PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh
V.
NACH AOIBHINN DO NA hÉINÍNÍBH
Nach aoibhinn do na hÉiníníbh
D'éirigheann go hárd,
'S bhíonn ag ceileabhar le chéile
Ar aon chraoibh amháin!
Ní mar sin dom féinig
'S dom' chéad míle grádh:
Is fada ó n-a chéile orainn
D'éirigheann gach lá.
Is báine í 'ná 'n lile,
Is deise í 'ná 'n sgéimh,
Is binne í 'ná 'n bheidhlín,
Is is soillsighe í 'ná 'n ghréin;
Is fearr 'ná sin uile
A huaisleacht 's a méin —
'S a Dhia atá is na flaithis,
Fuasgail dom' phéin!
VI.
TÁID NA RÉALTA 'N-A SEASAMH
Táid na réalta 'n-a seasamh ar an aer,
An ghrian is an ghealach 'n-a luighe;
Tá an fhairrge tráighte gan braon,
'S níl réim ag an eala mar bhíodh;
Tá an cuaichín i mbarraibh na ngéag
'Gá shíor-rádh gur éaluigh sí uainn, —
A stuairín na mbachall mbreagh réidh
D'fhág Éire fá fhadtuirse cruaidh!
THE IRISH REVIEW
Trí nídh do chím trés an ngrádh,
An peacadh, an bás, is an phian,
Agus m'intinn dá innsin gach lá dom
M'aigneadh gur chrádh sí le ciach.
'Sé mo chumha ghéar go dtugas di grádh,
'S go mb'fhearr liom nach bhfeicfinn í riamh —
'S a mhaighdean, do mhill tú in' lár mé,
'S go bhfaghaidh tú na grása ó Dhia!
VII.
NEILÍ BHÁN
A Neilí bhán, suidh láimh liom, a chara geal mo chroidhe,
Is leig mo lámh ar do bhrághaid nó ní mhairfidh mé beo mí;
Do shnámhas an tSiúir leathan 'gus an tSionainn mhór id' dhiaidh
Go síninn láimh leat, a ghrádh ghil, i mBaile Locha Riach!
Dá mbadh liom-sa Portomna agus Baile Locha Riach,
Luimneach na long agus Conntae Bhaile Átha Cliath,
Ar do mhuinntir-se do roinnfinn a leath is a dhá dtrian
D'fhonn dul i gcleamhnas leat lá fada agus bliadhain!
Ó, is truagh ghéar nár cailleadh mé amuigh ar an sliabh
An áit a mbeadh mo chnámha le piocadh ag an bhfiach,
I ndán gur thuit mé i ngrádh leat, a Neilí bhán na gciabh, —
'S mo mhallacht ar do mháithrín nach áil léi mise dhuit mar chliamhain!
GLUAIS. — Is binn brónach iad amhráin ghrádha na nGaedheal. Do chluinfeá amhráin ghrinn i
measg na ndaoine, acht ní árd-fhilidheacht atá ins na hamhránaibh sin, agus níl mórán meas ag
lucht na Gaedhilge ortha. Tuigeann lucht na Gaedhilge nach fada ó n-a chéile an áilne agus an
brón, agus má's áluinn an nídh é an grádh gur minic brón i n-a dhiaidh. “Trí nídh do chím trés an
ngrádh, an peacadh, an bás, is an phian.” I gCúige Mumhan do rinneadh an chéad dá amhrán sin
romham, agus i gCúige Chonnacht do rinneadh an treas cheann. Dubhairt Osborn Ó hAimhirgin
liom, tá tamall de bhliadhantaibh ó shoin ann, gurab é Pádraig Stúndún do rinne “Nach Aoibhinn
do na hÉiníníbh,” acht tá sé ar fud na Gaedhealtachta anois agus a chuma féin ag gach ceanntar
air. Chífear na trí amhráin i “gCeol Sidhe,” acht tá m'innsin féin agam ortha annso.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11