Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge

Title
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1913
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL



SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE



PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh



V



MARBHNA OILIFÉIR GRÁS



Seaghán Mac Bháitéir Bhreathnaigh cct. (1604)



Tá ceo dubhach ar gach sliabh,
Ceo nach dtáinig roimhe riamh;
Tá ciúineas duairc ann um nóin
Acht amháin trom-ghuth an bhróin.



Tá cling na marbh leis an ngaoith,
Monuar, is teachta bróin dúinn í!
Tá an fiach dubh le glór garbh
Ag fógradh uaire an duine mhairbh.



An duit, a uasail óig mo chroidhe,
Do sgread go dubhach an bhean sidhe?
I meodhan ciúin-uaigneach oidhche
Is cumhach do bhí sí ag éagcaoineadh.



D'fhreagair í gach múr is balla
Go dubhach duairc le mac alla;
Níor ghlaoidh coileach mar ba ghnáth,
'S níor fhógair dúinn am ná tráth.



Uch, a 'Liféir óig mo chroidhe,
Is é do bhás atá sí 'chaoidheadh,
Is é do-bheir an lá 'na oidhche,
Is é do-bheir an chumhaidh ar dhaoinibh.



Níl againn anois, mo bhrón!
I n-áit an tsaoi acht caoidh is deor',
Sileadh deor is gol is caoidh
Feasta dhúinn is briseadh croidhe.


L. 424


Uch, a bháis, do leag tú choidhche
Bláth 's sgéimh ar ngéige is aoirde,
Monuar, níor shásamh air de bhuaidh
Gan cheap ar ndaoine 'dhul san uaigh.



I spéirling lann ba teann a lámh,
Ag cosaint ceirt a ghaoil 's a dháimh,
Fá mheirge a athar uasail féin
Is Urmhumhan do fuair clú i gcéin.



Ní bhíodh Baile na Cúirte ar aon chor
Fá chrádh bróin nárbh' fhéidir 'réidhteach,
A shealbhthóir dílis 's a chroidhe céasta
Tré bhás an óig-fhir ba mhór i dtréithibh.



Oighre ceart a ainme, a ghradam 's a réime,
Is oighre a stáite in gach áird d'Éirinn,
Mar chrann na daire ba maiseach a fhéachain,
Do gheall go leathfadh go leathan a ghéaga.



Ní mar so do bhí i ndán do'n tséimh-fhear
Acht dul san uaigh go huaigneach 'na aonar,
Uch! is creach fhada é le n-a ló,
Is brón croidhe dá chéile go deoidh.



Is máthair í is trom fá chumhaidh
Ar ndul go luath dá chéile i n-úir,
Athair a clainne 's a céad ghrádh,
Úch! is í do fuair a crádh.



Ní leanfaidh sé an fiadh go deoidh
Fá ghleanntaibh dubha ná sléibhtibh ceoidh,
Ní chluinfear a adharc go binn ag séideadh
Ná guth a ghadhar ar bheinn an tsléibhe.



Ní fheicfear é ar luaith-each óg
Tar claidhe is fál ag déanamh róid,
Tá claochlódh ar a mhaise go deoidh
Ar a mhórdhacht do thuit trom-cheo.



A lámh bhronntach go fann 'na luighe
A chroidhe meanmnach marbh gan bhrígh,
Síol na gcuradh agus cara na mbárd,
Searc na gceolradh chanas go hárd.


L. 426


Solus an dáin ní práinn dod' chlú,
Acht comhréilfidh go hárd mo chumhaidh,
Ag sileadh dhúinn deor fá dheireadh gach laoi
Ar thuamba an churaidh do chrádh mo chroidhe.



VI



CEATHRAMHNA GRÍOSUIGHTHE



I.



Do threasgair an saoghal is do shéid an ghaoth mar smál
Alastram, Caesar, 's an méid do bhí 'na bpáirt,
Tá an Teamhair 'na féar, is féach an Traoi mat tá, —
'S na Sasanaigh féin do b'fhéidir go bhfuighidís bás!



2.



(Gaedheal adubhairt ar bhfeicsin dó Shasanaigh ar n-a chrochadh ar chrann).
Maith do thoradh, a chrainn!
Rath do thoraidh ar gach aon chraoibh:
Truagh gan crainnte Inse Fáil
Lán ded' thoradh gach aon lá!



3.



Fúbún fúibh, a shluaigh Ghaoidheal,
Ní mhair aoinneach agaibh:
Gaill ag comhroinn bhur gcríche, —
Re sluagh sidhe bhur samhail!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services