Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Choill / The Wood II

Title
An Choill / The Wood II
Author(s)
Mac Piarais, Pádraic,
Composition Date
1914
Publisher
Irish Review

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHOILL.



PÁDRAIC MAC PIARAIS
do sgríob.



II.



MAC AN CHUILL.



Tamall an-fada ó shoin, sul fuair Gaedhil i gcoitchinne eolas an fhír-Dhé
fhorórda, do bhí fear agus bean ina gcomnaidhe ar bhruach na Sean-Choille i
bhfoithrib Connacht. Mogha dob' eadh an fear de dhaor-chlannaibh an chúige,
agus muicidhe dob' eadhé do ríg an triúcha-chéid. Daol a ainm, agus Deargnait
ainm na bainchéile do bhí aige; agus is mait do cuaidh na hainmneacha sin dóibh,
óir do bhí an fear dub dúr agus do bhí an bhean luaimneac lán-nimneach. Ní
raibh aon clann aca, agus dob' amlaidh do b'fearr, óir ní clann fóganta
d'oilfeadh an lánaman úd. Ní raibh de dhídean os a gcionn acht bot feadha
do rinne an fear le chéile d'úr-adhmad na Coille, ar n-a dhaingniughadh le
buillíbh tuaighe agus ar n-a dhlúth-cheangal le slataib cruaidhe righne sailige.



“Is dearóil an baile comnaidhthe é so,” ar an bhean an lá do críochnuigeadh
an both.



“Cosnóchaidh sé ar theas gréine agus ar fuact gaoite tu,” ar an fear.
“Ní beag an méid sin duit-se ná dod' samail.”



D'éirigheadh Daol i moch gacha maidne agus do thiomáineadh roime muc-
thréad an ríogh d'ingheilt measraidhe agus lusraidhe na Coille. D'fanad
Deargnait sa mbaile ag freastal ar na muicíníbh maota agus ar na banbhaibh
beaga óga agus ag cóiriughadh proinne roim a fear. Do thiomáinead an fear
an muic-thréad a baile le coinfeasgar gacha hoidhche, agus do chaiteadh an dís
a bproinn, agus do téigheadh do codlad. Cúig bliadhna ar ficid dóibh amhlaidh
sin gan duine muinnteardha ag teacht do beannughadh dhóibh ná éinne ag gabáil
na slighe do labhróchadh focal faoilidh leo. Ní raibh caidream aca le daoinib
ná eolas aca ar dhéithibh acht go lingeadh a gcroidhte gach maidin nuair do-chídís
an ghrian bhán-tsoluis ag gealughadh maoileann na mBeann, agus go gcrithidís
le heagla nuair do-chluinidís Cláirseach na Coille ag seinnm a ceoil shír-
éachtaigh shár-bhrónaigh i lár gacha hoidhche. Ní raibh de phaidir ná d'altughadh
aca acht, “Is maith í an ghrian. Is uathmhar í an Oidhche.”



Lá dár éirigh an muicidhe, ar ndul chum an mhuclaigh dhó, thug sé dá uidhe go
raibh banbh dá bhanbhaibh ar iarraidh.


L. 308


“Uch,” ar sé, “is mairg mar tarla.”



“Céard tá ort?” ar a bean.



“Banb dár mbanbhaibh d'imthig uainn san oidhce,” ar sé.



“Gluais romat ar a thóir,” ar sí, “agus ná déan bean chaointe díot
féin.”



Do gluais sé roime agus do gab an casán caol clochach do bí ag dul ó
dhoras a bhota go dtí an Choill. Do gab fá'n gCoill annsin agus do thriall
ar a agaidh go deag-thapaidh ag gabháil tré aimréidh gacha comgair agus tré
dhoirche gacha diamraighe ar lorg an bainb. Ní cian do chuaidh nuair do chonnaic
sé ag bun crainn cuill do bhí ag fás i ngaorthad an rud geal ar an talam.
Do ghluais go lán-easgaidh fá dhéin an roda, agus ar dteacht ina fogus dó
thug fá ndeara gurbh' é do bhí ann leanbh mic agus é tárnocht. Do bhí an leanbh
ina chodladh.



“Is olc mar tarla,” ar an fear. “Do síleas gurb' é mo banbh do bhí
ann.” Agus do triall roime.



Ní cian do chuaidh sé de'n stáir sin go bhfaca sé an dara rud geal fá
bhun mór-chloiche san ngaorthadh. Do ghluais go deagh-thapaidh fá dhéin an roda
agus ar dteacht ina ghoireacht dó do thuig gurbh' é do bhí ann cnáma a bhainbh
iar n-a gcreinnt le faol-choin.



“Truagh,” ar sé, “nach é an leanb úd d'fágas im' dhiaidh do marbh an
faol-chú i n-áit an bhainbh so. Agus do-bheirim mo bhriatar,” ar sé, “go
dtiubhrad bás do'n mac i n-éiric mo bhainbh.”



Ar n-a rádh sin dó do ghluais tar a ais mar a raib an leanb, agus do
rug ar leath-chois air agus do thóg ina láim é agus do luasg ina timceall é
amail do luasgfadh fear súiste nó camán agus do bí ar tí a cheann do bualadh
i n-aghaidh buin an chrainn agus a inchinn do leigean amach ar an gcuma sin.
Do dhúisig an leanb agus is amlaidh do meas gurab ag déanam cleasa grinn
leis do bhí an muicidhe, agus do maoid a gean gáire air agus do gáir os árd
ionnus gur líonadh an gaortadh de cheol an gáire sin. Nuair do chuala sé an
mac beag ag gáire níor féad an fear a marbhadh.



“Fágfad im' dhiaidh annso é,” ar sé, “go bhfuighid bás de'n ocras agus de'n
tart; óir is measa bás mall ioná bás obann.” Agus d'fág an leanbh ina
dhiaidh agus do bhí ag imtheacht.



Le halt na huaire sin do rit iara ruadh anuas de'n chrann cuill agus
do rith suas crann eile do bhí i bfogus dó. Ar bhfeicsin an aithid big ruaidh
do'n leanbh do bhuail sé a dhá bhois le chéile. Ar n-a chlos sin do'n bhfear d'fill
sé thar a ais go dtáinig mar a raibh an leanbh, agus do gháir an leanbh leis arís.
Do ghabh truaighe an fear annsin agus do thóg sé an leanbh ina bhaclain agus
tug cúl ar an ngaortad agus d'imthig roime agus níor stadadh leis go ráinig
an baile.



“An dtugais an banbh leat?” ar a bhean.


L. 310


“Ní tugas,” ar sé.



“Céard d'éirig dó?” ar sí.



“Faol-chú do marb é,” ar sé.



“Céard tá agat id' baclain?” ar sí.



“Leanbh mic do fuaras sa gCoill,” ar sé.



“Sin toradh nár fríot i gcoill riam,” ar an bean.



“Do-gheibtear gach toradh i gcoill,” ar sé, “acht a chuardac san mball
a mbíonn.”



“Céard é an ball ina bfuarais é so?”



“Fá bun cuill i ngaortad.”



“Cia d'fhág annsin é?”



“Is é is dóicige a tuitim de'n crann,” ar sé.



“Tabhair dhom an leanb.”



Do leag sé an leanb ina hucht.



“Is fada ód' chonnacas leanb,” ar sí.



Do gab sí ag infiúcad agus ag breatnugad agus ag meas colna an mic.
Do bí an mac ag gáire léiti agus ag cuimilt a láime dá leacain agus dá folt.



“Is maith do fuineadh an leanbh so,” ar sí.



“Cad is aois dó?” ar an fear.



“Tá sé i n-aois a dá bhliadhan,” ar sí.



“Do bhreith,” ar sé, “cia aca is córa bás do thabairt dó i n-éiric ar mbainbh
nó a dhíol leis an rígh?”



“Is é is cóir dúinn a oileamain inar dtig féin mar dhalta,” ar sí.



“Do bíos ar tí a marbhta,” ar an fear.



“Is aoibinn duit nár marb,” ar an bean. “Bhus mór an ní leanb do
beith againn inar dteac.”



“Beir buaidh, a bean,” ar sé. “Ó do gháir sé liom san gCoill ní fhéad-
fainn a marbad, acht níorb' eol dom arbh' áil leat-sa mac nac leat-sa ná
liom-sa.”



“Béidh sé ina coinnill ar ar dteallac,” ar sí.



“Béidh sé ina áilleán ar do bhrollach,” ar sé.



“Béid sé ina dorn dhuit id' shean-aois,” ar sí.



“Béid sé ina chrann fosgta dhuit nuair éagfas mise,” ar sé.



“Cá hainm do-bhéaras sinn air?” ar sí.



“Cá hainm do-béaraidhe air,” ar sé, “acht Mac an Chuill, ó's fá chrann
cuill do fríoth é?”



“Bhus ionmhuin le héanlait an aeir agus le míoltaib na muighe an t-ainm
sin,” ar sí, “óir is bráthair bunaidh dóib an mac so.”



Do hoileadh an leanb i mboth an mhuicide agus dob' ádhbhar grinn agus
meidhir meanman do'n bhfear agus do'n mnaoi bheith ag féachain air. Agus
do neartuigheadh é agus d'fás ina macaoin mánla go raib deich mbliadna


L. 312


slán aige. Agus dob' annsa le Daol agus le Deargnait é ioná a mbeata
féin, agus ba minic do líonadh an both de cheol a gháire. Agus adeiread
Deargnait le Daol: “Mochean an lá do fuarais sa gCoill é.”



Níorbh' fhada gur thosnuig an mac ag imtheacht roimhe cum na Coille agus
ag cur eolais ar lucht a sealbhuigte. Ba minic d'éirigead sé i moc-dáil na
maidne agus gluaiseacht roime gan cead gan ceileabhradh, gan biadh gan
tomaltas, fá déin na Coille, agus do-bheireadh an lá ag féacain na n-iasa
ruadh agus na n-easóg nó ag éisteacht le glórtaib cág agus cuac. Agus
d'éirigheadh caoineas comráidh agus iom-agallma idir é féin agus na haitidí
éigciallda, óir iar mbeith ina dtaitige dhó ó do bí ina naoidheanán do tuig
roinn dá gcainnt. Biolar agus mónadáin agus cnósach coille do chaiteadh sé
mar lón lae, agus ní filleadh chum bota an muicidhe go fuinneadh gréine.



“Cá rabhais?” adeireadh Deargnait leis.



“Sa gCoill,” adeireadh an mac.



“Céard bís do dhéanamh?”



“Ag freasgnadh crann agus ag snám ar uisgíb agus ag imteact romam
tré réim gacha diamrac.”



“Créad fá nach bfanair sa mbaile lnar bfochair?”



“Cumann bráitreachais atá agam le míoltaib na Coille agus caitfead
dul dá bhfios.”



Is annsin do cuimnigeadh Deargnait ar an ní adubairt an lá tug Daol
an mac cum an bhota, .i. “is brátair bunaid dóib an mac so,” agus ba méala
léi a rádh.



Agus do tuig an bean go fiosach go meallfad éanlaith an aeir agus
ainmhidte an fásaig an mac beag uaiti lá éigin, agus do cuaid dógad éad a
innti, agus ní leigeadh do'n mac dul as a radharc féin nó as radarc a fir, act
do cuir d'fiacaib air fanmain cois baile i gcomnaide. Act ba minic d'éaluighead
an mac uatha agus imteact roime fá'n gCoill amail ba gnáth leis roime sin;
agus ar dteacht a baile dó do gabaidís de slataib air agus do cuiridís do
codladh gan cuid na hoidche é. Agus com luat agus do-gheibead faill nó
fíor-uaigneas d'imthigheadh uata arís agus do thigeadh a baile le fuinneadh
gréine agus d'fuilingead go humal gac píonos dá gcuiridís air.



Do ghab imeagla mór Deargnait, agus dá gcluinead sí fead iolair nó
búitread féidh do measad gurab ag glaodhach cuige ar an mac do bíodh an
aithid allta, agus d'fáisgeadh sí an mac le n-a hucht agus do-beiread póg dó.
Agus dhá uathmaire léi go nuige sin Cláirseach na Coille agus í ag seinnm
a ceoil shíréactaigh shár-brónaig i lár na hoidhche, dob' uathmaire go mór léi
ó soin amach í, óir do measad gurab ag bréagadh an mic big uaiti do bíodh.


L. 314


Oidhche dá raibh an fear agus an bhean ina suidhe sa mboth, agus an mac
sínte ar a bhéalaibh i lóchrann na teine, iar gcaitheam a bproinne dhóibh, thug
an fear da aidhe a dhírighe is do bhí géaga an mic, agus a thanaidhe is do bhí a
thaobha, agus a fhuinte is do bhí a cholainn, agus a maisighe is do bhí a cheann, go
ndubhairt leis an mnaoi:



“Dá gcuirfimís léine cochallach le cneas an mic so agus cuaróga ar a
chosaibh, ní bheadh san doman thoir ná san doman thiar mac ríogh ba maisige dealbh
agus déanam ioná é.” Óir tuigtear nach ndeachaidh aon bhall éadaigh ar an mac
go nuige sin, acht é ag imtheacht roime tárnocht.



“Badh maith an chomhairle í,” ar Deargnait, óir do síl sí go mb'féidir dá
gcuirfidhe éadach ar Mhac an Chuill go dtiocfadh dá bharr sin go múchfaidhe a
ró-mheanma agus go míneochaidhe alltacht a chroidhe, agus go dtuigfeadh feasta
nach d'folaibh fiadháine na Coille é acht d'fuil daonna. “Sníomfad-sa léine
lán-áluinn d'olainn uain dó,” ar sí, “agus caomh-chochall anairte air.”



“Déanfad-sa cuaróga dhó d'úr-leathar bó,” ar Daol.



Do bhí Mac an Chuill ag éisteacht leis an agallamh sin agus do thóg a cheann
agus adubhairt:



“Is féidir libh léine agus cuaróga do dhéanam dhom,” ar sé, “má tá
fonn oibre oraibh, acht do-bheirim mo bhriathar nach bhfuilingeochad a gcur orm'.



Dob' iongnadh le Daol agus le Deargnait an t-aitheasg sin, agus
adubhairt Daol:



“Céard fá n-abrair sin, a mhic? Nó cia an chiall nach rachadh léine agus
cuaróga ort-sa amail cách?”



“Ní bhíonn cuibhreach ar an tuinn uisge, ná ceangal ar an ngaoith, ná cuing
ar an míol mong-ruadh,” ar Mac an Chuill, “agus dar déithibh adhartha mo
mhuinntire,” ar sé, “ní rachaidh cuibhseach ná ceangal ná cuing orm-sa.”



Do gabh fearg Daol annsin agus adubhairt: “Cia is muinntir dhuit,
máiseadh, nó an dlúithe do mhuinnteardhas le dúilibh dalla an domhain ioná
leis an bhfear agus leis an mnaoi d'oil thú?”



“Is muinntir dhom a bhfuil beo agus marbh sa gCoill úd,” ar an mac.



Níor labhair Daol ná Deargnait focal eile an oidhche sin, acht ar maidin
lá ar n-a bhárach do ghabh Deargnait ag sníomadh agus ag fighe léine d'olainn
uain agus do ghearr Daol stiall úr-leathair de chroiceann bó agus do ghabh
ag déanam cuaróg; agus do leanadar do'n obair sin gur críochnuigheadh


L. 316


leo í. Ba mhinic d'éaluigheadh Mac an Chuill uatha ar feadh na haimsire sin,
acht d'filleadh i gcomnaidhe le hiarnóin agus le deireadh lae agus do bhíodh umal
dóib, agus ní bhainidís leis.



Nuair do críochnuighead an léine do cuireadh ar an mac é agus do cuireadh
na cuaróga ar a chosaib; agus d'fhuiling sé go miochair an easonóir sin. Agus
is amlaid do síl an fear agus an bean go raibh sé ceannsuigthe agus ba
lúthgáireach leo an lá sin. Acht ní túisge do bí Daol imtigthe i ndiaidh an muc-
thréid agus Deargnait i mbun a cúraim féin ioná d'éirigh Mac an Chuill agus
do ghluais thar doras amach. Annsin do bhain sé na cuaróga dá cosaib agus
do theilg uaidh iad; agus do bhain an léine dá colainn agus do theilg uaidh í.
Agus nuair do bhí sé nochtuighte arís do chait trí léim le hurgháirdeas croide,
agus iar dtabhairt chúil ar dhoras an bhota dhó do ghluais go troigh-éasgaidh
fá dhéin na Coille.



(Ní Críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services