimnigit go ro
riachtsat in Róim. Porta Popule comhainm an gepta do
shonnradh ar a ndeachsat astech isin gcathraigh. Gluaisit
ier sin go ro-onórach tré prímsráidip oireghdha na Rómha.
Nír hairissedh leó go ro riachtsat prímthempall Petair in
Uaticano. Scuirit a n-echraidh ann. Eirgit astech isin
eacluis. Dognít sléchtaine. Timchillit a modh thurais
na secht prímh-altóra príuiléidecha mór-lóigidhechta fuilet
isin egluis. Ascnaidhit ier sin go pálás ro-onórach ro
ordaigh naomhthacht in pápa dóip a mBurgouechio Sancti
Spiritus. Bátar tra cóic cóisti dég gusin sé d'eachroidh
ag comhtharraing gacha cóiste acht madh beac ag tairmchéimniugadh


L. 170


dóip tria prímh-shráidip comfhata na cathrach
in lá sin do shonnradh. A haithle a n-aistir agus a n-imthechta
oirissit agus comnaigit ag léicen a scíssi agus a merten gusin domnach
ar a cinn.



XCVIII. An cethramadh lá do mhí maíí domhnach
araoi laithi sechtmaine aoiss in Tigerna in tan sin míle ar
sé chét ar ocht mbliadhnaibh ro thoiligh naomhthacht in
pápa dóip as go ragdaois i n-a persanoibh badhdéin dá
láthair in tres uair ier medhón láoi. Cuirit na cardenáil
buidhen do chóistidhip ro-mhaithi go n-eachraidh ba lór
feabus agus deissi issin doman i n-a gcomhairrchis dia gcoimh-treórughadh
gusin dú i n-a mbaoi in pápa. Eirgit gussan
páláss ro-onórach dar comhainm Monte Caualle. In t-athair
naomtha Paulus Quintus ar a gcinn annsin. Ar ndol dia
láthair dóip gabuis chuice go ro-onórach grássamail móránta
forfáilidh iad. Ier sin doratsat badhdéin co n-a lucht
coimhitecht diaig a ndiaig póic dia chois bennaighte
maille fri humhla agus reuerens. Bátar tra timchell uaire
do ló i n-a láthoir, é onórach supáilcech degh-aigthech ag
comfhierfaighi a scél agus a n-echtra frisin ré sin. Gabhait a
gcet ier mbenedixion mbennaigthi d'fogbáil. Dobeirit altugadh
do Dia agus don athair naomtha fo bhíthin a onóraighi
airmitnighi ro thaisspéin a supáilce mór-thrócairecha
dhóip. As sin dóip go cardenál Burgeis mac derpsethar in
pápa. Ba fáilidh rompa. Ier sin gussin páláss i n-a mbátar
díss derbráthar in pápa. Fáiltigit friú. Ro gapsat as a
haithle go hambasadóir rígh Frannc ro buí ag fágbáil na
cathrach ar n-a márach do shonnradh. Comnaigit cusin
día dardaoin buí ar a gcinn. Bátar tra cardenáil na cathrach


L. 172


frissin ré sin ag cor méitte áirigthi do dhaoinibh uaisle
adhamra agus d'oifficechaibh ro-onóracha d'forfáiltiughadh
friú aguss dia nglacadh go hairmitneach as a n-ucht badhdéin.



XCIX. A haithle a scíssi agus a n-aistir cuirit rompa
cuairt do dénomh ag na cardenéloip diaig a ndiaigh i n-a
pálássoip badhdéin. Dia dardaoin do shonnradh in t-ochtmadh
lá maíí éirgit do láthoir chardenáil Colona, sen-Rómánach
uassal d'fír-threib in tsenaidh Rómánaig. Gabhuis
chuigi go honórach. Acht atá ní chena, do rónsat
cuairt fo leith ag gach aon do sheacht gcairdenáloip dég ar
fichit diaig a ndíaigh. Bátor uile tra go degh-aigthech
forffáilidh onórach rompa. Bátor cóicer cardenál oile issin
gcathraigh nach rángatar a ffaixin sol do fhágoipset in gcathraigh.



C. Día dardaoin desgabála do shonnradh in cóicedh lá
dég maíí gacha bliadhna dobeir in pápa benedixion generáilte
go follus do ua huilip catoilcip theagmus as a urchomhair.
An lá cétna sin chena ro togadh do na maithip si
bheith a páláss chardenéil Ascoli a ffrithchétfaidh páláis
móir in pápa. Is gnáth lasna hilmíltip do daoinip toigheacht
d'ierroidh in benedixion sin. Iar sin adchíd an t-athoir
naomhtha ag teacht ar ailiff aird aoibhinn fuil a leith-imiol
in páláiss sí ar n-a himfholach do bratoip saitín agus síoda
d'éxamhlacht na n-uile dhath. É féin ag a imchor go
honórach airmitneach a gcathaóir dheiligthe dealraigtigh
sí ar n-a comdach d'ór agus do miliuent deirg, a choróin derg-óir
ier n-a himchengal do démont agus do clochaibh uaissle um
a chenn. An chloch uassal ro buí ag comdúnadh a bruit
éxamail ro chosain ... Na cairdenéil
agus na hespoig i n-a urthimchell go canánchaibh agus maccléirchip
thempaill Petair. A gárda saigdiúir Suser ar gach
taepa de. Dá thrúp ro-mhóra marcslaighi ba lór dian-fheabhus


L. 174


isin doman, eitir arm eachroid agus éideadh co n-a
persanoip urdhalta, as a urchomair. Eirghiss in
t-athair naomtha as a haithle. Du-s-rat benedixion bennaigthi
grássamail mór-lóigidechta do na huilip chatoilcip
ro bátar as a urchomair. Gluaississ issin innioll chétna gusin
páláss as a haithle. Ro seinnit na trompaidhi maille re
commbualadh na ndromaighi íer sin. Ro scaoiledh ordanáss
mór in páláiss agus Chaisléin na nAingel diaigh a ndiaigh.
Do badh cúiss ingantuis le fer a nemtathaidhi bheith ag
faixin a ttrethain agus a ttormáin eitir chóistidhip agus eachraidh
agus ordanásss. Ro buí cardenél Ascoli go forfáilidh supáilcech
frisna maithip si. Ier ffogbáil benedixion an athor naomhta
dóibh du-s-rat-san bangcéd onórach costusach dóip.
Eirgit assa haithle dia pálás badhdéin.



CI. In sathorn buí ar a gcinn in t-ochtmadh lá dég
maíí 1608 dodeachaidh in t-ierla go ndroing do na daoinibh
uaisle do dénomh turais mór-lóigidechta seacht prímh-eglus
gcatharrdha na Rómha. Oidche domnaigh chingcíssi do
shonnradh ro buí espart sollamanta ag in pápa isin sépél
dier comhainm Capella Paulinus. Du-s-riacht tochuiredh
ar na maithib sin chom an espairt. Eirgit uile a gcétóir
acht amáin ro buí gné égcruais fiaprasa ar in ierla. Ro
togadh inadh onórach d'Ua Néill a n-imfhoixe an athar
naomhtha as a urchomair badhdéin. Ier gceileabhrad in
espairt onóraigh ticit buiden do bhráithrib sanct Dominic,
timchell dá míle éicin bráthar, do láthair in pápa. Ro
bátar tra a modh prosesioin ier ttogha generáil áirigthi orra
badhdéin agus ar a n-ord sechnóin na crístaigeachta in lá sin.
Doratsat uile deóigh a ndeóigh póic do choiss in pápa.
Dobheir benedixion dóibh agus do chách arcena. Gluaisis
dia pálás ier sin. Eirgit cách dia ttigthibh. Domhnach
cingcíssi do shonnradh ro buí státion onórach go loghadh
na n-uile peacadh a prímh-eclais S. Spíritus. Do-deachatar
na maithi si chom aiffrinn agus esparta ann. Seruís


L. 176


Dé ar onórachuss na crístaigeachta go huilidhi issin egluiss
go n-ilimat sacart ro-onórach agus do preghláidip príuiléidecha
gussin gcóraigh channtairechta ba lór dien-fheabus issin
doman go ndá péire nó a ttrí d'orgánoibh ceólmara comhmbinni
go ro-imat d'innstramainntip múisici agus ciúil cenmothá
sin.



CII. Ar n-a mhárach dia luain éirgit orpháin na heguilsi
sin a prosesion onórach go tempall Petair. Drong do gárda
in pápa a remhthúss na sligedh rompa agus ar gach taep sagart
onórach airmitnech ro buí i n-a ierla agus i n-a chommendator
uassin egluiss go maccléirchip na heguilsi go huilidhe siad
go gcanntairecht chomhmbinn ag céimniugadh i n-a ndeghaidh.
Eitir fer-scáil is ban-scáil ba hedh a nuimhir re a
gcomhairemh triar ar cheithri fichit ar cheithri chéd. Bátar
tra móirsheiser ar dá fichit ar tríbh cétoip d'óg-mhnáibh
díb sin. d'fer-scáloip óga ná ro sháraigh in t-aon ba sine
a cheithre bliadhna dég sé fir dég ar chéd. Clann in pápa
comgairmther díp so fo uíthin nach mór go ffitirset cách
aithre bunaidh mhóráin díp, acht grássa an athar naomhtha
dia n-oilemain agus dia gcongbáil suass ar son Dé. Tré gráta
áirighthi ieroinn comhchuirther gach lenbán díp astech
issin eacluis ria gcoimhlínadh cheithri ló go n-oidche dia
n-aoiss ar in saoghal. An coimhlín ná ro gap baistedh
roimhe sin díp baitsither an tan sin íed. Tógoibhther suas
ón aimsir sin amach gach aon díp a ttaop oilemna agus foghloma
agus gach taparta suass is imchuibhde archena go cor deigh-chríche
orra. Is gnáth ueronica .i. naipicín uassal oirrderc
mór-mírbaileach ro chomail ban-naomh in chomhanma
sin do gnúis geil-deirg gruadh-corcra agus do glan-aghaid
glórmair chréchtnaighthi ar Slánaigtheóra Issa Críst in tan
ro buí fo dhaoirsi agus docomal agus aimhnirte fo lámhoibh námat
n-éttrócar ag imachor chroichi a páissi agus a martra gussin
gcoróin spíne um a chenn a haithle a ffuair do péin agus do


L. 178


pennait roimhe sin, do taispénadh don chloinn si in pápa in
lá sin é. Atá go ffidair dheilbhi agus aigthi Críst ier n-a
choimhlínadh agus íer na uassal-peinntéladh go mírbaileach
éxamail dia fhuil luachmhoir badhdéin. Ro taisselbadh
dóip íer sin cenn na sleighe slinn-leithne do chuir Longinus
tre chompar croide Críst in tan ro buí marp gan anmain a
gcrann na croichi. Bátar na hóg-mhná tra a n-édaigip
maithi dessa, drong díb go n-innill agus go ndeilp n-imchubaidh.
Ro póssadh sé mná dég in lá sin díp, an pápa ar n-íc a
ttinnscra. Mar chúiss onórachuis agus sollamantuis do na hóg-mnáip
pósta sin ní lugha ná dá míle persa fuair fésta agus
fledhachus a S. Spiritus in lá sin agus an oidhchi do shonnradh
a ffécmhuis sámaidh agus choimthinóil gnáthaigh na heguilsi
badhdéin.



CIII. Prímh-eaclus dhiadha onórach ro-chatharrdha S.
Spiritus ar n-a comdach ó thúss le násion áirigthi don
Germáinn dier uo comhainm Saxonie. Ba hedh a ainm as a
haithle Sassiae. Ier n-eitirdealugadh agus ier gcomhscaradh
dó frisna Germáinneachaibh du-ss-rat in pápa Innosensius
Tertius onóir agus airmiten ro-mór dó go mbronntanus agus
deuósion dermháir go saidpress císsa agus ferainn. An pápa
dier uo comhainm Sextus Quartus do-rat ro-ardughadh mór
i n-a uile riachtanus don reclés so. Ro thógoip agus ro
chomdaigh ilimat do theghdhuissibh onóracha costusacha
deigh-dénmacha ann. Mestor agus brethnaighther tra, ar in
taep amoigh d'ainm in pápa, dia impriulacht agus dia ríghacht,
do gach mital óir agus aircit comhmbuailter dhó, go roipe in
tegh so amháin a gcompráit chíssa gacha bliadhna friss, óir
ba fiú timchell fichet míle coróin gacha míssa é. Iar n-a
fhaixin sin don stát Rómhánach ro benatar rannchuid agus
uirbhernadh go fiú dá míle coróin gacha míssa de. Ro
choimhchengailset sin fri beathaidh in pápa. In méide is
lugha dhe ocht míle dég coróin aige-sen gacha míssa. Tic


L. 180


sin timchell cheithri míle dég is dá fhichit míle ponnta gacha
bliadhna. Cebé do messfadh gurab mór agus gurab dírimh
an betha agus an tigernuss aoin-eguilsi amáin so tuigedh tra
gurap adhpal agus gurab difhaisnéissi in daidhbhir agus in bhuaidhirt
atá i n-a deghaidh. Ní lugha tra nó deich míle persa co
n-a n-uile bhethaidh chostus agus gach riachtanuiss archena
ag a ttabairt suass a ngioll ar in tig sin a ffégmuis na heguilsi
agus innte ier n-imhedhón gach aon-ló issan mbliadhain.
Ospitáil onórach mor-chostuiss ar láin-fheabhus na crístaigheachta
issin egluis sin ar a mbí gabáil go gnáth agus forffáilte
grássamail fris gach n-aon don uile násion issan crístaigeacht
do lucht trebhlaide agus essláinte galoir agus fiaprassa, go ndoctúiribh
onóracha inntlechtacha agus go leagoip láin-eólcha di
ffrestal agus dia ffritheóilemh. An méide is lugha dhe céd
coróin ón tigh mar chrodh fris gach mnaoi dá ndupramar
pósfus fer. An chóra cléirech canntairechta gusna haithribh
is onóraige agus is ferr seruíss Dé a fformhór na crístaighechta
uile issin egluis sin. A n-imfhulang agus a gcongbáil
suass a mbethaidh agus a n-édaigib imchuibhde onóracha mailli
fri comdach agus comfhoirgneamh na heguilsi do gnáth ar
chostus agus chíos in reclésa sa badhdén. Congbáil
suass agus onórachuss in uachtaráin atá ag guibernóracht
uassin egluiss co n-a dhescipal úas a chenn so. Mesait agus
brethnaigit cách go ffuil ar na daoinip is onóraighe shoirbhe
shuaimhnighe nemmbuaidirthe betha agus tabairt suass issin
crístaigheacht uile. Mainistir ro-mhaith go gcailleachaibh
dupa línmara ar costuss na heguilsi ier n-a himdénomh agus
ier n-a comdach fo íadhadh a ballaidhi. Na hóg-mhná
adupramar, gach aon díp gabhuss spirut genmnaighechta
do láimh is chuca téighit. Is aca teagaiscther agus tógoipther
suass go huilidhi iad go tteacmhann do gach aon díp in
fortún agus in chinnemain bhus toltanach la Día. Imat immorro
maigistrech ag teacusc agus ag foghloim isin egluiss gacha
laithi don chlann-mhaicne si in pápa. Teaguiscit trá creidemh


L. 182


eguilsi Dé, canntaireacht agus múissice agus léighenn agus gach
foghloim imchupaidh archena dóip go mbeirit ar gné dia
gcéill agus dia ttuixin, gach aon díp gussin tabairt suas bus
toltanach leiss badhdéin do réir mar thaispénus Dia dia
supáilcip dhó. Messait cách fri torbha puiplidhi ann féin
íer n-inmhedhón an tegh so fo uíthin go ffuil a uile riachtanuss
agus imfulang ann badhdéin. Ní hé amháin acht atá in méide
sin do na huilibh chethroip agus treótoip aigi go ttarttann feóil
re a cennach d'formhór in tsenaidh Rómánaig co n-a uile
riachtanus badhdéin. Fóss atá d'ilimat fínemhna agus do
mhaighnessoip mór-fhairsinge cruithnechta agus gacha degh-thoraidh
archena aige, ní imfhuilngess dronga móra do na
Rómánchaibh ós cinn a riachtanuis; d'eachraidh áloinn
adhbal-mhóir Edáilligh agus do greghoip is lór méd agus deissi isin
doman, dogní eachraidh mór do na Rómhánchaibh mailli
fri saothar agus tinrumh uile thoisci agus timthirthecht an tighi
badhdén. Ar úairip áirighthe go línmhar bíd
timchell míle persa do lucht fiaprusa tessaighi teinntighi agus
gacha essláinti archena a n-ospitáil in reiclesa remhráite.
Adeirit cách gurap é in tegh sin gan imbressain aoin-tegh
amháin is dércaighi thrócairighi shaidbhre chostusaighi issan
crístaigheacht agus is bith-bhuaine onóraighe seruíss Dé agus is
fearr i n-a ffuil gach éin-ní inndénta a modh imqubaidh.
Stair agus fidhair chroiche Críst issin egluiss a rann-chuid ro-onóraigh
mírbhailigh ó ffuair in egluss adhamhrughadh agus
oirrdercugadh dogní ilimat fert agus mírbal gacha laithe, go
ndessláimh S. Andriass, go mórán relíciass do thaisip naomh
agus fírén mór-luaighidhechta oile. Armass na croiche sin tra
atá ar mac-cléirchibh agus sámhadh agus chomhthinól na heguilsi
co n-a huile chethroip.



CIV. Día dardaoin do shonnradh in naomadh lá fichet
Maíí 1608 comhainm in laithe ro cuiredh coróin ar in athair


L. 184


naomhtha Paulus Quinctus cuiris cardenál Burgesiuss
aroile dia dhaoinip uaissle mar thechtaire onórach do thochuiredh
na ttigernadh so chom aiffrinn sollamanta ro buí
ag onóir an athar naomhtha a prímh-thempall Petair. Ro
toghadh thra inadh onórach agus áit imchubaidh dhóip a n-imfhoixe
agus a gcomhghar in pápa. Bátor badhdéin agus ambasadóir
rígh na Spáinne go línmhaireacht do prinnsaigip
móra oile a n-aóin-inadh. Ba haoipinn onórach airmitneach
oirrderc adhamhra in t-aiffrenn mór-lóighidhechta ro buí
annsin. Naomhthacht in pápa badhdéin día rádha go
n-idhbairt chuirp Críst. An chóra cheóil-bhinn chomhmbinn
ba chaointétnamaighi channtaireachta isan crístaigheacht
uile ar gach taobha de. Do métughadh glóire
agus onórachuiss an laoi sin d'áirigthi dorónadh canonsásion
ar bhan-naoimh uassail adhamra ro buí isan Róimh dá
chétt bliadan roimhe sin Sancta Fransisca Romana a comhainm.
Ro tuigedh tra agus ro scrúdadh as a deigh-bethaidh ar
in saogal so, triasa nderna Dia d'fertoibh agus do mírbailip
tríthe, go roibhi betha naomhtha aice. Onóraighther a
hainm agus adhamhraigther issan egluiss agus oirrdercaighther go
huassal airmitnech eitir bhan-naomhoibh, acht is eimhilt re
a fhaisnéis gach a ndernadh do stát agus d'onórachus agus do
dhegh-sermoniass a n-urthimchell a naomhthachta. Cebé
do bhiadh do láthair in radhairc adhamra ro buí annsin ba
héitir lais a rádha nach ffacatar a shúile riamh compráit nó


L. 186


baramail dó ar dhiadhacht ar ghlórmhaire ar onóraighi ar
cheólmhaire ar stát saoghalta co n-a uile subháilcip archena
cenmothá sin. Ar gcríchnugadh in aiffrinn gussin sermoniass
amne dobheir in t-athair naomhtha benedixion
bennaigthi do na huilip chatoilcip ro bátor dia láthoir.
Dodheachaidh dia páláss ier sin. La sodain tra seinnter agus
comhmbuailter trompaidhi agus dromaighi in gárda itir
marcshlaigh agus troighthech. Comhscaoilter ier sin uile ordanás
mór agus beag Chaisléin na nAingel agus in páláis mhóir. Ro
bátar na sráide ar comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh
ó threthan agus ó thorann-chless na heachraidhi áille andrennda
égcéillidhi Edáilligi ag trén-tarraing a gcóistidhi go tairptech
tric tolgánach trén-tuinnsemhach tinnesnach. Rángatar na
tigernaidhi si chom a páláis badhdéin iar sin. Du-ss-riacht
chuca pressántaidhi onóracha fuair naomhthacht in pápa
isan sermonias amne .i. bascaoit airgidhe, cúpla do choilmnibh
gléigheala, buidél órthaidhe co n-a lán fína,
bairgen aráin ier n-a comhóradh.



CV. Domhnach na Trínóide i n-a dheghaidh sin éirgit na
mná uaisle do láthoir náomhthachta in pápa. Gabhuis chuige
go honórach sulchair degh-aighthech iad. Dobeirit diaigh a
ndiaigh póic dia choiss. Dorat benedixion dóibh. Fillit dia
ttigh. Rángatar immorro formhór ord agus mhac-cléirech in
tsenaidh Rómhánaigh go línmhar agus go ro-onórach airmitnech
adhamra a prosesion go tempall Petair in lá cétna sin mar
uaissle agus mar oirrdhercass don mban-naoimh ro remráidhsemair.
Ascnaidhit as a haithle óthá tempall Petoir go ro
riachtsat Sancta Maria Noua airm i n-a ffuil fert agus tomba na
ban-naoimhe uaissle sin. Ro bátor tra imat do mhíltibh
persa eguilsi. Nír cuimhgedh rímh nó áiremh forra re a
n-imat-línmaire. Adhnait na Rómhánaigh teinnte agus tennála
i n-a pálássoip agus a n-imdoirsip a tteghdhuissighe go n-ilimat
do choinnlip agus do lóchrannoip lasamna uas a ttighip. In
tairimtheacht uas Chaislén na nAingel ar n-a coimhlínadh


L. 188


do shoillsip éxamhla. Pictúir ilair agus dragúin ar n-a ndealbadh
go hinntlechtach aigentach suadhamail uas Chaislén na
nAingel siad ar n-a n-imdhénomh agus ar n-a gcoimhlínadh ó
púdar ar in taop astigh. Timchell chluig Aue-Maria do
bhuain deóigh laoi adhantor teinnte isna heónoibh éxamhla
ingantacha sin. La sodhain tra scuchait agus comhlassait a
n-aoinfheacht agus a n-aon-fhábhall go ro léigset caora agus casracha
go gcethoip toirneacha teinntighe trichemh-ruaide ós aird
innus gur choimhlínatar méid áirighthi don aér etaruas
uassan gcaislén do na cethoibh agus do na frossoibh
teinntidhe ro léicset. Ba lór do chúiss úathbháiss agus ingantuiss
in domain fri fer a nemhfhaixena gusin tan sin bheith
ag a ffaircsin. Gabhait as a haithle tra ar bheith ag comhscaoiledh
lámhoigh re aroile gus a chéile ass na seomraidhip agus
as na teghdhuissibh éxamhla inntlechtacha aigentacha ro
hullmhaigedh i n-a n-inmhedhónaibh go ttairnic crích agus
comhchaithemh a n-uile chostuis.



CVI. Día dardaoin chuirp Críst du-ss-riacht ordugadh
ón athair naomhtha gusna maithibh si as go raghdaois i n-a
persanoibh badhdéin ochtar do roighnibh a ndegh-dhaoine
d'imachor chanabí ro buí uassan sacrament naomhtha sí a
lámhoip in pápa ag a himchor go honórach a modh prosesioin
óthá prímh-thempall Petair in Vaticano go ro riacht tempall
Sanct Sém a mBurgouesia, as sin aríss go ro riachtsat tempall
Petair. Dodeachatar-san do láthoir naomhthachta in pápa.
Ro imchradar an canabí uassan sacrament naomtha agus uassan
pápa, acht ní fhuaratar Eirennaig riamh a compráit sin
d'onóir agus d'airmhitin. Ingantaigit na hEdáilligh go mór a
mac-samhla sin d'onóir agus do supáilcibh d'foghbáil dóibh,
óir atbertsat dronga díp nach meinic go ffuair én-násión
amháin isan doman ríemh bheith ag imchor in chanabí.
Ambasadóiridhe uile rígh agus prinnsaidhe catoilce na crístaighechta
doralaighset issin gcathraigh an inbaidh sin, ba
gnáth-bhés bunaidh leó diaigh a ndiaigh gacha bliadhna a


L. 190


seal d'imchar in chanabí d'foghbháil. Ba hétmar imthnúthach
ingantach leó mar nach ffuaratar a imchor in lá sin do
sonnradh. Ba honórach airmitneach aoipinn in
prosesion, óir bátor formhór ord riaghalta agus uile ord agus
chomhthinól prímh-eglus gcatharrdha na Rómha ann go
n-imat prinnsaidhe agus diúcaidhe agus mór-tigernadh. Nír
uo lugha leó oldás míle lóchrann lasamna ciara. Seiser ar
fhichit eitir ardeaspoig agus subespoig i n-a ndeghaidh sein. Sé
cardenáil dég ar fhichit as a haithle. An pápa ag imchar na
sacramente, na tigernaidhi Eirennacha agus na daoine uaisle
ochtar a gcoimhlín fon chanabí. A gárda saigdiúir Suser a
móir-thimchell in pápa agus ar gach taop de agus i n-a deghaidh
a dhí thrúp móra marcshlaighi. Bator na sráide coimhlínta
ó dhaoinip as a haithle. Samalta fri cách nár uo lugha
oldás cét míle ro bátar. Iar rochtain tempaill Petair dóibh
léicis in pápa in sacrament naomhtha forsan prím-altóir
móir. Ier sin ro-s-léic ar a glúinibh é. Du-s-gní sléchtain
etarguidhi agus urnaigthi. As a haithle tra dorat benedixion
do chách a gcoitchinne. Eirgis dia pálás íer sin. Téigit na
huile ro bátar ann dia pálássoibh agus dia gcoimhtheghdhuissibh.



CVII. An sathorn ro baoi ar a gcinn do shonnradh
gabais Maguidir .i. Cúchonnacht Maguidhir a ched ag na
maithibh si. Léicis gussin Naples é, prímh-chathair oirrderc
oireghdha gabhus fri rígh na Spáinne, léigi ar dá fichit léige
ón Róimh. Sémus mhac Eimir meic Cúuladh meic Aodha
Ruaidh Meg Matgamhna go n-uathadh oile i n-a
choimhiteacht agus immailli friss.



CVIII. 1. Dia dardaoin in dechmadh lá don mí chétna éirgis
O Néill agus in t-ierla co n-a mbátar i n-a gcoimhiteacht
do thurus seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Ro


L. 192


buí barántus agus augdarrás in athar naomhtha leó as go
ffuighbhedíss taissealbadh uile reliciasss gach aoin-eguilsi
gusa roichfitis. Tinnscnait tra agus tossaighit a n-ainm
Dé a tturuis mór-lóigidhechta ag Sancta Maria Maiora.
Iar ttapairt a gcoipsen agus ier gcaithemh na sacramente
naomhtha taisselbhthor dóib cenn S. Bibiana, cenn Marcellina
pápa, aroile do lámhoibh Tomáis apstail, stóil S. Giralamo,
stóil go nanfuinn agus go rann-chuid oile do chulaidh aiffrinn
S. Tomáiss espoig Cannturbí, an cliabán i n-a roibhi in
Slánaightheóir a mBeithil Iudda, na cét-ghipail ro chuir in
naomh-ógh i n-a urtimchell a n-inbaidh a lenbachta,
mailli fri hilimat relicias ro-onórach oile. Acht mailli fri ced
spesialta ón pápa ní gnáth a ffaixin acht ier medhón laoi
gach domhnaigh cásc go sírraidhe. Agus is amhloidh thra ro
tócbhadh agus ro cumdaigedh in prímh-eclus sin ó thús: Aroile
duine uassal onórach airmitneach ro buí issan Róimh feacht
n-aill, Ioannes Patricius a chomhainm, ro thecht commaim a
dhingbála acht chena ní ro tuismedh ierdraighi ar doman
etorra. Bátar tra go n-imat conáich agus sobharthain saoghalta.
Cinnit agus comhairligit aca badhdéin oigre díless dingmhála do
dénomh do naomh-Muire óigh ar a n-uile innmhus agus
maithess agus a idhbairt go huilide ó a n-uile croide i n-a seruís
agus i n-a subháilcip. Feacht n-aon du-s-riacht spirut ainglide
gussan mnaoi n-uassail remráite a ffidhair amra agus aislinge.
Atbert fria go ro erbadh agus go foláiredh for a fer coiméirgi a
gcrepscul na maitne muiche ar n-a mhárach, secip foradh-chnoc
ard aoipinn i n-a tteicémadh imat snechta agus oigridh
dó, eaclus onórach do chomdach do Mhuire isin dáu sin.
An cóicedh lá do mí Augustus sin do shonnradh. Aimsir
theinntide thessaide neimhneach is gnáth mun samoil sin
do bliadhain isin Etáill uile agus isin Róimh d'áirigthi.


L. 194


Attracht in duine uassal la cloisteacht in sceóil. Ascnaidhiss
gussin dau i n-a ffuil in reclés. Du-ss-fairnic an cnoc línta
lomlán do shneachta agus d'oighredh. Ba machtnadh són.
Eirgis gussin espog ba huachtarán uassan rann-chuid sin
don chathraigh. Is amhloidh tra forcaomhnagair go ro
taissealbadh sét samhla na haislinge sin badhdéin don
tigerna espog in oidhche chétna sin. Tochomhlait ieromh
díp línaibh go n-imat díairmhe oile immaille friú. Rángatar
gussin maigin i n-a mbuí in snechta. Timaircit agus tógbait é
dia lámhoibh badhdéin. Ier sin comhdaighther agus comhthógaibhther
prímh-eglus chatharrdha chostusach cháin-dénmhach
is lór mét agus feapus issan uile doman ier n-a bennugadh agus
ier n-a coisrecadh a n-onóir na naomh-óighe issin inadh
chétna sin.



2. As a haithle tra dodheachatar go hegluis S. Lauráss
míle céimenn seachtair ó ballaigip na Rómha. Ier ndénomh
a tturais do réir auirtt na heguilsi taisselbhthor dóip aon do na
clochaibh dia ro tuairgedh Steffán martír gusin leic gcoimhlethain
mharmair for ar léicedh corp S. Lauráis ier n-a
róssadh for greidil. Is écnach do na huilip páirt dia fhuil
agus dia fulradh fuirre ueós go n-ianoip gloinidhip i n-a fuil
rann-chuid dia fhuil agus anbhroth, cuid d'ieronn na greidle ar
ar róssadh agus for ar commbruithedh é. Isan egluis chétna
sin atáit cuirp S. Laurás agus S. Steffáin martír, soigthech
bennaigthi i n-ar baistedh ban-náomh uassal dier uo comhainm
Lucilla maille fri hilimat relicias oile. An t-impire
Constantinus Magnus ba hé ru-s-tógoibh agus ru-s-comhdaig
in eglus sin a n-onóir na naomh-martír remráite. Siluester
pápa issé ru-s-bennaigh in naoimh-eglus sin.



3. Térnóidhit na maithe si astech tar ballaigip
na Rómha in dara feacht. Eirgit go S. Cruce a nIerusalem.
Doghnít a tturus. Taisselpthor dóibh aroile soigtheach i
n-a ffuil páirt d'fuil luachmhoir Íssa Críst, gussin spongia i
n-ar chuirset in cinedh Iudaidhe domblas ae in dragúin gusin
ffínéacra chuice a gcrann na croichi, dí delg don choróin
spíne, do mesfadh fer a ffaixena nach ssia oldás cóic laithe


L. 196


dég ó do benadh iad, an tairrnge dochuaidh tria throigthip
an tSlánaightheóra a gcrann na croiche sé ro-láidir imremhor
mullach-lethan mael-rennach ier n-a imdénamh d'íerann
uassal aithlegtha in méide is lugha sé hordlaighi i n-a chomhfhat,
go titul na croichi ro scríb Piláid dia lámhoip badhdhéin
a laitin a ngrégis a n-eabhra IHS NASARENUS REX
IUDEORUM ier n-a chomdach go ro-onórach go n-ór go
n-airget go gclochaibh uaisle éxamhla ingantacha lasan
mban-impir n-oirrderc Elena máthair Constantin móir, aon
do na deich ttallannoip fichet ar ar reacadh an Slánaightheóir
an coimde comachtach Issa Críst la Iudáss Scariot,
trí píssa móra don chroich chésta, go rann-chuid ro-mhóir
do chroich ghadaidhe na des-láimhe, gusan gcoirrmér
ro chuir Tomás apstal a gcneidh an taoip in t-ochtmadh
lá do shonnradh ier n-eisséirghe an t-Slánaigtheóra immaille
fri hilimat reliciass ro-onórach oile. Constantinuss óg mac
Constantinus móir ba hé conrotacht agus ru-s-tógoip in prímh-
eglus naomhtha sin for impidhi agus foláiremh Elena sí ar n-a
bennughadh fri sanctuss Siluester pápa.



4. La sodain tra éirgit ier sin go prímh-eclus ardespoig
na Rómha .i. in pápa S. Iohannis Lateraní a comhainm.
Ier ndénamh a tturaiss taisselbhthor dóip cenn
Acarías athair Eóin baiste, cenn S. Pancratius ro buí trí ló
go n-oidhchi ag coimhsileadh fola cró-deirge feacht n-aon
dia ru-s-loiscset eritchide agus scristóiridhe in chreidimh
chatoilce an n-eglus so tra .i. S. Iohannis Lateraní, páirt do
thaissip Muire Madalén, slinnén S. Lauráss, fiacoil Petoir,
an chailíss as ar ibh Eóin bruinne digh neimhe for foláiremh
an impire éttrócair aingidhe Domisianuss agus do chomhfhortacht
Dé ná ro urchóidigh dó, an slabhradh aggarp ieroinn dia
mbuí in naomh-apstal uassal adhamra Eóin bruinne cengailti
cruaidh-chuibrighthe óthá Efeso go ro riacht gussin Róimh
gusin édach día ro éirigh sé slán go hopann a haithle a
bássaighthe do réir inntinne na n-Idal agus na n-anchrístaighe,


L. 198


rann-chuid ro-mhór do thaissip bennaigthi Eóin baisti,
páirt d'folt naomhtha agus do gruaig bhennaigthe naomhMuire
óighe gussin gcéid-léinidh doróine sí dia lámhoibh badhdéin
dia haonMac mírbaileach mór-chomachtach Ísa Críst, an
tubháille ro chomail an Slánaightheóir do chossoip na
n-apstal dia lámhoip badhdéin ier n-innlat a gcoss uochétóir
a haithle an tsuipéir deighennaigh riasan páis, an cassúr dia
ro bhuailetair in cinedh iudaide na clóithe coimhremhra agus
na tairrngidhe aggarpa iernaidhe go míthrócaireach nemh-choigealtach
tria chossoip agus lámhoip in Tigerna Íssa Críst a
gcrann na croichi gusin gcoróin spíne um a chenn gussin
édach purpur ro fhógair Piláid do chor i n-a urthimchell,
páirt d'fuil luachmoir an Tigerna, scealp do chrann na
croichi césta, sudarium .i. an t-édach sonnradhach
ro coimhlegadh for ghlan-ghnúis chréchnaighthi an Tigerna
ier n-a chor isan tompa d'imfholach a aighthi, páirt don
fhuil agus don uisce ro scuch as chneidh an taoip an tan ro gon
an dall Longinus an Tigerna go nemhchoigeltach a gcrann
na croichi gusin sleigh slinn-lethain, cenn Peatoir agus cenn
Póil siat a ngráta imremhor ieroinn uas prímh-altóir na
heguilsi. Gach línmairecht aimsire taisspéntor iet ro thoilig
naomthacht na pápaidhe diaig a ndiaigh trí míle bliadan do
loghadh a peacadh agus a thurcbál ag gach aon don senadh
Rómánach do biadh ó deuósion agus innfheithem do láthair
in tan sin, gach aon du-s-fic ó prouensip oile dia ffaixin sé
míle bliadan do maitheamh a peacadh ag gach aon aca, na
daoine ticit ó rígachtoip agus ó régiónaib oile imchiena dia
tturas dá míle dég bliadan do maithem a uile peacadh ag
gach aon gusan tres rann dia pectoib agus dia cintoibh ar
maithemh aca. Ceithri colamain roi-dhessa as urchomair
na prím-altóra móire siat ar n-a n-ullmhughadh do brás ar
n-a gcomhóradh go delraigthech ar in taep amoigh, coimlínta


L. 200


ier n-inmedhón don talom naomhtha ier n-a treórugadh ó
Ierusalem gusan dau sin. Augustus impire ba hé ro chomdaig
na colamain sin don chonách catha ro éirigh dó forsan ffairrgi.
Adbeirit aroile gurap neptúin ro bator. Oratorium ro buí
ag Eóin bruinne ag etorguide in choimdedh chomachtaig an tan
ru-s-buí a ngiallna la Rómánchaibh sé ar n-a chomhshuidiugadh
fon altóir móir. Isin egluis chétna sin in
naomhaltóir bennaigthi ro-n-buí ag Eóin baisti in tan ro buí
isan díthreb, flesc Mhaoissi agus Aroin, an bord dia ro
thomail in Slanaightheóir in suipér deigenach a ffochair a
apstal agus a dhescipal. Titus in t-aonmadh impiri dég ro
buí isan Róimh is é ru-s-treóraigh ó Ierusalem cusin dau sin
bliadain ar cheithri fichet d'aois in Tigerna. Mairidh aniú
go nuaide nemchríon nemarsaigh go hécnach dona huilibh
an colomhan comhfhata coimremor do marmar derg, ru-s-scoilt
ó mullach go talmain a nIerusalem an tan ro thoirbir
agus ro thimain an Slánaigtheóir a gcrann na croiche a anmain
a lámhoip an Athar nemda agus atbert in manus tuas commendo
spiritum meum, gusin leic do mharmar derg for ar chuirsetor
in cinedh iudaidhe crann-chor for faidp agus étach Críst, go
sompla agus go ffidhair na ndíslighi ro bátor aca; dá leic
onóracha oile i n-a ffuil tomhus méite agus airde Issa Críst agus
naomhMuire óighi ar in saogal so, an t-omar comadbal
cloichi i n-ar baistedh Constantinus mór la Seluester pápa.
Isan omar chétna isedh baister gach uile duine don Turcia agus
don chineth iudaidhe agus don ainchrístaigecht go huilidhi in
méide díp impaidhes isin Róimh fo chuing creidmhe agus
crábaidh. Atá tra isan egluis sin sépél ro-onórach ro buí
fri ré imchéin i n-a sheomra codalta agus cumsanaidh ag an impiri
Constantinus sé ar n-a bennugadh a n-onóir Eóin baisti ro


L. 202


chuir ann ilimat reliciass ro-onórach go rann-chuid móir don
croich chésta. Isan ecluis chétna sin fuil in coloman coimremar
do marmar derg dia ro gairm in cailech i nIarusalem
a haithle na páisi gar riasan eisséirgi choimdheta. A n-imfhoixi
na heguilsi ospitáil lán-mór ro-chostusach ro tógbadh
ier gcéin mháir la sen-chinedh uassal don tsenadh Rómhánach
.i. Colona. Imat trócairi agus déirci agus leigis ag a dénam
isan ospitáil sin ar lucht treblaite galair agus essláinte.



5. Feacht n-aon dia ru-s-gap treplait lupra agus essláinti
neimneach dhásachtach an t-impiri Constantinus mór ro-s-baoi
go n-anacair agus go ndocomal n-adpal-mór, nír chuimgetair
doctúiridhe teacaiscthi ináit fisicidhe fáthacha comfhortacht
nó caomhna do dénomh dó. Ro baoi a pennait
agus a peirical anbháil. Aroile senóir glic naomh-arsanta
dorala issan chathraigh comhairligis don impiri go ro
thochuiredh Seluester pápa ru-s-buí ag a díthladh badhdéin
a ndiamroibh agus a ndroibéloib a sliap chorrach chomadbal
ceithri míle dég ón Róimh. Gníther samloidh. Ar rochtain
naomhthachta in pápa do láthair umhlaigis in t-impiri ó a
uile chroide agus innfheithemh do chreidem Críst do réir na
heguilsi catoilci agus ier ngabáil baisti issin omar remráiti dó
ba hógh-shlán uochétóir gan doig gan galar gan lupra gan
essláinti. Ro timain in t-impiri in pálás so i n-ar comhdaigedh
an eclus don pápa do chéid-neitibh. E ba sossadh
comhnaidhe dó badhdéin gussin tan sin. Siris a n-athchuingidh
ar naomhthacht in pápa in eglus so do bennachadh agus
do choissrecadh a n-ainm agus a n-onóir Eóin baiste agus
Eóin bruinne. Gníther samhloidh in dechmadh lá do mí Nouembris
ro buí for a ccionn. Ocht mbliadhna dég ar tríp cétoib
aois an Tigerna in tan sin. A n-inbaidh agus a n-aimsir in
chonsecrátioin do beith ag a denomh ro thaispéin pictúir
diadha agus fidhair fír-naomhtha an choimdedh chomhachtaigh
í féin go follus mírbaileach. Atá aniú uasan altóir móir.
Ro loiscedh in eglus so la hainchrístaigibh agus la


L. 204


scristóirip chreidim Críst feacht fo dhí agus ní ro urchóidigh ó
bheag go mór don pictúir acht atá go solus lógmar dealraigthech.



6. As a haithle tra éirgit na maithi si go Scala Sancta
díer comhainm an staighre naomhtha a gcomhfhochraibh agus
a n-imfhoixe don prímh-egluis remráite. Ocht gcoiscéim
fhichet a gcomhfhat in staigri sin sé ar n-a oibriughadh do
chlochaibh comhfhata coimhlethna gléigheala marmair. An
pálás sainigthi sonradhach i n-a mbuí Piláit a gcathraigh
Ierusalem ba hann ro suidhigedh agus conrótacht ó thús. An
tan tra go hergapadh an Slánaightheóir Iossa Críst la hIudachaibh
aimhirseachaibh a n-aimsir a páissi is triasan staigri
chomhard sin rucatar ceangailti cruaidh-chuiprigthi a ffrith-chétfaidh
agus a ffiadhnuisi an breitheman Piláit é. On
trén-tarroing tric thuinnsemaigh nemchoiceltaigh mhí-trócairighe
du-s-ratsat dó ro trascradh é a gcert-meadhón
an staigri as gur doirtedh páirt dia fhuil luachmoir. Mairidh
ueóss slicht-lorcc na fola fír-uaisle fírinnighi forsan gcloich.
Gráta iernaidhe uas a cenn dia himchoimét. A fforcinn an
staigri atáit trí doirrsi do mharmar aoin-gheal ru-s-bátar a
nIerusalem ar n-a suidiugadh a pálás in Piláit chétna sin.
Ro gap in Tigerna triasna tríbh doirrsip sin ria ndol do
láthair Piláit dó. As urchomhair an staighre tabernacal
onórach dier comainm di sancta sanctorum. Atá immorro
for na sépéloip is línmhaire reliciais mhór-lóighidhecht isan
uile crístaighecht. Ann atá fidhair agus pictúir Iossa Críst
doróine Lúcás suiscél dia lámhoibh badhdéin an
tan ro baoi Críst forsan saogal so a n-aois agus a n-aimsir a dá
bliadhan dég sí ar n-a comdach go honórach airmitneach
adhamra go n-ór go n-aircet go gclochaibh uaissle ingantacha
éxamhla. An tres Niclás ro baui i n-a pápa issin Róimh ba
hé du-s-róine consecrátion forsan sépél naomhtha sin for
impidhe S. Lauráss martír. Ní línmhar tra oscailter nó
taisselpthor an naomh-shépél sin ier n-inmedhón. Go bráth


L. 206


ní théit ban-scál fon doman for a doras astech. For a nglúinip
éirgit ina huile chinedhaigh suass triasan staigri naomhtha.
Gach aon téid ó deuósion agus ó innfheithemh ghlan trí bliadhna
do mhaithemh a peacadh ar gach én-choiscéim fo leith
aige, gusin tres rann dia uile peactoibh agus turcbháloip
íer n-a loghadh aige. Is imaircidhe do na huilibh go rapait ag
aithrighe ag urnaighthi ag etorghuide an choimdedh chomhachtaigh
go gcongain chroidhe i n-a n-uile dupáilchip fri
seirc nDé agus coibhnessamh ag ascnámh triasan naomh-staigri
bennaigti mór-lóigechta sin.



7. Glúaissit na maithe si as a haithle óthá Scala Sancta
gusin prímh-eclais n-oirrdirc S. Sebastian a comhainm.
Gapait tra forsan sligidh gusin sépél n-adhamra dier comhainm
Domine quo uadis. Is amhloidh forcaomhnagair
ainmniugadh an tsépéil remhráiti ó thús: feacht n-aon dia
ro bhaói ingreim foilenmain agus persecution ag anchrístaigip,
ag scristóiribh na heguilsi a ndeghaidh prinnsa agus uachtaráin
na n-apstal naomhtha .i. Petor, smuainis Petar an Róimh
d'fágbáil agus dol dó a ndiemhroip agus a ndroibéloibh
agus a ffoithribh fássaigh sechtair for imegla a bhássaigthe acht
ge ro baoi i n-a pápa. Ar ttoighecht go haonda duaithnidh
go hinadh in reclassa sin dó adchonnairc an Slánaigtheóir
i n-a chomdháil. Adbert Petor ier ttabairt aithne fair
Domine quo uadis .i. a Tigerna cia leth raghair. Atbert
an Tigerna: Ragat gussin Róimh as go ffuiléngat croch agus
céssadh agus martra an dara fecht. Atbert Petor: A Tigerna
is do chúis inghrema agus inchreachaidh oramsa adeir bhar
n-onóir-si na briathra sin agus raghat-sa tar mh'aiss gusin
Róimh agus fuiléngat báss agus martra ar bar son-sa. Ba fíor
són. Fillis Petor gusin Róimh. Ro buí innte go ro bássaigedh
é mar uassal-martír onórach adhamra amail is
follus do na huilibh.


L. 208


8. Rángatar Sebastian prímh-eglus ro-onórach conrótacht
la ban-naoimh ro uassail do threip na Rómhánach badhdéin
.i. Sancta Lucina a n-onóir S. Sebastian. Taibernacul
ro-onórach issan egluis sin airm a mbaoi corp Petair agus corp
Póil fri haimsir imchéin. Gach aon tra raghus astech ó
deuósion agus o chongain cride isan ionadh sin atá a chudrama
do logadh a peacadh aige ionnamail agus dodhénadh turass
tempaill Petoir agus Póil. Eirgit a n-uamaidh thalman as a
haithle Semiterium Calistí a comainm .i. relec Calisti. Ro
hadhnacht isan reilic sin ceithri míle dég ar trí fichit ar chéd
míle martír. Isan uamaidh sin tra ro bhíttiss apstail agus
descipail an Tigherna for imgabáil agus for teithedh na
n-anchrístaigedh. Ro hadhnacht immorro ocht pápa dég
ier n-a mbásugadh mar martíreachaibh uaissle adhamra
oirrderca la heiritchidhip aimhirseachaibh issin uamaidh sin
tra. Atá maithemh agus loghadh na n-uile peacadh ag gach
aon téit ó deuósion agus ó chongain cride tríthe. Isan egluis
sin tra aroile do na saigdip dia ro básaigedh S. Sebastian
gussin gcloich mbennaigthi marmair for ar shessoimh an
Slánaightheóir an comhfhat aimsire ro buí ag briathradh
fri Petor apstal ag in sépél remhráite dier comhainm Domine
quo uadiss agus atá foillicht a choss issin ailigh ueóss. Atá
tra corp S. Sebastian agus corp na ban-naoimhe uaisle adhamra
Sancta Lucina agus corp Steffáin pápa issin egluiss chétna sin
maille fri hilimat relicias oile.



9. As a haithle sin tra éirgit go Cauarello .i. inadh
aoibhinn onórach go mbortt marmair go n-imat sreabhán
d'fír-uisce fhinnfhúar ar n-a gcomhtharraing go hinntleachtach
éxamail ingantach lassan senadh Rómhánach ier céin
mháir a gcomdháil an impire. Iar ndénomh a medhóin laoi
issin inadh sin dóip éirgit go tempall Muire na sanuissi. As
a haithle go hegluis ro-onóraigh mhór-lóigidheachta oile


L. 210


Tria Fountania a comhainm airm in ro díchennadh in tí Pól
.i. doctúir na gcinedhach agus ier n-a díchennadh uochétóir
du-s-rat a chenn trí léimenna diaigh a ndiaigh. Ro mhuidhset
tra teóra tipraite d'fír-uisce fhinn-fhuar oigreata assin
talmain tirim in gach maighin a ndo-rat na teóra léimenna
sin. Atá ann ueós in colún marmair for ar díchennadh
é go ndíb cennoip Anustatius agus Uinsentius martír
maille re himat díairme oile. Ar comgar na heguilsi sin tra
mainistir ro-onórach dar comainm Scala Celi .i. dréimire
nime. Fo altóir móir na heguilsi uaimh i n-a ffiuilit taisi agus
adhnacal deich míle martír. Taisselbthor a ttaisi do na
huilibh. Ní héittir a nglacadh nó a ngluasacht. Feacht
n-aon dia ro buí S. Bernard ag rád aiffrinn agus ag idhbairt
chuirp Críst forsan prím-altóir remráite adchonnairc
dia shúilip corparrda aingil agus archaingil an choimdedh
chomachtaigh ag treórugadh na n-anmann ó
piantoib purgatóra gusin fflaithemnus uachtarach agus gusin
sosadh nemdha. Atá do príuiléit ag in altóir ón uair sin
anuas anam do breith as paurgadóir gach línmairecht d'uairip
aderthor aiffrenn uirre. Ord Sanct Bernard is sámadh agus is
coimhtinól isin mainistir si tra. Ro taisspénadh dóip
cenn S. Sonnonius ro buí i n-a ard-chaiptín ar deich míle agus
ar dá chét saigdiúir siat immorro ar n-a mbássugadh uile a
n-aoin-fhecht isan Róimh ar son chreidimh Dé agus na heguilsi
naoimhe, fós ilimat reliciass ro-onórach mór-lóigidechta oile.



10. As sin dóip go tempall Póil. Dognít turus a shecht
prím-altóir mór-lóigidechta. Taisselbthor dóib aon do lámhoip
S. Anna, an slabradh aggarp iernaidhe dia mbaí Pól
cengailti cruaidh-cuibrigthi an tan ro-n-baí a ngialna
lasna Rómhánchaibh, cenn in samaritana, aroile do méroip
S. Niclás, mailli re himat relicias ro-onórach oile. Atá
immorro corp Timmoteus naomh ro buí i n-a descipal
díograisech ag Pól ar in saogal so isin egluis sin, corp Selsus,
corp Iulianus, corp Basilisa, maille re corpoip móráin don


L. 212


macraidh oirrdirc adamra ro básaigedh la Hiruath mac
Antipater in tan ro baoi ag ingreim agus ag foilenmain for
Críst. Crucifix ro-onórach mírbaileach isin egluis ro lapair
feacht anaill agaidh a n-agaidh fri ban-naoímh uassail dier
uo comhainm Brigita agus í ag dénomh urnaigthi n-a fiadhnuisi
ro buí in tan sin i n-a banrígain a rígacht Suesia. Fo
prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisip Petair
agus Póil. Constantinus mór is leis conrótacht in eglus so ó
tús a n-onóir agus a n-airmitin Póil apstal fo uíthin gurab
isin inadh sin d'áirigthe ru-s-fairnegadh cenn Póil go
mírbaileach éxamail ier n-a thescadh dia cholainn, agus ier n-a
chomdach uochétóir du-s-rat do ráith a anma don pápa
Seluester coimhinann agus dorat prím-tempall Petoir agus
prímh-thempall Eóin. A n-aon-ló amháin ro bennaig agus ro
choisric Seluester pápa tempall Petair agus tempall Póil.
Coimhinann cutruma in lóigidheacht ro fhágoip aca araon
acht amáin cebé dodénadh turus tempaill Póil gacha domnaigh
fri ré bliadhna a coibéis agus a aurdail do loghadh a
peacadh aigi agus do ragadh do thuras Ierusalem nó Sanct
Sém mór na Galissi.



11. As a haithle tra éirgit go tempall Petoir in Vaticano
prím-chathaír Petair isin Róim. Gabait forsan sligidh go
sépél beg dar comhainm sépél Petair agus Póil. In tan ro
hergabadh Petor is Pól la Rómhánchaibh aimhirseachaibh
ro treóraigedh amach asin gcathraigh gusin dau sin iat.
Ceilibrait dieroile. Ier sin du-s-ratadh in tí Pól
dia díchennadh go Tria Fontania fo bíthin go roibi léx ag
na Rómánchaibh gan neach d'fír-threib in tsenaidh Rómánaigh
badhdén do básugadh acht fri cathraigh anechtair.
Petor immorro ro baí i n-a Galaleus du-s-ratadh astech tar
ballaigip na cathrach go sliap ro-ard do shecht prímh-shléibtip
na Rómha dier comainm Ianicolo. Treóraigit é
gusin gcnoc don sliap dar comainm Montorio. Cuirit croch


L. 214


chomart i n-a sesomh dó go gclóithibh imremra aggarbha
iarainn i n-a chosaip agus i n-a lámhoibh. Ru-s-fuair féin mar
athchuingidh báis a chrochadh agus a básugadh a ndeghaidh a
chos as a mbeith neimhinannus martra agus básaigthi dó fria
n-a Thigerna. Conrótacht immorro la rí na Spáinne .i.
Fardinando mainistir ro-onórach isin inadh sin a n-onóir
Petoir, a hainm gusin tan so S. Petro Montorio. Atá aniú
go sámadh agus go gcoimtinól d'aithrechoib ro-onóracha
d'ord S. Pronséis. Du-s-rat immorro in t-athair naomhtha
an pápa Paulus Tertius ro-imat logadh agus maithemnuis na
peacadh agus na tturcbál do lucht cuarta turais agus taistil na
heguilsi si amail atá a gcloich marmair fuil uas fordoruss
sépéil ro-onóraigh atá a gclaustor na mainistrech isin áit
sainighthi an ro bássaigedh Petor.



12. Ier ndénomh turais seacht prímhaltór príuiléidech
thempaill Petair dóip taispéntor tra cenn in apstail uassail
adhamra S. Andriass dóibh sé ar n-a treórughadh gusin
Róimh feacht naill la prinnsa na Muraighe a ré agus a reimhes in
dara Pius do bheith i n-a pápa agus dodeachaidh badhdéin
cétna a persain dá míle ó ballaigip na Rómha
sechtair go Ponte Molle a prosesion ro-onórach do glacadh
chinn in naom-apstail uasail ón prinnsa. Ro taisselbadh
dóip as a haithle cenn Lúcáis suiscél, cenn Sanct Sém óig,
cenn S. Sebastian, cenn S. Tomáis espog Cantorbi, cenn S.
Amando, lámh Steffáin martír, lámh S. Cristoforus martír
maille fri hilimat oile do thaissip naom agus fírén. Fo prímh-altóir
móir na heguilsi in dara leith do thaisibh Petoir agus
Póil. Taipernacul ro-onórach uas uillinn descertaigh na
prímh-altóra móire airm i n-a ffuil volta sancta .i. an aghaidh
naomhtha .i. a naipicín ro chomail an ban-naomh uassal
adhamra Veronica do glan-ghnúis chréchtnaigthi an tSlánaigtheóra
Issa Críst in tan ro bháoi fo dhaoirsi agus fo mhartra
ag imchar na croichi césta. Is follus agus is écnach do na huile
dhaoinibh pictúir agus fidhair ghnúissi agus aigthi an Tigerna dia


L. 216


fhuil luachmoir chró-deirc issin naipicín sin, cenn na sleighi
slinn-leithne dia ro goin in dall Longinus agus dia ro thregd go
nemchoiceltach compar croidhe Críst in tan ro buí marp
gan anmain a gcrann na croichi. An Turcach mór ba hé
ru-s-tidhlaic na seóit adhamra oireghdha sin gusin pápa .i.
in t-ochtmadh Innocentius. Atáit aniú go ffertoibh agus mírbhailip
éxamhla ingantacha. Gach aon do threib na Rómha
bíss do láthair a ttaispénta ó innfheithemh agus deuósion trí
míle bliadan do loghadh a peacadh aige, sé míle bliadhan
ag gach neach do rígachtoip nó prouensip oile, dá mile dég
bliadan ag eachtor-chríchaibh oile imchiena ainiúil gus
in tress rann dia peacadh ar n-a maithemh agus ar n-a
loghadh ag gach aon aca acht go tticit ó deuótion agus ó chongain
cridhe. Isin egluis chétna sin corp S. Simon agus S. Iud .i.
díss naom-apstal ro-onórach, corp S. Cristostus, corp S.
Gregoriuss pápa, corp ban-naoimhe uaisle S. Patronella.
A n-imfhochraib sépéil Petair deich gcolamain chasta
chompássacha chaín-dénmacha do marmar aoingheal. A
ttempall Solman a nIerusalem is eadh ro tógbadh agus ro
hullmaigedh ó thúss. Ar in taop chlé don altóir móir aon
cholún amháin casta mharmair, gráta ieroinn i n-a urthimchil.
In tan tra ro bíodh an Slánaightheoir ria nimfhulang
na páisi a gcathraigh Ierusalem ag senmóir ag teagusc ag
dispóirecht agus apcóideacht lasan chinedh n-iudaidhi ba gnáth
leis sessamh fri hucht in cholúin sin agus a guala nó a uille do
léicen leiss ar uairip. Is follus tra sin as na fertoibh agus as
na mírbailip doghní Dia tríd, óir na persana i n-a mestur
droich-spirut aimsigte aidberseóracht agus tochuirter astech
fo iadhadh in gráta sin, ní mór díp nach ffaghann sláinti agus
comfortacht a gcétóir. Taispéntar dóib ro-imat radharc
éxamail oile. Constantinus mór is leis ro-n-comhdacht agus
ro tógbadh in eglus so ó thús. Ro idhbair as a haithle do
ráith a anma don pápa Seluester mar dorat tempall Póil agus


L. 218


tempall Eóin. An t-ochtmadh lá dég do mí Nouembris
issedh ro bennaigedh agus ro coissrecadh é lasan pápa chétna
sin aois an Tigerna in tan sin trí cét bliadhan ar tríbh
bliadhnoibh fichet. Ro thoilidh agus ro aontaidh naomthacht
in pápa ro-imat logadh agus indulgens ag gach aon dodénadh
a chuairt agus a thurus o deuótión; sé mhíle bliadan
ar ocht mbliadhnoib fichet gusin tres rann dia uile peacadh
ar n-a maithemh agus ar n-a loghadh ag gach aon dogní turus
na secht prímh-altóir mór-lóigidechta príuiléidecha fuilit a
ttempall Petair, acht is imaircidhi dó gu ro théchta serc
nDé agus coibnessamh maille fri cungain cride i n-a peacoibh
agus i n-a dupáilcibh. An chatháir cranngaili i n-ar shuidh
Petar féin gusin mbrat ro cuiredh uas Petar agus uas Pól ier
n-a mbásugadh issin tempall so tra. Seacht mbliadhna do
logadh a peacadh aige gach línmaire aimsire chéimneóchass
sé a n-aghaidh in staigri marmair fuil as urchomair dhorais
an tempaill agus raghus do dénamh urnaigthi astech a sépél
Petair. Cros chomhartt cheithireochair comhfhata chaíndénmach
d'aon chloich amháin is fír-airde isin chrístaigecht
uile ar n-a comhshuidiughadh go hinntlechtach aughdarrdha
as urchomhair in dorais mhóir. Ceithri leoman do brás
ier n-a gcomhóradh fuithe uas trí hinneónaibh marmair uas a
chéile. Cros ier n-a comóradh go dealraigthech ar n-a
himdénamh do brás i n-a fír-mullach. Sixtus Quinctus
bráthair d'ord sanct Pronséis ru-s-tógoibh agus ro chuir i n-a
coimhsesamh airm a ffuil anosa. Adeirit drong do lucht
inotachta agus aithreptha na Rómha gur chosain a cor i n-a
sesamh amháin deich míle ar dá fichit míle coróin. Snáthat
Petair a comhainm. Deich mbliadhna do logadh a peacadh
ag gach aon chanus tri paitrecha agus trí Aue-Maria as a
hurchomair. Gach aon do-s-gní uisitátion nó imthathaidhe ó
deuótion ar in prím-egluis so Petair ó fhél Muire na
sanuissi .i. an cóicedh lá fichet do mhí mhárta gusin gcéd ló
augustíí .i. fésta Sancti Petri ad Uincula, atáit dá míle dég


L. 220


bliadan do loghadh a peacadh aigi, agus gach línmhairecht
aimsire dénus én-chuid díp sin a ffésta éigin spesialta d'féstoibh
na heguilsi badhdein, atá in uile logadh sin dúpalta
aige. Ag sin amháin prímh-eglus chatharrdha les nach
héitir eglus nó obair fon uile doman do chor a gcompráit
nó a gcommórtus, óir issí is mó dheisi dheigdénmaighe for
bith, is ferr colúin agus tairimthecht marmair agus is saothraighi
airde fhír-fhairsingi fo thalmain agus uas talman. Uile stuadha
comharda an tempail ar in taep astigh ar na gcomhóradh
uile go lonnradhach dealraighthech éxamail. Cenn luaighi
fair ar in taop amoigh. Samhalta la cách go mbeitis fichi
míle fer i n-a n-armoibh i n-a sesomh a n-aoinfheacht forsan
tairimthecht atá fair ar in taep amoigh. An pálás is mó agus is
deisi agus do derrsgnaigh do pálásoip in domain ag in pápa ar
a uillinn tuaiscertaigh. Obair ro-chatharrdha ag in pápa
Paulus Quinctus ar in egluis sin gach én-lá isin mbliadhain agus
dá ttugadh Dia saogal nádúrtha do réir a chomplexa agus a
persan dó, is inmesta go nderscnóchaidh sí d'uile oibreachaibh
in domain ge nach ffuil sét samhla di amail atá. Imat
taispénta ro-onórach agus relicias mór-lóigidhechta cenmothá
sin issin prím-egluis so Petair agus do brígh gurab eimilt labairt
ar gach aon fo leith díp, gach aon dianab áil a ffaircsin
dogépaidh re a n-uile thaissealbadh a fféstaibh uaisle imchuibdi
íad.



13. A fforcinn in turais mór-lóighidheachta sin éirgit na
maithi si dia páláss. Airissit agus comhnaigit ag léicen a scísi
agus a mertin a haithle a tturais neoch ba subáilceach
dia n-anmannoibh agus ba saothrach dia gcolloibh.



CIX. 1. Laibheóram begán briathor ar eóluss na Rómha
annso síoss mar is ferr fuaramar fria scrúdadh é agus sinn ag
inotacht isin Róimh fri haimsir imchéin anossa. Atáit sé
tempail ar dá fichit ar dá chét tempall innti gan na seacht
prímh-eguilsi do lapramar do chomhairemh orra sin. Aon
díp side tempall roi-dhess atá for foradh-chnoc ard aoibinn
ar comhghar in páláiss i n-a mbuí comnaidhe na ttigernadh
so, Honofrius a chomhainm, suas odes go coimhdírech ó


L. 222


Gepta S. Spiritus. Radharc agus faircsin na Rómha uile ass
gusin tTibir ag ascnam agus ag céimniugadh tríthe, fós radharc
méide áirigthi do sliabh Alpa agus don Edáill mór-thimchell
na cathrach. Ameno comhainm an chnuic áirighthe don
sliabh for ar tógbadh an eglus. Ord Benedict is sámadh agus is
coimtinól innte. Is aire ro hainmnigedh Honofrius
fuirre: baí aroile rí amra oireghdha for san Persia fecht
n-aill ro thecht mhnaoi a dhingbála. Ba supáilcech airmhitnech
oirrderc adhamra in rí sin acht chena ní ro tuismedh
clann nó ierdraighe ar doman dó. Ba tuirsech dibergóidech
dobrónach leis gan a oigri díles dingmála do bheith ag
luamhairecht a ríghi agus a fhlaithemhnuis i n-a dheghaidh.
Iar mbeith treimhsi imchian fon dogra agus fon doimenmain
sin is eadh ro scrúd agus ro fhorbhair i n-a menmain é badhdéin
agus a chomhmaim go roignip a ndeghdhaoine a sruithi agus a
senóire do dol gusin egluiss, an Trínóit nemda do atach agus
do etorguide i ffrithchétfaidh na sacramente naomhtha
maille fri troscadh aurnaighthi agus oilithri um aon tuismedh
amháin cloinni dfagáil dó. Gníther samloidh. Eirgit gusin
egluis. Aínit urnaighit cíít a peacaidh agus a ndubáilce
co n-a n-uile riachtanus agus amghar. Ro éist an coimdhe
comachtach gerán agus égnach na ffírén so. Du-s-fáinic tra
dia fertoibh agus mhírbailibh a fforcinn aimsire aithgirre as a
haithle go ttarla toirrches don mbanrígain. Ba lúthgháireach
ilgairdeach lasin ríg agus la maitibh rígachta na Persia uile
ódclos deimin agus deaarbh in scéoil sin. Sen-námha arsanta
na ffírén n-irissech .i. in diapal ro-ss-gap étt agus imthnúth
adpal fo bíthin in tabartuis agus in tidhlaicthi sin dfagáil don
rígh on Trínóid nemda. Is edh ro dholp agus ro scrúd i n-a
menmain mailísigh mhíchinnemhnaigh fecht n-aon ru-s-fuair
baogal ar in rígh agus é a n-airegal uaignech, éirgis dia innsaigidh
a n-aibít oilitrigh imtruaigh. Adfét in rí scéla de.
Oilitrech athtruagh tuirsech mé. Ro shiplus formhór in
domain ag dénamh turais agus treideanuis. Mesait cách mo
beith naomhtha agus go ffuil spirat fháidetórachta innam ier
n-inmedhón agus is truagh lim, a rí na Persia, mar do mealladh


L. 224


agus mar do toghaothadh thussa lessin mbanrígain. Cinnus ón,
ol in rí. Ni hannsa, ol in t-oilitrech; adbiur-sa frit tré
briathraibh fíre. Ba himshnímach athtuirsech let agus í an
coimhlín so do bliadhnoibh ad choimhleapaidh gan clann
nó ierdraighi agoip. Tarla dissi adaltrannus agus peacadh
gránna do dénomh tar do chenn sa as go ffuil taebhtrom
torrach in comhfhat so d'aimsir. Ná léic-si in chlann sin
do baistedh nó do bheathugadh for do sheilp, agus ar imegla go
tticfadh cenél comhaigthech do thruailledh fír-fola na
ríghachta, foláir morc mór tinedh do dénomh agus ar in uair a
ngeinfider an chlann sin teilgter let a gcertmedhón na teinedh
trichemh-ruaide sin í. Mesais an rí go neimhghlic
fo bíthin chealcc agus chathaighe an aidhbirseóir gur uo
fír-bhriathra gach ar chan fris agus gur uo duine naomhtha é
agus creidis gach ní ro ráidh. Iar ttuismedh chloinne don
mbanrígain cuiris an rí comhchruinniugadh ar roignib a
deghdaoine go huilide agus teilcis dia lámhoip badhdéin an
mac ro buí ag in mbanrígain a gcertmedhón teinedh romhóire
tuc fodera do dénamh. Tarla an mac ar a dá ghlún go
dírech isan teinidh. Féchuis uassa. Tógbais a dí láimh a
ffidair chroisi agus umlachta don Trínóit nemhdha. Ro buí
an bhanríghan for a glúinibh a ffrithchétfaidh in rígh dia
atach agus día etorghuidhe as nach básaighfedh an t-aon-mac
fuair ó Dhia, maithe na rígachta mar in gcétna, acht chena
ba dímhaoin dóibh. Do grássoibh na Trínóide ba follus
don rí agus do chách archena aingel Dé uassaibh isin aér agus ro
fhorchongair forsan rí an mac do thesarcain, a chor dia
bhaistedh, Honofrius do thabairt mar ainm fair. Dogní an
rí samhloidh ar comairle an aingil agus ní ro erchóidigh an tene
don mac ó beg go mór. Gabuis aithmhéle adbal-mór agus
aithrechus dermair an rí agus smuainis gur uo hé an diabal
táinic chuici a richt an oilithrigh agus dorat fo n-a inntinn an
mac do chor isan teinidh. Is eadh ro scrúd i n-a menmain,
ó do thesairc Dia an mac agus a síthcháin a peacaidh, a idhbairt
do Dhia agus don egluis. Eirgis go mainistir d'ord Gerelamo
agus riagal Benedict aca .i. ord díthreabach. Ro chuir an


L. 226


lenamh dia bhaistedh. Ro fholáir Honofrius do thabairt
mar ainm fair do réir theguisc agus aithne an aingil. As a
haithle tra idhbraiss agus toirbhiriss as a lámhoip
badhdéin do thigerna-ab na mainistrech é a n-onóir na
naom-Thríonóide nemhdha. Gabuis an tigerna-ap an
bronntanus naomhtha sin chuice go sulchair agus nír uo háil
leis a chor assin mainistir amach dia oilemain agus ro buí a
ffrithchétfaidh na riaghla co nach tíssadh banscál for bith
astech tar ballaighip na mainistrech. Tarla eilit ghléigheal
go ngaimnín a comdhatha i n-a fochair a páirc na mbráthor.
Eirgis an t-ab gusin dau i n-a mbauí. Ergabthar leis in
laogh buí lé. Cuiris in t-ógmhac dia saigidh. Ba cennuis
aumhal áilgen ru-s-gabadh an dalta sin lasan eilit. Ro buí
Honofrius trí bliadhna comhlána ag a biathadh for lacht
na heillti. Ticedh chuici d'oidhque agus do ló go leithimiol na
páirce as urchomhair na mainistrech. Ro buí-semh ag
fáss agus ag forbairt frisin ré sin. A fforcinn na haimsire sin
mesait na bráithri betha dhaonnaighi do thabairt dó. Ba
gnáthbés dó-san gach a ffaghadh do bairgenoip agus do blúireach
uaidip do breith amach go a buime oilemna. Laithi n-aon
ro-s-baoi ag dol amach gusin eilit. Bairgen aráin lais. Ro-s-fuair
naomhMuire ógh agus a Mac mírbaileach i n-a hucht a
ffidhair a lenbachta for a chionn issin páirc. Fáiltighis a
uile chroide ier n-a ffaixin. Du-s-gní umla agus reuerens.
Adbert as a haithle: a Tigerna, lenamh sipsi; meisi
lenamh oile. Ag so mo bairgen aráin díp. Guidim sip ier
n-a glacadh díp ná hithidh í innamail agus ithim féin. Glacuis
an Tigerna an mbairgin a lámhoip Honofrius. Du-s-rat dó
as a haithle. Ro fholáir fair go ru-s-tardadh don tigerna-ab.
Bátor sealat ag lenbacht agus ag diamair-naomthacht chomhráidh
re aroile. Gabuis Muire agus a Mac a gcet as a serbhóntaighe
díles umal as a haithle. Téit Honofrius gusin mbairgin
do láthair in tigerna-ab. Ní mór go ráinic leis a
himchar fo bhíthin mar do fháss agus mar do fhorbhair ó
lámhoibh an dúileman dia glacadh. Ba machtnadh adpal
lassan tigerna-ab agus lasna bráithribh archena an mhéide ro


L. 228


fháss forsan mbairghin. Mesait agus tuicit aca badhdéin gur
go mírbaileach éxamail ingantach ro-s-fuair Honofrius an
taispénadh sin.



2. Ro buí rath diadha a ffoilenmhain Honofrius óir ro
lín d'egna agus d'foghloim agus do shupáilchip an Spirait naoímh.
Fóss ro fhorbhair a mhét a mhaissi agus a mhiadhamhlacht.
Fecht n-ann ro thoghsat an t-ord Honofrius mar uachtarán
orra badhdéin. Ní ro fhaomh-samh an togha sin. Atbert
go raghadh fo dhiamraibh agus droibhéloibh for ierroidh an
leinb chompánta dorala dó a n-ucht naomhMuire óighe isin
páirc ria sunn. Ní ro gabh toirmesc. Ceilibrais don
tigerna-ap, do na bráithribh archena. Léicis go fássach na
hEigipte é. Ag toigheacht dó ar comhghar an fhássaigh
adchí an lóchrann teinntidhe for comhlassadh issin aér
etorbhuass. Bidgais agus comhchrithnaigis la sodain. Léicis
for a glúinibh é. Feacaidh for aithrighi agus aurnaigthi. Tic
aingel Dé i n-a chomhdháil agus adbert fris: Ná ro-t-imeglaigther,
a uassail, a Onofrius, óir ro fortachtaigh Dia duit agus is
mar chomharrdha mírbaileach deit ro thaissealbh an lóchrann
lassamna adchí. Fáiltighis Honofrius la cloisteacht uríathar
an aingil. Du-s-rat altugadh buide mór do Dia. Eirgis
isin dítrebh as a haithle. Ag ascnamh astech a ndroibhél
deirrit diemhoir dó adchonnairc chuice senduine ro-arsanta
a n-aipít oilithrigh nó díthrebhaigh. Forffáiltighis an senóir
ier n-a fhaixin uochétóir, óir ba lainneach lúthgháireach
lais an macaómh óg aoidedhach go rath agus go supáilcip
diadha i n-a choimhitecht do chor chuice. Treóraigis
leis é as a haithle gusin duirrtheach ndeirrit ndiemhoir, airm
a mbáui a aittrebh agus a inotacht do ghnáth. Is amhloidh
immorro buí an duirrtheach .i. bothnait beg chumhang fo
bhun chroinn chomhaird pailme. Airisit agus comhnaigit ann
a gcomhaontaidh aroile agus a chéile. Is edh ba tuara agus ba
hacnamhadh dóibh toradh an chroinn pailme do thomhailt
maille fri fír-uisque na tipraiti ro-s-buí fo bun an chroinn.
Barrghar agus duilleabar an chroinn isseadh ba himdíten dóibh
for dherdain agus doishín, fuacht agus tes. Nir uo himchien tra


L. 230


dóip a gcomhaontaidh in tan ro-s-fuair in sendítrebhach
bás. Fágbuis a ttimna tholtanach an crann pailme gusin
mbotnait mbic gusin ttiprait ffír-uisce ag Honofrius a
n-oighrecht. Ro hadhlaicedh an senóir la Honofrius sealat
beg ón chrann. Buí féin go n-aoine agus go n-urnaighthe fo
bhun an chroinn sin fri ré deich mbliadan ffichet ag
moladh agus ag etorghuide na Trínóite nemdha ag
aithrighe agus ag urnaigthi do ló agus d'oidhque. Toradh
an chroinn gusin ffír-uisce isseadh fo betha dhó frisin
ré sin.



3. Feacht n-aon dia ro smuain forsan gcompánach lenbaidhi
dia mbuí n-a fhoilenmain, cuiris de uochétóir in méide ro
mhair d'iersma na senaipíte du-s-rat asin mainistir tricha
bliadan roimhe sin. Fágbuis an crann gusan ttiprait gusin
mbothnait. Gluaisis as a haithle seachnóin an dítribh.
Aimser imchíen dó fon samhla sin gan comhfhortacht
bídh nó édaigh. Ier sin tra téit a n-énerte agus a égcruass
adpalmhór. Laithi n-aon dó isin imdhoraidh sin adchonnairc
aingel in choimdedh chomhachtaigh chuici
go proinn agus go ttomaltus do neimh. Du-s-rat-san
altugadh buide dia Tigerna. Coimhinann
ro bheiredh an t-aingel an sásadh nemhdha .i. an
sacrament naomhtha dhó gacha domnaigh dia lámhoibh
badhdén agus do bheiredh an sássadh aimserdha seachnóin na
seachtmaine. Deich mbliadhna fichet oile isin díthreb gan
comhthathaigidh nó comaontaidh ó neoch for talmain acht
cuairt an aingil. Finnfadh a chinn agus a ulchan, a ochta agus a
chuirp archena, ba himdíten dó ar fhuacht agus tes frisin ré
sin. A aittreb agus a inotacht fo barroibh crann. Smuainis a
fforcinn na haimsire sin tra dol do thaistel agus do chomhsibal
gacha méide ná ro shipal go sin don díthrep. A mbaoí ann
confhaca a ndroibél dorcha a n-inmedhón na coilledh an
duirrthech dess deirrit deighdénmhach. Ba machtnadh
adpalmhór lais. Atchonnairc tra for a chomhghar senóir
aosmhar arsanta. Eirghis for a amus. Mar atchonnairc
an senóir an créatúir imthruagh anaithnidh sé ar n-a thuighi


L. 232


agus ar n-a imfholach dia fholt agus dia fhinnfadh óthá a bhonn
go a bhathuis bidhgais agus imomhnaighis agus ru-s-léic a ráon
madhma agus ro-theithidh é. Ro-s-len Honofrius é. Siris
fair a n-onóir na Trínóide nemdha furnaidhe agus airisemh i
n-a chomnaidhe. Dearcuis an senóir i n-a dheghaidh.
Suidhis Honofrius forsan talmain. Tuigis tra an senóir gur
a modh umhla agus cennsachta agus nemhurchóide doróine Honofrius
an suidhe. Ier sin du-s-riacht for a chomhghar go
himeglach faitchesach. Fochtait araon scéla dieroile. Atfét
an senóir gur uo dítrepach é badhdéin ro-s-buí fri ré
imchéin ag inotacht agus ag aittrebhadh isin dítrebh sin, gur
uo Pamplutius a chomhainm. Léicis Honofrius for a
glúinibh é la cloisteacht an sceóil sin. Ro inniss a imthús agus
a uile echtra badhdéin. Athchuinghis agus etorghuidis an
senóir naomhtha um Dhia do ghuide ar a shon.
Odclos immorro lasin senóir gur uo heissen Honofrius ru-s-léic
for a glúinibh é. Siris a n-impidhi agus a n-athchuingidh
fair Dia do guide ar a shon. La sodain tra etorghuidit an
Trínóit nemdha do ráith anma aroile agus a chéle. Ier sin
atchonnairc an senóir an t-aingel do neimh go mbairgin agus
go mbuidél fína ag toirling ar cúloip Honofrius. Ba dearb
laiss ó sin suas gur uo duine diadha go ndeigbhethaidh
naomhtha é. Bator sealat a gcomhaontaidh. Laithi n-aon
dóip ag urnaigthi adchluin in dítreabach guth an aingil
do neimh agus issedh ro ráidh: Honofríí, audita est petitio tua
.i. a Honofri, ro héistedh h'ierratus. Ba móite sa chách
grádh toltanach in díthreabaigh d'Onofrius cloistecht briathar
in aingil.



4. Laithi n-aon siris Honofrius a n-onóir Dé for in senóir
a chulpa do éistecht agus apsulóit na heguilsi do thabairt dó i
n-a auile peacthoip agus dupáilchip. Du-s-gní in senóir samhloidh.
Ier ttabairt a uile choipsen d'Onofrius ro scar a
spirat anma fria chorp ar mbreith buadha ó doman agus ó


L. 234


deaman agus é eitir díbh lámhoip an díthreabaigh. La
sodhain tra éirgis crith agus cumsgugadh adpolmór issin
díthrebh i n-a n-uirthimchell agus gapait na croinn ag coimhletradh
agus a comthuargain a chéile seachnóin na fidbaidhi.
Ier sin tra adchí an senóir na sé haingil go lóchrannoib
lassamna go n-ilcheóloib éxamhla ag toirling do neimh
ar gach taep do chorp Honofrius. Dá aingel oile i n-a
ndeghaidh-sein, long thúissi a láimh nechtair aca, turibulum
a láim in dara haingil. Comscaoilit supáilci agus boltanugadh
na túissi mórthimchell an chuirp. Ba hécnach agus ba follus
don senóir ag ternódh suas do na hainglip in dara fecht anam
in fhíréin uassail Honofrius ag a imchar ag dí aingel díp a
richt agus a ffidair choilmne gléigile. Adchonnairc as a
haithle an Slánaigtheóir badhdéin ag toighecht do dingnoip
rígthighi nemda ag gabáil an anma sin i n-a lámhoip bad-deissin.
Ba tuirsech imshnímhach an senóir a haithle a
chompáin charthanaigh agus a choicéle comhaduis. Ro buí in
méide sin d'foirfeacht aoissi agus d'aimneirti fair coná fitir fon
uile doman cinnus do adhlaicfedh an corp. Gar ier sin
atchonnairc an dá leoman lonna léidmecha chuici. La
sodain tra crithnaigis agus commbidgais. Derbh leis go
muirfitis na leomain é budéin maille fri coimhithe chuirp a
chompáin. Iar sin tra ticit na leomain ar amus chuirp
Honofrius. Léicit for a nglúinibh iet. Gapsat tra ag pócadh
agus ag lighi a chos agus a lámh. Ro bátar ier sin ag commbualadh
a gcos forsan talmain agus ag tabairt chomarthadh don senóir
cia in t-inadh áirigthi in badh toltanach leis fert agus adnacal
do chlaide. Ro thogh in senóir aroile inadh imchubaidh
dóip. Gerrais co n-a throstán comartha na croichi césta
isin talmain. Cumais fot agus leithet an adnacail. La sodain
tra comhthochlait na leomain in talmain co n-a gcosoip.
Treóraigit ieramh corp an érloimh uassail adhamra leó go
mbuí for brú an adhnacail. Cuirit a ttalmain as a haithle
do réir forchongra an dítreabaigh. Léicit fon ffidbaidh


L. 236


iet as a haithle ier gcoimlegadh chloch agus chriadh forsan
corp agus ier ngabáil a gceta go humal áilgen ag an díthrebhach.
An comhfhat tra ro buí an t-adhnacal ag a dénomh teglamait
agus comhchruinnigit uile fhiadhmíla agus ethaiti allta égcennuis
an dítreib goléic. Ro bátor tra go taoi tostach táoithenach
go ttairnic an t-adnacal. Comscaoilit seachnóin an díthreibh
ieromh. Atá immorro rannchuit dia chorp go ffertoibh agus go
mírbailip issin reclés remráiti. Atá immorro a anam a
n-aontaid uassal aithrech agus fháidedh, a n-aontaidh
náemh agus náemh-óg in domain, a n-aontaidh apstal agus descibal,
a n-aontaidh deachta agus daonnachta mic Dé uile-chomachtaigh,
a n-aontaidh naoi ngrád neime ná airmdeachatar, a n-aontaidh
aingel agus archaingel in choimdedh na ndúla, isin aontaidh
is uaisle gach n-aontaidh, a n-aontaidh na naom-Trínóide
uaisle Athair Mac Spirat náomh. Ailim trócoire Dé uile-chomachtaigh
tre impide in naoimh-érloimh uassail sin go
ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in cecula ceculorum
amen. Gar ier sin tic aingel Dé gusin dítreabhach.
Earbuis fair athascnamh dia atharrdha ndílis badhdéin .i.
gusin Eigipt. Du-s-gní samhloidh. Aisnéidis agus oirrdercaigis
fiadh na huilip uile scéla agus betha agus naomtacht Honofrius
et cetera.



CX. In nómadh lá fichet Iuníi .i. lá féle Petair do shonnradh
táinic ambasadóir ríg na Spáinne fri cíos rígachta na
Napless gusin pápa. Ba honórach airmitnech cath-réimech
du-s-riacht. Ro buí timchell a cóic nó a sé do chétoib
marcach maille fri ro-imat cóistidhi go gcoisigib línmara a
libhré ro-onóraigh. Each roi-dess bán go ndiallait mhór-lóigh
ier n-a himfholach d'ór-snáithe a remthúss na sligedh,
gné sparáin nár uo beg fo a brágait i n-a mbuí cíoss na
Naples. Ar ndol do láthair naomthachta in pápa dó du-s-rat
dia onóir an t-each gusin gcíos a n-ainm in ríg. Iar sin
térnoidis dia thigh.



CXI. Ba tuirseach nemgnáthach la hierla Tíre Conaill
re mac Uí Néill, re mac Uí Domnaill in comhfhat ru-s-bátar
i n-a ngnáth-chomhnaidhe isin Róimh. Smúainit agus comairligit


L. 238


etorra badhdéin an Róimh d'fágbáil sealat, dol do
spaisteóracht agus do glacadh aitherraigh aéir. Gluaisit a
ttriar, buachail agus coisighi i n-a gcoimhitecht. Monuar nír
soirb sóinmhech a tturus deóraidhechta. Eirgit go baile
áirigthi ar comhghar na fairrgi for brú srotha Tipir
dar comhainm Ostia cóic míle dég ón Róimh. Dognít gné
chomnaidhe ar gach taep don ruibér fri ré dá ló go n-oidqibh.
Téit in doctúir onórach Domnall Ua Cerbhaill i n-a ndeghaidh.
Térnoidit na maithe si tar ais gusin Róimh. Ní mór gur uo
cúis ilghairdis dia gcairdip a ttoisc gusin dau sin óir mesait
cách gur do hinadhoip is messa anffalláine aér mór-thimchell
na hEtáille uile an t-inadh sin d'áirigthi. Fóss nír dermait
sé sin do thaispénadh dóip-sen óir ro gap fiaprass tessaighi
teinntighi neimhneach an t-iarla an t-ochtmadh lá dég don
mí chétna dia haoine do shonnradh ar aoi laithi sechtmaine
1608. Ar n-a mhárach dia sathairn gabuis in fiapras cétna
mac I Domnaill .i. Cathbarr. Ro leagadh an barún isin
ffiaprus an luan ro buí for a gcinn, fós Domnall O Cerbaill
go gar n-a dheghaidh. An buachaill agus in coisighi ru-s-bátar
maille friú gabait araon fiapras go lán-gairit i n-a dheghaidh.
Ro buí an t-ierla go tteinnes ndíchra agus go ndocomal n-adpal
fri ré én-lá dég. Dorat a uile choipsena. Gabuis chuice an
sacrament naomhtha. Ro scar a anmain fria chorp. Fuair
bás do moladh Dé agus na heguilsi ier mbuaidh ó doman agus ó
deman timchell medhóin oidque dia luain. Ar n-a mhárach
immorro dia máirt lá Sancta Márta an t-ochtmadh lá fichet
do mi Iulíí ro hadhlaicedh in t-ierla a mainistir S. Petro
Montorio. Sochraiti línmar agus torramh ro-onórach ar n-a
n-ordugadh ó naomhtacht in pápa a prosesion onórach


L. 240


go n-imat-línmairecht do lóchrannoibh lasamhain ciera go
gcanntaireacht gcaoin-bhinn ttaidiúir ttuirsigh ar gach
taeba de. E a n-aibít Sanct Pronséis mar do theguisg féin
a cor i n-a urthimchell. Muiriss, buachaill in iarla, d'fagáil
báiss in tress lá Augustíí. An t-ochtmhadh lá don mí
chétna ro-s-fuair in doctúir diadhachta Domnall O
Cerboill mac Uaithne Uí Cherboill ó Moigh Dreithne a
nUrmumain báss et cetera.



CXII. Scéla Meguidir. Ier mbeith dó fri ré secht
sechtmain imlán issin Napless smuainis agus comairlighis dol
don Spáinn. Gluaississ for fairrgi óthá in Napless do
dénamh ar in prímh-chathraig n-oirrdirc n-adhamra darab
comhainm Genua. Táinic féin agus a chuidechta a ttír go fedh
én-oidque amháin isin áit a gcomraic sruth Tibir frissin
ffairgi a n-imfochroib agus a n-imfhoixi an inaidh chétna i
n-ar glacatar na maithe adupramar romhainn in droch-aér
mímessardha anffalláin. Glacuis tuile agus dássacht fiaprassa
neimhnigh náimhdemail Maguidir agus Sémus mac Eimir meic
Cúuladh Meg Mathgamna. Treóraigther ier sin gusin prím-chathraigh
Genua iat. Fuarator araon báss ier ttabairt a
n-uile choipsen agus ier gcomhchaithemh na sacramenti naemtha
in dara lá dég Augustíí 1608. Sé huaire an chluig amháin
isseadh ro buí etorra gur uo lúaithi fuair Sémus Mag Matgamna
báss nó Maguidhir. Ge tharla tra nár uo línmar a
gcuideachta nó a lucht lenamhna issin gcathraigh sin, ar
aoi sin tra mar doclos a scéla agus a n-uaissle comchruinnighit
suim áirigthi do chléir agus do daoinibh maithi na cathrach i
n-a n-urtimchell a prosesion onórach go ro hadhnacht
iet agus aibídidhi S. Pronséis umpa a mainistir oirrdirc bhráthor
minúr issin chathraigh chétna sin.



CXIII. Ro buí in barún agus mac Uí Domnaill i n-a luighi
issin ffiapras frisin ré aimsire sin go huilide. Tochuirter do réir


L. 242


teguisc na ndoctúiridhi iat go pálás onórach a monte Sitorio
do glacadh aitherraigh aiéir ba ferr oldáss beith a mBurgo
airm a mbátar gusin tan sin. Ar mbeith dóip
aimsir annsin fuair mac Uí Domnaill báss in cóicedh lá dég
Septembriss. Is inmesta immorro nach don degh-fhortún
nó don degh-chinnemain iss ferr tárraidh Eire an aurdail
sin do degh-roignib mhac Míledh Espáinne dfoghbháil bháiss
go hobann diaigh a ndiaigh a n-echtar-crích imchéin
ainiúil a gcoimhfhégmhuiss a n-atharrdha bunaid badhdéin.
Ro hadhnacht tra mac Uí Domnaill a n-aipíd Sanct Pronséiss
go sochraiti línmair laiss agus go ttorramh ro-onórach a prosesion
i n-a thimchiol issin mainistir chétna S. Petro Montorio
ar én-dénamh agus a n-imfochroib do thomba in iarla.



CXIV. Buí mac Uí Néill leith-bliadhain imlán i n-a
luighi a pericail ro-marbthaigh agus a nguasacht báiss agus
buideachas mór do Dhia ro thoiligh dó térnód ó báss sealat
oile maille fri comhaisseg a shláinti d'fagáil, acht gurab é
sin bladh do mhíchinnemain cháich agus dia ndíghbáil re haér
neimnech náimdighi Ostia.



CXV. In cét lá Augustíí .i. lá Lughnusa do shonnradh
1608 éirgis O Néill go tempall ro-onórach mór-lóighideachta
darab comainm S. Petri ad Uincula .i. eglus ro-onórach ro
tógbadh agus ro cumhdaigedh a n-ainm agus a n-onóir Petair
apstail. Taisselbtor dó in slabradh imremar aggarp iernaidhi
dia mbuí Petor cengailti cruaidh-chuiprighti in tan ro
buí a ngialna la Iudaidhip aimhirseachaibh. Fecht n-ann
ro-s-buí in dara leth don slabhradh chétna isin Róimh.
Du-s-rat Elena in bainimpir an dara rann gusin Róimh de. Ar
n-a gcoimshínedh araon re aroile iadhait agus comhtháthait le
chéile go mírbaileach éxamail mar nach biadh etorscaradh
ar bith etorra remhe sin ríamh. Fós ba hé in slabradh sin


L. 244


uaide féin ro sgaoil go mírbaileach comhainm in fhésta sin
in tan ro buí Petor a gcengal agus a gcruaidh-chuibhrech
a nIérusalem. Ro taispénadh dó ier sin pictúir Mhaoissi meic
Amhra ier n-a tarraing go hinntlechtach fínélta a marmar,
rann-chuid ro-mór do chroich S. Andriu, go n-imat reliqias
oile.



CXVI. An cóicedh lá dég don mí chétna .i. lá chéid-fhéile
Muire éirgiss O Néill go hegluiss oirrdirc oile dier
comhainm Sancta Maria in Trasteuere. Ro buí státion
onórach mór-lóighighechta go loghadh na n-uile peacadh
issin eglais sin. Ba hé in teg sin tra fo taibernacuil agus fo
tegh comhchruinnighthe ag an senadh Rómánach fri ré
aimsire imchéine. Comhairlighit as a haithle a thabairt
mar inadh oirissimh agus comhnaidhe d'athlaochaibh trógha
tuirsecha agus do sen-saighdiúirip arsanta ier sgithlim a
lúthmaireachta agus a neirt. Ro buí aca fri ré fhota. Oidhche
gheineamhna Críst .i. oidche notlac mór do shonnradh
sguchaiss agus comhsgeinnis tipra imdhomain ola go mírbailech
ingantach assin egluis sin. Ro-s-buí tra ag snighe agus ag
tebersain mar badh sruth comhadpal fri ré laói go n-oidhche
go ttéigheadh amach a n-inmedhón srotha Tibir. Odclos
sin tra la Calisto Primo an seissedh pápa dég ier Petor
conrotacht sépél onórach laiss uassin tiprait sin tra. Ro
bennaigh ieromh an sépél a n-ainm naemhMuire óighe. Acht
madh teagh Loreto amháin do bheith ier gcéin máir roimhe
sin ier n-a thogha agus ier n-a bennugadh a gcomhainm Muire agus
a Meic, ag sin céid-eglus ro bennaigedh a n-onórachuss do
Muire issin crístaighecht go huilidhi. Fichi bliadan for díp
cétoip aíss an Tigerna an tan sin tra. A reimhess in treass
Grighóir do beith i n-a pápa issin Róimh ro métaighedh an
eglus so leiss as go ffuil i n-a prímh-egluiss chatharrdha
mhór-lóigigheachta. Fichi bliadan ar sheacht gcét aoiss in
Tigerna an tan sin. Ferta agus adnacail a cethair do pápaidhip
issin egluis sin .i. Calistuss, Innocentiuss, Iuliuss.


L. 246


Corp Quirinus espoig, maille fri hilimat oile do thaissip
naomh agus fírén, issin prím-egluiss chatharrdha chétna sin.



CXVII. An cethramadh lá fichet don mí chétna .i. lá
fhéile Parthaláin do shonnradh éirghis O Néill go hoilén
oirrderc atá forsan Tibir dier comainm Insola Tiberina.
Mainistir onórach go n-ord Sanct Pronséiss forsan oilén sin.
Corp Parthalóin apstail issin mainistir sin ier n-a threórughadh
lassin impir in darna Hotono óthá Beneuento gusin Róimh.
Ilimat do thaissip naomh agus fírián cenmothá sin issin egluiss
naomhtha sin, fóss pictúiridhe agus fidhracha Sancta Caterina,
Sancta Agata, agus móráin do ban-naomhuibh uaissle adhamra
oile, íer n-a n-oibriugadh agus ier n-a n-imdénomh go healadhanta
inntlechtach éxamail issin staid agus issin innioll chétna a
mbátor a n-aimsir a martra agus a mbássaighthi la Iudaidhip
aimhirseachaib. Mainistir Eóin go n-ospitáil ro-mhaith,
airm a ndingentar do gnáth imat déirce agus trócaire, forsan
oilén sin.



CXVIII. In nómadh lá fichet Septembris i n-a deghaidh .i. lá
féle Míchéil téit O Néill go tempol Míchéil a mBurgo.
Gregoriuss pápa is laiss conrótacht ó thús. Aroile aimser
imchien ro-s-buí pláigh adpal-mór issin Róimh. Fuaratar
tra formhór lochta a haittrebhtha agus a hinotachta an inbaidh
sin báss. Gluaissis Gregoriuss agus gach méide ru-s-mair do
na Rómhánchaibh a prosetion onórach aithrigeach óthá
mainistir Arass Celi go tempall Petair, fidair-dhealbh naomMuire
óighi atá issin mainistir sin rompa. Ag céimniugadh
dóip tar Droichet na n-Aingel fuil for sruth Tibir adchonnarcatar
dia súilibh corparrdha aingel Dé uasaip issin aeiér,
cloidemh nochtaighthi línta lom-lán d'fuil chrói-deirg
i n-a láimh. Toirlingis as a haithle forsan gcarraic
gcomaird for ar comdaighedh Caislén na n-Aingel. Ar
ffaixin naomhthachta in pápa dó cuiris a chloidemh i n-a


L. 248


thruaill taisgedha. Tuigis in pápa agus in senadh Rómhánach
asside ferc in Tigerna riú ar ttoirnemh. Atá foilliucht choss
in aingil isin leic mharmair for ar thoirling ueós. Conrotacht
tra in eglus so lassan pápa a n-onóir agus a n-airmitin Míchéil
archaingil. Ru-s-fágoibh féin gusna pápaidhibh oile deóigh
a ndeóigh imat loghadh agus maithemnuiss na peacadh aice.
Ní ro gapsat tra bráithri Arais Celi gan in gcloich marmair
remráite d'fogbáil dóib badhdéin a n-athchuingidh ó naomhthacht
in pápa fo bíthin gur uo hí in fidair mírbaileach Muire
buí leó ru-s-buí a remhthúss in prosesioin riasan pápa.
Gnáthaigit na Rómhánaigh dol for a nglúinip suass issin
staigri chomhard marmair for a gcéimnigther gusin egluis
sin lá féli Míchéil do shonnradh.



CXIX. Dia cétaoin in treas lá Septembris téit naomhthacht
in pápa a prosesion ro-onórach go maithibh na Rómánach
a prosesion mailli fris óthá tempol Muire na n-Aingel
go ro riacht Sancta Maria maiora agus an aoine ru-s-buí for a
gcionn ó thempall Muire Menerua go Sancta Maria de Pace.
Buí O Néill i n-a coimhidecht frisin ré sin.



CXX. In cethramadh lá Octobris .i. lá Sanct Proinséiss
éirgis O Néill go mainistir onóraigh darab comhainm S.
Francisco. Tegh bunaidh agus inadh oirissimh agus comhnaidhe
aíne agus apstanaite S. Pronséiss issin Róim in reiclés ro-onórach
sin. Sépél ro-onórach i n-a mbíd ag aithrighe agus ag urnaigthi
agus ag etorguide in choimsigh chomhachtaigh issin mainistir
cétna sin. Crann ingantach éxamail oráistidhi issin
mainistir chétna sin. Naomhthacht Sanct Proinséis ru-s-cuir
a ttalmain ó thúss dia lámhoip bennaighthi badéin.
Cóic cnapáin bhega chomhchruinne a ffidair chroissi for
gach n-oráisti dia ffásann forsan gcronn. Baramail lasna
diadhairidip agus la tráchtairigip inna screptra naoimhe gur a
ffidair agus a fforaithmet na gcóic n-áladh ro shilset fuil
S. Proinséis a gcuimhne agus a ndibergóit páissi Críst bít na cóic


L. 250


cnapáin sin forsna horáistidhip sin d'áirigthi seach oráistidhip
oile an domain. Dobeirit cách aithne forra in gach inadh a
ngabait sechnóin na crístaigheachta. Taisselbthar dóip ier
sin ilimat reliciass ro-onórach do thaissibh naomh agus fírén.



CXXI. In cét-lá Nouembris .i. lá samhna do shonnradh
éirgis O Néill go Sancta Maria Rotunda egluss ro-onórach
airmitnech adhamra conrótacht lassan senadh Rómhánach
ier céin máir aimser imchien ria ngeinemain Críst. A n-onóir
na n-uile dée ro tógbadh in egluss ó thúss. Coimhinann fot
airde agus leithet di. En-fhuinneóc amháin i n-a ffuilit deich
ttroighthi fichet i n-a fír-mhullach sí comhchruinn comfhairsing
du-s-gní soillsi d'uile altóirip in reclésa i n-a fír-mhullach.
Dorass na heguilsi ier n-a imdhénomh d'aon-chloich amháin
itir dí ursain is fordhoruss, ocht ttroigthe fichet in a leitet,
samalta a chomhairde fri dá píce deóigh a ndeóigh. Delp
corrigenda Muire mhírbhaileach doróine Lúcáss suiscél dia
lámhoip badhdéin a n-inbaidh agus a n-aimsir naomhMuire do
bheith forsan saogal so issin egluis sin tra. Ceithri colaman dég
ar láin-mhét cholaman na crístaigheachta go huilidhi siat
ar n-a gcomhshuidhiughadh a ndorus na heguilsi. Innte
atáit cuirp S. Anastatio, Sancta Ratio, ilimat do thaisibh
naom agus fírén archena.



CXXII. Assa haithle sin tra éirgis O Néill go
tempall S. Gregorí in tress dég. Státion agus loghadh ro-onórach
mór-lóigh ann an lá sin. E amháin ba háruss
bunaidh agus ba histadh gnáth-chomnaidhe don Grigóir
chétna sin. Runn-tápla ro-onórach marmair aoingil ann
for a ngnáthaighedh sé comhshássadh bídh agus dighi agus gach
dérce olchena do thabairt do bochtaip agus d'aidhilgneachaibh
an choimdhedh chomhachtaigh gacha laithe. Fecht n-aon
tig an Tigerna féin cétna a persain forsan mbord a mesc na
ndeóradh, fer mar chách, mar shupáilcip agus mar airmitin
dhó-samh fo bhíthin a dhéirci agus a trócaire go ro lapair
aghaidh a n-aghaidh friss agus é ag aurgnamh agus ag coimhriar


L. 252


na mbocht. An darna bliadain ier pápa do gairm de ro
bheannaigh an prímh-eglus sin a n-ainm agus a n-onóir S.
Andriass apstail. Fuil a lámh badhdéin go ffiacail Petair
go n-ilimat do thaissip naomh agas fírén issin egluis chétna
sin.



CXXIII. In fichetmadh lá do mí Nouembriss tic don
Róimh ó rígh crístaighe na Fraingci do thaispénadh aidite agus
umhlachta an rígh do naomhthacht in pápa agus do thabairt
póice dia choiss as a ucht extraordinaríí ambasadóir, diúc
de Neuers a chomhainm. E ba diúc a Retel, ba hard-prinnsa
Arceis, prinnsa Porsian, marcéis an Oiléin, iarla
Manudess, guibernóir agus leptinont generál fo láimh an rígh
a prouensi Compania agus Bria. Karalo Consago Decleuess a
chomhainm baiste. Ba honórach airmhitnech adhamra
du-s-riacht an diúc astech is in Róimh, for Gepta na n-Aingel
do shonnradh, ar comghar agus a n-imfoixe tempail Petair. Ro
bátor tra trí fichit múl fo n-a charáiste, airm a
mbuí a libhré a pláta agus a chostus, a remhthúss na sligedh,
bruit ingantacha éxamla ildathacha go mbroidinélacht agus go
gcír-chimhsoip suaithenta sídaidhi uass a gcennoibh. Dá
múl dég fo throngcoip dessa gerra peinnteáilte i n-a ndeaghaidh
sein, brat do miliuent deirg ier n-a oibriughadh lá
hór-shnáithe agus airget-snáithe uas gach múl, armus in diuc
badhdéin ier n-a chomhtharraing go ro-inntlechtach in gach
brat. Clarcraithe coimhlethna capcainn-reamra for gach
múl síat uile d'airget aoingeal aithleghtha. Bacáin chomhfhata
co n-uile bhúclaidhi agus tairrngide a srien agus a n-audhaim
d'airget mar in gcétna. Cleitighe comharda go n-éxamhlacht
na n-uile dhatha a ffír-airde uas cennoip na múl. Aradhna
comhfhota coimremhra do shída dherg go sgoth-dhossaibh
móra for a gcennoip ass sríen gach múil. Gárda mór
marcshlaighi in pápa i n-a ndeghaidh sein ar ndol amach


L. 254


assin gcathraigh la deruráthair in pápa Seón Bautista
Burgeis a gcomdháil an diúc. Múil persan na gcardenál
timchell dá fichet dóip go ffudclocaibh coimhderga i n-a
ndeghaidh sein, searbóntaidhe cardináil for gach múl.
Tríer do dhaoinibh uaisle agus trier trompóir assa haithle.
Coissighi in diúc badhdéin go libré ro-ingantaigh fichi a lín
for eachraidh i n-a ndeghaidh sin. Páitsidhe an diúc i n-a
ndeghaidh dá fer dég dóip, a n-édaighi do meleuent buidi.
Na Rómhánaigh timchell dá chét marcach do dhaoinibh
uaissle ro-onóracha for eachaibh áille uaibreacha a n-étaigibh
comhdhorcha i n-a ndeghaidh. Na Frangcaigh ceithri fichit
marcach for eachraidh roi-deiss lúthmair luath-léimnigh
degh-áudhaim assa haithle, co n-imat slabrudh óir fo a
mpráighdibh. Da fichit barún agus tigerna as a haithle
siet a n-ordugadh deissi bátar a gcompráit stáit frisna
Frangcachaibh acht a n-étaigi do bheith dorcha. Cethror do
thrompóiribh in pápa agus a cethoir do dromatóirib in tsenaidh
Rómhánaig i n-a ndiaigh sin. Edaighe derga dealraighthecha
buí leó. Trí fichit marcach d'oifficeach agus do lucht fedhma
in pápa i n-a ndeghaidh. Bátor féin agus a n-eachradh a
n-étaigib derga. Buidhen mór d'uaislib in tsenaidh Rómánaigh
as a haithle. Cethror do daoinip uaisle ro-onóracha do
mór-tír rígh na Spáinne a n-étaigip dupa i n-a ndeghaidh.
Fichi do dhaoinibh uaisle mór-titail i n-a ndeghaidh, don
Frainc dóip. Lóghmhar éxamail mór-lóigh a n-étaighi féin
co n-a n-eachraidh. Diúc de Forsa go ndírim móir marcshlaighi
do diúcaidhip agus prinnsaidhip na Rómha agus na hEtáille
archena i n-a ndiaigh sin. Ba lór a onóraighi agus a státúsaighe
fon uile doman du-s-riacht diúc de Fors. Derbráthair in
pápa as a haithle, gárda Suser in pápa i n-a urthimchell.
Cethror marcach a n-étaigibh derca go gcolbhaip commóra
airgit aíngil a remthús na sligedh roimhe. Dí leacaidh dég
do muinntir in diúc agus seiser Suser a n-étaighip buidhi as a
haithle. Beirt d'feroip gorma i n-a ndeghaidh, a n-étaighi


L. 256


do damusc dherc go n-imat do lássaigibh lethna ór-snáithe.
Cuingir d'eachraidh roi-dheis go ndiallaitibh do meleuent
deirg ier n-a n-imfholach do broidinélacht ór-snáithi i n-a
n-aice. In diúc badhdéin as a haithle, é for chruinn-each
beg roi-dess bhán, futcloc do melement uinnsinn os é línta
do lássaigip órraidhe for a dhiallait. Bacáin
chomhfhata choimhreamra in tsríen co n-a búclaidhip, go
stiróipib na diallaiti, co n-a huile ballaibh, ier n-a n-imdénomh
do derg-ór go huilidhi. Edach ro-onórach mór-lóigh uime
badhdéin ier n-a uile-broidinélacht lá hór-snáithe. Mórán
démont agus do chlochaibh uaissle coimchengailte a gcorda in
hata ro buí for a chenn, acht chena ba nemhchomhnaigthech
dia láimh ag sír-buain in hata sin de ag tabairt umhlachta agus
cúirtissighi do lucht a fhaixena agus a forfáiltighi. Ro buí
immorro patriarca Hierosolima dia dess-láimh, ardesspog
Uitail dia chlé-láimh. Mounseignour de Breues i n-a
ndeghaidh, ambasadóir gnáth ro buí ó rígh Franc isin
gcathraigh, ardespog onórach for gach taep de. Bátar tra
leithchéd eitir espoig is preláit onoraigh eguilsi as a haithle,
múillidhi ro-dessa go ndiallaitib agus futclocaibh ba lór feapus
fo gach n-aon.



CXXIV. Ag céimniugadh astech tar Gepta na n-Aingel
dóibh dognít tra na Rómhánaigh mórán ciúil. Ba
línmar trompaidhe agus uile aightheacha ciúil agus múissice aca.
Trompóiridhi in pápa ag in páláss mhór. Comhscaoilit
gárda in páláis an ro buí d'ordanáss mhór agus beg aca in tan
doratsat in marcshlach a ndromanna friú. Nír uo lugha
sa chách la gárttae Chaisléin na n-Aingel ag sír-sgáiledh
ordanáiss móir. Do mesfadh tra fer a nemfhaixena go sin
ó fhuaim agus ó fhothromh in ordanáis mhóir ag a chomhscáiledh,
ó lúth-léimnigh na heachraidhi aindiúiti áille aindrennda,
go rabatar na sráitte agus na margaidhi trissa gcéimnighdiss
for comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh. Ascnaidis
an diúc ier sin tré prímh-shráidip oirrderca na
cathrach gusin stát agus gusin onóir gcétna n-a thimchell
go ro riacht dia páláss neoch ba hurdhailte for a chomhair.


L. 258


Na páláiss agus na teghdhuissidhi for gach taep do na
sráidip coimlínta ó dhaoinibh dia ffaircsin. Ier ndol
gusin páláss don diúc ceilipruiss do na huile mhaithibh
sin. Airisis agus comhnaigis gusin dia dardaoin buí dó for cionn.
Eirgis tra do láthoir naomhthachta in pápa in lá sin do
shonnradh. Ro buí immorro stát agus onóir nár uo lugha sa
chách oldás stát in chédlaoi i n-a urtimchell in lá cétna
sin. Formhór a dhaoine a libhré dubh-dhatha. A chulaidh
agus a thruscán badhdéin go n-udhaim a eich ier n-a gcoimh-
dessugadh do chlochaibh uaissle margarít agus do bugil granado.
Bátar tra na Rómánaigh go ro-línmhar dia chommóradh.
Taisselbthor dó in múissici agus na ciúil chomhmbinne chétna
go gcomscaoiledh in ordanáis mhóir amail du-s-rónadh ó
thúss. Ier ndol do láthair naomhthachta in pápa dó du-s-rat
póic dia chois. Ro thaispéin as a haithle an patent agus
in t-augdarráss ro buí aigi ó rígh Frangc um thoigheacht a
n-ainm agus a persain in rígh badhdéin do láthair naomhthachta
agus onóra in pápa do thabairt umhlachta agus reuerens
dó, fóss go letrechoip láimhe in rígh ag tabairt supmission
agus admhála umhlachta go ffoláiremh a serbíssi go sírraidhe
for naomhthacht an pápa agus forsan tegduis apostolice
sechnóin na crístaigheachta. Orator in rígh, Mauritio
Bressio comh-fhoillsighis agus mínighis ina huile briathra
sin do na huilib bátar ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services