Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Gaelic Reaction to Robert Emmet's Rebellion

Title
A Gaelic Reaction to Robert Emmet's Rebellion
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1822
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1992)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Iar mbeith dho 'na chómhnuighe a mboith bheag
dhearóil mhóirdheatuicc agus a ndrochfheirm
thalmhann an tan sin noch do bhí ro dhaor air,
a bparróiste Dhúna Builg no Charruige na bhFear
a n-aice Chorcuíghe isin mbliadhain 1822. Do
bhíodh ár n-ainmneacha air na dóirsibh an
bhliadhain sin.


L. 45


B 1790c 18D
U 0201

The French Revolution etc
Ollamh Eigin, an Revolution
By an uncertain Authur sic



Ta na Francaigh sa namsa cuir céim air ccúl
'S ní bhiodhionn prionnsa os a ccionn acht riaghail ghlan úr
Béidh Germanaidh agus Flanders san réim sin futhaibh
'S ta me namhras go mbeidh Albain is Eire sa dlumh.



Ní bhionn Laoíghseach no rígh eile o'n aimsir so súas
An sna críochaibh cur daoirse ar gach deigh-mhac go búan
Béidh na daoine lán críonacht gan gheibh-ionn gan ghúais
Is toil shaor ag clanna Mhilidh le séan go Lá an Lúain.



Cuimhnidh an coingíol thug Goill diobh a Luimneach mo chian
Rinneamh feall oraibh gan dearmad o aimsir rígh Uillíam
Dfag bhur cclann bhocht a nanbhruid gan seílbh acht a bpían
Mur beidiomh dall a rioth fa gheall le na cheannaire gan srían.



Ni ó dhuthchas fúair Luter no áon neach do phór
A bhfuil de chuirtionnadh úrgheal o Luim-neach go Bóinn
Tiucfaidh sgursa air na bhúirse le Gaodh-alaibh a ngleódh
'S ní bhionn dúithche no dún occa nEirinn níos mó.



Ta cóige Mumhan a cinseach a ccabhlach le stúaim
'S gach fear clúiteach go súgach aig Laigh-nidh na mbúad
Béidh clanna Rúghraidh tréan luathmhur aig cosnamh na sluadh
Is íad ag rúsgadh sliocht Lúter snar thigid siad úaibh.


L. 51


B 1803 19T
U 0463

IRISH TEXT



1 A charaid ionnmhuin,
As mór an
tIongna leam tusa na do dhuine muintear-
tha do bheith coimh dithinseach sin le S an
Chrabh et a dhearbh agad é bheith ar laimh
shabhálta. Dar ndoth ni cumharsaídhe
faltanais eadrain me dá chongbhail tamal beg
eile. Ataid 207 pagina sgriobhtha agam de
annois et ta suil ag<am> go mbiaidh se
críochnaighthea agam faoi cheann beagain
aimsire. Ata ar mh'aigne comaine do chur ar
an sean leabhar.



2 Ni fheachas M. Ó. Caoibh le 2 mhí.
Do gheabhaig se uaime do bheith nocht mar
ata.

3 As e mo mheas fein et meas ur-mhor gach aon
Go mbiaid faolchuin an Bhearla go faon ar a moin etc.




4 As fuilteach uathbhásach na sgealta
thainig gus an gcaithir-si a naé o Áth-cliath
.i. gur eirigh na daoine san gcaithirsin
trathnona dia satrain si dimthig thorain go
raibh an uimhir ós cionn 3 mhile gur
ritheadar asteach go tig an mheara, caogad
diobh armtha re picibh, et gur rugadar leo
gach gne airm teine da raibh san tig, gur
marbhadh no fos gur raobadar na
mblodhaibh beaga Tighearna Kilwarden
... a dhalta ar na dteacht asteach gus an
gcaithirsin. Do marbhadh mar an gceadna
an caithmhile .i. ...eut. Col. Brown. Do
chuir an Chomhairle Phriomhaideach
froigra amac ag tairisgin 1000£ ar
thogbhail an lucht do mhairbh iad. Do
thogbhadh ós cionn cead fear do na
meirlig. Ata an chaithir sin o shin fó dhlíghe
an airm et as dobronach an suidhe ar a
bhfuilid na catharmhaigh beag nach
cosamhail re suidhe Phairíse an allod. Do
marbhadh, ceadna, 13 d'fhearaibh an R. et
a deirthear gur marbhadh uimhir mhor
dona meirleacaibh, et gur eargabhadh a
gceann treortha dá ngoirtear Mac Cabe. Ata
raighte go bhfuilid 19 gcotae d'Eirinn an-
nois suas et uime sin as baoghal luam gur ab
an-shogh na sgelta thiocfas da thaoibh.
Ataid militia Chorcaidhe a marsail aniu go
Contae Atha na Ceire.



5 Do choimhtionol mhathaibh na
Contae si a gcuirt Chorcaídhe a 25 la don
mhisi do chum an uimhir fear son d'iaras an
t-Seanaid, do chur faoi arm gain moil, et
tangadar ar an gcomhairlesin, et fos ar
chomhairle eile .i. teagbhail re a cheile aris
an 5mhadh la d'August san ait cheadna,
chum gach aoin fear ó aois a 15 go haois


L. 52


3 dochaid do ghairm amach a cosnamh na
criche etc etc. D'eis na comhdhalasoin
biaidh ni bhus mo feasa aguin.



6 As dearbh gach nidh thuas do reir
gach tuairisg da rangadh sin agus as
dea mar an gceadna go bhfuilid
Sagsanaig a mbaogal et na ceilid cuid diobh
féin sin, et ... go bhfuilid na luchaig
mhora et a gceann treortha lan d'fonn lan
do dhochas, et ... ollamh, chum forbais
Breatan do dheanamh; Ata anois aco 8000
do bhadaibh ... n-uimhir gaisgioch
chum na criche sin et gach nidh eile da reir.
Ni ... ar Albain mar a dubhradh, ach ata
Hanover ina seilbh et iad na ... la de
mhi si - . Guidhim tu sgeala do chur
chuga... an suidhe ar a mbiaidh, annsin
an rann shiar do Tháin Eibhir ... na
muinteardhas an iaraig S an Chrabaidh oram
anois ....



7 A gCorca an 28 la
d'Iuil, 1803.



8 Nior chuiris chugam na duil...
Chronicum Scotoram mar....



9 An moimead do chriocnios an
sgriobh<a>n so do m... militia Chor-
caidhe amach .i. ar 12 a chlog a ni....



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services