Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Láimhsgríbhinní Airt Mhic Uidhir

Title
Láimhsgríbhinní Airt Mhic Uidhir
Author(s)
Mac Giolla-an-Atha, Seán,
Composition Date
1912
Publisher
Irish Review (Dublin)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


LÁIMHSGRÍBHINNÍ AIRT MHIC UIDHIR.



Fuair Art Mac Uidhir bás san bhfoghmhar anuraidh agus gan é acht i dtús a
shaoghail agus a mhaitheasa. Rugadh é i gCill Chearbhaill i n-iarthar Chláir, áit a bhfuil
an Ghaedhilg go tréan fós. Ba dhual dó an Ghaedhilg. Bhí sí ar a comhairle féin,
agus atá fós, ag á mháthair. Thóg Art leis í óna óige. Bhí sí aige nuair a tháinig
sé go dtí an Iolsgoil i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sí éigeantach ar mhacaibh
léighinn an tráth soin, acht badh í an teanga a dhianghrádh ariamh. Tar éis an cúrsa
Iolsgoile do dhéanamh dó do chaith sé tamall ina ollamh i gcoláiste i mBéal
Feirste. Chuaidh sé go Lonndain timcheall an ama so anuraidh ar shúil go
bhféadfadh sé slighe bheatha do bhaint amach le n-a pheann. Níor éirigh go rómhaith
leis. Fuair mé aon litir amháin uaidh le linn bheith i Lonndain dó. Is cuimhneach
liom go ndubhairt sé san litir sin: “Ní bheathuigheann na briathra na bráithre.”
Buaileadh tinn é le fiabhras cléibh san bhfoghmhar anuraidh. D'éag sé de bharr an
tinnis sin.



Níl mórán dá dhéantúsaibh againn. Bhí beagán sgéalta agus aistí do chum
sé ar an “gClaidheamh Soluis.” Bhí an Ghaedhilg ar feabhas aige, an tsean-
Ghaedhilg agus an nua-Ghaedhilg, agus bhí aige freisin módh deas sgríbhneorachta.
Bhí nós sgéalaidheachta aige nach raibh ag mórán roimhe, agus bhí sé chomh misneamhail
neamh-fhaiteach le seanbhárd.



Dubhras gurbh í an teanga a dhianghrádh. Bhíodh sé i gcomhnaidhe ag sgríobhadh
cóipeann de na sean-amhráin. Tar éis a bháis, tamall, chuir a mháthair beart mór
dá lámhsgríbhinníbh chugam. Sean-neithe Gaedhilge is mó a bhí san mbeart. Bhí an
chóip bhréagh so do “Caisleán Uí Néill” ann:-



Í. — CAISLEÁN UÍ NÉILL,



Mo shlán chum na hoidhche aréir, 'sé mo léan nach í anocht atá ann,
Mo bhuachaillín séimh deas do bhréagfadh mé seal ar a ghlúin.
Dá neósainn mo sgéal duit is baoghlach ná déanfá orm rún,
Go bhfuil mo ghrádh bán am' thréigean, 's a Dhia ghléigil 's a Mhuire, nách dubhach!



Do gheallais-se féin dom go mbréagfá mo leanbh ar dtúis,
Do gheallais 'na dhéidh sin go mbeadh éintigheas idir mé is tú,
Dhá gheallamh i n-aghaidh an lae dhom gur leigeas-sa leat-sa mo rún,
Agus foiríor tinn géar dubhach, tá an saoghal so teacht idir mé is tú!


L. 216


Tá mórán de'n bhrón so, a dhian-stórach ag gabhail timcheall mo chroidhe,
Agus lán mo dhá bhróigín de dheóraibh ar sile liom síos.
Grádh buachaill óig do bhreoigh mé is do bhain díom mo chiall,
'S ná mairfead féin nóimeat má phósann tú an bhean dubh ó'n sliabh.



Tá mo gháirdín-se ina fhásach 's a dhianghrádh ghil ní miste leat é,
Gach toradh dá áilleacht ag fás go dtí barraí na gcraobh.
Ní chloisim sa tsráid seo ceol cláirsighe ná ceileabhar na n-éan
Ó d'éaluigh mo ghrádh uaim cúl fáinneach go Caisleán Uí Néill.

Nár théighead de'n tsaoghal choidhche go sgaoilidh mé díom an mí-ádh,
Go mbeidh ba agam is caoirigh i n-éintigheas i bhfochair mo ghrádha,
Trosgadh na hAoine ná an lae saoire ní dhéanfainn go bráth,
Is nár bhfada liom oidhche do bhéinn sínte led' bhrollach geal bán.



Tá siad dhá rádh go bhfuil ádh na mban deas orm féin,
Is ar ndóigh, má tá, a dhianghrádh ní miste leat é.
Thugas nae lá, nae dtráth, is éintseachtmhain déag
Ar chúl tighe mo ghrádha gil ag priucadh áirní de bharraí' na gcraobh.



A chumainn ghil is a annsacht i dtúis an tsamhraidh an ngluaisfeá liom féin
Amach fé's na gleanntaibh nó i n-oileáinín mar a dtéigheann an ghrian fé?
Ba, caoirigh ná gamhna, ní shanntóinn leat iad mar spré,
Acht mo lámh dheas féd' cheann-sa is cead labhairt leat go dtí am an dó dhéag.



Teanam araon go dtéigheam go tigh an tsagairt ó thuaidh,
Mar a gcluisfam ceol éan go déannach dár síorchur chun suain.
Níor bhuail éinne ar an saoghal liom i n-é' chor do bhuail orm cluain,
Gur tháinís-se taobh liom led' bhéilín ba bhinne ná an chuach.

II. — BUACHAILLÍN AN BHROLLAIGH GHLÉGIL.



Amhrán eile a bhí imeasg na láimhsgríbhinní an ceann so im' dhiaidh. Chualas
dhá chanadh san Spidéal. Dúithche Sheoighe tugadh air.


L. 217


Ní d'fhigheadóir ná do tháilliúir thugas grádh riamh ná taithneamh,
Acht do bhuachaillín an bhrollaigh ghlégil, 'sé ba mhian liom bheith im' aice.
Is cuma liom cad deir éinne, ní hé mo chéadshearc adeir an dadamh,
Ach má's í a mháithrín atá ina dhéidh orm, solus Dé nár chídh a hanam!



Is dílleachtaidhe fáin mé gan mháthair gan athair,
'S dá mbeadh mo rún i ndán dom ní aireóinn bheith dealbh.
Níl éinne ar an saoghal so a dhéanfadh éagcóir ar m'amhail,
Go mbeadh fonn air a leas a dhéanamh, ná dul i n-é' chor sna flaithis.



A chiallaigh, ná fág it' dhiaidh mé mar gheall ar bhólacht ná ar thalamh,
Mar is goirid a bheadh port na móna ag breith bó uait lá earraigh.
Do b'fhearr duit cailín óg deas a bheith romhat aige baile,
Ná saidhbhreas Cláir Fódla, is tú phósadh le cailligh.



Tá lionn ar mo chroidhe-se chomh cíor-dhubh le hata,
Is tá brón ar m'inntinn fóiríor ná bhfuil ag sgaipe.
Tá mo ghrádh-sa i ngleann éigin, is ní féidir liom é a mhealladh,
Acht mara bhfághad le bréagadh é, beidh mo laetheannta gairid.



SEÁN MAC GIOLLA-AN-ÁTHA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services