DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL
.I. SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE
PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh
I
DIOMBUADH TRIALL Ó THULCHAIBH FÁIL
GEARÓID NUINSIONN cct. (circ. 1573)
Diombuadh triall ó thulchaibh Fáil,
Diombuadh iath Éireann d'fhágbháil!
Iath mhilis na mbeann mbeachach,
Ins na n-eang n-óig-eachach.
Cidh tá mo thriall tar sáil soir,
Ar dtabhairt cúil d'iath Fhiontain,
Do sgar croidhe fá'n ród rinn,
Ní car fód eile acht Éireann.
Fód is truime toradh crann,
Fód is féar-uaithne fearann,
Sean-chlár is braonach barrthach,
An tír chraobhach chruithneachtach.
Dá n-aomhadh Dia dhamh tar m'ais
Rochtain dom' dhomhan dúthchais,
Ó Ghallaibh ní ghéabhainn dul
Go clannaibh séagain Sacsan.
Dá mbiadh nár bhaoghal mara
Fágbháil leasa Laoghaire,
Mo mheanma siar ní séan
Triall ó Dhealbhna is do-dhéanta.
Slán do'n bhuidhin fhéaghaim-si tar n-éis,
Macradh Dúna Doirbh Ghéis,
Dáin is caoinche chláir Midhe,
Clár is saoire sochaidhe.
THE IRISH REVIEW
II
Ar Chéimsíos na Gaedheal
Fearflatha Ó Gnímh cct. (circ. 1580).
Mo thruaigh mar táid Gaoidhil!
Annamh intinn fhorbhfaoilidh
Ar an uair-si ag duine dhíobh, —
A n-uaisle uile ar neimhní!
Baramhail do bheirthear dóibh:
Fuigheall tar éis a ndíoghbhaidh
Ag á sníomhadh ó chróilighe a gcneadh,
Nó is líon tórraimhe ar dtilleadh,
Nó is lucht báirce fá'r bhrúcht muir,
Nó is drong fuair fios a saoghail,
Nó is géill i ngéibheannaibh Gall,
Éireannaigh fá fhéinn eachtrann!
Tugsad a dtréine ar thaise,
Tugsad maise ar mhí-mhaise,
Tugsad meanma ar mhaoith-mheirtne, —
Laoich fheardha nach aitheantar!
D'fhearaibh Fódla is fáth orchra,
Do threabhsad dáimh danardha
I n-áit graifne a ngroidheadh seang —
Gach faithche im oirear Éireann.
Tréid Gall i gcluaintibh a gceann,
Túir aolda i n-áit a bhfoirgneadh,
Margaidhe uatha in gach oirear,
Cruacha ar árdaibh aonaigheadh!
Ní aithnigheann Inis Lógha
Ní dá faithchibh fonn-mhóra,
Cnuic dlaoi-réidhe i ndiaidh an áir:
Biaidh saor-Éire 'na Sacsain!
THE IRISH REVIEW
Ní aithnid aicme Gaedheal
Banba, buime a macaomh,
'S ní aithnigheann Éire iad-san, —
Téighid re chéile as a gcruthaibh.
Truaigh do Rígh Rátha Neimhe
Fá dteacht dúinn ó'r ndaoirsi-ne
An tath-Mhaoise nár fhéagh ruinn,
Tréad an chath-chraoisigh Chriomhthainn.
A Thríonóid 'ga dtá an chumhacht,
An mbiaidh an dream-sa choidhche ar deoraidheacht
Ní is sia ó chathair-lios Chuinn,
Nó an mbiaidh an t-ath-aoibhneas againn?
Nó an dtiocfaidh isteach ar tharngair
Do shluagh danar ndúr-aingidh
Naomh-fhiréan glan, fáidh Ó gCuinn,
An prímh-earlamh cáidh, Colum?
Má thug an deonughadh dhi
Sacsa nuadh darbh' ainm Éire,
Bheith re a linn-si i láimh bíodhbhadh
Do'n inse is cáir ceileabhradh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11