Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets

Title
Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets
Author(s)
Mac Cruitín, Aindrias,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1719
Publisher
(B.Á.C.: Gill & Son, Ltd., 1924)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


DEASGAN TUANACH.



SELECTIONS FROM MODERN CLARE POETS.



I.



Aindrias Mac Cruitín cct.



Ar mbeith sealad dómhsa i n-aicis mhór cois taoide,
Ag cathamh ceas is cóirchnead 's ag déanamh ró-'mad smaointe,
d'fhéachaint cad ba dhó lium ar staid ró-leóinte ar dtíre,
Do bhrí gur mheath gach dó orm 'nar chuireas dóchas ruimhe sin, -



Do sheasaimh as mo chôir-se bean 's a sgódfholt sgaoilte
(Is ní fheadar beacht cé óca d'aicme bród na Naoi mBan,
Nó trí theacht san mórmhuir gur measta, ar ndó, gur syren),
Is do bheart, trí mhearú côirle, dar leat, nár bh' eólach fíor me.



"An ort, aisgim, óigbhean, is labhair fós go caoin lium,
Is freagair feasta cóir dam na ceasta is mó tá 'om bíoga;
Cuin do sgaipfe an ceó so, nó an mair go deó na díleann?
Nó an gcasfa ar ais 'na chróin chirt an flath tá ar fó idir chríochaibh?"



"Is leathach leamh gan lón tu, ná sgagair sgeól ná sgríbhinn,
Is carta ceana is côda dá dheachta i gcló is dá dhimhne
Go gcasfaig flathas Fólla ón nGalla-dheóra ar Ghaíolaibh,
Is go mbeig a racht bithbheó ar bun fó eacht na cóire cíne (?)"


L. 656


"A bhean, cé math do ghlórtha, is eagal mór ná fíorthar,
Is go bhfeaca sgata 'on tsórt san 's ná faicim cóir a gcríochna;
Féach ar ghlas don fhóchan, gur chrap fé dhó is gur chríonchas,
Is ná fuil ach mairg bhrónach i gcantain ceóil na líora.



Isé abhar cnead is mó agum, do chealg beó mo chroí-se,
Síonta an Athar chôchtaig dá gcur gach ló ar ríne,
Trí nimh an cheangail chórda tá idir an León 's an tImpre,
Ná sílim flath lem fhóirthint ar feag na hEórpa timpeal."



"Ná lean dod chaismirt dheónta, a dhalta dheóil mo chíche!
Féach ar rath na Rómha, na Baibiolón 's na Síria;
Dá mbeadh 'na shathach seólta Ailbiorón 's an Scíteach, -
Go brách ná deachtaig teóra le gealla ró-'da an rí chirt!



Freagraim feacht gach fóicheist dár leathais róm, a shaoi-fhir,
Go racha an lag i n-óirne 's na hana-chôchta i n-ísle;
Glasfa ar fad an fóchan ar dteacht fé dhó don ghimhre.
Is beig dealg baca beó-luit i gcais an Leógain choíche,



Casfa ar ais is fíorfig an flath tá ar fó go fíochmhar,
Is rachaig seacha Seóirse agus gramaisg mhór dá mhuintir;
Graithfig flathas Fólla ré dteacht trí fómhar timpeal,
Is beig malairt chance ag Bródraic 's gan gairm lórd ag Ivans."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services