Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge

Title
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1913
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN CHOILL.



DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL



SLIOCHT DUANAIRE GHADHILGE



PÁDRAIC MAC PIARAIS DO THIOMSUIGH



VII



ÓM' SGEOL AR ÁRD-MHAIGH FÁIL



(Ag éagcaoineadh an-fhorlann Éireann)



SEATHRÚN CÉITINN cct. (d'éis 1607)



Óm' sgeal ar árd-mhaigh Fáil ní chodlaim oidhche,
'S do bhreodh go bráth mé dála a pobail dílis;
Gidh ró-fhada atáid 'na bhfál re brosgar bíodhbhadh,
Fá dheoidh gur fhás a lán de'n chogal tríotha.



A Fhódla phláis, is nár nach follus daoibh-se
Gur chóra tál ar sáir-shliocht mhogail Mhíleadh;
Deor níor fágbhadh i gclár do bhrollaigh mhín-ghil
Nár dheolsad ál gach crána coigcríche.



Gach treod gan tásg tar sáil dár thogair síneadh
Go hóir-shliocht áluinn ársaidh Chobhthaigh Chaoil-mbreagh,
Is leo gan ghrásgar lámh ar ndona-bhruidhne,
Gach fód is fearr dár n-áitibh eochar-aoibhne.



Atáid fóirne ag fás san chlár so Logha líomhtha,
Dár chóir bheith tláth gidh árd a rolla ag sgaoileadh;
Síol Eoghain gan áird 's an Tál-fhuil bodhar-chlaoidhte,
'S na hóig ó'n mBán-tsrath sgáinte i gcoigcríochaibh,



Na tóisigh tháisg ó'n Nás gan bhogadh bhrígh-nirt
I ngleo gér gháibhtheach lá na lonna-bhuidhne,
Fá shróin an stáit ba ghnáth a gcogadh i ndíormaibh;
Ní dóibh ba nár acht cách gan chomhall dlighe ar bith.



Dá mbadh beo árd-fhlaith Áine is Droma Daoile
'S na leoghain láidre ó'n Mháigh do bhronnadh maoine,
Dár ndóigh, níor bh'áit do'n táin so i n-osgail Bhríghde
Gan geoin is gártha ós árd dá dtoghail-díbirt.


L. 472


Muna bhfóiridh ceárd na n-áird-reann pobal críoch gCuirc,
Ar fhóirneart námhad ndána n-ollamh ndíoghaltach
Ní mór nár bh'fhearr gan cháirde a bhfosgain-díoghlaim,
'S a seoladh slán i bhfán tar tonnaibh Clíodhna!



VIII



MO THRUAIGHE MAR TÁ ÉIRE



(Ag éagcaoineadh daoirse na hÉireann)



SEATHRÚN CÉITINN cct. (1644?)



Mo thruaighe mar tá Eire
D'éis chlaochluighthe a caith-réime,
Tug sí aoibhneas ar urchra
Fá dhaoir-mheas na ndanar-sa.



Do thuit a dleacht-sgéimh sheirce
Dá gnúis áluinn inneallta,
Buime chaomh-fhoirne chíochta
Díth gach aon-oighre uirthi.



Ní feas aon d'uaislibh Banba,
Sgaoilteach a lucht leanamhna,
Tréad geal dá dtoghail gan treoir
Ar feadh an domhain deireoil.



Ádhbhar tuirse tarla dhi,
Bheith gan chaomhthach gan chéile,
Gan leannán ina leabaidh,
Bean gan teagair gach tréin-fhir.



Gan aon-fhear léi-se ag luighe
D'fhíor-fhuil ochta a hionmhuine,
Sgéimh ghlac-shoillse gér dhual di,
Snuadh na hath-tuirse uirthi.



Do chuir sí a súil de chabhair,
Do thréig a sleacht searcamhail


L. 474


Lúb fhionn-árd-ghlan na nglac ngeal
Iar n-ionnarbadh mac Míleadh.



Ní fhuil súil aici re haoin-fhear,
Ar n-imtheacht d'fhuil fhíor-Ghaoidheal
Tar sál gconfadhach gcuan ngeal,
Orchradhach uaidh a haigneadh.



Ní fhuighbhe an bhaintreabhach bhog
Leannán ná céile carad
Go teacht fíor-Ghaoidheal 'na gar,
Glór na saoir-fhear go siabhar.



Iomthnúth árd-fhlaith fuinn Bhanba
Tug neart do'n fhéinn allmhardha,
Tréad faobhrach do b'aipche d'fheadh,
Ar chaomhthach maicne Míleadh.



Éigceart na nÉireannach féin
Do threasgair iad do aon-bhéim,
Ag spairnn fá cheart ghearr chorrach,
Ní neart airm na n-eachtronnach.



Ní hiongnadh d'inis na neart
Bheith deireoil d'éis a hannsacht,
D'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir,
Gach aoin-fhear dhíobh gan díoghbháil.



An flaitheas fuaradar sin
Ar inis oirdheirc Éibhir,
Tréad lonn ler fuath a hannsa,
Ní fhuair drong de'n domhan-sa.



Cia an croidhe nár chlaochlaidh sin
De mhaicne ghlórmhair Ghaoidhil,
A n-argain gan choinghleic gceall,
Árd-fhuil oirdheirc na hÉireann?



Buime an altruim, gidh í sin,
'Na dílleacht d'éis gach aoin-fhir,
A Mhuire, is truagh mar tharla,
Gan tsnuadh n-uile n-athardha.


L. 476


Gan díon ar olc na hinnse,
Truagh éagcruth a hinnill-se,
Aicme a sealbhuighthe mar sean,
Sean-mháthair mhaicne Míleadh.



D'fhágaibh siúd ise gan treoir,
Iarsma a cloinne 's a cineoil,
Gé táid siad caointeach dá gcailg,
Sgaoilteach iad ann gach aon-áird.



Meirdreach gan iocht, gan onóir,
An chríoch so phuirt Pharthalóin,
Do chríon a ciall gan chomhtha,
'S a síol fá dhruing ndanarda.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services