Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall Mac Ciaigh, Easpog Dúin

Title
Domhnall Mac Ciaigh, Easpog Dúin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Morris, H.
Composition Date
1673
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1914)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Domhnall MacCiaigh, Easpog Dúin,
As cneasghuin chumhaidh do'n chléir,
Trug ar chách claochlódh dá n-uaill,
Ní tráth suain do naomhchléir Néill



Ní goin nar ísligh a n-uaill
A bhfuil 'san chrích-si do'n chléir;
Mór dá mbladh ó'n chléir dochóidh chuaidh,
Ní léir um nóin gal san ngréin.



An arus Dhroma fá dhíon
Gé bráighe sonna, budh saor,
Mo thruaighe a ngeibheann mar ghiall
Guaire cliar Eirenn gan aon.



Breitheamh cara críche Néill,
Pátraig an tíre-se thuaigh,
Croidhe gan chuma le cnáimh,
Urradh cháigh uill san uaigh.



Scótus re sgaoileadh na sgél,
Saorfhear a ccoraidh nar chlaon,
Tobar ba gile ná'n ghrian,
Croidhe fial gan obadh d'aon.



Luibh léighis da ndearnadh dóigh,
Ar n-eangnamh, ar n-eite lúith,
Orra ba cian forfhaire cháigh,
Fáidh Droma, diadhaire Dúin.



Sreabh as fíorghlaine ná fíon,
Gá fer as líonmhaire luagh?
Cruithneacht gan chogal na chraobh,
Tobar saor sruithbhleacht na suadh.



Cosamhail gur gabhadh ar ngeall
Tré arsain achaidh na bhfiann;
Easbog le cabhair na cclann,
Crann toraidh, in fleasc bog fial.



Mór dochuaidh síosain dár séan
Tré Ghuaire dróin na ndruadh,
Táinig d'oidheadh chinn na ccliar
Sinn gan riar osnadh monuar.



Dár neamhrath nár fhuiridh uainn,
An ruire dearbhtha-sa Dúin,
Loinear is dubhadh na dheóigh,
Coinneall eóil Uladh 'san úir.



Ceannaidhe féile na bhfann
Gár cuireadh cré ós a chinn,
Easbog na ccliar is na cceall,
Nír mheall riar an fleasc beo binn.



Créd acht díogail a dhreach dhearg,
'Sa chneas líoghlán mar a ládhg,
Trug easgar ar feadh na n-órd,
Fear ar lorg na n-easpal n-árd.



Gion go bhfuair ó'n éag sin íocht -
Rella gan cruas acht re ceart -
Fóghnaidh dhó gé taoi na thocht,
Bó na mbocht trá luigh fan leacht.



Re linn an Domhnaill seo Dúin
A bhfoghluim san chill dochóidh,
Nír bheag áil don bhéim do bhuain
Buaidh ag cléir Pheadair is Phóil.



An easga nua lán gach laoi,
Monuar go ráinig a ré;
Dítin m'óige ndoirchioda í,
Tar ní oile as oilbhéim é.



An-uaigh Dhomhnaill gá ttám ris,
An fhoghluim nar ghann faoi gheis;
Mór ttarbha dhuinn ré ais
Tarla glais an léighinn leis.



Iomdha dream gan aithne ar fhios,
Go teann gach laithe as a los;
Do lucht saobh-chiall nach mór meas
Ceas ar ghlór naomhchliar anos.



Forgla ar sgél amhlaidh do fhast
Ón té sé tarla na thost;
Caidhe an t-aonfhear nó in fáidh feas
Re sgaoileadh cheist cháigh do chosg?



d'éis in deighfhir úlmhair úd
Cia stiúras na neithe doniad?
Beag sanntrian toirin do'n tréad
Cliar ar n-ég gan oighir iad.



Ré íulmhar clainne Mec Ciaigh,
Stiúireadh a luinge go léir,
Tug and áil doirche na ndeóigh -
A lán beóil choidhche do chléir.



An eaglais dob' fhoirfe as daoir,
An eagna choidhche do cheil:
Uili a ttarbha in uaigh in fhir -
Buaidh sin tarla ar in teibh.



Tar droing d'achaidh fhionnbhan Ir
A mbladh iomlán 'san uaigh;
Daor an díle sí na ndeóigh,
Craobh eóil na tíre-si thuaidh.



A Dhé nimhe créd an choir
Do loigh ar an déidgheal diul,
Tar múr dé na ttrillseadh ccuirr,
No an é coir na sinnsear sin?



Nach lór mar fhiadhain don fhior -
Gé mór a ndiamhair ag dul -
Foghail na nél as neamh,
Freamha feadh ag bloghadh na mbun.



Cidh nach sgailtenn lár na líog
Fán ghlaic sheing nár ghnáth grúg;
Gan díon maighre ar muir dá mhéd
Créd nár mhuidh na h-aibhne úd.



Fachain gola ag inghean óig
Anos fá imlibh an fháidh;
Tig na tonna tarsna tríd
Fa lig Droma an tan-sa táid.



Trí fithche, tra sa trí dég,
Míle is sé chéd re coimhéad,
Cuan Dé do chur 'san chrann
Go cré do dhol ar Dhomhnall.



Oighre Dé do dhoirt a fhuil,
Do chésadh 'san chroich gan choir,
Laithe an Luain díol nar dlígh
Do dhíon an fhir na fuair oil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services