Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Plúiríní Sneachta

Title
Na Plúiríní Sneachta
Author(s)
Furlong, Alice,
Composition Date
1919
Publisher
Irish Jesuit Province

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NA PLÚIRÍNÍ SNEACHTA.



Sid iad ag tígheacht
I na n-aoidhí 'ghár bhféachaint,
Mar réalta na h-oidhche
Do'n spéir doimhin iamhairigh!



Míle 's fiche
Fíor-chaoin fáilte
Roimh' bhlátha na finne
Do 'n tsneachta is ingheana!



Níos gile ní'lid
Na h-imill gheala
Le fánaidh ag tuitim
De bhárr na taoille.



Níos gile ní 'lid
Sgiatháin na h-eala,
I n-áirde 's iadsan
Ar chaise faoi dhraoidheacht.



Níos gile ní'lid
Lilidhe na néallta
Go gléineach cítear
I spéir-bhléin ghrianmhair.



Míle 's fiche
Fíor-chaoin fáilte
Roimh' bhlátha na finne
Do 'n tsneachta is ingheana!



Alice Furlong

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services