Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lucerna Fidelium

Title
Lucerna Fidelium
Author(s)
Ó Maolmhuaidh, Froinsias,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1676
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1962)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Lochrann na gCreidmheach .i.



Diosgan dioghlomtha as na priomhúghdaruibh le a ttrachdar
ar leigheann na beathadh, rannta a ttri ccodchuibh, a
tteagasg Chriosduidhe, a miniúghadh na n-airteagal fa mbi
lucht ainbhfis, dh'easbhaidh a ttuigsiona, ag tabhthann na
ccreidmheach, agus a ccomhradh ghearr shimplidhe, le a
cclaoidhtear gach sort eithrice go hurasda, agus le a ndaingnithear
na Catoilici go leir uile san ccreideamh choir.



Arna chur a cclo san Romh,
maille re ughdarras San
Phropaganda, le brathair
bocht dh'Ord
S. Froinsias.



FROINSIAS Ó MAOLMHUAIDH, 1676.


L. 4



L. 5


DOM THIGHEARNA OIRDHEARC
PALATIUS ALTERIUS



Cairdional ro-onorach, Easbog rodhearsgnaidh, Nia agus
Neapoitt an ardchomharba an Deachmha Clemens,
Caimberling na heaglaisi, didineoir Banbha, srl.



Anaoibhinn lá don phaupearán gan cosnamh; aoibhinn,
gidheadh, don tsearbhfoghantadh darbh tighearna deaghfhlaith.
Nir chubhaidh le bhar mordhachd, a chairdional
ghrianda, diultadh riamh no cur suas dh'aontsaothar go foill dha
uirisle dar fhurail mo bheiginmhe-se uirre, acht ro ghlacamhair
iad ó aimsir go haimsir, amhuil ba dual dot uaisle, le
sochroidheacht cheannsa agus le gnuis shoilbhir phrionnsamhuil - ni
tre ionmholta na hoibre innte fein na tre fhoirfeacht an ughdair
acht mar gheall ar bhar subhailcibh fein amhain, le a moruighthear
gach tabhartas da laghad agus da anbhainne furalthar oruibh
ó bhar searbhfoghantaidh díreach dileas fein. Uime so, doconncas
damhsa, mar dhearbhadh ar bhuanthamhas mo sheirbhise agus air
dhíne mo chroidhe don ti dar mhian leam foghnamh, an diosgán
beag so dh'ainmniughadh dhibhsi. Na cuireadh einneach sin
a suim orm, agus na measadh gur daille no meargantacht fa deara
dhamh a choimhdireol sin dh'obair d'fhuraladh ar bhar samhuilsi
do cholamhan ioghantach ardfhoirtill, oir, mar deir Plinius,
“Ni cair ar neach na dee dh'onorughadh mur as fearr as eidir
leis.” Lor ó dhuine a dhithchioll. Ni mó an sgiling on righ
no an chionóg ruadh on mbocht labain.



Sort, iomorro, dé gach prealaid: Ego dixi dii estis. Dhíobh
so sibhsi, a thighearna ungtha, tre mheud bhar ndiongmhala,
bhar gceime, agus bhar ngniomh, amhuil phlaineid shoillsigh ag
sdiurughadh na ccorp n-iachdardha. Mise, gidheadh, an t-aon
as lugha agus as boichte san uile chail, acht amhain san


L. 6


uireasbhadh, dod shearbhfoghantaibh ar fad. Uime so, ni nár
leam, is meud mo dhaidhbhris, toidheacht chuguibh leis an
ttabhartas miotharbhach so, dh'easbhaidh na neith uasal do
dlighfidhe dhiom, da mbeith agam, dh'ofrail oruibh. Achd
cheana, ni hamhras leam gurab lor dhamh mar leithsgeul mo
neimhnitheacht, agus go ngeubhadh th'uasle le mh'acfuinn, agus nach
ttiubhradh bhar maith tarcaisne ar laghad mh'fhurala an
uair si, oir as ó dheaghchroidhe uiriseal dhosgartha torrbhirthear
í. Tar a cheann sin, ni mheasaim ar aonchor gurab diol a mile
urad isna fiachuibh doichriochnaighthe dlighthear dhiom, acht
fos gur barr mor oibliogáide agus comaoine orm sibh da glacadh
uaim, oir on nglacadh sin dogheabhadh si meas, onoir, agus molta
nach fiu í innte fein agus nar eidir d'fhaghail di ar chor oile. Go
dearbhtha, ni beag suarrach an ghloir dhi go bhfuilingir a
hainmniughadh dhibh, oir ataid na tiortha dochum a tteid lan
do ghleannuibh dorcha, lionta suas do bhiodhbhadhuibh agus do
shluaightibh codarsna contrardha; gidheadh, ar bhfaicsin bhar
n-anma-so ina heudan, badh heigean doibh no tuitim lé no
sdríocadh dhi.



Badh tuar buaidh do Ghreugaibh sgiath Alasdroinn, badh
bara bisigh do Romhanchuibh ar naimhdibh bratach Chaesair
ag dul chum buailte, agus don leabhran so mur an gceadna, bhar
n-ainm-si amhain sgriobhtha 'na aghaidh. Glacuidh chuguibh,
dha bhrigh sin, é go sochroidheach ionnas go ttiocfadh do rath
bhar mbeannocht agus bhar ndidean air bheith 'na leighios ag an
othar, 'na sholus ag an dall, 'na reilte iuil ag an gcreidmheach,
agus, fa dheoidh, 'na iodhbairt thaitneamhach ag Dia, ro ghuidhim
da bhar gcumhdach slan go cian a ngrasuibh gan cailleamhuin
na beathadh siordhaidhe san tir hall. A thighearna
rodhearsgnaidh, bhar searbhfoghantadh bocht dileas fein,
Froinsias Ó Maolmhuaidh.


L. 7



L. 8



L. 9



L. 10



L. 11


DON LEUGHTHOIR.



Fior, ge doilgheasach le a aithris, leath asdigh do bheagan
aimsire gur fhas a chomhmor sin do cheo ainbhfis a n-aos og
agus eata Eirionn - ni airidhim Alban bhoicht na nGaoidheal,
tar a ttainig an tonn timchioll le hiomad do bhliadhnuibh - nach
e amhain moran dhiobh bheith gan fhoghlaim gan togbhail,
acht, mo thruaighe, go bhfuil moran mor dhiobh ar lomfhagbhail
dh'easbhadh an iuil as riachtanas do gach aon lerab mian a
anam do shabhail, mur ata an teagasg Criosduidhe agus ciall fhire
na n-airteagal ata a n-imreas eattorra fein agus lucht a
n-inghreamaighthe. Ataid na leabhair lan don eolas dlighthear dhoibh
bheith aca, acht, monuar, ni maith tuigthear leis an bpobal
gcoitcheann einteanga acht an Ghaoidhealg amhain, agus ni le
gach aon as eidir í sin fein do léaghadh no do sgriobhadh. Do
mheas mise agus daoine nach me, aga bhfuil ro-aire ar chuidiughadh
ler ccairdibh dul on oilithri si da ttir fhire, .i. flaitheamhnas,
gomadh tarbhach an teagasg so do chor a nGaoidheilg do thabhairt
soluis don chuid dh'Éire agus d'Albain reumhraidhte agus nach
tuigeann teangtha oile ar an gcreideamh diadha, ar leigheann na beathadh,
ar an tteagasg Chriosduidhe, agus ar cheill dhirigh na n-airteagal
creidthear le Catoilicibh agus nach admhaid lucht an tseachráin ar
an adhbhar nach tuigid iad mur thuigid na Catoilici. Ar son,
iomorro, nach bhfuil acfainn na iomadamhlacht san nGaoidheilg
aguinn, agus nach mo atamuid ó aois mhic fhoghlama anuas a
ngar do na leabhruibh acht imchian uatha le brollach dha
fhichead bliadhain ar lear agus a bhfad on aois ealadhna ó
bhfuighimis ar saith do chomhraidthibh agus do sheanfhoclaibh snasda
brioghmhara do badh tarbhach agus ó a mbeith an teanga saibhdhir
soghabhala air neithibh maithe ata sna teangthuibh oile agus ó a
mbeith an labhairt liomhtha - ar a shon sin, ma thig linn amhain
an mheud ata romhain, maille le congnamh Dé, do chur sios
go soileir sothuigsi, ge go rachamaois air uairibh ar seachran


L. 12


san bhforchiodal no a ndisleacht na mbriathar, saoilmid gur
coir ar leithsgel do ghabhail tre fhad ar ccuart a measg
choiccriocha agus achdrann, agus goma lia do dhaoinibh deaghaitheacha
deisgeideacha ghuidhfeas oruinn ar son ar ndidhchill agus ar
nduthrachta ina bhias ag iarraidh toibheime do thabhairt dar
saothar ar son a isle agus a shimplídheachta, oir, damadh a
nduibheagan Gaoidheilge do chuirfinn sios an t-iomlán, budh
lughaide an tarbha dheanuinn don phobal choitcheann
neimhgheurchuiseach.



Ar na hadhbhruibh si, guidhim sibh, a leughthoir choimhthíorthaigh,
bi ar mo shon a gcuinne chriche maithe do theacht
ar an duilleachan so chum gloire De agus leasa anmann gach
druinge dar thionsgnas é, da ttuga Dia grasa ar talamh agus gloir
ar neamh.


L. 13


AN CHEUDCHUID DO LÉIGHEANN NA BEATHADH.



AN CHEUDCHAIBIDIL A MODH CHOMHRÁIDH IDIR
MHÁIGHISDIR AGUS DISGIOBAL.



DON TTEAGASG CHRIOSDUIDHE AGUS DA CHODCHUIBH.



D. Cía thú féin, a ghilli hall?



M. Misi giolla Chriosd.



D. Créud fa ngairir an t-ainm sin dhíot féin?



M. Oir gur mian leam lorg Chríosd do leanmhuin agus bheith
mo shearbhfoghantaidh aige.



D. Créud é an ni Críosd fein?



M. Dia maraon agus duine fire.



D. Cionnas ata 'na Dhia?



M. Ar an ádhbhar go bhfuil 'na mhac nadúrtha ag an Athair
neamhdha.



D. Ma tá, cionnas fós ata 'na dhuine fhíre?



M. Do bhrigh gur mac díleas é do Mhuire oigh.



D. Créud an fath fa ngarthar Críosd dhe?



M. On ungadh agus ó líon na ngras dobhi aige.



D. An e an Criosd so an tairngthearrach, da ngair an cineadh
Iudaidhe Mesias?



M. As é gan chontabhairt, agus ro gealladh san seinreacht le
faidhibh.



D. Créud í an tairbhe dorighne dhuinne?



M. Ar slanughadh or bpeacthuibh agus naoimhtheagasg do
thabhairt duinn.



D. Cionnas do shlanuigh sinn or bpeacthuibh?



M. Ag fulang paisi agus bais ar ar son as mo dair fhulang duine
riamh agus, fa dheoidh, a gcroich idir dhis bhithbheanach.



D. Créud an teagasg thug-sud duinn?



M. An teagasg Criosduidhe.


L. 14


D. An maith an léigheann ata san tteagasg sin?



M. Ni fhuil ar bioth leigheann as fearr ina é.



D. Creud é fein?



M. Suim an mheud do theagasg se ag foillsiughadh shlighe
ar slanuighthe.



D. Creud an ni ar a ttrachtann se?



M. Ar an gCre, ar an bPaidir, ar na haitheantuibh, na
sacramaintibh, na subháilcibh, agus ar na lochtuibh.



D. An iad so na céidneithe dlighthear dhinn thogbhail?



M. As iad, an meud gur Criosduithe sinn.



AN 2 CAIB.



DO CHOMHARRTHA AN CHRIOSDUIDHE.



D. Creud as Criosduidhe ann?



M. Diosgiobal Chriosd iar ngabhail a bhasdeadh agus a dhlighe.



D. An Criosduidhe thusa fein?



M. As eadh maille re grasuibh Dé.



D. Cia as athair don Chriosduidhe?



M. Dia uilechumhachtach.



D. Cia í a mháthair?



M. An Naoimheaglais Chátolice Romhanach.



D. Cia iad a dhearbhráithre?



M. An uile Chriosduidhe.



D. Créud as comharrtha don Chriosduidhe?



M. Comharrtha na croiche le gcoisirigemid inn fein.



D. Cionnas choisreagair thu fein?



M. Ag denamh croise im éudan, adeirim, “Tre chomharrtha
na croiche naoimhe”, 'na dhiaidh sin, ag deanamh croise ar mo
bhéal, adeirim, “saor inn a Dhe”, fa dheoidh, da deanamh
ar mh'ucht, adeirim, “or n-easgcairdibh. Amen.”



D. An bhfuil foirm oile choisreagtha ann?



M. Ata chaoidhche, agus as í as gnathuighe go mor.


L. 15


D. Cionnas doní tu í?



M. Ag cur bhairr aighe mo bhaisi deisi ar uachdar mh'eúdain
ar ttus, adeirim, “A n-ainm an Athar”, 'na dhiaidh sin, ar
iachtar mh'ochta, adeirim, “agus an Mhic”, da eis so, ar mo
ghualainn chli, adeirim, “agus an Sbiorad”, iar so, ar mo
ghualain deis, adeirim, “Naoimh”, fa dheireadh dhe, ar lar
mo ochda, adeirim, “Amen” nó “biodh mar sin.”



D. Cia thug dhuinn an coisreagadh so san bhfoirm
reamhráidhthe ud?



M. Críosd ar Slánaightheoir.



D. Créud fa ttug comhartha na croiche seach
aonchomharrtha oile dhuinn?



M. Do bhrígh gurab ar an ccroich do fhulang se páis ar ar
son le a rug sinn o bhas go beathaidh, o pheacadh go grásaibh.



D. An gciallaighthear aoinni leis an gcoisreagadh so?



M. Beag nach gciallaighthear suim an chredimh leis.



D. Créud chiallaigheas an focal ud “a n-ainm”?



M. Nach bhfuil ann acht aoinDia amhain, oir, da mbeith
iomad deeadh ann, ni “a n-ainm” adeurthaoi acht “a
n-anmuibh.”



D. Créud chiallaighid na focail ud oile, “an Athar, agus an
Mhic, agus an Sbiorad Naoimh”?



M. Tri pearsana na Tríonnoide do bheith 'na n-aoinDia a
n-aonnaduir dhiadha.



D. Créud cíallaighthear ag breith na baisi on eudan go
hiochtar an ochda?



M. An Mac siordhuidhe do thurnamh a mbroinn na hoighe
gur ghabh colann daonna dar slanúghadh.



D. Créud ciallaighthear ag breith na laimhe ón uchd gusan
ngualainn chlí?



M. Go ndeachaidh Críosd go hifrionn d'fhuasgladh na
n-aithreach naomhtha.



D. Créud ciallaighthear da breith on ngualainn chli gusa'
ngualainn ndeis?



M. Gur éirigh o mharbhuibh, go ndeachaidh suas


L. 16


ar neamh agus go bhfuil 'na shuidhe ar dheis Athar
uilechumhachtuigh.



D. Creud ciallaighthear ag breith na baisi go lar an ochda?



M. Go bhfuil Criosd, an mheid go bhfuil 'na Dhia, a
n-aonnaduir agus a n-aonchumhachtuibh leis an Athair agus leis
an Sbiorad Naomh.



D. An cciallaighthear ni ar bioth oile leis an
naomhchoisreagadh sin?



M. Ciallaighthear an bas croiche do fhulang Criosd dar
slanúghadh.



D. An bhfuil tarbha san gcoisreagadh so?



M. Ata tarbha mor, oir, leath amuigh go n-admhamaoid ar
ccreideamh leis, foillsighmid gur Criosdaidheadha sinn.



D. An bhfuil bríogh aige a n-aghaidh an diabhail?



M. Ata, oir bi 'na arm agus 'na eideadh oruinn a n-aghaidh
chathaigheadh na colla agus an diabhail; or claoitear e go hurasda
ag faicsin chomharrtha na naomhchroiche inar rugadh buaidh
air.



D. An aitheantar an Criosduidhe leis an gcomharrtha so?



M. Aitheantar, oir armas agus bratach e le n-idirdhealbhthar
saighdeoir Chriosd ona náibhdibh.



D. Ga ham as cóir dhuinn sinn fein do choisreagadh?



M. San uile am, go hairidhe ag luighe, ag eirghe, agus ag
tionsgna aoinni.



D. Creud an fath 'man am sin tar aonam oile?



M. Oir go ngairthear ar Dhia san ccoisreagadh, agus nach eidir
deaghobair do dheanamh gan congnamh na Trionnoide tre
phais Chriosd ar tTighearna.



D. Créud na deaghoibre as prinsiopalta le ndeantar seirbhis
Dé?



M. Le hoibribh an chreidimh, an dochais, agus an ghraidh.


L. 17


AN 3 CAIB.



DON CHREIDEAMH.



D. Creud é an ní creideamh fein?



M. Tíodhlacadh neamhdha, .i. subhailce dhiadha dhoirteas
Dia a n-anam an duine, le a soillsighthear a thuigse, ionnas
go mbi ullamh dochum gach neith dar fhoillsigh Dia agus da
n-abar an eagluis do bheith inchreidthe do chreidiomh.



D. An bfhuil ann acht aoinchreideamh fíre amhain?



M. Ni fhuil, amhuil nach bhfuil ann acht aoinDia, aoineaglais,
aonbhasdeadh, agus aoinreacht.



D. Créud na neithe theagaisgeas an creideamh sin duinn?



M. Creidiomh a n-aoinDia a ttri bpearsanuibh, agus gach ni
oile da bhfuil san gCre.



D. An í an Chre as riaghail chinnte chreidimh dhuinn?



M. As í gan chontabhairt.



D. Abair dhuin an Chre.



M. Creidim a nDia Athar uilechumhachtach, Cruthaighéoir
nimhe agus talmhan, agus a nIosa Críosd, a eunMhac, ar tTighearna,
do coimpreadh on Sbiorad Naomh, do geineadh ó Mhuire
óigh, do fhulaing páis fa Phoint Philaitt, do crochadh, do
fuair bás, do hadhlacadh, dochuaidh síos go hifrionn, do
eiséirigh an treas lá o mharbhuibh, dochuaidh suas ar neamh,
atá 'na shuidhe ar dheis Dé Athar uilechumhachtaigh, as sin
thiocfas do bhreith breithe ar bheoaibh agus ar mharbhuibh.
Creidim san Sbiorad Naomh, san Naoimheagluis Chattolice,
a ccumann na naomh, a maitheamh na bpeacadh, a n-eiseirghe
na ccorp, san mbeathaidh shuthain. Amen.



D. Cia as úghdar don Chre?



M. An dá absdal déug.



D. Créud fa ndearnadair í?



M. Ionnas go tteagasgdaois ar ccreideamh dhuinne.



D. Créud fa n-abramáoid í?



M. Dochum ar gcreideamh dh'admhail agus dochum ar
naingnighthe ann.


L. 18


D. An éidir linn contabhairt do chur a n-aonphunc da bhfuil
san cCré?



M. Ni heidir, acht ata dh'fhiachuibh oruinn a gcreidiomh
uile gan roinn.



D. An fiacha oruinn a bhfios uile do bheith againn?



M. As eadh, oir ni heidir a ccomhlionadh gan a bhfios.



D. Creud an dearbhadh atá ar a mbeith fior?



M. A tteagasg le bel De, nach mealltar agus nach mealladh.



D. Cionnas ata a fhios aguinn gurab e Dia do theagasg iad?



M. Or naomhmathair an eagluis, ata arna sdiuradh agus arna
ríaghladh on Sbiorad Naomh.



D. Cait a bhfuair si so na neithe fhoillsigheas do bheith dar
ccreideamh?



M. San oircheisd thug Dia dhi, .i. san sgrioptuir dhiadha agus
a ngnathchuimhne na n-absdal.



D. Creud e an ní an sgrioptuir diadha fein?



M. Leabhar airidhe don tseinreachd agus don reachd nua
do sgriobhsud daoine naomhtha tre ghluasacht spesialta agus
chongnamh an Sbiorad Naoimh.



D. Cionnas as feasach sinne cia hiad na leabhair ata don
sgrioptuir dhiadha?



M. On eaglais, do ghlac mur leabhra diongmhala agus thoirbhireas
amhlaigh iad duinn.



D. An sgrioptuir diadha biobla na n-eithriceadh?



M. Ni headh, oir do thruailligheadair agus do bhreagnaigheadair
é a n-iomad dh'áitibh.



D. An bhfuil leughthoireacht an bhiobla toirmisgthe?



M. Atá ar dhaoinibh ainbhfeasacha, go sunradhach a
tteangaidh a máthar.



D. An bhfuil an sgrioptúir sothuigsi do na huilibh?



M. Ni bhfuil, acht rochruaidh a n-iomad dh'aitibh, agus, mur
sin, ni hiomchubhaidh do thuatadhaibh a thathaigheadh.



D. An fiacha oruinn ni ar bioth do chreideamh acht a bhfuil
san sgrioptuir?



M. Ata fos gnathchuimhne na n-apsdol dh'fhiacha oruinn
do chreideadh.



D. Creud é an ni an ghnathchuimhne si?


L. 19


M. Teagasg naomhtha nar sgriobhadh san sgrioptuir acht atá
do ghnath ar cuimhne san eaglais ag gach druing dá ttáinig
diadh a ndíaidh o aimsir na n-apstal gus aniodh.



D. Ainmnigh punc éigin don teagasg sin.



M. Cheithre soisgéil amhan do bheith ann, Muire do bheith
riamh 'na hoigh, an Chaisg do bheith ar an Domhnach, agus
moran oile.



D. Créud riachtanas na neith sin do chreidiomh?



M. Ata, nach eidir neach bheith 'na fhiren no e do shlanúghadh
gan iad.



D. An eidir duine do shlanughadh leis an ccredeamh amhain?



M. Ni heidir, gan deaghoibribh 'na choimhideacht.



D. Creud iad na puinc as prinnsiopala dh'airteagluibh an
chreidimh?



M. Na puinc bheanas risan diadhacht.



AN 4 CAIB.



DON CHEUDAIRTEAGAL DON CHRÉ.



D. Creud do chreideas tú san gceadairteagal don Chré?



M. Creidim a nDia, Athair uilechumhachtach, Cruthaigheoir
nimhe agus talmhan.



D. Creud an ní é Dia fein?



M. Airdríogh romhór uilechumhachtach ler cruthaigheadh
neamh agus talamh, tús agus deireagh na huile, lán do chrionnacht,
do mhaitheas, agus do ghloir dhoichriochnaighthe.



D. Gá mhéd Dia ann?



M. AoinDia amháin, .i. an Trinnoid neamhdha.



D. Ga mhéud pearsa san Trionnoid sin?



M. Tri pearsana: an tAthair, an Mac, agus an Sbiorad Naomh.



D. An Dia an tAthair?



M. As eadh.



D. An Dia an Mac?



M. As eadh.



D. An Dia an Sbiorad Naomh?


L. 20


M. As eadh.



D. Nach tri Dée iad sin?



M. Ni headh chaoidhche, acht aoinDia aonda amhan a
ttri bpearsanuibh.



D. Cionnas as eidir gan a bheith acht 'na aoinDia 's gach
pearsa da ndubhras 'na Dhia?



M. Do bhrigh gurab aonnattuir dhiadha dhoidhealbhtha,
eindiadhacht amhain, agus aontsubstaint atá ionta 'na ttriur agus
an gach pearsain dhíobh fa seach.



D. Cia hí an chédphearsa don Trionnóid neamhdha so?



M. An tAthair neamhdha, tobar na diadhachda.



D. An ttainig an tAthair ó neach ar bhioth?



M. Ni tháinig, agus nir geineadh e acht ata se riamh gan tús gan
deireadh.



D. Nar geineadh an Mac o neach ar bioth?



M. Do geineadh, agus geintear on nAthair neamhdha é.



D. Nar geineadh no an ttáinig an Sbiorad Naomh o neach
ar bioth?



M. Nir geineadh, gidheadh, tainig agus tig on nAthair agus on Mac
a n-aoinfheacht.



D. Cia do na tri pearsanuibh as sine no as oige?



M. Ionann aois doibh uile, 'na ttri bpearsana 's 'na n-einDia.



D. Cionnas as éidir dom Mhac bheith comhaosda leis an Athair?



M. O bheith riamh ann, 'na nda phearsain agus 'na n-aoinDia.



D. Nach sine th'athair-si ina thu fein? Os sine, créud nar
shine an tAthair neamhdha ina a Mhac?



M. Ni hionann bodach agus Dia: atá Dia riamh ann; amhlaidh
sin don Trionnóid, don nAthair, don Mhac, agus don Sbiorad Naomh;
agus ni heidir gan a mbeith; ni mur sin do chreatúir ar bioth;
acht ni hionann geintear an chlann thalmhaidhe agus Mac an Athar
shiordhuidhe.



D. Cionnas geintear e?



M. Le hoibriughadh na tuigsiona do geineadh on Athair e ag
tuigsin agus ag feachuin a dhiadhachta feinn.



D. An eidir leat sin do mhiniughadh dhamh le heisiomlair
eigin?



M. As eidir, maille re tuairim eigin.


L. 21


D. Guidhim thú, déin sin fein.



M. Tabhair dod t'airre, an tan fheachas duine a sgathan, go
ngeintear a moimint iomháigh uaidhe san sgathán cheudna
cosmhuil leis fein san uile chruth. Ni caithear aimsir no saothar
ria; ni hiarrthar ionsdrumaint dochum a déunta acht feachuin
amhain san sgathan agus dobhiadh 'na mac aige da bhfeudadh
a naduir agus a shubstaint fein do thabhairt dhi. Mar sin, iar
bhfeuchain don Athair shiordhuidhe a sgathán na diadhachta,
do ghein se iamháigh rochosmhuil ris fein. Do bhrigh go ttug
a dhiadhacht agus a shubsdaint fein uile dhi, as mac nadurtha
dileas fire dho í; agus, do bhrigh fos go bhfuil riamh ag feachuin
ar an diadhacht cheadhna agus nach iarrthar einní oile dochum an
Mhic do gheineamhuin acht sin, as follas go bhfuil an Mac on
tsiordhaidheacht ann, mur atá an tAthair, agus amhlaidh sin go
bhfuil comhaosda ris.



D. Cionnas tainig an Sbiorad Naomh on Athair agus on Mac?



M. Le oibriughadh na tola. Oir an tan thugadair gradh
romhór dhoibh fein agus da ndiadhacht, le tabhart an ghradha so
thainig an Sbiorad Naomh uatha, agus do thoirbhireadair a naduir
dhiadha fein do. Agus, do bhrigh go bhfuil an tAthair agus an Mac ag
gradhughadh a ndiadhachta agus aga ngradhughadh fein riamh, an
feadh ataid fein ann, .i. on tsiordhaidheacht, agus nach iarrthar
a aithearrach sin dochum an Sbiorad Naomh do theacht uatha,
as follas go bhfuil an Sbiorad Naomh riamh on tsiordhaidheacht
ann, mur ataidsion, agus go bhfuil amhlaidh comhaosda ríu.



D. An ionann uaisle, foirfeacht, cumhacht, gloir, agus saidhbhrios,
do na tri pearsanabh si?



M. As ionann, oir gach uaisle, gach foirfeacht, gach saidhbhreas,
gach gloir, agus gach cumhachd da bhfuil aca, as on diadhacht
atá, agus, ar an adhbhar sin, do reir mur as ionann diadhacht,
subsdaint, agus naduir dhoibh, as ionann fos uaisle, aois, cumhachta,
saidhbhreas, foirfeacht, agus gloir dhoibh go leir.



D. An bhfuil fioghair chorparrdha ag aoinphearsain diobh so?



M. Ata ag an Mac amhain, an mheid go bhfuil 'na dhuine.



D. Creud nach bhfuil-siod ag an Athair no ag an Sbiorad
Naomh?


L. 22


M. Ar an adhbhar nach bhfuil ionnta acht sbiorad fhire
dhofhaicsi.



D. Mas eadh, creud fa ndealbhthar an tAthair a bhfioghair
sheanduine?



M. Do bhrigh gurab san riochd sin do thaisbein é fein do
Dhaniel faidh, Dan.7, agas fos da chur a cceill go bhfuil ann
riamh gan tus gan tionsgna.



D. Creud fos fa ndealbhthar an Sbiorad Naomh a bhfioghair
cholaim?



M. Ar an adhbhar gurab san riocht sin do thoirnn os cionn
Chriosd ag sruth Iordain an tan do baisdeadh Criosd le hEoin,
agus fos da chur a cceill go ttabhair naomhthacht, glaine, agus
neamhurchoid mur an gcolam dhuinne.



D. Nach eidir a ndealbhadh mur ataid ionnta fein?



M. Ni heidir, oir ni heidir a ccosmhaile do thaisbeanadh no
do bhuain le pinnteoireachd chorparrdha.



D. Cait a bhfuil Dia?



M. Ar neamh, ar talamh, agus san uile ionad, ó shubsdaint, ó
chumhachtaibh, agus ó láthair.



D. An bhfuil fios na n-uile aige?



M. Ata gan chontabhairt.



D. An bhfaiceann na huile?



M. Dochi go fiorghlan, agus ni heidir a ccilt air.



D. Mur sin, ata Dia do ghnath san uile áit, san uile aimsir,
agam do láthar.



M. Atá, agus dlighthear dhiot uime sin bheith mín, ceannsa,
subhailceach da lathar do ghnath.



D. Creud fa n-abrair an Dia so bheith uilechumhachtach?



M. Oir gurab é do chruthaigh na huile.



D. Cia na neithe is mo inar dhearbh a chumhachta?



M. Ag cruthúghadh nimhe maille re a bhfuil dh'ainglibh agus
d'anmannuibh beannaighthe ann, na talmhan, a dhaoine, gona
chrannuibh, gona luibhibh, agus gona bheathadhchuibh égiallaidhe
ann, ifrinn maille re a bhfuil do dheamhnuibh agus d'anmannuibh
damanta ann.



D. Creud é an ní an duine?



M. Créatúir resunta sobhasaighthe aga bhfuil anam bhiothbhuan
agus corp talmhaidhe.


L. 23


D. Creud í an chrioch far chruthaigh Dia é?



M. Dochum seirbhisi do dheanamh dho fein agus gloire do
thabhairt do ar an saoghal so, agus dochum na gloire siordhaidhe
d'fhaghail uadh san saoghal thall.



D. Ga trath do chruthaigh Dia an ceudduine Adhamh?



M. An seiseadh la dh'aois an domhain.



D. Creud an t-ionad comhnaidhe thug dhó?



M. Parrthas talmhaidhe, agus, os a chionn sin, dorighne tighearna
dhe ar iasg na mara, air eunluibh an aeir, agus ar ainmhintibh
ecciallaidhe na talmhan, agus tug Eva mur cheile agus mar chuidiughadh
dhó.



D. Creud da ndearna Dia Eua?



M. Dh'easna Adhaimh.



D. Creud fair cuireadh Adhamh agus Eua as parrthas?



M. Tre ithe ubhaill na haithne, ler chailleadair an oidhreacht
neamhdha do gheall Dia dhoibh agus da sliocht 'na ndiaidh.



D. Creud fa ttáinig an urdail sin d'olc as ithe an ubhaill?



M. Ar an adhbhar go raibhe toirmisgthe o Dhia, agus, mur sin,
gur pheacaigheadair fein agus a sliocht 'na ndiaidh ag briseadh
na haithne sin tug Dia dhoibh.



D. An reagaid na creatuireadha a leas Dia dha ccoimheud?



M. Rigid, oir dorachdaois le caocha na sul ar neimhní muna
bheithsin ga ccoimhead.



D. Cia riaghlas an saoghal maille re a bhfuil ann?



M. Dia, sdiuraightheoir agus ordaightheoir na huile.



D. Nach le cineamhuin theagmhaid moran da ndeuntar san
saoghal so agus go spesialta na huilc?



M. Ni headh, acht donithear an mhaith le congnamh spesialta
De, acht ni mo ina le fulang Dé donithear na huilc, oir léigeadh
Dia a tteacht air uairibh agus ni thoirmisgeann iad ar son ar bpeacadh.



D. A' ndein Dia gach ni go ceart?



M. Da ní chaoidhche, agus as naomhathais a chontrardha do rádh.



D. Creud fa dtabhair Dia, maiseadh, saidhbhreas, conách, fad
saoghail, agus slainte do na drochdhaoinibh agus do na peacathuibh,
agus, don taobh oile, go ttabhair bochtaine, doilgheas, agus triobloid
do dheaghdhaoinibh craibhtheacha fireunta?


L. 24


M. Dobheir Día rath beag saoghalta ar feadh tamaill do na
drochdhaoinibh a ndiol na maitheasa bige dorighneadair
narbh ail leis do leigean a n-aisgidh, gidheadh, dobheir piana
siordhaidhe a n-ifreann doibh a ndioghail a bpeacadh marbhtha.



D. Acht creud fa ttabhair bochtaine do na fireunaibh?



M. Dobheir piana beaga aithghearra san saoghal so dhoibh
a ndioghail a bpeacadh n-euttrom, gidheadh, dobheir gloir
shuthain dhoibh ar neamh ar son a ndeaghoibreadh.



D. Mur sin, as mor an tíodhlacadh do neach a phurgatoir
d'fhaghail san saoghal so.



M. As mor go deimhin, agus as adhbhar eagla an saoghal d'fhaghail
do ghnath go soirbh.



AN 5 CAIB.



DON DARA AGUS DON TREAS AIRTEAGAL DON CHRÉ.



D. Creud do chreideas tu san dara airteagal don Chré?



M. Creidim a nIosa Criosd, a eunMhac, ar tTighearna.



D. Cia é an tIosa sin?



M. Atá, an Criosd dubhramair shuas, Dia agus duine fire, an
dara pearsa don Trionnoid agus Mac siordhaidhe an Athar neamhdha.



D. Cia do phearsanuibh na Trionnoide do ghlac colan daonna?



M. Do ghlac an Mac.



D. Ga hainm tuga air iar a bhreith?



M. Iosa, darab ciall san nGaoidheilg “slanuightheoir”.



D. Creud fa ngoirmid ar tTighearna dhe go sunradhach?



M. Do bhrigh nach é amhain, maraon leis an Athair agus leis
an Sbiorad Naomh, do chruthaigh sinn, acht fos gurab e
d'fhuasgail sinn o ghlasuibh an diabhail le a fhiorfhuil.



D. Creud do chreideas tu san treas airteagal don Chre?



M. Gur coimpreadh an Mac siordhaidhe reumhraidhte on
Sbiorad Naomh agus gur geineadh o Mhuire oigh é.



D. Cionnas do coimpreadh go haimsiorrdha é ma ta
siordhaídhe?


L. 25


M. Do bhrigh gur ghlac corp agus anam ro-uasal le hoibriughadh
spesialta an Sbiorad Naoimh an tan thainig an t-aingel Gabriel
a tteachtaireacht a ionchollaighthe dochum na naomhmhaighdean
Muire.



D. Cionnas dob edir a bhreith o oigh?



M. Go miorbhuileach, amhuil fos do coimpreadh é.



D. Nar chaill, mur sin, Muire, a mhathair, riamh a hoghdhacht?



M. Nir chaill.



D. Cionnas sin?



M. Oir go ttainig Iosa as a broinn gan dioghbhail do dheunamh
dhi agus gan slighe ar bioth dh'osgladh.



D. An eidir do ni chorpardha dul tre chorp oile agus gan e
dh'osgladh?



M. As eidir, le morchumhacht De, amhuil theid an ga gréine
tre ghloine gan a lot.



D. Creud far ghlac an Mac siordhaidhe amhluidh colann
daonna?



M. Ionnas go ttabhradh deigheisiomlair dhunne, agus gomadh
eidir leis bás d'fhulang dar bhfuasgladh.



D. Mar sin, as cosmhuil go rabhamair a mbraighdeanas.



M. Dobhamair go daingean.



D. Cia aige?



M. Ag an diabhal.



D. Cia do chuir a mbraighdeanas inn?



M. Adhamh, ar sinnsear, amhuil dubhramar san 4 caib.
reumhraidhte.



AN 6 CAIB.



AR AN 4 AIRTEAGAL DON CHRE.



D. Creud do chreideas tu san 4 airteagal don Chre?



M. Creidim gur fhulaing Iosa páis fa Phoint Phiolaitt, gur
crochadh é, go bhfuair bas agus gur hadhlacadh.



D. Creud do fhulang Criosd ar ar son?


L. 26


M. Bochtaine mhor feadh a bheathadh, buaidhirt, triobloid,
dochar, doilgheas, pais, céusa, agus piana as mo dhar fhulaing
duine riamh.



D. Nar fhulaing se aoinní on chineadh Iudaidhe?



M. Do fhulaing go sbesialta, a ghabháil, bheith ag magadh,
ag sgige, agus ag fochuidbheadh faoí, gabhail do bhasuibh agus do
dhornnuibh air, iomad athaisi dho thabhart dhó agus, fa dheoidh,
a thoirbhirt do Phiolaitt.



D. Creud do fhulaing Criosd o Phillaitt?



M. An cineadh Iudaidhe do chur cair bhreige air, gabhail
do sgiursadhaibh géura o bhonn go bathais go barbardha
mionadúrdha air, ionnas go raibhe a chorp 'na einchreucht agus a fhuil
ag rioth re a sháluibh, coróin spíne do chur fa a cheann, isa
deilg do tholl a fheoil go cnaimh, ionnas go raibhe fuil a chinn
ag sileadh re a shuilibh, agus, iar sin, breitheamhnas bais do thabhairt
air.



D. Cionnas do chrochadh é?



M. Iar n-iomchar a chroiche dhó go cnoc Chalvaire, a chosa
agus a lamha do cheangal don chroich le tairngeadhaibh garbha.



D. Cionnas fuair bás?



M. Iar bhfulang na paisi idir dhis bithbheanach as boichte
thruaillidhe tharcaisnighe agus fos as geire neimhníghe dar éidir
dh'intleacht dhaonna do smuaineadh, a anam do sgaradh re
a chorp neamhdha.



D. Cionnas dob éidir le Criosd bás dh'fhulang agus é 'na Dhia?



M. An mheid go raibhe 'na dhuine amháin.



D. Nar sgar an diadhacht leis an ccorp iar n-eugadh dhó?



M. Nir sgar, acht dobhi ceangailte ris san gcroich agus san
ttumba.



D. Nar fhulang an diadhacht dochar ar bioth?



M. Nir eidir le a fhulang.



D. Cionnas do hadhlaiceadh é?



M. A leagadh trathnona as an ccroich do dhis do dhaoinibh
uaisle, Ioseph agus Nicodem, agus a adhnacal go honórach a tumba
cloiche.


L. 27


D. Creud fair fhulaing Criosd an uiread sin do phianuibh ar
ar son?



M. Ionas go ttugadh, an mheid gurab duine é, diol ceart do
Dhia san aindligheadh tugadar ar sinnsear Adhaimh agus Eva agus
a sliocht 'na ndiadh dho ag peacúghadh a n-aghaidh a aitheantadh.



D. Nachar fheud Dia bas duine eigin oile do ghabhail ar son
ar bpeacadh?



M. Do fhiad, gidheadh, dob fhearr leis mar doríghne, oir as
mar sin as mó do fhoillsigh a ghrádh dhuinne, agus fós a cheart,
a throcaire, agus a ghráin ar an bpeacadh, agus as amhlaidh, mur an
cceadna, tug Criosd sompla faighidne agus umhlachta dhuinn.



D. Cionnas do fhoillsigh Dia a ghrádh dhuinn a mbás Chriosd?



M. Aga thoirbhirt fein ar ar son an tan dobhamair 'nar
n-easccairdi aige.



D. An riachtanas dhuinn sinn fein do fhulang einneith o
do fhulaing Criosd an uiread sin air ar son?



M. As riachtanas, oir, giodh diolaidheacht chomhthrom ina
ndearnamar agus ina ndiongnam pais Chriosd, tar a cheann sin, ni
furail le Dia gach aon do thabhairt na dioluidheachta so as a
laimh fein uaidh.



D. Cionnas atá pais Chriosd aguinn le a toirbhirt uain fein?



M. Le gnas na sacramainteadh agus le freachar na ndeaghoibreadh.



D. Cionnas do fhoillsigh Dia a cheart a mbás Chriosd?



M. Ag buain na dioluidheachta as mo dob eidir do bhuain
amach a n-euraic an aindlighidh tugadh dhó, mur ata bas an
duine dobhi 'na Dhia.



D. Cionnas do fhoillsigh a thrócaire 'na bhas?



M. Dar saoraidh-ne or bpeacadhaibh, agus fos ag toirbhirt a Mhic
fein ar ar son mur nach raibhe dioluidheacht again fein do
bheurmaois uainn.



D. Cionnas do fhoillsigh a ghrain ar an bpeaca san mbas
cheudna?



M. Le troma na dioluidheachta do iarr ann.



D. Creud an deaghshompla thug Criosd duinn ina bhas?



M. Umhlacht agus foidhidne go sunradhach.


L. 28


D. Cionnas tug sompla foidhidne agus umhlachta dhuinn amhlaidh?



M. Ag fulang bais chroiche idir dhis bhithbheanach leis an
umhlacht agus leis an uirisle as mo dob eidir do thaisbeunadh.



AN 7 CAIB.



AR AN 5, 6, 7 AIRTEAGAL DON CHRE.



D. Creud do chreideas tu san ccuigeadh airteagal don Chré?



M. Amhul dubhrumair shuas, .i. dochuaidh sios go hifrionn,
do eiseirigh an treas lá o mharbhaibh.



D. Cionnas dochuaidh go hifrionn iar mbás, oir nir dhuine
e an tan sin do bhrigh go raibhe a anam sgartha re a chorp?



M. As e tuigthear san airteagal so go ndeachadh a anam
ceangailte don diadhacht go hifrionn na n-aithreach naomhtha.



D. Creud fa ndeachaidh annsinn?



M. Dh'uasgladh na n-aithreach gceudna agus da ttabhairt
leis a hifrionn.



D. Cionnas do eiséirigh?



M. A anam ag gabháil a chuirp fein uime aris?



D. Ga trath doríghne an aiséirghe?



M. An treas la d'eis a bhais, Domhnach Casg.



D. Creud fair an an fad sin gan eirghe?



M. Dh'eagla go ccuirfidhe amharas 'na bhas.



D. Nar an comharrtha ar bioth na paisi ar a chorp glormhar
d'eis na heiséirghe?



M. Nir an acht comharrtha na ccuig ccreacht amhain.



D. Creud far chongaibh iad sin air?



M. Ionnas nach cuirfidhe amharas 'na eiseirghe, agus fos go
ttaisbeunadh iad do na huilibh lá an bhreitheamhnais.



D. Creud do chreidir san seiseadh airteagal?



M. A dhul suas ar neamh agus suidhe ar dheis Dé Athar
uilechumhachtaigh.



D. Creud far an an fad sin gan dul ar neamh iar n-eiseirghe?


L. 29


M. Ionnas go mbiadh ag teagasg na n-absdal, agus fos gur moide
do creidfidhe a eirghe o mharbhaibh.



D. Cionas dochuaidh suas ar neamh?



M. Go glormhar le a chumhachdaibh fein amhain.



D. Cáit a bhfuil se anos?



M. A bhflaitheamhnas 'na shuidhe ar dheis De Athar
uilechumhachdaigh.



D. Creud tuigthear leis sin?



M. Go ttug an tAthar onóir agus gloir chomhcomhthrom leis fein
dho do reir a dhiadhachta, do reir a dhaonnachta, iomorro, os
cionn an uile naomh agus aingiol.



D. Creud do creidthear leat san seachtmhadh airteagal?



M. As sin thiocfas do bhreith breithe ar bheoaibh agus ar
mharbhaibh.



D. Ga trath thiocfas Criosd amhlaidh dochum an bhreitheamhnais?



M. An tan criochnaighfidhear an domhan.



D. Ga trath sin?



M. Ni heidir do dhuine ar bhioth a fhios sin go cinnte do
bheith aige.



D. Cia ar a ttiobhra breath?



M. Ar na huilibh da ttainig agus da ttiocfa.



D. Creud ina ttiobhra an bhreath?



M. San uile ghniomh da ndearnamair riamh agus in gach maith
dar leigeamair tharuinn, oir ni thanig briathar dhiomhaoin tar
ar mbeul riamh agus ni dhearnamair smuaineadh lochtach dha
euttroma in ar n-intinn nach bá eigean duinn freagra do thabhairt
ionnta an uair si.



D. Creud iad na beoa ar a ttiobharthar breath an uair si?



M. An drong slanuighthear, oir, biodh go bhfuaradair bas
corpordha, mairfid go siordhaidhe san mbeathaidh shuthain.



D. Creud iad na mairbh ar a ttiobharthar an bhreath an uair
si?



M. An drong dhamanta.



D. Cionnas beurthar an bhreath?



M. Adeura ris na fireunuibh go suilbhir subhaileach
muinnteardha: “Teagaidh, a lucht na mbeannacht, glacaidh oidhreacht


L. 30


nimhe do hullmhaigheadh dhaoibh o thosach domhain. Imthighidh,
a lucht na mallacht, go hifrionn iochtarach san
teinidh shiordhaidhe a n-aontaidh na ndiabhal, mur nach
bhfaicfithi gnus De do shíor.



AN 8 CAIB.



AR AN 8 AGUS AR AN 9 AIRTEAGAL DON CHRE.



D. O thrachtamair go so ar an da cheidphearsan don Trionnoid,
.i. ar an Athair agus ar an Mac, labhram annso go haithghearr ar
an treas pearsain, .i. an Sbiorad Naomh. Ar ttus, innis damh,
Cia hi an treas pearsa don Trionnoid?



M. An Sbiorad Naomh, thainig on Athair agus on Mac a
n-aoinfheachd, atá comhuasal, comhaosda, comhglormhar riú, mar
adubhramair shuas.



D. Cionnas do thaisbein an Sbiorad Naomh e fein duinn?



M. A bhfioghair cholaim os cionn Chriosd an uair do
baisdeadh le hEoin é, agus fos a bhfioghair theangthadh tteintidhe
Domhnach Cingcighsi.



D. Ga huair thig an Sbiorad Naomh chugainn?



M. An tan thionsgnas oibriughadh ionnainn.



D. Creid í obair spesialta an Sbiorad Naoimh?



M. Boill fhireaglaisi Chriosd, trena mhorghrasuibh, do
bheannughadh agus do naomhadh.



D. Creud fa n-abarthar an Sbiorad Naomh ris go sunradhach,
agus gurab e bheannaighes inn?



M. Do bhrigh gurab e fein gradh an Athar agus an Mhic, agus gurab
ó ghradh De go sbeisialta thig ar mbeannughadh.



D. Creud do chreideas tu san ochtmhadh arteagal don Chre?



M. San Sbiorad Naomh reumhraidhte.



D. Creud do chreideas tu san naoidhiughadh airteagal?



M. San Naoimheaglais Chatoilice, a ccumann na naomh


L. 31


D. Creud as Eaglais Chatoilce sin?



M. Comhchruinniughadh na cCriosdaidheadh do ghabh baisdeadh,
creideamh, agus dlighthe Chriosd chuca agus atá umhal d'fhior
ionad Chriosd a ttalmhain, .i. an papa.



D. Cia hi an eaglais ata mur sin?



M. An Eaglais Romhanach amhain agus a ngabhann le.



D. Cia as ceann ar an eagluis?



M. Criosd a hairdcheann dofhaicsiona, agus an papa a ceann
sofhaicsiona ar talmhuin.



D. Creud as papa ann?



M. Fear ionaidh Chriosd a ttalmhuin agus comharba Pheadar,
air ar chuir Criosd a eaglais 'na suidhe.



D. Creud as easbuig ann?



M. Ardaodhaireadha na heaglaisi a n-ait na n-absdal.



D. Creud as sagairt agus as braithre ann?



M. Searbhfoghantuidhe fíri De a n-ionadh an da dheisgiobal
deug ar tri fichiod dobhi ag Criosd.



D. Creud iad boill na hEaglaisi Catolice?



M. An uile Chriosdaidhe glan mhaireas no fuair bas.



D. Creud an dearbhadh atá aguinn gurab í an Eaglas Romhanach
amhain an eaglais fhíri?



M. Na ceithre chomhartha prinnsiopalta le a n-aitheantar an
eagluis fhiri.



D. Creud iad na comharthadha sin?



M. A beith 'na heineaglais, a beith catoilice, .i. coitcheann,
a beith ar lorg na n-absdal, agus a beith naomhtha.



D. Cionnas ata an Eagluis Romhanach 'na heineaglais?



M. Do bhrigh gurab eincheann agus eunaodhaire ata uirre,
gurab einchreideamh, eunbhaisdeadh, agus einreachd ata aice ó
aimsir Chriosd gus aniodh ar feadh na cruinne go coitcheann.



D. Cionnas ata si catoilice, .i. coitcheann?



M. Do bhrigh go bhfuil si coitcheann don uile phearsain,
aimsir, agus ait.



D. Cionnas ata si coitcheann don uile phearsain?



M. Ar an adhbhar nach diultamnn lerab toil bheith dhi.



D. Cionnas ata si coitcheann don uile aimsir?



M. Ar an adhbhar go bhfuil agus go mbiaidh si in gach aimsir
o Chriosd go deireadh dhomhain.


L. 32


D. Cionnas ata si, fa dheoidh, coitchean don uile ait?



M. Do bhrigh nach bhfuil ait ar bioth 'na geis uirre.



D. Cionnas ata si ar lorg na n-absdal?



M. Oir gurab e Criosd fein dorighne na ceideasbuig
innte, .i. na hapsdail, agus iad sin easbaga oile, agus nach dearnadh
sagart no easbag innte riamh acht le easbag oile diaidh a
ndiaidh gus aniodh.



D. An bhfuil dearbhadh ar bioth oile agad a beith ar lorg
na n-absdol?



M. Atá, .i. gur gheall Criosd do Pheadar nach rachadh a
eaglais fein a mbathadh go brath, agus nach bhfuil eaglais ar bioth
oile ann do ghnath o aimsir Chriosd agus na n-absdal acht an eaglais
ata fa riaghladh an phapa, mur as follas as leabhruibh analadh
na heaglaisi.



D. Cionnas ata si naomhtha?



M. Ar an adhbhar go bhfuil ceann naomhtha uirre, .i. Criosd,
go bhfuil creideamh agus reacht naomhtha innte nach iarrann einni
do dheanamh acht ni maith agus nach toirmisgeann acht droichni,
go rabhadair ann gach aimsir riamh iomad do dhaoinibh naomhtha
innte aga mbidis beusa agus subhailce ronaomhtha, mur as follas
as na miorbhuilibh mora mionca donidis na naoimh go
ttrasda agus donithear fos anois go laetheamhuil.



D. Creud as miorbhuile ann?



M. Gniomh iognadh donithear le congnamh sbeisialta De
agus sharuigheas uilechumhachta na ccreutúireadh.



D. An eidir duine do shlanughadh mura raibhe 'na bhall don
naoimheaglais fhire si?



M. Ni heidir, oir (ol S. Augustín) don taobh amuigh don
eaglais ni fhuil sláinte.



D. Nach eidir gach aon do shlanughadh 'na chreideamh fein?



M. Ni heidir, agus as eithriceacht sin do radh.



D. An eaglais fhire comhchruinniughadh na n-eithriceadh?



M. Ni headh, oir ni chreidid na sacramainte agus ni bhfuilid
umhal do bhiocaire Chriosd, an papa.



D. An bhfuil aonchomharrtha do chomharrthuibh na
fireaglaisi aig eaglais na n-eithriceadh?



M. Ni fhuil, oir o thus ni heineaglais í.


L. 33


D. Cionnas sin?



M. Ar an adhbhar nach eincheann ata uirre, oir admhaidh
cuid diobh fein go bhfuil gach prionnsa 'na cheann ar eagluis
a dhuithche fein, agus cuid oile nach bhfuil ceann ar bioth ar an
eaglais; 'na dhiaidh sin, bid fein a bpuncuibh prinnsiopalta a
gcreidimh a n-aghaidh a cheile.



D. An bhfuil si coitcheann?



M. Ni fhuil, oir gidh iomdha ait ina bhfuil eithriceacht, as
beag do na haitibh sin ar einchreideamh.



D. An bhfuil si ann in gach aimsir o Chriosd a le?



M. Ni fhuil, oir ni fhuil eithriceacht Luteir ann acht le ceud
agus le se deug agus da fhichiod bliaghain, oir an seachtmhadh bliaghain
deug ar chuig ceud ar mhile dh'aois an Tighearna do thionsgain
í, agus as giorra ina sin o thionsgain eithriceacht Chailbhin.



D. An bhfuil si ar lorg na n-absdal?



M. Ni fhuil, oir ni easbuig oile doni easbaga no sagairt innte.



D. Nach raibhe Luteur no Cailbhin 'na n-easbaguibh?



M. Ni rabhadar, oir ni dhearna easbag ar bioth easbuig diobh,
agus, mur sin, nach rabhadair fein no aon dar lean a lorg, agus nar
eidir dhoibh bheith, 'na n-easbagaibh no 'na sagairtibh, agus narbh
eidir liu easbog na sagart do dheunamh.



D. An bhfuil eaglais na n-eithriceadh naomhtha?



M. As dearbh nach bhfuil, oir as mallaighthe na hughdair do
bhi aice.



D. Cia hiad sin?



M. Luteur, dar mhaighisdir an diabhal, do reir a fhiadhnaisi
fein, agus do imthigh as an ord riaghalta ina raibhe, rug cailleach
dhubh as an riaghail ina raibhe leis mur mhnaoi dho fein;
agus Cailbhin, air ar cuireadh seula dh'iarann dearg trena pheacadhaibh
mionadurtha, agusr.



D. An mbi duine a ccumann na naomh muna raibh 'na bhall
don Eaglais Romhanaigh?



M. Ni heidir a bheith.



D. Creud e an ní duine bheith a ccumann na naomh?



M. A chuid don uile dheaghobair dho ni gach aon oile don
eaglais san saoghal so no a n-eugmais an tshaoghail do bheith
aige.


L. 34


D. An tteid, mur sin, guidhe na muinntire atá air neamh a
sochar dhuinn?



M. Teid, agus fos na deaghoibre dorighneadair ar an saoghal so.



D. An tteid ar nguidh-ne ar an saoghal so a sochar do na
hanmannuibh a bpurgadoir?



M. Teid gan amharas, agus ar ndeaghoibre oile.



D. Cionnas as eidir sin?



M. Ar an adhbhar nach bhfuil ionnainn uile acht boill
eunchuirp, darab ceann Criosd, agus gach maith doni cuid dinn
go tteid a sochar don chuid oile, mur theid an biadh shineas
an lamh dochum an bheoil, chognaid na fiacla, agus dhileaghas an
goile a sochar do bhallaibh an chuirp uile.



D. Cionnas toirbhirthear ar ccuid do chumann na naomh
dhuinn?



M. Leis an loghadh go sunradhach.



D. Creud as loghadh ann?



M. Maitheamhnas na cana agus na peine aimsiordha, anas ar
son ar bpeacadh, a hoircheisde na heagluise, d'eis na peine
siordhuidhe do mhaitheamh a n-aoinfheacht risan ccair.



D. Cia dobheir an loghadh uaidh?



M. An papa, na heasbuig, agus uachtarain oile na heagluise
treusna cumhachtaibh fuaradair o Chriosd.



D. Creud an ni as oircheisdi don eagluis?



M. An dioluidheacht agus an loirghniomh ata ina ndearna
Criosd do dheaghoibribh agus ar fhulaing do phianuibh.



D. An bhfuil an t-oircheisde si dofholmhaighthe?



M. Ata, oir, o dobhi ar Slanaightheoir go bhfoirfeacht agus go
n-uaisle ndo-airmhe, ata an loirghniomh agus an dioluidheacht do
righne dofholmhaighthe, ionnas go bhfoigheonadh do dhiol fiach
mhile saoghal, da mbeidis ann.



D. Creud dlighthear dhinn do dheanamh chum an loghaidh
d'fhaghail?



M. An obair throcaire orduighthear dochum a fhaghala.



D. An bhfuilid na heithriceadha a gcumann na naomh no
rannphartach don leaghas do?



M. Ni fhuilid, oir ataid don taobh amuigh don eagluis.


L. 35


D. An mar sin do gach droing choinealbhaite?



M. As eadh, oir ataid sgartha le corp na heaglasi.



D. An bhfuil an drong ata a bpeacadh mharbhtha san gcumann
so?



M. Ni bhfuil, oir ni fhuil ionta acht boill chriona mharbha.



AN 9 CAIB.



DO NA TRI HAIRTEAGLUIBH DEIGHIONACHA DON
CHRE.



D. Creud an ní ina gcreidir san deachmhadh hairteagal?



M. A maitheamh na bpeacadh.



D. Cionnas ata Dia 'na Shlanaghtheoir againn?



M. Oir as é dobheir grasa agus maitheamh ar bpeacadh dhuinn.



D. Creud iad na peacadha mhaitheas duinn?



M. Peacadh na sinsear, ina ngeintear an uile dhuine acht
Criosd amhain agus a mhathair fhiorghlan Muire, agus na peacadha
donimid fein, da lionmhaire agus da ttroma.



D. Cionnas mhaitheas peacadh na sinsear dhuinn?



M. Dha mhorghrasuibh fen le sacramaint an bhaisdthe, agus
fos gach peacadh oile donimid ria mbaisdeadh ina ndeinmid
aithreachas.



D. Cionnas maithear ar bpeacaidh sologhtha dhuinn?



M. Leis an bpaidir adeirthear le caondhuracht, leis an uisge
choisreagtha, agus le doilgheas, le deirc do bhochtuibh, agus le
deaghoibribh oile.



D. Cionnas maithear ar bpeacaidh marbhtha iar mbaisdeadh
dhuinn?



M. Le sacramaint na haithrighe, mur deuram 'na dhiaidh so,
agus fos le doilgheas da ngoirthear croidhebhrudh.



D. Creud as croidhebhrudh ann?



M. Doilgheas geur neimhneach neartmhar san bpeacadh, an
mheid go bhfuil a n-aghaidh De agus an ghraidh a dlighthear
dho, maille re run na faoisidne do dheunamh 'na ham fein, agus
fos gan aoinpheacadh do dheanamh nisa mhó.


L. 36


D. An bhfuil dh'fhiabhuibh oruinn na peacaidh ina ndearnamair
croidhebhrudh do chur a bhfaoisidin ma taid maite?



M. Ata, fa phein pheacaidh mharbhtha mas peacaidh marbhtha
iad, oir ni maithear iad acht ar an cconradh sin on am far orduigh
Criosd sacramaint na faoisidne.



D. Creud as brigh do na sacramaintibh si le saorthar or
bpeacadhaibh sinn?



M. Brigh phaise Chriosd, oir gach brigh da bhfuil aca, as ona
phais-sin ata si aca.



D. An eidir linn eirghe ar ar ttreoir fein as an bpeacadh o
thuitmid ann?



M. Ni heidir, gan grasa De dar ttogbhail.



D. Creud da ngairir grasa De?



M. Tiodhlaicthe neamhdha dobheir Dia dhuinn, agus go
sunradhach na tiodhlaicthe le mbimid 'nar ccloinn aige fein agus
'nar n-oidhreadha ar rioghacht nimhe.



D. An bhfuil tiodhlaicthe as mo inaid na grasa le a maithear
an peacadh?



M. Ni fhuil, oir ni fhuil olc as mo agus as ghrainne ina an peacadh,
da bhfuilid contrardha.



D. Creud e an fath?



M. Do bhrigh go mbi gach aonduine 'na namhaid ag Dia,
'na shearbhfoghantaidh ag an diabhal, agus fos go marbhann an
t-anam.



D. Cionnas mharbhas an t-anam?



M. Le sgarthain na ngras ris.



D. Cionnas sin?



M. Mur marbhthar an corp le sgaramh an anma ris.



D. Creud do ghluais Dia dochum na ngras sin do thabhairt
duinn?



M. A mhormhaitheas agus a mhorthrocaire fein.



D. Creud an mhaith donimid leis na grasubh sin?



M. Deaghoibre ionluaigh a bhfiadhnuisí De.



D. Cionnas geibhthear na grasa, agus meudaighthear iad iarna
bhfaghail?



M. Le crabhadh, le gnas na sacramainteadh, agus le freachar na
subhailceadh.



D. An eidir leis an uile dhuine a bhfaghail?


L. 37


M. Ni heidir, muna raibh a n-eugmais peacaidh mharbhtha
agus 'na bhall fhire don Eaglais Chatolice.



D. Creud ina ccreidir san aonugha deug airteagal?



M. A n-eiseirghe na ccorp.



D. Creud chiallaigheas an eiseirghe sin?



M. Go n-eireocha a bhfuair bas do dhaoinibh riamh agus go
mbeid beo aris.



D. Cionnas?



M. Le teacht na n-amann ina ccorpuibh ceadna ina rabhadair
roimhe.



D. Cionnas as eidir sin do dhéanamh?



M. Tre mhorchumhachtaibh De, an tan sinnfidhthir an
buabhall anbhuaineach ud ar sdoc Michil agus deurthar, “Eirgidh,
a mharbha, teagaidh dochum an bhreitheamhnais.”



D. Creud an mheid a mbeidh na cuirp an uair sin?



M. A meid iomlain nadurtha thri mbliadhan deug ar fhichid,
acht budh eugsamhul a ccruth.



D. Creud an cruth a mbeid?



M. Beid cuirp na bhfireun taithneamhuil luthmhar sgiamhach,
agus cuirp na ndamantach meirtneach miomhaiseach.



D. Cait a rachaid d'eis na heiseirghe?



M. Go gleann Iosaphat dochum an bhreitheamhnais.



D. Cionnas thiocfaid dochum na haite sin?



M. Tre mhorchumhachtaibh De.



D. Creud fa ttiocfaidh ar ccuirp dochum an bhreitheamhnais?



M. Ionnas, iarna gceangal do na hanmannuibh, go mbeidis
d'fhiadhnuisi ar an mbreith ndamanta no shlanuighthe béurthar
orra maraon ris na hanmannuibh ceadhna.



D. Creud an ni creidthear leat san airteagal deighionach don
Chre?



M. San mbeathaidh shuthain. Amen.



D. Creud as beatha shuthain ann?



M. Caitheamh gloire fhlaitheamhnais gan chrich gan fhoircheann.



D. Cia theid dochum na gloire sin?



M. Na firein dogheibh bas a ngrasaibh gan smal peacaidh
agus gan fhiacha peine no cána ar a shon, agus an mhuintir dhiolas
a bhfiacha go hiomlan a bpurgadoir.


L. 38


D. Creud an solás bhias aca ann?



M. Gloir chuirp agus anma.



D. Creud i gloir an chuirp?



M. Ata sin dofhaisneise ar a meud, oir biaidh ruitheanda
luthmhar soithreaghdtha domhudhaighthe.



D. Creud i gloir an anma?



M. Ni heidir a foillsiughadh le briathraibh, mur adeir an faidh
Isaias, cap. 64, oir ní fhaca suil, ni chuala cluas, agus ni heidir le
hintleacht a smuaineadh ar ullmhaigh Dia do lucht a ghradhaighthe,
oir biaidh radharc De aca agus an uile mhaith bhus mian
leo fein, agus sin go suthain siordhaidhe gan chrich gan fhoirchionn
an feadh bhias Dia ag caitheamh a ghloire.



Ag sin da airteagal deug Shiombail na n-apsdol, ar a ttugthar
an Chre, agus a miniughadh.



AN 10 CAIB.



DON PHAIDIR.



D. O labhramair go seadh ar an ccreideamh, labhram anois
ar an dochas. Abair, Creud as dóchas ann?



M. Tiodhlacadh neamhdha agus subhailce dhiadha dhoirteas Dia
a n-anam an duine tre a mbí muinighin laidir aige an bheatha
shiordhuidhe d'iarraidh agus doigh sheasmhach a faghala maille
re gach ni chuidigheas linn chum na criche sin.



D. Creud an modh ar a bhfuigheam na neithe le a mbi ar
ndoigh?



M. Le deighbheathaidh shubhailcigh, agus go hairidhe leis an
urnaighthe.



D. Creud as urnaighthe ann?



M. Togbhail na hintinne dochum De ag iarraidh a throcaire
agus gach neith oile bhios do riachtanas oruinn.



D. Cionnas as coir don Chriosduidhe a deanamh?



M. Leigeadh e fein ar a ghluinibh, agus smuaineadh go duthrachtach
ar fein, ar mheud a pheacadh, agus abradh, “A Thighearna,


L. 39


a Dhe uilechumhachtaigh, cionnas dogheibhim ionnam fein dul
do labhairt riot, isa fhearg do thuillios go meinic?” Smuaineadh
aris ar a Thighearna, agus mur atá 'na mhaith dhoichriochnaighthe
lionas agus shasas an uile da mhordhail, agus mar ata do lathair
dariribh aige. Deunadh mur so a dhithcheall a urnaighthe
dh'fhadughadh ar charruig na humhlachta, agus dul do lathair a
Thighearna leis an reuerens, leis an ndochas, agus leis an uirisle
chroidhe as mo as eidir leis, agus deunadh a urnaighthe go ciuin
sduideartha agus go n-aire n-iomchubhaidh, ag cathughadh do reir
a dhithchill a n-aghaidh na smuaintigheadh thig do chur thoirmeisg
ar intinn.



D. Cionnas as fearr as eidir sin do dheunamh?



M. Cuireadh a ccas ar uairibh go bhfuil a bhflaitheamhnas
a measg (na) naomh agus na n-aingeal ag moladh De; cuireadh
e fein ar uaribh oile fa bhun na croiche ceusda ag caoine phaise
a Thighearna; measadh uair oile go bhfuil Iosa gona ainglibh ag
aitreabhadh a anma, oir dobheirid so millse san urnaighthe
agus congbhaid an intinn o smuaintighthibh urchoideacha.



D. Cia an ait annar hiomchuibhthe an urnaighthe do dheanamh?



M. San eaglais?



D. Creud an fath?



M. Do bhrigh go bhfuil coisreagtha, gurab gnath sacramaint
chuirp Chriosd agus cuid do thaisibh na naomh ga ccoimhed innte,
agus fos gurab gnath loghadh do bheith ag moran d'eaglaisibh.



D. Creud iarras neach san urnaighthe?



M. O thus, gloir agus onoir De, iar sin, grasa agus maitheamhnas
a pheacthadh abhos agas an bheatha shuthain thall, millse
agus siothchain inmheodhonach san urnaighthe fein, subhailche agus
foirfeacht beathadh; iarraidh fos trocaire dh'anmannuibh
purgatoir, agus, fa dheoidh, an mhaith theamporalta, an mheid go
tteid dochum gloire De agus leasa na comharsan, agus.



D. Creud fa mbi beagan toraidh ar mhorann dar n-urnaighthe?



M. Do bhrigh nach deinmid í mur as cubhaidh, no nach
iarramuid ar uairibh neithe dleisdeanacha innte.



D. Ga modh as indeunta í?



M. Go ngradh, go n-eagla De, go ccreideamh, go n-umhlacht,
agus go siothbhuaine.


L. 40


D. An deimhin go bhfuigheam gach ní iarram amhlaidh sin?



M. As deimhin, mas e ar leas a fhaghail, da rabham a n-eagmuis
pheacaidh mharbhtha.



D. Creud an urnaighthe as fearr agus as brioghmhaire ar bioth?



M. An Phaiter, da ngoirthear urnaighthe an Tighearna, ina
bhfuil iarraidh na n-uile athchuingheadh as maith dhuinn
d'fhaghail do thaobh anma agus chuirp.



D. Creud fa ngoirthear urnaighthe an Tighearna dhi?



M. Do bhrigh gurab e Criosd ar tTighearna dorighne agus do
orduigh dhuinne a radh an tan dobheimis ag guidhe De.



D. Abar an Phaidir roinnte a n-athchuingheadhaibh.



M. A ar nAthair ata ar neamh, naomhthar th'ainm.



Tigeadh do rioghachd.



Deuntar do thoil ar an talamh mar donithear ar neamh.



Ar n-aran laitheamhuil tabhair dhuinn aniodh.



Agus maith dhuinn ar bhfiacha mur mhaithmidne dar
bhfeicheamhnaibh fein.



Agus na leig ind a ccathughadh.



Acht saor inn o olc. Amen.



D. Cia le a labhra ag radh do Phaidre?



M. Re Dia uilechumhachdach.



D. Cionnas ata Dia 'na athair aguinn?



M. Trena mhorghrasuibh fein ler thogh sinn san mbaisdeadh
mur chloinn dho féin agus mur oidhreadhaibh ar rioghachd nimhe.



D. Creud far orduigh Criosd duinn “A ar nAthair” do radh
seach “A Athair”?



M. Ionnas go ttuigmis gur braithre dha cheile sinn uile agus go
bhfuil dh'fhiachaibh oruinn gradh brathardha do bheith
againn ar a cheile agus guidhe ar son a cheile.



D. Creud fa n-abair tu “ata ar neamh”?



M. Dha chur a cceill, ge go bhfuil Dia san uile ait, go bhfuil
go sunradhach ar neamh ar taisbeunadh a ghloire do na hainglibh
agus do na naomhuibh.



D. Ga mheud athchuinngheadh san bPaidir?



M. Seacht n-athchuingheadha ordaighthe, mur as ler shuas.



D. Creud iarrmaoid san cheudathchuinghdh?



M. Naomhthacht De do bheith follas ag cach uile go coitcheann
ar feadh an domhain, iar sgrios an uile pheacadh agus sheachrain,


L. 41


ionnas go moladh agus go n-adhradh gach aon e mar as cubhaidh.



D. Creud iarrmaid san dara hathchuinghidh?



M. Rioghacht De, .i. a ghrasa do theacht 'nar n-anmannuibh
ar an saoghal so agus gloir shiordhuidhe anma agus chuirp do thabhairt
dhuinn a rioghacht nimhe.



D. Creud iarrmaoid san treas athchuinghidh?



M. Grasa le ndiongnam toil De ar nAthar coimheusgaidh re
hainglibh nimhe.



D. Creud iarmaoid san cheathramhadh athchuinghidh?



M. Gach ni ata 'na riachtanas ar ar mbeathaidh sbioradalta,
.i. sacramaint chuirp Chriosd, gach sacramaint oile ar riachtanas
dar sdaid, agus (ar) ar mbeathaidh chorpordha, .i. biadh, eudach, agusr.



D. Creud iarmaoid san chuigeadh athchuinghidh?



M. Maitheamhnas ar bpeacadh, agus sin do reir mur mhaithmid
fein dar ccomharsain a ccas go ndeunadh einni 'nar n-aghaidh;
oir, mura maitheam, ni heidir dhuinn maitheamhnas d'fhaghail.



D. Creud iarrmaoid san seiseadh athchuinghidh?



M. Congnamh a n-aghaidh an uilc ata in ar ccionn, .i. gan
cathaighthe an diabhail, na colna, no an tsaoghail, le a
cclaoidhfidhi sinn, do leigean orainn.



D. Creud iarrmaoid san seachtmhadh athchuighnidh?



M. Ar saoradh ar an uile ni as aithne do Dhia fein do bheith
olc dhuinn do thaobh anma no chuirp, ge go bhfaicfidhe a
chontrardha dhuinn fein.



Ag sin an Phaider agus miniughadh na seacht n-athchuingheadh
ata innte, mur ata isna tri cheudathchuingheadh na neithe
bheanas le gloir De, agus na cheathra hathchuingheadha
deidhionacha ina n-iarrthar gach ni bheanas le ar maith fein agus
ar ccomharsan.



AN 11 CAIB.



DH'FHAILTE AN AINGIL AGUS DO GHUIDHE NA NAOMH.



D. Creud fa n-abramaoid Failte an aingil a ndiaidh na
Paidre?



M. Do bhrigh go bhfuil Muire 'na hadhbhocóididh eadrainn
agus Criosd, do reir mur ata Criosd eadrain agus an tAthair.


L. 42


D. Abair Failte an aingil gona bhfuil ceangailte dhi.



M. Dia do bheatha, a Mhuire, ata lan do ghrasuibh, ata an
Tighearna maille riot; as beannaighthe thu tar na mnaibh, 's as
beannaighthe toradh do bhronn Iosa. A NaomhMuire, a mhathair
Dhe, guidh orainne, na peacthaigh, anois agus a n-aimsir ar
mbais. Amen.



D. Cia dorighne an urnaighthi si?



M. An t-aingeal Gabriel, iar tteacht a tteachtareacht
ionchollaighthe Chriosd go Muire, dorighne an cheudchuid di;
Elisabet, iomorro, an dara cuid, agus an eaglais dorighne an treas
cuid.



D. Creud i cuid Elisabet don urnaighthe si?



M. Na briathra reumhraidhte, “as beannaighthe thu tar
na mnaibh, 's as beannaighthe toradh do bhronn Iosa.”



D. Ga trath do labhair Elisabet amhlaidh sin?



M. An tan thainig Muire ar cuairt fa a deighin.



D. Creud í cuid na heaglaisi don urnaighth si?



M. Na briathra deidhionach, .i. a NaomhMhuire, a mhathair
Dhe, agusr.



D. Creud fa n-abarthar Muire bheith lan do ghrasuibh?



M. Ar an adhbhar gurab mo fuair do ghrasuibh, do shubhailcibh,
agus do thiodhlaicibh o Dhía ina creutuir ar bioth oile.



D. Nar luigh peacadh ar bioth riamh uirre?



M. Ni he amhain nar luigh peacadh an tsinnsear riamh uirre
acht fos ni dhearna fein aoinpheacadh marbhtha no sologhtha
riamh.



D. An raibhe Dia maille re Muire niso mho ina maille re
daoinibh oile?



M. Dobhi, oir dobhi o thús a geineamhna maille ria, aga
teagasg, aga riaghladh, agus aga coimheud do ghnath, agus maille
ris sin do thogh an tAthar neamhdha mar inghin, an Mac mur
mhathair, agus an Spiorad Naomh mar cheile í.



D. Cionnas dobhi si beannaighthe os cionn an uile bhan?



M. Mur dobhi ar ttus 'na mathair ag Mac De, 'na dhiaidh
sin go raibhe 'na mathair agus 'na hoigh a n-aoineacht, maille ris
sin go rug a mac gan teinnios, gan doilghios, gan caille a hoghacht
riamh, agus, fa dheoidh, gur cuireadh idir chorp agus anam os cionn
an uile naomh agus aingiol a ngloir í.


L. 43


D. Creud an congnamh iarrmaoid uirre?



M. Guidhe do ghnath ar ar son, go sunradhach a n-uair ar
mbais.



D. An tan adeir tu Failte an aingil cia re a labhra?



M. Re Muire, mathair na ngrás.



D. Cia hi Muire?



M. Bainrioghan nimhe agus talmhan, mathair Mhic Dé.



D. Cait a bhfuil si anois?



M. A bhflaitheas De idir chorp agus anam.



D. An coir dhuinne onoir do thabhairt da hiomhaigh?



M. As coir onoir mhor, do bhrigh go ttabhair ise in ar ccuimhne
le heanradharc.



D. Cionnas chuidigheas Muire linn?



M. Ag guidhe ar ar son dochum De.



D. Creud an tseirbhis as coir dhuinne do dheanamh dhi?



M. Beannughadh dhi go meinic le briathraibh an aingil, an
Choroin Mhuire, na liottain, agus a samhuil oile do radh dhí; maille
ris sin trosgadh, deirc, turas, agus deaghoibre oile do dheanamh 'na
honoir.



D. A' ndein tu urnaighthe dochum fos na naomh oile?



M. Donim, agus go spesialta dochum mo phatrun agus mh'aingel
choimhideachta, aga n-iarraidh 'na n-adhbhocoidibh eadrom
agus Dia.



D. Creud í an urnaighthe doni tu chuca?



M. An Phaidir, Failte an aingil, liottain, agus gach urnaighthe
orduigheas an eaglais.



D. Nach dubhrais leam o chiana thuas gurab re Dia agus re
Muire labhrair san bPaidir agus a bhFailte an aingil?



M. Dubhras, agus deirim fos; gidheadh, guidhim mar so Dia
fa throcaire do dheanamh oram ar son a naomh, agus guidhim
iadson bheith 'na n-adhbhocoidibh agam dochum De.



D. Creud fa n-iarramaoid a ccongnamh?



M. Ar an adhbhar go bhfuilmid a n-oilithre or nduthaigh agus
iadsan 'na seilbh a radharc De do ghnath agus a mhian orra
cognamh linn.



D. Cionnas ata a fhios aca go nguidhmid chuca?



M. Do bhrigh go bhfaicid sinn agus gach ni oile as mian leo a
sgathan na diadhachta.


L. 44


AN 12 CAIB.



DO GHRADH DE AGUS NA COMHARSAN.



D. Iar ttrachtadh ar an ccreideamh agus ar an dochas, trachtam
anois ar an ngradh dhiadha. Agus abairsi dhamh ar ttus, Creud
í an tsubhailce as uaisle ar bioth?



M. An gradh diadha, oir ni heidir leis an gcreideamh no leis
an dochas duine do shlanughadh gan congnamh an ghradha.



D. Creud as gradh diadha ann?



M. Tiodhlacadh De agus subhailce dhoirteas se a n-anam an
duine le a ngradhaigheann Dia os gach ni ar a shon fein agus an
chomharsa ar son De mur inn fein.



D. Creud fa ttugmaoid gradh do Dhía?



M. Ar a shon fein, .i. ar son a mhormhaitheasa, a mhorthrocaire,
agus a mhorghraidh dhuinn.



D. Cionnas ghradhaigheam e os an uile?



M. Gurab luaithe threigfimis na huile agus fos do fhuileongmaois
bas ina do threigfimis e ag deunamh an pheacadh.



D. Cia as chomharsa dhuinn?



M. Na huile darab eidir bheith 'nar ccaidreabh a bhflaitheamhnas.



D. Cionnas as coir dhuinn a ghradhughadh?



M. Mar inn fein.



D. Cionnas ghradhaigheam í mur inn fein?



M. Ag iarraidh a mhaitheasa mar ar maith fein, agus gan a
holc do dheunamh na do shanntughadh acht mur bhudh mian
linn dhuinn fein.



D. Creud iad na neithe as coir dhuinn do dheanamh dochum
an ghradha so do bheith againn?



M. Reacht agus dligheadh De, .i. na haitheanta, do chomhall.



D. Creud as suim do na haitheantaibh?



M. A do go genearalta, .i. gradh De agus na comharsan; oir,
gibe choimheudas an da aithni si, coimheudaidh na haitheanta
uile.



D. Ga mheud aithne ann?



M. Deich n-aitheanta.



D. Cia hiad sin?


L. 45


M. Na hadhair dee breige.
Na tabhair ainm do Thighearna De go diomhaoin.
Coimheud saoire an Domhnaigh.
Tabhair onoir dod t'athair agus dod mhathair.
Na deuna marbhadh.
Na deuna druis.
Na deuna gaid.
Na deuna fiadhnaise bhreige a n-aghaidh do chomharsan.
Na sannta bean do chomharsan.
Na sannta teach na fearann, oglach na inilt, bo, no asal,
no ni ar bioth oile do chuid do chomharsan.



D. Cia as ughdar do na haitheantaibh si?



M. Dia, oir as e do sgriobh ar ttus a ccroidhibh na ndaoine
iad, agus do sgriobh 'na dhiadh sin iad a nda chlar mharmair
do Mhaoise ar shliabh Sinai; Criosd, iomorro, do athnuadhaigh
iad san reacht nua.



D. Ga mheud aca dobhi san cheudchlar?



M. Na tri cheudaithne, bheanas re Dia, da ngoirthear, uime
sin, aitheanta an cheudchlair.



D. Cia ar a bhfuil dh'fhiachuibh iad so uile do chomhall?



M. Ar na huilibh aga bhfuil a cciall ar a ccomas.



D. Creud e an riachtanas ata rena ccomhall?



M. An riachtanas ata fa phein a shlanaighthe ar an uile dhuine
gan peacughadh 'na n-aghaidh.



AN 13 CAIB.



DON CHEUDAITHNE.



D. Creud as suim don cheudaithne?



M. Creideamh do Dhia, dochas do chur ann, a ghradhughadh
os cionn an uile, a onorughadh, a adhradh, agus gan an onoir
dlighthear dho do thabhart dh'aoinní oile.



D. Cia pheacaigheas a n-aghaidh na haithne si?



M. Na hainChriosduidheadha, na hasarlaigheadha, lucht
piseog, na heithriceadha, agus na sciosmaiticeadha.



D. Creud as ainChriosdaidhe ann?


L. 46


M. An te aga mbi creatuir corpordha, .i. grian, no gealach,
no iomhaigh bhodhar bhalbh aga hadhradh mur Dhia.



D. Creud as asarlaighe ann?



M. An te threigeas Día agus ghabhas leis an diabhal mur
thighearna, no doni connradh ris.



D. Creud as piseoga ann?



M. Briathra no comharrthadha do radh no do dheunamh
dochum criche eigin dochum nach bhfuil brigh aca o Dhia, o
naduir, na on eaglais.



D. An piseoga an tAgnus Dei, an leabhar Eoin, an t-uisge
coisreagtha, an choindeal, no an phailm choisreagtha?



M. Ni headh, oir ata brigh aca on mbeannughadh donithear
le hordughadh na heaglaise orra.



D. Cionnas pheacaighid na heithriceadha a n-aghaidh na
haithne si?



M. Ag seuna na neitheadh fhoillsigheas an eagluis do bheith
dar ccreideamh.



D. Cionnas pheacaighid na sciosmaiticeadha 'na haghaidh?



M. Ag tabhairt easumhla do bhiocaire Chriosd, an papa.



D. Cia an drong oile do pheacaigheas 'na haghaidh?



M. An chuid theid a n-eudochas a slanaighthe no mhaitheamhnais
a bpeacadh, agus an lucht ghlacas andochas go slaneochthar
iad tre throcaire nDe amhain gan a ccongnamh fein; mur an
gceadna an lucht ag nach bi gradh do Dhia, agus dobheir gradh
os cionn a ghradha doni shaoghalta ar bioth.



D. An bpeacaidhthear ag admhail na n-aingeal?



M. Ni peacaidhthear.



D. Creud as aingle ann?



M. Sbiorada uaisle bhios ag moladh De.



D. An bhfuil fioghair chorpordha orra?



M. Ni bhfuil, oir ni bhfuil ionnta acht sbiorada fiorghlana.



D. Creud fa ndealbhthar iad a n-ineall oganach?



M. Do bhrigh gurab ar an modh sin do thaisbeunadair iad
fein don bhanoigh Muire, do Thobias, agus dh'Abraham.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si an onoir iomchubhaidh
dlighthear dhoibh fein do thabhairt dhoibh?



M. Ní bhfuil.


L. 47


D. Creud i an onoir dlighthear dhoibh?



M. Onoir chairdeadh agus luchta eintighe De.



D. Creud as oific do na hainglibh?



M. Dia do mholadh agus a sheirbhis do dheunamh, agus cognamh
leis na daoinibh; oir ata aingeal coimhideachta ag gach aon ag
congnamh leis a n-aghaidh an diabhail, agus dobheir a ghuidhe
dochum De agus bi aga dhidean san bpunc deidhionach.



D. Nar anadair na haingle uile a bhflaitheamhnas?



M. Nir anadair, oir do teilgeadh Lucifer agus ar ghabh leis a
n-aghaidh De go hifrionn.



D. An iad sin ata anois 'na ndeamhnuibh?



M. As iad.



D. Creud fa mbid dar mbrosdadh dochum an pheacadh?



M. d'eagla go bhfuighmis an ait do chailleadar fein ar neamh,
acht go mbeimis a bpein shiordhaidhe a n-ifrionn maraon riu.



D. An lughaide dha bpein bheith 'na siocair dhamanta ag
na daoinibh?



M. Ni lughaide, murar moide; gidheadh, ataidsion chomhurchoideach
agus sin gurab fearr liu meudughadh a bpeine ina inne
do bheith a sdaid budh airde ina iad fein.



D. An dtoirmisgeann an cheudaithne si Muire no na naoimh
dh'onorughadh?



M. Ni thoirmisgeann a n-onorughadh go hiomchubhaidh, acht
amhain gan a n-onorughadh mur Dheibh.



D. Creud an onoir dlighthear do Mhuire?



M. Onoir mhathar Dhe.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si Muire do ghuidhe?



M. Ni fhuil, amhuil dubhramair thúas.



D. Creud í an onoir dlighthear do naomhuibh?



M. Onoir chairdeadh agus chloinne De.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si na naoimh do ghuidhe
no a ccongnamh dh'iarraidh?



M. Ni bhfuil, do bhrigh nach iairrmid trocaire no grasa orra
acht amhain a nguidhe mar chloinn thoghaidhthe De agus mur
lucht eintighe dho fa impidhe do chur air ar n-athchuinghidh
do thabhairt dhuinn.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si onoir do thabhairt
do thaisibh na naomh?


L. 48


M. Ni fhuil, oir ni thugmaoid dhoibh acht (an) onoir
iomchubhaidh dlighthear dhoibh.



D. An misde, mur sin, urnaighthe do dheunamh ina bhfiadhnuise?



M. Ni mise, oir ni horrasan acht ar na hanmannuibh naomhtha,
dorighne iomad deaghoibre, iarrmaoid guidhe ar ar son.



D. An bhfuil resun an urnaighthe sin do dheanamh do lathair
na ttaiseadh tar ait oile?



M. Ata, dochum go n-iarmais ar na naomhuibh cuimhne do
bheith aca oruinn agus cognamh linn, mur ata cuimhne
againne orrasan, ag onorughadh a ttaiseadh.



D. An dtoirmisgeann an aithne si onoir do thabhart
do na hiomhaighibh?



M. Ni dhein, oir ni don phinnteoireacht dobheirmid onoir
acht don te thaisbeanaid dhuinn agus bheirid in ar ccuimhne.



D. Creud í an onoir dlighthear dhoibh so?



M. An onoir cheudna bheirmid do na naomhuibh thaisbeunaid
dhuinn.



D. Cionnas tuigthear sin?



M. Ionann so re a radh agus go ttugmaoid a n-onoir iomchubhaidh
fein doibh, do reir a cceime, ina n-iomhaighibh.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si urnaighthe do dheanamh
a bhfiadhnaise na n-iomhaigheadh?



M. Ni bhfuil, oir ni iarrmaid aoinní ar na hiomhaighibh san
urnaighthe sin, ge go n-iarrmaoid da lathar ar an te thaisbheunaid
duinn athchunighidh, mur ata grasa, mas iomhaigh Chriosd í,
no guidhe ar ar son, mas iomhaigh Mhuire no naoimh bhios
ann.



D. Creud an mhaith doni na hiomhaighthe?



M. Cuimhne Chriosd agus a pheine, Muire agus na naoimh do
thabhairt in ar n-intinn le heanradharc, agus ar sbiorad chrabhaidh
do mhusgladh dochum gradha agus onora do thabhairt doibh agus a
sompla do leanmhuin do reir ar ccumhacht.



D. An ccluinid no an bhfaicid na hiomhaighthi no taisi na
naomh aonní da ndeuntar 'na bhfiadhnuise?



M. As dearbh nach ccluinid agus nach bhfaicid.



D. Cionnas, mas eadh, donid na miorbhuile mora do chimíd
aca ga ndeunamh gach laoí?


L. 49


M. Ni hiadson doni iad acht Dia fein ar impidhe Mhuire nó
na naomh, ionnas go mbeith devosion againne do na naomhuibh,
da ttaisibh, agus da n-iomhaighibh.



AN 14 CAIB.



DON DARA HAITHNE, DON 3, 4, 5, 6.



D. Creud thoirmisgeas an dara haithne?



M. An uile easanoir beirthear dh'ainm De le naomhathais,
le briseadh móide, no le a thabhairt a mionnuibh.



D. Creud as naomhathais ann?



M. Aindligheadh no athais do thabhairt o bhreithir do Dhia
no dha naomhuibh.



D. Ga mheud modh ar a ndeuntar an naomhathais?



M. A ccuig modhaibh: an ceudmhodh, an tan adeirthear ni
do bheith ag Dia nar chubhaidh dhó, mur ata go mbiadh cumhachta
aige peacadh do dheanamh. An dara modh, an tan
adeirthear go mbi easbhaidh cumhachta, eagna, eoluis, ceirt,
trocaire, no neith ar bioth mhaith air. An tres modh, an tan
adeirthear go mbidh na neithe ata ag Dia amhain go dileas
ag creutuir ar bioth, mur ata go mbiadh fios na neith nach
ttainig ag duine ar bioth gan Dia dha fhoillsiughadh dho. An
ceathramhadh modh, an tan mhallaigheas duine do Dhia, do
Mhuire, no do na naomhuibh. An cuigeadh modh, an tan
ainmnighthear eunchuid do bhalluibh Chriosd no na naomh le
fanamhad, lé feirg, no le lasan.



D. An trom an peacadh an naomhathais?



M. Ni bhfuil peacadh as truime ina í, agus as lughaide gabhthar
a leithsgeul a usachd a sheachna, oir ni bhfuil aoibhneas no
tarbha ann.



D. Creud as moid ann?



M. Gealladh beirthear do Dhia ni maith ar a mbi buidheachas
aige do dheunamh.



D. Da ngealladh duine droichni, an bhfuil dh'fhiachuibh air
an gealladh sin do chomhall?


L. 50


M. Ni bhfuil, oir da ngealladh neach ni ina mbiadh peacadh,
no ni fos maith do chuirfeadh toirmeasg ar mhaith budh mo
ina sin, ni bhiadh buidheachas ag Dia air tred an ngealladh
sin no trena chomhall.



D. Creud as mionna ann?



M. Dia do thogbhail d'fhiadhain ar an bhfirinne do bheith
agad.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si mionna do thabhairt?



M. Ni bhfuil, oir onoraighthear ainm De leo an tan beirthear
go dleisdeanach iad.



D. Creud iad na coinghill iarrthar dochum a ttabhartha go
dleisdionach?



M. Gan a ttabhairt do dhruim feirge, fuatha, no gradha, acht
dh'fhonn na firinne amhain; gan a ttabhairt acht le ceart, le
firriachtanas, agus a gcuid efeachtaigh.



D. Creud iarrthar dochum na mionn do bheith firinneach?



M. Fios na firinne go cinnte do bheith agad.



D. Creud an peacadh doni an te mhionnaigheas a mbreig?



M. Peacadh marbhtha, ma bheir dha aire gurab a mbréig
mhionnaigheas; agus atá dh'fhiachuibh air aiseag do thabhairt
in gach dioghbhail da ndearna ag mionnughadh amhlaidh.



D. Dha ttugadh na mionna agus e a ccontabhairt, creud an
peacadh doní?



M. Peacadh marbhtha, oir cuireadh e fein a ccontabhairt
mhionna éithigh.



D. Cionnas pheacaigheas an te dobheir mionna eithigh a
ccuis dhiomhaoin?



M. Go marbhthach, do bhrigh gurab mor an easonoir dobheir
do Dhia ga thogbhail d'fhiadhain ar bhreig.



D. Creud iarrthar dochum na mionn do bheith ceart?



M. An ni fa mionnaighthear do bheith dleisdionnach, oir, gibe
mhionnaigheas droichní no gan ni maith do dheanamh dlighthear
de, peacaigheadh a n-aghaidh na haithne si, agus, da ccoimhlidh
iad, cuireadh peacadh ar muin pheacaidh.



D. Creud truime an pheacaidh doni?



M. Peacadh marbhtha no sologhtha, do reir chailídheacht uilc
na mionn.


L. 51


D. Creud an peacadh doni an te mhionnaigheas gan riachtanas?



M. Meath a dhala peacadh sologhtha.



D. An mionna Muire, naomh, leabhar, no creutuir oile dar
chum Dia do thabhairt?



M. As eadh, oir onoraighthear agus mioonoraighthear an
Cruthaightheoir ina chreutuiribh.



D. Creud as ionradh dhunn ionnas nach bpeacaidhmis?



M. “As eadh” no “ni headh.”



D. Creud í an tsaoire dlighthear dhinn do choimheud san
treas aithne?



M. Feasdadha an Tighearna, an Domhnach, feilte Mhuire, na
n-absdal, agus na naomh orduigheas an eagluis.



D. Creud na hoibre toirmisgthear oruinn isna feiltibh si?



M. Oibre daora, .i. oibre corpordha, mur ata treabhadh,
foirseidh, gaibhneacht, reic, ceannach, no a leitheide oile so.



D. An toirmisgthe a thabhairt ar dhaoinibh oile eunobair
dhiobh so do dheannamh san saoire?



M. As eadh.



D. An briseadh saoiri na hoibre corpordha bheanas re
seirbhis nDe?



M. Ni headh, mura bhfuil breith orra uair oile.



D. An briseadh saoire biadh do dheasughadh no friotholamh
do dhéanamh?



M. Ni headh, no aoinni oile da mbeanann le beathadh an lae
sin agus nach eidir do dheanamh an la roimhe.



D. Creud iad na neithe atá dh'fhiachuibh oruinn do dheanamh
san saoire seach lae oile?



M. Urnaighthe agus obair sbioradalta, mur ata aithfrion
dh'eisdeacht, seanmoir, leughthoireacht leabhair sbioradalta, agus a
samhuil; oir as chum seirbhise De do horduigheadh an tsaoire.



D. Creud ata dh'fhiachuibh oruinn on cceathramhadh aithne?



M. Onoir do thabhairt dar sinnsearuibh, dar n-aithribh, dar
maithribh, agus don uile uachtaran bhios aguinn do thuaith agus
d'eaglais.



D. Cionnas dlighthear don fhior e fein dh'iomchar do thaobh
a mhna posda?



M. Go gradhach curamach, mur Chriosd dha eagluis.


L. 52


D. Cionnas as coir don mhnaoi i fein dh'iomchar do thaobh
a fir phosda?



M. Lan do chion, dh'umhla, agus dh'uirrim dho, mur an eagluis
do Chriosd.



D. Creud dhligheas an lanamhuin do dheanamh dha ccloinn?



M. A n-oileamhuin, beusa, foghluim, agus sdaid bheathadh, do
reir a ccumhacht, do thabhairt doibh.



D. Creud i an onoir dlighthear on ccloinn dhoibhsion?



M. Onoir inmheadhonach agus fhoirimiolach ina mbriathruibh
agus ina ngniomhuibh, cuidiughadh leo, umhlughadh dhoibh.



D. Creud inar coir cuidiughadh leo?



M. San uile riachtanas sbioradalta agus chorporalta.



D. Creud ina bhfhuil dh'fhiachuibh oruinn bheith umhal
doibh?



M. San uile ni nach bhfuil a n-aghaidh aitheanta De.



D. Creud fa ndlighthear an uiread sin dh'onoir dhoibh?



M. Oir, a ndiaidh De, gurab uatha ata ar mbeith, ar mbeatha,
agus ar riaghlughadh.



D. Creud an luadh do gheall Dia don chloinn dobheir an
onoir si uatha?



M. Saoghol fada abhos agus beatha shuthain thall.



D. Creud toirmeasgthar san chuigeadh haithne?



M. Gan neach da mharbhadh fein na do mharbhadh dhuine
oile, agus gan olc do dheanamh dh'einneach o smuaineadh, o
bhreithir, na o ghniomh.



D. An bhfuil 'na haghaidh mur chuirid na breitheamhuin
lucht uilc chum bais?



M. Ni bhfuil, oir as o Dhia ata sin d'ordughadh aca.



D. An bhful 'na haghaidh neach do mharbhadh a ccath no
a ccogadh dhleisdeanach?



M. Ni fhuil, murab le naimhdeanas, acht le cosnamh cora, do
marbhthar é.



D. An bhfuil 'na haghaidh da marbhadh duine duine oile aga
chosnamh fein ar bhás, no da neamhthoil le miothapadh?



M. Ni bhfuil, acht amhain gan mainneachtnaighe do dheanamh
fan ccoimheud dobhiadh dh'fhiachuibh air.



D. Cia as troma peacadh, pearsa eagluisi do mharbhadh ina
tuata?


L. 53


M. As troma pearsa eagluisi, oir, os cionn an pheacadh, bi an
marbhaightheoir coinnealbhaithe.



D. An ttirmisgean an aithne si beathadhaigh bhruideamhla
do mharbha?



M. Ní dhein, oir as duinn fein do cruthaigheadh iad.



D. Creud fos, mar eadh, thoirmisgeas?



M. Aingidheacht, fuath, faltanas, comhairle do thabhairt, a
shantughadh go hinmheadhonach marbhadh do dheanamh go
haindlightheach, iarraidh no freagra comhraig.



D. Creud iarras an aithne si oruinn?



M. Gradh, ceansacht, agus maitheamhnas do thabhairt san
aindlighedh donithear oruinn, maith do dheanamh a n-aghaidh
an uilc agus guidhe ar lucht ar n-inghreama.



AN 15 CAIB.



DO NA CUIG AITHEANTUIBH DEIDHIONACHA.



D. Cia pheacaigheas a n-aghaidh an tseiseadh haithne?



M. An te doni adhaltranas re mnaoi phosda dhuine oile, no
bheanas re mnaoi neamhphosda, no chuil, no riaghalta, no re
maighdin.



D. An ttoirmisgeann na neithe si ar na mnaibh mur thoirmisgeas
iad ar na fearuibh?



M. Doni, oir peacaighidh bean ag luighe le fear ar bioth
acht re a fear posda fein.



D. An ttoirmisgeann ni ar bioth oile?



M. Doni, mur ata glacaireacht thruaillidhe do dheanamh ar
fein no ar neach oile, a shiol do dhortadh dha dheoin.



D. An bhfuil an fheachuin mhailiseach no an phog neamhghlan
a n-aghaidh na haithne si?



M. Ata, agus fos comhradh graosda, abhráin shalcha, leabhair
shuirgheacha do leughadh, agus gach gniomh mionaireach oile.



D. Creud ata dh'fhiachuibh ar an lanamhain phosda on aithne
si?



M. Disle agus umhla dha cheile, mur do ghealladar san bpósadh.



D. Cionnas seachaintear an peacadh so?


L. 54


M. Comhluadar na mban do sheachna, iomad urnaighthe,
troisgthe, oilithre, agus faoisidin mheinic do dheanamh, agus corp
Chriosd do ghlacadh le hiomad crabhaidh, agus smuaineadh fos go
dithchiollach gach uair mothaighthear cathughadh an pheacaidh
a ghiorra mhairfeas a aoibhneas agus a fhad mhairfeas an phian
shiordhaidhe dhlighthear ar a shon.



D. Cia choimhlionas an aithne si?



M. An te bhios geanmnuidh o smuaineadh, o bhreithir, agus o
ghniomh.



D. Da ttuiteadh neach a n-aonmhodh dhiobh so, creud ata
dh'fhiachuibh air?



M. Cailidheacht na pearsan re a ndearna e d'innisin san
bhfaoisidin.



D. Creud e an fath?



M. Ionnas go ttuigeadh an t-athair faoisidne an ghne pheacaidh
doríghne, oir as cineul peacaidh ar leith teagmhail ar mhnaoi
phosda fhir oile, re mnaoi chuil, re mnaoí riaghalta, re mnaoi
gan fhior, re maighdin, no bean ar bioth dh'éigniughadh.



D. Cia choimhlionas an seachtmhadh haithne?



M. An te nach iarrann, nach glacann, agus nach ccongbhann
ni ar bioth go holc do chuid na comharsan.



D. Cia pheacaigheas 'na haghaidh?



M. An te ghoideas, chreachas, no fhuadaigheas cuid dhuine
oile go heuccórach.



D. Creud as goid ann?



M. Cuid na comharsan do ghlacadh gan fhios agus gan toil na
comharsan.



D. Creud as creach no fuadach ann?



M. Ni do ghlacadh os aird do neamhthoil an te sa sealbh a
bhfuil go dleisdionach.



D. Cia dhiobh so peacadh as troma?



M. An creachadh agus an fuadach, oir ni headh amhain go mbeanann
neach, mur so, a chuid do dhuine oile acht fos go ttabhair
tarcaisne mhor dhó.



D. Creud na neithe oile toirmisgthear san aithne si?



M. Mealladh do dheanamh a reic no a gceannach, gan luach
a saothair do thabhairt do lucht oibre, gan fiacha do dhiol,


L. 55


goid do cheannach as a riocht, comhairle no congnamh do
thabhairt dochum a choda fein do bhuain do dhuine oile,
usuireacht agus simonia.



D. Creud as usuireacht ann?



M. Ceannach do bhuain do dhuine ar son airleagadh do
thabhairt dó.



D. An bhfuil a n-aghaidh na haithne si neithe coisreagtha do
reic?



M. Ata, agus 'no pheacadh throm, da ngoirthear simonia, da
reacthar iad an mheid go bhfuilid coisreagtha.



D. An lor don ghaduidhe an ghoid no an t-olc dorighne
do chur san bhfaoisidin?



M. Ni lor, oir, os a chionn sin, atá dh'fhiachuibh air aisioc
do thabhart san iomlan, ma heidir dhó.



D. Ma tá bocht, creud dogheuna?



M. Aisioc do thabhairt uadh san mheid as eidir leis agus an
tan bhus eidir dhó.



D. Creud toirmisgthear san ochtmhadh aithne?



M. An uile euccoir donithear ar an ccomharsain le fiadhnaisi
bhreige ar bhioth a mbreitheamhnas agus a n-eugmais bhreitheamhnais,
agus gach briathra oile theid a n-urchoid dhi.



D. Cia pheacaigheas a n-aghaidh na haithne si a mbreitheamhnas?



M. An te neartaigheas an bhreg no nach foillsigheann an
fhirinne iarrthar air.



D. Cia pheacaigheas 'na haghaidh a n-eugmais bhreitheamhnais?



M. An te fhoillsigheas gan riachtanas gniomh graineamhuil
no foluighthe dhuine oile, chaineas e, chuireas breug air, do
ni a ithiomradh no a easgaoine.



D. Creud as breug ann?



M. Ni d'fhoillsiughadh contrardha don ní bhios fan intinn.



D. An eidir breug do dheanamh go dleisdeanach dochum
deichchriche?



M. Ni heidir, oir gibe ar bioth cuis fa ndeunoir í, ata 'na
pheacadh mharbhtha no shologhtha.



D. Creud toirmisgthear san naomhadh agus san deachmhadh
aithne?


L. 56


M. Gan bean no cuid na comharsan do shantughadh.



D. Nar toirmisgeadh iad so thuas san seiseadh agus san seachtmhadh
aithne?



M. Do toirmisgeadh an gniomh annsin, gidheadh, os a chionn
sin, do fhogair Dia anso gan ceachtar dhiobh do shantughadh
in ar n-inntinn, ionnas go bhfoillsigheadh dhuinn gurab
peacadh ar leith a santughadh mur sin.



D. An bpeacaigheann a n-aghaidh na haithne si an te nach
ttabhair taitneamh no aonta don smuaineadh thig 'na intinn
an tan chuireas an diabhal olc eigin 'na fhiadhnaisi?



M. Ni pheacaigheann, acht bi luaighidheacht mhor aige da
ndearna a dhithchioll a chor uadh mar as luaithe as eidir leis.



D. An bhfuil 'na haghaidh taithneamh do bheith ag ceudfadhuibh
an chuirp san drochsmuneadh an tan nach tabhair an
toil aonta dhó?



M. Ata, da raibhe mainneachdnaighe 'na choimhideacht, oir
an tan sin bi go hairidhe 'na pheacadh sologhtha.



D. Cia pheacaigheas go marbhthach san ndrochsmuaineadh?



M. An te dobheir a thoil, agus a aire ar fein, dochum an pheacadh,
no dochum anamhna da dheoin san taithneamh dogheibh san
drochsmuaine.



D. An peacadh ni ar bioth da bhfuil a n-aghaidh na
n-aitheantadh oile do shanntughadh?



M. As eadh, oir as midhleisdionach dúil do chur san ni
thoirmisgeas Dia.



D. An peacadh dhamh duil do bheith agam bheith nias
saidhbhre ina mo chomharsa?



M. Ni headh, mas go dleisdeanach budh mian leat gach ni
d'fhaghail.



D. Creud fa ttoirmisgthear go sunradhach duil na mban agus
an tsaidhbhris san da aithne si?



M. Do bhrigh gurab iad as guasachtaigh agus as mo chuireas
cathaighthe ar dhaoinibh.


L. 57


AN 16 CAIB.



D'AITHEANTAIBH NA HEAGLAISE.



D. An bhfuil aithne ar bioth oile ann leath 'muigh do dheich
n-aitheanta De?



M. Atá, .i. aitheanta na heaglaise.



D. Ga mheud aithne ag an eagluis?



M. A cuig.



D. Creud iad sin?



M. A haon, an Domhnach agus na laithe saoire oile do choimheud
agus aifreann d'esdeacht ionnta. A dó, faoisidin ghlan do dheanamh
uair san mbliadhain, go hairidhe, agus corp Chriosd do chaitheamh
fa Chaisg. A tri, an Corghas, vigile, agus trosga na hanma do
throsgadh, agus gan feoil dh'ithe Dia hAoine na Dia Sathairn. A ceathar,
an deachmhaidh do dhiol. A cuig, gan banais do dheanamh o
thus Chorghais go Mionchaisg, no o thus Aidveint go hEipiofain.



D. Cia do ordaigh na haitheanta so?



M. Uachtarain na heagluise.



D. An bhfuil dh'fhiachuibh ar na huilibh a ccomhall?



M. Atá, ma thanig a cciall agus a ccomas, gan firriachtanas oile,
do bhrigh gurab leis an ughdardhas frioth o Chriosd do hordaigheadh
iad.



D. Cia do ordaigh an tsaoire?



M. Dia, do bhrigh gurab Dia Sathairn do chriochnaigh
cruthughadh an domhuin, agus a ccuimhne an tiodhlaicthe
mhoir sin tug dhuinn do ordaigh an Satharn do choimheud.



D. Creud far haithearraigheadh san reacht nua saoire an
tSathairn ar an Domhnach?



M. Do bhrigh gurab Dia Domhnaigh do eirigh Criosd o
mharbhaibh agus tainig an Sbiorad Naomh d'ionnsoigheadh na
n-absdal.



D. Creud far ordaigh an eagluis feilte Mhuire agus na naomh?



M. Ionas go ttugmaois buidheachas do Dhia 'na thiodhlaicthibh,
go leanmaois lorg na naomh, go ttugmaois onoir dhoibh,
agus go n-iarramaois orra congnamh linn.



D. Cionnas choimheadthar an tsaoire?


L. 58


M. Ag eisdeacht an aifrinn, ag deunamh gach neith oile, mur
dubhramair thuas san treas aithne, caib. 14.



D. An bhfuil dh'fhiachuibh oruinn aifreann iomlan dh'eisdeacht
sna laithibh sin?



M. Atá, oir dlighmid gan cuid ionairimhthe dhe do leigeann
dínn.



D. Cia ar a bhfuil dh'fhiabhuibh an t-aifrionn d'eisdeacht?



M. Ar gach aon aga ttainig a thuigse no a chiall, muna raibh
firriachtanas air.



D. Cia ler coir dhuinn ar bhfaoisidin do dheanamh?



M. Re ar sagart parraisde, no re daoinibh riaghalta, no re
gach aon oile aga mbi cumhachta on bpapa dochum ar bhfaoisidne
d'eisdeacht.



D. Creud a mhionca ata dh'fhiachuibh orainn ar bhfaoisidin
do dheanamh?



M. Da raibh sgeul pheacaidh mharbhtha ag ar ccoinsias
orainn, uair san mbliadhain, agus gach uair bhiam ar thi chuirp an
Tighearna do ghlacadh, no a ccontabhairt bhais.



D. Ga trath ata dh'fhiachuibh orainn corp Chriosd do
chaitheamh?



M. La eigin on Domhnach ré cCaisg go Mionchaisg, no ceachtar
don da la sin, agus fos le hucht mbais, mas eidir e, da rabham
ar ceudlongadh gion go rabham.



D. Creud í an aois inar coir dhuinn an corp naomhtha do
chaitheamh?



M. An tan thiocfam dochum crionnachta agus tuigse; acht ge
nach bhfuil dh'fhiachuibh on eagluis ar neach faoisidin no
comaoineach do dheanamh acht uair san mbliadhain, ni bhfuil
da mhionca da nglacfa an Criosduidhe iad nach amhlaidh as
fearr e, oir as mor an toradh geibhthear asda.



D. Creud as trosgadh ann?



M. Absdanaid o bhiadh thoirmisgthe, agus gan d'ithe acht
eunchuid san lo go n-oidhche, agus gan feoil d'ithe Dia hAoine na
Dia Sathairn no fos Dia Ceudaoin a nEirinn gan chead.



D. Ga huair inar coir an eunchuid sin do chaitheamh?



M. A meadhon laoi, beagan faoi na os a chionn.



D. An bhfuil deoch toirmisgthe a n-aimsir throisgidh?


L. 59


M. Ni bhfuil, acht gan meisge do dheanamh, nó a n-am ar
bioth.



D. Creud as coir do chaitheamh a ccolasion?



M. Coimheudadh gach aon gnas cogusach na tire ina mbiadh.



D. Cia ata saor ar an ttrosgadh?



M. An t-aos og dha nach slan bliadhain ar fhichid, na seandaoine
do sharaidh a ttri fichid, lucht galair agus saothair.



D. Creud í an mhaith donimid leis an ttrosgadh?



M. Ar n-antoil do chlaoi, fearg De d'fhilleadh uain, agus
loirghniomh 'nar bpeacthaibh.



D. Ga mhionca agus ga trath bhios trosgadh na hanma san
mbliadhain?



M. Ceithre huaire, .i. Dia Ceudaoin, Dia hAoine, agus Dia
Satharn d'eis an cheudDomhnaigh don Chorghas, d'eis Chingcighisi,
d'eis Feile na croiche san bhfhoghmhar, agus d'eis an treas
Domhnach dh'Aidvent.



D. Creud e an tAidueint tuigthear annso, agus ina bhfuil
an bhanais toirmisgthe?



M. Aimsir theachta an Tighearna agus an Domhnach as goire
dh'fheil Aindriais absdail, roimpi no 'na diadh, an ceudDomhnach
dhe.



D. Creud iad na toirthe as ar coir an deachmhadh do dhiol?



M. Coimheudadh gach aon gnas na heasbogoideachta ina mbía.



D. An bhfuilid aitheanta ar bioth oile dh'fhiachuibh oruinn?



M. Ataid, aitheanta bheanas re sdaid agus re hoific gach aoin fo
leith.



D. Cia ar a bhfuil dh'fhiachuibh a bhfios do bheith aige?



M. Ar gach aon sa sdaid re a mbeanaid, oir ata dh'fhiachuibh
ar gach aon fios gach neith bheanas rena sdaid fein do bheith
aige, agus ni shaorann ainbhfios go coitcheann cach san bpunc so.


L. 60


AN 17 CAIB.



DO NA SACRAMAINTIBH, AGUS AR TTUS DON BHAISDEADH
AGUS DUL FA LAIMH EASBUIG.



D. Creud é an ni sacramaint?



M. Comharrtha somhothaighthe do cheudfadhaibh corporrdha
chiallaigheas agus oibrigheas le hordughadh De grasa san duine.



D. Cionnas oibrigheas na comharradha corporrdha grasa
sbioradalta san duine?



M. Le brigh phaise Chriosd; oir as treusna sacramaintibh,
mur uisge tre fheadanuibh, doirtthear toradh na paisi ceudna
chugainn, .i. na grasa in ar n-anam agus maitheamh ar bpeacadh.



D. Cia do ordaigh na sacramainte?



M. Criosd fein ar tTighearna.



D. Ga mheud sacramaint ann?



M. A seachd, .i. baisdeadh, dul fa laimh easbaig, sacramaint
na haithrighe, sacramaint chuirp Chriosd, an t-ongadh deidhionach,
ord, agus posadh.



D. Cionnas ta a fhios again nach bhfuil niso mhó na nisa
lugha do shacramaintibh ann?



M. Or naomhmathair an eagluis; oir as iad so amhain atá
a ngnas o aimsir Chriosd agus na n-absdal aice.



D. An eidir na sacramainte do athghlacadh?



M. As eidir, leath 'muigh do na tri sacramaintibh le mbuailtear
seula sbiordalta ar an anam, .i. baisdeadh, dul faoi laimh
easbuig, agus ord.



D. Creud i an intinn ata dh'fhiachuibh ar fhear
mhiniosdralachta na sacramaint do bheith aige?



M. Inntinn fhirinneach an tsacramaint do dheunamh do
ordaigh Criosd agus ghnathaigheas an eagluis.



D. An eidir toirmeasg do chur ar ghrasuibh na sacramainteadh?



M. As eidir, oir toirmisgthear a ngrasa le peacadh marbhtha,
agus le drochsdaid an te ghlacas iad.



D. Creud as baisdeadh ann?



M. Sacramaint le a n-aithgheintear cach san bheathaidh


L. 61


sbioradalta, le maithear peacadh na sinnsear do dhuine, le a
ttugthar grasa dhó, agus le mbualtear comharrtha Chriosdaidhe air.



D. Cia ar a bhfuil an baisdeadh do riachtanas?



M. Ar gach aon lerab mian a chuid do ghrasuibh De no don
bheathaidh shiordhaidhe d'fhaghail.



D. Cia darab coir an baisdeadh do dheanamh?



M. Don tsagart churaim o oific, gidheadh, da raibh an
leanabh a n-airteagal bhais, as eidir leis an uile dhuine a
bhaisdeadh.



D. An cuma cia dogheuna an baisdeadh an uair sin?



M. Ni cuma, oir ni coir do mhnaoi a dheunamh do lathair
fhir, no do thuata do lathair chleirigh, no don chleireach as isle
gradha do lathair an chleire as airde gradha.



D. Creud oibrigheas an baisdeadh a n-anam an duine?



M. Glanaidh e o pheacadh na sinnsear, on uile pheacadh oile
doni ria mbasdeadh ina ndein aithreachas, saoradh e o a uile
phein do dlighfidhe don pheacadh cheadna a n-ifrionn no a
bpurgadoir, agus dobheir fos iomad gras dho.



D. Creud le a ndeuntar an baisdeadh?



M. Le huisge nadurtha doirtthear ar an te baisdthear, (nó)
ina ttumthar e, ag radh na mbriathar so, “Baisdim thu a
n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Sbiorad Naoimh. Amen.”
Agus maille re hinntinn do bheith ag an te bhaisdeas an baisdeadh
do dheunamh dariribh, agus ag an te baisdthear (mas
duine crionna e) baisdeadh do ghlaca. Caithfidh fos an te
baisdthear (mas duine criona e) creideamh do bheith aige agus aithreachas
ar ttus do dheanamh 'na pheacadhaibh.



D. An bhfuilid na coinghill si dh'fhiachuibh ar na leanbaibh?



M. Ni fhuilid, oir ataid fos gan cheill, acht as lor dhiobh na
cairdeasa Criosd do thabhairt fhreagra agus gheallaidh ar a son.



D. Ga mheud do chairdeasuibh Criosd as coir da bheith ann?



M. Ni coir nisa lia ina dias, .i. fear agus bean.



D. Creud i an oibligaid ata orra?



M. A thabhairt fa deara an creideamh Catoilice do mhunadh
don leanabh an tan bhias ag teacht dochum crionnachta da
rabhaid a athair agus a mhathair mainneachtnach fana mhunadh.



D. An mbi gaol ar bioth aca leis an leanabh?


L. 62


M. Bi gaol sbioradalta, agus ag an te doni an baisdeadh ris fein
agus ren athair agus rena mhathair; agus as de gairthear col uisge.



D. An e an baisdeadh an cheudshacramaint ghlacas duine?



M. As e, oir as leis haithgheintear e san mbeathaidh
sbioradalta, theid asdeach san eagluis, agus donithear ball do chorp
Chriosd 'na eaglais de; gonadh aire sin goirthear doras na
heagluise de.



D. Creud as dul fa laimh easbuig ann?



M. Sacramaint le meudaighthear na grasa beirthear dhuinn
san mbaisdeadh.



D. Cia dobheir an tsacramaint si uaidh?



M. An t-easbog, no gach aon oile aga mbi ughdarrdhas on
bpapa.



D. Cia darab coir a ghlacadh?



M. Don uile Chriosdaidhe dar ghlac baisdeadh.



D. Ga trath as coir a ghlacadh?



M. An tan tig duine dochum crionnachta.



D. Creud an mhaith doní dhúinn?



M. Dobheir grasa mora agus calmacht inntinne dhuinn dochum
ar ccreideamh d'admhail an tan cuirfidhear chuige sinn; maille
ris sin buailtear seula sbioradalta le ar ar n-anam, mur
chomharrtha ridire Chriosd, nach eidir do sgaradh ris go brath.



D. An bhfuil an tsacramaint si do riachtanas oruinn dochum
ar slanaighthe?



M. Ni bhfuil, gidheadh, ni heidir le duine ar bioth a leigean
de tre mhaineachtnaighe no tre neamhshuim gan pheacadh.



D. Creud fa ttugthar anmanna na naomh san mbaisdeadh
agus san tsacramaint si oruinn?



M. Ionnas go mbeidís 'na bpatrunaibh againn, agus go leanmaois
iad 'na mbeathadh.


L. 63


AN 18 CAIB.



DO SHACRAMAINT NA HAITHRIGHE.



D. Creud as sacramaint na haithrighe ann?



M. Leighios sbioradalta na bpeacthaibh donimid iar
mbaisdeadh.



D. Ga mheud ata do riachtanas ar an te ghlacas í?



M. A tri: tuirse chroídhe, faoisiden ghlan isna peacadhaibh
ceadna, agus loirghniomh do dheanamh ionnta.



D. Cionnas as coir an tuirse sin do bheith?



M. 'Na dhoilgheas gheur neimhneach neartmhar fan bpeacadh,
an mheid go bhfuil a n-aghaidh De agus an ghradha dlighthear dho;
agus as é a ainm, san ccas so, san Laidin contritio, a nGaoidheilg,
iomorro, croidhebhrudh.



D. An bhfoghnann doilghios as lugha ina sin dochum
maitheamh na bpeacadh?



M. Foghnaidh, .i. doilgheas fan bpeacadh ar son De - biodh
nach ar son a ghradha os cionn na n-uile dobhiadh - maille re
run gan peacughadh nias mó.



D. Creud iad na peacadh as coir dhuinn dh'admhail san
bhfaoisidin?



M. An uile pheacadh, go sunradhach na peactha marbhtha,
go hiomlan, gan iomarcaigh gan easbhaidh, an mheid diobh ar a
ccuimhneocham iar sgrudadh ar ccoinsiais; maille ris sin ata
dh'fhiachuibh oruin gach gne pheacaidh da ndearnsam agus ga
mheud uair dorighneamair e d'innisin, agus fos gach modh ar
a ndearnamair e, mas modh e ina mbiadh meudughadh an
pheacaidh go mór.



D. Da ndearna duine dearmad nadurtha dh'einpheacadh
marbhtha iar ndeunamh an sgrudaidh sin, an mbi bail ar an
bhfaoisidin?



M. Bidh, gidheadh, mas ria sacramaint chuirp Chriosd do
chaitheamh chuimhnigheas air, ata dh'fhiachuibh air a chur a
bhfaoisidin, ma thig lis, sul ghlacas an naomhshacramaint
cheadna, no mas d'eis an chuirp naomhtha do ghlacadh thiocfas
'na chuimhne, as coir a chur san cceudfhaoisidin aris.


L. 64


D. Da cceileadh duine enpheacadh marbhtha tre naire no tre
mhaineachtnuighe, an mbi bail ar an bhfaoisidin?



M. Ni bhi, achd coireadh peacadh marbhtha nua a gcionn a
raibhe air roimhe; ma ghlacann Naomhshacramaint na haltora
san sdaid sin, doni peacadh marbhtha fos oile.



D. Creud i daingne na hoibliogaide ata ar an athair faoisidne
run do dheunamh ar na peacadhuibh dochluin san bhfaoisidin?



M. Ata a cheangal chomor sin go bhfuil dh'fhiachuibh air bas
d'fhulang sul do aidmheoghadh enpheacadh dhiobh.



D. Creud doni an t-athair faoisidne d'eis fheasa ar bpeacadh
d'fhaghail?



M. Do bhrigh gur ordaigh Dia e mur bhreitheamh isna
peacadhaibh donithear iar mbaisdeadh agus go ttug a ughdardhas
fein dho dochum a maithmhe, cuireadh breitheamhnas aithrighe
no loirghniomh oruinn agus dobheir absoluid duinn, le a maithear
coir ar bpeacadh agus le a cclaochlaithear an phian shiordhuidhe
dlighthear a n-ifreann ar a son a bpein aithghirr aimsiorrdha ar
an saoghal so no a bpurgadoir.



D. Creud ata dh'fhiabhuibh d'eis na faoisidne?



M. An breitheamhnas aithrighe do dhiol an tan fheudfam go
homchubhaidh, oir as leis fein agus le ar ndeaghoibribh oile do
nimid loirghniomh san saoghal so isna pianuibh aimsiorrdha
anas d'eis an pheacadh do mhaitheamh.



D. Creud iad na deaghoibre as gnath do dheanamh a
loirghniomh an pheacaidh?



M. Urnaighthe, trosgadh, agus deirc; oir as leo thoirbhireas
duine na tri neithe atá aige do Dhia, .i. maitheas an anma leis
an urnaighthe, an chuirp leis an ttrosgadh, agus a shaidhbhris
saoghalta leis an deirc.



D. Cia ar a mbi an tsacrumaint si do riachtanas?



M. Ar an uile dhuine doni peacadh marbhtha iar mbaisdeadh,
oir ni heidir a shlanughadh gan faoisidin, no go hairidhe gan
run faoisidne.



D. An slanughthear neach leis an run sin amhain?



M. Slanaighthear an te bhios a nguais bais gan cumas ar a
fhaoisidin do dheunamh da raibh croidhebhrudh aige maille re
run faoisdne, an uar fheudfas.


L. 65


D. An bhfuil maith ar bioth oile san bfhaoisidin?



M. Ata, oir gnoaigheadh don te doni í luaighidheacht na
ndeaghoibreadh do chaill roimhe sin ag deunamh an pheacadh
mharbhtha; os a chionn so, ni fhuil ar bioth ni as fearr chongmhas
duine o na peacadhaibh ina an fhaosidin mheinic.



AN 19 CAIB.



DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRIOSD AGUS DON CHUID
OILE DHIOBH.



D. Cia bhios do lathair aguinn a sacramaint chuirp Chriosd?



M. Criosd ar tTighearna, Dia agus duine, idir anam agus chorp.



D. Creud iad na neithe iarrthar dochum na sacramainte si?



M. Sagart, mur d'ordaigh Criosd, aga mbí intinn a deunta,
aran cruithneachta agus fion firinneach, agus an sagart do radh
briathar aridhe os cionn an arain agus an fhiona cheadna.



D. Cionnas thig Criosd san abhlainn?



M. Ag radh na mbriathar don tsagart os a cionn le a
naomhchoisreagthar í, donithear corp fire Chriosd di, agus do
bhrigh go bhfuil corp Chriosd beo ceangailte don diadhacht
a bpearsan an Mheic, tig an corp gona fhuil ceangailte don
diadhacht san abhlainn an uair si, ionnas go mbi Criosd 'na
Dhia agus 'na dhuine bithbheo inte, agus do bhrigh nach eidir pearsana
na Trionnoide do sgaradh le a cheile, bi fos an Trionnoid uile
innte.



D. An mbi Criosd san ccailis?



M. Bidh gan chonntabhairt.



D. Cionnas thig sé innte?



M. Ag radh na mbriathar os a cionn le a naomhchoisreagthar
an fion bhios innte, donithear fuil Chriosd de, agus do bhrigh nach
bhfuil an fhuil si a n-eagmuis a chuirp, bidh an corp agus an diadhacht
ceangailte do ghnath dhi san ccailis, ionnas go mbi Criosd go
hiomlan 'na Dhia agus 'na dhuine, agus tri pearsana na Trionnoide
san ccalis cheadna.



D. An mbi an t-aran maraon re corp Chriosd san abhlainn?


L. 66


M. Ni bhi, oir ge nach ttreigean an abhlann lena
naomhchoisreagadh fioghair, dath, blas, no boladh arain, tar a cheann
sin, ni anann ni ar bioth do shubsdaint an arain innte gan dul
ar neimhni ar ball an tan doníthear an naomhchoisreagadh.



D. An mbi fos an fion maraon le fuil Chriosd san ccalis?



M. Ni bhi, oir ge nach ttreigeann an ni bhios inte aicíde an
fhiona, mur ata blas, bolath, dath, fioghar, agusr., tar a cheann sin,
ni anann ni ar bioth do shubsdaint an fhiona innte nach teid ar
ball ar neimhni lena naomhchoisreagadh.



D. An tan bristear an abhlan, an mbristear corp Chriosd?



M. Ni bristear, oir da ndearntaoi mile cuid di, ni bhiadh
eunchuid diobh nach biadh Criosd uile go hiomlan innte.



D. Cionnas sin?



M. Do bhrigh nach bi a cheann a n-ait agus a chosa a
n-ait oile san abhlainn acht go mbi a chorp uile go hiomlan gona
bhallaibh go huilidhi in gach eunchuid da loighead dhi.



D. An bhfagbhann Criosd flaitheamhnas De an tan thig
chugainn san sacramuint si?



M. Ni fhagbhann, acht bi a n-aoineacht a bfhlaitheamhnas
agus ar an altoir, gach ait ina n-abarthar aithfreann feadh an
domhain.



D. Cionnas theagmhaid na neithe ro-iongantacha so?



M. Le morchumhachtuibh De; agus, mas deacair leat so do
thuigsin, tuig gurab mó as eidir le Dia do dheunamh ina as
eidir leat fein do thuigsin. Da bhrigh sin, na hiarr iad so do
thuigsin le reasun nadurtha, acht creid iad ar an adhbhar gur
fhoillsigh Criosd, leis nach eidir breug do dheunamh, go bhfuilid
'na bhfirinne.



D. Creud i an onoir dlighthear don tsacramaint si?



M. Gach onoir dlighthear do Dhia, oir as punc dar ccreideamh
go bhfuil Criosd do reir a dhiadhachta agus a dhaonnachta, agus fos
tri pearsana na Trionnoide innte, agus, mur sin, nach fulair gach
onoir dlighthear dhoibhsin do thabhairt dhi.



D. Creud ata dh'fhiachuibh ar an te thig do chaitheamh na
sacramainte si?



M. O thus, a choinsias do sgruda agus a pheacaidh (ma ataid aige)
do chor a bhfaoisidin, 'na dhiadh sin, gan biadh no deoch da
loighead o mheadhon oidhche amach go caitheamh na sacramainte


L. 67


arna bharach do chaitheamh, agus a glacadh maille re
iomad deuosion.



D. An gcuireann duine o cheudlongadh a shile do léigean sios?



M. Ni chuireann, agus ní he amhain sin acht da ttuiteadh beagan
uisge da neamhthoil ina bhraghuid, as eidir leis corp Chriosd do
ghlacadh 'na dhiaidh sin.



D. An coir do na daoinibh bhios ag caitheamh comaoineach,
iar gcaitheamh chuirp Chriosd san abhlainn, an fhuil d'fhaghail
on sagart san ccailis?



M. Ni coir, oir dogheibhid a chorp agus a fhuil go hiomlan san
abhlainn fein, da bhrigh sin, as lor dhoibh fion gan choisreagadh,
no uisge, no gan einni d'fhaghail 'na dhiaidh, agus ata a n-aghaidh
gnais agus ordaighthe na heagluisi a aithearrach sin do thabhart
doibh.



D. Creud as coir do dheanamh d'eis comaoineach do chaitheamh?



M. Comhnaidhe ar feadh aimsire ag tabhairt buidheachuis
do Dhia san taodhlacadh mhor sin, agus an la iar sin do chaitheamh
go craibhtheach a ndeaghoibribh, agus gan e fein do dhortadh go
mor ar sholás ar bioth corpordha.



D. Creud as ungadh dheidheanach ann?



M. Sacramaint ina ttabhairthear an leighios sbioradalta
deidheanach don Chriosduidhe.



D. Cia darab coir a glacadh?



M. Don duine theinn thainig dochum crionnachta agus air a
mbeirthear breath bháis.



D. Creud an mhaith doni dhó?



M. Dogheibh tri neithe da toradh: an ceidní, fuighleach na
bpeacadh, .i. na peacaidh nar chuimhnigh do chur a bhfaoisidin,
do sgrios. An dara ni, neart agus brigh a n-aghaidh aidhbhirseoireacht
an diabhail agus na nguasacht mor ata chuige a bpunnc a bhais.
An treas ní, slainte chuirp, mas e sin leas anma.



D. Ga mheud uair as coir an tsacramaint si do ghlacadh?



M. Eunuair ann gach teinneas conntabhartach.



D. Creud as ord no as gradha coisreagtha ann?



M. Sacramaint ina ttabhairthear cumhachta agus grasa do
shagorduibh agus do chleircibh dochum na sacramainteadh agus gach
oific oile bheanas le balluibh na heagluisi do dheunamh.


L. 68


D. Ga mheud gradha glacar?



M. A seacht is eigean do ghabhail suil bhios duine 'na shagart,
.i. cheithre gradha beaga agus tri gradha coisreagtha.



D. Creud iad na cumhachta bhios ag an sagart seach chaich
oile?



M. Bidh cumhachta aige o Chriosd a chorp agus a fhuil fein do
dheunamh d'aran agus d'fhion lena naomhchoisreagadh, agus fos
maitheamhnas do thabhairt sna peacadhuibh donithear iar
mbaisdeadh.



D. Creud ata dh'fhiachuibh ar an te leurab mian na gradha
do ghlacadh?



M. Bheith baisdthe, iar ndul fa laimh easbaig, agus gan bheith
posda no a bpeacadh mharbhtha aga nglacadh.



D. An eidir le gach aon na gradha do ghlacadh?



M. Ni heidir, acht le fear; iarrthar fos aois airidhe agus foghluim
iomchubhaidh chuca.



D. Creud as posadh ann?



M. Coimhcheangal fir agus mna, chiallaigheas ceangal De
re hanam an Chriosdaidhe agus Criosd leis an eagluis.



D. Creud iarrthar dochum an phosda?



M. Gan toirmeasg do bheith ar cheachtar don lanamhuin,
mur ata moid geanmnaidheachta shollamanta, gradha coisreagtha,
posadh oile, dioghbhail aoisi, col gaoil no uisge, toil
iomlan gach pearsan diobh gan eagla gan coimheignioghadh, agus
sin d'fhoillsiughadh o bhreithir no le comhartha eigin oile
foirimealach, fiadhuin agus sagart porraisde do bheith do lathair.



D. An mbi foghnamh ar an bposadh da raibh einní dhiobh
sin d'easbhaidh air?



M. Ni bhi san ait inar gabhadh comhairle Thriont; isna
haitibh oile, trath, bi buil ar an bposadh gan fhios, gan fhiadhain,
gan tsagart porraisde, ge go bpeacaighid go trom lucht a dheunta.



D. Creud na neithe oibrigheas an posadh san lanamhuin?



M. Grasa le a bhfeudaid iad fein do choimheud ar chathaighthibh
na colla, maille re gradh sbioradalta do bheith aca fein
ar a cheile; grasa le a bfheudaid clann do dheunamh gan
pheacadh, cuibhreach idir an lanamhuin nach eidir le duine ar
bioth do sgaoileadh.


L. 69


D. Creud fa ttoirmisgthear an posadh san cCorghas agus san
Aidveint?



M. Do bhrigh gurab aimseara aithrighe agus chrabhaidh iad
agus nach iomchubhaidh an mheid mheanman agus an t-urghairdeas
as gnath san mbanais do bheith ionnta.



AN 20 CAIB.



DO NA SUBHAILCIBH, d'OIBRIBH AN TROCAIRE, DO
NA BEANNAIGHTHIBH, DO CHOMHAIRLIBH AN TSOISGEIL,
DO THIODHLAICTHIBH AGUS DO THOIRTHIBH
AN SBIORAD NAOMH.



D. Creud ata dh'fhiachuibh go coitcheann ar an cCriosdaidhe?



M. Maith do dheunamh, .i. subhailce, agus an t-olc do
sheachnna, .i. an locht.



D. Creud as subhailce ann?



M. Cailidheacht sbioradalta bhios san anam, dobheir ar neach
bheith 'na dheaghdhuine, agus claonadh do bheith aige dochum
deaghoibreadh do dheunamh.



D. Ga mheud subhailce ann?



M. A seacht go sunradhach, .i. tri shubhailce diadha agus cheithre
shubhailce cardionalta.



D. Creud iad na subhailce diadha?



M. Creideamh, dochas, agus gradh.



D. Creud fa ttugthar subhailce dhiadha orra?



M. Do bhrigh go cceanglaid an t-anam le Dia, le a amhain
doirtthear san anam iad.



D. Creud iad na lochta ata contrardha dhoibh?



M. Eithriceacht, eudochas, agus fuath; agus gibe leighfios ar
sgriobhamar ar an bPaidir agus ar an cCre roimhe so agus ar fos no
haitheantuibh, ni cas iad so uile do thuigsin.



D. Creud iad na subhailce cairdionalta?



M. Crionnacht, ceart, neart, agus measarrdhachd.



D. Creud as crionnacht ann?


L. 70


M. Solus agus riaghail na subhailcedh oile, mhuineas gach ni do
dheunamh go hiomchubhaidh an am.



D. Creud iad na lochta ata contrardha dhi?



M. Meardhanacht, dobheir ar dhuine ni do dheanamh gan
feachuin 'na thimcheall, agus fos cealg no mealltoireacht.



D. Creud as ceart ann?



M. A chuid dhileas fein do thabhairt do gach aon; agus as de
gairthear fundamaint na siothchana.



D. Creud iad na lochta ata contrardha dho?



M. Eugcoir, cruas croidhe, agus caolagarthaighe.



D. Creud as neart ann?



M. Beodhacht sbioraide chlaoidheas an uile dhochar bhios ag
cur toirmisg ar na deaghoibribh, agus dobheir ar na mairtiribh
bás d'fhulang ar son a ccreidimh agus gloire De.



D. Creud iad na lochta ata 'na aghaidh?



M. Meatacht agus ainbheodhacht, mur ata duine da chur fein a
nguais gan chuis gan riachtanas.



D. Creud as oific don mheasarrdhacht?



M. Srian do chur ris na hainmhianaibh: an antoil as dubhailce
chontrarrdha dhi.



D. Creud as obar throcaire ann?



M. Subhailce le a ccuidighmid tre throcaire le ur ccomharsain
ina riachtanas sbioradalta no corpardha.



D. Ga mheud obair throcaire ann?



M. A ceathair deug, .i. seacht n-oibre corpardha agus a seacht
n-oibre sbioradalta.



D. Creud iad oibre corparrdha na trocaire?



M. Biadh don occarach, deoch don iotadhach, eudach don
nocht, aoidhidheacht don n-aoidhidh, cuairt ag easlanuibh,
cuairt ag priosunachaibh, a bhfuasgladh, agus adhlacadh mairbh.



D. An bhfuil dh'fhiachubh oruinn deirc do thabhairt ar
uairibh do bhochtuibh?



M. Ata, an tan bhid a riochtanas agus ar ar ccomas congnamh leo.



D. Creud fa n-adhlaicthear cuirp na cCriosdaidheadh a
tteampoll na a reilig choisreagtha?



M. Ionnas go mbiadh a ccuid don urnaighthe agus do na haifreannuibh
adeirthear san áit sin aca, agus gurab moide do guidhfidhe


L. 71


orra e, maille ris sin go bhfuil an ait fein coisreagtha, agus go ttabhair
siocair do na beoaibh smuaineadh ar an mbas.



D. Creud iad oibre sbioradalta na trocaire?



M. An t-ainbhfiosach do theagasg, an peacthach do smachtughadh,
comhairle do thabhairt don te ata 'na riachtanas,
euccoir d'fhulang go foidhidneach, maitheamh gach uilc da
ndeuntar dhuinn, solas do lucht an dobroin, guidhe ar bheoaibh
agus ar mharbhuidh agus ar lucht ar n-inghreama.



D. Cia as mo ar a bhfuil dh'fhiachuibh na peacthaigh do
smachtughadh?



M. Ar na huile uachtaranuibh tuaithe agus eagluisi.



D. Creud an t-olc inar coir dhuinn maitheamhnas do thabhairt?



M. San uile olc agus euccoir, dha mheud, dha mhionca.



D. Ga huair as mo bhios luaighidheacht ag an obair throcare?



M. An tan donithear í ar son De dariribh don te as mo
riachtanas.



D. Creud as luach dh'oibribh na trocaire?



M. An righeacht neamhdha, dobheura Criosd uaidh, mar
adeur fein la an bhreitheamhnais dheidheanaigh a bhfiadhnaisi
fhear ndomhan re lucht a ndeunta, “Teagaidh, a lucht
na mbeannocht, etc.,” Matt.25.



D. An bhfuilid gne oile dheaghoibreadh ann?



M. Ataid a tri: trosgudh, deirc, agus urnaighthe, air ar labhramar
thuas cheana.



D. Creud iad na hocht mbeannaighthe?



M. Daoine dar gheall Criosd an bheatha shiordhaidhe ar
son dheaghoibreadh spesialta.



D. Abair iad sin damh.



M. Beannaighthe na boicht ó sbioraid, oir budh leo righeacht
nimhe. Beannaighthe na ceannsaighthe, oir bu leo do sheilbh
an talamh. Beannaighthe na dobronaigh, oir biadh solas aca.
Beannaighthe na hiotadhaigh agus na hocraigh ar son an cheirt,
oir biadh sasadh o Dhia aca. Beannaighthe na trocairigh, oir
dogheubhaid trocaire o Dhia. Beannaighthe na glanchroidhthigh,
oir dogheubhaid radharc De. Beannaighthe na siothchanta,
oir goirfidhear clann De dhiobh. Beannaighthe na hinghreamtha
ar son an cheirt, oir bu leo flaitheas De.



D. Creud iad comhairleacha an tsoisgeil?


L. 72


M. Teagasg subhailcheach tug Criosd san tshoisgeul uadh, .i.
bochtacht o sbioraide, umhlacht fhoirbhthe, agus geanmnaidheacht
fhiorghlan.



D. An bhfhuil dh'fhiachuibh ar aoinneach iad so do leanmhuin?



M. Ni bhfuil, achd ar an te ler toil.



D. An math do neach moid do thabhairt iad so do chomhall?



M. As romhaith, ma bheir i go ngairm sheasbhaigh agus go
ccomharle n-abuidh, do bhrigh gurab i so an sdaid inar cinnte as
eidir linn toil De agus slainte ar n-anma do dheunamh, ag leanmhuin
luirg Chriosd agus na n-absdal.



D. An bhfuil dh'fhiachuibh ar Dhia luach saothair do thabhairt
ar son na ndeaghoibreadh?



M. Ata, an bheatha neamhdha, do reir a gheallamhna.



D. Creud an bhrigh ata aca tre a ttuilmid flaitheamhnas?



M. Brigh dheaghoibreadh ar Slanaightheora Criosd, trear ghlac
Dia iad agus treur gheall an bheatha shuthain dhuinn ar a son.



D. Ga mheud tiodhlacadh an Sbiorad Naoimh ann?



M. A seacht: eagna, tuigse, comhairle, neart, fios, buidhe, agus
eagla an Tighearna.



D. Creud an mhaith donid duinn?



M. Comhoibrighid linn a slighidh na subhailceadh dochum dul
ar ar n-aghaidh san mbeathadh sbioradalta, oir as tre eagla De
sheachnamaoid an t-olc, tre bhuidhe bimid craibhtheach agus umhal
do Dhia, tre fhios bi aithne thoile De againn, tre neart donimid
a thoil, tre chomhairle glacamaoid an mhaith do roghain, tre
thuigse bhios fios diamharrun an chreidimh aguinn, agus tresan
eagna riaghlamaoid sin fein agus ar ngniomhartha dochum gloire
De, mur theagasgas an eagna dhuinn.



D. Creud iad toirthe an Sbiorad Naoimh?



M. Na subhailce oibrigheas se isna daoinibh doni a thoil.



D. Creud iad sin?



M. A do dheug a líon, .i. gradh, solas sbioradalta, siothchain,
foidhidne, siothbhuaine, maitheas, deaghthoil, ceannsacht,
macantas, creidiomh, measarrdhacht, geanmnaidheacht.


L. 73


AN 21 CAIB.



DO NA LOCHTUIBH, DO NA CEADFADHUIBH CORPORRDHA,
AGUS DO CHUMHACHTUIBH AN ANMA.



D. Creud as lochd ann?



M. Claonadh na nadura dochum neithibh bhios a n-aghaidh
na subhailceadh.



D. Creud e an t-olc tainig as an cclaonadh so?



M. An peacadh.



D. Creud as pecadh ann?



M. Ni do dheunamh a n-aghaidh De no na heagluisi, mur
ata duine do mharbhadh, goid do dheunamh, agus a samhuil oile
so, no an ni ata dh'fhiachuibh orra do dheunamh o aitheantuibh
De no na heagluisi do leigean diobh, mur ata gan aifrionn
dh'eisdeacht la saoire, agus a shamhuil oile.



D. Ga mheud cineal peacaidh ann?



M. Da chineul, .i. peacadh na sinsear agus peacadh gniomha.



D. Creud as peacadh na sinnsear ann?



M. Easccairdeas De agus easbhaidh gras, inar geineadh an uile
dhuine acht Criosd ar tTighearna agus a mhathair Muire o do
pheacaidh ar cceudathar Adhamh a n-aghaidh aithne De a
bparrthas, oir ata an peacadh so a n-oidhreacht aga shliocht o
shoin a le no go nglanann an baisdeadh é.



D. Creud iad na huilc thig dhuinn as?



M. Bas cinnte, iomad saothar agus easlainte, claonadh dochum
an uilc, leisge fa dheaghoibribh do dheunamh.



D. Creud as peacadh gniomha ann?



M. An peacadh donimid fein.



D. Cionnas bhios?



M. Ar dha mhodh, .i. 'na pheacadh mharbhtha agus 'na pheacadh
shologhtha.



D. Creud as peacadh sologhtha ann?



M. Peacadh donithear a n-aghaidh De a ccuis bhig gan
eifeacht, no gan aire iomlan ag duine ar fein aga dheunamh.



D. Creud iad na huilc doni na peacadha sologhtha dhuinn?



M. Lagaighid an t-anam, laghdaighid a ghrasa agus a ghradh ar


L. 74


Dhia, claonuid an toil dochum an pheacadh mharbhtha, agus maille
ris sin bíd piana troma 'na dhiaidh, dioltar san saoghal so no
a bpurgadoir.



D. Creud fa ngoirthear peacadh solaghtha dhe?



M. Ar an adhbhar nach sgriosann na grasa uainn agus gurab
urasa a mhaitheamh, mur dubhramair thúas.



D. Creud as peacadh marbhtha ann?



M. Briathar, gniomh, no smuaineadh le a bpeacaighthear go
trom a n-aghaidh aithne De no na heagluisi.



D. An peacadh marbhtha gach peacadh donithear a
n-aghaidh na n-aitheanta so uile?



M. Ni headh, muna raibh a ccuis eifeachtaigh maille re a
dheunamh do thoil agus a aire fos ar fein.



D. Creud fa ttugthar peacadh marbhtha air?



M. Do bhrigh go sgarann grasa De, as beatha don anam,
ris agus go ttuilleann bas siordhaidhe a n-ifrionn dó.



D. Ga mheud peacadh marbhtha ann?



M. A seacht go sunradhach; agus as iad fein tobair agus freumha
uile pheacadh mharbhtha agus shologhtha oile, .i. diomas, saint,
druis, tnuth, craos, fearg, agus leisge.



D. Cionnas claoithear iad so?



M. Leis na subhailcibh si ata contrardha dhoibh: umhlacht,
feile, geanmnaitheacht, gradh, measardhacht, foidhide, dithcheall
craibhtheach.



D. Creud as diomas ann?



M. Fonn ainmheasarrdha dochum bheith os cionn chaich oile.



D. Creud as umhlacht ann?



M. Fon measardha bheith futha.



D. Creud as saint ann?



M. Fonn drochordaighthe dochum saidhbhris.



D. Creud as feile ann?



M. Fonn deaghordaighthe neith do thabhart uaidh mur as
iomchubhaidh.



D. Creud as druis ann?



M. Fonn peacaidh na colla.



D. Creud as geanmnaitheacht ann?



M. Fonn gloine chuirp agus anma.



D. Creud as tnuth ann?


L. 75


M. Doilgheas fa mhaith na comharsan.



D. Creud as gradh na comharsan ann?



M. A mhaith do dheunnamh mur budh mhian linn dhuinn
fein.



D. Creud as craos ann?



M. Fonn mimheasardha bidh agus dighe.



D. Creud as measardhacht ann?



M. An droghchlaonadh sin do shrianadh.



D. Creud as fearg ann?



M. Fonn dioghaltais.



D. Creud as foidhidne ann?



M. Fulang deontach gach aindlighe, gach duaidh, agus gach
saothair, agusr.



D. Creud as leisge ann?



M. Bheith mall mainneachtnach a seirbhis De.



D. Creud as dithchioll craibhtheach ann?



M. Suilbhire agus easguidheacht san gcrabhadh.



D. Creud iad na peacadh donithear a n-aghaidh an Sbiorad
Naoimh?



M. Na peacadh bhios a n-aghaidh throcaire De, .i. andochas
as a ghrasaibh gan deaghobair, eudochas, cur a n-aghaidh na
firinne as a riocht, doilgheas fa ghrasuibh na comharsan,
neamhaithrighe isna peacadhuibh a n-aimsir bhais.



D. An riu so adeirthear nach maithear iad abhos na thall?



M. As riu.



D. Nach maithear iad fein agus an uile pheaca da mheud leis an
aithreachas firi?



M. Donithear, gidheadh, adeirthear nach maithear iad abhos
na thall do bhrigh gurab roidheacair a maitheamh, oir as ro-annamh
lucht a ndeunta ag deunamh aithreachais.



D. Cred fa mbid peacadh ag glaodhaigh ar Dhia ag iarraidh
dioghaltais?



M. Oir go bhfuilid chomhurchoideach sin go n-iarruid ceart
De do thaisbeunadh san saoghal so fein.



D. Creud iad so?



M. A ceathair a lion: duine do mharbhadh dod dheoin,
peacadh mionadurtha, foirneart ar bhochtuibh, ar dhelleachtuibh,
no ar bhaintreabhachuibh; congmhail thuarasdail o lucht oibri.


L. 76


D. Cia thairngeas peacaidh coimhdheacha chaich oile air?



M. An te chomhairligheas, fhulaireas, iarras, aontaigheas,
mholas, no cheadaigheas an peacadh dho dheunamh, cheileas
no chosnas iad, no aga mbi a chuid doní choimhidheach go
heigceart.



D. Ga mheud easccara ag an anam?



M. A tri, .i. an diabhal, an saoghal, agus an cholann.



D. Cionnas ataid 'na naimhdibh aige?



M. Oir go ccuirid cathaighthe ar an toil aonta do thabhairt
don pheacadh.



D. An eidir leo a chur dh'fhiachuibh ar neach peacadh do
dheunamh?



M. Ni heidir.



D. Cionnas chuireas an diabhal cathaighthe oruinn?



M. Ag tabhairt droghsmuaineadh in ar n-inntinn.



D. Cionnas claoithear iad so?



M. Go sunradhach ag smuaineadh ar phais ar tTighearna, agus
leis an uisge choisreagtha.



D. An bhfuil brigh, mur sin, ag an uisge choisreagtha a
n-aghaidh an diabhail?



M. Atá, agus, uime sin, as coir do chach a bheith aca ina ttighthibh
agus a chrothadh orra fein go meinic.



D. Cionnas chuireas an saoghal cathaighthe oruinn?



M. Ag ar ttarruing dochum a bhreugsholais bhig fein.



D. Cionnas claoitear é?



M. Ag cimheud aitheanta De, ag leanmhuin luirg Chriosd agus
na naomh.



D. Cionnas chuireas an cholann cathaighthe oruin?



M. Le a droichleanntuibh agus le ceadfaidheacht.



D. Cionnas claoitear iad so?



M. Le grasuibh De agus le freachar na subhailceadh.



D. Ga mheud cumhacht ag an anam?



M. A tri: meabhair, tuigse, agus toil.



D. Creud fa ttug Dia tuigse dhuinn?



M. Ionnas go ttuigmis agus go ndeinmis a thoil.



D. Creud fa ttug meabhair dhuinn?



M. Ionnas go mbiadh cuimhne aguinn air fein, ar a aitheantuibh,


L. 77


agus ar a thiodhlaicthibh dhuinn, agus go ttabhramaois
buidheachas dho ionnta.



D. Creud fa ttug toil shaor dhuinn?



M. Ionnas go ttabhramaois gradh dhó os a huilibh agus go
ndeinmis a thoil go diongmhala.



D. Ga mheud ceudfadh corpardha aguinn?



M. A cuig, .i. radharc, eisdeacht, blas, boladh, agus mothughadh.



D. Creud fa ttug Dia na ceudfadha so dhuinn?



M. Ionnas go ndeunmaois seirbhis diongmhala dho fein leo.



AN 22 CAIB.



DON AIFRIONN.



D. Cred as aifrionn ann?



M. Iodhbairt chuirp agus fhola ar Slanuightheora Iosa Criosd do
ni an sagart san reacht nua agus ofrailthear don Athair neamhdha;
agus as í sin an iodhbairt as uaisle agus as diongmhala ar bioth.



D. Cionnas sin?



M. Oir as i do ofrail se fein don Athair cheudna a ccrann na
croiche ar ar soin-ne, agus as e fein dorighne an ceudaifrion, do
orduigh o thus é agus tug ughdardhas a dheunta dha absdaluibh
agus do gach sagart da ttig ar a lorg san eagluis.



D. Cia ofraileas an iodhbairt si anois?



M. Criosd ar Slanuightheoir go prionsiopalta, bhios gach laoí
aga aithiodhbairt fein ar ar son da Athair.



D. Creud doní an sagart adeir an t-aifrionn?



M. Taissealbhuidh pearsa Chriosd agus ofrailidh mar thimithridh
agus mar ionsdrumaint an naoimhiodhbairt si don Athair
cheadna.



D. Creud donid an lucht eisdeas an t-aifrionn?



M. Ge nach bhfuil cumhacht aca an tsacraifis do dheunamh,
an mheid go n-eisdid an t-aifrionn, mar atá ag an sagart, ar a
shon sin, ar mhodh airidhe, ataid 'na ttimthiribh san tsacraifis
eisdid amhuil budh í a sacraifis dhileas fein í.


L. 78


D. Creud an cruth a n-iodhbairthear Criosd a sacraifis an
aithfrinn?



M. Go dobhasaighthe glormhar, ag ofrail luaighidheachta a
bheathadh, a phaisi, agus a bhais ar ar soin-ne amhuil budh i an
uair sin do fhuileonghadh ar ar son í.



D. An í an iodhbairt si an aifrinn ni as mo thaithnigheas
le Dia?



M. As í, do bhrigh nach eidir linn onoir as mó ina í do dheanamh
dho, oir ata si doimheasda tre bheith do chorp agus d'fhuil ar
tTighearna do lathair innte.



D. Creud iad na codcha as prinnsiopalta don aifronn?



M. An naomhchoisreagadh, le a ndeuntar corp agus fuil Chriosd
don aran agus don fhion, caitheamh an chuirp agus na fola ceudna.



D. Creud far ordaigh Criosd an iodhbairt si?



M. Ar thri hadhbharuibh: an ceudadhbhar, ionnas go mbiadh
'na bhiadh sbioradalta ag na hanmannuibh, oir, mur bheathaigheas
aran an corp, as mur sin bheathaigheas an tsacramaint
si an t-anam. An dara hadhbhar, ionnas go mbiadh iodhbairt
san reacht nua ga dheunamh do Dhia mur dobhiodh san seinreacht.
An treas adhbhar, ionnas go mbiadh 'na chuimhne
shiordhaidhe aguinn ar a phais fein agus ar a ghradh oruinn agus ar
a thiodhlaicthibh mora dhuinn, ionnas go musgaltaoi ar
n-inntinn dochum a ghradhaighthe ar a son.



D. Creud an mhaith doni an t-aifrionn duinn?



M. As leis ceansaighthear fearg Dhe rinn, agus beirthear iomad
tiodhlaiceadh dhuinn ar an saoghal so agus fos do na hanmannuibh
a bpurgadoir.



D. Cia da tteid an t-aifrionn a sochar?



M. Do bhalluibh na heagluisi go coitcheann agus go sunradhach
don te ar son a n-abairthear e, don tsagart adeir, agus don lucht
eisdeas é.



D. Creud do chiallaigheas an miochd?



M. An brat do chuir an cineadh Iudaidhe ar shuilibh Chriosd,
aga bhualadh agus ag radh, “Innis cia do bhuail thu.”



D. Creud chiallaigheas an leine aifrinn?



M. An t-eudach geal do cuireadh a ttigh Heroid air ag
fochuidbheadh faoi.


L. 79


D. Creud chiallaigheas an crios, an mainiopal, agus an sdoil?



M. Na cuibhrighthe ler ceangladh é.



D. Creud chiallaigheas an cochall?



M. An chroich.



D. Creud chiallaigheas an altoir?



M. Sliabh Chalvari.



D. Creud chiallaigheas an chailis?



M. An tumba.



D. Creud chiallaigheas an chorporail?



M. An brat lín inar sineadh e.



D. Creud chiallaigheas an Confiteor san aifrionn?



M. Mar do ghlac Criosd ar tTighearna peacadh an domhain
ar fein.



D. Creud chiallaigheas Introitus?



M. Fonn na n-aithreach naomhtha Criosd do theacht.



D. Creud chiallaigheas Kirie eleison?



M. An bhochtacht adhbhalmhor ina raibh an cineadh daonna,
isa foirthin do iardaois ria n-ionchollughadh Chriosd.



D. Creud chiallaigheas Gloria in excelsis?



M. Urghairdeas geineamhna Chriosd.



D. Creud chiallaigheas an eipistil?



M. Mar do roimhghealladh agus do fioghradh ar tTighearna
san sgrioptuir naomhtha.



D. Creud chiallaigheas an soisgeal?



M. Teagasg na n-absdal treur shoillsigh Criosd an domhan.



D. Creud chiallaigheas an Chre?



M. Admhail chreidimh Chriosd.



D. Creud chiallaigheas Offertorium?



M. Mur do iodhbair Criosd e fein don Athair ar son shlainte
an chinidh dhaonna.



D. Creud chiallaigheas an phreafaid?



M. Mur dochuaidh Criosd go Ierusalem agus mur do glacadh
innte e mur mhac Dhavidh maille re hurghairdeas.



D. Creud chiallaigheas an cheud Memento?



M. Urnaighthe Chriosd san lubhghort, a anbhfainne, a allas
fhola, a ghabhal, agus teitheamh na n-absdal.



D. Creud chiallaigheas an tan shíneas an sagart a lamha


L. 80


suas agus chuireas iad os cionn na cailisi agus ghlacas iar sin
an abhlann?



M. A ghabhail, a cheangal, a sgiursal, a choronughadh le spín.



D. Creud chiallaigheas an chros doní iar sin os cionn na
habhlainne?



M. Cur Chriosd a ccroich.



D. Creud chiallaigheas togbhail na sacramainte agus na cailsi?



M. Togbhail ar tTighearna Chriosd san ccroich cheusda.



D. Creud ciallaighthear an tan cuirthear an tsacramaint agus an
chailis ar an ccorparoil agus folaighthear an chailis?



M. Bas an Tighearna, a thabhairt annuas don chroich, agus mur
do cuireadh e san tumba sinte a mbrat lin.



D. Creud ciallaighthear san dara Memento?



M. Mar dobhi a chorp san tumba, mur dochuaidh a anam
go priosun na n-aithreach naomhtha agus mur do fhuasgail iad.



D. Creud ciallaighthear le bualadh an ochta ag radh, Nobis
quoque peccatoribus?



M. An mheud do chuir ar Chriosd peacadha an chinidh
Iudaidhe aga bhasughadh.



D. Creud chiallaigheas togbhail na sacramainte an athuair?



M. Eiseirghe ar tTighearna.



D. Creud chiallaigheas an Phaidear?



M. Urnaighthe Mhuire agus na n-absdal riana eiseirghe.



D. Creud ciallaighthear ag radh, Pax Domini sit semper
vobiscum?



M. Mur do thaisbeun Criosd e fein doibh iar n-eiseirghe.



D. Creud ciallaighthear le briseadh na habhlaine beannaighthe?



M. Mur do haithnigheadh Criosd ar bhriseadh an aráin a
nEmaus.



D. Creud chiallaigheas na tri codcha donithear dhi?



M. Na tri dronga da tteid a ttarbha, .i. an lucht ata a
bhflaitheas De, an lucht ata san saoghal so, agus na hanmanna
ata a bpurgadoir.



D. Creud ciallaghthear ag radh, Agnus Dei, etc.?



M. Go n-oibrighean an tsacramaint si naomhadh na n-anmann
agus go maitheann na peacadh.


L. 81


D. Creud ciallaighthear ag radh, Domine non sum dignus, etc.?



M. An t-ullmhughadh as coir do dheunamh dochum na
naomhshacramainte si do ghlacadh, agus fos dochum na comaoinigh
sbioradaltha.



D. Creud chiallaigheas caitheamh na sacramaint si?



M. Deasgabhail Chriosd.



D. Creud ciallaighthear ag radh, Dominus vobiscum?



M. Ge go ndeachaidh Criosd ar neamh, go bhfuil, ar a shon
sin, aguinne ar talmhuin san naomhshacramaint si.



D. Creud chiallaigheas iomad agus eugsamhlacht na ccros doni
an sagart san aifrionn?



M. Iomad agus eugsamhlacht na bpian mhor ro fhulaing Criosd
ar ar soin-ne.



D. Cionnas iomcharir thu fein a n-aimsir aifrinn?



M. Ar mo ghlunuibh gusan soisgeul, mo sheasamh an sein,
ag sleachtuin o sin amach, le haire gheir air, go ciuin socair
tromdha maille re reverens agus le honoir mhoir dhó, agus dom chur
fein a n-oireamhuin do sbioraid na heagluisi; agus, ag faicsin an
tsagairt san cculaidh ag tionsgna, smuainim ar Chriosd fa mar
dochifinn e agus a chroich ar a ghuaillibh ag dul go Sliabh Calvairi.
Coisrigim me fein leis agus freagraim e maraon leis an ccleireach,
os iseal ar fad, iodhbraim agus ofrailim an t-aifrion do Dhia, agus
deirim na hurnaighthe as gnath a leabhranuibh craibhtheacha,
agusr.



AN 23 CAIB.



DON CHOMAOINEACH AGUS DO NA CRIOCHUIBH
DEIDHIONACHA.



D. Creud an t-ullmhughadh iarras an chomaoineach?



M. Foisidin go sunradhach.



D. Creud as faoisidin ann?



M. Gearan geur tuirseach doni an peacthach ar fein 'na
pheacadhaibh le sagart ga mbi ughdarrdhas dochum a sgaoilte


L. 82


uatha, maille re doigh absoloide agus maitheamhnas d'fhagháil
ionnta.



D. Cionnas ullmhuighir thu fein dochum na faoisidne?



M. Ag sgrudadh mo choinsias le smuaineadh dithcheallach ar
mo bheathadh reumhchaithte agus ag tarruing mo pheacadh im
chuimhne, agus sin a n-aimsir gheirr no fhada, do reir na faoisidni
as mian leam do dheunamh, m'oific agus mo churaim agus na
haimsire o righneas faoisidin.



D. Creud donir d'eis do pheacadh uile do thabhairt amhlaidh
go maith ad mheabhair?



M. Griosuim me fein dochum tuirsi agus croidheabhrudh
fam theagmhail ionnta mur as fearr as eidir damh.



D. Creud donir iar ccriochnughadh na caonduthracht so?



M. Teighim dh'ionsaighidh an athar faoisidne maille re gnuis
thuirsigh, go humhal croimcheannach mur as coir do chiontach
admhas a lochta a bhfiadhnuisi a bhritheamhan, agus fos maille re
huamhan, re heagla, agus re reuerens dom athair faoisidne, mur
fhear ionaid Chriosd, dochum breithi sgaoilti no cheangail do
thabhairt oram.



D. Creud doni tú annsin ag teacht a bhfagas do chathoir
bhreitheamhnuis an oidi faoisidne?



M. Leigim me fein ar mo ghluinibh ag onorughadh Chriosd
ina bhreitheamh, re a bhfuilim ar thi mh'fhaoisidin do
dheunamh.



D. Cionnas iomchrair thu fein an tan sin?



M. Go tochtach tromdha neamhshuilbhir neamhshulard neamhuallach
nimheudtrom, go dubhach deurach dobronach maille re
humhla agus re hosnadhaibh, ag congmhail mo chinn go crom ag
admhail mo chionta.



D. Iar sin cionnas tionsgnair faoisidin?



M. Coisrigim me fein ar ttus, 'na dhiadh sin iarruim beannocht
an athar faoisidne, iar sin deirim mo Confiteor, tionsgnaim mo
pheacadha uile d'admhail go glan ordaighthe gan cumasg aoinni
nach beanann le hadhbhar, agus, fa dheoidh, iarruim go humhal agus
glacaim an bhreath aithrighe agus an absoloid.



D. Creud doni tu d'eis na habsoloid d'fhaghail?



M. Iar nglacadh beannachta an athar faoisidne agus iar ndeunamh


L. 83


mo reuerens dho, triallaim go tromdha uaidh go hionad uaigneach
eigin ag radh na hurnaighthe as maith iar bhfaoisidin.



D. Creud as comaoineach ann?



M. Caitheamh naomhshacramainti na haltora, ina bhfuil fuil
agus feoil ar Slanuightheora do lathar.



D. Cionnas ullmhuighir thu fein dochum a glacadh go ndiongmhala?



M. Leis an bhfaoisidin ghlain, leis an aithrighe agus leis an
doilghios adubhramar thuas; caithim mh'aimsir le crabhadh
iar gcaitheamh comaoineach, 'na dhiaidh sin triallaim dochum
altora go ciuin ceannsa umhal, le reuerens foirimealach agus
inmheadhonach; glacuim an chomaoineach iar sin le creideamh
mor, le dochas, agus le gradh, agus deirim urnaighthe mar as dual
'na diaidh; fa dheoidh, caithim an la o sin amach go crabhtheach
a n-urnaighthe agus a ndeaghoibribh.



D. Creud iad na neithe as mo thairngeas sinn on bpeacadh?



M. Midheamhuin dhithchiollach dhuibheaganach ar phais
Chriosd, agus neach go hinmheodhonach do smuaine go minic
ar a chriochuibh deidhionacha, oir deir an sgrioptuir naomhtha,
Eccl.1, “Cuimhnigh ar do chriochuibh deidhionacha agus ni
pheacaighfe tre bhithe.”



D. Ga mheud crioch dheidheanach ann?



M. A ceathar: bas, breitheamhnas, ifrionn, flaitheamhnas.



D. Cia thiocfas dochum na ccrioch so?



M. Na huile dochum an bhais agus an bhreitheamhnais, gidheadh,
ni theid go hifrionn acht an lucht dogheibh bas a bpeacadh
marbhtha, no go flaitheamhnas acht an te dogheibh bás a sdaid
na ngras.



D. Creud as bas ann?



M. Sgaradh an anma risan ccorp.



D. An bhfuil aimsir an bhais cinnte?



M. Ge roichinnte go bhfuigheam uile bas, ni bhfuil michinteacht
as mo ina ca huair, oir tig amhuil an ghaduidhe.



D. Cionnas bhios uair an bhais?



M. Lan do dhochar, do dholas, d'uamhan, agus d'eagla ag na
peacthachuibh go sunradhach, ó neart an teinnis, o mheud
an tsaothar a bhfagus don bhas. Fuaraighidh cosa, lamha,


L. 84


agus buill an othair, sluigthear annsin a shuile, sgaraidh a cheudfadh
ris. Ni heidir le liaigh furtacht air, agusr. Sgaradh go siordhaidhe
leis na neithibh da ttug gradh. Ni feas do cait a racha. Agus bi fear
an choinsiais chiontaigh lan dh'eudochas, agus, uime sin, bi an
t-anam bocht lan do leisge an corp d'fhagbhail; treigeadh a
aingeal coimhideachta é, agus bi ar coimhchriothadh tre radharc
uathbhasach na ndiabhal thig 'na choinne, agusr.



D. An amhlaidh sin bhios bas na bhfireun?



M. Ni headh, acht bíd lan d'urghairdeas, agus as lughaireach
le anam gach firein sgaradh risan ccorp dho bhi 'na easccara
aige. Bid fos lan do chreideamh laidir, do dhochas, agus do ghradh,
a n-aghaidh chathaighthe an diabhail; biadh a n-aingle coimhdeachta
da ndidean, ag tabhairt furtacht agus solais mhoir dhoibh,
agus, fa dheoidh, ar uairibh dochi a n-anmanna aingle Dhe ag
teacht 'na gcoinne.



D. Creud as breitheamhnas deidheanach ann?



M. Cunndas caol cruaidh, bheanfas Criosd do gach aon, ina
smuaintighthibh, ina bhriathraibh, agus ina ghniomhaibh, in gach
olc dha ndearna agus in gach maith dar leig thairis, san uile
thiodhlacadh.



D. Ga trath bheuras Criosd an breitheamhnas?



M. O thus, a bpunc an bhais, ge go ttiobhra breitheamhnas
coitchean ar chach uile iar ccriochnughadh an domhain, ag
foillsiughadh a ghloire, a chumhacht, a throcaire, agus a cheirt,
agusr., do chach uile agus ar gach aon mur do thuill.



D. Cionnas thiocfas dochum breitheamhnuis?



M. Do reir a dhaonnachta, 'na bhretheamh chruaidh chruadhalach,
agus ni bhiadh croidhe gan chriothnughadh ag faicsin ruithneadh
na feirge bhias ar a ghnuis.



D. Cia ar a ttiobhra se breath?



M. Ar na huilibh da ttainig riamh.



D. Creud an t-ordughadh bhias orra?



M. Na firein ar a dheis agus lucht na locht ar a chlí, iad so lan
dolais agus iad siod lan solais.



D. Cionnas bheuras an bhreath?



M. Ag radh: “Teagaidh, a lucht na mbeannocht, glacaidh
oidhreacht nimhe do hullmhuigheadh dhaoibh o thosach domhain;


L. 85


agus imthighidh, a lucht na mallacht, go hifrionn iochtarach san
teinidh shiordhadhe a n-aontaidh na ndiabhal, mur nach
faicfithi gnuis De do shior.”



D. Creud as ifrionn ann?



M. Teach na ndiabhal, poll fo thalmhuin anna mbeid dronga
damanta a tteintibh agus a bpiantuibh eugsamhla siordhaidhe.



D. Cia theid go hifrionn?



M. An mheid dogheibh bás a bpeacadh mharbhtha, ar a
mbiadh dha short peine, .i. pian na gcéadfadh agus na dioghbhala,
.i. fuacht, teas, agusr., agus bheith sgartha le caidreamh na naomh
agus na n-aingeal, agus gan gnuis De dh'fhaicsin go foircheann
a saoghal na saoghal feadh bhias Dia ag caitheamh a ghloire.



D. Creud as purgadoir ann?



M. Ait fo thalmhuin lan do theinidh agus do phianuibh eugsamhla
ina ttabhraid an drong iar maitheadh a bpeacadh marbhtha
dioluidheacht iomlan ionnta fein agus ina bpeacadhuibh sologhtha
no go ndiol-sud a bhfiach go hiomlan. Gidheadh, as eidir a
bhfuasgladh as le trosgadh, urnnaighthe, deirc, deaghoibribh, go
sbesialta le sacraifis an aifrinn, agus le toirbheirt an loghaidh dhoibh.



D. Creud as flaitheamhnas ann?



M. Teach De ina ttabhair gloir shiordhaidhe anma agus chuirp
dh'fhireunuibh.



D. Creud i gloir an anma?



M. Radharc De agus a ghradh roimhilis - maith as mo darab
eidir thabhairt dhuinn faoi Dhia - agus as i so an chrioch
dheidhionach dochum a bhfuilmid ag tarraing, an mheid
atamaoid 'nar mballuibh firi ag eaglais De, agus ni sgarfadh si
risan te da ttugthar í a saoghal na saoghal; uime sin goirthear
an bheatha shiordhaidhe dhi.



D. Creud í cuid an chuirp don ghloir si?



M. Aithbheodhughadh o mharbhaibh, a cheangal risan n-anam
ceadna, a bheith ruitheanda luthmhar soithreaghdtha
domhudhaighthe a ccruth go racha a sholus agus a dhealradh
tar dhealradh na greine, agus go mba heidir leis gan saothar
dul o oirrthear go hiarthar an domhain re turnamh na sul, agus
dul tresan uile chorp gan dioghbhail do fein no don chorp, agus
nach feudfa fuacht, no teas, no ni ar bioth oile urchoid do
dheunamh dho.


L. 86


D. An bhfuighid na ceudfadha gloir fo leith?



M. Dogheubha gach ceudfaidh fa seach a ghloir fein, oir do
gheubha an tsuil radhorc chuirp Chriosd, Mhuire, agusr., agus mur
sin do gach ceudfaidh oile fo leith.



Criosd da mhorthrocaire do thabhairt flaitheamhnais
duinn. Amen.


L. 87


AN DARA CUID.



Ina minighthear
ciall choitcheann sheasbhach na n-airteagal go sunradhach
ata a n-imreas idir fhiorchlainn agus leaschlainn
na heagluisi a modh chomhraidh beirte, .i. Catoilice agus
Eithrice, ina bhfoillsighthear meardhanacht ainbhfeasach
na leaschlainne fa bheith gan fháth ag breith
amuigh ar an Eagluis Romhanaigh sna hairteagluibh
reumhraidhte. Ar lorg na flaithe forasda fiorfhoghlama
Iacobh Benigne Bossuet, eapscob Chondoim, sdiuraighthéoir
agus ardoide an Delphín.



AN 1 CHAIB.



DO CHRICH NA CODACH SO.



Eithrice. Creud as creideamh dhuitsi, a ghiolla thall?



Catoilce. Creideamh Dé, nach mealltar agus nach mealladh, do
geibhthear or naomhmathar an Eagluis Chatolice Romhanach.



E. As eigean, mur sin, do bheith ar seachran mhor, amhuil
ata an eaglais cheudna sin le fada.



C. Na masladh mo mhathar no me fein, na dein fanamhad
no fochuidibheadh fum, acht, da saoilir mo bheith ar earraid
chreidimh, innis damh go cathrannach cait a tteighim ar
seachran, oir gabhaim oram fein sasamh do thabhairt dhuit, air
mhodh nach biadh cuis chonsboide agad leam.



E. Cionnas nach biadh cuis chonsboide agamsa reat agus go
ttugaim fein agus mo mhuintir uile ar gcul don Eagluis Romhanaigh,
dharab eadh dhuitse?



C. Doni sibh amhlaidh le leimhi gan fhath a bpuncuibh
airidhe, do bhrigh nach ttuigthear libh an chiall choir ina ccredemidne


L. 88


na puinc sin, acht an chiall chodarsna, ar nar smuain sinn
riamh, agas nach mo as ail libh roidhithchioll do dheunamh
dochum a tuigsiona.



E. Creud iad na puinc sin?



C. Ataid, na puinc ud uile do chreideas an Eagluis Chatoilice
uile san cceill choitchinn go leir, da ngoireann sibhsi seachran
creidimh, earraid, agus eithriceacht, do bhrigh nach tuigthi íad acht
bon os cionn, san tsaoibhcheill chodarsna.



E. Nar thoil leatso go laibheoramaois go tarbhach subsdainteach
athghairid ar na puncuibh sin amhain agus gan buain leis na
puncuibh oile i nach bhfuil imreas chreidimh eadruinn, no le
aonchonsboid sgolardha da bhfuil idir na doctuiribh Catolice fein
ag nach bhfuil imtheacht ar chreideamh?



C. As toil, a ndoigh go bhfaicfea fein agus cach nach bhfuil
fáth aguibh cul do thabhairt don Eagluis Romhanaigh isna
puncuibh reumhraidhte, go sunradhach san cceill choitchinn ina
nglacthar iad leis an eagluis cheudna uile dh'aoinbheul.



E. Ma atá go n-abair an Eagluis Romhanach go ccreideann
fein na hairteagal phrinsiopalta uile, .i. aoinDia amhain a
ttri bearsanuibh, an tAthar, an Mac, agus an Sbiorad Naomh,
ionchodlughadh an Mheic, agus an meud ata a cCre na n-absdal,
agus d'fhiachuibh ar an uile Chriosduidhe ar bioth, ni fior dhi
sin, do bhrigh go ccreideann si moran do phoncuibh nach bhfuil
inchreidthe, contrardha do phriomharteagluibh, do na puncuibh
prinsiopalta ceadna agus do bhriathruibh De san sgrioptuir naomhtha.
Agus as uime so do chuirmidne suas don Eagluis Romhanaigh, ata,
mar sin, ar seachran chreidimh.



C. Na cuir breug ar an Eaglais Romhanaigh, oir as follas
don tsaoghal mor nar sheun riamh aonairteagal da bhfuil san
cCre no san sgrioptuir, agus nach mo do admhaidh si aonphunc
riamh fos dobhiadh contrardha d'aonairteagal da bhfuil a
sgrioptuir De, amhuil budh follas as a n-aibeoram 'na dhiadh si.
Acht, a ccas go ndeanamh, ni nach dearna, ni dlighfi do Chailbhineach
no do Luitearanach cuir suas di uime sin, oir ni chuirid
fein suas dha cheile trena shamhuil sin dh'adhbhar. Cruithighim
so. Adeir Luiter agus a lucht leanamhna go bhfuil corp fire Chriosd
agus a fhuil a Sacramaint na haltora do lathair go bhfirine, agus creidid


L. 89


amhlaidh. Ni chreideann Cailbhin na a mhuintir sin acht a
chontrardhacht; agus fos adeirid go bhfuil an punc sin contrardha
don phriomhairteagal prinsiopalta da ngoirthear ionchodlughadh,
.i. incarnatio Verbi, .i. Mac an Athar neamhdha do theacht a
ccolainn daona; gidheadh, gan feachuin dho so, ni chuirid
suas dha cheile; agus deir na Cailbhinigh nach coir, uime sin, na
Luitearanaigh do sgaradh le heagluis no le comaoin na cCailbhineach,
amhuil admhaoid ina ccomharle fein a cClarentonia
san mbliadhain d'aois an Tighearna mile, se cheud a hain deug
agus fichiodh. Mur sin, ni bhfuil fath dhoibh cur suas don Eagluis
Romhanaigh a gcas go ccreidfeadh punc eigin contrardha do
phriomhairteagal, ni nach dearna riamh agus nach deunfadh, oir
ni chuireann, uime sin, an Cailbhineach suas don Luitearanach
acht greamaighid da cheile a n-aoineagluis.



E. Creud iad na puinc do chreideas an Eaglais Romhanach
san cceill choir fa mbid na heithrice gan fhath ag fuagradh uirre,
ag dealmhuin le, agus le hainbhfeas ag cur suas di, agus, fa
dheoidh, ag radh go bhfuil si ar seachran creidimh?



C. Atá go sunradhach, an naomhonoir, gairm ar naomhuibh,
naoimhiomhaghtha, modh ar sabhala, loghadh, loirghniomh,
purgadoir, seacht sacramainte, lathardhacht Chriosd a Sacramaint
na haltora, iodhbairt an aifrinn, ughdarrdhás na hEagluise
Catolice Romhanaigh; oir as ionnta so go spesialta ata na
heithrice brisde aniodh le Catoilcibh; acht, da ngabhadaois
ciall no reasun, dobheidis diomdhach diobh fein agus da
n-ainbhfios, amhuil budh follas as a n-aibeoram go grod, le
bhfacfeadh an saoghal mor meud an dith ceille ata orra, maraon
agus bonaiteacht rodhaingean an chreidimh Chatoilice.



AN 2 CAIB.



DON NAOMHONOIR.



E. Creud an onoir dobheir an Eagluis Romhanach do Dhia?



C. Adeir si go bhfuil dh'fhiachuibh oruinn creideamh dho,
dochas do chur ann, a ghradhughadh os cionn an uile, a onorughadh,


L. 90


a adhra, agus gan an onoir dlighthear dho do thabhairt
dh'aoinni oile. Oir Criosduidhe gach aon don eagluis i, agus ni
hainChriosduidhe aga mbi creutuir corporrdha, .i. grian, no
gealach, no iomhaigh bhodhar bhalbh aga hadhra mar Dhia.



E. Cionnas as coir a onorughadh go prinsiopalta?



C. Aga chreideamh mur Chruthuightheoir agus mur Thighearna
na n-uile neith, ag iodhbairt ar seirbhise dho ler n-uile dhithchioll,
maille re creideamh, dochas, agus gradh romhor air, mur an
n-aonchosboir leurab eidir sinn do bheannughadh, do
naomhughadh, agus do ghlorughadh leis an mbeathadh mharrthannaigh
agus le a mhaitheas dhoichriochnaighthe.



E. Cionnas tuigthear go ttugthar an onoir si do Dhia?



C. Iomdha comharrtha foirimealach le ccuirid Catoilicidh a
suim os aird an onoir chraibhtheach inmheodhanach so le a
n-adhraid Dia o chroidhe; agus as e as priomhchomharrtha dhiobh
an iodhbart, .i. an tsacraifis, as dual, as coir, agus as eidir do thabhairt
do Dhia fein amhain, oir as do amhain donithear i maille risan
ccomharrtha puiblidhe sin, aga admhail os aird mur airdThighearna
oruinn, agus inn fein uile do bheith uaidhe, mur Chruthuightheoir,
mar dhideanoir, mur aonchosboir phrinnsiopalta, mur
finit, agus mur chrich dheidhionaigh dar coir agus dar dual an uile
ardonoir don tsort so do thabhairt.



E. Nach ttabhair na Catoilicidh Romhanacha onoir chraibhtheach
dhiadha bheannaighthe do Mhuire oigh agus do na naomhuibh
uile?



C. Dobheirmid onoir iomchubhaidh dhoibh; acht as uime
goirthear onoir chraibhtheach dhiadha dhi, ni headh go n-adhamaoid
iad mar Dhia acht go ccriochnaighthear í a nDia go
deidhionach, as priomhughdar do na naomhuibh cheadna agus don
uile fhoirfeacht da mbi ionnta ar fad, acht nir thoirmisg Dia
a n-onorughadh riamh go hiomchubhaidh amhlaidh sin acht
amhain gan a n-adhra mar Dheibh.



E. Creud i an onoir iomchubhaidh dlighthear do naomhuibh?



C. Onoir as lugha go romhor ina an onoir dlighthear do Dhia
amhain, oir onoir mhathar Dhe bheirthear do Mhuire, onoir
chairde agus chloinne agus luchta eintighe De beirthear do na naomhuibh
oile, agusr. Mur as onoir, iomorro, don tighearna shaoghalta an
onoir mheasarrdha iomchubhaidh donithear dha chloinn


L. 91


thothaidhe, da mhuintir, da shearbhfoghantuibh, da mhathar,
agus da aos ghraidh, as mur sin honorthar, ar mhodh airidhe, Dia
leis an onoir beirthear da naomhuibh reumhraidhte, an mheid
gur leis iad agus gur uaidh ataid go leir, agus a bhfuil ionnta
uile do mhaith agus do naomhthacht.



E. Cait a bhfuair an Eagluis Romhanach gur coir na naoimh
do onorúghadh amhlaidh sin?



C. San oirchisde thug Dia dhi, mar atá an sgrioptúr diadha
nó a gnathchuimhne absdalta fein, .i. san teagasg naomhtha
nar sgriobha san sgrioptuir cheudna acht ata ar cuimhne san
eagluis diaidh a ndiaidh o aimsir na n-absdal gus aniodh; uime
sin, o uile cheill mhaith as daitheamhla le a radh agus le a
chreideamh aní so no an ni ud adeir sibhsi gan aonbharantas
sgrioptuir fhoillsigh dhiadha, no gnathchuimhne absdalta, no
ughdardhas ar bhioth oile acht ar cclaiginn mhearaighthe
bhuaithearrdha shoimhellta fein.



E. Tabhair dod aire gan cumadóireacht do dheunamh; oir
ni fhuillsighir gur coir naoimh dh'onorughadh as aonghnathchuimhne
absdalta ar bioth.



C. Aingeal os cionn do ghotha atair ar seachran, oir
ata do mhuintir fein ag admhail, agus ni heidir doibh a sheunadh
as seanughdaruibh barantamhla, agus deirid go raibh an modh
adhrtha agus onora le n-onoramaoidne na naoimh anallod fos ar
bon san gceathramha ceud bliadhain iar mbreith Chriosd, amhuil
geibhthear ag na naomhdhocduiribh oirdhearca Basilius,
Ambrosius, Hieronymus, Augustinus, Chrisostomus, Gregorius
Nazianzenus, agus an chuid oile do lochrannuibh na haimsire
reumhraidhte sin.



E. Gidheadh, deirmidne go ndeacha an mheid sin uile ar
seachran agus go ttugadar leim tar líne agus tar fál amach
o nos agus o theagasg absdalta agus o ghnath na heagluisi san
cceudcheud, san dara ceud, agus san treas ceud bliadhain iar mbreith
Chriosd.



C. Mor an mheardhanacht dibh sin do radh. As dochaidh
agus as ainmheasda go mor sibh fein do dhul ar seachran creidimh
agus eoluis agus do leimeadh amach tar fhal lubhghoirt na heagluisi
reumhraidhte ina na naomhdhoctuiri ud, oir dobhadar so go


L. 92


grod a ndiaidh na n-absdal agus guala ar ghualainn leis an
ttreas cceud bliadhain d'aois ar tTighearna, acht nir rugadh
sibhsi na bhar muintir san am sin, no fos go cionn mhile agus chuig
ceud bliadhain iar mbreith Chriosd. Acht cheana, ni bhfuigheadh
sibhsi laoi no liteir san eagluis o thus anúas le a ndamnuighthear
no le a ttoirmisgthear an onoir dobheirmidne do naomhuibh
san cceill Chatoilice Romhanaigh reumhraidhte, no aonradh
sgrioptuir fhollais contrarrdha dhi, agus, mur sin, ni fath dhibh
a bheith ag murmur no ag fuagradh go bhfuilmidne san
gceim si ar earraid.



E. Gidheadh, creidimid go bhfuiltí, agus deirimid go ndein sibh
iodhaladhra san bpunc so.



C. Ni ar leith sin do radh le hainbhfeas agus le meardhanacht
fhoillseach agus ni oile sin d'fhoillsiughadh agus do chruthughadh, ni
nach tig agus nach eidir libh. Measaidh, iomorro, na naomhdhoctuiri
reumhraidhte ud nach deunaid fein aoinní ag onorughadh
na naomh amhuil onoramaoidne do reir gnaith ar sean
agus ar sinsear riamh san eagluis, acht ni maith. Dhibhsi fos
ata a naire go ttreigthi an seannos uasal so, teagasg agus
leigheann absdalta na ndaoine ro-ainmneamhla agus na naomhdhoctuiri
oirdhearca mhoirmheasda ud na ceathramhadh haoisi,
oir, dar ndoigh, mur deir sibh linne, ni leigfeadh naire dhibh -
ma ta naire ar bioth ionnuibh - a radh go ndearn siad iodhaladhra
no gurab iodhaladharthóiridh iad.



E. As e fuagarthar dhuinn san cheudaithne, “Na hadhair dee
breige.”



C. As amhlaidh sin doni sinne, oir ni thugamaoid an onoir
dlighthear do Dhia amháin dh'aon oile, agus, mur sin, ni
hainChriosduidheadha, ina asarlaigheadha, na lucht piseog, na
eithriceadha, na sciosmaitiocdha sinn, 's ni mo adhramaoid
na naoimh no neithe oile mur Dheibh. Acht, ga n-onoraigh
neach a ri talmhuighthe go sibhialta agus fos muintir an righ,
mur as iomchubhaidh, a athair agus a mhathair, a shinsior, a uile
uachtaran do chill agus do thuaith, mur as dual o dhligheadh na
nadura, ni doigh gur coir, uime sin, fuagra air mur
iodhaladhraightheoir. Mur an gcéadna, gibe neach darab mian an onoir
dlighthear do Dhia do thabhairt do Dhia amhain 's gan í thabhairt


L. 93


dh'aoinni oile ar bioth, agus onoir oile as lugha ina sin do thabhairt
do Mhuire, tre bheith 'na naomhmhathar Dhe, agus, mur an gceadna,
na naoimh oile do onorughadh do reir a n-uird, a cceime,
a ngraduim gloire agus grasa ag mo Thighearna Dia, da tteid
fos an onoir si a n-onoir agus a ngloir agus a moladh, nir choir o cheill
ar bioth, no o dhlighe De, no dhuini, no nadura, a mheas gurab
ainChriosdaidhe uime sin ina iodhaladhraightheoir é.



AN 3 CAIB.



DO GHAIRM AR NAOMHUIBH.



E. Ni lor libhse na naoimh do onorughadh acht fos goiridh
sibh agus iarroidh sibh neithe orra amhuil budh Dee iad, agus,
mur sin, as eigin go bhfuil sibh ar seachran creidimh, ag deunamh
iodhaladhra, tarcaisne, agus eugcora mhor ar an Dia fire.



C. As é bheir oruibhsi sin do mheas nach tuigthi creud as
mian dhuinne ag agalladh ar naomhuibh agus nach dein sibh
dithchioll dochum ar meine do thuigsin.



E. Creud as mian dibh ag garim ar naomhuibh?



C. Ni nach bhfhuil a n-aghaidh onora Dé, .i. na naoimh do
ghuidhe agus congnamh dh'iarruidh orra; acht ni dheinmid Dee
dhiobh, oir ni iairrmid trocaire na grasa orra acht amhain
guidhemid iad mur chloinn thoghaidhe De agus mur lucht eintighe
dho fa impidhe do chur air ar n-athchuinghidh do thabhairt
dhuinn. Mur an gceadna, as e mian na hEagluise Romhanaigh
ag teagasg a cloinne le gairm ar naomhuibh gur coir gairm
orra san sbioraid cheudna so na carthannachta, do reir uird an
ghraidh bhraitheardha le a ngluaisdear sinn dochum conganta
dh'iarraidh ar ar ccomhbhraithribh beodha fos ar thalamh.
San mheid si ni ler iodhaladhra ar bioth, tarcaisne, no euccoir
a n-aghaidh De.



E. As tarcaisne mhor, mimheas, agus uirisliughadh dar bhfear
labhartha agus dar n-ardadhbhocaid Iosa Criosd ar neamh sinne


L. 94


do ghairm no do ghuidhe aoin oile acht e fein amhain do
chomhchongnamh linn.



C. Ni tarcaisne, go deimhin, na toibheim dha uaisle no dha
mhordhacht-son go nguidhfinnse, mise no mise oile naoimh
nimhe fa chonghnamh linn, mur dubhras thuas, amhuil nach
euccoir no masladh go n-iarramaoid ar a cheile abhos ar talamh
guidhe a cheile agus urnaighthe do dheunamh dochum De ar
son a cheile; oir guidhemid Dia sinn fein dochum maitheasa
do dheunamh dhuinn agus ar saoradh ar ulc, acht ni mur sin do
ghuidhemid na naoimh.



E. Minigh sin damh.



C. Minighim leis an ccomhairle Thrionta. Guidhemid Dia
dochum grasa thabhairt duinn, trocare do dheunamh oruinn,
ar bpeacadh do mhaitheamh mur an aon amhain leurab eidir
é; iarramaoid, gidheadh, ar a naomhuibh, o bheith dhoibh thuas
ina theaghlach rioghdha, lan da fhiormhuintiorrdhas, fa a
mbeith aguinn 'na bpattruin agus 'na ccairde a gcurt, dochum
go bhfuighedis lena n-impidhe o Dhia dhuin foirthin ar ar
n-uireasbhadhuibh tre Iosa Criosd ar tTighearna agus ar Slanaightheoir.



E. Mur sin, ni hionann do ghuidheas tu Dia agus na naoimh.



C. Ni hionann choidhche, oir ata dha ghne urnaighthe aguinn
agus foirm ar leith ag gach urnaighthe dhiobh: gne dhiobh ag
guidhe De agus gne oile ag guidhe na naomh. Le Dia amhain go
dileas adeirmíd, “Deinn trocaire oruinn, Slanuigh sin, Naomhadh
inn, Maith dhuinn ar bpeacadh, Tabhair dhuinn aniodh ar n-aran
laitheamhuil, Maith dhuinn ar bhfiacha, Eisd linn, Tabhar
toradh ar ar nguidhe”; leis na naomhuibh, iomorro, deirmid,
“Guidh oruinn.” Uime so, teagasgadh an eagluis san ccomharle
Thrionta a clann, ag radh: “Tugadh cach da n-aire go ger uile
gan an ni as dileas do Dhia do thabhairt dh'aoinni oile, agus, da
raibhe neach ag urnaighthe chum an Tighearna, .i. ag radh
a phaidre a bhfiadhnuisi iomhaigh naoimh, measadh an tan
sin gurab e do iarras amhain an trath sin ar an naomh darab
iomhaigh an iomhaigh sin guidhe mur chongnamh leis dochum
De fan ni a bhios uaidhe d'fhaghail o Dhia, tiodhlactheoir agus
priomhughdar na n-uile ghras agus mhaitheas, agus a bheith aige


L. 95


amhuil fhir theangan, phattruin, agus ghuidheadoir a bhfiadhnuise
De, tre Chriosd ar tTighearna.” Agus, a dhuine thiorrthamhuil,
ma ta go n-iarrair fein ar do righ no ar th'airdthighearna ar
uairibh grasa a gcuisibh sibhialta do dheunamh ort, do shaoradh,
ge go bhfuil adhbhocaid maith agad san ccuirt, creud an n-euccoir
don righ cceadna no an masladh dho fein no dod adhbhacaid,
da n-iarrthá fos ar an mbainrioghain no ar aos chumainn an
righ sa ccuirt impidhe do chur ar an righ fo na grasuibh reumhraidhte
do dheunamh ort?



E. Mas i sin amhain mian agus ciall na hEagluise Romhanaigh
ag garm ar naomhuibh, dar leat, as iomdha murmur gan cheill
donithear uirre.



C. Go leasuighe Dia lucht an mhurmuir! Acht ni
hamharas gurab san cceill reumhraidhte ud do ghuidheas an
eagluis Dia agus naoimh nimhe, mur theagasgas an chomharle
Thrionta. Agus as uime sin do orduigheas an chomharle Thrionta
cheudna do na heasbacuibh, sess. 25, a chur a ttuigsin amhlaidh
da ccreidmheachuibh go n-ofraluid na naoimh ata ar neamh
urnaighthe na gcreidmheach cceudna do Dhia, agus gurab maith
agus gurab tarbhach gairm orra le caondurthacht agus guidhe chuca fana
n-urnaighthe, a n-impidhe, a ccongnamh, a ccuidiughadh, agus
a n-idiorghuidhe d'fhaghail dhuinn dochum De, trena Mhac ar
bhFuasglaightheoir agus ar Slanaightheoir Criost ar tTighearna;
agus adeir san mball gceudna, gibe mheasas a chontrarrdhacht so
gur gein choirbthe é. Guidhemid, mur sin, na naoimh fa Dhia
do ghuidhe linn dochum ar n-athchuinghidh d'fhaghail uaidhe
tre Chriosd, agus creidemid go daingean nach eisdeann Dia linn
fein ina leosan acht tre Chriosd. Ag so creideamh na heagluisi
san bpunc so minighthe leis an gcomhairle reumhraidhte. Mur
sin, ni heidir dh'aoinneach thuigsionach a mheas go gcuirmid
suas do Chriosd gach uair ghuidheamaoid a bhaill agus ar
ccomhbhraithre fein, .i. clann De, naoimh nimhe, baill aonchoirp
mhistidhe na heagluise, darab cionn Criosd, fa ghuidhe linn chum
De a n-ainm ar Slanaightheora Iosa Criosd, o bhfuil go sunradhach
na naoimh uile agus gach tiodhlaca da ttugadh riamh dhoibh
ar talamh agus ar neamh.



E. Mas mar sin amhain doni sibh dharire, ni lér go n-adhrann


L. 96


sibh na naoimh mur Dheibh, no go ttugthaoi mimheas ar bioth,
tarcaisne, easmuil, na masladh do Chriosd, acht barr onora agus
molta, ag iarraidh a ccongnamh fa Dhia do ghuidhe libh tre
Chriosd, darab baill iad fein.



C. As mar sin ata go deimhin, oir le gairm ar naomhuibh fa
ghuidhe oruinn dochum De, ar amhain a n-iarramaoid aisgeadh
egin, ni thairgeamaoid aonfhoirfeacht d'fhoirfeachtuibh dileasa
De do sgaramhuin leis no aoinni da ndlighthear dó amhain do
thabhairt do chreutuir ar bhioth.



E. Dochimid, gidheadh, go ndein sibh sacrafis, iodhbairt,
agus aifrin do naomhuibh, mur geibhtheir in ar leabhruibh, .i. aifrinn
na n-absdal, aifrinn Mhuire, aifrin na mairtiorach, agusr., agus, mur
sin, go ttugthaoi da bhar naomhuibh an onoir nach cóir do
thabhairt acht do Dhia amhain.



C. Mealltar sibh go mor; oir, an trath doni en eagluis sacrafis,
iodhbairt, no aifrionn a gcuimhniughadh no ag onorughadh
naoimh, do Dhia amhain doni si an tsacraifis agus an iobairt, agus
ni thugamaoid dh'onor an tan sin san aifrion do na naomhuibh
acht amhain go n-ainmnemid iad ni mur Dheibh acht mur
shearbhfoghantadha dileasa, mur chloinn toghtha agus mur lucht
pairte agus aointighe do Dhia isna hurnaighthibh doni sinn chuca
le linn afrin agus na sacraifis donithear do Dhia amhain, ag iarradh
orra guidhe oruinn agus linn dochum De fa eisdeacht agus fa thora
do thabhairt oruinn. Dobheirmid fos annsin buidheachas agus
altughadh mor do Dhia tre gach buaidhe agus tre gach deighniomh
da ndearnnadair na naoimh lena ghrasa-soin ar an saoghal so,
agus guidhemid Dia, dha bhrigh sin, fa eisdeacht lin lena
n-idearghuidhe-sion tre Chriosd ar tTighearna, amhuil theagasgas an
chomharle cheadna. Feuch go maith an t-aifrion agus an
urnaighthe bhios ionn 's dogheubhair gurab í so lom na firinne
agus nach bhfuil acht glabhthar agus aimhleas a aithearrach do radh
no do mheas. As í so ceudfadh S. Auguistin, do mhair san
gceathramhadh ceud bliadhain iar mbreith Chriosd, lib. 8 De
Civit., cap. 27, ag radh, “Tan donimid iodhbairt a ccumhnughadh
na naomh nach do na naomhuibh doni sinn í acht
do Dhia amhain a gcuimhniughadh na naomh.” Deir an ceadna


L. 97


beagnach, Tract. 84, in Joann. serm. 7 & 17 de verb. Apostoli, ag
radh, “Tan donimid iodhbairt ar uaidhibh na mairtior, ni air a
n-anmannuibh doni sinn í acht do Dhia, aga ghuidhe tor'
thabhairt oruinn trena nguidhe-sion.” Cuireadh fos an chomhairle
Thrionta briathra S. Augustin sios, ses.22, cap.3, mar a
n-abair: “Gidh gnath don eagluis aifrionn do radh a n-onoir
agus a gcumhniughadh na naomh ar uairibh, ni he a teagasg
gur coir iodhbairt do dheunamh dhoibh, acht do Dhia amhain,
ler coronaigh iad. Uime sin, ni gnath go n-abair an sagart,
“A Pheadar” no “a Phoil, ofrailim dhuit an iodhbairt si”, acht
ofrailim i do Dhia ar son fheartuibh agus buadhuibh na
naomh, ag tabhairt buidheachas dhó agus ag sireadh a
n-idearghuidhe-sion dochum De ar neamh, an mheid ar a ndeinmid
cuimhniughadh, agusr.” Mar sin, guidheamaoid na naoimh
a ndail go bhfuigheamaois lena n-impidhe o Dhia grasa, agus go
spesialta a lorg agus a sompla do leanmhuin ar an saoghal so,
ag déanamh deaghoibre, tre bhfuilid aniodh lan do ghloir
agus d'onoir a bhfiadhnuisi De. Go deimhin, gibe aon do sgrudfas
leis fein go maith an mheid si, deuradh se, amhail nach bainmid
do Dhia sna casuibh reumhraidhte aonfhoirfeacht do na foirfeachtuibh
as dileas do amhain, mur an cceadna ag gairm ar
naomhuibh, nach beanmaoid de aononoir no ni ar bioth
dlighthar dhó amhain, agus, mur sin, nach deinmid iodhaladhra,
mar chumas na heithriceadha oruinn.



E. Gidheadh, deiremidne go measann sibhse, ag guidhe bhar
naomh, na naoimh bheith do lathair aguibh san uile ionad,
dar cclos agus ag faicsin secreid bhar ccroidhe, agus, mur sin, go
ttugthaoi an meas orra nach dlighthear acht do Dhia amhain,
agus go ndein sibh amhluidh sin iodhaladhra.



C. Acht, go gcead dar bhfionnraidhtibh-si, ata sibh ag cur
loimbhreige oruinn; oir, ge ghairmidne ar naomhuibh fa ghuidhe
linn, ni mheasamaoid a mbeith a n-aonait acht ar neamh.
Gidheadh, measamaoid go ttig naoimh nimhe dochum feasa na
neith bhios ar talamh agus na n-urnaighthe donithear chuca san tir si,
agus fos na neith seicreideacha, ar an modh as ail le Dia, leis an solas
dogheibhid uaidhe. Nach ttug Dia grasa sbesialta do na faidhibh
le bhfacadair no lear thuigeadair na neithe baoi ria theacht?
Thug go deimhin. Agus, ar son gur le Dia amhain bheanas go sunradhach


L. 98


fios na neith dobhios ria theacht go casamhuil, admhaid
na heithrice fein gurab iomdha faidh darbh fheas a samhuil sin
do neithibh leis an solus tug Dia dhoibh, agus ni admhaid gurab
iodhaladhra sin dh'admhail. Oir uaidhe fein ata an fios so ag
Dia, 's nach uaidhe fein acht o Dhia go miorbhuileach dogheibh
an fhaidh an fios ud, agus, mur sin, nach ttugmaoid d'fhaidh
fios na neith ata ag teacht san modh, no san ngradh, no san
gceim ina ttugthar é do Dhia amhain. Mar so deirmidne ribhsi
agus re bhar gcamthagruibh reamhraidhte; oir ni mheasmaoid
na naoimh do bheith aguinn do lathar gach n-uair ghuidheamaoid
iad no ghairmid orra o bheul no chroidhe, acht measamaoid gur
eidir liu ar gclos no ar ttuigsin a bhflaitheamhnas leis an solus
dogheibhid o Dhia, le ttaisbéantar ar nguidhe dhoibh a sgathan
na diadhachta, no ar an mhodh as toil leission iad dar ttuigsion.
Acht cheana, nir mheas aon Chatolice riamh gurbh fheas
do naomhuibh uatha fein, gan congnamh sbesialta De, na
riachtanuis, na huireasbhadha, no na hintineadha bhios aguinne
tan ghuidhemid iad. Teagasgadh, gidheadh, an Eagluis Romhanach,
do reir ar sean agus ar sinnsear, gurab tarbhach an urnaighthe
donithear dochum na naomh, gibe modh ar a gcloinid inn, no
o ainglibh De no o Dhia fein ag labhairt liu no ag taisbeanadh
ar nguidhe dhoibh a sgathan na diadhachta, ina bhfaicthear
an uile fhirinne. Tar é sin, nir theagasg si fos agus nir fhoillsigh
dhuinn creud é an modh airidhe dhiobh sud le gcluinid naoimh
nimhe sinne aga ngairm no aga nguidhe, mur so no mur siod,
ar an modh so no ar an modh so oile. Creididh, gidheadh, go ccluin
siad inn ar an modh agus leis an meadh agus leis an ngleus as
fearr le Dia. Da reir sin, as deimhin nach ttabhair an Eagluis
Romhanach sna casuibh si aoinni do chreutuir da ndlighthear
do Dhia amhain, mur donid lucht an iodhaladhra, oir ni thabhair
fios na neith ud do naomhuibh uatha fein go natturdha acht
o Dhia agus le a chongnamh amhlaidh os cionn nadura; acht
uaidhe fein amhain ata an fios ud agus gach foirfeacht oile ag
Dia. Ni mo mheasuid na Catoilice go bhfuil ar chumas
naoimh trocaire, maitheamh peacaidh, no grasa do thabhairt
doibh acht amhain impidhe do chur ar Dhia fa eisdeacht leo
agus fechuin doibh. Ar an adhbhar so, o nach bhfuil san adhra


L. 99


no san onoir fhoirimiolach chorpordha na taoibhe 'muigh, .i. san
urnaighthe bheoil, san sleachtain, san togbhail bhas, son togbhail
shul suas, acht sighne no comharrdha le gciallmaoid an t-adhra
agus an onoir inmheodhanach na taoibhe 'sdigh, na meine agus
an bhreitheamhnuis intinne bhios aguinn, as follas as a ndubhramair
go seadh nach deinmid iodhaladhra ag gairm ar
naomhuibh.



AN 4 CAIB.



DH'ONOIR IOMHAGHTHE NA NAOMH.



E. Doni sibhsi, a phapairi, mur donidis na geintiligh anallod
ag onorughadh a n-iodhal agus a ndealbha, oir dobheir sibh onoir
mhor dh'iomhaightheibh go coitcheann uile, agus bid aguibh
mur Dhée da n-adhra in ar tteampluibh agus in ar sealladhuibh
priobhaideacha. Bi fos lampaidhe, torsuidhe, tapair, coinle
ceire agus geire aguibh da lasadh dhóibh. Mur sin, doni sibh
iodhaladhra, agus bi sibh da nguidhe ar bhar ngluinibh, a
n-aghaidh na ceudaithne, .i. gan dée breige dh'adhra.



C. Na cuir breug oruinn agus ar eagluis De a n-aoinfheacht, oir
ni mur shileas tusa doni sinne, mur as follas as a ndubhramair
thuas san tteagasg cCriosduidhe ag miniughadh na ceudaithne
san treas caibidil deug.



E. Aithris fein creud mheasas sibh le bhar n-iomhaighthibh?



C. Measamaoid mur mheasas an Eaglais Chatoilice
Romhanach.



E. Creud adeir an eagluis sin leis na hiomhaighthibh?



C. Adeir, mar theagasgas go sbesialta an chomhairle Thrionta,
nach coir dh'aoinneach a mheas go mbi diadhacht ar bioth sna
hiomhaghthibh, sess.25 de Invocat. & Venerat., mar a n-abair:
“As coir iomhaighthe Chriosd, Dhe, Mhuire, agus na naomh oile
do bheith go hairidhe sna teampluibh le a n-onorughadh, ni
headh gurab inchreidthe diadhacht ar bioth no brigh do bheith
ionta tre go bhfuighedis onoir no reuerens, no gurab eidir aonni
d'fhaghail uatha, no gur coir dochas do chur ionta, mur chuirdís
na geintili anallod ina n-iodhaluibh, acht do bhrigh, an onoir


L. 100


donithear dhoibh, gurab do na naomhuibh taisbeuntar liu
bheirthear í, do reir mur as iomchubhaidh agus do reir a cceimibh
ina n-iomhaighthibh, amhuil theagasgas fos conc. Nicaen.” As
rofhollas as so nach ionann donimidne ag onorughadh na
n-iomhaighthe si agus mur donidis na geintili anallod, oir ni
chreidemidne, mur chreidedis na dallarain si, diadhacht ar bioth
bheith a n-iomhaighthibh no a ndealbhuibh, acht amhain measamaoid
go ttuguid na naoimh darab iomhaighthe iad in ar
gcuimhne, dar gcomhghluasadh dochum cuimhnighthe orra, agus
on gcuimhne si as gnath go ndeinmid gniomh eigin a gcuimhniughadh
naoimh na hiomhaighe, da ngarthar onoir no sort adhra,
a dioruighthear ni dochum na hiomhaighe, mur nidis na geintili,
acht dochum an naoimh thaisbeunas an iomhaigh dhuinn. Mur
so theagasgas an eaglais san ccomhairle Thrionta san ait reamhraidhte,
agus as ionthuigthe as creud as mian dh'eagluis De
ag onorughadh iomhaighthe na naomh, oir as dochum no naomh
go sunradhach sdiuruighthear agus dioraighthear í, amhuil gurab
do Dhia, an fhirinne bhonaiteach neamhchruthaigh, dobheirmid
go sbesialta an onoir agus an gheille as gnath linn do thabhairt da
shoisgeul naomhtha. Mur so, ni onoramaoid an biobla, no
iomhaigh Chriosd, no naoimh mur Dhia, no mur Chriosd, no
mur naomh, agus ni dheinmid Dée no naoimh dhiobh, agus ni
dheinmid reuerens dhoibh ar aonchor acht an mheid go ttaisbenaid
agus go ttuguid Dia, Criosd, agus no naoimh in ar gcuimhne.
Ni chuirmid ar ndochas ionta, agus ni mo iarrmuid grasa, tiodhlacadh,
maitheamh peacadh, no aonni oile ar iomhaighthibh
acht ar Dhia amhain agus ar a naomhuibh Dia do ghuidhe agus impidhe
do chur air ar ar son. Acht, iomorro, ni bhfuil masladh,
tarcaisne, no mimheas da ttabhair neach do chairdibh, do
mhuintir, dh'ordaghthibh, dh'iomhaighe, na do choroin an
righ shaoghalta nach don righ fein go sunradhach beirthear iad,
amhuil as dó donithear an onoir beirthear dhoibh. Mur so, an
onoir donimidne d'iomhaighthibh De, Chriosd, Mhuire, agus na
naomh, teid a n-onoir dhoibh, amhuil theid dhoibh a mioonoir
an mhioonoir donithear da n-iomhaighthibh, an
mheid go ttaisbeanuid duinn iad.



E. Mur ndein sibh acht sin, creud fa n-abramaoidne go ndein
sibh iodhaladhra, agus Dée dh'iomhaghthibh De agus na naomh?


L. 101


C. Dith ceille agus tuigsi dobheir oruibh sin do mheas,
oir ni thuigthi, no ma thuigthi creud as aigneadh don eagluis
ag onorughadh na n-iomhaighthe, ni hail libh a hadmhail, no ni
thairgthi mian na gcreidmheach do thuigsin mur as coir, agus uime
sin donithí an breitheamhnas cam meardhana reumhraidhte
ud oruinne, ag radh go ndeinmid iodhaladhra ag onorughadh dée
breige agus gan sinne acht ag adhra an De fhire amhain mur Dhia
agus a naomh mur a naoimh agus a n-iomhaighthe mur a n-iomhaighthe
amháin. Ni mur so doni an t-iodhaladhrthoir, acht
creideadh agus cuireadh a dhochas a n-iodhaluibh mur dhée
agus mur dhealbha ina mbí diadhacht agus brigh oirdheirc, ní nach
dein an Eagluis Romhanach, adeir nach bi diadhacht no brigh
don tsort so a n-aoiniomhaigh, agus nach Dia iad no naoimh acht
iomhaighthe do Dhia no do naomhuibh, le ngluaisdear sinn dochum
De fhire do adhra mur Dhia agus a naoimh do onorughadh amhain
mur a naoimh. Tuig as so, mur an gcéadna, cionnas dobheirmid
onoir iomchubhaidh, ag leanmhuin loirg shean agus shinsear na
heagluise, do reilicibh agus do thaisibh na naomh, oir as diol onora
cuirp na naomh agus na gcreidmheach, dorinn iodhbairt dhiobh
fein le mairtireacht no le haithridhe do Dhia feadh a mbeathadh
ar an saoghal so.



E. Measamaoidne nach leigeann an onoir sin dibhse Dia
d'onorugha no do adhra.



C. Beag sin dar n-ainbhfeas agus dar ndith ceille. Oir ni onoramaoid
iad mur Dhée acht mur chorpuibh naomh agus shearbhfhoghantadhuibh
De. Uime sin, criochnaighthear i a nDia fa
dheoigh, agus teid a n-onoir dho, agus fuilingeadh Dia do
chreidimhuin amhain mur Dhia, mur Chruthaightheoir, agus mur
Shlanaightheoir agus mur phriomhughdar an uile mhaitheas, a
adhra agus a onorughadh os cionn na huile.



E. Ata Dia eudbhar agus ni hait leis aonni dh'onorughadh
acht é fein amhan.



C. As eudbhar le Dia an onoir dlighthear dho fein amhain
no an gradh do thabhairt dh'aoinní oile ar bioth, acht nir lean
as sin gurab eudbhar no gurab olc leis onor oile as lugha ina
sin do thabhairt do neithibh oile, go sunradhach da naomhuibh,
le a n-abarthar Nimis honorati sunt amici tui Deus, nimis confortatus
est principatus eorum. Oir, gi dlighthear dhinn Dia do


L. 102


ghradhugha os cionn na huile, ni toirmisgthear oruinn an chomharsa
do ghradhughadh acht fos fuagarthar dhuinne agus deirthear
linn, “Gradhaidh do chomharsa mur thu fein.” Oir, mur dubhras,
criochnaighthear an gradh so agus an onoir a nDia, da tteid, fa
dheoidh, a ngloir agus a moladh, amhuil theid a n-onoir dhó an
onoir agus an reverens dobeirthear dha bhiobla agus da shoisgeal
naomhtha, da eagluis agus da shearbhfhoghantuibh maithe ar
talamh.



E. Nir thuig sinn go seadh gurb e sin doni sibh ag onorughadh
na naomh, na n-iomhaighthe, agus na gcorp ud, agus na reilicc.



C. Dibh fein as dioghbhail sin, le nach ail ciall no reasun
do ghlacadh, no eisdeacht le teagasg no le miniughadh na
heagluise, no ciall a briathar agus a tearmuidhe do ghreamughadh
mur as coir; oir, da nglacaidh í agus a mein, dorachfadh urmhor
ar cconsboide ambádhtha agus ar fad le gaoith. Cuiridhe
anos lamh ar bhar ccroidhe agus ar bhar ccoinsias - ma ata aguibh
do lathair De; oir, madh ail libh an fhirinne fhollas
dh'admhail, deura sibh go bhfuilti sasaighthe sna puncuibh
reumhraidhte si. Acht ni abair an eagluis, do reir na comhairle
Thrionta, acht gur tarbhach an ni le a dheunamh na naoimh
do ghuidhe agus a n-iomhaighthe dh'onorughadh, mur dubhramair
thuas, agus an mheid deuradh a aithearrach so no do
leigfeadh so dhiobh le disbeaga gur daoine dona earraideacha
mallaighthe iad.



AN 5 CAIB.



DON TSLANUGHADH AGUS DO MHAITHEAMH NA
BPEACADH.



E. Creud le maithear ar bpeacaidh dhuinn?



C. Le Dia uilechumhachda tre Chriosd ar Slanaightheoir.



E. Cionnas chredeas tu go maithear iad?



C. Amhuil theagasgas an eagluis san gcomharle Thrionta,
sess.6, cap.9, creidim go maitear iad dhuinn go grasamhail le
trocaire De ar son Chriosd, agus mur adeir an chomhairle cheadna,
cap. 8, gurab uime deir an t-absdol, ad Rom. 5, duine do shabhail


L. 103


go grasamhuil tre chreideamh, do bhrigh gurab é an creideamh
as tus agus as fundaiment agus as freumh dar n-uile shabhail, agus nach
eidir dh'aoinneach ag nach bi creideamh taithniughadh le Dia
no toidheacht a gcomhluadar a chlainne. Slanuighe, iomorro,
inn go grasamhuil ar an adhbhar nach tuilleann aoinni da mbi
again ria ar slanugha, ma creideamh é, no obair, no grasa ar
slanaighthe, oir, da ttuilleadh, mur dhearbhas an t-absdol
ceudna, nir ghrasa an grasa.



E. Cionnas labhras an scrioptuir ag radh go maithear na
peacaidh?



C. Adeir a n-ait go bhfoiligheann Dia iad, a n-ait oile go
mbeireann uainn iad, agus a n-ionad oile go sgriosann se iad maille
re grasuibh an Sbiorad Naoimh, le ndeuntar creutuir nua dhinn.
Mur sin, tan sabhaltar neach o pheacadh marbhtha, creidim
nach e amhain go bhfolaighthear a pheacadh acht fos go mbeirthear
uaidhe e uile agus go sgriosdar e ar fad le fuil Iosa Criosd agus
leis an ngrasa le n-aithbhiorthar an peacthach.



E. Tabhar th'aire nach dorchuigheann, nach muchann, agus
nach laghduigheann sin ar meas agus ar cconseit air phais ar
tTighearna, ar a fhuil, agus ar a dheaghoibribh.



C. Ni dhein go deimhin ar eunchor acht moruigheadh,
meuduigheadh, agus togbhadh suas iad go lor, oir as ar son a
phaise, a fhola, agus a dheaghoibribh roinntear oruinn a ghrasa le
slanaighthear sinn go leir, ar mhodh nach e amhain go nglacar
linn mur gheall ar phais Iosa agus a naomhthacht inmheodhanach
acht fos go ccóraighthear inn go hinnmheodhanach don taobh
asdigh, dar slanughadh go firinneach, agus go ndeuntar firein dhinn
le ghrasuibh a dortar in ar n-anam a bhfiadhnuise De,
le ccomhdhortar a charthannacht a gcroidheadhuibh a chlaine
tre Chriosd ar tTighearna. As fior, go deimhin, go mbi an cholann
ag santughadh a n-aghaidh ar n-anma, agus an t-anam ag
cathughadh leis an gcolainn, agus go ttuitmid go meinic a n-iomad
peacadh, agus le morchongnamh De tre phais Iosa go mbimidne
iar ttuitim a bpeacadh marbhtha ag gul agus ag deorchaoi an
pheacadh, dar n-ullmhughadh fein dochum maitheamhnais
d'fhaghail ann o Dhia tre phais ar tTighearna. Tar a cheann so,
admhaimid go huiriseal gur mo ata ar slanughadh a maitheamhnas
ar bpeacadh go grasamhuil a morthrocaire De agus ina


L. 104


ghrasuibh a doirtear in ar n-anam tre Chriosd ar tTighearna ina
a bhfoirfeacht ar n-oibre subhailcigh.



E. An fior go bhfuil dh'fhiachuibh ar chreidmheachuibh
deaghobar do dheunamh?



C. As fior go dearbhtha, oir fuagradh Dia go genearalta
don uile cheillidhe amhlaidh, ag radh, “Dein an mhaith agus
seachain an t-olc”, .i. lean an tsubhailce agus fuathaidh an
dubhailce. Agus as do chruthughadh ar ar ndeaghoibribh deir
ar mathair an eagluis san comhairle Thrionta, ses. 6, cap. 16,
“As coir na briathra ud an absdail, Heb. 6, do radh agus do
theagasg do na fireunuibh uile: “Bidhí lan don uile dheaghobair
agus as dearbhtha nach diomhaoin bhar saothar san Tighearna,
oir ni bhfuil Dia micheart ar mhodh go ndearmadann bhar
n-oibre agus bhar ngradh, do thaisbeunas sibh ina ainm; agus na
treigidh bhar munighin as mor luaidheacht.” Ar an adhbhar
so, teagasgthar do lucht deanta na ndeaghoibre gusan mbas,
maille re dochas a nDia, an bheatha shiordhaidhe, ni headh
amhain mur thiodhlaca geallta do chloinn De go trocardha tre
Iosa Criosd, acht fós mur luach dlghthe dha ndeaghoibribh,
do reir gheallamhnaibh De.



E. Mur sin, cuireadh sibh bhar muinighin agus bhar
ndochus an bhar n-obribh fein, agus, da reir sin, ni a nDia ata bhar
ndochas na a ttrocaire De tre phais bhar Slanaightheora acht
in ar ngniomhuibh fein.



C. Ni chuirmid cheana, acht a nDia uilechumhachtach
mhorthrocaireach, oir deir an eagluis linn muinighin laidir do
bheith aguinn an bheatha shiordhaidhe dh'iarraidh agus doigh
sheasbhach a faghala maille re gach ni chuidigheas linn dochum
na criche sin. “Acht nar leige Dia (arsa an chomhairle
Thrionta, sess.6, cap.16) go ccuirfeadh Criosduidhe ar bioth a
mhuinighin ann fein agus nach san Tighearna do chuirfeadh í agus a
dhoigh, isa mhaitheas ata comhmor sin leis na daoinibh go
n-aontuigheann se na neithe dobhios 'na ttiodhlaiceadh uaidhe
fein bheith 'na n-oibre ionluaidhe acasan. Oir, o dhoirteas
Criosd ar Slanaightheoir, amhuil chinn ina bhalluibh agus amhuil
fhineamhuin ina gheuguibh, an tsubhailce ina fhireanuibh
dobhios ionta ria deaghobair agus a n-aoineacht leis an
deaghobair agus a ndiaidh na deaghoibre, ar mhodh nach


L. 105


eidir d'aonobair taithneamha le Dia no beith ionluaighe
gan í, as inchreidthe nach teasduighean aonni niosa mhó
o na fireunuibh, acht, ga ttuillid go hiomlan leis na
deaghoibribh sin donithear a nDia agus le gcoimhliontar dilighe
De san saoghal so, an bheatha shiordhaidhe beurthar
doibh 'na ham fein, ma gheibhid bás a sdaid na ngras.
Oir adeir ar Slanaightheoir, Joan.4, “Gibe ibheas don
uisge dobheirimsi dho, ni gheubhadh iota e go siordhaidhe acht
biadh ann 'no thobar uisge ag leime suas dochum na beathadh
marthannaigh.” Mur sin, ni linne go dileas na grasa le
slanaighthear sinn ar mhodh gur uain fein thig, 's ni chuirmid
suas do ghrasuibh De; oir, an grasa deirthear gur linne, an
mheid gur leisean slanaighthear sinn, o a bheith annainn, as le
Dia e agus as o Dhia doirtear oruinn é tre dheaghoibribh Chriosd.”



E. Creud da ttig brigh agus diongmhail do bheith san obair
dhaonna le saorthaighthear slainte ar n-anma?



C. Tig sin do naomhghrasuibh De, dobeirthear dhuinn a
mbrontanas throcardha a n-ainm Iosa Criosd; acht as eifeacht
sin dh'eifeachtuibh an chongnaimh ghnaith dobheir an ceann so
Iosa dha bhalluibh, na creidmheacha. Agus, go firinneach, taisbeunaid
aitheanta De, a theagasg, a gheallamhuin, agus a bhagair
san mbiobla go ndlighthear dhinn obair do dheunamh le
saoraighthear slainte ar n-anma le corruighthibh ar ttoile, le
grasuibh De ag cuidiughadh linn go sunradhach; agus as dar
gceudphrinsiopaluibh nach eidir dar ttoil shaoir aoinni foghantach
dochum na beatha marthannaigh do dheunamh gan congnamh
sbesialta an Sbiorad Naoimh da glusacht agus da neartughadh.
Acht fos, ar an adhbhar go bhfaiceann an eagluis go
n-oibrigheann an Sbiorad Naomh so lena ghrasuibh isna creidmheachuibh
an mheid maitheasa donid, as inchreidthe dhi
go mbid oibre na bhfireun taitneamhach ag Dia agus a meas mor,
agus nach gan fhath goirthear deaghoibre ionluaidhe dhiobh, do
reir sean agus sinnsear na heagluisi, da chur a suim leis sin go
bhfuil brigh agus diongmhail agus luaidheacht ionta, trath nithear
iad go sunradhach a sdaid na ngras. Agus, do bhrigh gurab o Dhia
thig uile fhoirfeacht, uile naomhthacht, agus uile dhiongmhail
oibre, do ghlac an eagluis san ccomhairle Thrionta, a tteagasg


L. 106


an chreidimh Chatoilice, le leighean S. Auguisdin agus adeir,
“Coronaidh Dia a thabhartais fein tan choronais se deaghoibri
a chloinne.”



E. An o na daoinibh thig an loirghniomh donid ina bpeacadh?



C. Ni headh amhain acht go sbesialta o Chriosd; oir, gidh
nach eidir linne uain fein amhain aoinni foghanta ionluaidhe
dochum na beatha siordhaidhe da fhaghail agus da thuilleadh
no do dheunamh, as eidir dhuinn le morchongnamh agus le grasa
Chriost an t-iomlan d'oibriughadh. Uime so, iarramaoid uile
chongnamh ar Dhia, cuiremid ar ndoigh ann, agus dobheirmid
buidheachas dho tre Chriosd agus a gCriosd, agus ni mo thuigmid
cionnas as eidir a aithearrach so do radh rinn. Mur sin, a nDia
amhain ata ar ndochus agus muinighin ar slanaighthe, ag radh
san bPaidir, “Tabhair dhuinn aniodh ar n-aran, Maith dhuinn
ar bhfiacha”, agus san aifrionn, “Guidhmid thu mur athchuinghidh
ort toirbhir duinn so no siod, ni do mheas oruinn fein no ar ar
n-oibribh, an mheid go ttigid uaine amhain, acht do mheas
ar Chriosd ar Slanaightheoir agus ar cCeannaightheoir, tiodhlaictheoir
na n-uile ghras agus dheaghoibre ina bhfuil muinighin agus
dochas laidir na bhfireun go leir.” Ata an dochos so coimhseasbhach
sin go ttabhair se fa deara dhuinn siobhal a slighe De;
gidheadh, ni dhealaigheann an doigh si le heagla go gcaillfemis
grasa De leis na peacadhuibh; da bhrigh sin, as le huamhan
mor dobhimid ag saorthughadh na beatha suthaine. Mur so,
bheir an Eagluis Chatolice Romhanach uile ghloir ar slanuighthe
do Dhia tre Chriosd, gidh go bhfuil ar gcumas ar saorthola fein
olc no maith, le comhchongnamh sunradhach ar dighearna,
do dheunamh, maille le a ghrasaibh nach cuirmid choidhche ar
ccul no a neimhni, agus nach mo bheirmid uile bhrigh dar n-oibribh
fein amhain, oir as dearbh linn leis an eagluis, san ccomhairle
reamhraidhte, go maithear ar bpeacadh dhuinn le trocaire De
agus le a ghrasuibh tre Chriosd, agus gur do thabhartas De
saorthar agus slanaighthear sinn, agus gur grasa De agus tiolaice
Chriosd ar n-uile dheaghobair, agus, mur sin, ma feachdar go grinn
ar an meid si nach bhfuil cuis ghiorain oruinn san phunc so.


L. 107


AN 6 CAIB.



DON LOIRGHNIOMH, DO PHURGADOIR, AGUS DON
LOGHADH.



E. A' ndearna Criosd loirghniomh a bpeacadhuibh an chine
daonna?



C. Dorighne, oir tug diolaigheacht agus loirghniomh ionnta uile
le a ndearna do dheaghoibribh agus ler fhulaing do phianuibh. Acht
fos ata an loirghniomh so doichriochnaighthe dofholmhaighthe,
ar an adhbhar go raibh Iosa 'na phearsa dhiadha go bhfoirfeacht
agus go n-uaisle ndo-airmhe, ionnas go bhfoigheonadh do dhiol
fiach mhile milleon saoghal, da mbeidis ann, trena dhiongmhail
dhoichrionaighthe; agus, mur sin, dorighne ar Slanaightheoir
niosa mho go romhor no budh riachtanas do loirghniomh ar ar
son.



E. Cionnas, iomorro, dorinn-siod amhlaigh an loirghniomh
so?



C. Ar cheachtar do dha mhodh, .i. no ag maitheamh an
pheacadh agus da sgrios uile agus fos gach peine dlighthear dho abhos
ina thall, no ag sgrios an pheacadh agus ag malartughadh na
peine moire siordhaidhe dlighthear dhó a bpein mbig aimsiorrdha
no gheirr.



E. Creud diobh don da mhodh so da ndérn-sud usaid san
loirghniomh reumhraidhte?



C. Do gach modh fa leith, do reir cheirt, throcaire, agus chonnraidh
De. Agus, mur as e an ceudmhodh as iomlainne agus as iomchubhaidh
dha mhormhaitheas, as de doní se usáid san mbaisdeadh,
dar nglanadh o pheacadh na sinsear, on uile pheacadh
oile donimid ria mbaisdeadh ina ndeinmid aithreachas; maille
ris sin fos saoraidh se sinn on uile phein do dlighfidhe ar son an
pheacaidh cheudna a n-ifrionn no a bpurgadoir. Acht as don
dara modh doni se usaid ag maitheamh na bpeacadh donithear
iar mbaisdeadh, oir, dar leat, baineadh sin dó o cheart,
cumasgtha le a throcaire, tre anduarcas agus neamhbhuidheachas
na bpeacach doni beagshuim do na moirthiodhlaicibh bheir-siod
doibh san mbaisdeadh agus iar mbaisdeadh, ionnas go ndlighthear
dhiobh pein aimsiorrdha do dhiol a n-ait na peine siordhaidh a


L. 108


bpurgadoir no san saoghal so ar son na bpeacadh iar mbaisdeadh
maithear dhoibh.



E. Mar sin ni dhearna Criosd loirghniomh iomlan ar ar son.



C. Dorighne go dearbhtha, oir do cheannaidh sin go lor mur
luach a phaisi doichriochnaighthe o ar bpeacadhuibh agus o ar
bpiantuibh uile ar an eachd agus ar an cconndar do thugair Dia.
Acht cheana, do budh eccoir, meardhanacht, duarcas, agus
neamhbhuidheachas dhuinne a mheas nach dearna, no dul dochum
pleideala no consboide leis, ag ceasnaighe no ag tarcaisniughadh
a dheaghoibreadh, no air a phais, a loirghniomh agus a
ghradh dhuinn. Oir, gidh gur mhaith dhuinn peacadh na
sinsear san mbaisdeadh agus nar shaor sinn o gach olc, mur an
cceudna, do leanas as peacadh na sinnsear, mur ata an bas,
tinneas, agus aicideadha oile thig oruinn do sguil an pheacadh
cheudna acht gur fhagaidh sinn agus iad in ar ccuinne, oir budh lor
dhó ar saoradh agus ar cceannach agus go saoireoghadh sinn fa dheoidh
la eigin o na holcuibh reu raidhte sin, ma thugraimid fein.
Dlighthear dhinn gach modh don da mhodh so le ndearna
Criosd loirghniomh in ar bpeacadhuibh do ghlacadh chugainn
go buidheach beannachtach mur thiodhlacadh anmhor, do reir
ordaighthe crionnachta De; oir as leo do thugair a mhaith fein
agus a mhorthrocaire do thaisbeunadh, le cheile agus a cheart, ag
ceannach an chinidh daonna. Acht ni cuis ghiorain dhuinne ar
Dhia no air ar Slanaightheoir a bheith urasda dochum peacadh
na sinnsear agus uile pheacadh oile ina ndeuntair aithridhe ria
mbaisdeadh agus uile phein dlighthear dó do mhaitheamh san
mbaisdeadh, gidheadh, a bheith docamhlach linn 'na dhiaidh sin
iar n-athuitim a ndiaidh baisdeadh a bpeacadhaibh nuadha, ag
iarradh peine aimsiorrdha oruinn a n-ait na peine siordhaidhe
dlighfidhe dhoibh a gcas nach maithfe dhuinn iad. Oir doni
amhlaidh sin dochum gur lughaide do aththuitfemis a bpeacadh
go neamhchásmhar, ag deuna drochusaide do mhormhaith De
tre bheith urasda fan bpein uile do mhaitheamh. Agus, go firinneach,
ar son gur eidir do Dhia an uile phian shiordhaidhe agus aimsiordha
do mhaitheamh dhuinn ar fad tre pháis ar tTighearna, ni cuis
ghiorain air gan sin do dheunamh, oir as ceillidhe go mor mur
righne, agus nir dligheadh dhe deachmhadh a ndearnaidh. Acht as
tre mheud riachtanais an loirghniomh, iar n-aththuitim a


L. 109


bpeacadh, dorighne an eagluis o thus riaghlacha agus canoin
aithridheacha. Da bhrigh sin, tan chuireas an eagluis obair chraibhtheach
pheannaideach oruinn mur bhreith aithridhe, agus donimid
í amhlaigh go humhal dithchiollach, as di sin gairthear ar loirghniomh,
.i. diol na peine aimsiorrdha do dligheadh dhinn iar
maitheamh ar bpeacaidh n-ionad na peine siordhaidhe, do
reir orduighthe De.



E. Creud thuigeas sibh leis an loghadh?



C. Ni chreidmid leis an loghadh niosa mho na niosa lugha
ina mur theagasgas an chomhairle Thrionta, sess.25, Decreto
de indulgentiis, go ttug Criosd cumhacht da eagluis loghadh do
thabhart amach, agus gur gnath roishean innte usaid do dheanamh
do na cumhachtuibh sin, agus gur ni rotharbhach an loghadh,
darab coir usaid mhaith do dheanamh, agus gur coir gan tarcaisne
do dheanamh dhe, no fos da usaid dh'eagla a tharcaisnighthe,
no slighthe do thabhairt do chach dochum a lochtuighthe.
Acht leath 'muigh don ghnathchuimhne si na heagluise, as
maith an fhundaiment leis an soisgeul naomhtha, Matth.16,
Quodcumque solveris super terram, etc.



E. Creud thuigeas tu le purgadoir?



C. Creidim go bhfuil purgadoir ann, oir creidim go n-iocaid
thall a n-ait eigin na creidmheacha, iar n-eug a ngrasuibh De a
gcarthannacht gan diol na bpian ata dh'fhiachuibh orra o cheart
bhreitheamhnas De, an phein cheadna no go loghthar iad ria
ndul da n-anmanuibh ar neamh. As í sin pein phurgadoir, agus
as don ait sin do gharmid purgadoir. As é so fa deara ar na
creidmheachuibh anallod urnaighthe, deirc, agus iodhbairt do
dhéanamh ar anmannuibh na marbh do eug a sith agus a gcomann
na heagluise, oir budh dearbhtha liu go bhfoghnamh sin doibh,
iar n-eug a ngrasuibh, a ndiol a bpeine. Uime sin adeir an
chomharle Thrionta, sess.6, can.30: “Gibe deradh go bhfaghann
an uile aithridheach, iar nglacadh grasa a shlanaighthe mur
mhaitheamh a pheactha, maitheamh fos na peine siordhaidhe
dlighthear don pheacadh, ar mhodh nach dlighthear pein
aimsiorrdha dho abhos ina thall a bpurgadoir le a hioc soil tteid
ar neamh, coineallbhadhthar é.”


L. 110


E. Dar leat, cuireadh sin sios go mor do Chriosd, amhuil nach
ttiubhradh sasughadh san iomlán.



C. Ni chuireann, oir, gi thug, as ar an cconradh ud mur
thugair féin rothug, agus ni do locht no dh'easbhaidh ar loirghniomh
Chriosd iarrthair oruinne deighniomh do dheanamh
acht ar an gconradh ceudna; agus ni bhfuil diongmhail fos in ar
n-obair acht an mheid thig o Chriosd agus ona ghrasuibh, oir ni
bhfuil ar ccomas duinn aonloirghniomh da laghad ar bioth do
dheanamh uain fein amhain acht le grasuibh agus congnamh
spesialta De tre Chriosd ar Ttighearna. As iontuigthe go
bhfuil gean commor sin ag Dia ar an ccarthanacht bhraithearrdha,
ar ghradh na comharsan, agus ar chumann na naomh
go nglacann deaghobar agus loirghniomh agus sasughadh aoin ar
son aoin oile, oir deir an sgrioptuir naomhtha linn gur choir
dhuinn ualaighe a cheile dh'iomchar agus cuidiughadh re a
cheile, mur ata a n-urnuighthibh, a ttroisgidhibh, agus a
ndeghniomhuibh.



AN 7 CAIB.



DO NA SACRAMAINTIBH.



E. Creud chiallaigheas sacramaint an reachta nuaidh?



C. Comhartha coisreagtha somhothuighthe í ni headh amhain
le cciallaighthear grasa no seula le neartaighthear inn acht
fos ionstrumaint an Sbioraid Naoimh le nglesdar, le ndeuntar,
agus le ttugthar duinn, do bhrigh na bhfocal agus an ghniomha
fhoirimligh le ndeuntar í, grasa an Sbiorad Naoimh, muna ttoirmisgthear
é tre dhith ullmhaighthe.



E. An gcreidthear leat gurab riachtanas dochum ar slanuighthe
ollmhughadh inmheodhonach, oibriughadh spesialta an
Sbiorad Naoimh, agus deaghoibre Chriosd do ghleus chuguinn
mur donithear san sacramaint?



C. Creidthear; agus tan dobheir Dia brigh agus grasa comhmor
so dhon chomharrtha reumhraidhte ud ag nach bhfuil imeacht
ona naduir fein ar eifeacht coimhmiorbhuileach soin, as ni


L. 111


ró-inchreidthe é. Ar an adhbhar so, ni heidir cur suas don
teagasg so gan euccoir do dheanamh ar phais agus ar dheaghoibribh
Chriosd, ar uilechumhacht De, le n-aithbhiorrthar sinn san
mbaisdeadh. Beirthior sinn dh'Adhamh mur chloinn fheirge a
bpeacadh ar sinnsear; beirthear, gidheadh, le ar mbaisdeadh
sinn a gCriosd mur chloinn a throcaire, oir, mur dhearbhas Eoin
san cceudchaib., “An mheid do ghlac le Criosd, tug dhoibh do
chumhacht bheith 'na cclainn De, da gcreidid ina ainm, nach
o fhlannuibh, no o thoil cholna, no o thoil fhir, acht o Dhia
beirthear iad mar sin.”



E. Creud an ni da ndeuntar sacramaint an bhaisdidh?



C. Le ionlat a uisge agus le briathruibh airidhe, mur d'ordaigh
ar Slanuightheoir, amhuil dhearbhas S. Augusdin, ag radh, “Tig
an bhriathar dochum an uisge, agus donithear an tsacramaint
si.”



E. Creud as sacramaint confirmatio, no dul fa laimh easpuig,
ann?



C. Ungadh le crisma, maille le foirm bhriathar airidhe, a
n-eadan an duine iar mbaisdeadh le laimh easpuig, dobheir
barr grasa dhuinn agus neart, do reir mur do ordaigh Criosd, amhuil
theagasgas an scrioptuir, cap.8 & 19 Act., agus an eagluis ar
lorg na n-absdol agus na sean ó thus, amhuil dhearbhas Dionysius
Arepag.,c.2 Eccles. Hierarch.; Hieron. contra Luciferian;
Clemens Alex.,lib.6 strom.; Ambrosius,lib.3, de Sacramentis;
Augustinus,6, in epist. Joannis, etc.



E. Creud as ciall dibh ag creideamhuin sacramaint na haithridhe?



C. An chiall theagasgas an eagluis, mur deir an chomharle
Thrionta,sess.14, cap.1, “Ag beith do Dhia lan do throcaire, do
chonnairc se ar laigi-ne agus thug-sad foirthin bheathadh
don lucht do thuitfeadh a ngeibhlibh an pheacaidh agus a laimh
an diabhail, .i. sacramaint na haithridhe, le a ngleusfuidhe
toradh phaise Chriosd dochum gach aoin da ttuitfeadh iar
mbaisdeadh a bpeacadh.” Do ordaigh Criosd an tsacramuint
si iar a eiseirghe o mharbhuibh, ag seideadh ina dhisgiobluibh
trath dubhairt, “Glacuidhe an Spiorad Naomh, gibe peacadha
mhaithfidhe, bidís maithe, agus gibe peacadha choingmheodha
sibh, bidís congmhuidhthe.” Leis an ngniomh comhoirdheirc


L. 112


so agus leis na briathruibh comhsoileir so as é thuig comhaontadh
na n-aithreach riamh go ttugadh cumhacht mhaithfe agus
chongmhala na bpeacadh do na habstoluibh agus da leanamhnuibh
dleisdeanacha dochum na ccreidmheach do thuitfeadh a bpeacadh
iar mbaisdeadh do reidhteach a geibhlibh. Uime sin, as
reasunta do dhibir agus do dhamuin an Eagluis Chatolice mur
eithriceadha na Novatiani, le a seuntuidhe an cumhacht
reumhraidhte si. Da bhrigh sin, ag dearbhadh agus ag glacadh
na mbriathar ud san cceill rofhirinnigh si, damnaigheadh an
naomhchomhairle sin gluais bhreagach na Nouatiani adeireadh
go fallsa, a n-aghaidh orduighthe na sacramuinte si, nach
gciallann na briathra ud acht amhain cumhacht bhriathra De
do theagasg agus soisgeul Chriosd do mhunadh.



E. Cionnas agus creud fa gcreidir gur sacramuint an posadh?



C. Creidim gur sacramaint an posadh donithear iar mbaisdeadh
idir fhior agus mhnaoi le a ttugaid ar gach taobh a ccuirp
dha cheile dochum compantais feadh a mbeathadh agus dochum
clainne do dheanamh mur leighios ar dhrochlaontuibh na colna,
oir amhluidh sin adeir an eagluis, go sbeisialta san ccomhairle
Thrionta, sess.24, agus gurab é Criosd do orduigh í, agus go
ttugann si grasa don lanamhuin, agus nach eidir an posadh do bheith
'na shacramuint acht idir bheirt amhain iar mbaisdeadh.



E. Go' deir tu leis an olaidh dheighionaigh?



C. Adeirim leis an eaglais san ccomhairle Thrionta, sess.14,
gur orduigh Criosd an ongadh choisreagtha so na ndaoine ttinn
iar mbaisdeadh mur shacramuint fhirinneach dhileas an reachta
nuaidh, mur luaidheas S. Marc agus S. Seum absdol da mormholadh
dhuinn, ag radh, “Ma tharla aoinneach aguibh tinn, gaireadh
ar shagartuibh na heagluise, agus guidheadis air, dha ongadh le
holaidh i n-ainm an Tighearna; agus sabheolfadh urnaighthe an
chreidimh an t-othar, agus foirfeadh an Tighearna air; agus ga raibhe
i bpeacadhuibh, maithfear iad dho.”



E. Soil labhramaoid ar shacramuint an oird choisreagtha, do
bhrigh gur do shacramainte chuirp Chriosd, mas fior dhibhsi,
do horduighe í go sbesialta, labhram ar ttus ar an tsacramaint
si an chuirp reumhraidthe.



C. Deanam choidhche le congnamh De.


L. 113


AN 8 CAIB.



DO SHACRAMAINT CHUIRP CHRIOSD.



E. An gcreidirsi corp agus fuil Chriosd do bheith san sacramaint
si?



C. Creidim, agus as dearbhtha e bheith inchreidthe, .i. fuil agus
feoil Iosa do bheith innte go firinneach realta do lathar, as na
briathruibh ler horduighe í.



E. Creud fa ttuigirsi na briathra sin san gceill litiordha agus
nach ail leat a ttuigsin san gceill fhioghardha?



C. Ata, gurab san gceill litiordha do thuigeas mo naomhmhathar
an eagluis iad, le nach eidir dul ar seachran. Acht,
dar leam, ni bhfuil fáth dh'aoinneach sin d'fhiafraighthe
niosa mhó na dha bhfiafraighe neach dhiom creud nach treigim
bealach an righ mur gheall ar shlighe chonntabhartaigh chaoil
chumhaing. Agus, dar leat, budh chora dhamhsa dh'fhiosradh
dhibhsi creud fa ttreigthi an chiall litiordha mur gheall ar an
gceill chaim fhioghartha, an bealach mor reidh mur gheall ar
an gcasan bheag aimhreidh. Mo chuid-se dhe, leath 'muigh
gurab amhludh theagasgas an eaglais me, as lor leam nach faicim
riachtanas ar bioth lena ttuigsin go fioghartha amhain, agus, mur
sin, nach heigin damh a ttuigsin amhlaidh ar aonchor acht
fuireach san gceill dhirigh dhilis litiordha, amhuil dlighthear
dhiom, ag tuigsin meine Mhic De san diabharrun so, mur
dearamaoid 'na dhiadh si. Oir as roghlan do labhras, ag radh,
“Glacaoidhe agus eithidhe, ag so mo chorp-so, agusr., ag so
mh'fhuil-si.” Deir fos an eagluis ina gnathchuimhne absdolta, go
sbeisialta san gcomhairle Thrionta, Tridentin. session.13, canon
1, “Gibe sheunfadh go bhfuil Criosd go leir idir chorp agus fhuil,
anam agus diadhacht, a NaomhShacramaint na haltora go
firinneach realta subsdainteach agus dearadh go bhfuil-siod amhain
innte mur bheith a sighne, a ccomhardha, a bhfioghar, no
a mbrigh, coinnealbhadha air.”



E. Anallod, giodh go n-uamuighthe go sbioradalta na hEabhraidhe
don iodhbairt doníthidhe ar a son agus go n-eithidis í,


L. 114


dobhi toirmeasgtha orra an iodhbairt doníthidhe ar son a
bpeacadh do eithe.



C. Ni mur sin dhuinne, na creidmheacha, aniodh, oir dlighthear
dhinn an iodhbairt si chuirp Chriosd do eithe gion go
ndeuntar i a siothchain ar bpeacadh.



E. As da chruthughadh nach bi Criosd do lathair go firinneach
realta acht a gcuimhniughadh amhain san sacramuint si adeir
Criosd fein go grod a ndiaidh na mbriathar reumhraidhte ud
thuas, Hoc facite in meam commemorationem, “deanga so im
chuimhniughadh-so.”



C. Seunuim sin ort. Ni headh choidhche, oir as ar a bhas
tuigthear na briathra sin agus ar a phais, amhuil dhearbhas Pol
ad Corint.11, Hic calix novum testamentum est in meo sanguine;
hoc facite quotiescumque bibetis in meam commemorationem.
Quotiescumque enim manducabitis panem hunc et calicem bibetis,
mortem Domini annunciabitis done veniat. Agus, go deimhin, ar
son go ndeuntar an meid sin a gcuimhniughadh a bhais nó go
ttig se, ni leanann as sin nach bi a chorp go firinneach agus a fhuil
go realta do lathair san iodhbairt si. Oir, amhuil do eithidis na
hIudhail an iodhbairt shitheach fein, agus do chuimhnidis go
ndeantaoi an iodhbairt cheadna ar a son fein, mur sin dhuinne
ag fromhadh cuirp Chriosd, iodhbarthar san altoir a siothchain
ar bpeacadh; donimid amhlaidh a gcuimhniughadh a
bhais páise. Agus daingnidhe an fromhadh sin inn san gcuimhne
sin, oir as e do orduigh Criosd cuimhniughadh ar a bhas le
caitheamh a chuirp. Acht tusa, mas Cailbhineach fire thu,
cuimhnidh, mur deirrthi fein in ar tteagasg, Dom.53, in confessione
fidei, art.36, go bhfuil subsdaint Mhic De san
iodhbairt si. Ar an adhbhar so, as eigin dibh, do reir bhar
n-admhala fein, a radh go bhfuil corp Chriosd san iodhbairt si, ar
son go neuntar i mur chuimhniughadh ar fein, no ar a phais,
no ar a bhas, agus nach leanann gan e bheith inte a deanamh mur
chuimhniughadh air amhlaidh. Admhaoid fos na Luitearnaigh
corp agus fuil Chriosd do bheith go firinneach san iodhbairt si do
lathar go realta, gion go n-abraid uile go ndeantar i a gcuimhniughadh
Chriosd agus a bhais. Agus, do reir chomhairle na gCailbhineach
a cCaretonia, ar son go n-abruid na Luitearanaigh amhlaidh sin,
ar a shon sin nach bhfuilid dealaighthe re cheile a gcreideamh


L. 115


no a n-eagluis. O ta sin mur sin, ni bhfuil fath dhoibhsin bheith
dealaighthe linne san bponc so, da ngabhamaoís liu, ni nach
deunmaoid; oir as e do chreidmid go bhfuil siad ar seachran
creidimh; agus tar eis coisreagtha an aráin agus an fhiona nach
aran no fion e niosa mho go firinneach acht aicidedha arain agus
fiona faoi a bhfuil go firinneach corp agus fuil ar tTighearna Iosa go
realta do lathar, mur dhearbhas an eagluis san mball gcéadna
don chomhairle Thrionta.



AN 9 CAIBDIL.



DH'IODHBAIRT AN AIFRINN.



E. Minigh dhamh iodhbairt na haltora.



C. Ata dha choimhghniomh san iodhbairt si: don cheidghniomh
aca goirthear consecratio, .i. coisreagadh; as leis
donithear Sacramuint na haltora; don dara gniomh goirthear
caitheamh na hiodhbairthe. Fa seach, cheana, agus ni a n-aoineacht
donithear coisreagadh an chuirp agus coisreagadh na fola, aga
ndealamhuin go misdidhthe o cheile, oir as fa seach adubhairt
Criosd, “Ag so mo chorp-so” agus “Ag so mh'fhuil-si”; agus as mur
sin do orduigh do na habsdoluibh an coisreagadh so do dheanamh
mur iodhbairt agus mur chomhardha cuimhnighthe le a gciallfaidhe
a bhas eicciontach. Mur sin, ata Mac De go firinneach ar an
altoir iar ndeunamh an naomhchoisreagadh a modh dhomhothuighthe,
foilighthe fa chomharrthuibh corpordha, le
ttugthar a bhas in ar ccuimhne, agus a bheith umhal gusan eug, inar
iodhbair e fein. Agus gan amharas, ni theasdaigheann aoinni
uaidhe so as riachtanas d'fhiriobairt; agus mur sin, gan
conntabhairt, as romhor gean De ar an gcoisreagadh so agus
ar chaitheamh na hiodhbairte si, agus dobheirid air feachuin
oruinn le deaghshuil agus le gnuis shuilbhir, ar an adhbhar
go dtaisbeanann na gniomha so a Mhac dileas fein
do. Da reir so, deura an uile Chriosdaidhe maith gur
rothairbheach don chineadh dhaonna, go sbesialta do


L. 116


chreidmheachuibh, lathardhacht Chriosd san iodhbairt si, ag
toidheacht da lathair ar ar soin-ne faoi na comhardhuibh
corpordha reumhraidhte ud, ag reidhiughadh linn le taisbeunadh
a chreacht agus a phaise, dar cceannach, da Athar shiordhuidhe.
San gceill si deirthear go n-ofralthar Criosd san aifrionn, san
iodhbart, agus san tsacramuinnt si ar ar son, agus as san ccell si do
chreidmid go ttugann an iodhbairt si ar Dhia bheith ceannais
rinn, agus as uime sin do gharmid iodhbart shitheamhuil dhi; oir
ofralamaoid í go spioradalta don Athair neamhdha mur shacrafis
shithe agus shiothchana, ag radh nach bi againn lena n-iodhbairt
dho acht Iosa Criosd agus a dheaghoibre ionluaidh
dhichriochnaighthe go a bhás. Ag so an chiall ina n-ofrailemid
ar n-urnaighthe dho san iodhbairt si. Mor an difir ata idir an
iodhbairt si agus shacrifis an tseintiomna, oir ni dortar fuil go
fior acht go misdighthe innte, ni curthar aoinni chum bais
innte dharire acht go misdeamhuil, gidheadh, as iodhbairt
fhior í, oir ata an ni do hofralthar innte go dearbhtha ag
fiogharughadh agus ag cuimhniughadh an bhais ro fhulang-sud. Uime so,
deirid fos na Cailbhinigh go n-ofraluid fein do Dhia Criosd
lathardha, an mheid go bhfuil do lathair doibh do reir chreidimh
amhain. Acht, mur sin, da gcreidedis a bheith go firinneach
realta do lathar, creud an fath nar eidir liu a ofrail amhluidh,
mur donimidne? Achd na measagh aoinneach gurab run
duinne iodhbairt nuadh shitheamhuil do dheanamh dochum
reitigh De in ar n-aifrionnuibh, ag meas nach dearna Criosd
sin go lor ina iodhbairt fhuilteach, oir ni leanann sin as ar
tteagasguibh-ne, ar an adhbhar gurab ar mhodh guidhe amháin
donimid í; dochum na hiodhbairthe fuiltigh do chur a
n-eagar go misdeamhul chum De donimid amhluidh.
Leantar as so nach bhfuil eifeacht isna hughdarasuibh dobheir
ar n-easccairdeadha ar n-aghuidh lena gcaimchialluibh fein,
Hebr.4,9, etc. Tugdaois na Cailbhinigh da n-aire go
n-admhaid teagasg Luteir agus creideamh na Luitearanach
bheith gan neimh gan erraid chreidimh, ag admhail go bhfuil corp
agus fuil Chriosd do lathair go firinneach san sacramuint si agus san
iodhbairt si; agus, o admhaoid agus nach fuagraid orra, creud
dobheir rinne iad san bponc so? Agus, ma iomchruid le Luitearanuibh
ag adhradh Chriosd san tsacramaint si agus aga ghuidhe leis


L. 117


an iodhbairt lathardha cheudna, as mor an dalla cia
dhoibh fuagradh oirne san bponc cceadna. Acht, da n-abair
Luitearanach nach iodhbairt iodhbairt na haltorach, giodh
gur sacramaint fhola agus chuirp lathardha Chriosd í, as follas
gurab ainbhfios mor, no mire, no mailis as ciontach líu,
fonn erraide agus consboide gan adhbhar. As a ndubhramair
go seadh as iontuigthe creud as coir a radh leis an gcomaoin
do iarras lucht ainbhfis, le nach deoin an abhlann choisreagtha
gan fos an chailthis choisreagtha d'fhaghail. Oir, do bhrigh
nach o na haicidibh ud an arain agus an fhiona thig grasa agus
beannughadh agus toradh na sacramuinte si acht o shubsdaint dhilis
Iosa Chriosd, .i. ona chorp agus ona fhuil, le a mbeathaighear an
t-anam, agus go bhfuilid so araon fa aicidibh an arain agus an fhiona,
beirthear an corp ceadna agus an fhuil maraon dúinn faoi gach
aicid da gcaithear, .i. faoi aicidibh an arain agus faoi aicidibh an
fhiona. Agus as e so as fundamuint don tuaith agus don eagluis,
fa ndein an tuata agus an cleireach nach abar an t-aifrionn comaoineach,
ag caitheamh na sacramuinte si faoi aicidibh an arain
amhain, faoi a bhfuil ni headh amhain corp acht fos fuil Chriosd
nach dealaighthear choidhche le a cheile, agus dobheir grasa
agus beatha agus oileamhuin dh'fhior na comaoine. Ma ata gur
coir don ti adeir an t-aifrionn agus doní an iodhbairt shitheach so,
ag coisreagadh an arain agus na cailthise, iad do chaitheamh faoi
gach aicid aca, oir beanadh sin d'iomlaine na saicrifise, na
deanamh Cailbhineach iongnamh dhe so, oir, mur as lér aca
fein san bhFrainc, cap.12, tit.de Coena, art.7, iomchraid comaoin
do dheanamh san aran amhain, go mormhorach leis an meid
aga mbi grain ar fhion; agus, mur sin, tigid linne agus deirid, mur
dubhramair, nach riachtanas comain do dhéanamh fa gach
aicid aca.



C. As so tuigthear creud foghnamh an oird choisreagtha
san eaglais: oir as sacramuint e le a mionasdralthar agus le ndeantar
sacramuint agus saicrifis chuirp agus fhola ar tTighearna, agus sacramuint
na haithridhe, mur deir Criosd, Joann.20, Quorum remiseritis
peccata, remittuntur eis, etc. Hoc facite in meam commemorationem;
oir as iad na habsdoil agus a lucht leanamhna,
.i. na sagairt, d'orda Criosd dochum iad so do
mhionasdralacht, agusr.


L. 118


AN 10 CAIB.



D'UGHDARRAS NA HEAGLUISE.



E. Creud da ngairir briathar De?



C. Do na briathruibh le a tteagasg Dia inn.



E. Cionnas no cáit a bhfaghthar na briathra sin?



C. Ata cuid da bhriathruibh sgriobhtha, .i. an sgrioptur
naomhtha, agus cuid oile gan sgriobha san sgrioptur, mur ata
beulaireacht, .i. gnathchuimhne na heagluise diaidh a ndiaidh;
oir ni raibh an soisgeul fein sgriobhtha o thus, gidheadh, do
geibhthi é ar ttus a mbeuluibh caich no gur fritheadh an
sgribhneoireacht agus an clo amach ler sgriobhadh e, da ngarthar anosa
sgrioptur naomhtha no biobla De.



E. Cia o bhfaghair fios an sgrioptuir choir agus na gnathchuimhne
ceirte tar an leabhar nach sgrioptur agus tar an sgel
nach gnathchuimhne choir?



C. On eagluis, dar ordaigh Criosd an sgrioptur agus an
ghnathchuimhne choir do choimheud. Uime sin, as ona lamhuibh
amhain do ghlacamaoid iad, oir i fein ar mathair, ar maisdreas
theagaisgc, le nach eidir dul ar seachran chreidimh, amhuil ro
gheall Criosd san leabhar admhaois na heithrice fein bheith 'na
sgrioptur. Agus, amhuil gurab uaithe amhain do ghlacamaoid an
sgrioptur uile, mur an gceadna as uaithe do ghlacamaoid an
ghnathchuimhne reumhraidhte agus ciall fhire an sgrioptuir
cheadna. Uime so, deir an eagluis nach abair fein agus nach
aithreas nuaidheacht ar bith, .i. airteagal nuadh le a chreideamh,
acht briathra De amhain, dogeibhthear no san sgrioptur no san
ngnathchuimhne, agus a gciall choir, do reir sgrioptur no
gnathchuimhne, maille le sdiurughadh agus le inspiratio an Sbiorad
Naoimh, as doctuir dhi. Oir as le do ghnath o thus do reidhigh
gach consboid dar tionsgnadh innte riamh maille le gnaithsdiurughadh
an Sbiorad Naoimh, oir le do muchadh an
cedimreasan a gcomhairle ghenearalta na n-absdol, Actorum 15,
agus o sin amach diaidh a ndiaidh gus aniodh gach consboid oile a
ttaobh chreidimh. Uime so, taisbeanadh an eaglais a hughdarras


L. 119


fein, da dheanamh sin, san gcomhairle cheadna agus isna
comhairlibh oile amhluidh, ag radh, Visum est Spiritui Sancto
& nobis, etc. Tar eis fos na consboide do reidhteach amhluidh,
fuagradh, cheana, dha clainn umhlughadh dha breitheamhnas
agus da decret agus iad do chongbhail. Mur so dorighne S. Pol ag
siobhal agus ag fuagradh do na poiblibh decret na n-absdol do
chongbhail; oir o bheol na heaglaise thig míniughadh an
Sbiorad Naoimh chugainn. Uime sin, tar eis go n-abramaoid
san cCre, “Creidim san Sbiorad Naomh”, deirmid, “san
Naoimheagluis Chaitlice.” Mur sin, ata dh'fhiachuibh oruinn
a admhail go bhfuil an fhirinne neimhearraideach do ghnath
san Eagluis Chatoilicigh, oir, mura mbeith, nir eaglais í acht
cruinniughadh seachranta. Ar an adhbhar so, gibe deir go ndein
an eaglais drochusaid dha hughdarras ag reic bhreag, ni chreidid
don Spiorad Naomh le a sdiuraighthear í. Agus, da ttugdaois fa
deara é go maith, dochifidis nach dein an eagluis maighisdir
dhi fein ar an gcreideamh, mur deiridsin, acht go gceanglann
i fein de, ag cur suas do nuaidheacht agus ag radh, nihil innovetur:
oir ni headh amhain go n-umhlaigheann don sgrioptur acht fos
do na minighthibh reumhraidhte, aga ttuigsean do reir intinne
na n-aithreach, ag radh nach glacfadh fein le aoinni acht do
reir ghnathchuimhne na priomhaoise agus na sinsear. Uime so, da
sgrudadaois na heithriceadha na neithi deirmidne, dochifidis
gur romhó agus gur fearr go mor ughdarras na hEagluise Catoilicigh
ina ughdarras aonduine phriobhaidigh ar bioth. Ata fos
ughdarras na heagluise córiachdanasach agus sin dochum na
n-imreasan chreidimh do chur ar ccul gomo eigin dh'easccairdibh
na cCatoiliceadh fein gabhail leis agus a admhail eattorra fein.
As da bhithe sin do dhamuin siad, ina ccomhairle fein a
gCarentonia san mbliadhain d'aois Chriosd 1644, radh na
nIndependenti, adeir gurab eidir le gach eagluis phriobhaideach
a baramhuil agus a hopinio fein do leanmhuin agus gan beann do chur
ar raidhtibh na heagluisi coitchinne. Fos, adeir an chomhairle
cheadna go bhfuil na hIndependenti chomhorchoideach sin don
sdaid phoiliticeach agus ata si don eagluis, oir go ttabhair si slighe
don uile mhiriaghaltacht, don uile mhire, agus go gcuir tibeadh ar
an uile leighios, agus ma leigthear í ar a haghaidh nach bu has
dh'iachtaranuibh no dh'uachtaranuibh, do religio no do


L. 120


short chreidimh ar bioth. Ar na hadhbhraibh si, agus do reir a
gcamchomhairle fein, ata dh'fhiachuibh ar gach aoineagluis
phriobhaideach ma leith umhlughadh d'ughdarras na heagluisi
genearalta, oir, ma ta go tteid siod dochum an sgrioptuir,
aga thuigsin do reir a cclaigcinn fein, ni budh lia do na ceannuibh
no do na cialluibh. Uime sin, d'eagla na nIndependentes do chur
na cCailbhineach ar ccul, do theagasg an chomhairle remhraidhte
an t-ughdarras as mo do bheith ag an eagluis ghenearalta,
amhuil adeirid na Cailbhinigh go leir san bhFrainc agus a Sagsann,
ag radh gurab le ardchinnibh na heagluise do reidhtear fa
dhireadh siar gach consboid do eirgheas a ttaobh chreidimh,
agus, gibe nach umhluigheann dhi, as caora ar seachran e no mac
tire. Cuir 'na chionn so mur deir na heagluiseacha priobhaideacha
san bhFrainc ag geille don airdeaglais choitchionn
shaoilid bheith aca fein, ag radh in sua Confessione & literis,
1616, Promittimus coram Deo nos submittere omni illi quod
definietur in sancta vestra congregatione, cum persuadeamur vos
dirigi a Spiritu Sancto per regulam verbi Dei. Ni abair sinne
aithearrach so le ar n-eaglais choitchionn Chatoilicigh fein.
Mur sin, ni dlighthear doibhsin fuagradh oruinne tre ghreamughadh
don ughdarras ata ag an eagluis gheneralta maille le
sdiurughadh an Sbioraid Naoimh. Ni dheunaidsin contabhairt
fa gach ni da n-abair a gcoimhthionol coitcheann fein bheith
inchreidthe, acht dearbhuid dhoibh fein go daingion an Sbiorad
Naomh do bheith ag sdiurughadh an choimhthionoil cheadna, oir,
mur bhfuil do dhearbhadh aca ar so acht baramhuil amhain agus
meas daonna, creud an mhire mhor dhoibh geallamhuin a bhfiaghnuise
De dh'umhlughadh don mheid dearas an coimhthionol
sin learab eidir dul ar seachran? Acht, mas dearbhadh oile
do shaoilid bheith aca ar sud, oir, .i. go n-abair Dia nach
tteid-siod choidhche ar seachran creidimh tre beith arna sdiurughadh
on Sbiorad Naomh, nar budh iongnamh liu sinne do radh an
ni cheadna le ar n-eaglais fein. Uime so, agus dochum gan a
clainne do dhul ar seachran, do orduigh Mac De priomhadhacht
Pheadar agus na bpriomhphasduiri 'na dhiaidh do leanas a lorg,
mur admhaoid na Catoilicigh uile go bonaiteach do reir na
gcomhairleacha genearalta o thus gus anniodh. A ttaobh,
iomorro, imreasan na ndiadhairidhe sgolardha eattorra fein, ni


L. 121


hait so dhoibh agus ni riachtanas labhairt orra mur nach consboid
chreidimh iad. Iomdha fochnaid doní ar n-easccairde ar an
bpriomhadhacht reumhraidhte si dh'fhonn grana agus fuatha
do chur ar ar n-eaglais-ne, oir ni hionmhuin liu sinn, comann
no aondacht na gcreidmheach, no ordughadh Chriosd, ata
riamh ar bun o thus a eagluise san ardchathaoir abstolta, ata
lan d'fhundamaint san soisgeul agus a seanchuimhnibh na n-aithreach
naomhtha gus aniodh. Acht ar na puncuibh so go glan
laibheorad fos go hathghairid san ttreas gcuid don tsaothar so.


L. 122


AN TREAS CUID.



A MODH CHOMHRAIDH DEISI, INA BHFUIL GACH RE CCEISD ON
cCRIOSDUIDHE AGUS GACH RE BHFREAGRA ON N-EITHRICTHE AR A
CHEILE, LE A CCLAOIDHTHEAR UILE EITHRICEACHT NA HAIMSIRE
SI LE CRIOSDUIDHE DHA SHIMPLIDHE.



AN 1 CHAIB.



Ceisd. An tarbhach do neach ria ccomhrac fios glan agus eolas
foirbhthe do bheith aige o thús ar armuibh cosanta
agus ar phionnsoireacht a namhad dochum a chlaoidh go hurasda
agus a mharbhadh go dlisdionach lamh ar laimh le a chloidheamh
agus le a phionnsa fein?



Freagra. Ni contabhairt gur tarbhach.



C. Creud as arm cosanta no as riaghail phrionnsiopalta
dhuitsi agus don mheud oile do sheictibh ag creideamhuin go
contrardha a n-aghaidh na heagluise Romhanaigh?



F. Deirmid uile go genearalta d'aonghuth, d'aoinbheul, agus
d'aonfhocal go seasbhach gurab e an sgrioptur beannaighthe as
riaghuil don uile fhirine, ar mhodh nach inchreidthe aoinni
leath amuigh dha n-abair.



C. Cia as breitheamh reidthigh a cconsboidibh an chreidimh?



F. An sgrioptur fein.



C. An ttoirmeasgthar do chach aonfhocal do bhuain don
sgrioptur nó fos do chur leis?



F. Toirmeasgthar go deimhin.



C. An leanann as sin a ccuisibh creidimh gur coir cur suas do
chomhairlibh, dh'ughdarras na n-aithreach agus na heagluise
ar fad?



F. Leanaidh go fiormhaith, oir daoine iad uile soimheallta,
learab eidir breaga do radh, agus uime sin gur a mbriathruibh De
amhain, .i. san sgrioptur naomhtha, as coir dhuinn seasamh.



C. An ttigid cach oile uile libhsi san mheid sin?


L. 123


F. Tigid choidhche, oir ni heidir liu a sheunadh.



C. Creud nar eidir liu a sheuna?



F. Ar an adhbhar gurab e an mheud ud a n-admhail fein uile
go coitcheann.



C. An gcreidid amhluidh ar ttus gurab e an sgrioptur
naomhtha as riaghuil don uile fhirinne, ina bhfoghthar an
mheud as riachtanas dochum seirbhise De agus slainte an anma?



F. Ag sin ar n-admhail agus ar bprimhphrinsipal go leir.



C. An abraid no an gcreidid fos nach coir aoinni do chreideadh
acht an mheud dogeibhthear go follas san sgrioptur cheudna?



F. Adeirid o bheol go beul.



C. An abraid an treas feacht gurab leis an sgrioptur amhain
as dual agus as eidir breitheamhnas do thabhairt agus reidhteach do
dheanamh idir chach san uile chonsboid chreidimh?



F. Adeirid go laidir, agus fos gurab e amhain as breathamh
isna himreasanuibh sin uile.



C. An abraid gurab eidir don eagluis shofhaigse ghenearalta
dul ar seachran chreidimh, agus mur an gceadna da comhairlibh
genearalta agus do na daoinibh ar fad?



F. Adeirid go dasachdach, agus fos go ndeacha agus gur imigh
ambadhtha cheana idir eagluis agus chomhairle, agus go bhfuilid na
daoine go leir uile soimheallta.



C. Creud a meas ar bheulaireacht agus ar ghnathchuimhne na
heagluise?



F. Adeirid nach ni dearbhtha acht midhearbhtha a n-abraid.



C. Cait a bhfaghthar go n-abraid an meud so?



F. Geibhthear focal ar fhocal ina n-admhaluibh fein: in
Confessione Anglica priori, art. 10, & in posteriori, art. 6, 19, 20,
30; in Scotica, art. 18; in Gallica, art. 4 & 5; in Helvetica, art.
1; in Saxonica sub fin.; in Argentinensi, in comitiis Augustanis,
cap. 1; in Vittembergica, art. 30; in Confessione Palatini, anno
1516, sub principio; in Suecica, art. 1, agus a n-admhaluibh
chaich oile.



C. Mas mur sin atá, dlighthear dhibh a admhail go bhfuilid
airteaguil bhur gcreidimh go leir san sgrioptur sios go soileir
focal ar fhocal, nó go hairidhe a bhfocluibh agus a tteurmadhuibh
coimhmheasda, .i. comhmhaith agus dobhiadaois siolla ar


L. 124


shiolla ann, nó 'na n-eugmuis so go bhfaghthar iad a ngluais
eigin dhlisdeanaigh an sgrioptuir, no, fa dheoidh, go leanaid a
ndioscursuibh follaine mur raidhte dearbhtha deimhnighthe
neamhchontabhartacha as briathruibh an sgrioptuir, no as an
ngluais reamhraidhte, no asda araon.



F. As amhluidh sin ata go direach, agus as e sin fein bonait
ar rialai-ne agus ar bhfondamaint uile.



C. Gibe thaisbeunfadh nach fioraighthear aonairteagal ar
bioth da gcreidthíse a n-aghaidh an Chreidimh Chatoilicigh
Romhanaigh le aointeagsa sgrioptuir shoileir, no le aonghluais
dhlisdionaigh, no le tearmadhuibh coimhmheasda le sgrioptur
follas, no le aoinleanmhuin cheillidhe dhearbhtha, budh coir
daoibh a admhail go bhfuilti claoidthe ar fad a mbeul an tsaic.



F. Ga ndeuntaoi amhluidh, dobhiamaois uile ar fagbhail,
ag gabhail dar gcionnuibh fa na balladhuibh.



C. Eisd leamso beagan ar ttus, oir dodheun amhluidh go grod.



F. Eisdim cheana; buail ar th'aghaidh.



C. Soil ndeunad balbhán diot ar fad, ni mor dhuin conduir
cheillidhe do dheunamh ar ttus.



F. Aobhaimsi an uile chonradh reusunta, gidheadh, curthar
sios damh iad.



AN 2 CAIB.



DON CHONDAR AS IONCHONGMHALA A CCONSBOIDIBH
AN CHREIDIMH.



C. An toil libh consboid leamsa a gcuis a chreidimh?



F. Ni bhfuil uaim acht sin.



C. An toil libh fos go ndeunmaois connradh ceillidhe ar ttus
agus dh'fhiachuibh oruinn fuireach 'na bhon choidhche go daingean?



F. As toil, agus gan dul dh'aoinneach ar a chúl.



C. Ann gach pleideail dhlightheamhuil an riachtanas triur
go sbesialta, .i. carthuigheoir, no eligheoir, no agraightheoir,
an cairtheach fein no an cosantach, agus breitheamh?



F. As riachtanas gan amharas ar bioth.


L. 125


C. An gcuir sibhsi no do mhuintir aonchair oirne, na Catoilicibh
Romhancha, da ngarrthaoi papuirí, a gcuisibh an chreidimh?



F. Cuiremid, cheana, go lor.



C. Cia bhias aguinn 'na bhreitheamh, 'na chosantach, agus 'na
agarthoir?



F. Mise an t-agarthoir, tusa an cosantach, an breitheamh,
gidheadh, an sgrioptur.



C. Creud an t-ughdarras no na briathra le a nglacair san
cconsboid si?



F. Leis an sgrioptur, .i. le briathruibh De amhain.



C. Creud an punc ar a laibheoramaoid?



F. Laibheoramaoid ar do rabhadh punc.



C. Ainmnigh dhuinn é. Gidheadh, ni folair a bheith 'na
aonphunc amhain airidhe dh'eagla ar mearaighthe no ar mbeith
ag leimeadh o thom go tom, agus as riachtanas gur punc é do
chreidimh aoin aguinn da nach ccreid an fear oile.



F. Ni folair sin, oir da ttigmis le cheile ann, nir chuis consboide
e.



C. Ar an adhbhar sin, an deoin libh labhairt ar Shacramaint
na haltora?



F. As ródheoin, oir, iar reidhte an phuinc sin dhuinn go maith
ar ttus, triallfum go punc oile.



C. Cuimhnigh, gidheadh, go maith fuireach agam san bpunc
so amhain go reidhthear é ar ttus.



F. Gabhaim sin do laimh. Gidheadh, creud fa gcurthar
mise san eiliughadh?



C. Oir sibh fein do iarras comhrac a ccomhnuighe, sibh do
bhios choidhche ag gioran oruinne, sibh dobhios dar ccaineadh,
sibh fos do sgar linn, ag fuagradh oruinn o 'ne go 'niodh.



F. Cuma dhe; feuchfad leat é an uair si dh'fhonn na
firinne dh'fhagháil amach.



C. Tiomáin air. Gidheadh, tabhair dod aire gan na
pearsona do mhalairt ag cur an agarthoir san ccosnamh no an
chosantaigh san agradh. Oir as gnaithbheusa don mhuinntir dar
diobh thusa an tan claoidhthear iad bheith ag boicleimeadh, ag
iarramh dul as le glabhthar ag cur na cuise a bhfad, le iomad
briathar do chaitheas an aimsir le caibiollanacht, agus le conrancum
ag malairt na bpearsan reumhraidhte, ni nach coir choidhche


L. 126


do leigean doibh no dhul tuinnte as an ród no go ccriochnaighthear
an phleideail.



F. Deonuighim fos an mheid sin.



C. Cruthaidh orm nach bhfuil corp agus fuil Chriosd a Sacramuint
na haltora go bhfirine agus go realta do lathair. Tasbein gurab
earraid no eithriceacht dhuinne a radh go bhfuil, no gur don
chreidimh a radh nach bhfuil. Na malairt punc no pearsa agus na
labhair ar ni nach bean le adhbhar, mur ata consboid sgolardha
no na ndocduirí gCatoilicigh eattorra fein nach dein creideamh
no a n-aghaidh chreidimh.



F. An bhfuileongtha tusa dhamh sin do chruthughadh le
gluais sgrioptuir no le reusunuibh dearbhtha?



C. Ni fhuileongfad ar aonchor no go n-admhaidhirse ar
ttus nach ttig leat e do chruthughadh as an sgrioptur amhain,
gidheadh, trath aidmheoghair amhluidh, fuileongfad. Mur sin,
fagh dhamh go soileir foillseach focal ar fhocal san sgrioptur na
briathra so, .i. “Ni bhfuil corp agus fuil Chriosd do lathair san
sacramuint si,” no a ttéarmadhuibh coimhmeasda leis na
briathruibh ceadna. Mur bhfaghair, admhaigh é. Agus, mur sin,
da gcreidir don sgrioptur naomhtha amhain, agus nach bi aoinni
inchreidthe acht a bhfaghthar ann go follas focal ar fhocal no a
mbriathruibh comhghlana comhshoileir liu, ni chreidir agus ni
inchreidthe nach bhfuil corp agus fuil Chriosd do lathar go realta
san sacramaint si; agus, mas eithriceacht no erraid ni do chreideadh
no do mheas nach bi go follas ann, deir tusa earraid no eithriceacht
san bpunc so, agus an mhuintir oile do ghabhas leat. Agus
ni he an sgrioptur as riaghuil chreidimh dhaoibh. Labhair
anois mas eidir leat! Na bi anonn no anall. Fuirigh ann
so. Cuimhnigh ar a ndubhrais, ar do ghealluibh, agus air ar gconnra
reumhraidhte. Labhair, labhair, labhair!



F. Cuimhnighim go maith. Coimhlionfad iad do reir mo
dhithchill. Gidheadh, ni dlighthear dhiom na hairteagail
sheantacha, amhuil ata an punc so, do chruthughadh le sgrioptur
follas, biodh go gcreidim e.



C. Dochim, go gcead don onoir, gurab mian leat dul ar do
thóin. An mur so dubhrais agus an mar so do gheallais ar ball
damh ag radh nach bhfuil aoinni inchreidthe acht an mheid
geibhthear san sgrioptur fos go follas? Acht creud fa gcreidir


L. 127


sud 's gan iad ann amhluidh? Mur sin, as eigin duit a radh
gurab inchreidthe gan corp agus fuil Chriosd do bheith go realta
do lathair san sacramuint si, oir amhluidh do chreidis tu agus araon
nach inchreidthe é do bhrigh nach bhfuil go soileir san sgrioptur.
Mur sin, as airteagal creidimh e agus ni headh. Acht, da ndlighthi
a chreideadh, ar son go bhfuil 'na phunc sheantach, creud nach
bhfoghthar e san mbiobla comhmaith agus dogheibhthear airteagail
sheuntacha oile, mur ata: “Ni diol fochmhuide Dia. Ni bhfuil
Dia oile ann acht mise. Ni bhfuil innightheacht a nDia. Ni
dheann Dia breag, agusr.”? Fagaim thu fein agus cach claoidhte
san bpunc so. Feuchfad fos leat e, agus ni reachar uaim ar
aonchor.



F. Tiomain ort; dein do dhithchioll.



AN 3 CAIBDIL.



DO MHIOTHARBHA RIAGHLA CHREIDIMH NA N-EITHRICIDH.



C. Creud as riaghuil chreidimh dhaoibh uile?



F. An sgrioptur glan naomhtha amhain, amhuil ar
n-admhala fein san gceudchaibidil.



C. An sgrioptur coir na leabhair da ngairthear san Laidean
Libri Sapientiae, Ecclesiastici, Tobiae, Judith, primus & secundus
Esdreae, Baruch, Hymnus trium puerorum, Historia Susannae,
primus & secundus Machabaeorum?



F. Ni headh, 's ni ghlacamaoid mur bhiobla chanonta leo
acht diultamaoid go genearalta dhoibh, mur as ler a Reformatio
na Sagsan ro sgriobhadh san mbliadhain 1613, in Confessione
Gallica, art. 3; Anglica, art. 6; Biblia Lutherana post finem
Veteris Testamenti, mur a nglacthar go haimhleisg Eipisdil S. Seim,
an dara Eipisdil Phettair, treas Episdil Eoin, Eipisdil Iudais, agus
an tApocalips. Glacadh, gidheadh, cuid aguin le Iob, cuid oile
ni ghlacuid; glacadh drong le Episdil Sheim agus cuid oile leis
an Apocalips, acht ata cuid fos le nach ail glacadh liu ar
aonchor.


L. 128


C. An ccreidthi gur sgrioptur diadha dearbhtha coir an chuid
oile go glacthar libh?



F. Creidemid gusan mbas, agus as airteagal dar ccreidimh sin,
agus gur leabhair apocraibh gan ughdarras, da nach coir creideamh
do thabhairt, an mheud nach glacamaoid.



C. Nar truaillidhe libh aonchuid don mheid ler ghlacabhair
don bhiobla ag cur aonfhocail leis no ag buain aonfhocail dhe?



F. Nir truaillidhe riamh a n-eintéagsa, agus as amhluidh so
deirmid uile.



C. Os é sin bhar rádh uile agus gurab dh'airteagluibh bhar
ccreidimh e, da nach gcreidimidne, agus gurab e an scrioptur amhain
as riaghuil uile fhirine dhibh, ina bhfuil uile eolas, uile theagasg,
agus uile airteagal as riachtanas do chreideadh dochum Dia
dh'onorughadh agus dochum ar n-anma do shabhail, agus, mur deir
sibh fein, go bhfuil so uile dar gcreidimh, sirim oruibh, os ucht
De, an agam go foill beag san bponc so fein, agus taisbean damh
cait ina n-abair do bhiobla fein libh go glan, no go soileir, no go
díreach an meud ud shuas, go sbesialta nach sgrioptur coir na
leabhar reumhraidhte ud, no iad do bheith gan ughdarras
gan bharantas agus nach coir creideadh dhoibh. Innis damh,
cait? cia ionadh? cia an leabhar? cia an chaibidil? cia an
duilleog, an leathanach, no an versicil ina bhfoghthar so? Oir,
go deimhin dearbhtha, ni thaisbeunair agus ni inneosair choidhche
go bráth na breithi. Ni heidir dhibh é do innisin, oir ni bhfuil
e ann agus ni raibhe riamh. Creud adeirir leam anois? Cait a
bhful riaghuil do chreidimh? Creud ma gcreidir an mheud
ud? Airteagal chreidimh e do reir h'admhala-so; ni headh
fos mur bhfoghthar e san mbiobla, mas fior duitsi. Acht ni
foghthar, oir ni eidir a thaisbheunadh ann. Mur sin, as airteagal
e don chreideamh agus ni headh. Feach anois cait a ngeubhair.



F. Cruaidh an painteul ina gcuirir me agus gi gur docair damh
toidheacht as le onoir, as eidir leam a radh, amhuil fos adeir
cuid dom mhuinntir, nach faghthar na leabhair reumhraidhte
ud a measg na sgrioptur nó na leabhar bhfiordha ndiadha
ndearbhtha do dioghlomadh leo fein, da ndearnadair suas a
mbiobla uile.



C. Go gcead dibh, a dhuine mhaith, ni fhreagrair me go


L. 129


díreach, oir as e d'fhiosruigheas dhibh, Cait san mbiobla ina
bhfaghthar go glan nach sgrioptur coir iad sud no gur puinc
inchreidthe nach sgrioptur iad ar aonchor? Oir, o nach faghthar,
agus, do reir bhar gcreidimh-si, nach sgrioptur iad, as eigin duit a
admhail, no go bhfuilti fein ar seachran creidimh san bpunc
so, no nach e an sgrioptur as riaghail chreidimh dhaoibh acht
go gcreidthi ni nach bhfuil ann. Achd ata sin fos contrardha
da bhar n-airteagluibh. Da n-abrair go bhfuilir ar seachran,
atair claoidthe. Da n-abrair nach é an sgrioptur as riaghuil
daoibh, ata sin fos contrardha dar n-admhaluibh reumhraidhte
fein shuas. Feuch anois, Cait ina ngeubhthar libh? Achd
fos, a ghiolla an chaimfhreagraidh, ma fhiosruighim dhiot
creud an t-adhbhar fa bhfuilid Libri Regum, Genesis, Exodi, agus
an soisgeul fein, san mbiobla do dioghlamadh libh agus nach bhfuilid
na leabhair reumhraidhte ud oile ann, cait ina ngeabhair? An
abair an biobla libh gur glan ar ndioghluim, no gur dlisdeanach
iad sud d'fhagbhail amuigh seach chaich oile, no gurab i so no
sud uibhir choir na leabhar ata diadha sgriopturdha? Ma deir,
taisbein e; mur ttaisbeunair, luidh fa tharm agus admhaigh go
bhfuilir claoidhte.



F. Adeir cuid aguinne nach dh'airteagluibh an chreidimh
uibhir na leabhar ata san sgrioptur chanonta, agus gur cuma
a ccreideadh no gan a ccreideadh, ga mheud no ga laghad iad,
no an leabhair chanonta iad so no sud no nach eadh.



C. Mor an naire dhaoibh gan mo fhreagradh go direach.
Dhiotsa, agus ni diobh sud, d'fhiosruigheassa na sgeula, air nach
ttabhair tu freagradh. Dochim go bhfuilir le lubuibh amhuil
shionnaigh, agus go ndearna balbhan dibh, oir ata do theanga a
mbeoluibh daoine oile. Acht cheana, ni has dh'aoinneach
aguibh. Fiafraighim fos dhibh uile, An firinne dhearbhtha
dhiadha na leabhair ud adeir sibh bheith canonta do bheith 'na
sgrioptur naomhtha no nach eadh? Ma deir sibh gurab eadh
(amhuil as gnath libh go coitcheann) agus gur mian libh bas do
fhulang soil do shéunfadh sibh an t-airteagal sin, innsidhe
dhamh creud as fundamaint dibh fa sin do radh, no don dearbhthacht
dhiadha sin. Oir creud far chora a radh go bhfuil siod


L. 130


canonta na a radh gur canonta na leabhair ud oile nach glacthar
libh? Cait a bhfuaramair so? Ma deir sibh nach eadh, as
eigin dibh admhail nach airteagail dhearbhtha gurab briathra
De an mheud ata annta, agus, mur sin, do reir bhar n-admhala fein,
go bhfuilti uile ar mearughadh mhor, neamhdhearbhtha, agus lan
do chonntabhairt an bhfuil biobla ar bioth as briathra do Dhia
ar dhruim thalmhan, agus, fa dheoidh, go bhfuilti uile gan sgrioptur,
gan chreideamh De, agus gan Dia fein. Cait a tteid sibh anois?



F. Deirmid gurab eidir linn an cceisd gceadna do chur
oruibhsi, ag fiafraighe dhibh creud fa ccreidthear libh bhar
sgrioptur fein bheith canonta.



C. An é so so? Fuagraim oruibh cain bhrisde focal agus
siobhal an fhearainn tarsna, oir ni fhreagair me go direach.
Malartadh tu na pearsonna, oir, an ait inar choir dhaoibh mo
fhreagra go direach, ni hamhluidh donir, acht ceisd oile do
chuirir oram. Cealg sin, glamhthar, caitheamh aimsire, cleasa,
agus leim tar fal amach dh'fhonn dul as go broghach. Acht cheana,
mar sin fein, freagraim thu. Seunuid na paganaigh an sgrioptur
uile bheith 'na bhreithir De, seunaidh fos sibhse agus ar muinntir
na leabhair ud shuas reumhraidthe bheith don bhiobla, seunaid
na Manichaei agus na Marcionitae an seintiomna, seunadh an
cineadh Iudaidhe an tiomna nuadh. Cionas as eidir dhaoibh
a chruthughadh as an sgrioptur amhain sibh fein bheith ar an
ccoir agus iad so uile ar seachran? Ni heidir dhaoibh, oir ni feas duit
gur labhair Dia riamh no an sgrioptur coir aoinsgrioptur. Acht,
do bhrigh nach í bhar slighe-si mo shlighe-si, adeirim go
nglacaim ughdarras na heagluisi, le nach eidir dul ar seachran,
do reir an bhiobla ata coitcheann dhamhsa agus dhaoibhsi, agus le
gnathchuimhne na n-athrach. Uime sin, as urasa dhuinne
freagradh do thabhairt ar do chaimcheisd, go bhfagham on
eagluis naomhtha, ona comhairlibh, agus ona gnathchuimhne diaidh
a ndiaidh creud na leabhair ata 'na mbiobla chanonta. Fos,
mur deuram 'na dhiaidh so, dogheibhim san mbiobla admhair
fein cia as eagluis Chriosd ann nach dteid ar seachran, agus geillim
dhi. Acht leigeam so thoruinn mur ni nach bean le adhbhar,
agus greanuighim ortso go bhfuilir claoidthe agus nach eidir leat
m'fhreagradh, agus nach feas duit creud an leabhar as biobla fire
ann. Feuch, a thruaghainn bhaoith, creud as creideamh


L. 131


dhuit, oir ni bhfuil dearbhadh agad gur labhair Dia riamh, no
gurab é do bhiobla briathra De, no aonfhocal de do bheith
inchreidhte.



F. As bocht mo dhiol agad; gidheadh, laibheoram le a cheile
'na dhiadh si.



AN 4 CAIB.



DON SBIORAD PHRIOBHAIDEACH.



C. Buaileam beagán fos ar ar n-aghaidh agus feucham cionnas
dearbhthar le ar namhuid nach biobla coir leabhar Thobias agus
an chuid oile da ccuirid suas, mur dubhramair.



F. Buaileam choidhche.



C. O chuireas tusa suas, amhuil dubhramhair, dh'uile
ughdarras na heagluise, dh'uile ghnathchuimhne, dh'uile
bheulaireacht dhaonna, agus dh'uile dhearbhadh oile faoi Dhia nach
foghthar san mbiobla naomhtha, agus nach mo dogheibhir
aoindearbhadh feadh an bhiobla ar leabhar Thoibias agus na leabhair
ud oile gan a mbeith 'na mbiobla choir, amhuil do
chruthaigheamair shuas, as eigean duit fein agus do chach leat
rioth dochum freagradh eigin le ndearbhthar bhar radh
reumhraidhte, no a admhail go bhfuiltí go leir ar seachran gan
fhondamaind bhonaitigh san bpunc so.



F. Na meas gurab amadain inn, oir, le linn na cruaidheoige
si agus gach cruadhchais oile dha short, as gnath linn triall ar an
sbiorad phriobhaidigh agus a radh gurab í do nochtas duinn agus do
dhearbhas nach biobla coir an leabhar ud Thobias no an chuid
oile dubhramair shuas.



C. Cuirim, gidheadh, dh'fhiaghnuise ort ar ttus nach foghnann
an biobla amhain dhuit dochum an airteagail ud do chreideadh
go dearbhtha, oir, damo lor e chuige sin, as gan fhath do
thriallfá amhluidh ar an sbiorad fhoilightheach sin. Achd, a
dhuine choir, ga bhfiosruigheadh paganach eigin dhiot creud í
an sbiorad phriobhaideach so, an o Dhia dhi no nach eadh, no
creud le ndearbhthar dhuit gur sbiorad fhirinneach í le nach
eidir breug do dheunamh no einneach do chur ar seachran
creidimh, cionnas do fhreagórthá é?


L. 132


F. Deurainn leis fam chonsias agus fa gach sort mionna ga
mheud go mothuighim an sbiorad reumhraidhte ionnam fein agus
i dom sheideadh suas don taobh asdigh, dom sdiuradh, dom
ghluasacht, agus dom theagasg go hinmheodhonach, agus ag dearbhadh
dhamh nach dein si breug choidhche agus gur briathra De ar fad
mo bhiobla fein, agus nach briathra De aoinleabhar oile ar bioth
acht e fein amhain agus an mheud ata ann.



C. Tar a n-abrair, iomorro, agus tar a ttugair do mhoidibh
mora fa thu fein bheith lionta don sbiorad reumhraidhte sin, agusr.,
deura mise, agus mise oile, der' an paganach, an Turcach, an
Manichaeus, an tEabhradhach, an Romhanach, agus gach Catolice
oile leat nach leur dhoibh, tar eis a n-abrair, do dhearbhadh,
fa dhireadh siar, do bheith seasbhach, ar son go n-abair sibhsi
an mheid sin. Acht cheana, a fhir mhire, cia thusa fein? Nach
duine thu mur gach aon oile learb eidir breug do reic, mionna
fallsa do thabhart, dul ar seachran, agus daoine oile do mhealladh?
Dar go deimhin, ni creideamh diadha daingean acht creideamh
brocach riabhach gan bhonait an credeamh dar fundamaint
th'ughdarras-so no radh do shamhluidh, dobhios ag moidiughadh
e fein do bheith lantorreach do sbioraid phriobhaidigh nach feas
cia hi, no do ghaoith nach aithnighthear do bheith firinneach
no neimhmhealta. Uime sin, as euttromacht cheille dh'aoinneach
geilleadh dhaoibh no da bhar sbioraid. Acht, a ghabhlain
ghaoithe mhire, adeir gurab eidir do dhaoinibh an domhain agus
don eagluis fein uile dul ar seachran agus fos go ndeachaidh, creud
nar eidir leatso agus le do sbiorad fos dul ar seachran, no cia
dhearbhas nach tteir go laitheamhuil no nach deachais go
minic san bpunc so agus a bpuncuibh oile? Gidheadh, leigim so
thoram agus cuirim a gcas nar ail leatso no le haon dod mhuinntir
breug ar bioth do dheunamh choidhche (ni nach abraim), cuirim
a gcas fos go mothuighir amhluidh go hinmheodhanach gaoth
no sbiorad eigin phriobhaideach da bhar ngluasacht agus da bhar
tteagasg os isiol, fiosruighim dhaoibh, Cionnas dearbhthar libh
gurab sbiorad mhaith choir naomhtha no dhiadha í agus nach
diabhal eigin í? Oir, da n-abrair gurab o do bhiobla dogheibhir
an dearbhadh so, leath 'muigh gur breug sin, do thuit tu san
bpoll tuaithchill as nach ttigir is nach bhfoghair foras acht ag
gabhail timchiol choidhche, .i. ag radh gurab e do bhiobla


L. 133


naomhtha dhearbhas dhuit gur sbiorad mhaith le nach eidir
breug do dheanamh do ghluaisios amhluidh thu, agus gurab i an
sbiorad cheadna dhearbhas dhuit an biobla reumhraidhte sin do
bheith 'na sgrioptur naomhtha agus gan aonni oile bheith
amhlaidh acht é. Feuch fein agus cach gurab í so an chiorcuil
lochtach, oir ni dorcha chontabharthaidhe radh dhiobh so no
an radh oile. Acht ni dearbhthar midhearbhadh le
midhearbhadh, no contabhairt le contabhairt oile don tsort
sin. Go' deir tu anois? Labhair, no admhuigh gur claoidhe
sibh agus nachar an freagradh ad dhud. An fos agus innis damh cait
id bhiobla ina n-abarthar go follas soileir, “Dearbhadh an
sbiorad phriobhaideach gur sgrioptur canonta Liber Genesis,
Exodi, Evangeliorum, etc., agus nach eadh leabhair Thoibias, Judith,
etc. agus, o nach abair amhluidh, creud ma gcreidir e 's gan e san
mbiobla, as aoinriaghuil chreidimh dhaoibhsi uile? Mur sin, as
é agus ni he an biobla as aoinriaghuil chreidimh dhuit. Acht
ni gabhthar seunadh agus admhail araon mur fhirinne o aoinneach,
agus ni heidir a mbeith firinneach.



F. Nachar eidir leamso an ni ceadna do radh libhsi adeir
gurab on eagluis dogheibhthi fios creud as sgrioptur ann,
agus 'no dhiaidh sin gurab on sgrioptur dogheibhthí fios creud
as eagluis ann?



C. Ataoi tu ag leimeadh as an iomaire, mur as gnath led
mhuinntir, agus ni bhfuil tu ag treabhadh go direach no dom
fhreagradh acht ag dusachd chruadhtan oile agus ag malartughadh
pearsan, a n-aghaidh do gheallta shuas dhamh. Ni dhuinne mur
sibhsi, oir, tan fiafraighthear dhinn cia na leabhair ata canonta,
triallamaoid le S. Augusdin ar ughdarras na heagluise, dar feas
le gnathchuimhne dhiadha diaidh a ndiaidh cia as sgrioptur
naomhtha ann agus cia nach eadh. Ni mur sin dhibhsi, darab
breitheamh agus darab riaghuil an biobla amhain, ag cur suas
dh'uile bharantas oile, dh'ughdarras eagluise, da comharlibh,
da gnathchuimhne agus do raidthibh na sean a ccuisibh creidimh.
Bi sibh deontach le bhar mbiobla amhain ann nach bí gach ni
creidthear libh, mur ata na leabhair si amhain do bheith
canonta agus na leabhair oile do bheith 'na n-apocraif nó 'na
sgrioptur bhreugach. Acht filleam ort agus greannuidhim ort
nach feas duit creud fa n-abrair an leabhar so tar leabhar oile
bheith 'na sgrioptur choir.


L. 134


F. Dearbhadh an ungadh inmheodhanach dhuinn an mheid
sin.



C. Creud an ni ar a ttugair, an ungadh inmheodhónach?



F. Ar an sbiorad phriobhaideach.



C. Dar leat, budh lor a ndubhras go seadh a n-aghaidh na
sbioraide sin. Acht fos deirim go leanann as an bhfionnfhreagradh
sin nach e an biobla amháin as riaghail dod chreideamh ar
fad agus dh'uile fhirinne inchreidthe. Cruthaighim so. As airteagal
inchreidthe an sgrioptur bheith 'na bhriathar Dhe chomhmhaith
agus Dia bheith 'na aoinDia agus 'na thrí phearsona. Acht
dochum a chreideadh gurab é an sgrioptur briathra De as leor
an ungadh inmheodhanach, mas fior dhuitsi, .i. an sbioraid
phriobhaideach amhain, oir ni dearbhthar é acht leis. Mur sin,
as lor an ungadh chéadna amhain dochum aondacht De agus
triondacht a phearsan agus dochum gach aonairteagal oile do
chreideamhuin, agus ni riachtanas an biobla. Mur sin, ni e an
sgrioptur as riaghuil acht an puca sin da ngairir an sbioraid
phriobhaideach no an ungadh. Dearc anois, a chaocharain,
cionnas fágthar thu gan bhiobla dhearbhtha gan chreideamh
ar laimh an phuca reamhraidhte.



F. Truagh mo dhiol agad; gidheadh, laibheoram re a cheile
'na dhiaidh si.



AN 5 CAIB.



INA CCLAOITHEAR NA SEACTARÍ A GCAS GURBH É A
MBIOBLA BRIATHRA DE.



C. An gcuimhnighir an diol thugus ort thuas ler dhearbhas
nach feas daoibh cia an t-airteagal as coir dhaoibh da
chreideadh, no cia as sgrioptur ann seach an leabhair nach bhfuil
'na sgrioptur, agus nach mo an dearbhadh ata agad ar do bhiobla
bheith 'na bhriathar Dhe no ar an sbiorad phriobhaidigh bheith
dubh no ban?



F. Cuimhnighim ar a ndubhradh ar gach taobh.



C. A gcas go ttiubhramaois dhuit gurb e an biobla aoinriaghuil
agus aoinbhreitheamh an chreidimh ar ttalamh, creud fos


L. 135


adeurrthá da gclaoidhinn thu id raidhtibh fein, .i. led
chloidheamh, led armuibh, agus led phionnsa fein?



F. Da ndeanta sin, nir amharas mo bheith ar fagbháil.



C. Mas eadh, san gcas ud, abair leam, An ttig leat airteagail
do chreidimh uile do thaisbeunadh go soileir as an mbiobla
amhain no nach ttig? Oir ag so ar cconradh, amhuil dubhrais
shuas; agus, do reir h'admhala fein is chaich, as e an biobla
amhain as riaghuil chreidimh dhibh, agus ata dh'fhiachuibh oruibh
bhar n-arteagail do chruthughadh as amhain, oir as e fein
amhain bhar riaghuil, bhar bhfondamuint, agus bhar mbreitheamh
ag reiteach gach consboide da mbí san ccreideamh. Oir fos
adeir sibh go dána dasachtach go ndamnuigheann sibh sinne,
na Catoilice, agus ar tteagasg leis an mbiobla amhain agus go
ccosantaoi sibh fein uile agus bhar n-airteagail go leir leis an
sgrioptur amhain. Acht, mur ttig so leat, dochuaidh sibh ar
ccul in ar bhfocal agus tar bhar ccreideamh; ma thig, beantar
an chluas so dom cheann-so. Labhair!



F. Labhruim, do reir mo mhuintire fein, go ttig sin leam.



C. Nir obair tu gan sin do radh, oir as é as glor dod mhuntir
ag bragaireacht chodhche asda fein, a ndoigh go meallfadaois
an pobal simplidhe ainbhfeasach mur gheall ar sin. Gidheadh,
ma thig sin leat, as eigin gurb le tegsa an bhiobla ghlain amhain
gan aonfhocal leis, na uaidhe, no do mhalartughadh dhe, gan
ghluais, gan mhiniughadh, gan chonsequentia no leanamhnuibh
donir amhluidh, no nach eadh, acht leis fein, ni 'no uath no 'na
aoinfhear acht araon le gluaisibh, le minighthibh, agus le leanamhnuibh
reusunta ceillidhe agus le neithibh oile. Acht cheana, ni thig
sud leat le teagsa soileir an bhiobla amhain, no fos ar an dara
modh, .i. le gluaisibh no le minighthibh; ar an adhbhar so, ni
heidir leat e ar aonmhodh. Gidheadh, soil laibheorad ar an
dara modh, ni folar leam a chruthughadh ort go follas nach tig
sud leat leis an sgrioptur amhain.



F. Faicim uait sin fein ar ttus. Gidheadh, biodh a fhios
agad gurab maith an biobla mo bhiobla fein.



C. Cuirim a gcas fos an uair si gur maith, gion gur
truailligheadh é a n-iomad dh'áitibh. Acht, mur sin fein,
feuchfad an eidir leat aonairteagal da ccreidthear libh fein


L. 136


amhain a n-aghaidh na gCatoilic do chruthughadh as an mbiobla
ghlan amhain, no fos einní dha n-abair sinne do bhreugadh no
do chruthughadh bheith 'na erraid.



F. Buail air agus dein do dhithchioll.



C. Cait a bhfaghair go glan o fhocal go focal gan easbhadh
gan iomarcadh agus go soileir id bhiobla an t-airteagal so, “Ni
bhfuil corp Chriosd go firinneach realta do lathair faoi aicidibh
an arain choisreagtha a n-iobairt na haltora acht amhain a
bhfioghair no a gcuimhniughadh”? Oir creideadh sibhsi sud go
prinsiopalta ar n-aghaidh-ne. Taisbein sud damh go soileir id
bhiobla focal ar fhocal, gan ghluais oile, gan mhiniughadh, gan
leanmhuin.



F. Dogheibhim san mbiobla a ndiaidh na mbriathar ina
n-abair, Hoc est corpus meum, .i. “as e so mo chorp-so”, briathra
oile, .i. “Deangadh so i gcuimhniughadh ormsa.” Mur sin,
creidemid nach bi corp Chriosd go firinneach lathardha realta
faoi aicidibh an arain choisreagtha a n-iodhbart na haltora acht
go mbi amhain a bfhioghar no a ccuimhniughadh ann.



C. Aithne dhamh go bhfaghair na briathra sin san mbiobla
amhluidh, acht ni he sin ata uaim. Dar leat, ni chualadh tu
me, no ma chualais, ni hail leat mo fhreagradh go direach. Fagh
dhamh, adeirim, an t-airteagul ud ro chreidir go soleir focal ar
fhocal san mbiobla, .i. “Ni bhfuil corp Chriosd go firinneach do
lathar faoi aicidibh an arain choisreagtha acht a bhfioghar
amhain”, no go n-abair an biobla go glan, “Ni he so mo chorp-sa,
agusr.”



F. Gi nach foghaimsi na focail cheadna sin, dogheibhim na
focail ud oile as ionann agus iad agus leanaid asda agus curthar a gceill
iad riu go maith.



C. Cuirdis no na cuirdis, ni nach cuirid go glan no fos go
dorcha, ni hi an labhairt cheadna í focal ar fhocal, agus ni bhfuil
uaim an uair si acht sin; oir ni lor dhuitsi, dochum thu fein
do chosnamh san bpunc so, go bhfaghair a mbriathruibh eigin
oile ni as a ttairgir t'airteagal do tharruing, acht dlighthear an
t-airteagal fein focal ar fhocal no go soileir d'fhaghail ann, ni
nach fuarais fos go glan agus nach fuighir go brath, no, da ttugrainn
a radh, a mbriathruibh coimhmeasda aoincheille riu go soileir,
amhuil chruthoghad 'na dhiaidh si. Acht, o nach faghair, crom


L. 137


do chionn agus admhaigh nach faghair t'airteagail go follas uile
focal ar fhocal san mbiobla amhain. Bi claoidthe, agus abair go
gcreidir ni nach bhfuil go soileir san mbiobla amhain agus, mur sin,
nach e an biobla ma leith, .i. leis fein amhain gan ghluais gan
mhiniughadh, as riaghuil bhonaiteach d'airteagluibh do
chreidimh uile. Acht as ni so ata a n-aghaidh do chreideamh
fein. Cait ina ngeabhair anis, oir ni fhoghnann an biobla
tarrnocht leis fein dhuit no dh'aoineach dod mhuinntir?



F. Fuathbhar leam do chomhradh; gidheadh, na meas go
bhfuilim claoidhte ar fad, oir ni folair dhuit mo chlaoidh amhluidh
ann gach aonairteagal fa seach agus a chruthughadh nach faghaim
iad go soileir san mbiobla.



C. Gidheadh, cuirim dh'fhiaghnuise o thus ar an meud ata
do lathair go bhfuil an ceudleaga ort san airteagal so; 'na
dhiaidh si go hathghairid biadh gach aoinleagadh fos ort
amhluidh isna airteagluibh oile uile.



F. Feuch leam e.



AN 6 CAIBDIL.



D'AIRTEAGLUIBH MIDHEARBHTHA NA
N-EITHRICEACH.



C. Nar thoil leat go n-ainmneoghuin na hairteagail chreidimh
ata aguibh agus nach bhfaghthar go soileir san mbiobla amhain?



F. Ainmnigh ma ail leat; ni mor mo shult id chomhraidhtibh.



C. Creididh sibh uile ar ttus gurab e an biobla as riaghuil
dh'uile fhirinne, ana bhfaghthar an uile ni as riachtanas dochum
Dé dh'onorughadh agus dochum sabhail an anma. 2. Nach coir
aoinni do chreideadh acht an mheid dogeibhthear go glan
soileir san mbiobla. 3. Gur leis an mbiobla amhain sgrudthar,
reidhtear, riaghlaighthear, agus beirthear breitheamhnas an uile
chonsboid chreidimh, oir gurab é amhain as breathamh ionnta.
4. Go ndeacha eagluis shofhaicse De uile ar seachran, agus gurab
eidir leis an uile chomhairle ghenearalta agus leis na daoinibh
go leir dul ar seachran on bhfirinne. 5. Go bhfuil an uile


L. 138


ghnathchuimhne midhearbhtha; oir ag so bhar n-admhail uile
o bheul go beul, mar geibhthear in Confessione Anglic. priori, art.
10, posteriori, art. 6, 19, 20, 30; in Confessione Scotica, art. 18;
Gallica, art. 4 & 5; Helvetica, art. 1; Argentinensi in Comitiis
Augustanis, cap. 1; Vittembergica, art. 30; Saxonica sub finem;
Comitis Palatini, 1576, in principio; Suecica, art. 1 & aliis.
6. Nach biobla coir Libri Tobiae, Judith, Sapientiae, Ecclesiastici,
Baruch, Machabaeorum, Apocalipsis; oir mar sin deir
Confessio Gallica, art. 3; Anglica, ar. 6; Biblia Lutherana post
finem Veteris Testamenti, mur a ndeunaid contabhairt d'episdil
S. Sheim, dha episdil Pheadair, treas episdil Eoin, episdil Iudais,
agus Apocalipsis. 7. Nach bhfuil acht mealltoireacht a bpurgadoir,
a loghadh, na naoimh do ghuidhe, a n-onorughadh na
n-iomhaighthe, na a reiligthe; oir mur so gheibhthear in Confess.
Gallica, artic. 24; Anglica, art. 22; Augustana, art. 11, etc.
8. Nach bhfuil ann acht da shacramuint, mur deir Confessio
Anglica, art. 25; Catechismus generalis Dominica, 48, etc. 9. Go
bhfuil peacadh na sinsear a ndiaidh baisdidh 'na pheacadh, do
reir Confess. Anglica, artic. 9; Gallica, art. 11, etc. 10. Go
slanaighthir sinn le creideamh amhain, Confess. Gall., art. 20;
Anglic., art. 9; Augustana, art. 20; Catechism. Palatinatus,
quaest. 60, etc. 11. Gur meardhanacht brigh do chur a
n-oibreachuibh nach fuagarthar, da ngarthar supererogativa,
Confess. Anglica, art. 14, etc. 12. Go bhfuil se a n-aghaidh
bhriathar De urnnaighthe do dheanamh i tteangain nach tuig
neach, Confessio Anglica, art. 14, etc. 13. Nach sacramaint
shoisgeulta dul fa laimh easbuic, aithridhe, ord, posadh,
ungadh dheighionach, Confess. Anglica, art. 25, etc. 14. Go
bhfuil transubstantiatio, .i. toidheacht chuirp Chriosd a n-ionad
an arain faoi aicidibh an arain, a n-aghaidh an bhiobla, Confess.
Angl., art. 28, etc. 15. Gurab é modh ar a nglacair sacramuint
chuirp Chriosd, le creideamh amhain, Confess. Gall., art. 36;
Anglica, art. 28, etc. 16. Nach bhfuil acht finnsgeul a n-iodhbairt
an aifrinn, Confess. Angl., art. 31, etc. 17. Nach coir gairm no
guidhe do dheanamh acht dochum De amhain, Catechismus generalis Dominica,
4, etc. 18. Gurab i as eagluis ann, comhchruinniughadh na muinntire
ata amhain toghtha dochum na beatha siordhuidhe, Catechismus generalis
Dominic.,15.19. Go


L. 139


n-iarr Dia oruinn ni nach eidir linn, Catechismus generalis, ibidem. 20.
Go n-aitheantar na leabhair chanonta le sbiorad phriobhaidigh,
Confess.Gall., ar. 4, et. 21. Go ndein na
papairí iodhaladhra agus piseoga, agus gur sgriosadair na sacramuinte,
Confess.Gall., art.28, etc. 22. Gurab ionann cumhacht agus
ughdarras don uile aodhaire, Confess. Gall.,art.30, etc. 23. Go
sabhaltar sinn gan deaghobar le creideamh amhain, .i. an
creideamh le ttuigemid ceart Chriosd, agus gur mur gheall air
amhain slanaighthear na creidmheacha uile, Confess. Gall.,art. 18,
20,22; Anglica, art.11; Augustana, art.20; Catechis. Palatinus
approbatus in synodo Dordracensi in Hollandia, ait ina raibheadair
doctuiri Chailbhinigh na Fraince agus Protestaint Shagsana agus
Luitearanaigh na Gearmaine. 24. Gurab ionann le a radh
creideamh, slanughadh, agus maitheamh na bpeacthadh; agus, o
geibhthear so aonuair amhain, nach cailltear e choidhche; mur
so deir comhairle Dordracense, & in collatione Hagrensi in
Hollandia,1611, pag.341; David Parens, lib.3; Chainerus, tom.
3, lib.3; Beza, in collat. Montis Pelgartensi; Beenfeeld, Anglus,
lib.1,cap.(4); doctuir Phalatin, in actibus synodi Dordracensis,
part.2, pag.271, etc. 25. Nach eidir dlighe De do chongmhal,
agus go bhfuil obair na bhfiren iondamnaighthe, do reir Confessione
Augustana, art.4,6; Luteir, lib. de Libertate Christiana;
Calvinus, libr.3 Institut.,c.4; in Antidoto concilii Tridentini ad
sess.6, cap.11; Confessio Anglica, art.9; agus nach bhfuil dlighe ar
ainmhian na codla, nach sasaighthear an dlighe le deaghobair
ar bioth. Agus nach eidir sesamh le cruadhtan an reachta, art.12,
ibidem; Catechism. generalis Genvensis Dominica, 31,32,33, etc.
Agus as iad so na hairteagail do chreidthisi agus nach creidimidne.
Creididh sibh fos gurab é an biobla as riaghuil don uile
fhirinne. Creididh sibh nach bhfuil einní inchreidthe acht an
mheud ata ann go soileir. Creididh sibh gurab é an biobla
briathar De. Creididh sibh go ttainig an biobla chugaibh anuas
diaidh a ndiaidh gan truailliughadh gan mhille. Creididh sibh
gurab iad so agus nach iad siod na leabhair chanonta sgriopturdha
Deir sibh gan an Satharn acht an Domhnach do choimheud 'na
shaoire. Deirthi linne fos Mac De bheith a ccomhshubsdaint
leis an Athair. Deir sibh nach bhfuil aifrionn ar bioth ann,
no purgadoir, no iodhbairt throcardha. Deir sibh nach coir na


L. 140


naoimh do ghuidhe, agus nach bhfuil corp agus fuil Chriosd
go firinneach realta do lathair a sacramuint na haltora. Deir
sibh nach foghthar an bheatha mharthannach a ndiol na ndeaghoibre,
agus nach i an Eagluis Romhanach eagluis De, nach coir
sacramuint chuirp Chriosd do adhra, nach bhfuil comhacht ar
bioth ag an bpapa ar bhar righeachtuibh, agus nar choir absoluid
do thabhairt dh'eineach do sheanfach na hairteaguil si, nach
coir iomhaigh naoimh ar bioth d'onorughadh, agusr. Abair anos
leam, a mhacaoimh, nach iad so puinc bhar gcreidimh, agus bhar
n-airteagail sbesialta a n-aghaidh na hEagluise Romhanaigh?



F. As iad go deimhin.



C. Abair leam anois cait san mbiobla amhain anna bhfaghair
go soileir aonairteagal dhiobh so uile. Fosguil do bhiobla
riabhach agus taisbeun e. Do dhullan faoi! Dogheubhair airteaguil
sheuntacha oile ann gan amharas, .i. nach bhfuil Dia breugach,
nach bhfuil inightheacht a nDia, gan goid, gan adhaltranas, no
marbhadh do dheunamh, acht ni bhfuighir chaoidhche iad sud
ann go soileir. Fagh fos go follas id bhiobla aointeagsa soileir
contrardha do na hairteagluibh do chreideas an Eagluis Chatoilice
Romhanach, .i. d'iodhbairt an aifrinn ina bhfuil corp agus
fuil Chriosd do lathair, no do phurgadoir, no do ghairm ar
naomhuibh, no do na seacht sacramuinte, no do na deaghoibribh
le bhfoghthar grasa agus an bheatha shiordhuidhe, no gan
eagluis Chriosd do bheith sofhaicse seasbhach dothuitimeach
uile, no a beith ar erraid, no gan papa na Romha bheith 'na
bhiocaire Chriosd, 'na leanamhnach agus 'na chomharba Pheadair.
Taisbheun dhuin so go soileir id bhiobla amhain. Ni heidir
dhuit, agus, o nach heidir, leag do sheol. Leig dot uaill. Sgur
dod mhurmur agus dod chnaimhcheol oirne. Admhaidh an
fhirinne. Abair gur claoidhe thu san bpunc so, oir nir fhagas
freagradh id dhúd.



Deacair dhamhsa do shasughadh, go deimhin, leis an mbiobla
follas amhain. Acht do bu fearr leamsa sgaradh leat amhail
bhodhair agus bhailbh gan aonfhocal freagradh do thabhairt ort
ina a admhail go bhfuilim claoidhte, agus, da bhrigh sin, sgaruim
liot agus seunaim mo bheith claoidhte.



C. Mur bhfuilir claoidhte go cruinn, gar mhisde dhuit
airteagal eigin dod chreidimh da ndubhras leat agus da n-abrair


L. 141


fein bheith go soileir san mbiobla do thaisbeuna dhuinn go
soileir follos a tteagsa eigin de? Acht, mas e adeir tu go bhfuil
freagradh agad 's nach ail leat a radh, cia chreidfeas dhuit?
Oir an fad do mhair focal id phluic nir sguir tu, gus anois iar
mbeith claoidhte dhuit. Da bhrigh sin, o sguirir anois agus nach
freagrair me, ni bhfuil conntabhairt gur claoidhe thu. Labhair,
labhair! Ni cheanuighimne pigín a mala.



F. Dogheibhim nach coir na naoimh do ghuidhe san
mbiobla, 1 ad Timoth.,2, vers.5, mur a n-abair, Unus solus est
mediator Dei et hominum, homo Christus Jesus, .i. aon as
eadarghuidheadhoir De agus daoine, an duine Criosd Iosa.



C. Ag sin tu ag truailliughadh an teagsa, oir cuirir le unus
focal oile, .i. solus; Unus solus mediator Dei (et) hominum,
homo Christus Jesus qui dedit redemptionem semetipsum pro nobis,
.i. aon amhain as eadarghuidheadhoir De agus daoine, an duine
Criosd Iosa, etc. Tar a chionn sin, ni lor an teagsa sin leis fein
amhain, oir ma leighid e mur ata, gan truailliughadh, .i. gan
“amhain”, ni abair go soileir nach coir naoimh do ghuidhe.
Agus fos a gcas gomo coir “amhain” bheith ann, agus gurab e Criosd
amhain ar bhfuasglaightheoir agus ar bprimheadarghuidheadhoir
ar neamh, ni abair an teagsa breugach ud niosa mho ina sin go
soileir; uime sin, cionnas adeir go follas nach coir gairm no
guidhe ar naomhuibh? Dar do bhiobla, a ghiolla
an bhiobla mheillte, ni abar do bhiobla fein go soileir an
t-airteagal ud dod chreideamh-so, .i. Ni coir gairm ar naomhuibh.
Taisbeun é ma deir.



F. Mar n-abair se é go glan soileir, innis fein duin creud as
ciall don teagsa reumhraidthe.



C. Ag sin tu ag leimeadh go tom oile, .i. ar ghluais agus ar
mhiniughadh ceille an bhiobla, ar nach bhfuilmid fos ag tracht.
Acht as e ata uaim, An bhfaghairsi an t-airteagal ud focal ar
fhocal go follas soileir san mbiobla, .i. “Ni coir gairm ar
naomhuibh”, no fos aonairteagal oile dar ainmnigheas dhuit
dod chreideamh fein? Ma gheibhir, taisbeun cait. Mur
bhfaghair agus mur ttaisbeunair, as eigin gur claoidhe thu san
bpunc so agus nach e an biobla soileir amhain as riaghuil dod
chreideamh.



F. Taisbeunso cait a n-abair an biobla go soileir gur coir


L. 142


gairm ar naomhuibh, no go bhfuil purgadoir ann, agusr. Mur
ndeunar, atamaoid cuibhteach ionann leath ar leith agus
coimhionann san gconsboid si.



C. Ni bhfuil acht iomlaoid chomhraidh, tagra cam
ar phunc oile, agus dul suas on cconsboid ata do lathair. Oir ni
he sin do ghabh mise lem ais do dheanamh an uair si, acht
a chruthughadh oruibhsi ar ttus nach é an biobla follas amhain
as riaghuil dod chreideamh, agus nach faghthar aonairteagal dod
chreideamh ann go soileir focal ar fhocal. A gcas, cheana,
nach tig leamsa purgadoir no gairm na naomh do chruthughadh
as an mbiobla amhain, ni nar gheallas, cionnas saorthar thusa
leis sin, oir ni chreidir ni acht on mbiobla follas, agus ni fhaghair
ni dha gcreidir ann go soileir focal ar fhocal? O chreidir nach
bhfuil purgadoir ann, agus nach coir gairm ar naomhuibh, agus nach
bhfuil aoinni inchreidthe ach an mheid adeir an biobla amhain
go follas, fagh dhuinn na hairteagail si san mbiobla soileir, no
abair nach bhfuilid inchreidthe agus admhaidh do bheith claoidthe.



F. Dar go dearbhtha, dochim gur rochruaidh an punc anna
gcuirir me, agus beanadh se allas as mo mhuintir uile. Da bhrigh
sin, os eigin e, adeirim leat nach bhfaghthar uile arteagal
inchreidthe siolla ar shiolla, focal ar fhocal go soileir san
mbiobla amhain acht a gceill, a ngluais, agus a leanamhnuibh
reasunta maithe daingne tairngnithear as.



C. Buidheachas ar Dhia go ttug me ort fa dhireadh siar sin
admhail. Gidheadh, cuimhne gur claoidhe thu, oir ni ar ghluais,
no ar ghlosuibh, no ar cheill, no ar leanamhnuibh ataim ag
tracht reat anois san gcaibidil si acht ar an mbiobla soileir
amhain, .i. an bhfaghthar ann go glan sios an mheid ud creidthear
libhse, agus fos an ghluais fein, an chiall, agus an leanmhuin do bheith
dearbhtha diadha seasbhach, .i. nach coir na naoimh do
ghuidhe, nach bhfuil purgadoir ann, no corp Chriosd do
lathair san sacramuint, no nach faghthar?



F. As eigin duinn a admhail nach faghthar, gidheadh, geibhthear
iad a bhfocluibh agus a mbriathruibh coimhmheasda coimhionanna
le focal ar fhocal ann, ma tuigthear iad amhuil as coir.



C. Mur sin, ata an buaidh leam, oir admhair, fa dheoidh,
nach bhfuil t'airteagail focal ar fhocal go soileir glan sios san
mbiobla, no fos contrardhacht na n-airteagal do chreidemidne,


L. 143


agus admhair nach lor an biobla amhain dhuit gan foclaibh
coimhionanna coimhmeasda, do reir ghluaisi agus mhinighthe
eigin agus leanamhna; acht ni raibh uaim an uair si acht sin.



F. Biodh agad. Acht as lor leamsa ma chruthaighim
mh'arteagail fein bheith inchreidthe agus t'airteagail-si gan bheith
inchreidthe le gluais fein, le ceill, le glosuibh, le miniughadh
maith an bhiobla, agus le leanamhnuibh resunta diongmhalta do
chuidigheas leis an mbiobla.



AN 7 CAIB.



LE GCURTHAR NA HEITHRICE AS A NGLOSUIBH.



C. O do chuir me thu as do phriomhthor cosanta, agus go
n-admhair dhamh nach e an biobla soileir amhain as riaghuil
dod chreideamh acht an biobla gluasda, .i. gluais no glosa an
bhiobla, nar thoil leat go ttaireoghuin do chur fos as an nglosa?



F. Feuch leam é.



C. Tabhair dod aire nach foghnann aonghluais dhibh
acht an ghluais as lor mur bhonait, mur fhundamuint, agus mur
riaghuil uile fhirinne agus chreidimh dhiadha, .i. an ghluais as
airteagal chreidimh dhibh. Cuimhne fos, tar eis go ndubhrais
shuas leam gurbh e an biobla lomfhollas amhain bu riaghuil
uile fhirinne agus chreidimh dibh, gur threig tu th'fhocal aga
sheunadh sin aris agus ag cur suas don bhiobla leir cheadna mur
aoinriaghuil ghlan chreidimh agus ag radh gurab a nglosa an bhiobla
ata d'fhundamuint uile. Acht, ma chuirim thu as an nglosa so,
leimfir gan amharas go currach eigin oile.



F. Ni baoghal sin choidhche ar eunchor. Acht do bheradh
me mo chluas dhuit ma chuirir as an ngluais me; ni hionann
sin agus an biobla.



C. Maith mar tharla. O chreideas tu nach bhfuil corp
Chriosd go firinneach lathardha san sacramuint, agus gach ni oile
da ndubhras shuas dod airteagluibh, tar a cheann go n-abair
an biobla, “As e so mo chorp-sa”, aithris dhamh, os ucht De,
cia an ghluais no an glosa dearbhtha ina bhfaghthar no adeir


L. 144


nach bhfuil corp Chriosd do lathair innte go realta firinneach,
no gurab e ciall na mbriathar ud, “As e so mo chorp-sa a
bhfioghair, gcuimhne, a ngaolmhaireacht, no a gcosmhalacht
amhain, agusr.”



F. Deir an ghluais bhiobalta fein ag radh 'na dhiadh sin,
“Deunga so do chuimhniughadh ormsa”, oir cuireadh a gceill
leis so nach é corp fire Chriosd é acht corp fioghardha no fioghair
agus cuimhne a churp, amhuil adeir a n-ionad oile, “Mise an
fhineamhuin fhire”, oir, tar a cheann sin, ni fineamhuin réalta
fhire e acht fineamhuin mhisdidhthe aga mbi gaolmhaireacht
agus cosmhalacht le fineamhuin realta. Acht as ar an modh
gceadna adeir Criosd, ag radh, “As é so mo chorp-sa”, ni go fire
acht a bhfioghair agus a ngaolmhaireacht amhain, mur dubhras
shuas agus mur adeir Criosd fein ag miniughadh na ceille ina
labhrann, ag radh 'na dhiaidh sin, “Deunga so mar chuimhniughadh
ormsa.” Caidhe gluais as leire, oir minigheadh teagsa
teagsa oile?



C. Cia deir gur gluais, glosa, no miniughadh iad so ar an
radh ud Chriosd, “As é so mo chorp-sa”, no gurab ionann le a
radh, “Mise an fhineamhuin fhire”, no, “Deungadh so mur
chuimhniughadh ormsa”, agus, “ni he so mo chorp-so dharire
acht fioghair agus cuimhne mo chuirp”? Mas é an biobla
adeir amhluidh, taisbeuntar sin dhuinn go glan; murab e, acht
thusa agus do mhuintir, learab eidir, dar n-admhail fein, dul ar
seachran agus breug do dheanamh, ni dearbhtha ar ngluais, agus, mur
sin, ni inchreidthe no riaghuil chinnte roifhirinneach í. Fuasgail
so dhamh agus biamaoid reidh.



F. Mur sin, ni hail leatso a admhail go minigheann teagsa
ar bioth teagsa oile.



C. Aingeal os cionn do ghotha! ni dhubhras sin leat fos go
genearalta. Oir an trath deir an biobla, no Criosd, no absdol,
no ughdar dar dual geilleadh go mbí teagsa 'na ghluais ar theagsa
oile, glacuim sin; acht, an trath nach abair, ni fiacha orm a
ghlacadh mur ghluais. Acht ni bhfuil tusa dom fhreagradh go
direach acht ag iarradh sgiorradh uaim ga tom oile. Air an
adhbhar si, freagair me go cruinn. Cia deir gur gluais iad
sud, Dia na duine? Mas e Dia adeir gur gluais iad, cait a
n-abair e? Murab é, acht duine, do imigh tu, oir ata na daoine


L. 145


uile somheallta seachranach breugach, mur admhaoir fein, agus ni
riaghuil chreidimh a bhfionnraidthe midhearbhtha. Cait ina
ngeubhair anos? Dhamhsa an chluas!



F. An measair nach ttig leam do fhreagra?



C. Do dhullann faoi? Freagair go direach 's na bi a bhfhad
'na thimchioll go dona.



F. Creud adeurrtha da n-abruinn gurab i mo ghluais fein as
ciall agus as gluais don bhiobla, no go bhfuil a urad d'ughdardhas
agam fein leis an mbiobla san ngluais donim air no urad as do
bhi ag Criosd no ag na hapsdoluibh, Peadar na Pol?



C. Deirim nach inchreidthe sin acht mire mhor gan bhonait
gan fhundamuint. Acht id chreideamh fein ni bhfuil an urad
sin d'ughdarras ag an eagluis fein uile ar fad, dar ball thusa,
mur shaoileir fein. Acht, mur sin, as í do ghluais an ghluais
dhona dhotharnach gan fhulang gan tabhacht. Go' deir tu
anos? Agus, mur sin, ni lor an biobla lom amhain no an ghluais
bhiobalta, murar gluais bhiobalta do chamraidhte-si uile.
Damhsa anall an chluas!



F. Foill, foill! Go' deir tu ga tteim dochum leanamhnuibh
le gcruthaighim le resunuibh as maith do leanas gurab í sud
gluais agus ciall an airteagail reumhraidthe ud?



C. Uch, uch, do thursa tu sinn ag leimeadh, do nós an tsionnaigh,
o pholl go poll, o bhiobla go gluais, o ghluais go leanmhuin
argunta. Nach dubhrasa leat shuas gurab amhluidh do
dhéunfa fa dhireadh? Gidheadh, ni bu feairrde dhuit. Biadh
inne id dhiaidh no go ttachtad thu. Oir ata an mheid adubhairt
mise go seadh ag rioth a n-aghaidh na leanamhna fein. Oir
cait ina bfhaghair an leanmhuin si? cia do fhoirmeadh an
arguin sin? cia do tharruing an choncluid sin? cia doni an
diosgurs sin no na reasuin le gcruthaighir gurab é as miniughadh,
as glosa, as ciall don bhiobla an ghluais ud, no gur maith an
leanmhuin an leanmhuin adeir tusa? Mas san mbiobla lom
focal ar fhocal gan iomlat gan mhalairt dogheibhir i, taisbein
sin is ta tu reidh. Murab eadh, acht uait fein no o dhuine oile
faoi Dhia, ni briathar De i acht briathar dhaonna, agus, mur sin,
ni briathar dhearbhtha acht mhidhearbhtha í, dod reir
fein. Freagair me! Do dhullan ann! Dhamhsa an chluas!
Geibhthear, go deimhin, leanmhuin agus arguin dhiadha san


L. 146


mbiobla, mur a n-abair Criosd, Matth.22, “Creud darab
iomhaigh i so? Do Cheasar. Ar an adhbhar sin, tugthar a
chuid fein do Cheasar agus a chuid fein do Dhia.” O nach
faghairsi do dhiosgurs no do leanmhuin fein amhuil so go glan
san mbiobla, acht id bheul fein no a mbel eigin daonna oile
learab eidir dul ar seachran ag miniughadh an bhiobla, dod
reir fein, as eigin gur claoidhe thu. Labhair, no dhamhsa an
chluas dhona!



F. Go deimhin, as mor an ceannach bheith reat, agus as
ro-iogbhar atair dochum mo chluaise boichtesi. Gidheadh, as
iontuigthe dhuit, gi nach faghaimse foras no modh le me fein
do chosnamh ort le leitir loim shoileir an bhiobla amhain, no le
sbioraid phriobhaidigh amhain, no le gluais sgriopturdha amhain,
no le miniughadh daonna, no fos le leanmhuin argunta fhoirmthe
dhaingin tarngithear as an mbiobla amhain, tar eis sin agus uile, go
bhfaghaim an mheud ata uaim go follas amach isna leanamhnuibh
tarngthear go soileir as raidthibh an bhiobla maraon le raidhtibh
agus le ughdarrasuibh diongmhalta daonna.



C. O dorighnne tu carnnan don mheid nar chuidigh led
sheachran go seadh, taisbein dhamh leanmhuin eigin don
tsort sin le a gcruthaighir na hairteaguil reumhraidhte, no gurab
í an ghluas adeirir fein as ciall don bhiobla.



F. Dodheun amhluidh. Cruthaighim ar ttus nach bhfuil
corp Chriosd go realta do lathair san sacramaint acht go
fioghardha, mur so: tan dubhairt Criosd, “As é so mo chorp-sa”,
no, “An t-arran do bhrisimse agus dobheirim dhibhsi”, as a
gcuimhne agus a meabhair a chuirp thug e; acht, do reir Aristoitil,
ni deuntar meabhar no cuimhne ar aoinni da mbi go realta do
lathair; ar an adhbhar sin, ni bhionn agus ni raibh corp Chriosd go
realta do lathar san aran choisreagtha ud.



C. Ga beag a fheabhas? Acht innis damh cait a bhfuarais
an mheud reumhraidhte, .i. an maior, mur deir an loighceoir,
no an céadradh ud dot arguin. Oir ni faghthar e go glan soileir
focal ar fhocal san mbiobla lom amhain, no fos ag Arisdoitil,
agus ni mo ata follas ann fein no ag aonughdar bonaiteach
dearbhtha ar bioth; mur an cceadna don laghad, .i. an minor,
.i. an dara radh, darab ughdar paganach fheallsamhna Aristoitil
as minic dochuaidh agus learab eidir dul ar seachran. Ni faghthar,


L. 147


fa dheoidh, an leanmhuin, da ngarthar consequentia, san mbiobla
no ag aonughdar canonta no dearbhtha, agus ni mo thig le riachtanas
no do leanas as aonradh dearbhtha no diadha. Mur sin, ni bhfuil
acht cáith id chruthughadh agus id th'arguin bhoininn. Fillim
fos ar an laghad. Nach abair an biobla, Memento Domine David?
Adeir go deimhin, agus as e David fein adubhairt na briathra ud,
“A Thighearna, biodh cuimhne, .i. meabhair, agad ar Dhavidh.”
Gidheadh, ni raibh Dauidh riamh acht go realta do lathair De;
mur sin, ni fior an laghad reumhraidhte ud ina n-abarthar nach
bi cuimhne no meabhair ar aoinni da mbi do lathair. Deir fos
S. Pol gur le cuimhniughadh bhais Chriosd do bheanas a
bhriathra, ag radh, “Deunga so dom chuimhni-si, no im
mheabhair-si.” Eisd le Pol,1 Corinth., num.11, “Oir dofuair
mise on Tighearna an mheud do theagasgas fos dhibhsi. Oir
san oidhche inar braitheadh an Tighearna Iosa, do ghlac se an
t-aran, agus ag tabhairt bhuidhe, do bhris e agus dubhairt, “Glacuidhe
agus eithidhe, as e so mo chorp-sa, dobeurfar ar bhar son-sa;
deunga so im chuimhni-si.” Mur an gceudna an chailis, iar
ndeana a shuipeir, ag radh, “Ata an chailis si an tiomna
nuaidh im fhuil-si. Deunga so gach n-uair iobhfaidh sibh im
chuimhne-si. Oir gach aonuair da n-iosfaidh sibh an t-aran
so agus iobhfaidh sibh an chailis, taisbeunfaidh sibh bas an
Tighearna no go ttig.” Da bhrigh sin, ar son gurbh fhior
nach bi cuimhne ar ni da mbi do lathair, ni lean as sin nach
raibh Criosd agus a chorp do lathair san sacramuint ud o thus agus
aniodh, oir ni dearbhtha gur a gcuimhne chuirp donithear
an iodhbairt si acht a gcuimhne a bhais, nach raibhe do
lathair an uair ud no fos anos. Ar an adhbhar so, ni thig
leat thu fein do chosnamh le biobla, le gluais, le sbioraid
phriobhaidigh, le leanmhuin, le arguin, le ceill, le reasun, no
leo uile a n-aoinfheacht, no le aonmhodh dearbhtha oile ar bioth.
Luidh anos fa tharm! Anall an chluas!



F. Foill, foill! ni ar aonchois thainig Pattruic go hEirin:
ata arguin oile agam, .i. ni bhfuil an corp ata ar neamh ar
talamh; ata corp Chriosd ar neamh, mur dhearbhas an biobla,
Actor. 3, ar an adhbhar sin, ni fhuil sé go reálta do lathair ar
talamh no san sacramuint ud.



C. Go bhfoire Dia ar fhear na harguna sin! Acht


L. 148


seunaim an meid sin, .i. an cheudchuid dod dhiosgurs giobach.
Creud nar eidir le Dia corp do chur a n-aoinfheacht a nda, a ttri,
agus a mile ionad? Abair dhamh, An bhfuair tu é san mbiobla?
no cait a ndubhairt Dia é go soileir? no cait a n-abair an
biobla go leanann se as briathruibh De go riachtanasach? O
nach abair, agus nach dearbhtha e bheith firinneach, do thuit
tu agus tair ar fagbhail. Cluas, cluas!



F. Cruthaighim é. Oir ni heidir le aonchorp bheith a
n-aoinfheacht acht a n-aonait; ata Criosd agus a chorp ar neamh,
da bhrigh sin, ni bhfuil agus ni heidir dho a n-aoinfheacht bheith
a n-aoinionad oile.



C. Seunaim an ceudradh. Cia do bhean do Dhia nar eidir
dho, dha mhiorbhuile agus dha uilechumhacht, corp do chur a
n-aoinfheacht a n-iliomad d'aitibh? Acht cia an sgrioptur no
an t-ughdar dearbhtha riamh le a n-abarthar nach eidir dh'aonchorp
bheith a n-aoinfheacht acht a n-aonait? Gar usa
do Dhia thabhairt ar Chriosd toidheacht amach a broinn Mhuire
gan dioghbhail da hoghacht, agus asdeach trid an doras iadhta,
agus trid an tumba go miorbhuileach, mur a raibh dha chorp a
n-aonait, ina aonchorp do chur a n-aoinfheacht a nda ait?
Cluas, cluas!



F. As ionghantach a n-iarrair orm do chluasuibh agus me taobh
le dha chluais. Claoidh me ar ttus im bhiobla, im spioraid
phriobhaidigh, im ghlosuibh, im ghluaisibh ceillidhe, agusr.



C. Dana thu ina an mada cartaighthear a ttigh na bratha agus
fhilleas ann aris ag tuar a chaoirlighthe an athuair. Oir, do
chomhardha gur chlaoidheas thu, ni fhreagrar me. Acht
cia bhus breitheamh eadruin? Cia bheuras breitheamhnas gur
maith do fhreagra orm go seadh? Adeir tusa agus do mhuinntir
uile gurab e an biobla amhain as breitheamh agcuisibh creidimh
's nach duine no daoine no eagluis ar bioth. Feuch agus taisbeun
san mbiobla cait a n-abarthar go glan gur maith do fhreagra,
do ghluais, do leanmhuin, no d'arguini reumhraidthe. Ni abair,
go deimhin, an biobla sin. Acht cia adeir e? thusa agus do
mhuinntir: sgol amhas, ucairí, ghresuidhthe, thailliuiri, agus lucht
ceirde. Maith na breitheamhuin iad so, maith an riaghuil,
an bhonait, agus an fhundamuint chreidimh radh na coinmhile si
agus gan gaol beirte aca le a cheile, ar mhodh nach lia da (a)


L. 149


gceannuibh ina da gceudfadhuibh agus da michialluibh; an t-óg
agus an sean, an fear agus an bhean a n-aghaidh cheile. Dhamhsa
an chluas!



F. Dith cluaise agus iorbaill ort, oir ni fhuilim claoidhte fos.



C. Cuirim a fhiaghnuise ort fein agus ar chach nach bhfuil acht
andánacht dhuit sin do radh. Acht, os nar bheith ag marbhadh
mada mhairbh, innis, An eidir leat fein agus le cach do mhuinntir
uile dul ar seachran agus ar earraid chreidimh, no an bhfuiltidhe
uile neamhthuitimeach a n-aoinearraid?



F. As eidir go deimhin, agus creidimsi amhluidh mur airteagal
chreidimh.



C. Ar an adhbhar sin, ata bhar ngluais, bhar nglosa, bhar
miniughadh agus bhar leanmhuin, darab ughdair sibh fein amhain,
soimheallta sothuitimeach soiearraideach midhearbhtha,
amhuil ata sibh fein uile, do reir bhar n-admhala o thus; oir
ni thabhair aon uaidhe acht an ní dobhios aige, agus ni thabhair
ughdarras midhearbhtha firinne dhearbhtha uaidhe, oir ni bhi
aige. Labhair anos agus freagar me. An eidir led ghluais agus led
leanmhuin bheith breugach? Mas eidir, ni dearbhtha i, agus, mur
sin, ni inchreidthe agus ni airteagal creidimh. Murab eidir, aithris
cait a n-abair Dia no an biobla sin. Oir deir tu fein agus do
mhuinntir nach ttug Dia riamh a shamhuil so do phribhileid
don eagluis fein no d'aoinneach da bhfuil innte agus go bhfuil an
uile dhuine breugach, .i. comasach ar bhreig do dheanamh.
Mas duine thusa, cia, no cait, no ca haimsir a ndearnadh
dispensatio leat fa gan do bheith fear mar chach? Faicim do
chairt ar an ndignit si, le n-abarthar nach eidir dhuit dul ar
seachran id ghluaisibh agus id leanamhnuibh. No, mas eidir duit
tuitim a n-earraid, cionnas ata dearbhadh agad nach bhfuil
do ghlosa agus do leanmhuin ar seachran id th'airteagluibh.
Labhair anos mas eidir! Freagair an mheid si! Crom anall
an ceann agus dhamhsa an chluas!



F. Dob fhearr leamsa bheith gan chluais gan chionn no thusa
dom chlaoidh a n-airteagluibh mo chreidimh.



C. Ionann sin, dair leat, agus a radh gurab fearr leat bheith ar
seachran ina teacht ar creideamh. Acht inis dhamh an eidir
dhuit dul ar seachran creidimh id ghluais agus id leanmhuin san
gconsboid si.


L. 150


F. As eidir.



C. Os i sin an fhirinne, ar an adhbhar sin, ni heidir a chreideadh
mur airteagal dhiadha dhearbhtha chreidimh aoinni nach feas
dhuit acht on ngluais no on leanmhuin reumhraidhte sin amhain.
Freagair, no tabhair uait an chluas!



F. As lor dhamhsa dochum mo shabhala ma chreidim na
hairteaguil dogheibhim go soileir glan focal ar fhocal sios
san mbiobla gan leanmhuin ar bioth oile, agus ni riachtanas niosa
mho.



C. An mar so adeir tu fa dhireadh siar? Mur sin as ceadthach
dhuit, amhuil thugrair fein, gan creideadh agus creideadh
gach ni nach faghair go follas soileir san mbiobla acht maille le
gluais eigin no le leanmhuin reasunta.



F. Ni abraim sin.



C. Mar n-abrair, creud adeirir? An ceadthach no nach
ceadthach? Labhair, labhair! ar so ata an chluas.



F. Leig don chluais agus cruthaidh, mas eidir leat, nach ceadthach,
agus nach airteagal chreidimh an ni adeir an ghluais no an
leanmhuin.



C. Creud doni dhamh sin do chruthughadh mur seunairsi é?
Ni hail leat mo fhreagradh. Do claoidhe thu. Cluas!
Gidheadh, cruthaighim sin fos. Ni bhfuil einni no aonairteagal
'na airteagal chreidimh acht an t-airteagal le nach eidir bheith
midhearbhtha no breugach; gidheadh, as eidir an uile airteagal
da bhuil aguibhsi o ghluais agus o leanmhain amhain nach bhfuil go
soileir san mbiobla bheith midhearbhtha agus breugach, dar
n-admhail fein, oir ni briathra Dé iad acht dhaoine breugacha
earraideacha seachranta, dar n-admhail fos fein, amhuil na
gluaise fein agus na leanamhna. Ar an adhbhar so, ni airteagal
chreidimh aonairteagal dhiobh agus ni heidir a ccreideadh mur
airteagal chreidimh dhiadha dhearbhtha. Freagair, freagair!
Ni thig leat! Ioc an chluas!



F. Deir cuid dom mhuinntir-si gurab don chreidimh an uile
ghluais agus leanmhuin thig go fagas as an mbiobla, agus nach eidir
iad so bheith earraideach, no breugach, no midhearbhtha. Ar
son nach don chreideamh an meud oile nach ttig amhluidh agus
nach leanann go fagas acht a bhfad anonn as an mbiobla, oir
go bhfuilid, mur sin, midhearbhtha.



C. Mas diobh sin dhuitsi agus nach bhfuiltí ranta san punc
so, beirim ort. Oir adeir sibh uile gurab eidir leis an eagluis


L. 151


go leir agus le gach aon da bhfuil innte dul ar seachran ann gach
gne ghluaisi agus reasuin agus leanamhna dhiobh so nach bhfuil 'na
mbriathra De no sios go soileir follas san mbiobla, oir raidhte
agus reasuin doine iad agus as ughdarras daonna as bonait no as
leathbhonait doibh. Lag an foirgneadh aga mbi fulang no
leathfhulang lag. Mur sin, as lag midhearbhtha neamhlaidir
neimhchreidthe an uile ghluais agus leanmhuin dar bonait no
leathbhonait ughdarras daonna ata earraideach o nattuir. A
leith an chluas!



F. Deir cuid oile aguinn nach airteagail chreidimh fhire
aoinni da n-abruid ina n-admhaluibh consboideacha nach bi go
follas soileir san mbiobla, gidheadh, ar a shon sin, gurab eidir a
ccreideadh no gan a ccreideadh, ma ta gur fearr iad do
chreideadh no gan a ccreideadh.



C. Iomdha donas adeir do shluagh brisde. Acht, mur
sin, ni hairteagail chreidimh fhirinnigh an chuid as mó dar
n-admhala acht opiniones, .i. baramhla, as dlightheamhuil
a gcongmhail no gan a gcongmhail mur as toil le haon; mur
sin, ni coir admhala acht baramhla chreidimh do ghairm dhiobh,
agus ni coir dhuitsi, mas diobh thu, a radh go gcreidir na hadmhala
reumhraidhte acht go mbaramhlair iad, .i. go sileann tu no gurab
baramhuil dhuit so no sud, mur ata gan corp Chriosd bheith go
realta san tsacramuint acht a bhfioghar amhain, agusc.



F. Dar leat, as eigin sin do radh.



C. Os baramhlacha iad, mur sin, agus nach creideamh fire, aithris
anos damh creud iad na hairteaguil as airteaguil dod chreideamh
dharire fire.



F. Ata cuid diobh da ngairmid airteagail an chreidimh
mhoir agus cuid oile da ngairmid airteaguil an chreidimh bhig.



C. Abair damh, Creud iad sin?



F. Dom dhoigh, as d'airteagluibh an chreidimh bhig gan
Criosd bheith go realta do lathar san aran choisreagtha, gan
purgadoir bheith ann, agus an mheid oile dar n-admhalaibh nach
foghthar sios go follas soileir san mbiobla acht le gluaisibh no
le leanamhnuibh; acht as d'airteagluibh an chreidimh mhoir
an meud amhain dogeibhthear focal ar fhocal go soileir
follas san mbiobla gan riachtanas glosa no arguna oile.



C. Mur sin, ni foghthar airteagal an chreidimh bhig go


L. 152


soileir san mbiobla, agus ni cruthaighthear a mbeith inchredthe leis
an mbiobla lom amhain, no fos a mbeith dearbhtha ar aonmhodh
le gluais no le arguin dhuine ar bioth, oir go bhfuil an uile dhuine
agus a ughdarras midhiongmhalta breugach, mur deir sibhsi. Mur
sin, doni sibhsi creideamh da bhar mbaramhuil, ni dearbhtha
doni midhearbhtha. Acht, da tteannadh me leat, dobheurad
ort a radh fos nach bhfuil san gcreideamh mhor beagnach uile
acht baramhlacha, oir as roibheag aonairteagal dhe comhsoileir
sin san mbiobla nar riachtanas don eagluis o thus gus aniogh
gluais agus miniughadh do chur air a n-aghaidh shaoibhcheille na
n-eithriceach diaidh a ndiaidh, mur as follas isna comharleachuibh
generalta inar damnuigheadh iad. Cait a tteir anos? Cluas,
cluas!



F. Mor an ceannach thu fein agus do chluas. Ni beag dhuinn a
ndubhramair ar an ngluais agus ar an leanmhuin.



C. Nir bheag, da ttugtha, amhuil ghealluis, dhamh an chluas
iar mbeith dhuit claoidhte. O nach ttugair, dh'fhonn do
chaoirleadh fos, fiosraighim dhiot an ccruthaighthear go dearbhtha
an ghluais no an leanmhuin bheith dearbhtha inchreidthe gan
congnamh eigin no cuidiugha prinsiopail ar bioth don reasun
nadurdha.



F. Ni chruthaighim choidhche, oir ni foghthar iad go soileir
san mbiobla lom.



C. Mur sin, o nach bonaiteach ughdarras daonna no natturdha
acht tuitimeach soimheallta breugach, do reir bhar n-admhala
fein isna consboidibh si, ni lor e do dhearbha ar chonradh bheith
inchreidthe, oir ni bheireann midhearbha dearbha. Innis fos
damh cia dubhairt leat gurab airteagal chreidimh dhiadha gach
radh tairnghthear as briathraibh De maraon agus as radh nadurdha
daonna, go sbesialta mur raibh an radh rofhoillseach. Agus, o nach
eadh, do imigh tu. Agus, da n-abrair gurab eadh, deirimse reat,
ar an adhbhar sin, ni he an biobla amhain as riaghuil chreidimh
dhuit agus don uile fhirinne agus ni hiad briathra De amhain as
fundamuint don uile airteagal chreidimh acht fos an ghluais,
an leanmhuin, agus an reasun daonna ar uairibh. Agus, murab
eidir iad so dhul ar seachran, creud ma n-abair tusa go ndeachadh
an eagluis uile agus gurab eidir dhi dul ar seachran? Labhair,
a bhodhair bhailbh, mas eidir leat, no dhamhsa an chluas!


L. 153


F. Mitheadh dhuinn bheith ar socht ar gach taobh.



C. Bu mitheadh leatso sin tar eis gur caoirleadh thu o
sgrioptur go sbioraid phriobhaideach, o sbioraid go gluais, o
ghluais go leanmhuin, o thor go tor, o pholl go poll, o phruchais
go pruchais, 's nach faghair foras a n-aonait gan bheith claoidhte.
Cluas, cluas!



F. Tuguis, go deimhin, aindiol oram; do chuir agus do chradh tu
mo chluasa.



AN 8 CAIB.



DON CHATHAIR GHRIOMHAIN LE CCLAOIDHTEAR NA
HEITHRICE LE A RAIDHTIBH FEIN.



C. Cuirfead fos do chos a ngeimhiol isna liontuibh do hollmhuighe
a gcomhar Catoilceach led mhuinntir fein, agus iadhtha me
sibh uile in ar n-ainbhfios fein, ag gabhail da bhar cceannaibh
faoina cheile mur sdoc magaidh agus mur mhiosgan margadh ag
aos og agus eata na cruinne.



F. Ma commhor th'eucht led bhriathruibh, ni has dhamhsa.
Féuch linn é.



C. An admhair dhamh anos an mheud do admhaidh tu dhamh
ar ttus cheana le do mhuintir san gceudchaib., san dara, san
treas, agus san gcuigeadh caibidil do na hairteagluibh ata a gconsboid
eadroinn leath ar leith? Oir, ma admhair, budh eigin duit cur
suas dod fhundamuint fein; agus, da gcuirir suas amhluidh agus
dod phrinsiopal, budh eigin duit dhá radh chontrardha do
admhail, ni nach eidir bheith firinneach a n-aoinfheacht, agus gibe
slighe ina ngeobhair, budh ar fagbhail duit ar muir agus ar tir.
Mar n-admhaoir, as eigin dhuit bheith id t'aghaidh fein, a
n-aghaidh do mhuintire agus do chreidimh fein.



F. Admhaim iad uile.



C. Mas eadh, do reir do riaghla agus t'admhala fein agus chaich
uile do ghabhas leat, ni riachtanas aonarteagal do chreideadh
agus ni mo as coir mara raibh sios go soileir follas san mbiobla
lom amhain, oir as amhluidh so dubhramhair shuas cheana leam.
Acht ni fhuil aonairteagal da bhar n-airteagluibh reamhraidhte


L. 154


ud shuas sios go soileir san mbiobla, mur as follas ag siobhal orra
fa seach o aon go haon, agus amhuil do chruthaigheas shuas go glan.
Ar an adhbhar so, ni coir agus ni bhfuil dh'fhiachuibh ortso no ar
do mhuinntir creideadh dh'aonairteagal aca acht don mheid
geibhthear go glan soileir san mbiobla amhain. As follas gurab
é an mheud ud, an maior, .i. an ceudradh, bhar n-admhail fein:
follas fos an laghad, an minor, .i. an dara radh, amhuil ro
chruthaigheas shuas. Oir sbian an biobla o chuirr go cuirr
feadh do bheatha agus ni budh eidir leat aonairteagal dhiobh
d'fhaghail go soileir ann. Mur sin, as coir dhaoibh gan aonairteagal
aca do chreideadh, oir ni bhfuil inchreidthe do bhrigh
nach faghthar iad go soileir san mbiobla, le a amhain a ndeuntar
inchreidthe an uile airteagal, da bhar reir-se. Acht, murab
inchreidthe iad, cionnas as airteagail chreidimh iad? Oir ni
airteagal chreidimh an ni nach riachtanas agus nach coir do
chreideadh. Acht fos ni heidir creideadh doni do nach coir
creideamh acht amhain mar raibhe aoini amhain a n-aoinfheacht
inchreidthe agus neimhinchreidthe, ni nach eidir niosa mho ina an
balla bheith ban agus araon gan a bheith ban. chugad me aris.
As riachtanas creideadh do na hairteagluibh reumhraidthe ud
agus a mbeith inchreidthe, a n-aghaidh na hEagluisi Romhanaigh,
dochum De do onorughadh agus dochum sabhala ar n-anma no ni
riachtanas. Mas riachtanas, taisbeuntar iad go soileir san
mbiobla, ina bhfuil an uile fhirinne riachtanasach (do bhar
reir-si) agus an uile airteagal as riachtanas dochum ar slanaighthe
agus dochum De do onorughadh. Acht, o nach faghthar
iad, mur sin, ann go soileir, ni dlighthear a gcreideadh
agus ni mo is riachtanas agus fos ni coir, tre gan a mbeith inchreidthe,
oir an biobla doni iad inchreidthe, mas fior daoibhsi, 's ni
aoinriaghail oile. Mur sin, diulta dhoibh, no do thuit tú san
pholl dhubh agus san gcathair ghriomhain, as nach ttigir. Oir,
mas riachtanas, as riachtanas, aris, ni riachtanas; oir, mur deir
sibhsi, ni riachtanas aoinni do chreideadh acht an mheud adeir
an biobla go soileir, agus ni abair sud a n-aonait go soileir mur
sin, “As riachtanas agus ni riachtanas iad do chreideadh.” Ma deir
tu nach riachtanas a gcreideadh, agus murab coir creideadh dhoibh,
curthar suas do na hairteagluibh uile no seunuighe ar bprinsiopail;
no ma chonghmhaoidhe an prinnsiopail, .i. gan aoinni


L. 155


bheith inchreidthe acht an mheud adeir an biobla go soileir; o
nach abair an biobla aonairteagal doibh sud go soileir bheith
inchreidthe, as eigin dibh gan creideadh dhoibh no dul ar
seachran, ag cur suas agus ag creideadh neith neamhchreidthe a
n-aghaidh bhar bprinnsiopail. Caidhe i an chontrardhacht as
mo ina an chathair ghriobhain si agus an labirintum ina gcurthar
thu? d'aonfhocal amhain, deirim leat as an mheud so gurab
eigin cur suas dod phrinnsiopal no cur suas do na hairteagluibh
reumhraidhte ar fad. Feuch fein cia haca as fearr leat. Oir,
ma chuirir suas do na hairteagluibh, ni chreidir acht a greidimsi
agus an mhuinntir da ngairir papairi; agus, ma chuirir suas dod
phrinnsiopal, ni bu é an sgrioptur lom follas amhain no briathar
shoileir De as riaghuil chreidimh dhuit. Cluas! labhar! cluas!
freagair! cluas!



F. Freagruim, agus deirim go bhfuilid mh'airteagail fein agus a
n-abruim bheith dom chreideamh focal ar fhocal agus briathar ar
bhreithir go soileir san mbiobla, no a bhfoclaibh agus a mbriathruibh
comhmaithe coimhmeasda liu, no a nglosuibh agus a ngluaisibh
an bhiobla, no a leanamhnuibh glana deimhnighthe dearbhtha
riachtanasacha an bhiobla, agus gur lor sin, tar a n-abair tusa.



C. Mur sin, admhair nach bhfuil iad uile go soileir san
mbiobla lom, agus, mur sin, ar ttus as eigin a admhail no nach e
an biobla lom soileir as riaghail dod chreideamh no nach bhfuil
an meid diobh nach abar an biobla go soileir inchreidthe. Aris,
do chomhardha nach bhfuil aonairteagal diobh focal ar fhocal
no a mbriathruibh coimhionanna san mbiobla ar fad, ni
eidir leatso choidhche a ttaisbheuna amhluidh ann, amhuil
dubhramair shuas. Acht, da tteir dochum gluaise no leanamhna,
as eigin duit a admhail nach fuirighir ar theisd agus ar raidhtibh
soileurdha an bhiobla amhain, no a mbriathruibh follasa De,
no a bhfocluibh diadha coimhionanna a gceill liu, .i. le biobla
soileir. Agus fos dogeibhthear annta na lochta adubhras thuas san
seachtmhadh caib.; oir a cheuduair ni briathra De iad ar fad,
oir ni bhfuilid san mbiobla; fos, ni bhfuilid dearbhtha, oir ni
abair an biobla iad bheith dearbhtha. gi gurab e as riaghuil
dhuitse ar an uile fhirinne agus dhearbha; fos, ni bhfuil siad
doiearraideacha, amhuil nach bhfuil a n-ughdar, .i. an ti
doni an ghluais no an leanmhuin, acht earraideach, amhuil adeir


L. 156


sibh ag radh leis an mbiobla go bhfuil an uile dhuine breugach;
agus, go deimhin, as don mhuinntir sin thusa agus do sheict. Fos,
ataid contrardha do sheanaithreachuibh naomhtha, do
chomharleachuibh genearalta, agus do ghnathchuimhne na heagluise.
Fos, ni bhfuil breathamh diongmhalta dothuitimeach
agad le ndearbhthar iad bheith follain no seasbhach.
Cait ina tteir anos? Cluas!



F. Bu mor an dearbha thusa bheith ar a' bhfirine agus mise ar
an erraid da ttaisbeunta dhamh gurub i an Eagluis Romhanach
an eagluis choir neamhthuitimeach neimhearraideach as
breitheamh agus as riaghuil le tteagasgthar na creidmheacha gan
seachran, agus le ndearbhthar dhoibh cia iad na leabhair as biobla
coir, agus creud as firchiall da raidthibh, agus le a reidhtear gach
consboid chreidimh.



C. Taisbeunfad sin go grod san gcuid si romham, ma ail
m'eisdeacht go haireach, tar eis gur claoidhe thu go seadh.



F. Ma cloidhe me no murar claoidhe, eisdfead leat go gér
le croidhe maith.



AN 9 CAIB.



D'EAGLUIS DE AR TALAMH INA MBI SLANUGHADH.



C. Le Criosduidhe as run leam labhairt, ni le Turcach, le
Eabhradhach, le ainChrisduidhe, no le paganach. Mur sin, as
cosmhuil go n-admhair Dia fire agus beatha mharthannach dochum
a ndearnna se an duine, agus slighe eigin inar coir gabhail dochum
na beathadh ceudna d'fhaghail, agus, fa dheoidh, go ttug-sad
modha agus meadha dhuinn lerab eidir dhuinn thoidheacht air an
tsligheadh reumhraidhte sin.



F. Admhaim an mheid sin uile, oir duine me iar mbaisdeadh
le a gcreidthear don bhiobla agus do mhoran dh'airteagluibh da
gcreideann sibhsi fein, na Romhánaigh.



C. Os mar sin ata, agus gur chruthaigheas oruibh thuas nach
lor an biobla amhain dochum duine do sdiurughadh gusan
slighe choir se, gusan bhfios, agus gusan chreideamh as riachtanas


L. 157


dar slanughadh, agus gur toil do Dhia uile dhuine do shabhail, agus
gur dochum ar sabhala tanag Mac an Athar neamhdha a
gcolainn dhaonna, as cosmhuil gur fhag se meadh eigin oireamhnach
ag an ccineadh daonna le a ttiocfadaois dochum feasa
De, .i. slighe a shlanuighthe.



F. As ceillidhe agus as riachtanas an mheid sin dh'admhail, oir,
mur ndeanamh amhluidh, do chleisfeadh oruinn, dar ttreigean
agus dar léigean gan fios an mheadha le ttig neach ar shlighe a
shlainte agus a shabhalta.



C. Creud e an meadh budh oireamhnaigh dochum an fheasa
so d'fhaghail go cinnte amach ina eagluis eigin, .i. cruinniughadh
no coimhthionol sbesialta aonda airidhe, dh'ordughadh aga mbi
ughdarras daingean doiearraideach le nar eidir dul ar seachran
a tteagasg agus a riaghlughadh agus a sdiurughadh agus a miniughadh
slighe ar slanuighthe dhuinn, go mormhorach o nach ttig
dhinn fein amhain an biobla, .i. briathra De agus a gciall,
d'fhaghail amach go cinnte dearbhtha ar aonmhodh oile ar
bioth? Oir as don chruinniughadh so ghairmid eagluis De ar
ttalmhuin.



F. Da n-orduigheadh Dia a shamhuil sin do chruinniughadh
mharthannach, nir olc an t-ordughadh e ar aonchor, oir gan e
biadh an cineadh daonna choidhche ar mearughadh slighidh a
shlanuighthe gan dearbha biobla no gluaise an bhiobla, amhuil
dubhrais thuas.



C. Os duine thusa adeir go n-admhair fein an biobla mur
bhriathar De, eisd le Daniel, cap.2, ag radh, “A laithibh na
righeachta ud togfadh Dia nimhe righeacht nach sgriosfar do
shior; agus ni thiubhthrar a righeacht do phobal oile, agus bia si ar
bun go foircheann.” Eisd fos le Criosd fein, Matth.16, “agus
adeirimsi leatso, oir as tu Peattar, agus as ar an gcraig si do
chuirfeadso mh'eagluis 'na suidhe, agus ni bheuraid doirse ifrinn
buadh uirre. Agus dobheuradh me dhuitsi eochracha righeachta
nimhe, agus gibe cheangolair ar talamh, bia se ceangailte ar neamh,
agus gibe sgaoilfir ar talamh, bia se sgaoilte ar neamh, agusr.” Ag so
an peadar, agus an coimhthionol an cruinniughadh agus an eagluis do
thog Criosd agus le a ndubhairt le Peadar, Pasce oves meas “riar,
sdiur, agus teagasg mo thréud-so.”


L. 158


F. Gidheadh, taisbein damh go bhfuil an eagluis choir si
sofhaicsi.



C. An eagluis ud do togadh le Criosd agus dar gheall buanthús
marthannach, dobhi si sofhaicse, oir bhi a raibhe inte do
dhaoinibh, .i. na habsdoil agus na diosgiobail, roshofhaicsi, agus ba
iad fein baill an choimhthionoil shofhaicse si, mur as follas as
an mbiobla, Act.20, mur a n-abarthar, “Tugaidh aire dhibh fein
agus don treud uile inar chuir an Sbiorad Naomh sibh mur easbaig
dochum eagluise De do riaghlughadh.” Acht cionnas do riaghlfadaois
eagluis dhofhaicse no baill nar eidir dhaibh dh'aithniughadh,
do chlos, no d'fhaicsin? Do sgriobh Pol absdol
litearacha ag teagasg agus a' sdiurughadh na bpobal, na
Romhanach, na gCorint, na nGalatach, na nEpheiseach, na
cColasseinseach, na bhPhilipeinseach, agus na tTesaloniseinseach.
Do sgriobh Pedar, do sgriobh Eoin mur an gceadna dochum
eagluisibh priobhaideacha sofhaicse a n-ait, a gcaithribh, a
ndaoinibh. Mur sin, as eigin go bfhuil an eaglais fhoirleathan
donithear diobh sofhaicse somhothuidhthe, mur dearbhthar ag
Matha san ochtmhadh caib., ag radh, “Da bpeacaigh do dhearbhrathair
id t'aghaidh, tabhar achbhasan do idir thu fein agus e
amhain; mur n-eisdeadh leat, innis e don eagluis; mur ttabhair
se cluas don eagluis, biodh se agad amhuil eitnic agus phuibliocain.”
Acht creud í an eagluis da n-inneosadh sud mur raibhe si
sofhaicse no soaitheonta dho? Oir uirre do labhras Criosd,
Matt.5, ag radh, “Ni eidir an chathair donithear a mullaigh
cnuic do cheilt”, agus Isai.,cap.2, “Isna laithibh deighionacha
biaidh cnoc tighe De ullmhaighthe a mulladh na ccnoc.”



F. Dar leat, ata fundamuint le do cheileabhruibh. Acht
cionnas ata si buan marthanach go brath?



C. Cait a tteid do chuimhne; nach gcualadh tu thuas Criosd,
Math.16, agá ghealladh dhi tan adubhairt, “Ni thiubhraid
doirseadha ifrinn buadh uire”? Oir, no dochuaidh eagluis
Chriosd uair eigin o thus gus aniodh ar seachran uile no ni
dheachadh. Mur ndeachadh, ar an adhbhar sin, do mealladh
an mhuinntir adeir go neacha feadh iomad do bhliadhnuibh,
agus dorinneadair Criosd breugach thuas aga ghealladh nach
reachfach. Ma chuaidh, mur an gcéadna dorinne Criosd breug
ag geallamhuin a chontrardhacht, agus ba mealltoir e agus ro mheall


L. 159


se cach san ionad reumhraidhte ag deanamh sbailp bhreige; agus
fos, Matth.ultimo, ag radh go mbeith fein a bhfochair a
eagluise go direadh dhomhain. Acht as blasfeim eithriceamhuil,
.i. dia-aithis, sin do radh le Dia, le nach eidir bheith breugach.



F. Ni dhearn-sud breug, oir 's don eagluis dhofhaicse
amhain le nach eidir dul ar seachran do gheall an mheid ud ag
Matha agus ag cach agus ni dh'aoineagluis shofhaicse ar bioth.



C. Ata tu meallta go mor. Don eagluis do togadh le Criosd
o thus do gheall fein an mheid ud, mur dubhramair; acht do
bhi agus ata an eagluis cheudna fos ar bun gan tuitim gus aniodh,
amhuil dhearbhas cheana shuas, Matth.18, “Innis e don eagluis”;
1 Corinth.3, “Dochum gomo feasach dhuit cionnas dlighthear
dhiot thu fein dh'iomchar a tteach De as eagluis do Dhia bhi.”
Uirre fos thrachtas Pol,1 Cor.12, ag labhairt ar a doctuiribh,
ar a haodhaireadhuibh, ar a habsdoluibh, agusr. Da bhrigh sin,
mura ndearnadh Criosd breug, ni nar eidir dho, nir mealladh
riamh 's ni meallfuighthear a eagluis shofhaicse.



F. Imigh ar h'aghuidh fos agus dearbh dhamh go sabhaltar cach
san eagluis cheudna sin Chriosd.



C. Deir Criosd, Joan.15, “Mise an fhineamhuin, sibhse na
geuga; gibe anas annamso agus mise annsan, dobheir se moran
toraidh uaidhe, oir gan mise ni heidir dhibh aoinni. As
annso fuillsighthear mh'Athair-si, dochum sibhsi do thabhairt
mhoran toraidh uaibh, agus dochum go ndeuntaoi disgiobail
dhamhsa dhibh. Amhuil do ghradhaigh an tAthair mise, mur
an gceudna da ghradhaigh mise sibhse, fuirighidh im ghradh-so”;
Joann. cap.1, “An mheud do ghlac leis, tug cumhachd dhoibh
a mbeith 'na mic De, agusr.” Acht as e as fuireach agus as anmhuin
a gCriosd, bheith ar shligheadh shlanaighthe agus duine bheith 'na
dhisgiobal ag Criosd agus 'na mhac ag Dia. Gibe bhios mur sin,
bidh se san eagluis fhire si Chriosd, mur dhearbhas Pol,
Corint.12, ag rádh, “As sibhse corp Chriosd agus buill don bhall, agus
as í an eagluis corp Chriosd”; Ephes.1, “Tug-sud eision os
cionn uile eagluisi, as corp dhósan, ina bhfuil fuasgladh aguinn tre
a fhuil.” Gidheadh, ni heidir sabhail na slainte fhire dh'fhaghail
gan creidmh fire, mur dhearbhas Pol, Hebr.6, ag radh, “Ni
heidir Dia do riar gan creideamh”; Marc.16, “Gibe chreideas
agus baisdithear, sabhalfar é, acht, gibe nach gcreid, daimneoghthar


L. 160


é”; Rom.10, “An mheud do chreideas annson, ni meallfar
iad, agus an mheud ghairfios ainm an Tighearna, slaneoghfar iad”.
Mur sin, cionnas ghairfid air muna gcreidead ann? Dha reir
so, atá ni headh amhain sabhail fhire acht fos creideamh fire
san eagluis reumhraidhte. Agus os leis an toil coimhliontar na
haitheanta agus nach tig dhi buain le aonchosboir muna ttuigeadh
an intleacht e ar ttus ar mhodh eigin, mur sin, as riachtanas
fios dearbhtha, .i. creideamh diadha, do bheith san intleacht
le ttaisbeuntar, amhuil sholais neamhdha, dhi na neithe
as coir dhi ghradhughadh, do reir theagaisg Chriosd; oir as le
coimhlionadh an teagaisg si bhimid ar shlighe ar slanuighthe,
mur dhearbhas Criosd, ag radh, Matt.19, “Ma ail leat an bheatha
shuthain, coimheid na haitheanta.”



AN 10 CAIB.



D'UGHDARRAS NA HEAGLUISE.



F. Dearbh dhamh nach eidir don eagluis dul ar seachran.



C. Roinntear an eagluis go leir uile a nda chuid, .i. a ttreud
agus a bpasduir, oir ni bhfuil aoinneach inte acht caora no treudaidhe.
As iad na heasbuig, na preulaidi, agus an mheud ar a mbi
curam na n-anman an mhuintir da ngairtheir pasduiri no treudaidhthe;
don chuid oile gairthear caoire no treud. Ba e
Criosd ar ttalamh ardaodhaire, ardphasduir, agus priomhthreudaidhe
sofhaicsi na heagluise o thus an tiomanta nuaidh
ria a bhas, agus ro fhag-sad San Pettar 'na dhiaidh, agus an mheid
oile thiocfas go dlisdeanach ar a lorg diaidh a ndiaidh, 'na
ardaodhaire agus 'na ardchomharba innte ar chach uile, faoina
mbiadis pasduiri oile, mur ata easbuig agus preulaidi iachtardha agus
fothreudaidhthe sofhaicsi, ag ionghaire a ttreuda, .i. a gcreidmheacha,
darab ardaodhaire agus darab primhbhiocaire fear ionada
Chriosd ar talamh, comharba Pheadair, an papa. Dhe so,
dhiobh sud, agus don treud go generalta da nithear an coimhthionol
ud da ngairthear eagluis Chriosd.



F. Maith gach ni da n-abrair, acht cruthaigh agus dearbh dhamh


L. 161


nach eidir don choimhthionol so as eagluis ann dul uile ar seachran
chreidimh agus theagaisg Chriosduidhe.



Cruthuighim sin ar ttus le briathruibh Chriosd, Dia fire
agus duine, nach eidir a bhreugnughadh, ag radh, Matth.16, “Tog
fad mh'eagluis ar an gcraig si, agus ni bheuraidh doirse ifrinn
buadh uirre.” Tuigeadaois na heithriceadha mur thugraid fein
creud do chiallaigheas an chraig ud, oir, gibe ar bioth as ciall
dhi, as eigin a admhail gur gheall Criosd nach ttiubhradh doirseadha
ifrinn buadh uirre, da cur ar gcul, .i. ar seachran
chreidimh agus deghbheus, oir ni heidir Dia dho bhreugnughadh, agus,
mur sin, ni heidir dhise ar fad tuitim a n-aoinearraid. Abar
dhamh an eidir no nach eidir d'eagluis shofhaicsi fhire Chriosd
dul ar seachran uile a gcuisibh chreidimh agus deghbheusa. Murab
eidir, ata an chuis reidh. Mas eidir, no dochuaidh si amhluidh
cheana, no ni dheachadh fos agus ni theid. Mur ndeachadh agus mur
dteidh, as do mhorghrasuibh De agus da phribhileidibh sbesialta
sin fein le mile se cheud agus barr tar ceithre bliadhna deg agus tri
fichid. Ma chuaidh no ma theid, as eigean gur a gcreideamh no a
mbeusuibh dochuaidh ar seachran, ag teagasg agus ag greamughadh
do bhreuguibh no do dhroighbheusuibh - acht as é
an diabhal as athar don uile bhreig, dh'uile eugcoir, agus dh'uile
dhroighbheus. Mur sin, ma bheir uirre uair ar bioth dul ar
seachran chreidimh agus droighbheus, ni fior, mur dubhairt Dia,
nach ttiubhradh doirseadha ifrinn buadh uirre, agus, mur sin, as
eigin duit a radh go ndearnadh Dia breug sholamanta, no, mur
ndearna, nach deachadh si uile fos ariamh agus nach mo reachbhas
choidhche amhluidh ar seachran chreidimh no deighbheus.



F. An bhfuil do dhearbhadh agad acht sin?



C. Murab lor e dhuitsi mur dhearbha, mur bharr naire dod
chruas croidhe-si, eisd fos le Criosd, Matth.18, ag radh, “Giorán
é leis an eagluis; mur n-eisdigh leis an eagluis, biodh se agud
amhuil eitinic agus phuibliocain.” Oir, an eagluis shofhaicsi ar ar
labhair Criosd san mball ud, no teid si uair eigin uile ar seachran
no ni theid agus ni dheachadh agus ni mo reachfas choidhche. Mur
tteid, mur ndeacha agus mur reachfa, as da pribhileidibh o Dhia
sin fein an feadh so, mur dubhramair cheana, agus ata an chuis
reidh. Ma theid no ma chuaidh agus gurab eidir le dhul, cionnas
adeir linne dul a' gioran lena leitheid do chruinniughadh seachranach


L. 162


breugach tuitiomach a ndroighbheusuibh agus a n-earraidibh
chreidemh? Oir, da raibh dall a gcionn daill, tuitfid araon sa
bpoll. As eigean gurab maith le Criosd no nach maith sinne
dh'eisdeacht le agus do ghreamughadh dhi. Murab maith, creud
ma ndubhairt linn deunamh uirre, agus an mheid nach umhluighean
dhi bheith again mur eitinic agus mur phuibliocain? Go deimhin,
as daor 's as mor agus as micheillidhe cain comhchruaidh si do chur
ar neach tre gan umhlughadh do mheirdrigh bhreugaigh. Fos,
mas breugach í uile aonuair ag tuitim a n-erraid chreidimh agus
droighbheus, as eigean go ndearnason breug mhor.



F. Dar leat fein, as reasunta an tagradh sin, acht an bhfuil
niosa mho agad?



C. Ni fhreagrann tusa go foill an mheid si fein. Gidheadh,
dh'iadhaigh do bheoil chanranaigh, eisd fos le Dia, Joan. 14,
“An t-adhbhcoide, iomorro, an Sbiorad Naomh, chuirfeas an
tAthair am ainm-si chugaibh, muinfe se dhibh an uile agus cuirfe
se faoibh an uile”: Joann.16, “Tan, iomorro, thiocfas an
Sbiorad ud na firinne, muinfe se dhibh an uile fhirinne.” Abair
leam, An tteid an eaglais ud ar seachran no nach tteid agus nach
eidir dhi dul? Murab eidir agus nach teid, atamaoid reidh - agus as
pribhileid mhor sin dhi o Dhia. Ma theid 's gurab eidir dhi dul,
leana as sin nach tteagasg an Sbiorad Naomh í, no an uile
fhirinne dhi, mur do gheall Criosd; oir, mur a mbi earraid,
teasduigheadh firinne eigin. Cionnas as eidir a radh go tteagasg
an Sbiorad Naomh uile fhirinne dhi agus go mbi fos ar easbhaidh
firinne eigin a n-aoinfheacht .i. ar earraid? oir ni heidir e. Mur
sin, os firine raidhte Chriosd, as eigean gur breug an radh go
tteid, no go reachadh, no go ndeachadh an eagluis ar seachran.
Feuch anois creud adeurair.



F. A' ndubhart tu fos a raibhe agad?



C. Dob fhearr mo fhreagra go glan ina bheith leis na
fuairfhiafraighthibh sin. Adeir Pol, Timoth.3, “Sgriobhuim chugad
a ndoigh go ttiocfá fein, agusr., dochum go mbeith a fhios agad
cionnas as coir dhuit thu fein do thabhairt suas a tteach De as
eagluis do Dhia bhi, colamhan agus fiormamuint na firinne”.
Ionann, iomorro, fundamuint na firinne le a radh agus an ní le a
bhformaighthear, le ndaniginghthear, agus le a gcruthuighthear an
ni dobhios firinneach daingean dearbhtha; agus a raidhtibh dorcha


L. 163


as e a ughdarras le nach eidir dul ar seachran. Uime sin,
freagair me. No as eidir dh'eagluis shofhaicsi Chriosd dul uile
ar seachran no ni heidir. Murab eidir, ata an chuis reidh.
Mas eidir, ni fior gurab í, mur sin, colamhan agus fiormamuint uile
fhirine. Ar an adhbhar so, no ni heidir dhi dul ar seachran
no as breugach na briathra ud Phoil; acht do bhrigh nach eidir
sin do radh maille firinne le S. Pol, ni heidir don eagluis
remhraidhte dul ar erraid chreidimh agus bheus. Fiafraighim,
fa dheoigh, dhiotso agus dod mhuinntir uile, An airteagal da bhar
gcreideamh gurab eidir dh'eagluis shofhaicsi Chriosd uile
dul ar seachran no nach eadh? Murab eadh, as eigean dibh
a admhail nach creideamh diadha dearbhtha e acht baramhuil
dhaonna neimhdhearbhtha agus go gcuireann sibh, mar gheall ar
bharamhuil don tsort so, sibh fein a bpiriacuil erraide, ag
treigean na heagluisi. Mas eadh, fiafraighim cait a n-abair
Dia sin go soileir san mbiobla, no a ngluais dhearbhtha an
bhiobla, no a leanmhuin dhearbhtha dheimhin, mur adubhras
thuas. Oir teannfad ort na maideadha ceudna go cruaidh san
bpunc so, mur dorighneas cheana, agus bu searbh leat an diol
beurthar ort. Eisd leam beagan oile. No do an Chriosd a
bhfochair a eagluisi reumhraidhte do ghnath gus aniodh agus
fuireoghadh choidhche, no nior an agus ni fhuireoghadh acht do
threig i go leir, no treigfeadh i. Ma do an agus ma fhuirigheann,
atamaoid reidh, oir ni bhionn Criosd no a ghrasa i lucht an
tseachrain chreidimh agus dhroighbheus, agus, mur sin, ni dheachadh
agus ni reachadh a eagluis shofhaicsi choidhche ar seachran, agus ni
heidir di dhul. Acht, murar an agus mur bhfuirigheadh, dorinn
Criosd breug rinn ag radh, Matth.18, “Feach go bhfanamso ar
bhfochair gach aonla go direadh an tsaoghail.” Acht as
blaisfeim eithriceamhuil agus dia-aithis a radh gur eidir le Criosd
breug do dheanamh no briathra De do bhreugnughadh. Cuir
leis an mheid si na briathra ud Chriosd, Joan.14, “Guidhfeadh
mise an tAthair, agus dobheuradh se dhibhsi adhbhocaid oile do
fhuireoghas aguibh go foircheann, agusr.” Ma coimhlionfar go
brath o thus an gealladh so, atamaoid reidh. Ma deirir nach
coimhlionfar, do bhreugnadh tu Dia, agus, mur sin, ni heidir do
dhuine cheillidhe eisdeacht le do earraidibh. Mur so, as eigean
a rabh nach eidir dh'eagluis shofhaicsi Chriosd dul choidhche ar
seachran a mbadhtha chreidimh no bheus.


L. 164


F. Faicim uait dearbhadh daingean ar ughdarras bheith san
eagluis leis na creidmheacha do mhuna, do sdiurughadh, agus do
riaghlughadh san mbeatha, san tteagasg, agus san leigheann
Chriosduidhe, da mhiniughadh agus da chur romhuinn.



C. Mar bhfuil uait acht sin, eisd le Criosd fein, Matt.ult.,
“Ag gluasacht (ar se) muinighe an uile chineadh, da
mbaisdeadh a n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Sbioraid Naoimh,
agusr., da tteagasg go leir, an mheud do fhuagras dibh le a
chongmhail uile”; Marc. ultimo, “Ag gluasachd feadh an
domhuin uile, teagasguidhe an soisgeul dh'uile chreatuir.” As
so adeirim, no ata san eagluis aonduine amhain eigin no
comhchruinniughadh Criosduidhe darab eidir agus da ndlighthear
dhuinn geilleadh a gcuisibh agus a minighthibh an chreidimh gan
baoghal seachrain no ni bhfuil. Ma ta, agus go n-admhair sin,
atair contrardha ar ttus da bhar raidhtibh agus da bhar ccreidimh
fein thuas. Mur bhfuil, ataid na geallamhuin ud Chriosd
breugach agus ni bhfuil aonfhundamuint seasbhach ag creideamh,
acht ata 'na fhinnsgeul fhabhalta an sgrioptur fein ar fad. Agus cia
an t-aithiseach diabhluidhe adeuradh so? An agam go foill.
Dogheibhmid san mbiobla, Act.20, “Tugaidh aire dhibh
fein agus don treud uile inar chuir an Sbiorad Naomh sibh mur
easbuig dochum riaghluidhthe eagluise De dofuar ar a fhuil
fein.” Deirim as so, as í an mhuinntir le a ndubhairt Criosd
na creidmheacha do riaghlughadh agus do theagasg an lucht aga
bhfuil an t-ughdarras reumhraidhte ud gan amharas, acht
as iad so na haodhaireadha, na pasduirí, na treudaidhthe,
agus na heasboig chora, agus, mur sin, as aca ata an t-ughdarras
ud, oir adubhairt Criosd, Joan.21, le Siomon Peadar,
“Beathaigh mh'uain-si, beathaigh mo chaoirigh-si”, agus leis an
mheid thig ar a lorg. Eisd leam. No as liu sud bheanas
briathra De do theagasg amhluidh do na caorchuibh no ni headh.
Murab eadh, as diomhaoin do fhugair Criosd do Pheadar a
threud dh'ionghaire, agus as diomhaoin do ordaigh na habsdoil
bheith os cionn chaich oile. Murab diomhaoin, as liu agus le lucht
leanamhna a lorg, .i. le ardchomharbadhuibh, le easboguibh,
agus le haodhaireadhuibh na gcreidmheach, do bheanas briathra De
do chur sios don treud, mur theagasgas Pol, Ephes.4, ag radh,


L. 165


“Thug-sad cuid mur absdoil, cuid, iomorro, mur fhaidhe, cuid,
cheana, mur shoibhisgeil, cuid fos mur phasduiri agus mur
dhoctuiri; go criochnughadh na naomh a n-oibribh seirbhsi,
a ttogbhail chuirp Chriosd; no go ttagamaoid uile dochum aondacht
chreidimh agus eoluis mhic De, dochum duine fhoirbhthe
a miosur aoise iomlaine Chriosd; dochum nach biadh sinn
feasda mur thacharain ar luaidrean, dar mbreith ar siobhal le
(gach) gaoith theagaisg, a n-olcuibh na ndaoine, a meabhail,
a ngabhail thimchill na hearraide.” Fiafraighim anois mur
so, no ata an t-ughdarras so ag gach aon ar leith do na
creidmheachuibh, no aca uile a n-aoinfheacht, no amhain
ag cuid diobh seach choda oile. Ma ta ag gach aon, mur
sin ata gach aon do na creidmheachuibh 'na absdol, 'na
fhaidh, 'na shoibhisgeul, 'na threudaidhe, a n-aghaidh Phoil san
ait reumhraidhte, agus 1 Cor.12, ag radh, “An absdoil an uile? an
faidhe an uile? an doctuiri an uile? an subhailceadha an
uile? an bhfuil tiodhlaiceadh slanuighthe ag an uile? an
labhruid an uile na teangtha? an minighid an uile? no an aca
uile a n-aoinfheacht?” Agus, mur sin, as gan adhbhar doni an
biobla difir idir na tiodhlaiceadh, na tabhartais, agus na hoificeadha
reumhraidhte ud. Ar an adhbhar so, ni folair a admhail gurab
ag cuid diobh amhain ata an t-ughdarras ud, .i. ag pasduiribh
na heagluisi, darab airdcheann comharba Pheadair, an papa.
Abair agus admhaigh an mheud so murab é as mian leat bheith
do thacharan a' longadanacht le gach gaoith ainbhfis dot fhuadach
idir thonnuibh baidhte an tseachrain mhoir.



F. Cionnas aitheantar an eagluis sin?



C. Maith leam thu da fhiafraighe sin diom. Eisd agus inneosad
sin dhibh go grod.



F. Eisdim.



AN 11 CAIB.



DO CHOMHARRDHUIBH NA HEAGLUISI.



C. Mur thugair Criosd a eagluis fein do bheith sofhaicsi
marthannach neamhsheachranta, do thugair fos i do bheith
soaitheanta agus soiidirdhealbhtha o uile sheict agus
choimhthionol earraideach tre cheithre chomhardha dogeibhthear uirre


L. 166


san mbiobla, amhuil curthar sios a siombal Chonstantinopuil agus
ro admhaighid na Criosduidhthe go leir, mur a n-abair,
“Creidim aoinEaglais Naomhtha Chatoilice Apsdolta”, .i.
aondacht, naomhthacht, catoilceacht, absdolthacht. Cuimhnigheadh
S. Augustin ar na cheithre comharrthuibh ceudna,
Lib. contra epist. fundamenti, cap.4, ag radh, “As e coimhtheacht
na bpobal agus na ccineadhach dobheir oramso fuireach san eagluis,
a hughdarras ro thosaigh le miorbhuilibh, ro hoiligh le dochas,
ro daingnigheadh le haosdacht, a hoidhreacht ag leanmhuin loirg
Pheadair, a sagartacht, agus a hainm maraon catoilice.”



F. Cionnas dearbhthar go bhfuil si aonda, .i. 'na haoineagluis?



C. Leis an mbiobla, adeir, Joann. 10, “Deunfar aonchro caorach
agus aonaodhaire”; Rom. 12, “Mur ataid iomad ball aguinn a
n-aonchorp, mur sin ata sinn lionmhur ar n-aonchorp a gCriosd.”
Acht as do thri neithibh donithear suas an aondacht so: do
choimhcheangal coimhtheachta an chreidimh, do chumann na
sacramainti, agus do gheille umhal don Aodhaire.



F. Cait a n-abair an biobla aondacht, coimhcheangal no
choimhtheacht an chreidimh do bheith san eagluis?



C. Ag Eoin, Apoc. 17, mur a n-abair, “Ni dhoibhsion amhain
do iarruim acht don mheud do chreideas lena mbriathruibh
ionnamso, dochum go mbeid uile 'na n-aon mur atairsi, a Athair,
ionnamso agus mise ionnadso, dochum go mbedsion 'na n-aon
ionnamso, dochum go mbeid 'na n-aon mur ata sinne”; Act. 4,
“Aonchroidhe agus aonanam dobhi a n-iomad na gcreidmheach”;
Ephes. 4, “Aonchorp agus aoinsbiorad, mur do gaireadh sibh a
n-aondhochas bhar ngarma, aoinTighearna, aoinchreideamh,
aonbhaisdeadh, aoinDia agus Athair na huile, ata os cionn na n-uile,
tre an uile agus ionnainne uile, agusr., no go gcasdar inn uile le a
cheile a n-aondacht chreidimh agus eoluis Mhic De.” As e a chiall
so, mur ata Dia 'n aon, ar mhodh nach eidir do gan a bheith
aonda, gurab eigean don eagluis bheith 'na haon a n-aoinchreideamh,
a n-aonbhasdeadh, a n-aontsacramuintibh, a
n-aoinDia, ar mhodh nach eidir dhi bheith dealaighthe no rannta
ionnta. Oir ni folair amhluidh sin gurab aoinni do chreidid na
creidmheacha uile agus ata dh'fhiachuibh orra do chreideadh; agus
mur ata an corp 'na aonchorp ceangailte da cheile agus nach ranntar


L. 167


e a n-iomad do chorpuibh agus nach bhfuil ann acht aonanam,
gur mur sin don eagluis, as aonchorp misdeadha uamtha dha
cheile ina mbi aoinnchreideamh, amhuil aonanma, ar mhodh
nach eidir iomad do chreideamh chodarsna no chontrardha
do bheith innte.



F. Cionnas thaisbeunair cumann na naomh do bheith san
eagluis?



C. Geibhthear sin ag S. Pol, Ephes. 4, “Tug-sud (ol se)
cuid aca mur absdoil, cuid mur phasduiri agus mur lucht teagaisg,
dochum nach biamis amhuil thacharain ar comhghluasacht,
dar mbreith ar siobhal le gach gaoith theagaisg.” Mur so, ata
sinne agus ar n-eaglais i gcumann agus a gcoimhcheangal chreidimh agus
shacramuinnti; dh'aoinchreidimh agus dh'aontsacramuintibh, agus
aitheantar sinn tar chruiniughadh na n-eithriceadh dobhios
mur sgoil bhehé gan chuma, gan ordughadh, gan
umhlacht, gan uachtaranacht, gan aoincheill, gan geille ag
neach dha cheile acht an chuirt chomhuasal sgartha sgaoilte ag
gabhail da ccionnuibh faoina cheile go haimhreidh miochumannta
a gcreidimh agus a sacramuintibh, ag luasganacht anonn
agus anall le gach smeidhe gaoithe. Cuir leis so mur dubhras
shuas.



F. Cionnas dearbhthar an eagluis do bheith naomhtha?



C. Leis na briathruibh ud Phoil, Ephes. 5, “Dochum go
ndeunamhson eagluis ghlormhur dho fein i nach beith sbot,
no casadh, no locht don tsort so acht go mbeith naomhtha
neamhsbotach.” Acht as do thri neithibh donithear an
naomhthacht so, .i. do theagasg naomhtha, do mhiorbhuilibh,
agus do mhoran beathadhuibh beannaighthe craibhtheacha.



F. Creud an teagasg dobhios nomhtha?



C. An teagasg le sdiuruighthear an intleacht dochum creidimh
neimhsheachranta agus le sdiuraighthear an toil gan aoini do
ghreamughadh a n-aghaidh dhligheidh De no nadura, reasuin
no dhebheus. Acht ata an mheid si san eagluis, mur as follas
as a ndubhramair, cap. 9 agus 10, ag trachda ar neimhsheachran
na heagluise i gcuisibh chreidimh agus deighbheus, oir í fein colamhan
agus fiormamuint na firinne. Uime so, adeir an biobla, psalm. 18,
“Solas an Tighearna gan sbot ag iompughadh na n-anmanna”;
2 Tim. 1, “Biodh foirm bhriathar fhollain agad”; Tit. 2,


L. 168


“Labhairsi, mur as cneasda, teagasg maith.” Oir dlighthear do
theagasg na heagluisi bheith ag coimhtheacht le teagasg De
agus na n-absdol, agus, mur sin, ni hamharas gur naomhtha na teagaisg
iad sin uile.



F. Cait a bhfaghair naomhthacht mhiorbhuile agus bheathadh
do bheith san eagluis?



C. Dogheibhim san mbiobla, mur as ler ag Marc. 16, ag radh,
“Leanfaid na comharrthaigh si an lucht do chreideas: sgriosfaid
deamhuin im ainm-si, laibheoruid i tteangthuibh nuadha, togfuid
nathrach neimhe, cuirfid lamha ar laguibh agus slaineoghthar iad.”
Achd do fioruigheadh go minic an gheallamhuin si, mur as ler a
bhfeartuibh na naomh, Act. 5, “Le lamhuibh na n-absdol do
nithidhe sighnte agus gniomha uathbhasacha san tuaith”; Matt.
5, “Soillsigheadh amhluidh bhar solas a bhfiadhnuise na ndaoine
dochum go bhfaicfid bhar ndaghoibre agus go nglorfuid bhar
nAthar ata ar neamh”; 1 Cor. 3, “Ata teampoll De naomhtha,
sibhse é.”



F. Cionnas dearbhthar eagluis De bheith catoilice?



C. Ionann catolice le a radh agus coitcheann. Ata, iomorro,
an eagluis catoilice o choitchine a haite agus a haimsire, oir o bheith
marthannach dhi gan bathadh gan dul sios ar fad o a tus go
direadh dhomhain, amhuil do dhearbhamair thuas leis an
mbiobla, Dan. 2, agus Matt. 16, agus o a beith ann gach ait, mur
deir an biobla, psal. 11, “Righeoghadh o mhuir go muir agus o
shruth go tearmannuibh na cruinne talmhuidhe; Biaidh uile
chineadh ag deanamh seirbhise dhi;” Rom. 10, “Nach gcualadair?
Agus go ndeachadh a soin feadh na talmhan go leir agus a
mbriathra go dire an chruinne thalmhuidhe.” Mur sin, ata si
catoilice, .i. coitcheann.



F. Cionnas dearbhthar a beith absdolta?



C. Ata, gurab e Criosd agus na habsdoil a fundoiri, agus gur
ghreamadh riamh teagasg agus lorg na n-absdol, mur adeir Pol,
Ephes. 2, “Sibhse caithreoiri na naomh agus muinntir thighe
De, togtha ar fundamuint na n-absdol agus na bhfadh san bpriomhchloich
chuinneach Iosa Criosd”; Apoc. 21, “Ag balla
na cathrach ata dha fhundamuint, agus as ionntasin ata dha ainm
dheug an da absdol deug agus an Uain”; Gall. 1, “Gibe theagosgfadh
dhibh aoinní leath 'muigh da bhfuaramhar, biodh se coinealbhaidhte”;


L. 169


1 Cor. 3, “Mur fhear eagnaidhthe dheunta foirgnidh
do chuirios fundamuint le a ccongthar an teagasg rofrithe o
na habsdoluibh.”



AN 12 CAIB.



CREUD DO NA CRUINIGHTHIBH AS EAGLAIS DO
CHRIOSD?



F. Creud an eaglais as eaglais choir ann?



C. An Eagluis Romhanach amhain, oir as i fein amhain ata
aonda, naomhtha, catoilice, absdolta, .i. as uirre amhain geibhthear
na comharrthaidh reumhraidhte ud thuas eagluise fire De.



F. Cuir sin a gceill damh.



C. Dochitear go follas a gcorp mhisdidhthe na hEagluisi
Romhanaigh na comharrthaidh reumhraidthe nach ler a
n-aoineaglais oile. Ar ttus, an aondacht: oir ata 'na haonchorp
sofhaicse faoi aoincheann sofhaicsi, an t-ardphasduir. Ata
aonanm agus aonsbioraid mhisdidhthe inte, .i. aoinchreideamh,
aoinchre, aonairteagail, aoinbhiobla, aonghluais, aoinmhiniughadh,
aoinchiall, aonmhodh, aoinbheus, aointeacht le
cheile, aonchoitchinne aimsire agus aite, aonuaim, aoinriaghlughadh,
aoiniachtaranacht, aonordughadh, aoincheangal, aonchoimhtheacht,
aonchaoirigh, aonuain, aonaodhaireadha,
aonsmachtughadh, aonfhoirm, aoinreacht, aoinbhreathamh a
cconsboidibh chreidimh, aointeagasg; agus ni fathar an aondacht
mharthannach so a n-aonchruinniughadh ar bioth oile o Chriosd
anuas gus aniodh acht inntesi amhain. Feuchdar a n-abruim
agus dogheubhthair go sofhaicse e ar fad 'na fhirinne fhollais.



F. Cionnas ata an Eagluis Romhanach so amhain
naomhtha?



C. Tre naomhthacht a teagaisg, nar leig riamh fos
eithriceacht asdeach uirre no droightheagasg ar bioth, acht
go mbi ag fuagradh agus ag comhmholamh na ndeaghoibre
agus ag deanamh reachta maith a n-aghaidh ainmhian na codla
agus uile pheacadh; nach fuagrann aoinni miodhaitheamhuil do
dheunamh, aoinni tiaranta, colach, na druiseamhuil; nach ail


L. 170


le briseadh moide dha ttugthar do Dhia; go n-abuir si lena
clainn bheith choidhche deaghmhuinnte foirbhthe subhailceach,
daingean i cCriosd agus congmhalach ar a dhligheadh agus ar a
deaghsdaid fein go bas. As so geintear naomhthacht a togbhala isna
creidmheachuibh, ina cleir shaoghalta agus riaghalta, i tteampluibh,
a cclaustruibh, agus a gcoimhthionoluibh maighdean agus ban riaghalta
feadh an domhain. As so o thus gus aniodh thig go bhfaghthar
innte ann gach aoincheud bliadhain iomad do dhaoinibh oirdhearca
dearsgaidhthe diadha craibhtheacha naomhtha, mur
ataid na habsdoil, na mairtioraigh, na naoimheasbuig, na confeasuiri,
na naomhmhaighdiona, na milte Basil, Ambros, Augusdin, Mairtin,
Gregoir, Padruig, Froinsias, Doimnic, agusr., as
deacair d'aireamh. Cait a ndeuntar miorbhuile laitheamhuil acht
innte? Cait a bhfaghthar a samhuil a vigil, a ttrosgadh, a
sgiursail, a gcruadhtan beathadh, a mbochtacht absdolta, a
moidibh riaghalta? Ni so docithear le suilibh agus nach eidir le
aoinneach ceillidhe do sheunadh.



F. Taisbein go bhfuil si so aosbhar a gcreidimh.



C. Eisd le Pol, Rom.1, “Pol absdol dochum an mheud ata
san Roimh, dh'aos ghraidh De gairthe naomhtha, grasa dhibhsi
agus sith”; agus 'na dhiaidh so adeir, “Ata bhar ccreideamh dha
aithris feadh an domhain go leir.” As so as dearbhtha gur
thosaidh an Eaglais Romhanach le linn na n-absdol, agus fos
gur ghlac si creideamh soil ttanag Pol don Roimh, agus, cheana,
go raibhe creideamh Chriosd on Roimh da luadh feadh an
domhuin a mbeoluibh chaich, mur adeir Dabhid, psalm. 8,
“Dochuaidh a bhfuaim-siod feadh na talmhan uile.” Deir fos
Pol liu san ionad cheadna, “Ata bhar n-umhlacht fuagartha san
uile ait.” As leur as so gur thosaidh eaglais na Romha a n-aimsir
na n-absdol; o sin amach ni faghthar gur sgriosa i gus aniodh,
na san mbiobla, no a n-aonughdar da ndlighthear geille ar bioth.
Acht ma deir tusa go ndeachadh si ambadhtha, ainmnigh an
bhliadhain agus an ait. Cia an bhliadhuin? cia an t-ionad? cia
an t-impir? cia an ri? cia an prionnsa? cia an papa
no an t-easbog, an rod, an chonsboid, an t-inghreamadh le a
linn 'na ttainig claochlo uirre go leir? As eidir linne an uile
eithriceacht, a hait, a hughdar, agusr. dh'aithris go glan. Ni heidir
libhsi a radh linne ca huair no cia le a linn a ndeacha an


L. 171


Eagluis Romhanach riamh ar seachran, mur ata si marthannach
agus ar bun o thus gus aniodh.



F. Creud ma n-abrair í so amhain bheith absdolta catoilice?



C. Oir ba iad na habsdol a fundoiri lear togbhadh i ar ttus,
mur dhearbhas Pol san ait remhraidhte, agus Peadar, 1 Epist. cap.
5, mur a n-abair, do reir thuigsi Hieronym., Tertulian., agus
aithreach oile, gur san Roimh do sgriobh-sad í. An creideamh fos ata
innte, as e bhi o thus ag na habsdoluibh agus do an ar bun go
coitcheann ann gach ionad agus ann gach aimsir gan mhalartughadh
gan chlaochlo diaidh a ndiaidh gus aniodh ar lorg a cheile. Agus,
dar go deimhin, gibe chreideas a ccontrardha so, ni hiad briathra
De no an bhiobla ghlain as riaghail da chreideamh, mur dubhramar
cheana. Oir ni abair an biobla amhluidh, no aonurradh,
no aonughdaras nach breugach. Ar na hadhbhruibh se, a
dhuine bhoicht bhaoith, admhaidh bheith claoidhte. Cuir do
mher id bheul. Admhuidh an fhirinne agus, fa dheoidh, an
creideamh coir. Tar leamso go tteach De. Treig an dorchacht
ina bhfuilir soil tteir san dorchacht shuthain mur a mbiaidh
caoi, gul, agus bualadh fiacal tre shaoghal na saoghal.



Go ccongbha an Coimdhe i slainte anma agus chuirp gach aon
da leighfe an dioghlaim si agus ghuidhfeas go duthrachtach ar
an ti ro thonsgain í. Amen.


L. 172


SORUID O DHITHREABHACH RUAMA GO CLAR COINN.

A leabhrain riogha on Roimh,
ata libh leigheann lanchoir
go hInis bhfodghlain na bhFionn,
bhus milis dh'oghaibh Eirionn.



Iul chredimh Calphruin chroidhe,
dioghluim ghlan cnuasach Chriosdoidhe,
dh'iarsma shluaghaidh Ghulban Ghuirt,
as cluanaibh ughdar n-ordhuirc.



Teagasg Chriosd, na suadh 's na sean,
ciall na bponc dar coir creideamh,
modh na gcliar bhfallsa do chlaoi,
's dol le annsachd dar n-airdthir.



Ag snadhma caidreamh san gcrich,
ag toirmeasg uilc is fhairbhrigh,
Ag triall chaguidh gebe bheas,
ni habaidh a iath gan t'oideas.



Meic eagluise gi iad ann,
tarbhach don lucht ros-leigheann,
a n-ord ghaisgidh gibe bheas,
bhar bhfaicsin ni he aimhleas.



Le clainn Mhile Bhanbha bhain
Ar ttús labhair, a leabhrain,
na bi t'oilcheas, toill a ttoil,
oircheas roinn in rioghroidh.



Ar neach do shliocht Ghaoidhil Ghlais
na ceil gach iul da bhfuarais,
no ar sheanGhallaibh fhoid na bhFionn,
lér cheangladair oig Eirionn.


L. 173


Tabhair fos dh'eicsibh umhla,
don aos eagnaidh ealudhna;
connailbhe as dú leis in ndreim,
thú ar a ccomairge cuireim.



Meic ollamhuin Insi Fhail,
beid romhuibh lan do luthghair,
dod choimhreic o bheol go bel,
budh oirdheirc t'eol san oilen.



Na cuireadh sibh suas do neach,
leathtrom na hiarr ar einneach;
An fonn ar gach taobh tiomchuil,
ronn le gach aon d'Eirionnchuibh.



Ar nGaoidhil, ar bhFionnghoill féin,
beannocht tre dhioghrais dhoibhsein,
beir mo bheannacht go bhFein bhFail,
beannocht Dé libh, a leabhrain.



FINIT.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services