DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL
SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE
PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh
XII
AN SÍOGAIDHE RÓMHÁNACH
Fear Gan Ainm cct. (1650)
(I) Éagcaoineadh
Innsim fios is ní fios bréige,
Le ar súilibh dhúinne ba léar é,
Le mo chluasaibh chualas féin é,
An ní adeirim ní cheilim ar aon chor.
Lá dá rabhas ar maidim im' aonar,
Is an Róimh ar ór-chnoc Chéaphais,
Sínte ar leic ag sileadh déara,
Lán de ghruaim ar uaigh na nGaedheal-fhear;
Fá raibh dias dob' fhial fá shéadaibh,
Le n-ar ghrádhmhar ádhbhar m'éagnaigh,
Iarla mór Thíre Eoghain Néill-mhir,
Is Ó Domhnaill na n-ór-lann bhfaobhrach.
An tráth do shaoileas sgíth do dhéanamh,
Cia do chífinn de mhaoilinn an tsléibhe,
Acht maighdean áluinn bhrághaid-gheal phéarlach
Do bhain barr go bráth do Bhénus
Is de Mhinerbhá i ndeilbh 's i ndéanamh:
Is maith do sníomhadh a braoidhte caola,
Do bhí an t-ór i meadhón a céibhe,
'S do bhí an sneachta 's an lasair 'na héadan.
Adubhairt sí liom san mball gcéadna
De ghlór milis ba bhinne 'ná téada
Druidim suas ó uaigh na dtréan-fhear, —
Ba fada ag caoi 's a croidhe dá réabadh.
THE IRISH REVIEW
Fá dheireadh thiar i ndiaidh a saothair,
Do thóg sí uaill ba truagh le héisteacht
Do bhainfeadh deoir go leor as cléirchibh,
Agus osnadh as na clochaibh dá mb'fhéidir.
Leis an maoidheadh sin do shín sí a géaga,
'S ag dearcadh suas go cruaidh ar néallaibh,
Do labhair sí le Rígh na Spéire,
Lán de channtlamh insa réim so:
A Dhé mhóir, an deoin libh m'éisteacht,
Nó an miste ceist bheag éigin
Do chuaidh i ndaingean ar mhacaibh léighinn
D'fhiafruigh dhíbh, ós díbh is léar í?
Ó táim ar mearbhall i n-ainbhfios sgéala,
Óir má's ionann do thuill gach aon neach
Coir na sinnsear do rinne an chéad-fhear,
Ádhamh ar nAthair do mealladh le hÉabha,
Créad fá ndíoltar pian na péine
Ar aon phór níos mó 'ná a chéile?
Créad fá saorthar gach daor éigceart,
Is nach mbíonn saor nach ndaorthar é seal?
Céard fá gcroichtear boicht gan aon choir,
Agus sliocht na locht i dtoice an tsaoghail so?
Créad é an tóbhacht nach sgriostar éircigh
'S gur buan a dtóir i ndeoidh na gcréidmheach?
Créad nach bhfeanntar clann Lútéaruis,
'S clann Chríost dá gclaoidhe go n-éagaid?
Créad nach truagh na huain dá gcréachtadh
'S na mic tíre ag inghréim' an tréada?
Cread an ceart fá leagthar Éire
'S le n-a gleoidh nach mór go n-éistthear?
Créad an chóir nach dtógthar Gaedheala,
Dream nár dhiúlt do'n Dúileamh géilleadh?
THE IRISH REVIEW
(2) Tairngire
Ní bhiaidh ceangal le Sacsaibh ag aon neach,
Ní bhiaidh caidreamh le hAlban'chaibh maola,
Ní bhiaidh marthainn ar eachtrainn i nÉirinn,
'S ní bhiaidh cead coimirce ar theangain an Bhéarla.
Biaidh an buadh ag sluagh na nGaedheal-fhear,
Ar chlainn Chailbhín chleasaigh bhradaigh bhréagaigh,
Biaidh a n-uaisle i n-uachtar ar éircibh
Is gáir fá tholl i ndiaidh chlainn' Lútéaruis.
Biaidh a gcreideamh gan mhilleadh gan traochadh,
Biaidh an Eaglais ag teagasg a dtréada,
Bráithre, easpuig, sagairt, 's cléirchibh, —
'S biaidh síth go deoidh 'na dheoidh ag Éirinn.
Guidhim-se Dia, más mian leis m'éisteacht,
Guidhimh Íosa do-chíos an méid so,
'S an Spiorad Naomhtha arís d'aon-toil,
Muire Mháthair is Pádraic déid-gheal,
Colum croidhe agus Bríghid Naomhtha,
Go ndaingnighe siad Gaedhil dá chéile,
'S go dtigidh dhíobh an gníomh so 'dhéanamh:
Gaill do dhíbirt is críoch Bhanba 'shaoradh!
An tráth chríochnuigh an tsidh-bhean phéacach,
Mar adubhras ar dtús an méid so,
Iar mbualadh a bas go prab fá chéile
Do chuaidh sí suas de ruaig go néallaibh;
Agus d'fhág sí mise ar leic im' aonar,
Sínte ar thuama-uaigh na nGaedheal-fhear,
Gan spracadh gan ghlór gan treoir gan aon chor,
Lán de bhrón tré sgeon a sgéalta.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11