Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh

Title
Amhráin Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh
Author(s)
Mac Cárthaigh, Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1670
Publisher
(Corcaigh: Ivernian Society, 1916)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



III. - DFHEARTAIBH AN GHRÁSAIGH.



Dfheartaibh an Ghrásaigh thárla san gcrois
A Bhanba is geárr go bhfághairse fóirthin
'S don Charrathfhuil áird ba dhána i ngleó do chur
Chun gaisce gur fáisceadh árdfhlaith óigleinibh.



Óigleanabh cé ráidhtear ris
Biaidh n-a thriath d'úrfhuil Éibhir
Le laochus ag cur a chlú
Is niamh sheirce n-a ghlanchrú.



Crú neartmhar na gCarrathach n-a ghrúis gan bhéim
Is crú fheardha Ghearaltach na dtrúpgcath dtréan
Crú sheasaimh gan dearmad an Diúic Buitléar
Is crú chalma fhir Bhunraite nár umhluigh d'aon.



Aoinneach de shíol Ghaedhil Ghlais
Ní bhfuil i nÉirinn fhódghlais
Is fearr do foilceadh 'ná thu
I bhfolaibh uaisle a Dhonnchadh.


L. 5


Trí Dhonnchadh is follus dam ór fáisceadh thú
Is díobh Donnchadh dob oirdhearc in' árdfhlaith Mumhan
Is díobh Donnchadh, mac Cormaic Mheic Cárrthaigh an Chúil
'S is díobh Donnchadh ón bhForgus den Tálfhuil úir.



Úr fá eachaibh is fá fhíon
Ba ghnáth do shinsir a mhacaoimh
Úr fá ór gan suim i gcrodh
A ghríobh de phór na gCormac.



Cormac an borbfhear san Clár ba rí
Is Cormac mac Cormuic dob ádhbharach gníomh
Cormac agar scothadh a lámh sa luing,
Is gach Cormac acasan dob áluinn gnaoi.



Gnaoi ghartha badh díol seirce
Lámh dhíoghuilt ar gcoimeirce
Nach léigfe a dhúthchas do dhul
Óna chúl chas fhionn gan fuascladh.



Fuascladh Banba tharraing duit Fíthcheall fáidh
Is ruagairt danar ó fhearannaibh críche Fáil
Buanacht cheannais ó Eamhain go Baoi na mbárc
Is tuatha Chaisil ort d'aiseag le cíos an Chláir.



Clár na Mumhan gan daoirse
Is dlighe dhuitse, a mhic Eilíse,
Fada dúil an ghrianchláir ghlinn,
Laoidh gan fiarán fá t'ainim.



T'ainmse shíor tá i bhfighir 's i bfháistine
Is Caiseal na Ríogh fát chíos go háthasach
An Sainghealchath daor do ghníomh do lámh do chur
'S do ghradam an ríogh go finnlic Fáil do dhul.


L. 6


Dul ar fad go finnlic Fáil
Badh cuibhe d'oighre Cheallacháin
Tríochad ríogh mun fhréimh don lic
Go dtídh a Dhe, dot fheartaibh.
Dfheartaibh, etc..


L. 59


B 1687c 17D
IV. - CÉAD BUIDHE LE DIA
Céad buidhe le Dia i ndiaidh gach anfhaithe
'S gach persecution chughainn dar bagradh,
Rí gléigeal Séamus ag aifreann
I Whitehall is gárda sagart air.



Sin iad Gaedhil go léir i n-armaibh,
Gunnaí is púdar púirt is bailte aca;
Na Presbytérians féach gur treascradh,
Is braim an diabhail i ndiaidh na bhFanaticks.



Cá ngabhann Seón, níl cóta dearg air,
Ná "Who is there?" le taobh an gheata aige,
Ag iarraidh slighe dá laighead go sparainneach
Mo chur fé chíos istoidhche i n-acharann?



Cá ngabhann Ralph 's a ghárda mhalluighthe
Printísigh dhiablaidhe na cathrach,
Do stiall, gach aontaobh, séipéil bheannuighthe
Ag díbirt cléire Dé 's a n-argain?


L. 60


You popish rogue ní leómhthaid labhairt linn,
Acht Cromwellian dog is focal faire againn,
Nó "Cia súd ann?" go teann gan eagla,
"Mise Tadhg," cé tinn an t-agallamh.



Ag dúbailt gárda thánag eadraibh,
Brostuigh im dhiaidhse Cian is Maoilsheachlainn;
Sin é Diarmaid siar is arm air,
Is bainfidh sé braim a cladhaire fanatick.



Bodaigh an cháise táid go hatuirseach,
Ag filleadh ar a chéird gach spéice smeartha aca,
Gan ghunna gan chlaidheamh gan pínse chleachtadar,
d'imthigh a mbrígh is tá an croidhe dá ghreadadh aca.



Do fríth an uain, monuar ba dheacair soin,
Ar an ndruing gan iocht do scrios is d'argain
Clanna Gaedheal a hÉirinn airgthe,
'S lena meastar gurab oighreacht deimhin dá gclannaibh sin.



Tug a n-éitheach, bréag a mbaramhail;
Ní bheidh an fód so Fódla ag fanaticks;
I n-imirt na lann fuil chreabhair níor chailleadar,
'S a gceart ar Éirinn féach ar baillichrith.



Fearta Mhic Dé nach éascaidh dfhearadar
Le linn tSéamuis, réalta ós flaitheasaibh;
Anuiridh dá leadhbadh Tadhg ag fanatick,
Eisean i mbliadhna ag stialladh an phlaice aige.



Idir thuaith is chléir gach aon den aicme sin
N-a ndéithibh fallsa, dream an mhearbhaill
Lán de phuimp de shíoda is d'airgead,
'S gan aca go deimhin ar Thadhg meas madra.


L. 61


Och mo léansa d'éis a bhfeacamair,
d'éis léirscrios na nGaedheal 's a mbeathadh aca,
d'éis gan chúis gan chionnta ar chreachadar
Lucht an chuim an fhill 's an anachirt.



D'éis na líne linn gur ghearradar,
d'éis ar mhíltibh dhínn gur fhealladar,
d'éis go ruaidhteach Tuadhmhan gur chartadar
Ár n-uaisle gan chuallacht gan airgead.



A n-airm le chéile d'éis gur leagadar,
'S i nOiléan Spíc na mílte i gcarcair ann,
Uireasbha bídh is dighe agus leabtha ortha,
Ag feitheamh le triall go hiath nach feadadar.



D'éis transplant 's gach feall dar cheapadar,
d'éis transpórte na seól tar fairrge,
'S go hiath Jemeco a mhéid do scaipeadar,
Don Fhraingc, don Spáinn 's gach áit i ndeachadar.



D'éis an mhéid nár ghéill dá n-aitheantaibh
Go raibh a gcroidhe 's a gcinn ar spara aca,
'S an mhéid dá bpór ba chródha a n-aigne,
Gur cuireadh chun báis go gránda an ghasra.



D'éis ar chroch an Plot dár n-eagluis,
Is d'éis gur éag na céadtha i nglasaibh leis,
'S a raibh go doimhinn i seidhil gach baile aca,
'S a raibh san Túr i Londoin ceangailte.



D'éis Tytus Oates fuair ór is airgead,
Nár stán ón éitheach, céim bocht damanta;
d'éis an Phríomháidh, is díoghbháil fhada soin,
dfhulaing gan chóir Mac Móire dhearbhadh air.


L. 62


'S an tEaspog Craobhach dá dhaoradh i n-anacheart
Gur thuit an chúirt, dar liom is fearta soin,
Do thug sómpla dhóibh go heaglach,
Do chuir n-a dtocht informers mhalluighthe.



D'éis gach méara chéirde cheachartha
Gan beann ar cheart acht neart is ainbhreath,
Gan focal sa dlighe, 's ná scríobhfadh a ainm dhuit,
Adubhairt Teigues and Diarmuids riamh go tarcuisneach.



Is iomdha Diarmaid ciallmhar ceannusach,
Is iomhdha Tadhg badh meidhreach meanmnach,
I gcrích Éibhir ba thréan san mhachaire
Na gaill cé dfhuathuigh buan a n-ainm sin.



D'éis gach dúbailt úis ler tachtadh sinn
Gach Assizes dár leadhbadh i n-anabhroid,
Faoi theann ag ól nár leór gan bhreaba aca,
Is finné air súd díbh Muscraighe is Cairbrigh.



A cháirde an chroidhe, d'éis mílte chailleamhain,
Screadam go dian ar Dhia is na flaitheasaibh
Ag breith bhuidheachais gach laoi gan dearmad
Gur le linn an ríogh so mhaireamair.



Naoimh is fáidhe a lán do thairngir
Go bhfuigheadh Éire cabhair san am do ghealladar,
Dot fheartaibhse, a Chríost, le guidhe do bhanaltrann,
Tiocfaidh i gcrích gach nídh dár mheasadar.



Siné tháinig slán tar fairrge
An Talbóideach cródha calma,
Le comhachta an ríogh 's gach slighe n-a dtaitne leis,
Beidh gach nídh aige scaoilte is ceangailte.


L. 63


Ar mhfhocal gurab é seo an spréidh do thairngir
Pádraig Naomhtha, is léighid n-a bheathaidh sin,
D'adhanfadh thuaidh i dtuaisceart Bhanbhan
Is chuirfeas go dílinn soilse ar lasadh againn.



Fóirfidh Éire féach ó dheacairbhruid,
Mar do rin Tuathal Teachtmhar ceannusach,
Mar do rin Ceallachán leanbh breágh Chaisil Chuirc,
Is mar do rin Brian i ngliaidh Chluain Tarbh thoir,



Laoch mar Fhionn i dtúis na sparainne
Mar Gholl mac Mórna i ngleó le calmacht,
Nó mar Oscar ba churata i gcathaibh cnuic,
Tir Connell na lann mo bhall deargsa.



Léig slán, a Thighearna, an fhian so i n-armaibh,
Saerbhreathach éachtach an Carrathach,
Donnchadh an Chúil, tá dúthchas feardha ann,
'S a mbráthair Sir Seán an Gearaltach.



A óga de phórfhuil na Banbhan,
Atá gan bhréag de phréamhfhuil cheathrair,
Síol Éibhir is Éireamhóin acmhuinnigh,
De shliocht Íthe agus Ír ba feardha.



Is gach aon is Éireannach dearbhtha,
Is tá gan cheist den chreideamh Chatoilic,
d'éis gur scannradh fann bhur n-aithreacha,
Tá Dia buidheach dhen bhuidhean so mhaireann ann.



Le heagla Dé bídh déarcach carthannach,
Is gan dearmad déinidh réir na n-aitheanta,
Seachnaidh póit is móide is eascaine,
Is "god dam" go héag dbhur m'béal ná labharaidh.


L. 64


Guidhidh le Séamus, réiltean bheannuighthe,
Thug soilse ar gach taoibh den fhairrge;
Guidhidh arís sliocht dílis feardha air
Do dhéana díon don chríchsi is tearmonn.



d'éis bhur ríogh chirt guidhidh gan mearbhall
Tir Connell go buan 's an ruaig ar dhanaraibh;
An té ghlan Fódla ó cheó is ó scamallaibh
A shláinte i ndíograis díogaidh eadraibh.



Ólaidh sláinte mhná nach ceachartha
Caitiríona is dar linn ní peacadh soin;
Barr na foidhne is deimhin gurab aicse
Thar gach banríoghain, deallruighid eagluis.



Ólaidh sláinte Mháire an mhallaruisc
Ó Mhódéna, craobh den fhailm ghluin;
Siúr an Phápa an chráibhtheach almsach,
Banríoghain diadha chiallmhar charthannach.



Sláinte an Phápa, a ghrádh, ná seachnaidh
Bheith dhá hól gan phóit go measardha;
Is gibé Whig ar bith do chasfa libh
Kick nó dhó n-a thóin go mbrama soin.



Déinidh ringce, is bídh go meanmnach,
Is teinte cnámh ó shráid go falla agaibh;
Nídh nár síleadh tríd gach spara libh,
Ringce an chlaidhimh is ringce an ghadraigh.


L. 65


Ceangal.
A ghallbhuidhean ler meabhruigheadh ár gcrochadh gan chóir
'S tug clann Mhíleadh fannbhríoghach gan chothrom gan stór
Do reamhruigheadh le teann bídh i bhflocus le póit
Bramfuidhe ag Mac Amhlaoibh i gCorcaigh san phórt.


L. 122


B 1681c 17D
V. - NA GAIBHNE CROCHA.
Na gaibhne crocha crosaim iad acht dís;
Is fadhbach fochmach loiscid iarann righin;
Nuair leighsid soc is gothach gliadrach bhíd,
Is feidhre spor do lot ar Dhiarmaid Bhuidhe.



Ní fheadar cá bhfaghainn na gaibhne saoitheamhla
Ó scaras le radharc na ngaibhne bhí im dhúthaigh
Ba rabairneach radhairseach treaghnach trínsiúrach,
'S níor bh'urchar daill fá aill dam tigheacht chughtha.



Ag dorus a gceardchan ba ghnáth go bhfachtaoi nídh:
Conairt is cnámha, báird is dailtíní,
Solus ar clár ag bráithre na n-aibídí,
Deocha gabhála 's a bhfagháil ó dheaghmhnaoi thighe.


L. 186


B 1689c 17D
AMHRÁIN.
Dhiarmada, Mac Sheáin Bhuidhe, Mhac Cárrthaigh.



VI. - ATÁID CÚRSAOI AG TEACHT.
Atáid cúrsaoi ag teacht nach feasach d'aonduine
'S ní hionntaoibh feasta bearta an tsaoghail chlis,
'S an Cúrí leanadh ceart na cléire uile
N-a thrúp ní gabhthar marcach Éireannach.


L. 188


B 1690c 17D
VII. - CLADHAIRE IASACHTA.
Cladhaire iasachta stiallas a bhéarsaí is dóigh
Chuir leaghadh Dia orainn i mbliadhna le téarmaíbh sceóil;
I n-aghaidh phianbhroide Diarmada i ngéarscíos bróin
Is Tadhg stiallfas an giall age Whaley fós.



U Conchubhar Ó Briain
BONNLÁSA Ó "CHARN TIGHEARNAIGH."



A lannsa Thaidhg má's deimhin go mairirse,
Beir anall, tá an samhradh ag gairm ort;
Déin ar th'aghaidh is aghaidh do thapa leat,
Is ceartuigh an chiach so ar Dhiarmaid ghreannamhar.



Féach an cás n-a dtárla Banba,
Ar díth shuain n-a cír thuathail airgthe;
Síol Éireann gan aonchion beathadh aca;
Díol truaighe is druim ruaigthe ar an eaglais.



Ní bhfuil easpog árd ná bráthair beannuighthe
Gárdian ná bhárdian ná airchinneach
Deagánach ná biocáire acmhuingeach
Ag stiúrughadh an tréada i mbéal na gallachon.



Mallacht Dé don té fa ndeara soin,
Mallacht na naomh is na n-aingeal dó,


L. 189


Mallacht an Phápa agus na heagailse
'S mo mhallacht féin ó phéic an Chairn dó.



Whaley fallsa cangcrach cealgach,
Fadhrcuidhe nách foidhnigheann an t-aifreann;
Isé do rin draomach damanta
Bréagach meabhlach meallta malluighthe.



Is leis do cáineadh bláth na Banba;
Isé do thionnscain spiúnadh na mainistreach
Isé nár fhág acht rásach fada againn
Mara mbíodh ord is guidhe agus aifrinn.



Ní bhfuil do shúil le cúiteach againne
Acht Tadhg na stiall do thriall tar fairrge;
Tá Diarmaid fá Dhia mar thaca againn
Go mbeidh a rian ar ghiall an allmhuraigh.



Is mun' dtí Taidhg ag leigheas ar ngalairne
Ag casadh ar gclú gan chúis do chailleamar
Maithim féin don tsaogal mhalartach
is gabhaim Dia mar liaigh ar m'atuirse.



Is truagh an cás n-a dtárla Banba i bpéin
I nguasacht bháis gan fagháil ar atharrach scéil
Acht ruathar námhad fá n-a ballaibh go léir
Is ruaig an ráis tar sáil ar eaglais Dé.



Leaghadh an chubhair ar a ndruim úd do choill ar nead
'S do chuir míchlú ar ndeaghdhúithche síos ar fad
Má's traotúireacht do thuill dúinne claidheamh is gad
Traotúir ar thraotúir ní hoighre ceart.


L. 190


B 1693c 17D
U Anaithnid
A phlúr na bhfear do theagaisc díodhacht san Róimh,
'S ag scrúdadh ceast nár bhfheas don dlighe do shórd,
Mo shúil níor lag le pallium díbh san ród
'S tu id phrionnsa flatha Caisil cíosa a Sheóin.



A fhir chúil na lag nár shearc le saoithibh eóil,
Ó d'iompuigh 'n bheart tá an tslat 's an deimheas id dhóid;
Do chlú do leath, ní'l leath do bhiodhbhadh beó,
'S don Mhumhain ar fad do theacht is buidheach an sceól.



Cé seóladh me le sruth tré ghangaid cháich,
I mbórd an ghrein do thuigeas seasamh tráth,
'S ón Róimh go dtiocfadh curadh flatha slán,
'S dar ndóith anois budh mise an sagart sámh.



Tórmach na hEorpa ó bhficeam cliar baedheach
'S na cómhachta soin Eóin ghil do bhuin dom liach glaodhach,
Is dóigh liom i n-óige go gcuirfe siad mé
'S n-a dhóidibh ag Domhnall is cluiche rianta é.


L. 191


B 1702c 18T
VIII. - AN MÉARA 'S AN MÉID SIN.
An méara 's an méid sin ag bagairt ar Eóin
'S ar léirscrios ár gcléire thar caladh gan chóir,
A Dhé dhil na daonnachta freagair mo ghlór,
Léirigh is claochluigh a ngradam 's a scóip.



A Éinmhic, a Naomhsprid is a Athair na gcómhacht,
Tá ag éisteacht le Gaedhlaibh dá n-argain fós,
An méin leat gan réidhteach ár nglasa go deó,
Ná spréidh bheag do léigean d'ár n-eaglais beó?



An é sin n-a shaothar do gheallais gan ghó,
Is do léigis gan bhréag leis an aingeal mar ghlór,
Chum naomhthachta an té sin mac Calphruinn mhóir
d'éis tréadhnais ar thaobh chnuic dot agallsa, a stóir?


L. 192


Féach ar gach céasadh gach creachadh gach dóghadh,
Féach ar gach éitheach dar ceapadh n-ár gcóir,
Féach ar ár dtréinfhir ar dtreascairt i ngleó,
Ár n-aoltuir le chéile is ár mbeatha ag an gcóip.



I n-éiric ár bpéine is ár scaipeadh as ár bhfód,
I n-éiric gach géibhinn gach scamaill gach ceóidh,
A phéarla dá ngéillid na haingil, gach órd,
Le braon beag det naomhthacht ár ndeacairne fóir.



Don chuaine chóir ón Róimh do thriall anoir
Is cruaidh an sceól soin damhsa a Dhia 's is guirt,
'S is fuar an dóthchus d'Fhódhla, i mbliadhna soin
Dá ngluaistear Eóin chum seóil a hiathaibh Luirc.



A thriall tar sáile atá le fóirneart Goill;
Tá cliar is dáimh is cách go brónach thríd;
A Dhia na ngrás, is a Áirdmhic mhóir na guidhe,
A hiathaibh Fáil beir slán leat Eóin tar tuinn.



Mo ghreadadh gan Eóin san Róimh go sámh n-a shuidhe,
I n-aice an fhir mhóir i gcóir go mb'fheárrde sinn,
I maise 's i n-óige i snódh 's i sláinte shíor
Ó mheathluigh ár ndóthchus mór a cách gach taoibh.



Muna dtaga i n-octóber scóip is sásta línn
Lé bhfaicfeamna brónach an chóip seo atá ar ár dtí,
'S go gcasfaid ár leóghain le fórsa láidir claidheamh,
Maithim go deó do ghlór na bhfáistinidhe.



Eóin do baisteadh ó's feasach a théacht tar tuinn
Ón Róimh in' easpog is maise do chléir ghuirt Floinn,
Fódhla in' easbhaidh gan taca mar é san chrích,
An fóghmhar ar lasadh 's gan aca lucht saothair puinn.



N-a chómhachta glacaidh gur teachtaire é go cruinn
Mar Eóin rug barra thar macaibh ba léigheanta ag mnaoi,
Nó ar shómpla Pheadair fuair paitinn ón mbéal soin Chríost,
Nó ar nós mhic Calphruinn do bheannuigh i nÉirinn sínn.


L. 193


An t-eólach cneasta do dheachtuigh do léigh 's do scríobh
Glór na n-aspol na n-aithreach is bhéil gach naoimh
Badh chóraide eatortha, i ngradam san chléir ghloin aoird,
Gur chródha a thaisteal ar talamh go léir 's ar tuinn.



Ó dheónuigh Athair na bhflaitheas tug spéir n-a suidhe
A dheóisius aige go fairsing gach taobh den Laoi,
Tá dóthchus agam a feartaibh gan traochadh an Trír
Sómpla Bharra go leanfaidh ba naomhtha cuing.



An ceó so scaipfidh thar eaglais Dé le guidhe
Is seólfaidh seachad na scamaill le tréimhse bhí,
'S is leór mar cheannus ag pearsain mar é go mbrígh
Go leómhthaidh labhairt gan eagla tréinmhic Goill.



Tógfaidh eascaine cheallaibh don mhéad do thuill,
Fóirfidh easbhaidh na sagart do ghéill don dlighe,
Dom dhóigh beid smachtuighthe an aicme do réabadh í,
Is mar lóchrann mairfidh a theagasc go téacht don díl.



Mórdhacht aigne i bpearsain 's i dtréithibh saoi,
'S tar órd na sagart gan chasadh le céill a chinn,
I gcló na leabhar gur theagaisc gan chéim san dlighe,
Tug dóibhsion d'fhaicsin i gceannus d'ár gcléir san tír.



Is dá mb' eól dam labhairt ar sheanchus éinneith puinn
Badh chóir a ghlacadh gach teastus do bhéarfainn díbh,
Pór a shleachta is ó mheamrum léightear línn
Nár shóisear sleachta don gasra léim tar tuinn.



An tsaoi léigheanta thréitheach is cumusach meabhair
I ndlighe Dé agus an tsaoghail do hoileadh gan cham,
I gcrích Éibhir a shéata ní miste dhom amhail,
'S ar dhíon Dé dho ó éitheach 's ó mhioscais na ngall.


L. 196


B 1703c 18T
IX. - CAOINFIDH MISE M'FHALARTHA.
Diarmaid mac Seáin Bhuidhe cct., ag caoineadh a eich darbh ainm an
Fhalartha Ghorm.



Caoinfidh mise m'Fhalartha,
Caoinfid caraid is comhursain,
Mar táim anois im iarsma
Gan rith gan rian gan fóghnamh.



Ar chailleas de chostus níor ghortuigh níor chéas me dian,
Níor creachadh níor lomadh me ag cogadh dhá thréine riamh
Gan capall mear socair chun brostuighthe i gcéin tar sliabh
An Fhalartha Ghorm gur sloigeadh i mbéalaibh fiach.



Chun aifrinn pobail lem chosaibh ní fhéadaim triall;
Níl feasta mo chloistin ag sochraid, féach gur pian;
Mar bharra ar gach donus dfhúig lochartha tréith me liath
An Fhalartha Ghorm gan chroiceann fá bhéalaibh fiach.



Ó ghealas im fholtaibh 's dom roscaibh nach léir an rian
'S mo theangadh gur stopadh gan toradh ar ar shaothruigh riamh,
Gach cara dhom fhurtacht mun' dtograid féin go fial
Is eagal do choiste na n-ollamh go n-aorfad iad.



Bhead eatortha ar cosaibh dom chosaibh má's éigin triall
Flatha gach pobuil, lucht cothuighthe béarla is cliar,
Fear capaill do bhronnadh dhon ollamh muna léir san iaith
Is mairg fuair fothragadh i scolaibh na héigse riamh.


L. 197


Bás na Falartha dhom shamhailse is pudhair go héag,
Mar táim go haindeis gan tapa ná lúth na ngéag,
An áiseach cneasta ar an bhfaithche ba lúbach léim,
'S ar lár a marcach ná feacathas fúithi i bhféith.



Bás na Falartha a laguigh mo chroidhe go duairc,
An áiseach cneasta don chathair ba shíleach cuaird,
d'fhág me feasta gan aiteas gan aoibhneas suadh,
Mar thárla marbh dá sracadh san díg ag cuain.



Ó d'éag an Fhalartha is aindeis mo chás anois,
Gan réidhteach capaill gan charaid do dháilfeadh dham;
Do laochraidh Bhanba is masla go bráth 's is guith,
A n-éigs do chleachtadh n-a mharcach mar tá n-a chois.



Éag na Falartha is barra ar gach pian dam soin,
'S me tréith n-a heasbaidh go haindeis ag triall am chois;
I gcéin ó bhaile do chailleas, mo chiach, na fir
Do-bhéarfadh airgead capall is iallait dam.



Tá an saoghal so anois am chur i dteannta shíor,
Gan réim gan rith is me go fann i n-aois;
Is baoghal don truip muna gcuirid m'amhailse buidheach
Gur géire me am chois ná ar ramhaireach groidhe.



U Anaithnid
X. - M'ATUIRSE IS DOILIGH LIOM.
Donnchadh Ó Murchadha an Phuisín cct., ag freagra ar Dhiarmaid.



M'atuirse is doiligh liom cloistin do phionóisse,
Gan charaid gan chothrom gan chostas gan dilchómhursain;
'S mar bharra ar gach donus d'éis cogaidh is tionóisce
An Fhalartha Ghorm dá stolladh le fionnógaibh.



Níor chleachtais ag sochraid doiligh ná ag tigh tórraimh
Ag aifreann pobail ag tobar ná i dtionólaibh
Gan capall mear socair go brostuightheach bonnógach
Dhot ghlacadh n-a bhfochair ag toghtha gach paróiste.


L. 198


A chara mo chogair 's a shoirbhfhir chineólta,
Ní fada go gcloisfir na gothanna thaitneómhaidh liot;
Seasaimh go foirtill is cothuigh go hindeónach,
Is mar chaithis an solus ná coigil an mionórdlach.



U Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárthaigh
FREAGRA DHIARMADA AR DHONNCHADH.
Cé cian me dubhach le cumha 's le heasbaidh daoine,
'S an phian so im ghlúin gur mhúch gur mhairbh m'intinn,
Badh tighearnas liom dar liom i measc na tíre
Dá bhfiadfainn siubhal ar lúth nó seasamh díreach.



Triath córach sleachta Eógain ó Mhuisire i gcéin,
'S an chliath leógan go Flóndras do imthigh dá éis,
An fhian leóinte atá leósan ag féitheamh gach lae,
Is sia dhóibhsean an t-órdlach 'ná an choinneal go léir.



Cé liath leóinte mo shórdsa gan fuinneamh go tréith,
'S an tIarla óg so dhom fhóirthin nach feicim ag téacht,
A Dhia chómhachtaigh do dheónuigh ár bhfulang i bpéin
Is sia fós liom an t-órdlach 'ná an choinneal go léir.



A fhiailfhir chumainn trém chuileasc tá ag diospóireacht
'S gur ciach leat ise gan mise uirthi i dtionólaibh,
A cliabh níor luimeadh 's níor hitheadh le fionnógaibh,
Acht fiacha is fiolair ghá giobadh go honórach.



U Anaithnid
XI. - DIA LET GHLÚIN.
Freagra Sheáin Mhic Cormaic .i. Fear One Súl .i. Registrar na
Cúirte.



Dia let ghlúin, a rúin 's a shearc na saoithe,
Do phiansa liom is púdhair a chara dhíoghrais;
Tá an tIarla chughainn ó Londain fhairsing fhíonmhair
Is fiadfam siubhal 's a long ag teacht chun tíre.


L. 199


Is daingean 's is doiligh 'sis doirbh 's is maith chaoinfidh
Gach pearsa dhet scolaibh dar bhronnais do dheaghcroidhese
A dteachtaire dochair d'éis cogaidh is neart naímhde
Agus t'Fhalartha Ghorm dá stolladh ag gach maistín toir.



Clagaidh bhur gcosa cé follus nach reathuidhe sibh
Chun aifrinn pobail nó ag sochraid deaghdhaoine;
Seasaidh go foirtill tá an fhurtacht i ngar díbhse,
'S is gairid go gcloisfeam nach ollamh gan marcaigheacht sibh.



Dá dtaga anoir Donnchadh i gcothrom 's i gceart tíre,
Lucht capaill do bhronnadh bheadh ortha so i nglainchrích Luirc;
A chara mo chogair d'éis cogaidh dhot ghlainchípse,
Ar eachaibh fo goirtill budh follus tu ag prasringce.



Is ciach 's is turainn dot fhuirinn ar feadh Fódla,
A ghliadhaire shultmhair ba mhinic i dtionólaibh,
Le cian nach feicid do chuileasc i dtigh an óla,
Acht fiacha is fiolair ghá giobadh agus fionnóga.



U Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárthaigh
FREAGRA DHIARMADA AR SHEÁN.



Cé tinn le sealad me im sheanduine lán de chiach
'S i leigheas mo cheasta gur ghlacas do dhánsa aniar,
Greim níor blaiseadh le madra dhem láirse riamh
Acht gadhair do bfhearra 'ná fearachoin árda fiadhaigh.



Acht mo threighead dá dtagadh an Carrathach láidir fial
Le meidhir thar caladh agus gasra stáit n-a dhiaidh,
Is radharc a phaitinn ó Anna n-a láimh i dtriall
Do bheinnse i ngradam im sheanduine shámh san iaith.



Cé meirbh im chois gan rith gan marcaigheacht mé
'S gur chreimeadar coin a cruth dem ghlantsaoi shaor,


L. 200


Dar Beircheart duitse, a fhile leathchaoich léith,
Ní leigfinn di pioc le muic ná maistín féin.



A Sheáin a chumainn tá it fhile fa one súil ghrinn,
'S an dámhscoil uile gur ghoireadar "barún" díot
Do lámh mar ritheas tar Sionainn 's tar Bearbha síos,
'S is nár dot chine nach cluinim dot neartughadh shíor.



U Proinnsias Ó Súilleabháin
XII. - IS TRUAGH LIOM SCÉAL ÉACHTACH.
Uilliam Mac Cairteáin an Dúna cct. ar éag na Falartha.



Is truagh liom scéal éachtach mo charad uaisle,
An suaircfhear séimh gléigeal do b'fhearra tuairisc,
A stuaire ghéar chraosach mhear arad uaibhreach
Ag cuallacht éan mbéaldhubh ghá stracadh ar uainibh.



I dTuadhmhain éigse ní féidir nach glacfaid buaireamh
Is duain shaorshuilt do dhéanamh le searc na suadha,
Is uaill géarghuil gan traochadh aca ar feadh na dtuatha
Ar chruaidhchéimeannaibh éaga na Falartha uaine.



Badh luaithléimneach í ag laoch mear i measc na sluaighte;
Cruaidhbhéimneach tréanreatha ag teacht chun ruaige;
SuaircHéctor ní thraochfadh a marcach uasal,
'S a luaithbhéimeanna ar scéimhchruith na Falartha uaine.



Ó ghealais it fholtaibh 's dot roscaibh nach léir an cuan
S gan charaid dot fhurtacht a bhronnas na séada ar cuaird,
Fear capaill do bhronnadh dhon ollamh ní léir dam suas
Acht faraire an bhrollaigh gil oscardha Séamus suairc.



Agus ó nach fríth an capall amhail do tuaradh adubhairt Uilliam
an rann so:
-
A Dhia
achtaigh deónuigh thar fairrge ghluis
Triath cródha sleachta Eógain i ngradam n-a rith,
I gcliabh órdha fá fhórsa chun baile is chun puirt
An fhian leóinte go bhfóirfeadh tá i n-easbhaidh 's i mbroid.


L. 201


U Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárthaigh
FREAGRA DHIARMADA.



A fhiailfhir mhúinte, a thionnscain réidhteach ceast,
Ler chiach me i gcumhngrach brúidhte tréith gan each,
Ler mhian an congnamh chughainn is d'éist mo stair,
D' Uilliam an Dúna ár gcúirt is buidheach ar fad.



Gach cliairfhear umhal d'ár gcúirt san taobh so theas,
Cé diadha a rún, d'ár súgra ghéillfidh seal
I riaghail na n-ughdar gcubhartha gcaomh go glan,
Dia ghá gcumhdach súd gan bhéim n-a reacht.



U Liam Mac Cairteáin an Dúna
UILLIAM AN DÚNA ARÍS.



A shuaircfhir ealadhan dheachtuigheas briathra suilt,
Is truagh gan phreab í an ghlantsaoi riabhach anois,
'S is cruaidh an ceasnaighe i leathtaoibh iarthair Luirc
Tú an uair seo ag marcaigheacht bhraimín iasachta.



U Diarmaid mac Sheáin Bhuidhe Mac Cárthaigh
FREAGRA DHIARMADA.



Ár gcuraidhe tréana léirscrios uainn tar sáil
I gcoinghíoll tréith d'fhúig éigse suairce is dáimh,
Nó i gcoisidheacht mé ní léigfeadh uaisle Fáil
'S im Oisín d'éis na Féinne, is truagh mar táim.



U Conchubhar Ó Briain
XIII. - IS FÁLTHA AN TEASTAS.
Carn Tighearnaigh cct. ar éag na Falartha.



Is fáltha an teastas ar charthannacht iarthair Luirc
'S go bráth ar phearsanaibh eagailse biaidh n-a ghuith,
I n-áit na Falartha ar faithche ná hiarradh spuir
Gan sáireach greanta do thabhairt do ghliadhaire an tsuilt.



Níor chás dam a aithne ar chaibidil Dhiarmada
Gur bhfhánach eatortha an aicme do riaradh truip,
Clann Chárrthaigh Chaisil, mo dhainid, i gcian tar muir,
Fáth na ceasta fá ndeara dhó triall n-a chois.


L. 202


Mar bhárr ar leagadh 's ar leathadh na dtriatha san,
N-a n-áit ní fhaicim acht fleascaigh is fiadhbhodaigh,
'S an Bhlárna mhaiseach n-ar chleachtaitheach cliara i gcion
N-a fásach ceannaigh ghá stracadh aca siar is sior.



Ní nár dot shamhailse feasta gan rian gan rith
Gan áird gan aiteas gan amharc, ar liathadh an fhuilt,
'S ní nár dot phearsain cér phearsanta an gliadhaire sibh
Bheith fánach feacach ar talamh, nó fiar gan fuil.



Is dána an mhaise dhuit seasamh i ndiaidh do luit
Gan trácht ná taisce, gan talamh ná tighearna agaibh;
'S mar bhárr ar eascaine an tseanchaidh thiar gur thuit
Smál an eallaigh ar Fhalartha Dhiarmada.



Mo lámh dá gclaiseadh an faraire fial so abhfus
Tásc na Falartha is marbhnadh an riadaire,
Dáith de Barra go gcaithfeadh dul siar n-a rith
Le sáith an easpuig de chapall chun Diarmada.



Má's dainid má's dochar, má's doiligh, má's tinn libhse
An Fhalartha Ghorm fá chonaibh n-a luing bhriste,
Is mairg don ollamh nár chosain na gadhair uirthi,
'S go meastar le Solamh nach moladh go hadhlacan.



Is mairg do Dhonnchadh mholas go bladhmannach
An Fhalartha Ghorm nár coireadh i gcoill ná i gcnoc,
Nach faire do bhrostuigh n-a fochair go feidhmeannach,
Ar eagla a croicinn do stolladh gan adhlacan.



Is mairg don ollamh so im fhochair le ndeimhnighthear
Gur capall gan fochall an bonnaire boinnleathan,
Nár cheannuigh ón gclogaire i gCorcaigh a creidhil do bhuin
Le gairm an phobail fá chlochaibh dá hadhlacan.


L. 203


Fear one súl go brúidhte is Diarmaid fann,
Is at i nglúin an ughdair bhiathas greann,
Is gan acht súil le siubhal an Iarla anall -
Is measa súd 'ná an trú ag an bhfiach san ghleann.



U Éamonn de Bhál
XIV. - DÁ MBEADH DIA LE HIATHAIBH FÁIL.
Éamonn de Bhál cct. ar an gcúis gcéadna.



Dá mbeadh Dia le hiathaibh Fáil dar ndóigh,
'S mar leagadh thiar na triatha dháilfeadh stór,
Ní fada bhiadh mo ghliadhaire ag trácht san ród
Gan each is srian is iallait fá n-a thóin.



Is dearbh gur donus do scolaibh na suadh go bráth
An faraire foirtill dob ollamh glanduan is dámh
Gur laguigh a chosa 's nach cloisid na huaisle a gháir,
Gan chapall in' fhochair mo dhocharsa an t-uachtarán.



Is dealbh 's is doiligh 's is dona 's is cruaidh an cás,
A mharcaigh ba shoilbh i mbothaibh na suadh do ghnáth,
Nach claisim chun pobail do rochtain ar cuaird le spás,
'S an Fhalartha Ghorm fá chonaibh n-a hualach cnámh.


L. 204


B 1705 18T
U Anaithnid
XV. - ADHNADH DAMHNA.
Maoghnus Ó Gláimhin cct., ar bhás Dhiarmada, mac Seáin Bhuidhe,
1705.



Adhnadh damhna i n-iathaibh Floinn,
Iarsma shíor do liachaibh lán,
Greadadh bas go dtreasaibh truagh
Do mhaithibh sluagh na gCárrthach gcáidh.


L. 205


Claonadh subhchais ins gach áit
I n Inis Fáil ó thuinn go tuinn,
Orchra taoiseach mór is triath,
Scíos na gcliar gan saoirse ón gcuing.



Tásc mo chompáin suim mo scéil,
Saoi gan bhéim nár char an cruas,
File fromhtha na dtrí ndréacht,
Den mhogall tsaor dob aoirde cnuas.



Diarmaid mac Seáin sloinntear Buidhe,
Don fhuil aoird na gCárrthach mór,
Ó thriathaibh toghtha tá ar gach taoibh,
Ar rás na ríogh ba hádhbhail scóp.



An rí cuanna n-a reacht réidh
d'fhuascail saor ó cháin an chríoch,
Uaidh do tuismheadh an Cárrthach caomh
Ó'r fhás an té seo anois fá líg.



Bile buadha nár chas fás,
Cuisle dámh is ursa chliar,
Scáth na n-anbhfann dtláth n-ealadhan,
Cárrthach grinn na ráidhte rian.



Deachmhadh an ghníomha chur i gcló
Deacair fós má leantar linn
Ar a maitheas ins gach céim
Buinne séimh na mbearta mbinn.



Flaith ar fhaicsin é nó triath,
Maiseach fial gan chumasc cruais,
Fáilteach fiosach caomh gan chiach,
Cráibhtheach ciallmhar dil gan ghuais.



Uaigneach sinne indiu dá éis
Ag briseadh géag 's ag stathadh ciabh,
Gan fear caointe, cruaidh an céim,
Ar a uaigh acht mé agus leac na liach.


L. 206


Níor fhág neach mar é san gcrích,
I gceastaibh scríbhe chur i gcéill,
Ná i bhfriotal fáidhghlic na nduan,
Bláth na suadh an rábach réidh.



Biaid lucht búrdún, diombádh an scéal,
Is rubhán maol ag muscailt suas,
Ag dréim re dán nár dhú dhóibh,
Cúis mo bhróin a gclos im chluais.



Ó's beart chinnte breith an bháis
'S nach fuil fagháil ag neach dul uaidh,
Rí na ríghthe dhéanamh grás
Ar an gCárrthach so san uaigh.



Míle bliadhain is seacht gcéad,
Seadh gan bhréag, is ceangal cúig
Ris an nuimhir ó ghen Chríost
Gusan oidhche ad chur i n-úir.



A liagcloch gheal úd is dathamhail robhreágh snoighe
Cia an triath so i nglas fút beart dúinn athásc síos
Tá biatach flaitheamhail deaghclúdhach ceannárd groidhe
Diarmaid fada úr geanamhail mac Seáin Bhuidhe.



XVI. - CRÉAD AN FHEARG SO.
Seán Ó hEachthigheirnn cct., ar bhás Dhiarmada mac Seáin
Bhuidhe.



Créad an fhearg so ar lasadh le hiarmhar áir
N-a réimibh rachtmhara ag treascairt ár dtriath do ghnáth;
Thar aon den aicme gan easbaidh tá i n-iarthar Fáil
An t-éag a mhalairt nach geabhadh gan Diarmaid d'fhagháil.



Fagháil ar Chúrí chríche Gréag
Nó ar chailmfhir chródha na Traoi,


L. 207


Níor shásta le danán gan dreach
Gan teascadh cinnbhirt na saoi.



Saoi do teascadh is anachlan mór san tír,
Fear scaoilte ceasta don aicme gan eólus fíor,
Fear grinn do chanadh le hacmhaing, fear comhad do scríobh,
Fear gaoiseach gasta thug aire do chomhall an dlighe.



Dlighe na héigse ba bhuan reacht
Do char le suaimhneas gan cheilt,
'S a bhíodhbha go buan ren' ucht
Re bpreib níor buaireadh a cheart.



Ceart an dlighe thug Críost dá naomhaspuil
'S an reacht thug Maois do chloinn ar gcéadaithreach
Dob fheas go fíor don tsaoi gan aon easbaidh,
'S do lean don tslighe go crích a ré ghearra.



Gearradh a ré sin Atropos,
Do Ghaedhlaibh arracht fuathmhar;
'S cosmhail gur de dhubhlomra
Sníomhadh a snáith ar dtuathal.



Ar dtuathal beatha flatha is saoithe Fáil
Mar Ghuaire chleachtadh seal ag síneadh a lámh,
I gcruadhtan cath nár stad ón mbíodhbhaidh a chrádh
Gan chruas dá chasadh ar mhaide shnidhe atá.



Atáid dá n-argain gach lae,
'S a ngaolta danardha ag tiacht,
Ag ál na n-eachtrann ndaor
Atá i réimheas reachta na dtriath.



Triath gan tallan an marbh so shín fá'n lic
Den ghliadhfhuil Charrathaigh chalma bhíodh tráth a ngoil;


L. 208


Iachtach eadrainn ceannus na bpríomhdhámh nglic
Do riaghladh tamall go rathmhar i mínchlár Luirc.



Clár Luirc is gnáth fá mheirg
Críoch is dubhach fá gach mairg,
A laoich dá gciorrbhadh le cuilg
'S an t-éag ar a héigse ag seilg.



Sealg go dian i mbliadhna i nárdmhuigh Floinn
Ag treascaint ár dtriath 's ár bhfialfhear ngrádhmhar ngrinn,
Mun' gcaiscfidh ár dTighearna rian an bháis bhoicht dínn
Ní mhairfidh it dhiaidhse, a Dhiarmaid, ádhbhar saoi.



Ádhbhar saoi ar a seandálaibh
Ná seanchaidh chirt ar uaislibh,
Soin i Leath Mogha ní bhfaghthar
Ó d'éag Diarmaid an suaidhfhear.



Suaidhfhear sochma do thorchair an t-éag gan truagh
Tug uaigneach osnathach soilbhfhir cléire is tuath;
Is duairc gach ollamh 's is follus gach béith ar buairt.
Ón uair do coigleadh posta na héigse i n-uaigh.



Gach saoi do hoileadh i mbrollach na príomhfháidhe
Re caoineas focal go cothrom i slighe dána,
Guidhmís a fhorustacht focailcheart fíorshásta,
Re mímheas orm ná togradh bíodh fábhrach.
Créad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services