Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Seoinín

Title
An Seoinín
Author(s)
Ní Chinnéide, Máire,
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SEOINÍN.



(Scéal ná fuil ró-fhada ó'n bhfírinne.)



MÁIRE NÍ CHINNÉIDE.



Seoinín críochnuighthe ab' eadh Seán Ó Donnchadha. Fear dathamhail
cumasach óg ab'eadh é, leis, & maidir le saidhbhreas, bhí an oiread soin
de aige, go ndeirthí go minic ná raibh i nÉirinn fear ba mhó maoin
shaoghalta ná é. Ní raibh ann acht é féin & a mháthair, mar bhí an uile
dhuine eile dá mhuinntir fé'n gcré, & ní héin-iongnadh mar sin, go raibh
cion & grádh thar teorainn 'gá mháthair dó. Is amhlaidh a chreid sí ná
raibh cailín uasal sa duthaigh — nó i nÉirinn, bh'fhéidir — ná raibh ag iarraidh
Seán do mhealladh uaithi, & ní deirim ná go raibh an tuairim chéadna ag
Seán féin, leis, tráth dá raibh ann. Acht má bhí, ba ghearr gur baineadh
de í. D'iarr sé ar Eibhlín ní Chonaill — deirbhshiúr Thighearna Dairbhre
ab'eadh í — é phósadh, & ní hamháin gur dhiúltuigh sí dhó, acht rud ba mheasa
ná an diúltadh, dubhairt sí leis gurab' é fé ndeara di an t-eiteach do
thabhairt do, ná an oiread spéise is a chuir sé ann féin. Ba mhaith an
rud, adubhairt sé leis féin, ná raibh an iomad grádha aige dhí. B'í a
mháthair a dhein an cleamhnas, & d'aontuigh Seán leis, mar níorbh' eol
do éan-chailín uasal — níor dhearmaid sé riamh an t-“uasal” a chur
isteach — ba dhathamhla ná ba mhaordha ná Eibhlín, ná éinne dob' fhearr
a oirfeadh do féin mar mhnaoi. Ar a shon soin is uile, do ghoill an
t-eiteach go mór air, mar mhúin se dó go raibh daoine ann nár chuir an
tsuim chéadna ann & do chuir sé féin — rud nár thuig sé go dtí seo.



An fhaid is bhí sé ag machtnamh mar seo, & é go brónach 'na aigne,
tháinig litir ag triall air ó n-a shean-charaid, Eoghan mac Suibhne, 'á
innsint do go mbeadh Eoghan féin i gCiarraidhe roimh deire na seacht-
mhaine, & go raghadh sé ag triall ar Sheán gan moill. Bhí an oiread
soin le déanamh ag Seán chum gach éinnidh do chur i dtreo i gcóir a
charad, ná raibh uain aige chum a thuille machtnaimh a dhéanamh ar an íde
fuair sé ó Eibhlís, & is lugha ná soin a bhí aige tar éis teacht' d'Eoghan.


L. 274


“Cad 'na thaobh ná téigheann tú ag triall ar an gConnradh?” arsa
Eoghan, nuair ní raibh sé acht cúpla lá i gCiarraidhe. “Ná fuil craobh
agaibh sa tsráid?”



“Cad 'na thaobh ná téidhim-se ag triall ar Chonnradh na Gaedhilge!”
arsa Seán, & a dhá shúil ar leathadh air; “cad do chuir a leithéid id'
cheann? Ní raghainn-se 'na ghoire siúd dá bhfaghainn Éire air!”



“Ó mhaise, nach agat-sa atá an t-éirghe i n-áirde?" ars' Eoghan.
“Táim ag dul ann anocht, & —”



“Acht, i n-ainm Dé, cad é an bhaint atá agat-sa le n-a leithéidíbh
siúd?”



“Chuireas aithne ar an gConnradh nuair bhíos thall i Londain, & táim
im' bhall de'n chraoibh atá againn sa bhaile. An dtiocfaidh tú im'
theannta anocht, nó an leigfidh tú dhom dul ann im' aonar?”



“Ó, tiocfad, — acht níl éinnídh ar dhruim an domhain nárbh' fhearr
liom dul ag triall air ná é siúd.”



“Ó, fan go bhfeicfir!” arsa Eoghan, & é ag gáiridhe. “Fan go
ceann bliadhna, & —.”



Ní dubhairt sé a thuille, & timcheall a naoi a chlog, bhíodar araon
ullamh cum dul fé dhéin na craoibhe. Bhí na ranganna Gaedhilge ar
leath-thaoibh, nuair shroiseadar í, & bhí rinnce éigin ar siubhal. Tháinig
an Rúnaidhe ag triall ortha, ámhthach, chomh luath & thángadar isteach, &
fuair sí suidheachán dóibh i n-aice an doruis. Cailín óg dathamhail
múinte dob'eadh í, & bhí aithne ag Eoghan uirthi cheana, mar bhíodar araon
'sa Chonnradh thall i Sean Shasana. Do shuidh sí síos 'na dteannta, &
d'fhan sí tamall ag cainnt leo, go dtí go raibh deire leis an rinnce.
Annsoin, dob' éigin di imtheacht i bhfeidhl na hoibre, acht do tháinig sí
ag triall ortha arís, sar ar fhágadar an halla, & dubhairt sí leo go
mbeadh súil aici leo arís. Thug Eoghan fé ndeara nár fhéad Seán a
shúile do bhaint de'n Rúnaidhe an fhaid is bhí sé san halla, & nuair
thángadar amach, d'fhiafruigh sé dá charaid cionnus ar thaithn chuaird
leis.



“Ní rabhadar chomh holc & ba dhóigh liom,” arsa Seán, “acht cia hí
an cailín úd? Ní dóigh liom go bhfeacha riamh cailín ba ghleóite ná í.”



“Nóra ní Áinle is ainm di, & tá sí 'na múinteoir taistil fé'n
gConnradh. Tá a hathair fé'n gcré le bliadhantaibh, & 'sí Nóra a
chothuigheann an mháthair — sin a bhfuil d'eolas agam uirthi.”



“Múinteóir taistil!” arsa Seán, “agus do shíleas gur bean uasal a
bhí innti!”



“Mhaise, greadadh chughat, a ghaige, tú féin & do ‘bhean uasal!’ An
bhféacais riamh éan-‘bhean uasal’ atá níos múinte, níos banamhla, níos
dathamhla ná í? Bean-uasal, go deimhin!”



Ní dubhairt Seán pioc, acht nuair iarr Eoghan air teacht ag triall
ar an gcraoibh arís níor dhiúltuigh sé dhó.


L. 275


D'imthigh Eoghan i gcionn tamaill, acht ní raibh sé i bhfad imthighthe,
nuair fuair sé litir ó Sheán:—



“A Eoghan, a chara,” a dubhairt sé, “beidh áthas ort a chloisint go
bhfuil Feis le bheith annso againn sar a fada. Taréis a lán tathaint
uirthi, d'aontuigh mo mháthair leis an bPáirc Mhóir a thabhairt dúinn
chuige, & tá súil againn le h Árd-Fheis. Is í Nóra ní Áinle an Rúnaidhe,
agus is mise an Cisteoir, & beimid ag brath ar chongnamh 'fhágháilt uait-se.
“Do chara buan,
“SEÁN Ó DONNCHADHA.”



I mBéarla seadh a bhí an litir, acht do phléasc a ghaire ar Eoghan
nuair chonnaic sé ainm Sheáin & é scríobhtha i nglan-Ghaedhilg!



Tháinig lá na Feise, & chuaidh Eoghan ag triall ar Ch —. Bhí an
aimsear go breagh grianmhar, bhí na mílte daoine láithreach, bhí na
comórtasaí tár barr d'réir mar adubhairt na miltóirí, & bhí gach éinne
lán-tsásta leis an ló. Bhí Nóra ann, & í chomh gnóthach, geal-gháireatach
agus bhí sí riamh. Bhí Seán ann & é ag obair ar nós duine ná beadh aige
ar an saoghal so acht an t-éan lá amháin, acht thug Eoghan fé ndeara
go minic i rith an lae, pé gnó abheadh ar siubhal aige, ná beadh sé i bhfad
ó'n áit 'na raibh Nóra ag obair leis.



Nuair bhí an Fheis ar leath-thaoibh, & nuair bhí sé féin & Eoghan ag dul
a bhaile, d'fhiafruigh Eoghan de cad ba dhóigh leis de'n Chonnradh anois.



“An gádh dhuit a leithéid sin de cheist do chur orm?” ars' an fear
eile, & luisne 'na phluic.



Tháinig Eoghan a bhaile cúpla lá 'na dhiaidh sin, & maidin áirithe,
timcheall dhá mhí t'réis lae na Feise, bhí bosca ná cárta deas, &
blúire milis císte. Bhí fógra sna páipéaraibh an lá céadna, & 'sé a bhí
sa Lócrann ná



PÓSADH.



Do phósadh ár gcara, Seán Ó Donnchadha, Caisleán uí Dhonnchadha, &
Nóra ní Áinle, Múinteóir Taistil an Chonnartha i gCiarraidhe, indé. I
nGaedhilg ar fad a bhí an pósadh, mar tá ár dteanga féin go blásta
ag Nóra, & tá Seán ag teacht isteach uirthi go breagh. Is maith linn a
rádh, leis, ná raibh ar an mbeirt, ó bhun go bathas, acht déantús na
hÉireann. Fad saoghal fé shonas fé mhaise chúcha araon!










19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services